Uimhir 50 de 1931.
ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931.
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal, léiriú agus luadh.
1.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, do ghairm den Acht so.
(2) Sa mhéid go leasuíonn an tAcht so na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, na Small Dwellings Acquisition (Ireland) Acts, 1899 and 1919, agus Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, léighfear agus léireofar é mar éinní amháin leo san fé seach, agus féadfar é do luadh in éineacht leo fé seach fén teideal: Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, na hAchtanna um Thithe Beaga Comhnaithe d'Fháil, 1899 go 1931, agus Achtanna na dTithe, 1925 go 1931, fé mar a bheidh.
Mínithe.
2.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire;
cialluíonn an abairt “líomatáiste nea-shláintiúil” líomatáiste go bhfuil na tithe comhnaithe atá ann neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta, toisc easba deisiúcháin no toisc lochtaí sa chóir shláinteachais, no dainséarach no díobhálach do shláinte áititheoirí an líomatáiste, toisc na dtithe sin do bheith leagtha amach go holc no toisc na sráideanna do bheith ró-chumhang no leagtha amach go holc, agus ina bhfuil na foirgintí eile, más ann dóibh, dainséarach no díobhálach do shláinte na n-áititheoirí sin de dheascaibh cúise den tsórt san;
cialluíonn an abairt “líomatáiste réiteachta” líomatáiste neashláintiúil a dhearbhóidh údarás áitiúil a bheith ina líomatáiste réiteachta chun crícheanna an Achta so;
cialluíonn an abairt “líomatáiste feabhsúcháin” líomatáiste neashláintiúil a dhearbhóidh údarás áitiúil a bheith ina líomatáiste feabhsúcháin chun crícheanna an Achta so;
cialluíonn an abairt “ordú réiteachta” ordú dhéanfaidh údarás áitiúil fén Acht so á ordú foirgintí i líomatáiste réiteachta do leagadh;
cialluíonn an abairt “ordú ceannaigh éigeanta” ordú déanfar fén Acht so á údarú d'údarás áitiúil talamh do thógaint go héigeanta;
cialluíonn an abairt “Acht 1890” an Housing of the Working Classes Act, 1890;
cialluíonn an abairt “Achtanna Tithe an Lucht Oibre” na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, agus an tAcht so sa mhéid go leasuíonn sé na hAchtanna san;
foluíonn an abairt “lochtaí sa chóir shláinteachais” easba aerspáis no aeriúcháin, dorchadas, taise, easba leor-sholáthair uisce sho-aimsithe no easba feistis shláinteachais no áiseanna eile agus easba leor-phábhála no leor-dhréineála i gcúirteanna, i gclóis no i bpasáistí;
tá an chiall chéanna leis an abairt “fo-dhlithe tógála” atá leis an abairt “building by-laws” in alt 33 den Housing (Ireland) Act, 1919;
cialluíonn an focal “únaer” maidir le haon fhoirgint no talamh duine, seachas morgáistí ná fuil i seilbh, atá de thurus na huaire i dteideal bithdhílse na foirginte no an tailimh do chur dá laimh, pe'ca chun seilbhe no chun frithdhílse é, agus foluíonn freisin duine atá i seilbh no i dteideal cíosanna agus brabúis na foirginte no an tailimh fé léas no có-aontú gur mó ná trí bliana a bhfuil le caitheamh dá théarma;
foluíonn an focal “tigh comhnaithe” aon chlós, gáirdín, miontithe agus dultaisí a ghabhann leis no a húsáidtear de ghnáth in éineacht leis;
foluíonn an focal “sráid” aon chúirt, clamhsa, pasáiste, cearnóg no sreath de thithe pe'ca tá ceann de sin dúnta no ná fuil;
tá an chiall chéanna leis an abairt “duine go n-urláimh an tighe” atá leis an bhfocal “owner” sa Public Health (Ireland) Act, 1878.
Acht 1890 do léiriú.
3.—Beidh éifeacht ag Acht 1890 amhail is dá ndeintí na forálacha den Acht so i dtaobh líomatáistí nea-shláintiúla agus tithe comhnaithe nea-shláintiúla do chur isteach i gCoda I agus II fé seach d'Acht 1890 in ionad na bhforálacha atá sna Coda san i dtaobh líomatáistí nea-shláintiúla agus tithe comhnaithe neashláintiúla agus déanfar na tagairtí atá san Acht so, no atá in aon Acht (agus Acht 1890 d'áireamh) do ritheadh roimh an Acht so, d'Acht 1890 no d'aon Chuid d'Acht 1890, no d'aon achtachán atá san Acht san no leasuíonn é do léiriú mar thagairtí fé seach d'Acht 1890 mar a leasuítear é leis an Acht so, no don Chuid sin no don achtachán san mar a leasuítear an Chuid sin no an t-achtachán san leis an Acht so.
Achtacháin d'athghairm.
4.—(1) Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san.
(2) Más rud é roimh thosach feidhme an Achta so agus do réir Achta 1890, gur seirbheáladh aon fhógra á éileamh go ndéanfaí oibreacha, no go ndearnadh aon éileamh ar na costaisí no aon ordú i dtaobh na gcostaisí bhaineann le hoibreacha do dhéanamh, no aon ordú dúnta no ordú leagtha, no gur dhaingnigh no gur cheaduigh an tAire aon scéim no ordú no gur cuireadh aon ordú fé n-a bhráid chun a dhaingnithe no a cheaduithe, ansan, d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo, féadfar imeachta (agus imeachta chun scéime daingnithe d'atharú d'áireamh) do bhunú ina thaobh den tsórt d'fhéadfaí do bhunú, agus tiocfaidh nithe dá ndruim den tsórt do thiocfadh, dá mba ná rithfí an tAcht so.
(3) Ní tuigfear go ndeineann an luadh a deintear ar nithe áirithe sa bhfo-alt san roimhe seo aon dochar ná deifir d'fheidhmiú ghenerálta ailt 13 den Acht Léiriúcháin, 1923 (Uimhir 46 de 1923) maidir le héifeacht ath-ghairmeanna.
CUID II.
TITHE DON LUCHT OIBRE.
Liomataisti Nea-Shlaintiula.
Líomatáistí réiteachta.
5.—(1) Má bhíonn údarás áitiúil sásta, ar chúis a pléidhfear leo go hoifigiúil no ar eolas eile bheidh acu do bhreithniú, gur líomatáiste nea-shláintiúil aon líomatáiste atá laistigh dá gceanntar agus nách féidir staid an líomatáiste sin do leigheas go héifeachtúil ach amháin tré sna foirgintí go léir, sa líomatáiste sin, atá neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta no atá dainséarach no díobhálach don tsláinte do leagadh, cuirfidh an t-údarás áitiúil fé ndeár an líomatáiste sin do léiriú ar mhapa i slí ná beidh aon fhoirgint ann ná fuil neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe inte ná dainséarach ná díobhálach don tsláinte agus dearbhóid tré rún an líomatáiste sin agus é léirithe amhlaidh do bheith ina líomatáiste réiteachta agus féachfaid chuige, do réir forálacha an Achta so, go leagfar na foirgintí uile sa líomatáiste sin ar shlí acu so leanas, no go leagfar cuid díobh ar shlí acu agus go leagfar an chuid eile dhíobh ar an slí eile fé mar a shocróidh an t-údarás áitiúil, sé sin le rá:—
(a) tré thalamh atá sa líomatáiste do cheannach agus na foirgintí eile atá air do leagadh no féachaint chuige ar shlí eile go leagfar iad; no
(b) tré n-a ordú go ndéanfar foirgintí sa líomatáiste do leagadh.
(2) Déanfaidh údarás áitiúil cóip d'aon rún a rithfid fén alt so do chur láithreach chun an Aire maraon le cuntas ar an méid daoine agus ar an méid líon-tighe ar leithligh den lucht oibre go raibh comhnaí ortha i bhfoirgintí an líomatáiste réiteachta lá áirithe luadhfar sa chuntas.
(3) Chun crícheanna Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 (Uimh. 1 de 1929) agus an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) is feidhm fhorchoimeádtha a dhearbhú fén alt so gur líomatáiste réiteachta aon líomatáiste áirithe.
Orduithe réiteachta.
6.—(1) Má chinneann údarás áitiúil ar a ordú go ndéanfar aon fhoirgintí i líomatáiste réiteachta do leagadh déanfaidh an t-údarás áitiúil ordú réiteachta i dtaobh na bhfoirgintí sin agus cuirfid fé bhráid an Aire é chun a dhaingnithe.
(2) Na forálacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so bainfid le horduithe réiteachta do dhéanamh, do chur fé bhráid an Aire, agus do dhaingniú.
Údarás áitiúll do cheannach tailimh a bheidh timpealuithe ag líomatáiste réiteachta no ag síneadh leis.
7.—Más rud é, maidir le haon líomatáiste dhearbhóid do bheith ina líomatáiste réiteachta, go gcinnfidh údarás áitiúil aon talamh sa líomatáiste do cheannach, féadfaid freisin aon talamh do cheannach a bheidh timpealuithe ag an líomatáiste réiteachta agus gur gá do réir réasúin é d'fháil chun a chur in áirithe gur líomatáiste bheidh oiriúnach ina chrot agus ina mhéid a bheidh sa líomatáiste réitithe agus féadfaid ina theanta san aon talamh do cheannach a bheidh ag síneadh leis an líomatáiste réiteachta agus gur gá do réir réasúin é d'fháil d'fhonn an líomatáiste réitithe d'fheabhsú no d'úsáid ar shlí shásúil.
Foirgintí do leagadh fé ordú réiteachta.
8.—(1) Nuair a thiocfaidh ordú réiteachta i ngníomh déanfaidh únaer no únaerí aon fhoirginte le n-a mbaineann an t-ordú an fhoirgint sin do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh chun sástachta an údaráis áitiúla fé cheann sé seachtaine ón dáta ar ar gá do réir an orduithe an fhoirgint d'fhágaint no, mara bhfágtar í go dtí tar éis an dáta san, fé cheann sé seachtaine ón dáta ar a bhfágfar í no, i gceachtar cás, fé cheann pé tréimhse, níos sia ná san, a thuigfidh an t-údarás áitiúil do bheith réasúnta agus an scéal mar bheidh; agus, mara ndeintear an fhoirgint do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh amhlaidh sara mbeidh an tréimhse sin caithte, raghaidh an t-údarás áitiúil isteach agus déanfaid an fhoirgint do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh agus abhair na foirginte do dhíol.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil, tar éis dóibh creidiúint do thabhairt in aon tsuim do fuaradar ar na habhair, aon chostaisí fé n-a ndeachadar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do bhaint, ar an slí achmair os cóir cúirte dlighinse achmaire, d'únaer na foirginte no, má bhíonn níos mó ná aon únaer amháin ann, d'únaerí na foirginte i pé scaireanna shocróidh an chúirt do bheith ceart agus cothrom; agus aon únaer íocfaidh suim iomlán a n-éilimh leis an údarás áitiúil féadfaidh sa tslí chéanna pé rann-íoc, más aon cheann é, shocróidh an chúirt do bheith ceart agus cothrom, do bhaint d'aon únaer eile.
(3) Déanfaidh an t-údarás áitiúil aon fharasbár a bheidh ar láimh acu d'íoc le húnaer na foirginte no, má bhíonn níos mó ná aon únaer amháin ann, déanfaid é d'íoc fé mar a chó-aontóidh na húnaerí sin no, mara gcó-aontuítear, déanfaid é d'íoc i pé cionúireachtaí shocróidh cúirt dlighinse achmaire ar iarratas aon únaera den tsórt san do bheith ceart agus cothrom.
(4) Nuair a bheidh cúirt údaráis achmair á shocrú, chun crícheanna an ailt so, cadiad na scaireanna ina ndéanfaidh beirt no níos mó únaerí foirginte aon chostaisí d'íoc no do thabhairt uatha no ina roinnfear aon fharasbár eatorra cuimhneoidh sí ar leasanna na n-únaerí sin fé seach sa bhfoirgint, ar a n-oblagáidí agus a bhfreagarthachtaí fé seach maidir le coinneáil i dtreo agus deisiú fé aon chumhnant no có-aontú, ráite no iontuigthe, agus ar gach ní eile bhaineann leis an gcás.
(5) Beidh suim aon chostaisí bheidh ag dul d'údarás áitiúil fén alt so ina muirear ar an áitreabh gur ina thaobh do chuathas fé sna costaisí, agus chun an mhuirir sin d'fheidhmiú beidh ag an údarás áitiúil na comhachta agus na leigheasanna céanna go léir do bheadh acu dá mba mhorgáistithe tré dhintiúir iad agus comhacht acu chun díolta agus chun léasuithe, chun glacadh le léasanna do bhéarfaí suas agus chun glacadóra do cheapadh.
Sriantacht le talamh i líomatáiste réiteachta d'fheabhsú.
9.—(1) Nuair a thiocfaidh ordú réiteachta i ngníomh ní déanfar aon talamh le n-a mbaineann an t-ordú d'úsáid chun crícheanna tógála ná é d'fheabhsú ar aon tslí eile ach amháin do réir pé pleananna cheadóidh an t-údarás áitiúil agus fé réir pé sriantacht agus coinníollacha, más aon cheann é, is oiriúnach leis an údarás áitiúil d'fhorchur.
(2) Aon únaer ar a ngoillfidh sriantacht no coinníoll a cuirfear amhlaidh le n-a chuid talmhan d'úsáid no ar a ngoillfe sé an t-údarás áitiúil do dhiúltú ina dhiaidh sin d'aon tsriantacht no coinníoll den tsórt san do chur ar ceal no d'atharú, féadfaidh athchomharc do dhéanamh chun an Aire aon uair agus déanfaidh seisean pé ordú is dóich leis is ceart i dtaobh an scéil, agus ní bheidh dul thar breith an Aire.
(3) Aon duine thosnóidh no chuirfidh fé ndeár go dtosnófar ar aon obair contrárdha d'aon phleananna do ceaduíodh no do shriantacht no coinníoll do forchuireadh fén bhfo-alt so dlighfear, ar a chiontú ar an slí achmair, pionós ná raghaidh thar dachad scilling do chur air agus fós pionós breise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae go mbeidh an obair ina leithéid sin d'fhuirm agus ar a leithéid sin de staid go mbeidh sí contrárdha do sna pleananna, don tsriantacht no don choinníoll san.
Foirgintí ar thalamh a cheannóidh údarás áitiúil do leagadh agus an talamh do chur de láimh.
10.—(1) Déanfaidh údarás áitiúil a cheannóidh fén gCuid seo den Acht so aon talamh a bheidh i líomatáiste réiteachta no timpealuithe aige no ag síneadh leis a chur fé ndeár, chó luath agus is féidir é, gach foirgint air d'fhágaint agus deighleálfaid leis an talamh san ar shlí acu so leanas, no deighleálfaid le cuid de ar shlí acu agus deighleálfaid leis an gcuid eile dhe ar an slí eile, sé sin le rá:—
(a) leagfaid gach foirgint air fé cheann sé seachtaine ón dáta ar a bhfágfar í no fé cheann pé tréimhse, níos sia ná san, a thuigfid do bheith réasúnta agus an scéal mar bheidh, agus ina dhiaidh sin féadfaid an talamh d'úsáid chun crícheanna Coda III d'Acht 1890 mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so, no, fé réir an Aire dá cheadú san, féadfaid an talamh do dhíol no do chur ar cíos fé réir pé sriantacht agus coinníollacha, más aon cheann é, is oiriúnach leo no féadfaid an talamh do chur i leithreas chun aon chríche chun a mbeidh údarás acu talamh do thógaint chúcha ach san fé réir sriantachta den tsórt chéanna atá in alt a cúig nóchad den Public Health Acts Amendment Act, 1907, maidir le húdaráis áitiúla do chur tailimh i leithreas fén alt san; no
(b) déanfaid, fé réir an Aire dá cheadú san, an talamh do dhíol no do chur ar cíos chó luath agus is féidir é fé réir choinníll go ndéanfar na foirgintí air do leagadh láithreach agus fé réir pé sriantacht agus coinníollacha eile, más aon cheann é, is oiriúnach leo d'fhorchur.
(2) Isé praghas no cíos ar a ndíolfar no ar a dtabharfar ar léas aon talamh a díolfar no do bhéarfar ar léas fén alt so ná an praghas is fearr no an cíos is fearr is féidir d'fháil go réasúnta ag cuimhneamh ar aon tsriantacht no coinníoll do forchuirfear agus déanfar aon airgead caipitiúil do gheobhfar as aon ghnó déanfar fén alt so do chur, le cead an Aire, chun fiacha d'aisíoc no chun aon chríche eile chun ar féidir le ceart airgead caipitiúil do chur.
(3) Chun crícheanna an ailt so foluíonn “díol” díol i gcomaoine cíos-mhuirir bhliantúla no deontais fheirm-dhílse.
Comhacht ag údarás áitiúil talamh réitithe gur theip ar únaerí é d'athfheabhsú do cheannach.
11.—(1) Má deintear a mbeidh d'fhoirgintí ar thalamh do ghlanadh dhe do réir orduithe réiteachta déanfar fén gCuid seo den Acht so, féadfaidh an t-údarás áitiúil aon uair tar éis ocht mí déag ón dáta ar a dtáinig an t-ordú réiteachta i ngníomh socrú, tré rún, ar aon chuid den talamh san do cheannach ná raibh, ar dháta a rúin do rith, úsáid déanta ná á déanamh di chun crícheanna tógála ná feabhas curtha ná á chur uirthi ar aon tslí eile ag á húnaer do réir pleananna do cheaduigh an t-údarás áitiúil agus do réir aon tsriantacht no coinníollacha do forchuireadh fé fho-alt (1) d'alt 9 den Acht so.
(2) Deighleálfaidh údarás áitiúil le haon talamh a cheannóid fén alt so tré é do dhíol, do chur ar cíos no do chur i leithreas do réir forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo.
Líomatáistí feabhsúcháin.
12.—(1) Má bhíonn údarás áitiúil sásta, ar chúis a pléidhfear leo go hoifigiúil no ar eolas eile bheidh acu do bhreithniú, gur líomatáiste nea-shláintiúil aon líomatáiste atá laistigh dá gceanntar agus gur féidir, gan na foirgintí uile sa líomatáiste sin atá neamhoiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta no atá dainséarach no díobhálach don tsláinte do leagadh, staid an líomatáiste sin do leigheas go héifeachtúil—
(a) tré sna tithe comhnaithe sin laistigh den líomatáiste atá neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta do leagadh no do dheisiú fé mar is gá sa chás; agus
(b) tríd an údarás áitiúil do cheannach aon tailimh laistigh den líomatáiste go mbeidh sé oiriúnach dóibh é d'fháil chun an líomatáiste d'fhairsingiú agus tré aon fhoirgintí ar an talamh san do leagadh sa mhéid gur gá iad do leagadh chun na críche sin;
féadfaidh an t-údarás áitiúil a chur fé ndeár an líomatáiste sin do léiriú ar mhapa agus féadfaid rún do rith á dhearbhú gur líomatáiste feabhsúcháin an líomatáiste bheidh léirithe amhlaidh.
(2) Údarás áitiúil a rithfidh rún á dhearbhú gur líomatáiste feabhsúcháin líomatáiste áirithe, déanfaid láithreach—
(a) fógra ina luadhfar téarmaí an rúin agus an dáta ar ar ritheadh é, agus ina n-ainmneofar áit in a bhféadfar cóip den rún agus den mhapa luaidhtear ann d'fheiscint gach tráth réasúnta, d'fhoillsiú i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta léightear ina gceanntar; agus
(b) cóip den rún do chur chun an Aire maraon le meastachán ar an méid daoine agus ar an méid líon-tighe ar leithligh den lucht oibre is gá do chur as áit de dhruim éinní bheidh an t-údarás áitiúil ar aigne a dhéanamh chun an líomatáiste d'fheabhsú.
(3) Chun crícheanna Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 (Uimh. 1 de 1929) agus an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) is feidhm fhorchoimeádtha a dhearbhú fén alt so gur líomatáiste feabhsúcháin aon líomatáiste áirithe.
Cad déanfar le líomatáiste feabhsúcháin.
13.—(1) Údarás áitiúil a rithfidh rún á dhearbhú gur líomatáiste feabhsúcháin líomatáiste áirithe, déanfaid chó luath agus is féidir é—
(a) i gcás tithe comhnaithe bheidh neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ionta, fógraí do sheirbheáil fé Chuid III den Acht so á éileamh go ndéanfar gach obair is gá ortha no go leagfar iad, agus féachaint chuige go ndéanfar beart do réir na bhfógraí sin;
(b) sa mhéid gur gá, chun an líomatáiste d'fheabhsú, talamh do cheannach chun an líomatáiste d'fhairsingiú, cromadh ar an talamh san do cheannach mara mbeidh an t-údarás áitiúil sásta gur leor é an fairsingiú dhéanfaidh únaer no únaerí an tailimh ar an líomatáiste.
(2) Déanfaidh údarás áitiúil a cheannóidh aon talamh fen alt so, no cuirfid in áirithe go ndéanfar, pé leagadh is gá chun an líomatáiste d'fhairsingiú agus, fé n-a réir sin, deighleálfaid leis an talamh san tré é do dhíol, do chur ar cíos no do chur i leithreas do réir forálacha ailt 10 den Acht so.
(3) Má thagann as éinní dhéanfaidh údarás áitiúil fén alt so maidir le tigh comhnaithe i líomatáiste feabhsúcháin go n-aistreoidh tionónta an tighe sin no aon choda dhe as, ansan, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, má bhaineann na hAchtanna san leis an tigh no leis an gcuid sin ní scuirfid de bhaint do bheith acu leis an gcéanna de bhíthin an tiarna tighe do theacht i seilbh an tighe no coda dhe ar dhéanamh an aistrithe sin agus dá bhíthin sin amháin.
(4) Má dearbhuítear gur líomatáiste feabhsúcháin aon líomatáiste áirithe ní choiscfidh san ar aon údarás áitiúil aon chomhachta d'fheidhmiú do bheadh infheidhmithe acu laistigh den líomatáiste sin dá mba ná déanfaí an dearbhú san.
Nithe le déanamh sara rithfear rún réiteachta no feabhsúcháin.
14.—Sara ndéanfaidh údarás áitiúil aon rún do rith á dhearbhú gur líomatáiste réiteachta no líomatáiste feabhsúcháin aon líomatáiste áirithe cruthóid don Aire—
(a) sa mhéid ná fuil cóiríocht chomhnaithe óiriúnach le fáil cheana féin do sna daoine den lucht oibre a cuirfear as áit de dhruim na nithe déanfar chun an líomatáiste do ghlanadh no d'fheabhsú, gur féidir don údarás áitiúil an chóiríocht san do chur ar fáil no a chur in áirithe go gcuirfear í ar fáil roimh gach cur as áit is gá do dhéanamh o am go ham fé mar a bheidh glanadh no feabhsú an líomatáiste ag dul ar aghaidh; agus
(b) gur leor acfuinn an údaráis áitiúla chun an rúin do chur in éifeacht.
Forálacha i dtaobh tailimh do cheannach.
15.—Má shocruíonn údarás áitiúil ar thalamh do cheannach fén gCuid seo den Acht so, féadfaid an talamh san do cheannach tré chó-aontú no féadfar, tré ordú cheannaigh éigeanta a déanfar agus a cuirfear fé bhráid an Aire agus a dhaingneoidh seisean do réir forálacha an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht so, a údarú dhóibh an talamh san do cheannach go héigeanta.
Cúiteamh i dtaobh tailimh a ceannófar go héigeanta do mheas.
16.—(1) Má dheineann údarás áitiúil talamh do cheannach go héigeanta fén gCuid seo den Acht so déanfar an cúiteamh is iníoctha ina thaobh do mheas—
(a) i gcás tailimh i líomatáiste réiteachta, do réir na bhforálacha atá i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so;
(b) i gcás aon tailimh eile, do réir na bhforálacha atá i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(2) Fé réir forálacha an fho-ailt sin roimhe seo, déanfar an cúiteamh is iníoctha i dtaobh an tailimh sin do mheas do réir forálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925).
Dleathacht orduithe réiteachta agus orduithe ceannaigh éigeanta agus an dáta ar a dtiocfaid i ngníomh.
17.—(1) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo maidir le dleathacht orduithe réiteachta agus orduithe ceannaigh éigeanta déanfar fén Acht so agus maidir leis an dáta ar a dtiocfaidh ordú den tsórt san i ngníomh.
(2) Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire ordú do dhaingniú foillseoidh an t-údarás áitiúil i bpáipeur nuachta léightear ina gceanntar fógra sa bhfuirm orduithe á rá go bhfuiltear tar éis an orduithe do dhaingniú agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú, mar do daingníodh é, agus den mhapa luaidhtear ann d'fheiscint gach tráth réasúnta, agus seirbheálfaid fógra den tsórt chéanna ar gach duine do thug fógra don Aire go raibh agóid aige i gcoinnibh an orduithe agus do bhí i láthair ag an bhfiosrúchán áitiúil puiblí chun neartú le n-a agóid.
(3) Más mian le héinne ar a ngoillfidh ordú amhrus do chaitheamh ar dhleathacht an orduithe sin ar an bhforas nách ordú é atá do réir chomhacht an Achta so no gur fágadh aon choinníoll atá san Acht so gan cólíonadh, féadfa sé, laistigh de shé seachtaine tar éis fógra an daingnithe d'fhoillsiú, iarratas chuige sin do chur fé bhráid na hArd-Chúirte, agus má cuírtear aon iarratas den tsórt san fé n-a bráid go cuibhe féadfaidh an Chúirt—
(a) oibriú an orduithe, go generálta no sa mhéid go mbaineann sé le haon mhaoin leis an iarratasóir, do chur ar fiunraoi le hordú interim go dtí go dtabharfar an bhreith dheiridh ar na himeachta; agus
(b) an t-ordú do chur ar neamh-ní, go generálta no sa mhéid go mbaineann sé le haon mhaoin leis an iarratasóir, má bhíonn sí sásta, ar éisteacht an iarratais, nách ordú é atá do réir chomhacht an Achta so no go ndearnadh dochar mór do leasanna an iarratasóra tré aon choinníoll atá san Acht so d'fhágaint gan cólíonadh.
(4) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo ní caithfear amhrus ar ordú, roimh é do dhaingniú ná dá éis sin, tré chosc ná certiorari na in aon imeachta dlí ar bith agus tiocfa sé i ngníomh i gcionn sé seachtaine ón dáta ar a bhfoillseofar fógra a dhaingnithe do réir forálacha fo-ailt (2) den alt so.
(5) Chó luath agus is féidir é tar éis ordú do theacht i ngníomh déanfaidh an t-údarás áitiúil cóip de do sheirbheáil ar gach duine ar ar sheirbheáladar fógra go raibh ar aigne acu an t-ordú do chur fé bhráid an Aire chun a dhaingnithe.
Cearta slí easáidí, etc., do chur ar ceal.
18.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le haontú an Aire, aon cheart slí puiblí ar aon talamh a cheannóid fén gCuid seo den Acht so do chur ar ceal le hordú, ach foillseofar sa tslí orduithe ordú dhéanfaidh údarás áitiúil fén bhfo-alt so, agus má deintear aon agóid ina choinnibh do chur fé bhráid an Aire fé cheann sé seachtaine o am a fhoillsithe ní aontóidh an tAire leis an ordú go dtí go gcuirfe sé fé ndeár fiosrúchán puiblí áitiúil do dhéanamh i dtaobh an scéil.
(2) Nuair a bheidh ceannach aon tailimh fén gCuid seo den Acht so críochnuithe ag údarás áitiúil dílseoidh gach ceart slí príobháideach agus gach ceart chun aon phíopaí, camraí, dréineacha, sreanga no cáblaí do chur síos, do chur suas, d'fhaidiú no do choinneáil i dtreo ar an talamh san no fé no os a chionn (maraon le húnaereacht na bpíopaí, na gcamraí, na ndréineacha, na sreang, no na gcáblaí sin) agus gach ceart no éasáid eile bheidh sa talamh san no bhaineann leis dilseoid san údarás áitiúil ach amháin sa mhéid go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil agus an té bheidh i dteideal an chirt a bheidh i gceist có-aontú ar a mhalairt, agus éinne chaillfidh éinní tré dhílsiú aon chirt no maoine den tsórt san roimhráite beidh sé i dteideal an údaráis áitiúla d'íoc cúitimh leis a socrófar fé agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuitear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925).
CUID III.
TITHE DO THOGAIL DON LUCHT OIBRE.
Tithe Comhnaithe Nea-Shlaintiula
Comhacht d'údarás áitiúil a cheangal ar dhuine tigh neashláintiúil do dheisiú.
19.—(1) Má bhíonn údarás áitiúil sásta, ar chúis a pléidhfear leo go hoifigiúil no ar thuarasgabháil o éinne dá n-oifigigh no ar eolas eile bheidh acu do bhreithniú, go bhfuil aon tigh comhnaithe ina gcomhnuíonn daoine den lucht oibre no is tigh de chineál do bheadh oiriúnach dá leithéidí chun comhnaithe ann, go bhfuil sé in aon tslí neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann, deanfaid, mara mbeid sásta nách féidir an tigh do dhéanamh oiriúnach amhlaidh ar chostas réasúnta, fógra do sheirbheáil ar an duine go n-urláimh an tighe á cheangal air na hoibreacha luaidhfear sa bhfógra do dhéanamh laistigh de pé am réasúnta, nách giorra ná lá is fiche, a luaidhfear sa bhfógra, agus á rá gurb é tuairim an údaráis áitiúla go mbeidh an tigh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann de bharr na n-oibreacha san.
(2) I dteanta fógra do sheirbheáil fén alt so ar an duine go n-urláimh an tighe, féadfaidh an t-údarás áitiúil más rogha leo é cóip den fhógra do sheirbheáil ar éinne eile go mbeidh leas aige sa tigh pe'ca mar únaer i mbithdhílse é, no mar mhorgáistí, mar léasaí, no eile.
(3) Nuair a beifear á shocrú, chun crícheanna na Coda so den Acht so, an féidir ar chostas réasúnta tigh comhnaithe do dhéanamh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann féachfar don chostas a measfar do sna hoibreacha is gá chun é do dhéanamh oiriúnach amhlaidh agus don méid a measfar is fiú an tigh nuair a bheidh na hoibreacha críochnuithe.
Fógra á cheangal ar dhuine deisiú do dhéanamh d'fheidhmiú.
20.—(1) Mara ndeintear beart do réir fógra fén alt deiridh sin roimhe seo á cheangal ar an duine go n-urláimh an tighe oibreacha do dhéanamh, ansan, tar éis deireadh na haimsire luaidhtear sa bhfógra no, má rinneadh athchomharc i gcoinnibh an fhógra agus gur daingníodh an fógra go n-atharú no gan atharú de bharr an athchomhairc sin, tar éis lae is fiche do bheith caithte o tugadh an bhreith dheiridh ar an athchomhare no tar éis deireadh pé tréimhse níos sia ná san a shocróidh an chúirt agus í ag tabhairt breithe ar an athchomharc, féadfaidh an t-údarás áitiúil dul isteach sa tigh agus féadfaid féin an obair do dhéanamh ba ghá do réir an fhógra, no do réir an fhógra mar d'atharuigh an chúirt é, pe'ca aca é, do dhéanamh.
(2) Má bhíonn an t-údarás áitiúil ar tí dul isteach i dtigh comhnaithe fé fhorálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo chun aon oibre do dhéanamh féadfaid fógra i scríbhinn do thabhairt don duine go n-urláimh an tighe agus, más oiriúnach leo é, d'éinne eile is únaer ar an tigh, á rá go bhfuil ar aigne acu san do dhéanamh agus más rud é, aon am tar éis seacht lá do bheith caithe o seirbheáladh an fógra san air agus faid a bheidh aon fhear oibre no connarthóir a bheidh ar fostú ag an údarás áitiúil ag déanamh oibreacha sa tigh, go mbeidh sa tigh, chun aon oibreacha do dhéanamh, éinne ar ar seirbheáladh an fógra no aon fhear oibre bheidh ar fostú aige-sean no ag aon chonnarthóir a bheidh ar fostú aige-sean tuigfear an lé ar ar seirbheáladh an fógra do bheith ag cur bac ar an údarás áitiúil agus iad ag feidhmiú an Achta so agus ar a chiontú ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air mara gcruthuighe sé chun sástachta na cúirte gur ina láthair a cúiseofar é go riabh dian-ghá leis na hoibreacha san do dhéanamh chun daoine sa tigh do chur o bhaol.
(3) Féadfaidh an t-údarás áitiúil aon chostaisí fé n-a raghaid fén alt so maraon le hús do réir pé ráta shocróidh an tAire tré ordú o am go ham le haontú an Aire Airgid, o dháta éilimh ar na costaisí do sheirbheáil go dtí go n-íocfar iad, féadfaid fe réir na nithe foráltar anso ina dhiaidh seo iad do bhaint, tré aicsean no ar an slí achmair mar fhiacha síbhialta, den duine go n-urláimh an tighe no más mar ghníomhaire no iontaobhaí do dhuine éigin eile gheibheann seisean cíos an tighe, ansan de sin no den duine eile sin no cuid díobh de sin agus an chuid eile den duine eile sin:
Ach má chruthuíonn an duine go n-urláimh an tighe—
(a) ná faghann sé an cíos ach mar ghníomhaire no mar iontaobhaí do dhuine éigin eile; agus
(b) ná fuil ar láimh aige thar ceann an duine eile sin, agus ná raibh o dháta an éilimh do sheirbheáil air, a dhóthain airgid chun éilimh iomláin an údaráis áitiúla do ghlanadh,
ní raghaidh a fhiachas thar suim iomlán an airgid atá no do bhí ar láimh aige mar adubhradh.
(4) Sna himeachta achmaire go léir a bhunóidh an t-údarás áitiúil chun aon chostaisí den tsórt san do bhaint amach, déanfar an aimsir gur laistigh di a féadfar na himeachta do bhunú d'áireamh o dháta an éilimh do sheirbheáil no, má deintear athchomharc in aghaidh an éilimh sin, o dháta an éilimh do theacht i ngníomh.
(5) Féadfaidh an t-údarás áitiúil le hordú a dhearbhú aon chostaisí den tsórt san do bheith iníoctha ina dtráthchoda seachtainiúla no eile laistigh de thréimhse nách sia ná triocha bliain maraon le hús, do réir pé ráta shocróidh an tAire tré ordú o am go ham le haontú an Aire Airgid, o dháta an éilimh do sheirbheáil do dtí go mbeidh an tsuim iomlán íoctha agus féadfar aon tráthchoda agus ús den tsórt san, no aon chuid díobh, do bhaint, ar an slí achmair mar fhiacha síbhialta, den duine go n-urláimh an tighe no de shealbhaire an tighe agus, más de shealbhaire bainfear iad, féadfaidh seisean iad do bhaint as cíos an tighe.
(6) Beidh suim aon chostaisí agus an úis ortha bheidh ag dul d'údarás áitiúil fén alt so ina muirear ar an áitreabh gur ina thaobh do chuathas fé sna costaisí, agus chun an mhuirir sin d'fheidhmiú beidh ag an údarás áitiúil na comhachta agus na leigheasanna céanna go léir do bheadh acu dá mba mhorgáistithe tré dhintiúir iad agus comhacht acu chun díolta agus chun léasuithe, chun glacadh le léasanna do bhéarfaí suas agus chun glacadóra do cheapadh.
(7) Ní dhéanfaidh aon ghníomh a déanfar fén alt so no fén alt deiridh sin roimhe seo dochar no deifir d'aon chomhachta eile bheidh ag an údarás áitiúil ná d'aon leigheas a bheidh ar fáil ag tionónta tighe chomhnaithe in aghaidh a thiarna talmhan, sa dlí chomónta ná eile.
Costaisí deisiúcháin do bhaint de shealbhaire.
21.—(1) I gcás éilimh chun costaisí do bhaint amach fé n-a ndeachaidh údarás áitiúil fén alt deiridh sin roimhe seo do theacht i ngníomh agus na costaisí sin no aon chuid díobh do bheith gan íoc, féadfaidh an t-údarás áitiúil, tar éis dóibh fógra deich lá ar a laighead do thabhairt don duine go n-urláimh an tighe gur ina thaobh do chuathas fé sna costaisí sin, fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar shealbhaire no ar shealbhairí an tighe sin, ag luadh suime na gcostaisí sin a bheidh gan íoc, agus á cheangal ar an sealbhaire no ar na sealbhairí sin aon chíos a bheidh dlite air no ortha an uair sin no a thiocfaidh chun bheith dlite air no ortha ina dhiaidh sin d'íoc leis an údarás áitiúil go dtí go mbeidh suim na gcostaisí sin maraon le hús ar bith a bheidh dlite uirthi aisíoctha go hiomlán.
(2) Má deintear aon fhógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do sheirbheáil ar shealbhaire oibreoidh an tseirbheáil sin chun aistriú do dhéanamh chun an údaráis áitiúla ar an aon cheart chun an chíosa, gur gá do réir an fhógra san é d'íoc leis an údarás áitiúil, do bhaint amach agus do ghlacadh agus chun cúiteántais do thabhairt ann.
Comhacht d'údarás áitiúil tigh folamh 'na mbeidh costaisí dlite ina thaobh do chur ar cíos.
22.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil go mbeidh costaisí ar bith dlite dhóibh alos oibre do dhéanamh fé alt 20 den Acht so ar thigh a bheidh folamh no tar éis teacht folamh, féadfaid, má bhíd sásta nách féidir na costaisí sin do bhaint den duine go n-urláimh an tighe agus tar éis dóibh fógra lae is fiche i scríbhinn do thabhairt don duine sin go bhfuil ar aigne acu san do dhéanamh, an tigh do chur ar cíos in ainm an duine sin le duine ciriúnach ar pé cíos, téarmaí agus coinníollacha agus ar feadh pé tréimhse is dóich leis an údarás áitiúil is ceart ag féachaint do chúrsaí agus do chineál aon tionóntachta bhí sa tigh roimhe sin.
(2) Déarfar i ngach fógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo an chíos-tréimhse dá mbeidh agus na téarmaí agus na coinníollacha ar a mbeidh an t-údarás áitiúil chun an tighe do chur ar cíos.
(3) Chun crícheanna an ailt seo agus chun na gcrícheanna san amháin tuigfear gurab é an t-údarás áitiúil gníomhaire an duine go n-urláimh an tighe agus comhacht acu an tigh do chur ar cíos gan a chead agus foluíonn an focal “tigh,” i gcás tighe cuirtear ar cíos do ghnáth ina sheomraí ar leithligh, cuid de thigh.
(4) Féadfaidh éinne ar a ngoillfe sé údarás áitiúil do bheith chun tighe do chur ar cíos fén alt so athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Cuarda laistigh de lá is fiche tar éis dáta an fhógra luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so do sheirbheáil agus féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh sa scéal is dóich léi do bheith cóir agus réasúnta ach ní bheidh dul thar breith na Cúirte agus ní féadfar aon athchomharc do dhéanamh ina coinnibh.
Comhacht d'údarás áitiúil a ordú tigh neashláintiúil do leagadh.
23.—(1) Má bhíonn údarás áitiúil sásta, ar chúis a pléidhfear leo go hoifigiúil no ar thuarasgabháil o éinne dá n-oifigigh no ar eolas eile bheidh acu do bhreithniú, go bhfuil aon tigh comhnaithe ina gcomhnuíonn daoine den lucht oibre no is tigh de chineál do bheadh oiriúnach dá leithéidí chun comhnaithe ann, go bhfuil sé neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann agus nách féidir é do dhéanamh oiriúnach amhlaidh ar chostas réasúnta seirbheálfaid ar an duine go n-urláimh an tighe agus ar éinne eile is únaer air agus, sa mhéid gur féidir go réasúnta a fháil amach cé hiad, ar gach éinne de mhorgáistithe an tighe sin, fógra i dtaobh an ama (eadhon, am éigin nách giorra ná lá is fiche tar éis an fhógra do sheirbheáil) agus na háite ina mbreithneoid staid an tighe agus aon tairisgint is mian le héinne acu san do chur fé n-a mbráid maidir le hoibreacha do dhéanamh no maidir le húsáid do dhéanamh den tigh ina dhiaidh sin, agus beidh gach duine ar a seirbheálfar fógra den tsórt san i dteideal éisteacht d'fháil nuair a bheidh an scéal á bhreithniú amhlaidh.
(2) Más rud é gur oiriúnach leis an údarás áitiúil san do dhéanamh tar éis dóibh dul i gcomhairle le haon únaer no morgáistí féadfaid glacadh le geallúint uaidh go ndéanfa sé, laistigh d'aimsir áirithe, pé oibreacha is dóich leis an údarás áitiúil a dhéanfaidh an tigh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no, neachtar acu, ná húsáidfear é mar áit chomhnaithe do dhaoine go dti go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil, ar bheith sásta dhóibh go ndearnadh oiriúnach chuige sin é, an gheallúint do chur ar nea-mbrí.
(3) Mara nglacaidh an t-údarás áitiúil le haon gheallúint den tsórt atá luaidhte sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo no, más rud é, i gcás in ar ghlacadar le geallúint den tsórt san, ná déanfar, laistigh den tréimhse bheidh luaidhte, aon obair áirithe le n-a mbaineann an gheallúint, no go n-úsáidfear an tigh aon uair contrárdha do théarmaí na geallúna, déanfaidh an t-údarás áitiúil láithreach ordú leagtha le n-a n-éileofar an tigh d'fhágaint laistigh de thréimhse luaidhfear san ordú agus nách giorra ná ocht la ar fhichid o dháta an orduithe do theacht i ngníomh agus é do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh laistigh de shé sheachtaine tar éis deireadh na tréimhse sin no, mara bhfágtar an tigh roimh dheireadh na tréimhse sin, laistigh de shé sheachtaine tar éis an dáta ar a bhfágfar é no, i gceachtar cás acu, laistigh de pé tréimhse níos sia ná san gur dóich leis an údarás áitiúil é do bheith réasúnta sa chás é do luadh agus seirbheálfaid an t-ordú ar gach duine gur ghá dhóibh do réir fo-ailt (1) den alt so fógra do bhéarfaidís amach fén bhfo-alt san do sheirbheáil air.
Tuigfear seomra fé thalamh do bheith ina thigh atá neamhoiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann.
24.—(1) Aon tseomra a húsáidtear do ghnáth mar áit chodlata agus go bhfuil uachtar a urláir breis is trí troithe níos ísle ná uachtar na coda san den tsráid atá sínte leis an seomra no is goire don tseomra, no breis is trí troithe níos ísle ná uachtar aon tailimh laistigh de naoi dtroithe ón seomra, tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so gur tigh é atá neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann má bhíonn an seomra—
(a) gan bheith ocht dtroithe ar a laighead ar aoirde, do réir mheánachta, o urlár go síleáil; no
(b) gan bheith do réir pé rialachán ordóidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire, chun a chur in áirithe go mbeidh aer agus solus go leor i seomraí den tsórt san agus go mbeidh cosaint acu ar thaise, ar effluvia, agus ar ghalú.
(2) Má theipeann ar údarás áitiúil rialacháin den tsórt san roimhráite, no rialacháin le n-a n-aontóidh an tAire, do dhéanamh tar éis don Aire san do cheangal ortha féadfaidh an tAire féin iad do dhéanamh agus na rialacháin a déanfar amhlaidh beidh éifeacht acu fé is dá mb'é an t-údarás áitiúil do dhéanfadh iad le toiliú an Aire.
Comhacht d'údarás áitiúil deighleáil le cuid d'fhoirgint.
25.—Féadfaidh údarás áitiúil, fén gCuid seo den Acht so, nithe den tsórt chéanna, go bhfuil comhacht acu iad do dhéanamh i dtaobh tighe chomhnaithe, do dhéanamh i dtaobh aon choda d'fhoirgint a bheidh curtha ar cíos chun daoine chun comhnaithe inti mar thionóntachán fé leith no i dtaobh aon tseomra fé thalamh go mbeidh sé le tuiscint, de bhuadh fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht so, é do bheith neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann, ach beidh san fé n-a réir seo, ámh, i gcás ina ndéanfaidís ordú leagtha dá mba thigh comhnaithe bheadh i gceist isé dhéanfaid, más cuid d'fhoirgint a bheidh curtha ar cíos chun daoine chun comhnaithe ann mar thionóntachán fé leith a bheidh i gceist, ná ordú dúnta á thoirmeasc an chuid sin d'úsáid mar áit chomhnaithe do dhaoine agus isé dhéanfaid, más aon tseomra fé thalamh den tsórt san roimhráite bheidh i gceist, ná ordú dúnta á thoirmeasc an seomra d'úsáid mar áit chodlata; ach déanfaidh an t-údarás áitiúil ordú dúnta bheidh déanta acu amhlaidh do chur ar neambrí ar bheith sásta dhóibh go bhfuiltear tar éis na coda den fhoirgint no an tseomra le n-a mbaineann an t-ordú do dhéanamh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann.
An nósimeachta leanfar má deintear ordú leagtha no ordú dúnta no má tugtar geallúint i dtaobh tighe d'úsáid.
26.—(1) Nuair a thiocfaidh ordú leagtha fén gCuid seo den Acht so i ngníomh déanfaidh únaer no únaerí an tighe le n-a mbaineann sé an tigh sin do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh chun sástachta an údaráis áitiúla laistigh den aimsir a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú; agus, mara ndeintear an tigh do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh amhlaidh laistigh den aimsir sin, raghaidh an t-údarás áitiúil isteach agus déanfaid an tigh do leagadh agus a láithreán do ghlanadh agus do leibhéaladh agus abhair an tighe do dhíol agus beidh feidhm ag forálacha fo-alt (2) (3) (4) agus (5) d'alt 8 den Acht so maidir le haon chostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás fén bhfo-alt so agus le haon fharasbár fhanfaidh i lámha an údaráis áitiúla fé mar a bheidh feidhm acu maidir le haon chostaisí no farasbár i gcás ina leagfar foirgint do réir orduithe réiteachta.
(2) Einne gurb eol do ordú dúnta do bheith tagtha i ngníomh agus baint do bheith aige le haon áitreabh, no geallúint do bheith tugtha fén gCuid seo den Acht so ná húsáidfear aon áitreabh áirithe chun crícheanna áirithe bheidh luaidhte sa gheallúint, agus úsáidfidh an t-áitreabh san contrárdha do théarmaí an orduithe no na geallúna, no a cheadóidh é d'úsáid amhlaidh dlighfear, ar a chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus pionós breise de chúig púint in aghaidh gach lae no coda de lá úsáidfe sé amhlaidh é, no a cheadóidh sé é d'úsáid amhlaidh, tar éis a chiontuithe.
(3) Má tugtar geallúint fén gCuid seo den Acht so ná húsáidfear aon áitreabh áirithe mar áit chomhnaithe do dhaoine, ní dhéanfaidh éinní atá sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, ná in aon achtachán a leasuíonn na hAchtanna san, éinne is únaer ar an áitreabh san do chosc ar sheilbh d'fháil ar an áitreabh san.
Athchomhairc.
27.—(1) Einne ar a ngoillfidh—
(a) fógra fén gCuid seo den Acht so le n-a éilítear oibreacha do dhéanamh;
(b) éileamh ar chostaisí do bhaint amach fé n-a ndeachaidh údarás áitiúil chun oibreacha do dhéanamh a bheidh luaidhte in aon fhógra den tsórt san;
(c) ordú do rinne údarás áitiúil i dtaobh aon chostaisí den tsórt san;
(d) ordú leagtha do rinneadh fén gCuid seo den Acht so;
(e) ordú dúnta do rinneadh amhlaidh, no diúltú d'ordú dúnta do chur ar nea-mbrí;
féadfa sé, laistigh de lá is fiche tar éis dáta seirbheála an fhógra, an éilimh no an orduithe, no tar éis an diúltuithe, pe'ca aca é, athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Cuarda, agus ní dhéanfaidh an t-údarás áitiúil éinní, chun aon fhógra, éileamh, no ordú ’na ndéanfar athchomharc ina choinnibh d'fheidhmiú, sara mbeidh an bhreith dheiridh tugtha ar an athchomharc:
Ach—
(i) Ní déanfar ar athchomharc fé mhír (b) ná fé mhír (c) den fho-alt so aon cheist do tharrac anuas d'fhéadfaí a tharrac anuas ar athchomharc do bheith á dhéanamh i gcoinnibh an bhun-orduithe le n-ar héilíodh an obair do dhéanamh; agus
(ii) ní luighfidh athchomharc do dhéanamh fé mhír (d) ná fé mhír (e) den fho-alt so ar agra duine bheidh i seilbh an áitreibh, le n-a mbaineann an t-ordú, fé léas no fé chó-aontú nách sia ná trí bliana a mbeidh gan caitheamh dá théarma.
(2) In aon achchomharc chun na Cúirte Cuarda fén alt so—
(a) féadfaidh an chúirt pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh chun an fhógra, an éilimh, no an orduithe do dhaingniú no do chur ar neamh-ní no d'atharú, agus féadfaidh, más oiriúnach léi é, glacadh le haon gheallúint o athchomharcach den tsórt go bhféadfadh an t-údarás áitiúil glacadh léi agus aon gheallúint le n-a nglacfaidh an chúirt amhlaidh beidh éifeacht aici díreach fé is dá mba don údarás áitiúil a tabharfaí an gheallúint sin agus go nglacfadh an t-údarás áitiúil léi fén gCuid seo den Acht so; agus
(b) má ghéilleann an chúirt d'athchomharc i gcoinnibh fógra le n-a n-éilitear obair do dhéanamh ar thigh comhnaithe cuirfe sí ina breithiúntas, má iarrann an t-údarás áitúil uirthi é, breith ar ce'ca is féidir an tigh do dhéanamh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann ar chostas réasúnta no nách féidir.
(3) Beidh gnás agus nós-imeachta na Cúirte Cuarda fén alt so do réir Rialacha Cúirte, agus beidh socrú sna rialacha maidir leis an gCúirt Chuarda d'iniúchadh an áitreibh le n-a mbaineann an t-athchomharc in aon chás in ar dóich leis an gcúirt gur mhaith an rud an t-iniúchadh san do dhéanamh.
(4) Tiocfaidh aon fhógra, éileamh, no ordú go bhféadfaí athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Cuarda ina choinnibh fén alt so i ngníomh ar bheith caithte don tréimhse d'aon lá is fiche atá luaidhte i bhfo-alt (1) den alt so, mara ndeintear aon athchomharc den tsórt san, agus ní bheidh dul thairis maidir le haon nithe fhéadfaí do tharrac anuas ar athchomharc den tsórt san, agus má dhaingníonn an Chúirt Chuarda aon fhógra, éileamh, no ordú go ndéanfar athchomharc ina choinnibh tiocfa sé i ngníomh, sa mhéid go ndaingneofar amhlaidh é, ón dáta ar a dtabharfar an bhreith dheiridh ar an athchomharc.
(5) Chun crícheanna na Coda so den Acht so tuigfear gurb ionann athchomharc do tharrac siar agus breith do thabhairt air go n-éifeacht den tsórt chéanna do bheadh ag breith do dhaingneodh an fógra, an t-éileamh no an t-ordú, no an bhreith, go ndearnadh athchomharc ina choinnibh.
(6) Ní luighfidh aon athchomharc fé alt 61 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) i gcoinnibh breithe dhéanfaidh an Chúirt Chuarda fén alt so.
Comhacht d'údarás áitiúil tithe áirithe do cheannach agus do dheisiú.
28.—(1) Má dheineann duine ar bith athchomharc i gcoinnibh fógra fén gCuid seo den Acht so le n-a n-éilítear oibreacha do dhéanamh ar thigh chomhnaithe agus go bhfuighidh an Chúirt Chuarda, agus í ag géilleadh don athchomharc, nách féidir an tigh do dhéanamh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann ar chostas réasúnta, féadfaidh an t-údarás áitiúil an tigh sin do cheannach tré chó-aontú no féadfar údarás do thabhairt dóibh é do cheannach go héigeanta do réir forálacha an ailt seo agus, má cheannuíd an tigh go héigeanta, déanfaid láithreach na hoibreacha go léir do luadhadh sa bhfógra gur ina choinnibh a rinneadh an t-athchomharc.
(2) Féadfar, chun crícheanna an ailt seo, údarás do thabhairt d'údarás áitiúil tigh do cheannach tré ordú ceannaigh éigeanta déanfar agus a cuirfear fé bhráid an Aire laistigh de shé mhí tar éis na breithe do thabhairt ar an athchomharc agus a dhaingneoidh seisean do réir forálacha an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht so; ach má dheineann éinne is únaer no is morgáistí ar an tigh a gheallúint na hoibreacha do luadhadh sa bhfógra gur ina choinnibh a rinneadh an t-athchomharc do dhéanamh chun sástachta an Aire agus laistigh de pé tréimhse shocróidh an tAire, ní dhaingneoidh an tAire an t-ordú ceannaigh éigeanta mara dteipidh ar an duine sin a gheallúint do chólíonadh.
(3) Isé cúiteamh a híocfar as aon tigh a ceannófar go héigeanta fén alt so ná an méid is fiú an láithreán, le linn na luachála do dhéanamh, mar láithreán glanta atá ar fáil chun é d'fheabhsú do réir a n-éilítear leis na fo-dhlithe tógála bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire sa cheanntar, agus fé réir adubhradh is do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925), a measfar é.
CUID IV.
Leasuithe Ilghneitheacha ar an Dli Bhaineann le Tithe do Thogaint don Lucht Oibre.
Dualgas údaráis áitiúla a gceanntar d'iniúchadh.
29.—Beidh sé de dhualgas ar gach údarás áitiúil a chur fé ndeár go ndéanfar a gceanntar d'iniúchadh o am go ham chun a fháil amach an bhfuil aon tigh comhnaithe ann neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann agus chuige sin beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil agus ar gach oifigeach don údarás áitiúil na rialacháin do chólíonadh agus na breacacháin do choimeád ordóidh an tAire.
Comhacht d'údarás áitiúil eolas i dtaobh únaerachta áitreabh d'éileamh.
30.—Chun go bhféadfaidh údarás áitiúil aon fhógra (le n-a n-áirmhítear aon chóip d'aon fhógra) do sheirbheáil go n-údaruítear dóibh no go gceangailtear ortha le hAchtanna Tithe an Lucht Oibre é do sheirbheáil, féadfaid a cheangal ar shealbhaire aon áitreibh, agus ar éinne do gheibheann cíos go díreach no go nea-dhíreach as aon áitreabh, an cineál leasa atá aige féin san áitreabh san do luadh i scríbhinn agus fós ainm agus seoladh éinne eile gur feasach do leas do bheith aige ann, pe'ca mar únaer i mbith-dhílse é no mar mhorgáistí no léasaí no eile, agus, éinne go gceanglóidh údarás áitiúil air do réir an ailt seo aon eolas do thabhairt dóibh agus go dteipfidh air an t-eolas san do thabhairt uaidh no dhéanfaidh go feasach aon mhí-ráiteas ina thaobh, dlighfear, ar a chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Coinníollacha tuigfear ar thigh do chur ar cíos chun comhnaithe ann.
31.—(1) In aon chonnradh déanfar tar éis an Achta so do rith chun tighe chomhnaithe do chur, chun comhnaithe ann, ar cíos nách mó ná—
(a) triocha púnt sa bhliain, i gcás tighe bheidh suidhte i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath no i mBuirg Dhún Laoghaire;
(b) cúig púint fhichead sa bhliain, i gcás tighe bheidh suidhte in aon áit eile;
tuigfear, in ainneoin aon chomha ina choinnibh sin, coinníoll do bheith ann go bhfuil an tigh, i dtosach na tionóntachta, oiriúnach do réir réasúin i ngach slí do dhaoine chun comhnaithe ann, agus fós geallúint do bheith ann go ndéanfaidh an tiarna tighe é do choimeád amhlaidh ar feadh ré na tionóntachta ach ní dhéanfaidh éinní atá san alt so deifir d'fhreagarthacht tionónta no sealbhaire aon tighe den tsórt san in aon ghníomh no teip thoiliúil i leith an tionónta no an tsealbhaire sin tré n-a ndéanfar an tigh sin neamhoiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann:
Ach ní tuigfear an coinníoll agus an gheallúint roimhráite do bheith ann nuair a cuirfear tigh ar cíos ar feadh téarma nách giorra ná trí bliana ar na téarmaí go gcuirfidh an léasaí i riocht é ’na mbeidh sé oiriúnach do réir réasúin mar áit chomhnaithe, agus nách féidir le ceachtar de sna páirtithe an léas do chur ar ceal go ceann trí mblian.
(2) Tar éis do fógra ceithre huaire fichead a’ chluig do thabhairt i scríbhinn don tionónta no don tsealbhaire féadfaidh an tiarna tighe no éinne go n-údarás uaidh i scríbhinn dul isteach in aon áitreabh le n-a mbaineann an t-alt so aon tráth réasúnta den lá chun a staid agus a chor d'fheiscint.
(3) San alt so cialluíonn an abairt “tiarna tighe” éinne dhéanfaidh, fé aon chonnradh dá dtagartar san alt so, aon tigh do chur ar cíos chun tionónta chun comhnaithe ann agus foluíonn sí a chomharbaí teidil, agus foluíonn an abairt “tigh comhnaithe” cuid de thigh.
Nithe breithneofar nuair a beifeará shocrú ce'ca tá tigh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no ná fuil.
32.—I gcás in ar gá, chun crícheanna Achtanna Tithe an Lucht Oibre, a shocrú ce'ca tá tigh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no ná fuil féachfar don méid, más aon mhéid é, atá an tigh, toisc easba deisiúcháin no lochtaí sa chóir shláinteachais, gan bheith do réir forálacha aon fho-dhlithe atá i ngníomh i gceanntar an údaráis áitiúla ina bhfuil an tigh sin suidhte no gan bheith do réir caighdeáin ghenerálta tithe an lucht oibre sa cheanntar san.
Seilbh ar fhoirgintí do bhaint amach fé réir orduithe réiteachta no leagtha.
33.—(1) Má bhíonn ordú réiteachta no ordú leagtha tar éis teacht i ngníomh seirbheálfaidh an t-údarás áitiúil, ar shealbhaire aon fhoirginte no aon choda d'aon fhoirgint le n-a mbaineann an t-ordú, fógra á rá cadé an bhrí atá leis an ordú agus ag luadh an dáta ar ar gá do réir an orduithe an fhoirgint d'fhágaint agus á cheangal air imeacht as an bhfoirgint roimh an dáta san no fé cheann ocht lá fichead o sheirbheáil an fhógra, pe'ca am acu san is déanaí; agus má bhíonn éinne i seilbh na foirginte no aon choda dhi aon am tar éis an dáta ar ar gá do réir an fhógra an fhoirgint d'fhágaint féadfaidh an t-údarás áitiúil no éinne is únaer ar an bhfoirgint gearán do dhéanamh le cúirt dlighinse achmaire agus leis sin ordóidh an chúirt le n-a barántas, ag a mbeidh an éifeacht chéanna do bheadh ag barántas fé alt a sé ochtód den Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860, an fhoirgint no an chuid di do thabhairt folamh don ghearánaí laistigh de pé tréimhse, nách giorra ná dhá sheachtain agus nách sia ná ceithre seachtaine, a shocróidh an chúirt.
(2) Aon chostaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén alt so chun seilbhe d'fháil ar aon fhoirgint no ar aon chuid d'fhoirgint, féadfaid iad do bhaint d'únaer na foirginte no, má bhíonn níos mó ná aon únaer amháin ann, d'únaerí na foirginte ar an slí achmair i láthair cúirte dlighinse achmaire agus beidh feidhm ag forálacha fo-alt (2), (4) agus (5) d'alt 8 den Acht so maidir le haon chostaisí den tsórt san fé mar a bheidh feidhm ag na forálacha san maidir le costaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén alt san.
(3) Einne gurb eol do ordú réiteachta no ordú leagtha do bheith tagtha i ngníomh agus baint do bheith aige le haon fhoirgint agus a raghaidh i seilbh na foirginte sin no aon choda dhi tar éis an dáta ar ar gá do réir an orduithe an fhoirgint sin d'fhágaint, no a cheadóidh d'éinne eile dul i seilbh amhlaidh tar éis an dáta san, dlighfear, ar a chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air, agus pionós breise de chúig púint in aghaidh gach lae no coda de lá leanfar i seilbh amhlaidh tar éis an chiontuithe sin.
Seilbh ar thithe agus ar fhoirgintí do bhaint amach chun crícheanna achtachán a bhaineann le tithe do thógaint don lucht oibre.
34.—(1) Ní tuigfear éinní atá sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, do bheith ag déanamh deifre do sna forálacha den Acht so bhaineann le seilbh d'fháil ar thigh go ndearnadh ordú réiteachta no ordú leagtha ina thaobh ná do bheith ag cur coisc le seilbh d'fháil ar thigh ar bith gur gá seilbh d'fháil air chun go bhféadfaidh údarás áitiúil a gcomhachta d'fheidhmiú fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre no chun a chur in áirithe go gcólíonfar aon fho-dhlithe bheidh déanta chun coisc do chur le hiomad daoine bheith i dtigh.
(2) Más gá d'údarás áitiúil, chun go bhféadfaid a gcomhachta fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre d'fheidhmiú, seilbh d'fháil ar aon fhoirgint no ar aon chuid d'fhoirgint is leo féin, féadfaid seilbh d'fháil uirthi ar shlí achmair (gan dochar d'aon tslí eile chun seilbhe d'fháil) fé alt a cúig déag den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, pé áit ina mbeidh an fhoirgint no an chuid d'fhoirgint suidhte agus pé cíos a bheidh uirthi no pé saghas é téarma na tionóntachta.
Comhacht don Chúirt Chuarda léas do chur ar ceal má leagtar áitreabh.
35.—(1) Má bhíonn léas ar aon áitreabh 'na mbeidh ordú réiteachta no ordú leagtha do rinneadh fén Acht so tar éis teacht i ngníomh ina thaobh, féadfaidh an léasóir no an léasaí a iarraidh ar an gCúirt Chuarda gur laistigh dá líomatáiste dlighinse atá an t-áitreabh ordú do dhéanamh chun an léasa do chur ar ceal.
(2) Ar aon iarratas den tsórt san roimhráite do dhéanamh féadfaidh an Chúirt Chuarda más oiriúnach léi é, tar éis di caoi do thabhairt d'aon fho-léasaí chun éisteachta d'fháil, a ordú go gcuirfear an léas ar ceal gan coinníoll no fé réir pé téarmaí agus coinníollacha (ar a n-áirmhítear coinníollacha i dtaobh aon pháirtí sna himeachta d'íoc airgid le haon phairtí eile ionta mar chúiteamh no mar dhamáiste no eile) is dóich leis an gcúirt is cóir agus is cothrom d'fhorchur, ag cuimhneamh di ar cheartanna, ar oblagáidí, agus ar fhiachaisí na bpáirtithe fé seach fén léas, agus ar gach ní eile bhaineann leis an scéal.
(3) Beidh gnás agus nós-imeachta na Cúirte Cuarda fén alt so do réir Rialacha Cúirte.
(4) San alt so foluíonn an abairt “léas” fo-léas agus aon tionóntacht no có-aontú i gcóir léasa, fo-léasa no tionóntachta, agus léireofar na habairtí “léasóir,” “léasaí” agus “fo-léasaí” dá réir sin agus mar abairtí fholuíonn freisin duine ag a mbeidh teideal fé léasóir, fé léasaí, no fé fho-léasaí.
Comhacht d'údarás áitiúil liúntaisí do thabhairt do dhaoine áirithe cuirfear as a n-áit.
36.—Má cuirtear duine ar bith as aon tigh comhnaithe no foirgint eile le n-a mbaineann ordú réiteachta, ordú leagtha, no ordú dúnta, no do cheannuigh údarás áitiúil fé Chuid II den Acht so toisc é bheith i líomatáiste réiteachta no fé Chuid III den Acht so toisc nárbh fhéidir é dhéanamh oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin pé liúntas réasúnta is oiriúnach leo d'íoc leis an duine sin mar chabhair chun costaisí a aistrithe d'íoc; agus féadfaidh, le cead ón Aire, pé liúntas réasúnta is oiriúnach leo d'íoc freisin le héinne bheidh ag gabháil d'aon chéird no gnó in aon tigh comhnaithe no foirgint den tsórt san mar gheall ar an gcaillteanas is dóich leo bheidh air tré mar a cuirfear as dá chéird no dá ghnó toisc a bheith air imeacht as an tigh no as an bhfoirgint, agus ag meas an chaillteanais sin dóibh cuimhneoid ar an tréimhse le n-a mbeadh coinne do réir réasúin an t-áitreabh a bheidh ar seilbh aige do bheith ar fáil i gcóir a chéirde no a ghnótha agus ar ce'ca tá áitreabh eile do bheadh oiriúnach chuige sin ar fáil no ná fuil.
Talamh do cheannach chun crícheanna Coda III d'Acht 1890.
37.—(1) Chun crícheanna Coda III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so, féadfar údarás do thabhairt d'údarás áitiúil talamh do cheannach go héigeanta tré ordú ceannaigh éigeanta dhéanfaidh an t-údarás áitiúil agus a cuirfear fé bhráid an Aire agus a dhaingneoidh seisean fé réir na bhforálacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(2) Na forálacha den Acht so maidir le dleathacht ordú ceannaigh éigeanta agus le dáta a dteacht i ngníomh bainfid le horduithe ceannaigh éigeanta déanfar fén alt so.
(3) Aithghairmtear leis seo alt 57 d'Acht 1890 sa mhéid go mbaineann sé le talamh do thógaint in aon tslí seachas tré chó-aontú.
Talamh do thógaint ná beidh ag teastáil láithreach chun crícheanna Coda III d'Acht 1890.
38.—Le cead ón Aire agus fé réir aon choinníollacha fhorchuirfidh an tAire féadfaidh údarás áitiúil talamh do thógaint tré chó-aontú (ach ní ar aon tslí eile) chun crícheanna Coda III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so, d'ainneoin ná beidh an talamh ag teastáil láithreach chun na gcrícheanna san.
Láithreáin tréigthe do thógaint agus cúiteamh d'íoc asta.
39.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil láithreán tréigthe do thógaint tré chó-aontú le cead ón Aire, no go héigeanta, chun aon chríche de chrícheanna Coda III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so, d'ainneoin ná beidh an láithreán san ag teastáil láithreach chun na críche sin.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil le cead ón Aire láithreán tréigthe thógfaid amhlaidh d'úsáid go sealadach mar fhaithche imeartha no siamsa do dhaoine den lucht oibre agus daoine eile go dtí go gcuirfear é chun na críche chun ar tógadh é.
(3) Má thógann údarás áitiúil láithreán tréigthe go héigeanta chun aon chríche de chrícheanna Achtanna Tithe an Lucht Oibre, déanfar an cúiteamh a íocfaidh an t-údarás áitiúil as an láithreán san do thógaint do mheas do réir na bhforálacha atá i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, fé réir adubhradh, is do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925), a déanfar é do mheas.
(4) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “láithreán tréigthe” aon talamh atá suidhte i líomatáiste gur daoine den lucht oibre furmhór an lucht comhnaithe ann, no atá ana-chomhgarach do líomatáiste den tsórt san agus is—
(a) láithreán foirginte do leagadh no atá ina fothrach; no
(b) talamh ná dearnadh tithe do thógaint air agus nách féidir san do dhéanamh gan é do ghlanadh agus do leibhéaladh agus atá no is dócha thiocfaidh chun bheith sa riocht san go bhfuil no go mbeidh sé ina chráiteas no ina rud díobhálach don tsláinte toisc salachair, truflaise no rudaí nea-shláintiúla eile do bheith caithte air no toisc éinní eile; agus
(c) is talamh nár feabhsuíodh no nár hath-fheabhsuíodh i rith tréimhse de thrí bliana ar a laighead díreach roimh an am ar a shocróidh an t-údarás áitiúil, le rún, an talamh do thógaint.
Comhachta i dtaobh tithe do chur ar fáil.
40.—(1) Beidh ar chomhachta an údaráis áitiúla fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre chun cóiríochta comhnaithe do chur ar fáil comhacht chun na rudaí seo leanas do chur ar fáil agus do choinneáil i dtreo le toil an Aire agus, más mian san, i dteanta éinne eile, i dtaobh aon chóiríochta comhnaithe den tsórt san, sé sin le rá, aon fhoirgint a bheidh curtha in oiriúint mar shiopa, aon fhaithchí imeartha no faithchí siamsa, spásanna oscailte no foirgintí no talamh eile is dóich leis an Aire bheidh tairbheach maidir le riachtanaisí na ndaoine dá gcuirfear an chóiríocht chomhnáithe ar fáil.
(2) Nuair a bheidh an tAire ag toiliú le haon talamh no foirgint do chur ar fáil fén alt so féadfa sé, le hordú, aon fhorálacha reachtúla go n-atharuithe ar bith is gá ortha do chur i mbaint leis an talamh no leis an bhfoirgint sin do bhainfeadh leis dá mba fé aon achtachán a thugann comhachta d'aon údarás áitiúil chuige sin do cuirfí an talamh no an fhoirgint sin ar fáil.
Comhacht chun dul isteach ar thailte a beartófar do thógaint.
41.—(1) Má bhíonn údarás ag údarás áitiúil, tre ordú ceannaigh éigeanta do rinneadh agus do daingníodh fé Chuid II den Acht so, no fé Chuid III d'Acht 1890 mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so, talamh do cheannach go héigeanta chun crícheanna na Coda san, féadfaidh an t-údarás áitiúil, aon uair tar éis don ordú san teacht i ngníomh, agus ar fhógra ceithre lá déag ar a laighead do thabhairt i scríbhinn d'únaer agus do shealbhaire an tailimh, dul isteach agus seilbh do thógaint ar an talamh no ar an gcuid sin de bheidh luaidhte sa bhfógra, gan cead d'fháil roimh ré agus gan forálacha Achtanna na gClásanna Talmhan, mar a leasuítear iad leis an gcuid sin d'Achtanna Tithe an Lucht Oibre bhaineann le dul isteach ar thailte, do chólíonadh roimh ré agus tuigfear, ar aon fhógra den tsórt san do sheirbheáil, go bhfuil an t-údarás áitiúil tar éis a chur in úil go bhfuilid chun an tailimh do cheannach, agus dlighfid an cúiteamh céanna d'íoc do dhlighfidís d'íoc dá ndeintí na forálacha san d'Achtanna na gClásanna Talamhan do chólíonadh, maraon le hús ar an gcúiteamh san o chuathas isteach amhlaidh.
(2) Má chó-aontuíonn údarás áitiúil talamh do cheannach chun crícheanna Coda II den Acht so no Coda III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so, no má chinnid talamh do leithreasú chun ceachtar den dá chrích sin, fé réir leasa an té bheidh i seilbh air, agus nách mó an leas san ná leas tionónta ar feadh bliana no o bhliain go bliain, ansan, aon am tar éis an chó-aontuithe sin do dhéanamh no tar éis don Aire aontú leis an leithreasú san, féadfaidh an t-údarás áitiúil, tar éis dóibh fógra lae is fiche do thabhairt i scríbhinn don té bheidh i seilbh amhlaidh, dul isteach agus seilbh do thógaint ar an talamh no ar an gcuid sin de bheidh luaidhte sa bhfógra gan cead d'fháil roimh ré, ach beidh san fé réir íoca do dhéanamh, leis an té bheidh i seilbh amhlaidh, sa chúiteamh céanna maraon le hús den tsórt san roimhráite air do híocfaí dá n-údaruítí don údarás áitiúil an talamh do cheannach go héigeanta agus go gceanglófaí ar an duine sin do réir na comhachta san imeacht as seilbh sara mbeadh a théarma no a leas sa talamh caithte, ach ní gá forálacha Achtanna na gClásanna Talmhan, mar a leasuítear iad leis an gcuid sin d'Achtanna Tithe an Lucht Oibre bhaineann le dul isteach ar thailte, do chólíonadh.
Comhacht chun dul isteach ar thailte chun suirbhéireachta, etc., do dhéanamh.
42.—Féadfaidh duine ar bith go n-údarás i scríbhinn ón údarás áitiúil, agus an chríoch no na crícheanna áirithe chun a mbeidh an dul-isteach údaruithe luaidhte san údarás san, féadfa sé, ar fhógra ceithre huaire fichead a’ chluig do thabhairt don tsealbhaire agus don únaer, más eol cé hé an t-únaer, go bhfuil sé chun san a dhéanamh, dul isteach in aon tigh, áitreabh, no foirgint gach tráth réasúnta—
(a) chun suirbhéireachta no luachála do dhéanamh i gcás tithe, áitreabhacha no foirgintí go mbeidh údarás ag an údarás áitiúil iad do cheannach go héigeanta fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre; no
(b) chun suirbhéireachta agus scrúduithe do dhéanamh i gcás tighe ar bith gur seirbheáladh ina thaobh fógra á éileamh oibreacha do dhéanamh no go ndearnadh ordú réiteachta, ordú leagtha no ordú dúnta ina thaobh; no
(c) chun suirbhéireachta agus scrúduithe do dhéanamh má chítear don údarás áitiúil gur gá suirbhéireacht no scrúdú do dhéanamh chun a shocrú ar cheart aon chomhachta fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre d'fheidhmiú maidir le haon tigh, áitreabh no foirgint.
Beidh Baile-Choimisinéirí ina n-údarás áitiúil chun crícheanna Coda I agus II d'Acht 1890.
43.—(1) Chun crícheanna Coda I agus Coda II d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-airmhítear an tAcht so, beidh Baile-Choimisinéirí aon bhaile fén Town Improvements (Ireland) Act, 1854, ina n-údarás áitiúil agus beidh acu, chun crícheanna na gCodanna san d'Acht 1890, agus iad leasuithe amhlaidh, na comhachta céanna chun iasachtaí d'fháil agus chun airgid do chruinniú i gcóir costaisí a bronntar ortha leis na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, chun crícheanna Coda III d'Acht 1890.
(2) Chun aon tailimh do choimeád a thógfaid fé Chuid I no Cuid II d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so, agus chun iad do dhul chun dlí agus chun daoine do dhul chun dlí leo i dtaobh an tailimh sin tuigfear na baile-choimisinéirí sin do bheith ina gcólucht corparáideach go síor-chomharbas agus beidh aon scríbhinn i dtaobh aon tailimh den tsórt san críochnuithe go cuibhe ag na baile-choimisinéirí sin má críochnuítear í sa tslí foráltar le halt 59 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir le leithlithe dheineann coimisinéirí nách cólucht corparáideach.
(3) Sa mhéid go mbainfe sé le baile-choimisinéirí beidh éifeacht ag alt 100 d'Acht 1890 fé is dá ndeintí an tagairt atá ann do Chuid III d'Acht 1890 do léiriú mar thagairt do Chodanna I, II agus III d'Acht 1890 mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so.
Comhacht don Aire tuarasgabháil d'fháil ar aon líomatáiste ina bhfuil an iomad daoine.
44.—Má chítear don Aire go bhfuil sé oiriúnach, mar gheall ar iomadúlacht na ndaoine no mar gheall ar aon réasún eile, fiosrú do dhéanamh i dtaobh cúrsaí aon líomatáiste chun a shocrú ce'ca ba cheart aon chomhachta fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre d'fheidhmiú sa líomatáiste sin no nár cheart, féadfaidh an tAire a cheangal ar an údarás áitiúil tuarasgabháil do chur chuige ina mbeidh pé eolas ordóidh sé i dtaobh líon na ndaoine sa cheanntar agus i dtaobh nithe eile agus déanfaidh an t-údarás áitiúil rud ar an Aire agus déanfar aon chostaisí fé n-a raghaid, chun san do dhéanamh, d'íoc mar chostaisí fé n-a ndeachthas i bhfeidhmiú na coda san a chinnfidh an tAire d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so.
Comhacht don Aire fuirmeacha, etc., d'ordú agus a cheadú gan fógráin d'fhoillsiú ná fógraí do sheirbheáil.
45.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní is gá do réir Achtanna Tithe an Lucht Oibre d'ordú agus fós ag ordú fuirme aon fhógra, fógráin no scríbhinne eile agus scála aon mhapa is gá no a húdaruítear d'úsáid no do thabhairt chun crícheanna na nAchtanna san no fútha.
(2) Féadfaidh an tAire cead do thabhairt uaidh gan fógráin d'fhoillsiú ná fógraí do sheirbheáil go mbeidh sé ceangailte ar údarás áitiúil iad d'fhoillsiú no do sheirbheáil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre má bhíonn sé sásta go bhfuil cúis réasúnta chun a cheadú gan iad d'fhoillsiú ná do sheirbheáil.
(3) Féadfaidh an tAire aon chead den tsórt san do thabhairt uaidh roimh an am gur gá an fógrán d'fhoillsiú no gur gá an fógra do sheirbheáil no dá éis sin agus san gan coinníoll no ar pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire maidir le fógráin eile d'fhoillsiú no fógraí eile do sheirbheáil no maidir le éinní eile ach féachfaidh an tAire chuige go cuibhe ná tiocfaidh dochar do leasanna daoine ar bith as an gcead.
(4) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Pionós mar gheall ar chosc do chur le deisiú, etc., do dhéanamh.
46.—(1) Más rud é, tar éis do fógra d'fháil i dtaobh an ghnímh a bheidh beartuithe, go ndéanfaidh duine ar bith—
(a) is sealbhaire ar aon áitreabh, únaer an áitreibh sin no a chuid oifigeach, gníomhairí, seirbhíseach, no fear oibre do chosc ar aon cheann d'fhorálacha Coda III den Acht so do chur in éifeacht maidir leis an áitreabh san; no
(b) is únaer no sealbhaire ar aon áitreabh, an dochtúir oifigiúil sláinte no aon oifigigh, gníomhairí, seirbhísigh no fir oibre leis an oifigeach san no leis an údarás áitiúil do chosc ar san do dhéanamh; no
(c) is iostaí in aon áitreabh, únaer an áitreibh sin no éinne eile, go mbeidh, do réir fo-dhlithe do rinneadh fé alt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, aon oblagáidí maidir leis an áitreabh air, do chosc ar na hoblagáidí sin do chólíonadh,
féadfaidh cúirt dlighinse achmaire, ar a chruthú san, a ordú don duine sin a cheadú go ndéanfar san áitreabh gach ní is gá chun na bhforálacha san do chur in éifeacht no chun na n-oblagáidí sin do chólíonadh maidir leis an áitreabh.
(2) Má theipeann ar éinne den tsórt san déanamh do réir aon orduithe den tsórt san o chúirt dlighinse achmaire dlighfear, ar a chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air in aghaidh gach lae leanfaidh an teip.
Forálacha maidir le cúis oifigiúil do phlé.
47.—(1) Chun crícheanna an Achta so no Achta 1890 cialluíonn an abairt “cúis do phlé go hoifigiúil,” i gcás aon údaráis áitiúla, dochtúir oifigiúil an údaráis sin do phlé cúise leis an údarás san.
(2) Déanfaidh dochtúir oifigiúil sláinte údaráis áitiúla cúis do phlé go hoifigiúil leis an údarás áitiúil pé uair is dóich leis aon tigh comhnaithe ina líomatáiste do bheith neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no aon líomatáiste ina gceanntar do bheith ina líomatáiste gur cheart deighleáil leis mar líomatáiste réiteachta no mar líomatáiste feabhsúcháin; agus má dheineann aon cheathrar no níos mó toghthóirí rialtais áitiúla sa cheanntar gearán i scríbhinn leis an dochtúir oifigiúil sláinte go bhfuil aon tigh comhnaithe neamh-oiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no gur cheart deighleáil le haon líomatáiste mar líomatáiste réiteachta no mar líomatáiste feabhsúcháin, beidh sé de dhualgas air an tigh no an líomatáiste sin d'iniúchadh láithreach agus tuarasgabháil do thabhairt don údarás áitiúil ag luadh cúrsaí an scéil agus á rá ce'ca tá an tigh, do réir a thuairime, neamhoiriúnach do dhaoine chun comhnaithe ann no ná fuil, no ce'ca ba cheart, do réir a thuairime, deighleáil leis an líomatáiste mar líomatáiste réiteachta no mar líomatáiste feabhsúcháin no nár cheart; ach mara ndeintear aon ghearán den tsórt san ní shaorfaidh san é o n-a bheith air aon tigh comhnaithe no líomatáiste áirithe d'iniúchadh agus cúis do phlé leis an údarás áitiúil ina thaobh.
(3) Déanfaidh údarás áitiúil aon chúis a pléidhfear leo go hoifigiúil do bhreithniú chó luath agus is féidir é.
Luach saothair atúrnaethe as gno fe Achtanna Tithe an Lucht Oibre.
48.—Mara ndeinidh an tAire in aon chás áirithe a mhalairt d'ordú no aontú le n-a mhalairt, beidh na costaisí is iníoctha ag údarás áitiúil i dtaobh tailimh do thógaint chun crícheanna Achtanna Tithe an Lucht Oibre, beid fé réir an Orduithe Ghenerálta dar dáta an 16adh lá d'Abrán, 1884, mar a leasuítear é leis an Ordú Generálta dar dáta an 17adh lá de Bhealtaine, 1920, agus a rinneadh do réir an Solicitors Remuneration Act, 1881, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an chéad Orduithe Ghenerálta san a luadhadh agus é leasuithe mar adubhradh, ach amháin Clás 6 agus Riail 11 i gCuid I de Sceideal I den Ordú san.
Fógraí, etc., do sheirbheáil.
49.—(1) Fé réir na bhforálacha d'Achtanna Tithe an Lucht Oibre bhaineann le haon fhógra, gairm, rit no scríbhinn eile sa dlí no eile do sheirbheáil ar údaráis áitiúla, féadfar aon fhógra, ordú no scríbhinn eile a héilítear no a húdaruítear do sheirbheáil fé sna hAchtanna san do sheirbheáil—
(a) tré n-a sheachadadh don té ar a mbeidh sé le seirbheáil; no
(b) tré n-a fhágaint i ngnáth-áit chomhnaithe an duine sin no san áit chomhnaithe is déanaí is eol a bheith aige; no
(c) tré n-a chur tríd an bpost i litir chláruithe roimh-íoctha fé sheoladh ghnáth-áite comhnaithe an duine sin no na háite comhnaithe is déanaí is eol a bheith aige no, i gcás cuideachtan ionchorparuithe no cumainn chláruithe, chun rúnaí na cuideachtan no an chumainn fé sheoladh oifige cláruithe no príomh-oifige na cuideachtan no an chumainn; no
(d) más go dtí “únaer” no “sealbhaire” áitreibh a seolfar é, tré n-a sheachadadh do dhuine éigin san áitreabh no, mara mbeidh éinne san áitreabh ar a bhféadfar é sheirbheáil amhlaidh, ansan tré n-a ghreamú de chuid fheiceálaigh éigin den áitreabh.
(2) Aon fhógra, ordú no scríbhinn eile a héilítear no a húdaruítear le hAchtanna Tithe an Lucht Oibre do sheirbheáil ar únaer no ar shealbhaire aon áitreibh, féadfar, fé réir adubhradh, é do sheoladh go dtí “únaer” no “sealbhaire” an áitreibh (á ainmniú) gan aon ainm ná tuairisc eile.
Baint fhorálacha ailt 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906, a leasuíonn Achtanna na gClásanna Talmhan.
50.—Bainfidh míreanna (1) go (8) agus mír (12) d'alt 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906, a leasuíonn Achtanna na gClásanna Talmhan maidir le hairgead ceannaigh d'íoc, talamh do leithliú agus nithe eile, bainfid le húdarás áitiúil do thógaint tailimh ar shlí seachas tré chó-aontú fé Achtanna na gClásanna Talmhan, mar a leasuítear iad le hAchtanna Tithe an Lucht Oibre, chun crícheanna na nAchtanna san sa tslí chéanna ina mbaineann na míreanna san le comhairle cheanntair do thógaint tailimh amhlaidh chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, ach go gcuirfear na focail “Lands Clauses Acts” in ionad na bhfocal “Land Purchase Acts” i mír (1) den alt san 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906.
Leasuithe ilghnéitheacha ar an Housing (Ireland) Act,1919.
51.—(1) Leasófar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, tré sna focail “are suitable or” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “which” sa mhír sin.
(2) Leasófar fo-alt (2) d'alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, tríd an mír seo leanas do chur leis:—
(iii) the lease or sale under the powers conferred by this Act to philanthropic societies or bodies of persons approved of by the Minister of any estate or interest in any houses which are suitable or might be made suitable as houses for the working classes with a view to such houses being maintained or being made suitable and maintained as houses for the working classes by such philanthropic societies or bodies of persons.
(3) Leasófar mír (ii) d'fho-alt (2) d'alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, tré sna focail “factories, workshops, places of worship, playgrounds, places of recreation, open spaces” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “gardens” sa mhír sin.
(4) Leasófar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Housing (Ireland) Act, 1919, tré sna focail “factories, workshops, places of worship, playgrounds, places of recreation, open spaces” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “gardens” sa mhír sin.
(5) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 11 den Housing (Ireland) Act, 1919, fé is dá ndeintí na focail o “subject to any condition” go dtí “thereon, and” d'fhágaint ar lár ann.
(6) Déanfaidh achtachán buan d'alt 17 den Housing (Ireland) Act, 1919, a bhronnann comhachta ar Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn iasachtaí do thabhairt do dhaoine príobháideacha, agus ní bheidh éifeacht feasta ag aon fhoráil atá in aon Acht atá i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith agus is foráil a chuireann teora leis an tréimhse fhanfaidh an t-alt san i bhfeidhm.
Údaráis áitiúla do dhéanamh oibreacha fé alt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919.
52.—Má theipeann ar únaer no ar dhuine eile aon obair do dhéanamh do ceangladh air do dhéanamh fé fho-dhlithe do rinne údarás áitiúil do réir ailt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, ansan, an t-údarás áitiúil a chuireann na fo-dhlithe sin i bhfeidhm, féadfaid, tar éis dóibh fógra nách giorra ná lá is fiche do thabhairt do i scríbhinn, na hoibreacha do dhéanamh iad féin agus na costaisí agus na caiteachaisí do bhaint amach agus chuige sin beidh feidhm ag na forálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le húdaráis áitiúla d'fheidhmiú fógraí le n-a n-éilítear deisiú do dhéanamh agus do bhaint chaiteachaisí amach, beidh feidhm acu tar éis pé atharú do dhéanamh ortha is gá.
An cúiteamh a híocfar as tithe thógfaidh údarás áitiúil chucha do mheas.
53.—Má thógann údarás áitiúil chucha go héigeanta aon tigh a bheidh oiriúnach no d'fhéadfaí do dhéanamh oiriúnach do dhaoine den lucht oibre chun crícheanna Coda III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin ar a n-áirmhítear an tAcht so, is do réir na bhforálacha atá i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a measfar an cúiteamh is iníoctha as.
Mion-leasuithe agus leasuithe iarmartacha ar achtacháin i dtaobh tithe.
54.—Na leasuithe atá luaidhte sa Dara Colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bhaineann le nithe miona no iarmartacha déanfar iad in ailt agus i bhfo-ailt na n-achtachán i dtaobh tithe atá luaidhte sa Chéad Cholún den Sceideal san.
CUID V.
Iostain Sclabhaithe.
Ráta do mhéadú chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930.
55.—(1) Leasófar alt 17 den Labourers (Ireland) Act, 1883, tré sna focail “two shillings” do chur ann in ionad na bhfocal “one shilling” sa choinníoll a ghabhann leis an alt san.
(2) Leasófar alt 12 den Labourers (Ireland) Act, 1906, tríd an bhfocal “sixpence” do chur in ionad an fhocail “three-pence” san alt san.
Oibriú ailt 15 den Labourers (Ireland) Act, 1883, do chur ar fiunraoi.
56.—(1) Cuirfear oibriú ailt 15 den Labourers (Ireland) Act, 1883, ar fiunraoi go ceann tréimhse cúig mblian o am an Achta so do rith agus má daingníodh aon ordú sealadach roimh an Acht so do rith no má daingnítear é tar éis an Achta so do rith ach roimh an tréimhse sin do bheith caithte, áirmheofar an t-am chun crícheanna an ailt sin fé is dá mb'ar an lá deiridh den tréimhse sin agus nach roimhe sin do daingneofaí an t-ordú.
(2) Ní dhéanfaidh éinní san alt so deifir d'aon cheart, oblagáid ná fiachas do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén alt san 15 den Labourers (Ireland) Act, 1883, roimh an Acht so do rith agus go ndearnadh, chun é d'fheidhmiú, imeachta do thosnú in aon chúirt roimh an gcéad lá de Dheireadh Fomhair, 1931, agus go bhfuilid sin ar feitheamh le linn an Achta so do rith, agus féadfar leanúint d'aon imeachta den tsórt san fé is dá mba ná rithfí an tAcht so.
Comhacht do Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn airgead do thabhairt ar iasacht chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930.
57.—I bhfeidhmiú aon chomhachta bronntar ortha le hAchtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, chun airgid d'fháil ar iasacht, féadfaidh údarás sláintíochta airgead d'fháil ar iasacht o Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn agus féadfaidh na Coimisinéirí sin, le cead an Aire Airgid agus ar mholadh an Aire, an t-airgead san do thabhairt ar iasacht don údarás sláintíochta san fé sna Public Works (Ireland) Acts, 1831 to 1886, mar a leasuítear iad leis an Public Works Loans Act, 1897, agus in ainneoin éinní atá sna hAchtanna san féadfaidh na Coimisinéirí sin an iasacht san do thabhairt uatha ar feadh pé tréimhse agus do réir pé ráta úis ordóidh an tAire Airgid o am go ham.
Comhacht chun foirgintí do cheannach chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930.
58.—In ainneoin éinní atá in Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, feadfaidh údarás sláintíochta, ag gníomhú dhóibh i bhfeidhmiú na nAcht so, foirgint ar bith do thógaint chucha, le cead an Aire, chun cóiríochta comhnaithe do chur ar fáil do sclábhaithe talmhaíochta, agus féadfaid aon fhoirgint den tsórt san a thógfaid chucha amhlaidh d'atharú, do mhéadú, d'fheasbhsú no do dheisiú chun na foirginte sin do dhéanamh oiriúnach ar gach slí mar áit chomhnaithe do sclábhaithe talmhaíochta.
CUID VI.
Tithe Beaga Comhnaithe d'Fhail.
Iasachtaí do dhaoine bheidh chun tithe do thógáil fé sna Small Dwellings Acquisition (Ireland) Acts,1899 and 1919.
59.—(1) Beidh éifeacht ag an Small Dwellings Acquisition Act, 1899, fé mar a leasuítear é leis an Housing (Ireland) Act, 1919, fé réir na leasuithe seo leanas:—
(a) Féadfar iasacht fé sna hAchtanna san do thabhairt do dhuine bheidh chun tighe do thógáil, agus sa chás san déanfar an coinníoll atá sna hAchtanna san nách foláir don té dá dtabharfar an iasacht bheith ina chomhnaí sa tigh do léiriú mar choinníoll nách foláir don duine bheith ina dhuine atá chun comhnaithe sa tigh nuair a bheidh sé tógtha;
(b) An coinníoll reachtúil a cheanglann ar dhílseánach tighe gur tugadh iasacht ina chóir comhnaí sa tigh beidh éifeacht aige go ceann tréimhse trí mblian o dháta na hiasachta do thabhairt no o dháta an tighe do chríochnú pe'ca aca is déanaí, ach ní níos sia ná san, agus féadfaidh an t-údarás áitiúil aon uair cead do thabhairt gan an coinníoll so do chólíonadh;
(c) Má tugtar iasacht i gcóir tighe agus an tigh á thógáil féadfar an iasacht do thabhairt ina tráthchoda o am go ham do réir mar a bheidh an tigh á thógáil, i dtreo ná beidh iomlán na hiasachta, aon am roimh an tigh do chríochnú, níos mó ná caoga per centum de luach na hoibre beidh déanta an t-am san ag tógáil an tighe agus an méid is fiú an leas a bheidh, i láithreán an tighe, ag an té dá dtabharfar an iasacht d'áireamh mar chuid den luach san;
(d) Duine do gheobhaidh iasacht fé sna hAchtanna san ní bheidh sé dí-cháilithe dá dheascaibh sin amháin chun é thogha mar bhall ná chun bheith ina bhall den údarás áitiúil do bhéarfaidh an iasacht san do no de choiste ar bith den údarás áitiúil sin.
(2) Aithghairmtear leis seo mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899.
Méadú ar luach tithe go bhféadfar iasachtaí do thabhairt ina gcóir.
60.—Déanfar fo-alt (1) d'alt 1 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899, mar a leasuítear é leis an Housing (Ireland) Act, 1919, do leasú tré mhíle punt do chur ann in ionad ocht gcéad punt mar theora le margadh-luach tithe go bhféadfar iasachtaí do thabhairt ina gcóir.
CUID VII.
Leasuithe ar Achtanna na dTithe, 1925 go 1930.
Méid iomlán na ndeontas fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, do mhéadú.
61.—Athghairmtear leis seo alt 4 d'Acht na dTithe, 1930, agus ina ionad san achtuítear leis seo nách mó ná suim milleoin agus dhá chéad is ochtó míle punt a bheidh méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d'Acht na dTithe, 1925 (Uimh. 12 de 1925), mar a leasuítear é le halt 3 d'Acht na dTithe, 1928 (Uimh. 31 de 1928), maraon le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d'Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929).
An tréimhse chun daoine príobháideacha do thógaint tithe d'fhaidiú.
62.—Sa mhéid go mbainfe sé le tithe thógann daoine príobháideacha beidh éifeacht ag an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929), mar a leasuítear é le halt 5 d'Acht na dTithe, 1930 (Uimh. 22 de 1930), fé is dá gcuirtí an riail seo leanas isteach ann, agus déanfar an Sceideal san agus fós alt 2 den chéad Acht san a luaidhtear do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin, sé sin le rá:—
4. Tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1929, a tosnófar tógáil tighe agus ar no roimh an 29adh lá d'Fheabhra, 1932, a críochnófar é.
Leanúint de chongnamh do thabhairt do dhaoine príobháideacha bheidh ag tógáil tithe.
63.—(1) In ainneoin éinní atá in Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, mar a leasuítear iad leis an Acht so, féadfaidh an tAire, fé alt 3 d'Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929), mar a hatharuítear é leis an alt so, leanúint de dheontaisí do dheonadh do dhaoine príobháideacha bheidh ag tógáil tithe le n-a mbaineann an tAcht san mar a hatharuítear é leis an alt so.
(2) Chun crícheanna an ailt seo cuirfear suim chúig míle fichead punt le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, mar a leasuítear iad leis an Acht so.
(3) Chun crícheanna an ailt seo beidh éifeacht ag Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929), fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) Beidh éifeacht ag mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 3 den Acht san fé is dá gcuirtí “£20” ann in ionad “£45”;
(b) Ní bheidh feidhm ag míreanna (b), (c) ná (d) d'fho-alt (1) ná ag fo-alt (3) d'alt 5 ná ag fo-ailt (1) ná (2) d'alt 7 den Acht san;
(c) Ní dheonfaidh an tAire aon deontas fén Acht san mara ndeinidh an t-údarás áitiúil gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin a tógfar an tigh deontas is ionann suim le deontas an Aire do dheonadh i gcóir an tighe;
(d) Cuirfear na rialacha so leanas in ionad rialacha 2 agus 4 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san:—
2. Ní bheidh achar urláir tighe níos lugha ná 500 troigh cheárnach ná níos mó ná—
(a) 950 troigh cheárnach, más i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i mbailecheanntar no i mbaile tógfar an tigh sin; no
(b) 1,250 troigh cheárnach más in aon áit eile tógfar an tigh sin;
4. Is ar an 1adh lá de Dheireadh Fomhair, 1931, no dá éis sin a tosnófar tógáil an tighe agus is tar éis an 29adh lá d'Fheabhra, 1932, ach roimh dhul in éag don alt so críochnófar é.
(4) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1933, agus raghaidh in éag ansan.
CUID VIII.
Foralacha Airgeadais.
Rann-íocanna Stáit mar chabhair chun íoctha na gcostas a bhainfidh le tithe do chur ar fáil don lucht oibre.
64.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, ranníocanna nách mó ná na suimeanna luaidhtear anso ina dhiaidh seo do thabhairt ar feadh tréimhsí nách sia ná na tréimhsí luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'údaráis áitiúla agus do chumainn mhaitheasa puiblí, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a ndeachadar chun tithe do chur ar fáil don lucht oibre agus do sclábhaithe talmhaíochta, sé sin le rá:—
(a) i gcás tithe le n-a mbaineann an mhír seo agus do tógadh i gcóir daoine do cuireadh as a n-áit tré éinní do rinne údarás áitiúil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre—
(i) dachad per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná cúig bliana déag agus trí triochad go dtrian per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta ar feadh tréimhse leanúnaighe ina dhiaidh sin nách sia ná dhá bhliain fhichead má bhíonn dhá thionóntachán ar leithligh no níos mó i ngach tigh fé leith acu san, agus más é talamh ar ar tógadh iad ná talamh do ceannuíodh fé Chuid II den Acht so toisc gur talamh é do bhí i líomatáiste réiteachta no timpealuithe aige no ag síneadh leis no talamh le n-a mbaineann scéim feabhsúcháin do rinneadh agus do daingníodh fé Chuid I d'Acht 1890 roimh an Acht so do rith no. le toiliú an Aire, aon talamh eile;
(ii) triocha per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná cúig bliana déag agus fiche per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta ar feadh tréimhse leanúnaighe ina dhiaidh sin nách sia ná cúig bliana déag mara mbeidh ach aon tionóntachán amháin i ngach tigh fé leith acu san;
(b) i gcás tithe le n-a mbaineann an mhír seo agus nách chun na críche luaidhtear i mír (a) dhe seo do tógadh iad, fiche per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná trí bliana déag agus cúig déag per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta ar feadh tréimhse leanúnaighe ina dhiaidh sin nách sia ná cúig bliana;
(c) i gcás tithe le n-a mbaineann an mhír seo agus nách chun na críche luaidhtear i mír (a) dhe seo do tógadh iad agus nách tithe iad le n-a mbaineann mír (b), cúig déag per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná fiche bliain;
(d) i gcás tithe do thóg údarás áitiúil fé Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, tar éis an Achta so do rith, i gcóir sclábhaithe talmhaíochta, fiche per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná cúig bliana triochad;
(e) i gcás tithe do thóg cumann maitheasa puiblí agus gur tar éis an Achta so do rith do tosnuíodh ar iad do thógáil, cúig déag per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná fiche bliain.
(2) Beidh feidhm ag an bhfo-alt san roimhe seo, fé réir na bhforálacha atá ann, mar leanas:—
(a) Bainfidh mír (a) dhe le tithe do thóg údarás áitiúil fé Chuid III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon Acht ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so, agus—
(i) do tógadh fé scéimeanna um thithe gur tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus roimh an Acht so do rith do cheaduigh an tAire na hiasachtaí ina gcóir; no
(ii) gur tar éis an Achta so do rith do tosnuíodh ar iad do thógáil agus do críochnuíodh iad;
(b) Bainfidh mír (b) dhe le tithe do thóg údarás áitiúil fé Chuid III d'Acht 1890, agus é leasuithe mar adubhradh, fé scéimeanna um thithe gur i rith na tréimhse idir an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus am an Achta so do rith do cheaduigh an tAire na hiasachtaí ina gcóir;
(c) Bainfidh mír (c) dhe le tithe do thóg údarás áitiúil fé Chuid III d'Acht 1890, agus é leasuithe mar adubhradh, agus gur tar éis an Achta so do rith do tosnuíodh ar iad do thógáil agus do críochnuíodh iad.
(3) Ní íocfaidh an tAire aon rann-íoc fén alt so mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a ndeachaidh údaráis áitiúla no cumainn mhaitheasa puiblí chun aon tithe do thógáil go ndearna an tAire no gur gheall sé deontaisí d'íoc ina gcóir fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930.
(4) Má dheineann údarás áitiúil, fé alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht so, aon tigh a bheidh oiriúnach no d'fhéadfaí dhéanamh oiriúnach mar thigh don lucht oibre do cheannach chun é do thabhairt ar léas do chumann daoncharadach no do chólucht daoine le n-a mbeidh an tAire sásta, no chun é do dhíol leis an gcumann no leis an gcólucht san, d'fhonn go gcoimeádfaidís sin i dtreo é no go ndéanfaidís oiriúnach é mar thigh don lucht oibre, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, agus as airgead a sholátharóidh an tOireachtas, ach gan dul thar maximum de dhá chéad punt, suim do dheonadh nách mó ná leath na gcostas fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil chun an tighe sin do cheannach agus leath aon chostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin no an cumann no an cólucht daoine sin chun an tighe sin d'atharú, do mhéadú, d'fheabhsú no do dheisiú más ar shlí seachas as airgead do fuarthas ar iasacht a híocfar na costaisí sin sa mhéid gur údarás áitiúil a raghaidh fútha.
(5) Déanfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, rialacháin le n-a rialófar rann-íocanna agus deontaisí do dheonadh agus le n-a bhforchuirfear coinníollacha agus sriantachtaí i dtaobh a ndeonta fén alt so agus féadfar, le haon rialacháin den tsórt san, an ráta maximum úis agus maximum aon iasachta d'ordú d'fhonn teora do chur leis an méid de rann-íoc a bheidh bunuithe ar mhuirir bhliantúla iasachta.
(6) San alt so cialluíonn an abairt “muirir bhliantúla iasachta” na suimeanna is iníoctha ag údarás áitiúil no ag cumann maitheasa puiblí, pe'ca aca é, i rith bliana airgeadais áitiúla in aisíoc aon iasachta (maraon le muirir úis) do gheobhaidh an t-údarás no an cumann san ar iasacht chun tithe le n-a mbaineann an t-alt so do chur ar fáil, agus foluíonn sí aon tsuimeanna is iníoctha isteach i gciste fiach-laigheaduithe, i gciste fuascailte no i gciste eile den tsórt san a bunófar chun aon iasachta den tsórt san d'aisíoc, agus tá an chiall chéanna leis an abairt “cumann maitheasa puiblí” atá leis an abairt “public utility society” sa Housing (Ireland) Act, 1919.
Rátaí ar thithe beaga comhnaithe do mhaitheamh.
65.—(1) I ngach bliain de sna seacht mbliana airgeadais áitiúla tar éis tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an t-alt so do luacháil chun a rátuithe déanfaidh údarás áitiúil go gcomhacht gearrtha rátaí dhá dtrian na rátaí is inghearrtha alos an tighe sin ag an údarás áitiúil an bhliain sin do mhaitheamh.
(2) Baineann an t-alt so le haon tigh comhnaithe gur tar éis an Achta so do rith a tosnófar ar é thógáil agus a críochnófar é agus nách mó ná 1,250 troigh cheárnach an t-achar urláir a bheidh ann, ach ní bhaineann le haon tigh den tsórt san a thógfaidh údarás áitiúil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre ná fé sna Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, mar a leasuítear leis an Acht so iad.
(3) Ní bhainfidh alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) ná alt 13 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929) le haon tigh comhnaithe le n-a mbaineann an t-alt so.
(4) Is do réir pé rialacha ordóidh an tAire a déanfar amach achar urláir tighe chomhnaithe chun crícheanna an ailt seo.
Ciste Tithe na hÉireann do leith-roinnt.
66.—Na suimeanna dhlighfidh aon údarás áitiúil d'íoc no do chur i leataoibh alos airgid do fuair an t-údarás san ar iasacht chun tithe do thógáil fé fhorálacha Achtanna Tithe an Lucht Oibre go ndeonfaidh an tAire rann-íocanna fén Acht so chun íoctha na gcostas a bhainfidh le hiad do chur ar fáil, ní háirmheofar iad mar chuid den mhuirear bhliantúil i dtaobh tithe a bheidh ar an údarás san do réir bhrí ailt 5 den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908.
CEAD SCEIDEAL.
Orduithe Reiteachta.
1. Is sa bhfuirm orduithe bheidh ordú réiteachta agus beidh tuairisc ann do réir mhapa ar an líomatáiste le n-a mbaineann agus socrófar leis, do réir an dáta ar a dtiocfaidh i ngníomh, an tréimhse, nách giorra ná ocht lá fichead ón dáta san, gur laistigh di éilíonn an t-údarás áitiúil na foirgintí sa líomatáiste d'fhágaint chun go leagfar iad, agus chuige sin féadfar malairt tréimhsí do shocrú leis i gcóir malairt foirgintí.
2. Sara gcuiridh an t-údarás áitiúil an t-ordú fé bhráid an Aire déanfaid—
(a) fógra sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta léightear ina gceanntar á rá go ndearnadh an t-ordú san agus ag tabhairt tuairisce ar an líomatáiste luaidhtear ann agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú agus den mhapa luaidhtear ann d'fheicsint gach tráth réasúnta; agus
(b) fógra do sheirbheáil ar gach duine is únaer, léasaí, agus sealbhaire (ach amháin tionóntaithe ar feadh míosa no tréimhse is lugha ná mí) ar aon fhoirgint atá sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú, agus fós ar gach morgáistí uirthi sa mhéid gur féidir do réir réasúin na morgáistithe sin d'fháil amach, fógra sa bhfuirm orduithe ag luadh éifeachta an orduithe agus á rá go bhfuiltear chun é do chur fé bhráid an Aire chun é do dhaingniú, agus ag luadh na haimsire gur laistigh di féadfar agus na slí ina bhféadfar agóidí do chur ina choinnibh.
3. Déanfaidh an t-údarás áitiúil, chó luath agus is féidir é tar éis na fógraí is gá do thabhairt, an t-ordú do chur fé bhráid an Aire chun é do dhaingniú.
4. Mara ndeinidh éinne de sna daoine gur gá fógraí do sheirbheáil ortha aon agóid do chur i gcoinnibh an orduithe go cuibhe, no má deintear gach agóid a cuirfear ina choinnibh amhlaidh do tharrac siar féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-ordú do dhaingniú go n-atharú no gan atharú; ach in aon chás eile cuirfidh fé ndeár, sara ndaingneoidh an t-ordú, fiosrú áitiúil puiblí do dhéanamh agus breithneoidh aon agóid nár tarraigeadh siar agus fós tuarasgabháil an té do rinne an fiosrú, agus féadfaidh ansan an t-ordú do dhaingniú go n-atharú no gan atharú: ach ní bhainfidh an t-ordú, mar a dhaingneoidh an tAire é, le haon fhoirgint ná bainfeadh an t-ordú léi dá ndaingnítí é gan atharú do dhéanamh air.
5. Féadfaidh an tAire ordú do dhaingniú in ainneoin gurb é éifeacht na n-atharuithe do rinne sé tré aon fhoirgintí do dhúnadh amach as an líomatáiste réiteachta ná dhá líomatáiste ar leithligh no níos mó do dhéanamh den líomatáiste sin, agus in aon chás den tsórt san beidh feidhm ag na forálacha den Acht so, bhaineann leis an éifeacht a bheidh ag ordú nuair a bheidh sé daingnithe agus leis na nithe bheidh le déanamh tar éis an orduithe do dhaingniú, fé is dá mb'aon líomatáiste réiteachta amháin na líomatáistí sin.
DARA SCEIDEAL.
Orduithe Ceannaigh Eigeanta.
CUID I.
Foralacha bhainfidh le hOrduithe Ceannaigh Eigeanta deanfar chun cricheanna an Achta so agus fos, tar eis a n-atharuithe mar ata raite i gCuid II den Sceideal so, le hOrduithe den tsort san a deanfar chun cricheanna Coda III d'Acht 1890.
1. Is sa bhfuirm orduithe bheidh ordú ceannaigh éigeanta agus beidh tuairisc ann do réir mhapa ar an talamh le n-a mbaineann, agus, fé réir na n-atharuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus aon oiriúnuithe is gá, ionchorporófar ann—
(a) Achtanna na gClásanna Talmhan (ach amháin ailt a céad is seacht fichead go dtí n-a céad is a dó triochad den Lands Clauses Consolidation Act, 1845) mar a leasuítear iad leis na forálacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1890 agus le hAchtanna Tithe an Lucht Oibre;
(b) An Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925).
2. Is iad so leanas na hatharuithe gur fé n-a réir a hionchorporófar san Ordú Achtanna na gClásanna Talmhan agus an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus iad leasuithe mar adubhradh:—
(i) Déanfar an cúiteamh do mheas do réir na bhforálacha d'Achtanna Tithe an Lucht Oibre bhaineann le cúiteamh do mheas maidir le talamh a ceannuítear go héigeanta, pé cinn díobh a bhaineann leis an gcás a bheidh i gceist;
(ii) Ní chuirfidh an t-eadrascánaí san áireamh aon fhoirgint a tógfar ná aon fheabhsú ná atharú déanfar ná aon leas a bunófar i dtalamh tar éis an dáta ar a bhfoillseofar fógra do réir forálacha an Sceidil seo á rá go ndearnadh an t-ordú más dóich leis an eadrascánaí ná raibh gá do réir réasúin leis an bhfoirgint do thógáil no leis an bhfeabhsú no leis an atharú do dhéanamh no leis an leas do bhunú gur ina thaobh a bheidh éileamh á dhéanamh agus fós gur chun cúitimh d'fháil no do mhéadú do rinneadh é.
3. Más i dtaobh líomatáiste réiteachta déanfar an t-ordú taisbeánfar ann sa tslí orduithe cadiad na coda, más aon chuid é, den talamh a ceannófar go héigeanta, atá lasmuich den líomatáiste réiteachta.
4. Sara gcuiridh an t-údarás áitiúil an t-ordú fé bhráid an Aire déanfaid—
(a) fógra sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta léightear ina gceanntar á rá go ndearnadh an t-ordú san agus ag tabhairt tuairisce ar an líomatáiste luaidhtear ann agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú agus den mhapa luaidhtear ann d'fheiscint gach tráth réasúnta; agus
(b) fógra do sheirbheáil ar gach duine is únaer, léasaí, agus sealbhaire (ach amháin tionóntaithe ar feadh míosa no tréimhse is lugha ná mí) ar aon talamh le n-a mbaineann an t-ordú, agus fós ar gach morgáistí air sa mhéid gur féidir do réir réasúin na morgáistithe sin d'fháil amach, fógra sa bhfuirm orduithe ag luadh éifeachta an orduithe agus á rá go bhfuiltear chun é do chur fé bhráid an Aire chun é do dhaingniú, agus ag luadh na haimsire gur laistigh di féadfar agus na slí ina bhféadfar agóidí do chur ina choinnibh.
5. Mara ndeinidh éinne de sna daoine gur gá fógraí do sheirbheáil ortha aon agóid do chur i gcoinnibh an orduithe go cuibhe, no má deintear gach agóid a cuirfear ina choinnibh amhlaidh do tharrac siar féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-ordú do dhaingniú go n-atharú no gan atharú, ach in aon chás eile cuirfidh fé ndeár, sara ndaingneoidh an t-ordú, fiosrú áitiúil puiblí do dhéanamh agus breithneoidh aon agóid nár tarraigeadh siar agus fós tuarasgabháil an té do rinne an fiosrú, agus féadfaidh ansan an t-ordú do dhaingniú go n-atharú no gan atharú:
Ach—
(a) féadfaidh an tAire a cheangal ar éinne dhéanfaidh agóid forais na hagóide sin do luadh i scríbhinn, agus féadfaidh an t-ordú do dhaingniú gan a chur fé ndeár fiosrú áitiúil puiblí do dhéanamh má bhíonn sé sásta ná baineann gach agóid do rinneadh go cuibhe ach le nithe go bhféadfaidh an t-eadrascánaí mheasfaidh an cúiteamh deighleáil leo;
(b) ní dhéanfaidh an t-ordú mar a bheidh sé daingnithe ag an Aire—
(i) a údarú don údarás áitiúil aon talamh do cheannach "> go héigeanta ná húdaródh an t-ordú dhóibh do cheannach amhlaidh dá mba gan atharú do dhéanamh air a daingneofaí é;
(ii) a údarú don údarás aon talamh a taisbeántar sa bhun-ordú mar thalamh atá lasmuich de líomatáiste réiteachta do cheannach mar thalamh atá sa líomatáiste sin;
(c) más dóich leis an Aire, maidir le haon talamh d'áirimh an t-údarás áitiúil mar chuid de líomatáiste réiteachta, nár cheart é d'áireamh, amhlaidh, déanfaidh agus é ag daingniú an orduithe an t-ordú d'atharú i slí go mbeidh an talamh san chun gach críche lasmuich den líomatáiste réiteachta; ach más dóich leis in aon chás den tsórt san go bhféadfaidh an t-údarás go cóir an talamh do cheannach fé alt a seacht den Acht so, atharóidh an t-ordú tuilleadh i slí go n-údarófar don údarás áitiúil an talamh san do cheannach fé alt san a seacht in ionad é do cheannach mar thalamh atá sa líomatáiste réiteachta.
6. Féadfaidh an tAire ordú do rinneadh i dtaobh líomatáiste réiteachta do dhaingniú in ainneoin gurab é éifeacht na n-atharuithe do rinne sé tré aon fhoirgintí do dhúnadh amach as an líomatáiste réiteachta ná dhá líomatáiste ar leithligh no níos mó do dhéanamh den líomatáiste sin, agus in aon chás den tsórt san beidh feidhm ag na forálacha den Acht so, bhaineann leis an éifeacht a bheidh ag ordú nuair a bheidh sé daingnithe agus leis na nithe bheidh le déanamh tar éis an orduithe do dhaingniú, fé is dá mb'aon líomatáiste réiteachta amháin na líomatáistí sin.
7. Nuair a beifear, chun críche an sceidil seo no chun críche aon orduithe déanfar fé, ag léiriú aon achtacháin a bheidh ionchorporaithe san ordú, tuigfear gurab é an tAcht so, maraon leis an ordú, an tAcht speisialta, agus tuigfear gurab é an t-údarás áitiúil bunathóirí an ghnótha.
CUID II.
Atharuithe le deanamh ar Chuid I den Sceideal so sara mbainfidh le hOrduithe Ceannaigh Eigeanta deanfar chun cricheanna Coda III d'Acht 1890.
Bainfidh na forálacha atá i gCuid I den Sceideal so le horduithe ceannaigh éigeanta, a déanfar chun crícheanna Coda III d'Acht 1890, do dhéanamh, do chur fé bhráid an Aire agus do dhaingniú, ach amháin na forálacha so leanas, sé sin le rá: mír 3, an méid de mhír 4 éilíonn fógraí do sheirbheáil ar mhorgáistithe agus na coinníollacha (b) (ii) agus (c) a ghabhann le mír a 5.
TRIU SCEIDEAL.
CUID I.
Rialacha i dtaobh Cuitimh do Mheas a bhainfidh le talamh ata i liomataiste reiteachta.
Is é méid a mheasfaidh an t-eadrascánaí mar chúiteamh le n'íoc as an talamh, agus aon fhoirgintí bheidh air d'áireamh, ná an méid is fiú an talamh, le linn a luachála, mar láithreán ar n-a ghlanadh o fhoirgintí agus a bheadh ar fáil chun a fheabhsuithe do réir a n-éilítear leis na fo-dhlithe i dtaobh tithe do thógáil a bheidh i bhfeidhm sa cheanntar de thurus na huaire ach pé suim a measfar mar chostas glanta agus leibhéalta an tailimh sin do bhaint as.
CUID II.
Rialacha i dtaobh Cuitimh do Mheas a bhainfidh le talamh a ceannofar fe Chuid II den Acht so agus nach talamh ata i Liomataiste Reiteachta.
1. Má bhíonn an t-eadrascánaí sásta, maidir le haon áitreabh, gur mhóide an cíos a bhí á fháil air é bheith á úsáid chun crícheanna nea-dhleathacha no oiread san daoine de bhreis thar an gceart do bheith ann go raibh sé dainséarach no díobhálach do shláinte an lucht comhnaithe ann, ansan, sa mhéid gur do réir chíosa bheidh an cúiteamh, isé cíos gur dá réir a bheidh sé ná an cíos do bheadh le fáil dá mba chun crícheanna dleathacha do bheadh an t-áitreabh ar seilbh agus dá mba ná beadh ann ach an méid daoine dá raibh an t-áitreabh oiriúnach gan aon bhreis den tsórt san, do réir chúrsaí uile an cháis.
2. Má bhíonn an t-eadrascánaí sásta go bhfuil an chóir shláinteachais in aon áitreabh lochtach no ná fuil deisiú maith do réir réasúin ar an áitreabh san isé is cúiteamh ann ná an méid a measfar dob fhiú an t-áitreabh dá ndeintí slaintiúil é no dá gcuirtí deisiú maith do réir réasúin air, ach an costas a measfar do bhainfeadh le hé do dhéanamh sláintiúil no leis an deisiú san do chur air do bhaint as.
3. Féadfaidh an t-údarás áitiúil fianaise do thabhairt uatha i dtaobh na nithe roimhráite in ainneoin gan éinní do bheith déanta acu chun na lochtaí no na n-olc a nochtfar leis an bhfianaise do leigheas.
4. Féachfaidh an t-eadrascánaí d'aon mhéadú is dóich leis a thiocfaidh ar luach áitreibh eile leis an únaer céanna de bharr an údaráis áitiúla do leagadh aon fhoirgintí agus déanfaidh lomháil do réir an mhéaduithe sin.
Ceathru Sceideal.
MION-LEASUITHE AGUS LEASUITHE IARMARTACHA AR ACHTACHAIN I DTAOBH TITHE.
Achtachán a leasuítear | Cineál agus Méid an Leasuithe |
The Housing of the Working Classes Act, 1890. | 1. I bhfo-alt (7) d'alt 8 déanfar na focail “the Minister thinks fit” do chur ionad na bhfocal “they think fit,” agus na focail “any owner of any lands included in a clearance order or compulsory purchase order made under this Part of this Act” do chur in ionad na bhfocal o “any person” go “compulsorily,” agus an focal “order” do chur in ionad an fhocail “scheme” i ndeireadh an fho-ailt sin. |
2. I bhfo-alt (8) d'alt 8 déanfar na focail “such order as aforesaid” do chur in ionad na bhfocal “any provisional order under this Part of this Act.” | |
3. I bhfo-ailt (7), (8) agus (9) d'alt 8 déanfar na focail “the Minister” do chur in ionad na bhfocal “the confirming authority.” | |
4. Déanfar an fo-alt so leanas do chur le halt 36:— | |
(5) Any person aggrieved by a charging order made under this section may appeal against the same to the Circuit Court whose decision shall be final and not subject to any appeal. | |
5. I bhfo-alt (2) d'alt 47 déanfar na focail “a dwelling house in respect of which a notice requiring the execution of works has been served or a clearance order or demolition order has been made, that owing to the default of any other owner of the house in executing any works required to be executed on the house or in the demolition of the house” do chur in ionad na bhfocal o “the dwelling house” go “Act, and that”; agus an focal “house” do chur in ionad an fhocail “building” san áit deiridh ina bhfuil sé sin, agus déanfar na focail “or to claim to retain the site” d'fhágaint ar lár. | |
6. I bhfo-alt (3) d'alt 47 déanfar na focail o “or the time” go deireadh an fho-ailt d'fhágaint ar lár. | |
7. In alt 48 déanfar na focail “or a notice requiring the execution of works is served” do chur i ndiaidh an fhocail “made,” agus na focail “or notice” do chur i ndiaidh na bhfocal “any such order.” | |
8. In alt 43 déanfar na focail “raising sums required for purchase money or compensation payable under” d'fhágaint ar lár. | |
9. In alt 89 déanfar na focail “the Minister or any person authorised to enter houses, premises or buildings in pursuance of this Act” do chur in ionad na bhfocal “the confirming authority mentioned in Part I of this Act,” agus déanfar na focail “or person” do chur i ndiaidh an fhocail “authority” san áit deiridh ina bhfuil sé sin. | |
10. In airtiogal 6 den Dara Sceideal déanfar an focal “two” do chur in ionad an fhocail “three.” | |
The Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908. | 11. I míniú na habairte working classes in alt 16 déanfar na focail “three pounds” do chur in ionad na bhfocal “thirty shillings.” |
Cuigiu Sceideal.
ACHTACHAIN A HATHGHAIRMTEAR.
Siosón agus Caibideal | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
53 & 54 Vic. Ch. 70. | The Housing of the Working Classes Act, 1890. | Cuid I ach amháin ait 3; fo-ailt (7) go (9) d'alt 8; agus ailt 24, 25, agus 26 di; Cuid II ach amháin ailt 36 agus 37; ailt 42 go 44; fo-ailt (I), (2) agus (4) d'alt 47; agus alt 48 di; agus ailt 77 agus 78 i gCuid IV. |
57 & 58 Vic. Ch. 55. | The Housing of the Working Classes Act, 1894. | An tAcht iomlán. |
8 Ed. VII. Ch. 61. | The Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908. | Fo-alt (2) d'alt 3; alt 6; ailt 9 agus 10; alt 13. |
9 & 10 Geo. V. Ch. 45. | The Housing (Ireland) Act, 1919. | Ailt 5, 6 agus 7; fo-alt (3) d'alt 8; alt 10; an coinníoll le fo-alt (1) d'alt 11; alt 15; fo-alt (3) d'alt 20 o sna focail “and section 51” go deireadh an fho-ailt sin; fo-alt (4) d'alt 20; alt 23; alt 27; alt 29; an coinníoll le halt 32; agus an Chéad Sceideal. |
9 & 10 Geo. V. Ch. 99. | The Housing (Additional Powers) Act, 1919. | Alt 4. |
11 & 12 Geo. V. Ch. 19 | The Housing Act, 1921. | Fo-alt (4) d'alt 10. |