Uimhir 9 de 1955.
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal, comhlua agus foirléiriú.
1.—(1) Féadfar An tAcht Rialtais Áitiúil, 1955, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1955, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1953, agus den Acht seo le chéile.
(3) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1953, agus an tAcht seo.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1925” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925);
ciallaíonn “Acht 1941” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941);
ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946);
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;
ciallaíonn an briathar “forordú” forordú ag an Aire le rialacháin faoin Acht seo.
Tosach feidhme.
3.—Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin alt 24 a bhforáltar dá theacht i ngníomh san alt sin) i ngníomh pé lá nó laetheanta a socrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethe éagsúla a shocrú amhlaidh do chríocha éagsúla agus d'fhorála éagsúla den Acht seo.
Rialacháin.
4.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ní nó ruda dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú.
(2) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Athghairm.
5.—Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.
CUID II.
Oifigí agus Fostaíochtaí agus Leasuithe ar Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926.
Caibidil I.
Oifigí agus Fostaíochtaí.
Mínithe do Chaibidil I de Chuid II.
6.—Sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo tá le “Aire oiriúnach”, “údarás áitiúil”, “mór-oifig”, agus “oifig” na bríonna atá leo faoi seach i gCuid II d'Acht 1941.
Athrú ar dhualgais i gcásanna áirithe.
7.—Más rud é, trí chomhaontú nó comhshocraíocht arna dhéanamh faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile, go bhfeidhmíonn nó go gcomhlíonann údarás áitiúil cumhacht, feidhm nó dualgas de chuid chomhluchta eile—
(a) beidh ar gach oifigeach don údarás áitiúil pé dualgais a chomhlíonadh a gcinnfidh an t-údarás áitiúil gur dualgais iad is iomchuí don chineál sin cumhachta, feidhme nó dualgais, agus
(b) más údarás áitiúil an comhlucht eile, beidh ar gach oifigeach don údarás áitiúil sin gan na dualgais sin a chomhlíonadh a gcinnfidh an t-údarás áitiúil sin gur dualgais iad is iomchuí don chineál sin cumhachta, feidhme nó dualgais.
Ceadú nó toiliú ginearálta ón Aire oiriúnach.
8.—Maidir le haon chumhacht de chuid an Aire oiriúnaigh—
(a) is cumhacht faoi Chuid II d'Acht 1941, faoi Cuid III d'Acht 1946 nó faoin gCaibidil seo den Chuid seo den Acht seo, agus
(b) is cumhacht chun gníomhartha aon údarás áitiúla a cheadú nó chun toiliú leo,
féadfaidh an tAire oiriúnach, maidir leis na húdaráis sin go léir nó le haon cheann nó cinn áirithe nó le haon aicme áirithe de na húdaráis sin, ceadú nó toiliú ginearálta a thabhairt a bhainfeas le gníomhartha dá sórt a déanfar feasta i gcásanna inarb eisean an tAire oiriúnach agus ag a mbeidh éifeacht ar an údarás nó na húdaráis a bheas i gceist do chomhlíonadh coinníollacha nó ceanglas sonraithe agus ar an gcomhlíonadh sin amháin.
Luach saothair uileghabhálach.
9.—(1) Féadfaidh an tAire oiriúnach a ordú gur luach saothair uileghabhálach an luach saothair do na hoifigí uile arb eisean an tAire oiriúnach ina leith, nó do pé méid de na hoifigí sin a bhaineas le haicme, tuairisc nó grád sonraithe, nó d'oifig shonraithe de na hoifigí sin.
(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, íocfaidh sealbhóir oifige lena mbaineann treoir faoin alt seo, leis an údarás áitiúil faoina bhfuil an oifig ar seilbh aige, aon táillí nó airgead eile (seachas a luach saothair uileghabhálach) is iníoctha leis an sealbhóir sin agus a fuair sé de bhuaidh na hoifige nó i leith seirbhísí a ceanglaítear ar an té a shealbhaíos an oifig a chomhlíonadh le haon achtachán nó faoi.
(3) Ní bheidh feidhm ag treoir faoin alt seo, mura dtoilí sé féin léi, maidir le duine a bheas, tráth na treorach a thabhairt, ina shealbhóir ar oifig lena mbaineann an treoir an fhad a fhanfas sé i seilbh na hoifige sin.
(4) I gcás sealbhóir oifige lena mbaineann treoir faoin alt seo a bheith freisin i seilbh oifige faoi Roinn Stáit, measfar, chun críocha an ailt seo, gur de bhuaidh na hoifige tosaigh sin a fuair sé aon táillí nó airgead eile a bheas faighte aige de bhuaidh na hoifige deiridh sin.
(5) Aon ordachán a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i bhfeidhm faoi alt 22 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1941 maidir le sealbhóir oifige, leanfaidh sé d'éifeacht a bheith aige amhail is dá mba threoir faoin alt seo é maidir leis an oifig sin.
Oifigí a chónascadh.
10.—(1) Más é an t-aon Aire amháin an tAire oiriúnach maidir le haon oifigí áirithe, féadfaidh an tAire sin, faoi réir forál an ailt seo agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil nó leis na húdaráis áitiúla a bheas i gceist, na hoifigí a chónascadh le hordú, agus air sin déanfar aon oifig amháin de na hoifigí sin agus is aon oifig amháin a bheas iontu faoi pé teideal (más ann) a sonrófar san ordú.
(2) Más rud é, maidir le haon oifigí áirithe, go bhfuil beirt Airí nó níos mó ann agus gach duine acu ina Aire oiriúnach maidir le hoifig amháin nó níos mó ná oifig amháin de na hoifigí sin, féadfaidh na hAirí sin, faoi réir forál an ailt seo agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil nó leis na húdaráis áitiúla a bheas i gceist, na hoifigí a chónascadh le hordú, agus air sin déanfar aon oifig amháin de na hoifigí agus is aon oifig amháin a bheas iontu faoi pé teideal (más ann) a sonrófar san ordú agus faoi pé Aire a sonrófar san ordú mar Aire oiriúnach chun críocha Coda II d'Acht 1941, Coda III d'Acht 1946 agus na Caibidle seo den Chuid seo den Acht seo.
(3) Ní cónascfar oifigí faoin alt seo mura rud é—
(a) go bhfuil gach hoifig acu folamh, nó
(b) gurb é an t-aon duine amháin atá i seilbh gach oifige acu, nó
(c) i gcás nach bhfuil gan bheith folamh ach oifig amháin acu, go dtoileoidh sealbhóir na hoifige sin le déanamh an orduithe, nó
(d) in aon chás eile, gurb é an t-aon duine amháin atá i seilbh gach oifige acu nach bhfuil folamh agus go dtoileoidh an duine sin le déanamh an orduithe.
(4) I gcás gan gach aon cheann d'oifigí a cónascfar faoin alt seo a bheith faoin aon údarás áitiúil amháin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(a) is é a dhéanfas ceapacháin chun na hoifige cónasctha ná pé ceann de na húdaráis áitiúla a bheas i gceist a shonrós an tAire oiriúnach le hordú,
(b) íocfaidh an t-údarás áitiúil a dhéanfas ceapacháin chun na hoifige cónasctha a luach saothair le sealbhóir na hoifige cónasctha, agus féadfaidh an t-údarás áitiúil sin pé cuid den luach saothair a ghnóthú ó aon údarás áitiúil eile a bheas i gceist a ndéanfar socrú ina taobh trí chomhaontú eatarthu nó, cheal comhaontuithe, a shocrós an tAire oiriúnach nó má bhíonn beirt Airí nó níos mó i gceist, a socrófar trí chomhaontú idir na hAirí sin.
(5) Aon ordú a rinneadh nó a meastar a rinneadh faoi alt 36 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1946, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna dhéanamh faoin alt seo agus é a bheith inleasuithe nó inchúlghairmthe dá réir sin.
Amhrais, etc., áirithe a chinneadh.
11.—(1) Má tharlaíonn aon amhras, díospóid nó ceist, nó más dóigh leis an Aire oiriúnach gur dócha é a tharlachtaint, i dtaobh aon duine áirithe, nó daoine d'aon aicme, tuairisc nó grád áirithe, atá fostaithe ag údarás áitiúil nó údaráis áitiúla, a bheith ina oifigeach nó ina n-oifigigh, nó gan a bheith, chun críocha an Achta seo nó aon cheann de na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, nó i dtaobh aon phoist áirithe, nó postanna d'aon aicme, tuairisc nó grád áirithe, faoi údarás áitiúil nó údaráis áitiúla, a bheith ina oifig nó ina n-oifigí, nó gan a bheith, chun na gcríocha sin, is é an tAire oiriúnach a chinnfeas an t-amhras, an díospóid nó an cheist agus is cinneadh críochnaitheach a bheas ann.
(2) Aon chinneadh a rinneadh faoi alt 12 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1941, fanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.
Alt 10 d'Acht 1941 a leasú.
12.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1941 trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—
“(4) Chun críocha an ailt seo, féadfaidh údarás áitiúil, le haontú ginearálta nó sonrach an Aire oiriúnaigh, oifigí a bhunú ar fhoras buan nó ar fhoras sealadach.
(5) Féadfaidh údarás áitiúil, le haontú ginearálta nó sonrach an Aire oiriúnaigh, deireadh a chur le hoifigí, ach i gcás oifige a bheas ar seilbh ag duine i gcáil bhuan ní cuirfear deireadh léi ach amháin le toiliú an duine sin.
(6) Ní déanfar achomharc faoi fho-alt (2) den alt seo tar éis sé mhí i ndiaidh na breithe a chur in iúl don oifigeach.”
(2) I gcás breithe a tugadh roimh thosach feidhme an ailt seo, forléireofar an tagairt atá i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) d'alt 10 d'Acht 1941 do shé mhí i ndiaidh na breithe a chur in iúl don oifigeach mar thagairt do shé mhí i ndiaidh na breithe a chur in iúl don oifigeach nó i ndiaidh an tosach feidhme sin, pé acu is déanaí.
Ailt 13 agus 16 d'Acht 1941 a leasú.
13.—Forléireofar na tagairtí in ailt 13 agus 16 d'Acht 1941 do Chuid II den Acht sin mar thagairtí a fholaíos tagairtí do Chuid III d'Acht 1946 agus don Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo.
Alt 19 d'Acht 1941 a leasú.
14.—Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1941 mar leanas:
(I) cuirfear na míreanna seo a leanas in ionad míre (j) d'fho-alt (1):—
“(j) ag déanamh socruithe, i gcás sealbhóirí a bheith breoite, as láthair nó faoi éagumas, chun go gcomhlíonfaidh ionadaí a ndualgais,
(k) ag déanamh socruithe chun srian a chur le sealbhóirí do ghabháil le haon obair shochrach eile,
(l) ag déanamh socruithe chun údaráis áitiúla do chur sealbhóirí a shealbhaíos oifigí i gcáil bhuan as seilbh na n-oifigí sin agus ag forordú an nós imeachta a bheas le leanúint agus na gcoinníollacha a bheas le comhlíonadh maidir lena gcur as oifig,
(m) ag déanamh socruithe chun údaráis áitiúla do chur sealbhóirí ar fionraí ó chomhlíonadh a ndualgas (lena n-áirítear smacht-fhionraí gearrthréimhse, nach sia ná seacht lá), chun gan luach saothair d'íoc ar feadh na fionraí agus, ar dheireadh a theacht leis an bhfionraí, chun an luach saothair a ndéanfaí, mura mbeadh an fhionraí, é d'íoc le linn tréimhsí na fionraí, d'fhorghéilleadh (go hiomlán nó go páirteach) nó d'íoc nó a dhiúscairt ar shlí eile,
(n) ag déanamh socruithe chun na rialacháin d'fhorlíonadh trí threoracha (is treoracha chun éifeacht a thabhairt do na rialacháin, ach nach ndéanann leathnú ar na rialacháin ná fairsingiú ar a réim) a bhéarfas an tAire oiriúnach ó am go ham.”
(II) cuirfear na fo-ailt seo a leanas leis an alt:—
“(4) Más rud é, chun críocha aon achtacháin nó orduithe, gur gá do shealbhóir oifige aon ordú nó moladh a dhéanamh, aon deimhniú, aontú nó ceadú a thabhairt nó aon ghníomh eile a dhéanamh, beidh an t-ordú, an moladh, an deimhniú, an t-aontú, an ceadú nó an gníomh sin, ar a bheith déanta nó tugtha ag ionadaí a bheas ag comhlíonadh dualgas an tsealbhóra de bhun rialachán faoin alt seo le linn an sealbhóir a bheith breoite, as láthair nó faoi éagumas, chomh bailí chun gach críche agus dá mba é an sealbhóir féin a rinne nó a thug é.
(5) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”
Alt 20 d'Acht 1941 a leasú.
15.—Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1941 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—
“(3) Féadfar na cumhachta a bheirtear leis an alt seo maidir le haon oifig áirithe d'fheidhmiú d'ainneoin go mbaineann an oifig sin le haicme, tuairisc nó grád ar feidhmíodh cheana maidir léi na cumhachta a bheirtear leis an alt seo.”
Alt 21 d'Acht 1941 a leasú.
16.—Déantar leis seo alt 21 d'Acht 1941, arna leasú le halt 40 d'Acht 1946, a leasú tuilleadh tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—
“(12) Más rud é, maidir le haon oifig, gur dearbhaíodh faoin alt seo gur cháilíocht don oifig sin nárbh fholáir d'aon bhean a shealbhódh í bheith neamhphósta nó ina baintreach, ní bheidh feidhm ag an gcáilíocht sin i gcás mná pósta a shealbhaíos, i gcáil bhuan, oifig a mbaineann a dualgais le nithe atá comhionann nó cosúil leis na nithe lena mbaineann dualgais na hoifige céadluaite agus nach raibh an cháilíocht sin, ná an coinníoll go gcaithfeadh an sealbhóir éirí as an oifig ar phósadh dhí, ag baint leis an oifig nuair a ceapadh í (lena n-áirítear cás inar de bhuaidh an fho-ailt seo a tharla an neamhbhaint sin).”
Alt 24 d'Acht 1941 a leasú.
17.—Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1941 mar leanas:—
(I) cuirfear an focal agus an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh míre (b) d'fho-alt (1):—
“nó
(c) gurb é leas na poiblíochta, mar gheall ar aon athrú (pé acu bheas sé déanta cheana nó a beifear ag cuimhneamh ar é a dhéanamh) ar chineál nó méid na ndualgas a ghabhas leis an oifig sin, deireadh a chur leis an oifig sin,”
(II) i bhfo-mhír (iii) de mhír (b) d'fho-alt (3) cuirfear “aon údarás áitiúil” in ionad “an t-údarás áitiúil iomchuibhe”,
(III) i bhfo-mhír (v) de mhír (b) d'fho-alt (3) cuirfear “oiriúnach” i ndiaidh “an tAire”,
(IV) cuirfear an fo-alt seo a leanas leis an alt:—
“(5) Chun críocha fo-mhíre (v) de mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo, má bhíonn dualgais na hoifige eile le comhlíonadh tamall ón áit nó ó na háiteanna inar comhlíonadh dualgais na céad oifige, ní measfar go ndéanann an ní sin ann féin dochar ábhartha do staid an tsealbhóra.”
Alt 27 d'Acht 1941 a leasú.
18.—Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1941 trí “údarás áitiúil nó” a scrios as fo-mhír (1), trí “faoi údarás áitiúil” a chur inti in ionad “fén údarás áitiúil sin”, agus trí “ar aon tslí eile”, “an t-údarás áitiúil sin no” agus “(do réir mar a bheidh)” a scrios as an bhfo-mhír sin.
Alt 29 d'Acht 1941 a leasú.
19.—Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1941 mar leanas:—
(I) cuirfear “nó sealbhóirí na mór-oifigí sin a bhaineas le haicme, tuairisc nó grád áirithe” isteach i ndiaidh “aon mhór-oifige áirithe” agus cuirfear “nó na hoifigí” isteach i ndiaidh “an oifig”,
(II) cuirfear an mhír seo a leanas leis an alt:—
“Féadfar na cumhachta a bheirtear leis an alt seo maidir le sealbhóirí mór-oifige áirithe d'fheidhmiú d'ainneoin go mbaineann an oifig sin le haicme, tuairisc nó grád ar feidhmíodh cheana maidir léi na cumhachta a bheirtear leis an alt seo.”
Srian leis an gcumhacht chun luach saothair a cheapadh.
20.—(1) Ní feidhmeofar cumhacht údaráis áitiúil faoi alt 10 d'Acht 1941 chun luach saothair a cheapadh d'oifigeach ach amháin do réir pé ceann nó cinn acu seo a leanas is iomchuí ó am go ham:—
(a) aon ordú a bhéarfas an tAire oiriúnach faoi alt 29 d'Acht 1941,
(b) aon rialachán a dhéanfas an tAire oiriúnach faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1941,
(c) aon treoir a bhéarfas an tAire oiriúnach i dtaobh na gcúinsí ar chóir luach saothair oifigeach i gcoitinne a rialú dá réir,
(d) aon treoir a bhéarfas an tAire oiriúnach i dtaobh na gcúinsí ar chóir luach saothair oifigeach d'aicme, tuairisc nó grád sonraithe a rialú dá réir, is aicme, tuairisc nó grád lena mbaineann an t-oifigeach,
(e) ceadú an Aire oiriúnaigh.
(2) Ní feidhmeofar cumhacht údaráis áitiúil faoi alt 10 d'Acht 1941 chun luach saothair a cheapadh do sheirbhíseach ach amháin do réir pé ceann nó cinn acu seo a leanas is iomchuí ó am go ham:—
(a) aon treoir a bhéarfas an tAire oiriúnach i dtaobh na gcúinsí ar chóir luach saothair seirbhíseach i gcoitinne a rialú dá réir,
(b) aon treoir a bhéarfas an tAire oiriúnach i dtaobh na gcúinsí ar chóir luach saothair seirbhíseach d'aicme, tuairisc nó grád sonraithe a rialú dá réir, is aicme, tuairisc nó grád lena mbaineann an seirbhíseach,
(c) ceadú an Aire oiriúnaigh.
(3) Féadfaidh an tAire oiriúnach treoracha a thabhairt chun críocha an ailt seo.
Srian le hoifig a shealbhú nó le bheith ar fostú.
21.—(1) Ní shealbhóidh duine ar bith aon oifig shochair faoi aon údarás áitiúil, ná ní bheidh ar fostú ar luach saothair aige ná faoi, le linn dó bheith ina chomhalta den údarás sin.
(2) Ní shealbhóidh duine ar bith aon mhór-oifig faoi údarás áitiúil le linn dó bheith ina chomhalta d'aon údarás áitiúil eile arb é is límistéir fheidhmiúcháin dó an chontae nó an chontaebhuirg chéanna is límistéir fheidhmiúcháin don údarás áitiúil sin nó a bhfuil a límistéir fheidhmiúcháin laistigh den chontae nó den contae-bhuirg chéanna sin nó in aon chontae nó contaebhuirg atá i dtadhall leis an gcontae nó leis an gcontae-bhuirg sin.
(3) Nuair a scoirfeas duine de bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil ar shlí seachas trí dhul in éag dá théarma oifige, measfar chun críocha fo-alt (1) agus (2) den alt seo é do leanúint de bheith ina chomhalta den tsórt sin go ceann dhá mhí dhéag tar éis an scoir sin nó go dtí go mbeadh deireadh, mura mbeadh an scor sin, lena théarma oifige, pé tréimhse acu sin is giorra.
(4) San alt seo forléireofar aon tagairt d'údarás áitiúil mar thagairt nach bhfolaíonn tagairt d'aon chomhlucht nach mbaineann a fheidhmeanna ach le comhairliú, breithniú, tuairisciú nó comhchomhairliú.
(5) Scoirfidh fo-alt (1) d'alt 70 d'Acht 1925 d'éifeacht a bheith aige, faoi réir an choinníll go leanfaidh gach srian le haon oifig shochair a shealbhú nó le bheith fostaithe ar luach saothair, is srian a tharla de dhroim aon Acht eile do thabhairt feidhme don alt sin agus a bhí i ngníomh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, de bheith i ngníomh.
Cumhachta, etc., áirithe d'aistriú.
22.—(1) Déantar leis seo gach cumhacht, feidhm nó dualgas a bheirtear le reacht d'aon tsuirbhéir nó suirbhéir cúnta faoi údarás áitiúil d'aistriú chun an údaráis áitiúil sin.
(2) Ní measfar gur dochar ábhartha dá staid an t-aistriú a déantar le fo-alt (1) den alt seo ó aon tsuirbhéir nó suirbhéir cúnta.
Forála speisialta do dhaoine áirithe.
23.—(1) Más rud é—
(a) go mbeidh ag duine, i dtosach feidhme an ailt seo, tréimhse de sheirbhís áitiúil inphinsin chun críocha Coda II den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 (Uimh. 4 de 1948), agus
(b) ar feadh aon tréimhse nó tréimhsí, nach ináirithe chun críocha na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1954, gur chomhlíon an duine sin dualgais údaráis áitiúil de bhuaidh ceapacháin a rinneadh faoi reacht, féadfar an tréimhse dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo agus an tréimhse nó na tréimhsí dá dtagartar i mír (b) den fho-alt seo a chomhshuimiú agus a mheas gur seirbhís chun críocha na Coda sin II iad.
(2) Más rud é i dtosach feidhme an ailt seo, go sealbhóidh Séamas O Murchadha oifig phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin Bhord Cúnaimh Bhaile Atha Cliath:—
(a) measfar a ainm a bheith taifeadta sa chlár atá á choimeád ag an mBord sin faoi Chuid II den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948, agus a bheith taifeadta amhlaidh de dhroim iarratais arna dhéanamh go cuí faoi fho-alt (1) d'alt 37 den Acht sin,
(b) féadfar iad seo a leanas a chomhshuimiú agus a mheas gur seirbhís chun críocha na Coda sin II iad:
(i) a sheirbhís mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an Bhoird sin,
(ii) a sheirbhís mar choimisinéir don Bhord sin,
(iii) an tseirbhís a thug sé roimh an tseirbhís a luaitear i bhfo-mhír (ii) den mhír seo agus is ináirithe chun críocha na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1954, agus
(iv) a sheirbhís mar choimisinéir d'Aontas Bhaile Atha Cliath, agus
(c) measfar gurb oifigeach inphinsin don Bhord sin é i leith na seirbhíse a luaitear i bhfo-mhíreanna (i), (ii) agus (iv) de mhír (b) den fho-alt seo, ach ní bheidh feidhm maidir leis ag fo-alt (6) d'alt 37 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948.
Tórainn aoise d'oifigí áirithe.
24.—(1) (a) Leasaítear leis seo alt 23 d'Acht 1941 tríd an bhfo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a chur leis.
(b) Measfar an fo-alt seo a theacht i ngníomh ar thosach feidhme ailt 23 d'Acht 1941 agus beidh gach dearbhú a rinneadh, roimh an Acht seo a rith, i riocht dearbhuithe faoin alt sin, agus measfar go raibh sé riamh, chomh bailí agus dá dtagadh an t-alt seo i ngníomh an uair sin faoi réir an choinníll nach bhforléireofar aon ní sa bhfo-alt seo mar ní a dhéanas difir d'aon imeachta a tionscnadh san Ard-Chúirt roimh an 7ú lá d'Iúil, 1954, i leith aon dearbhuithe den tsórt sin maidir leis na páirtithe sna himeachta sin.
(c) An leasú ar alt 23 d'Acht 1941 atá i mír (a) den fho-alt nua a chuireas an fo-alt seo leis an alt sin, ní measfar é a bheith ina dhearbhú, ná dearbhú a bheith le tuiscint as, go raibh an dlí faoin alt sin, nó gur mheas an tOireachtas go raibh sé, neamhionann leis an dlí faoin alt sin arna leasú amhlaidh.
(2) (a) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944 (Uimh. 9 de 1944), tríd an bhfo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a chur leis.
(b) Measfar an fo-alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944, a rith, agus beidh gach dearbhú a rinneadh, roimh an Acht seo a rith, i riocht dearbhuithe faoin alt sin, agus measfar go raibh sé riamh, chomh bailí agus dá dtagadh an t-alt seo i ngníomh an uair sin.
Caibidil II.
Leasuithe ar Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926.
An Príomh-Acht.
25.—(1) Sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926).
(2) In aon chás ina ndearnadh le haon Acht eile feidhm maidir le haon oifig nó fostaíocht áirithe, nó maidir le haon bhord, coiste nó comhlucht eile (corpraithe nó neamhchorpraithe), a thabhairt don Phríomh-Acht, beidh feidhm ag an bPríomh-Acht maidir leis an oifig nó an fhostaíocht sin nó maidir leis an gcomhlucht sin i dteannta agus faoi réir na leasuithe air a déantar leis na hailt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo.
Alt 2 den Phríomh-Acht a leasú.
26.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht trí “(nach oifig shealadach, oifig pháirt-aimsire mar innealltóir nó suirbhéir faoi chomhairle bhaile-cheantair nó coimisinéirí baile nó oifig mhúinteora)” a chur i mír (b) d'fho-alt (1) in ionad “agus gach fostaíocht (nach oifig ná fostaíocht mhúinteora)” agus trí “nó teicniciúla” a scrios as an mír sin.
Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.
27.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—
“(5) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) den alt seo faoi réir an choinníll, má shonraíonn an t-údarás áitiúil tréimhse (nach 1ú ná trí mhí) ina mbeidh ar an duine a mholfas na Coimisinéirí nó a mheasfas an t-údarás áitiúil is cóir a cheapadh (do réir mar bheas) dul i mbun dualgas agus má chuirid an tréimhse a bheas sonraithe amhlaidh in iúl dó, nach gceapfaidh an t-údarás áitiúil an duine sin mura dté sé i mbun dualgas laistigh den tréimhse sin.
(6) Mura dté duine dá dtagartar i bhfo-alt (5) den alt seo i mbun dualgas laistigh den tréimhse a cuireadh in iúl dó—
(a) iarrfaidh an t-údarás áitiúil ar na Coimisinéirí duine a mholadh dhóibh lena cheapadh chun na hoifige,
(b) mura n-iarra an t-údarás áitiúil, laistigh de thrí mhí tar éis deireadh na tréimhse sin, ar na Coimisinéirí duine a mholadh dhóibh lena cheapadh chun na hoifige, féadfaidh an tAire thar ceann an údaráis áitiúil a iarraidh ar na Coimisinéirí duine a mholadh don údarás áitiúil lena cheapadh chun na hoifige,
(c) ar iarratas a bheith déanta mar adúradh ag an údarás áitiúil nó ag an Aire (do réir mar bheas), beidh feidhm i dtaca leis an iarratas sin ag fo-ailt (3), (4) agus (5) den alt seo agus ag an bhfo-alt seo.”
(2) I dteannta feidhm a bheith acu maidir le haon chás ina ndéanfar iarratas nó moladh faoi alt 6 den Phríomh-Acht tar éis tosach feidhme an ailt seo, beidh feidhm freisin ag na forála atá i bhfo-alt (1) den alt seo in aon chás ina dtarlóidh, ar an tosach feidhme sin, go mbeidh iarratas nár lean moladh as, nó moladh nár lean ceapachán as, arna dhéanamh faoin alt sin 6.
Alt 10 den Phríomh-Acht a leasú.
28.—Leasaítear leis seo mar leanas alt 10 den Phríomh-Acht:—
(I) i bhfo-alt (1) cuirfear “pé táille (lena n-áirítear, má mheasann na Coimisinéirí gur cuí é, táille ar scrúdú dochtúra) is dóigh leis na Coimisinéirí is ceart” in ionad “pé táillí is dóigh leo is ceart”,
(II) cuirfear an fo-alt seo a leanas leis an alt:
“(3) Féadfaidh na Coimisinéirí an táille is féidir d'éileamh de bhun an ailt seo a shocrú ó am go ham, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire, go ginearálta maidir le gach oifig de ghrád áirithe.”
Scrúdú comórtais a ligean thar ceal.
29.—(1) Más dóigh leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, le comhthoiliú an Aire oiriúnaigh, gurb amhlaidh, ag féachaint don chineál dualgas a ghabhas le hoifig áirithe lena mbaineann an Príomh-Acht nó a ghabhas leis na hoifigí sin uile d'aicme, tuairisc nó grád áirithe, don eolas agus don taithí is riachtanach chun na dualgais sin a chomhlíonadh go héifeachtúil agus do na cáilíochtaí (mar atáid cheana nó mar atá beartaithe iad a bheith) le haghaidh na hoifige nó na n-oifigí sin, nach féidir an duine nó na daoine a bheas le moladh lena gceapadh chun na hoifige nó na n-oifigí sin a roghnú go sásúil trí scrúdú comórtais, féadfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, maidir leis an oifig nó na hoifigí sin, an scrúdú comórtais a ceanglaítear leis an bPríomh-Acht a ligean thar ceal agus an duine nó na daoine a bheas le moladh acu a roghnú i pé slí is cuí leo.
San alt seo, tá le “an tAire oiriúnach” an bhrí atá le “an tAire” sa Phríomh-Acht arna leasú agus arna oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.
(2) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Phríomh-Acht in aon chás a bhfuil fo-alt (1) den alt seo infheidhme maidir leis mura ndearna na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, roimh thosach feidhme an ailt seo, an scrúdú comórtais a ligean thar ceal sa chás sin de bhun an ailt sin 9.
Rollaí de dhaoine atá cáilithe lena gceapadh chun oifigí.
30.—(1) San alt seo ciallaíonn “rolla-aicmíocht” aon aicme, tuairisc nó grád oifige a chinnfeas na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla chun críocha an ailt seo.
(2) Féadfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, más oiriúnach leo é, do réir rialacha faoi fho-alt (4) den alt seo, a shocrú ó am go ham go scrúdófar maidir, le gach ceann nó aon cheann de na hoifigí de rolla-aicmíocht áirithe, cáilíochtaí daoine ar mian leo go gceapfaí iad chun aon fholúntas atá nó a bheas ann agus go n-ullmhófar rolla de na daoine sin óna bhféadfar moladh a dhéanamh do réir iarratais (pé acu roimh chríochnú an rolla nó dá éis sin a gheofar é) faoi alt 6 den Phríomh-Acht nó faoi fho-alt (2) d'alt 4 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940).
(3) Má hiarrtar ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, faoi alt 6 den Phríomh-Acht nó faoi fho-alt (2) d'alt 4 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940), duine a mholadh lena cheapadh chun oifige de rolla-aicmíocht áirithe, féadfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, más oiriúnach leo é, duine a roghnú as an rolla iomchuí a hallmhaíodh faoi fho-alt (2) den alt seo agus an duine sin a mholadh lena cheapadh.
(4) Féadfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, le toiliú an Aire oiriúnaigh, rialacha a dhéanamh chun críocha fo-ailt (2) den alt seo a mbeidh feidhm acu go ginearálta maidir le gach rolla-aicmíocht nó maidir le haon rolla-aicmíocht áirithe.
San alt seo tá le “an tAire oiriúnach” an bhrí atá le “an tAire” sa Phríomh-Acht, arna leasú agus arna oiriúnú le hachtachán ina dhiaidh sin.
CUID III
Bóithre.
Abhair do bhóithre a tháirgeadh.
31.—Féadfar na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) d'alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898, d'fheidhmiú maidir leis an talamh a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 12 den Acht sin.
Feidhm an Development and Road Improvement Funds Act, 1909, a leathnú.
32.—Leasaítear leis seo alt 17 den Development and Road Improvement Funds Act, 1909, trí “or borough or urban district” a chur isteach i ndiaidh “county borough” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin san alt.
Forléiriú abairtí áirithe.
33.—(1) Baineann an t-alt seo leis na habairtí “highway”, “public highway”, “highway repairable by the inhabitants at large” agus le habairtí dá samhail.
(2) D'fhonn deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo, i gcás ina n-úsáidtear abairt lena mbaineann an t-alt seo i reacht a bhaineas le bóithre poiblí, nó in ionstraim a rinneadh faoi aon reacht den tsórt sin, go dtagrann an abairt sin, agus gur thagair sí riamh, do bhóthar mar a mínítear é in alt 1 d'Acht 1925.
Dearbhú gur bóthar mór bóthar áirithe.
34.—D'fhonn deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo go bhfuil cumhacht an Aire faoi alt 1 d'Acht 1925 chun a dhearbhú bóthar áirithe a bheith ina bhóthar mór, agus go raibh an chumhacht sin riamh, infheidhmithe maidir le bóthar nua atá beartaithe.
Bóthar a dhúnadh go sealadach.
35.—(1) Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar a bhfuil cothabháil bhóthair, tar éis dóibh pé fógra a bheas forordaithe a thabhairt, an bóthar nó aon chuid de a dhúnadh in aghaidh tráchta phoiblí go ceann pé tréimhse agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leo.
(2) Más rud é, de bhun cinneadh údaráis áitiúil faoi fho-alt (1) den alt seo, go mbeifear chun bóthar nó cuid de bhóthar a dhúnadh, féadfaidh an t-údarás áitiúil, le hordú, a cheadú go gcuirfí rás bóthair nó ní dá shamhail ar siúl air le linn na tréimhse a bheas sé dúnta.
(3) Má úsáideann aon duine feithicil gan údarás cuí, nó má cheadaíonn sé a húsáid amhlaidh, ar bhóthar a bheas dúnta ina haghaidh faoin alt seo, nó má dhéanann sé go toiliúil bac nó cur isteach ar sheoladh aon ní a bheas ceadaithe faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.
(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon chinneadh nó ordú a bheas déanta ag údarás áitiúil faoin alt seo a chur ar neamhní nó d'athrú, agus bhéarfaidh an t-údarás áitiúil pé fógra poiblí a bheas forordaithe i dtaobh an orduithe sin ón Aire.
Síne tráchta ar bhóithre.
36.—(1) Déantar leis seo an míniú seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) d'alt 69 d'Acht 1946 in ionad an mhínithe ar an abairt “sín tráchta”:—
“ciallaíonn an abairt ‘sín tráchta’ aon tsín, feiste nó fógra nó aon mharc róid, nó aon ghléas chun comharthaí a thabhairt go meicniúil, a dhéanas rud amháin nó níos mó díobh seo a leanas:—
(a) a thugas eolas i dtaobh bóthair, lena n-áirítear na háiteanna a dtéann sé, agus an fhaid chun na n-áiteanna sin nó uathu,
(b) a thugas rabhadh do dhaoine i dtaobh contúirte maidir le bóthar, nó comhairle i dtaobh an chúraim nach foláir a ghlacadh in aghaidh na contúirte sin, nó a thugas an dá rud sin le chéile,
(c) a thaispeánas go bhfuil rialachán bóthair ann maidir le bóthar, nó a chomhlíonas rialachán den tsórt sin, nó a dhéanas an dá rud sin le chéile;”
(2) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) d'alt 69 d'Acht 1946:—
“(2) (a) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, rialacháin a dhéanamh maidir le síne tráchta sonraithe, agus má chuireann údarás bóthar ar fáil sín tráchta de shórt is ionann agus sín tráchta a sonrófar in aon rialacháin den tsórt sin, beidh sé do réir na rialachán, mura n-údaraí an tAire a mhalairt.
(b) Féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo a shonrú cén bhrí a ghabhfas le sín tráchta a sonrófar sna rialacháin, ach ní forléireofar an fhoráil seo mar ní a cheanglaíos go bhforálfaidh na rialacháin go mbeidh sa tsín tráchta aon fhocal, focail nó samhaltán a chuirfeas in iúl go beacht brí na síne tráchta.”
(3) Cuirfear na fo-ailt seo a leanas le halt 69 d'Acht 1946:—
“(14) Ní chuirfidh duine ar bith aon tsín, feiste, fógra ná solas ar fáil de shórt nach sín tráchta, más rud é, ar é a chur ar fáil, go bhfuil sé le feiscint ó bhóthar agus—
(a) gur féidir go gceapfaí gur sín tráchta é,
(b) go ndéanann sé níos deacra do lucht úsáidte bóthair é sín tráchta d'fheiscint a bheas curtha ar fáil do réir an ailt seo, nó
(c) go gcuireann sé bac ar radharc lucht úsáidte bóthair ionas gur contúirt dóibh é.
(15) Beidh áititheoir nó (i gcás talún neamháitithe) únaer na talún ar a mbeidh sín, feiste, fógra nó solas curtha ar fáil contrártha d'fho-alt (14) den alt seo ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air maraon le fíneáil bhreise de phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.
(16) Má chuireann údarás bóthar sín tráchta ar fáil faoin alt seo nach sín tráchta lena mbaineann rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo, beidh an tsín tráchta sin do réir aon ordachán ginearálta nó áirithe a bhéarfas an tAire ó am go ham.”
Patról ar áiteanna a dtéann leanaí scoile trasna an bhóthair.
37.—(1) Féadfaidh comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile le toiliú Choimisinéir an Gharda Shíochána, a shocrú go ndéan faidh daoine (dá ngairmtear maoir thráchta san alt seo) a fhostóid nó a ainmneoid patról ar áiteanna a dtéann leanaí scoile trasna an bhóthair.
(2) Féadfaidh maor tráchta pé sín a bheas forordaithe a thaispeáint á cheangal ar an trácht stad agus fanacht ina stad ionas go bhféadfaidh leanaí scoile dul trasna an bhóthair go sábháilte, agus stadfaidh an trácht agus fanfaiadh sé ina stad dá réir sin faid a bheas an sín ar taispeáint.
(3) Aon duine nach stadfaidh feithicil nó ainmhí nó nach gcoimeádfaidh ina stad é do réir fo-ailt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.
(4) Ar an lá agus tar éis an lae a cheapfas an tAire le hordú, ní bheidh an chumhacht a bheirtear do mhaor tráchta le fo-alt (2) den alt seo infheidhmithe mura mbeidh an éide a bheas forordaithe á caitheamh ag an maor.
(5) Más cuid de chontae aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile áirithe, ní measfar, chun críocha an ailt seo, gur cuid de límistéir fheidhmiúcháin chomhairle na contae an bhuirg, an ceantar uirbeach nó an baile sin.
(6) San alt seo—
tá le “feithicil” an bhrí a bheirtear di in alt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933),
tá le “trácht” an bhrí a bheirtear dó i bhfo-alt (6) d'alt 147 den Acht sin,
folaíonn “éide” aon bhall éadaigh, buinne nó caipín.
Taisteal eadarnáisiúnta ag feithiclí inneallghluaiste.
38.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh—
(a) chun aon phasanna taistil, deimhnithe, údaráis nó doiciméid eile a dheonadh agus d'fhíordheimhniú a bhainfeas le feithicil inneallghluaiste nó le tiománaí feithicle den tsórt sin agus ba ghá le haghaidh taistil lasmuigh den Stát ag daoine a chónaíos sa Stát, agus
(b) chun modhnú a dhéanamh, maidir le feithiclí inneallghluaiste a bheas á dtabhairt isteach sa Stát ag daoine a chónaíos lasmuigh den Stát, agus maidir le daoine den tsórt sin atá ag fanacht sa Stát go sealadach, ar fhorála aon achtacháin a bhaineas le clárú feithiclí inneallghluaiste, leis na ceanglais atá le comhlíonadh i gcás na bhfeithiclí sin, agus le ceadúnú tiománaithe.
(2) Beidh éifeacht ag aon mhodhnú den tsórt sin amhail is dá mbeadh sé san Acht a modhnófar.
(3) Féadfar aon ordú faoin alt seo d'athrú nó a chúlghairm le haon ordú ina dhiaidh sin faoin alt seo.
(4) San alt seo tá le “feithicil inneallghluaiste” an bhrí atá léi san Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933), agus folaíonn tagairtí di tagairtí d'fheithicil a bheas á tarraingt ag feithicil den tsórt sin.
Ranníoc i leith costais oibrithe, cothabhála nó feabhsuithe peire.
39.—Leasaítear leis seo alt 1 den Ferries (Acquisition by Local Authorities), Act, 1919, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—
“(9) In lieu of effecting under this section the acquisition of a ferry, a local authority may, subject to such conditions as they think proper to impose, contribute to the cost of working, maintaining or improving the ferry.”
Droichid, tarbhealaigh agus tolláin.
40.—(1) Leasaítear leis seo alt 52 d'Acht 1946 trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—
“(4) Ach amháin sa chás ina mbaineann an t-ordú droichid le hAbha na Sionainne, féadfar an obair a dhéanamh d'ainneoin go ndéanann nó go ndéanfaidh sé cur isteach ar aon cheart (lena n-áirítear, go háirithe, ceart loingseoireachta, pé acu ó reacht é nó nach ea).
(5) Má bhíonn d'éifeacht ag déanamh na hoibre go laghdóidh nó go bhforceannfaidh sé ceart príobháideach duine ar bith (lena n-áirítear, go háirithe, ceart loingseoireachta, pé acu ó reacht é nó nach ea), féadfaidh an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis críochnú na hoibre, cúiteamh i leith an laghduithe nó an fhorceannta sin d'éileamh ar an údarás déanmhach, agus beidh sé i dteideal cúiteamh d'fháil ina leith ón údarás déanmhach agus, mura n-íoctar an cúiteamh sin leis nuair a beifear tar éis comhaontú ar a mhéid nó tar éis é a chinneadh faoin alt seo, é a ghnóthú ón údarás déanmhach in aon chúirt dlínse inniúla.
(6) Cheal comhaontuithe, déanfar méid aon cúitimh is iníoctha ag údarás bóthar faoin alt seo a chinneadh trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) amhail is dá mb'é a bhí sa chúiteamh an praghas ar thalamh a tógadh go héigeantach agus beidh dlínse ag an eadránaí chun a chinneadh an bhfuil cúiteamh ar bith iníoctha sna himthosca.”
(2) Leasaítear leis seo alt 53 d'Acht 1946 trí “leasú a dhéanamh ar na forála san ordú droichid a cheanglaíos ranníoc faoin” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “athrú a dhéanamh ar ranníocaíocht a ceanglófar a íoc faoi fho-alt (1) den”.
(3) Leasaítear leis seo alt 55 d'Acht 1946 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2):—
“(1A) (i) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás a eiscfeas an tAire, le hordú a déanfar roimh chríochnú na hoibre, ó fheidhm an fho-ailt sin.
(ii) Féadfaidh an tAire, le hordú a déanfar roimh chríochnú na hoibre agus ag a mbeidh éifeacht amhail ón gcríochnú sin, aon chumhachta agus dualgais maidir leis an droichead d'aistriú chun aon údaráis bhóthar lena mbaineann an t-ordú droichid más cumhachta agus dualgais iad de chuid aon údaráis bhóthar eile lena mbaineann an t-ordú droichid, agus i gcás ina ndéanfar ordú den tsórt sin beidh éifeacht ag an ordú in ionad fo-ailt (1) den alt.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon chumhachta agus dualgais (lasmuigh de chumhachta agus dualgais faoin gCuid seo den Acht seo), maidir le haon chuid de bhóthar atá i dtadhall leis an droichead, d'aistriú, le héifeacht amhail ó chríochnú na hoibre, chun aon údaráis bhóthar lena mbaineann an t-ordú droichid más cumhachta agus dualgais iad de chuid aon údaráis bhóthar eile lena mbaineann an t-ordú droichid.”
(4) Leasaítear leis seo alt 56 d'Acht 1946 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míre (d) d'fho-alt (2):—
“(d) leasú faoi fho-alt (3) d'alt 53 den Acht seo ar fhoráil den ordú droichid á cheangal go ndéanfadh údarás cuain ranníoc nó go ndéanfaí ranníoc leis an gcuideachta;
(e) ordú faoi fho-alt (1A) nó fo-alt (2) d'alt 55 den Acht seo ag aistriú aon chumhacht nó dualgas de chuid údaráis bhóthar chun údaráis chuain.”
(5) Leasaítear leis seo alt 57 d'Acht 1946 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2):—
“(2) Más rud é de bhuaidh an ailt seo go mbaineann an t-ordú droichid le cuideachta a bhfuil iarnród nó canáil faoina n-urlámhas, ní dhéanfaidh an tAire de bhuaidh an ailt seo ceachtar de na nithe seo a leanas ach amháin le toiliú an Aire Thionscail agus Tráchtála, is é sin le rá:
(a) leasú faoi fho-alt (3) d'alt 53 den Acht seo ar fhoráil den ordú droichid á cheangal go ndéanfadh an chuideachta ranníoc nó go ndéanfaí ranníoc leis an gcuideachta;
(b) ordú faoi fho-alt (1A) nó fo-alt (2) d'alt 55 den Acht seo ag aistriú aon chumhacht nó dualgas de chuid údaráis bhóthar chun na cuideachtan.”
Scéimeanna do dhroichid thar an tórainn.
41.—(1) Féadfaidh údarás bóthar scéimeanna d'ullmhú agus a ghlacadh, faoi réir a gceaduithe ag an Aire, chun droichid ag ceangal áiteanna laistigh dá límistéir fheidhmiúcháin le háiteanna i dTuaisceart Éireann d'fhoirgniú, d'fheabhsú, d'athrú, a chothabháil nó a thréigean.
(2) Aon scéim a glacfar faoin alt seo beidh inti na sonraí sin maidir leis na nithe sin, agus beidh sí sa bhfoirm sin, a cheadós an tAire, agus go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht na bhforál roimhe seo den alt seo, féadfar a shonrú inti cén modh ar a ndéanfar, agus cé hiad na comhluchta a dhéanfas, agus cén chionúireacht ina ndéanfar, na caiteachais d'íoc a bhainfeas leis an scéim a chur i gcrích agus le haon ní a foirgneofar fúithi a chothabháil.
(3) Aon chumhachta a bheas infheidhmithe de thuras na huaire ag údarás bóthar maidir le bóithre, féadfar iad d'fheidhmiú chun scéim a glacadh faoin alt seo a chur i gcrích.
(4) Is feidhm fhorcoimeádta scéim a ghlacadh faoin alt seo.
CUID IV.
Forála a bhaineas le hAirgeadas Áitiúil.
Airgead d'fháil trí iasacht nó rótharraingt shealadach.
42.—(1) Chun soláthar go sealadach le haghaidh aon chaitcachais faoina raghaid ag déanamh nó ag comhlíonadh aon cheann dá gcumhachta agus dá ndualgais, féadfaidh údarás áitiúil ag a bhfuil aon chumhacht chun airgead d'fháil ar iasacht airgead d'fháil, le toiliú an Aire, trí iasacht nó rótharraing shealadach.
(2) Is í tréimhse dá bhfaighfear suim ar iasacht faoin alt seo pé tréimhse, nach mó ná deich mbliana, a cheadós an tAire.
(3) Ní déanfar suim a gheobhas údarás áitiúil ar iasacht faoin alt seo d'áireamh mar chuid d'fhiacha an údaráis sin chun críocha aon tórann reachtúla le hairgead d'fháil ar iasacht.
(4) San alt seo folaíonn tagairtí d'airgead d'fháil ar iasacht tagairtí d'airgead d'fháil ar ath-iasacht.
Gan feidhm ag an tórainn le hairgead d'fháil ar iasacht.
43.—(1) Baineann an t-alt seo le húdarás áitiúil is údarás sláintíochta uirbeach chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, agus nach bardas contaebhuirge.
(2) Ní déanfar suim a gheobhas údarás áitiúil lena mbaineann an t-alt seo ar iasacht maidir le huisce-sholáthar nó córas séarachais d'áireamh mar chuid d'fhíacha an údaráis sin chun críocha aon tórann reachtúla le hairgead d'fháil ar iasacht.
Airgead d'fháil ar iasacht chun halla baile a chothabháil.
44.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936 (Uimh. 55 de 1936) trí “nó dá gcothabháil” a chur i ndiaidh “ar fáil” i bhfo-alt (2).
(2) Measfar éifeacht a bheith ag fo-alt (1) den alt seo amhail ón dáta a ritheadh Acht na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936.
Gan ráta a bheith neamhbhailí i gcásanna áirithe.
45.—(1) Ní bheidh ráta a ghearrfas údarás áitiúil ina ráta neamhbhailí de bhíthin amháin nach ndearnadh fógra maidir leis an liosta luachála athbhreithnithe nó an liosta achomharc a hullmhaíodh faoi na hAchta Luachála a chur suas in aon áit do réir na nAcht sin.
(2) I dteannta feidhm a bheith ag fo-alt (1) den alt seo maidir le rátaí a gearrfar tar éis tosach feidhme an ailt seo, beidh feidhm aige freisin, agus measfar go raibh feidhm aige riamh, maidir le rátaí a gearradh roimh an tosach feidhme sin.
(3) D'ainneoin aon fhorála de na hAchta Luachála, ní bheidh aon oifigeach d'údarás áitiúil faoi dhliteanas i dtaobh gan fógra a chur suas in aon áit do réir na nAcht sin.
Gan leasú rátaí a bheith ina fheidhm fhorcoimeádta.
46.—In ionad fo-ailt (6) (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'alt 60 d'Acht 1941, achtaítear leis seo go measfar nach feidhmeanna forcoimeádta na cumhachta, na feidhmeanna agus na dualgais a bheirtear agus a forchuirtear leis an alt sin.
47.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” Acht na nUdarás Áitiúla (Oibreacha), 1949 (Uimh. 17 de 1949).
(2) Na caiteachais faoina raghaidh comhairle chontae ar oibreacha a ghabhfaid de láimh de bhun fo-ailt (2) d'alt 2 den Acht maidir le haon talamh is leo nó maidir le haon déanmhas buan a rinneadar féin nó a ceanglaítear orthu a chothabháil, muirearófar iad sa tslí chéanna ina muirearaítear caiteachais na comhairle maidir le cothabháil na talún nó an déanmhais bhuain.
(3) Muirearófar ar an gceantar sláinte contae na caiteachais faoina raghaidh comhairle chontae ar oibreacha a ghabhfaid de láimh de bhun fo-alt (3) d'alt 2 den Acht maidir le talamh nach leo nó maidir le haon déanmhas buan nach déanmhas buan a rinneadar féin nó a ceanglaítear orthu a chothabháil.
(4) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) d'alt 3 den Acht, á údarú oibreacha a dhéanamh thar ceann údaráis áitiúil, a fhoráil go ndéanfaidh an t-údarás sin ranníoc i leith costas na n-oibreacha agus, más comhairle chontae an t-údarás sin agus gur dóigh leis an Aire gur chóir an ranníoc a mhuirearú ar an gceantar sláinte contae, a fhoráil gur ar an gceantar sin a muirearófar é.
(5) Féadfaidh comhaontú faoi fho-alt (2) d'alt 3 den Acht, chun oibreacha a dhéanamh thar ceann údaráis áitiúil, a fhoráil go ndéanfaidh an t-údarás sin ranníoc i leith costas na n-oibreacha agus, más comhairle chontae an t-údarás sin, muirearófar an ranníoc sa tslí chéanna ina muirearófaí a gcaiteachais dá mba iad an chomhairle féin a dhéanfadh na hoibreacha.
(6) Déanfar cúiteamh a bheas iníoctha ag comhairle chontae de bhun an Achta a mhuirearú sa tslí chéanna ina muirearaítear costas na n-oibreacha nó ranníoc na comhairle i leith costas na n-oibreacha (do réir mar is iomchuí).
(7) I gcás cúiteamh a bheith iníoctha faoin Acht ag údarás áitiúil a dhéanfas oibreacha thar ceann údaráis áitiúil eile:—
(a) féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a rinneadh faoi fho-alt (4) den alt seo d'athrú ionas go mbeidh suim i leith cúitimh ar áireamh sa ranníoc,
(b) aon chomhaontú a rinneadh faoi fho-alt (2) d'alt 3 den Acht agus a fhorálas go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil eile sin ranníoc, beidh éifeacht aige, faoi réir aon athruithe den tsórt sin, ionas go mbeidh ar áireamh sa ranníoc suim i leith cúitimh a gcomhaontófar uirthi idir na húdaráis áitiúla nó, cheal comhaontuithe, a chinnfeas an tAire.
(8) Féadfaidh comhairle chontae nó bardas contae-bhuirge, chun caiteachais faoin Acht d'íoc, airgead d'fháil ar iasacht faoi Airteagal 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, amhail is dá mbeadh sin ar na críocha a luaitear san Airteagal sin, agus ní háireofar airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh mar chuid d'fhiacha na comhairle nó an bhardais chun críocha an Airteagail sin.
(9) Féadfaidh bardas buirge (seachas contae-bhuirg) nó comhairle cheantair uirbigh, chun caiteachais faoin Acht d'íoc, airgead d'fháil ar iasacht faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, amhail is dá mbeadh sin ar na críocha a bhfuil údarás ag an mbardas nó ag an gcomhairle airgead d'fháil ar iasacht ina leith faoi na hAchta sin, agus ní háireofar airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh mar chuid d'fhiacha an bhardais nó na comhairle chun críocha aon tórann le hairgead d'fháil ar iasacht a forchuirtear leis na hAchta sin.
Táillí iniúchóireachta.
48.—Leasaítear leis seo alt 69 d'Acht 1941 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—
“(12) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, féadfar ordú faoin alt seo a chumadh, agus beidh éifeacht aige dá réir sin, ionas, i dteannta feidhm a bheith aige maidir le aon iniúchadh nó iniúchta áirithe, go mbeidh feidhm aige freisin, mura gcúlghairmtear agus go dtí go gcúlghairmfear é, maidir le hiniúchta ina dhiaidh sin.”
Muirearú suime.
49.—(1) Má dheimhníonn duine a bheas arna áirithiú ag comhlucht poiblí in aon cháil ghairmiúil chomhairleach nó chomhchomhairleach, go bhfuil aon tsuim iníoctha as cistí an chomhluchta phoiblí agus má híoctar an tsuim sin, measfar an duine sin a bheith ina oifigeach don chomhlucht poiblí chun críocha ailt 20 den Local Government (Ireland) Act, 1902, arna leasú le fo-alt (3) d'alt 61 d'Acht 1925, chomh fada is bhaineas leis an íocaíocht a bheas deimhnithe aige.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—
(a) más duine a bhí ag gníomhú mar eadránaí a thug an deimhniú, nó
(b) má ba ghá breithiúnas gairmiúil nó teicniúil d'usáid i gcás na breithe ar ar bunaíodh an deimhniú.
Alt 10 d'Acht 1946 a leasú.
50.—Leasaítear leis seo mar leanas alt 10 d'Acht 1946:—
(I) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (1):
“(1) Déanfar, ach amháin mar a foráltar a mhalairt le hordú ón Aire nó in aon áit eile le dlí, costais chomhairle contae a mhuirearú do réir an ailt seo ar an gcontae iomlán.”,
(II) Scriosfar fo-alt (5),
(III) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (6):
“(6) Má déantar costais chomhairle contae a mhuirearú ar líomatáiste a bheas comhdhéanta de líomatáiste nach líomatáiste uirbeach agus de líomatáiste uirbeach amháin nó dhá líomatáiste uirbeacha nó níos mó, beidh méid na gcostas a bheas le muirearú ar gach líomatáiste faoi leith i gcoibhneas leis an nglan-fháltas, arna ríomh sa tslí fhororduithe agus arna dheimhniú sa bhfoirm fhorordaithe, as ráta de phingin sa phunt i ngach líomatáiste ach, i gcás an líomatáiste uirbigh arb é ceantar uirbeach Bhun Crannaighe é maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil nach déanaí ná an bhliain airgeadais áitiúil a chríochnós an 31ú lá de Mhárta, 1964, ní tógfar an glan-fháltas sin agus ina ionad sin, tógfar suim is ionann agus, pingin in aghaidh gach puint den mhéid a sonraítear i leith na bliana sin sa Sceideal a ghabhas leis an Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 (Uimh. 8 de 1954).”
(IV) Scriosfar fo-mhír (7), agus
(V) Cuirfear isteach dhá fho-alt nua mar leanas:—
“(7) Féadfaidh an tAire, le hordú, a chinneadh, i leith contaethe go ginearálta nó i leith aon chontae áirithe, cad é an líomatáiste nó cad iad na líomatáistí ar a mbeidh costais sonraithe de chuid na comhairle le muirearú, agus féadfaidh aon ordú den tsórt sin a leasú nó a chúlghairm.
(8) Fanfaidh orduithe faoi alt 71 (a hathghairmtear leis an Acht seo) den Local Government (Ireland) Act, 1898, i bhfeidhm agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le hordú faoin alt seo.”
CUID V.
Comhairlí Áitiúla Formheasta i gContae-Bhuirgí.
Comhairlí áitiúla formheasta i gcontae bhuirgí.
51.—(1) Más rud é, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, go mbeidh áititheoirí áite i gcontae-bhuirg tar éis comhairle, coiste nó comhlucht eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, a bhunú ar mhaithe le leas comhdhaonnach agus eacnamúil na n-áititheoirí sin i gcoitinne, féadfaidh bardas na contae-bhuirge, ar an gcomhlucht sin dá iarraidh sin, a dhearbhú le rún gur comhairle áitiúil fhormheasta chun críocha na Coda seo den Acht seo an comhlucht sin.
(2) Is feidhm fhorcoimeádta dearbhú a dhéanamh faoin alt seo.
(3) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “comhairle áitiúil fhormheasta” comhlucht a mbeidh dearbhú déanta ina leith faoin alt seo agus forléireofar gach tagairt do bhardas, a déanfar maidir le comhairle áitiúil fhormheasta, mar thagairt don bhardas áirithe contae-bhuirge a rinne an dearbhú faoin alt seo maidir leis an gcomhairle áitiúil fhormheasta sin.
Foirgnimh, etc., a chur ar fúil do chomhairlí áitiúla formheasta.
52.—(1) Féadfaidh an bardas foirgneamh a chur ar fáil lena úsáid ag comhairle áitiúil fhormheasta le haghaidh cruinnithe, poiblí agus eile, agus le haghaidh léachtaí, taispeántas, caitheamh aimsire i gcoitinne nó cuspóirí comhdhaonnacha eile dá samhail sin, agus féadfaidh cúram agus bainistí an fhoirgnimh a thabhairt don chomhairle, go buan nó go sealadach.
(2) Féadfaidh an bardas, trí chomhaontú, talamh a thógaint ar a mbeidh foirgneamh, nó talamh a thógaint le haghaidh foirgnimh, a bheas le cur ar fáil faoin alt seo.
(3) Féadfaidh an bardas cabhrú le comhairle áitiúil fhormheasta trí throscán, trealamh oifige agus scríobh-ábhar a sholáthar dóibh agus, i gcás foirgneamh a bheith curtha ar fáil faoin alt seo lena úsáid ag comhairle áitiúil fhormheasta, trína pháigh iomlán, nó cuid dá pháigh, d'íoc le duine atá ag gníomhú mar airíoch ar an bhfoirgneamh agus ag déanamh glanacháin agus dualgais dá shamhail maidir leis an bhfoirgneamh.
(4) Féadfaidh an bardas—
(a) deontas a thabhairt do chomhairle áitiúil fhormheasta a chabhródh leis an gcomhairle chun foirgneamh a chur ar fáil le haghaidh cruinnithe, poiblí nó eile, agus le haghaidh léachtaí, taispeántas, caitheamh aimsire i gcoitinne nó cuspóirí comhdhaonnacha eile dá shamhail sin, agus
(b) mar choinníoll a bhainfeas leis an deontas a thabhairt, a cheangal ar an gcomhairle pé comhaontuithe a dhéanamh leis an mbardas (lena n-áirítear comhaontuithe i dtaobh úsáid agus diúscairt an fhoirgnimh) is cuí leis an mbardas.
(5) Féadfaidh comhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (4) den alt seo a fhoráil go n-aisíocfaidh an chomhairle áitiúil fhormheasta iomlán an deontais nó cuid den deontas (lena n-áirítear pé muirir (más ann) a ghearrfas an bardas i leith an deontais) pé trátha agus i pé slí is cuí leis an mbardas.
(6) Féadfaidh an bardas, chun críocha an ailt seo, airgead d'fháil ar iasacht sa tslí chéanna ina bhféadfaid é d'fháil ar iasacht chun caiteachais d'íoc faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.
(7) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun an ailt seo a thabhairt ar iasacht don bhardas trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba é a bhí san iasacht sin iasacht áitiúil do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1953, agus gur húdaraíodh í le hAcht ón Oireachtas.
(8) Is feidhmeanna forcoimeádta feidhmeanna an bhardais faoi fho-alt (1), (2), (3) nó (4) den alt seo.
CUID VI
Ilghnéitheach.
Ailt 76 go 79 d'Acht 1946 a leasú.
53.—(1) Leasaítear leis seo alt 76 d'Acht 1946 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—
“(11) (a) Féadfaidh comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile a chur faoi deara liosta de na rátaíocóirí sa cheantar uirbeach nó sa bhaile d'ullmhú agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhairle nó ag na coimisinéirí, is liosta de na ráta-iocóirí sa cheantar nó sa bhaile sin chun críocha an ailt seo.
(b) Is feidhm fhorcoimeádta glacadh faoin bhfo-alt seo le liosta ráta-íocóirí.”
(2) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1946 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (4):—
“(4) (a) I gcás baile fearainn nó baile neamhbhardasach a bheith suite go hiomlán i gcontae áirithe, féadfaidh comhairle na contae a chur faoi deara liosta de na ráta-íocóirí sa bhaile fearainn nó sa bhaile neamhbhardasach d'ullmhú, agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhairle, is liosta de na rátaíocóirí sa bhaile fearainn nó sa bhaile neamhbhardasach sin chun críocha an ailt seo.
(b) I gcás gan ach cuid de bhaile fearainn nó de bhaile neamhbhardasach a bheith suite i gcontae áirithe, féadfaidh an chomhairle a chur faoi deara liosta de na ráta-íocóirí sa chuid den bhaile fearainn nó den bhaile neamhbhardasach atá suite sa chontae d'ullmhú, agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis fara athruithe nó gan athruithe ag an gcomhairle, is liosta de na ráta-íocóirí sa chuid sin chun críocha an ailt seo.
(c) Is feidhm fhorcoimeádta glacadh faoin bhfo-alt seo le liosta ráta-íocóirí.”
(3) Leasaítear leis seo alt 78 d'Acht 1946 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (5):—
“(5) (a) Féadfaidh an t-údarás iomchuí a chur faoi deara liosta de na ráta-íocóirí i sráid d'ullmhú, agus is é an liosta sin, ar bheith glactha leis far athruithe nó gan athruithe ag an údarás iomchuí, is liosta de na ráta-íocóirí sa tsráid chun críocha an ailt seo.
(b) Is feidhm fhorcoimeádta glacadh faoin bhfo-alt seo le liosta ráta-íocóirí.
(6) San alt seo—
folaíonn an focal “sráid” cuid de shráid agus freisin an t-iomlán nó cuid d'aon bhóthar, cearnóg, lána nó áit phoiblí eile,
ciallaíonn an abairt ‘údarás iomchuí’ —
(a) maidir le sráid atá suite go hiomlán, nó le foirgneamh nó déanmhas eile atá suite, i gcontae, comhairle na contae,
(b) maidir le sráid atá suite go hiomlán, nó le foirgneamh nó déanmhas eile atá suite, i gcontaebhuirg nó i mbuirg eile, bardas na buirge,
(c) maidir le sráid atá suite go hiomlán, nó le foirgneamh nó déanmhas eile atá suite, i gceantar uirbeach, comhairle an cheantair uirbigh,
(d) maidir le sráid atá suite go hiomlán, nó le foirgneamh nó déanmhas eile atá suite, i mbaile, coimisinéirí an bhaile, agus
(e) maidir le haon tsráid eile, an dá údarás áitiúil díobh sin is iomchuí ag gníomhú i gcomhar.”
(4) In ailt 76 go 79 d'Acht 1946 (lena n-áirítear na fo-ailt a chuireas na fo-ailt roimhe seo den alt seo leis na hailt sin), i gcás tí chónaithe bhig do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928), nach é an t-únaer do réir bhrí an Achta sin an t-áititheoir freisin, ciallóidh “rátaíocóir” an t-áititheoir agus ní chiallóidh sé an t-únaer.
Deontais ó chomhairle chontae chun go bhféadfaidh comhairle áitiúil fhormheasta, foirgneamh a chur ar fáil.
54.—(1) Leasaítear leis seo alt 73 d'Acht 1941 trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—
“(4) Féadfaidh an chomhairle chontae—
(a) deontas a thabhairt do chomhairle áitiúil fhormheasta a chabhródh leis an gcomhairle áitiúil chun foirgneamh a chur ar fáil le haghaidh cruinnithe, poiblí nó eile, agus le haghaidh léachtaí, taispcántas, caitheamh aimsire i gcoitinne nó cuspóirí comhdhaonnacha eile dá samhail sin, agus
(b) mar choinníoll a bhainfeas leis an deontas a thabhairt, a cheangal ar an gcomhairle áitiúil pé comhaontuithe a dhéanamh leis an gcomhairle chontae (lena n-áirítear comhaontuithe i dtaobh úsáid agus diúscairt an fhoirgnimh) is cuí leis an gcomhairle chontae.
(5) Féadfaidh comhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (4) den alt seo a fhoráil go n-aisíocfaidh an chomhairle áitiúil fhormheasta iomlán an deontais nó cuid den deontas (lena n-áirítear pé muirir (más ann) a ghearrfas an chomhairle chontae i leith an deontais) pé trátha agus i pé slí is cuí leis an gcomhairle chontae.
(6) Féadfaidh an chomhairle chontae, chun críocha an ailt seo, airgead d'fháil ar iasacht sa tslí chéanna ina bhféadfaid é d'fháil ar iasacht chun caiteachais d'íoc faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.
(7) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun an ailt seo a thabhairt ar iasacht don chomhairle chontae trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba é a bhí san iasacht sin iasacht áitiúil do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1953, agus gur húdaraíodh í, le hAcht ón Oireachtas.”
(2) Is feidhmeanna forcoimeádta feidhmeanna comhairle contae faoi fho-alt (1), (2), (3) nó (4) d'alt 73 d'Acht 1941.
Ranníoc le comhlucht a chuirfeas saoráidí snámha ar fáil.
55.—(1) Baineann an t-alt seo le húdarás áitiúil is údarás sláintíochta chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil lena mbaineann an t-alt seo, le toiliú an Aire agus faoi réir pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an údarás sin, ranníoc a dhéanamh le cistí cumainn, club, coiste nó comhluchta eile a chuirfeas saoráidí snámha ar fáil nó a bheartós iad a chur ar fáil.
(3) Féadfaidh údarás áitiúil lena mbaineann an t-alt seo airgead d'fháil ar iasacht d'fhonn ranníoc a dhéanamh faoin alt seo sa tslí chéanna ina bhféadfaid é d'fháil ar iasacht chun caiteachais d'íoc faoi na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.
(4) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun an ailt seo a thabhairt ar iasacht d'údarás áitiúil trí cisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba é a bhí san iasacht sin iasacht áitiúil do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1953, agus gur húdaraíodh í le hAcht ón Oireachtas.
(5) Is feidhm fhorcoimeádta ranníoca a dhéanamh faoin alt seo.
Maisiúchán.
56.—(1) Feadfaidh bardas buirge, seachas contae-bhuirg, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile, a údarú airgead a chaitheamh ar mhaisiú na buirge, an cheantair uirbigh nó an bhaile ar ócáidí gairdis phoiblí agus ar ócáidí oiriúnacha eile.
(2) Ní bheidh na caiteachais faoina raghaidh bardas buirge, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile faoin alt seo, in aon bhliain airgeadais áitiúil, níos mó ná an tsuim a shaothródh ráta trí pingne sa phunt ar luacháil inrátuithe na buirge, an cheantair uirbigh nó an bhaile.
(3) Is feidhm fhorcoimeádta caiteachas d'údarú faoin alt seo.
Ranníoc le comhlucht a chuirfeas músaem ar fáil.
57.—(1) Féadfaidh comhairle chontae nó bardas contaebhuirge, le toiliú an Aire, ranníoc a dhéanamh le cistí cumainn, coiste nó comhluchta eile a chuirfeas músaem ar fáil nó a bheartós é a chur ar fáil chun sean-iarsmaí áitiúla a ghlacadh agus féadfaid cabhrú leis an gcumann, leis an gcoiste nó leis an gcomhlucht eile sin trí fhoirgneamh a chur ar fáil dóibh lena úsáid, trí throscán, trealamh oifige agus scríobh-ábhar a sholáthar dóibh nó trí luach saothair iomlán, nó cuid dá luach saothair, d'íoc le haon duine a bheas fostaithe maidir leis an músaem.
(2) Is feidhm fhorcoimeádta ranníoca a dhéanamh nó cabhair a thabhairt faoin alt seo.
Táillí margaidh, etc., d'athrú.
58.—(1) I gcás tórainn a bheith curtha do réir reachta le méid aon chíosa, dolaidh, bothaíochta, táille nó muirir eile is féidir le húdarás áitiúil d'éileamh nó a thógaint maidir le margadh nó aonach, nó i leith úsáide, nó le haghaidh, seirbhísí a bheas curtha ar fáil trí abatóir nó seamlas, forléireofar an tagairt sa reacht don tórainn sin mar thagairt a fholaíos tagairt do pé tórainn difriúil a chuirfeas an t-údarás áitiúil ina hionad ó am go ham le toiliú an Aire Thalmhaíochta (arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire) i gcás abatóra nó seamlais agus, in aon chás eile, le toiliú an Aire (arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta).
(2) Is feidhm fhorcoimeádta tórainn a chur in ionad tórann eile faoin alt seo.
Feidhmiú nó comhlíonadh cumhachta feidhme nó dualgais ag údarás áitiúil d'údarás áitiúil eile nó do chomhlucht reachtúil eile.
59.—(1) Más rud é—
(a) gur dóigh le húdarás áitiúil, i gcás aon chumhachta, feidhme nó dualgais is féidir leo d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, go mba chaothúla gur údarás áitiúil eile d'fheidhmeodh nó a chomhlíonfadh an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas sin, go ginearálta nó i gcás áirithe, agus
(b) go bhfuil an t-údarás áitiúil eile i gcumas agus toilteanach an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh amhlaidh.
féadfaidh na húdaráis comhaontú a dhéanamh go bhfeidhmeoidh nó go gcomhlíonfaidh an t-údarás áitiúil eile amhlaidh an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas thar ceann an údaráis chéadluaite agus air sin beidh sé infheidhmithe nó inchomhlíonta amhlaidh ag an údarás eile.
(2) Más rud é—
(a) gur dóigh le comhlucht, is comhlucht a bunaíodh le reacht agus nach údarás áitiúil, gur cheart, i gcás aon chumhachta, feidhme nó dualgais is féidir leo d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, gur údarás áitiúil d'fheidhmeodh nó a chomhlíonfadh an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas sin, go ginearálta nó i gcás áirithe, agus
(b) go bhfuil an t-údarás áitiúil i gcumas agus toilteanach an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh amhlaidh,
féadfaidh an comhlucht agus an t-údarás áitiúil comhaontú a dhéanamh go bhfeidhmeoidh agus go gcomhlíonfaidh an t-údarás áitiúil an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas amhlaidh thar ceann an chomhluchta, agus air sin beidh sé infheidhmithe nó inchomhlíonta amhlaidh ag an údarás áitiúil.
(3) Ní dochar an t-alt seo d'alt 47 den Acht Sláinte, 1953 (Uimh. 26 de 1953), agus ní déanfar comhaontú faoin alt seo i gcás ina bhféadfaí comhshocraíocht a dhéanamh faoin alt sin 47.
(4) Is feidhm fhorcoimeádta comhaontú a dhéanamh faoin alt seo.
Coistí comhairleacha.
60.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil pé coistí, agus pé méid coistí, a cheapadh is oiriúnach leo chun aon nithe a bhreithniú a bhainfeas le feidhmeanna an údaráis áitiúil (lasmuigh de nithe dá dtagartar i bhfo-alt (4) d'alt 22 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (Uimh. 2 de 1930), nó i bhfo-alt (1) d'alt 48 den Acht Sláinte, 1953 (Uimh. 26 de 1953) ), agus an t-údarás áitiúil a chomhairliú sna nithe sin.
(2) Beidh triúr comhaltaí ar a laghad ar choiste faoin alt seo agus féadfaidh an coiste bheith comhdhéanta go hiomlán de chomhaltaí den údarás áitiúil a cheap iad, nó go páirteach de na comhaltaí sin agus go páirteach de dhaoine eile.
Rialacháin maidir le cruinnithe, etc.
61.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh maidir le gach údarás áitiúil nó le haon údarás áitiúla i leith gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—
(a) cruinnithe a ghairm agus a thionól,
(b) nós imeachta,
(c) conartha a dhéanamh,
(d) cuntais,
(e) iniúchadh cuntas,
(f) nithe a ghabhas nó a bhaineas le haon nithe acu sin roimhe seo.
(2) O thosach feidhme rialachán faoin alt seo agus dá éis sin, beidh na nithe ar ina leith a rinneadh na rialacháin, i gcás aon údaráis áitiúil a bheas i gceist, faoi réim forál na rialachán, agus scoirfidh aon fhorála roimhe sin, pé acu le reacht nó faoi reacht a rinneadh iad, a mbeidh feidhm acu maidir leis an údarás sin, agus a bhainfeas leis na nithe sin, d'éifeacht a bheith acu i gcás an údaráis sin.
(3) Ní déanfar rialacháin faoin alt seo a bhainfeas—
(a) le húdaráis ospidéal meabhair-ghalar do réir bhrí an Achta Chóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945),
(b) le comhbhoird a bunaíodh le hordú faoi alt 45 den Acht Sláinte, 1953 (Uimh. 26 de 1953), ná
(c) le coistí comhairleacha sláinte a ceapadh faoi alt 48 den Acht Sláinte, 1953, nó faoi rialacháin a rinneadh faoin alt sin,
ach amháin le toiliú an Aire Shláinte.
(4) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Buan-Orduithe chun imeachta a rialú.
62.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil buan-orduithe a dhéanamh chun a n-imeachta a rialú seachas imeachta a bhfuil foráil déanta dá rialú le reacht nó faoi reacht (lena n-áirítear an tAcht seo), agus féadfaid na buan-orduithe sin a leasú nó a chúlghairm.
(2) Aon bhuan-orduithe a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, fanfaid i bhfeidhm d'ainneoin an tAcht seo d'athghairm na gcumhacht faoina ndearnadh iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le buan-orduithe faoin alt seo.
Bainisteoir do láithriú ar leithligh ag fiosrúchán áitiúil.
63.—Leasaítear leis seo mar leanas alt 90 d'Acht 1946:
(a) trí “féadfaidh an bainisteoir don údarás áitiúil, le toiliú an Aire, láithriú ar leithligh ag an bhfiosrúchán agus féadfaidh láithriú amhlaidh go pearsanta nó trí abhcóide nó aturnae” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú go bhféadfaidh an bainisteoir don údarás áitiúil láithriú ar leithligh ag an bhfiosrúchán”, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2):
“(2) I gcás an bainisteoir d'údarás áitiúil do láithriú ar leithligh ag fiosrúchán áitiúil de bhun fo-ailt (1) den alt seo, is feidhm fhorcoimeádta fostú agus teagasc an abhcóide nó an aturnae a láithreos ag an bhfiosrúchán thar ceann an údaráis áitiúil.”
Ranníoc i leith costas agus caiteachas maidir le fiosrúchán áitiúil.
64.—Leasaítear leis seo alt 91 d'Acht 1946 trí “nó má rinneadh é ar thionscnamh an Aire faoi aon Acht eile” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “Má rinneadh fiosrúchán áitiúil faoi alt 83 d'Acht 1941” agus trí “(lena n-áirítear na costais agus na caiteachais faoina ndeachaigh bainisteoir go réasúnach ag láithriú dhó ar leithligh de bhun fo-ailt (1) d'alt 90 den Acht seo)” a chur isteach sa bhfo-alt sin i ndiaidh “maidir leis an bhfiosrúchán”.
Coimisinéirí baile nach ceantar uirbeach a chorprú.
65.—Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le coimisinéirí baile nach ceantar uirbeach:—
(a) tiocfaidh na coimisinéirí chun bheith agus beid chun gach críche ina gcomhlucht corpraithe le comharbas suthaineach faoin ainm “Coimisinéirí Baile..................” (agus ainm an bhaile a chur isteach);
(b) féadfaidh na coimisinéirí agra a dhéanamh agus féadfar agra a dhéanamh ina gcoinne faoina n-ainm corpraithe agus féadfaid talamh a shealbhú agus a dhiúiscairt chun críocha a gcumhacht agus a ndualgas;
(c) beidh gnáthshéala ag na coimisinéirí ar a dtabharfar aird bhreithiúnach;
(d) an mhaoin uile a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, dílsithe i nduine ar bith nó á teachtadh ar iontaobhas aige chun críocha na gcoimisinéirí, tiocfaidh sí chun bheith, agus beidh sí, dílsithe sna coimisinéirí gan aon tíolacas ná sannadh;
(e) má déantar am ar bith ordú faoi alt 76 d'Acht 1946 ag athrú ainm an bhaile, beidh ainm na gcoimisinéirí arna athrú dá réir sin amhail ó dháta an orduithe sin a theacht i ngníomh.
Cúlghairm ar ordú a thoirmisceas teaghais sealadacha.
66.—(1) Féadfar ordú a rinne údarás sláintíochta faoi alt 31 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1948 (Uimh. 3 de 1948), a chúlghairm—
(a) más ordú é a tháinig i bhfeidhm de bhun míre (a) d'fho-alt (8) den alt sin—trí ordú a dhéanfas an t-údarás le toiliú an Aire nó trí ordú a dhéanfas an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás, agus
(b) in aon chás eile—trí ordú a dhéanfas an t-údarás le toiliú an Aire.
(2) Is feidhm fhorcoimeádta ordú a dhéanamh faoin alt seo ag údarás sláintíochta.
Costais taistil, etc.
67.—(1) Beidh éifeacht ag alt 80 d'Acht 1941 agus ag alt 67 d'Acht 1946, agus ag na hailt sin mar bheirtear feidhm dóibh le halt 8 den Acht Leabharlanna Poiblí, 1947 (Uimh. 40 de 1947), faoi réir na leasuithe seo a leanas:—
(a) déanfar gach tagairt d'áit chónaithe oifigiúil dhuine d'fhorléiriú mar thagairt dá ghnáth-áit chónaithe,
(b) soriosfar fo-alt (6) den alt sin 80,
(c) cuirfear “míle” i bhfo-alt (7) den alt sin 67 in ionad “trí mhíle”,
(d) cuirfear na míreanna seo a leanas le fo-alt (7) den alt sin 67:
“Más rud é—
(i) go ndéanfaidh comhalta de chomhairle chontae nó de chomhbhord ospidéil mheabhair-ghalar cruinniú den chomhairle nó den bhord a fhreastal in áit is gaire ná cúig mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil agus go mbeidh air, mar gheall ar an bhfreastal sin, bheith as baile ar feadh trí huaire an chloig as a chéile ar a laghad, agus
(ii) go mbeidh rún ón gcomhairle nó ón mbord i bhfeidhm de thuras na huaire á chinneadh go bhfuil feidhm le bheith ag an mír seo maidir leis an gcomhairle nó leis an mbord,
íocfaidh an chomhairle nó an bord leis an gcomhalta maidir leis an gcruinniú liúntas uileghabhálach (nach mó ná suim a bheas sonraithe leis na rialacha ordaithe) i leith costas taistil agus cothuithe agus, i gcás ina mbeadh, lasmuigh den mhír seo, liúntas iníoctha faoin gcéad mhír den fho-alt seo, is liúntas in ionad an liúntais sin a bheas ann agus ní liúntas ina theannta.
Féadfar rún faoin dara mír den fho-alt seo a chúlghairm tráth ar bith le rún eile ón gcomhairlc nó ón mbord a bheas i gceist.
Is feidhm fhorcoimeádta rún a rith faoin dara mír nó faoin tríú mír den fho-alt seo.”
(2) Gach comhalta de chomhlucht lena mbaineann na hailt sin nó lena mbaineann na hailt sin mar bheirtear feidhm dóibh mar adúradh, déanfaidh sé, díreach tar éis dó teacht chun bheith ina chomhalta den tsórt sin, an seoladh ag a bhfuil gnáth-chónaí air a chur in iúl i scríbhinn don chomhlucht agus cuirfidh sé in iúl freisin aon athrú dá éis sin ar a sheoladh.
Tóranta ceantar cúnaimh phoiblí áirithe d'athrú.
68.—(1) Leasaítear leis seo alt 7 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—
“(4) D'ainncoin aon fhorála eile den Acht seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Shláinte, tóranta Ceantair Chúnaimh Phoiblí Bhaile Atha Cliath, Ceantair Chúnaimh Phoiblí Ráth Dúin nó Ceantair Chúnaimh Phoiblí Bhaile an Ridire d'athrú, le hordú, agus déanfaidh an t-ordú pé athruithe iarmartacha is iomchuí leis an Aire ar thóranta aon cheantair cúnaimh phoiblí atá i dtadhall le haon cheann acu sin.
(5) Má bheartaíonn an tAire ordú a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo—
(a) bhéarfaidh sé ráiteas ar a thograí lena bhreithniú, i rith tréimhse a shonrós an tAire, ag comhairle chontae Bhaile Átha Cliath agus breithneoidh sé aon tuairimí a bhéarfas an chomhairle sin ar an ráiteas i rith na tréimhse sin, agus
(b) bhéarfaidh sé ráiteas ar a thograí lena bhreithniú, i rith tréimhse a shonrós an tAire, ag bardas Bhaile Atha Cliath agus breithneoidh sé aon tuairimí a bhéarfas an bardas sin ar an ráiteas i rith na tréimhse sin.”
(2) I gcás ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (5) d'alt 7 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, is feidhm fhorcoimeádta tuairimí a thabhairt air.
Airgead a sholáthar d'údaráis chúnaimh phoiblí áirithe.
69.—Leasaítear leis seo alt 53 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), trí “nó comhdhéanta de chuid de chontae-bhuirg agus de chuid de chontae” a chur isteach i ndiaidh “Má bhíonn ceanntar conganta phuiblí có-dhéanta de chontae-bhuirg agus de chontae nó cuid de chontae”.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Achtacháin a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
10 & 11 Vic., c. 16. | Commissioners Clauses Act, 1847. | Alt 96. |
17 & 18 Vic., c. 103. | Towns Improvement (Ire- land) Act, 1854. | Alt 94. |
18 & 19 Vic., c. 40. | Public Libraries Act (Ireland) 1855. | Alt 7. |
26 & 27 Vic., c. xiv. | Dungarvan Harbour, Marlets and Improvement Act, 1863. | Ailt 23 go 31. |
41 & 42 Vic., c. 52. | Public Health (Ireland) Act, 1878. | Na focail “not being more than threepence for each separate entry of death” in alt 191; fo-alt (3) d'alt 238. |
59 & 60 Vic., c. 11. | Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1896. | Gach focal i bhfo-alt (1) d'alt 1 ó “and if such town commissioners” go dtí deireadh an fho-ailt; fo-alt (2) d'alt 1. |
61 & 62 Vic., c. 37. | Local Government (Ireland) Act, 1898. | Fo-ailt (7) agus (8) d'alt 51; alt 71. |
Local Government (Application of Enactments) Order, 1898. | Mír (xiv) d'fho-airteagal (10) d'Airteagal 36 den Sceideal. | |
2 Edw. VII, c. 38. | Local Government (Ireland) Act, 1902. | Alt 4. |
8 Edw. VII, c. 38. | Irish Universities Act, 1908. | Gach focal i bhfo-alt (2) d'alt 10 ó na focail “Any expenses” go dtí deireadh an fho-ailt. |
9 Edw. VII, c. 37. | Motor Car (International Circulation) Act, 1909. | An tAcht iomlán. |
11 & 12 Geo. V, c. 67. | Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921. | Alt 3. |
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1925. | Alt 29. | |
An tAcht chun Talamh a Thógaint (Plásáin), 1926. | Fo-alt (3) d'alt 2. | |
Na focail “agus gach duine a ceapfar amhlaidh beidh sé i seilbh oifige go dtí go gceapfar duine chun na hoifige sin fé fhorálacha an Achta so (lasmuigh den bhfo-alt so)” in alt 5. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930. | Na focail “agus lena vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de bhaill na Comhairle” i bhfo-alt (1) d'alt 76. | |
Fo-alt (2) d'alt 43. | ||
Na focail “lena vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de bhaill na Comhairle” i bhfo-alt (1) d'alt 34. | ||
Acht na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéithcacha), 1936. | Alt 11. | |
Na focail “lena vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de bhaill na Comhairle” i bhfo-alt (1) d'alt 32. | ||
Na focail “go mbeidh dhá dtrian ar a laghad de bhaill na Comhairle tar éis vótáil i bhfábhar é rith” i bhfo-alt (1) d'alt 23. | ||
Ailt 12, 22, 26 agus 30; fo-alt (6) d'alt 60; mír (c) d'alt 63; ailt 64 agus 65. | ||
An tAcht Údarás Áitiúla (Bronntais a Ghlacadh), 1945. | Alt 5. | |
Ailt 33, 36, 39 agus 42. | ||
Mír (g) d'fho-alt (1) d'alt 43. |
AN DARA SCEIDEAL.
Na Fo-ailt dá dtagartar in Alt 24 den Acht seo.
Cuid I.
“(5) (a) I gcás dearbhú a dhéanamh faoin alt seo roimh an 7ú lá d'Iúil. 1954. ní bheidh éifeacht ag an dearbhú ach amháin maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí i dteideal aoisliúntais nó a bhféadfar sin a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige agus déanfar, maidir leis an dearbhú, fo-alt (3) den alt seo d'fhorléiriú dá réir sin.
(b) I gcás dearbhú a dhéanamh faoin alt seo an 7ú lá d'Iúil, 1954, nó dá éis—
(I) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(i) ní bheidh éifeacht ag an dearbhú ach amháin—
(A) maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí i dteideal aoisliúntais nó a bhféadfar sin a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige, agus
(B) maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí' má fhanann sé i seilbh oifige go dtí go slánóidh sé aois áirithe is mó ná an aois shonraithe a bheas sa dearbhú, agus nach mbeidh go dtí sin, i dteideal aoisliúntas d'fháil nó i gcumas é a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige,
(ii) beidh éifeacht ag an tagairt sa dearbhú don aois shonraithe sin i gcás sealbhóra a sonraítear i gclásal (B) den fho-mhír sin roimhe seo amhail is dá mba thagairt í don aois áirithe dá dtagartar sa chlásal sin,
agus déanfar, maidir leis an dearbhú, fo-alt (3) den alt seo d'fhorléiriú dá réir sin,
(II) féadfaidh feidhm a bheith ag an dearbhú maidir leis na hoifigí uile arb é Aire an dearbhuithe a dhéanamh an tAire oiriúnach ina leith nó maidir leis na cinn sin díobh a bhaineas le haicme, tuairisc nó grád áirithe nó maidir le ceann nó cinn áirithe díobh d'ainneoin aon fhorála eile a rinneadh le reacht nó faoi reacht maidir le sealbhú na n-oifigí sin, oifigí den aicme. den tuairisc nó den ghrád sin nó na hoifige áirithe nó na n-oifigí áirithe sin (lena n-áirítear go sonrach, foráil i dtaobh oifig a shealbhú go héag, go héirí as nó go cur as oifig), agus in aon chás den tsórt sin beidh éifeacht ag an dearbhú agus ag an alt seo d'ainneoin na forála eile sin.
(c) Féadfar dearbhú faoin alt seo a chumadh agus éifeacht an fho-ailt seo á lua ann nó gan í á lua ann.”
Cuid II.
“(5) (a) I gcás dearbhú a dhéanamh faoin alt seo roimh an 7ú lá d'Iúil, 1954, ní bheidh éifeacht ag an dearbhú ach amháin maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí i dteideal aoisliúntais nó a bhféadfar sin a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige agus déanfar, maidir leis an dearbhú, fo-alt (3) den alt seo d'fhorléiriú dá réir sin.
(b) I gcás dearbhú a dhéanamh faoin alt seo an 7ú lá d'Iúil, 1954, nó dá éis—
(I) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(i) ní bheidh éifeacht ag an dearbhú ach amháin—
(A) maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí i dteideal aoisliúntais nó a bhféadfar sin a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige, agus
(B) maidir le sealbhóir a bheas do réir dlí, má fhanann sé i seilbh oifige go dtí go slánóidh sé aois áirithe is mó ná an aois shonraithe a bheas sa dearbhú, agus nach mbeidh go dtí sin, i dteideal aoisliúntais d'fháil nó i gcumas é a dheonadh dhó ar é d'éirí as oifig nó a scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige,
(ii) beidh éifeacht ag an tagairt sa dearbhú don aois shonraithe sin i gcás sealbhóra a sonraítear i gclásal (B) den fho-mhír sin roimhe seo amhail is dá mba thagairt í don aois áirithe dá dtagartar sa chlásal sin,
agus déanfar, maidir leis an dearbhú, fo-alt (3) den alt seo d'fhorléiriú dá réir sin,
(II) féadfaidh feidhm a bheith ag an dearbhú maidir leis na hoifigí uile arb é Aire an dearbhuithe a dhéanamh an tAire oiriúnach ina leith nó maidir leis na cinn díobh sin a bhaineas le haicme, tuairisc nó grád áirithe nó maidir le ceann nó cinn áirithe díobh sin d'ainneoin aon fhorála eile a rinneadh le reacht nó faoi reacht maidir le sealbhú na n-oifigí sin, oifigí den aicme, den tuairisc nó den ghrád sin nó na hoifige áirithe nó na n-oifigí áirithe sin (lena n-áirítear, go sonrach, foráil i dtaobh oifig a shealbhú go héag, go héirí as nó go cur as oifig) agus in aon chás den tsórt sin beidh éifeacht ag an dearbhú agus ag an alt seo d'ainneoin na forála eile sin.
(c) Féadfar dearbhú faoin alt seo a chumadh agus éifeacht an fho-ailt seo á lua ann nó gan í á lua ann.”