[EN]

Uimhir 38 de 1937.


[EN]

ACHT LÉIRIÚCHÁIN, 1937.


ACHT CHUN SOCRUITHE IOMDHA DO DHÉANAMH, CHUN CRÍCHE BUNREACHTA NA hÉIREANN D'ACHTUIGH AN POBAL LE DÉANAÍ, MAIDIR LE FUIRM, OIBRIÚ, AGUS LÉIRIÚ ACHTANNA DEN OIREACHTAS AGUS IONSTRUIMÍ BHEIDH DÉANTA FÉ SNA hACHTANNA SAN. [8adh Mí na Nodlag, 1937.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Léiriúcháin, 1937, do ghairm den Acht so.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an Pobal le déanaí.

[EN]

Mínithe.

3.—San Acht so—

[EN]

foluíonn an focal “reacht” (i dteanta Achtanna den Oireachtas) Achtanna d'Oireachtas Shaorstáit Éireann, Achtanna de Pháirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann tráth, agus Achtanna de Pháirlimint do bhí ina suidhe in Éirinn aon uair roimh theacht i bhfeidhm don Union with Ireland Act, 1800;

[EN]

cialluíonn an focal “ionstruim” ordú, rialachán, riail, fo-dhlí, barántas, ceadúnas, deimhniú, no scríbhinn eile den tsórt san;

[EN]

cialluíonn an abairt “ionstruim reachtúil” ionstruim ar n-a déanamh, ar n-a tabhairt amach, no ar n-a deonadh fé chomhacht no údarás a bronntar no bronnfar le reacht; léireofar tagairtí d'ionstruimí déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas mar thagairtí d'ionstruimí déanfar, do bhéarfar amach, no deonfar fé chomhacht no údarás a bronnfar le hAcht den Oireachtas no bronnfar tré chó-oibriú Achta den Oireachtas agus reachta éigin eile.

[EN]

Feidhm maidir le Achtanna áirithe 'Oireachtas haorstáit Éireann.

4.—Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so beidh ag gach foráil den Acht so bhaineann le hAchtanna den Oireachtas feidhm agus éifeacht maidir leis an Acht so agus le gach Acht eile d'Oireachtas Shaorstáit Éireann (pe'ca ritheadh roimh an Acht so no rithfear dá éis sin é) go n-abartar no go ndéarfar ann é theacht i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht agus dá réir sin tuigfear, chun críche na feidhme sin agus chun na críche sin amháin, gur Acht den Oireachtas an tAcht so agus gach Acht eile den tsórt adubhradh agus (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so) léireofar an abairt “Acht den Oireachtas” agus beidh éifeacht aici, san Acht so, mar abairt fholuíonn an tAcht so agus gach Acht eile d'Oireachtas Shaorstáit Éireann den tsórt adubhradh.

[EN]

An tAcht Léiriúcháin, 1923, do bheith gan Feidhm maidir le nithe áirithe.

5.—(1) Ní bhainfidh an tAcht Léiriúcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923), le haon Acht den Oireachtas ná le haon ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh an fo-alt san roimhe seo den alt so an méid den Acht Léiriúcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923), a bhaineann le nithe thárlóidh no le nithe bheidh le déanamh i ndáil le hAcht roimh theacht i ngníomh dó do chosc ar fheidhm do bheith aige, ná ní dhéanfaidh dochar d'fheidhm do bheith aige, maidir leis an Acht so agus le hAchtanna eile d'Oireachtas Shaorstáit Éireann go n-abartar no go ndéarfar ionta iad do theacht i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht.

CUID II.

Fuirm, Luadh, agus Oibriu Achtanna den Oireachtas.

[EN]

Fuirm Achtanna den Oireachtas.

6.—(1) Beidh gach Acht den Oireachtas ina scríbhinn phuiblí agus bhéarfar áird air i gcúrsaí breithiúntais.

[EN]

(2) Roinnfear gach Acht den Oireachtas ina ailt fé uimhreacha in ord leanúnach agus féadfar aon alt acu san d'fho-roinnt i pé slí bheidh oiriúnach agus sa mhéid go mbeidh sé oiriúnach.

[EN]

(3) Féadfar, má bhíonn sé oiriúnach, na hailt d'Acht den Oireachtas do chur le chéile ina gCoda, ina gCaibidlí, no ina ranna de shórt eile fé uimhreacha in ord leanúnach.

[EN]

Achtanna den Oireachtas do luadh.

7.—(1) Féadfar gach Acht den Oireachtas do luadh in aon Acht eile den Oireachtas no in aon ionstruim no scríbhinn eile tré ghearr-theideal an Achta luadhfar amhlaidh no neachtar acu tríd an mbliain chaileandair ina ritheadh an tAcht a luadhfar amhlaidh agus uimhir leanúnach an Achta san sa bhliain sin.

[EN]

(2) Féadfar aon achtachán a bheidh in Acht den Oireachtas do luadh in aon Acht eile den Oireachtas no in aon ionstruim no scríbhinn eile tré thagairt do dhéanamh don Chuid, don alt, don fho-alt, no don fho-roinn eile den Acht san a céad-luaidhtear ina mbeidh an t-achtachán a luadhfar amhlaidh.

[EN]

Dáta rithe Achtanna den Oireachtas.

8.—(1) Isé is dáta rithte gach Achta fé leith den Oireachtas ná dáta an lae shighneoidh an tUachtarán an Bille don Acht san.

[EN]

(2) Díreach tar éis gach Acht fé leith den Oireachtas do rith, cuirfidh Cléireach Dháil Éireann i gcúl-scríbhinn ar an Acht san, díreach i ndiaidh a theidil, dáta rithte an Achta san, agus tuigfear gur cuid den Acht san an dáta san.

[EN]

(3) Tuigfear gach achtachán a bheidh in Acht den Oireachtas do bheith i ngníomh o dheireadh an lae roimh dháta rithte an Achta san mara n-abartar a mhalairt san Acht san.

[EN]

(4) Ní bhainfidh an t-alt so leis an Acht so ná le haon Acht eile d'Oireachtas Shaorstáit Éireann ina n-abartar no ina ndéarfar é theacht i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, agus dá réir sin ní fholóidh an abairt “Acht den Oireachtas” san alt so aon Acht den tsórt san d'Oireachtas Shaorstáit Éireann.

[EN]

Tosach feidhme Achtanna agus ionstruimí.

9.—(1) Má deirtear in Acht den Oireachtas, no i bpáirt d'aon Acht den tsórt san, no in ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san, no i bpáirt d'aon ionstruim den tsórt san an céanna bheith le teacht i ngníomh lá áirithe (pe'ca roimh dháta rithte an Achta san no dáta déanta na hionstruime sin no dá éis sin don lá san agus pe'ca a hainmnítear an lá san san Acht no san ionstruim sin no bheidh sé le ceapadh no le déanamh amach ar aon tslí áirithe), tiocfaidh na tAcht san, an pháirt sin d'Acht, an ionstruim sin no an pháirt sin d'ionstruim i ngníomh i ndeireadh an lae roimh an lá áirithe sin.

[EN]

(2) Tuigfear gach ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas do bheith i ngníomh o dheireadh an lae roimh lá déanta na hionstruime sin mara n-abartar a mhalairt san ionstruim sin.

[EN]

Comhachta reachtúla d'fheidhmiú roimh thosach feidhme an Achta.

10.—(1) Má deirtear in Acht den Oireachtas no in aon achtachán áirithe bheidh in aon Acht den tsórt san an céanna bheith le teacht i ngníomh lá áirithe tar éis dáta an Achta san do rith, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má bhíonn an lá thiocfaidh an tAcht san no an t-achtachán san (do réir mar a bheidh) i ngníomh le ceapadh no le déanamh amach ar aon tslí áirithe, féadfar, fé réir aon tsrianta forchuirfear leis an Acht san, an ionstruim no an gníomh no an ní le n-a gceapfar no le n-a ndéanfar amach an lá san do dhéanamh tráth ar bith tar éis an Achta san do rith;

[EN]

(b) má bhronnann an tAcht san comhacht chun aon ionstruim no gníomh no ní do dhéanamh, chun crícheanna an Achta san no an achtacháin sin (do réir mar a bheidh), is gá no is oiriúnach do dhéanamh chun lán-fheidhm agus lán-éifeacht do bheith ag an Acht no ag an achtachán san díreach ar theacht i ngníomh dó, féadfar, fé réir aon tsrianta forchuirfear leis an Acht san, an chomhacht san d'fheidhmiú tráth ar bith tar éis an Achta san do rith.

[EN]

(2) Nuair a bheidh an t-alt so á fheidhmiú maidir le hAcht d'Oireachtas Shaorstáit Éireann go n-abartar no go ndéarfar ann é theacht i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, ní oibreoidh éinní atá san alt so chun comhacht do thabhairt chun aon ionstruim no gníomh no ní do dhéanamh fé aon Acht den tsórt san no maidir leis roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht.

CUID III.

Bri agus Leiriu Focla agus Abairti Airithe.

[EN]

Rialacha generálta áirithe léiriúcháin.

11.—Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le léiriú gach Achta den Oireachtas agus gach ionstruime déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) Uathadh agus iolradh. Déanfar gach focal go mbrí uathaidh do léiriú amhail is go mbeadh brí iolraidh leis freisin maran léir a mhalairt do bheith beartuithe agus déanfar gach focal go mbrí iolraidh do léiriú amhail is go mbeadh brí uathaidh leis freisin maran léir a mhalairt do bheith beartuithe;

[EN]

(b) Firinscneach agus baininscneach. Déanfar gach focal go mbrí firinscneach do léiriú amhail is go mbeadh brí baininscneach leis freisin maran léir a mhalairt do bheith beartuithe;

[EN]

(c) Duine. Maran léir a mhalairt do bheith beartuithe léireofar an focal “duine” amhail is go gciallódh cólucht corpruithe (pe'ca corparáid ilphearsan no corparáid éinphearsan é) agus cólucht nea-chorpruithe de dhaoine chó maith le pearsain aonair;

[EN]

(d) Am. Gach focal no abairt a bhaineann le ham agus gach tagairt do phuinte ama, léireofar iad, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, mar nithe bhaineann le meán-am Greenwich no thagrann dó san, ach san fé réir forálacha aon achtacháin fé n-a mbeidh deifríocht idir an t-am in Éirinn agus meán-am Greenwich ar feadh tréimhse áirithe;

[EN]

(e) Faid slí. Gach focal no abairt a bhaineann leis an bhfaid slí idir dhá phuinte agus gach tagairt don fhaid slí o phuinte no go puinte, léireofar iad, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, mar nithe bhaineann leis an bhfaid slí sin no thagrann don fhaid slí sin ar n-a tomhas i líne dhíreach ar phlána chothrománach;

[EN]

(f) Luaidhte. Maran léir a mhalairt do bheith beartuithe déanfar gach tuairisc no luadh, ar aon reacht no ionstruim no scríbhinn eile no as, do léiriú mar ní a fholuíonn an focal, an fo-alt, an t-alt, no an pháirt eile luaidhtear no dá dtagartar mar thosach no mar dheireadh na páirte bheidh sa tuairisc no sa luadh no mar phuinte o n-a síneann no chun a síneann an pháirt sin;

[EN]

(g) Ciumhais-nótaí. Ní tuigfear gur cuid den Acht no den ionstruim aon chiumhais-nóta bheidh le hais aon ailt no forála chun a innsint cad is abhar no lánas no éifeacht don alt no don fhoráil sin ná aon mhírcheann ná croslíne bheidh os cionn no i dtosach Coda, ailt no forála no grúpa d'ailt no d'fhorálacha chun a innsint cad is abhar no lánas no éifeacht don Chuid, don alt, don fhoráil, no don ghrúpa san, ná ní déanfar an céanna do bhreithniú ná áird do thabhairt air i gcúrsaí breithiúntais maidir leis an Acht no leis an ionstruim no le haon pháirt de cheachtar acu do léiriú;

[EN]

(h) Tréimhsí aimsire. Má deirtear tréimhse aimsire do thosnú lá áirithe no do bheith le háireamh o lá áirithe tuigfear gur cuid den tréimhse sin an lá san maran léir a mhalairt do bheith beartuithe agus má deirtear tréimhse áirithe do chríochnú lá áirithe no do bheith le háireamh go dtí lá áirithe tuigfear gur cuid den tréimhse sin an lá san maran léir a mhalairt do bheith beartuithe;

[EN]

(i) Ciontaí corparáidí. Maran léir a mhalairt do bheith beartuithe déanfar tagairtí do dhuine maidir le cionta (pe'ca ar dhíotáil no ar chiontú ann ar an slí achmair a bheidh sé inphionósuithe) do léiriú mar nithe fholuíonn tagairtí do chólucht chorpruithe.

[EN]

Na habairtí agus na focail sa Sceideal do léiriú.

12.—I ngach Acht den Oireachtas agus i ngach ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san isé is brí no is léiriú no is éifeacht do gach focal agus do gach abairt dá gceaptar brí no léiriú no éifeacht áirithe sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná an brí no an léiriú no an éifeacht a ceaptar dó amhlaidh, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe.

[EN]

Ionstruimí reachtúla áirithe do léiriú.

13.—Gach abairt agus gach focal a húsáidfear in ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas beidh an brí céanna leis san ionstruim sin a bheidh leis san Acht no sna hAchtanna fé n-a ndéanfar an ionstruim sin, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe.

[EN]

Ciontaí fé dhá dhlí no níos mó.

14.—Más cionta fé dhá reacht no níos mó no fé reacht agus fén dlí coiteann éinní áirithe, pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí déanfar é, ansan, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, dlighfear an ciontuitheoir do chúiseamh agus do phionósú fé cheachtar no fé aon cheann de sna reachta san no fén dlí coiteann ach ní dlighfear é phionósú fé dhó san aon chionta amháin.

CUID IV.

Comhachta agus Dualgaisi Reachtula.

[EN]

Comhachta reachtúla do léiriú agus d'fheidhmiú.

15.—(1) Gach comhacht a bronnfar le hAcht den Oireachtas no le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san féadfar feidhmiú o am go ham fé mar is gá, maran léir san Acht no san ionstruim sin a mhalairt do bheith beartuithe.

[EN]

(2) Gach comhacht a bronnfar le hAcht den Oireachtas, no le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san, ar shealbhóir oifige, mar shealbhóir den tsórt san, tuigfear, maran léir san Acht no san ionstruim sin a mhalairt do bheith beartuithe, go mbronntar í ar an té is sealbhóir de thurus na huaire ar an oifig sin agus dá réir sin féadfaidh seisean í fheidhmiú.

[EN]

(3) Gach comhacht a bronnfar le hAcht den Oireachtas chun aon rialacháin, rialacha, no fo-dhlithe do dhéanamh, déanfar, maran léir san Acht san a mhalairt do bheith beartuithe, í léiriú mar ní a fholuíonn comhacht, is infheidhmithe sa tslí chéanna agus fé réir an toilithe chéanna agus na gcoinníollacha céanna (más ann dóibh), chun ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon rialacháin, rialacha, no fo-dhlithe a déanfar fén gcomhacht san agus (más gá é) chun rialacháin, rialacha, no fo-dhlithe eile do dhéanamh in ionad na gceann a ceiliúrfar amhlaidh.

[EN]

Dualgaisí reachtúla do léiriú agus do chólíonadh.

16.—(1) Gach dualgas a forchuirfear le hAcht den Oireachtas no le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san cólíonfar é o am go ham fé mar is gá, maran léir san Acht no san ionstruim sin a mhalairt do bheith beartuithe.

[EN]

(2) Gach dualgas a forchuirfear, le hAcht den Oireachtas no le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den tsórt san, ar shealbhóir oifige, mar shealbhóir den tsórt san, tuigfear, maran léir san Acht no san ionstruim sin a mhalairt do bheith beartuithe, go bhforchuirtear é ar an té is sealbhóir de thurus na huaire ar an oifig sin agus dá réir sin cólíonfaidh seisean é.

[EN]

Rialacha Cúirte.

17.—Pé uair a bhronnfaidh Acht den Oireachtas aon dlighinse nua ar chúirt bhreithiúnais no a dhéanfaidh leathnú no atharú ar dhlighinse bheidh ag cúirt bhreithiúnais cheana, ansan, an t-údarás go mbeidh comhacht aige de thurus na huaire chun rialacha no orduithe do dhéanamh chun cleachtadh agus nós imeachta na cúirte sin do rialáil, beidh comhacht aige chun rialacha no orduithe do dhéanamh chun cleachtadh agus nós imeachta na cúirte sin, agus í ag feidhmiú na dlighinse bronntar no leathnuítear no a hatharuítear amhlaidh, do rialáil agus féadfaidh an chomhacht san d'fheidhmiú tráth ar bith.

[EN]

Seirbheáil tríd an bpost

18.—Má údaruíonn no má cheanglann Acht den Oireachtas, no ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé aon Acht den tsórt san, scríbhinn do sheirbheáil tríd an bpost, pe'ca an focal “seirbheáil” a húsáidfear no an focal “tabhairt” no “seachadadh” no “cur” no aon fhocal eile, ansan, féadfar, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, an scríbhinn sin do sheirbheáil tré leitir ina mbeidh an scríbhinn sin do dhíriú sa cheart agus roimh-íoc aisti (más gá é) agus í phostáil mar is ceart agus sa chás san tuigfear, mara gcruthuítear a mhalairt, gur seirbheáladh an scríbhinn sin an uair a seachadfaí an leitir sin i ngáthchúrsa an phuist.

[EN]

CUID V.

Eifeacht Athghairmeanna agus Ceiliurtha.

[EN]

An dáta ar a dtiocfaidh athghairmeanna agus ceiliúrtha i ngníomh.

19.—(1) Má athghairmeann Acht den Oireachtas iomlán reachta, no páirt de reacht, do ritheadh roimhe agus go gcuirfidh forálacha eile in ionad an reachta no na páirte de reacht a hathghairmfear amhlaidh leanfaidh an reacht no an pháirt de reacht i bhfeidhm go teacht i ngníomh do sna forálacha eile sin mara bhforáltar a mhalairt go soiléir in Acht na hathghairme.

[EN]

(2) Má deintear le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas iomlán ionstruime reachtúla, no páirt d'ionstruim reachtúil, do rinneadh roimpi (pe'ca fén Acht san do rinneadh i bpáirt no go hiomlán í no fé reacht eile) do cheiliúradh agus forálacha eile do chur in ionad na hionstruime no na páirte d'ionstruim a ceiliúrfar amhlaidh, leanfaidh an ionstruim no an pháirt d'ionstruim a ceiliúrfar amhlaidh i bhfeidhm go teacht i ngníomh do sna forálacha eile sin mara bhforáltar a mhalairt go soiléir in ionstruim an cheiliúrtha.

[EN]

Tagairtí do reachta athghairmthe agus d'ionstruimí ceiliúrtha do léiriú.

20.—(1) Pé uair a déanfar aon reacht no páirt de reacht d'athghairm agus d'ath-achtú, go n-atharú no gan atharú air, le hAcht den Oireachtas, déanfar, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, na tagairtí bheidh in aon reacht eile no in aon ionstruim reachtúil don reacht no don pháirt de reacht a hathghairmfear agus a hath-achtófar amhlaidh do léiriú mar thagairtí don pháirt den Acht san den Oireachtas ina mbeidh an t-ath-achtú san.

[EN]

(2) Pé uair a déanfar ionstruim reachtúil no páirt d'ionstruim reachtúil do cheiliúradh agus d'ath-achtú, go n-atharú no gan atharú uirthi, le hionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas, déanfar, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, na tagairtí bheidh in aon ionstruim reachtúil eile don ionstruim reachtúil no don pháirt d'ionstruim reachtúil a ceiliúrfar agus a hath-achtófar amhlaidh do léiriú mar thagairtí don ionstruim sin ina mbeidh an t-ath-achtú san.

[EN]

An chuma ina n-oibreoidh athghairm agus scur agus foirceannadh reachtanna.

21.—(1) Má athghairmeann Acht den Oireachtas iomlán reachta, no páirt de reacht, do ritheadh roimhe, ansan, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, ní dhéanfaidh an athghairm sin—

[EN]

(a) aithbheochaint ar éinní ná beidh i bhfeidhm no ná beidh ar bith díreach roimh theacht in éifeacht don athghairm sin, ná

[EN]

(b) deifir d'oibriú roimhe sin an reachta no na páirte de reacht a hathghairmfear amhlaidh ná d'éinní do rinneadh no do fuilingeadh go cuibhe fén gcéanna, ná

[EN]

(c) deifir d'aon cheart, príbhléid, oblagáid, no fiachas do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén reacht no fén bpáirt de reacht a hathghairmfear amhlaidh, ná

[EN]

(d) deifir d'aon phionós no geallbhruideadh fé n-a ndeachthas mar gheall ar aon chionta no sárú, do rinneadh roimh an athghairm sin, i gcoinnibh no alos an reachta no na páirte de reacht a hathghairmfear amhlaidh, ná

[EN]

(e) dochar ná deifir d'aon imeachta dlí, síbhialta no coiriúil, a bheidh ar feitheamh le linn na hathghairme sin mar gheall ar aon cheart, príbhléid, oblagáid, fiachas, cionta no sárú den tsórt san adubhradh.

[EN]

(2) Má athghairmeann Acht den Oireachtas iomlán reachta, no páirt de reacht, a ritheadh roimhe, ansan, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, féadfar aon imeachta dlí, síbhialta no coiriúil, mar gheall ar aon cheart, príbhléid, oblagáid, no fiachas do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén reacht no fén bpáirt de reacht a hathghairmfear amhlaidh, no mar gheall ar aon chionta no sárú i gcoinnibh no alos an chéanna, do bhunú no do choimeád ar siúl no d'fhoirfheidhmiú, agus féadfar aon phionós no geallbhruideadh mar gheall ar aon chionta no sárú den tsórt san d'fhorchur agus do chur in éifeacht amhail is ná hathghairmfí an reacht san no an pháirt sin de reacht.

[EN]

(3) Má scuireann Acht den Oireachtas no páirt d'aon Acht den tsórt san, de bhíthin éinní no toisc aon chúise (seachas a athghairm le hAcht den Oireachtas a rithfí ina dhiaidh), do bheith i bhfeidhm, beidh feidhm agus éifeacht ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt so maidir leis an Acht san no leis an bpáirt sin d'Acht amhail is gurbh athghairm a déanfaí le hAcht den Oireachtas fé ndeár an scur san agus dá réir sin déanfar, chun crícheanna na feidhme sin, gach tagairt atá i gceachtar fo-alt acu san roimhe seo do ní d'athghairm do léiriú mar thagairt don ní sin do scur, de bhíthin éinní no toisc aon chúise (seachas an athghairm sin), do bheith i bhfeidhm.

[EN]

An chuma ina n-oibreoidh ceiliúradh agus scur agus foirceannadh ionstruimí reachtúla.

22.—(1) Má dheineann ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas iomlán ionstruime reachtúla, no páirt d'ionstruim reachtúil, do rinneadh roimpi do cheiliúradh, ansan, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, ní dhéanfaidh an ceiliúradh san—

[EN]

(a) aithbheochaint ar éinní ná beidh i bhfeidhm no ná beidh ar bith díreach roimh theacht in éifeacht don cheiliúradh san, ná

[EN]

(b) deifir d'oibriú roimhe sin na hionstruime reachtúla no na páirte d'ionstruim reachtúil a ceiliúrfar amhlaidh ná d'éinní do rinneadh no do fuilingeadh go cuibhe fén gcéanna, ná

[EN]

(c) deifir d'aon cheart, príbhléid, oblagáid, no fiachas do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén ionstruim reachtúil no fén bpáirt d'ionstruim reachtúil a ceiliúrfar amhlaidh, ná

[EN]

(d) deifir d'aon phionós no geallbhruideadh fé n-a ndeachthas mar gheall ar aon chionta no sárú, do rinneadh roimh an gceiliúradh san, i gcoinnibh no alos na hionstruime reachtúla no na páirte d'ionstruim reachtúil a ceiliúrfar amhlaidh, ná

[EN]

(e) dochar ná deifir d'aon imeachta dlí, síbhialta no coiriúil, a bheidh ar feitheamh le linn an cheiliúrtha san mar gheall ar aon cheart, príbhléid, oblagáid, fiachas, cionta no sárú den tsórt san adubhradh.

[EN]

(2) Má dheineann ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas iomlán ionstruime reachtúla, no páirt d'ionstruim reachtúil, do rinneadh roimpi do cheilliúradh, ansan, maran léir a mhalairt do bheith beartuithe, féadfar aon imeachta dlí, síbhialta no coiriúil, mar gheall ar aon cheart, príbhléid, oblagáid, no fiachas do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén ionstruim reachtúil no fén bpáirt d'ionstruim reachtúil a ceiliúrfar amhlaidh, no mar gheall ar aon chionta no sárú i gcoinnibh no alos an chéanna, do bhunú no do choimeád ar siúl no d'fhoirfheidhmiú, agus féadfar aon phionós no geallbhruideadh mar gheall ar aon chionta no sárú den tsórt san d'fhorchur agus do chur in éifeacht amhail is ná ceiliúrfaí an ionstruim reachtúil sin no an pháirt sin d'ionstruim reachtúil.

[EN]

(3) I gcás ionstruim a déanfar i bpáirt no go hiomlán fé Acht den Oireachtas no páirt d'ionstruim a déanfar amhlaidh do scur, de bhíthin éinní no toisc aon chúise (seachas a ceiliúradh le hionstruim den tsórt san a déanfaí ina diaidh), de bheith i bhfeidhm beidh feidhm agus éifeacht ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt so maidir leis an ionstruim sin no an pháirt sin d'ionstruim amhail is gur cheiliúradh déanfaí le hionstruim den tsórt san a déanfaí ina diaidh fé ndeár an scur san, agus dá réir sin déanfar, chun crícheanna na feidhme sin, gach tagairt atá i gceachtar fo-alt acu san roimhe seo do ní do cheiliúradh do léiriú mar thagairt don ní sin do scur, de bhíthin éinní no toisc aon chúise (seachas an ceiliúradh san), de bheith i bhfeidhm.

SCEIDEAL.

Abairti agus Focail Airithe do Mhiniu.

Dearbhóid.

1.—I gcás daoine dar ceaduithe do réir dlí de thurus na huaire dearbhú do dhéanamh in ionad mionn do thabhairt, foluíonn an focal “dearbhóid” dearbhú.

Banc na hÉireann.

2.—Cialluíonn an abairt “Banc na hÉireann” Gobharnóir agus Cuideachta Bhanc na hÉireann no Banc an Ghobharnóra agus na Cuideachtan san, do réir mar éileoidh an có-théacs.

Reacht Briotáineach.

3.—Cialluíonn an abairt “Reacht Briotáineach” Acht de Pháirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí.

Cúirt Chuarda.

4.—Cialluíonn an abairt “an Chúirt Chuarda” an Chúirt Bhreithiúnais Chuarda mar a bheidh sí bunuithe agus, de thurus na huaire, á cothabháil do réir dlí.

Tosach feidhme.

5.—Nuair a húsáidtear an abairt “tosach feidhme” maidir le reacht no le hionstruim reachtúil no le páirt de reacht no d'ionstruim reachtúil, cialluíonn sí an t-am a thiocfaidh an reacht no an ionstruim reachtúil sin no an pháirt sin de reacht no d'ionstruim reachtúil i bhfeidhm.

Oifigeach Consalta.

6.—Cialluíonn an abairt “oifigeach consalta” duine i Stát-Sheirbhís na hÉireann is árd-chonsal no consal no leas-chonsal.

Bunreacht.

7.—Cialluíonn an abairt “an Bunreacht” Bunreacht na hÉireann d'achtuigh an pobal an 1adh lá d'Iúl, 1937.

Dáil Éireann.

8.—Cialluíonn an abairt “Dáil Éireann” an Tigh den Oireachtas ar a dtugtar an ainm sin le halt 1 d'Airteagal 15 den Bhunreacht.

Cúirt Dúithche.

9.—Cialluíonn an abairt “an Chúirt Dúithche” an Chúirt Bhreithiúnais Dúithche mar a bheidh sí bunuithe agus, de thurus na huaire, á cothabháil do réir dlí.

Bliain airgeadais.

10.—Cialluíonn an abairt “bliain airgeadais” tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de mhí na Márta in aon bhliain áirithe.

Riaghaltas.

11.—Cialluíonn an abairt “an Riaghaltas” an Riaghaltas a luaidhtear in Airteagal 28 den Bhunreacht.

An Bhreatain Mhór.

12.—Ní fholuíonn an abairt “an Bhreatain Mhór” Inse Mara nIocht ná Oileán Mhanainn.

An Ard-Chúirt.

13.—Cialluíonn an abairt “an Ard-Chúirt” an Ard-Chúirt Bhreithiúnais a bheidh bunuithe agus, de thurus na huaire, á cothabháil do réir dlí do réir Airteagail 34 den Bhunreacht.

Talamh.

14.—Foluíonn an focal “talamh” measáistí, tionóntacháin, agus ionoighreachtaí, tithe agus foirgintí, d'aon tsórt sealbhaíochta.

Achtanna na gClásanna Talmhan.

15.—Cialluíonn an abairt “Achtanna na gClásanna Talmhan” an Lands Clauses Consolidation Act, 1845, an Lands Clauses Consolidation Acts Amendment Act, 1860, an Railways Act (Ireland), 1851, an Railways Act (Ireland), 1860, an Railways Act (Ireland), 1864, an Railways Traverse Act, an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus gach reacht le n-a leasuítear na hAchtanna san no aon cheann acu agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

Bliain airgeadais áitiúil.

16.—Cialluíonn an abairt “bliain airgeadais áitiúil” tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de mhí na Márta in aon bhliain áirithe.

Meán oíche.

17.—Cialluíonn an abairt “meán oíche” maidir le haon lá áirithe an ponc ama is críoch don lá san.

Aire Stáit.

18.—Cialluíonn an abairt “Aire Stáit” comhalta den Riaghaltas go gcúram Roinne Stáit air.

Mí.

19.—Cialluíonn an focal “mí” mí caileandair.

Mionn.

20. I gcás daoine dar ceaduithe do réir dlí de thurus na huaire dearbhú do dhéanamh in ionad mionn do thabhairt, foluíonn an focal “mionn” dearbhú.

An tOireachtas.

21.—Cialluíonn an abairt “an tOireachtas” an Pháirlimint Náisiúnta dá bhforáltar le hAirteagal 15 den Bhunreacht.

Mapa Ordonáis.

22.—Cialluíonn an abairt “mapa ordonáis” mapa ar n-a dhéanamh fé sna comhachta bronntar leis na Survey (Ireland) Acts, 1825 to 1870, agus leis na reachta le n-a leasuítear na hAchtanna san no aon cheann acu agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

An tUachtarán.

23.—Cialluíonn an abairt “an tUachtarán” Uachtarán na hÉireann agus foluíonn aon choimisiún no cólucht no údarás eile bheidh de thurus na huaire ag oibriú comhacht agus ag cólíonadh dualgas an Uachtaráin go dleathach.

Reacht Éireannach roimh-aondachta.

24.—Cialluíonn an abairt “reacht Éireannach roimh-aondachta” Acht do ritheadh ag Páirlimint do bhí ina suidhe in Éirinn aon uair roimh an Union with Ireland Act, 1800, do theacht i bhfeidhm.

Luacháil ionrátuithe.

25.—Cialluíonn an abairt “luacháil ionrátuithe” an luacháil a bheidh, fé sna hAchtanna Luachála, ar an maoin gur ina taobh a húsáidfear an abairt.

Rialacha cúirte.

26.—Cialluíonn an abairt “rialacha cúirte” rialacha ar n-a ndéanamh ag an údarás ag á mbeidh comhacht de thurus na huaire chun rialacha do dhéanamh chun cleachtadh agus nós imeachta na cúirte gur ina taobh a húsáidfear an abairt do rialáil.

Reacht de chuid Shaorstáit Éireann.

27.—Cialluíonn an abairt “reacht de chuid Shaorstáit Éireann” Acht d'Oireachtas Shaorstáit Éireann.

Seanad Éireann.

28.—Cialluíonn an abairt “Seanad Éireann” an Tigh den Oireachtas ar a dtugtar an ainm sin le halt 1 d'Airteagal 15 den Bhunreacht.

Dearbhú reachtúil.

29. Cialluíonn an abairt “dearbhú reachtúil” dearbhú ar n-a dhéanamh de bhuadh an Statutory Declarations Act, 1835.

An Chúirt Uachtarach.

30.—Cialluíonn an abairt “an Chúirt Uachtarach” an Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach mar a bheidh sí bunuithe agus, de thurus na huaire, á cothabháil do réir dlí do réir Airteagail 34 den Bhunreacht.

Mionnú.

31.—I gcás daoine dar ceaduithe do réir dlí de thurus na huaire dearbhú do dhéanamh in ionad mionn do thabhairt, foluíonn an focal “mionnú” dearbhú.

Baile.

32.—Cialluíonn an focal “baile” líomatáiste baile (nach bailecheanntar) ina bhfuil an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, i ngníomh.

Achtanna Luachála.

33.—Cialluíonn an abairt “Achtanna Luachála” na hAchtanna bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh maoine ionrátuithe do luacháil.

Seachtain.

34.—Nuair a húsáidtear an focal “seachtain” gan coinníoll, cialluíonn sé an tréimhse idir meán oíche aon tSathairn agus meán oíche an chéad Shathairn ina dhiaidh sin.

Lá seachtaine.

35.—Cialluíonn an abairt “lá seachtaine” lá nach Domhnach.

Scríobhadh.

36.—Foluíonn an focal “scríobhadh” clóbhualadh, clóscríobhadh, liaghrafacht, grianghrafacht agus slite eile chun focail do chur síos no do mhacsamhlú i riocht so-fheicse agus déanfar focail ghaolmhara do léiriú dá réir sin.

Bliain.

37.—Nuair a húsáidtear an focal “bliain” gan coinníoll. cialluíonn sé tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an 1adh lá de mhí Eanair in aon bhliain áirithe.