Uimhir 11 de 1933.
ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933.
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1933, do ghairm den Acht so.
Tosach feidhme an Achta.
2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta socrófar chuige sin le haon ordú no orduithe ón Aire go generálta no maidir le haon chrích no foráil áirithe agus féadfar laetheanta deifriúla do shocrú amhlaidh chun crícheanna deifriúla agus i gcóir ferálacha deifriúla den Acht so.
Mínithe.
3.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
cialluíonn an abairt “an Coimisinéir” Coimisinéir an Ghárda Síochána;
foluíonn an focal “feithicil” gach saghas carráiste, gléas iompair, no meaisín, is cuma conus a tiomáintear no tarraictear é, atá déanta no oiriúnuithe chun é d'úsáid ar bhóithre no ar bhuanráileacha ar bhóithre, pe'ca rotha, rollóirí, rian gluaiste, no reathairí sleamhnáin a bhíonn fén gcarráiste, fén ngléas iompair, no fén meaisín sin, agus pe'ca deintear an carráiste, an gléas iompair, no an meaisín sin d'úsáid chun daoine no earraí d'iompar no ná deintear no pe'ca is féidir é d'úsáid amhlaidh no nách féidir, ach ní fholuíonn an focal san aon charráiste ná gléas iompair gur daoine no ainmhithe iomparuíonn é agus ná bíonn fé ach daoine no ainmhithe;
ní fholuíonn an abairt “feithicil inneall-ghluaiste” tram ná feithicil eile ghluaiseann ar bhuan-ráileacha;
cialluíonn an abairt “feithicil sheirbhíse puiblí” feithicil inneallghluaiste a húsáidtear chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair;
cialluíonn an abairt “feithicil mhór sheirbhíse puiblí” feithicil sheirbhíse puiblí ina bhfuil ionaid suidhte do níos mó ná seisear gan an tiománaí d'áireamh;
cialluíonn an abairt “feithicil bheag sheirbhíse puiblí” feithicil sheirbhíse puiblí nách feithicil mhór sheirbhíse puiblí;
cialluíonn an focal “omnibus” feithicil mhór sheirbhíse puiblí a bheidh á húsáid de thurus na huaire ar chúrsa chinnte chun paisneirí d'iompar a hiompruítear ar tháillí ar leithligh agus a tógtar isteach agus a leigtear amach fan an chúrsa san ar n-a iarraidh san no ag áiteanna staid ceaptha;
cialluíonn an focal “charabanc” feithicil mhór sheirbhíse puiblí a bheidh á húsáid de thurus na huaire, chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair, ar shlí seachas mar omnibus;
cialluíonn an abairt “feithicil sheirbhíse sráide” feithicil bheag sheirbhíse puiblí ’na ndéanfaidh a tiománaí é féin agus an fheithicil sin do thairiscint chun a bhfostuithe ar thuarastal in áit phuiblí agus an fheithicil sin do choimeád no do thiomáint in áit phuiblí chun na críche sin;
cialluíonn an abairt “feithicil thuarastail phríobháidigh” feithicil bheag sheirbhíse puiblí a bheidh á húsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair agus nách feithicil sheirbhíse sráide;
cialluíonn an abairt “rothar troightheáin” rothar ar n-a cheapadh agus ar n-a dhéanamh chun é thiomáint le saothar cuirp duine no daoine ina suidhe air agus leis sin amháin;
cialluíonn an abairt “rothar trianach troightheáin” rothar trianach ar n-a cheapadh agus ar n-a dhéanamh chun é thiomáint le saothar cuirp duine no daoine ina suidhe air agus leis sin amháin;
cialluíonn an abairt “rothaí troightheáin” duine bhíonn ag marcaíocht ar rothar troightheáin no ar rothar trianach troightheáin no ’na mbíonn san fé n-a stiúradh no fé n-a chúram;
cialluíonn an abairt “áit phuiblí” aon tsráid, bóthar, no áit eile ’na mbíonn sé de cheart no de chead ag an bpuiblíocht dul ann le feithiclí ar íocaíocht no in aisce;
cialluíonn an abairt “feithicil bhriogáide tóiteán” feithicil inneall-ghluaiste a bhíonn ar únaeracht agus a bhíonn á choimeád i dtreo ag údarás áitiúil chun tóiteán do mhúchadh no chun aon chríche bhaineann leis sin no chun daoine d'iompar a bhíonn ar fostú chun aon chríche den tsórt san ag an údarás áitiúil sin;
cialluíonn an focal “othar-chóiste” feithicil inneall-ghluaiste ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh go speisialta chun daoine breoite no daoine gortuithe d'iompar;
cialluíonn an focal “bóthar” aon bhóthar puiblí agus foluíonn aon droichead, píopa, áirse, lintéir, cosán, pábháil, claidhe, ráille, no falla is cuid den bhóthar san;
cialluíonn an focal “ród” an chuid sin d'aon bhóthar gur d'fheithiclí a prímh-cheaptar í;
cialluíonn an focal “cosán” an chuid sin d'aon bhóthar gur do choisithe a prímh-cheaptar í;
cialluíonn an abairt “tréimhse ama shamhraidh” tréimhse ar n-a ceapadh leis an Acht um Am Shamhraidh, 1925 (Uimh. 8 de 1925), no fé, no le hachtachán no fé achtachán ar bith le n-a leasuítear an tAcht san, chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh;
cialluíonn an abairt “uaireanta soillsiúcháin”—
(a) maidir le haon am is tréimhse ama shamhraidh, an tréimhse thosnuíonn uair a' chluig tar éis luighe gréine lá ar bith agus a chríochnuíonn uair a' chluig roimh eirghe gréine an lá ina dhiaidh sin, agus
(b) maidir le haon am nách tréimhse ama shamhraidh, an tréimhse thosnuíonn leath-uair a' chluig tar éis luighe gréine lá ar bith agus a chríochnuíonn leath-uair a' chluig roimh eirghe gréine an lá ina dhiaidh sin;
nuair a húsáidtear an focal “tiomáint” maidir le feithicil inneallghluaiste foluíonn sé bheith i gcúram na feithicle sin agus bheith á stiúradh, agus is dá réir sin a léireofar an focal “tiománaí” agus focail ghaolmhara eile;
nuair a húsáidtear an focal “únaer” maidir le feithicil inneallghluaiste is abhar do chó-aontú cíosa (seachas có-aontú ná beidh ann ach connradh chun daoine no earraí d'iompar) no do chó-aontú cíos-cheannaigh cialluíonn sé an té bhíonn i seilbh na feithicle sin fén gcó-aontú san;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.
Bonn aeir do mhíniú.
4.—(1) Féadfaidh an tAire tré rialacháin do dhéanamh fén Acht so gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—
(a) a ordú cadiad na tréithe agus na cáilíochta nách foláir a bheith ag bonn chun gur bonn aeir chun crícheanna an Achta so é,
(b) a dhearbhú gur bonn aeir chun crícheanna an Achta so bonn ag á bhfuil tréithe no cáilíochta áirithe bheidh luaidhte, cé ná fuil aer fé theannadh ann,
(c) a dhearbhú nách bonn aeir chun crícheanna an Achta so bonn ag á bhfuil tréithe no cáilíochta áirithe bheidh luaidhte, d'ainneoin aer fé theannadh do bheith ann.
(2) Má deintear rialacháin fén alt so, ansan, faid a bheidh na rialacháin sin i bhfeidhm, ciallóidh an abairt “bonn aeir” i ngach áit ina bhfuil sí san Acht so (ach amháin san alt so) bonn is bonn aeir chun crícheanna an Achta so fé sna rialacháin sin.
(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Baint le daoine agus le feithiclí i seirbhís an Stáit.
5.—(1) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an alt so, baineann an tAcht so le daoine i seirbhís phuiblí an Stáit agus le feithiclí is leis an Stát.
(2) Ní bhaineann Cuid V den Acht so le feithiclí is leis an Stát ná le daoine agus iad ag tiomáint na bhfeithiclí sin.
Rialacháin ghenerálta.
6.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.
Fiosrúcháin phuiblí.
7.—(1) Pé uair a bronntar ar an Aire leis an Acht so comhacht chun aon ordú, rialachán no fo-dhlí do dhéanamh no do dhaingniú, no chun aontuithe no toilithe leis an gcéanna, no comhacht chun toilithe le haon chúrsa, no chun breith do thabhairt ar aon athchomharc, deifríocht, aighneas, no cúrsa eile, no chun rud ar bith eile do dhéanamh, féadfaidh an tAire, sara bhfeidhmighidh an chomhacht san, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an chúrsa is abhar don fheidhmiú san ar an gcomhacht san.
(2) Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán puiblí déanfar fén alt so no fé aon alt eile den Acht so fé mar a bhíonn feidhm ag an Airtiogal san maidir leis na fiosrúcháin áitiúla atá luaidhte ann.
An tAire d'aontú le fo-dhlithe.
8.—(1) Gach fo-dhlí dhéanfaidh an Coimisinéir fén Acht so agus go gceangaltar leis an Acht so gur le toiliú an Aire déanfaí é cuirfear é fé bhráid an Aire sa tslí orduithe chun a aontú leis d'fháil.
(2) Pé uair a cuirfear fo-dhlí fé bhráid an Aire fén alt so, déanfaidh an tAire, do réir mar is dóich leis is ceart, diúltú d'aontú leis an bhfo-dhlí sin, no aontú leis gan é d'atharú, no pé atharú do dhéanamh air is dóich leis is ceart agus aontú leis an bhfo-dhlí sin agus é atharuithe amhlaidh.
(3) Déanfar gach fo-dhlí le n-a n-aontóidh an tAire fén alt so (pe'ca go n-atharú no gan atharú é) d'fhoillsiú sa tslí orduithe.
(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon fho-dhlí den tsórt san a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so mara ndeintear ní go dtí go ndéanfar é do chur fé bhráid an Aire agus aontú an Aire leis d'fháil agus é d'fhoillsiú do réir an ailt seo.
(5) Pé uair a bheidh beartuithe ag an gCoimisinéir fo-dhlí do dhéanamh fén Acht so go gceangaltar leis an Acht so gur tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann a déanfaí é, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—
(a) bhéarfaidh an Coimisinéir do chomhairle gach contae, contae-bhuirge, buirge, agus bailecheanntair agus do choimisinéirí gach baile go mbeifear ar intinn an fo-dhlí sin do bhaint leis no le haon chuid de fógra i dtaobh é bheith ar intinn an fo-dhlí sin do dhéanamh agus breithneoidh an Coimisinéir gach cúis a phléidhfidh aon chomhairle no coimisinéirí den tsórt san leis i dtaobh an fho-dhlí sin a bheidh beartuithe;
(b) má chuireann agus nuair a chuirfidh an Coimisinéir an fo-dhlí sin fé bhráid an Aire fén alt so bhéarfaidh do gach comhairle agus coimisinéirí den tsórt san fógra á rá gur cuireadh san fé bhráid an Aire agus breithneoidh an tAire gach cúis a phléidhfidh aon chomhairle no coimisinéirí den tsórt san leis i dtaobh an fho-dhlí sin;
(c) ní aontóidh an tAire leis an bhfo-dhlí sin go ceann mí tar éis fógra á rá gur cuireadh an fo-dhlí sin fé n-a bhráid do bheith tugtha fén alt so do gach comhairle agus coimisinéirí den tsórt san;
(d) chun crícheanna an fho-ailt seo ní tuigfear go mbeifear ar intinn fo-dhlí do bhaint le haon chuid de chontae mara mbeifear ar intinn é do bhaint le cuid éigin den chontae sin ná fuil in aon bhuirg, bailecheanntar ná baile;
(e) sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “baile” baile ag á bhfuil baile-choimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.
Cruthúnas maidir le fo-dhlithe.
9.—(1) Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925), le gach fo-dhlí dhéanfaidh an Coimisinéir fén Acht so.
(2) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925, do leasú tré fho-dhlithe ar n-a ndéanamh ag an gCoimisinéir fén Acht so do chur leis na scríbhinní oifigiúla luaidhtear sa bhfo-alt san, agus beidh éifeacht ag an alt san 6 dá réir sin.
Airgead.
10.—(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as an Ród-Chiste a híocfar gach costas fé n-a raghaidh Aire ar bith no an Coimisinéir chun an Roads Act, 1920, no an Achta so d'fheidhmiú, agus chuige sin íocfar, in aghaidh gach bliana airgeadais, isteach sa Stát-Chiste as an Ród-Chiste, pé tráthanna agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid, na suimeanna san a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, do bheith có-ionann le méid na gcostas fé n-a ndeachthas amhlaidh chun an Roads Act, 1920, agus an Achta so d'fheidhmiú an bhliain airgeadais sin.
(2) Más deimhin leis an Aire Airgid nách féidir a chinneadh go caothúil cadé méid na gcostas fé n-a ndeachaidh Aire ar bith no an Coimisinéir chun an Roads Act, 1920, no an Achta so d'fheidhmiú aon bhliain airgeadais áirithe, féadfar an tsuim is iníoctha fén alt so isteach sa Stát-Chiste as an Ród-Chiste alos na gcostas san, féadfar, le ceadú an Aire Airgid, í d'áireamh in aon tslí le n-a n-aontóidh an tAire Airgid agus, go sonnrách, féadfar í chinneadh mar phercentáiste de sna méideanna iomlána do híocadh isteach sa Ród-Chiste o thaobh ar bith an bhliain airgeadais sin.
(3) Aon chostaisí bheidh, de bhuadh an ailt seo, le híoc amach as an Ród-Chiste féadfar, le ceadú an Aire Airgid, iad d'íoc go díreach amach as an Ród-Chiste, agus aon tuarastal no luach saothair a bheidh ag dul do dhuine ar bith agus a híocfar amhlaidh go díreach amach as an Ród-Chiste tuigfear, chun crícheanna na nAchtanna Aois-Liúntais, 1834 go 1923, gur as airgead do sholáthruigh an tOireachtas do híocadh é.
(4) Más dóich leis an Aire agus leis an Aire Airgid, maidir le haon chostaisí fé n-a ndeachthas tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1932, agus roimh an alt so do theacht i ngníomh agus do híocadh amach as an Stát-Chiste, gur amach go díreach as an Ród-Chiste do híocfaí iad dá mbeadh fo-alt (3) den alt so i ngníomh nuair do chuathas fé sna costaisí sin amhlaidh, déanfar méid na gcostaisí sin d'aisíoc leis an Stát-Chiste amach as an Ród-Chiste pé tráth agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.
(5) Na costaisí fé n-a raghaidh Aire ar bith no an Coimisinéir chun an Roads Act, 1920, no an Achta so d'fheidhmiú aon bhliain airgeadais áirithe tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, go n-áirmhítear ortha na muirir sin, alos aois-liúntas agus liúntas eile agus aiscí, is iníoctha ar dhuine d'fháil bháis no do dhul as oifig, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a bheith ceart.
(6) Léireofar fo-alt (4) d'alt 3 den Roads Act, 1920, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí míreanna (b) agus (c) den fho-alt san do leigint ar lár ann agus fé is dá ndeintí na costaisí go gceangaltar leis an alt so iad d'íoc amach as an Ród-Chiste d'áireamh ar na costaisí luaidhtear i mír (e) den fho-alt san.
Táillí agus fíneála do chur de láimh.
11.—(1) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, déanfar gach táille agus gach suim eile do gheobhaidh an Coimisinéir fén Acht so no fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.
(2) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, déanfar gach fíneáil a ghearrfaidh cúirt dlighinse achmaire mar gheall ar chiontaí fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste do réir na dtreoracha san do bhéarfaidh an tAire Airgid uaidh o am go ham.
(3) An t-airgead uile a híocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste fén alt so tuigfear, chun crícheanna ailt 2 den Roads Act, 1920, gur fén Acht san a híocadh isteach sa Stát-Chiste é.
Cosaint maidir le díotáil i gcráiteas.
12.—Ní údaróidh éinní atá san Acht so do dhuine ar bith úsáid do dhéanamh ar phrímh-bhealach d'fheithicil inneallghluaiste bheidh ceaptha no a húsáidfí ar chuma go dtiocfadh cráiteas puiblí no príobháideach dá dheascaibh sin, agus, d'ainneoin éinní atá san Acht so, beidh duine ar bith a dhéanfaidh úsáid amhlaidh d'fheithicil den tsórt san i mbaol díotála no aicsin, do réir mar bheidh, mar gheall ar an úsáid sin i gcás ina bhféadfaí, mara mbeadh an tAcht so do rith, an díotáil no an t-aicsean san do chur ar aghaidh.
Athghairm.
13.—(1) Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
(2) Gach foráil atá in aon achtachán (go bhfeidhm ghenerálta no go bhfeidhm áitiúil) agus—
(a) atá cosúil no ar có-réir ina héifeacht le haon alt no fo-alt den Acht so no atá buiniscionn leis an gcéanna, no
(b) a bhronnann ar dhuine ar bith comhacht, chun orduithe, rialacháin, no fo-dhlithe do dhéanamh no chun ceadúnaisí do thabhairt amach, is comhacht atá cosúil no ar có-réir le comhacht no atá buiniscionn le comhacht, chun orduithe, rialacháin, no fo-dhlithe do dhéanamh no chun ceadúnaisí do thabhairt amach (go bhfeidhm áitiúil den tsórt chéanna no go bhfeidhm áitiúil níos leithne no go bhfeidhm ghenerálta) a bronntar le haon alt no fo-alt den Acht so ar an duine céanna no ar dhuine eile,
scuirfidh, chó fada agus théigheann an chosúlacht, an chóréireacht no an bhuiniscionntacht san (pe'ca aca é), d'éifeacht do bheith aici díreach ar an alt no ar an bhfo-alt san do theacht i bhfeidhm.
(3) Gach feithicil inneall-ghluaiste do bheadh, dá mba ná déanfai an Locomotives on Highways Act, 1896, d'athghairm leis an Acht so, do bheadh, de bhuadh míre (b) den phrovísó ghabhann le fo-alt (1) d'alt 1 den Acht san, ina carráiste no ina carráiste de chineál áirithe do réir bhrí aon achtacháin, rialach, rialacháin, no fo-dhlí ná deineann an t-alt so é d'athghairm ná deireadh do chur leis, leanfaidh de bheith ina carráiste no ina carráiste den chineál áirithe sin (pe'ca aca é) do réir bhrí an achtacháin, na rialach, an rialacháin no an fho-dhlí sin.
CUID II.
Feithiclí Inneall-Ghluaiste do Roinnt ina gCineálacha, etc.
Feithiclí inneallghluaiste do roinnt ina gcineálacha.
14.—(1) Déanfar, chun crícheanna an Achta so, feithicli inneall-ghluaiste do roinnt ina gceithre cineálacha, eadhon, mótarrothair, mótar-fheithiclí éadtroma, mótar-fheithiclí troma, agus gluaisteoirí.
(2) Chun crícheanna an Achta so is mótar-rothar feithicil inneall-ghluaiste i gcás í bheith agus pé uair agus faid a bheidh sí do réir na gconníoll uile seo leanas, sé sin le rá :—
(a) gan a meáchaint gan ualach do bheith thar ocht gcéad meáchainte; agus
(b) gan a bheith fúithi ach rotha agus iad i dteangmháil dhírigh leis an talamh; agus
(c) gan thar trí roth do bheith fúithi; agus
(d) buinn aeir do bheith ar a rotha uile.
(3) Chun crícheanna an Achta so is mótar-fheithicil éadtrom feithicil inneall-ghluaiste i gcás í bheith agus pé uair agus faid a bheidh sí do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá :—
(a) gan í bheith ina mótar-rothar; agus
(b) i gcás cabhail do bheith uirthi ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh chun paisnéirí d'iompar, gan a meáchaint gan ualach do bheith thar trí tonna no, i gcás cabhail do bheith uirthi agus gan í ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh amhlaidh no gan cabhail do bheith uirthi. gan a meáchaint gan ualach do bheith thar dhá thonna; agus
(c) i gcás cabhail do bheith uirthi ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh chun paisnéirí d'iompar, gan ionaid suidhte do bheith inte do níos mó ná seisear gan a tiománaí d'áireamh; agus
(d) gan a bheith fúithi ach rotha agus iad i dteangmháil dhírigh leis an talamh; agus
(e) buinn aeir do bheith ar a rotha uile; agus
(f) gan í bheith á húsáid chun níos mó ná feithicil amháin eile do tharrac; agus
(g) má deintear agus nuair a déanfar í d'úsáid chun feithicle eile do tharrac, gan a bheith fén bhfeithicil eile sin (sa mhéid nách taca dhi an fheithicil inneall-ghluaiste sin) ach rotha agus iad i dteangmháil dhírigh leis an talamh agus buinn aeir do bheith ar rotha uile na feithicle eile sin.
(4) Chun crícheanna an Achta so is mótar-fheithicil trom feithicil inneall-ghluaiste i gcás í bheith agus pé uair agus faid a bheidh sí do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá :—
(a) gan í bheith ina mótar-rothar ná ina mótar-fheithicil éadtrom; agus
(b) gan a meáchaint gan ualach do bheith thar seacht dtonna go gceathrúin; agus
(c) má deintear agus nuair a déanfar í d'úsáid chun feithicle eile do tharrac, gan meáchaint gan ualach na feithicle inneall-ghluaiste sin agus na feithicle eile sin le chéile do bheith thar naoi dtonna go dtrí ceathrúna; agus
(d) gan a bheith fúithi ach rotha agus iad i dteangmháil dhírigh leis an talamh; agus
(e) buinn aeir no buinn eile d'abhar bhog no d'abhar phlaisc do bheith ar a rotha uile; agus
(f) gan í bheith á húsáid chun níos mó ná feithicil amháin eile do tharrac; agus
(g) má deintear agus nuair a déanfar í d'úsáid chun feithicle eile do tharrac, gan a bheith fen bhfeithicil eile sin (sa mhéid nách taca dhi an fheithicil inneall-ghluaiste sin) ach rotha agus iad i dteangmháil dhírigh leis an talamh agus buinn aeir no buinn eile d'abhar bhog no d'abhar phlaisc do bheith ar rotha uile na feithicle eile sin.
(5) Chun crícheanna an Achta so is gluaisteoir feithicil inneallghluaiste i gcás gan í bheith agus pé uair agus faid a bheidh sí gan bheith ina mótar-rothar, ná ina mótar-fheithicil éadtrom, ná ina mótar-fheithicil trom.
(6) Féadfaidh an tAire am ar bith agus o am go ham, le hordú, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—
(a) atharú do dhéanamh, ar pé slí is oiriúnach leis, ar gach ceann no ar aon cheann de sna coinníollacha atá leagtha amach anso roimhe seo mar na coinníollacha nách foláir d'feithicil inneall-ghluaiste bheith dá réir chun gur mótar-rothar chun crícheanna an Achta so í;
(b) atharú do dhéanamh, ar pé slí is oiriúnach leis, ar gach ceann no ar aon cheann de sna coinníollacha atá leagtha amach anso roimhe seo mar na coinníollacha nách foláir d'feithicil inneall-ghluaiste bheith dá réir chun gur mótar-fheithicil éadtrom chun crícheanna an Achta so í;
(c) atharú do dhéanamh, ar pé slí is oiriúnach leis, ar gach ceann no ar aon cheann de sna coinníollacha atá leagtha amach anso roimhe seo mar na coinníollacha nách foláir d'feithicil inneall-ghluaiste bheith dá réir chun gur mótar-fheithicil trom chun crícheanna an Achta so í;
(d) ordú ar bith a rinne sé roimhe sin fén bhfo-alt so do cheiliúradh, do leasú, no d'atharú.
(7) Ní thiocfaidh ordú ar bith a déanfar fén alt so i bhfeidhm mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus é do cheadú le rún o gach Tigh.
Deanamh agus gléasadh feithiclí inneallghluaiste.
15.—(1) Féadfaidh an tAire, maidir le feithiclí inneallghluaiste agus le feithiclí ar n-a dtarrac ag feithiclí inneallghluaiste, féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) déanamh na bhfeithiclí sin;
(b) na coinníollacha fé n-a bhféadfar na feithiclí sin d'úsáid;
(c) an gléasadh, na feistisí agus na hionstruimidí bheidh le feistiú no le hiompar ar na feithiclí sin, agus go sonnrách ionstruimidí chun rabhaidh ionchlosta do thabhairt i dtaobh láithreachais na bhfeithiclí sin agus ionstruimidí chun rabhaidh sho-fheicse do thabhairt ar chúl na bhfeithiclí sin go bhfuiltear chun stad;
(d) mí-úsáid do dhéanamh de mheaisínteacht na bhfeithiclí sin, le n-a n-áirmhítear úsáid do dhéanamh de sna feithiclí sin nuair a bheidh a meaisínteacht i staid lochtach;
(e) sugha, luaithreadh, íle, gal no geas do scaoileadh as na feithiclí sin;
(f) úsáid agus mí-úsáid do dhéanamh den ghléasadh, de sna feistisí, agus de sna hionstruimidí bheidh feistithe no á n-iompar ar na feithiclí sin do dheoin no do réir an Achta so no do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén Acht so;
(g) an méid torann a bheidh á dhéanamh ag na feithiclí sin no ag an ualach (más ann do) pe'ca déanamh no staid lochtach na bhfeithiclí sin fé ndeár é no meaisínteacht, gléasadh, feistisí, no ionstruimidí na bhfeithiclí sin, no úsáid no mí-úsáid do dhéanamh de sna feithiclí, den mheaisínteacht, den ghléasadh, de sna feistisí no de sna hionstruimidí sin, no cineál, pacáil no suidheamh an ualaigh (más ann do) a bheidh á iompar ar na feithiclí sin;
(h) cóiriú agus feistiú an taoibh istigh d'fheithiclí seirbhíse puiblí;
(i) na focail, na leitreacha, na figiúirí, agus na marcanna eile bheidh le cur no le péinteáil ar na feithiclí sin agus an tslí agus an áit ina mbeidh na marcanna san le cur no le péinteáil amhlaidh;
(j) an méid feithiclí is ceaduithe bheith á dtarrac san aon am amháin ag feithicil inneall-ghluaiste no ag feithicil inneall-ghluaiste de chineál áirithe, agus an tslí ina ndéanfar feithiclí bheidh á dtarrac ag feithicil inneallghluaiste do cheangal den fheithicil sin agus (i gcás san do bheith oiriúnach) dá chéile.
(2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh saghsanna deifriúla feithiclí inneall-ghluaiste agus i dtaobh saghsanna deifriúla feithiclí ar n-a dtarrac ag feithiclí inneall-ghluaiste.
(3) Déanfaidh an tAire, leis na rialacháin a dhéanfaidh fén alt so, a fhoráil é bheith éigeanta go n-iomprófaí ar gach feithicil inneall-ghluaiste ionstruimid cheart chun rabhaidh ionchlosta do thabhairt i dtaobh láithreachais na feithicle sin.
(4) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil inneallghluaiste go mbeidh rialacháin do rinneadh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ag baint léi ach ná beidh do réir na rialachán san ar gach slí d'úsáid ar aon bhóthar ná feithicil go mbeidh rialacháin do rinneadh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ag baint léi ach ná beidh do réir na rialachán san ar gach slí do tharrac le feithicil inneall-ghluaiste ar aon bhóthar.
(5) Gach duine dhéanfaidh feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid contrárdha don alt so no dhéanfaidh feithicil do tharrac le feithicil inneall-ghluaiste contrárdha don alt so nó dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(6) San Acht so cialluíonn an abairt “rialacháin maidir le déanamh agus gléasadh feithiclí inneall-ghluaiste” na rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh na feithicle no an chineáil fheithiclí gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.
(7) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhalidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Meáchaintí maximum feithiclí inneallghluaiste.
16.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) ag ordú na meáchainte maximum gan ualach do ghluaisteoirí;
(b) ag ordú na meáchainte maximum gan ualach d'fheithiclí bheidh á dtarrac ag feithiclí inneall-ghluaiste;
(c) ag ordú na meáchainte maximum go n-ualach d'fheithiclí inneall-ghluaiste agus d'fheithiclí bheidh á dtarrac ag feithiclí inneall-ghluaiste;
(d) ag ordú na meáchainte maximum a bheidh le cur ag aon chuid d'fheithicil inneall-ghluaiste no d'fheithicil a bheidh á tarrac ag feithicil inneall-ghluaiste ar an talamh no ar aon achar áirithe den talamh;
(e) ag ordú na slí ina ndéanfar agus na gcoinníollacha fé n-a ndéanfar aon mheáchaintí áirithe d'fháil amach a bheidh orduithe leis na rialacháin.
(2) Féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh fén alt so i dtaobh áiteanna no líomatáistí deifriúla agus i dtaobh cineálacha deifriúla feithiclí.
(3) Gach duine dhéanfaidh—
(a) feithicil gur mó a meáchaint gan ualach ná an mheáchaint mhaximum gan ualach a bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh ag baint leis an bhfeithicil sin, no
(b) feithicil go n-ualach gur mó a meáchaint, agus an t-ualach san uirthi, ná an mheáchaint mhaximum go n-ualach a bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh ag baint leis an bhfeithicil sin, no
(c) feithicil a bheidh ag cur no go mbeidh cuid di ag cur meáchainte ar an talamh is mó ná an mheáchaint mhaximum a bheidh orduithe, i dtaobh an churtha san, le rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh ag baint leis an bhfeithicil sin,
d'úsáid ar aon bhóthar, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(4) Pé uair do bhéarfaidh ball den Ghárda Síochána feithicil fé ndeara gur amhras leis í bheith á húsáid an uair sin i slí gur cionta fén alt so an úsáid sin, féadfaidh an ball san a éileamh ar an duine i mbun na feithicle sin gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—
(a) an fheithicil sin go n-a hualach (más ann do) do thabhairt láithreach go dtí droichead meáchana ar n-a choinneáil i dtreo fén Acht so agus ainmneoidh an ball san agus nách mó ná dhá mhíle, ar an mbealach is comhgaraí atá ar fáil, o áit dhéanta an éilimh sin;
(b) an ball san d'iompar go dtí an droichead meáchana san sa bhfeithicil sin;
(c) an fheithicil sin go n-a hualach (más ann do) do chur á meádh ar an droichead meáchana san i láthair an bhaill sin.
Pé uair a theipfidh ar dhuine i mbun feithicle éinní do dhéanamh no a dhiúltóidh d'éinní do dhéanamh éileoidh ball den Ghárda Síochána air fén bhfo-alt so a dhéanamh beidh an teip no an diúltú san ina chionta fén alt so agus ar an duine sin do chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach cionta fé leith den tsórt san.
(5) Gach rialachán a déanfar fén alt so, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Ceadanna speisialta i gcóir feithiclí áirithe.
17.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) ceadanna speisialta do thabhairt amach á údarú feithiclí áirithe sháruíonn rialachán no rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so do thiomáint ar bhóithre d'ainneoin an tsáruithe sin;
(b) á ordú cadiad na teoranta, na sriantachtaí agus na coinníollacha cuirfear no féadfar a chur sna ceadanna speisialta san ar a n-áirmhítear coinníollacha maidir le cúiteamh, no maidir le n-a chur in áirithe tré airgead do lóisteáil go n-íocfar cúiteamh, i ndamáiste is féidir a déanfaí do bhóithre as tiomáint na bhfeithiclí le n-a mbaineann na ceadanna speisialta san;
(c) á ordú cé hiad na daoine fhéadfaidh na ceadanna speisialta san do thabhairt amach agus go sonnrách ag déanamh socruithe chun oifigeach áirithe d'údaráis áitiúla do thabhairt na gceadanna speisialta san amach;
(d) á ordú cadé an tslí ina n-iarrfar agus cé hiad na daoine ar a n-iarrfar na ceadanna speisialta san.
(2) d'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so, ní sárú ar aon fhoráil den Chuid seo den Acht so feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint ar bhóthar fé chead speisialta ar n-a thabhairt amach alos na feithicle sin fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so agus do réir an cheada speisialta san ar gach slí.
Meáchaint feithiclí inneallghluaiste do dhéanamh amach.
18.—(1) Chun crícheanna an Achta so agus gach Achta eile (ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis) a bhaineann le feithiclí inneall-ghluaiste tuigfear, lasmuich de chás dá bhforáltar no dá bhforálfar a mhalairt leis an Acht so no fé, gurb é is meáchaint gan ualach d'aon fheithicil ná meáchaint na feithicle, agus an chabhail agus gach páirt is gá bheith ag gabháil leis an bhfeithicil no a húsáidtear léi de ghnáth nuair a bhíonn sí ag obair ar bhóthar d'áireamh, ach gan áireamh do dhéanamh ar mheáchaint an uisce, an abhair theine, ná na n-athchadhnradh (nách coirí) a húsáidtear chun tiomána ná ar mheáchaint úirlisí scaoilte ná fearas scaoilte.
(2) I gcás feithicle inneall-ghluaiste—
(a) gur mhó ná seacht dtonna go gceathrúin a meáchaint gan ualach ar san do dhéanamh amach fén bhfo-alt san roimhe seo, agus
(b) ar a mbeidh cabhail no uachtar, buan no nách mór buan, a bheidh ceaptha agus déanta chun críche speisialta seachas chun paisnéirí no earraí no aon tsaghas áirithe earraí d'iompar,
tuigfear (lasmuich de chás dá bhforáltar no dá bhforálfar a mhalairt leis an Acht so no fé) gurb é is meáchaint gan ualach don fheithicil sin, chun crícheanna an Achta so agus gach Achta eile (ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis) a bhaineann le feithiclí inneall-ghluaiste, ná seacht dtonna go gceathrúin.
Droichid mheáchana do chur ar fáil.
19.—(1) Féadfaidh gach comhairle go mbeidh ortha bóthar do choinneáil i dtreo meaisíní do thógáil i pé áiteanna ar an mbóthar san no le n-a ais is dóich leo is ceart agus déanfaid, ar an Aire dá cheangal san ortha, meaisíní do thógáil i pé áiteanna ar na bóithre sin no le n-a n-ais a ordóidh an tAire, meaisíní (dá ngairmtear droichid mheáchana san Acht so) a bheidh do réir na dtomhas, na comhachta, an chrota agus an déanta orduithe chun feithiclí do mheádh.
(2) Déanfaidh gach comhairle gur leo droichead meáchana ar n-a thógaint fé achtachán a hathghairmtear leis an Acht so, no ar n-a thógaint fén alt so, an droichead meáchana san do choinneáil i dtreo agus in ordú cheart agus cuirfid an droichead meáchana san ar fáil chun feithiclí do mheádh gach tráth réasúnta agus chuige sin beidh pé fuireann acu is gá chun an droichid mheáchana san d'oibriú.
(3) Féadfaidh gach comhairle ag á mbeidh droichead meáchana á choinneáil i dtreo fén alt so táillí d'éileamh ar fheithiclí do mheádh air (seachas feithiclí meádhfar air le hordú baill agus i láthair baill den Ghárda Síochána), pe táillí cheadóidh an tAire.
(4) Déanfar na costaisí uile fé n-a raghaidh comhairle chun droichid mheáchana do thógáil no do choinneáil i dtreo agus d'oibriú fén alt so d'íoc amach as na táillí a héileofar fén alt so ar fheithiclí do mheádh air agus, maran leor agus sa mhéid nách leor na táillí sin chun na gcostaisí sin d'íoc, tuigfear na costaisí sin do bheith ina gcostaisí chun an bhóthair do choinneáil i dtreo gur air no le n-a ais a bheidh an droichead meáchana san tógtha agus íocfar iad dá réir sin.
An chóiríocht do phaisnéirí i bhfeithiclí inneallghluaiste do dhéanamh amach.
20.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so, a ordú conus a déanfar amach chun crícheanna an Achta so an chóiríocht do phaisnéirí atá i bhfeithiclí inneallghluaiste no in aon chineálacha no cineál de sna feithiclí sin, agus féadfaidh sna rialacháin sin idirdhealú do dhéanamh idir cóiríocht chun suidhte agus cóiríocht chun seasaimh agus idir cóiríocht do dhaoine fásta agus cóiríocht do leanbhaí.
(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
CUID III.
Ceadunaisi chun Feithicli Inneall-Ghluaiste do Thiomaint.
Údarás ceadúnúcháin.
21.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “údarás ceadúnúcháin” comhairle chontae no chontae-bhuirge.
Toirmeasc ar fheithicil inneallghluaiste do thiomáint gan ceadúnas.
22.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint ar aon bhóthar mara mbeidh ceadúnas aige (dá ngairmtear ceadúnas tiomána san Acht so) a bheidh deonta dho fén gCuid seo den Acht so, agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, á cheadúnú an fheithicil sin do thiomáint.
(2) Ní bheidh sé dleathach d'únaer feithicle inneall-ghluaiste duine eile d'fhostú chun na feithicle inneall-ghluaiste sin do thiomáint ar aon bhóthar mara mbeidh ag an duine fostófar amhlaidh ceadúnas tiomána bheidh deonta dho fén gCuid seo den Acht so, agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, á cheadúnú an fheithicil sin do thiomáint.
(3) Gach duine thiomáinfidh feithicil inneall-ghluaiste no fhostóidh duine eile chun feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(4) Gach duine ciontófar ar an slí achmair sa chionta san fén alt so gurb é is ann do ná feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint contrárdha don alt so agus do bhí, le linn do an chionta san do dhéanamh, dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige dlighfear an pionós so leanas do chur air in ionad an phionóis a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, sé sin le rá, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an chéad chionta aige é, no, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Srian le seilbh cheadúnaisí tiomána.
23.—(1) Ní bheidh ceadúnas tiomána ag éinne fé bhun sé mblian déag d'aois.
(2) Ní bheidh ag éinne uair ar bith níos mó ná aon cheadúnas tiomána amháin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
Iarrataisí ar cheadúnaisí tiomána.
24.—(1) Féadfaidh duine ar bith ná beidh fé bhun sé mblian déag d'aois agus ná beidh de thurus na huaire dí-cháilithe leis an Acht so ná fé chun ceadúnais tiomána do bheith aige, féadfaidh a iarraidh ar an údarás ceadúnúcháin gur ina líomatáiste feidhmiúcháin a chomhnuíonn sé de ghnáth no bhíonn gnó ar siúl aige ceadúnas tiomána do dheonadh dho no, má sé is gá sa chás, athnuachaint do dhéanamh ar cheadúnas tiomána bheidh an uair sin no bhí roimhe sin aige.
(2) Beidh gach iarratas fén alt so sa bhfuirm orduithe agus beidh sé fé láimh an iarratasóra agus luadhfar ann aois an iarratasóra maraon le pé mion-innste eile bheidh orduithe agus beidh deimhniú infheadhmachta ag gabháil leis do deonadh don iarratasóir fé Chuid VI den Acht so laistigh de mhí roimh dháta an iarratais no beidh ann no beidh ina theanta dearbhú sa bhfuirm seo leanas fé láimh an iarratasóra, sé sin le rá :—
“Dearbhuím leis seo ná fuil aon ghalar orm agus ná fuilim fé aon mhí-chumas aigne no cuirp, chó fada lem' eolas, is deallrathach do bhéarfadh go mbeadh sé contabharthach don phuiblíocht mise do thiomáint feithicle inneall-ghluaiste in áit phuiblí.”
(3) Má luaidhtear in iarratas fén alt so go bhfuil an t-iarratasóir os cionn bliain is fiche d'aois beidh san ina luadh ar aois an iarratasóra do réir bhrí an fho-ailt sin roimhe seo den alt so.
(4) Má sé a hiarrfar in iarratas fén alt so ná ceadúnas tiomána do dheonadh tré athnuachaint do dhéanamh ar cheadúnas do deonadh roimhe sin agus má bhíonn ag an údarás ceadúnúcháin chun a ndéanfar an t-iarratas san deimhniú infheadhmachta do lóisteáil an t-iarratasóir chun críche iarratais roimhe sin fén alt so, féadfar, in ionad deimhniú infheadhmachta do bheith ag gabháil leis an iarratas san a céad-luaidhtear, dearbhú sa bhfuirm seo leanas fé láimh an iarratasóra do bheith i dteanta an iarratais sin no ann, sé sin le rá :—
“Dearbhuím leis seo nár thárla dhom, chó fada lem' eolas, bheith, o tugadh an deimhniú infheadhmachta amach dom dar dáta an lá de , fé aon mhíchumas nua no mí-chumas méaduithe aigne no cuirp do dhéanfadh deifir do dhleathacht an deimhnithe sin.”
(5) Má dheineann duine ar bith dearbhú fén alt so do shighniú a bheidh bréagach go bhfios do beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(6) Má deintear, in aon chúiseamh mar gheall ar chionta fén alt so, cruthúnas do thabhairt gur sealbhóir ar cheadúnas tiomána ar n-a dheonadh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so an té bheidh á chúiseamh amhlaidh beidh an cruthúnas san ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go ndearna an duine sin dearbhú sa bhfuirm is gá do réir an ailt seo do shighniú.
Ceadúnaisí tiomána do dheonadh.
25.—(1) Ar iarratas do dhéanamh go cuibhe fén gCuid seo den Acht so agus dá réir chun údaráis cheadúnúcháin á iarraidh ortha ceadúnas tiomána do dheonadh agus ar an iarratasóir do dhéanamh íoca leis an údarás ceadúnúcháin sin sa diúité máil is gá de thurus na huaire do réir dlí a íoc ar cheadúnas tiomána do thógaint amach, ansan, maran léir don údarás ceadúnúcháin sin go bhfuil an t-iarratasóir fé bhun sé mblian déag d'aois no go bhfuil sé dícháilithe leis an Acht so no fé chun ceadúnais tiomána do bheith aige no ná fuil sé ina ghnáth-chomhnaí ná ná bíonn gnó ar siúl aige i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sin, déanfaid ceadúnas tiomána do dheonadh don iarratasóir sin.
(2) Beidh gach ceadúnas tiomána sa bhfuirm orduithe agus luadhfar ann aois an iarratasóra fé mar a bheidh san curtha síos aige ina iarratas ar an gceadúnas san, agus fós an dáta ar a dtosnóidh an ceadúnas san fén alt so agus pé nithe eile is gá do réir an Achta so do bheith sa cheadúnas san.
(3) Féadfar ceadúnas tiomána a dheonfaidh údarás ceadúnúcháin fén alt so do dhuine go mbeidh no go raibh ceadúnas tiomána aige ar n-a dheonadh roimhe sin do ag an údarás ceadúnúcháin sin agus a bheidh i bhfeidhm fós no bheidh tar éis dul in éag laistigh den ráithe roimhe sin, féadfar san do dheonadh amhlaidh tré athnuachaint do dhéanamh ar an gceadúnas san do deonadh roimhe sin.
(4) I gcás an té dá ndeonfaidh údarás ceadúnúcháin ceadúnas tiomána fén alt so do bheith, le linn an deonta san, i seilbh cheadúnais tiomána ar n-a dheonadh dho roimhe sin ag an údarás ceadúnúcháin sin no ag aon údarás ceadúnúcháin eile agus a bheidh fós gan dul in éag, tosnóidh an ceadúnas tiomána san a céad-luaidhtear díreach ar dhul in éag don cheadúnas san do deonadh roimhe sin, agus i ngach cás eile is díreach tar éis a dheonta thosnóidh ceadúnas tiomána dheonfaidh údarás ceadúnúcháin.
(5) Má chuireann duine ina luighe ar údarás cheadúnúcháin go bhfuil ceadúnas tiomána do dheon an t-údarás ceadúnúcháin sin do imithe amú no millte no díthithe féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin sin dúbláid den cheadúnas san do thabhairt amach don duine sin agus féadfaid táille nách mó ná scilling d'éileamh ar an dúbláid sin.
Oibriúchán ceadúnaisí tiomána.
26.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, déanfaidh agus déarfaidh gach ceadúnas tiomána deonfar tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so an té dá ndeonfar é do cheadúnú—
(a) má bhíonn no nuair a bheidh sé bliana déag slán ag an duine sin gan é bheith seacht mbliana déag d'aois, mótar-rothar do thiomáint, agus
(b) má bhíonn no nuair a bheidh seacht mbliana déag slán ag an duine sin gan é bheith ocht mbliana déag d'aois, aon tsaghas mótar-fheithicle éadtruime no mótarrothair do thiomáint, agus
(c) má bhíonn no nuair a bheidh ocht mbliana déag slán ag an duine sin gan é bheith bliain is fiche d'aois, aon tsaghas feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint ach amháin mótar-fheithicil trom no gluaisteoir faid a bheidh paisnéirí á n-iompar ag an bhfeithicil no an gluaisteoir sin ar luach saothair, agus
(d) má bhíonn no nuair a bheidh bliain is fiche slán ag an duine sin, aon tsaghas feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint.
(2) I gcás duine do bheith, le linn tosach feidhme na Coda so den Acht so, i seilbh cheadúnais ar n-a dheonadh dho fé alt 3 den Motor Car Act, 1903, agus a bheidh i bhfeidhm le linn an tosach feidhme sin, beidh éifeacht ag pé foráil acu so leanas is infheidhmithe, sé sin le rá :—
(a) má bhí an duine sin i seilbh cheadúnais no cheadúnaisí fén alt san 3 go leanúnach ar feadh tréimhse nár ghiorra ná sé mí agus dar chríoch an tosach feidhme sin, oibreoidh an ceadúnas san no an ceadúnas is déanaí acu san (do réir mar bheidh) agus gach ceadúnas a deonfar tré athnuachaint do dhéanamh ar an gcéanna fén gCuid seo den Acht so, oibreoidh (i dteanta aon oibriúcháin no éifeachta eile bheidh ag an gceadúnas no ag an athnuachaint sin fén gCuid seo den Acht so agus gan dochar don oibriúchán no don éifeacht san) chun an duine sin do cheadúnú, ón tosach feidhme sin, chun aon tsaghas feithicle inneallghluaiste do thiomáint a cheadúnaigh an ceadúnas san do a thiomáint díreach roimh an tosach feidhme sin, no
(b) má bhí an duine sin i seilbh cheadúnais no cheadúnaisí fén alt san 3 go leanúnach ar feadh tréimhse ba ghiorra ná sé mhí ach nár ghiorra ná dhá mhí agus dar críoch an tosach feidhme sin agus má bhí sé díreach roimh an tosach feidhme sin ag tiomáint feithicle inneall-ghluaiste chun no i gcúrsa a shlí bheatha do thuilleamh, oibreoidh an ceadúnas san no an ceadúnas is déanaí acu san (do réir mar bheidh) agus gach ceadúnas a deonfar tré athnuachaint do dhéanamh ar an gcéanna fén gCuid seo den Acht so, oibreoidh (i dteanta aon oibriúcháin no éifeachta eile bheidh ag an gceadúnas no ag an athnuachaint sin fén gCuid seo den Acht so agus gan dochar don oibriúchán no don éifeacht san) chun an duine sin do cheadúnú, ón tosach feidhme sin, chun na feithicle inneall-ghluaiste do bhí á tiomáint aige amhlaidh mar adubhradh do thiomáint, maraon le haon fheithicil inneall-ghluaiste eile de chineál na feithicle sin.
(3) Gach ceadúnas tiomána deonfar fén gCuid seo den Acht so (le n-a n-áirmhítear ceadúnas a deonfar amhlaidh tré athnuachaint) do dhuine bheidh tar eis deimhniú infheadhmachta teoranta do lóisteáil leis an údarás ceadúnúcháin aon uair roimhe sin, ní cheadóidh agus déarfaidh ná ceaduíonn ach feithicil inneallghluaiste do thiomáint a bheidh den chineál áirithe no de chineál de sna cineálacha áirithe bheidh luaidhte chuige sin sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san agus a hainmneofar sa cheadúnas san agus í gléasta leis na feistisí speisialta no na nithe speisialta bheidh luaidhte sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san agus a háirmheofar agus a tuairisceofar sa cheadúnas san sna téarmaí céanna ina mbeid áirmhithe agus tuairiscithe sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san, do réir mar bheidh.
(4) Gach ceadúnas tiomána deonfar fén gCuid seo den Acht so (le n-a n-áirmhítear ceadúnas tiomána deonfar amhlaidh tré athnuachaint) do dhuine bheidh tar éis deimhniú infheadhmachta chun othar-charáiste do thiomáint do lóisteáil leis an údarás ceadúnúcháin aon uair roimhe sin, ní cheadóidh agus déarfaidh ná ceaduíonn ach feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint a bheidh den chineál áirithe no de chineál de sna cineálacha airithe bheidh luaidhte chuige sin sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san agus a hainmneofar sa cheadúnas san agus é den phátrún agus den déanamh speisialta bheidh luaidhte sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san agus a háirmheofar agus a tuairisceofar sa cheadúnas san sna téarmaí céanna ina mbeidh sé áirmhithe agus tuairiscithe sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san, do réir mar bheidh.
An té dá ndeonfar ceadúnas tiomána do scríobhadh a ainme air.
27.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach duine dá ndeonfar ceadúnas tiomána tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so a ainm do scríobhadh láithreach ar an gceadúnas san san áit a taisbeántar ann chuige sin.
(2) D'ainneoin éinní atá san Acht so ní bheidh aon cheadúnas tiomána deonfar tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so i bhfeidhm ná ní bheidh éifeacht ar bith aige go dtí go mbeidh an té dá ndeonfar é tar éis a ainme do scríobhadh air do réir an ailt seo.
Ré cheadúnais tiomána.
28.—Fé réir forálacha na Coda so den Acht so beidh gach ceadúnas tiomána i bhfeidhm ar feadh bliana ón dáta ar a dtosnóidh sé agus raghaidh in éag ansan.
Feithicil inneallghluaiste do thiomáint le linn bheith neamhinfheadhma.
29.—Gach duine thiomáinfidh feithicil inneall-ghluaiste in áit phuiblí agus aon ghalar air no é fé mí-chumas aigne no cuirp, go bhfios do, is deallrathach do bhéarfadh go mbeadh sé contabharthach don phuiblíocht é do thiomáint na feithicle sin in áit phuiblí beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.
Feithicil inneallghluaiste do thiomáint le linn bheith ar meisce.
30.—(1) Gach duine dhéanfaidh agus é ar meisce feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint, no tabhairt fé n-a tiomáint, in áit phuiblí beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear, má sé an chéad chionta fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus, má sé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(2) Pé uair a ciontófar duine i gcionta fén alt so déanfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin amhlaidh ordú (dá ngairmtear san Acht so ordú dí-cháilíochta iarmartach) á dhearbhú an duine sin do bheith dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige ar feadh na tréimhse sin is dóich leis an gcúirt sin is ceart agus a luadhfaidh san ordú san ach nách giorra ná an tréimhse mhinimum oiriúnach.
(3) Chun crícheanna an ailt seo ach ní chun críche ar bith eile, tuigfear duine do bheith ar meisce agus é ag tiomáint feithicle inneall-ghluaiste no ag tabhairt fé fheithicil inneall-ghluaiste do thiomáint má bhíonn an chúirt sásta go raibh an duine sin, de dheascaibh é d'ól dighe meisciúla no de dheascaibh é do thógaint druganna, in a leithéid sin de riocht ná raibh ar a chumas an fheithicil sin do choimeád fé réir éifeachtúil agus í ar gluaiseacht.
(4) Pé uair is dóich le ball den Ghárda Síochána go bhfuil cionta fén alt so á dhéanamh no go bhfuiltear tar éis san do dhéanamh, féadfa sé an té is dóich leis atá ag déanamh an chionta san no atá tar éis an chionta san do dhéanamh do ghabháil gan barántas.
(5) Má dheineann Breitheamh den Chúirt Dúithche duine do chiontú i gcionta fén alt so luighfidh athchomharc i gcoinnibh an chiontuithe sin chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda gur laistigh dá Chuaird atá dúthaigh no aon chuid de dhúthaigh an Bhreithimh Chúirte Dúithche sin agus beidh breith an Bhreithimh Chúirte Cuarda san ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi, agus ar éisteacht an athchomhairc sin déanfaidh an Breitheamh san, má dhaingníonn an ciontú san, daingniú ar an ordú dí-cháilíochta iarmartach do rinneadh maidir leis an duine sin ach féadfaidh, i gcás na tréimhse bheidh luaidhte san ordú san do dhul thar an tréimhse mhinimum oiriúnach, an tréimhse bheidh luaidhte san ordú san do laigheadú i dtreo ná beidh ann ach pé tréimhse (nách lugha ná an tréimhse mhinimum oiriúnach) is dóich leis is ceart.
(6) San alt so cialluíonn an abairt “an tréimhse mhinimum oiriúnach”—
(a) maidir le duine do chiontú den chéad uair fén alt so, bliain o dháta an chiontuithe sin;
(b) maidir le duine do chiontú an dara huair no aon uair ina dhiaidh sin fén alt so, trí bliana o dháta an chiontuithe sin.
Fo-orduithe dí-cháilíochta.
31.—(1) I gcás duine do chiontú i gcionta fén Acht so no ar aon tslí eile maidir le feithicil inneall-ghluaiste no maidir le tiomáint aon fheithicle den tsórt san (seachas cionta fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so) no i gcoir no i gcionta gur húsáideadh feithicil inneall-ghluaiste chun a dhéanta, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin amhlaidh, féadfaidh, gan dochar d'aon phionós eile a húdaruítear le dlí do ghearradh, ordú (dá ngairmtear fo-ordú dí-cháilíochta san Acht so) do dhéanamh á dhearbhú an duine do ciontuíodh amhlaidh do bheith dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige ar feadh pé tréimhse is dóich leis an gcúirt sin is ceart agus a luadfaidh san ordú san.
(2) I ngach cás ina bhféadfar athchomharc do dhéanamh alos aon chúirte do chiontú duine ar bith i gcionta go bhféadfar ar a chiontú ann fo-ordú dí-cháilíochta do dhéanamh, beidh ag an gcúirt go ndlighinse chun an athchomhaire sin d'éisteacht, beidh aici dlighinse chun fo-orduithe dhí-cháilíochta do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí no d'atharú.
(3) Fo-ordú dí-cháilíochta dhéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche féadfar athchomharc do dhéanamh ina choinnibh fé is dá mbeadh an t-ordú san ina ordú chun an duine gur ina choinnibh a déanfar an t-ordú san d'íoc suime peannaidighe agus beidh baint agus éifeacht ag alt 18 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), dá réir sin.
Orduithe dí-cháilíochta speisialta.
32.—(1) Má bhíonn amhrus ag oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort go bhfuil duine is sealbhóir ar cheadúnas tiomána neamh-infheadhma, de dheascaibh mí-chumais aigne no chuirp, chun feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint, féadfaidh an t-oifigeach san ordú fén bhfo-alt so i dtaobh an duine sin d'iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an duine sin do ghnáth agus más deimhin leis an mBreitheamh san go bhfuil an duine sin neamhinfheadhma, de dheascaibh mí-chumais aigne no chuirp, chun feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint féadfaidh ordú do dhéanamh á dhearbhú an duine sin do bheith, de dheascaibh an mhí-chumais aigne no chuirp a luaidhtear san ordú san, dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige ar feadh pé tréimhse is dóich leis an mBreitheamh san is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.
(2) Féadfar le hordú dí-cháilíochta déanfar fén alt so, féadfar, más oiriúnach san leis an gCúirt a dhéanfaidh an t-ordú san, a údarú don té dí-cháileofar leis an ordú san deimhniú infheadhmachta teoranta, no deimhniú infheadhmachta chun othar-charáiste do thiomáint, d'iarraidh agus, má gheibheann sé deimhniú den tsórt san, an ceadúnas tiomána san do ghlacadh agus do shealbhú a cheaduíonn an tAcht so do dheonadh do dhuine i seilbh an deimhnithe sin.
(3) Ní déanfar aon ordú fén alt so alos duine ar bith mara mbeifear tar éis fógra deich lá ar a laighead, i dtaobh an orduithe sin d'iarraidh, do thabhairt don duine sin i scríbhinn.
(4) Isé gairmtear san Acht so d'orduithe déanfar fén alt so ná orduithe dí-cháilíochta speisialta.
Oibriúchán orduithe dí-cháilíochta.
33.—(1) Beidh duine go ndéanfar ordú dí-cháilíochta ina thaobh dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige ar feadh na tréimhse luadhfar chuige sin san ordú san, agus an ceadúnas tiomána (más aon cheann é) bheidh ag an duine sin ar dháta an orduithe sin beidh sé ar fiunraoi go dtí go mbeidh an tréimhse sin caithte no an ceadúnas san imithe in éag, pe'ca ní aca san is túisce thárlóidh.
(2) Ní bheidh oibriú orduithe dhí-cháilíochta ar fiunraoi ná ar athló toisc athchomhaire do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe sin no i gcoinnibh an chiontuithe gur dá dhruim a déanfar an t-ordú san mara n-orduighidh an chúirt a dhéanfaidh an t-ordú san a mhalairt.
(3) Pé uair a déanfar ordú dí-cháilíochta i dtaobh duine is sealbhóir, ar dháta an orduithe sin, ar cheadúnas tiomána, déanfaidh an duine sin, laistigh de chúig lá tar éis an orduithe sin do dhéanamh, an ceadúnas san do sheachadadh do chléireach chúirte dúithche na dúithche ina ndearnadh an t-ordú san agus leis sin cuirfidh an cléireach san an ceadúnas san chun an údaráis cheadúnúcháin do thug amach é agus coinneoidh an t-údarás ceadúnúcháin sin an ceadúnas tiomána san ach, má thárlann tréimhse fiunraoi an cheadúnais sin fén alt so do chaitheamh roimh dhul in éag don cheadúnas san, bhéarfaidh an ceadúnas san thar n-ais don duine sin ar san d'éileamh tar éis bheith caithte don tréimhse fiunraoi sin agus roimh dhul in éag don cheadúnas san.
(4) Gach duine ar a gceangaltar leis an alt so ceadúnas tiomána do sheachadadh do chléireach chúirte dúithche agus ar a dteipfidh an ceadúnas san do sheachadadh amhlaidh laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear, mara gcuiridh ina luighe ar an gcúirt nách féidir do, toisc an cheadúnais sin do bheith díthithe no toisc aon chúise eile, an ceadúnas san do sheachadadh do réir an ailt seo, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(5) San alt so foluíonn an abairt “ordú dí-cháilíochta” ordú dí-cháilíochta iarmartach, fo-ordú dí-cháilíochta, agus ordú dícháilíochta speisialta.
Orduithe dí-cháilíochta speisialta do chur ar ceal.
34.—(1) Duine ar bith go mbeifear tar éis orduithe dhícháilíochta speisialta do dhéanamh ina thaobh féadfaidh, aon am agus (ach amháin mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) o am go ham tar éis ráithe o dháta an orduithe sin do bheith caithte agus roimh an tréimhse dhí-cháilíochta luaidhtear san ordú san do bheith caithte, a iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an duine sin de ghnáth an t-ordú san do chur ar ceal agus féadfaidh an Breitheamh san, fé mar is dóich leis is ceart ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, diúltú do ghéilleadh don iarratas san no ordú do dhéanamh ag cur an orduithe dhí-cháilíochta speisialta san ar ceal o pé dáta is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.
(2) Pé uair a déanfar ordú fén alt so ag cur orduithe dhí-cháilíochta speisialta ar ceal, tuigfear chun gach críche an tréimhse dhí-cháilíochta bheidh luaidhte san ordú dí-cháilíochta speisialta san do bheith caithte an dáta luadhfar san ordú san a céad-luaidhtear chun an orduithe dhí-cháilíochta speisialta san do dhul ar ceal.
(3) Más rud é go n-iarrfar fén alt so ordú dí-cháilíochta speisialta do chur ar ceal agus go ndiúltófar do ghéilleadh don iarratas san ní déanfar, laistigh de ráithe tar éis an diúltuithe sin, aon iarratas fén alt so chun an orduithe dhí-cháilíochta speisialta chéanna do chur ar ceal.
(4) Ní déanfar ordú ar bith fén alt so ag cur orduithe dhícháilíochta speisialta ar ceal mara mbeifear tar éis fógra deich lá ar a laighead, i dtaobh an orduithe sin d'iarraidh, do thabhairt i scríbhinn don cheannphort den Ghárda Síochána don cheanntar ina mbeidh gnáth-chomhnaí ar an té bheidh ag déanamh an iarratais sin.
Cúl-scríbhinn do chur ar cheadúnaisí tiomána.
35.—(1) Pé uair a déanfar duine is sealbhóir ar cheadúnas tiomána do chiontú i gcionta maidir le tiomáint fheithicle inneallghluaiste féadfaidh an chúirt, mara ndeinidh ordú dí-cháilíochta iarmartach no fo-ordú dí-cháilíochta, a chur fé ndeár mion-innste ar an gciontú san do chúl-scríobhadh sa tslí orduithe ar an gceadúnas san.
(2) Pé uair a déanfar duine is sealbhóir ar cheadúnas tiomána do chiontú i gcionta maidir le tiomáint fheithicle inneall-ghluaiste agus a dhéanfaidh an chúirt ordú dí-cháilíochta iarmartach no fo-ordú dí-cháilíochta ar an duine sin do chiontú sa chionta san, cuirfidh an chúirt fé ndeár mion-innste ar an gciontú san agus ar an ordú san do chúl-scríobhadh sa tslí orduithe ar an gceadúnas san.
(3) Pé uair a déanfar ordú dí-cháilíochta speisialta i dtaobh duine ar bith, cuirfidh an chúirt fé ndeár mion-innste ar an ordú san do chúl-scríobhadh sa tslí orduithe ar an gceadúnas tiomána (más aon cheann é) bheidh ag an duine sin.
Orduithe agus cúl-scríbhinní do chur in úil.
36.—Pé uair a dhéanfaidh cúirt ordú dí-cháilíochta iarmartach, fo-ordú dí-cháilíochta, no ordú dí-chailíochta speisialta, no ordú ag cur aon orduithe dhí-cháilíochta den tsórt san ar nea-mbrí no á atharú, no ordú ag cur orduithe dhí-cháilíochta speisialta ar ceal, no a dhéanfaidh (gan aon ordú dí-cháilíochta den tsórt san do dhéanamh) a chur fé ndeár mion-innste ar chiontú do chúlscríobhadh ar cheadúnas tiomána, cuirfidh an chúirt sin fé ndeár fógra i dtaobh an orduithe no na cúl-scríbhinne sin do chur chun an Aire agus cuirfidh seisean an t-ordú no an chúl-scríbhinn sin in úil do gach údarás ceadúnúcháin i Saorstát Éireann.
Cúl-scríbhinn d'aistriú chun ceadúnais nua.
37.—(1) Pé uair a deonfar ceadúnas tiomána (dá ngairmtear an ceadúnas nua anso feasta) fén gCuid seo den Acht so do dhuine is sealbhóir le linn an deonta san no ba shealbhóir roimh an deonadh san ar cheadúnas tiomána (dá ngairmtear an seana-cheadúnas anso feasta) ar ar cuireadh cúl-scríbhinn fén gCuid seo den Acht so, déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin a dheonfaidh an ceadúnas nua (mara mbeidh an duine sin tar éis teacht i dteideal fén alt so ceadúnas tiomána gan cúl-scríbhinn air d'fháil) cóip den chúlscríbhinn no de gach cúl-scríbhinn ar an seana-cheadúnas do chúlscríobhadh ar an gceadúnas nua, agus chun gach críche beidh an ceadúnas nua go san cúl-scríobhtha air ina cheadúnas tiomána ar ar cúl-scríobhadh fén gCuid seo den Acht so.
(2) Má dheineann duine is sealbhóir no ba shealbhóir ar cheadúnas tiomána ar ar cúl-scríobhadh fén gCuid seo den Acht so ceadúnas tiomána d'iarraidh fén Acht so agus dá réir agus a chur ina luighe ar an údarás ceadúnúcháin ar a n-iarrfaidh an ceadúnas san go raibh ceadúnas tiomána aige go dleathach ar feadh tréimhse leanúnach de thrí bliana ar a laighead no ar feadh sreatha de thréimhsí nea-leanúnacha nár lugha a n-iomlán na cúig bliana agus o thosach na tréimhse leanúnaighe sin no na céad tréimhse de sna tréimhsí nea-leanúnacha san (pe'ca aca é) go dtí dáta an iarratais sin nár cuireadh cúl-scríbhinn fén gCuid seo den Acht so ar cheadúnas tiomána do bhí aige ach amháin tré údarás cheadúnúcháin do chúl-scríobhadh fén alt so ar cheadúnas nua, déanfar an ceadúnas tiomána (más aon cheann é), a dheonfaidh an t-údarás ceadúnúcháin sin don duine sin ar an iarratas san, do dheonadh gan aon chúl-scríbhinn fén gCuid seo den Acht so air agus ní bheidh chun críche ar bith ina cheadúnas ar ar cúlscríobhadh fén gCuid seo den Acht so, agus tosnóidh ar bheith i bhfeidhm díreach ar é do dheonadh má bhíonn an duine sin le linn an iarratais sin ina shealbhóir ar cheadúnas tiomána ná beidh imithe in éag agus má thugann suas an ceadúnas tiomána san don údarás cheadúnúcháin sin.
Pionóisí mar gheall ar cheadúnas d'fháil le linn bheith dí-cháilithe, etc.
38.—(1) Má dheineann duine ar bith go mbeifear tar éis ordú dí-cháilíochta iarmartach no fo-ordú dí-cháilíochta no ordú dícháilíochta speisialta do dhéanamh ina thaobh ceadúnas tiomána (seachas pé ceadúnas tiomána (más aon cheann é) a údaruíonn an t-ordú san do a bheith aige) d'iarraidh no d'fháil sara mbeidh an tréimhse dhí-cháilíochta luaidhtear san ordú san caithte beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(2) Má dheineann duine ar bith go mbeidh a cheadúnas tiomána no (i gcás duine ná beidh ceadúnas tiomána aige) go raibh a cheadúnas tiomána deiridh fé chúl-scríobhadh fén gCuid seo den Acht so ceadúnas tiomána d'iarraidh no d'fháil gan mion-innste ar an gcúl-scríobhadh san do thabhairt uaidh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(3) Pé uair do gheobhaidh duine ceadúnas tiomána agus a ciontófar é ina dhiaidh sin i gcionta fén alt so maidir leis an gceadúnas san d'fháil, beidh an ceadúnas san agus tuigfear go raibh sé riamh gan brí gan éifeacht.
Ceadúnaisí tiomána do thaisbeáint ar n-a éileamh san do bhall den Ghárda Síochána.
39.—(1) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána a éileamh ar dhuine ar bith a bheidh ag tiomáint feithicle inneall-ghluaiste a cheadúnas tiomána do thaisbeáint agus má dhiúltuíonn an duine sin no má theipeann air an ceadúnas san do thaisbeáint ar an láthair sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara ndeinidh, laistigh de chúig lá tar éis an dáta ar ar héilíodh air an ceadúnas san do thaisbeáint, a cheadúnas do thaisbeáint i bpearsain do bhall den Ghárda Síochána ag stáisiún leis an nGárda Síochána d'ainmnigh an duine sin nuair do héilíodh air amhlaidh an ceadúnas san do thaisbeáint.
(2) Pé uair a dhéanfaidh duine ar bith ar a n-éileofar san go dleathach fén alt so a cheadúnas tiomána do thaisbeáint ach go ndiúltóidh no go dteipfidh air a leigint don bhall den Ghárda Síochána dhéanfaidh an t-éileamh san an ceadúnas san do léigheamh beidh an duine sín ciontach i gcionta fén alt so.
(3) Pé uair a dhiúltóidh duine ar bith no theipfidh ar dhuine ar bith ar a n-éileofar san go dleathach fén alt so a cheadúnas tiomána do thaisbeáint no a thaisbeánfaidh an ceadúnas san ach go dteipfidh air no go ndiúltóidh a leigint don bhall den Ghárda Síochána dhéanfaidh an t-éileamh an ceadúnas san do léigheamh, no pé uair a thaisbeánfaidh duine ar bith a cheadúnas tiomána ag stáisiún leis an nGárda Síochána do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so ach go dteipfidh air no go ndiúltóidh a leigint don bhall den Ghárda Síochána dá dtaisbeánfar an ceadúnas san amhlaidh é do léigheamh, féadfaidh an ball san a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an duine sin agus má dhiúltuíonn an duine sin no má theipeann air a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh no má bheireann uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no mí-threorach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.
(4) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána gabháil do dhéanamh gan barántas—
(a) ar dhuine ar bith a dhéanfaidh do réir an ailt seo a cheadúnas tiomána do thaisbeáint don bhall san ach a dhiúltóidh no go dteipfidh air a leigint don bhall san é do léigheamh, no
(b) ar dhuine ar bith a dhéanfaidh, nuair éileoidh an ball san a ainm agus a sheoladh air go dleathach fén alt so, diúltú no teip maidir le n-a ainm agus le n-a sheoladh do thabhairt uaidh no ainm no seoladh do thabhairt uaidh is eol don bhall san do bheith bréagach no míthreorach.
(5) Duine ar bith a bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(6) Duine dhéanfaidh, ar é do thaisbeáint ceadúnais tiomána do bhall den Ghárda Síochána do réir an ailt seo, a leigint don bhall san an méid sin den cheadúnas san d'fheiscint agus do léigheamh ina mbeidh ainm, seoladh, agus sighniú (más ann do) an té dar deonadh an ceadúnas san, dáta a dheonta, agus ainm an údaráis cheadúnúcháin do dheon é, tuigfear chun crícheanna an ailt seo é do leigint don bhall san an ceadúnas san do léigheamh.
(7) Duine ná déanfaidh, ar san d'éileamh air go dleathach fén alt so, a cheadúnas tiomána do thaisbeáint, toisc nách sealbhóir ar cheadúnas tiomána é tuigfear é do theip air a cheadúnas tiomána do thaisbeáint do réir bhrí an ailt seo.
Sighniú do scríobhadh ar bhall den Ghárda Síochána dá éileamh san.
40.—Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána a iarraidh ar dhuine ar bith a bheidh ag tiomáint feithicle inneall-ghluaiste no bheidh ag taisbeáint a cheadúnais tiomána ag stáisiún leis an nGárda Síochána do réir an ailt dheiridh sin roimhe seo a ainm do shighniú i leabhar agus le peann luadha chuirfidh an ball san ar fáil agus san áit sa leabhar san a thaisbeánfaidh an ball san do agus más rud é, ar san d'iarraidh ar an duine sin agus an leabhar agus an peann luadha san do chur ar fáil do, go ndéanfaidh diúltú no go dtabharfaidh faillí maidir le n-a ainm do shighniú sa leabhar san no leis an bpeann luadha san no san áit sa leabhar san a thaisbeánfaidh an ball san do beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Ceadúnaisí tiomána do thabhairt i láthair na cúirte.
41.—(1) Pé uair a ciontófar sealbhóir cheadúnais tiomána in aon chionta maidir le tiomáint fheithicle inneall-ghluaiste déanfaidh, má iarrann an chúirt a chiontóidh é amhlaidh san air, an ceadúnas san do thabhairt i láthair, agus má theipeann air san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.
(2) Pé uair a hiarrfar ordú dí-cháilíochta speisialta déanfaidh an té gur ina thaobh a hiarrfar san, má iarrann agus nuair a iarrfaidh cúirt éistithe an iarratais sin air san do dhéanamh, an ceadúnas san do thabhairt i láthair agus má theipeann air déanamh amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.
(3) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Ceadúnaisí do dheonadh do dhaoine chomhnuíonn lasmuich de Shaorstát Éireann.
42.—(1) Féadfaidh an tAire socrú do dhéanamh chun údarásanna ceadúnúcháin no daoine eile do dheonadh ceadúnas tiomána do dhaoine chomhnuíonn de ghnáth lasmuich de Shaorstát Éireann agus chuige seo féadfaidh le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá :-
(a) na daoine fhéadfaidh na ceadúnaisí sin do dheonadh;
(b) na táillí, más ann dóibh, a híocfar alos deonta na gceadúnas san;
(c) na táillí sin do chur de láimh;
(d) ní no rud ar bith eile maidir le deonadh na gceadúnas san.
(2) An méid den Motor Car (International Circulation) Act, 1909, a bhaineann le tiománaithe do cheadúnú beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí tagairtí don Chuid seo den Acht so do chur ann in ionad na dtagairtí atá ann don Motor Car Act, 1903.
(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Rialacháin i dtaobh ceadúnaisí tiomána.
43.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) údaráis cheadúnúcháin do dheonadh ceadúnas tiomána;
(b) na cláir a choimeádfaidh údaráis cheadúnúcháin alos na gceadúnas tiomána a deonfar;
(c) údaráis cheadúnúcháin do thabhairt amach ceadúnas dubláideach in ionad ceadúnas tiomána bheidh caillte, díthithe no millte;
(d) mion-innste ar cheadúnaisí tiomána bheidh deonta ag údaráis cheadúnúcháin do chur in úil d'údaráis cheadúnúcháin eile;
(e) eolas a bheidh ag údaráis cheadúnúcháin i dtaobh daoine do dí-cháilíodh chun ceadúnas tiomána bheith acu agus i dtaobh daoine gur cúl-scríobhadh ar a gceadúnaisí tiomána fén gCuid seo den Acht so do chur ar fáil chun úsáide ball den Ghárda Síochána agus daoine eile;
(f) cosc do chur le ceadúnas tiomána do thabhairt amach (ach amháin i bhfuirm athnuachainte) do dhuine go mbeidh ceadúnas tiomána aige.
(2) Cólíonfaidh gach údarás ceadúnúcháin gach rialachán a déanfar fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Ciontaí oifigeach d'údaráis cheadúnúcháin.
44.—Gach oifigeach d'údarás cheadúnúcháin a dhéanfaidh, agus é á thabhairt le tuiscint gur i gcólíonadh a dhualgas mar oifigeach den tsórt san é, éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ag an údarás ceadúnúcháin sin ar an Acht so no ar rialachán ar n-a dhéanamh fé no a dhéanfaidh, ina aonar no i gcó-cheilg le duine eile, a chur fé ndeár no tabhairt fé n-a chur fé ndeár go ndéanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin sin éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar an Acht so no ar rialachán ar n-a dhéanamh fé, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é. príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná ráithe.
Eifeacht seanacheadúnaisí fén Motor Car Act, 1903.
45.—(1) Gach ceadúnas do deonadh fé alt 3 den Motor Car Act, 1903, agus dar dáta lá éigin roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme na Coda so den Acht so tuigfear (d'ainneoin dáta roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do bheith air) gur ceadúnas tiomána é ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so an dáta san is dáta don cheadúnas san agus dá réir sin beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag gach ceadúnas den tsórt san tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do bheadh aige dá mba fén gCuid seo den Acht so agus ar an dáta san is dáta dho a deonfaí an ceadúnas san.
(2) I gcás ceadúnais do deonadh fé alt 3 den Motor Car Act, 1903, do bheith ar fiunraoi i dtosach feidhme na Coda so den Acht so de bhíthin orduithe do rinne an chúirt fé alt 4 den Acht san, tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so an té is sealbhóir ar an gceadúnas san do bheith dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige ar feadh tréimhse an fhiunraoi sin de bhuadh fo-orduithe dhí-cháilíochta ar n-a dhéanamh fén gCuid seo den Acht so an dáta ar a ndearnadh an chéad ordú san a luaidhtear.
(3) I gcás orduithe, ag dí-cháiliú duine chun ceadúnais fé alt 3 den Motor Car Act, 1903, do bheith aige, do rinne an chúirt fé alt 4 den Acht san, do bheith i bhfeidhm i dtosach feidhme na Coda so den Acht so, tuigfear tar éis an Achta so do rith an t-ordú san do bheith ina fho-ordú dí-cháilíochta ar n-a dhéanamh ag an gcúirt fén gCuid seo den Acht so an dáta ar a ndearnadh an chéad ordú san a luaidhtear agus beidh éifeacht ag an ordú san dá réir sin.
(4) I gcás ceadúnais do deonadh fé alt 3 den Motor Car Act, 1903, do bheith fé chúl-scríobhadh do cuireadh air fé alt 4 den Acht san, tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so an cúlscríobhadh san do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so agus san ar dháta an chúl-scríobhtha san.
CUID IV.
Teoranta Luais d'Fheithicli Inneall-Ghluaiste.
Gnáth-theoranta luais.
46.—(1) Is luas chúig mhíle fichead san uair a' chluig a bheidh mar ghnáth-theora luais do mhótar-fheithiclí éadtroma le linn iad d'úsáid chun feithicle eile do tharrac.
(2) Isiad na luais seo leanas a bheidh mar ghnáth-theoranta luais do mhótar-fheithiclí troma go mbeidh buinn aeir ar a rothaí uile, sé sin le rá :—
(a) i gcás aon fheithicle den tsórt san is feithicil mhór sheirbhíse puiblí—
(i) má bhíonn urlár ann i gcóir suidheachán paisnéirí agus an t-urlár san ar fad no aon chuid de díreach os cionn urláir eile no aon choda d'urlár eile den tsórt san, luas fiche míle san uair a' chluig, no
(ii) mara mbíonn urlár den tsórt san ann, luas chúig mhíle triochad san uair a' chluig;
(b) i gcás aon fheithicle den tsórt san nách feithicil mhór sheirbhíse puiblí—
(i) le linn í d'úsáid chun feithicle do tharrac ná beidh buinn aeir ar a rothaí uile no ar chuid dá rothaí, luas deich míle san uair a' chluig,
(ii) le linn í d'úsáid chun feithicle do tharrac go mbeidh buinn aeir ar a rothaí uile, luas fiche míle san uair a' chluig,
(iii) le linn í d'úsáid ar shlí seachas chun feithicle eile do tharrac, luas chúig mhíle fichead san uair a d' chluig.
(3) Isiad na luais seo leanas a bheidh mar ghnáth-theoranta luais do mhótar-fheithiclí troma ná beidh buinn aeir ar a rothaí uile no ar chuid dá rothaí, sé sin le rá :—
(a) le linn í d'úsáid chun feithicle eile do tharrac, luas deich míle san uair a' chluig;
(b) le linn í d'úsáid ar shlí seachas chun feithicle eile do tharrac, luas chúig mhíle déag san uair a' chluig.
(4) Isiad na luais seo leanas a bheidh mar ghnáth-theoranta luais do ghluaisteoirí, sé sin le rá :—
(a) i gcás gluaisteora go mbeidh buinn aeir no buinn eile d'abhar bhog no d'abhar phlaisc ar a rothaí uile agus a bheidh á úsáid chun feithicle amháin eile do tharrac no ar shlí seachas chun feithicle eile do tharrac, luas deich míle san uair a' chluig;
(b) i gcás ar bith ná baineann an mhír sin roimhe seo leis, luas chúig mhíle san uair a' chluig.
(5) San Acht so cialluíonn an abairt “gnáth-theora luais” an luas is gnáth-theora luais, de bhuadh an ailt seo, don fheithicil inneall-ghluaiste gur ina taobh a húsáidtear an abairt agus sna cúrsaí dá dtagartar sa chó-théacs.
Gnáth-theoranta luais d'atharú.
47.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, atharú i bhfuirm méaduithe no laigheaduithe do dhéanamh ar an ngnáth-theora luais a ceaptar leis an gCuid seo den Acht so, no bheidh ceaptha le hordú roimhe sin fén alt so, i dtaobh aon tsaghais áirithe feithiclí inneallghluaiste.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú, más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, atharú do dhéanamh (tré chur leis, tré fhágaint ar lár no tré atharú) ar an gcineál no ar an saghas feithiclí inneall-ghluaiste le n-a mbaineann gnáth-theora luais a ceaptar leis an gCuid seo den Acht so no bheidh ceaptha le hordú roimhe sin fén alt so.
(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so, is fé réir forálacha an orduithe sin a bheidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht so faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.
(4) Ní thiocfaidh ordú ar bith a déanfar fén alt so i bhfeidhm mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus é cheadú le rún o gach Tigh acu san.
Teoranta luais speisialta.
48.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire le hordú, tar éis fiosrúcháin phuiblí do chur ar siúl, rialacháin do dhéanamh le n-a n-ordófar, alos aon bhóthair áirithe no alos na mbóthar uile in aon líomatáiste áirithe, an luas a bheidh, gach tráth no ar feadh tréimhsí áirithe no ar ócáidí áirithe, mar theora luais speisialta ar an mbóthar no ar na bóithre sin do gach cineál no aon chineál no cineálacha feithiclí agus féadfaidh luasanna deifriúla d'ordú amhlaidh alos cineálacha deifriúla feithiclí.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin fén alt so ach amháin ar iarratas an Choimisineura no ar iarratas an údaráis áitiúla gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin atá an bóthar gur leis a bhainfidh no an líomatáiste áirithe gur leis na bóithre ann a bhainfidh na rialacháin sin agus ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán den tsórt san do cheiliúradh ná do leasú ach amháin tar éis do dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir agus leis an údarás áitiúil sin.
(3) An Chomhairle ar a mbeidh sé de chúram bóthar no cuid de bhóthar do choinneáil i dtreo le n-a mbaineann rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so cuirfid suas agus coinneoid i dtreo comharthaí chun a thaisbeáint na teoranta luais speisialta, ar n-a bhforchur leis na rialacháin sin, do bheith ann agus cadé an saghas iad, agus beidh feidhm ag alt 36 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), maidir leis na comharthaí sin díreach fé mar atá feidhm aige maidir leis na comharthaí luaidhtear san alt san.
(4) Gach teora luais do forchuireadh laistigh d'aon teoranta no áit le rialachán ar n-a dhéanamh fé alt 9 den Motor Car Act, 1903, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so leanfaidh i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin agus tuigfear chun gach críche (le n-a n-áirmhítear ciontaí agus pionóisí) gur teora luais do réir bhrí an ailt seo é agus an rialachán le n-ar forchuireadh an teora luais sin féadfar é do cheiliúradh no do leasú fé is dá mba fén alt so do déanfaí é.
(5) San Acht so cialluíonn an abairt “teora luais speisialta” luas is teora luais speisialta, de bhuadh rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so, sa líomatáiste gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.
(6) Chun crícheanna an ailt seo—
(a) is údarás áitiúil gach cólucht acu so leanas, sé sin le rá, gach comhairle chontae-bhuirge, gach comhairle chontae, gach comhairle bhailecheanntair, agus coimisinéirí gach baile go gcoimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, agus
(b) ní cuid de líomatáiste feidhmiúcháin chomhairle contae aon bhailecheanntar ná aon bhaile go gcoimisinéirí den tsórt san roimhráite atá sa chontae sin.
Sárú teoranta luais do thoirmeasc.
49.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint, in áit phuiblí ná beidh aon teora luais speisialta a bhaineann leis an bhfeithicil sin i bhfeidhm ann, ar luas is mó ná an gnáth-theora luais (más ann di) a bhaineann leis an bhfeithicil sin.
(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil do thiomáint, in áit phuiblí ina mbeidh teora luais speisialta bhaineann leis an bhfeithicil sin i bhfeidhm de thurus na huaire, ar luas is mó ná an teora luais sin.
(3) Gach duine thiomáinfidh feithicil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt má sé an tríú cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.
Tiomáint neamhaireach do thoirmeasc.
50.—Gach duine thiomáinfidh feithicil in áit phuiblí gan áird réasúnta do thabhairt ar dhaoine, ar fheithiclí agus ar thrácht eile bheidh ag úsáid na háite sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
Tiomáint chontabharthach do thoirmeasc.
51.—(1) Gach duine thiomáinfidh feithicil in áit phuiblí ar luas no i slí bheidh, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis (ar a n-áirmhítear cineál, staid, agus úsáid na háite sin agus an méid tráchta bheidh san áit sin an uair sin no go bhféadfaí le réasún súil a bheith le n-a bheith ann an uair sin), contabharthach don phuiblíocht beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(2) I gcúiseamh mar gheall ar chionta fén alt so, ní cosaint a chruthú ná raibh an luas ar a raibh an fheithicil le n-a mbaineann á tiomáint ag an duine cúisithe san am agus san áit ina n-abartar do rinneadh an cionta san, ná raibh an luas san níos mó ná gnáth-theora luais no teora luais speisialta do bhain leis an bhfeithicil sin san am san agus san áit sin.
(3) I gcúiseamh mar gheall ar chionta fén alt so féadfar, mara gciontuítear an duine cúisithe sa chionta san, é do chiontú i gcionta fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so.
Toirmeasc ar fheithicil do thiomáint agus í contabharthach de dheascaibh lochta.
52.—Gach duine thiomáinfidh feithicil inneall-ghluaiste in áit phuiblí agus locht sa bhfeithicil sin no sa mheaisínteacht inti dob eol don duine sin no d'fhéadfadh sé a fháil amach dá mbeadh sé aireach mar is cuibhe agus an locht san de shaghas go mbeidh an fheithicil sin agus í ar gluaiseacht contabharthach do dhaoine agus d'fheithiclí eile bheidh ag úsáid na háite sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.
Forálacha speisialta do bhriogáidí múchta tóiteán, d'othar-chóistí, etc.
53.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag saoradh feithiclí briogáide múchta tóiteán, othar-chóistí, agus cineálacha speisialta eile feithiclí o aon fhoráil no fhorálacha áirithe den Chuid seo den Acht so agus ag ordú coinníollacha agus teoranta aon tsaortha den tsórt san.
(2) Pé uair a déanfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, feithicil do shaoradh o fhoráil den Chuid seo den Acht so, beidh an fhoráil sin, fé réir na gcoinníollacha ar a mbronnfar agus na dteoranta le n-a mbronnfar an saoradh san amhlaidh, gan baint aici leis an bhfeithicil sin.
A ordú do sheirbhíseach dul thar teora luais.
54.—(1) Má orduíonn únaer omnibus do thiománaí an omnibus san dul do réir chláir ama agus má bhíonn an clár ama san ceaptha i slí ná féadfaidh an tiománaí sin dul dá réir gan an t-omnibus san do thiomáint ar luas do bheadh ina shárú ar an gCuid seo den Acht so, tuigfear an t-únaer san do chabhrú no do neartú le cionta do dhéanamh no do chomhairliú cionta do dhéanamh no do chur chionta á dhéanamh, is inphionósuithe ar chiontú ann ar an slí achmair, do réir bhrí ailt 22 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.
(2) Chun crícheanna an ailt seo—
(a) má cruthuítear go ndearna únaer omnibus clár ama i gcóir an omnibus san do thabhairt amach dá fhostaithe uile no d'aon fhostaí acu no don phuiblíocht, beidh san ina fhianaise dho-chlaoite gur orduigh an t-únaer san do thiománaí an omnibus san dul do réir an chláir ama san;
(b) beidh deimhniú á thabhairt le tuiscint é bheith sighnithe agus tugtha amach ag oifigeach do Shuirbhéireacht an Ordonáis agus é bheith á dheimhniú cadé an fhaid atá idir aon dá áit, beidh san ina fhianaise dho-chlaoite (gan cruthúnas ar shighniú an oifigigh sin ná gurbh é an t-oifigeach san é do thabhairt) gurb é an fhaid adeirtear sa deimhniú san an fhaid atá idir an dá áit sin.
Fianaise agus fógra i dtaobh ciontaí.
55.—(1) Más rud é gur gá, chun a chruthú go ndearnadh cionta fén gCuid seo den Acht so, a chruthú cadé an luas ar a raibh duine (pe'ca an duine cúisithe é no duine eile) ag tiomáint feithicle ar ócáid áirithe, ní glacfar fianaise nea-neartuithe aon fhínné amháin, á rá cadé an luas is dóich leis ar a raibh an duine sin ag tiomáint na feithicle sin ar an ócáid sin, ní glacfar san mar chruthúnas ar an luas san.
(2) I gcás duine do chúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so agus gurb é cionta é sin ná feithicil do thiomáint contrárdha d'fhoráil den Chuid seo den Acht so, ní ciontófar an duine sin sa chionta san mara gcuirtear ná go dtí go gcuirfear ina luighe ar an gcúirt—
(a) gur tugadh foláramh don duine sin le linn do an cionta do dhéanamh no díreach ina dhiaidh sin go gcúiseofaí sa chionta san é, no
(b) go ndearnadh, laistigh de pé aimsir, nách sia ná ceithre lá déag, tar éis an chionta do dhéanamh is dóich leis an gcúirt do bheith réasúnta, fógra i scríbhinn, ag luadh an ama agus na háite ina n-abartar do rinneadh an cionta agus á rá go hachmair cadé an gníomh no cadiad na gníomhartha adeirtear ba chionta sa chás agus á rá go rabhthas ar intinn an duine sin do chúiseamh sa chionta san, go ndearnadh san do thabhairt don duine sin no (i gcás feithicle inneall-ghluaiste) don té bhí cláruithe mar únaer ar an bhfeithicil gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta.
CUID V.
Arachas Eigeanta I gCas Unaeri Feithicli Inneall-Ghluaiste.
E d'oblagáid bheith fé árachas no fé urruíocht.
56.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (dá ngairmtear an tiománaí sin anso feasta) feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint in áit phuiblí tráth ar bith maran rud é go mbeadh árachóir feithicle no urruitheoir feithicle no duine saortha freagarthach do réir dlí i ndíobháil do thiocfadh de dheascaibh na feithicle sin do thiomáint go nea-chúramach an tráth san no mara mbeidh i bhfeidhm an tráth san—
(a) polasaí arachais ceaduithe le n-a ndeintear an tiománaí sin, no duine éigin eile do bheadh freagarthach do réir dlí i ndíobháil do thiocfadh de dheascaibh an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach an tráth san, do chur fé árachas in aghaidh gach suime dá mhéid (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) go dtiocfaidh an tiománaí sin no a ionadaí pearsanta no an duine eile sin no a ionadaí pearsanta (do réir mar bheidh) chun bheith freagarthach ina híoc le duine ar bith (seachas na daoine eiscithe mar a mínítear san sa Chuid seo den Acht so) i bhfuirm dhamáiste no costaisí mar gheall ar dhíobháil do phearsain no do mhaoin ar n-a teacht as an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach an tráth san, no
(b) urruíocht cheaduithe le n-a n-urruítear go n-íocfaidh an tiománaí sin, no duine éigin eile do bheadh freagarthach do réir dlí i ndíobháil do thiocfadh de dheascaibh an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go neachúramach an tráth san, gach suim dá mhéid (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) go dtiocfaidh an tiománaí sin no a ionadaí pearsanta no an duine eile sin no a ionadaí pearsanta (do réir mar bheidh) chun bheith freagarthach ina híoc le duine ar bith (seachas na daoine eiscithe mar a mínítear san sa Chuid seo den Acht so) i bhfuirm dhamáiste no costaisí mar gheall ar dhíobháil do phearsain no do mhaoin ar n-a teacht as an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach an tráth san, no
(c) polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe le n-a ndeintear, maidir le gach suim dá mhéid (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) go dtiocfaidh an tiománaí sin no a ionadaí pearsanta no duine éigin eile do bheadh freagarthach do réir dlí i ndíobháil do thiocfadh de dheascaibh an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach an tráth san no ionadaí pearsanta an duine sin (do réir mar bheidh) chun bheith freagarthach ina híoc le duine ar bith (seachas na daoine eiscithe mar a mínítear san sa Chuid seo den Acht so) i bhfuirm dhamáiste no costaisí mar gheall ar dhíobháil do phearsain no do mhaoin ar n-a teacht as an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach an tráth san, cuid díobh do chur in áirithe tríd an tiománaí sin no an duine eile sin do chur fé árachas in aghaidh na coda san de sna suimeanna san agus an chuid eile dhíobh do chur in áirithe tré n-a urrú go n-íocfaidh an tiománaí sin no an duine eile sin an chuid eile sin de sna suimeanna san.
(2) An t-árachas, an urruíocht, no an t-árachas agus an urruíocht có-nasctha (do réir mar bheidh) is gá do réir an ailt seo féadfaidh a bheith fé réir na teorann so leanas agus na heisceachta so leanas no fé réir ceachtair acu, sé sin le rá :—
(a) sa mhéid go mbainfidh le díobháil do mhaoin, féadfar a shocrú gan an t-árachas no an urruíocht no an t-árachas agus an urruíocht có-nasctha san (do réir mar bheidh) do dhul thar míle púnt in aghaidh díobhála thiocfaidh as aon ghníomh áirithe nea-chúraim no as aon tsreath áirithe de ghníomhartha nea-chúraim gurb é bheidh ionta i dteanta a chéile ná aon teagmhas amháin, agus
(b) féadfar aon fhreagarthacht (de bhreis ar an bhfreagarthacht do réir gnáth-dhlí no do reir reachta bhaineann leis an gcás) fé n-a raghaidh an duine fé árachas no an prímh-fhéicheamh (do réir mar bheidh) tré chonnradh speisialta, féadfar san d'eisciú ón bhfreagarthacht a cuirfear in áirithe leis an árachas no leis an urruíocht no leis an árachas agus an urruíocht có-nasctha san (do réir mar bheidh).
(3) Pé uair a thiomáinfidh duine ar bith feithicil inneall-ghluaiste in áit phuiblí contrárdha don alt so beidh an duine sin agus fós (marab é an duine sin únaer na feithicle sin) an t-únaer san, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(4) Má cruthuítear gur thárla do dhuine, ar n-a éileamh air go dleathach fén gCuid seo den Acht so deimhniú árachais no deimhniú urruíochta no deimhniú saoirse do thaisbeáint, é do dhiúltú no é do theip air aon deimhniú den tsórt san do thaisbeáint ar an éileamh san do dhéanamh air no laistigh de pé am ina dhiaidh sin a lomháltar leis an gCuid seo den Acht so, beidh san ina fhianaise prima facie go raibh an fheithicil inneall-ghluaiste do bhí á tiomáint ag an duine sin tráth an éilimh sin á tiomáint an tráth san ag an duine sin contrárdha don alt so.
(5) I gcás duine do chúiseamh i gcionta fén alt so agus gurb é sin is únaer ar an bhfeithicil inneall-ghluaiste gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú gur gan a chead do bhí an fheithicil sin á tiomáint ar an ócáid adeirtear do rinneadh an cionta san agus go ndearna sé gach ní ba ghá do réir réasúin chun cosc do chur leis an bhfeithicil sin do thiomáint ar an ócáid sin no gur sheirbhíseach do an té do bhí ag tiomáint na feithicle sin ar an ócáid sin agus gur contrárdha dá chuid orduithe do bhí sé ag tiomáint na feithicle sin amhlaidh.
(6) I gcás duine do chúiseamh i gcionta fén alt so agus é do bheith ar an ócáid adeirtear do rinneadh an cionta san, ina sheirbhíseach d'únaer na feithicle inneall-ghluaiste gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú gur do réir orduithe soiléire an únaera san do bhí sé ag tiomáint na feithicle sin ar an ócáid sin.
Fíneáil in ionad airgid damáiste agus príosúntacht i dteanta airgid damáiste.
57.—(1) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so agus má cruthuítear chun sástachta na Cúirte chiontóidh an duine sin amhlaidh go ndearnadh díobháil (seachas díobháil eiscithe mar a mínítear san san alt so) do phearsain no do mhaoin tríd an bhfeithicil, gur ina taobh do rinneadh an cionta san, do thiomáint go nea-chúramach ar an ócáid ar a ndearnadh an cionta san agus más dóich leis an gCúirt sin go mbeadh duine éigin, a bheidh i láthair sa Chúirt sin no bheidh á ionadú os cóir na Cúirte sin an uair sin, i dteideal airgid damáiste, alos na díobhála san, do bhaint amach in aicsean síbhialta i gcoinnibh an té ciontófar amhlaidh, féadfaidh an Chúirt sin, más oiriúnach san léi agus má dheineann an té bheidh i láthair no á ionadú amhlaidh a thoiliú chuige sin, fíneáil do ghearradh ar an té ciontófar amhlaidh, i dteanta aon phionóis eile a húdaruítear leis an alt deiridh sin roimhe seo, fíneáil nách mó ná an t-airgead damáiste is dóich leis an gCúirt sin do bheadh an té bheidh i láthair no á ionadú amhlaidh i dteideal a bhaint amach amhlaidh i gcoinnibh an té ciontófar amhlaidh.
(2) Má deintear, fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, fíneáil do ghearradh ar dhuine ciontófar beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—
(a) féadfaidh an Chúirt a ghearrfaidh an fhíneáil sin an duine sin a ciontófar do dhaoradh chun téarma príosúntachta ar bith, nách sia ná sé mhí, mara n-íoctar an fhíneáil sin laistigh de pé am nách giorra ná coicíos a cheapfaidh an Chúirt sin;
(b) íocfar méid na fíneála san leis an té gur mar gheall ar a cheart chun airgid damáiste do bhaint amach do gearradh an fhíneáil sin agus, má bhíonn níos mó ná éinne amháin den tsórt san ann, is i pé cionúireachtaí ordóidh an Chúirt a híocfar é;
(c) má íocann an duine sin a ciontófar an fhíneáil sin beidh an t-íoc san ina chosaint mhaith ar aon aicsean síbhialta dhéanfaidh éinne le n-ar híocadh an fhíneáil sin no aon chuid di amhlaidh do bhunú alos na díobhála gur ina taobh do gearradh an fhíneáil sin amhlaidh;
(d) gan dochar d'aon cheart athchomhairc a bheidh ag éinne eile, beidh ag an duine no ag éinne de sna daoine le n-a ndéanfar an fhíneáil sin iníoctha ceart athchomhairc (ná bainfidh ach le ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá, méid na fíneála san agus an duine gur leis a bheidh agus na cionúireachtaí ina mbeidh sé iníoctha) chun Breithimh na Cúirte Cuarda gur laistigh dá Chuaird atá Dúthaigh no aon chuid de Dhúthaigh an Bhreithimh do ghearr an fhíneáil sin, agus beidh breith an Bhreithimh Chúirte Cuarda san ar an athchomharc san ina breith dheiridh.
(3) I gcás airgid damáiste do bhaint amach in aicsean síbhialta, i gcoinnibh duine do ciontuíodh i gcionta fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so, alos díobhála do theacht do phearsain no do mhaoin de dheascaibh na feithicle inneall-ghluaiste gur ina taobh do rinneadh an cionta san do thiomáint go nea-chúramach ar an ócáid ar a ndearnadh an cionta san, féadfaidh an Chúirt, gur os a cóir a bainfear an t-airgead damáiste sin amach amhlaidh, féadfaidh, más rud é na híocfar an t-airgead damáiste laistigh de cheithre lá déag no laistigh de pé tréimhse is sia ná san a chinnfidh an Chúirt (maran duine de sna daoine dúntar amach mar a mínítear san san alt so an té do bhain an t-airgead damáiste sin amach amhlaidh), a ordú go ndéanfar láithreach an té gur ina choinnibh do baineadh an t-airgead damáiste sin amach amhlaidh do thógaint i gcoimeád agus do chur i bpríosún ar feadh pé tréimhse acu so leanas is giorra, sé sin le rá, go ceann sé mí o am an duine sin do thógaint i gcoimeád no go dtí go ndéanfaidh an duine sin méid an airgid damáiste sin d'íoc leis an té do bhain amach amhlaidh é agus pé suim (más aon cheann é) a cheapfaidh an Chúirt do lóisteáil sa Chúirt mar urrús in íoc na gcostaisí do bhain an duine deiridh sin a luaidhtear amach san aicsean san.
(4) Chun crícheanna an ailt seo is díobhála eiscithe na díobhála so leanas, sé sin le rá :—
(a) aon díobháil do thárla, ar an ócáid ar a ndearnadh an cionta bhaineann leis an gcás, do mhaoin do bhí, ar an ócáid sin, sa bhfeithicil gur ina taobh do rinneadh an cionta san no á cur isteach sa bhfeithicil sin no á tógaint amach aisti, agus
(b) marar fheithicil sheirbhíse puiblí an fheithicil sin, aon díobháil phearsanta do thárla, ar an ócáid sin, do dhuine ar bith do bhí, ar an ócáid sin, sa bhfeithicil sin no ag dul isteach inti no ag túirling di.
(5) San alt so foluíonn tagairtí do dhíobháil phearsanta no do dhíobháil don phearsain díobháil is trúig bháis.
Arachóir feithicle.
58.—San Acht so cialluíonn an abairt “árachóir feithicle” duine is cuideachta árachais de thurus na huaire do réir bhrí an Assurance Companies Act, 1909, mar a hoiriúnuítear san leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922), no fé, agus mar a leasuítear é leis an Acht so, agus a bheidh tar éis déanamh do réir an Achta san mar a hoiriúnuítear agus a leasuítear é amhlaidh.
Urruitheoir feithicle.
59.—San Acht so cialluíonn an abairt “urruitheoir feithicle” duine—
(a) nách árachóir feithicle, agus
(b) a dheineann urruíochta ceaduithe do thabhairt amach, agus
(c) do lóisteáil agus a choimeádfaidh lóisteálta le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an éarlais a húdaruítear leis an gCuid seo den Acht so do dhaoine do lóisteáil a bheidh ar intinn urruíochta ceaduithe do thabhairt amach.
Duine saortha.
60.—Sa Chuid seo den Acht cialluíonn an abairt “duine saortha” duine—
(a) nách árachóir feithicle ná urruitheoir feithicle, agus
(b) do lóisteáil agus a choimeádfaidh lóisteálta le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an éarlais a húdaruítear leis an gCuid seo den Acht so do dhaoine do lóisteáil gur mian leo bheith ina ndaoine saortha.
Earlaisí o urruitheoirí feithicle agus o dhaoine saortha.
61.—(1) Féadfaidh duine ar bith (seachas árachóir feithicle) bheidh ar intinn urruíochta ceaduithe do thabhairt amach no gur mian leis bheith ina dhuine shaortha suim chúig mhíle déag púnt do lóisteáil agus do choimeád lóisteálta le Cuntasóir na gCuirteanna Breithiúnais.
(2) Déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais gach suim a lóisteálfar leis fén alt so do shuncáil i pé cinn de sna hurrúis, go mbeidh sé údaruithe do réir dlí cistí san Ard-Chúirt do shuncáil ionta, ordóidh an té bheidh ag lóisteáil na héarlaise sin no á coimeád lóisteálta, agus déanfar an t-ioncum a thiocfaidh as na hurrúis sin d'íoc leis an duine sin.
(3) Ní dhéanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais éarlais do ghlacadh fén alt so ach amháin ar bharántas ón Aire Tionnscail agus Tráchtála.
(4) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, rialacha do dhéanamh maidir le hiarrataisí ar bharántaisí chun crícheanna an ailt seo, le héarlaisí d'íoc agus le hiad do shuncáil no deighleáil leo, le stuic, scaireanna, no urrúis eile do lóisteáil in ionad airgid, leis an ioncum d'íoc a thiocfaidh o am go ham chun bheith dlite ar aon urrúis ina mbeidh éarlaisí suncálta de thurus na huaire, agus le héarlaisí do tharrac amach agus d'aistriú.
Polasaí árachais ceaduithe.
62.—(1) Beidh polasaí árachais ina pholasaí árachais ceaduithe do réir bhrí an Achta so i gcás é bheith do réir gach coinníll acu so leanas agus sa chás san amháin, sé sin le rá :—
(a) árachóir feithicle dá thabhairt amach do dhuine (dá ngairmtear an duine fé árachas san Acht so) bheidh ainmnithe ann; agus
(b) an t-árachóir feithicle do bhéarfaidh amach é dá cheangal air féin leis an bpolasaí sin an duine fé árachas d'árachadh in aghaidh gach suime dá mhéid go dtiocfaidh an duine fé árachas no a ionadaí pearsanta chun bheith freagarthach ina híoc le duine ar bith (seachas na daoine eiscithe mar a mínítear san san Acht so) i bhfuirm airgid damáiste no costaisí mar gheall ar dhíobháil do phearsain no do mhaoin ar n-a teacht as an duine fé árachas, no as éinne de pé daoine eile (más ann dóibh) a bheidh luaidhte chuige sin sa pholasaí sin, do thiomáint feithicle inneall-ghluaiste, le n-a mbaineann an polasaí sin, go nea-chúramach i rith na tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse dhíona san Acht so) bheidh luaidhte chuige sin sa pholasaí sin; agus
(c) gan freagarthacht an árachóra fén bpolasaí do bheith fé réir aon choinníll, srianadh, ná teorann a horduítear mar choinníoll, srian no teora (do réir mar bheidh) ná cuirfear isteach i bpolasaí árachais ceaduithe; agus
(d) gan bheith ar chumas an árachóra deireadh do chur leis an tréimhse dhíona, roimh dheireadh do theacht léi tré imeacht aimsire, ach amháin le toiliú an duine fé árachas no tar éis fógra seacht lá do thabhairt i scríbhinn don duine fé árachas.
(2) Ní déanfar polasaí árachais a bheidh do réir na gcoinníoll uile atá curtha síos sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní déanfar, de bhíthin forálacha do bheith ann de bhreis ar na forálacha agus gan iad bun os cionn leis na forálacha is gá do réir na gcoinníoll san do bheith ann agus dá bhíthin sin amháin, an polasaí árachais sin do chosc ar bheith ina pholasaí árachais ceaduithe.
(3) Ní déanfar polasaí árachais do chosc ar bheith ina pholasaí árachais ceaduithe de bhíthin an árachais a deintear tríd do bheith fé réir na teorann so leanas agus fé réir na heisceachta so leanas no fé réir ceachtair acu san, agus dá bhíthin sin amháin, sé sin le rá :—
(a) sa mhéid go mbainfidh le díobháil do mhaoin, socrú do bheith ann gan an t-árachas san do dhul thar míle púnt in aghaidh díobhála thiocfaidh as aon ghníomh áirithe nea-chúraim no as aon tsreath áirithe de ghníomhartha nea-chúraim gurb é bheidh ionta i dteanta a chéile ná aon teagmhas amháin, agus
(b) aon fhreagarthacht (de bhreis ar an bhfreagarthacht do réir gnáth-dhlí no do réir reachta bhaineann leis an gcás) fé n-a raghaidh an duine fé árachas tré chonnradh speisialta d'eisciú ón árachas san.
Urruíocht. cheaduithe
63.—(1) Beidh urruíocht ina hurruíocht cheaduithe do réir bhrí an Achta so i gcás í bheith do réir gach coinníll acu so leanas agus sa chás san amháin, sé sin le rá :—
(a) árachóir feithicle no urruitheoir feithicle dá tabhairt amach do dhuine (dá ngairmtear an prímh-fhéicheamh san Acht so) bheidh ainmnithe inti; agus
(b) an t-árachóir feithicle no an t-urruitheoir feithicle do bhéarfaidh amach í dá cheangal air féin leis an urruíocht san dul in urrús air go n-íocfaidh an prímhfhéicheamh no a ionadaí pearsanta gach suim dá mhéid go dtiocfaidh an prímh-fhéicheamh no a ionadaí pearsanta chun bheith freagarthach ina híoc le duine ar bith (seachas na daoine eiscithe mar a mínítear san san Acht so) i bhfuirm airgid damáiste no costaisí mar gheall ar dhíobháil do phearsain no do mhaoin ar n-a teacht as an bprímh-fhéicheamh, no as éinne de pé daoine eile (más ann dóibh) a bheidh luaidhte chuige sin san urruíocht san, do thiomáint feithicle inneallghluaiste, le n-a mbaineann an urruíocht san, go neachúramach i rith na tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse dhíona san Acht so) bheidh luaidhte chuige sin san urruíocht san; agus
(c) gan an fhreagarthacht a bheidh, fén urruíocht, ar an árachóir no ar an urruitheoir do bhéarfaidh amach an urruíocht san do bheith fé réir aon choinníll, srianadh, ná teorann a horduítear mar choinníoll, srian, no teora (do réir mar bheidh) ná cuirfear isteach in urruíocht cheaduithe; agus
(d) gan bheith ar chumas an árachóra no an urruitheora bhéarfaidh amach an urruíocht san deireadh do chur leis an tréimhse dhíona, roimh dheireadh do theacht léi tré imeacht aimsire, ach amháin le toiliú an phrímhfhéichimh no tar éis fógra seacht lá do thabhairt i scríbhinn don phrímh-fhéicheamh.
(2) Ní déanfar urruíocht a bheidh do réir na gcoinníoll uile atá curtha síos sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní déanfar, de bhíthin forálacha do bheith inti de bhreis ar na forálacha agus gan iad bun os cionn leis na forálacha is gá do réir na gcoinníoll san do bheith inti agus dá bhíthin sin amháin, an urruíocht san do chosc ar bheith ina hurruíocht cheaduithe.
(3) Ní déanfar urruíocht do chosc ar bheith ina hurruíocht cheaduithe de bhíthin na hurruíochta do bheirtear tríthi do bheith fé réir na teorann so leanas agus fé réir na heisceachta so leanas no fé réir ceachtair acu san, agus dá bhíthin sin amháin, sé sin le rá :—
(a) sa mhéid go mbainfidh le díobháil do mhaoin, socrú do bheith ann gan an urruíocht san do dhul thar míle púnt in aghaidh díobhála thiocfaidh as aon ghníomh áirithe nea-chúraim no as aon tsreath áirithe de ghníomhartha nea-chúraim gurb é bheidh ionta i dteanta a chéile ná aon teagmhas amháin, agus
(b) aon fhreagarthacht (de bhreis ar an bhfreagarthacht do réir gnáth-dhlí no do réir reachta bhaineann leis an gcás) fé n-a raghaidh an prímh-fhéicheamh tré chonnradh speisialta d'eisciú ón urruíocht san.
Polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe.
64.—(1) Beidh scríbhinn ina scríbhinn is polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe do réir bhrí an Achta so i gcás í bheith do réir gach coinníll acu so leanas, agus sa chás san amháin, sé sin le rá :—
(a) í dá tabhairt amach do dhuine (dá ngairmtear an duine fé árachas san Acht so) bheidh ainmnithe inti; agus
(b) í do bheith do réir na gcoinníoll uile go n-éilíonn an tAcht so polasaí árachais ceaduithe do bheith dá réir ach amháin gan an t-árachas a deintear tríthi do bhaint le hiomlán na suimeanna go n-éilíonn na coinníollacha san iad do chur in áirithe leis an árachas san; agus
(c) an t-urruitheoir feithicle do bhéarfaidh amach an scríbhinn sin do dhul in urruíocht air leis an scríbhinn sin go n-íocfaidh an duine fé árachas an méid sin de sna suimeanna san ná beidh curtha in áirithe leis an árachas san; agus
(d) sa mhéid go mbaineann an scríbhinn sin leis an urruíocht san, í do bheith do réir na gcoinníoll uile go n-éilíonn an tAcht so urruíocht cheaduithe do bheith dá réir.
(2) Ní déanfar scríbhinn a bheidh do réir na gcoinníoll uile atá curtha síos sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní déanfar, de bhíthin forálacha do bheith inti de bhreis ar na forálacha agus gan iad bun os cionn leis na forálacha is gá do réir na gcoinníoll san do bheith inti agus dá bhíthin sin amháin, an scríbhinn sin do chosc ar bheith ina scríbhinn is polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe.
(3) Ní déanfar scríbhinn do chosc ar bheith ina scríbhinn is polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe de bhíthin an árachais a deintear tríthi agus na hurruíochta do bheirtear tríthi do bheith fé réir na teorann so leanas agus fé réir na heisceachta so leanas no fé réir ceachtair acu san, agus dá bhíthin sin amháin, sé sin le rá :—
(a) sa mhéid go mbainfidh le díobháil do mhaoin, socrú do bheith ann gan an t-árachas agus an urruíocht san do dhul thar míle púnt in aghaidh díobhála thiocfaidh as aon ghníomh áirithe nea-chúraim no as aon tsreath áirithe de ghníomhartha nea-chúraim gurb é bheidh ionta i dteanta a chéile ná aon teagmhas amháin, agus
(b) aon fhreagarthacht (de bhreis ar an bhfreagarthacht do réir gnáth-dhlí no do réir reachta bhaineann leis an gcás) fé n-a raghaidh an duine fé árachas tré chonnradh speisialta d'eisciú ón árachas agus ón urruíocht san.
(4) I gcás polasaí árachais ar n-a thabhairt amach ag árachóir feithicle agus urruíocht ar n-a tabhairt amach ag árachóir eile feithicle no ag urruitheoir feithicle do bheith, dá mbé an duine céanna do bhéarfadh amach iad agus dá léightí iad le chéile mar aon scríbhinn amháin, ina scríbhinn is polasaí agus urruíocht cónasctha ceaduithe, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur scríbhinn amháin an polasaí agus an urruíocht san le chéile agus gur polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe iad, agus bainfidh an Chuid seo den Acht so leo dá réir sin, fé réir an atharuithe go ndéanfar tagairtí don té do thug amach an polasaí agus urruíocht có-nasctha san do léiriú mar thagairtí don té do thug amach an chuid a bhaineann leis an gcás den chéanna.
Pionós mar gheall ar chalaois, etc., le linn polasaí no urruíochta d'fháil.
65.—(1) Gach duine dhéanfaidh aon chalaois, no dhéanfaidh aon phlé cúise no ráiteas (i scríbhinn no de bhréithre béil no tré n-a iompar) is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, d'fhonn go ndéanfaí polasaí árachais ceaduithe, uruíocht cheaduithe, no polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe do thabhairt amach do féin no do dhuine eile no le linn an chéanna do bheith á thabhairt amach amhlaidh, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann ar díotáil dlighfear príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain no, más rogha leis an gCúirt é, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.
(2) Déanfar fo-alt B d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá mbeadh an mí-iompar a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so ar cheann de sna cásanna luaidhtear go speisialta sa bhfo-alt san B.
Na daoine eiscithe.
66.—(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “daoine eiscithe” na daoine seo leanas, sé sin le rá :—
(a) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála pearsanta dho féin do thárla agus é i bhfeithicil inneallghluaiste (seachas feithicil sheirbhíse puiblí) le n-a mbaineann an scríbhinn ionbhainte, agus
(b) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála pearsanta (agus díobháil phearsanta is trúig bháis d'áireamh) do dhuine eile i gcás ina mbeadh an duine sin is déanaí luaidhtear ina dhuine eiscithe fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so dá mbeadh sé féin ag déanamh éilimh alos na díobhála pearsanta san agus (i gcás san do bheith oiriúnach) dá mba nár thrúig bháis do an díobháil phearsanta san, agus
(c) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála do mhaoin do thárla le linn na maoine sin do bheith i bhfeithicil no ar fheithicil inneall-ghluaiste le n-a mbaineann an scríbhinn ionbhainte, agus
(d) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála do mhaoin do thárla le linn na maoine sin do bheith ar únaeracht no i seilbh no i gcoimeád no fé chúram an té is duine fé árachas no is prímh-fhéicheamh sa scríbhinn ionbhainte, agus
(e) daoine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála, d'aon droichead meáchana no d'aon bhóthar no d'aon rud ar bhóthar no fé bhóthar, do thárla de dhruim meáchana feithicle inneall-ghluaiste, no de dhruim creatha do theacht de dheascaibh feithicle inneall-ghluaiste, le n-a mbaineann an scríbhinn ionbhainte, agus
(f) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála do mhaoin do thárla de dhruim coire do phléascadh is cuid d'fheithicil inneall-ghluaiste le n-a mbaineann an scríbhinn ionbhainte no de dhruim spréacha no luatha bhí ag teacht as aon fheithicil den tsórt san, agus
(g) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála do féin no do dhuine ar bith eile go mbeadh aige ina taobh teideal chun éilimh do dhéanamh i gcoinnibh an té is duine fé árachas no is prímh-fhéicheamh sa scríbhinn ionbhainte agus chun cúitimh no faoisimh eile do mholadh dho fén Workmen's Compensation Act, 1906, no fé aon Acht (ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis) le n-a leathnuítear no le n-a leasuítear an tAcht san.
(2) San alt so—
(a) cialluíonn an abairt “scríbhinn ionbhainte” an polasaí árachais ceaduithe, an urruíocht cheaduithe, no an polasaí agus urruíocht co-nasctha ceaduithe (do réir mar bheidh) gur ina thaobh a húsáidtear an abairt “daoine eiscithe,” agus
(b) foluíonn tagairtí do dhíobháil ar n-a tárlachtaint le linn bheith i bhfeithicil no ar fheithicil díobháil ar n-a tárlachtaint le linn bheith ag dul isteach sa bhfeithicil sin no bheith ag dul anáirde uirthi, no le linn bheith á chur isteach inti no uirthi, no le linn bheith ag túirling di, no le linn bheith á thógaint amach aisti no anuas di agus díobháil ar n-a teacht de dheascaibh duine no maoine do chaitheamh amach as an bhfeithicil sin no anuas di.
Comhacht leathnuithe chun rialachán do dhéanamh maidir le hiarratas ar cheadúnas fén Finance Act, 1920.
67.—An chomhacht chun rialachán do dhéanamh a bronntar le halt 12 den Roads Act, 1920, leathnófar í agus deintear leis seo í do leathnú i dtreo gur cuid di rialacháin do dhéanamh á cheangal ar dhuine bheidh ag iarraidh ceadúnais fé alt 13 den Finance Act, 1920, (mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin) alos feithicle inneall-ghluaiste cruthúnas no cruthúnas áirithe do thabhairt i láthair á thaisbeáint gur duine eiscithe an duine sin no ar theacht i ngníomh don cheadúnas a bheidh á iarraidh amhlaidh go mbeidh polasaí árachais ceaduithe no urruíocht cheaduithe no polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe i bhfeidhm ag árachadh tiomáint na feithicle sin ag an duine sin no ag daoine eile ar a ordú san no le n-a thoiliú.
Deimhniú árachais agus deimhniú urruíochta.
68.—(1) Pé uair a dhéanfaidh árachóir feithicle polasaí árachais ceaduithe no polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe do thabhairt amach do dhuine ar bith bhéarfaidh an t-árachóir feithicle sin don duine sin an líon orduithe deimhniú (go ngairmtear san Acht so deimhniú árachais de gach deimhniú fé leith acu) sa bhfuirm orduithe á dheimhniú go ndearnadh an polasaí árachais ceaduithe sin no an polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe sin do thabhairt amach amhlaidh agus ag luadh mion-innste orduithe an pholasaí sin no an pholasaí agus na hurruíochta san.
(2) Pé uair a dhéanfaidh árachóir feithicle no urruitheoir feithicle urruíocht cheaduithe do thabhairt amach do dhuine ar bith, bhéarfaidh an t-árachóir feithicle no an t-urruitheoir feithicle sin don duine sin an líon orduithe deimhniú (go ngairmtear san Acht so deimhniú urruíochta de gach deimhniú fé leith acu) sa bhfuirm orduithe á dheimhniú go ndearnadh an urruíocht cheaduithe sin do thabhairt amach agus ag luadh mion-innste orduithe na hurruíochta san.
(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb é bheidh i ngach athnuachaint a déanfar ar pholasaí árachais ceaduithe, ar pholasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe, no ar urruíocht cheaduithe ná polasaí árachais ceaduithe, polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe, no urruíocht cheaduithe, do réir mar bheidh, do thabhairt amach.
Eifeacht dheimhnithe árachais no dheimhnithe urruíochta.
69.—(1) Pé uair a dhéanfaidh árachóir feithicle deimhniú árachais do thabhairt amach á dheimhniú go ndearna an t-árachóir feithicle sin polasaí árachais ceaduithe do thabhairt amach do dhuine áirithe (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an duine fé árachas), ansan—
(a) mara ndeinidh agus faid ná déanfaidh an t-árachóir feithicle sin aon pholasaí den tsórt san a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don duine fé árachas, tuigfear, idir an árachóir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an duine fé árachas, an t-árachóir feithicle sin do thabhairt pholasaí áirithe cheaduithe amach don duine fé árachas agus an céanna ar gach slí do réir na tuairisce agus na mion-innste tugtar sa deimhniú san, agus
(b) más rud é go mbeidh an t-árachóir feithicle sin tar éis an pholasaí sin a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don duine fé árachas ach gur lugha tairbhe do dhaoine dhéanfaidh éileamh fén bpolasaí sin no dá bhuadh i gcoinnibh an árachóra fheithicle sin, go díreach no tríd an duine fé árachas, téarmaí an pholasaí sin ná mion-innste an pholasaí sin mar a tugtar iad sa deimhniú san, tuigfear, idir an árachóir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an duine fé árachas, an polasaí sin do bheith i dtéarmaí atá ar gach slí do réir na mion-innste sin a tugtar sa deimhniú san.
(2) Pé uair a dhéanfaidh árachóir feithicle deimhniú árachais do thabhairt amach á dheimhniú go ndearna an t-árachóir feithicle sin polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe do thabhairt amach do dhuine áirithe (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an duine fé árachas), ansan—
(a) mara ndeinidh agus faid ná déanfaidh an t-árachóir feithicle sin aon pholasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe den tsórt san a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don duine fé árachas, tuigfear, idir an árachóir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an duine fé árachas, an t-árachóir feithicle sin do thabhairt polasaí agus urruíochta chó-nasctha cheaduithe amach don duine fé árachas agus an céanna ar gach slí do réir na tuairisce agus na mion-innste tugtar sa deimhniú san, agus
(b) más rud é go mbeidh an t-árachóir feithicle sin tar éis an pholasaí agus na hurruíochta chó-nasctha san a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don duine fé árachas ach gur lugha tairbhe do dhaoine dhéanfaidh éileamh fén bpolasaí agus urruíocht cónasctha san no dá bhuadh i gcoinnibh an árachóra fheithicle sin, go díreach no tríd an duine fé árachas, téarmaí an pholasaí agus na hurruíochta chó-nasctha san ná mion-innste an pholasaí agus na hurruíochta chó-nasctha san mar a tugtar iad sa deimhniú san, tuigfear, idir an árachóir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an duine fé árachas, an polasaí agus urruíocht có-nasctha san do bheith i dtéarmaí atá ar gach slí do réir na mion-innste sin a tugtar sa deimhniú san.
(3) Pé uair a dhéanfaidh urruitheoir feithicle deimhniú urruíochta do thabhairt amach á dheimhniú go ndearna an t-urruitheoir feithicle sin urruíocht cheaduithe do thabhairt amach do dhuine áirithe (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an prímhfhéicheamh), ansan—
(a) mara ndeinidh agus faid ná déanfaidh an t-urruitheoir feithicle sin aon urruíocht den tsórt san a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don phrímhfhéicheamh, tuigfear, idir an urruitheoir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an prímh-fhéicheamh, an t-urruitheoir feithicle sin do thabhairt urruíochta ceaduithe amach don phrímh-fhéicheamh agus an céanna ar gach slí do réir na tuairisce agus na mioninnste tugtar sa deimhniú san, agus
(b) más rud é go mbeidh an t-urruitheoir feithicle sin tar éis na hurruíochta san a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don phrímh-fhéicheamh ach gur lugha tairbhe do dhaoine dhéanfaidh éileamh fén urruíocht san no dá buadh i gcoinnibh an urruitheora fheithicle sin, go díreach no tríd an bprímh-fhéicheamh, téarmaí na hurruíochta san ná mion-innste na hurruíochta san mar a tugtar iad sa deimhniú san, tuigfear, idir an urruitheoir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an prímh-fhéicheamh, an urruíocht san do bheith i dtéarmaí atá ar gach slí do réir na mion-innste sin a tugtar sa deimhniú san.
(4) Ní bheidh aon diúité stampa inéilithe, de bhíthin éinní atá san alt so, ar dheimhniú árachais ná ar dheimhniú urruíochta ná beadh inéilithe ar an gcéanna dá mba ná hachtófaí an t-alt so.
Deimhniú saortha.
70.—Féadfaidh árachóir feithicle, urruitheoir feithicle, no duine saortha, féadfaidh, tráth ar bith, deimhniú no deimhnithe (go ngairmtear san Acht so deimhniú saortha de gach deimhniú fé leith acu) sa bhfuirm orduithe do thabhairt amach alos aon fheithicle inneall-ghluaiste is leis, á dheimhniú gur leis an fheithicil sin agus ag luadh na mion-innste orduithe maidir le n-a fhreagarthacht i ndíobháil ar n-a teacht as an bhfeithicil sin do thiomáint go nea-chúramach.
Deimhniú do thaisbeáint ar san d'éileamh.
71.—(1) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána a éileamh ar dhuine ar bith a bheidh ag tiomáint feithicle inneall-ghluaiste deimhniú árachais no deimhniú urruíochta no deimhniú saortha, maidir leis an duine sin do thiomáint na feithicle sin ar an ócáid sin, do thaisbeáint agus má dhiúltuíonn an duine sin no má theipeann air aon deimhniú den tsórt san do thaisbeáint ar an láthair sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara ndeinidh, laistigh de chúig lá tar éis an dáta ar ar héilíodh air an deimhniú san do thaisbeáint, an deimhniú san do thaisbeáint i bpearsain do bhall den Ghárda Síochána ag stáisiún leis an nGárda Síochána d'ainmnigh an duine sin nuair do héilíodh air amhlaidh an deimhniú san do thaisbeáint.
(2) Pé uair a dhéanfaidh duine ar bith ar a n-éileofar san go dleathach fén alt so deimhniú árachais no deimhniú urruíochta no deimhniú saortha do thaisbeáint ach go ndiúltóidh no go dteipfidh air a leigint don bhall den Ghárda Síochána dhéanfaidh an t-éileamh san an deimhniú taisbeánfar amhlaidh do léigheamh agus do scrúdú beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.
(3) Pé uair a dhiúltóidh duine ar bith no a theipfidh ar dhuine ar bith, ar a n-éileofar san go dleathach fén alt so, deimhniú árachais no deimhniú urruíochta no deimhniú saortha do thaisbeáint no a thaisbeánfaidh deimhniú den tsórt san ach go dteipfidh air no go ndiúltóidh a leigint don bhall den Ghárda Síochána dhéanfaidh an t-éileamh an deimhniú taisbeánfar amhlaidh do léigheamh agus do scrúdú, no pé uair a thaisbeánfaidh duine ar bith deimhniú den tsórt san ag stáisiún leis an nGárda Síochána do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so ach go dteipfidh air no go ndiúltóidh a leigint don bhall den Ghárda Síochána dá dtaisbeánfar an deimhniú san amhlaidh é do léigheamh agus do scrúdú, féadfaidh an ball san a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an duine sin agus má dhiúltuíonn an duine sin no má theipeann air a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh no má bheireann uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no míthreorach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.
(4) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána gabháil do dhéanamh gan barántas—
(a) ar dhuine ar bith a dhéanfaidh do réir an ailt seo deimhniú árachais, deimhniú urruíochta, no deimhniú saortha do thaisbeáint ach a dhiúltóidh no go dteipfidh air leigint don bhall san an deimhniú san do léigheamh, no
(b) ar dhuine ar bith a dhéanfaidh, nuair a éileoidh an ball san a ainm agus a sheoladh air go dleathach fén alt so, diúltú no teip maidir le n-a ainm agus le n-a sheoladh do thabhairt uaidh no ainm no seoladh do thabhairt uaidh is eol don bhall san do bheith bréagach no míthreorach.
(5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
E d'oblagáid deimhniú do thabhairt suas.
72.—(1) Pé uair a thárlóidh do thréimhse dhíona fé pholasaí árachais ceaduithe no fé pholasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe deireadh do chur léi, no í do chur ar fiunraoi, ar aon tslí roimh dheireadh do theacht léi tré imeacht aimsire, seachadfaidh an duine fé árachas, laistigh de sheacht lá tar éis deireadh do chur leis an tréimhse dhíona san no tar éis í do chur ar fiunraoi, don árachóir feithicle do thug amach an polasaí sin no an polasaí agus urruíocht san, an deimhniú árachais is déanaí bheidh tugtha uaidh ag an árachóir feithicle sin alos an pholasaí sin no an pholasaí agus na hurruíochta san.
(2) Pé uair a tharlóidh do thréimhse dhíona fé urruíocht cheaduithe deireadh do chur léi, no í do chur ar fiunraoi, ar aon tslí roimh dheireadh do theacht léi tré imeacht aimsire, seachadfaidh an prímh-fhéicheamh, laistigh de sheacht lá tar éis deireadh do chur leis an tréimhse dhíona san no tar éis í do chur ar fiunraoi, don árachóir feithicle no don urruitheoir feithicle do thug amach an urruíocht cheaduithe sin, an deimhniú urruíochta is déanaí bheidh tugtha uaidh ag an árachóir feithicle no ag an urruitheoir feithicle sin alos na hurruíochta ceaduithe sin.
(3) Gach duine gur gá dho do réir an ailt seo deimhniú árachais no deimhniú urruíochta do sheachadadh agus go dteipfidh air an deimhniú san do sheachadadh do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar púnt do chur air in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san.
Rialacháin maidir le deimhnithe árachais, etc.
73.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) deimhnithe árachais agus deimhnithe urruíochta d'iarraidh agus do thabhairt amach, agus deimhnithe saortha do dhéanamh agus do thabhairt amach;
(b) cóipeanna no deimhnithe nua do thabhairt amach in ionad aon deimhniú den tsórt san a bheidh caillte no díthithe;
(c) na deimhnithe sin do choimeád, do thaisbeáint, do chur ar ceal, agus do thabhairt suas.
E d'oblagáid fógra do thabhairt don árachóir no don urruitheoir i dtaobh tionóisce.
74.—(1) Pé uair a thárlóidh, maidir le feithicil inneall-ghluaiste, teaghmas gur féidir dá dheascaibh an t-árachóir feithicle do thug amach polasaí árachais ceaduithe no polasaí agus urruíocht cónasctha ceaduithe, no an prímh-fhéicheamh fé urruíocht cheaduithe bheidh i bhfeidhm an uair sin alos na feithicle sin, do theacht chun bheith freagarthach in airgead d'íoc le duine ar bith, bhéarfaidh únaer na feithicle sin, chó luath agus is féidir é tar éis an teagmhais sin do thárlachaint no marab ina láthair do thárla an teagmhas san laistigh d'ocht n-uaire is dachad a' chluig tar éis eolais d'fháil do mar an gcéad uair ar an teagmhas san do thárlachtaint, bhéarfaidh, don árachóir feithicle do thug amach an polasaí sin no an polasaí agus urruíocht san no don árachóir feithicle no don urruitheoir feithicle do thug amach an urruíocht san (pe'ca aca is gá sa chás), fógra i scríbhinn i dtaobh an teagmhais sin do thárlachtaint, maraon le pé mion-innste bheidh ar eolas no ar fáil aige i dtaobh an teagmhais sin agus a theastóidh go réasúnta ón árachóir no ón urruitheoir sin.
(2) Féadfaidh foráil a bheith i bpolasaí árachais ceaduithe, i bpolasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe, no in urruíocht cheaduithe, ag saoradh an duine fé árachas no an phrímhfhéichimh (do réir mar bheidh) fén gcéanna ón oblagáid sin a forchuirtear leis an alt so go ndéanfar an fógra luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do thabhairt, agus má bhíonn foráil den tsórt san i bpolasaí árachais ceaduithe, i bpolasaí agus urruíocht có-nascha ceaduithe, no in urruíocht cheaduithe ní sárú ar an alt so é do theip ar an duine fé árachas no ar an bprímh-fhéicheamh (do réir mar bheidh) fén gcéanna an fógra san do thabhairt uaidh.
(3) Duine ar bith go dteipfidh air, contrárdha don alt so, aon fhógra no aon mhion-innste do thabhairt, laistigh den am a luaidhtear san alt so, d'árachóir feithicle no d'urruitheoir feithicle (fé mar is gá sa chás) is gá dho do réir an ailt seo do thabhairt don árachóir no don urruitheoir sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(4) Aon fhógra no aon mhion-innste is gá do réir an ailt seo d'únaer feithicle do thabhairt d'aon árachóir feithicle no urruitheoir feithicle féadfaidh an t-únaer san san do thabhairt tríd an bhfógra no na mion-innste sin do chur tríd an bpost i gclúdach a bheidh dúnta i gceart agus ar a mbeidh an táille chuibhe roimhíoctha agus a bheidh dírithe chun an árachóra fheithicle no an urruitheora fheithicle sin (fé mar is gá sa chás) agus tuigfear an fógra no na mion-innste sin do thabhairt laístigh den am a luaidhtear san alt so chun an fhógra no na mion-innste sin do thabhairt má cuirtear an céanna tríd an bpost amhlaidh laistigh den am san.
E d'oblagáid ar thiománaí fógra do thabhairt don únaer i dtaobh tionóisce.
75.—(1) Pé uair a thárlóidh, maidir le feithicil inneall-ghluaiste, teagmhas gur féidir dá dheascaibh an t-árachóir feithicle do thug amach polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe, no an prímhfhéicheamh fé urruíocht cheaduithe bheidh i bhfeidhm an uair sin alos na feithicle sin, do theacht chun bheith freagarthach in airgead d'íoc le duine ar bith déanfaidh an té is tiománaí na feithicle sin le linn an teagmhais sin do thárlachtaint (marab é féin únaer na feithicle sin no an duine fé árachas fén bpolasaí sin no fén bpolasaí agus urruíocht có-nasctha san no an prímhfhéicheamh fén urruíocht san no maran i láthair únaera na feithicle sin a thárlann an teagmhas san) déanfaidh fógra i dtaobh an teagmhais sin do thárlachtaint, maraon le mion-innste iomlána ar an gcéanna, do thabhairt d'únaer na feithicle sin chó luath agus is féidir é tar éis don teagmhas san do thárlachtaint.
(2) Duine ar bith go dteipfidh air, contrárdha don alt so, aon fhógra no aon mhion-innste do thabhairt, laistigh den am a luaidhtear san alt so, d'únaer feithicle inneall-ghluaiste is gá dho do réir an ailt seo do thabhairt don únaer san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(3) Aon fhógra no aon mhion-innste is gá do réir an ailt seo do dhuine ar bith do thabhairt d'únaer feithicle inneall-ghluaiste féadfar san do thabhairt tríd an bhfógra no na mion-innste sin do chur tríd an bpost i gclúdach a bheidh dúnta i gceart agus ar a mbeidh an táille chuibhe roimh-íoctha agus a bheidh dírithe chun an únaera san.
An Assurance Companies Act, 1909, do leasú.
76.—(1) Beidh éifeacht ag alt 1 den Assurance Companies Act, 1909, mar a hoiriúnuítear san leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922), no fé, fé is dá gcuirtí an mhír seo leanas i ndiaidh míre (e) dhe :—
“ (f) mechanically propelled vehicle insurance business, that is to say, the business of effecting contracts of insurance against loss of or damage to or arising out of or in connection with the use of mechanically propelled vehicles, including third party risks.”
(2) I gcás cuideachtan árachais do réir bhrí an Assurance Companies Act, 1909, mar a hoiriúnuítear san amhlaidh, do bheith ag gabháil do ghnó árachais feithiclí inneall-ghluaiste, beidh feidhm ag an Acht san maidir leis an ngnó san, fé réir na n-atharú so leanas, sé sin le rá :—
(a) an tsuim a bheidh le lóisteáil agus le coimeád lóisteálta ag an gcuideachtain fé alt 2 den Acht san alos an ghnótha san ní bheidh ann ach suim de chúig mhíle dhéag púnt;
(b) aon lóisteáil eile dhéanfaidh no bheidh déanta ag an gcuideachtain fén alt san 2 ní shaorfaidh iad ón suim sin de chúig mhíle dhéag púnt do lóisteáil agus do choimeád lóisteálta amhlaidh ná ní dhéanfaidh lóisteáil na suime sin de chúig mhíle dhéag púnt an chuideachta do shaoradh i bpáirt ná go hiomlán o aon lóisteáil eile fén Acht san do dhéanamh;
(c) ní bhainfidh ailt 5 agus 6 den Acht san leis an gcuideachtain;
(d) déanfaidh an chuideachta ráiteas ar a ngnó árachais feithiclí inneall-ghluaiste d'ullamhú gach bliain i pé fuirm ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham agus déanfar an ráiteas san do chlóbhualadh, do shighniú, agus do lóisteáil leis an Aire sin do réir ailt 7 den Acht san agus beidh feidhm ag an alt san dá réir sin;
(e) bainfidh míreanna (d), (e), (f), agus (g) d'alt 32 den Acht san leis an gcuideachtain fé is dá mbeadh na míreanna san leagtha amach anso ach an abairt “mechanically propelled vehicle insurance business” do chur in ionad na habairte “accident insurance business” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin sna míreanna san.
Arachóirí feithicle, urruitheoirí feithicle agus daoine saortha do choimeád breacachán agus do thabhairt eolais uatha.
77.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) á cheangal ar árachóirí feithicle breacacháin do choimeád i dtaobh gach polasaí árachais cheaduithe, gach polasaí agus urruíochta chó-nasctha cheaduithe, agus gach urruíochta ceaduithe do bhéarfaid amach;
(b) á cheangal ar urruitheoirí feithicle breacacháin do choimeád i dtaobh gach urruíochta ceaduithe do bhéarfaid amach;
(c) á cheangal ar dhaoine saortha breacacháin do choimeád i dtaobh gach deimhnithe shaortha do bhéarfaid amach;
(d) á ordú cadiad na nithe cuirfear sna breacacháin sin;
(e) á chur ar chumas bhall den Ghárda Síochána agus oifigeach don Aire na breacacháin sin d'iniúchadh;
(f) á cheangal ar árachóirí feithicle eolas do thabhairt do bhaill den Ghárda Síochána agus d'oifigigh don Aire i dtaobh polasaithe árachais ceaduithe, i dtaobh polasaithe agus urruíochtaí có-nasctha ceaduithe, agus i dtaobh urruíochtaí ceaduithe, do thug na hárachóirí feithicle sin amach;
(g) á cheangal ar urruitheoirí feithicle eolas do thabhairt do bhaill den Ghárda Síochána agus d'oifigigh don Aire i dtaobh urruíochtaí ceaduithe do thug na hurruitheoirí feithicle sin amach.
(2) Gach duine dhéanfaidh ní ar bith (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san.
Forálacha ilghnéitheacha i dtaobh airgid árachaithe no urruithe.
78.—(1) Má deir duine (dá ngairmtear an t-éilitheoir san alt so) go bhfuil sé i dteideal suime do bhaint d'únaer no de thiománaí feithicle inneall-ghluaiste, no má fuair sé in aon chúirt bhreithiúnais (in imeachta gur tugadh fógra ina dtaobh don árachóir feithicle no don urruitheoir feithicle luaidhtear anso ina dhiaidh seo) breithiúntas i gcoinnibh an únaera no an tiománaí sin i suim (socruithe no nea-shocruithe), ’na mbeidh an t-únaer no an tiománaí sin árachaithe in aghaidh na freagarthachta inti le polasaí árachais cheaduithe no ’na mbeidh a híoc ag an únaer no ag an tiománaí sin urruithe le hurruíocht cheaduithe no ’na mbeidh an t-únaer no an tiománaí sin díonta ina taobh le polasaí agus urruíocht cónasctha ceaduithe, féadfaidh an t-éilitheoir fógra i scríbhinn i dtaobh an éilimh ar an suim sin no i dtaobh an bhreithiúntais inti do sheirbheáil ar an árachóir feithicle do thug amach an polasaí sin no an polasaí agus urruíocht san no ar an árachóir feithicle no ar an urruitheoir feithicle do thug amach an urruíocht san (do réir mar bheidh) agus ar an bhfógra san do sheirbheáil beidh éifeacht ag pé forálacha acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá :—
(a) ní dhéanfaidh an t-árachóir feithicle sin, tar éis an fhógra san do sheirbheáil, íoc leis an únaer no leis an tiománaí sin, alos na suime bheidh á éileamh amhlaidh ag an éilitheoir no ina bhfuair sé breithiúntas amhlaidh, in aon mhéid is mó ná an méid (más ann do) a bheidh íoctha ag an únaer no ag an tiománaí sin leis an éilitheoir alos na suime sin;
(b) má bhíonn an t-éilitheoir tar éis breithiúntais d'fháil sa tsuim sin amhlaidh no más rud é, tar éis an fhógra san do sheirbheáil, go bhfuighe sé breithiúntas sa tsuim sin no in aon chuid di amhlaidh, íocfaidh an t-árachóir feithicle no an t-urruitheoir feithicle sin leis an éilitheoir an méid sin den airgead (pe'ca airgead damáiste no costaisí é) ina bhfuarthas no ina bhfuighfear breithiúntas amhlaidh a bheidh árachaithe no urruithe ag an árachóir feithicle no ag an urruitheoir feithicle sin agus ná beidh íoctha ar aon tslí eile leis an éilitheoir sin, agus beidh an íocaíocht san, chó fada agus théigheann an t-árachóir no an prímh-fhéicheamh, ina híocaíocht dleathach fén bpolasaí árachais ceaduithe sin no fén bpolasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe sin no fén urruíocht cheaduithe sin;
(c) má bhíonn an t-éilitheoir tar éis breithiúntais d'fháil sa tsuim sin amhlaidh no más rud é, tar éis an fhógra san do sheirbheáil, go bhfuighe sé breithiúntas sa tsuim sin no in aon chuid di amhlaidh, ach ná beidh sé tar éis méide iomláin an bhreithiúntais sin do bhaint den únaer no den tiománaí sin no den árachóir feithicle no den urruitheoir feithicle sin, féadfaidh an t-éilitheoir a iarraidh ar an gCúirt ina bhfuair an breithiúntas san cead do thabhairt do an breithiúntas san d'fheidhmiú i gcoinnibh an árachóra fheithicle no an urruitheora fheithicle sin agus leis sin féadfaidh an Chúirt sin, más dóich léi san do bheith ceart, géilleadh don iarratas san maidir le méid iomlán an bhreithiúntais sin no maidir le haon chuid áirithe den mhéid sin;
(d) mara mbíonn an t-éilitheoir tar éis breithiúntais d'fháil sa tsuim sin amhlaidh, féadfaidh an t-éilitheoir a iarraidh ar aon chúirt dlighinse inniúla i Saorstát Éireann, in ar mian leis imeachta do bhunú chun na suime sin do bhaint den únaer no den tiománaí sin, cead do thabhairt do na himeachta san do bhunú agus do chur ar aghaidh i gcoinnibh an árachóra fheithicle no an urruitheora fheithicle sin (do réir mar bheidh) in ionad iad do bhunú agus do chur ar aghaidh i gcoinnibh an únaera no an tiománaí sin, agus féadfaidh an chúirt sin, más deimhin léi ná fuil an t-únaer no an tiománaí sin i Saorstát Éireann no nách féidir é d'fháil no nách féidir próiseas na cúirte sin do sheirbheáil air no go bhfuil sé ceart agus cothrom, toisc aon réasúin eile, géilleadh don iarratas san, féadfaidh géilleadh don iarratas san agus leis sin beidh an t-éilitheoir i dteideal na himeachta san do bhunú agus do chur ar aghaidh i gcoinnibh an árachóra fheithicle no an urruitheora fheithicle sin agus aon tsuim do bhaint sna himeachta san den árachóir feithicle no den urruitheoir feithicle sin do bheadh sé i dteideal a bhaint den únaer no den tiománaí sin agus ’na mbeidh a híoc árachaithe no urruithe ag an árachóir feithicle no ag an urruitheoir feithicle sin;
(e) ní sheasóidh an t-árachóir feithicle no an t-urruitheoir feithicle sin ar aon nea-dhleathacht ná ní phléidhfidh aon nea-dhleathacht, mar scór chun diúltú d'airgead d'íoc leis an éilitheoir no mar chosaint ar imeachta bhunóidh an t-éilitheoir, is nea-dhleathacht sa pholasaí árachais sin, san urruíocht san no sa pholasaí agus urruíocht có-nasctha san (do réir mar bheidh) eiríonn as aon chalaois no as aon cham-thuairisc no ráiteas bréagach (pe'ca go calaoiseach do rinneadh san no nách eadh) ba ní ná raibh baint ag an éilitheoir leis no nárbh eol do é dhéanamh agus, i gcás é bheith ina mhí-iompar fén gCuid seo den Acht so, nárbh abhar cúisimh agus ciontuithe fén alt san den Chuid seo den Acht so bhaineann leis an scéal.
(2) Má thárlann do dhuine (dá ngairmtear anso feasta an duine fé árachas) a bheidh tar éis polasaí árachais cheaduithe no polasaí agus urruíochta chó-nasctha cheaduithe do thógaint amach, má thárlann do san, i gcás gur duine aonair é, é do theacht chun bheith gnó-bhriste no chun bheith do-acfuinneach no é d'fháil bháis no, i gcás gur cólucht corpruithe é, a ghnó do chríochnú no, i gcás gur páirtnéireacht no comhlachas neamh-ionchorpruithe eile é, é do scur ní bheidh airgead is iníoctha leis an duine fé árachas, fén bpolasaí sin no fén bpolasaí agus urruíocht san, ionchurtha ach chun lán-ghlanta do dhéanamh i ngach éileamh dleathach a bheidh ag treas-pháirtithe i gcoinnibh an duine fé árachas agus ’na mbeidh an t-airgead san iníoctha ina thaobh agus ní bheidh aon chuid den airgead san ina sócmhainní leis an duine fé árachas ná ionchurtha chun íoctha fiacha an duine fé árachas (seachas na héilithe sin) sa ghnó-bhriseadh no sa do-acfuinneacht san no i riaradh estáit an duine sin fé árachas no sa chríochnú gnótha no sa scur san, agus ní hionchruthuithe d'aon éileamh den tsórt san sa ghnó-bhriseadh, sa do-acfuinneacht, sa riaradh, sa chríochnú ghnótha, no sa scur san.
(3) Ní bhaineann an t-alt so ach le héilithe gur gá do réir na Coda so den Acht so árachas no urruíocht no árachas agus urruíocht có-nasctha do thógaint amach in aghaidh na freagarthachta ionta agus ní bhaineann le héilithe (pe'ca bheid árachaithe le polasaí árachais ceaduithe no le hurruíocht cheaduithe no ná beid) nách gá amhlaidh ina dtaobh aon árachas ná urruíocht den tsórt san.
(4) Déanfar, i ngach cás ina gceaduíonn an có-théacs é, tagairtí san alt so d'únaer no do thiománaí feithicle inneall-ghluaiste do léiriú mar thagairtí fholuíonn ionadaí pearsanta an únaera san no an tiománaí sin, do réir mar bheidh.
An éarlais do chur chun críche agus d'aisíoc.
79.—(1) San alt so—
cialluíonn an focal “éarlais” éarlais airgid ar n-a lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais fén Assurance Companies Act, 1909, mar a leathnuítear san leis an gCuid seo den Acht so, chun duine do cháiliú chun gnótha do dhéanamh mar árachóir feithicle no fén gCuid seo den Acht so chun duine do cháiliú chun gnótha do dhéanamh mar urruitheoir feithicle no chun duine do shaoradh ón gCuid seo den Acht so;
cialluíonn an focal “taisceoir” duine bheidh tar éis éarlaise do lóisteáil;
cialluíonn an abairt “scríbhinn cheaduithe” scríbhinn is polasaí árachais ceaduithe, urruíocht cheaduithe no polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe.
(2) Pé uair do gheobhaidh duine (dá ngairmtear fiach-éilitheoir breithiúntais san alt so) breithiúntas i gcúirt ar bith i gcoinnibh taisceora i suim le n-a mbaineann an t-alt so, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas an fhiach-éilitheora bhreithiúntais agus más deimhin léi gan aon earraí do bheith ag an taisceoir is féidir do thógaint i bhfeidmiúchán mar shásamh sa bhreithiúntas san, a ordú go ndéanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais méid an bhreithiúntais sin, maraon leis na costaisí do bhain leis an ordú san agus le n-a iarraidh agus leis na himeachta fé, d'íoc amach as an éarlais a bheidh lóisteálta ag an taisceoir.
(3) Pé uair a déanfar méid breithiúntais d'íoc fén alt so amach as éarlais féadfaidh an taisceoir do lóisteáil an éarlais sin suim is có-ionann leis an suim do híocadh amach as an éarlais sin amhlaidh do lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais mar bhreis agus mar shlánú ar an éarlais sin, agus go dtí go lóisteálfaidh an taisceoir sin an tsuim sin amhlaidh tuigfear gan é bheith ag cólíonadh na bhforálacha den Chuid seo den Acht so no den Assurance Companies Act, 1909, mar a leathnuítear san leis an gCuid seo den Acht so, a bhaineann le héarlaisí do lóisteáil.
(4) Pé uair a thárlóidh do thaisceoir, i gcás gur duine aonair é, é do theacht chun bheith gnó-bhriste no chun bheith do-acfuinneach no é d'fháil bháis no, i gcás gur cólucht corpruithe é, a ghnó do chríochnú no, i gcás gur páirtnéireacht no comhlachas neamhionchorpruithe eile é, é do scur ní bheidh an éarlais a bheidh lóisteálta ag an taisceoir sin ionchurtha sa chéad dul síos ach chun íoctha fiachaisí an taisceora i suimeanna le n-a mbaineann an t-alt so agus nuair a bheidh na fiachaisí uile den tsórt san a bheidh ar an taisceoir sin glanta go hiomlán beidh an éarlais sin ionchurtha mar shócmhainní generálta is leis an taisceoir.
(5) Pé uair is deimhin leis an Ard-Chúirt, ar iarratas taisceora no duine bheidh ag éileamh tré thaisceoir no fé agus tar éis fógra do bheith tugtha don Aire Tionnscail agus Tráchtála agus tar éis pé foillsiú fógrán do bheith déanta ordóidh an Ard-Chúirt, é bheith ceart agus cothrom an éarlais a bheidh lóisteálta ag an taisceoir sin d'íoc leis an té bheidh ag déanamh an iarratais sin, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go n-íocfar an éarlais sin leis an duine sin gan coinníoll no fé réir pé coinníollacha is ceart dar leis an Ard-Chúirt a luadh san ordú san.
(6) Ní bhaineann an t-alt so ach—
(a) le suimeanna gur gá do réir na Coda so den Acht so árachas no urruíocht no árachas agus urruíocht cónasctha do thógaint amach i gcoinnibh na freagarthachta ionta agus ina bhfuil an taisceoir freagarthach mar árachóir no urruitheoir ar an gcéanna, agus
(b) le suimeanna gur ghá do réir na Coda so den Acht so don taisceoir, dá mba nár thaisceoir é, árachas no urruíochi no árachas agus urruíocht có-nasctha do thógaint amach i gcoinnibh na freagarthachta ionta.
Socrú speisialta do dhaoine ná comhnuíonn i Saorstát Éireann.
80.—Féadfaidh an tAire socrú do dhéanamh chun a chur in usacht do dhaoine chomhnuíonn lasmuich de Shaorstát Éireann de ghnáth an Chuid seo den Acht so do chólíonadh, agus chuige sin féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag atharú gach ceann no aon cheann d'fhorálacha na Coda so den Acht so maidir leis na daoine sin ach ní hi slí gurbh ionann san nách mór agus duine ar bith do shaoradh o sna hoblagáidí forchuirtear leis an gCuid seo den Acht so.
CUID VI.
Deimhnithe Inniulachta agus Deimhnithe Infheadhmachta.
Deimhnithe inniúlachta do thabhairt amach.
81.—(1) Féadfaidh duine ar bith deimhniú inniúlachta den tsórt san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina gcomhnuíonn de ghnáth no, mara gcomhnuíonn i Saorstát Éireann de ghnáth, ar an gceannphort san den Ghárda Síochána ordóidh an Coimisinéir.
(2) Pé uair iarrfaidh duine ar bith (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) deimhniú inniúlachta ar cheannphort den Ghárda Síochána fén alt so agus íocfaidh leis an gCoimisinéir an táille sin a bheidh ceaptha ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, cuirfidh an ceannphort san fé ndeár oilteacht agus inniúlacht an iarratasóra, ar fheithicil mhór sheirbhíse puiblí no feithicil bheag sheirbhíse puiblí (fé mar a theastóidh ón iarratasóir) do thiomáint, cuirfidh fé ndeár san do thástáil i bhfeithicil oiriúnach a chuirfidh an t-iarratasóir ar fáil, agus—
(a) má bhíonn sé sásta go bhfuil an t-iarratasóir oilte agus inniúil ar fheithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomáint, bhéarfaidh don iarratasóir deimhniú (dá ngairmtear deimhniú inniúlachta san Acht so agus adeir a bheith ina dheimhniú inniúlachta ar fheithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomáint) á dheimhniú go bhfuil an t-iarratasóir oilte agus inniúil ar fheithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomáint, no
(b) má bhíonn sé sásta go bhfuil an t-iarratasóir oilte agus inniúil ar fheithicil bheag sheirbhíse puiblí do thiomáint, bhéarfaidh don iarratasóir deimhniú (dá ngairmtear deimhniú inniúlachta san Acht so agus adeir a bheith ina dheimhniú inniúlachta ar fheithicil bheag sheirbhíse puiblí do thiomáint) á dheimhniú go bhfuil an t-iarratasóir oilte agus inniúil ar fheithicil bheag sheirbhíse puiblí do thiomáint.
Deimhnithe infheadhmachta do thabhairt amach.
82.—(1) Duine ar bith ná beidh toilteanach an dearbhú do dhéanamh is gá, do réir Choda III den Acht so, do bheith in iarratas ar cheadúnas tiomána no do bheith ina theanta no bheidh, de bhíthin aon mhí-chumthachta no ainmhe cuirp, gan bheith ábalta ar fheithicil inneall-ghluaiste den ghnáth-phátrún go sna gnáth-fheistisí agus na gnáth-airdheana do thiomáint, féadfaidh deimhniú infheadhmachta den tsórt san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina gcomhnuíonn de ghnáth no, mara gcomhnuíonn i Saorstát Éireann de ghnáth, ar an gceannphort san den Ghárda Síochána ordóidh an Coimisinéir.
(2) Gach duine bheidh ar aigne aon deimhniú infheadhmachta den tsórt san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh fén alt so, déanfaidh, laistigh de mhí sara n-iarrfaidh san, é féin do chur á scrúdú ag dochtúir leighis cáilithe agus gheobhaidh ón dochtúir leighis sin tuarasgabháil shighnithe i scríbhinn ar infheadhmacht an duine sin, i gcorp is in aigne, chun feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint den tsaghas gur maidir leis a beifear ar aigne an t-iarratas san do dhéanamh.
(3) Pé uair iarrfaidh duine ar bith (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) deimhniú infheadhmachta ar cheannphort den Ghárda Síochána fén alt so agus íocfaidh leis an gCoimisinéir an táille sin a bheidh ceaptha ag an Aire le toiliú an Aire Airgid agus a thaisbeánfaidh don cheannphort san tuarasgabháil dhochtúra leighis cháilithe do fuarthas do réir an fho-ailt deiridh sin roime seo den alt so, cuirfidh an ceannphort san fé ndeár inniúlacht an iarratasóra ar fheithicil inneall-ghluaiste do thiomáint, cuirfidh fé ndeár san do thástáil i bhfeithicil oiriúnach a chuirfidh an t-iarratasóir ar fáil, agus—
(a) má bhíonn sé sásta, ag féachaint don tuarasgabháil sin agus don tástáil sin, go bhfuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste den ghnáth-phátrún go sna gnáth-fheistisí agus na gnáth-airdheana do thiomáint, bhéarfaidh don iarratasóir deimhniú (dá ngairmtear deimhniú infheadhmachta san Acht so) á dheimhniú go bhfuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneallghluaiste do thiomáint, no
(b) má bhíonn sé sásta, ag féachaint don tuarasgabháil sin agus don tástáil sin, ná fuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste den ghnáthphátrún, agus gan inti ach na gnáth-fheistisí agus na gnáth-airdheana, do thiomáint ach go bhfuil sé infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste de chineál no de chineálacha áirithe go bhfeistisí speisialta no go n-airdheana speisialta do thiomáint, bhéarfaidh don iarratasóir deimhniú (atá san Acht so foluithe san abairt “deimhniú infheadhmachta” agus adeir a bheith ina dheimhniú infheadhmachta teoranta) á dheimhniú go bhfuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste den chineál áirithe no de chineál de sna cineálacha áirithe luaidhtear sa deimhniú san, go sna feistisí speisialta no na hairdheana speisialta luaidhtear agus a tuairiscítear sa deimhniú san, do thiomáint, no
(c) má bhíonn sé sásta, ag féachaint don tuarasgabháil sin agus don tástáil sin, ná fuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar aon ghnáth-fheithicil inneall-ghluaiste do thiomáint ach go bhfuil sé infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste de chineál no de chineálacha áirithe, ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh go speisialta i gcóir daoine ar a mbeadh an mhí-chumthacht no an aineamh áirithe atá ar an iarratasóir, do thiomáint, bhéarfaidh don duine sin deimhniú (atá san Acht so foluithe san abairt “deimhniú infheadhmachta” agus adeir a bheith ina dheimhniú infheadhmachta chun caráiste breoiteacháin do thiomáint) á dheimhniú go bhfuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste, den chineál áirithe no de chineál de sna cineálacha áirithe luaidhtear sa deimhniú san agus ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh go speisialta mar a luaidhtear sa deimhniú san, do thiomáint.
Saoirse do dhuine o n-a bheith air ceadúnas tiomána do bheith aige.
83.—D'ainneoin éinní atá san Acht so, beidh sé dleathach do dhuine ná beidh ceadúnas tiomána aige feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint le linn tástála do bheith á déanamh fén gCuid seo den Acht so ar a oilteacht agus a inniúlacht no ar a inniúlacht (do réir mar bheidh) ar an bhfeithicil sin do thiomáint, agus ní bheidh tiomáint na feithicle sin ag an duine sin amhlaidh ina sárú ar aon fhoráil den Acht so de bhíthin gan an duine sin do bheith ina shealbhóir ar cheadúnas tiomána agus dá bhíthin sin amháin.
CUID VII.
Feithicli Seirbhise Puibli do Rialail agus do Stiuradh.
Ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí.
84.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí sa Chuid seo den Acht so) do dheonadh d'únaer feithicle seirbhíse puiblí maidir leis an bhfeithicil sin.
(2) I gcás únaera fheithicle seirbhíse puiblí do bheith ina mhion-aoiseach no ina dhuine nách slán meabhair no do bheith fé aon mhí-chumas eile, féadfar an ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí, maidir leis an bhfeithicil sin, do dheonadh do chaomhnóir no do choiste an únaera san no d'iontaobhaí don únaer san.
(3) Maidir le gach ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí—
(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe, agus
(b) beidh sreath-uimhir ar leithligh air chun é d'aithint, agus
(c) déarfar ann cé méid paisnéirí go bhfuil ionaid dóibh sa bhfeithicil le n-a mbaineann, agus
(d) déarfaidh go gceadúnuíonn an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair ach, i gcás feithicle bige seirbhíse puiblí, féadfar a rá ann ná ceaduíonn san d'úsáid ach mar fheithicil thuarastail phríobháidigh.
(4) Sa Chuid seo den Acht so nuair a húsáidtear an focal “ceadúnuithe” maidir le feithicil sheirbhíse puiblí cialluíonn sé feithicil sheirbhíse puiblí ar n-a ceadúnú le ceadúnas ar n-a dheonadh fén alt so maidir leis an bhfeithicil sheirbhíse puiblí sin agus nuair a húsáidtear an focal “ceadúnaí” maidir le ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí cialluíonn sé an té is sealbhóir ar an gceadúnas san de thurus na huaire agus foluíonn ionadaí pearsanta no socruitheoir an tsealbhóra san (pe'ca aca is gá sa chás) agus foluíonn fós, i gcás aon cheadúnais den tsórt san a bheidh tar éis scurtha de bheith i bhfeidhm, an té ba shealbhóir ar an gceadúnas san díreach roimh an scur san.
Iarratas ar cheadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí.
85.—(1) Déanfar gach iarratas ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí i pé fuirm agus i pé slí, agus beidh ann pé mion-innste, ordóidh an Coimisinéir.
(2) Duine bheidh ag iarraidh ceadúnais feithicle seirbhíse puiblí íocfaidh leis an gCoimisinéir suim is có-ionann le méid na táille ceadúnais is gá, do réir na Coda so den Acht so, d'íoc alos an cheadúnais sin agus beidh íoc na suime sin ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an Coimisinéir an t-iarratas.
(3) Má diúltuítear do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí coinneoidh an Coimisinéir an tsuim is iníoctha fén alt so ar dhéanamh an iarratais sin.
(4) Má géilltear d'iarratas ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí, déanfar an tsuim is iníoctha fén alt so ar dhéanamh an iarratais sin do chur chun íoctha an chéad táille ceadúnais is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an cheadúnais sin.
Sriantachtaí maidir le ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh.
86.—(1) Ní dhéanfaidh an Coimisinéir ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh alos aon fheithicle seirbhíse puiblí ná feicfear do—
(a) a bheith déanta agus gléasta do réir na rialachán i dtaobh feithiclí inneall-ghluaiste do dhéanamh agus do ghléasadh, sa mhéid gur infheidhmithe do sna rialacháin sin maidir leis an bhfeithicil sin, agus
(b) a bheith sa treo san go bhfuil sí infheadhma agus sábhálta agus oiriúnach ar gach slí eile i gcóir paisnéirí.
(2) Féadfaidh an Coimisinéir diúltú do cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh do dhuine nách duine ceart oiriúnach dar leis, mar gheall ar a charactar no mar gheall ar a iompar roimhe sin, chun ceadúnais feithicle seirbhíse puiblí do bheith aige.
Ré cheadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí.
87.—(1) Leanfaidh gach ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí i bhfeidhm go dtugaidh a shealbhóir suas é no go gceiliúrtar é leis an gCuid seo den Acht so no fúithi.
(2) Gach ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí cuirfear ar fiunraoi fén gCuid seo den Acht so tuigfear, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gan é bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse bheidh sé ar fiunraoi amhlaidh.
Táillí bliantúla ar cheadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí.
88.—(1) Íocfaidh gach ceadúnaí gach bliain leis an gCoimisinéir, alos gach ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí bheidh aige, táille bhliantúil (dá ngairmtear táille cheadúnais sa Chuid seo den Acht so) de pé méid a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid.
(2) Déanfar gach táille cheadúnais (seachas an chéad táille den tsórt san is iníoctha alos aon cheadúnais áirithe fheithicle seirbhíse puiblí) d'íoc an chéad lá no roimh an gcéad lá den bhliain gur ina haghaidh a bheidh an táille sin iníoctha, agus chuige sin tuigfear an bhliain do thosnú cothrom lae dheonta an cheadúnais fheithicle seirbhíse puiblí gur ina thaobh a bheidh an táille sin iníoctha.
(3) Má theipeann ar aon cheadúnaí no má dhiúltuíonn táille cheadúnais (seachas an chéad táille den tsórt san is iníoctha alos an cheadúnais sin) d'íoc alos aon cheadúnais fheithicle seirbhíse puiblí laistigh den aimsir a ceaptar leis an alt so chun san d'íoc, leis sin tiocfaidh an ceadúnas san chun bheith agus beidh sé ceiliúrtha ach féadfaidh an Coimisinéir, ar an táille sin d'íoc, an ceiliúradh san do chur ar ceal.
Ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do thuitim chun duine eile ar éag dá shealbhóir.
89.—Pé uair éagfaidh sealbhóir ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí tuitfidh an ceadúnas san chun a ionadaí phearsanta dhlíthiúla mar chuid dá estát phearsanta.
Feithiclí d'iniúchadh ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí d'iarraidh.
90.—(1) Pé uair a hiarrfar ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí go cuibhe ceapfaidh an Coimisinéir am agus áit chaothúil chun na feithicle le n-a mbaineann an t-iarratas san d'iniúchadh agus do scrúdú agus cuirfidh in úil do neach déanta an iarratais sin cadé an t-am agus cadé an áit a bheidh ceaptha amhlaidh, agus má bheirtear an fheithicil sin chun na háite sin an t-am san cuirfidh an fheithicil sin á hiniúchadh agus á scrúdú san am agus san áit sin ag ball den Ghárda Síochána no ag duine eile bheidh, dar leis an gCoimisinéir, cáilithe go cuibhe chun an iniúchta agus an scrúduithe sin do dhéanamh.
(2) Mara ndeintear feithicil go n-iarrfar ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí ina taobh do thabhairt chun na háite bheidh ceaptha, an t-am a bheidh ceaptha, fén bhfo-alt san roimhe seo chun a hiniúchta agus a scrúduithe, féadfaidh an Coimisinéir diúltú do ghéilleadh don iarratas san.
Ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí d'aistriú.
91.—(1) Pé uair a déanfar únaeracht feithicle ceadúnuithe seirbhíse puiblí d'aistriú pe'ca tré ghníomh na bpáirtithe é no tré oibriú dlí, féadfaidh an Coimisinéir, ar n-a iarraidh san don aistrí agus ar an táille orduithe (más ann di) do bheith íoctha agus ar bheith deimhin de go bhfuil an t-aistriú san déanta, an ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí bheidh i bhfeidhm an uair sin d'aistriú chun an aistrí.
(2) Na forálacha den Acht so i dtaobh na gcáilíocht chun ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí d'fháil agus i dtaobh na scóranna chun diúltú do cheadúnas den tsórt san do dheonadh, bainfid le ceadúnas d'aistriú fén alt so díreach fé is dá mb'é bheadh san aistriú san ná ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh.
Athchomharc i gcoinnibh diúltuithe maidir le ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh no d'aistriú.
92.—(1) Pé uair a dhiúltóidh an Coimisinéir do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh no d'aistriú, féadfaidh neach déanta an iarratais sin athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an diúltuithe sin, i gcás gur diúltú é ar an scór nách duine ceart oiriúnach an t-iarratasóir chun ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí do bheith aige, chun an Bhreithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an t-iarratasóir sin de ghnáth agus chun an Aire in aon chás eile.
(2) Ar éisteacht athchomhairc fén alt so dho féadfaidh an Breitheamh no an tAire (do réir mar bheidh), fé mar is dóich leis is ceart, daingniú do dhéanamh ar an diúltú dob abhar don athchomharc san no a ordú don Choimisinéir an deonadh no an t-aistriú (pe'ca aca é) do dhéanamh dá mbeidh diúltuithe aige.
(3) Cuirfidh an Breitheamh no an tAire (do réir mar bheidh) fé ndeár fógra i dtaobh a bhreithe ar athchomharc a déanfar chuige fén alt so do thabhairt don Choimisinéir agus beidh sé de dhualgas ar an gCoimisinéir déanamh do réir na breithe sin sa mhéid go n-ordóidh do ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do dheonadh no d'aistriú.
(4) An bhreith do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche no an tAire (do réir mar bheidh) ar athchomharc fén alt so beidh sí ina breith ná beidh dul tháirsi.
Toirmeasc ar fheithicil sheirbhíse puiblí neacheadúnuithe d'úsáid.
93.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach feithicil inneall-ghluaiste ná beidh ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí i bhfeidhm ina taobh d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair.
(2) Féadfaidh an tAire Oideachais, más deimhin leis gá do bheith le socrú speisialta i dtaobh leanbhaí do thabhairt go scoil áirithe, ceadúnas do dheonadh d'únaer feithicle inneall-ghluaiste á cheadúnú dho an fheithicil sin d'úsáid chun leanbhaí do thabhairt go dtí an scoil sin ar luach saothair, agus faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm ní bheidh an fheithicil inneallghluaiste sin ina feithicil sheirbhíse puiblí do réir bhrí an Achta so de bhíthin í bheith á húsáid fén gceadúnas san agus dá réir chun leanbhaí do thabhairt go dtí an scoil sin agus uaithi ar luach saothair agus dá bhíthin sin amháin.
(3) I gcás—
(a) únaera feithicle inneall-ghluaiste d'iarraidh ar oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort an cead san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo do thabhairt amach do, agus
(b) gur deimhin leis an oifigeach san gur deallrathach tionól den phuiblíocht do bheith ag teagmhas a bheidh le teacht agus, ag féachaint do sna saoráidí bhíonn ar fáil ag an bpuiblíocht maidir le paisnéirí d'iompar go hionad an teagmhais sin agus ón ionad san agus d'aon tsaoráidí eile is féidir d'fháil i gcóir an iompair sin, gur deimhin leis gur gá no gur mhaith an rud é, do réir réasúin, an cead a bheidh á iarraidh amhlaidh do thabhairt amach, agus
(c) fógra cúig lá ar a laighead, i dtaobh an iarrartais ar an gcead san, do bheith tugtha ag an oifigeach san don Aire Tionnscail agus Tráchtála agus gan aon agóid, i gcoinnibh an cheada san do thabhairt amach, do bheith faighte aige ón Aire sin,
féadfaidh an t-oifigeach san cead do thabhairt don únaer san á cheadú dho an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair lá áirithe o áit áirithe go hionad an teagmhais sin agus ón ionad san thar n-ais go háit áirithe ach san fé réir pé coinníollacha agus teoranta is dóich leis an oifigeach san is ceart a luadh sa chead san, agus leis sin ní bheidh an fheithicil sin ina feithicil sheirbhíse puiblí do réir bhrí agus chun críche an Achta so de bhíthin í d'úsáid chun paisnéirí d'iompar fén gcead san agus do réir an cheada san agus dá bhíthin sin amháin.
(4) I gcas feithicle inneall-ghluaiste d'úsáid chun ochtar daoine no níos mó ná beidh ar fostú ag únaer na feithicle sin d'iompar tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, na daoine sin do bheith á n-iompar ar luach saothair ar an bhfeithicil sin.
(5) Pé uair a déanfar feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair contrárdha don alt so beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén alt so agus, mara gcruthuighidh tiománaí na feithicle sin nárbh eol do gan ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do bheith i bhfeidhm an uair sin maidir leis an bhfeithicil sin beidh seisean ciontach i gcionta fén alt so freisin.
(6) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Pionós mar gheall ar fheithicil sheirbhíse puiblí d'úsáid agus í lochtach.
94.—Pé uair a déanfar feithicil sheirbhíse puiblí d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair agus í ar a leithéid sin de riocht go bhfuil sí neamh-infheadhma no nea-shábhálta no neamhoiriúnach ar shlí eile chun paisnéirí d'iompar no, toisc í bheith i ndroch-threo no nea-ghlan no toisc aon chúise eile, go bhfuil sí neamh-oiriúnach i gcóir paisnéirí, beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
Plátaí feithicle do thabhairt amach.
95.—(1) Pé uair a dheonfaidh an Coimisinéir ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí déanfaidh, ar an gceadúnaí d'íoc na suime sin leis a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, pláta miotail (dá ngairmtear pláta feithicle sa Chuid seo den Acht so) den phátrún orduithe do thabhairt amach don cheadúnaí sin agus sreath-uimhir an cheadúnais sin agus na focail, na litreacha, na huimhreacha, agus na comharthaí orduithe marcálta ar an bpláta san sa tslí orduithe.
(2) Pé uair is deimhin leis an gCoimisinéir go ndearnadh pláta feithicle do chailliúint, do dhíthiú no do bhriseadh no go bhfuil san agha-loitithe chó mór san de dhruim úsáide no díobhála go bhfuil an tsreath-uimhir no gach ceann no aon cheann de sna litreacha, de sna focail, de sna huimhreacha, agus de sna comharthaí is gá, do réir an ailt seo, do bheith marcálta air scriosta dhe no do-léighte, déanfaidh an Coimisinéir, ar iarratas únaera na feithicle le n-a mbaineann an pláta feithicle sin agus ar an bpláta feithicle sin (mara mbeidh sé caillte no díthithe) do sheachadadh don Choimisinéir agus ar an únaer san d'íoc na suime sin leis an gCoimisinéir a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, déanfaidh pláta feithicle nua do thabhairt amach don únaer san.
(3) Pé uair a scuirfidh ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí de bheith i bhfeidhm déanfaidh an ceadúnaí, laistigh de thrí lá tar éis an scurtha san, an pláta feithicle do tugadh amach alos an cheadúnais sin do sheachadadh don Choimisinéir.
(4) Má thárlann do dhuine ar bith, ar a gceangailtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so pláta feithicle do sheachadadh don Choimisinéir, go dteipfidh air san do dhéanamh no go dtabharfaidh faillí ina dhéanamh laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an bhfo-alt san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.
E d'oblagáid plátaí feithicle d'iompar ar fheithiclí seirbhíse puiblí.
96.—(1) Déanfar an pláta feithicle do bhéarfar amach fén gCuid seo den Acht so alos feithicle seirbhíse puiblí do cheangal den fheithicil sin san áit agus sa tslí orduithe agus iomprófar é i gcomhnaí agus é ceangailte amhlaidh nuair a bheidh an fheithicil sin á húsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair.
(2) Má deintear feithicil sheirbhíse puiblí d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair gan pláta feithicle ar n-a thabhairt amach fén gCuid seo den Acht so alos na feithicle sin do bheith ceangailte dhi san áit agus sa tslí orduithe no gus an pláta feithicle sin ceangailte dhi ach é agha-loitithe chó mór san no é chó doiléir sin go mbeidh an tsreath-uimhir no gach ceann no aon cheann de sna litreacha, de sna focail, de sna huimhreacha, agus de sna comharthaí is gá, do réir an Achta so, do bheith marcálta air scriosta dhe no do-léighte, beidh únaer na feithicle sin agus fós tiománaí na feithicle sin ciontach, gach duine acu ar leithligh, i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Feithiclí ceadúnuithe seirbhíse puiblí d'iniúchadh go tréimhsiúil.
97.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir a chur fé ndeár, aon uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, aon fheithicil cheadúnuithe sheirbhíse puiblí (agus feistisí agus gleasadh na feithicle sin d'áireamh) do chur fé iniúchadh agus fé scrúdú ag ball den Ghárda Síochána no ag duine eile bheidh, dar leis an gCoimisinéir, cáilithe go cuibhe chun an iniúchta agus an scrúduithe sin do dhéanamh agus déanfaidh an Coimisinéir a chur fé ndeár gach feithicil den tsórt san do chur fé iniúchadh agus fé scrúdú amhlaidh uair sa bhliain ar a laighead.
(2) Pé uair a bheidh an Coimisinéir ar aigne feithicil cheadúnuithe sheirbhíse puiblí do chur á hiniúchadh agus á scrúdú fén alt so, déanfaidh, tré fhógra i scríbhinn a seirbheálfar tríd an bpost no ar shlí eile ar únaer na feithicle sin, am (nách túisce ná ceithre lá déag tar éis an fhógra san do sheirbheáil) agus áit do cheapadh i gcóir an iniúchta agus an scrúduithe sin agus a cheangal ar an únaer san an fheithicil sin do thabhairt i láthair i gcóir an iniúchta agus an scrúduithe sin san am agus san áit sin.
(3) Pé uair a gheobhaidh ball den Ghárda Síochána no duine eile bheidh ag iniúchadh feithicle seirbhíse puiblí fén alt so amach go bhfuil an fheithicil sin toisc réasúin ar bith neamh-oiriúnach chun paisnéirí d'iompar no neamh-oiriúnach ina gcóir, féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána a thoirmeasc i scríbhinn an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair go dtí go mbeidh gach locht a thaisbeánfaidh seisean leighiste, agus féadfaidh, más dóich leis san do bheith ceart, an pláta feithicle bheidh tugtha amach fén gCuid seo den Acht so alos na feithicle sin do thógaint den fheithicil sin agus féadfaidh an pláta feithicle sin do choimeád go dtí go mbeidh na lochta san leighiste.
(4) Má thárlann d'aon únaer feithicle ceadúnuithe seirbhíse puiblí ar a seirbheálfar fógra fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so alos na feithicle sin é do theip air an fheithicil sin do thabhairt i láthair san am agus san áit a bheidh ceaptha leis an bhfógra san no, tar éis do an fheithicil sin do thabhairt i láthair amhlaidh, bac no cosc do chur le hiniúchadh no le scrúdú na feithicle sin san áit sin fén alt so, no an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair contrárdha do thoirmeasc i scríbhinn ar n-a dhéanamh ag ball den Ghárda Síochána fén alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Feithiclí ceadúnuithe seirbhíse puiblí d'iniúchadh o am go ham.
98.—(1) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh, aon am agus in aon áit, ar aon fheithicil sheirbhíse puiblí (agus feistisí agus gléasadh na feithicle sin d'áireamh), go mbeidh amhras réasúnta aige í do bheith chó lochtach san go bhfuil sí neamh-oiriúnach chun paisnéirí d'iompar, agus chuige sin féadfaidh gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—
(a) dul isteach in aon áit ina mbeidh an fheithicil sin;
(b) má bhíonn an fheithicil sin ag gluaiseacht, a éileamh go stopfaí an fheithicil sin;
(c) a cheangal ar thiománaí na feithicle sin an fheithicil sin do thiomáint láithreach go háit chaothúil a luadhfaidh an ball san i gcóir an iniúchta agus an scrúduithe sin;
(d) a cheangal ar dhaoine sa bhfeithicil sin teacht amach aisti.
(2) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána bheidh tar éis feithicle seirbhíse puiblí d'iniúchadh agus do scrúdú fén alt so gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—
(a) a thoirmeasc an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair go dtí go mbeidh lochtaí thaisbeánfaidh seisean leighiste no (i gcás tiománaí no únaera na feithicle sin á iarraidh san) go dtí go ndéanfar an fheithicil sin d'iniúchadh no do scrúdú níos mion-chúramaí;
(b) a thoirmeasc an fheithicil sin d'aistriú le n-a comhacht féin go dtí go mbeidh lochtaí thaisbeánfaidh seisean leighiste;
(c) a cheangal ar únaer no ar thiománaí na feithicle sin an fheithicil sin do chur fé iniúchadh agus fé scrúdú eile, a bheidh níos mion-chúramaí, in am agus in áit a luadhfaidh an ball san agus, chuige sin, a cheangal ar an únaer no ar an tiománaí sin a chur ré ndeár an fheithicil sin do thabhairt chun na háite sin an t-am a bheidh luaidhte amhlaidh.
(3) Gach duine—
(a) a chuirfidh bac le ball den Ghárda Síochána no chuirfidh isteach air agus é ag feidhmiú comhachta ar bith a bronntar leis an alt so, no
(b) is tiománaí feithicle seirbhíse puiblí ag gluaiseacht, agus go dteipfidh air an fheithicil sin do stop nuair a cheanglóidh ball den Ghárda Síochána air fén alt so í do stop, no
(c) is únaer no tiománaí feithicle seirbhíse puiblí, agus go dteipfidh air déanamh do réir aon treorach do bhéarfaidh no do réir aon éilimh a dhéanfaidh ball den Ghárda Síochána fén alt so i dtaobh na feithicle sin, no
(d) a dhéanfaidh aon ghníomh is sárú ar thoirmeasc ar n-a thabhairt amach ag ball den Ghárda Síochána fén alt so,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Comhachta ghabhann le hiniúchadh agus scrúdú.
99.—Pé uair a bheidh údarás ag duine ar bith no bheidh sé de cheangal air, do réir na Coda so den Acht so no fúithi, feithicil sheirbhíse puiblí d'iniúchadh agus do scrúdú beidh an duine sin i dteideal gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, mar chuid den iniúchadh agus den scrúdú san, sé sin le rá :—
(a) an fheithicil sin do thiomáint ar feadh ama réasúnta agus faid slí réasúnta;
(b) a cheangal ar an té bheidh i gcúram na feithicle sin an fheithicil sin do thiomáint ar feadh ama réasúnta agus faid slí réasúnta i pé treo agus slí agus ar pé luas ordóidh neach déanta an iniúchta agus an scrúduithe sin;
(c) taisteal sa bhfeithicil sin agus í á tiomáint do réir an orduithe sin uaidh;
(d) oibriú agus éifeachtúlacht meaisínteachta, feistisí agus fearais na feithicle sin do thástáil.
Cúirt do cheiliúradh ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí.
100.—(1) Pé uair a déanfar duine is sealbhóir ar cheadúnas no ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí do chiontú i gcoir no i gcionta ar bith fhágann é, dar leis an gcúirt a chiontóidh é amhlaidh, gan bheith oiriúnach chun ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí do bheith aige, féadfaidh an chúirt sin gach ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí bheidh ag an duine sin an uair sin do cheiliúradh.
(2) Pé uair a cheiliúrfaidh cúirt fén alt so na ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí bheidh ag duine ciontuithe, déanfaidh clárathóir no cléireach no príomh-oifigeach eile na cúirte sin mioninnste an cheiliúrtha san do chur go dtí an Coimisinéir láithreach.
Ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí á cheiliúradh agus á chur ar fiunraoi ag an gCoimisinéir.
101.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do cheiliúradh ar iarratas an cheadúnaí.
(2) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith, uaidh féin, ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi in aghaidh pé tréimhse is dóich leis is ceart más deimhin leis i dtaobh an cheadúnais sin—
(a) go bhfuil an ceadúnaí, más duine aonair é, tar éis bháis no, más cólucht ionchorpruithe é, tar éis scurtha le breis agus ráithe roimhe sin agus ná dearnadh an ceadúnas san d'aistriú fén gCuid seo den Acht so chun duine ar bith eile, no
(b) go ndearnadh únaeracht na feithicle le n-a mbaineann an ceadúnas san d'aistriú tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí (seachas ar an gceadúnaí d'fháil bháis no do scur) ón gceadúnaí chun duine eile agus ná dearnadh an ceadúnas san d'aistriú fén gCuid seo den Acht so chun an duine eile sin, no
(c) go bhfuil an ceadúnaí tar éis scurtha de bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí do bheith aige, no
(d) go bhfuil an fheithicil le n-a mbaineann an ceadúnas san gan bheith a thuilleadh do réir na rialachán maidir le déanamh agus gléasadh feithiclí inneall-ghluaiste a bhaineann leis an bhfeithicil sin, no
(e) go bhfuil an fheithicil sin in a leithéid sin de riocht go bhfuil sí neamh-infheadhma no nea-shábhálta no neamhoiriúnach ar shlí eile i gcóir paisnéirí no chun úsáide paisnéirí.
(3) Pé uair a dhéanfaidh an Coimisinéir, uaidh féin, ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi fén alt so déanfaidh láithreach a chur fé ndeár fógra i scríbhinn i dtaobh an cheiliúrtha no an chur-ar-fiunraoi sin do sheirbheáil tríd an bpost no ar shlí eile ar an gceadúnaí, ach ní bheidh an ceiliúradh no an cur-ar-fiunraoi sin gan bhrí de dhruim é do theip ar an gCoimisinéir an fógra san do sheirbheáil no de dhruim aon earráide no nea-chruinnis do bheith sa bhfógra san.
Athchomharc i gcoinnibh ceadúnais do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi.
102.—(1) Pé uair a dhéanfaidh an Coimisinéir ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí do cheiliúradh ar shlí (seachas ar iarratas an cheadúnaí) no do chur ar fiunraoi, féadfaidh an duine ba cheadúnaí fén gceadúnas san díreach roimh an gceiliúradh no an cur-ar-fiunraoi sin athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an cheiliúrtha no an chur-ar-fiunraoi sin (pe'ca aca é) chun an Bhreithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an duine sin de ghnáth i gcás an cheiliúrtha no an chur-ar fiunraoi sin do dhéanamh ar an scór go raibh an ceadúnaí tar éis scurtha de bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí do bheith aige agus chun an Aire i ngach cás eile, agus ar éisteacht an athchomhairc sin féadfaidh an Breitheamh no an tAire (do réir mar bheidh), fé mar is dóich leis is ceart, féadfaidh, i gcás ceiliúrtha, an ceiliúradh san do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí no pé tréimhse fiunraíochta is dóich leis is ceart do chur ina ionad no, i gcás cur-ar-fiunraoi, an cur-arfiunraoi sin do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí no a ré do chiorrú agus, pé breith do bhéarfaidh ar an athchomharc san, cuirfidh fé ndeár fógra i dtaobh na breithe sin do thabhairt don Choimisinéir láithreach.
(2) An bhreith do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche no an tAire (do réir mar bheidh) ar athchomharc fén alt so beidh sí ina breith ná beidh dul tháirsi.
E de dhualgas ar an gceadúnaí a sheoladh nua do chur in úil.
103.—(1) Pé uair agus chó minic is atharóidh sealbhóir ceadúnais fheithicle seirbhíse puiblí a sheoladh déanfaidh, laistigh de cheithre lá tar éis do a sheoladh d'atharú, an ceadúnas san do chur chun an Choimisineura maraon le fógra i scríbhinn á rá go bhfuil sé tar éis a sheolta d'atharú agus á innsint cé'n seoladh nua atá aige.
(2) Ar an gCoimisinéir d'fháil cheadúnais fheithicle seirbhíse puiblí maraon le fógra i dtaobh atharú seolta, ar n-a gcur chuige do réir an ailt seo, cuirfidh fé ndeár an t-atharú seolta san do chur ar breacadh sa chlár de cheadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí agus cuirfidh fé ndeár, freisin, an t-atharú seolta san do chur ar an gceadúnas san agus an ceadúnas san do chur thar n-ais chun a shealbhóra.
(3) Má thárlann do shealbhóir cheadúnais fheithicle seirbhíse puiblí, ar aon ócáid gur gá dho do réir an ailt seo an ceadúnas san aige agus fógra i dtaobh atharú a sheolta do chur chun an Choimisineura, go dteipfidh air déanamh amhlaidh no go dtabharfaidh faillí i ndéanamh amhlaidh, laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an alt so, beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Ceadúnaisí tiománaithe.
104.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas tiománaí san Acht so), chun feithicle seirbhíse puiblí do thiomáint, do dheonadh do dhuine ar bith—
(a) a iarrfaidh an ceadúnas san ar an gCoimisinéir, agus
(b) ag á mbeidh ceadúnas tiomána bheidh i bhfeidhm an uair sin, agus
(c) ag á mbeidh deimhniú inniúlachta ar n-a thabhairt amach do mí ar a mhéid roimh dháta iarrtha an cheadúnais sin, agus
(d) a chuirfidh ina luighe ar an gCoimisinéir gur duine ceart oiriúnach é chun ceadúnais tiománaí do bheith aige.
(2) I gcás duine bheidh ag iarraidh ceadúnais tiománaí ar an gCoimisinéir fén alt so do chur ina luighe ar an gCoimisinéir go bhfuil aige no go raibh aige roimhe sin ceadúnas tiománaí do deonadh fén alt so, féadfaidh an Coimisinéir, más oiriúnach leis é, déanamh d'éamuis na hoblagáide cuirtear ar an duine sin leis an alt so agus gur gá dho dá réir deimhniú inniúlachta do bheith aige.
(3) Maidir le gach ceadúnas tiománaí—
(a) beidh sé i pé fuirm ordóidh an Coimisinéir, agus
(b) beidh sreath-uimhir ar leithligh air chun é d'aithint, agus
(c) i gcás deimhniú inniúlachta chun feithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomáint do bheith ag an duine dá ndeonfar an ceadúnas san, déarfaidh agus déanfaidh an ceadúnas san a cheadúnú don duine sin feithicil sheirbhíse puiblí de shaghas ar bith do thiomáint, agus
(d) i gcás gan ach deimhniú inniúlachta chun feithicil bheag sheirbhíse puiblí do thiomáint do bheith ag duine dá ndeonfar an ceadúnas san, déarfaidh agus déanfaidh an ceadúnas san a cheadúnú don duine sin feithicil bheag sheirbhíse puiblí, agus san amháin, do thiomáint.
(4) Ní saoradh do dhuine o n-a bheith air déanamh do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le ceadúnaisí tiomána ceadúnas tiomána do bheith aige.
(5) Sa chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “tiománaí ceadúnuithe” duine is sealbhóir ar cheadúnas tiománaí do deonadh do agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
Ceadúnaisí fear stiúrtha.
105.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas fir stiúrtha san Acht so), chun gníomhú mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí, do dheonadh do dhuine ar bith—
(a) a iarrfaidh an ceadúnas san ar an gCoimisinéir, agus
(b) a chuirfidh ina luighe ar an gCoimisinéir go bhfuil ocht mbliana déag slán aige, agus
(c) a chuirfidh ina luighe ar an gCoimisinéir gur duine ceart oiriúnach é chun bheith mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí.
(2) Maidir le gach ceadúnas fir stiúrtha—
(a) beidh sé i pé fuirm ordóidh an Coimisinéir, agus
(b) beidh sreath-uimhir ar leithligh air chun é d'aithint, agus
(c) déarfaidh agus déanfaidh a cheadúnú don duine dá ndeonfar é gníomhú mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí.
(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “fear stiúrtha ceadúnuithe” duine is sealbhóir ar cheadúnas fir stiúrtha do deonadh do agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
Athchomharc i gcoinnibh diúltuithe maidir le ceadúnas tiománaí no fir stiúrtha do dheonadh.
106.—(1) Pé uair a dhiúltóidh an Coimisinéir do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas tiománaí do dheonadh no ar cheadúnas fir stiúrtha do dheonadh, féadfaidh neach déanta an iarratais sin athchomharc do dhéanamh, i gcoinnibh an diúltuithe sin, chun an Bhreithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an duine sin de ghnáth, agus ar éisteacht an athchomhairc sin do féadfaidh an Breitheamh san, fé mar is dóich leis is ceart, an diúltú san do dhaingniú no a ordú don Choimisinéir an ceadúnas do dheonadh dá mbeidh diúltuithe aige.
(2) Pé uair éistfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche athchomharc fén alt so cuirfidh fé ndeár fógra i dtaobh a bhreithe ar an athchomharc san do thabhairt láithreach don Choimisinéir, agus beidh sé de dhualgas ar an gCoimisinéir déanamh do réir na breithe sin sa mhéid go n-ordóidh do ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha do dheonadh.
(3) An bhreith do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche ar athchomharc fén alt so beidh sí ina breith ná beidh dul tháirsi.
Ceadúnas tiománaí no fir stiúrtha d'athnuachaint.
107.—(1) Déanfaidh an Coimisinéir, ar iarratas an té is sealbhóir ar cheadúnas tiománaí no ar cheadúnas fir stiúrtha bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus ar an táille bhliantúil d'íoc leis is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an cheadúnais sin, an ceadúnas san d'athnuachaint ón dáta ar a raghadh an ceadúnas san in éag mara ndeintí é d'athnuachaint amhlaidh.
(2) Ar iarratas duine ba shealbhóir ar cheadúnas tiománaí no ar cheadúnas fir stiúrtha bheidh, laistigh de mhí roimh an iarratas san, tar éis scurtha de bheith i bhfeidhm de bhíthin é do theip ar an duine sin an ceadúnas san d'athnuachaint fén alt so agus dá bhíthin sin amháin agus ar an táille bhliantúil d'íoc leis an gCoimisinéir is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an cheadúnais sin, féadfaidh an Coimisinéir, más oiriúnach leis é, an ceadúnas san d'athnuachaint o dháta an iarratais sin.
Ré cheadúnaisí tiománaithe agus cheadúnaisí fear stiúrtha.
108.—(1) Fanfaidh gach ceadúnas tiománaí agus gach ceadúnas fir stiúrtha i bhfeidhm, mara ndeintear no go dtí go ndéanfar é do thabhairt suas no do cheiliúradh fén gCuid seo den Acht so, ar feadh bliana o dháta a dheonta no ón dáta gur uaidh a rinneadh an athnuachaint dheiridh air (pe'ca aca é).
(2) Má deintear ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha do chur ar fiunraoi fén gCuid seo den Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—
(a) tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gan an ceadúnas san do bheith i bhfeidhm i rith na tréimhse gur ina haghaidh a cuirfear ar fiunraoi é amhlaidh;
(b) i gcás na tréimhse gur ina haghaidh a cuirfear an ceadúnas san ar fiunraoi amhlaidh do bheith caithte laistigh de bhliain ón dáta ar ar deonadh an ceadúnas san no ar a ndearnadh an athnuachaint dheiridh air (pe'ca aca é), scuirfidh an ceadúnas san de bheith i bhfeidhm i ndeireadh na bliana san mara ndeintear é d'athnuachaint roimhe sin;
(c) i gcás gur i ndeireadh na bliana san no dá éis sin a bheidh an tréimhse gur ina haghaidh a cuirfear an ceadúnas san ar fiunraoi amhlaidh caithte beidh an ceadúnas san ion-athnuachainte fén gCuid seo den Acht so ón am a bheidh an tréimhse fiunraíochta san caithte agus chuige sin tuigfear an ceadúnas san do bheith i bhfeidhm ar an tréimhse sin do bheith caithte.
Táillí bliantúla ar cheadúnaisí tiománaithe agus ar cheadúnaisí fear stiúrtha.
109.—(1) Íocfaidh gach tiománaí ceadúnuithe leis an gCoimisinéir, ar a cheadúnas tiománaí do dheonadh agus fós ar gach athnuachaint a déanfar ar an gceadúnas san, táille de pé méid a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid.
(2) Íocfaidh gach fear stiúrtha leis an gCoimisinéir, ar a cheadúnas fir stiúrtha do dheonadh agus fós ar gach athnuachaint a déanfar ar an gceadúnas san, táille de pé méid a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid.
Toirmeasc ar thiománaí neacheadúnuithe do thiomáint feithicle seirbhíse puiblí.
110.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomáint faid a bheidh an fheithicil sin á húsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair mara mbeidh ceadúnas tiománaí aige bheidh i bhfeidhm an uair sin á cheadúnú dho feithicil sheirbhíse puiblí d'aon tsaghas do thiomáint.
(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil bheag sheirbhíse puiblí do thiomáint faid a bheidh an fheithicil sin á húsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair mara mbeidh ceadúnas tiománaí aige bheidh i bhfeidhm an uair sin á cheadúnú dho feithicil sheirbhíse puiblí d'aon tsaghas do thiomáint no ceadúnas tiománaí bheidh i bhfeidhm an uair sin á cheadúnú dho feithicil bheag sheirbhíse puiblí agus san amháin do thiomáint.
(3) Má dheineann duine ar bith feithicil sheirbhíse puiblí do thiomáint contrárdha don alt so beidh an duine sin agus fós únaer na feithicle sin, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.
E d'oblagáid fear stiúrtha d'iompar i gcásanna áirithe.
111.—(1) Ní déanfar feithicil mhór sheirbhíse puiblí go gcóiríocht suidhte do bhreis agus ceithre dhuine dhéag de phaisnéirí fásta d'úsáid mar omnibus maran rud é go mbeidh ar iompar uirthi fear stiúrtha ceadúnuithe agus é ag gníomhú mar fhear stiúrtha ar an bhfeithicil sin no go mbeidh an fheithicil sin á húsáid mar omnibus gan an fear stiúrtha san fé chead agus do réir cheada ar n-a thabhairt amach chuige sin ag an gCoimisinéir fén alt so.
(2) Féadfaidh an Coimisinéir, más oiriúnach leis é ar iarratas an té is únaer ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí go gcóiríocht suidhte do bhreis agus ceithre phaisnéir déag, cead do thabhairt amach don únaer sin, agus san d'athnuachaint no do cheiliúradh tráth ar bith, á cheadú dho an fheithicil sin d'úsáid mar omnibus ar sheirbhís áirithe no chun críche áirithe gan an tiománaí sin a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bheith ar iompar uirthi, agus féadfaidh a rá sa chead san ná baineann ach le hócáid áirithe no le tréimhse áirithe agus féadfaidh pé coinníollacha do chur leis an gcead san is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh ann.
(3) Má deintear feithicil mhór sheirbhíse puiblí go gcóiríocht suidhte do bhreis agus ceithre dhuine dhéag de phaisnéirí fásta d'úsáid contrárdha don alt so beidh ceadúnaí na feithicle sin agus fós a tiománaí, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
Toirmeasc ar fhear stiúrtha neacheadúnuithe do stiúradh feithicle seirbhíse puiblí.
112.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith nách fear stiúrtha ceadúnuithe gníomhú mar fhear stiúrtha ar fheithicil sheirbhíse puiblí faid a bheidh an fheithicil sin á húsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair.
(2) Má ghníomhuíonn duine ar bith mar fhear stiúrtha ar fheithicil sheirbhíse puiblí contrárdha don alt so beidh an duine sin agus fós ceadúnaí na feithicle sin, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
(3) Ní bheidh sé nea-dhleathach, de dhruim éinní san alt so, do thiománaí feithicle seirbhíse puiblí, nách feithicil ’na mbeidh sé oblagáideach fén gCuid seo den Acht so fear stiúrtha d'iompar uirthi, gníomhú mar fhear stiúrtha ar an bhfeithicil sin chó maith le gníomhú mar a tiománaí cé nách fear stiúrtha ceadúnuithe é.
Suaitheantaisí tiománaithe agus suaitheantaisí fear stiúrtha do thabhairt amach.
113.—(1) Pé uair a dheonfaidh an Coimisinéir ceadúnas tiománaí do dhuine ar bith déanfaidh, ar an duine sin d'íoc na suime sin leis a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, suaitheantas miotail (dá ngairmtear suaitheantas tiománaí sa Chuid seo den Acht so) de pé pátrún ordóidh an Coimisinéir do thabhairt amach don duine sin agus sreath-uimhir agus pé focail, litreacha, uimhreacha, agus comharthaí ordóidh an Coimisinéir marcálta ar an suaitheantas san.
(2) Pé uair a dheonfaidh an Coimisinéir ceadúnas fir stiúrtha do dhuine ar bith, déanfaidh, ar an duine sin d'íoc na suime sin leis a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, suaitheantas miotail (dá ngairmtear suaitheantas fir stiúrtha sa Chuid seo den Acht so) de pé pátrún ordóidh an Coimisinéir do thabhairt amach don duine sin agus sreath-uimhir agus pé focail, litreacha, uimhreacha, agus comharthaí ordóidh an Coimisinéir marcálta ar an suaitheantas san.
(3) Pé uair is deimhin leis an gCoimisinéir go ndearnadh suaitheantas tiománaí no suaitheantas fir stiúrtha do chailliúint, do dhíthiú no do bhriseadh no go bhfuil san agha-loitithe de dhruim úsáide no díobhála, déanfaidh an Coimisinéir, ar iarratas an duine dar tugadh amach an suaitheantas san agus ar an suaitheantas san (mara mbeidh sé caillte no díthithe) do sheachadadh don Choimisinéir agus ar an duine sin d'íoc na suime sin leis an gCoimisinéir a bheidh ceaptha o am go ham le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, déanfaidh suaitheantas nua do thabhairt amach don duine sin.
(4) Pé uair a ceiliúrfar ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha no a raghaidh san in éag, déanfaidh an duine dar tugadh amach an ceadúnas san, déanfaidh laistigh de thrí lá, no (i gcás an cheadúnais sin do dhul in éag toisc an duine sin d'fháil bháis) déanfaidh ionadaí pearsanta an duine sin laistigh de mhí, tar éis ceiliúrtha an cheadúnais sin no tar éis do dul in éag (pe'ca aca é) an suaitheantas tiománaí no an suaitheantas fir stiúrtha (pe'ca aca é) do tugadh amach don duine sin fén gCuid seo den Acht so do sheachadadh don Choimisinéir.
(5) Má thárlann do dhuine ar bith ar a gceangailtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so suaitheantas tiománaí no suaitheantas fir stiúrtha do sheachadadh don Choimisinéir go dteipfidh air san do dhéanamh no go dtabharfaidh faillí ina dhéanamh laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an bhfo-alt san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.
E d'oblagáid ar thiománaithe agus ar fhir stiúrtha suaitheantaisí do thaitheamh.
114.—(1) Déanfaidh gach tiománaí ceadúnuithe gach tráth, faid a bheidh sé ag tiomáint feithicle seirbhíse puiblí no ag gníomhú mar thiománaí feithicle seirbhíse puiblí, an suaitheantas tiománaí bheidh tugtha amach do fén gCuid seo den Acht so do chaitheamh ar pé slí ordóidh an Coimisinéir.
(2) Déanfaidh gach fear stiúrtha ceadúnuithe gach tráth, faid a bheidh sé ag gníomhú mar fhear stiúrtha ar fheithicil sheirbhíse puiblí, an suaitheantas fir stiúrtha bheidh tugtha amach do fén gCuid seo den Acht so do chaitheamh ar pé slí ordóidh an Coimisinéir.
(3) Gach duine—
(a) is tiománaí ceadúnuithe agus a thiománfaidh feithicil sheirbhíse puiblí no ghníomhóidh mar thiománaí feithicle seirbhíse puiblí gan an suaitheantas tiománaí bheidh tugtha amach do fén gCuid seo den Acht so do bheith á chaitheamh aige do réir an ailt seo, no
(b) is fear stiúrtha ceadúnuithe agus a ghníomhóidh mar fhear stiúrtha ar fheithicil sheirbhíse puiblí gan an suaitheantas fir stiúrtha bheidh tugtha amach do fén gCuid seo den Acht so do bheith á chaitheamh aige do réir an ailt seo,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Ceadúnaisí tiománaithe agus ceadúnaisí fear stiúrtha á gceiliúradh agus á gcur ar fiunraoi ag an gCoimisinéir.
115.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha do cheiliúradh ar iarratas a shealbhóra.
(2) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith, uaidh féin, ceadúnas tiománaí do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi in aghaidh pé tréimhse is dóich leis is ceart más deimhin leis go bhfuil sealbhóir an cheadúnais sin tar éis scurtha de bheith i seilbh cheadúnais tiomána atá i bhfeidhm de thurus na huaire no go bhfuil an sealbhóir sin tar éis scurtha de bheith ina duine cheart oiriúnach chun ceadúnais tiománaí do bheith aige.
(3) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith, uaidh féin, ceadúnas fir stiúrtha do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi in aghaidh pé tréimhse is dóich leis is ceart más deimhin leis go bhfuil sealbhóir an cheadúnais sin tar éis scurtha de bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun bheith mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí.
(4) Pé uair a dhéanfaidh an Coimisinéir ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha do cheiliúradh (seachas ar iarratas sealbhóra an cheadúnais) no do chur ar fiunraoi, féadfaidh an duine ba shealbhóir ar an gceadúnas san díreach roimh an gceiliúradh no an cur-ar-fiunraoi sin athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an cheiliúrtha no an chur-ar-fiunraoi sin (pe'ca aca é) chun an Bhreithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an duine sin de ghnáth agus ar éisteacht an athchomhairc sin féadfaidh an Breitheamh san, fé mar is dóich leis is ceart, féadfaidh, i gcás ceiliúrtha, an ceiliúradh san do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí no pé tréimhse fiunraíochta is dóich leis is ceart do chur ina ionad no, i gcás cur-ar-fiunraoi, an cur-ar-fiunraoi sin do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí no a ré do chiorrú agus, pé breith do bhearfaidh ar an athchomharc san cuirfidh fé ndeár fógra i dtaobh na breithe sin do thabhairt don Choimisinéir láithreach.
(5) An bhreith do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche ar athchomharc fén alt so beidh sí ina breith ná beidh dul tháirsi.
Ceadúnaisí tiománaithe agus ceadúnaisí fear stiúrtha á gceiliúradh agus á gcur ar fiunraoi ag cúirt.
116.—(1) Pé uair a ciontófar tiománaí ceadúnuithe no fear stiúrtha ceadúnuithe i gcoir no i gcionta ar bith (agus cionta fén Acht so d'áireamh) féadfaidh an chúirt a chiontóidh an tiománaí no an fear stiúrtha san amhlaidh no gur ina láthair a ciontófar é amhlaidh, féadfaidh, más dóich leis an gcúirt sin san do bheith ceart, an ceadúnas tiománaí bheidh ag an tiománaí sin no an ceadúnas fir stiúrtha bheidh ag an bhfear stiúrtha san (pe'ca aca é) do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi in aghaidh pé tréimhse is dóich leis an gcúirt sin is ceart.
(2) Pé uair a dhéanfaidh cúirt ceadúnas tiománaí no ceadúnas fir stiúrtha do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi fén alt so, déanfaidh clárathóir no cléireach no príomh-oifigeach eile na cúirte sin mion-innste an cheiliúrtha san no an chur-ar-fiunraoi sin (pe'ca aca é) do chur go dtí an Coimisinéir láithreach agus ar a bhfáil san do cuirfidh an Coimisinéir fé ndeár fógra i scríbhinn i dtaobh an cheiliúrtha no an chur-ar-fiunraoi sin do chur tríd an bpost láithreach chun sealbhóra an cheadúnais sin.
E de dhualgas ar thiománaí no ar fhear stiúrtha cheadúnuithe a sheoladh nua do chur in úil.
117.—(1) Pé uair agus chó minic is atharóidh tiománaí ceadúnuithe no fear stiúrtha ceadúnuithe a sheoladh déanfaidh, laistigh de cheithre lá tar éis do a sheoladh d'atharú, a cheadúnas tiománaí no fir stiúrtha do chur chun an Choimisineura maraon le fógra i scríbhinn á rá go bhfuil sé tar éis a sheolta d'atharú agus á innsint cé'n seoladh nua atá aige.
(2) Ar an gCoimisinéir d'fháil cheadúnais tiománaí no fir stiúrtha maraon le fógra i dtaobh atharú seolta, ar n-a gcur chuige do réir an ailt seo, cuirfidh fé ndeár an t-atharú seolta san do chur ar breacadh sa chlár de cheadúnaisí tiománaí no sa chlár de cheadúnaisí fir stiúrtha (pe'ca aca is gá sa chás) agus cuirfidh fé ndeár, freisin, an t-atharú seolta san do chur ar an gceadúnas san agus an ceadúnas san do chur thar n-ais chun a shealbhóra.
(3) Má thárlann do thiománaí cheadúnuithe no do fhear stiúrtha cheadúnuithe, ar aon ócáid gur gá dho do réir an ailt seo a cheadúnas tiománaí no fir stiúrtha agus fógra i dtaobh atharú a sheolta do chur chun an Choimisineura, go dteipfidh air déanamh amhlaidh no go dtabharfaidh faillí i ndéanamh amhlaidh laistigh den am a ceaptar chuige sin leis an alt so, beidh an tiománaí no an fear stiúrtha san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Fo-dhlithe i dtaobh gluaiseacht feithiclí móra seirbhíse puiblí.
118.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh, maidir le haon líomatáiste áirithe, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) chun na n-áiteanna sa líomatáiste sin do cheapadh a féadfar d'úsáid mar áiteanna feithimh no áiteanna tosnuithe (dá ngairmtear áiteanna feithimh ceaptha san alt so) d'fheithiclí móra seirbhíse puiblí;
(b) chun an fhaid aimsire do cheapadh is ceaduithe do sna feithiclí sin fanúint sna háiteanna feithimh ceaptha san;
(c) chun an líon de sna feithiclí sin do cheapadh is ceaduithe bheith i ngach áit feithimh cheaptha fé leith den tsórt san;
(d) chun ordúlachta do chur i bhfeidhm in áiteanna feithimh ceaptha agus ag puíntí tosnuithe agus ar chúrsaí aon fheithiclí den tsórt san;
(e) chun áiteanna feithimh ceaptha áirithe do choinneáil chun úsáide na bhfeithiclí móra seirbhíse puiblí go léir a bhíonn ag taisteal ar chúrsaí áirithe agus chun a n-úsáide sin amháin,
(f) chun gach duine agus feithicil do dhúnadh amach o áiteanna feithimh ceaptha ach amháin na daoine agus na feithiclí gur chun a n-úsáide bheidh na háiteanna feithimh sin á gcoinneáil;
(g) chun a thoirmeasc ar fheithiclí móra seirbhíse puiblí aon áiteanna sa líomatáiste sin d'úsáid mar áiteanna feithimh no áiteanna tosnuithe ach amháin do réir na rialachán san;
(h) chun na bhfeithiclí sin do chosc ar feitheamh no ar stad do dhéanamh in áiteanna áirithe sa líomatáiste sin tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe;
(i) chun na bhfeithiclí sin do chosc ar phaisnéirí d'iompar o aon bhun-áit no áit feithimh in aon áit áirithe sa líomatáiste sin tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe;
(j) chun na bpuíntí laistigh den líomatáiste sin (seachas áiteanna feithimh ceaptha) ’nar ceaduithe do sna feithiclí sin stad agus faide na haimsire is ceaduithe dhóibh stad chun paisnéirí do dhul isteach ionta no do theacht amach asta do cheapadh, agus chun na bhfeithiclí sin do chosc ar stad chun na gcrícheanna san ach amháin ag na puíntí sin ná níos sia ná an aimsir a bheidh ceaptha amhlaidh.
(2) Féadfar fo-dhlithe deifriúla do dhéanamh fén alt so maidir le saghsanna deifriúla feithiclí móra seirbhíse puiblí ach ní déanfar aon idirdhealú sna fo-dhlithe sin idir feithiclí móra seirbhíse puiblí den aon chineál amháin is le daoine deifriúla.
(3) Pé uair a déanfar feithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomaínt no do stop, no d'úsáid ar shlí eile, contrárdha d'fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so, beidh únaer na feithicle sin agus fós a tiománaí, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(4) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so agus nách cionta fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(5) Más rud é go gcúiseofar duine i gcionta fé fho-alt (3) den alt so agus gurb é an duine sin is únaer na feithicle gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú ná raibh ag tiománaí na feithicle sin, ar an ócáid ar a n-abartar do rinneadh an cionta san, údarás ón únaer chun na feithicle sin do thiomáint in aon chor ar an ócáid sin, no gur contrárdha d'orduithe soiléire an únaera san do rinne sé an gníomh go n-abartar gurab é an cionta san é.
(6) I gcás duine cúiseofar i gcionta fé fho-alt (3) den alt so do bheith, ar an ócáid ar a n-abartar do rinneadh an cionta san, mar sheirbhíseach d'únaer na feithicle gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú gur ag géilleadh d'orduithe soiléire an únaera san a bhí sé nuair do bhí sé ag gníomhú sa tslí go n-abartar gurab é an cionta san é.
Gan omnibusanna do dhul ach ar bhóithre ceaduithe.
119.—Féadfaidh an tAire aon bhóthar áirithe do cheadú mar bhóthar ar a bhféadfar feithiclí móra seirbhíse puiblí no aon chineál áirithe de sna feithiclí sin d'úsáid mar omnibusanna agus féadfaidh pé coinníollacha is oiriúnach leis, maidir le húsáid an bhóthair sin, do chur leis an gceadú san.
(2) Sara ndeinidh an tAire aon bhóthar áirithe do cheadú fén bhfo-alt san roimhe seo raghaidh i gcomhairle leis an gCoimisinéir agus fós le suirbhéir contae gach contae tré n-a dtéigheann an bóthar san, le comhairle gach contae-bhuirge, buirge agus bailecheanntair tré n-a dtéigheann an bóthar san, agus le baile-choimisinéirí gach baile tré n-a dtéigheann an bóthar san, agus breithneoidh aon chúiseanna phléidhfidh na daoine agus na cóluchtaí sin leis i dtaobh an cheaduithe bheartuithe sin.
(3) Aon bhóthar is cuid de chúrsa ar a mbeidh sé údaruithe, le linn tosach feidhme an ailt seo, do dhuine ar bith, le ceadúnas ar n-a thabhairt amach fén Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932), bóthar-sheirbhís do phaisnéirí is seirbhís omnibusanna do bheith ar siúl aige, tuigfear gur bóthar é bheidh ceaduithe ag an Aire fén alt so mar bhóthar ar a bhféadfar feithiclí móra seirbhíse puiblí d'úsáid mar omnibusanna.
(4) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadú bheidh tugtha aige no tuigfear a bheith tugtha aige fén alt so, alos bóthair ar bith, do tharrac siar no d'atharú, ach ní dhéanfaidh, gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, aon cheadú den tsórt san do tharrac siar no d'atharú alos bóthair a bheidh, de turus na huaire, ina chuid de chúrsa ar a mbeidh sé údaruithe do dhuine ar bith, le ceadúnas ar n-a thabhairt amach fén Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932), bóthar-sheirbhís do phaisnéirí is seirbhís omnibusanna do bheith ar siúl aige.
(5) Pé uair a déanfar feithicil mhór sheirbhíse puiblí d'úsáid mar omnibus ar bhóthar ná beidh ceaduithe no ná tuigfear a bheith ceaduithe, de thurus na huaire, ag an Aire fén alt so mar bhóthar ar a bhféadfar feithiclí móra seirbhíse puiblí i gcoitinne, no feithiclí móra seirbhíse puiblí de chineál le n-a mbaineann an chéad fheithicil sin a luaidhtear, d'úsáid mar omnibusanna, no pé uair a déanfar, ar bhóthar a bheidh ceaduithe amhlaidh de thurus na huaire, í d'úsáid amhlaidh i slí bheidh ina shárú ar choinníoll no ná beidh do réir choinníll a ghabhann leis an gceadú san, beidh únaer na feithicle sin (d'ainneoin aon cheadúnais no ceada ar n-a thabhairt amach fé Acht ar bith eile do bheith aige) ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghadh thar caoga púnt do chur air.
An teanga ina mbeidh fógraí puiblí agus ticéadaí omnibus.
120.—Sa mhéid gur féidir é beidh gach fógra puiblí i dtaobh turusanna in omnibus, agus gach ticéad cárta paisneura i gcóir turusanna in omnibus, clóbhuailte i nGaedhilg agus i mBéarla.
Teora le líon na bpaisnéirí.
121.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ní bheidh sé dleathach níos mó paisnéirí d'iompar in éineacht i bhfeithicil sheirbhíse puiblí ná an líon a luaidhtear, sa cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí bhaineann leis an bhfeithicil sin, mar an líon paisnéirí dá bhfuil cóiríocht phaisneura sa bhfeithicil sin.
(2) Féadfaidh an tAire, tré rialacháin do dhéanamh fén Acht so, a údarú go n-iomprófaí in éineacht, in aon fheithicil mhór sheirbhíse puiblí no in aon fheithicil den tsórt san is de chineál áirithe, líon teoranta de phaisnéirí de bhreis ar an líon do bheadh dleathach fén alt so mara mbeadh an t-údarú san, ach gan an líon breise sin d'iompar ach i gcásanna speisialta áirithe no ar ócáidí speisialta áirithe no i rith uaireanna áirithe.
(3) Pé uair a hiomprófar paisnéirí contrárdha don alt so i bhfeithicil sheirbhíse puiblí beidh únaer na feithicle sin agus fós fear stiúrtha na feithicle sin no, mara mbeidh aon fhear stiúrtha uirthi, tiománaí na feithicle sin, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.
(4) Más rud é go gcúiseofar duine i gcionta fén alt so agus gurb é an duine sin is únaer na feithicle gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú gur contrárdha d'orduithe soiléire do thug an t-únaer san uaidh do rinne fear stiúrtha na feithicle sin no, mara raibh aon fhear stiúrtha uirthi, tiománaí na feithicle sin, ar an ócáid ar a n-abartar do rinneadh an cionta san, an gníomh go n-abartar gurab é an cionta san é.
(5) I gcás duine cúiseofar i gcionta fén alt so do bheith, ar an ócáid ar a n-abartar do rinneadh an cionta san, mar fhear stiúrtha no mar thiománaí ar an bhfeithicil gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú gur ag géilleadh d'orduithe soiléire únaera na feithicle sin a bhí sé nuair do bhí sé ag gníomhú sa tslí go n-abartar gurab é an cionta san é.
Sos seachtainiúil do thiománaithe agus d'fhir stiúrtha.
122.—(1) Gach duine bheidh ar fostú mar thiománaí no mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí beidh sos seachtainiúil aige de cheithre huaire fichead a' chluig as a chéile, ar a laighead, i ngach tréimhse de sheacht lá, agus tuigfear ceart an duine sin chun an tsosa sheachtainiúla san do bheith ina théarma de théarmaí a fhostaíochta mar thiománaí no mar fhear stiúrtha (do réir mar bheidh) den tsórt san.
(2) Beidh gach fostóir ná tabharfaidh do gach duine bheidh ar fostú aige mar thiománaí no mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí an sos seachtainiúil chun a mbeidh teideal ag an duine sin fén alt so agus fós beidh gach duine bheidh ar fostú mar thiománaí no mar fhear stiúrtha ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí agus ná tógfaidh an sos seachtaintiúil chun a mbeidh teideal aige fén alt so, beidh gach n-aon acu san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Rialacháin i dtaobh conus Iompróidh paisnéirí, tiománaithe, agus fir stiúrtha iad féin.
123.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun na cuma do rialú agus do stiúradh ina ndéanfaidh paisnéirí i bhfeithiclí seirbhíse puiblí agus tiománaithe, fir stiúrtha, agus daoine eile ar fostú sna feithiclí sin no ina dtaobh iad féin d'iompar agus féadfar rialacháin deifriúla den tsórt san do dhéanamh amhlaidh alos cineálacha deifriúla de sna feithiclí sin agus alos earraí ceannuíochta, beartán, bagáiste paisnéirí agus ainmhithe d'iompar sna feithiclí sin no ortha.
(2) Féadfaidh rialacháin a déanfar fén alt so comhacht do bhronnadh ar an té is fear stiúrtha no, mara mbeidh aon fhear stiúrtha ann, ar an té is tiománaí ar fheithicil mhóir sheirbhíse puiblí, comhacht chun daoine, earraí ceannuíochta, beartán bagáiste, agus ainmhithe áirithe no aon cheann acu san do choimeád amach no do chur amach as an bhfeithicil sin i gcásanna áirithe no toisc réasún áirithe agus chun oiread fórsa agus is gá d'úsáid chuige sin.
(3) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so agus a bhaineann leis an duine sin beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(4) Féadfaidh an té is fear stiúrtha no (mara mbeidh aon fhear stiúrtha ann) an té is tiománaí ar fheithicil sheirbhíse puiblí, no féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána ar iarratas an fhir stiúrtha no an tiománaí sin, duine ar bith do chur amach as an bhfeithicil sheirbhíse puiblí sin (agus oiread fórsa agus is gá d'úsáid chuige sin) is duine bheidh tar éis ní do dhéanamh (tré ghníomh no tré fhaillí) sa bhfeithicil sin is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
(5) Má abrann an té is fear stiúrtha no (mara mbeidh aon fhear stiúrtha ann) an té is tiománaí ar fheithicil sheirbhíse puiblí no ball den Ghárda Síochána go ndearna an paisnéir sin ní (tré ghníomh no tré fhaillí) sa bhfeithicil sin is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so agus má éilíonn a ainm agus a sheoladh ar an bpaisnéir sin beidh sé de dhualgas ar an bpaisnéir sin a ainm agus a sheoladh do thabhairt don fhear stiúrtha no don tiománaí no don bhall san agus má theipeann ar an bpaisnéir sin déanamh amhlaidh no má thugann faillí i ndéanamh amhlaidh no má thugann ainm agus seoladh uaidh a bheidh bréagach no míthreorach beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(6) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin fén alt so i dtaobh feithiclí móra seirbhíse puiblí gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.
(7) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
E de dhualgas ar phaisnéirí táille d'íoc, etc.
124.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach paisnéir in omnibus, ar n-a iarraidh san air d'fhear stiúrtha no (mara mbeidh aon fhear stiúrtha ann) do thiománaí an omnibus san no d'aon chigire no duine eile go n-údarás chuige sin o cheadúnaí an omnibus san—
(a) a chur in úil don fhear stiúrtha, don tiománaí, don chigire, no don duine eile sin cadé an turus a bheidh tugtha ag an bpaisnéir sin no bheidh sé ar aigne a thabhairt san omnibus san agus cadé an áit ina dtáinig sé isteach san omnibus san;
(b) an táille in aghaidh an turuis iomláin a bheidh tugtha ag an bpaisnéir sin no bheidh sé ar aigne a thabhairt san omnibus san d'íoc agus an ticéad a bhaineann leis an táille sin do ghlacadh;
(c) an ticéad a bheidh tugtha don phaisnéir sin alos na táille sin do thaisbeáint don fhear stiúrtha, don tiománaí, don chigire, no don duine eile sin.
(2) Gach duine go dteipfidh air gníomh ar bith do dhéanamh no dhiúltóidh do ghníomh ar bith do dhéanamh go mbeidh sé de dhualgas air fén alt so é dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Pionós mar gheall ar dhamáiste dhéanamh d'fheithicil sheirbhíse puiblí.
125.—Gach duine dhéanfaidh, go toiliúil no go mailíseach, aon damáiste no díobháil d'fheithicil cheadúnuithe sheirbhíse puiblí beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus féadfaidh an chúirt a chiontóidh amhlaidh é a ordú dho íoc do dhéanamh le húnaer na feithicle sin sa tsuim sin a cheapfaidh an chúirt sin mar chúiteamh sa damáiste no sa díobháil sin agus sa mhéid aimsire bheidh caillte ag an únaer san agus ag tiománaí agus fear stiúrtha na feithicle sin no ag duine ar bith acu (fé mar is gá sa chás) ag freastal na cúirte sin.
Pionós mar gheall ar gan costas fostuithe no táille d'íoc.
126.—(1) Má dheineann duine ar bith diúltú no má thugann faillí maidir le híoc do dhéanamh le húnaer no le tiománaí no le fear stiúrtha feithicle ceadúnuithe seirbhíse puiblí in aon tsuim a bheidh, le ceart, dlite ar an duine sin ag an únaer san, no ag an tiománaí no ag an bhfear stiúrtha san thar ceann an únaera san, agus iníoctha ag an duine sin leis an gcéanna alos na feithicle sin d'fhostú beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear an pionós a luaidhtear anso ina dhiaidh seo do chur air.
(2) Má dheineann duine ar bith diúltú no má thugann faillí maidir le híoc do dhéanamh le tiománaí, no le fear stiúrtha (más ann do), feithicle móire seirbhíse puiblí in aon tsuim a bheidh, le ceart, dlite ar an duine sin ag an tiománaí sin no ag an bhfear stiúrtha san (pe'ca aca é) agus iníoctha ag an duine sin leis an gcéanna mar tháille alos an duine sin d'iompar sa bhfeithicil sin beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear an pionós a luaidhtear anso ina dhiaidh seo do chur air.
(3) Pé uair a dhéanfaidh únaer no tiománaí no fear stiúrtha feithicle ceadúnuithe seirbhíse puiblí a ghearán le ball den Ghárda Síochána go bhfuil cionta fén alt so á dhéanamh no déanta, maidir leis an únaer no an tiománaí no an fear stiúrtha san (pe'ca aca é), ag duine thaisbeánfaidh an t-únaer no an tiománaí no an fear stiúrtha san don bhall san, féadfaidh an ball san an duine taisbeánfar do amhlaidh do ghabháil gan barántas agus an duine sin do choinneáil go bhfuighidh bannaí go dtiocfaidh i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche.
(4) Gach duine ciontófar ar an slí achmair i gcionta fén alt so dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná mí agus fós féadfaidh an chúirt a ordú dho íoc do dhéanamh leis an únaer, leis an tiománaí, no leis an bhfear stiúrtha san (pe'ca aca é) sa tsuim gurb é a neamh-íoc an cionta agus i pé suim bhreise cheapfaidh an chúirt mar chúiteamh sa mhéid aimsire bheidh caillte ag an únaer, ag an tiománaí, no ag an bhfear stiúrtha san ag freastal na cúirte.
Maoin a fágfar i bhfeithiclí seirbhíse puiblí.
127.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir fo-dhlithe do dhéanamh, maidir le Saorstát Éireann ar fad no maidir le haon chuid áirithe dhe, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) chun a cheangal ar únaerí, ar thiománaithe, agus ar fhir stiúrtha feithiclí seirbhíse puiblí maoin a fhágfaidh paisnéirí sna feithiclí sin do chur i dtaisce in áit cheaptha laistigh d'aimsir áirithe;
(b) chun a shocrú go ndéanfar an mhaoin sin do choinneáil go sábhálta agus do thabhairt thar n-ais don mhuintir gur leo í;
(c) chun a shocrú go ndéanfar an mhaoin uile den tsórt san ná tabharfar thar n-ais don mhuintir gur leo í do chur de láimh agus, go sonnrách, chun socrú speisialta do dhéanamh i dtaobh aon mhaoine den tsórt san is ainmhí beo no is earra mheathtach no earra mhíthaithneamhach;
(d) chun a údarú táillí d'éileamh as an maoin sin do thabhairt thar n-ais don mhuintir gur leo í;
(e) chun a shocrú, le toiliú an Aire Airgid, conus a déanfar táillí, sochar díolacháin agus airgead eile do gheobhaidh an Coimisinéir alos na maoine sin do chur de láimh, le n-a n-áirmhítear luach saothair d'íoc as an airgead san le daoine chuirfidh an mhaoin sin i dtaisce do réir an ailt seo;
(f) chun saoirse o sna fo-dhlithe do thabhairt d'aon únaer áirithe no chun socrú speisialta eile do dhéanamh maidir le haon únaer áirithe feithiclí seirbhíse puiblí dhéanfaidh, dar leis an gCoimisinéir, socrú sásúil chun maoine fhágfaidh paisnéirí ina chuid feithiclí do choinneáil go sábhálta, do thabhairt thar n-ais agus do chur de láimh.
(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
An Coimisinéir do choimeád clár.
128.—(1) Cuirfidh an Coimisinéir fé ndeár na cláir seo leanas do bhunú agus do choimeád, sé sin le rá:—
(a) clár de sna ceadúnaisí feithicle seirbhíse puiblí bheidh deonta fén gCuid seo den Acht so; agus
(b) clár de sna ceadúnaisí tiománaithe bheidh deonta fén gCuid seo den Acht so; agus
(c) clár de sna ceadúnaisí fear stiúrtha bheidh deonta fén gCuid seo den Acht so; agus
(d) clár den mhaoin chaillte bheidh curtha i dtaisce leis an gCoimisinéir fén gCuid seo den Acht so.
(2) Gach clár a bheidh á choimeád do réir an ailt seo beidh sé sa bhfuirm sin ordóidh an Coimisinéir agus iontrálfar ann gach ní is gá do réir an Achta so a iontráil ann agus fós gach ní eile ordóidh an Coimisinéir.
(3) Iontrálfar i ngach clár de cheadúnaisí a bheidh á choimeád do réir an ailt seo seolta sealbhóirí fé seach na gceadúnas uile agus fé seach a bheidh cláruithe sa chlár san agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus fós gach atharú ar aon tseoladh den tsórt san a cuirfear in úil don Choimisinéir do réir na Coda so den Acht so.
(4) Aon fhógra no scríbhinn eile is gá do réir an Achta so no fé a chur tríd an bpost chun sealbhóra ceadúnais a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád fén alt so is fén seoladh bheidh iontrálta sa chlár san de thurus na huaire mar sheoladh an tsealbhóra san a cuirfear chun an tsealbhóra san amhlaidh é.
Cláir do bheith ina bhfianaise.
129.—(1) Déanfar gach clár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so do ghlacadh ina fhianaise, in aon imeachta dlí, gan a thuilleadh cruthúnais ar oifigeach den Ghárda Síochána dá thabhairt i láthair mar chlár den tsórt san.
(2) Gach scríbhinn do bhéarfaidh le tuiscint gur cóip í d'iontráil i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so agus do bhéarfaidh le tuiscint í bheith deimhnithe ag oifigeach den Ghárda Síochána mar chóip dhílis den iontráil sin, déanfar, gan cruthúnas ar shighniú an duine bheireann le tuiscint an deimhniú san do bheith á dhéanamh aige ná gurbh oifigeach den tsórt san é, í do ghlacadh ina fianaise in aon imeachta dlí agus tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, í do bheith ina cóip dhílis den iontráil sin agus í do bheith ina fianaise ar théarmaí na hiontrála san.
(3) Gach clár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so beidh sé le feiscint gach tráth réasúnta chun a-iniúchta ag duine ar bith ar íoc ná táille sin, nách mó ná scilling, a cheapfaidh an Coimisinéir o am go ham le toiliú an Aire.
(4) Beidh duine ar bith i dteideal cóip d'aon iontráil in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, agus an chóip sin deimhnithe i scríbhinn ag oifigeach den Ghárda Síochána mar chóip dhílis, d'fháil ón gCoimisinéir ar íoc na táille sin aisti, nách mó ná reul ar gach folio no cuid d'fholio de dhá fhocal sheachtód sa chóip sin, a cheapfaidh an Coimisinéir o am go ham le toiliú an Aire.
(5) Deimhniú bhéarfaidh le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh den Ghárda Síochána agus é bheith á dheimhniú, maidir le lá no laetheanta áirithe no maidir le hiomlán tréimhse áirithe—
(a) go raibh ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí i bhfeidhm alos feithicle áirithe seirbhíse puiblí, no
(b) ná raibh aon cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí i bhfeidhm alos feithicle áirithe seirbhíse puiblí, no
(c) go raibh duine áirithe ina shealbhóir (do réir mar bheidh) ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí bhí i bhfeidhm an uair sin no ar cheadúnas tiománaí bhí i bhfeidhm an uair sin no ar cheadúnas fir stiúrtha bhí i bhfeidhm an uair sin, no
(d) ná raibh duine áirithe ina shealbhóir (do réir mar bheidh) ar cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí no ar cheadúnas tiománaí no ar cheadúnas fir stiúrtha, no
(e) go raibh ceadúnas áirithe feithicle seirbhíse puiblí, ceadúnas áirithe tiománaí, no ceadúnas áirithe fir stiúrtha ceiliúrtha no ar fiunraoi,
beidh san, gan cruthúnas ar shighniú an duine bheireann le tuiscint a lámh do bheith leis an deimhniú san ná gurbh oifigeach den Ghárda Síochána é, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé nithe acu san adubhradh do bheirtear le tuiscint a bheith deimhnithe sa deimhniú san agus leis.
Ceadúnaisí do leanúint i bhfeidhm.
130.—(1) Gach ceadúnas ar n-a dheonadh fé alt 2 den Dublin Amended Carriage Act, 1854, chun feithicle, is feithicil sheirbhíse puiblí do réir bhrí an Achta so, do choimeád, do thiomáint, d'úsáid, no do chur ar tuarastal agus ar a mbeidh dáta lae is lá roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm le linn an tosach feidhme sin, leanfaidh i bhfeidhm (mara gceiliúrtar roimhe sin é) go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag tar éis an tosach feidhme sin agus raghaidh in éag ansan, agus faid a leanfaidh i bhfeidhm amhlaidh tuigfear chun gach críche é do bheith ina cheadúnas feithicle seirbhíse puiblí ar n-a dheonadh alos na feithicle sin fén gCuid seo den Acht so.
(2) Gach ceadúnas ar n-a dheonadh fé alt 52 den Dublin Carriage Act, 1853, chun gníomhú mar thiománaí carráiste tháille no carráiste aistir no carráiste pháigh, agus ar a mbéidh dáta lae is lá roimh thosach feidhme no Coda so den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm le linn an tosach feidhme sin, tuigfear go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag tar éis an tosach feidhme sin é do bheith ina cheadúnas tiománaí ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so i dteanta bheith ina cheadúnas tiománaí ar n-a dheonadh fén alt san 52, agus go dtí an 31adh lá san de Mhí na Nodlag beith éifeacht aige dá réir sin agus beidh sé fé réir na bhforálacha san den Chuid seo den Acht so, i dtaobh ceadúnaisí tiománaithe, is ionbhainte leis, i dteanta bheith fé réir forálacha an Dublin Carriage Act, 1853, adubhradh.
(3) Gach ceadúnas ar n-a dheonadh fé alt 52 den Dublin Carriage Act, 1853, chun gníomhú mar fhear stiúrtha ar charráiste aistir, agus ar a mbeidh dáta lae is lá roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm le linn an tosach feidhme sin, tuigfear go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag tar éis an tosach feidhme sin é do bheith ina cheadúnas fir stiúrtha ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so i dteanta bheith ina cheadúnas fir stiúrtha ar n-a dheonadh fén alt san 52, agus go dtí an 31adh lá san de Mhí na Nodlag beidh éifeacht aige dá réir sin agus beidh sé fé réir na bhforálacha san den Chuid seo den Acht so, i dtaobh ceadúnaisí fear stiúrtha, is ionbhainte leis, i dteanta bheith fé réir forálacha an Dublin Carriage Act, 1853, adubhradh.
CUID VIII.
Foralacha Speisialta i dTaobh Feithicli Seirbhise Sraide.
Miniú ar fheithicil d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide.
131.—Chun crícheanna na Coda so den Acht so tuigfear feithicil bheag sheirbhíse puiblí d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide—
(a) má deintear agus pé uair a déanfar an fheithicil sin agus a tiománaí d'fhostú in áit phuiblí chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair agus san ar na téarmaí go dtosnóidh an fostú san láithreach, no
(b) má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh tiománaí na feithicle sin é féin agus an fheithicil sin do thairiscint in áit phuiblí chun a bhfostuithe láithreach chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair, no
(c) má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh tiománaí na feithicle sin an fheithicil sin do shuidheamh no do thiomáint in áit phuiblí chun go bhfostófaí é féin agus an fheithicil sin láithreach chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair, no
(d) má deintear agus pé uair a déanfar an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair do réir connartha fhostaíochta ar n-a dhéanamh in áit phuiblí le tiománaí na feithicle sin chun an tiománaí sin agus na feithicle sin d'fhostú láithreach chun na bpaisnéirí sin d'iompar.
Líomatáistí taxi-mhéadair.
132.—(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “líomatáiste taxi-mhéadair” líomatáiste dearbhuítear le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so bheith ina líomatáiste taxi-mhéadair de thurus na huaire chun críche na Coda so den Acht so.
(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, a dhearbhú aon líomatáiste áirithe do bheith ina líomatáiste taxi-mhéadair o dháta an orduithe sin no o aon dáta is déanaí ná san a luadhfar san ordú san.
(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so (agus an fo-alt so d'áireamh) do cheiliúradh no do leasú.
Srian le feithiclí tuarastail phríobháidigh d'úsáid
133.—(1) Ní bheidh sé dleathach feithicil bheag sheirbhíse puiblí cheadúnuithe, ná húdaruíonn an ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí bhaineann léi ach í d'úsáid mar fheithicil thuarastail phríobháidigh, d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide in aon líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille.
(2) Pé uair a déanfar feithicil bheag sheirbhíse puiblí d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide contrárdha don alt so, beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
Taxi-mhéadair ar fheithiclí seirbhíse sráide.
134.—(1) Ní bheidh sé dleathach aon fheithicil inneall-ghluaiste d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide i líomatáiste taxi-mhéadair maran feithicil bheag sheirbhíse puiblí cheadúnuithe an fheithicil sin ná mara mbeidh taxi-mhéadar feistithe uirthi sa tslí orduithe agus é do réir na Coda so den Acht so agus in ordú agus i dtreo mhaith.
(2) Pé uair a déanfar feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide contrárdha don alt so, beidh únaer na feithicle sin agus fós tiománaí na feithicle sin, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(3) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun é dhéanamh neadhleathach feithicil bheag sheirbhíse puiblí cheadúnuithe ná beidh taxi-mhéadar feistithe uirthi d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair i líomatáiste taxi-mhéadair i gcás nách i líomatáiste taxi-mhéadair do rinneadh an connradh chun na bpaisnéirí sin d'iompar amhlaidh.
Taxi-mhéadair do shoillsiú istoíche.
135.—(1) Ní bheidh sé dleathach feithicil bheag sheirbhíse puiblí ar a mbeidh taxi-mhéadar feistithe d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide le linn uaireanta soillsiúcháin—
(a) mara mbeidh lampa feistithe ar an bhfeithicil sin agus é in áit go ndéanfaidh, nuair a bheidh sé ar lasadh, aghaidh an taxi-mhéadair a bheidh feistithe ar an bhfeithicil sin do shoillsiú, agus
(b) mara mbeidh an lampa san ar lasadh agus i dtreo éifeachtúil.
(2) Pé uair a déanfar feithicil bheag sheirbhíse puiblí d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide contrárdha don alt so beidh únaer na feithicle sin agus fós tiománaí na feithicle sin, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Taxi-mhéadair d'iniúchadh agus d'fhíorú in aghaidh na bliana.
136.—(1) Déanfar agus deintear leis seo an míniú tugtar ar “measuring instrument” in alt 35 den Weights and Measures Act, 1889, mar a leathnuítear san le halt 10 den Acht Meáchan agus Tomhas, 1928 (Uimh. 3 de 1928), do leathnú chun go bhfolóidh taxi-mhéadar, agus beidh éifeacht ag an alt san 35 dá réir sin.
(2) Ní bhainfidh comhachta agus dualgaisí cigirí meáchan agus tomhas, ar n-a gceapadh ag Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath no ag Bárdas Dhún Laoghaire, ní bhainfid le hiniúchadh, le tástáil, le fíorú ná le stampáil taximhéadar ná ní fholóid an céanna.
(3) Féadfaidh an Coimisinéir o am go ham baill den Ghárda Síochána do cheapadh mar chigirí ionstruimidí tomhais (dá ngairmtear cigirí speisialta san alt so) chun taxi-mhéadar d'iniúchadh agus d'fhíorú agus do stampáil, pé méid ball is dóich leis is gá agus a cheadóidh an tAire Airgid, agus beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na cigirí speisialta san, sé sin le rá :—
(a) féadfaidh an Coimisinéir aon chigire speisialta do chur ar fiunraoi o n-a oifig no é do bhriseadh as a oifig mar chigire speisialta;
(b) ní déanfar aon bhall den Ghárda Síochána do cheapadh chun bheith ina chigire speisialta mara mbeidh deimhniú fé alt 8 den Weights and Measures Act, 1904, aige no deimhniú cigire speisialta ar n-a dheonadh do réir rialachán a bheidh déanta ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála fén alt so;
(c) féadfar cigire ex-officio meáchan agus tomhas do cheapadh chun bheith ina chigire speisialta agus ar é do cheapadh amhlaidh féadfaidh, i gcás an Coimisinéir dá ordú san, leanúint de bheith ina chigire ex-officio meáchan agus tomhas;
(d) maidir le taxi-mhéadair d'iniúchadh agus d'fhíorú agus do stampáil, beidh ag gach cigire speisialta na comhachta uile agus cólíonfaidh na dualgaisí uile bronntar no cuirtear ar chigire no ar chigire exofficio meáchan agus tomhas leis na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1928, ach gan aon tsrian do bheith ann maidir leis an líomatáiste no leis an gceanntar ina bhféadfaidh an cigire speisialta san na comhachta san d'fheidhmiú no ina mbeidh air na dualgaisí sin do chólíonadh;
(e) déanfar tagairtí sna hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1928, do chigire no do chigire ex-officio meáchan agus tomhas do léiriú, maidir le taxi-mhéadair d'iniúchadh agus d'fhíorú agus do stampáil, mar thagairtí fholuíonn tagairtí do chigire speisialta, agus beidh éifeacht ag na hAchtanna san dá réir sin;
(f) bhéarfaidh an Coimisinéir do gach cigire speisialta na caighdeáin sin agus an gléasra san is gá dho chun a dhualgaisí mar chigire speisialta den tsórt san do chólíonadh;
(g) íocfar alos cigirí speisialta d'fhíorú agus do stampáil taximhéadar na táillí sin a bheidh ceaptha le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála le toiliú an Aire Airgid, agus beidh gach táille fé leith den tsórt san iníoctha ag an duine bheidh ceaptha chuige sin leis na rialacháin sin;
(h) isé duine le n-a n-íocfar na táillí uile is iníoctha fén alt so alos cigirí speisialta d'fhíorú agus do stampáil taximhéadar ná an Coimisinéir agus cuirfidh seisean de láimh iad do réir an Achta so, ach íocfar isteach i gCiste Luach Saothair an Ghárda Síochána an cion san (más aon chion é) de sna táillí sin ordóidh an tAire Airgid.
(4) I dteanta na gcomhacht a bronntar le halt 8 den Weights and Measures Act, 1889, mar a leathnuítear san le halt 6 den Weights and Measures Act, 1904, beidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála i dteideal na táillí sin a cheapfa sé, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire agus le toiliú an Aire Airgid, d'éileamh ar na caighdeáin agus ar an ngléasra do bhéarfaidh an Coimisinéir amach fén alt so do chur i gcomparáid agus d'fhíorú.
(5) An chomhacht chun rialachán generálta do dhéanamh atá dílsithe san Aire Tionnscail agus Tráchtála de bhuadh ailt 5 den Weights and Measures Act, 1904, beidh ina cuid di comhacht chun rialachán generálta do dhéanamh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, maidir leis an gCoimisinéir do chur caighdeán agus gléasra ar fáil agus dá gcoimeád i dtreo fén alt so agus leis na caighdeáin agus an gléasra san d'fhíorú agus maidir le cigirí speisialta do threorú i dtaobh a ndualgas fén alt so d'fheidhmiú agus do chólíonadh, agus léireofar an t-alt san 5 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(6) Léireofar an t-alt so mar éinní amháin leis na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1928, agus féadfar na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna san agus den alt so le chéile.
Fo-dhlithe i dtaobh suidheamh d'fheithiclí seirbhíse sráide.
137.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh alos aon líomatáiste áirithe chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) chun na n-áiteanna (dá ngairmtear suidhimh cheaptha san Acht so) sa líomatáiste sin do cheapadh inar ceaduithe feithiclí seirbhíse sráide do shuidheamh chun a bhfostuithe:
(b) chun an líon maximum d'fheithiclí seirbhíse sráide do shocrú is ceaduithe do shuidheamh, chun a bhfostuithe, in éineacht ar aon tsuidheamh ceaptha áirithe;
(c) chun a thoirmeasc feithiclí seirbhíse sráide do shuidheamh chun a bhfostuithe in áiteanna sa líomatáiste sin nách suidhimh cheaptha;
(d) chun rialú agus stiúradh do dhéanamh ar an gcuma ina n-úsáidfidh feithiclí seirbhíse sráide suidhimh cheaptha.
(2) Gach tiománaí feithicle seirbhíse sráide dhéanfaidh éinní, tré ghníomh no tré fhaillí, is sárú ar fho-dhlí, ar n-a dhéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Dathanna feithiclí seirbhíse sráide agus éide tiománaithe.
138.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh, maidir le haon líomatáiste áirithe le n-a mbaineann fo-dhlí táille, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) chun a chur mar cheangal go ndéanfar gach cuid no cuid áirithe de gach feithicil bheag sheirbhíse puiblí a húsáidfear mar fheithicil sheirbhíse sráide sa líomatáiste sin do phéinteáil no do dhathú ar shlí eile le dath áirithe no le cumasc áirithe dathanna;
(b) chun a chur mar cheangal go ndéanfar uimhir, focal, litir, no marc eile suaithnidh áirithe do mharcáil in áit no i slí orduithe ar gach feithicil den tsórt san;
(c) chun a chur mar cheangal ar gach tiománaí ar aon fheithicil den tsórt san caipín no hata, agus casóg agus baill eile éadaigh, de phátrún agus de dhath áirithe do chaitheamh;
(d) chun a thoirmeasc úsáid do dhéanamh (ar shlí eile seachas mar fheithicil sheirbhíse sráide) sa líomatáiste sin d'aon fheithicil inneall-ghluaiste bheidh péinteálta, no daithte ar shlí eile, sa mhodh a bheidh ceaptha le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén alt so alos feithiclí seirbhíse sráide sa líomatáiste sin no i modh bheidh chó cosúil sin leis an modh a bheidh ceaptha amhlaidh gur dócha go gcuirfeadh sé daoine amú;
(e) chun a thoirmeasc ar dhuine ar bith (seachas tiománaí feithicle seirbhíse sráide) aon bhall éadaigh do chaitheamh sa líomatáiste sin a bheidh de phátrún agus de dhath a bheidh ceaptha le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén alt so alos éide tiománaithe feithiclí seirbhíse sráide no de phátrún no de dhath a bheidh chó cosúil sin leis an bpátrún agus an dath a bheidh ceaptha amhlaidh gur dócha go gcuirfeadh sé daoine amú.
(2) Pé uair a húsáidfear aon fheithicil contrárdha d'fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(3) Gach duine do bhéarfaidh faillí in aon bhall éadaigh do chaitheamh a cheanglóidh fo-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so air a chaitheamh no chaithfidh aon bhall éadaigh gur sárú ar aon fho-dhlí den tsórt san é do chaitheamh an chéanna beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Fo-dhlithe táille.
139.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh (dá ngairmtear fo-dhlithe táille san Acht so), ag ceapadh na dtáillí a féadfar a éileamh go dleathach ar fhostú feithiclí seirbhíse sráide agus ar sheirbhísí dhéanfaidh feithiclí seirbhíse sráide fostófar in aon líomatáiste áirithe agus féadfar fo-dhlithe deifriúla den tsórt san do dhéanamh amhlaidh alos líomatáistí deifriúla áirithe ach beidh gach líomatáiste áirithe den tsórt san có-ionann le líomatáiste taxi-mhéadair maidir le n-a theoranta no neachtar acu ní bheidh aon líomatáiste taximhéadair ná aon pháirt de líomatáiste taxi-mhéadair mar chuid de.
(2) Féadfar táillí deifriúla do cheapadh le fo-dhlithe táille alos cineálacha deifriúla feithiclí seirbhíse sráide.
(3) So Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an abairt “táille dhleathach” an táille bheidh ceaptha le fo-dhlithe táille alos na seirbhíse agus sa líomatáiste gur ina dtaobh a húsáidtear an abairt, agus cialluíonn an abairt “líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille” líomatáiste go mbeidh fo-dhlithe táille i bhfeidhm ina thaobh de thurus na huaire.
Fógraí i dtaobh fo-dhlithe táille do thaisbeáint ar fheithiclí seirbhíse sráide.
140.—(1) Ní bheidh sé dleathach feithicil bheag sheirbhíse puiblí d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide i líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille mara mbeidh ar taisbeáint sa bhfeithicil sin, i pé áit agus i pé slí bheidh orduithe leis an bhfo-dhlí táille bheidh i bhfeidhm san áit sin, fógra, i pé fuirm agus de pé abhar a bheidh orduithe leis na fo-dhlithe táille sin, á rá cadiad na táillí atá ceaptha leis na fo-dhlithe táille sin alos na feithicle sin.
(2) Pé uair a húsáidfear feithicil inneall-ghluaiste contrárdha don alt so beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá púnt do chur air.
Táillí iomarcacha do thoirmeasc.
141.—(1) Lasmuich de chás ina n-údarófar san le fo-dhlithe táille ní bheidh sé dleathach do thiománaí feithicle seirbhíse sráide ar a mbeidh taxi-mhéadar feistithe aon tsuim is mó ná an táille dhleathach, mar a taisbeántar san sa taxi-mhéadar san, d'iarraidh ná d'éileamh ar sheirbhísí do rinne sé leis an bhfeithicil sin.
(2) Ní bheidh sé dleathach do thiománaí feithicle seirbhíse sráide aon tsuim d'iarraidh ná d'éileamh, ar sheirbhísí do rinne sé leis an bhfeithicil sin i líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille, is mó ná an táille dhleathach alos na seirbhísí sin.
(3) Gach tiománaí feithicle seirbhíse sráide iarrfaidh no éileoidh aon tsuim contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Srian leis an bhfocal “taxi” d'úsáid.
142.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, in aon ráiteas scríobhtha ná in aon fhógrán ná fógra eile fhoillseoidh sé (ar a n-áirmhítear fógraí bheidh greamuithe dá áitreabh no dá fheithiclí féin no ar taisbeáint ionta), úsáid do dhéanamh, mar thuairisc ar fheithicil no in aon tslí eile maidir le feithicil nách feithicil sheirbhíse sráide ar a bhfuil taxi-mhéadar feistithe, den fhocal “taxi” ná d'aon focal ná abairt eile is deallrathach do réir réasúin a bhéarfadh le tuiscint gur feithicil sheirbhíse sráide an fheithicil sin no go bhfuil taxi-mhéadar feistithe uirthi.
(2) Gach duine úsáidfidh aon fhocal no abairt contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.
Dualgas tiománaí feithicle seirbhíse sráide maidir le n-a fhostóir.
143.—(1) Pé uair a déanfar feithicil sheirbhíse sráide d'fhostú go dleathach beidh sé de dhualgas ar thiománaí na feithicle sin, faid a leanfaidh an fostú san, na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—
(a) an fheithicil sin, go pé paisnéirí agus bagáiste pearsanta inti ordóidh an fostóir go dleathach agus go réasúnta, do thiomáint go dtí pé áit a hordófar amhlaidh; agus
(b) le linn é bheith ag tiomáint amhlaidh dul ar luas réasunta agus an bealach san ordóidh an fostóir go dleathach no, mara dtugtar aon ordú den tsórt san, an bealach is tapúla; agus
(c) fanúint, é féin agus an fheithicil sin, i pé áiteanna agus ar feadh pé tráthanna ordóidh an fostóir go dleathach.
(2) Má dheineann tiománaí feithicle seirbhíse sráide bheidh fostuithe go dleathach éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar a dhualgas fén alt so beidh sé ciontach, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
E d'oblagáid ar thiománaí feithicle seirbhíse sráide glacadh le fostú.
144.—(1) Pé uair iarrfaidh duine ar bith (dá ngairmtear an t-abhar fostóra san alt so) ar thiománaí feithicle seirbhíse sráide bheidh an uair sin suidhte chun a fhostuithe i líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille é thiomáint sa bhfeithicil sin go dtí áit áirithe laistigh den líomatáiste sin agus a thairgfidh don tiománaí sin an táille dhleathach in aghaidh na seirbhíse sin, beidh sé de dhulgas ar an tiománaí sin déanamh do réir an iarratais sin agus má theipeann air san do dhéanamh no má dhiúltuíonn d'é do dhéanamh gheobhfar, mara mbeidh leith-scéal réasúnta aige leis an teip no an diúltú san, ciontach é i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
(2) Chun críche an ailt seo—
(a) ní tuigfear feithicil sheirbhíse sráide bheidh fostuithe ag duine ar bith do bheith suidhte chun a fostuithe faid a leanfaidh an fostú san, agus
(b) má tugtar, i dtaobh feithicle inneall-ghluaiste, cruthúnas go raibh pláta feithicle greamuithe den fheithicil sin, agus (i gcás í bheith i líomatáiste taxi-mhéadair) go raibh taxi-mhéadar feistithe uirthi, agus (in aon chás) ná raibh duine ar bith inti seachas a tiománaí, agus go raibh sí ina stad in áit phuiblí i líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille, beidh an cruthúnas san ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh an fheithicil sin suidhte chun a fostuithe.
(3) Pé uair a déanfar tiománaí feithicle seirbhíse sráide do chúiseamh i gcionta fén alt so agus ná tiocfaidh an t-abhar fostóra gur maidir leis adeirtear do rinneadh an cionta san, ná tiocfaidh seisean i láthair agus an cúiseamh san á éisteacht sa chúirt, no is deimhin leis an gcúirt go raibh an tiománaí sin fostuithe ag duine eile an uair adeirtear do rinneadh an cionta san agus ná raibh deireadh leis an bhfostú san, no go raibh leith-scéal réasúnta ag an tiománaí sin maidir leis an teip no an diúltú gurb é an cionta san é adeirtear do rinneadh, agus go ndearna an tiománaí sin go séimh a chur in úil don abhar fostóra san go raibh sé ar fostú ag an duine eile sin amhlaidh no an leith-scéal san d'innsint do (pe'ca aca é), féadfaidh an chúirt a ordú don abhar fostóra san costaisí na n-imeacht d'íce agus fós íoc do dhéanamh leis an tiománaí sin i pé suim réasúnta luadhfaidh an chúirt mar chúiteamh san am do chaill sé tré bheith i láthair sa chúirt agus an cúiseamh á éisteacht.
Cearta tiománaí feithicle seirbhíse sráide i gcoinnibh a fhostóra.
145.—(1) Pé uair a dhéanfaidh duine bheidh tar éis feithicle seirbhíse sráide d'fhostú go dleathach i líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille a ordú go dleathach dá tiománaí aon tráth le linn an fhostuithe sin an fheithicil sin do thiomáint go dtí áit áirithe, sa líomatáiste sin, beidh sé dleathach don tiománaí sin a éileamh ar an bhfostóir íoc do dhéanamh leis, agus íoc d'fháil ón bhfostóir, sa táille dhleathach in aghaidh na seirbhísí bheidh tugtha uaidh ag an tiománaí sin go dtí san le linn an fhostuithe sin no sa táille dhleathach in aghaidh na seirbhísí sin maraon leis an táille dhleathach in aghaidh tiomána go dtí an áit sin ón áit ina dtabharfar an t-ordú san (pe'ca is rogha leis an tiománaí sin).
(2) Pé uair a dhéanfaidh duine bheidh tar éis feithicle seirbhíse sráide d'fhostú go dleathach i líomatáiste le n-a mbaineann fodhlí táille a ordú go dleathach dá tiománaí fanúint, é féin agus an fheithicil sin, in áit áirithe sa líomatáiste sin, beidh sé dleathach don tiománaí sin a fhiafraí den fhostóir agus a fháil amach uaidh cadé an fhaid aimsire fhanfa sé san áit sin agus fós a éileamh ar an bhfostóir íoc do dhéanamh leis, agus íoc d'fháil ón bhfostóir, sa táille dhleathach in aghaidh na seirbhísí bheidh tugtha uaidh ag an tiománaí sin go dtí san le linn an fhostuithe sin no sa táille dhleathach in aghaidh na seirbhísí sin maraon leis an táille dhleathach in aghaidh fanúna an fhaid sin aimsire (pe'ca is rogha leis an tiománaí sin).
(3) Pé uair a theipfidh ar fhostóir feithicle seirbhíse sráide íoc do dhéanamh no dhiúltóidh sé d'íoc do dhéanamh le tiománaí na feithicle sin i dtáille dhleathach éileoidh an tiománaí sin air go dleathach fén alt so beidh sé dleathach don tiománaí sin diúltú do dhéanamh do réir an orduithe gurb é a thabhairt ba chúis leis an éileamh san agus deireadh do chur le fostú na feithicle sin.
Cad déanfar le híocaíochtaí in aghaidh seirbhísí is deallrathach do bhéarfar.
146.—(1) Pé uair do gheobhaidh tiománaí feithicle seirbhíse sráide íocaíocht, fén gCuid seo den Acht so o fhostóir na feithicle sin, alos seirbhísí ná beidh tugtha tráth déanta na híocaíochta san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—
(a) beidh sé de dhualgas ar an tiománaí sin na seirbhísí sin do thabhaírt uaidh láithreach mara dtugaidh an fostóir a mhalairt d'ordú dho no mara gcuiridh leor-chúis éigin cosc leis;
(b) beidh an íocaíocht san ina héarlais i seilbh an tiománaí sin agus, má deintear agus nuair a déanfar na seirbhísí sin do thabhairt go hiomlán, coimeádfaidh an tiománaí sin í mar íocaíocht i gcoinnibh na seirbhísí sin;
(c) má chuireann an fostóir deireadh leis an bhfostú san sara ndeintear na seirbhísí sin do thabhairt go hiomlán beidh sé de dhualgas ar an tiománaí sin an chuid sin den íocaíocht san do choimeád is táille dhleathach in aghaidh a mbeidh tugtha uaidh aige de sna seirbhísí sin agus iarmhéid na híocaíochta san d'aisíoc leis an bhfostóir.
(2) Pé uair a dhéanfaidh tiománaí feithicle seirbhíse sráide éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar a dhualgas fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
CUID IX.
Tracht do Rialail.
Fo-dhlithe chun tráchta do stiúradh go generálta.
147.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, fo-dhlithe do dhéanamh chun tráchta do rialáil agus do stiúradh go generálta, le n-a n-áirmhítear gach críoch no aon chríoch acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) trácht do roinnt ina chineálacha;
(b) a chur mar cheangal ar an trácht uile dul fan taobh áirithe den ród gach tráth no i gcásanna áirithe no in áiteanna áirithe;
(c) na cearta fé seach um thosaíocht slí gluaiseachta do chineálacha deifriúla tráchta ag dul sa treo chéanna d'ordú;
(d) na cearta fé seach um thosaíocht slí gluaiseachta do thrácht ag dul i dtreodhanna deifriúla, pe'ca i dtreodhanna i gcoinnibh a chéile no treasna ar a chéile é, d'ordú;
(e) rialacha d'ordú maidir le cineálacha deifriúla tráchta agus go sonnrách maidir le rothaithe troightheáin d'úsáid bóthar, agus codanna deifriúla den bhóthar do cheapadh do chineálacha deifriúla tráchta;
(f) na bealaighe no na cúrsaí d'ordú a geobhaidh trácht le linn iompála as ród isteach i ród eile ag siúnta ród;
(g) stopadh feithiclí ar ródanna do rialáil agus do stiúradh;
(h) rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir le tiomáint feithiclí ar ródanna le linn bualadh um ainmhithe no dul thársa, pe'ca bheidh éinne i dteanta na n-ainmhithe sin no ná beidh no pe'ca bheid gabhtha fé aon fheithicil no ceangailte dhi no ná beid;
(i) rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir le tiomáint ainmhithe ar ródanna gan éinne ag marcuíocht ar na hainmhithe sin ná á ngiollacht agus gan iad gabhtha fé aon fheithicil ná ceangailte dhi;
(j) rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir leis an slí ina gceanglófar feithicil d'fheithicil eile chun na feithicle sin is déanaí luaidhtear no chun aon fheithicle eile dá tarrac, agus maidir leis an líon feithicil is ceaduithe bheith á tharrac aon tráth áirithe ag aon fheithicil áirithe go generálta no i gcásanna áirithe no in áiteanna áirithe, agus maidir leis an slí ina stiúrfar feithicil a bheidh ceangailte amhlaidh d'fheithicil eile;
(k) rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir leis an slí ina gceanglófar d'fheithicil ainmhí bheidh gabhtha fé fheithicil eile chun na céad fheithicle sin a luaidhtear no chun aon fheithicle eile do threorú an ainmhí sin agus maidir leis an líon de sna hainmhithe sin is ceaduithe do bheith á threorú amhlaidh in éineacht ag aon fheithicil áirithe;
(l) rialáil agus stiúradh do dhéanamh maidir leis an gcuma ina n-iompróidh coisithe iad féin ar ródanna agus go sonnrách maidir le coisithe do dhul treasna ródanna;
(m) toirmeasc do chur le hainmhithe no le saghsanna áirithe ainmhithe do dhul ar chosáin;
(n) toirmeasc do chur le feithiclí no le cineálacha áirithe feithiclí do dhul ar chosáin;
(o) a chur mar cheangal ar dhaoine i mbun tráchta no cineál áirithe tráchta rabhadh so-chlosta go bhfuilid ag teacht do thabhairt i gcásanna áirithe no in áiteanna áirithe, agus cineál agus neart na rabhadh san do rialáil agus do stiúradh;
(p) a chur mar cheangal ar thiománaithe feithiclí comharthaí do thabhairt uatha chun a chur in úil go bhfuiltear chun atharú do dhéanamh ar threo no ar ráta gluaiseachta na bhfeithiclí sin a céad-luaidhtear, agus na comharthaí bheidh le tabhairt amhlaidh d'ordú;
(q) rialáil do dhéanamh maidir le baill den Ghárda Síochána ar diúité chun tráchta do stiúradh do dhéanamh an stiúrtha san ag siúntaí ródanna no ag uilleanna no cuara no constaicí ar ródanna, agus go sonnrách a chur mar cheangal ar thiománaithe feithiclí agus ar dhaoine i mbun tráchta eile comharthaí do thabhairt do bhaill den Ghárda Síochána ar an diúité sin chun a chur in úil de sna baill sin cadé an treo is mian leis na tiománaithe agus leis na daoine sin gabháil, agus na comharthaí bheidh le tabhairt amhlaidh d'ordú, agus na comharthaí d'ordú bheidh le tabhairt ag na baill sin do sna tiománaithe agus do sna daoine sin chun a chur in úil dóibh sin cad is ceart dóibh a dhéanamh, agus a chur mar cheangal ar na tiománaithe agus ar na daoine sin géilleadh do sna comharthaí sin;
(r) trácht do stiúradh tré chomharthaí ar n-a dtabhairt go meicniúil ag siúntaí ródanna no ag uileanna no cuara no constaicí ar ródanna, agus go sonnrách saghas agus cineál na gcomharthaí sin d'ordú, agus a chur mar cheangal ar thiománaithe feithiclí agus ar dhaoine i mbun tráchta eile géilleadh do sna comharthaí sin.
(2) Aon fho-dhlí déanfar fén alt so féadfar í dhéanamh amhlaidh—
(a) maidir le Saorstát Éireann ar fad no maidir le haon chuid áirithe de líomatáiste i Saorstát Éireann, agus
(b) go generálta in aghaidh gach trátha agus gach ócáide no go speisialta in aghaidh tréimhsí teoranta áirithe no ócáidí áirithe.
(3) An chomhairle ar a mbeidh sé de chúram bóthar do choinneáil i dtreo go mbeidh fo-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so i bhfeidhm ina thaobh go generálta in aghaidh gach trátha agus gach ócáide tógfaid no cuirfid no déanfaid, agus coinneoid i dtreo, ar an mbóthar san na fógraí, na treoracha agus na horduithe sin uile (ar a n-áirmhítear fógraí, treoracha, agus orduithe ar n-a gcur no ar n-a ndéanamh ar éadan an róid agus fós ionstruimidí chun comharthaí do thabhairt go meicniúil) ordóidh an tAire chun a chur in úil do dhaoine i mbun tráchta go bhfuil an fo-dhlí sin ann agus cad is ceart dóibh a dhéanamh chun é do chólíonadh.
(4) An chomhairle ar a mbeidh sé de chúram bóthar do choinneáil i dtreo go mbeidh fo-dhlí déanta fén alt so ina thaobh in aghaidh tréimhse teoranta no ócáide áirithe, tógfaid no cuirfid no déanfaid, roimh an tréimhse no an ócáid sin, agus coinneoid i dtreo, le linn na tréimhse sin no ar an ócáid sin, na fógraí, na treoracha, agus na horduithe sin uile (ar a n-áirmhítear fógraí, treoracha, agus orduithe ar n-a gcur no ar n-a ndéanamh ar éadan an róid) ordóidh an Coimisinéir chun a chur in úil do dhaoine i mbun tráchta go bhfuil an fo-dhlí sin ann agus cad is ceart dóibh a dhéanamh chun é chólíonadh.
(5) Léireofar alt 36 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), agus beidh éifeacht aige fé réir na bhforálacha so leanas agus dá réir sin, sé sin le rá :—
(a) déanfar an focal “comhartha” do léiriú san alt san mar fhocal fholuíonn ionstruimid chun comharthaí do thabhairt go meicniúil;
(b) déanfar tagairtí san alt san do chomharthaí do chur suas do léiriú mar thagairtí fholuíonn comharthaí do chur no do dhéanamh ar éadan an róid;
(c) cuirfear agus cuirtear tríd seo leis na crícheanna luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt san an chríoch so leanas, eadhon, chun a chur in úil do dhaoine i mbun tráchta go bhfuil fo-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so ann agus cad is ceart dóibh a dhéanamh chun é do chólíonadh.
(6) San alt so foluíonn an focal “trácht” feithiclí agus ainmhithe de gach saghas ach ní fholuíonn sé coisthe.
(7) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Fo-dhlithe chun tráchta do stiúradh maidir le tramanna.
148.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, fodhlithe do dhéanamh maidir le haon líonradh trambhealaigh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) a rialáil conus a stiúrfar feithiclí eile maidir le tramanna ar an líonradh trambhealaigh sin agus go sonnrách cad déanfaidh na feithiclí sin agus iad ag teacht suas le tram;
(b) na háiteanna inar ceaduithe tramanna ar an líonradh trambhealaigh sin do stad chun paisnéirí do dhul isteach ionta no do theacht amach asta;
(c) na háiteanna inar ceaduithe do dhaoine bheidh ar aigne dul ar na tramanna san cruinniú chun fuireach go n-iomparófaí iad ar na tramanna san.
(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Fo-dhlithe chun tráchta do stiúradh i líomatáistí áirithe.
149.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh, maidir le haon líomatáiste áirithe agus go generálta in aghaidh gach trátha agus gach ócáide no go speisialta in aghaidh tréimhsí teoranta no ócáidí áirithe, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) chun a ordú cadiad na bealaigh no na cúrsaí geobhaidh feithiclí bheidh ag dul fan bóithre go generálta no fan aon bhóthair áirithe no ag treasnú an chéanna no bheidh ag iompáil isteach i mbóithre go generálta no in aon bhóthar áirithe no amach as an gcéanna, agus go sonnrách chun a chur mar cheangal go gcoimeádfar cineálacha deifriúla feithiclí ar línte no cúrsaí deifriúla agus iad ag gabháil fan bóithre go generálta no fan aon bhóthair áirithe;
(b) chun a thoirmeasc ar aon chineál áirithe feithicle no ar aon fheithicil a bheidh ag iompar earraí áirithe no ag iompar cineáil áirithe ualaigh dul isteach in aon bhóthar áirithe no gabháil fan an chéanna (ach amháin chun dul go dtí áit no chun teacht o áit ar an mbóthar san) tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe;
(c) chun a chur mar cheangal, maidir le feithiclí bheidh ag dul fan aon bhóthair áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe, go raghaid san i dtreo áirithe agus sa treo san amháin;
(d) chun a thoirmeasc aon earra bheidh thar faid áirithe no thar leithead áirithe do dhul aon bhóthar áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe ar fheithicil no ar iompar ag duine no daoine no ar aon mhodh eile;
(e) chun a thoirmeasc aon fheithicil, ar a mbeidh earra agus í ag síneadh amach níos mó ná faid áirithe thar cúl na feithicle sin no thar cliathán na feithicle sin, do dhul aon bhóthar áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe;
(f) chun rialála agus stiúrtha do dhéanamh maidir leis an gcuma ina n-iompróidh coisithe iad féin ar bhóithre go generálta no ar aon bhóthar áirithe agus go sonnrách maidir le coisithe do dhul treasna an róid ar bhóithre go generálta no treasna an róid ar aon bhóithre áirithe;
(g) chun a thoirmeasc feithicil, a bheidh á tarrac ag níos mó ná líon áirithe capall no ag níos mó ná líon áirithe capall agus iad gabhtha i slí áirithe, do dhul aon bhóthar áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe;
(h) chun a thoirmeasc earraí d'aon chineál no saghas áirithe do ládáil no do dhí-ládáil ar an gcosán, no tríd an gcosán no treasna an chosáin, ar aon bhóthar áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe;
(i) chun a thoirmeasc earraí d'árdú no d'ísliú le rópaí, slabhraí, táclaí, no meaisínteacht eile treasna no os cionn an chosáin ar aon bhóthar áirithe tráth ar bith no le linn uaireanta áirithe;
(j) chun srianadh agus stiúradh do dhéanamh maidir le pictiúirí, priontaí, cláracha, placárdaí no fógraí d'iompar no do scaipeadh ar bhóithre no do chur ar éadan bóithre mar fhógruíocht;
(k) chun srianadh agus stiúradh do dhéanamh maidir le hainmhithe (seachas capaill, asail agus miúlacha agus seachas ainmhithe ar iompar i bhfeithiclí) do thiomáint, do ghiollacht no do sheoladh ar shlí eile ar bhóithre;
(l) chun srianadh agus stiúradh do dhéanamh maidir le hearraí d'fhágaint ar bhóithre agus go sonnrách maidir le hearraí bheidh á ládáil ar fheithicil no isteach inti no á ndí-ládáil aisti d'fhágaint ar bhóithre;
(m) chun srianadh agus stiúradh do dhéanamh maidir le cosáin ar bhóithre, agus le leaca táirsighe go dtí na cosáin sin, do nighe le huisce ar n-a stealladh as feadán no ar shlí eile fé bhrughadh;
(n) chun stiúrtha do dhéanamh maidir leis an gcuma ina n-iompróidh daoine iad féin agus iad ag fuireach ar bhóithre chun go n-iomprófaí iad no go leigfí isteach i bhfoirgint no in áit eile iad no chun aon chríche dleathaighe eile, agus go sonnrách chun a chur mar cheangal ar na daoine sin iad féin do riaradh i scuainí agus chun a rialáil cadé an t-eagar a bheidh ar na scuainí sin.
(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé (fé réir forálacha an ailt seo) ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
(3) Má cúisítear duine mar gheall ar chionta fén alt so do dhéanamh beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san a chruthú, maidir leis an ngníomh go n-abartar gurb é an cionta san é, go ndearnadh é go bona fide agus go réasúnta chun no le linn duine no maoin éigin do shábháil no chun no le linn bheith a d'iarraidh an céanna do shábháil o bhás no o mhilleadh no o dhíobháil de dheascaibh teine no tuile no tubaiste eile.
Aiteanna suidhte.
150.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh, maidir le haon líomatáiste áirithe agus go generálta in aghaidh gach trátha agus gach ócáide no go speisialta in aghaidh tréimhsí teoranta no ócáidí áirithe, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) chun a ordú cadiad na háiteanna (dá ngairmtear áiteanna suidhte san Acht so) inar ceaduithe feithiclí inneallghluaiste no aon chineál áirithe de sna feithiclí sin d'fhágaint ar stad in áiteanna puiblí ar feadh tréimhse ar bith no ar feadh aon tréimhse nách sia ná tréimhse áirithe i gcás duine do bheith ina mbun no gan a bheith;
(b) chun a shocrú cadiad na coinníollacha bheidh le cólíonadh maidir le feithielí inneall-ghluaiste fágfar ar stad in áiteanna suidhte;
(c) chun a ordú cadé an tréimhse gur ar a feadh, cadiad na crícheanna gur chúcha, agus cadiad na coinníollacha gur fútha is ceaduithe feithiclí inneall-ghluaiste no aon chineál áirithe de sna feithiclí sin d'fhágaint ar stad in áiteanna puiblí (seachas áiteanna suidhte) no in aon áit phuiblí áirithe den tsórt san;
(d) chun a thoirmeasc aon fheithicil inneall-ghluaiste no aon fheithicil inneall-ghluaiste de chineál áirithe do choimeád no d'fhágaint ar stad in aon áit phuiblí (le n-a n-áirmhítear áiteanna suidhte) ar feadh tréimhse is sia ná an tréimhse bheidh údaruithe chuige sin leis na rialacháin no chun críche nách críoch a bheidh údaruithe amhlaidh chuige sin no ar shlí seachas chun críche (más aon cheann é), no ar shlí nách do réir na gcoinníollacha (más ann dóibh), a bheidh orduithe chuige sin leis na fo-dhlithe.
(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar na fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Freastalaithe ag áiteanna suidhte.
151.—(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, féadfaidh, maidir le haon líomatáiste áirithe ina mbeidh áiteanna suidhte ceaptha de thurus na huaire le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so, fo-dhlithe do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) chun a shocrú go gceadúnóidh an Coimisinéir daoine chun gníomhú mar fhreastalaithe gluaisteán in áiteanna suidhte;
(b) chun a shocrú go ndéanfaidh an Coimisinéir suaitheantaisí oifigiúla do thabhairt amach d'fhreastalaithe ceadúnuithe gluaisteán agus go ndéanfaidh na freastalaithe sin na suaitheantaisí sin do chaitheamh;
(c) chun a ordú cadiad dualgaisí freastalaithe ceadúnuithe gluaisteán;
(d) chun a ordú cadiad na táillí (más ann dóibh) a bheidh le n'íoc ag freastalaithe ceadúnuithe gluaisteán ar cheadúnaisí deonfar dóibh agus ar shuaitheantaisí do bhéarfar amach dóibh fé sna fo-dhlithe;
(e) chun a údarú d'fhreastalaithe ceadúnuithe gluaisteán táillí d'éileamh maidir le feithiclí inneall-ghluaiste fágfar ar stad in áiteanna suidhte, chun a ordú cadiad méideanna na dtáillí sin, agus chun socrú do dhéanamh maidir leis na freastalaithe sin do bhailiú na dtáillí sin agus do bhaint na dtáillí sin amach;
(f) chun a thoirmeasc ar dhuine ar bith nách freastalaí ceadúnuithe gluaisteán gníomhú mar fhreastalaí ceadúnuithe gluaisteán no é féin do thairiscint mar dhuine atá ullamh ar ghníomhú mar fhreastalaí ceadúnuithe gluaisteán in aon áit suidhte;
(g) chun a thoirmeasc ar dhaoine cur isteach ar fhreastalaí ceadúnuithe gluaisteán no é chosc no ceataighe do dhéanamh do agus é ag cólíonadh a dhualgaisí mar fhreastalaí den tsórt san.
(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “freastalaí ceadúnuithe gluaisteán” duine bheidh ceadúnuithe go cuibhe fé fho-dhlithe ar n-a ndéanamh fén alt so chun gníomhú mar fhreastalaí gluaisteán in áiteanna suidhte.
(3) Ní tuigfear, maidir le freastalaí ceadúnuithe gluaisteán, gurb eisean an duine i mbun na bhfeithiclí inneall-ghluaiste, do réir bhrí an Achta so, san áit suidhte ina mbeidh seisean mar fhreastalaí ceadúnuithe gluaisteán.
(4) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlithe ar n-a ndéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
E d'oblagáid táillí d'íoc in áiteanna suidhte.
152.—(1) I gcás ina mbeidh sé údaruithe d'fhreastalaí ceadúnuithe gluaisteán le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so táillí d'éileamh maidir le feithiclí inneallghluaiste fágfar ar stad in áit suidhte áirithe, déanfaidh gach duine thiomáinfidh feithicil inneall-ghluaiste isteach san áit suidhte sin, déanfaidh, sara n-úsáidfidh an áit sin mar áit suidhte, íoc leis an bhfreastalaí ceadúnuithe gluaisteán san sa táille bheidh údaruithe amhlaidh don fhreastalaí sin a éileamh maidir leis an bhfeithicil sin.
(2) Pé uair a thárlóidh do dhuine, ar a gceangailtear leis an alt so táille d'íoc le freastalaí ceadúnuithe gluaisteán, é do theip air an táille sin d'íoc no é do dhiúltú don táille sin d'íoc do réir an ailt seo, beidh an duine sin agus fós únaer na feithicle inneallghluaiste gur maidir léi bheidh an táille sin iníoctha amhlaidh, beidh gach duine acu san ar leithligh ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Údaráis áitiúla do chur stáisiún feithicle ar fáil.
153.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás sláintíochta do réir bhrí na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, agus cialluíonn an abairt “stáisiún feithicle” áit (nách cuid de bhóthar) ar n-a cur ar fáil ag údarás áitiúil fén alt so chun bheith ina hionad chun feithiclí inneall-ghluaiste d'fhágaint ann go sealadach chun a slán-choimeádtha no chun bheith ina hionad chun paisnéirí do dhul agus chun earraí do thógaint isteach i bhfeithiclí seirbhíse puiblí no chun paisnéirí do theacht agus chun earraí do thógaint amach as na feithiclí sin no chun an dá chríoch san.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire, pé staisiún feithicle no stáisiúin fheithicle is dóich leo is oiriúnach do chur ar fáil d'fhonn iombrugha thráchta do laigheadú no do chosc, agus chuige sin féadfaid, le toiliú an Aire, aon talamh no aon éasáid i dtalamh no chun tailimh no ar thalamh do cheannach no do thógaint ar léas no aon talamh d'úsáid is féidir a leithreasú go dleathach chun na críche sin.
(3) Bainfidh ailt 203, 214, agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear san le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, bainfid san le húdarás áitiúil d'fháil tailimh fén alt so ach san gus an atharú go bhféadfar na fógráin a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'fhoillsiú mí ar bith, agus go ndéanfar na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil an mí díreach ina dhiaidh sin.
(4) Féadfaidh údarás áitiúil gach ní do dhéanamh is gá chun aon tailimh a gheobhaid no bheidh á úsáid acu mar stáisiún feithicle do chur in oiriúint chun a úsáidthe mar stáisiún feithicle den tsórt san, agus féadfaid oifigigh do cheapadh no seirbhísigh d'fhostú chun maoirseachta agus bainistí do dhéanamh ar an stáisiún feithicle sin.
(5) Féadfaidh údarás áitiúil fo-dhlithe do dhéanamh maidir le húsáid aon stáisiúin fheithicle chuirfidh an t-údarás áitiúil ar fáil fén alt so, agus go sonnrách maidir le héinní acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) na cineálacha feithiclí is ceaduithe a leigint isteach sa stáisiún feithicle sin do shrianadh;
(b) na táillí a héileofar as úsáid an stáisiúin fheithicle sin no as úsáid aon choda dhe do cheapadh;
(c) an fhaid aimsire is ceaduithe d'aon fheithicil fanúint sa stáisiún feithicle sin do cheapadh.
(6) Bainfidh ailt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a hoiriúnuítear san le haon Acht den Oireachtas no fé, le fo-dhlithe déanfar fén alt so fé mar a bhaineann na hailt sin le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén Acht san.
(7) Nuair a dhéanfaidh údarás áitiúil aon talamh d'fháil no d'úsáid i gcóir stáisiúin fheithicle agus a beifear ar intinn feithiclí seirbhíse puiblí d'úsáid an stáisiúin sin, féadfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire, seomraí feithimh, oifigí ticéad, ionnaltáin agus cóiríocht eile dá samhail sin, a bheidh ag gabháil leis an stáisiún feithicle sin, do chur ar fáil mar chuid den stáisiún san.
(8) Beidh comhacht ag údarás áitiúil chun aon chostaisí fé ná raghaid fén alt so do chruinniú tré rátaí no tré iasacht d'fháil sa tslí chéanna agus fé réir na gcoinníollacha céanna ina bhfuil agus gur fé n-a réir atá comhacht ag an údarás áitiúil sin chun aon chostaisí do chruinniú ar n-a dhul fútha dhóibh fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.
Bac tráchta do thoirmeasc.
154.—(1) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) tré n-a dtárlóidh dul na tráchta tré aon áit phuiblí do bhac i bpáirt no go hiomlán ar shlí seachas le húdarás dleathach no tré thionóisc dho-sheachanta, no tré n-a gcuirfear no tré n-arbh fhéidir go gcuirfí bac amhlaidh ar dhul san na tráchta, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
(2) San alt so foluíonn an focal “trácht” feithiclí agus ainmhithe de gach saghas agus coisithe.
Taisteal neamhúdaruithe ar fheithiclí do thoirmeasc.
155.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith greim do choimeád ar fheithicil a bheidh ag gluaiseacht ná dul suas uirthi ná dul isteach inti, ná bheith ná fanúint uirthi ná inti, gan cead ón tiománaí no ón duine eile i mbun na feithicle sin.
(2) Gach duine dhéanfaidh gníomh is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Rothaithe ag coimeád ghreama ar fheithiclí eile.
156.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar rothar no ar rothar trianach in áit phuiblí greim do bhreith ná do choimeád ar aon fheithicil eile (seachas rothar troightheáin ná beidh éinne air) a bheidh ag gluaiseacht ná ar aon duine ná ní a bheidh ar aon fheithicil den tsórt san no inti no ceangailte dhi mara mbeidh toiliú o thiománaí na feithicle eile sin aige chuige sin.
(2) Gach duine bhéarfaidh no choimeádfaidh greim ar fheithicil no ar dhuine no ar ní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Cosc le haontaí agus margaí do chur hac le trácht.
157.—(1) I gcás aon aonach no margadh do bheith ar siúl in aon áit phuiblí laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin chomhairle contae, contae-bhuirge no buirge eile, no bailecheanntair no laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin choimisinéirí baile, beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle sin no ar na coimisinéirí sin pé fo-dhlithe do dhéanamh is gá chun a chur in áirithe go bhféadfaidh trácht feithicle dul tríd an áit sin gan cosc le linn na n-aontaí no na margaí sin do bheith ar siúl.
(2) Bainfidh ailt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a hoiriúnuítear san le haon Acht den Oireachtas no fé, le fo-dhlithe déanfar fén alt so fé mar a bhaineann na hailt sin le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén Acht san ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar tagairtí sna hailt sin d'údarás sláintíochta do léiriú mar thagairtí do chomhairle chontae, chontae-bhuirge no bhuirge eile, no bhailecheanntair no do choimisinéirí baile, fé mar is gá sa chás.
(3) Más dóich leis an Aire gur cheart fo-dhlithe do dhéanamh fén alt so agus má bhíonn an chomhairle no na coimisinéirí ag á bhfuil comhacht fén alt so chun na bhfo-dhlithe sin do dhéanamh gan aon fho-dhlithe den tsórt san do dhéanamh no gan na fo-dhlithe sin do dhéanamh is dóich leis an Aire is gá, féadfaidh an tAire féin na fo-dhlithe sin uile, ar a n-áirmhítear fo-dhlithe ag ceiliúradh no ag leasú fo-dhlithe bheidh déanta ag an gcomhairle no ag na coimisinéirí sin, do dhéanamh is dóich leis a bheith riachtanach no ceart agus d'fhéadfadh an chomhairle no na coimisinéirí sin a dhéanmh fén alt so, agus gach fo-dhlí dhéanfaidh an tAire amhlaidh beidh éifeacht aige fé is dá mbé an chomhairle no na coimisinéirí sin do dhéanfadh é ach ní bheidh sé incheiliúrtha ná inleasuithe ag an gcomhairle no ag na coimisinéirí sin gan ceadú an Aire.
(4) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so ag comhairle chontae, chontae-bhuirge no bhuirge eile, no bhailecheanntair no ag coimisinéirí baile no ag an Aire beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
(5) Chun crícheanna an ailt seo ní fholuíonn líomatáiste feidhmiúcháin chomhairle contae aon bhuirg ná bailecheanntar sa chontae sin ná aon bhaile sa chontae sin ag á bhfuil bailechoimisinéirí.
Droichid do chosaint ar ualaighe ró-throma.
158.—(1) Féadfaidh aon údarás áitiúil no aon chuideachta bhóthair iarainn no chanála no duine ar bith eile, dhlighfidh droichead is cuid de bhóthar puiblí do choimeád i dtreo, féadfaidh, tré fhógraí sa bhfuirm orduithe ar n-a gcur sa tslí orduithe ar na bealaighe chun an droichid sin, a thoirmeasc aon fheithicil gur truime, go n-a hualach (más aon cheann é), a meáchaint ná an mheáchaint a bheidh luaidhte sna fógraí sin do dhul thar an droichead san in aon chor no ar luas is mó ná an luas a bheidh luaidhte sna fógraí sin (fé mar a bheidh luaidhte sna fógraí sin).
(2) Ní déanfar fógraí do chur suas fén alt so alos droichid maran gá do réir réasúin srian éigin do chur le húsáid an droichid sin d'fhonn a chur in áirithe ná déanfaidh trácht a bheidh ag dul thar an droichead san ualach do chur ar an droichead san is mó ná an t-ualach is féidir leis d'iompar agus ní dhéanfaidh aon fhógra den tsórt san srian do chur le húsáid an droichid sin is mó ná an tsrian is gá do réir réasúin chun na críche sin.
(3) Duine ar bith adeir go ndearnadh fógraí, thugann le tuiscint iad do bheith curtha suas fén alt so, do chur suas amhlaidh contrárdha don fho-alt san roimhe seo den alt so, féadfaidh athchomharc do dhéanamh sa tslí orduithe chun an Aire agus ar an athchomharc san d'éisteacht bhéarfaidh an tAire pé orduithe uaidh (pe'ca chun na bhfógraí sin do choinneáil ar taisbeáint, do bhaint anuas, no d'atharú é) is dóich leis is ceart agus beidh na horduithe sin ina n-orduithe deiridh gan aon dul thársa.
(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire, de dhruim athchomhairc ar n-a dhéanamh chuige fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, orduithe do thabhairt uaidh chun na bhfógraí le n-a mbaineann an t-athchomharc san do bliaint anuas no d'atharú déanfaidh an duine do chuir suas na fógraí sin, déanfaidh laistigh de thrí lá tar éis na n-orduithe sin do chur in úil do, na fograí sin do bhaint anuas no iad d'atharú (fé mar is gá sa chás) do réir na n-orduithe sin agus má theipeann air san do dhéanamh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.
(5) Gach doine thiomáinfidh feithicil thar droichead contrárdha d'fhógra ar n-a chur suas fén alt so maidir leis an droichead san beidh sé (d'ainneoin go mb'fhéidir gur contrárdha d'fho-alt (2) den alt so do cuireadh suas an fógra san) ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
(6) Pé uair a tiomáinfear feithicil thar droichead sa tslí sin gur cionta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so an tiomáint sin, dlighfidh únaer na feithicle sin airgead damáiste d'íoc, leis an údarás no leis an gcuideachtain no leis an duine eile dhligheann an droichead san do choimeád i dtreo, mar gheall ar an díobháil uile (más aon díobháil é) do rinneadh don droichead san toisc an fheithicil sin do thiomáint amhlaidh thar an droichead san, agus féadfaidh an duine sin an t-airgead damáiste sin do bhaint den únaer san tré aicsean síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla.
Bóithre áirithe do dhúnadh i gcoinnibh feithiclí.
159.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis do fiosrúchán puiblí do dhéanamh, féadfaidh le hordú toirmeasc do chur, fé réir pé eisceachtaí no coinníollacha maidir le húsáid ócáidigh no le ní eile a luadhfar san ordú san, le feithiclí no le haon chineál no cineálacha áirithe feithiclí do thiomáint ar aon bhóthar áirithe go bhfeictear do ina thaobh, de dhruim an fhiosrúcháin sin, é do bheith cruthuithe go ndéanfadh tiomáint feithiclí, no tiomáint an chineáil no na gcineálacha san feithiclí, ar an mbóthar san na feithiclí sin no na daoine ionta no trácht eile do chur i gcontabhairt no é do bheith cruthuithe go bhfuil an bóthar san, toisc aon chúise eile, neamh-oiriúnach chun feithiclí no chun an chineáil no na gcineálacha san feithiclí dá úsáid.
(2) Pé uair a déanfar ordú fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle ar a mbeidh sé de chúram an bóthar le n-a mbaineann an t-ordú san do choimeád i dtreo fógraí, i bhfuirm le n-a n-aontóidh an tAire agus ina ndéarfar cadé éifeacht an orduithe sin, do chur suas agus do choinneáil ar taisbeáint sna háiteanna san a luadhfar san ordú san.
(3) Pé uair a bheidh an tAire tar éis orduithe do dhéanamh fé fho-alt (1) den alt so, féadfaidh an tAire tráth ar bith, tar éis do fógra do thabhairt don chomhairle ar a mbeidh sé de chúram an bóthar le n-a mbaineann an t-ordú san do choimeád i dtreo agus tar éis do aon chúis a phléidhfidh an chomhairle sin leis do bhreithniú, féadfaidh, le hordú, an t-ordú san a céad-luaidhtear do cheiliúradh no do leasú, agus leis sin beidh sé de dhualgas ar an gcomhairle sin na fógraí bheidh curtha suas agus á gcoinneáil ar taisbeáint acu fé fho-alt (2) den alt so maidir leis an ordú san a céad-luaidhtear do bhaint anuas no d'atharú fé mar is gá sa chás.
(4) Gach ordú ar n-a dhéanamh fé alt 12 den Roads Act, 1920, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ag cur toirmisc no sriain le feithiclí d'aon chineál áirithe do thiomáint ar aon bhóthar áirithe in aon líomatáiste áirithe, tuigfear, o dháta an tosach feidhme sin amach agus chun gach críche (le n-a n-áirmhítear ciontaí agus pionóisí), é do dhéanamh fén alt so agus leanfaidh i bhfeidhm agus beidh sé incheiliúrtha agus inleasuithe dá réir sin.
(5) Gach duine thiomáinfidh feithicil ar bhóthar contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh fé fho-alt (1) den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
Cosaint do chomhacht ghenerálta an Choimisineura.
160.—Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar maidir le comhacht agus dualgas generálta an Choimisineura agus ball eile den Ghárda Síochána i dtaobh ordú do choimeád in áiteanna puiblí agus i dtaobh tráchta ionta do rialáil agus do stiúradh ná ní bhainfidh ón gcéanna.
CUID X.
Feithicli do Shoillsiu.
Soillse d'iompar ar fheithiclí.
161.—(1) Iomparófar ar gach feithicil inneall-ghluaiste (seachas rothar inneall-ghluaiste le n-a mbaineann an chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) san ionad agus sa tslí orduithe, faid a bheidh an fheithicil sin ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin, na lampaí seo leanas agus iad ar lasadh go cuibhe agus i dtreo éifeachtúil, sé sin le rá :—
(a) dhá lampa agus solus geal a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón bhfeithicil sin á chaitheamh ag gach ceann acu roimh an bhfeithicil sin amach; agus
(b) lampa eile agus solus dearg a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón bhfeithicil sin á chaitheamh aige laistiar de chúl na feithicle sin.
(2) Iomparófar ar gach rothar inneall-ghluaiste a húsáidfear gan aon fheithicil ná ní i bhfuirm feithicle ceangailte dá thaoibh, iomprófar air san ionad agus sa tslí orduithe, faid a bheidh an rothar san ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin, na lampaí seo leanas agus iad ar lasadh go cuibhe agus i dtreo éifeachtúil, sé sin le rá :—
(a) lampa amháin agus solus geal a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón rothar san á chaitheamh aige roimh an rothar san amach; agus
(b) lampa eile agus solus dearg a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón rothar san á chaitheamh aige laistiar de chúl an rothair sin.
(3) Iomparófar ar gach feithicil inneall-ghluaiste, faid a bheidh sí ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin, lampa (is féidir a bheith ina lampa ar leithligh no ar cheann de sna lampaí is gá do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so d'iompar ar an bhfeithicil sin) agus é ar lasadh go cuibhe agus é déanta agus suidhte i slí go ndéanfaidh an comhartha aitheantais fén Roads Act, 1920, ar n-a iompar ar chúl na feithicle sin, do shoillsiú le solus geal.
(4) Iomparófar ar gach feithicil nách feithicil inneall-ghluaiste ná feithicil ar n-a tarrac ag feithicil inneall-ghluaiste, iomprófar uirthi san ionad agus sa tslí orduithe, faid a bheidh sí ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin :—
(a) lampa amháin agus é ar lasadh go cuibhe agus i dtreo éifeachtúil agus solus geal a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón bhfeithicil sin á chaitheamh aige roimh an bhfeithicil sin amach, agus
(b) friothán dearg i dtreo éifeachtúil agus é feistithe i slí go mbeidh an friothán san, le linn soluis do luighe ar an bhfeithicil sin ón taobh thiar, so-fheicse ag duine bheidh laistiar den fheithicil sin agus laistigh d'achar réasúnta uaithi, agus
(c) má bhíonn agus nuair a bheidh an fheithicil sin ag iompar ualaigh a bheidh ag síneadh níos sia ná sé troigh thar cúl na feithicle sin, lampa eile agus solus dearg a bheidh so-fheicse achar réasúnta ón bhfeithicil sin á chaitheamh aige laistiar de chúl na feithicle sin.
(5) I gcás feithicle no ní i bhfuirm feithicle do bheith ceangailte go teann de rothar inneall-ghluaiste, pe'ca buan don cheangal san no nách eadh, tuigfear gurb aon fheithicil amháin chun crícheanna an ailt seo an rothar san agus an fheithicil no an ní sin a bheidh ceangailte dhe.
(6) Gach rialachán a déanfar fén Acht so, ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san alt so mar ní no mar rud atá orduithe, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Soillse ar fheithiclí thairgeann agus ar fheithiclí tarraigthe.
162.—(1) d'ainneoin éinní atá san alt deiridh sin roimhe seo, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i gcás feithicle (pe'ca feithicil inneall-ghluaiste í no nách eadh) a bheidh ag tarrac feithicle no feithiclí eile ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin, sé sin le rá :—
(a) maran sia ná cúig troigh an spás idir an bhfeithicil a bheidh ag tarrac agus an fheithicil is neasa dhi sin agus a bheidh á tarrac aici, ní gá aon lampa go solus dearg d'iompar ar chúl na feithicle sin a bheidh ag tarrac ná ní gá aon lampa d'iompar ar an bhfeithicil sin a bheidh á tarrac aici ’na mbeidh solus á chaitheamh aige roimh an bhfeithicil sin amach;
(b) maran sia ná cúig troigh an spás idir aon dá fheithicil a bheidh á dtarrac, ní gá aon lampa go solus dearg d'iompar ar chúl na céad fheithicle acu san ná ní gá aon lampa d'iompar ar an dara feithicil acu san ’na mbeidh solus á chaitheamh aige roimh an bhfeithicil sin amach;
(c) más sia ná cúig troigh an spás idir an bhfeithicil a bheidh ag tarrac agus an fheithicil is neasa dhi sin agus a bheidh á tarrac aici no idir aon dá fheithicil a bheidh á dtarrac, bainfidh an Chuid seo den Acht so leis an bhfeithicil sin a bheidh ag tarrac agus an fheithicil sin a bheidh á tarrac aici no leis an dá fheithicil sin a bheidh á dtarrac (do réir mar bheidh) fé is dá mbeidís sin fé seach gan bheith ag tarrac feithicle eile no á dtarrac aici.
(2) Chun crícheanna an ailt seo is idir na puíntí is neasa dá chéile de dhá fheithicil a déanfar an spás idir na feithiclí sin do thomhas ach san i slí ná tuigfear gur cuid de cheachtar feithicil acu an barra tarraicthe no an tsreang mhiotail no an rópa is snaidhm idir na feithiclí sin ná an feisteas speisialta (más ann do) chun an bharra tarraicthe no na sreinge miotail no an rópa san do cheangal.
Rialacháin i dtaobh lampaí ar fheithiclí.
163.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) srian do chur le líon, ionad, dath agus saghas na lampaí is ceaduithe d'iompar ar lasadh, agus na bhfriothán is ceaduithe d'iompar, ar aon fheithicil no ar aon fheithicil de chineál áirithe, ar bhóithre go generálta no ar bhóithre d'aon chineál áirithe no ar aon bhóthar áirithe, le linn uaireanta soillsiúcháin, i dteanta na lampaí agus na bhfriothán (más ann dóibh) is gá do réir na Coda so den Acht so no fúithi d'iompar ar lasadh, no d'iompar, ar an bhfeithicil sin faid a bheidh sí ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin;
(b) a ordú cadé líon, dath, saghas, ionad agus modh ceangail na lampaí bheidh le hiompar ar lasadh, agus na bhfriothán a bheidh le hiompar, ar gach feithicil no ar gach feithicil de chineál áirithe, faid a bheidh sí ag iompar ualaigh go mbeidh cuid de ar crochadh no ag síneadh thar an bhfeithicil sin, ar aon bhóthar le linn uaireanta soillsiúcháin, i dteanta no in ionad gach ceann no aon cheann de sna lampaí is gá do réir aon fhorála eile no fé aon fhoráil eile den Chuid seo den Acht so d'iompar ar lasadh ar an bhfeithicil sin;
(c) srianadh no stiúradh do dhéanamh maidir le comhacht, aoirde, leithead agus raon an tsoluis a theilgfidh na lampaí a hiomparófar ar lasadh uirthi ar aon bhóthar no ar aon bhóthar áirithe no ar aon bhóithre de chineál áirithe agus maidir le huille theilgin gaethe an tsoluis sin agus le haon tsolus den tsórt san do dhalladh go sealadach no do lag-dhalladh agus le méid agus le modh déanta an dallta san;
(d) srianadh no stiúradh do dhéanamh i dtaobh na treo, maidir le feithicil, ina mbeidh an solus o aon lampa bheidh á iompar ar lasadh ar an bhfeithicil sin á theilgean d'atharú le linn na feithicle sin do bheith ar gluaiseacht ar aon bhóthar, pe'ca atharú é a deintear tríd an lampa no aon chuid de do chasadh no d'aistriú ar shlí eile no tríd an solus a bheidh á theilgean ón lampa san do chlaonadh;
(e) a rialáil agus a ordú cadé líon, dath, saghas, ionad, agus modh ceangail na lampaí a bheidh le hiompar ar lasadh, agus na bhfriothán a bheidh le hiompar, ar fheithiclí d'aon chineál áirithe go generálta no in áiteanna áirithe no i gcásanna áirithe, agus i dteanta no in ionad gach ceann no aon cheann de sna lampaí agus de sna friotháin is gá, do réir aon fhorála eile no fé aon fhoráil eile den Chuid seo den Acht so, d'iompar ar lasadh agus d'iompar fé seach ar an bhfeithicil sin;
(f) socrú speisialta do dhéanamh maidir le feithiclí no le haon chineál áirithe feithiclí le linn dóibh bheith ag iompar earraí áirithe so-lasta no pléascacha no bheith in áit ina mbeidh earraí den tsórt san i dtaisce agus, chun críche an tsocruithe speisialta san, chun feithiclí le n-a mbaineann an socrú san do shaoradh o aon fhorálacha áirithe den Chuid seo den Acht so;
(g) feithiclí bheidh ar stad in áit is áit suidhte do réir bhrí an Achta so do shaoradh o oibriú aon fhorálacha áirithe den Chuid seo den Acht so no o oibriú aon rialachán ar n-a ndéanamh fútha san.
(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Ciontaí agus pionóisí fén gCuid seo den Acht so.
164.—Gach duine—
(a) a bheidh ag tiomáint feithicle no ’na mbeidh feithicil fén-a chúram in áit phuiblí le linn uaireanta soillsiúcháin agus ar a dteipfidh no do bhéarfaidh faillí maidir leis an lampa no na lampaí uile agus fé seach (do réir mar bheidh) d'iompar ar lasadh ar an gcéanna is gá, do réir na Coda so den Acht so no do réir aon rialacháin ar n-a dhéanamh fúithi sin, d'iompar ar lasadh ar an bhfeithicil sin san áit sin le linn na n-uaireanta san, no
(b) a bheidh ag tiomáint feithicle no ’na mbeidh feithicil fén-a chúram in áit phuiblí le linn uaireanta soillsiúcháin agus ar a dteipfidh no do bhéarfaidh faillí maidir leis an bhfriothán san (más aon cheann é) d'iompar is gá, do réir na Coda so den Acht so no do réir aon rialacháin ar n-a dhéanamh fúithi sin, d'iompar ar an bhfeithicil sin san áit sin le linn na n-uaireanta san, no
(c) dhéanfaidh éinní eile, tré ghníomh no tré fhaillí, is sárú ar an gCuid seo den Acht so, no ar rialachán ar n-a dhéanamh fúithi sin, agus nách inphionósuithe do réir aon ailt eile den Chuid seo den Acht so,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.
CUID XI.
Ilghneitheach.
Feithicil do thógaint gan údarás.
165.—(1) Gach duine dhéanfaidh feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint no d'úsáid no do ghlacadh i seilbh gan cead o únaer na feithicle sin no o údarás dleathach eile beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(2) Má cúisítear duine mar gheall ar chionta fén alt so do dhéanamh beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do thaisbeáint gur chreid sé agus go raibh cúis réasúnta aige chun a chrediúint, nuair do rinne sé an gníomh go n-abartar gurb é an cionta san é, go raibh údarás dleathach aige chun an ghnímh sin do dhéanamh.
(3) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána aon duine do ghabháil gan barántas ’na mbeidh amhras réasúnta aige é do bheith ag déanamh cionta fén alt so.
(4) Má bhíonn cúiseamh mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste do ghoid i ndíotáil féadfaidh cúiseamh do bheith inti mar gheall ar chionta fén alt so do dhéanamh maidir leis an bhfeithicil sin agus sa chás san féadfar an duine bheidh á dhíotáil amhlaidh d'fháil ciontach i dtaobh an chúisimh mar gheall ar chionta fén alt so do dhéanamh agus, ar an duine sin d'fháil ciontach amhlaidh, féadfar é do dhaoradh chun aon phionóis do b'fhéidir a chur fén alt so ar dhuine do ciontófaí sa chionta san ar an slí achmair.
(5) Más rud é, ar thriail duine bheidh á dhíotáil i bhfeithicil inneall-ghluaiste do ghoid, gur dóich leis an ngiúiré ná raibh an duine sin ciontach sa bhfeithicil sin do ghoid ach go raibh sé ciontach i gcionta fén alt so maidir leis an bhfeithicil sin, féadfaidh an giúiré sin an duine sin d'fháil ciontach sa chionta san agus leis sin féadfar an duine sin do dhaoradh chun aon phionóis do b'fhéidir do chur fén alt so ar dhuine do ciontófaí sa chionta san ar an slí achmair.
Feithiclí tarraigthe do bhainistí.
166.—(1) Ní bheidh sé dleathach feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun níos mó ná aon fheithicil amháin eile do tharrac mara mbeidh duine i dteanta gach feithicle bheidh á tarrac amhlaidh ach amháin an chéad fheithicil acu, no ar iompar uirthi, agus é de chúram ar an duine sin aire do thabhairt don fheithicil go mbeidh sé ina teanta amhlaidh no ar iompar uirthi amhlaidh.
(2) Pé uair a húsáidfear feithicil inneall-ghluaiste contrárdha don alt so beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Cur isteach gan údarás ar mheicníocht feithicle.
167.—(1) Gach duine dhéanfaidh, gan cead o únaer no ón duine i mbun feithicle inneall-ghluaiste agus gan údarás dleathach eile ná cúis réasúnta, cur isteach no iarracht ar chur isteach in aon tslí ar mheicníocht na feithicle sin agus í ar stad in áit phuiblí no raghaidh, no dhéanfaidh iarracht ar dhul, in áirde ar an bhfeithicil sin no isteach inti agus í ar stad amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
(2) Tuigfear ball den Ghárda Síochána bheidh ag déanamh birte do réir an Achta so chun deighleála go sealadach le feithicil inneall-ghluaiste, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gurb eisean an duine i mbun na feithicle sin.
(3) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána aon duine do ghabháil gan barántas ’na mbeidh amhras réasúnta aige é do bheith ag déanamh cionta fén alt so.
(4) Ní bhainfidh an t-alt so le duine dhéanfaidh, maidir le feithicil inneall-ghluaiste a bheidh á chosc ar dhul isteach in aon áit no ar theacht amach as go dleathach, pé beart is gá do réir réasúin chun na feithicle sin d'aistriú le neart cuirp fada go leor chun deireadh do chur leis an gcosc san.
(5) Má cúisítear duine mar gheall ar chionta fén alt so do dhéanamh beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do thaisbeáint gur chreid sé agus go raibh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint, nuair do rinne sé an gníomh go n-abartar gurb é an cionta san é, go raibh údarás dleathach aige chun an ghnímh sin do dhéanamh.
Deighleáil le feithicil ar thiománaí, etc., do ghabháil.
168.—Pé uair a dhéanfaidh ball den Ghárda Síochána fén Acht so duine do ghabháil gan barántas go gcreidtear no go bhfuiltear in amhras é do bheith ag déanamh cionta no é do bheith tar éis cionta do dhéanamh fén Acht so maidir le feithicil inneallghluaiste, féadfaidh an ball san, más gá san sa chás, pé beart do dhéanamh no a chur fé ndeár í do dhéanamh is ceart dar leis chun deighleála go sealadach leis an bhfeithicil sin.
Teora le-faid tréimhsí leanúnacha tiomána.
169.—(1) Tuigfear gur tréimhse ró-fhada chun crícheanna an ailt seo gach ceann de sna tréimhsí tiomána no de sna sreathanna de thréimhsí tiomána so leanas, sé sin le rá :—
(a) aon tréimhse leanúnach tiomána is sia ná cúig uaire go leith a' chluig;
(b) aon tsreath de thréimhsí leanúnacha tiomána is sia le chéile ná aon uair déag a' chluig in aon tréimhse de cheithre huaire fichead a' chluig ar n-a tosnú dhá uair a' chluig tar éis meán oíche;
(c) aon tréimhse tiomána no sreath de thréimhsí tiomána ar n-a socrú i slí ná bíonn deich n-uaire a' chluig ar a laighead as a chéile ag an tiománaí i gcóir sosa i ngach tréimhse de cheithre huaire fichead a' chluig ar n-a tosnú i dtosach aon tréimhse tiomána.
(2) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so—
(a) má bhíonn naoi n-uaire a' chluig ar a laighead as a chéile ag tiománaí i gcóir sosa i dtréimhse de cheithre huaire fichead a' chluig ar n-a tosnú i dtosach tréimhse tiomána, déanfar an tréimhse sin de naoi n-uaire d' chluig ar a laighead as a chéile d'áireamh mar thréimhse de dheich n-uaire a' chluig as a chéile má bhíonn dhá uair dhéag a' chluig ar a laighead as a chéile ag an tiománaí sin i gcóir sosa sa chéad cheithre huaire fichead a' chluig tar éis na tréimhse sin de cheithre huaire fichead a' chluig a luaidhtear thuas do bheith caithte;
(b) tuigfear aon dá thréimhse thiomána as a chéile do bheith ina n-aon tréimhse leanúnach amháin mara mbeidh idir an dá thréimhse sin eatramh de leath-uair d' chluig ar a laighead ina bhféadfaidh an tiománaí sos do bheith aige agus úrúcháin d'fháil;
(c) déanfar aon am a chaithfidh tiománaí feithicle ar obair (seachas tiomáint) maidir leis an bhfeithicil sin no leis an ualach a bheidh á iompar uirthi agus fós, i gcás feithicle seirbhíse puiblí, aon am a chaithfe sé in aon fheadhmannas (seachas mar thiománaí no mar phaisnéir) ar an bhfeithicil sin agus í ar turus, déanfar san d'áireamh mar am do caitheadh ag tiomáint;
(d) i gcás feithicle bheidh á húsáid le haghaidh no le linn aon oibriúcháin talmhaíochta no foraoiseachta ní déanfar am a caithfear ag tiomáint na feithicle sin no ag obair uirthi no maidir léi faid ná beidh sí ar bhóthar d'áireamh mar am do caitheadh ag tiomáint.
(3) Gach duine thiomáinfidh, no chuirfidh fé ndeár no lomhálfaidh go dtiomáinfidh aon duine ar fostú aige no ag gníomhú fé n-a orduithe, ar feadh tréimhse ró-fhada feithicil inneall-ghluaiste is feithicil mhór sheirbhíse puiblí no is feithicil a bheidh ceaptha agus déanta chun feithicle eile do tharrac agus chuige sin amháin no is feithicil ar a mbeidh cabhail a bheidh ceaptha agus déanta chun earraí d'iompar agus chuige sin amháin, no dhá fheithicil no níos mó den tsórt san i ndiaidh a chéile, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(4) Má cúisítear duine mar gheall ar chionta fé aon fho-alt den alt so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san a chruthú gurb é fé ndeár an gníomh go n-abartar gurb é an cionta san é ná moill do bhaint le turus do chríochnú agus nárbh fhéidir an mhoill sin do sheachaint agus gurb é ba chúis leis an moill sin ná cúrsaí nárbh fhéidir don duine sin do réir réasúin coinne do bheith aige leo.
(5) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, cólucht comhairlitheach do bhunú chun crícheanna an ailt seo, agus déanfaidh socrú leis an ordú san maidir le có-dhéanamh agus nós-imeachta an chóluchta san agus le ceapachán agus seilbh oifige ball an chóluchta san agus maidir leis na baill sin do chur as oifig agus foth-fholúntaisí sa chólucht san do líonadh agus maidir le héinní eile i dtaobh an chóluchta san is dóich leis an Aire sin is gá chun an chóluchta san do dhéanamh feidhmithe chuibhe fén alt so.
(6) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh an cólucht comhairlitheach a bunófar fén bhfo-alt san có-dhéanta de chúigear ball agus isé an tAire sin a cheapfaidh iad uile agus—
(a) is chun bheith mar chathaoirleach ar an gcólucht san a ceapfar duine acu amhlaidh, agus
(b) is mar dhuine ag ionadú fostóirí i ngnó iompair de bhóthar a ceapfar duine eile acu amhlaidh, agus
(c) is mar dhuine ag ionadú daoine ar fostú i ngnó iompair de bhóthar a ceapfar duine eile acu amhlaidh, agus
(d) is mar dhuine ag ionadú únaerí feithiclí inneall-ghluaiste ná húsáidtear chun paisnéirí ná earraí d'iompar ar luach saothair a ceapfar duine eile acu amhlaidh, agus
(e) is mar dhuine ag ionadú daoine ar fostú mar thiománaithe feithiclí inneall-ghluaiste ná húsáidtear chun paisnéirí ná earraí d'iompar ar luach saothair a ceapfar duine eile acu amhlaidh.
(7) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, ar iarratas éinne chítear do a bheith ionadathach d'fhostóirí dá ndeineann oibriú an ailt seo deifir no d'fhostuithe dá ndeintear deifir amhlaidh agus tar éis do an cúrsa do chur chun an chóluchta chomhairlithigh a bunófar fén alt so agus comhairle d'fháil uatha agus más deimhin leis ná déanfaidh an t-ordú bheidh beartuithe baint o shábháltacht na puiblíochta, féadfaidh, le hordú, aon tréimhse d'atharú i slí ar bith is tréimhse dearbhuítear leis an alt so, no bheidh dearbhuithe le haon ordú ar n-a dhéanamh roimhe sin fén bhfo-alt so, do bheith ina tréimhse ró-fhada chun crícheanna an ailt seo.
(8) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, ar iarratas éinne go bhfeictear do leas do bheith aige i bhfeithiclí inneallghluaiste d'úsáid no baint do bheith aige le n-a n-úsáid ar aon ócáid áirithe no i dtaobh aon teagmhais áirithe no mar chuid den teagmhas san agus tar éis do an cúrsa do chur chun an chóluchta chomhairlithigh a bunófar fén alt so agus comhairle d'fháil uatha agus más deimhin leis ná déanfaidh an t-ordú bheidh beartuithe baint o shábháltacht na puiblíochta maidir leis an ócáid no leis an teagmhas san agus go mbeidh sé ar gach slí eile oiriúnach do réir chúrsaí an cháis, féadfaidh, le hordú, aon tréimhse d'atharú i slí ar bith no do chur ar fiunraoi ar fad, maidir le crícheanna no chun crícheanna an teagmhais no na hócáide sin, is tréimhse dearbhuítear leis an alt so, no bheidh dearbhuithe le haon ordú ar n-a dhéanamh roimhe sin fén alt so, do bheith ina tréimhse ró-fhada chun crícheanna an ailt seo.
(9) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon alt eile den Acht so ní bhainfidh an t-alt so le feithiclí ná alos feithiclí bheidh ar únaeracht ag an Stát agus á n-úsáid chun crícheanna míleata no póilíneachta ná le daoine ná alos daoine i seirbhís phuiblí an Stáit ag tiomáint feithiclí bheidh ar únaeracht agus á n-úsáid amhlaidh.
Freagarthacht an Aire Airgid i bhfeithiclí is leis an Stát do thiomáint go nea-chúramach.
170.—(1) Má thárlann díobháil do dhuine no do mhaoin de dheascaibh feithicle inneall-ghluaiste is leis an Stát do thiomáint go nea-chúramach, dlighfidh an tAire Airgid, de dhruim cúisimh shíbhialta, airgead damáiste d'íoc alos na díobhála san.
(2) D'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile féadfar imeachta, chun airgid damáiste do bhaint amach, do bhunú i gcoinnibh an Aire Airgid fén alt so gan fiat an Phríomh-Atúrnae d'fháil.
(3) In imeachta bunófar i gcoinnibh an Aire Airgid chun airgid damáiste do bhaint amach fén alt so, beidh gach plé cosanta do bheadh ceaduithe do mháistir ar a gcuirfí an dlí chun airgid damáiste do bhaint amach alos nea-chúraim a sheirbhísigh (le n-a n-áirmhítear an plé um nea-chúram chabharthach agus fós pléanna sa chéill nách ag gníomhú i gcúrsa a fhostaíochta bhí an duine gur alos a nea-chúraim a bheidh airgead damáiste á éileamh) beidh san ceaduithe don Aire Airgid agus má cruthuítear é beidh sé ina chosaint mhaith sa mhéid chéanna ’na mbeadh dá mbé an tAire sin máistir an duine sin dáiríribh.
(4) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun duine ar bith do shaoradh o n-a bheith freagarthach i ndíobháil do dhuine no do mhaoin ar n-a tárlachtaint de dheascaibh a nea-chúraim féin.
Freagarthacht phearsanta i dtiomáint nea-chúramach do leathnú.
171.—(1) An fhreagarthacht a bheidh ar dhuine ar bith mar gheall ar dhíobháil ar n-a tárlachtaint de dheascaibh an duine sin féin no a sheirbhíseach do thiomáint feithicle inneall-ghluaiste go nea-chúramach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so ní leis an duine sin amháin a bhainfidh ná ní chuirfidh a bhás deireadh léi ach leanfaidh tar éis bháis an duine sin agus beidh ina fiachas ar a estát réalta agus pearsanta sa tslí chéanna agus gus an tosaíocht chéanna ’na mbíonn fiach no fiachas eile fé ghnáthchonnradh ina fhiachas amhlaidh.
(2) Imeachta (ar a n-áirmhítear imeachta fé sna Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908) a bunófar i gcoinnibh duine ar bith chun airgid damáiste do bhaint aamch mar gheall ar an duine sin no a sheirbhíseach do thiomáint no do bhainistí feithicle inneallghluaiste go nea-chúramach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so ní raghaid as ar fháil bháis don duine sin ach féadfar leanúint díobh i gcoinnibh a ionadaí phearsanta.
(3) Féadfar imeachta (ar a n-áirmhítear imeachta fé sna Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908) chun airgid damáiste do bhaint amach mar gheall ar dhuine ar bith no seirbhíseach dhuine ar bith do thiomáint no do bhainistí feithicle inneall-ghluaiste go nea-chúramach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, féadfar, tar éis bháis an duine sin, na himeachta san do bhunú agus do chur ar aghaidh i gcoinnibh ionadaí phearsanta an duine sin.
Freagarthacht alos duine ag tiomáint le toiliú an únaera.
172.—Pé uair a dhéanfaidh duine feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint le toiliú únaera na feithicle sin (pe'ca tugtha don toiliú san no tuigthe dho o chúrsaí an cháis) tuigfear an duine sin, chó fada is bhaineann le n-a chinneadh ce'ca freagarthach no neafhreagarthach don únaer san i ndíobháil ar n-a tárlachtaint tríd an duine sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach, tuigfear é do thiomáint na feithicle sin mar sheirbhíseach an únaera san, ach ní tuigfear é dá tiomáint amhlaidh ach sa mhéid go ngníomhóidh do réir téarmaí an toilithe sin.
Dualgas tiománaí ar thionóisc do thárlachtaint.
173.—(1) Má deintear díobháil do dhuine ar bith no damáiste do mhaoin ar bith in áit phuiblí agus má bhíonn baint ag feithicil leis an díobháil no leis an damáiste sin do thárlachtaint (is cuma an díobháil no an damáiste sin do theacht as tiomaint no bainistí na feithicle sin no gan a theacht) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—
(a) mara mbeidh an fheithicil sin ina stad tar éis na tárlachtainte sin beidh sé de dhualgas ar thiománaí na feithicle sin an fheithicil sin do stop;
(b) beidh sé de dhualgas ar thiománaí na feithicle sin, no ar an duine eile bheidh ina bun, an fheithicil sin do choimeád in áit na tárlachtainte sin no in aice na háite sin ar feadh tréimhse bheidh réasúnta do réir chúrsaí uile an cháis agus ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo;
(c) beidh sé de dhualgas ar thiománaí na feithicle sin no, i gcás eisean do mharbhadh no do chur fé mhí-chumas, ar an té bheidh i bun na feithicle sin an uair sin an t-eolas oiriúnach do thabhairt, ar san d'éileamh, do bhall den Ghárda Síochána no, mara mbeidh aon bhall den tsórt san i láthair, do dhuine amháin ag á mbeidh teideal fén alt so an t-eolas san d'éileamh;
(d) mara mbeidh ball den Ghárda Síochána, ná duine ar bith a bheidh i dteideal an t-eolas oiriúnach d'éileamh, i láthair le linn an teagmhais sin, beidh sé de dhualgas ar thiománaí na feithicle sin no, i gcás eisean do mharbhadh no do chur fé mhí-chumas, ar an té bheidh i mbun na feithicle sin an uair sin an tárlachtaint sin do thuairisciú chó luath agus is féidir é do bhall den Ghárda Síochána agus chuige sin dul, más gá san, go dtí an stáisiún Ghárda Síochána is comhgaraí agus is caothúla agus fós an t-eolas oiriúnach do thabhairt, ar san d'éileamh, don bhall san.
(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar dhualgas ar n-a fhorchur air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt.
(3) San alt so—
foluíonn an focal “díobháil” díobháil is trúig bháis agus déanfar focail atá gaolmhar do san do léiriú dá réir sin,
foluíonn an focal “damáiste” díthiú i bpáirt no go hiomlán agus déanfar focail atá gaolmhar do san do léiriú dá réir sin,
cialluíonn an abairt “eolas oiriúnach” ainm agus seoladh an duine ar a gceangailtear leis an alt so an t-eolas san do thabhairt uaidh agus ainm agus seoladh únaera na feithicle go mbeidh an duine sin á tiomáint no ina bun agus, i gcás na feithicle sin do bheith cláruithe fén Acht so no fé aon Acht eile, uimhir chlárathachta na feithicle sin agus, i gcás na feithicle sin do bheith fé árachas no fé urruíocht do réir an Achta so, mion-innste an árachais no na hurruíochta san.
(4) Isiad daoine ag á mbeidh teideal fén alt so an t-eolas oiriúnach d'éileamh ná—
(a) i gcás díobhála do dhuine, an duine sin no, má thárlann don duine sin é do mharbhadh no é do chur fé mhíchumas, aon duine amháin eile bheidh de thurus na huaire i bhfeighil an duine dá ndearnadh díobháil amhlaidh toisc comhgais ghaoil, toisc gur seirbhíseach duine acu don duine eile, no toisc éinní eile;
(b) i gcás díobhála do mhaoin, únaer na maoine sin no, má thárlann don únaer san é do mharbhadh no díobháil do dhéanamh do no gan é bheith i láthair, aon duine amháin a bheidh i mbun na maoine sin;
(c) mara mbeidh teideal ag duine ar bith fé pé mír acu san roimhe seo bhaineann leis an gcás, aon duine amháin do bhí i láthair nuair do rinneadh an díobháil agus nách é is fostóir don té ar a mbeidh sé ceangailte an t-eolas do thabhairt uaidh ná duine ar fostú aige-sean ná ina chuideachtain.
Cúiteamh le hóspidéil.
174.—(1) I gcás duine (dá ngairmtear an duine díobhálta san alt so) do chur fé chóir leighis in óspidéal alos díobhála do thárla dho de bhíthin feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint go neachúramach agus i gcás na díobhála san do thárlachtaint amhlaidh i slí go mbeidh teideal ag an duine díobhálta no (má bhíonn sé tar éis bháis) go raibh teideal aige le linn a bheo chun airgid damáiste alos na díobhála san do bhaint de dhuine éigin eile, ansan, éinne dhlighfidh an t-airgead damáiste sin d'íoc leis an duine díobhálta dlighfidh freisin an t-airgead damáiste sin a luaidhtear san alt so d'íoc le cólucht rialúcháin an óspidéil sin má coinníodh an duine díobhálta san óspidéal san chun é do chur fé chóir leighis alos na díobhála san no má rinneadh san óspidéal san (pe'ca coinníodh ann é no nár coinníodh) é do chur fén gcóir leighis sin, alos na díobhála san, a luaidhtear sa chéad fho-alt eile den alt so.
(2) An t-airgead damáiste is iníoctha fén alt so le cólucht rialúcháin óspidéil isé bheidh ann, fé réir an laigheaduithe luaidhtear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, ná suim no an dá shuim (do réir mar bheidh) acu so leanas, sé sin le rá :—
(a) i gcás an duine dhíobhálta do choinneáil san óspidéal san chun é do chur fé chóir leighis alos na díobhála san do thárla dho, suim réasúnta alos na coinneála san nách mó in aon chás ná cúig púint triochad agus, fé réir na teorann sáruithighe sin, nách mó ná pé suim acu so leanas is lugha, sé sin le rá :—
(i) in aghaidh gach lae coinneofar an duine díobhálta amhlaidh, suim de naoi scillinge, no
(ii) in aghaidh gach lae den tsórt san, suim is có-ionann leis an meán-mhéid laethúil an t-othar a chosnuíonn sé an t-óspidéal san go n-a fhoireann do chothabháil agus na hothair ann do chothú agus do chur fé chóir leighis; agus
(b) i gcás an duine dhíobhálta do chur, san óspidéal san alos na díobhála san do thárla dho (pe'ca coinníodh san óspidéal san é no nár coinníodh), fé chóir leighis le haon fhearas leictriciúil no fearas speisialta eile no fé chóir leighis tré mhasáiste, no fé chóir leighis d'aon tsaghas speisialta eile den tsórt san, suim réasúnta alos na córach leighis sin ach gan í dhul thar cúig púint déag in aon chás.
(3) Bainfear as an airgead damáiste luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so na suimeanna uile (más aon cheann é) d'íoc an duine díobhálta no do híocadh thar a cheann le cólucht rialúcháin an óspidéil alos na coinneála agus na córach leighis no alos ceachtair acu (do réir mar bheidh) gur ina dtaobh no ina thaobh a bheidh an t-airgead damáiste sin iníoctha.
(4) I gcás cóluchta rialúcháin óspidéil do bhaint airgid damáiste amach fén alt so maidir le duine díobhálta do choinneáil agus do chur fé chóir leighis no maidir le ceachtar ní acu san, ní bheidh an cólucht rialúcháin sin i dteideal aon airgead d'fháil ón duine díobhálta san ná do bhaint de alos na coinneála agus na córach leighis sin ná alos ceachtair acu san (do réir mar bheidh) lasmuich d'aon tsuim a bheidh íoctha ag an duine díobhálta san no thar a cheann agus a beifear tar éis a chur san áireamh le linn méid an airgid damáiste sin do chinneadh.
(5) An fhreagarthacht a bheidh ar dhuine in airgead damáiste d'íoc fén alt so beidh sí, chun crícheanna Coda V den Acht so agus chun crícheanna aon pholasaí cheaduithe, aon urruíochta ceaduithe no aon pholasaí agus urruíochta chó-nasctha cheaduithe, ina freagarthacht in airgead damáiste d'íoc mar gheall ar dhíobháil do dhuine ar n-a tárlachtaint tré thiomáint neachúramach do dhéanamh ar an bhfeithicil inneall-ghluaiste ba bhun leis an díobháil don duine díobhálta gur maidir le n-a chóir leighis agus le n-a chothú (más ann dóibh) a bheidh an t-airgead damáiste sin iníoctha.
(6) San alt so cialluíonn an abairt “cólucht rialúcháin” an duine no na daoine, ionchorpruithe no neamh-ionchorpruithe, bheidh i dteideal dul chun dlí agus ar a bhféadfar dlí do chur alos an óspidéil sin mar dhílseánach no mar bhainisteoir air no i slí eile.
Ceart chun ainm agus seoladh rothaithe troightheáin d'éileamh.
175.—Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar éinne i mbun rothair throightheáin no rothair thrianaigh throightheáin go mbeidh amhras ag an mball san é do bheith tar eis coir no cionta ar bith do dhéanamh no baint no páirt do bheith aige le hiombualadh no le teagmhas eile ar bhóthar ba bhun le díobháil do dhuine no do mhaoin, agus má theipeann ar aon duine den tsórt san no má dheineann diúltú maidir le n-a ainm agus le n-a sheoladh do thabhairt uaidh ar san d'éileamh air no má bheireann ainm agus seoladh uaidh a cheapann an ball san go réasúnta do bheith bréagach no míthreorach féadfaidh an ball san an rothar no an rothar trianach san (pe'ca aca é) do thógaint, le héigean más gá san, agus an céanna do choimeád go dtí gur deimhin leis cé hé an duine sin.
Pionós mar gheall ar dhearbhú bhréagach, etc.
176.—(1) Gach duine dhéanfaidh, maidir le hiarratas á iarraidh go ndéanfaí ceadúnas do dheonadh no do thabhairt amach fén Acht so no fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so, dearbhú is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach no dhéanfaidh, ar an Acht so no ar rialacháin ar n-a ndéanamh fé dá cheangal air eolas do thabhairt uaidh maidir le haon iarratas den tsórt san no ar aon tslí eile maidir le haon cheadúnas den tsórt san no maidir le haon fheithicil, aon eolas do thabhairt uaidh is eol do do bheith bréagach no do bheith mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.
(2) Gach duine dhéanfaidh samhail fhallsa maidir le haon cheadúnas, pláta, suaitheantas no deimhniú ar n-a thabhairt amach fén Acht so no fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so no dhéanfaidh aon cheadúnas, pláta, suaitheantas no deimhniú den tsórt san d'atharú no d'úsáid go calaoiseach no do thabhairt ar iasacht go calaoiseach do dhuine ar bith eile no a lomháil go calaoiseach do dhuine ar bith eile an céanna d'úsáid, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.
E de dhualgas eolas do thabhairt ar n-a éileamh san do bhall den Ghárda Síochána.
177.—(1) Má abrann ball den Ghárda Síochána le tiománaí feithicle inneall-ghluaiste go bhfuil cúis ag an mball san chun amhras do bheith aige go bhfuil an tiománaí sin tar éis cionta áirithe fén Acht so do dhéanamh, féadfaidh an ball san a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an tiománaí sin agus féadfaidh, má theipeann ar an tiománaí sin no má dheineann diúltú maidir le n-a ainm no le n-a sheoladh do thabhairt uaidh mar fhreagra ar an éileamh san no má thugann ainm no seoladh uaidh a cheapann an ball san go réasúnta do bheith bréagach no míthreorach, an tiománaí sin do ghabháil gan barántas.
(2) Má bhíonn cúis réasúnta ag ball den Ghárda Síochána chun a cheapadh go bhfuiltear tar éis cionta fén Acht so do dhéanamh agus ná fuil ar an bhfeithicil gur maidir léi do rinneadh an cionta san na comharthaí aitheantais is gá do réir dlí do bheith uirthi, féadfaidh an ball san gabháil do dhéanamh gan barántas ar an duine go bhfuil cúis réasúnta aige chun a cheapadh gurbh é bhí ag tiomáint na feithicle sin an uair do ceapadh amhlaidh do rinneadh an cionta san.
(3) Má thárlann do dhuine ar bith, nuair a dhéanfaidh ball den Ghárda Síochána a ainm agus a sheoladh d'éileamh air fén alt so, go dteipfidh air no go ndéanfaidh diúltú maidir le n-a ainm agus le n-a sheoladh do thabhairt don bhall san no go dtabharfaidh don bhall san ainm no seoladh a bheidh bréagach no mí-threorach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.
(4) Má abrann ball den Ghárda Síochána le húnaer feithicle inneall-ghluaiste go bhfuil duine seachas an t-únaer san tar éis cionta fén Acht so do dhéanamh maidir leis an bhfeithicil sin beidh sé de dhualgas ar an únaer san an t-eolas uile, ar seilbh no ar fáil aige, do thabhairt don bhall san éileoidh an ball san air chun a fháil amach cé hé an duine do rinne an cionta san adeirtear do rinneadh no chun an duine sin do ghabháil, agus más rud é go dteipfidh ar an únaer san no go ndéanfaidh diúltú maidir leis an eolas san do thabhairt don bhall san no go dtabharfaidh uaidh aon eolas den tsórt san is eol do do bheith bréagach no míthreorach beidh an t-únaer san ciontach i gcionta fén alt so.
(5) Gach duine ciontófar i gcionta fén alt so ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Ball den Ghárda Síochána d'aithint.
178.—Pé uair a dhéanfaidh aon bhall den Ghárda Síochána, agus é ag feidhmiú aon chomhachta no ag cólíonadh aon dualgais fén Acht so, éinní d'iarraidh no do cheangal no d'éileamh ar dhuine ar bith in áit phuiblí, ní bheidh ar an duine sin déanamh do réir an iarratais no an cheangail no an éilimh sin maran rud é—
(a) go mbeidh an ball san in éide, no
(b) go dtaisbeánfaidh an ball san, i gcás an duine sin dá iarraidh air, cárta aitheantais oifigiúil no pé cruthúnas eile ar a chéannacht a bheidh orduithe.
Petroleum do choimeád agus d'úsáid.
179.—(1) Beidh coimeád agus úsáid phetroleum no aon fhliucháin no teine-abhair so-lasta eile bheidh á choimeád agus á úsáid i gcóir feithiclí inneall-ghluaiste is leis an té bheidh ag coimeád an fhliúcháin no an teine-abhair sin, beidh san fé réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire, agus rialacháin a bheidh déanta amhlaidh beidh éifeacht acu d'ainneoin éinní sna Petroleum Acts, 1871 to 1881.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibideal. | Gearr-Theideal. | Méid na hAthghairme. |
14 & 15 Vic., c. 92. | An Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851. | Fo-alt (2) d'alt 17. |
17 & 18 Vic., c. 103. | An Towns Improvement (Ireland) Act, 1854. | Alt 70. |
24 & 25 Vic., c. 70. | An Locomotive Act, 1861. | An tAcht iomlán. |
28 & 29 Vic., c. 83. | An Locomotives Act, 1865. | An tAcht iomlán. |
38 & 39 Vic., c. cxcv. | An Dublin Traffic Act, 1875: | Ailt 4 go 15. |
42 & 43 Vic., c. 57. | An Public Health (Ireland) Act, 1879. | Alt 6. |
59 & 60 Vic., c. 36. | An Locomotives on Highways Act, 1896. | An tAcht iomlán. |
61 & 62 Vic., c. 29. | An Locomotives Act, 1898. | Alt 4. |
61 & 62 Vic., c. 37. | An Local Government (Ireland) Act, 1898. | Alt 88. |
3 Edw. VII., c. 36. | An Motor Car Act, 1903. | An tAcht iomlán. |
7 Edw. VII., c. 45. | An Lights on Vehicles Act, 1907. | An tAcht iomlán. |
7 Edw. VII., c. 53. | An Public Health Acts Amendment Act, 1907. | Ailt 78 agus 80. |
1 & 2 Geo. V., c. 45. | An Public Roads (Ireland) Act, 1911. | Ailt 2, 3, 4, 5 agus 6. |
10 & 11 Geo. V., c. 72. | An Roads Act, 1920. | Alt 7, ach amháin fo-ailt (7) agus (8); alt 15; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 19 agus an Dara Sceideal. |
Mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 36; alt 40. |