[EN]

Uimhir 39 de 1927.


[EN]

ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1927.


ACHT CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE TOGHACHÁIN ÁITIÚLA DO LEASÚ, AGUS CHUN NA TOGHACHÁIN CHUN ÚDARÁSANNA ÁITIÚLA ÁIRITHE I gCONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH DO CHUR AR ATHLÓ ARÍS, AGUS CHUN LEASUITHE DÁ RÉIR SIN DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE hÚDARÁSANNA ÁITIÚLA. [10adh Mí na Nodlag, 1927.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhra.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, do ghairm den Acht so.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

[EN]

cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, coimisinéirí baile agus, maidir le contae Bhaile Atha Cliath, comhairle thuathcheanntair agus bord caomhnóirí;

[EN]

cialluíonn an focal “togh-líomatáiste áitiúil” togh-líomatáiste áitiúil do bunuíodh fén Local Government (Ireland) Act, 1919;

[EN]

cialluíonn an focal “baile” baile mar a mínítear é sa Local Government (Ireland) Act, 1898, nách bailecheanntar;

gach focal agus abairt eile go ndintar leis an Local Government (Ireland) Act, 1898, brí áirithe do chur leis, tá an brí sin leis a cuirtar leis amhlaidh.

[EN]

Cosaint d'údaráis scurtha.

3.—Ní dhéanfidh éinní san Acht so dochar ná deifir d'oibriú aon ordú fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) no fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), ná d'oibriú an Achta um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 (Uimh. 22 de 1926).

[EN]

CUID II.

Toghachain, etc., Lasmuich de Chathair agus de Chontae Bhaile Atha Cliath.

[EN]

Baint Chuid II.den Acht so.

4.—Baineann an Chuid seo den Acht so le gach údarás áitiúil go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin lasmuich de chontae agus de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus fós baineann sí le Coimisinéirí Bhaile Bhrigín.

[EN]

An gnáth-lá toghacháin i gcontaethe.

5.—(1) I ngach contae isé a bheidh mar ghnáth-lá toghacháin do chomhairleoirí contae ná pé lá a shocróidh an chomhairle chontae agus nách luatha ná an 23adh lá de Mheitheamh ná nách déanaí ná an 1adh lá d'Iúl.

[EN]

(2) Gach toghachán do sheanóirí agus do chomhairleoirí buirge nách contae-bhuirg agus do chomhairleoirí bailecheanntair agus do bhailechoimisinéirí beidh sé ann an lá a bheidh socair fén alt so mar ghnáth-lá toghacháin do chomhairleoirí contae don chontae ina mbeidh an bhuirg, an bailecheanntar, no an baile sin suidhte, agus beidh gach toghachán den tsórt san ann i dteanta toghacháin na gcomhairleoirí contae don chontae sin.

[EN]

(3) Aon bhliain is gá, de bhua an Achta so no éinní eile, toghachán cinn trí mblian do choimisinéirí Bhaile Bhrigín do bheith ann, ach ná beidh aon toghachán do chomhairleoirí chontae Bhaile Atha Cliath ann idir an 22adh lá de Mheitheamh agus an 2adh lá d'Iúl, beidh an toghachán cinn trí mblian san do choimisinéirí Bhaile Bhrigín ann pé lá sa bhliain sin a shocróidh comhairle chontae Bhaile Atha Cliath tar éis di dul i gcomhairle le coimisinéirí an bhaile sin agus nách luatha ná an 23adh lá de Mheitheamh ná nách déanaí ná an 1adh lá d'Iúl.

[EN]

An gnáth-lá toghacháin i gcontae-bhuirgí.

6.—I ngach contae-bhuirg isé a bheidh mar ghnáth-lá toghacháin do sheanóirí agus do chomhairleoirí ná pé lá a shocróidh an chomhairle chontae-bhuirge agus nách luatha ná an 23adh lá de Mheitheamh ná nách déanaí ná an 1adh lá d'Iúl.

[EN]

An gnáth-lá do chomhairleoirí, etc., chun dul as oifig.

7.—(1) Isé a bheidh mar ghnáth-lá do chomhairleoirí contae chun dul as oifig ná an seachtú lá tar éis an ghnáth-lae thoghacháin do chomhairleoirí den tsórt san agus ar an ngnáth-lá san chun dul as oifig raghaidh na seana-chomhairleoirí as oifig agus tiocfidh na comhairleoirí nua-thoghtha in oifig.

[EN]

(2) Isé a bheidh mar ghnáth-lá do chomhairleoirí bailecheanntair nách buirg agus do choimisinéirí baile chun dul as oifig ná an cúigiú lá tar éis an ghnáth-lae thoghacháin do chomhairle no do choimisinéirí den tsórt san agus ar an ngnáth-lá san chun dul as oifig raghaidh na seana-chomhairleoirí no na seana-choimisinéirí (pe'ca aca é) as oifig agus tiocfidh na comhairleoirí no na coimisinéirí nua-thoghtha in oifig.

[EN]

(3) Isé a bheidh mar ghnáth-lá do sheanóirí agus do chomhairleoirí contae-bhuirge no buirge eile chun dul as oifig ná an cúigiú lá tar éis an ghnáth-lae thoghacháin do sheanóirí agus do chomhairleoirí den tsórt san agus ar an ngnáth-lá san chun dul as oifig raghaidh na seana-sheanóirí agus na seana-chomhairleoirí as oifig agus tiocfidh na seanóirí agus na comhairleoirí nuathoghtha in oifig.

[EN]

Cruinnithe bliantúla comhairlí contae.

8.—(1) Gach bliain a bheidh toghachán cinn trí mblian chun comhairle contae ann beidh cruinniú bliantúil na comhairle sin ann ar mheán lae an ceathrú lá déag tar éis lá an toghacháin sin agus gach bliain eile beidh cruinniú bliantúil na comhairle sin ann pé uair agus pé lá a shocróidh an chomhairle sin ach nách luatha an lá ná an 23adh lá de Mheitheamh ná nách déanaí é ná an 1adh lá d'Iúl.

[EN]

(2) Isé céad ghnó a déanfar ag gach cruinniú bliantúil de chomhairle chontae ná an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach do thogha, agus tiocfidh gach cathaoirleach agus leas-chathaoirleach den tsórt san in oifig chó luath tar éis a thoghtha agus bheidh faisnéis ghlactha na hoifige déanta aige agus leanfa sé in oifig go dtí go mbeidh a chomharba toghtha agus faisnéis ghlactha na hoifige déanta ag an gcomharba san.

[EN]

Cruinnithe bliantúla comhairlí bailecheanntair agus coimisinéirí bailte.

9.—(1) Gach bliain a bheidh toghachán cinn trí mblian chun comhairle bailecheanntair nách buirg ann beidh cruinniú bliantúil na comhairle sin ann ar mheán lae an deichiú lá tar éis lá an toghacháin sin agus gach bliain eile beidh cruinniú bliantúil na comhairle sin ann pé uair agus pé lá a shocróidh an chomhairle sin ach nách luatha an lá ná an 23adh lá de Mheitheamh ná nách déanaí é ná an 1adh lá d'Iúl.

[EN]

(2) Gach bliain a bheidh toghachán cinn trí mblian do choimisinéirí baile ann beidh cruinniú bliantúil na gcoimisinéirí sin ann ar mheán lae an deichiú lá tar éis lá an toghacháin sin agus gach bliain eile beidh cruinniú bliantúil na gcoimisinéirí sin ann pé uair agus pé lá a shocróidh na gcoimisinéirí sin ach nách luatha an lá ná an 23adh lá de Mheitheamh ná nách déanaí é ná an 1adh lá d'Iúl.

[EN]

(3) Isé cead ghnó a déanfar ag gach cruinniú bliantúil de chomhairle bhailecheanntair nách buirg no de choimisinéirí baile ná an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach do thogha agus tiocfidh gach cathaoirleach agus leas-chathaoirleach den tsórt san in oifig chó luath tar éis a thoghtha agus bheidh faisnéis ghlactha na hoifige déanta aige agus leanfa sé in oifig do dtí go mbeidh a chomharba toghtha agus faisnéis ghlactha na hoifige déanta ag an gcomharba san.

[EN]

Cruinnithe ráithiúla comhairlí contaebhuirgí agus buirgí eile.

10.—(1) An chéad chruinniú ráithiúil a bheidh ag comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile tar éis toghachán cinn trí mblian chun na comhairle sin beidh sé ann ar mheán lae an deichiú lá tar éis lá an toghacháin sin agus beidh cruinniú ráithiúil den chomhairle sin ann pé uair agus pé trí lá eile, roimh an gcéad 23adh lá de Mheitheamh ina dhiaidh sin, a shocróidh an chomhairle sin ag an gcruinniú ráithiúil céad-luaidhte sin.

[EN]

(2) Gach bliain ná beidh aon toghachán cinn trí mblian chun comhairle contae-bhuirge no buirge eile ann beidh cruinniú ráithiúil den chomhairle sin ann pé uair agus pé lá a shocróidh an chomhairle sin ag an gcruinniú ráithiúil deiridh roimhe sin ach nách luatha an lá ná an 23adh lá de Mheitheamh ná nách déanaí é ná an 1adh lá d'Iúl agus beidh cruinniú ráithiúil den chomhairle sin ann, leis, pé uair agus pé trí lá eile, roimh an gcéad 23adh lá de Mheitheamh ina dhiaidh sin, a shocróidh an chomhairle sin ag an gcruinniú ráithiúil céad-luaidhte sin.

[EN]

(3) Isé an méara do thogha an chéad ghnó a déanfar (tar éis an cheist do shocrú ce'ca de sna baill a bheidh ina seanóirí má eiríonn agus nuair a eireoidh an cheist sin) ag an gcéad chruinniú ráithiúil de chomhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile a bheidh ann tar éis an 22adh lá de Mheitheamh aon bhliain, agus tiocfidh gach méara den tsórt san in oifig chó luath tar éis a thoghtha agus bheidh faisnéis ghlactha na hoifige déanta aige agus leanfa sé in oifig go dtí go mbeidh a chomharba toghtha agus faisnéis ghlactha na hoifige déanta ag an gcomharba san.

[EN]

Teip maidir le cruinniú bliantúil no ráithiúil do bheith ann.

11.—(1) Pé uair a bheidh cruinniú bliantúil de chomhairle chontae no bhailecheanntair nách buirg no de choimisinéirí baile ar aon chúis (le n-a n-áirítear gan quorum do bheith i láthair) gan bheith ann an lá a ceapadh fén Acht so chun an cruinniú san do bheith ann, déanfidh an rúnaí contae no an bailechléireach (pe'ca aca é) chó luath agus is féidir é cruinniú den chomhairle no de sna coimisinéirí sin do ghairm chun teacht le chéile ar uair oiriúnaigh ar an lá is dó leis is luatha a bheidh oiriúnach mar dháta chun na críche sin agus, an cruinniú a bheidh ann do réir na gairme sin, beidh sé chun gach críche ina chruinniú bhliantúil a bheidh ann ar dháta a ceapadh fén Acht so.

[EN]

(2) Pé uair a bheidh cruinniú ráithiúil de chomhairle chontaebhuirge no bhuirge eile ar aon chúis (le n-a n-áirítear gan quorum do bheith i láthair) gan bheith ann an lá a ceapadh fén Acht so chun an cruinniú san do bheith ann, déanfidh an baile-chléireach chó luath agus is féidir é cruinniú den chomhairle sin do ghairm chun teacht le chéile ar uair oiriúnaigh ar an lá is dó leis is luatha a bheidh oiriúnach mar dháta chun na críche sin agus, an cruinniú a bheidh ann do réir na gairme sin, beidh sé chun gach críche ina chruinniú ráithiúil a bheidh ann ar dháta a ceapadh fén Acht so.

[EN]

Cosaint ar dhícháiliú i gcásanna áirithe.

12.—(1) Ní bheidh comhairleoir contae no bailecheanntair na seanóir ná comhairleoir contae-bhuirge no buirge eile ná coimisinéir baile, a scuirfidh de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúla sa chontae, sa bhailecheanntar, sa bhuirg, no sa bhaile sin ar theacht i bhfeidhm do chlár nua de thoghthóirí rialtais áitiúla ar an 1adh lá den Mheitheamh dheiridh roimh thoghachán cinn trí mblian, ní bheidh sé de dheascaibh an scuir sin amháin dí-cháilithe o leanúint i seilbh oifige mar chomhairleoir, mar sheanóir, no mar choimisinéir den tsórt san go dtí an chéad ghnáth-lá, tar éis an toghachán cinn trí mblian san, do chomhairleoirí na contae no an bhailecheanntair sin, no seanóirí agus comhairleoirí na buirge sin, no coimisinéirí an bhaile sin (pe'ca aca é) chun dul as oifig.

[EN]

(2) Ní bheidh cathaoirleach comhairle contae, comhairle bailecheanntair, no coimisinéirí baile, ná méara contae-bhuirge no buirge eile, a scuirfidh de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúla sa chontae, sa bhailecheanntar, sa bhaile, no sa bhuirg sin ar theacht i bhfeidhm do chlár nua de thoghthóirí rialtais áitiúla ar aon 1adh lá de Mheitheamh, ní bheidh sé de dheascaibh an scuir sin amháin dí-cháilithe o leanúint i seilbh oifige mar chathaoirleach no mar mhéara den tsórt san go dtí go mbeidh a chomharba toghtha ag an gcéad chruinniú bliantúil no ag an gcéad chruinniú ráithiúil (pe'ca aca é) a bheidh ina dhiaidh sin ag an gcomhairle no ag na coimisinéirí sin, agus faisnéis ghlactha na hoifige déanta ag an gcomharba san.

[EN]

Baill de chóchoistí agus de chó-bhúird.

13.—(1) Beidh sé mar chuid den ghnó a dhéanfidh údarás áitiúil ag an gcéad chruinniú bliantúil no ag an gcéad chruinniú ráithiúil (pe'ca aca é) a bheidh ann tar éis toghachán cinn trí mblian, breithniú do dhéanamh ar thogha no ar ainmniú na mball uile de chó-choistí agus de chó-bhúird a bheidh le togha no le hainmniú ag an údarás áitiúil sin.

[EN]

(2) Gach ball de chó-choiste no de chó-bhord a toghfar no a hainmneofar ag údarás áitiúil agus a bheidh in oifig mar bhall den tsórt san ar dháta toghachán cinn trí mblian chun an údaráis áitiúla san, leanfa sé i seilbh oifige mar bhall den tsórt san den chó-choiste no den chó-bhord san go dtí an lá tar éis an chéad chruinnithe bhliantúla no an chéad chruinnithe ráithiúla (pe'ca aca é) a bheidh ag an údarás áitiúil sin tar éis an toghachán cinn trí mblian san.

[EN]

Ceanntair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta do cheapa.

14.—(1) Chó luath tar éis rithte an Achta so agus bheidh caoi ann chuige déanfidh an tAire rialacha chun comhairlí contaethe agus contae-bhuirgí do chólíona na ndualgaisí a cuirtar ortha no na comhachta a bronntar ortha leis an alt so maidir le ceanntair vótaíochta agus le háiteanna vótaíochta.

[EN]

(2) Déanfidh comhairle gach contae agus contae-bhuirge, laistigh de ráithe tar éis don Aire na rialacha san do dhéanamh, scéim d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire do réir na rialacha san chun gach togh-líomatáiste áitiúil ina gcontae no ina gcontae-bhuirg do roinnt ina cheanntair vótaíochta agus chun áiteanna vótaíochta do cheapa i ngach ceanntar vótaíochta den tsórt san i slí is go mbeidh ag gach toghthóir rialtais áitiúla i ngach togh-líomatáiste áitiúil den tsórt san pé saoráidí réasúnta is féidir chun vótála.

[EN]

(3) Nuair a bheidh comhairle chontae ag ullamhú no ag leasú scéime fén alt so raghaid i gcomhairle, do réir na rialacha san, le comhairle gach buirge (nách contae-bhuirg) agus le comhairle gach bailecheanntair agus le coimisinéirí gach baile ina gcontae maidir le pé méid den scéim sin no den leasú san a bhaineann leis an mbuirg, leis an mbailecheanntar, no leis an mbaile sin.

[EN]

(4) Breithneoidh an tAire gach scéim a chuirfidh comhairle fé n-a bhráid go cuibhe fén alt so agus laistigh de mhí tar éis an scéim sin do bheith curtha fé n-a bhráid amhlaidh déanfa sé pé ní aca so is oiriúnach leis, eadhon, an scéim sin do dhaingniú gan í atharú no an scéim sin do dhaingniú tar éis pé atharuithe is dó leis is ceart do dhéanamh uirthi no diúltú don scéim sin do dhaingniú.

[EN]

(5) Má theipeann ar chomhairle aon chontae no contae-bhuirge aon scéim den tsórt is gá do réir an ailt seo do chur fé bhráid an Aire laistigh den aimsir a ceaptar leis an alt so no má dhiúltuíonn an tAire don scéim a chuirfidh an chomhairle sin fé n-a bhráid amhlaidh do dhaingniú, déanfidh an tAire féin scéim den tsórt is gá do réir an ailt seo d'ullamhú agus do dhaingniú don chontae no don chontae-bhuirg sin.

[EN]

(6) Gach scéim a dhaingneoidh an tAire go cuibhe fén alt so beidh éifeacht aici nuair a bheidh agus fé mar a bheidh sí daingnithe amhlaidh agus as san amach beidh gach togh-líomatáiste áitiúil sa chontae no sa chontae-bhuirg le n-a mbaineann an scéim sin roinnte ina cheanntair vótaíochta agus beidh áiteanna vótaíochta ceaptha ionta san do réir na scéime sin.

[EN]

(7) Féadfidh comhairle chontae no chontae-bhuirge aon uair an scéim a bheidh i bhfeidhm an uair sin fén alt so maidir le n-a gcontae no le n-a gcontae-bhuirg do leasú agus beidh ag gach leasú den tsórt san, má aontuíonn an tAire leis, éifeacht o dháta an aontuithe sin.

[EN]

(8) Má dhineann comhairle bhuirge (nách contae-bhuirg) no bhailecheanntair no coimisinéirí baile no triocha toghthóir rialtais áitiúla ar a laighead i gcontae no i gcontae-bhuirg a chur ina luighe ar an Aire, maidir leis na ceanntair vótaíochta no na háiteanna vótaíochta sa chontae no sa chontae-bhuirg ina bhfuil an bhuirg, an bailecheanntar, no an baile sin suidhte no ina bhfuil teideal ag na toghthóirí sin vótáil do dhéanamh, nách leor iad chun riachtanaisí réasúnta na dtoghthóirí rialtais áitiúla sa chontae no sa chontae-bhuirg sin no i bpáirt éigin áirithe dhí do shásamh, féadfidh an tAire a cheangal ar chomhairle na contae no na contae-bhuirge sin an scéim a bheidh i bhfeidhm an uair sin sa chontae no sa chontae-bhuirg sin fén alt so do leasú agus más rud é laistigh de mhí tar éis san a bheith ceangailte ortha amhlaidh ná déanfidh an chomhairle sin go cuibhe sa scéim sin gach leasú a mheasfidh an tAire do bheith riachtanach agus le n-a n-aontóidh sé, féadfidh an tAire féin an scéim sin do leasú fé mar is dó leis is ceart agus gach leasú a dhéanfidh an tAire amhlaidh beidh éifeacht aige o dháta a dhéanta.

[EN]

(9) Foillseofar i pé slí a hordófar leis na rialacha san atá le déanamh ag an Aire fén alt so gach scéim a dhaingneoidh an tAire go cuibhe fén alt so agus gach leasú scéime le n-a n-aontóidh no a dhéanfidh an tAire go cuibhe fén alt so.

[EN]

(10) Féadfidh an tAire pé fiosrúcháin do chur ar siúl is dó leis is gá no is oiriúnach chun crícheanna an ailt seo agus bainfidh Airtiogal 32 den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le gach fiosrúchán den tsórt san.

[EN]

(11) Ní cuirfar aon toghachán in amhrus ar scór aon neachólíona ar fhorálacha an ailt seo ná ar scór aon neamhfhuirmeáltachta maidir le ceanntair vótaíochta no le háiteanna vótaíochta.

[EN]

Uaire vótaíochta.

15.—(1) Tosnóidh an vótaíocht, más ann di, ag toghachán balla údaráis áitiúla ar a naoi a chlog ar maidin agus cimeádfar ar oscailt í go dtí a naoi a chlog um thráthnóna agus ní níos sia ná san.

[EN]

(2) Scuirfidh mír (c) d'fho-airtiogal (2) d'airtiogal 5 den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus oiread de sna Rialacha uile a dineadh fén airtiogal san 5 is bhaineann leis na huaire gur le n-a linn atá vótaíocht le cimeád ar oscailt, scuirfid d'éifeacht do bheith acu maidir le haon údarás áitiúil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

[EN]

Toghacháin áitiúla sa bhliain 1928.

16.—(1) I ngach contae beidh an toghachán do chomhairleoirí contae agus na toghacháin do sheanóirí agus do chomhairleoirí buirgí (nách contae-bhuirgí), do chomhairleoirí bailecheanntair, agus do choimisinéirí baile, gur dineadh leis an Acht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1925 (Uimh. 42 de 1925). iad do chur ar athló go dtí an bhliain 1928, beid ann an lá sa bhliain sin a bheidh, fén Acht so, mar ghnáth-lá toghacháin do chomhairleoirí contae sa chontae sin, agus tuigfar gur toghachán cinn trí mblian gach toghachán den tsórt san agus bainfidh an Chuid seo den Acht so leis dá réir sin.

[EN]

(2) I ngach contae-bhuirg beidh an toghachán do sheanóirí agus do chomhairleoirí gur dineadh leis an Acht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Athló, 1925, é do chur ar athló go dtí an bhliain 1928, beidh sé ann an lá sa bhliain sin a bheidh, fén Acht so, mar ghnáth-lá toghacháin do sheanóirí agus do chomhairleoirí sa chontae-bhuirg sin agus tuigfar gur toghachán cinn trí mblian gach toghachán den tsórt san agus bainfidh an Chuid seo den Acht so leis dá réir sin.

[EN]

(3) I ngach contae, contae-bhuirg agus buirg eile, bailecheanntar, agus baile, d'ainneoin éinní ina choinnibh atá sa Local Government (Ireland) Act, 1919, beidh toghacháin chinn trí mblian do chomhairleoirí, no do sheanóirí agus do chomhairleoirí, no do choimisinéirí (pe'ca aca é) ann gach tríú bliain tar éis na bliana 1928 agus ní hin aon bhliain eile.

[EN]

Téarmaí oifige a bheidh caithte i 1928.

17.—(1) Gach téarma oifige atá ag ball d'údarás áitiúil agus atá, le linn rithte an Achta so, le bheith caithte sa bhliain 1928 beidh sé caithte ar an lá a bheidh, de bhua an Achta so, mar ghnáth-lá do bhaill den údarás áitiúil sin chun dul as oifig an bhliain sin in ionad ar an lá ar a mbeadh an téarma oifige sin caithte dá mba ná rithfí an tAcht so, agus déanfar gach téarma oifige den tsórt san d'fhaidiú no do ghiorrú (pe'ca aca is gá sa chás) dá réir sin.

[EN]

(2) Gach téarma oifige atá ag ball d'aon bhord, coiste, có-bhord, no có-choiste atá ainmnithe no toghtha chun na ballraíochta san ag údarás áitiúil go bhfuil toghachán reachtúil le bheith ann maidir leis sa bhliain 1928, beidh sé caithte ar an lá a ceaptar leis an Acht so chun an chéad chruinniú bliantúil no an chéad chruinniú ráithiúil (pe'ca aca é) do bheith ag an údarás áitiúil sin tar éis an toghacháin sin in ionad ar an lá ar a mbeadh an téarma oifige sin caithte dá mba ná rithfí an tAcht so, agus déanfar gach téarma oifige den tsórt san d'fhaidiú no do ghiorrú (pe'ca aca is gá sa chás) dá réir sin.

[EN]

(3) Gach téarma oifige atá ag cathaoirleach no ag leaschathaoirleach comhairle contae no comhairle bailecheanntair no coimisinéirí baile agus atá, le linn rithte an Achta so, le bheith caithte sa bhliain 1928, beidh sé caithte nuair a bheidh a chomharba toghtha ag an gcéad chruinniú bliantúil a bheidh ag an gcomhairle no ag na coimisinéirí sin tar éis na dtoghachán cinn trí mblian sa bhliain 1928 agus faisnéis ghlactha na hoifige déanta ag an gcomharba san agus déanfar an téarma oifige sin d'fhaidiú no do ghiorrú (pe'ca aca is gá sa chás) dá réir sin.

[EN]

Socrú i gcóir Domhntaí, laetheanta saoire bainc, etc.

18.—Pé uair gur ar an Domhnach no ar lá saoire bainc a thuitfidh an lá ar ar gá do réir na Coda so den Acht so éinni áirithe do dhéanamh is ar an gcéad lá ina dhiaidh sin nách Domhnach ná lá saoire bainc a déanfar an ní sin.

[EN]

Athghairm leathrannach ar alt 94 den Local Government (Ireland) Act, 1898.

19.—Scuirfidh fo-ailt (6) go (15) d'alt 94 den Local Government (Ireland) Act, 1898, d'éifeacht do bheith acu maidir le haon údarás áitiúil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

[EN]

CUID III.

Toghachain i gContae Bhaile Atha Cliath.

[EN]

Baint Chuid III. den Acht so.

20.—Baineann an Chuid seo den Acht so le comhairle chontae Bhaile Atha Cliath agus le gach údarás áitiúil go bhfuil a líomatáiste feidhmiúcháin suidhte laistigh de chontae Bhaile Atha Cliath ach amháin coimisinéirí Bhaile Bhrigín.

[EN]

Toghacháin áitiúla do chur ar athló.

21.—(1) Scuirfidh alt 2 den Acht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1925 (Uimh 42 de 1925) de bhaint do bheith aige leis na húdaráis áitiúla le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir leis na toghacháin reachtúla do bhaill de sna húdaráis áitiúla san do bheadh ann sa bhliain 1926 mara mbeadh an tAcht san, go gcuirfar iad ar athló, go dtí pé dáta agus go mbeid ann ar pé dáta a ordóidh an tAire le hordú agus nách déanaí ná an 31adh lá de Mhárta, 1929.

[EN]

(2) Féadfar ordú fén alt so (le n-a n-áirítear ordú fén bhfo-alt so) do cheiliúra le hordú ina dhiaidh sin ach i ngach cás den tsórt san ordófar leis an ordú san ina dhiaidh sin dáta nua chun an toghachán san do bheith ann.

[EN]

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “an dáta orduithe” an dáta a bheidh orduithe fén alt so chun toghacháin reachtúla an údaráis áitiúla do bheith ann go n-úsáidtear an focal ina thaobh.

[EN]

Téarmaí oifige d'fhaidiú.

22.—(1) Faideofar go dtí an lá tar éis an dáta orduithe téarma oifige gach baill d'údarás áitiúil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Dintar leis seo téarma oifige gach baill de bhord, de choiste, de chó-bhord no de chó-choiste, atá ainmnithe no toghtha ag údarás áitiúil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, d'fhaidiú go dtí an chéad chruinniú bliantúil a bheidh ag an údarás áitiúil sin tar éis an dáta orduithe.

[EN]

(3) Beidh téarma oifige gach cathaoirligh agus leas-chathaoirligh atá ar údarás áitiúil no atá ceaptha ag údarás áitiúil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus a bheidh in oifig ar an dáta orduithe, beidh sé caithte nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh a chomharba toghtha ag an gcéad chruinniú bliantúil a bheidh ag an údarás áitiúil sin tar éis an dáta orduithe agus faisnéis ghlactha na hoifige déanta ag an gcomharba san agus déanfar an téarma oifige sin d'fhaidiú no do ghiorrú (pe'ca aca is gá sa chás) dá réir sin.

[EN]

Cruinnithe bliantúla agus ráithiúla.

23.—(1) I ngach ordú a dhéanfidh an tAire fén gCuid seo den Acht so ag ordú dáta ar a mbeidh toghachán reachtúil údaráis áitiúla ann ordóidh sé an lá agus an uair a bheidh an chéad chruinniú bliantúil den údarás áitiúil sin ann tar éis an toghacháin sin.

[EN]

(2) Beidh cruinniú bliantúil ar an lá agus an uair a hordófar chuige fén alt so ag gach údarás áitiúil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus déanfa sé ag an gcruinniú san gach gnó is gá don údarás áitiúil sin do réir dlí a dhéanamh ag an gcéad chruinniú bliantúil a beidh aige tar éis toghacháin reachtúla.