Uimhir 27 de 1930.
ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1930.
ROIMHRAITEACH.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire;
cialluíonn an abairt “an Chathair” maidir le haon am no tréimhse no le héinní déanfar no bheidh le déanamh no le ní thuitfidh amach roimh an lá ceaptha, an tSeana-Chathair agus cialluíonn sí, maidir leis an lá ceaptha no le haon am no tréimhse tar éis an lae cheaptha no le héinní déanfar no bheidh le déanamh no le ní thuitfidh amach an lá ceaptha no dá éis sin, contae bhuirg Bhaile Atha Cliath ar n-a leathnú de thurus na huaire leis an Acht so no fé;
cialluíonn an abairt “an tSeana-Chathair” contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath mar do bhí díreach roimh an Acht so do rith;
cialluíonn an abairt “an Bhuirg” buirg Dhún Laoghaire a bunuítear leis an Acht so;
cialluíonn na habairtí “an Chontae” agus “an Chomhairle Chontae” fé seach contae riaracháin Bhaile Atha Cliath agus comhairle na contae sin;
cialluíonn an abairt “Bárdas na Cathrach” Tiarna Méara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;
cialluíonn an abairt “Bárdas na Buirge” Bárdas Dhún Laoghaire;
foluíonn an abairt “an Bárdas” Bárdas na Cathrach agus Bárdas na Buirge ach léireofar í mar thagairt do sna Bárdaisí sin ar deighilt o n-a chéile no fé seach agus ní hi dteanta a chéile;
cialluíonn an abairt “Comhairle na Cathrach” an chomhairle a bunuítear don Chathair leis an Acht so;
cialluíonn an abairt “Comhairle na Buirge” an chomhairle bunuítear don Bhuirg leis an Acht so;
foluíonn an abairt “an Chomhairle” Comhairle na Cathrach agus Comhairle na Buirge ach léireofar í mar thagairt do sna Comhairlí sin ar deighilt o n-a chéile no fé seach agus ní hi dteanta a chéile;
cialluíonn an abairt “Bainisteoir na Cathrach” Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath ar n-a cheapa leis an Acht so no fé;
cialluíonn an abairt “Bainisteoir na Buirge” Bainisteoir Buirge agus Baile-Chléireach Dhún Laoghaire ar n-a cheapa fén Acht so;
foluíonn an abairt “an Bainisteoir” Bainisteoir na Cathrach agus Bainisteoir na Buirge ach léireofar í mar thagairt do sna Bainisteoirí sin ar deighilt o n-a chéile no fé seach agus ní hi dteanta a chéile;
cialluíonn an abairt “an Tiarna Méara” Tiarna Méara Bhaile Atha Cliath;
cialluíonn an abairt “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Chomhairle na Buirge;
cialluíonn an abairt “an ciste cathardha,” maidir leis an gCathair, an ciste as a n-íocfar costaisí agus caithteachaisí Bhárdais na Cathrach fén Acht so agus cialluíonn sí, maidir leis an mBuirg, an ciste as a n-íocfar costaisí agus caitheachaisí Bhárdais na Buirge fén Acht so;
cialluíonn an abairt “an ráta cathardha,” maidir leis an gCathair, an ráta chruinneoidh Bárdas na Cathrach fén Acht so agus cialluíonn sí, maidir leis an mBuirg, an ráta chruinneoidh Bárdas na Buirge fén Acht so, chun slánú do dhéanamh, i ngach cás acu san, ar aon easnamh sa chiste chathardha;
cialluíonn an abairt “toghachán cathrach” toghachán cinn trí mblian do bhaill de Chomhairle na Cathrach a comórfar fén Acht so;
cialluíonn an abairt “toghachán buirge” toghachán cinn trí mblian do bhaill de Chomhairle na Buirge comórfar fén Acht so;
cialluíonn an abairt “lá an toghacháin” an lá a hordófar fén Acht so chun an chéad thoghachán cathrach, an chéad thoghachán buirge, agus an chéad thoghachán do bhaill den Chomhairle Chontae, tar éis an Achta so do rith, do chomóra;
cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá a hordófar fén Acht so chun bheith ina lá cheaptha;
cialluíonn an abairt “na bailecheanntair chó-cheangailte” bailecheanntar Phembróc agus bailecheanntar Ráth Maonas agus Ráth Garbh;
cialluíonn agus foluíonn an abairt “na bailecheanntair chósta” bailecheanntar Dhún Laoghaire, bailecheanntar na Carraige Duibhe, bailecheanntar Dheilginse, agus bailecheanntar Chill Inghean Léinín agus Bhaile Bhric;
cialluíonn agus foluíonn an abairt “na cóluchtaí díochurtha” na cóluchtaí seo leanas, sé sin le rá:—
comhairlí fé seach na mbailecheanntar gcó-cheangailte uile agus fé seach;
comhairlí fé seach na mbailecheanntar cósta uile agus fé seach;
Có-Bhord Ospidéil Ráth Maonas agus Phembróc;
Bord Prímh-Dhréineála Ráth Maonas agus Phembróc;
Bord Prímh-Dhréineála na Carraige Duibhe agus Dhún Laoghaire;
na daoine bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ag cólíona dualgaisí Chomhairle Bhailecheanntair Dheilginse;
cialluíonn an abairt “an tuath-líomatáiste có-cheangailte” an líomatáiste atá có-dhéanta de sna bailte fearainn, de sna coda de bhailte fearainn, agus de thalamh eile tuairiscítear sa Chéad Sceideal a gabhann leis an Acht so agus a míneofar níos cruinne sna mapaí dhíobh a hullamhófar fén Acht so;
cialluíonn an abairt “Acht 1925” an tAcht Rialtais Áitiúla, 1925, (Uimh. 5 de 1925);
cialluíonn an abairt “Acht 1927” an tAcht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927);
cialluíonn an abairt “an Bord Sláinte” an bord sláinte puiblí bunófar don Chontae do réir Achta 1925 mar a cuirtear i mbaint leis an gContae é leis an Acht so.
CUID I.
Liomataisti Riarachain d'Ath-cho-ghleasa.
Bailecheanntair áirithe do chur leis an gcathair.
2.—(1) Ar an lá ceaptha déanfar comhairlí fé seach na mbailecheanntar gcó-cheangailte uile agus fé seach agus fós Có-Bhord Ospidéil Ráth Maonas agus Phembróc agus Bord Prímh-Dhréineála Ráth Maonas agus Phembróc do scur agus beidh deire leo agus leis sin tiocfaidh Bárdas na Cathrach chun bheith agus beidh sé ina chomharba do sna cóluchtaí sin fé seach, agus dá réir sin déanfar tagairtí san Acht so do chomharba na gcólucht san no aon chóluchta acu do léiriú mar thagairtí do Bhárdas na Cathrach.
(2) Ar an lá ceaptha déanfar líomatáistí fé seach na mbailecheanntar gcó-cheangailte uile agus fé seach do scara ón gcontae agus o dhlighinse agus o chomhachta na Comhairle Contae agus do chur leis an Seana-Chathair agus as san amach beidh na líomatáistí sin laistigh den chathair agus ina gcuid di chun gach críche agus leathnófar teora na cathrach dá réir sin.
Buirg Dhún Laoghaire do bhunú.
3.—(1) Ar an lá ceaptha déanfar comhairlí fé seach na mbailecheanntar cósta uile agus fé seach agus fós Bord Prímh-Dhréineála na Carraige Duibhe agus Dhún Laoghaire do scur agus beidh deire leo agus leis sin tiocfaidh Bárdas na Buirge chun bheith agus beidh sé ina chomharba do sna cóluchtaí sin fé seach, agus dá réir sin déanfar tagairtí san Acht so do chomharba na gcólucht san no aon chóluchta acu do léiriú mar thagairtí do Bhárdas na Buirge.
(2) An tOrdú um Chomhairle Bhailecheanntair Dheilginse (Scur), 1930, le n-ar scuireadh Comhairle Bhailecheanntair Dheilginse fé alt 72 d'Acht 1925, fanfa sé i bhfeidhm go dtí an lá ceaptha agus ansan scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige, agus leis sin beidh an Chomhairle sin, agus as san amach leanfa sí de bheith, scurtha de bhua an fho-ailt sin roimhe seo den alt so agus tiocfaidh Bárdas na Buirge chun bheith agus beidh sé ina chomharba do sna daoine bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ag cólíona dualgaisí na Comhairle sin.
(3) Ar an lá ceaptha tiocfaidh líomatáistí fé seach na mbailecheanntar cósta uile agus fé seach chun bheith agus, as san amach, beid le chéile ina mbuirg chathardha fén ainm “Buirg Dhún Laoghaire,” is cuid den chontae.
(4) Ar an lá ceaptha tiocfaidh áititheoirí na buirge agus a gcomharbaí chun bheith agus beid ina n-aon chólucht amháin, polaiticeach agus corparáideach, fén ainm “Bárdas Dhún Laoghaire,” go síor-chomharbas agus go gcó-shéala.
(5) Beidh ag Bárdas na Buirge an chomhacht, an t-údarás, na saoirsí agus na príbhléidí bhíonn do ghnáth dílsithe do réir dlí i mbárdas buirge cathardha, agus bainfidh an Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840, agus Acht ar bith le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear feidhm an Achta san no bhaineann le bárdaisí cathardha ar aon tslí eile, bainfid leis an mBuirg agus le Bárdas na Buirge.
(6) An dlí atá i bhfeidhm i dtaobh comhairlí buirgí le linn an Achta so do rith bainfe sí le Bárdas na Buirge sa mhéid ná fuil sí bun os cionn leis an Acht so agus chuige sin tuigfear gur comhairle bhuirge Bárdas na Buirge.
(7) Chun crícheanna na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, mar a leasuítear iad leis na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 agus 1927, agus chun crícheanna na Local Government (Ireland) Acts, 1898 to 1919, mar a leasuítear iad sa tslí chéanna, beidh an Bhuirg ina bailecheanntar agus fós ina ceanntar sláintíochta baile agus isé Bárdas na Buirge bheidh mar údarás shláintíochta don cheanntar shláintíochta bhaile sin.
Maoin chóluchtaí díochurtha d'aistriú.
4.—(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe in aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha no dá chuid féin aige no i seilbh ar iontaoibh do agus gach ceart, comhacht, agus príbhléid a bhaineann no a ghabhann le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, dílsithe i gcomharba an chóluchta dhíochurtha san no dá chuid féin aige no i seilbh ar iontaoibh do (pe'ca aca is gá sa chás), gan leithliú ná sanna ar bith do dhéanamh ortha ach go ndéanfar, i gcás in ar gá é, iad d'aistriú i leabhair aon bhainc, corporáide, no cuideachtan, agus san chun an estáit, an téarma, no an leasa uile chun a rabhdar, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa chólucht díochurtha san no dá chuid féin aige no i seilbh ar iontaoibh do, ach fé réir gach iontaobhais agus cothruim a dheineann deifir do sna nithe sin agus a bheidh ann, agus is féidir do chólíona, an uair sin.
(2) Gach maoin a haistrítear leis an alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, curtha síos i leabhair aon bhainc no cláruithe i leabhair aon bhainc, corparáide, no cuideachtan in ainm aon chinn de sna cóluchtaí díochurtha, déanfaidh an banc, an chorparáid, no an chuideachta san, ar a iarraidh sin do chomharba an chóluchta dhíochurtha san ar an lá ceaptha no aon uair dá éis sin, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an chomharba san.
(3) Gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so o chólucht díochurtha chun comharba an chóluchta dhíochurtha san, féadfaidh an comharba san, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no do chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don chomharba san fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.
Fiachaisí cóluchtaí díochurtha d'aistriú.
5.—(1) Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirítear stoc agus fiacha morgáiste agus ar a n-áirítear fós fiachaisí neashocruithe tháinig as tort no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha no fé n-a ndeaghaidh sé agus a bheidh gan íoc no gan glana aige, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachaisí ar chomharba an chóluchta dhíochurtha san agus déanfaidh an comharba san iad d'íoc no do ghlana agus féadfar a mbaint de no a gcur i bhfeidhm ina aghaidh dá réir sin.
(2) Na fiacha go léir go n-aistrítear a bhfiachas leis an alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ina muirear ar ráta is inghearrtha ag aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha no ar ioncum no ar aon chuid d'ioncum an chéanna, beid, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, ina muirear ar chiste chathardha agus ar ráta chathardha chomharba an chóluchta dhíochurtha san fé mar do bhíodar ina muirear roimhe sin ar an ráta san dob inghearrtha ag an gcólucht díochurtha san no ar ioncum no ar chuid d'ioncum an chóluchta dhíochurtha san.
(3) Ní bheidh ordú íocaíochta ar bith do thug cólucht díochurtha amach agus nár tíolacadh chun a íoctha roimh an lá ceaptha, ná údarás ar bith do thug an cólucht díochurtha san uaidh chun suime an orduithe íocaíochta san d'íoc, nea-dhleathach de dhruim an chóluchta dhíochurtha san do dhíochur ná ní dhéanfaidh an díochur san deifir do, agus déanfaidh comharba an chóluchta dhíochurtha san socrú chun go n-íocfar suim gach orduithe íocaíochta den tsórt san, ar a thíolaca go cuibhe laistigh d'aimsir réasúnta tar éis an lae cheaptha.
Comhachta speisialta cóluchtaí díochurtha d'aistriú.
6.—(1) Gach comhacht, ceart, príbhléid, agus údarás do bronnadh ar aon cheann no do dílsíodh in aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha, ina aonar no i dteanta cóluchta dhíochurtha eile no aon chóluchta eile, le haon reacht no fé, no le connra, le có-aontú, no le ceadúnas (agus nách comhacht, ceart, príbhléid, ná údarás d'eirigh fé dhlí reachtúil ghenerálta ná fé dhlí eile de dhruim an chóluchta dhíochurtha san do bheith ina chólucht chorparáideach no ina chomhairle bhailecheanntair no ina údarás shláintíochta agus dá dhruim sin amháin) agus a bheidh ann díreach roimh an lá ceaptha tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, aistrithe chun comharba an chóluchta dhíochurtha san agus dílsithe ann agus as san amach beid infheidhmithe ag an gcomharba san dá réir sin, ina aonar no i dteanta cóluchta eile, pe'ca aca is gá sa chás.
(2) I gcás gach cinn fé leith de dhá chólucht díochurtha no níos mó go n-aon chomharba amháin do bheith, díreach roimh an lá ceaptha, i seilbh comhachta, cirt, príbhléide, no údaráis maidir leis an éinní amháin agus comhachta, cirt, príbhléidí, no údaráis sin na gcólucht díochurtha san uile d'aistriú leis an alt so chun an chomharba san, ansan, má bhí na comhachta, na cirt, na príbhléidí, no na húdaráis sin infheidhmithe ag na cóluchta díochurtha san le chéile, is le chéile bheid ag an gcomharba san agus déanfaidh aon chomhacht, aon cheart, aon phríbhléid, no aon údarás amháin díobh, ach, má bhí na comhachta, na cirt, na príbhléidí, no na húdaráis sin infheidhmithe ag na cóluchtaí díochurtha san ar deighilt agus ar leithligh óna chéile, is go hiolartha bheid ag an gcomharba san agus is mar chomhachta, mar chirt, mar phríbh léidí, no mar údaráis ar leithligh óna chéile a bheid infheidhmithe ag an gcomharba san.
Connartha leanúnacha do chimeád i bhfeidhm.
7.—Gach banna, urraíocht, no urrús eile de shaghas leanúnach do rinne no do thug aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha do dhuine eile no do rinne no do thug duine ar bith d'aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha agus gach connra no có-aontú do rinneadh i scríbhinn idir aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus críochnuithe go hiomlán roimh an lá ceaptha, leanfaid i bhfeidhm ar an lá ceaptha agus dá éis sin d'ainneoin díochurtha an chóluchta dhíochurtha san ach léireofar iad agus beidh éifeacht acu fé is dá gcuirtí ainm chomharba an chóluchta dhíochurtha san ionta in ionad ainme an chóluchta dhíochurtha san, agus beidh an t-urrús, an connra, no an có-aontú san infheidhmithe ag an gcomharba san no ina aghaidh dá réir sin.
Fo-dhlithe, etc., do chimeád i bhfeidhm.
8.—(1) Gach fo-dhlí, riail, agus rialachán do rinne aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha go dleathach agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha leanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, an lá san agus dá éis sin agus sa mhéid ná beidh sé bun os cionn leis an Acht so, mar fho-dhlí, mar riail, no mar rialachán (pe'ca aca é) do dhéanfadh comharba an chóluchta dhíochurtha san, ar an lá ceaptha, i gcóir a mbeidh gan caitheamh an uair sin den tréimhse gur ina chóir, agus i dtaobh an líoma táiste gur ina thaobh, do rinne an cólucht díochurtha san an fhodhlí, an riail, no an rialachán san, agus dá réir sin féadfaidh an comharba san gach fo-dhlí, riail, agus rialachán den tsórt san do chimeád i bhfeidhm, d'atharú, no do cheiliúra agus pionóisí agus geallbhruid thiocfaidh dá ndruim ar an lá ceaptha no dá éis sin do bhaint amach agus do chur i bhfeidhm sa tslí chéanna ina bhféadfadh, agus chó hiomlán is d'fhéadfadh, an cólucht díochurtha san iad do chimeád i bhfeidhm, d'atharú, do cheiliúra, do bhaint amach, no do chur i bhfeidhm dá mba ná rithfí an tAcht so.
(2) Ní bhainfidh fo-dhlí, riail, ná rialachán ar bith dá mbeidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha sa tSeana-Chathair le líomatáiste bailecheanntair chó-cheangailte de bhua an líomatáiste sin do chur leis an gCathair tríd an Acht so agus dá bhua san amháin, ach féadfaidh Comhairle na Cathrach le rún, uair ar bith, aon fho-dhlí, riail no rialachán den tsórt san do chur i mbaint le líomatáiste aon chinn de sna bailecheanntair chó-cheangailte no le líomatáiste an dá cheann, agus, nuair a déanfar aon chur-imbaint den tsórt san amhlaidh, scuirfidh aon fho-dhlí, riail, no rialachán a cimeádtar i bhfeidhm sa líomatáiste sin leis an alt so agus a bheidh bun os cionn leis an bhfo-dhlí, leis an riail, no leis an rialachán do cuireadh i mbaint amhlaidh, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige sa líomatáiste sin.
Rúin, etc., do chimeád i bhfeidhm.
9.—Gach rún do ritheadh, gach ordú do rinneadh, agus gach fógra do seirbheáladh ag aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha roimh an lá ceaptha agus go mbeidh a oibriú, a éifeacht, no a théarma gan bheith caithte roimh an lá san, leanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, ar an lá ceaptha agus dá éis sin agus sa mhéid ná beidh sé bun os cionn leis an Acht so, fé is dá mba rún é rithfí no ordú déanfaí no fógra seirbheálfaí ag comharba an chóluchta dhíochurtha san ar an dáta ar ar rith no ar a ndearna no ar ar sheirbheail an cólucht díochurtha san é agus fé is dá mbeadh an comharba san ina chomharba don chólucht dhíochurtha san cheana féin ar an dáta deiridh sin a luaidhtear.
Imeachta dlí ar feitheamh do chimeád ar siúl.
10.—I ngach aicsean, agra, cúiseamh no imeacht eile bheidh ar feitheamh ar an lá ceaptha in aon chúirt no bínse agus dar páirtí cólucht díochurtha, tiocfaidh comharba an chóluchta dhíochurtha san chun bheith agus beidh sé ina pháirtí in ionad an chóluchta dhíochurtha san ar an lá ceaptha agus leanfar den imeacht san idir an comharba san agus na páirtithe eile dho dá réir sin, agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt san ar lár ná ní heireofar aisti ná ní déanfar dochar di de dhruim an chóluchta dhíochurtha san do scur.
Rátaí bheidh dlite no ag teacht dlite ag cóluchtaí díochurtha do bhailiú.
11.—(1) Gach ráta bheidh dlite ag cólucht díochurtha ar bith agus iníoctha leis díreach roimh an lá ceaptha beidh sé dlite ag comharba an chóluchta dhíochurtha san agus iníoctha leis ar an lá ceaptha agus dá éis sin agus féadfaidh seisean no féadfar thar a cheann é do bhailiú agus do bhaint amach fé mar fhéadfadh an cólucht díochurtha san no mar fhéadfaí thar a cheann é do bhailiú no do bhaint amach dá mba ná scuirfí an cólucht san.
(2) Gach ráta bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ag teacht dlite ag cólucht díochurtha ar bith tiocfa sé dlite, agus tuigfear go raibh sé riamh ag teacht dlite, ag comharba an chóluchta san ar an lá ceaptha agus dá éis sin agus nuair a thiocfaidh aon ráta den tsórt san chun bheith dlite agus iníoctha beidh sé dlite ag an gcomharba san agus iníoctha leis agus féadfaidh seisean no féadfar thar a cheann é do bhailiú agus do bhaint amach fé mar fhéadfadh an cólucht díochurtha san no mar fhéadfaí thar a cheann é do bhailiú no do bhaint amach dá mba ná scuirfí an cólucht san.
(3) Gach ráta-bhailitheoir do chomhairle bhailecheanntair chócheangailte no bhailecheanntair chósta bheidh in oifig mar rátabhailitheoir den tsórt san díreach roimh an lá ceaptha, déanfa sé, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, mara n-orduighidh no go dtí go n-ordóidh comharba na comhairle sin a mhalairt, gach ráta do bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ag an gcomhairle sin agus iníoctha léi no ag teacht dlite aici agus gur cuireadh cúram a bhailithe air do bhailiú agus do bhaint amach thar ceann an chomharba san.
Leabhair chóluchtaí díochurtha do ghlaca i bhfianaise.
12.—(1) Gach leabhar agus scríbhinn eile a horduítear no a húdaruítear d'aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha, le haon reacht no fé, do chimeád agus do bheadh ionghlactha i bhfianaise díreach roimh an lá ceaptha déanfar, d'ainneoin an chóluchta dhíochurtha san do scur, iad do ghlaca i bhfianaise tar éis an lae cheaptha chó hiomlán is dá mba ná rithfí an tAcht so.
(2) Pé uair a bheadh sliocht as na nithe bheidh no deimhniú ar na nithe bheidh in aon leabhar no scríbhinn eile, a horduítear no a húdaruítear d'aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha le haon reacht no fé do chimeád, ionghlactha mar fhianaise ar na nithe sin díreach roimh an lá ceaptha ach an tsliocht no an deimhniú san do bheith fíoruithe ar shlí áirithe ag oifigeach áirithe don chólucht dhíochurtha san, déanfar sliocht as na nithe bheidh no deimhniú ar na nithe bheidh sa leabhar no sa scríbhinn sin, ach san do bheith fíoruithe ar an slí áirithe sin ag an oifigeach do chomharba an chóluchta dhíochurtha san a bheidh ar có-réir leis an oifigeach áirithe sin, do ghlaca ar an lá ceaptha agus dá éis sin mar fhianaise ar na nithe sin sa mhéid go ndéanfaí an tsliocht no an deimhniú san do céad-luadhadh do ghlaca amhlaidh dá mba ná rithfí an tAcht so.
Cuntaisí cóluchtaí díochurtha d'iniúcha.
13.—(1) Déanfar na cuntaisí ar fháltaisí agus ar chaithteachas uile na gcóluchtaí díochurtha uile agus fé seach agus a gcoistí sin agus oifigeacha fé seach na gcólucht agus na gcoistí sin go dtí an lá ceaptha d'iniúcha chó luath agus bheidh san caothúil tar éis an lae sin agus déanfar, bainfear amach agus cuirfear i bhfeidhm nea-lomhála, formhuirir, muirir agus pionóisí maidir leis na cuntaisí, leis na fáltaisí agus leis an gcaitheachas san sa tslí céanna sa mhéid is féidir é ina ndéanfaí amhlaidh dá mba ná rithfí an tAcht so.
(2) Gach oifigeach d'aon chólucht de sna cóluchtaí díochurtha, no d'aon choiste den chólucht san, dar dualgas aon chuntaisí ar fháltaisí no ar chaithteachas an chóluchta dhíochurtha san do dhéanamh suas no cuntas do thabhairt ar aon chuid díobh agus fós gach ball d'aon chólucht díochurtha no coiste den tsórt san, tuigfear, chun na gcrícheanna bhaineann le cuntaisí na bhfáltas agus an chaithteachais sin go dtí an lá ceaptha d'iniúcha, iad do bheith in oifig go dtí go mbeidh an t-iniúcha san críochnuithe agus go dtí san beidh ortha na dualgaisí céanna do chólíona, na cuntaisí céanna do thabhairt uatha agus an fhreagarthacht chéanna do ghlaca do bheadh ortha do chólíona, do thabhairt uatha agus do ghlaca dá mba ná rithfí an tAcht so.
Oifigigh chóluchtaí díochurtha.
14.—(1) Gach duine is oifigeach do chólucht dhíochurtha, an lá roimh an lá ceaptha, aistreofar é chun seirbhíse comharba an chóluchta dhíochurtha san ar an lá ceaptha agus tiocfa sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach don chomharba san.
(2) Gach duine is oifigeach do choiste chóluchta dhíochurtha díreach roimh an lá ceaptha, tuigfear, chun crícheanna an Achta so agus go sonnrách chun crícheanna an ailt seo, gur oifigeach don chólucht dhíochurtha san é.
Connartha seirbhíse le cóluchtaí díochurtha do chimeád i bhfeidhm.
15.—Gach connra seirbhíse is connra soiléir no iontuigthe, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha idir cólucht díochurtha agus duine ar bith nách oifigeach don chólucht díochurtha san leanfa sé i bhfeidhm ar an lá ceaptha agus dá éis sin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí comharba an chóluchta dhíochurtha san ann in ionad an chóluchta dhíochurtha san, agus beidh gach connra den tsórt san infheidhmithe ag an gcomharba san no ina aghaidh dá réir sin.
Muirir chontae d'aistriú o bhailecheanntair chósta chun na Buirge.
16.—(1) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus dá éis sin is ar líomatáiste na Buirge cuirfear muirear coda ar bith de chostaisí na Contae do cuirfí mar mhuirear ar líomatáiste bhailecheanntair chósta mara mbeadh an tAcht so do rith.
(2) Na hiarmhéidí uile bheidh chun creidiúna no i gcoinnibh aon bhailecheanntair chósta i gcuntaisí na Comhairle Contae an 1adh lá d'Abrán, 1931, cuirfear iad an lá san chun creidiúna no i gcoinnibh na Buirge fé seach.
Tuathlíomatáistí áirithe do chur leis an gCathair.
17.—Ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, déanfar an tuath-líomatáiste có-cheangailte do scara ón gContae agus o dhlighinse agus o chomhachta na Comhairle Contae agus an Bhuird Shláinte agus do chur leis an gCathair agus as san amach beidh an líomatáiste sin laistigh den Chathair agus ina chuid di chun gach críche agus leathnófar teora na Cathrach dá réir sin.
Mapaí oifigiúla d'ullamhú.
18.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith ullamhóidh an Coimisinéir Luachála i ndúbláid mapa tarraiceofar do réir pé scála áisiuil agus ar pé méid áisiuil de leatháin ar leithligh a cheadóidh an tAire agus a thaisbeánfaidh ar shlí oiriúnach a cheadóidh an tAire na tuath-líomatáistí có-cheangailte mar a tuairiscítear iad sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, na bailecheanntair chó-cheangailte, agus an tSeana-Chathair, agus déanfa sé an dá dhúbláid den mhapa san do shéala agus ceann de sna dúbláidí sin do lóisteail ina phríomh-oifig sa Chathair agus an ceann eile de sna dúbláidí sin do lóisteail ina oifigí Bhárdais na Cathrach.
(2) Nuair a bheidh na mapaí sin lóisteálta amhlaidh sna hoifigí sin an Choimisineura san agus Bhárdais na Cathrach fé seach coinneofar sna hoifigí sin iad, agus beidh na mapaí sin no cóipeanna dílse dhíobh ar nochta chun go bhféadfaidh duine ar bith iad d'iniúcha in aisce sna hoifigí sin aon uair a bheidh na hoifigí sin fé seach ar oscailt chun gnótha phuiblí do dhéanamh, agus beidh sé dleathach don Choimisinéir sin agus do Bhárdas na Cathrach fé seach cóip dhílis den mhapa do lóisteáladh leis no leo amhlaidh no d'aon chuid áirithe dhe d'ullamhú agus do thabhairt do dhuine ar bith iarrfaidh í agus pé suim a ordóidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, d'éileamh ar an gcóip sin.
(3) Beidh sé de dhualgas ar an gCoimisinéir sin agus ar Bhárdas na Cathrach fé seach, pé uair a cheanglóidh aon Chúirt Bhreithiúnais san air no ortha, cóip dhílis den mhapa no d'aon chuid áirithe den mhapa do lóisteáladh leis no leo, fén alt so, d'ullamhú agus do thaisbeaint don Chúirt sin agus an chóip sin d'fhíorú don Chúirt sin le mionn oifigigh dá chuid no dá gcuid oifigeach, agus, ar thaisbeaint agus ar fhíorú aon chóipe den tsórt san amhlaidh don Chúirt sin, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus leis sin beidh an chóip sin ina fianaise dhochlaoite i dtaobh teoranta na líomatáistí (sa mhéid go dtaisbeántar na teoranta san ar an gcóip sin) atá sa tuath-líomatáiste cócheangailte agus sna bailecheanntair chó-cheangailte fé seach agus san (i gcás an tuath-líomatáiste chó-cheangailte) d'ainneoin aon deifríochta do bheith idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so no aon amhrais no éigcinnteachta do bheith sa tuairisc sin no do bheith ann maidir leis an tuairisc sin do chur i mbaint le cás.
Coigeartú airgeadais idir an Chomhairle Chontae agus Bárdas na Cathrach.
19.—(1) Féadfaidh an Chomhairle Chontae agus Bárdas na Cathrach, o am go ham fé mar is gá é, coigeartú cothrom (dá ngairmtear coigeartú có-aontuithe san alt so) do dhéanamh, tré chó-aontú eatorra féin, i dtaobh éinní no aon ruda is gá do choigeartú idir an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte agus Bárdas na Cathrach de dhruim na mbailecheanntar gcó-cheangailte no an tuath-líomatáiste chó-cheangailte do chur leis an gcathair agus ná fuil aon tsocrú eile ina thaobh san Acht so agus go sonnrách féadfaid coigeartú có-aontuithe den tsórt san do dhéanamh i dtaobh maoine, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh) a bheidh dílsithe sa Chomhairle Chontae no sa Bhord Shláinte no dá gcuid féin ag aon taobh acu no i seilbh ar iontaoibh d'aon taobh acu agus a bheidh suidhte sa tuathlíomatáiste chó-cheangailte no in aon chuid áirithe dhe no a bhaineann leis an gcéanna, i bpáirt no go hiomlán, agus i dtaobh fiacha agus fiachaisí (ar a n-áirítear fiacha morgáiste, muirir do cruthnuíodh le reacht, fiachaisí ag fás agus fiachaisí le n-a bhfuil súil agus fiachaisí nea-shocruithe tháinig as tort no as sáruithe connartha) a bheidh dlite ar an gComhairle Chontae no ar an mBord Sláinte no fé n-a ndeaghaidh aon taobh acu agus a bheidh gan íoc no gan glana ag aon taobh acu agus a bhaineann, i bpáirt no go hiomlán, leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte no le haon chuid áirithe dhe.
(2) Féadfar a shocrú, le coigeartú có-aontuithe i dtaobh maoine, go gcoinneoidh an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte (pe'ca aca é) an mhaoin sin no go n-aistreofar an mhaoin sin chun Bárdais na Cathrach no go mbeidh an mhaoin sin i gcó-úsáid ag an gComhairle Chontae no ag an mBord Sláinte (pe'ca aca é) agus ag Bárdas na Cathrach, agus féadfar a shocrú leis fós go n-íocfaidh an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte (fé mar is gá sa chás) le Bárdas na Cathrach, no go n-íocfaidh Bárdas na Cathrach leis an gComhairle Chontae no leis an mBord Sláinte (fé mar is gá sa chás), airgead in aon tsuim amháin no i dtráthchoda mar gheall ar an maoin sin do choinneail, d'aistriú, no do bheith i gcó-úsáid.
(3) Féadfar a shocrú, le coigeartú có-aontuithe i dtaobh aon fhiacha no fiachais eile, go mbeidh iomlán na bhfiach no an fhiachais sin ar an gComhairle Chontae no ar an mBord Sláinte (pe'ca aca é) no go mbeidh iomlán na bhfiach no an fhiachais sin ar Bhárdas na Cathrach no (ach amháin i gcás fiach morgáiste) go roinnfear an fhreagarthacht sna fiacha no sa bhfiachas san ar an gComhairle Chontae no ar an mBord Sláinte (pe'ca aca é) agus ar Bhárdas na Cathrach, agus féadfar a shocrú leis fós go n-íocfaidh an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte (fé mar is gá sa chás) le Bárdas na Cathrach, no go n-íocfaidh Bárdas na Cathrach leis an gComhairle Chontae no leis an mBord Sláinte (fé mar is gá sa chás), airgead in aon tsuim amháin no i dtráthchoda ar scór na bhfiach no an fhiachais sin.
(4) Féadfar a shocrú le coigeartú có-aontuithe go n-íocfaidh Bárdas na Cathrach leis an gComhairle Chontae, in aon tsuim amháin no i dtráthchoda no i bhfuirm blianachta, suim ar scór an mhéaduithe ualaigh (más ann do) a cuirfear le ceart ar rátaíocóirí na Contae tré íoc an chostais fé n-a raghaidh an Chomhairle Chontae i bhfeidhmiú aon chinn dá gcomhachta agus dá ndualgaisí de dhruim teoranta na Cathrach do leathnú leis an Acht so, ach nuair a bheidh méid aon tsuime den tsórt san agus modh a híoctha á socrú, cólíonfar na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féachfar don deifríocht idir an t-ualach, ar ráta-íocóirí na Contae, fé n-a raghaidh an Chomhairle Chontae le ceart tré íoc an chostais a bhainfidh le haon cheann dá gcomhachta agus dá ndualgaisí d'fheidhmiú agus an t-ualach, ar na ráta-íocóirí sin, fé n-a raghfaí le ceart dá mba ná leathnófaí teoranta na Cathrach leis an Acht so;
(b) féachfar fós don tréimhse gur le n-a linn is dócha a leanfaidh an méadú ualaigh sin;
(c) má deintear an tsuim sin iníoctha in aon tsuim amháin ní raghaidh a méid thar deich n-oiread meán-mhéid bliantúil an mhéaduithe ualaigh sin;
(d) má deintear an tsuim sin iníoctha i dhá dtráthchuid no níos mó no i bhfuirm blianachta, ní raghaidh an méid caipitail is fiú na tráthchoda no an bhlianacht san thar deich n-oiread meán-mhéid bliantúil an mhéaduithe ualaigh sin.
(5) Féadfar a shocrú le coigeartú có-aontuithe go n-íocfaidh Bárdas na Cathrach leis an gComhairle Chontae, in aon tsuim amháin no i dtráthchoda no i bhfuirm blianachta, suim ar scór na tairbhe chaillfidh áititheoirí na Contae de dhruim teoranta na Cathrach do leathnú leis an Acht so i gcás aon tairbhe teorannófar tré theora do chur leis an méid fén bpúnt den ráta is féidir do chruinniú chun na tairbhe sin do chur ar fáil agus beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach suim go socrófar fén bhfo-alt so go n-íocfar í, sé sin le rá:—
(a) gach íocaíocht do gheobhaidh an Chomhairle Chontae ar scór aon tsuime den tsórt san cuirfear í chun na tairbhe gur ar a scór do híocadh í do chur ar fáil, agus
(b) ní tabharfar áird ar aon tsuim den tsórt san nuair a beifear ag déanamh amach an mhéide fén bpúnt is féidir do chruinniú chun na tairbhe gur ar a scór do híocadh an tsuim sin do chur ar fáil ná ní chuirfidh íoc na suime sin teora leis an méid sin fén bpúnt ná ní dhéanfa sé deifir do.
(6) Ní dhéanfaidh an Chomhairle Chontae coigeartú có-aontuithe i dtaobh aon mhaoine leis an mBord Sláinte ná i dtaobh aon fhiach ná fiachais a bheidh ar an mBord Sláinte gan fógra do thabhairt don Bhord san agus dul i gcomhairle leo roimh ré.
(7) Pe uair a theipfidh ar an gComhairle Chontae agus ar Bhárdas na Cathrach có-aontú ar choigeartú chothrom ar éinní no ar aon rud d'fhéadfadh bheith ina abhar do choigeartú chó-aontuithe fén alt so, ansan, ar iarratas na Comhairle Contae no Bhárdais na Cathrach agus tar éis pé fiosrúcháin áitiúla (más ann do) is ceart dar leis do chomóra, déanfaidh an tAire coigeartú cothrom (dá ngairmtear coigeartú éigeanta san alt so) ar an ní no ar an rud san agus féadfaidh, leis an gcoigeartú san, socrú ar bith do dhéanamh i dtaobh an ní no an ruda san dob fhéidir do dhéanamh fén alt so le coigeartú có-aontuithe.
(8) Gach coigeartú có-aontuithe agus gach coigeartú éigeanta déanfar fén alt so beidh éifeacht aige do réir a théarmaí agus beidh sé infheidhmithe ag Bárdas na Cathrach agus ag an gComhairle Chontae fé seach i gcoinnibh a chéile dá réir sin.
Oifigigh go mbaineann a ndualgaisí leis an tuathlíomatáiste có-cheangailte.
20.—(1) Ar dháta nách déanaí ná an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1930, ullamhóidh an Chomhairle Chontae agus cuirfid go dtí Bárdas na Cathrach, an Bord Sláinte, agus an tAire, scéim ina luadhfar—
(a) na hoifigigh agus na seirbhísigh don Chomhairle Chontae agus don Bhord Shláinte fé seach go mbaineann a ndualgaisí, i bpáirt no go hiomlán, leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte no le haon chuid áirithe dhe agus go molann an Chomhairle Chontae iad d'aistriú ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, chun seirbhíse Bhárdais na Cathrach, agus
(b) na híocaíochta uile agus fé seach go molann an Chomhairle Chontae go n-íocfaidís féin no an Bord Sláinte iad le Bárdas na Cathrach mar gheall ar chirt aois-liúntais gach oifigigh go moltar leis an scéim é d'aistriú chun seirbhíse Bhárdais na Cathrach, agus
(c) na híocaíochta uile agus fé seach go molann an Chomhairle Chontae go n-íocfadh Bárdas na Cathrach iad leis an gComhairle Chontae no leis an mBord Sláinte mar gheall ar chirt aois-liúntais oifigeach don Chomhairle Chontae agus don Bhord Shláinte fé seach, oifigigh go mbaineann a ndualgaisí i bpáirt no go hiomlán leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte ar dháta na scéime agus ná moltar leis an scéim iad d'aistriú chun an Bhárdais.
(2) Féadfaidh Bárdas na Cathrach agus an Bord Sláinte, gach ceann fé leith acu, ráiteas do chur fé bhráid an Aire an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, no roimhe sin, ar na hatharuithe mholaid fé seach do dhéanamh ar an scéim sin (pe'ca tré chur léi no tré fhágaint-ar-lár no tré atharú eile é) a hullamhófar fén bhfo-alt san roimhe seo.
(3) Chó luath agus is féidir é tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, daingneoidh an tAire an scéim sin tar éis pé atharú (más ann dóibh) is oiriúnach leis do dhéanamh uirthi (pe'ca tré chur léi no tré fhágaint-ar-lár no tré atharú eile é).
(4) An scéim a dhaingneoidh an tAire fén alt so beidh éifeacht aici an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus as san amach agus, dá réir sin, gach oifigeach no seirbhíseach go moltar sa scéim, agus í daingnithe amhlaidh, é d'aistriú o sheirbhís na Comhairle Contae no o sheirbhís an Bhuird Shláinte chun seirbhíse Bhárdais na Cathrach, aistreofar é amhlaidh an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ar an lá san tiocfa sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach no ina sheirbhíseach fé seach do Bhárdas na Cathrach.
(5) Gach duine is oifigeach no seirbhíseach do choiste don Chomhairle Chontae díreach roimh an lá ceaptha, tuigfear, chun crícheanna an Achta so agus go sonnrách chun crícheanna an ailt seo, gur oifigeach no seirbhíseach (pe'ca aca é) don Chomhairle Chontae é, agus gach duine is oifigeach no seirbhíseach do choiste don Bhord Sláinte díreach roimh an lá ceaptha, tuigfear, chun crícheanna an Achta so agus go sonnrách chun crícheanna an ailt seo, gur oifigeach no seirbhíseach (pe'ca aca é) don Bhord Sláinte é.
Fo-dhlithe, etc., sa tuathlíomatáiste chó-cheangailte.
21.—(1) Gach fo-dhlí, riail, agus rialachán do rinne an Chomhairle Chontae, an Bord Sláinte, no comhairle thuathcheanntair go dleathach agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, sa tuath-líomatáiste chó-cheangailte no in aon chuid de, leanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, sa tuath-líomatáiste chó-cheangailte no sa chúid sin de, an 1adh lá san d'Abrán, 1931, agus dá éis sin agus sa mhéid ná beidh sé bun os cionn leis an Acht so, mar fho-dhlí, mar riail, no mar rialachán (pe'ca aca é) do dhéanfadh Bárdas na Cathrach an 1adh lá d'Abrán, 1931, i gcóir a mbeidh gan caitheamh an uair sin den tréimhse gur ina cóir, agus i dtaobh an líomatáiste gur ina thaobh no i dtaobh pé méide den líomatáiste a bheidh laistigh den tuath-líomatáiste chó-cheangailte agus gur ina thaobh, do rinneadh an fho-dhlí, an riail no an rialachán san, agus dá réir sin féadfaidh Bárdas na Cathrach gach fo-dhlí, riail, agus rialachán den tsórt san do chimeád i bhfeidhm, d'atharú, no do cheiliúra agus pionóisí agus geallbhruid thiocfaidh dá ndruim an 1adh lá san d'Abrán, 1931, no dá éis sin sa tuath-líomatáiste chó-cheangailte do bhaint amach agus do chur i bhfeidhm sa tslí chéanna ina bhféadfadh, agus chó hiomlán is d'fhéadfadh, an Chomhairle Chontae, an Bord Sláinte, no an chomhairle thuathcheanntair sin (pe'ca aca é) iad do chimeád i bhfeidhm, d'atharú, do cheiliúra, do bhaint amach, no do chur i bhfeidhm dá mba ná rithfí an tAcht so.
(2) Ní bhainfidh fo-dhlí, riail, ná rialachán ar bith dá mbeidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha sa tSeana-Chathair leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte de bhua an líomatáiste sin do chur leis an gCathair tríd an Acht so agus dá bhua san amháin, ach féadfaidh Comhairle na Cathrach le rún, uair ar bith, aon fho-dhlí, riail, no rialachán den tsórt san do chur i mbaint leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte, agus, nuair a déanfar aon chur-i-mbaint den tsórt san amhlaidh, scuirfidh aon fho-dhlí, riail, no rialachán a cimeádtar i bhfeidhm sa líomatáiste sin leis an alt so agus a bheidh bun os cionn leis an bhfo-dhlí, leis an riail, no leis an rialachán do cuireadh i mbaint amhlaidh, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige sa líomatáiste sin.
Rúin, etc., i dtaobh an tuathlíomatáiste chó-cheangailte.
22.—Gach rún do ritheadh, gach ordú do rinneadh, agus gach fógra do seirbheáladh ag an gComhairle Chontae, ag an mBord Sláinte, no ag comhairle thuathcheanntair roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, i dtaobh an tuath-líomatáiste chó-cheangailte no aon choda dhe no i dtaobh éinní do rinneadh no a déanfar no do bhí no a bheidh le déanamh ann, agus go mbeidh a oibriú, a éifeacht, no a théarma gan bheith caithte roimh an dáta san, leanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, ar an 1adh lá san d'Abrán, 1931, agus dá éis sin agus sa mhéid ná beidh sé bun os cionn leis an Acht so, agus sa mhéid go mbaineann sé leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte no le haon chuid de no le héinní déanfar no bheidh le déanamh ann, fé is dá mba rún é rithfí no ordú déanfaí no fógra seirbheálfaí ag Bárdas na Cathrach ar an dáta ar ar rith no ar a ndearna no ar ar sheirbheail an Chomhairle Chontae, an Bord Sláinte, no an chomhairle thuathcheanntair sin (pe'ca aca é) é agus fé is dá mbeadh an tuathlíomatáiste có-cheangailte curtha leis an gCathair cheana féin ar an dáta deiridh sin a luaidhtear.
Coróinéirí agus fo-shirriaim agus Leabhra de Choisteoirí sa Chathair agus sa Chontae.
23.—(1) Faid a leanfaidh an té atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifige mar choróinéir do Chontae Bhaile Atha Cliath Thuaidh de bheith i seilbh na hoifige sin, leanfaidh an líomatáiste dlighinse atá aige mar choróinéir den tsórt san de bheith mar atá sé fé is ná rithfí an tAcht so, ach nuair a scuirfe sé, tré éag no eile, de bheith i seilbh na hoifige sin aige, déanfar, ar scur do amhlaidh no ar an 1adh lá d'Abrán, 1931 (pe'ca aca is déanaí), oiread den tuath-líomatáiste chó-cheangailte agus atá sa líomatáiste dhlighinse sin aige do scara ón líomatáiste dlighinse sin aige agus do chur le líomatáiste dlighinse choróineura na Cathrach agus beidh sé sa líomatáiste sin as san amach.
(2) Faid a leanfaidh an té atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifige mar choróinéir do Chontae Bhaile Atha Cliath Theas de bheith i seilbh na hoifige sin, leanfaidh an líomatáiste dlighinse atá aige mar choróinéir den tsórt san de bheith mar atá sé fé is ná rithfí an tAcht so, ach nuair a scuirfe sé, tré éag no eile, de bheith i seilbh na hoifige sin aige—
(a) déanfar, ar scur do amhlaidh no ar an lá ceaptha (pe'ca aca is déanaí), na bailecheanntair chó-cheangailte do scara ón líomatáiste dlighinse sin aige agus do chur le líomatáiste dlighinse choróineura na Cathrach agus beid sa líomatáiste sin as san amach, agus
(b) déanfar, ar scur do amhlaidh no ar an 1adh lá d'Abrán, 1931 (pe'ca aca is déanaí), oiread den tuath-líomatáiste chó-cheangailte agus atá sa líomatáiste dhlighinse sin aige do scara ón líomatáiste dlighinse sin aige agus do chur le líomatáiste dlighinse choróineura na Cathrach agus beidh sé sa líomatáiste sin as san amach, agus
(c) má deintear agus pé uair a déanfar, ar scur do amhlaidh no dá éis sin no ar an lá ceaptha (pe'ca aca is déanaí), coróinéir do cheapa go cuibhe don Bhuirg, scarfar an Bhuirg o líomatáiste dhlighinse choróineura Chontae Bhaile Atha Cliath Theas.
(3) Faid a leanfaidh an té atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifige mar fho-shirriam do Chontae Bhaile Atha Cliath de bheith i seilbh na hoifige sin, leanfaidh an líomatáiste dlighinse atá aige mar fho-shirriam den tsórt san de bheith mar atá sé fé is ná rithfí an tAcht so ach nuair a scuirfe sé, tré éag no eile, de bheith i seilbh na hoifige sin aige—
(a) déanfar ar scur do amhlaidh no ar an lá ceaptha (pe'ca aca is déanaí, na bailecheanntair chó-cheangailte do scara ón líomatáiste dlighinse sin aige agus do chur le líomatáiste dlighinse fho-shirriaim no chláruitheora chontae (pe'ca aca é) na Cathrach agus beid sa líomatáiste sin as san amach, agus
(b) déanfar, ar scur do amhlaidh no ar an 1adh lá d'Abrán, 1931 (pe'ca aca is déanaí), an tuath-líomatáiste cócheangailte do scara ón líomatáiste dlighinse sin aige agus do chur le líomatáiste dlighinse fho-shirriaim na Cathrach agus beidh sé sa líomatáiste sin as san amach.
(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas sa Chathair agus sa Chontae maidir le leabhra de choisteoirí d'ullamhú, painéil de choisteoirí d'ullamhú, agus coisteoirí do ghairm, agus maidir leis na painéil o n-a bhfuighfear coisteoirí chun go ndéanfaidh Cúirt no Breitheamh ina shuidhe sa Chathair no sa Chontae ceisteanna do thriail, sé sin le rá:—
(a) go dtí an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus as san go dtí an leabhar de choisteoirí bheidh i bhfeidhm an lá san sa tSeana-Chathair no an leabhar de choisteoirí bheidh i bhfeidhm an lá san sa Chontae (agus na bailecheanntair chó-cheangailte agus an tuath-líomatáiste có-cheangailte d'áireamh) do bheith caithte, leanfaidh an dlí do bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith de bheith i bhfeidhm agus cólíonfar í fé is ná rithfí an tAcht so agus go sonnrách fé is ná rithfí an fo-alt san roimhe seo den alt so ná na forálacha le n-a leathnuítear teoranta na Cathrach, agus
(b) nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh ceann de sna leabhra san de choisteoirí caithte tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, tuigfear an ceann eile de sna leabhra san de choisteoirí do bheith caithte agus tiocfaidh leabhra nua de choisteoirí i bhfeidhm láithreach sa Chathair agus sa Chontae, agus
(c) d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt so ullamhófar ceann de sna leabhra nua san de choisteoirí mar leabhar de choisteoirí don Chathair mar a leathnuítear leis an Acht so í, agus ullamhófar an ceann eile de sna leabhra nua san de choisteorí mar leabhar de choisteoirí don Chontae, lasmuich de sna bailecheanntair chó-cheangailte agus den tuath-líomatáiste chócheangailte, agus
(d) díreach ar theacht i bhfeidhm do sna leabhra nua san de choisteoirí beidh éifeacht ag forálacha an Achta so agus as san amach cólíonfar iad ach amháin, faid a bheidh fo-shirriam ann don Chathair, gurb é an foshirriam san a bheidh mar oifigeach phaineultachta do réir bhrí Achta na nGiúirithe, 1927 (Uimh. 23 de 1927), don Chathair iomláin mar a leathnuítear leis an Acht so i agus, faid a bheidh fo-shirriam ann don Chontae, gurb é an fo-shirriam san a bheidh mar oifigeach phaineultachta do réir bhrí an Achta roimhráite don mhéid sin den Chontae ná cuirtear leis an gCathair leis an Acht so.
Forálacha i dtaobh oifigeach n-aistrithe.
24.—(1) San alt so—
cialluíonn agus foluíonn an abairt “oifigeach aistrithe” oifigeach a haistrítear leis an gCuid seo no fén gCuid seo den Acht so o sheirbhís chóluchta dhíochurtha go dtí seirbhís chomharba an chóluchta dhíochurtha san no o sheirbhís na Comhairle Contae no an Bhuird Shláinte go dtí seirbhís Bhárdais na Cathrach;
sa mhéid go mbainid le hoifigeach a haistrítear amhlaidh o sheirbhís chóluchta dhíochurtha, cialluíonn an abairt “an seana-chólucht” an cólucht díochurtha gur o n-a sheirbhís a haistríodh amhlaidh é agus cialluíonn an abairt “an comharba” comharba an chóluchta dhíochurtha san;
sa mhéid go mbainid le hoifigeach a haistrítear amhlaidh o sheirbhís na Comhairle Contae no an Bhuird Shláinte, cialluíonn an abairt “an seana-chólucht” an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte pe'ca aca is gá sa chás, cialluíonn an abairt “an comharba” Bárdas na Cathrach, agus cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an 1adh lá d'Abrán, 1931.
(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin go dtí go ndéanfar é do bhuanú, do cheapa, no do chur as oifig fé sna forálacha no leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt so, cólíonfaidh gach oifigeach aistrithe i seirbhís an chomharba dualgaisí den tsórt chéanna do chólíonadh sé i seirbhís an tseana-chóluchta no (más é is gá sa chás) pé dualgaisí ordóidh an comharba maidir le haistriú feidhmeanna an tseana-chóluchta go dtí an comharba agus críochnú gnótha a oifige féin, agus, go dtí go ndéanfar é do bhuanú, do cheapa, no do chur as oifig amhlaidh mar adubhradh, beidh sé i dteideal an tuarastail agus an tsochair oifige chéanna agus (sa mhéid gur féidir é sa chás) na gcoiníollacha céanna seirbhíse do bhí ag gabháil le n-a fhostaíocht i seirbhís an tseanachóluchta díreach roimh an lá ceaptha.
(3) Déanfar gach oifigeach aistrithe, laistigh de dhá bhliain tar éis an lae cheaptha—
(a) do bhuanú ag an gcomharba san oifig do bhí aige díreach roimh an lá ceaptha no in oifig chó-ghaolmhair go ndualgaisí có-ghaolmhara, no
(b) do cheapa do réir dlí agus le n-a thoil féin chun oifige i seirbhís an chomharba, no
(c) do chur as oifig ag an gcomharba.
(4) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach aighneas i dtaobh ce'ca tá oifig có-ghaolmhar le hoifig eile no ná fuil no i dtaobh ce'ca tá dualgaisí oifige có-ghaolmhar le dualgaisí oifige eile no ná fuil agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.
(5) Gach oifigeach aistrithe ná buanófar, ná ceapfar, ná ná cuirfear as oifig fé sna forálacha san roimhe seo den alt so laistigh de dhá bhliain tar éis an lae cheaptha, cuirfear as oifig é de bhua an fho-ailt seo i gcionn an dá bhlian san.
(6) Chun cricheanna na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntas agus le cúiteamh i gcailliúint oifige tuigfear, i dtaobh gach oifigigh aistrithe cuirfear as oifig fé réim no de bhua aon chinn de sna forálacha san roimhe seo den alt so, gur ar chúis seachas mí-iompar no mí-chumas do chuir an comharba as oifig é agus beidh sé i dteideal a thréimhse sheirbhíse leis an seana-chólucht agus a thréimhse sheirbhíse fén alt so leis an gcomharba d'áireamh mar aon tréimhse amháin de sheirbhís leanúnach leis an gcomharba.
(7) Gach oifigeach aistrithe buanófar no ceapfar fé sna forálacha san roimhe seo den alt so laistigh de dhá bhliain tar éis an lae cheaptha, beidh sé i dteideal a thréimhse sheirbhíse leis an seana-chólucht agus a thréimhse sheirbhíse (ar n-a háireamh ón lá ceaptha) leis an gcomharba d'áireamh mar aon tréimhse amháin de sheirbhís leanúnach leis an gcomharba chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntas agus le cúiteamh i gcailliúint oifige.
Fostaithe cóluchtaí díochurtha.
25.—(1) Fostaí ar bith do Bhárdas na Cathrach do bhí ar fostú cheana ag an gComhairle Chontae, ag an mBord Sláinte, ag comhairle thuathcheanntair no ag cólucht díochurtha dar comharba Bárdas na Cathrach, beidh sé i dteideal a fhostú ag an gComhairle Chontae, ag an mBord Sláinte, ag an gcomhairle thuathcheanntair sin no ag an gcólucht díochurtha san (pe'ca aca é) d'áireamh mar fhostú ag Bárdas na Cathrach chun crícheanna aon achtacháin le n-a dtugtar comhacht do Bhárdas na Cathrach liúntas in aghaidh cailliúna a fhostaíochta do dheona d'éinne dá chuid fostaithe nách oifigigh.
(2) Fostaí ar bith do Bhárdas na Buirge do bhí ar fostú cheana ag cólucht díochurtha dar comharba Bárdas na Buirge, beidh sé i dteideal a fhostú ag an gcólucht díochurtha san d'áireamh mar fhostú ag Bárdas na Buirge chun crícheanna aon achtacháin (agus an tAcht so d'áireamh) le n-a dtugtar comhacht do Bhárdas na Buirge liúntas in aghaidh cailliúna a fhostaíochta do dheona d'éinne dá chuid fostaithe nách oifigigh.
Cad déanfar leis an deontas talmhaíochta.
26.—Bainfidh alt 50 den Local Government (Ireland) Act, 1898, leis an leathnú ar an gcathair a deintear leis an Acht so no a déanfar fé agus san fé is dá mba le hOrdú fén Acht san a déanfaí an leathnú san, agus íocfar isteach sa chiste chathardha an chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha le Bárdas na Cathrach fén alt san mar a cuirtear i mbaint leis an leathnú san é.
An chathair agus an bhuirg do leathnú san am le teacht.
27.—(1) Uair ar bith tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, féadfaidh Bárdas na Cathrach a iarraidh ar an Aire teora na cathrach do leathnú tuille i slí go gcuirfear leis an gcathair aon chuid den chontae ná cuirtear leis an gcathair leis an Acht so agus nách cuid den Bhuirg.
(2) Uair ar bith tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, féadfaidh Bárdas na Buirge a iarraidh ar an Aire teora na buirge do leathnú i slí go gcuirfear leis an mbuirg aon chuid den chontae ná cuirtear leis an mbuirg leis an Acht so.
(3) Ar fháil iarratais fé cheachtar fho-alt acu san roimhe seo dho, agus tar éis fiosrúcháin áitiúla do dhéanamh i dtaobh abhair an iarratais sin agus tar éis aon aithrise cúise dhéanfaidh an Chomhairle Chontae agus (más iarratas é do rinne Bárdas na Buirge) Bárdas na Cathrach leis do bhreithniú, féadfaidh an tAire ordú sealadach do dhéanamh ag tabhairt éifeachta don mhola atá san iarratas san tar éis pé atharú (más ann dóibh) is dó leis is ceart do dhéanamh air, no féadfa sé diúltú do ghéille don iarratas san.
(4) Ní bheidh éifeacht ag ordú sealadach a déanfar fén alt so mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é.
(5) An lá agus tar éis an lae thiocfaidh ordú sealadach fén alt so, ag leathnú teorann na cathrach, i bhfeidhm, beidh feidhm ag an Acht so sa chuid agus i dtaobh na coda den chontae cuirfear leis an gcathair leis an ordú san sa tslí chéanna ina mbeidh feidhm aige, an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus dá éis sin, sa tuath-líomatáiste chó-cheangailte agus i dtaobh an tuath-líomatáiste sin.
(6) Le hordú sealadach fén alt so ag leathnú teorann na buirge, féadfar gach foráil no aon fhoráil den Chuid seo den Acht so bhaineann leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte do chur i bhfeidhm maidir leis an leathnú san tar éis Bárdais na Buirge do chur in ionad Bhárdais na Cathrach sna forálacha san agus pé atharú eile is gá sa chás do dhéanamh ortha.
(7) Féadfar a chur in ordú sealadach fén alt so pé forálacha is dó leis an Aire is ceart maidir le maoin, cirt, agus fiachaisí do choigeartú agus cúrsaí airgeadais agus cúrsaí eile do shocrú idir an Chomhairle Chontae agus Bárdas na Cathrach no Bárdas na Buirge (pe'ca aca é) agus maidir le togha-líomatáistí d'atharú agus le haon chúrsa eile eireoidh de dhruim an orduithe sin.
Iontaobhaisí chun tairbhe na seana-chathrach no bailecheanntair chócheangailte.
28.—(1) I gcás maoine ar bith, réalta no pearsanta, do bheith dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, i mBárdas na Cathrach no in aon chólucht corporáideach eile no in aon iontaobhaithe, coiste, no cumann ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais chun tairbhe na Seana-Chathrach ar fad no cathruitheoirí no áititheoirí na Seana-Chathrach ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí no de sna háititheoirí sin ar fad no ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais gur ag cathruitheoirí uile no ag áititheoirí uile na Seana-Chathrach no ag gach duine d'aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin a bheidh an teideal ar fad chun tairbhe do bhaint asta, ansan, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, beidh tairbhe na n-iontaobhas san le fáil ag iomlán na Cathrach no ag cathruitheoirí uile no áititheoirí uile na Cathrach no ag an aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin no (má sé is gá sa chás) beidh sí le fáil ag éinne de chathruitheoirí no d'áititheoirí na Cathrach no ag éinne den aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin.
(2) I gcás maoine ar bith, réalta no pearsanta, do bheith dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, i gcomhairle ceachtair de sna bailecheanntair chó-cheangailte ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais chun tairbhe an cheanntair sin ar fad no cathruitheoirí no áititheoirí an cheanntair sin ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad no ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais gur ag cathruitheoirí uile no ag áititheoirí uile an cheanntair sin no ag gach duine d'aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin a bheidh an teideal ar fad chun tairbhe do bhaint asta, ansan, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, tiocfaidh an mhaoin sin chun bheith agus beidh sí dílsithe i mBárdas na Cathrach ar na hiontaobhaisí céanna ar a raibh an mhaoin sin dílsithe sa chomhairle sin roimhe sin, ach beidh tairbhe na n-iontaobhas san le fáil ag iomlán na Cathrach no ag cathruitheoirí uile no áititheoirí uile na Cathrach no ag an aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin no (má sé is gá sa chás) beidh sí le fáil ag éinne de chathruitheoirí no d'áititheoirí na Cathrach no ag éinne den aicme áirithe sin dé sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin.
(3) I gcás maoine ar bith, réalta no pearsanta, do bheith dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, in aon chólucht corporáideach (seachas comhairle bhailecheanntair chó-cheangailte) no in aon iontaobhaithe, coiste, no cumann ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais chun tairbhe cinn amháin no an dá cheann de sna bailecheanntair chó-cheangailte ar fad no cathruitheoirí no áititheoirí cinn amháin no an dá cheann de sna bailecheanntair chó-cheangailte ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad no ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais gur ag cathruitheoirí uile no ag áititheoirí uile cinn amháin no an dá cheann de sna bailecheanntair chó-cheangailte no ag éinne d'aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin a bheidh an teideal ar fad chun tairbhe do bhaint asta, ansan, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, beidh tairbhe na n-iontaobhas san le fáil ag iomlán na Cathrach no ag cathruitheoirí uile no áititheoirí uile na Cathrach no ag an aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin no (má sé is gá sa chás) beidh sí le fáil ag éinne de chathruitheoirí no d'áititheoirí na Cathrach no ag éinne den aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin.
(4) Ní bhainfidh ní ar bith san alt so le haon iontaobhas chun tairbhe líomatáiste ar fad nách ionann agus an tSeana-Chathair ná ceann amháin ná an dá cheann de sna bailecheanntair chócheangailte ná chun tairbhe cathruitheoirí no áititheoirí aon líomatáiste den tsórt san ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad no le haon iontaobhaisí ná beidh teideal ach ag cathruitheoirí no ag áititheoirí aon líomatáiste den tsórt san no ag baill d'aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin chun tairbhe do bhaint asta.
Iontaobhaisí chun tairbhe bailecheanntair chósta.
29.—(1) I gcás maoine ar bith, réalta no pearsanta, do bheith dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, i gcomhairle cinn de sna bailecheanntair chósta ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais chun tairbhe an cheanntair sin ar fad no cathruitheoirí no áititheoirí an cheanntair sin ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad no ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais gur ag cathruitheoirí uile no ag áititheoirí uile an cheanntair sin no ag gach duine d'aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin a bheidh an teideal ar fad chun tairbhe do bhaint asta, ansan, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, tiocfaidh an mhaoin sin chun bheith agus beidh sí dílsithe i mBárdas na Buirge ar na hiontaobhaisí céanna ar a raibh an mhaoin sin dílsithe sa chomhairle sin roimhe sin ach beidh tairbhe na n-iontaobhas san le fáil ag iomlán na Buirge no ag cathruitheoirí uile no áititheoirí uile na Buirge no ag an aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin no (má sé is gá sa chás) beidh sí le fáil ag éinne de chathruitheoirí no d'áititheoirí na Buirge no ag éinne den aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin.
(2) I gcás maoine ar bith, réalta no pearsanta, do bheith dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, in aon chólucht corparáideach (seachas comhairle bhailecheanntair chósta) no in aon iontaobhaithe, coiste, no cumann ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais chun tairbhe cinn no níos mó de sna bailecheanntair chósta ar fad no cathruitheoirí no áititheoirí cinn no níos mó de sna bailecheanntair chósta ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad no ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais gur ag cathruitheoirí uile no ag áititheoirí uile cinn no níos mó de sna bailecheanntair chósta no ag éinne d'aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin a bheidh an teideal ar fad chun tairbhe do bhaint asta, ansan, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, beidh tairbhe na n-iontaobhas san le fáil ag iomlán na Buirge no ag cathruitheoirí uile no áititheoirí uile na Buirge no ag an aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin no (má sé is gá sa chás) beidh sí le fáil ag éinne de chathruitheoirí no d'áititheoirí na Buirge no ag éinne den aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin.
(3) Ní bhainfidh ní ar bith san alt so le haon iontaobhas chun tairbhe líomatáiste ar fad nách ionann agus ceann ná níos mó de sna bailecheanntair chósta ná chun tairbhe cathruitheoirí no áititheoirí aon líomatáiste den tsórt san ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad ná le haon iontaobhaisí ná beidh teideal ach ag cathruitheoirí no ag áititheoirí aon líomatáiste den tsórt san no ag baill d'aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin chun tairbhe do bhaint asta.
CUID II.
An Chathair agus an Bhuirg do Riara.
Forálacha i dtaobh na cathrach.
Comhachta, etc., do dhílsiú i mBárdas na Cathrach.
30.—(1) An tOrdú dar dáta an 20adh lá de Bhealtaine, 1924, agus do rinneadh fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), agus le n-ar scuireadh comhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, fanfa sé i bhfeidhm go dtí an lá ceaptha agus ansan scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige.
(2) Gach maoin réalta agus pearsanta (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh), a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe de bhua an Orduithe sin dar dáta an 20adh lá de Bhealtaine, 1924, sna daoine a bheidh ag cólíona dualgaisí chomhairle chontaebhuirg Bhaile Atha Cliath an uair sin fén Ordú san tiocfaid chun bheith agus beid dílsithe i mBárdas na Cathrach ar an lá ceaptha.
(3) Na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí sin chomhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, á bhfeidhmiú agus á gcólíona de bhua an Orduithe sin dar dáta on 20adh lá de Bhealtaine, 1924, ag na daoine a hainmnítear chuige sin san Ordú san, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha agus as san amach, ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Cathrach.
(4) Gach aon chomhacht, feidhm, agus dualgas do bheadh, de bhua líomatáiste ar bith nách cuid den tseana-chathair do chur leis an gcathair leis an Acht so, ar n-a mbronna no ar n-a bhforchur ar chomhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath maidir leis an líomatáiste sin mara mbeadh an fo-alt so, tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Cathrach ar an dáta agus ón dáta ar a gcuirfear an líomatáiste sin leis an gcathair amhlaidh.
(5) An dlí atá i bhfeidhm i dtaobh comhairlí contae-bhuirgí le linn an Achta so do rith bainfe sí le Bárdas na Cathrach sa mhéid ná fuil sí bun os cionn leis an Acht so agus chuige sin tuigfear gur comhairle chontae-bhuirge Bárdas na Cathrach.
(6) Gach aon chomhacht, feidhm, agus dualgas a bronnfar no a forchuirfear ar chomhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath le haon Acht no fé aon Acht a rithfear tar éis an Achta so do rith tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Cathrach ar an dáta agus ón dáta ar a mbronnfar no ar a bhforchuirfear na comhachta, na feidhmeanna, agus na dualgaisí sin amhlaidh.
(7) Pé uair a déanfar comhachta, feidhmeanna, no dualgaisí ar bith do bhronna no d'fhorchur ar chomhairle bhuirge, chontaebhuirge, no bhailecheanntair le haon Acht no fé aon Acht a rithfear tar éis an Achta so do rith, ansan, sa mhéid go mbaineann na comhachta, na feidhmeanna, agus na dualgaisí sin le comhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Cathrach ar an dáta agus ón dáta ar a mbronnfar no ar a bhforchuirfear amhlaidh iad.
(8) Gach comhacht, feidhm, agus dualgas atá dílsithe do réir reachta sa Tiarna Mhéara maidir le marga ar bith, pe'ca mar chléireach margaí no ar aon tslí eile é, tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Cathrach ar an lá ceaptha agus as san amach.
(9) Déanfaidh Comhairle na Cathrach no Bainisteoir na Cathrach (pe'ca aca is gá sa chás) gach aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí Bhárdais na Cathrach d'fheidhmiú agus do chólíona ar son agus thar ceann Bhárdais na Cathrach fé réir agus do réir forálacha an Achta so.
(10) Ní comórfar aon toghachán do bhaill de chomhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath do réir fo-ailt (1) d'alt 2 den Acht um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 (Uimh. 22 de 1926), d'ainneoin éinní atá san Acht san no san Acht um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929 (Uimh. 3 de 1929).
Có-dhéanamh Comhairle na Cathrach.
31.—(1) Beidh Comhairle na Cathrach có-dhéanta de chúig baill déag ar fhichid dá dtoghfar deichniúr is fiche (dá ngairmtear gnáth-bhaill san Acht so) do réir an Achta so ag na daoine bheidh cláruithe de thurus na huaire ar an gclár de thoghthóirí rialtais áitiúla agus dá dtoghfar cúigear (dá ngairmtear baill cheannaíochta san Acht so) do réir an Achta so ag na daoine bheidh cláruithe de thurus na huaire ar an gclár de thoghthóirí ceannaíochta.
(2) Dáréag ball de Chomhairle na Cathrach a bheidh mar quorum.
Toghacháin chathrach.
32.—(1) Comórfar toghachán cathrach sa bhliain 1930 agus gach tríú bliain ina dhiaidh sin agus ní hin aon bhliain eile.
(2) I ngach toghachán cathrach, comórfar toghachán na ngnáthbhall agus toghachán na mball ceannaíochta mar dhá thoghachán ar leithligh agus ní bheidh duine ar bith dí-cháilithe chun vótála i gceann de sna toghacháin sin mar gheall ar é do vótáil sa cheann eile de sna toghacháin sin.
(3) I ngach toghachán cathrach, comórfar toghachán na mball ceannaíochta chó fada agus is féidir é san am gcéanna comórfar toghachán na ngnáth-bhall.
(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (5) d'alt 2 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le toghacháin do bhaill de Chomhairle na Cathrach.
(5) Is ar lá an toghacháin a comórfar toghachán na ngnáthbhall sa toghachán chathrach a comórfar sa bhliain 1930 agus isé lá ar a gcomórfar toghachán na ngnáth-bhall i ngach toghachán cathrach ina dhiaidh sin ná pé lá ceapfar chuige sin do réir na dlí no fén dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le toghacháin do bhaill de chomhairlí contae-bhuirgí.
(6) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le togha, cáiliú, dí-cháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball de chomhairle chontae-bhuirge, beidh feidhm aici, fé réir forálacha an Achta so, maidir le togha, cáiliú, dí-cháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball de Chomhairle na Cathrach.
(7) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cáiliú agus dí-cháiliú daoine chun bheith ina mbaill de choiste ar bith a ceaptar i bpáirt no go hiomlán ag comhairle chontaebhuirge, beidh feidhm aici, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, maidir le Comhairle na Cathrach do cheapa daoine chun bheith ina mbaill d'aon choiste den tsórt san agus maidir leis na daoine sin nuair a bheid ceaptha amhlaidh.
(8) Chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo tuigfear connra le Bárdas na Cathrach do bheith ina chonnra le Comhairle na Cathrach agus le gach coiste agus có-choiste do cheap Comhairle na Cathrach i bpáirt no go hiomlán, agus tuigfear connra le haon choiste den tsórt san do bheith ina chonnra le Comhairle na Cathrach, leis, agus, maidir leis an toghachán cathrach a comórfar sa bhliain 1930, tuigfear connra le cólucht díochurtha dar comharba Bárdas na Cathrach no le haon choiste no có-choiste do cheap aon chólucht den tsórt san i bpáirt no go hiomlán do bheith ina chonnra le Comhairle na Cathrach, leis.
Toghalíomatáistí sa chathair.
33.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith agus roimh lá an toghacháin, déanfaidh an tAire le hordú—
(a) an líomatáiste bheidh có-dhéanta den tSeana-Chathair, de sna bailecheanntair chó-cheangailte, agus den tuathlíomatáiste chó-cheangailte do roinnt ina chúig toghalíomatáistí buirge agus isiad san a bheidh mar thoghalíomatáistí buirge sa Chathair chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919, agus
(b) a ordú cá líon de ghnáth-bhaill de Chomhairle na Cathrach a toghfar do gach togha-líomatáiste buirge fé leith acu san agus ordóidh sé an líon san i slí go gcuirfear in áirithe, sa mhéid gur féidir é, gurb é líon ball a ceapfar do gach líomatáiste fé leith den tsórt san amhlaidh ná an líon is gá i gcóir ionadaíochta cothruim do réir líon na n-áititheoirí.
(2) Gach toghthóir rialtais áitiúla bheidh cláruithe mar thoghthóir den tsórt san laistigh den tuath-líomatáiste chó-cheangailte no laistigh de cheachtar de sna bailecheanntair chó-cheangailte, beidh sé i dteideal (fé réir aon dí-cháilithe forchuirtear do réir dlí) vótála i dtoghachán na ngnáth-bhall sa toghachán chathrach a comórfar sa bhliain 1930.
(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le toghachán na ngnáth-bhall sa toghachán chathrach a comórfar sa bhliain 1930, sé sin le rá:—
(a) gach ceanntar vótaíochta atá ann le linn an Achta so do rith agus atá ar fad laistigh de thogha-líomatáiste bhuirge ar n-a ordú leis an ordú san, beidh sé ina cheanntar vótaíochta chun crícheanna an toghacháin sin, agus gach áit vótaíochta atá in aon cheanntar vótaíochta den tsórt san amhlaidh beidh sí ina háit vótaíochta chun crícheanna an toghacháin sin;
(b) i gcás ceanntair vótaíochta atá ann le linn an Achta so do rith agus ná fuil ar fad laistigh d'aon toghalíomatáiste buirge ar n-a ordú leis an ordú san, beidh gach cuid fé leith den cheanntar vótaíochta san atá ar fad laistigh d'aon togha-líomatáiste buirge den tsórt san ina ceanntar vótaíochta ar leithligh chun crícheanna an toghacháin sin, agus isiad áiteanna vótaíochta bheidh i ngach ceanntar vótaíochta ar leithligh den tsórt deiridh sin a luaidhtear, sa toghachán san, ná na háiteanna (pe'ca laistigh no lasmuich den cheanntar san dóibh) a cheapfaidh an ceann comhrimh sa toghachán san chuige sin.
Clár de thoghthóirí ceannaíochta.
34.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith déanfar clár (dá ngairmtear an clár de thoghthóirí ceannaíochta san Acht so) de dhaoine bheidh i dteideal vótála i dtoghacháin bhall ceannaíochta de Chomhairle na Cathrach d'ullamhú agus do chimeád ar siúl as san amach.
(2) Clárófar sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta gach duine, páirtnéireacht, comhlachas neamh-ionchorparuithe, agus cólucht corparáideach a bheidh ina chomhnaí i Saorstát Éireann agus a bheidh de thurus na huaire ina shéalbhaire rátuithe ar áitreabh ar bith a bheidh suidhte sa Chathair no (go dtí an lá ceaptha) i mbailecheanntar có-cheangailte no (go dtí an 1adh lá d'Abrán, 1931) sa tuath-líomatáiste chó-cheangailte agus—
(a) nách lugha ná fiche púnt luach an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála agus gur áitreabh é bheidh ar seilbh ag an duine, ag an bpáirtnéireacht, ag an gcomhlachas neamh-ionchorparuithe, no ag an gcólucht corparáideach san chun aon ghnótha, gairme, trádála, déantóireachta, no oibre eile ceannaíochta no ceárdais do dhéanamh no do chleachta ann agus chuige sin amháin, no
(b) go mbeidh cuid den áitreabh san ar seilbh chun na críche roimhráite ag an duine, ag an bpáirtnéireacht, ag an gcomhlachas neamh-ionchorparuithe, no ag an gcólucht corporáideach san agus nách lugha ná fiche púnt an cion de luach an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála is ionchurtha, do réir chothruim, ar an gcuid de bheidh ar seilbh amhlaidh.
(3) Chun crícheanna an ailt seo—
(a) ní tuigfear páirtnéireacht do bheith ina comhnaí i Saorstát Éireann mara mbeidh na daoine uile is páirtnéirí inti ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, agus
(b) ní tuigfear comhlachas neamh-ionchorparuithe do bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann mara ndeintear a ghnó do bhainistí agus do rialú i Saorstát Éireann, agus
(c) ní tuigfear cólucht corparáideach do bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann maran rud é go ndeintear a ghnó do bhainistí agus do rialú i Saorstát Éireann agus go mbeidh sé cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, i Saorstát Éireann no, neachtar acu, gur earraí do dhéanamh i Saorstát Éireann an gnó go léir no cuid mhór den ghnó a dheineann sé i Saorstát Éireann.
(4) Féadfar duine, páirtnéireacht, comhlachas neamh-ionchorparuithe no cólucht corparáideach do chlárú, sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta, i dtaobh dhá áitreabh no níos mó.
(5) Gach duine, páirtnéireacht, comhlachas neamh-ionchorparuithe agus cólucht corporáideach a bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta, beidh sé, agus ní bheidh duine ar bith eile, i dteideal vótála i dtoghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach.
(6) San alt so agus sa chéad alt eile ina dhiaidh seo, cialluíonn an focal “áitreabh” ionoighreachta no tionóntachán ar n-a luacháil ar leithligh fé sna hAchtanna Luachála.
Toghacháin do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach.
35.—(1) I dtoghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach, beidh ag gach duine bheidh i dteideal vótála sa toghachán san an méid vótanna luaidhtear anso ina dhiaidh seo, sé sin le rá:—
más lugha ná caoga púnt luach an áitreibh gur ina thaobh a bheidh sé cláruithe sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta no, i gcás é bheith cláruithe amhlaidh i dtaobh dhá áitreabh no níos mó, iomlán luach na n-áitreabh uile gur ina dtaobh a bheidh sé cláruithe amhlaidh ..................... vóta amháin, maran lugha ná caoga púnt agus gur lugha ná céad púnt an luach san no an t-iomlán san de luacha ............... dhá vóta, maran lugha ná céad púnt agus gur lugha ná céad go leith púnt an luach san no an t-iomlán san de luacha........trí vota, maran lugha ná céad go leith púnt agus gur lugha ná dhá chéad púnt an luach san no an t-iomlán san de luacha .............................................................. ceithre vóta, maran lugha ná dhá chéad púnt agus gur lugha ná dhá chéad go leith púnt an luach san no an t-iomlán san de luacha ................................................................. cúig vóta, maran lugha ná dhá chéad go leith púnt an luach san no an t-iomlán san de luacha ....................................... sé vóta.
(2) Chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so tuigfear gurb é is luach d'áitreabh ar bith ná—
(a) más chun aon ghnótha, gairme, trádála, déantóireachta, no oibre eile ceannaíochta no ceárdais do dhéanamh no do chleachta ann agus chuige sin amháin a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh ag a shealbhaire rátuithe, luach an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála, no
(b) más cuid den áitreabh san a bheidh ar seilbh ag a shealbhaire rátuithe chun na críche roimhráite, an cion de luach an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála is ionchurtha, do réir chothruim, ar an gcuid de bheidh ar seilbh amhlaidh.
(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le toghacháin do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach, sé sin le rá:—
(a) sa toghachán a comórfar sa bhliain 1930, beidh an tSeana-Chathair, na bailecheanntair chó-cheangailte, agus an tuath-líomatáiste có-cheangailte ina n-aon togha-líomatáiste amháin, agus i ngach toghachán ina dhiaidh sin beidh an Chathair ina haon togha-líomatáiste amháin;
(b) is le ballóid sheicréideach a déanfar an vótáil;
(c) is do réir phrinsiobail na hionadaíochta cothromúla a déanfar an vótáil agus, i gcás vótálaithe go n-aon vóta amháin, beidh gach vóta ina aon vóta amháin ionaistrithe agus, i gcás vótálaithe go níos mó ná aon vóta amháin, beidh gach vóta fé leith do bhéarfaidh vótálaí uaidh ina aon vóta amháin ionaistrithe agus breacfar ar pháipeur bhallóide ar leithligh é;
(d) is ar pháipeur bhallóide a cuirfear chun an vótálaí tríd an bpost agus a chuirfidh seisean thar n-ais chun an chinn chomhrimh a breacfar gach vóta.
Seanóirí agus comhairleoirí na cathrach.
36.—(1) An chéad ghnáth-bhall de Chomhairle na Cathrach a toghfar i dtoghachán cathrach do gach togha-líomatáiste buirge fé leith beidh sé ina sheanóir.
(2) An chéad bhall ceannaíochta de Chomhairle na Cathrach a toghfar i dtoghachán cathrach beidh sé ina sheanóir.
(3) Gach ball de Chomhairle na Cathrach nách seanóir de bhua an ailt seo beidh sé ina chomhairleoir.
Cruinnithe Chomhairle na Cathrach.
37.—(1) Beidh céad chruinniú Chomhairle na Cathrach ina chruinniú chinn ráithe agus comórfar é um meán lae ar an lá ceaptha i Halla na Cathrach, Baile Atha Cliath, agus más rud é, ar réasún ar bith, ná comórfar an cruinniú san amhlaidh comórfar an cruinniú san pé uair, pé lá (chó luath agus bheidh san caothúil tar éis an lae cheaptha), agus i pé áit a cheapfaidh an tAire chuige sin.
(2) Go dtí go mbeidh an Tiarna Méara toghtha agus an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta aige, isé Bainisteoir na Cathrach a bheidh mar chathaoirleach ar chéad chruinniú Chomhairle na Cathrach ach ní bheidh sé dá dhruim sin i dteideal vótála ar aon cheist a bheidh le socrú ag an gcruinniú san le vóta o sna baill.
(3) Ag céad chruinniú Chomhairle na Cathrach isé gnó déanfar ná pé gnó is gá do Chomhairle na Cathrach, do réir an Achta so no fé no ar aon tslí eile do réir dlí, do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus fós aon ghnó eile bheidh le déanamh fén Acht so agus gurb é tuairim Chomhairle na Cathrach gur gá no gur mhaith an rud é do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus ní bheidh fógra ar bith, i bhfuirm fógra tairisginte ná ar aon tslí eile, riachtanach chun aon ghnótha den tsórt san do dhéanamh.
(4) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile de chomhairle chontaebhuirge do chomóra agus leis na cruinnithe comórtar amhlaidh agus le nithe deintear agus a bhíonn le déanamh, agus leis an nósimeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin, bainfe sí, fé réir forálacha an ailt seo, le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile de Chomhairle na Cathrach do chomóra agus leis na cruinnithe comórfar amhlaidh agus le nithe déanfar agus a bheidh le déanamh, agus leis an nós-imeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin.
Togha agus sealbhaíocht oifige an Tiarna Mhéara.
38.—(1) Déanfaidh Comhairle na Cathrach, ag á gcéad chruinniú agus ag an gcéad chruinniú cinn ráithe comórfar tar éis gach 22adh lá de Mheitheamh, duine dá mbaill do thogha mar Thiarna Mhéara.
(2) Fanfaidh an Tiarna Méara in oifig (marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do) go dtí go mbeidh a chomharba toghtha ag an gcéad chruinniú cinn ráithe eile de Chomhairle na Cathrach ag a mbeidh Tiarna Méara le togha ag Comhairle na Cathrach agus go dtí go mbeidh an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta ag an gcomharba san.
(3) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le togha, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí, agus luach saothair tiarna méara chontae-bhuirge, bainfe sí, fé réir forálacha an Achta so, le togha, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí, agus luach saothair an Tiarna Mhéara.
Bainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath.
39.—(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfaidh duine bheidh ceaptha chuige sin leis an Acht so no fé, agus ar a dtabharfar mar theideal agus mar ainm Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath, feidhmiú agus cólíona, ar son agus thar ceann Bhárdais na Cathrach, ar chomhachta, ar fheidhmeanna, agus ar dhualgaisí Bhárdais na Cathrach a bhaineann le hoifigigh agus le seirbhísigh do Bhárdas na Cathrach (lasmuich de Bhainisteoir na Cathrach) do cheapa agus do chur as oifig, agus fós feidhmeoidh agus cólíonfaidh gach comhacht, feidhm, agus dualgas eile bheidh ag Bárdas na Cathrach agus nách feidhmeanna forchimeádtha.
(2) Chun crícheanna gach achtacháin (agus achtacháin d'áireamh do ritheadh no do rinneadh tar éis an Achta so do rith) a bhaineann le baile-chléirigh chontae-bhuirgí i gcoitinne no le baile-chléireach na Cathrach go sonnrách, beidh Bainisteoir na Cathrach, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, mar bhaile-chléireach don Chathair agus beidh aige agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé gach comhacht, feidhm, agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no forchurtha ar bhaile-chléireach na Cathrach le haon achtachán den tsórt san no ar aon tslí eile do réir dlí.
(3) Gach táille agus sochar oifige is iníoctha do réir aon reachta no fé aon reacht (pe'ca roimh an Acht so no dá éis sin do ritheadh é) le baile-chléirigh chontae-bhuirgí no go sonnrách le Baile-Chléireach na Cathrach agus do gheobhaidh Bainisteoir na Cathrach de bhua a bheith mar Bhaile-Chléireach don Chathair, íocfaidh Bainisteoir na Cathrach isteach sa chiste chathardha iad agus bhéarfar cuntas ortha dá réir sin.
(4) Beidh gach duine ceapfar leis an Acht so no fé mar Bhainisteoir Chathrach ina oifigeach don Bhárdas de bhua an cheaptha san.
Bárdas na Cathrach do cheapa ball de chóluchtaí puiblí áirithe.
40.—(1) Ní bheidh feidhm ag an méid sin d'aon reacht ná d'aon ordú do rinneadh fé reacht ar bith, tré n-ar gá duine thoghfaidh no ainmneoidh comhairle chontae-bhuirge no comhairle bhailecheanntair no go sonnrách comhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath no comhairle cheachtair de sna bailecheanntair chócheangailte chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí do bheith ina bhall den chomhairle thoghfaidh no ainmneoidh é, ní bheidh feidhm aige maidir le haon duine thoghfaidh no ainmneoidh Comhairle na Cathrach ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le héinne thoghfaidh no ainmneoidh Comhairle na Cathrach ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí agus gur ghá dho bheith ina bhall de Chomhairle na Cathrach no de chomhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath no de chomhairle bhailecheanntair chó-cheangailte mara mbeadh an t-alt so, gurb é pé duine é, pe'ca ball de Chomhairle na Cathrach é no nách eadh, a bheidh toilteannach gníomhú agus is dó le Comhairle na Cathrach is oiriúnaighe chun bheith ina bhall den chólucht phuiblí sin mar gheall ar an eolas speisialta no ar an taithí atá aige ar na nithe riarann an cólucht puiblí sin.
(2) Ní oibreoidh éinní sa bhfo-alt san roimhe seo chun é dhéanamh nea-riachtanach—
(a) do dhuine ar bith a thoghfaidh no a ainmneoidh Comhairle na Cathrach ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí ar bith aon cháilíochta speisialta do bheith aige (ach amháin bheith ina bhall de Chomhairle na Cathrach, de chomhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, no de chomhairle bhailecheanntair chó-cheangailte) gur gá don duine sin do réir dlí iad do bheith aige, ná
(b) a n-éilítear le fo-alt (2) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, do chó-líona sa mhéid go mbaineann an fo-alt san (2), agus é oiriúnuithe no leasuithe no curtha i mbaint tré no fé aon Acht den Oireachtas, le ballraíocht chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabharghalar Cheanntair Ghráinseach Gormáin.
(3) Bíodh nách ball de Chomhairle na Cathrach Bainisteoir na Cathrach beidh sé cáilithe agus féadfaidh Comhairle na Cathrach, le n-a thoil, é do cheapa chun bheith ina bhall de chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-ghalar Cheanntair Ghráinseach Gormáin díreach fé is dá mba bhall de Chomhairle na Cathrach é, agus chun críche an cheaptha san tuigfear nách oifig shochair oifig Bhainisteoir na Cathrach do réir bhrí Airtiogail 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ná do réir bhrí ailt 70 d'Acht 1925.
(4) Má deintear agus nuair a déanfar Bainisteoir na Cathrach do cheapa fén alt so chun bheith ina bhall de chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-ghalar Cheanntair Ghráinseach Gormáin, beidh duine níos lugha ar líon na mball den choiste sin nách foláir dóibh do réir dlí bheith ina mbaill de Chomhairle na Cathrach.
Coistí áirithe do dhíochur.
41.—(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin scuirfidh na coistí seo leanas (dá ngairmtear coistí díochurtha san alt so) de bheith ann, sé sin le rá:—
(a) an coiste bainistí do cheapadh comhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath go dtí so fé sna Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913;
(b) an coiste do dheineadh comhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath do chur le chéile agus do chimeád ar siúl go dtí so fén gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an Diseases of Animals Act, 1894;
(c) an Coiste Oibreacha Uisce do ceaptaí go dtí so fé alt 7 den Dublin Corporation Waterworks Act, 1861, mar a leasuítear é le halt 13 den Dublin Corporation Waterworks Acts Amendment Act, 1878.
(2) Na comhachta agus na dualgaisí uile a bronntar agus a forchuirtear ar na coistí díochurtha uile fé seach leis na hachtacháin fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo beid aistrithe chun Bhárdais na Cathrach agus tiocfaid chun bheith agus beid bronnta agus forchurtha ar an mBárdas san de bhua an ailt seo, ar an lá ceaptha agus dá éis sin.
Forálacha i dtaobh na buirge.
Comhachta, etc., do dhílsiú i mBárdas na Buirge.
42.—(1) Pé uair a déanfar comhachta, feidhmeanna, no dualgaisí ar bith do bhronna no d'fhorchur ar chomhairle bhuirge no bhailecheanntair le haon Acht no fé aon Acht do ritheadh roimh an Acht so do rith no dá éis sin, ansan, sa mhéid go mbaineann na comhachta, na feidhmeanna, agus na dualgaisí sin le comhairle bhuirge Dhún Laoghaire, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha agus dá éis sin no ar lá agus tar éis lá a mbronnta no a bhforchurtha amhlaidh (pe'ca aca is déanaí), ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Buirge.
(2) Déanfaidh Comhairle na Buirge no Bainisteoir na Buirge (pe'ca is gá sa chás) gach aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí Bhárdais na Buirge d'fheidhmiú agus do chólíona ar son agus thar ceann an Bhárdais fé réir agus do réir forálacha an Achta so.
Có-dhéanamh agus togha Chomhairle na Buirge.
43.—(1) Beidh Comhairle na Buirge có-dhéanta de chúig baill déag a toghfar do réir an Achta so agus is seisear ball acu bheidh mar quorum.
(2) Comórfar togachán buirge sa bhlian 1930 agus gach tríú bliain ina dhiaidh sin agus ní hin aon bhliain eile, agus i ngach toghachán buirge beidh an bhuirg ina haon togha-líomatáiste amháin.
(3) Sa bhliain 1930 comórfar an toghachán buirge lá an toghacháin agus chun crícheanna an toghacháin sin agus chun na gcrícheanna san amháin tuigfear gur ar an lá san do bunuíodh an Bhuirg.
(4) Ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann chomhrimh sa toghachán bhuirge comórfar sa bhliain 1930.
(5) Na ceanntair vótaíochta agus na háiteanna vótaíochta uile agus fé seach do bhí sna bailecheanntair chósta le linn an Achta so do rith, isiad a bheidh fé seach mar cheanntair vótaíochta agus mar áiteanna vótaíochta chun crícheanna an toghacháin bhuirge comórfar sa bhliain 1930.
(6) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le togha, cáiliú, dí-cháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball de chomhairle bhuirge, beidh feidhm aici, fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so agus fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le folúntaisí nea-ghnáthacha do líona, maidir le togha, cáiliú, dícháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball de Chomhairle na Buirge.
(7) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cáiliú agus dí-cháiliú daoine chun bheith ina mbaill de choiste ar bith a ceaptar i bpáirt no go hiomlán ag comhairle bhuirge, beidh feidhm aici, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, maidir le Bárdas na Buirge do cheapa daoine chun bheith ina mbaill d'aon choiste den tsórt san agus maidir leis na daoine sin nuair a bheid ceaptha amhlaidh.
(8) Chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo tuigfear connra le Bárdas na Buirge do bheith ina chonnra le Comhairle na Buirge agus le gach coiste agus có-choiste do cheap Comhairle na Buirge i bpáirt no go hiomlán, agus tuigfear connra le haon choiste no có-choiste den tsórt san do bheith ina chonnra le Comhairle na Buirge, leis, agus, maidir leis an toghachán buirge comórfar sa bhliain 1930, tuigfear connra le cólucht díochurtha dar comharba Bárdas na Buirge no le haon choiste no có-choiste do cheap aon chólucht den tsórt san i bpáirt no go hiomlán do bheith ina chonnra le Comhairle na Buirge, leis.
Comhairleoirí na Buirge.
44.—Beidh baill uile Chomhairle na Buirge ina gcomhairleoirí, agus ní bheidh aon tseanóirí ann don Bhuirg.
Cruinnithe Chomhairle na Buirge.
45.—(1) Beidh céad chruinniú Chomhairle na Buirge ina chruinniú chinn ráithe agus comórfar é um meán lae ar an lá ceaptha i Halla an Bhaile, Dún Laoghaire, agus más rud é, ar réasún ar bith, ná comórfar an cruinniú san amhlaidh comórfar an cruinniú san pé uair, pé lá (chó luath agus bheidh san caothúil tar éis an lae cheaptha), agus i pé áit a cheapfaidh an tAire chuige sin.
(2) Go dtí go mbeidh an Cathaoirleach toghtha agus an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta aige, isé Bainisteoir na Buirge bheidh mar chathaoirleach ar chéad chruinniú Chomhairle na Buirge, ach ní bheidh sé dá dhruim sin i dteideal vótála ar aon cheist a bheidh le socrú ag an gcruinniú san le vóta o sna baill.
(3) Ag céad chruinniú Chomhairle na Buirge isé gnó déanfar ná pé gnó is gá do Chomhairle na Buirge, do réir an Achta so no fé no ar aon tslí eile do réir dlí, do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus fós aon ghnó eile bheidh le déanamh fén Acht so agus gurb é tuairim Chomhairle na Buirge gur gá no gur mhaith an rud é do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus ní bheidh fógra ar bith, i bhfuirm fógra tairisginte ná ar aon tslí eile, riachtanach chun aon ghnótha den tsórt san do dhéanamh.
(4) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile de chomhairle bhuirge do chomóra agus leis na cruinnithe comórtar amhlaidh agus le nithe deintear agus a bhíonn le déanamh, agus leis an nós-imeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin, bainfe sí, fé réir forálacha an ailt seo, le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile de Chomhairle na Buirge do chomóra agus leis na cruinnithe comórfar amhlaidh agus le nithe déanfar agus a bheidh le déanamh, agus leis an nós-imeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin.
Togha agus sealbhaíocht oifige an Chathaoirligh.
46.—(1) Déanfaidh Comhairle na Buirge, ag á gcéad chruinniú agus ag an gcéad chruinniú cinn ráithe comórfar tar éis gach 1adh lá d'Iúl, duine dá mbaill do thogha mar Chathaoirleach.
(2) Fanfaidh an Cathaoirleach in oifig (marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do) go dtí go mbeidh a chomharba toghtha ag an gcéad chruinniú cinn ráithe eile de Chomhairle na Buirge ag a mbeidh cathaoirleach le togha ag Comhairle na Buirge agus go dtí go mbeidh an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta ag an gcomharba san.
(3) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le togha, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí agus luach saothair méara bhuirge, bainfe sí, fé réir forálacha an Achta so, le togha, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí, agus luach saothair an Chathaoirligh agus déanfar gach tagairt in achtachán ar bith (agus achtacháin d'áireamh do ritheadh no do rinneadh tar éis an Achta so do rith) do mhéara bhuirge do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don Chathaoirleach sa mhéid go mbainfidh an t-achtachán san leis an mbuirg.
Bainisteoir Buirge Dhún Laoghaire.
47.—(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfaidh duine ceapfar chuige sin fén Acht so, agus ar a dtabharfar mar theideal agus mar ainm Bainisteoir Buirge agus Baile-Chléireach Dhún Laoghaire, feidhmiú agus cólíona, ar son agus thar ceann Bhárdais na Buirge, ar chomhachta, ar fheidhmeanna, agus ar dhualgaisí Bhárdais na Buirge bhaineann le hoifigigh agus le seirbhísigh do Bhárdas na Buirge (lasmuich de Bhainisteoir na Buirge) do cheapa agus do chur as oifig agus fós feidhmeoidh agus cólíonfaidh gach comhacht, feidhm, agus dualgas eile bheidh ag Bárdas na Buirge agus nách feidhmeanna forchimeádtha.
(2) Chun crícheanna gach achtacháin (agus achtacháin d'áireamh do ritheadh no do rinneadh tar éis an Achta so do rith) a bhaineann le baile-chléirigh bhuirgí, beidh Bainisteoir na Buirge, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, mar Bhaile-Chléireach don Bhuirg, agus beidh aige agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé gach comhacht, feidhm, agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no forchurtha ar Bhaile-Chléireach na Buirge le haon achtachán den tsórt san no ar aon tslí eile do réir dlí.
(3) Gach táille agus sochar oifige is iníoctha do réir aon reachta no fé aon reacht (pe'ca roimh an Acht so no dá éis sin do ritheadh é) le baile-chléirigh bhuirgí agus do gheobhaidh Bainisteoir na Buirge de bhua a bheith mar Bhaile-Chléireach don Bhuirg, íocfaidh Bainisteoir na Buirge isteach sa chiste chathardha iad agus bhéarfar cuntas ortha dá réir sin.
(4) Beidh gach duine ceapfar fén Acht so mar Bhainisteoir Bhuirge ina oifigeach do Bhárdas na Buirge de bhua an cheaptha san.
Bárdas na Buirge do cheapa ball de chóluchtaí puiblí áirithe.
48.—(1) Ní bheidh feidhm ag an méid sin d'aon reacht ná d'aon ordú do rinneadh fé reacht ar bith, tré n-ar gá duine thoghfaidh no ainmneoidh comhairle bhuirge no bhailecheanntair no go sonnrách comhairle aon cheann de sna bailecheanntair chósta chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí do bheith ina bhall den chomhairle thoghfaidh no ainmneoidh é, ní bheidh feidhm aige maidir le haon duine thoghfaidh no ainmneoidh Comhairle na Buirge ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le héinne thoghfaidh no ainmneoidh Comhairle na Buirge ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí agus gur ghá dho bheith ina bhall de Chomhairle na Buirge no de chomhairle bhailecheanntair chósta mara mbeadh an t-alt so, gurb é pé duine é, pe'ca ball de Chomhairle na Buirge é no nách eadh, is dó le Comhairle na Buirge is oiriúnaighe chun bheith ina bhall den chólucht phuiblí sin mar gheall ar an eolas speisialta no ar an taithí atá aige ar na nithe riarann an cólucht puiblí sin.
(2) Ní oibreoidh éinní sa bhfo-alt san roimhe seo chun é dhéanamh nea-riachtanach do dhuine ar bith a thoghfaidh no a ainmneoidh Comhairle na Buirge ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí ar bith aon cháilíochta speisialta do bheith aige (ach amháin bheith ina bhall de Chomhairle na Buirge no de chomhairle bhailecheanntair chósta) gur gá don duine sin do réir dlí iad do bheith aige.
Fostaithe Buirge do chur ar aois-liúntas.
49.—(1) Tuigfear Bárdas na Buirge do bheith ina chólucht áitiuil go gcomhacht do réir reachta liúntas do dheona d'éinne dá fhostaithe seachas oifigigh mar gheall ar a fhostaíocht do chailliuint do réir bhrí ailt 53 d'Acht 1925 agus bainfidh an t-alt san leis an mBuirg dá réir sin.
(2) Ní dhéanfaidh Bárdas na Buirge liúntas fén alt san 53, mar a cuirtear i mbaint tríd an alt so é, do dheona d'fhostaí ar bith gur giorra ná fiche bliain tréimhse a sheirbhíse le Bárdas na Buirge (agus tréimhse ar bith d'áireamh go mbeidh teideal aige fén Acht so í d'áireamh mar thréimhse sheirbhíse den tsórt san).
Forálacha i dtaobh na cathrach agus na buirge.
Foth-fholúntaisí sa Chomhairle.
50.—(1) Pé uair a thiocfaidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san Acht so) i mballraíocht na Comhairle tré bhall di d'éag, d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht no tré gan oifig do ghlaca dho, líonfaidh an Chomhairle an folúntas san, tar éis fógra chuibhe, ag an gcéad chruinniú den Chomhairle tar éis mí do bheith caithte o theacht an fholúntais sin no chó luath i ndiaidh an chruinnithe sin agus is féidir é sa chás.
(2) Gach duine thoghfaidh an Chomhairle chun foth-fholúntais beidh sé, marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, no diúlta d'oifig do ghlaca, i seilbh oifige mar bhall den Chomhairle ar feadh a mbeidh gan caitheamh an uair sin den téarma go mbeadh ag an mball, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do no tré gan oifig do ghlaca dho, seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as, a theacht fé dhí-cháilíocht no a dhiúlta d'oifig do ghlaca.
Feidhmeanna forchimeádtha.
51.—(1) Feidhmeoidh agus cólíonfaidh an Chomhairle féin gach aon cheann riamh de chomhachta, d'fheidhmeanna agus de dhualgaisí an Bhárdais i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) aon ráta do bhuala no aon airgead d'fháil ar iasacht;
(b) aon fho-dhlí do dhéanamh, do leasú, no do cheiliúra;
(c) aon ordú do dhéanamh agus aon rún do rith 'na ndéanfar dá mbua aon achtachán do chur i ngníomh no i bhfeidhm sa Chathair no sa Bhuirg (pe'ca aca é) agus aon ordú den tsórt san do cheiliúra agus aon rún den tsórt san do chur ar neamh-ní;
(d) an t-iarratas a bheidh le déanamh chun aon údaráis maidir le haon ordú den tsórt san roimhráite do dhéanamh no do cheiliúra;
(e) aon ordú do dhéanamh no do cheiliúra fé alt 5 den Shops Act, 1912 (dá ngairmtear an t-ordú um dhúna san Acht san);
(f) na comhachta a bronntar le halt 3 den Borough Funds (Ireland) Act, 1888, maidir le habhar reachtúcháin do bhunú no cur ina choinnibh, aon imeachta dlí den tsórt a luaidhtear san alt san do chur ar aghaidh agus cosaint do dhéanamh ionta, agus na cistí agus na rátaí puiblí fé chúram an bhárdais do chur chun na gcrícheanna san;
(g) éinne do cheapa no do thogha mar bhall d'aon chólucht phuiblí;
(h) toghacháin pháirliminte agus toghacháin áitiúla;
(i) saoirse na Cathrach no na Buirge (pe'ca aca é) do bhronna ar dhaoine;
(j) fé réir forálacha an Achta so, an bainisteoir do cheapa, do chur ar fiunraoi agus do chur as oifig agus liúntas no aisce do dheona don bhainisteoir ar scur do de bheith ina bhainisteoir;
(k) méid tuarastail agus luach saothair an Tiarna Mhéara no an Chathaoirligh (pe'ca aca é) do shocrú;
(l) iarrataisí chun an Aire ar ordú shealadach fén Acht so ag leathnú teorann na Cathrach no na Buirge (pe'ca aca é);
(m) tailte, tionóntacháin, agus ionoighreachtaí is leis an mBárdas do chur de láimh (seachas tré aistriú ar feadh téarma nách sia ná bliain) fé sna Municipal Corporations (Ireland) Acts, 1840 to 1888;
(n) ionadaithe don Bhárdas do cheapa chun bheith ag aon chódháil no cruinniú den tsórt a luaidhtear in alt 2 den Public Health and Local Government Conferences Act, 1885, agus an chomhacht a bronntar leis an alt san d'fheidhmiú maidir leis na costaisí d'íoc a bhainfidh leis na hionadaithe sin do bheith ag na códhála agus ag na cruinnithe sin.
(2) Fé réir forálacha an ailt seo féadfidh an tAire, le hordú, a ordú gurb í an Chomhairle féin a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh comhachta, feidhmeanna agus dualgaisí an Bhárdais i dtaobh éinní ná fuil ar na nithe dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo agus ar bheith déanta don ordú san isí an Chomhairle féin a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí sin ar an dáta agus ón dáta a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus leanfar d'iad d'fheidhmiú agus do chólíona amhlaidh faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.
(3) Féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, ordú do rinne sé fén alt so do cheiliúra.
(4) Ní dhéanfaidh ná ní cheiliúrfaidh an tAire ordú fén alt so ach ar a iarraidh sin ar an Aire don Chomhairle do réir rúin do rith an Chomhairle agus le n-ar vótáil breis agus leath ball na Comhairle agus do ritheadh amhlaidh tar éis don bhainisteoir fógra míosa ar a laighead do thabhairt i scríbhinn do gach ball den Chomhairle á rá go rabhthas chun an rúin sin do thairisgint.
(5) Ar fháil aon iarratais den tsórt san roimhráite don Aire féadfa sé, roimh ordú do dhéanamh no do cheiliúra (pe'ca aca é) fén alt so, fiosrúchán áitiuil do dhéanamh, más oiriúnach leis é, i dtaobh aon nithe a chífear do a bhaineann le crích an orduithe sin do dhéanamh no do cheiliúra (pe'ca aca é).
(6) Ní bhainfidh ordú ar bith a dhéanfaidh an tAire fén alt so le haon chomhacht, feidhm, ná dualgas a bheidh bronnta no forchurtha ar an mbainisteoir leis an Acht so no fé maidir le hoifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais no le rialú, maoirsiú, seirbhís, luach saothair, príbhléidí no aois-liúntas na n-oifigeach agus na seirbhíseach san no éinne acu.
(7) San Acht so cialluíonn an abairt “feidhmeanna forchimeádtha” comhachta, feidhmeanna agus dualgaisí an Bhárdais, gur gá de thurus na huaire, do réir an ailt seo no do réir ordú ar n-a dhéanamh fén alt so, don Chomhairle féin iad d'fheidhmiú agus do chólíona.
Tairisgintí do ghlaca agus do scrúdú.
52.—(1) Féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach léi é, rialacháin do dhéanamh á ordú cadé an nósimeachta leanfar maidir le glaca agus le scrúdú gach saghas no aon tsaghas no saghsanna áirithe tairisgintí i dtaobh earraí do sholáthar, i dtaobh oibreacha do dhéanamh no i dtaobh éinní eile gur iarr an Bárdas go dleathach go gcuirfí tairisgintí isteach ina thaobh.
(2) Ní mór aontú an Aire d'fháil le gach rialachán a déanfar fén alt so agus ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon rialachán den tsórt san mara n-aontuítear ná go dtí go n-aontófar leis amhlaidh.
(3) Pé uair agus faid a bheidh rialacháin ar bith i bhfeidhm do rinneadh fén alt so, déanfar gach tairisgint le n-a mbaineann na rialacháin sin do ghlaca agus do scrúdú do réir an nósimeachta bheidh orduithe leis na rialacháin sin.
An Bainisteoir do cheapa.
53.—(1) Beidh Gearóid Searlóg, Baile-Chléireach Chathair Bhaile Atha Cliath, agus ceaptar leis seo é chun bheith mar Bhainisteoir Chathrach ar an lá ceaptha agus as san amach.
(2) Roimh an lá ceaptha isé an tAire dhéanfaidh, ar mhola na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, duine do cheapa chun bheith mar Bhainisteoir Bhuirge no (má dheineann éinní do thárla roimh an Acht so do rith no dá éis sin Gearóid Searlóg san do chosc ar oifig do ghlaca mar Bhainisteoir Chathrach) mar Bhainisteoir Chathrach, agus ceangailtear ar na Coimisinéirí sin leis seo an mola san do dhéanamh ar a iarraidh sin don Aire.
(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin isí an Chomhairle cheapfaidh duine chun bheith ina bhainisteoir agus beidh oifig an bhainisteora ina hoifig le n-a mbaineann Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926.
(4) Beidh an bainisteoir i seilbh go héag no go heirghe as do no go dtí n-a chur as oifig.
(5) Ní cuirfear an bainisteoir as oifig gan cead an Aire agus ní dhéanfaidh an chomhairle a chur ar fiunraoi ná a chur as oifig ach le rún do rith an chomhairle chun a churtha ar fiunraoi no a churtha as oifig (pe'ca aca é) amhlaidh agus le n-ar vótáil dhá dtrian ar a laighead de bhaill na comhairle agus do ritheadh amhlaidh tar éis fógra seacht lá ar a laighead do thabhairt do gach ball den chomhairle á rá go rabhthas chun an rúin sin do thairisgint.
(6) Íocfaidh an Bárdas leis an mbainisteoir pé luach saothair a shocróidh an tAire o am go ham.
(7) Féadfaidh an bainisteoir na nithe agus na rudaí sin uile do dhéanamh, ar a n-áirítear connartha do dhéanamh ar son agus thar ceann an Bhárdais agus séala oifigiuil an Bhárdais do chur ar scríbhinní, is gá chun feidhmithe no chun cólíonta no a bhaineann le feidhmiú no le cólíona aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí an Bhárdais gur gá don bhainisteoir do réir an Achta so iad d'fheidhmiú no do chólíona.
(8) Ní chuirfidh an bainisteoir séala oifigiuil an Bhárdais ar aon scríbhinní ach amháin i láthair an Tiarna Mhéara no an Chathaoirligh (pe'ca aca é).
Eolas do thabhairt don Tiarna Mhéara no don Chathaoirleach.
54.—(1) Pé uair iarrfaidh an Tiarna Méara no an Cathaoirleach (pe'ca aca é) no an Chomhairle air san do dhéanamh, cuirfidh an bainisteoir ar fáil don Tiarna Mhéara no don Chathaoirleach no don Chomhairle (pe'ca is gá sa chás) gach eolas a bheidh ar seilbh no ar fáil ag an mbainisteoir ar aon ghníomh, ní no rud a bhaineann le haon ghnó no eadarghnó de chuid an Bhárdais a bheidh luaidhte san iarratas san.
(2) I dtosach gach mí cuirfidh an bainisteoir fé ndeár go n-ullamhófar agus bhéarfa sé do gach ball den Chomhairle cuntas ina dtaisbeánfar chó cruinn agus is féidir é conus a bhí an scéal ag an mBárdas i dtaobh airgeadais i ndeire an mhí roimhe sin.
Bhéarfaidh an bainisteoir comhairle don Chomhairle.
55.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an mbainisteoir comhairle agus congnamh do thabhairt don Chomhairle go generálta maidir le hiad-san d'fheidhmiú no do chólíona na bhfeidhmeanna forchimeádtha agus go sonnrách maidir le héinní no le haon rud a bhaineann leis an gComhairle d'fheidhmiú no do chólíona na bhfeidhmeanna forchimeádtha agus 'na n-iarrfaidh an Chomhairle comhairle no congnamh ar an mbainisteoir ina thaobh.
(2) Beidh sé de dhualgas ar an mbainisteoir gach ordú dleathach do chur in éifeacht do bhéarfaidh an Chomhairle uaithi maidir leis na feidhmeanna forchimeádtha d'fheidhmiú agus do chólíona.
An bainisteoir d'ullamhú pleananna, etc., don Chomhairle.
56.—Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, a cheangal ar an mbainisteoir pleananna agus áireamhachtaí d'ullamhú agus do chur fé bhráid na Comhairle maidir le haon obair áirithe do dhéanamh a luadhfar sa rún san agus is féidir don Bhárdas go dleathach do dhéanamh, maraon le meastachán ar an gcostas is dócha bhainfidh leis an obair sin do dhéanamh, agus pé uair a rithfidh an Chomhairle aon rún den tsórt san déanfaidh an bainisteoir, chó luath is bheidh caoi ann chuige, pleananna agus áireamhachtaí agus meastachán do réir an rúin sin d'ullamhú agus do chur fé bhráid na Comhairle.
An bainisteoir do bheith i láthair, etc., ag cruinnithe den Chomhairle.
57.—(1) Beidh sé de cheart ag an mbainisteoir bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhairle agus páirt do thógaint i ndíospóireachtaí ag na cruinnithe sin fé is dá mba bhall den Chomhairle é, ach ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon cheist a bheidh le socrú le vóta o bhaill na Comhairle.
(2) Beidh an bainisteoir i láthair ag aon chruinniú den Chomhairle no d'aon Choiste den Chomhairle go n-iarrfaidh an Chomhairle air bheith i láthair aige agus bhéarfaidh don Chomhairle no don choiste sin (pe'ca aca é), ag an gcruinniú san, pé comhairle agus congnamh a cheanglóidh an Chomhairle no an coiste sin air go réasúnta do thabhairt uaidh, agus chuige sin socróidh an bainisteoir go mbeidh i láthair ag an gcruinniú san pe oifigigh de chuid an Bhárdais is gá ag féachaint don ghnó bheidh le déanamh ag an gcruinniú san.
Eileamh ón gComhairle go ndéanfaí rud áirithe.
58.—(1) Ag cruinniú gairmfear go speisialta chuige sin fén alt so féadfaidh an Chomhairle, le rún a tairgeofar agus a rithfear do réir an ailt seo, á éileamh go ndéanfaí, maidir le haon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí an Bhárdais ná beidh de thurus na huaire ina bhfeidhmeanna forchimeádtha, aon ghníomh, ní, no rud a luadhfar go speisialta sa rún san agus is féidir don Bhárdas no don bhainisteoir go dleathach do dhéanamh.
(2) Déanfar fógra, go bhfuiltear chun aon rúin den tsórt a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so do thairisgint, do thabhairt don bhainisteoir i scríbhinn fé láimh sheachtair bhall ar a laighead den Chomhairle agus cóip den rún san ann agus luadhfar ann lá (nách luaithe ná seacht lá agus nách déanaí ná ceithre lá déag tar éis an lae ar a bhfuighidh an bainisteoir an fógra san) chun an chruinnithe den Chomhairle do chomóra ag a mbeidh an rún san le tairisgint agus le breithniú.
(3) Pé uair do gheobhaidh an bainisteoir aon fhógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so déanfa sé, chó luath agus is féidir é, cóip den fhógra san do chur go dtí gach ball den Chomhairle agus gairmfidh cruinniú speisialta den Chomhairle chun teacht le chéile ar an dáta bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san ar an ngnáth-uair do chruinnithe den Chomhairle.
(4) Nuair a beifear tar éis rúin gur tugadh fógra ina thaobh fén alt so do thairisgint ag an gcruinniú den Chomhairle do gairmeadh chuige sin fén alt so breithneoidh an Chomhairle agus an bainisteoir an rún san agus más rud é, tar éis an bhreithnithe sin, go rithfidh an Chomhairle an rún san agus gur mó an méid ball a vótálfaidh leis an rún san ná leath ballra iomlán na Comhairle, no dhá dtrian na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh, ansan, más rud é go mbeidh agus nuair a bheidh agus sa mhéid go mbeidh airgead le fáil no curtha ar fáil chuige sin, déanfaidh an bainisteoir do réir an rúin sin an gníomh, an ní, no an rud is gá do réir an rúin sin do dhéanamh.
(5) Ní bheidh rún a rithfear fén alt so curtha le chéile i slí go mbainfe sé—
(a) le haon chomhacht, feidhm, no dualgas de chuid an Bhárdais d'fheidhmiú no do chólíona go generálta no le gach cás no ócáid ina ndéanfar no ar a ndéanfar aon chomhacht, feidhm, no dualgas den tsórt san d'fheidhmiú no do chólíona no le líon no le cineál de sna cásanna no do sna hócáidí sin ar n-a leathnú i slí gurb ionann é, tríd is tríd no do réir a éifeachta, agus gach cás no ócáid ina ndéanfar no ar a ndéanfar an chomhacht, an fheidhm, no an dualgas san d'fheidhmiú no do chólíona, ná
(b) le haon chomhacht no dualgas d'fheidhmiú no do chólíona a bheidh bronnta no forchurtha ar an mbainisteoir leis an Acht so no fé maidir le hoifigigh no seirbhísigh an Bhárdais no le rialú, maoirsiú, seirbhís, luach saothair, príbhléidí, no aois-liúntas na n-oifigeach no na seirbhíseach san no éinne acu.
Rún ar bith a thugann le tuigsint bheith rithte ag an gComhairle fén alt so agus is sárú ar an bhfo-alt so beidh sé gan brí gan éifeacht.
(6) Má eiríonn aon aighneas idir an Chomhairle agus an Bainisteoir i dtaobh aon rúin áirithe do rith an Chomhairle fén alt so do bheith ina shárú ar fhorálacha fo-ailt (5) de seo no gan a bheith, cuirfear an scéal fé bhreith an Aire.
Smacht, etc., ar oifigigh agus ar sheirbhísigh an Bhárdais.
59.—(1) Déanfaidh oifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais na dualgaisí bheidh ortha mar oifigigh agus mar sheirbhísigh den tsórt san do chólíona do réir pé orduithe bhéarfaidh an bainisteoir o am go ham go generálta no maidir le cólíona aon dualgais áirithe no aon tsaghas no saghsanna áirithe dualgaisí no maidir le haon oifigeach no seirbhíseach áirithe don Bhárdas do chólíona aon dualgais den tsórt san agus beidh ag an mbainisteoir agus feidhmeoidh sé smacht agus lán-mhaoirseacht ar na hoifigigh agus ar na seirbhísigh sin agus ar gach gníomh no rud ar bith a dhéanfid no a bheidh le déanamh acu go hoifigiuil mar oifigigh agus mar sheirbhísigh don Bhárdas.
(2) Fé réir aon rialachán a bheidh déanta ag an Aire fé aon Acht agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh seirbhís, luach saothair, príbhléidí, no aois-liúntas (pe'ca aca é) oifigeacha agus seirbhíseacha údaráis áitiúla, breithneoidh agus socróidh an bainisteoir gach ceist a eireoidh o am go ham i dtaobh seirbhís, luach saothair, príbhléidí agus aois-liúntas oifigeacha agus seirbhíseacha an Bhárdais.
Gníomhóidh an bainisteoir tré ordú shighnithe.
60.—(1) Gach gníomh no rud no breith a dhéanfaidh no a bhéarfaidh an bainisteoir agus go mbeadh sé riachtanach, do réir dlí, é do dhéanamh no do thabhairt tré rún o chomhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile no bhailecheanntair dá mb'í an chomhairle sin do dhéanfadh no do bhéarfadh é is tré ordú i scríbhinn fé n-a láimh a dhéanfaidh no a bhéarfaidh an bainisteoir é agus luadhfar san ordú san an t-am do chur sé a lámh leis amhlaidh.
(2) I gcás inar gá do chomhairle bhuirge, chontae-bhuirge, no bhailecheanntair, do réir aon Achta no fé, fógra puiblí do thabhairt i dtaobh an rúin do rith tré n-a ndeineann an chomhairle sin aon ghníomh no rud no socrú áirithe, no roimh chomóra an chruinnithe, d'aon chomhairle den tsórt san, ag a mbeidh an rún le rith tré n-a ndéanfaidh an chomhairle sin aon ghníomh no rud no socrú áirithe, bhéarfaidh an bainisteoir fógra puiblí den tsórt chéanna sara ndéanfaidh an t-ordú tré n-a ndéanfaidh an gníomh no an rud no an socrú áirithe sin.
(3) Gach ordú dhéanfaidh an bainisteoir fén alt so tuigfear chun gach críche go ndearnadh é an t-am do chuir an bainisteoir a lámh leis agus go dtí go gcruthófar a mhalairt tuigfear gur chuir an bainisteoir a lámh le gach ordú den tsórt san an t-am a luadhfar san ordú san do rinne sé amhlaidh.
(4) Cimeádfaidh an bainisteoir clár ina gcuirfear cóip de gach ordú dhéanfa sé fén alt so agus ag gach cruinniú den Chomhairle déanfaidh an bainisteoir an méid den chlár san ina mbeidh aon orduithe den tsórt san do rinneadh o am an chruinnithe dheiridh roimhe sin den Chomhairle do thaisbeaint chun go bhféadfaidh baill na Comhairle é d'iniúcha.
(5) Gach scríbhinn a thugann le tuigsint bheith ina hordú do rinne an bainisteoir fé n-a láimh, glacfar i bhfianaise í gan cruthú ar shighniú an té a tuigtear do chuir a lámh leis an scríbhinn sin ná gurb é an té sin an bainisteoir agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur ordú í do rinne an bainisteoir fé n-a láimh go cuibhe fén alt so agus gur chuir an bainisteoir a lámh léi an t-am a luaidhtear inti do rinne sé amhlaidh.
(6) Gach scríbhinn a thugann le tuigsint bheith deimhnithe i scríbhinn ag an mbainisteoir mar chóip dhílis d'ordú do rinne an bainisteoir fén alt so, glacfar i bhfianaise í gan cruthú ar shighniú an té tuigtear do dheimhnigh amhlaidh í ná gurb é an té sin an bainisteoir agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur fianaise í ar a bhfuil san ordú go dtuigtear gur cóip de í agus ar an mbainisteoir do dhéanamh an orduithe sin fé n-a láimh go cuibhe fén alt so an t-am a luaidhtear inti do rinne sé amhlaidh.
Iocaíochta d'údarú.
61.—(1) Féadfaidh an bainisteoir, le hordú fé n-a láimh féin agus fós fé láimh Chuntasóra na Cathrach no Chuntasóra na Buirge (pe'ca aca is gá sa chás), a údarú go n-íocfar aon íocaíocht áirithe amach as cistí an Bhárdais in aghaidh aon chostais no ar scór aon fhiachais fé n-a ndeachaidh an Chomhairle no an bainisteoir thar ceann an Bhárdais i bhfeidhmiú no i gcólíona do rinne an Chomhairle no an bainisteoir (pe'ca aca é) ar aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna no de dhualgaisí an Bhárdais is infheidhmithe no is ionchólíonta acu-san no aige-sean fé seach fén Acht so.
(2) Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, a ordú go ndéanfar, i rith pé tréimhse luadhfar sa rún san, gach ordú déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do chur fé bhráid an Tiarna Mhéara no an Chathaoirligh (pe'ca aca é) no fé bhráid bhaill éigin eile den Chomhairle ainmneoidh an Chomhairle chuige sin o am go ham chun go gcuirfe sé a lámh leis.
(3) Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, ordú tugadh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do cheiliúra.
(4) Má bheireann agus pé uair a bhéarfaidh an Chomhairle aon ordú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, beidh sé riachtanach gach ordú den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do bheith fé láimh an Tiarna Mhéara no an Chathaoirligh no an bhaill den Chomhairle a hainmneofar chuige sin (pe'ca aca is gá sa chás) i dteanta bheith fé láimh na beirte luaidhtear so bhfo-alt san, ach ní bheidh ar an Tiarna Méara ná ar an gCathaoirleach ná ar an mball san den Chomhairle (pe'ca aca é), de dheascaibh aon ordú den tsórt san do bheith fé n-a láimh, aon fhreagarthacht ná beadh air dá mba ná tabharfaí ordú den tsórt san roimhráite.
An ciste cathardha
62.—(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin is amach as ciste bhunóidh an Bárdas agus dá ngairmfear “an ciste cathardha” a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an Bárdas agus iad ag feidhmiú agus ag cólíona a gcomhacht agus a ndualgas (agus costaisí glanta na bhfiachas a bheidh ann ar an lá ceaptha d'áireamh).
(2) Gach ciste do bhí, díreach roimh an Acht so do rith, á choinneail suas le hairgead as tora aon cheann de sna rátaí 'na gcuireann an tAcht so deire leo, scuirfe sé ar an lá ceaptha de bheith á choinneail suas amhlaidh agus ar an lá san íocfar isteach sa chiste chathardha an t-airgead (más ann do) a bheidh i gcreidiuint d'aon chiste den tsórt san agus íocfar amach as an gciste cathardha gach fiachas a bheidh dlite ar aon chiste den tsórt san.
(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfar gach suim do gheobhaidh an Bárdas, pe'ca as rátaí é no as nithe nách rátaí, d'íoc le cisteoir an Bhárdais agus, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, beidh admháil an chisteora ina haonar ina glana mhaith don té íocfaidh an tsuim sin agus déanfaidh an cisteoir gach suim den tsórt san d'íoc isteach sa chiste chathardha.
(4) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh admháil, o bhailitheoir rátaí no o dhuine go n-údarás cuibhe ón mBárdas chun íocaíochta d'aon tsaghas áirithe eile do ghlaca ina glana mhaith do dhuine íocfaidh íocaíocht rátaí leis an mbailitheoir sin no íocaíocht den tsaghas áirithe eile sin leis an duine sin (pe'ca aca é), ach i ngach cás den tsórt san beidh sé de dhualgas ar an mbailitheoir no ar an duine sin suim na híocaíochta san d'íoc leis an gcisteoir láithreach.
(5) Ní híocfar amach as an gciste cathardha íocaíochta ar bith, ach pé íocaíochta bheidh údaruithe go cuibhe do réir an Achta so, agus íocfaidh cisteoir an Bhárdais gach íocaíocht a bheidh údaruithe amhlaidh.
(6) Ní cuirfear aon chuid den chiste chathardha ná d'aon airgead a bheidh fé chúram an Bhárdais chun aon chríche ná húdaruítear leis an Acht so ná le haon Acht eile ná, i gcás airgid a thagann as cistí iontaobhais, ná húdaruítear leis na hiontaobhaisí bhaineann leis na cistí sin.
(7) Is le hairgead as an gciste cathardha coinneofar suas gach ciste fiach-laigheaduithe no ciste eile, chun fiachais do ghlana a thiocfaidh no le n-a mbeidh súil, is gá don Bhárdas, do réir aon reachta no fé aon reacht do bhí i bhfeidhm díreach roimh rith an Achta so, do choinneail suas agus ní dhéanfaidh éinní san alt so an Bárdas do shaora o n-a oblagáid gach ciste den tsórt san do choinneail suas amhlaidh.
An ráta cathardha.
63.—(1) Na rátaí go léir (dá ngairmtear san Acht so rátaí ar n-a ndíochur leis an Acht so) a bheidh inghearrtha sa chathair no sa bhuirg díreach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, scuirfid ar an 1adh lá san d'Abrán, 1931, de bheith inghearrtha ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so, ach ní choiscfidh an scur san aon chuid d'aon ráta den tsórt san a bheidh, díreach roimh an dáta san, dlite agus gan íoc do bhailiú no do bhaint amach ar an dáta san no dá éis sin ná ní dhéanfa sé dochar ná deifir don bhailiú ná don bhaint amach san.
(2) O am go ham buailfidh agus measfaidh agus gearrfaidh an Bárdas, do réir an Achta so, pé ráta (ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san Acht so, “an ráta cathardha”) is ga chun aon easnaimh ar an gciste cathardha (pe'ca easnamh a bheidh ann no le n-a mbeidh súil é) do shlánú.
(3) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an ráta dealbhais do bhuala, do mheas, do ghearra, do bhailiú, agus do bhaint amach, bainfe sé, fé réir forálacha an Achta so, leis an ráta cathardha do bhuala, do mheas, do ghearra, do bhailiú agus do bhaint amach, fé seach, ag an mBárdas.
(4) D'ainneoin éinní atá in alt 3 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926), isé dhéanfaidh orduithe feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta san d'fheidhmiú, in imeachta sa Chúirt Dúithche chun airgid a bheidh dlite ar scór an ráta chathardha do bhaint amach, ná an té bhunóidh na himeachta san má orduíonn an Chúirt amhlaidh ar iarratas an duine sin.
(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (7) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le haon fhiacha, ná éileamh is iníoctha, go díreach no go nea-dhíreach, amach as an ráta cathardha.
(6) Taisbeánfar ar leithligh ar aghaidh no ar chúl gach nóta éilithe ráta chathardha an chuid den ráta fén bpúnt den ráta san a cruinnítear chun aon chríche go n-ordóidh an tAire no an Chomhairle ina taobh í do thaisbeaint ar leithligh.
Cíos do choigeartú i gcásanna áirithe.
64.—(1) I gcás tionóntachán no ionoighreachta bheidh suidhte sa Chathair no sa Bhuirg do bheith ar seilbh (i dteanta no d'éamais áitreibh eile) fé léas le n-a gceangailtear ar léasóir lascaine no cothromú d'íoc no do lomháil in aghaidh aon rátaí (seachas ráta dealbhais) is iníoctha ar an tionóntachán no ar an ionoighreachta san no an léasaí do shlánú o sna rátaí sin no do shaora uatha ar aon tslí eile, déanfar gach cíos is iníoctha fén léas san in aghaidh tréimhse thosnóidh an 1adh lá d'Abrán, 1931, no dá éis sin, do laigheadú—
(a) más cíos bliantúil é, oiread agus is có-ionann le suim na rátaí (seachas ráta dealbhais), ar an tionóntachán no ar an ionoighreachta san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, le n-ar bhain go dleathach an faoiseamh do tugadh don léasaí leis an léas san, agus
(b) más aon chíos é seachas cíos bliantúil, oiread go mbeidh idir é agus na rátaí (seachas ráta dealbhais), ar an tionóntachán no ar an ionoighreachta san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, le n-ar bhain go dleathach an faoiseamh do tugadh don léasaí leis an léas san, an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse gur dá réir a déanfar amach an cíos san agus bliain.
(2) San alt so foluíonn an focal “léas” aon chonnra tionóntachta, i scríbhinn no de bhréithe béil, le n-a gcruthnuítear ord mar a bhíonn idir tiarna talmhan agus tionónta, agus foluíonn na focail “léasóir” agus “léasaí” fé seach tiarna talmhan na tionóntachta san agus an tionónta fén tionóntacht san.
Ráta uisce fé chonnra.
65.—Na forálacha den Chuid seo den Acht so le n-a gcuirtear deire le rátaí áirithe, ní bhainfidh le héilithe (dá ngairmtear do ghnáth rátaí uisce fé chonnra) a héilcofar ar uisce do chur ar fáil d'ionoighreachtaí no do thionóntacháin áirithe chun crícheanna nách crícheanna tighis ná le huisce do chur ar fáil fé chonnra speisialta do dhuine ar bith ná beidh aon teideal eile aige chun an uisce sin d'fháil, agus nuair a beifear ag léiriú an Achta so ní folófar na héilithe sin san abairt “rátaí ar n-a ndíochur leis an Acht so,” ach baileofar agus bainfear amach na héilithe sin mar chuid den ráta chathardha.
An ráta póilíneachta.
66.—(1) An ráta (dá ngairmtear an ráta póilíneachta san Acht so) a gearrtaí go dtí so i líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath chun fórsa póilíneachta do choinneail suas leanfar d'é do ghearra ar líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath do réir alt 16 d'Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925), fé is ná rithfí an tAcht so ach amháin go ngearrfaidh Bárdas na Cathrach an ráta póilíneachta, agus go mbaileofar agus go mbainfear amach é mar chuid den ráta chathardha, sa mhéid de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath a bheidh sa chathair agus go ngearrfaidh Bárdas na Buirge an ráta póilíneachta, agus go mbaileofar agus go mbainfear amach é mar chuid den ráta chathardha, sa mhéid den Líomatáiste sin a bheidh sa bhuirg.
(2) San Acht so ní fholuíonn an abairt “rátaí ar n-a ndíochur leis an Acht so,” an ráta póilíneachta.
An droicheadráta.
67.—(1) Ní gearrfar droichead-ráta ar bith sa Chathair ná sa Bhuirg fé alt 27 d'Acht Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath (Droichid), 1929 (Uimh. 2 (Príobháideach) de 1929), agus ina ionad san an t-airgead is gá do chruinniú bliain ar bith sa Chathair no sa Bhuirg chun éilimh o Bhord Phort agus Duganna Bhaile Atha Cliath fén alt san 27 d'íoc is tríd an ráta cathardha a cruinneofar amhlaidh é.
(2) Léireofar an tAcht san Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath (Droichid), 1929, agus beidh éifeacht aige fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) i ngach áit ina bhfuil an abairt “Contae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath” in alt 27 den Acht san agus i mír 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ciallóidh sí contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus í ar n-a leathnú leis an Acht so no fé de thurus na huaire, agus
(b) in aon áit ina bhfuil an abairt “Contae Bhaile Atha Cliath” in alt 27 den Acht san ní fholóidh sí líomatáiste ar bith a bheidh de thurus na huaire ar n-a scara ón gcontae sin agus ar n-a chur leis an gCathair leis an Acht so no fé, agus
(c) cuirfear an mhír seo leanas isteach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san in ionad na míre 2 atá sa Sceideal san anois, sé sin le rá—
“2. Buirg Dhún Laoghaire agus Bailecheanntar Bhinn Eadair.”
agus
(d) leigfear ar lár i míreanna 3 go 9 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san gach líomatáiste bheidh de thurus na huaire ar n-a chur leis an gCathair fén Acht so no dá bhun.
(3) San Acht so foluíonn an abairt “rátaí ar n-a ndíochur leis an Acht so” an droichead-ráta.
Teoranta leis an ráta cathardha.
68.—(1) Beidh éifeacht ag an teorainn seo leanas maidir le ráta cathardha, le n-a mbaineann an fo-alt so, do mheas ar ionoighreachta no ar thionóntachán atá suidhte i gceachtar de sna líomatáistí is bailecheanntar có-cheangailte le linn an Achta so do rith, sé sin le rá, pé méid fén bpúnt d'aon ráta den tsórt san a cruinneofar chun crícheanna seachas na crícheanna eiscithe mar a mínítear iad anso ina dhiaidh seo ní ragha sé thar an suim iomlán fén bpúnt den mhéid sin, de sna rátaí uile (seachas an ráta póilíneachta) do measadh ar an mbailecheanntar ina raibh an ionoighreachta no an tionóntachán san suidhte in aghaidh no alos na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1929, do cruinníodh chun crícheanna seachas costaisí cólíonta dualgas buird chaomhnóirí d'íoc.
(2) Beidh éifeacht ag an teorainn seo leanas maidir le ráta cathardha, le n-a mbaineann an fo-alt so, do mheas ar ionoighreachta no ar thionóntachán atá suidhte sa tuathlíomtáiste chócheangailte, sé sin le rá, pé méid fén bpúnt d'aon ráta den tsórt san a cruinneofar chun crícheanna seachas na crícheanna eiscithe mar a mínítear iad anso ina dhiaidh seo ní ragha sé thar an suim iomlán fén bpúnt den mhéid sin, de sna rátaí uile (seachas an ráta póilíneachta) do measadh ar ionoighreachtaí agus ar thionóntacháin (seachas talamh talmhaíochta) sa bhaile fearainn ina raibh an chéad ionoighreachta no tionóntachán san a luaidhtear suidhte in aghaidh no alos na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1929, do cruinníodh chun crícheanna seachas costaisí cóilíonta dualgas buird chaomhnóirí d'íoc.
(3) Beidh éifeacht ag an teorainn seo leanas maidir le ráta cathardha, le n-a mbaineann an fo-alt so, do mheas ar ionoighreachta no ar thionóntachán atá suidhte sa líomatáiste gurb é bailecheanntar Chill Inghean Léinín agus Bhaile Bhric é le linn an Achta so do rith, sé sin le rá, pé méid fén bpúnt d'aon ráta den tsórt san a cruinneofar chun crícheanna seachas na crícheanna eiscithe mar a mínítear iad anso ina dhiaidh seo ní ragha sé thar an suim iomlán fén bpúnt den mhéid sin, de sna rátaí uile (seachas an ráta póilíneachta) do measadh ar an mbailecheanntar san in aghaidh no alos na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1929, do cruinníodh chun crícheanna seachas costaisí cólíonta dualgas buird chaomhnóirí d'íoc.
(4) Bainfidh fo-ailt (1) agus (2) den alt so le gach ráta cathardha buailfear sa Chathair in aghaidh no alos bliana roimh an mbliain dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936, agus bainfidh fo-alt (3) den alt so le gach ráta cathardha buailfear sa Bhuirg in aghaidh no alos bliana roimh an mblian dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936.
(5) Beidh na crícheanna so leanas ina gcrícheanna eiscithe do réir bhrí an ailt seo, sé sin le rá:—
(a) costaisí cólíonta na ndualgas do chólíonadh bord caomhnóirí tráth d'íoc;
(b) éileamh o Bhord Phort agus Duganna Bhaile Atha Cliath fé alt 27 d'Acht Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath (Droichid), 1929 (Uimh. 2 (Príobháideach) de 1929), d'íoc;
(c) costaisí fé n-a ndeachthas no éileamh do rinneadh fé aon Acht (seachas an tAcht so) ar n-a rith don Oireachtas tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1930, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, d'íoc.
(6) Ní bhainfidh éinní san alt so le ráta measfar ar ionoighreachta no ar thionóntachán a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
Saghsanna áirithe maoine do rátú.
69.—(1) Chun an ráta cathardha do mheas agus do ghearra ar aon ionoighreachta no tionóntachán a luaidhtear no atá de shaghas a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tuigfear luacháil na hionoighreachta no an tionóntacháin sin do bheith laigheaduithe go dtí an cion, de luacháil na hionoighreachta no an tionóntacháin sin fe sna hAchtanna Luachála a luaidhtear sa chéad cholún den Dara Sceideal san maidir leis an ionoighreachta no leis an tionóntachán san no leis an saghas san (pe'ca aca é).
(2) Gach ionoighreachta no tionóntachán a luaidhtear ar no atá de shaghas a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tuigfear, chun an ráta chathardha do mheas agus do chur ina fhiachas air, é bheith eiscithe o gach saoirse no faoiseamh riamh, agus gan teideal chun a leithéide, ón ráta dealbhais do bheirtear do réir dlí ar shlí seachas tré laigheadú no tré rialú na luachála gur dá réir a meastar an ráta dealbhais, ach ní oibreoidh an eisceacht san chun aon leath-chíosa, do bheadh ionrátuithe i gcóir an ráta dhealbhais mara rithfí an tAcht so, do shaora óna bheith ionrátuithe i gcóir an ráta chathardha.
(3) Ní bhainfidh éinní san alt so leis an luach bliantúil gur dá réir atá an cháin le déanamh amach in aghaidh aon ionoighreachta no tionóntacháin fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, ná ní oibreoidh sé chun an luach san do laigheadú.
An tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928, do chur i mbaint.
70.—Nuair a bheidh an tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928), á chur i mbaint leis an gCathair agus leis an mBuirg fé seach, léireofar é agus beidh éifeacht aige fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) ar an 1adh la d'Abrán, 1931, agus dá éis sin, agus fé réir aon ordú dheanfaidh an tAire ina dhiaidh sin fé alt 2 den Acht san agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus fé réir an Achta so, ciallóidh an abairt “tigh comhnaithe beag,” i ngach áit ina bhfuil sí san Acht san, ionoighreachta no tionóntachán atá fé luacháil ar leithligh fé sna hAchtanna Luachála agus nách mó na ocht bpúint a luacháil fé sna hAchtanna san agus 'na bhfuil an t-iomlán no aon chuid de oiriúnach ina dhéanmhas chun é d'úsáid mar thigh chomhnaithe, agus
(b) sa mhéid go mbaineann alt 7 den Acht san le hionoighreachtaí agus le tionóntacháin is tithe comhnaithe beaga do réir bhrí an Achta san de bhua an atharuithe deintear leis an mír sin roimhe seo den alt so agus dá bhua san amháin, beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na figiuirí “1931” in ionad na bhfigiuirí “1929” i ngach áit ina bhfuil na figiuirí sin i bhfo-alt (1) den alt san agus na figiuirí “1930” in ionad na bhfigiuirí “1928” i ngach áit ina bhfuil na figiuirí sin sa bhfo-alt san.
Rátaí ar áitreabhacha folmha.
71.—(1) I gcás ionoighreachta no tionóntachán nách tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928), mar a leasuítear leis an Acht so é, do bheith folamh agus an ráta cathardha á bhuala, buailfear an ráta san ar an té (dá ngairmtear an t-únaer anso feasta) a bheidh i dteideal, de thurus na huaire, bheith i seilbh na hionoighreachta no an tionóntacháin sin, agus ar íoc an ráta san don únaer sin, beidh an t-únaer sin i dteideal aisíoc na ceathrú coda fichead den ráta san d'éileamh agus d'fháil ón mBárdas in aghaidh gach mí iomláin (agus é d'áireamh o lá ar bith de mhí go dtí dáta an lae sin sa chéad mhí eile) a bheidh an ionoighreachta no an tionóntachán san folamh chun cur leis, chun é d'atharú, no chun é do dheisiú no toisc an t-únaer sin do bheith bona fide gan bheith ábalta ar thionónta oiriúnach d'fháil do ar an gcíos maximum is ceaduithe de thurus na huaire fé sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, i gcás ionoighreachta no tionóntacháin le n-a mbaineann na hAchtanna san de thurus na huaire no ar chíos réasúnta i gcás aon tsaghais eile ionoighreachta no tionóntacháin.
(2) Nuair a buailfear ráta de bhua an ailt seo ar únaer ionoighreachta no tionóntacháin fholaimh agus a dhéanfaidh an t-únaer sin no a déanfar thar a cheann an ionoighreachta no an tionóntachán san do chur ar cíos ina dhiaidh sin agus a bheidh an ráta san no aon chuid de i riaráiste agus gan íoc, ansan, an ráta-bhailitheoir go mbeidh an ráta san ionbhailithe aige féadfa sé, i dteanta aon tslí eile agus gan dochar d'aon tslí eile chun suim an ráta san a bheidh i riaráiste agus gan íoc amhlaidh do bhaint amach, fógra do sheirbheail i bpearsain no tríd an bpost ar shealbhaire na hionoighreachta no an tionóntacháin sin ag luadh na suime sin a bheidh i riaráiste agus gan íoc amhlaidh agus á cheangal ar an sealbhaire sin an cíos go léir a bheidh dlite air an uair sin no a thiocfaidh chun bheith dlite air ina dhiaidh sin alos na hionoighreachta no an tionóntacháin sin d'íoc leis an ráta-bhailitheoir sin no le n-a chomharba oifige go dtí go mbeidh an tsuim sin íoctha tríd an íoc san no ar aon tslí eile agus, ar sheirbheail an fhógra san amhlaidh, is ag an rátabhailitheoir sin no ag a chomharba oifige a bheidh an t-aon-cheart chun an cíos go léir, a cheangail sé tríd an bhfógra san d'íoc leis féin, do bhaint amach agus do ghlaca agus chun glana maith ann do thabhairt uaidh.
(3) Ní bheidh ráta buailfear de bhua an ailt seo ar únaer ionoighreachta no tionóntacháin fholaimh nea-dhleathach de dhruim aon earráide no lochta i luadh ainm an únaera san ná de dhruim an tuairisc “an t-únaer” do thabhairt gan aon ainm ná eile do chur leis, agus féadfar gach ráta den tsórt san do bhaint den únaer sin d'ainneoin na hearráide no an lochta san no d'ainneoin na tuairisce sin do thabhairt.
Forálacha speisialta i dtaobh saghsanna áirithe maoine sa Chathair.
72.—(1) Duine ar bith a cuirfear fén ráta cathardha sa Chathair alos a bheith i seilbh ionoighreachta no tionóntacháin ná fuil ar a shealbhaire (pe'ca an duine sin é no nách é) le linn an Achta so do rith, an ráta uisce puiblí d'íoc a gearrtar fé alt 56 den Dublin Corporation Waterworks Act, 1861, mar a leasuítear é le halt 91 den Dublin Corporation Act, 1890, beidh sé i dteideal suim do bhaint gach bliain as an gcíos go léir a thiocfaidh chun bheith dlite air tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, alos na hionoighreachta no an tionóntacháin sin fé chonnra thionóntachta, ráite no iontuigthe, do rinneadh roimh an Acht so do rith, suim is có-ionann leis an ochtú cuid cheathrachad den luacháil gur uirthi a measfar an ráta cathardha ar an ionoighreachta no ar an tionóntachán san.
(2) Má bheartuíonn Comhairle na Cathrach amhlaidh tuigfear gur tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928), aon ionoighreachta no tionóntachán sa Chathair nách tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta san agus is dó le Comhairle na Cathrach do bheith oiriúnach chun a úsáidthe mar thigh chomhnaithe do cheárdaí no do sclábhaí agus ina mbeidh ceárdaí no sclábhaí ina chomhnaí agus bainfidh an tAcht san leis an ionoighreachta no leis an tionóntachán san dá réir sin ach beidh san fé réir an atharuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo.
(3) I gcás ionoighreachta no tionóntacháin sa chathair is dó le Comhairle na Cathrach do bheith oiriúnach chun a úsáidthe mar thigh chomhnaithe do cheárdaí no do sclábhaí agus ina mbeidh ceárdaí no sclábhaí ina chomhnaí agus a bheidh no a tuigfear de bhua an fho-ailt sin roimhe seo den alt so do bheith ina thigh chomhnaithe bheag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928, léireofar alt 10 den Acht san agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an abairt “ocht ndeichiú” in ionad na habairte “naoi ndeichiú” i bhfo-alt (1) de.
An ráta cathardha do leasú.
73.—(1) Féadfaidh an bainisteoir o am go ham aon ráta no cáinmheas i leabhar an ráta chathardha do leasú tre ainm éinne ba cheart do rátú do chur isteach ann no tré ainm éinne nár cheart do rátú do bhuala amach as no tríd an suim ar ar rátuíodh duine do mhéadú no do laigheadú no tré pé leasú eile do dhéanamh ann tré n-a mbeidh an ráta no an cáinmheas san do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis an ráta cathardha do bhuala.
(2) Gach duine ar a ngoillfidh aon atharú den tsórt san beidh an ceart céanna aige chun athchomhairc ina choinnibh do bheadh aige dá gcuirtí a ainm isteach sa ráta no sa cháinmheas san o thosach agus ná déanfaí aon atharú den tsórt san ann, agus maidir leis an duine sin tuigfear gur buaileadh an ráta nuair do fuair sé fógra i dtaobh an atharuithe sin.
Sean-iasachtaí d'íoc.
74.—Gach iasacht a bheidh dlite ar an mBárdas agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ina muirear ar aon cheann de sna rátaí le n-a gcuirtear deire tríd an Acht so no ar aon chiste coinnítear suas le hairgead as sochar aon ráta den tsórt san tiocfa sí chun bheith agus beidh sí ina muirear ar an ráta cathardha no ar an gciste cathardha fé seach ar an lá ceaptha agus dá éis sin.
Comhacht chun iasachtaí d'fháil chun crícheanna áirithe.
75.—(1) Féadfaidh an Bárdas o am go ham, le toiliú an Aire, suimeanna d'fháil ar iasacht ar urrús an chiste chathardha agus aon ioncuim leis an mBárdas no ar urrús an chiste no an ioncuim sin no aon choda den ioncum san, pé suimeanna is gá chun na gcrícheanna so leanas no chun aon chríche acu, sé sin le rá:—
(a) gach ceann no aon cheann d'fhiacha morgáiste fé seach aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha dar comharba an Bárdas no aon fhiacha morgáiste eile go mbeidh an fhreagarthacht ionta ar n-a haistriú chun an Bhárdais leis an Acht so no fé d'aisíoc;
(b) airgead ar bith is ionchurtha i gcoinnibh caipitail le ceart agus is iníoctha ag an mBárdas de bhíthin aon choigeartú airgeadais ar n-a dhéanamh fén Acht so d'íoc.
(2) Aisíocfar laistigh de pé tréimhse cheadóidh an tAire airgead do gheobhfar ar iasacht fén alt so.
An Chathair do mhaisiú.
76.—(1) Le rún a rithfear fén alt so agus le n-a vótálfaidh dhá dtrian ar a laighead de bhaill na Comhairle féadfaidh an Chomhairle a údarú don Bhárdas airgead do chaitheamh ar mhaisiú na Cathrach i gcóir ócáidí gáirdeachais phuiblí no i gcóir ócáidí oiriúnacha eile.
(2) Luadhfar i ngach rún a rithfear fén alt so an ócáid gur ina cóir a bheidh maisiú na Cathrach, ar chostas an Bhárdais i bpáirt no go hiomlán, le húdarú leis an rún san agus an méid a bheidh ceaptha le caitheamh ag an mBárdas ar an maisiú san.
(3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile ina dhiaidh seo féadfaidh an Bárdas airgead as an gCiste Cathardha do chaitheamh do réir rúin a rithfear fén alt so agus sa mhéid go n-údaruítear é le rún den tsórt san ach ní har aon tslí eile.
(4) An méid iomlán a chaithfidh an Bárdas chun crícheanna an ailt seo aon bhliain airgeadais áitiuil, ní ragha sé thar suim is có-ionann le ráta pingne fén bpúnt de luacháil ionrátuithe na Cathrach.
Meastachán ar chostaisí agus ráta-chruinniú.
77.—(1) Cuirfidh an bainisteoir fé ndeár go n-ullamhófar gach bliain airgeadais áitiuil san am orduithe agus sa bhfuirm orduithe meastachán (dá ngairmtear an meastachán ar chostaisí san alt so) ag taisbeaint na suimeanna is dó leis is gá chun íoctha costaisí an Bhárdais agus mar sholáthar in aghaidh riachtanaisí an Bhárdais i rith na bliana airgeadais áitiúla dar gcionn.
(2) An meastachán ar chostaisí a hullamhófar gach bliain fén alt so breithneoidh an Chomhairle é ag cruinniú den Chomhairle (dá ngairmtear an ráta-chruinniú san alt so) ag á mbeidh an bainisteoir i láthair agus a bheidh ann an t-am a bheidh orduithe, go generálta no maidir le haon bhliain áirithe, ag an Aire agus 'na mbeidh fógra lá is fiche ar a laighead sa bhfuirm orduithe tugtha ina thaobh ag an mbaile-chléireach do gach ball den Chomhairle.
(3) Lá is fiche ar a laighead roimh an lá bheidh ráta-chruinniú le bheith ann, cuirfidh an bainisteoir chun gach baill den Chomhairle agus lóisteálfaidh in oifigí an Bhárdais cóip den mheastachán ar chostaisí is gá don Chomhairle, do réir an ailt seo, do bhreithniú ag an gcruinniú san agus san am gcéanna bhéarfaidh an bainisteoir fógra sa tslí agus sa bhfuirm orduithe go bhfuiltear tar éis an meastachán san ar chostaisí do dhéanamh agus go bhfuiltear tar éis cóip de do lóisteail amhlaidh.
(4) Féadfaidh éinne den phobal, gan íoc as, an chóip den mheastachán ar chostaisí do lóisteáladh fén alt so in oifigí an Bhárdais d'iniúcha aon uair a bheidh na hoifigí sin ar oscailt chun gnó oifigiuil do dhéanamh agus bhéarfaidh an bainisteoir cóip den mheastachán san ar chostaisí, ar scilling an chóip, do gach duine iarrfaidh air í.
(5) Ag ráta-chruinniú no ag aon ath-chomóra air fén alt so féadfaidh an Chomhairle (fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so) leasú do dhéanamh, pe'ca tré chur leis, leigint ar lár, no atharú é, ar an meastachán ar chostaisí is gá dhóibh, do réir an ailt seo, do bhreithniú ag an gcruinniú san, agus déanfaidh an Chomhairle, le rún a rithfear ag an gcruinniú san no ag aon athchomóra den tsórt san air, glaca leis an meastachán san ar chostaisí tar éis no gan é do leasú agus, leis an rún gcéanna no le haon rún ina dhiaidh sin a rithfid ag an gcruinniú san no ag an ath-chomóra san air, socróid do réir an mheastacháin sin, mar a bheidh glactha acu leis amhlaidh, na rátaí fén bpúnt a gearrfar chun na gcrícheanna uile agus fé seach a bheidh luaidhte sa mheastachán san.
(6) Pé uair ag ráta-chruinniú a tairgfear leasú ar an meastachán ar chostaisí a bheidh á bhreithniú ag an gcruinniú san agus is dó leis an mbainisteoir, dá ndeintí an leasú san, go ndéanfadh sé dochar mór do dhualgaisí na Comhairle do chólíona go héifeachtúil no go heconomiciuil déarfaidh an bainisteoir ag an gcruinniú san cad é an ní atá aige i gcoinnibh an leasuithe sin agus luadhfa sé na réasúin a bheidh aige leis an gcur-i-gcoinnibh sin, agus leis sin breithneoidh an Chomhairle an cur-i-gcoinnibh sin agus socróid ag an gcruinniú san gan an leasú san do dhéanamh no cuirfid ar athló an leasú san do bhreithniú tuille.
(7) Nuair a cuirfear ar athló fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so leasú ar mheastachán ar chostaisí do bhreithniú tuille, ansan, tar éis gach gnó do dhéanamh is féidir do dhéanamh ag an ráta-chruinniú go dleathach agus go caothúil gan an rátachruinniú do chur ar athló, cuirfear an ráta-chruinniú ar athló go ceann ceithre lá déag ar a laighead, agus ar ath-chomóra an chruinnithe sin breithneofar agus socrófar an leasú no na leasuithe fé ndeár an cur-ar-athló (go n-atharú ar bith, no gan san, air no orthu ach ní breithneofar ná ní socrófar aon leasú eile ar an meastachán san ar chostaisí agus críochnófar gnó an rátachruinnithe.
Có-choiste réitigh do cheapa agus nithe do chur fé n-a mbráid.
78.—(1) Pé uair is dó le Comhairle na Cathrach no le Comhairle na Buirge go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfí fé bhráid choiste agus go bpléidhfeadh coiste (dá ngairmtear có-choiste breithnithe san alt so) ar n-a cheapa fén alt so éinní áirithe bhaineann le riara na Cathrach no le riara na Buirge no le riara na Cathrach agus na Buirge, féadfaidh an Chomhairle sin a bheartú le rún go gcuirfear an ní sin fé bhráid an choiste sin dá réir sin.
(2) Beidh có-choiste breithnithe có-dhéanta—
(a) de pé méid (nách mó ná triúr) ball de Chomhairle na Cathrach ainmneoidh an Chomhairle sin chuige sin, agus
(b) de pé méid (nách mó ná triúr) ball de Chomhairle na Buirge ainmneoidh an Chomhairle sin chuige sin.
(3) Pé uair a bheartóidh Comhairle na Cathrach no Comhairle na Buirge le rún go gcuirfear ní fé bhráid chó-choiste bhreithnithe, déanfaidh na Comhairlí sin fé seach na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) ainmneoidh an Chomhairle do rith an rún san pé baill den choiste sin go mbeidh sí i dteideal iad d'ainmniú agus is oiriúnach léi d'ainmniú, agus
(b) déanfaidh an Chomhairle dheiridh sin a luaidhtear an rún agus an t-ainmniú san do chur in úil don cheann eile de sna Comhairlí sin, agus
(c) déanfaidh an Chomhairle eile sin, ag an gcéad chruinniú eile tar éis an scéil sin d'fháil di, pé baill den choiste sin d'ainmniú go mbeidh sí i dteideal iad d'ainmniú agus is oiriúnach léi d'ainmniú.
(4) Nuair a bheartóidh Comhairle na Cathrach no Comhairle na Buirge le rún go gcuirfear ní áirithe fé bhráid chó-choiste bhreithnithe agus a déanfar na nithe uile agus fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, tuigfear go ndearnadh go cuibhe an ní sin do chur fé bhráid an chó-choiste bhreithnithe do hainmníodh do réir an fho-ailt sin, agus, chó luath agus bheidh caoi ann chuige, tiocfaidh an coiste sin le chéile agus pléidhfid an ní sin agus tuairisceoid tora an phléidhte sin do sna Comhairlí sin fé seach.
(5) Is i Halla na Cathrach no in áit chaothúil eile chuirfidh Bainisteoir na Cathrach ar fáil a comórfar gach cruinniú de chóchoiste bhreithnithe.
(6) Beidh sé de dhualgas ar Bhainisteoir na Cathrach oifigigh de chuid Bhárdais na Cathrach do chur ar fáil chun gach congnamh rúnaíochta do thabhairt a theastóidh o chó-choiste bhreithnithe ar bith.
(7) Pé uair a cheanglóidh có-choiste breithnithe ortha é beidh Bainisteoir na Cathrach agus Bainisteoir na Buirge fé seach i láthair ag cruinnithe an choiste sin, agus beidh gach Bainisteoir acu san i dteideal bheith i láthair ag cruinnithe de chó-choiste bhreithnithe (pe'ca cheanglóidh an coiste sin air é no ná ceanglóidh) agus páirt do thógaint sna díospóireachtaí ag na cruinnithe sin.
(8) Isé Bárdas na Cathrach íocfaidh sa chéad dul síos gach costas (ach amháin an costas a bhainfidh le háit chruinnithe agus congnamh rúnaíochta do chur ar fáil) fé n-a raghaidh có-choiste breithnithe agus roinnfear an costas san ina dhiaidh sin ar Bhárdas na Cathrach agus ar Bhárdas na Buirge do réir luacháil ionrátuithe na Cathrach agus na Buirge fé seach, agus pé méid den chostas san a cuirfear do réir na roinnte sin ar Bhárdas na Buirge íocfaidh an Bárdas san le Bárdas na Cathrach é ar a éileamh san dóibh.
Leas-bhainisteoir.
79.—(1) Má bhíonn agus pé uair a bheidh an bainisteoir ar saoire no a bheidh sé, toisc é bheith breoite, no as láthair ón gCathair no ón mBuirg no curtha ar fiunraoi o chólíona a dhualgas, gan bheith ábalta, go sealadach, ar na comhachta agus na feidhmeanna a bronntar air leis an Acht so d'fheidhmiú agus ar na dualgaisí a cuirtear air leis an Acht so do chólíona, féadfar leas-bhainisteoir do cheapa fén alt so go dtí go mbeidh deire leis an saoire no leis an neamh-ábaltacht san, ach le haontú an Aire féadfar é do chur as oifig fén alt so aon uair le linn na saoire no na neamh-ábaltachta san.
(2) Má bhíonn an bainisteoir ar saoire agus fós má bhíonn an bainisteoir neamh-ábalta amhlaidh mar adubhradh agus gurb é bheith as láthair ón gCathair no ón mBuirg fé ndeár an neamhábaltacht san féadfaidh an bainisteoir comhacht ceaptha an leasbhainisteora fén alt so d'fheidhmiú, tar éis do dul i gcomhairle leis an Tiarna Méara no leis an gCathaoirleach (pe'ca aca é), roimh an saoire no an neamh-ábaltacht san (pe'ca aca é) agus ag coinne léi dho, ach i ngach cás eile, sé sin le rá, más breoiteacht no curar-fiunraoi fé ndeár an bainisteoir do bheith neamh-ábalta amhlaidh mar adubhradh agus fós má bhíonn an bainisteoir ar saoire no más é bheith as láthair on gCathair no ón mBuirg fé ndeár é bheith neamh-ábalta amhlaidh mar adubhradh agus ná ceapfar leas-bhainisteoir fén alt so roimh an saoire no an neamhábaltacht san no, ar bheith ceaptha amhlaidh do, go gcuirfear as oifig fén alt so é le linn na saoire no na neamh-ábaltachta san féadfaidh an Tiarna Méara no an Cathaoirleach (pe'ca aca é) ach ní fhéadfaidh éinne eile comhacht ceaptha an leas-bhainisteora fén alt so d'fheidhmiú aon uair le linn na saoire no na neamh-ábaltachta san.
(3) I ngach cás féadfaidh an Tiarna Méara no an Cathaoirleach (pe'ca aca é) agus ní fhéadfaidh éinne eile comhacht curtha an leas-bhainisteora as oifig fén alt so d'fheidhmiú.
(4) Beidh ag an leas-bhainisteoir, faid a leanfaidh an tsaoire no an neamh-ábaltacht gur dá druim a ceapadh é no go dtí go gcuirfear as oifig níos túisce ná san fén alt so é, comhachta uile an bhainisteora agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé feidhmeanna agus dualgaisí uile an bhainisteora agus chuige sin léireofar mar thagairt fholuíonn an leas-bhainisteoir gach tagairt san Acht so don bhainisteoir (lasmuich de sna tagairtí don bhainisteoir san alt so agus de sna tagairtí san Acht so do cheapa, do shealbhaíocht oifige agus do luach saothair an bhainisteora).
(5) Íocfaidh an Bárdas leis an leas-bhainisteoir pé luach saothair (más ann do) a shocróidh an Chomhairle le haontú an Aire.
Imeachta dlí.
80.—I ngach aicsean no imeacht eile dlí, síbhialta no coiriuil, a bhunóidh an Bárdas no a bunófar ina choinnibh in aon chúirt dlí no chothruim gníomhóidh an bainisteoir ar son agus thar ceann an Bhárdais agus féadfa sé gach gníomh, ní no rud do dhéanamh is gá dar leis chun an t-aicsean no an t-imeacht eile sin d'ullamhú agus do chur ar aghaidh no do chosaint ar gach slí díreach fé is dá mb'é féin an gearánaí no an cúisitheoir no an cosantóir (pe'ca aca is gá sa chás) ann agus má bhaineann aon aicsean no imeacht eile den tsórt san leis an gComhairle d'fheidhmiú no do chólíona aon cheann de sna feidhmeanna forchimeádtha gníomhóidh an bainisteoir le húdarás ráite na Comhairle agus é ag déanamh aon ghnímh, ní no ruda den tsórt san roimhráite agus tuigfear gur tugadh an t-údarás san do mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt.
CUID III.
Foralacha Ilghneitheacha.
Toghachán comhairleoirí contae do chomóra.
81.—(1) Comórfar toghachán cinn trí mblian do bhaill den Chomhairle Chontae lá an toghacháin.
(2) D'ainneoin éinní atá sa Local Government (Ireland) Act, 1919, no san Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927), comorfar na toghacháin cinn trí mblian do bhaill den Chomhairle Chontae gach tríú bliain tar éis na bliana 1930 agus ní haon bhliain eile.
(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an toghachán do bhaill den Chomhairle Chontae comórfar sa bhliain 1930, sé sin le rá:—
(a) chun crícheanna an toghacháin sin tuigfear na bailecheanntair chó-cheangailte agus an tuath-líomatáiste có-cheangailte do bheith gan bheith ina gcuid ná laistigh den Chontae;
(b) chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith agus roimh lá an toghacháin, déanfaidh an tAire, le hordú, an Chontae lasmuich de sna bailecheanntair chócheangailte agus den tuath-líomatáiste chó-cheangailte do roinnt i pé méid togha-líomatáistí contae is dó leis is ceart agus a bheidh, maidir leis an toghachán san, ina dtogha-líomatáistí contae chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919;
(c) déanfaidh an tAire, leis an ordú san uaidh, a ordú cá líon ball den Chomhairle Chontae toghfar do gach togha-líomatáiste contae fé leith a bunuíodh leis an ordú san agus ordóidh sé an líon san i slí go gcuirfear in áirithe, sa mhéid gur féidir é, gurb é an líon ball a ceapfar do gach líomatáiste fé leith den tsórt san amhlaidh ná an líon is gá i gcóir ionadaíochta cothruim do réir líon na n-áititheoirí;
(d) gach ceanntar vótaíochta atá ann le linn an Achta so do rith agus atá ar fad laistigh de thogha-líomatáiste chontae ar n-a ordú leis an ordú san, beidh sé ina cheanntar vótaíochta chun crícheanna an toghacháin sin, agus gach áit vótaíochta atá in aon cheanntar vótaíochta den tsórt san amhlaidh beidh sí ina háit vótaíochta chun crícheanna an toghacháin sin;
(e) i gcás ceanntair vótaíochta atá ann le linn an Achta so do rith agus ná fuil ar fad laistigh d'aon toghalíomatáiste contae ar n-a ordú leis an ordú san, beidh gach cuid fé leith den cheanntar vótaíochta san atá ar fad laistigh d'aon togha-líomatáiste contae den tsórt san ina ceanntar vótaíochta ar leithligh chun crícheanna an toghacháin sin, agus isiad áiteanna vótaíochta bheidh i ngach ceanntar vótaíochta ar leithligh den tsórt deiridh sin a luaidhtear, sa toghachán san, ná na háiteanna (pe'ca laistigh no lasmuich den cheanntar san dóibh) a cheapfaidh an ceann comhrimh sa toghachán san chuige sin.
Deire le comhairlí tuathcheanntair sa Chontae.
82.—(1) D'ainneoin éinní atá in Acht 1925, beidh feidhm agus éifeacht ag Cuid I (lasmuich d'ailt 7 agus 8) den Acht san sa Chontae ach go gcuirfear an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin in ionad an lae cheaptha agus go léireofar mar thagairt don Acht láithreach so do rith an tagairt atá in alt 6 den Acht san don Acht san do rith.
(2) De bhua feidhm do bheith ag Cuid I d'Acht 1925 sa Chontae amhlaidh, scuirfidh gach comhairle thuathcheanntair go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin laistigh den Chontae de bheith ann an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin agus tiocfaidh as an scur san gach ní go bhforáltar do sa Chuid sin I agus léi.
Oifigigh chomhairlí tuathcheanntair.
83.—(1) Gach duine bheidh, ar an tríú lá déag tar éis lá an toghacháin, ina oifigeach do chomhairle thuathcheanntair go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin sa Chontae, aistreofar é chun seirbhíse na Comhairle Contae no an Bhuird Sláinte (pe'ca aca is gá sa chás) agus tiocfa sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach don chólucht san an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin.
(2) Na forálacha atá i gCuid I den Acht so i dtaobh oifigeach a haistrítear leis an gCuid sin I o sheirbhís chóluchta dhíochurtha chun seirbhíse comharba an chóluchta dhíochurtha san, beidh feidhm acu maidir le gach oifigeach a haistrítear leis an alt so o sheirbhís chomhairle tuathcheanntair chun seirbhíse na Comhairle Contae no an Bhuird Sláinte agus chun crícheanna na feidhme sin agus maidir leis an bhfeidhm sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) tuigfear gur oifigeach aistrithe gach oifigeach a haistrítear leis an alt so o sheirbhís chomhairle tuathcheanntair chun seirbhíse na Comhairle Contae no an Bhuird Sláinte, agus
(b) comhairle thuathcheanntair go n-aistrítear oifigeach o n-a seirbhís leis an alt so, tuigfear, maidir leis an oifigeach san, gurb í sin an seana-chólucht gur o n-a sheirbhís do haistríodh an t-oifigeach san, agus
(c) maidir le hoifigeach a haistrítear leis an alt so chun seirbhíse na Comhairle Contae, tuigfear gurb í an Chomhairle Chontae an comharba gur chun a sheirbhíse do haistríodh an t-oifigeach san, agus
(d) maidir le hoifigeach a haistrítear leis an alt so chun seirbhíse an Bhuird Sláinte, tuigfear gurb é an Bord Sláinte an comharba gur chun a sheirbhíse do haistríodh an t-oifigeach san, agus
(e) tuigfear gurb é an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin an la ceaptha, agus
(f) ní dhéanfaidh an Chomhairle Chontae ná an Bord Sláinte (pe'ca aca é), gan cead an Aire, oifigeach ar bith a haistrítear leis an alt so do chur as oifig fé sna forálacha san a cuirtear i bhfeidhm tríd an bhfo-alt so.
(3) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach aighneas no ceist i dtaobh ce'ca chun seirbhíse na Comhairle Contae no chun seirbhíse an Bhuird Sláinte deintear oifigeach a haistrítear leis an alt so d'aistriú amhlaidh agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.
Connartha seirbhíse le Comhairlí Thuathcheann tair do chimeád i bhfeidhm.
84.—Gach connra seirbhíse, is connra soiléir no iontuigthe, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an gceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin idir comhairle thuathcheanntair go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin laistigh den chontae agus duine ar bith nách oifigeach don chomhairle thuathcheanntair sin, leanfa sé i bhfeidhm ar an gceathrú lá déag agus tar éis an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte (pe'ca aca is gá sa chás) ann in ionad na comhairle tuathcheanntair sin agus beidh an connra san infheidhmithe in aghaidh na Comhairle Contae no an Bhuird Sláinte dá réir sin.
Achtanna 1925 agus 1927 do chur i mbaint leis an gContae agus leis an gCathair.
85.—(1) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in Acht 1925 no in Acht 1927, na coda san (ar a n-áirítear athghairmeanna) d'Acht 1925 (lasmuich de Chuid I de) agus d'Acht 1927 nár bhain leis an gContae ná leis an gCathair roimh an Acht so do rith, ach amháin fo-alt (2) d'alt 57 agus alt 82 d'Acht 1925, bainfid leis an gContae agus leis an gCathair agus beidh éifeacht acu ionta tar éis gach atharuithe ghenerálta do dhéanamh ortha, agus fé réir na n-athruithe sin, is gá chun go mbeidh éifeacht ag an gcur-i-mbaint sin agus tar éis na n-athruithe sonnrácha so leanas do dhéanamh ortha, agus fé n-a réir, sé sin le rá:—
(a) déanfar an ceathrú lá déag tar éis an lae gurb é lá an toghacháin é chun crícheanna an Achta so do chur in ionad an lae cheaptha i ngach áit in Acht 1925 agus fós in ionad an 1adh lá d'Abrán, 1925, i gCuid III den Acht san, agus
(b) déanfar an ceathrú lá déag tar éis an lae gurb é lá an toghacháin é chun crícheanna an Achta so do chur in ionad an 1adh lá d'Abrán, 1927, i ngach áit in Acht 1927 ach amháin sna háiteanna ina bhfuil an dáta san san abairt ‘na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1927,’ agus
(c) déanfar an chéad bhliain airgeadais áitiuil a thosnóidh tar éis an lae gurb é lá an toghacháin é chun crícheanna an Achta so do chur i ngach áit in Acht 1927 in ionad na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1927, agus
(d) bainfidh alt 10 d'Acht 1927 le Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath, agus
(e) gach foráil i gceachtar de sna hAchtanna san le n-a n-atharuítear an líomatáiste muirir i gcóir aon chostaisí, tiocfa sí i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1931.
(2) Ar an gceathrú lá déag agus tar éis an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin gníomhóidh rúnaí na Comhairle Contae agus beidh sé mar phríomh-oifigeach fheidhmiúcháin don Bhord Sláinte.
An tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, do chur i mbaint.
86.—(1) D'ainneoin éinní atá in alt 4 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927), bainfidh Cuid II den Acht san (ach amháin ailt 16 agus 17), agus fós gach riail do rinne an tAire fé alt 14 den Acht san, le Comhairle na Cathrach agus leis an gComhairle Chontae, agus le gach údarás áitiuil go mbeidh a líomatáiste feidhmiúcháin laistigh den Chathair no den Chontae, ach beidh an cur-i-mbaint sin (ach amháin maidir le Coimisinéirí bhaile Bhaile Bhrigín) fé réir forálacha an Achta so agus na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) na baill de Chomhairle na Cathrach agus na baill de Chomhairle na Buirge toghfar chun na gComhairlí sin fé seach sna toghacháin a comórfar sa bhliain 1930 tiocfaid in oifig ar maidin an lae cheaptha,
(b) beidh éifeacht ag alt 14 den Acht san maidir le Bárdas na Cathrach agus le Comhairle na Contae fé is dá mb' ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, a déanfaí na rialacha do rinne an tAire fén alt san roimh an Acht so do rith.
(2) Ní comórfar aon toghachán do bhaill de chomhairle chontaebhuirge Bhaile Atha Cliath do réir an Achta chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1925 (Uimh. 42 de 1925), an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 (Uimh. 22 de 1926), ná an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929 (Uimh. 3 de 1929), agus ina ionad san comórfar toghachán do bhaill de Chomhairle na Cathrach lá an toghacháin fé an Acht so agus dá réir.
(3) Ní comórfar aon toghachán do bhaill den Chomhairle Chontae do réir Choda III den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, mar a leasuítear é leis an Acht um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929, agus ina ionad san comórfar toghachán do bhaill den Chomairle Chontae lá an toghacháin fén Acht so agus dá réir, agus beidh éifeacht ag alt 22 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, maidir leis an gComhairle Chontae fé is dá mb'é an séú lá tar éis lá an toghacháin an dáta orduithe dá dtagartar san alt san.
(4) Ní comórfar aon toghachán do chaomhnóirí do bhochta Aontas Bhaile Atha Cliath do réir an Achta chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1925, an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926, ná an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929.
(5) Ní comórfar aon toghachán do bhaill de chomhairle bhailecheanntair chó-cheangailte ná de chomhairle bhailecheanntair chósta do réir Choda III den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, mar a leasuítear é leis an Acht um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929, agus beidh éifeacht ag alt 22 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, maidir le gach comhairle den tsórt san fé is dá mb'é an lá roimh an lá ceaptha an dáta orduithe dá dtagartar san alt san.
(6) Ní déanfar aon toghachán do bhaill d'aon chomhairle thuathcheanntair go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin laistigh de Chontae Bhaile Atha Cliath ná do chaomhnóirí do bhochta Aontas Ráth Dúin ná do chaomhnóirí do bhochta Aontas Bhaile an Ridire do chomóra do réir Choda III den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, mar a leasuítear é leis an Acht um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929, agus, d'ainneoin éinní atá in alt 22 den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, déanfar téarmaí oifige fé seach gach baill, cathaoirligh, agus leas-chathaoirligh d'aon chomhairle thuathcheanntair den tsórt san no de sna caomhnóirí sin, atá in oifig le linn an Achta so do rith, do shíne go dtí an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin agus ragha sé in éag ar an gceathrú lá déag san.
Alt 44 d'Acht 1925 do leasú.
87.—Maidir le hoifigeach a scuirfidh de bheith i seilbh a oifige de bhua éinní deintear leis an Acht so, no a déanfar fé no dá réir, léireofar fo-alt (3) d'alt 44 d'Acht 1925 agus beidh éifeacht aige, má bhaineann agus sa mhéid go mbaineann sé leis, fé is dá gcuirtí an abairt “ceathrú cuid” isteach ann in ionad na habairte “séú cuid” atá anois ann.
Cuiteamh d oifigigh i gcásanna áirithe.
88.—(1) Gach éinne is oifigeach i seirbhís chóluchta áitiúla le linn an Achta so do rith agus go dtárlóidh do, de bhíthin éinní a deintear leis an Acht so no a déanfar fé no dá réir—
(a) go gcuirfear é as oifig no go scuirfe sé de bheith i seilbh oifige de bhíthin deire do chur le n-a oifig agus ná beidh teideal aige, fé aon achtachán seachas an tAcht so, chun cúitimh ina chur as oifig no ina scur amhlaidh, no
(b) go gcaillfe sé airgead de bhíthin a thuarastal no a shochar oifige do laigheadú,
féadfaidh an cólucht áitiuil gur ina seirbhís a bheidh sé le linn an chur-as-oifig, an scuir, no na cailliúna san no, má sé an Bord Sláinte an cólucht san, féadfaidh an Chomhairle Chontae an cúiteamh a luaidhtear anso ina dhiaidh seo do dheona dho agus d'íoc leis mar gheall ar an gcur-as-oifig, ar an scur, no ar an gcailliúint sin.
(2) Isé méid an chúitimh a féadfar do dheona d'oifigeach agus d'íoc leis fén alt so ná an méid, agus é i bhfuirm liúntais bhliantúla no aisce, ar a gcó-aontófar, le cead an Aire, idir an t-oifigeach san agus an cólucht ag a mbeidh an cúiteamh san iníoctha no (de cheal an chó-aontuithe agus an cheada san) a shocróidh an tAire ag féachaint do sna nithe seo leanas do, sé sin le rá:—
(a) na coiníollacha ar ar ceapadh an t-oifigeach san chun seirbhíse an chóluchta áitiúla gur ina sheirbhís do bhí sé le linn an Achta so do rith,
(b) cineál agus buaine a fhostaíochta sa tseirbhís sin,
(c) más oifigeach é ná caitheann a chuid ama go léir le dualgaisí a oifige, an méid ama chaitheann sé leis na dualgaisí sin,
(d) ma cuirtear as oifig é, no má scuireann sé de bheith i seilbh oifige de bhíthin deire do chur leis an oifig sin, an méid cúiteamh dob' fhéidir do dheona dho dá ndeintí an cúiteamh san d'áireamh fé alt 44 d'Acht 1925 agus é leasuithe tríd an abairt “ceathrú cuid” do chur in ionad na habairte “séú cuid” i bhfo-alt (3) dhe,
(e) más cailliuint airgid a thárlóidh do, an méid cúitimh dob' fhéidir do dheona dho dá ndeintí an cúiteamh san d'áireamh fé alt 56 d'Acht 1925 agus é leasuithe tríd an abairt “ceathrú cuid” do chur in ionad na habairte “séú cuid” i mír (b) d'fho-alt (3) dhe,
(f) a dhóichighde dho (má ba dhócha in aon chor é) fanúint in oifig ar feadh tréimhse ní ba shia no gan éinní do chailliuint (pe'ca aca is gá sa chás) dá mba ná rithfí an tAcht so,
(g) éinní eile bhaineann le n-a chás.
(3) An cúiteamh a deonfar do dhuine fén alt so ní ragha sé:—
(a) má cuirtear as oifig é, thar an gcúiteamh maximum dob' fhéidir do dheona dho dá ndeintí an cúiteamh san d'áireamh fé alt 44 d'Acht 1925 agus é leasuithe tríd an abairt “ceathrú cuid” do chur in ionad na habairte “séú cuid” i bhfo-alt (3) dhe, agus
(b) más cailliuint airgid a thárlóidh do, thar an gcúiteamh maximum dob' fhéidir do dheona dho dá ndeintí an cúiteamh san d'áireamh fé alt 56 d'Acht 1925 agus é leasuithe tríd an abairt “ceathrú cuid” do chur in ionad na habairte “séú cuid” i mír (b) d'fho-alt (3) dhe.
An tAcht Freastal Scoile, 1926, do chur i mbaint.
89.—(1) Leanfaidh gach ceann de sna líomatáistí seo leanas, eadhon, Bailecheanntar na Carraige Duibhe, Bailecheanntar Dhún Laoghaire, Bailecheanntar Ráth Maonas agus Ráth Garbh, Bailecheanntar Phembróc, agus na líomatáistí freastal scoile uile agus fé seach atá sa Chathair le linn an Achta so do rith, leanfaid go dtí an 1adh lá d'Abrán, 1931, de bheith agus ansan scuirfid de bheith ina líomatáistí freastal scoile do réir bhrí an Achta Freastal Scoile, 1926 (Uimh. 17 de 1926), agus ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus dá éis sin, tiocfaidh an Chathair agus an Bhuirg fé seach chun bheith agus beid ina líomatáistí freastal scoile do réir bhrí an Achta san.
(2) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus dá éis sin beidh éifeacht ag an Acht Freastal Scoile, 1926, sa Chathair, sa Bhuirg, agus sa Chontae fé is dá ndeintí an Chathair agus an Bhuirg do luadh sa Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus Contae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath agus na ceithre bailecheanntair sin do leigint ar lár sa Sceideal san.
(3) Nuair a bheidh an tAcht Freastal Scoile, 1926, á chur i mbaint leis an gCathair agus leis an mBuirg, tuigfear an 1adh lá d'Abrán, 1931, do bheith orduithe ag an Aire Oideachais fé alt 10 den Acht san mar am a thosnóidh téarma oifige na ndaoine is comharbaí, sa Chathair agus sa Bhuirg fé seach, do sna coistí dá ngairmtear san alt san na céad choistí freastal scoile.
(4) Féadfar roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, an Chathair (le n-a n-áirítear an tuath-líomatáiste có-cheangailte) agus an Bhuirg fé seach do roinnt ina dhá líomatáiste fhreastal scoile no níos mó fé fho-alt (1) d'alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926, agus coiste freastal scoile do cheapa fé fho-alt (3) den alt san 10 d'aon líomatáiste freastal scoile bheidh có-theoranta leis an gCathair (le n-a n-áirítear an tuath-líomatáiste có-cheangailte) no leis an mBuirg no ina chuid de cheachtar acu san, agus má deintear an roinnt agus an ceapa san beidh éifeacht acu an lá san.
Forálacha i dtaobh an chláir de thoghthóirí.
90.—(1) Déanfar gach páirt ar leithligh den tuath-líomatáiste chó-cheangailte do thaisbeaint ar leithligh sa tslí orduithe sa chlár de thoghthóirí don chontae do tháinig i bhfeidhm an 1adh lá de Mheitheamh, 1930.
(2) Chó luath agus bheidh caoi ann chuige tar éis an Achta so do rith agus roimh lá an toghacháin leasóidh oifigeach clárathachta na contae an clár san de thoghthóirí i slí go mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus chun gach críche isé an clár san de thoghthóirí, agus é leasuithe amhlaidh, an clár de thoghthóirí don chontae bheidh i bhfeidhm go dtí an 1adh lá de Mheitheamh, 1931.
Aontas Bhaile Atha Cliath fé Dhlí na mBocht do riara.
91.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis lá an toghacháin ceapfaidh Comhairle na Cathrach agus an Chomhairle Chontae chun crícheanna an ailt seo coiste (dá ngairmfear Coiste Aontas Bhaile Atha Cliath) ar a mbeidh ceathrar a cheapfaidh Comhairle na Cathrach agus éinne amháin a cheapfaidh an Chomhairle Chontae, agus chun críche an cheaptha san tuigfear gan oifig Bhainisteoir na Cathrach do bheith ina hoifig shochair do réir bhrí Airtiogail 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ná do réir bhrí ailt 70 d'Acht 1925.
(2) An tOrdú dar dáta an 21adh lá de Mhí na Samhna, 1923, agus do rinneadh fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), agus tré n-ar scuireadh Bord Caomhnóirí Aontas Bhaile Atha Cliath, leanfa sé i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1932, agus ansan scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige, ach díreach tar éis ceapa an choiste sin fén alt so do bheith críochnuithe tiocfaidh na daoine bheidh an uair sin ag cólíona dualgaisí an Bhuird Chaomhnóirí sin (de bhua ceaptha fé fho-alt (3) den alt san 12 den Acht um Rialtais Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923, no de bhua ceaptha fé fho-alt (3) d'alt 72 d'Acht 1925) chun bheith agus beid curtha as oifig de bhua an fho-ailt seo agus tiocfaidh an coiste sin chun bheith agus beid, de bhua an ailt seo, ceaptha gan luach saothair ina n-ionad, agus tiocfaidh maoin, comhachta, agus dualgaisí an Bhuird Chaomhnóirí sin chun bheith agus beid aistrithe chun an choiste sin de bhua an fho-ailt seo agus beidh éifeacht ag an Ordú san fé is dá ndeineadh an tAire an cur-as-oifig, an ceapa, agus an t-aistriú san fé fho-alt (3) d'alt 72 d'Acht 1925.
Aontas Ráth Dúin fé Dhlí na mBocht do riara.
92.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis lá an toghacháin ceapfaidh an Chomhairle Chontae chun crícheanna an ailt seo coiste (dá ngairmfear Coiste Aontas Ráth Dúin) ar a mbeidh pé méid daoine is dó leis an gComhairle sin is ceart.
(2) I gcionn ceithre lá déag tar éis lá an toghacháin tiocfaidh Bord Caomhnóirí Aontas Ráth Dúin chun bheith agus beid scurtha de bhua an ailt seo, agus tiocfaidh maoin agus comhachta agus dualgaisí uile agus fé seach an Bhuird Chaomhnóirí sin chun bheith agus beid, de bhua an ailt seo, aistrithe chun an choiste sin a ceapfar fén alt so.
(3) Bainfidh alt 72 d'Acht 1925 le hAontas Ráth Dúin fé Dhlí na mBocht agus le Bord Caomhnóirí an Aontais sin agus le maoin, comhachta agus dualgaisí an Bhuird sin fé is dá mba le hordú do dhéanfadh an tAire fén alt san 72 do déanfaí an scur san ar an mBord san agus an t-aistriú san ar an maoin, na comhachta, agus na dualgaisí sin a deintear de bhua an ailt seo.
Aontas Bhaile an Ridire fé Dhlí na mBocht do riara.
93.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis lá an toghacháin ceapfaidh an Chomhairle Chontae chun crícheanna an ailt seo coiste (dá ngairmfear Coiste Aontas Bhaile an Ridire) ar a mbeidh pé méid daoine is dó leis an gComhairle sin is ceart.
(2) I gcoinn ceithre lá déag tar éis lá an toghacháin tiocfaidh Bord Caomhnóirí Aontas Bhaile an Ridire chun bheith agus beidh sé scurtha de bhua an ailt seo, agus tiocfaidh maoin agus comhachta agus dualgaisí uile agus fé seach an Bhuird Chaomhnóirí sin chun bheith agus beid, de bhua an ailt seo, aistrithe chun an choiste sin a ceapfar fén alt so.
(3) Bainfidh alt 72 d'Acht 1925 le hAontas Bhaile an Ridire fé Dhlí na mBocht agus le Bord Caomhnóirí an Aontais sin agus le maoin, comhachta, agus dualgaisí an Bhuird sin fe is dá mba le hordú do dhéanfadh an tAire fén alt san 72 do déanfaí an scur san ar an mBord san agus an t-aistriú san ar an maoin, na comhachta, agus na dualgaisí sin a deintear de bhua an ailt seo.
Rátaí na contae do leasú.
94.—(1) Féadfaidh Rúnaí na Comhairle Contae o am go ham aon ráta no cáinmheas in aon leabhar rátaí chimeádann an Chomhairle Chontae do leasú tré ainm éinne ba cheart do rátú do chur isteach ann no tré ainm éinne nár cheart do rátú do bhuala amach as no tríd an suim ar ar rátuíodh duine do mhéadú no do laigheadú no tré pé leasú eile do dhéanamh ann tré n-a mbeidh an ráta no an cáinmheas san do réir na bhforálacha d'aon Acht a bheidh i bhfeidhm do thurus na huaire agus a bhaineann leis an ráta no leis an gcáinmheas san do bhuala no do dhéanamh.
(2) Gach duine ar a ngoillfidh aon atharú den tsórt san beidh an ceart céanna aige chun athchomhaire ina choinnibh do bheadh aige dá gcuirtí a ainm isteach sa ráta no sa cháinmheas san o thosach agus ná déanfaí aon atharú den tsórt san ann, agus maidir leis an duine sin tuigfear gur buaileadh an ráta nuair do fuair sé fógra i dtaobh an leasuithe sin.
Cuntaisí d'iniúcha.
95.—(1) Pé méid d'alt 11 den Local Government (Ireland) Act, 1871, gur gá dá réir gurb é dhéanfaidh an t-iniúcha agus an scrúdú cuntaisí luaidhtear san alt san ná an t-iniúchóir cuntaisí i dtaobh fóirithin na mbocht i gcóir aontais áirithe, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige sa Chathair agus sa Chontae ar an Acht so do rith agus ina ionad san achtuítear leis seo gurb é dhéanfaidh gach iniúcha agus scrúdú cuntaisí do réir an ailt sin 11 sa Chathair agus sa Chontae ná an t-iniúchóir ordóidh an tAire.
(2) Ar an Acht so do rith scuirfidh alt 64 den Local Government (Ireland) Act, 1898, d'éifeacht do bheith aige sa Chathair agus sa Chontae.
Uisce do sholáthar don Bhuirg.
96.—(1) Gach reacht, agus gach ordú ar n-a dhéanamh fé údarás reachtúil, tré n-a mbeidh sé de cheangal ar Bhárdas na Cathrach, díreach roimh an lá ceaptha, uisce do sholáthar chun a úsáidthe i mbailecheanntar Dhún Laoghaire no tré n-a mbeidh praghas ar an soláthar san socruithe no tré n-a bhféadfar an praghas san d'atharú o am go ham, beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an ailt seo, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, ach go gcuirfear an Bhuirg agus Bárdas na Buirge isteach ionta in ionad an bhailecheanntair sin agus comhairle an bhailecheanntair sin.
(2) Gach foráil a bheidh in aon reacht no ordú agus tré n-a mbeidh sé de cheangal ar Bhárdas na Cathrach, díreach roimh an lá ceaptha, uisce do sholáthar chun a úsáidthe in aon cheann de sna bailecheanntair chósta seachas bailecheanntar Dhún Laoghaire scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige ar an lá ceaptha agus dá éis sin ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo.
(3) Aon uisce sholáthróidh Bárdas na Cathrach do Bhárdas na Buirge chun a úsáidthe sa Bhuirg do réir an ailt seo soláthrófar é i ngach áit ar leithligh in ar gá do Bhárdas na Cathrach do réir dlí, díreach roimh an lá ceaptha, uisce do sholáthar chun a úsáidthe sna líomatáistí fé seach is ionann agus na bailecheanntair chósta le linn an Achta so do rith ach tuigfear i dtaobh an uisce go léir a soláthrófar amhlaidh gur chun a úsáidthe sa Bhuirg go generálta atá sé a sholáthar.
Brainse-phíopaí uisce do choinneail i dtreo.
97.—Féadfaidh Bárdas na Cathrach agus Bárdas na Buirge fé seach a aontú gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá, na brainse-phíopaí no aon chuid áirithe de sna brainsephíopaí, tré n-a mbeirtear soláthar uisce ón mór-phíopa go dtí aon ionoighreachta no tionóntachán sa Chathair no sa Bhuirg (pe'ca aca é), do sholáthar, do chur síos, d'athnuachaint, no do choinneail i dtreo.
Bailecheanntar Bhinn Eadair do leathnú.
98.—(1) Féadfaidh comhairle bhailecheanntair Bhinn Eadair, uair ar bith tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, a iarraidh ar an Aire teora an bhailecheanntair sin do leathnú i slí go gcuirfear leis cuid ar bith den Chontae ná beidh ann an uair sin.
(2) Ar fháil iarratais fén bhfo-alt san roimhe seo dho féadfaidh an tAire, tar éis fiosrúcháin áitiúla i dtaobh abhar an iarratais sin do chomóra agus tar éis aon aithris chúise dhéanfaidh an Chomhairle Chontae no Bárdas na Cathrach leis do bhreithniú, ordú sealadach do dhéanamh do bhéarfaidh éifeacht don tairisgint a bheidh san iarratas san agus san tar éis pé atharú (más ann do) is dó leis is ceart do dhéanamh uirthi no féadfa sé diúltú do ghéille don iarratas san.
(3) Ní bheidh éifeacht ag ordú sealadach fén alt so mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é.
(4) Féadfaidh pé forálacha bheith in ordú sealadach fén alt so is dó leis an Aire is ceart, maidir le maoin, cirt agus fiachaisí do choigeartú agus cúrsaí airgeadais agus eile do shocrú idir comhairle bhailecheanntair Bhinn Eadair agus an Chomhairle Chontae de dhruim an orduithe sin.
Cosaint do chirt iascaigh in Abha na Life.
99.—Ní oibreoidh éinní san Acht so chun deifir do dhéanamh d'aon iascach no ceart iascaigh atá ann le linn an Achta so do rith agus atá suidhte i gcuid ar bith no infheidhmithe maidir le cuid ar bith d'Abha na Life ná chun deifir do dhéanamh d'unaereacht ithir leaba Abha san na Life.
Fiosrúcháin áitiúla.
100.—Pé uair a chomórfaidh an tAire fiosrúchán áitiuil do réir orduithe no fé údarás do bheirtear leis an Acht so, bainfidh Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Application of Enactments Order, 1898, leis an bhfiosrúchán san fé mar a bhaineann sé leis na fiosrúcháin a luaidhtear san Airtiogal san.
Binse do cheapa chun tuarasgabháil do thabhairt ar theoranna agus ar chó-sheirbhísí sláinte puiblí.
101.—(1) Déanfaidh an tAire ar pé dhá ócáid is dó leis is ceart laistigh de sna teoranta luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus fós ar pé ócáidí agus ar pé méid ócáidí (más ann dóibh) ina dhiaidh sin is dó leis is ceart, pé méid de pé saghas daoine is oiriúnach leis ar gach ócáid fé leith acu san do cheapa le hordú chun bheith ina mbinse chun crícheanna an ailt seo agus déanfa sé le gach ordú fé leith den tsórt san duine de bhaill an bhinse ceapfar leis an ordú san d'ainmniú chun bheith mar chathaoirleach ar an mbinse sin agus pé duine is oiriúnach leis do cheapa chun bheith mar rúnaí don bhinse sin agus lá, uair, agus áit a bheidh caothúil do cheapa do chéad chruinniú an bhinse sin.
(2) Is laistigh de chúig bliana tar éis an Achta so do rith a ceapfar an chéad bhinse ceapfar fén alt so agus is i gcionn trí mblian ar a laighead tar éis an chéad bhinse sin do cheapa agus fé cheann deich mblian ar a mhéid tar éis an Achta so do rith a ceapfar an dara binse den tsórt san.
(3) Beidh sé de dhualgas ar gach binse ceapfar fén alt so breithniú agus molta do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabhairt don Aire, chó tapaidh is bheidh san caothúil dóibh, i dtaobh na nithe seo, eadhon, an gá no an fearr an uair sin aon atharuithe do dhéanamh ar theoranta na Cathrach agus na Contae fé seach agus ar na líomatáistí riaracháin áitiúla uile agus fé seach laistigh den Chontae agus, más gá no más fearr, cadiad na hatharuithe iad, agus fós an gá no an fearr an uair sin aon choigeartuithe generálta do dhéanamh ar chúrsaí airgeadais na Cathrach, na Contae, agus na líomatáistí riaracháin áitiúla uile agus fé seach laistigh den Chontae agus, más gá no más fearr, cadiad na coigeartuithe iad, agus fós an gá no an fearr an uair sin aon tsocruithe do dhéanamh chun có-sheirbhísí rialtais áitiúla no sláinte puiblí do bhunú chun có-thairbhe d'aon dá cheann no níos mó de sna líomatáistí seo leanas, sé sin le rá, an Chathair, an Chontae, agus na líomatáistí riaracháin áitiúla uile agus fé seach laistigh den Chontae, agus chun go mbeadh na seirbhísí sin fé chó-rialú na n-údarás n-áitiuil uile agus fé seach go ndlighinse sna líomatáistí fé seach ag a mbeadh tairbhe na seirbhísí sin, agus, más gá no más fearr, cadiad na socruithe iad.
(4) Leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach gach tuarasgabháil do bhéarfaidh binse ceapfar fén alt so uaidh.
(5) Beidh ag binse ceapfar fén alt so, chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistithe fé mhionn no ar aon tslí eile agus chun a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt i láthair gach comhacht, ceart, agus príbhléid den tsórt atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh di maidir le triail aicsin, agus beidh gairm fé láimh chathaoirligh an bhinse cóionann agus den éifeacht chéanna le próiseas fuirmeálta ar n-a thabhairt amach don Ard-Chúirt chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt i láthair.
(6) Más rud é—
(a) ar ghairm éinne go cuibhe chun teacht i láthair binse do ceapadh fén alt so mar fhínné, ná tiocfa sé i láthair, no
(b) ar bheith i láthair d'éinne mar fhínné, go ndiúltóidh sé do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an binse sin air go dleathach do thabhairt, no d'aon scríbhinn do thabhairt i láthair a bheidh fé n-a chúram no ar fáil aige agus a cheanglóidh an binse sin air go dleathach do thabhairt i láthair, no d'aon cheist do fhreagairt go bhféadfaidh an binse sin go dleathach a cheangal air freagra do thabhairt uirthi, no
(c) go ndéanfaidh éinne ní ar bith eile do bheadh, dá mba Chúirt Bhreithiúnais go gcomhacht duine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbheaga Chúirte an binse sin, ina dhísbheaga ar an gCúirt sin,
féadfaidh cathaoirleach an bhinse sin cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a láimh don Ard-Chúirt agus, tar éis pé fiosrú is dó leis an gCúirt sin is ceart do dhéanamh, féadfa sí píonós do chur ar an duine sin no cur chuige sin do dhéanamh díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin do dhísbheaga.
(7) Beidh ag fínné, agus é i láthair binse ceapfar fén alt so, teideal chun na saoirsí agus chun na bpríbhléidí céanna do bheadh aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.
(8) Na costaisí agus na caithteachaisí fé n-a raghaidh binse no fé n-a raghfar maidir le binse ceapfar fén alt so, déanfaidh pé cinn de sna cóluchtaí seo leanas ordóidh an binse sin iad d'íoc leis an Aire sa mhéid go gceadóidh an tAire é, sé sin le rá, Bárdas na Cathrach, an Chomhairle Chontae, agus na húdaráis áitiúla uile agus fé seach go mbeidh a líomatáistí feidhmiúcháin laistigh den Chontae, agus féadfaidh an tAire an cion de sna costaisí agus de sna caithteachaisí sin is iníoctha amhlaidh ag aon chólucht acu san do bhaint den chólucht san mar fhiacha síbhialta.
Achtacháin do chur i mbaint agus d'oiriúnú.
102.—(1) Gach achtachán (agus Achtanna áitiúla, pearsanta, agus príobháideacha d'áireamh) agus gach ordú atá i bhfeidhm, le linn an Achta so do rith, sa tseana-chathair no sa chontae no i gceachtar de sna bailecheanntair chó-cheangailte no in aon cheann de sna bailecheanntair chósta, no maidir le haon líomatáiste acu san, léireofar iad agus beidh éifeacht acu, ar an Acht so do rith agus dá éis sin ach fé réir aon ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so i dtaobh an achtacháin no an orduithe sin, tar éis pé atharuithe do dhéanamh ortha is gá chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an Achta so.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) pé oiriúnuithe agus atharuithe, do chífear don Aire do bheith riachtanach no oiriúnach chun an Achta so do chur in éifeacht, do dhéanamh ar aon Acht áitiuil no pearsanta no príobháideach no ar aon ordú bhaineann leis an seana-chathair no le ceachtar de sna bailecheanntair chó-cheangailte no le haon cheann de sna bailecheanntair chósta agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith;
(b) aon Acht áitiuil no pearsanta no príobháideach no aon ordú bhaineann leis an seana-chathair no le haon chuid di no le ceachtar de sna bailecheanntair chó-cheangailte, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, do chur i mbaint le hiomlán na Cathrach;
(c) aon Acht áitiuil no pearsanta no príobháideach no aon ordú bhaineann le haon cheann de sna bailecheanntair chósta, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, do chur i mbaint leis an mBuirg.
(3) Maidir le haon Acht (agus Achtanna rithfear tar éis an Achta so do rith ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, d'áireamh) no aon ordú do rinneadh fé údarás reachtúil, agus baint ghenerálta aige le buirgí, contae-bhuirgí, no bailecheanntair, no comhairlí buirgí, contae-bhuirgí no bailecheanntar, féadfaidh an tAire, le hordú, gach oiriúnú agus atharú do dhéanamh air i dtaobh an tAcht no an t-ordú san do chur i mbaint sa Chathair agus sa Bhuirg no i gceachtar acu no maidir leo no le ceachtar acu no maidir le Bárdas na Cathrach, Comhairle na Cathrach, Bárdas na Buirge, agus Comhairle na Buirge no le haon cheann acu, gach oiriúnú agus atharú do chífear don Aire bheith riachtanach no oiriúnach chun an Achta so do chur in éifeacht.
(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén ordú san roimhe sin.
Achtanna Príobháideacha agus orduithe iomarcacha.
103.—(1) Más léir don Aire go bhfuil in aon Acht áitiuil no pearsanta no príobháideach, no in aon ordú bhaineann leis an seana-chathair no le ceachtar de sna bailecheanntair chócheangailte agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, forálacha atá buiniscionn le forálacha no nea-riachtanach de dhruim forálacha no gur leor ina n-ionad forálacha do rinneadh leis an Acht so no fé, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná beidh baint ag na forálacha san den Acht no den ordú san sa Chathair ná maidir leis an gCathair, agus ar dhéanamh an orduithe sin ní bheidh baint ag na forálacha luadhfar ann den Acht no den ordú san sa Chathair ná maidir leis an gCathair.
(2) Más léir don Aire go bhfuil in aon Acht áitiuil no pearsanta no príobháideach, no in aon ordú bhaineann le haon cheann de sna bailecheanntair chósta agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, forálacha atá buiniscionn le forálacha no nea-riachtanach de dhruim forálacha no gur leor ina n-ionad forálacha do rinneadh leis an Acht so no fé, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná beidh baint ag na forálacha san den Acht no den ordú san sa Bhuirg ná maidir leis an mBuirg, agus ar dhéanamh an orduithe sin ní bheidh baint ag na forálacha luadhfar ann den Acht no den ordú san sa Bhuirg ná maidir leis an mBuirg.
(3) Ní thiocfaidh ordú ar bith a déanfar fén alt so i bhfeidhm mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus aontú leis d'fháil tré rún o gach Tigh den Oireachtas.
Lá an toghacháin agus an lá ceaptha.
104.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapa nách déanaí ná an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1930, chun bheith mar lá thoghacháin chun crícheanna an Achta so.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá sa bhliain 1930 agus tar éis lá an toghacháin do cheapa chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.
Athghairm.
105.—Deintear leis seo no hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal a gabhann leis an Acht so d'athghairm, i slí go mbeid athghairmthe ar an gceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin agus as san amach, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal.
106.—Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930, do ghairm den Acht so.
CEAD SCEIDEAL.
TUATH-LIOMATAISTE CO-CHEANGAILTE.
CUID I.
Bailte Fearainn Iomlana.
TUATHCHEANNTAR BHAILE ATHA CLIATH THUAIDH.
Ainm an Bhaile Fearainn. | An Togha-Roinn Cheanntair ina bhfuil sé suidhte. |
Bettyville | Binn Eadair (Tuath) |
Garraí na Lus | Glas Noidhean (Tuath) |
Cabrach | Fionnghlais |
Cnucha | Cnucha |
Séipéal Iosóilde | Cnucha |
Charleville | Binn Eadair (Tuath) |
Cluain Tuirc | Drom Connrach (Tuath) |
Foxlands | Binn Eadair (Tuath) |
Furrypark | Drom Connrach (Tuath) |
Hampstead Hill | Drom Connrach (Tuath) |
Hampstead South | Drom Connrach (Tuath) |
Cill Easra, Thuaidh | Drom Connrach (Tuath) |
Maryville | Binn Eadair (Tuath) |
North Bull | Drom Connrach (Tuath) |
North Bull | Binn Eadair (Tuath) |
Baile an Phúca | Drom Connrach (Tuath) |
Ráth Eanna, Thuaidh | Binn Eadair (Tuath) |
Ráth Eanna, Theas | Binn Eadair (Tuath) |
St. James | Cnucha |
Sibylhill | Drom Connrach (Tuath) |
Páirc na Tulchan | Glas Noidhean (Tuath) |
Violet Hill Great | Glas Noidhean (Tuath) |
Violet Hill Little | Glas Noidhean (Tuath) |
TUATHCHEANNTAR BHAILE ATHA CLIATH THEAS.
Annefield | Domhnach Broc |
Cinnmhuighe (paróiste Croimghlinne) | Domhnach Broc Tor Fhionnabhair |
Cluain Sceach | |
Larkfield | Tor Fhionnabhair |
Newtown Little | Ráth Fearnan |
Priesthouse | Domhnach Broc |
San Labhrás | Tigh Guaire |
Simmonscourt | Domhnach Broc |
Stannaway | Tor Fhionnabhair |
Tor Fhionnabhair | Tor Fhionnabhair |
Tonguefield | Tor Fhionnabhair |
CUID II.
Coda de Bhailte Fearainn.
An chuid de Bhaile Fearainn na Cabraighe i dTogha-Roinn Cheanntair Chnucha agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Thuaidh atá teoranta mar leanas, sé sin le rá:—
Ag tosnú ag puinte ar an teorainn idir Bailte Fearainn na Cabraighe agus Chnucha i dTogha-Roinn Cheanntair Chnucha i lár Blackhorse Lane os coinne an chruinn-gheata atá buailte leis an áitreabh ceadúnuithe dá ngairmtear an “Hole in the Wall,” 1,000 slat ar an taobh thoir theas de Gheata Ashtown ar Pháirc an Fhionn-uisce, ag dul o thuaidh fan teorann thoir na dtailte atá ag dul le Teaghlach San Uinseann go sconnsa theas Bhóthar na Cabraighe, as san trasna an bhóthair sin agus o thuaidh feadh 150 slat fan teorann thoir an ghabháltais atá rátuithe in ainm Sarah Donnelly, as san soir o dheas fan an sconnsa feadh 280 slat, o dheas fan an sconnsa feadh 40 slat, soir o dheas fan an sconnsa feadh 500 slat, soir o thuaidh fan an sconnsa feadh 120 slat, soir o dheas fan an sconnsa feadh 90 slat agus soir o thuaidh fan an sconnsa feadh 230 slat go dtí an tslí isteach go Scoil Chlochair Shan Doiminic, as san soir feadh 175 slat go lár an bhóthair phuiblí théigheann go Pelletstown agus ag buala le teorainn bhaile fearainn Bhaile Fearainn na Cabraighe, i dTogha-Roinn Cheanntair Chnucha, as san soir o dheas, siar o dheas agus siar o thuaidh fan teorann an bhaile fearainn sin go dtí an puinte tosnuithe.
An chuid de Bhaile Fearainn Ghráinseach Gormáin Thuaidh, i dTogha-Roinn Cheanntair Ghlas Noidhean (Tuath) agus i dTuathchcanntar Bhaile Atha Cliath Thuaidh, atá suidhte lasmuich den tSeana-Chathair.
An chuid de Bhaile Fearainn Fhearann Oighreachta Chill Easra, i dTogha-Roinn Cheanntair Dhrom Connrach (Tuath) agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Thuaidh, atá suidhte lasmuich den tSeana-Chathair.
Na coda de Bhailte Fearainn Prospect agus Slutsend no West Farm, i dTogha-Roinn Cheanntair Chlas Noidhean (Tuath) agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Thuaidh, atá suidhte lasmuich den tSeana-Chathair.
An chuid de Bhaile Fearainn Chroimghlinne, i dTogha-Roinn Cheanntair Thor Fhionnabhair agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Theas, atá teoranta mar leanas, sé sin le rá:—
Ag tosnú ag puinte ar an teorainn idir Baile Fearainn Chroimghlinne agus Baile Fearainn Bhaile Uilcín i lár Bhóthar na Druimnighe 416 slata ón gcoirneul is neasa den áitreabh cheadúnuithe dá ngairmtear an “Halfway House,” ag dul as san soir feadh 415 slat fan lár Bhóthar na Druimnighe go puinte ar sconnsa theas Bhóthar Chroimghlinne 36 slata ar an taobh thoir thuaidh den tslí isteach go Faiche Imeartha an Imperial Tobacco Company, Limited, as san soir o dheas feadh 120 slat fan an sconnsa atá trasna tailte Prospect House, as san soir o thuaidh feadh 63 slat fan an sconnsa, atá idir Faiche na hImeartha agus tailte Prospect House, as san soir o dheas feadh 10 slat agus soir feadh 313 slat fan teorann theas an ghabháltais atá i seilbh Anne Murphy go lár Windmill Lane, as san fan lár Windmill Lane go dtí an teora idir Bailte Fearainn Chroimghlinne agus Stannaway, as san fan teorann bhaile fearainn Chroimghlinne i dtreo ghenerálta soir, o thuaidh, siar, agus o dheas go dtí an puinte tosnuithe.
An chuid de Bhaile Fearainn Ráth Fearnan, i dTogha-Roinn Cheanntair Ráth Fearnan agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Theas, atá teoranta mar leanas, sé sin le rá:—
Ag tosnú ar theorainn thoir Bhaile Fearainn Ráth Fearnan, 560 slat ar an taobh thuaidh de Bhaile Fearainn Ghráinseach an Araldaigh, ag an bpuinte ag a dtéigheann an lána trasna an tsrotha, ag dul fan sconnsa theas an lána san siar o thuaidh feadh 430 slat, as san siar o dheas feadh 270 slat fan sconnsa thoir an lána atá teoranta le taobh thoir tailte Chlochair Loreto, as san soir o dheas feadh 40 slat go sconnsa theas an lána théigheann go Bóthar na Gráinsighe, as san siar fan sconnsa theas an lána san feadh 140 slat, as san siar fan teoranta theas an gháirdín atá i seilbh Bhan-Uachtarán Mhainistir Loreto agus na n-áitreabh dá ngairmtear Abbey View Cottage agus Washington Lodge go puinte i lár Bhóthar na Gráinsighe, as san o dheas fan lár an bhóthair sin feadh 170 slat, as san siar i líne dhíreach fan teorann theas an tailimh ar a bhfuil bothóga agus plásáin Chomhairle Thuathcheanntair Bhaile Atha Cliath Theas, trasna Bóthar an Teampaill Ghil agus trasna gabháltas Percy Carey go teora bhaile fearainn Bhaile Fearainn Ráth Fearnan, as san o thuaidh, soir, agus o dheas fan na teorann baile fearainn sin do dtí an puinte tosnuithe.
An chuid de Bhaile Fearainn Rinn Mhuirbhthean, i dTogha-Roinn Cheanntair Dhomhnach Broc agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Theas, atá suidhte lasmuich de Bhailecheanntar Phembróc.
An chuid sin de Bhaile Fearainn Harmonstown, i dTogha-Roinn Cheanntair Dhrom Connrach (Tuath) agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Thuaidh, atá teoranta mar leanas, sé sin le rá:—
Ag tosnú ag puinte ar an teorainn idir Bailte Fearainn Furrypark agus Harmonstown, i dTogha-Roinn Cheanntair Dhrom Connrach (Tuath), mar a dtéigheann an teora san trasna sconnsa thiar thuaidh Mhór-Bhóthar Iarainn an Tuaiscirt, ag dul soir o thuaidh fan an sconnsa san feadh 653 slat go dtí an áit ina dtéigheann an sconnsa san trasna na teorann atá idir Baile Fearainn Harmonstown, i dTogha-Roinn Cheanntair Dhrom Chonnrach (Tuath), agus Baile Fearainn Glebe, i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath), as san soir o dheas, o dheas, soir o dheas, siar o dheas, siar, siar o thuaidh, siar o dheas, agus o thuaidh fan teorann an Bhaile Fearainn sin Harmonstown go dtí an puinte tosnuithe.
An chuid sin de Bhaile Fearainn Glebe, i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath) agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Thuaidh, atá teoranta mar leanas, sé sin le rá:—
Ag tosnú ag puinte ar an teorainn idir Baile Fearainn Harmonstown, i dTogha-Roinn Cheanntair Dhrom Chonnrach (Tuath), agus Baile Fearainn Glebe, i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath), mar a dtéigheann an teora san trasna sconnsa thiar thuaidh Mhór-Bhóthar Iarainn an Tuaiscirt, ag dul soir o thuaidh fan an sconnsa san feadh 370 slat go dtí an áit ina dtéigheann an sconnsa san trasna na teorann atá idir Bailte Fearainn Glebe agus Ballyhoy, i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath), as san soir o dheas, o dheas, siar o dheas, siar o thuaidh, o thuaidh, agus siar o thuaidh fan teorann an Bhaile Fearainn sin Glebe go dtí an puinte tosnuithe.
An chuid sin de Bhaile Fearainn Ballyhoy, i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath) agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Thuaidh, atá teoranta mar leanas, sé sin le rá:—
Ag tosnú ag puinte ar an teorainn idir Bailte Fearainn Glebe agus Ballyhoy, i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath), mar a dtéigheann an teora san trasna sconnsa thuaidh Mhór-Bhóthar Iarainn an Tuaiscirt, ag dul soir o thuaidh fan an sconnsa san feadh 532 shlat go dtí an áit ina dtéigheann an sconnsa san trasna na teorann atá idir Bailte Fearainn Ballyhoy agus Ráth Eanna Theas, i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath), as san soir o dheas, siar o dheas, o thuaidh, agus siar o thuaidh fan teorann an Bhaile Fearainn sin Ballyhoy go dtí an puinte tosnuithe.
An chuid sin de Bhaile Fearainn Eadain Mhóir, i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath) agus Tuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Thuaidh, atá teoranta mar leanas, sé sin le rá:—
Ag tosnú ag puinte ar an teorainn idir Baile Fearainn Eadain Mhóir ar thaobh agus Bailte Fearainn Ballyhoy agus Ráth Eanna Theas ar an taobh eile, mar a dtéigheann an teora san trasna sconnsa thuaidh Mhór-Bhóthar Iarainn an Tuaiscirt, ag dul soir fan an sconnsa san feadh 225 slat go dtí an áit ina dtéigheann an sconnsa san trasna na teorann idir Bailte Fearainn Eadain Mhóir agus Ráth Eanna Thuaidh, as san o dheas, siar, agus siar o thuaidh fan teorann an Bhaile Fearainn sin Eadain Mhóir go dtí an puinte tosnuithe.
An chuid sin de Bhaile Fearainn Chill Bearaigh Uachtarach, i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath) agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Thuaidh, atá teoranta mar leanas, sé sin le rá:—
Ag tosnú ag puinte ar an teorainn idir Ráth Eanna Thuaidh agus Cill Bearaigh Uachtarach i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath), mar a dteagmhann an teora san le Baile Fearainn Foxlands i dTogha-Roinn Cheanntair Bhinn Eadair (Tuath), agus ag dul o thuaidh fan na teorann san feadh 433 slat, agus ag leanúint sa treo chéanna feadh 158 slat fan teorann thiar an Ghabháltais atá anois i seilbh William Cullen, as san soir feadh 476 slat agus soir o thuaidh feadh 483 slat fan teorann thuaidh an Ghabháltais atá i seilbh an William Cullen sin go lár Lána Chill Bearaigh, as san fan lár an Lána san feadh 76 slat go dtí an teora idir an Baile Fearainn sin Chill Bearaigh Uachtarach agus Bailecheanntar Bhinn Eadair, as san soir o dheas, siar o dheas, agus siar o thuaidh fan teorann an Bhaile Fearainn sin Chill Bearaigh Uachtarach go dtí an puinte tosnuithe.
An chuid sin de Bhaile Fearainn Chinnmhuighe (paróiste Ráth Fearnan), i dTogha-Roinn Cheanntair Thor Fhionnabhair agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Theas, atá teoranta mar leanas, sé sin le rá:—
Ag tosnú ag puinte ar an teorainn idir Bailte Fearainn Thor Fhionnabhair agus Chinnmhuighe (paróiste Ráth Fearnan) i dTogha-Roinn Cheanntair Thor Fhionnabhair, i lár an bhóthair 215 slata ar an taobh thiar theas de Chrosaire Chinnmhuighe, ag dul o thuaidh, fan lár an lána a thagann amach ar an mbóthar san ag an bpuinte sin, feadh 65 slat, as san soir o thuaidh fan lár an lána san feadh 60 slat eile go lár-líne an droichid atá ar an Corporation Mill Stream mar a dteagmhann sé le teorainn Bhaile Fearainn Bhaile Fearainn Chinnmhuighe (paróiste Chroimghlinne), as san soir agus soir o thuaidh fan teorann an Bhaile Fearainn sin go siúnta Bhaile Fearainn Larkfield, as san o thuaidh, o dheas agus siar fan teorann Bhaile Fearainn Chinnmhuighe (paróiste Ráth Fearnan) go dtí an puinte tosnuithe.
An chuid sin de Bhaile Fearainn Ard Aidhin Theas, i dTogha-Roinn Cheanntair Dhrom Chonnrach (Tuath) agus i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Thuaidh, atá laisteas den bhóthar o Dhroichead Dhomhnach Airne go Baile an Phúca.
CUID III.
Talamh Eile.
An talamh go léir atá idir teorainn na Seana-Chathrach (i ngach áit gurb é marc an láin-mhara an teora san no gurb ionann iad) agus marc an íochtair thrágha agus fós an talamh go léir atá idir teorainn na Seana-Chathrach agus marc an láin-mhara.
An talamh go léir atá idir teorainn bhailecheanntair Phembróc (i ngach áit gurb é marc an láin-mhara an teora san no gurb ionann iad) agus marc an íochtair thrágha agus fós an talamh go léir atá idir teorainn bhailecheanntair Phembróc agus marc an láin-mhara.
An talamh go léir atá idir teorainn na mbailte fearainn agus na gcoda de bhailte fearainn a luaidhtear i gCoda I agus II den Sceideal so (i ngach áit gurb é marc an láin-mhara an teora san no gurb ionann iad) agus marc an íochtair thrágha agus fós an talamh go léir atá idir teorainn na mbailte fearainn sin agus na gcoda san de bhailte fearainn agus marc an láin-mhara.
DARA SCEIDEAL.
Cion-Laigheaduithe ar Luachala.
An cion den luacháil gur dá réir a bheidh an ionoighreachta no an tionóntachán le cáinmheas. | Saghas na hionoighreachta no an tionóntacháin. |
½ | Talamh talmhaíochta ná húsáidtear ach chun críche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—mar thalamh air no móinfhéir no féarach no mar thalamh fé choill, no mar gharraithe glasraí, no mar thailte fásán. |
⅖ | Tailte atá fé uisce agus a húsáidtear mar chanáil agus aon chosán tarraic go dtí an chanáil sin. |
⅖ | Tailte a húsáidtear mar bhóthar iarainn ar n-a dhéanamh fé chomhachta reachtúla chun áise puiblí. |
34/100 | Ná hionoighreachtaí agus na tionóntacháin atá i seilbh Chólucht Rialúcháin Phríomh-Scoil Bhaile Atha Cliath agus Chólucht Rialúcháin Choláiste na Trionóide, Baile Atha Cliath, no i seilbh cheachtair acu san. |
14/100 | Na hionoighreachtaí agus na tionóntacháin atá i seilbh Chólucht Rialúcháin Phríomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann agus Chólucht Rialúcháin Choláiste na Príomh-Scoile, Baile Atha Cliath, no i seilbh cheachtair acu san. |
56/100 | An t-áitreabh i bhFaithche Stiabhna agus i Sráid Eabhrac, Baile Atha Cliath, atá anois ar seilbh ag Coláiste Ríoga na Máinleagha in Éirinn, faid a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh chun crícheanna an Choláiste sin, agus fós gach áitreabh eile bheidh ar seilbh o am go ham ina dhiaidh seo chun crícheanna an Choláiste sin in ionad an áitreibh sin i bhFaithche Stiabhna agus i Sráid Eabhrac. |
47/100 | An t-áitreabh i Sráid Chill Dara, Baile Atha Cliath, atá anois ar seilbh ag Coláiste Ríoga Leagha na hÉireann, faid a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh chun crícheanna an Choláiste sin, agus fós gach áitreabh eile bheidh ar seilbh o am go ham ina dhiaidh seo chun crícheanna an Choláiste sin in ionad an áitreibh sin i Sráid Chill Dara. |
⅗ | An t-áitreabh i Sráid Henrietta, Baile Atha Cliath, atá anois ar seilbh ag an Honourable Society of the King's Inns, Baile Atha Cliath, faid a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh chun crícheanna an Chumainn sin, agus fós gach áitreabh eile bheidh ar seilbh o am go ham ina dhiaidh seo chun crícheanna an Chumainn sin in ionad an áitreibh sin i Sráid Henrietta. |
57/100 | An t-áitreabh i Lána Bowe, Sráid Shéamais Thiar, Baile Atha Cliath, atá anois ar seilbh ag Ospideul Naomh Pádraig, faid a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh chun crícheanna an Ospidéil sin, agus fós gach áitreabh eile bheidh ar seilbh ina dhiaidh seo chun crícheanna an Ospidéil sin in ionad an áitreibh sin i Lána Bowe. |
⅗ | An t-áitreabh ar Chéibh Burgh, Baile Atha Cliath, atá anois ar seilbh ag an Corn Exchange Buildings Company, faid a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh chun crícheanna na Cuideachtan san, agus fós gach áitreabh eile bheidh ar seilbh o am go ham ina dhiaidh seo chun crícheanna na Cuideachtan san in ionad an áitreibh sin ar Chéibh Burgh. |
21/100 | Gach áitreabh atá de thurus na huaire ar seilbh ag Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath. |
22/100 | Gach leath-chíos is ionchurtha fé ráta na mbocht fé alt 63 den Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus fé sna hachtacháin le n-a leasuítear an tAcht san. |
95/100 | Aitreabhacha ná deineann Bárdas na Cathrach uisce chun crícheanna tighis do chur ar fáil dóibh. |
TRIU SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibideal. | Gearr-theideal. | Méid an hAthghairme. |
7 & 8 Vic. c. 106. | An County Dublin Grand Jury Act, 1844. | In alt 22, na focail o “not exceeding one pound” go dtí “depot”; ailt 53, 55 agus 56; in alt 57 na focail o “it shall be lawful” go dtí na focail “provided always that”; ailt 58, 85 agus 136. |