Uimhir 10 de 1959.
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1959
[An tiontó oifigiúil.]
Athghairm pháirteach ar fho-alt (4) d'alt 52 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946.
1.—Athghairtear leis seo na focail “Ach amháin sa chás ina mbaineann an t-ordú droichid le hAbha na Sionainne” atá i bhfo-alt (4) d'alt 52 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (fo-alt a cuireadh isteach san alt sin le fo-alt (1) d'alt 40 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955).
An tOrdú um Dhroichead Atha Luain, 1956, a leasú.
2.—Beidh éifeacht ag an Ordú um Dhroichead Atha Luain, 1956, amhail agus dá scriosfaí Airteagail 2 agus 3 den Ordú sin agus go gcuirfí an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagail 2 :
“2. Déanfar athfhoirgniú ar an droichead trí réise chobhsaidh nua a chur in ionad na réise sclóna atá ann.”
Ghearrtheideal agus comhlua.
3.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1959, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1958, agus den Acht seo le chéile.