[EN]

Uimhir 15 de 1928.


[EN]

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1928.


ACHT CHUN AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924, DO LEASÚ, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH MAIDIR LE hORDUITHE ÁIRITHE A DHIN MÁISTIR NA hARD-CHÚIRTE AGUS CHUN ALT 70 DEN DUBLIN POLICE ACT, 1842, DO LEASÚ. [23adh Iúl, 1928.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

[EN]

cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924); agus

cialluíonn an focal “an Prímh-Bhreitheamh” Prímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann.

(2) I ngach Acht a rithfar tar éis an Achta so léireofar tagairtí don Phrímh-Bhreitheamh mar thagairtí do Phrímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt.

[EN]

An Prímh-Bhreitheamh do bheith breoite no as láthair.

2.—Pé uair a bheidh an Prímh-Bhreitheamh, de dheascaibh breoiteachta no de dheascaibh bheith as láthair o Shaorstát Éireann, gan bheith ábalta ar ghnó a oifige do dhéanamh, isé a fheidhmeoidh agus a chólíonfidh na breath-údaráis a haistrítear chuige agus a dílsítear ann le halt 19 den Phríomh-Acht agus gach údarás agus feidhm reachtúil a bheidh dílsithe ann de thurus na huaire de bhua a oifige ná Uachtarán na hArd-Chúirte no, más rud é, de dheascaibh breoiteachta no de dheascaibh bheith as láthair o Shaorstát Éireann, ná féadfidh an tUachtarán san na breath-údaráis agus na húdaráis sin d'fheidhmiú agus na feidhmeanna san do chólíona, isé gnáth-Bhreitheamh sinsearach na Cúirte Uachtaraí a dhéanfidh san, no, más rud é, de dheascaibh cúise den tsórt san, nách féidir don Uachtarán san ná don ghnáth-Bhreitheamh san é dhéanamh, isé gnáth-Bhreitheamh sóisearach na Cúirte Uachtaraí a dhéanfidh é.

[EN]

Breath-údarás i gcúrsaí gealtachta.

3.—Faisnéistear leis seo, go ndéanfar tagairtí, sa Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, agus sna hAchtanna le n-a leasuítear é agus in aon rialacha agus orduithe a dineadh fútha san, do “The Lord Chancellor entrusted as aforesaid” do léiriú agus go mbeidh éifeacht acu mar thagairtí don Phrímh-Bhreitheamh agus go dtuigfar go raibh éifeacht acu amhlaidh riamh o thosach Chuid I den Phríomh-Acht.

[EN]

Fuirmeacha i gcúrsaí gealtachta do leasú.

4.—Féadfidh an Prímh-Bhreitheamh o am go ham, tré ordú do dhéanamh fé alt 118 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, aon fhuirm do horduíodh, leis an Acht san no fé, i gcóir úsáide maidir leis an mbreath-údarás i gcúrsaí gealtachta a haistrítear chuige le halt 19 den Phríomh-Acht, do leasú tríd an bhfocal “ward of court” no pé focal eile den tsórt chéanna is dó leis is ceart do chur in ionad an fhocail “lunatic” agus an fhocail “person of unsound mind” fé seach sa bhfuirm sin agus tré pé leasuithe iarmarta eile is gá agus is ceart, dar leis, do dhéanamh ar an bhfuirm sin.

[EN]

Comhachta breise don Chúirt Athchomhairc Choiriúla.

5.—(1) I dteanta na mbreath-údarás a bronntar ar an gCúirt Athchomhairc Choiriúla le halt 34 den Phríomh-Acht, beidh ag an gCúirt Athchomhairc Choiriúla no, ar athchomharc, ag an gCúirt Uachtarach na breath-údaráis seo a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfidh an Chúirt, d'ainneoin gur dó leo go bhféadfaí breith do thabhairt i bhfabhar don athchomharcach ar phuínte do cuireadh i gceist in athchomharc, an t-athchomharc do chaitheamh amach más dó leo nár dineadh aon iomroll cirt dáiríribh;

[EN]

(b) má chlaochluíonn an Chúirt ciontú go hiomlán, beidh breath-údarás ag an gCúirt ordú (dá ngairmtear ordú ath-thrialach san alt so) do dhéanamh a údarú an duine ar ar dineadh an ciontú san d'ath-thriail sa chionta chéanna in ar dineadh an ciontú san air agus ordóid don Stát costaisí athchomharc agus ath-thriail an duine chúisithe d'íoc, marab é tuairim na Cúirte gurb iad an lucht cosanta fé ndeár an t-athchomharc agus an ath-thriail do bheith riachtanach no gur chabhruíodar chun iad do dhéanamh riachtanach agus leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin féadfid a ordú an té gur dineadh an t-ordú i dtaobh a chiontuithe do choinneáil i gcimeád no é do leigint amach ar bhannaí ar pé téarmaí is dó leo is ceart.

[EN]

(2) Pé uair a dhéanfidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla no an Chúirt Uachtarach ordú ath-thrialach fén alt so féadfar, d'ainneoin aon rialach dlí, an té gur dineadh an t-ordú i dtaobh a chiontuithe do dhíotáil agus do thriail arís agus, má fachtar ciontach é, é do dhaora sa chionta in ar dineadh an ciontú san air.

[EN]

Breith do chur i bhfeidhm i gcás athchomhairc chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúla.

6.—(1) I gcás breithe báis no breithe pionóis chuirp—

[EN]

(a) ní cuirfar an bhreith i bhfeidhm in aon chás go dtí tar éis deire na haimsire in ar féidir fógra athchomhairc no fógra iarratais ar chead athchomhairc do dhéanamh chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúla do thabhairt do réir Rialacha Cúirte, agus

[EN]

(b) má tugtar fógra den tsórt san amhlaidh éistfar agus réiteofar an t-athchomharc no an t-iarratas ar chead athchomharc do dhéanamh chó luath agus is féidir é agus ní cuirfar an bhreith i bhfeidhm go dtí tar éis réiteach an athchomhairc no, i gcásanna ina ndiúltófar do ghéille d'iarratas ar chead athchomharc do dhéanamh, go dtí tar éis réiteach an iarratais.

[EN]

(2) Más rud é, i gcás ciontú as a leanfadh breith bháis, go ndéanfidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla an t-athchomharc do chaitheamh amach no diúltú do ghéille don iarratas ar chead athchomharc do dhéanamh, ceapfidh an Chúirt lá chun an bhreith do chur i bhfeidhm agus ní bheidh an lá san níos lú ná 14 lá iomlán ná níos mó ná 18 lá iomlán tar éis an lá a caithfar amach an t-athchomharc no a diúltófar do ghéille don iarratas ar chead athchomharc do dhéanamh, agus beidh éifeacht ag an mbreith a tugadh ag an triail fé is dá ndintí an lá a ceapfar do réir an fho-ailt seo do chur in ionad an lae do luadhadh sa bhreith sin.

[EN]

Iarrataisí eadarlabharthacha chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúla.

7.—Má dhineann duine do ciontuíodh ar a dhíotáil i láthair na Príomh-Chúirte Coiriúla no na Cúirte Cuarda athchomharc chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúla no cead athchomharc do dhéanamh d'iarraidh ar an gCúirt Athchomhairc Choiriúla, féadfidh an Prímh-Bhreitheamh, no aon Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach a ainmneoidh an Prímh-Bhreitheamh chuige sin, aon iarratas eadarlabharthach i dtaobh an athchomhairc no an iarratais sin d'éisteacht agus do réiteach.

[EN]

Ní hionnsófar orduithe áirithe do dhin Máistir na hArd-Chúirte.

8.—Ní déanfar ordú do dhin Máistir na hArd-Chúirte roimh an 8adh lá de Mhí na Nodlag, 1927, agus san, mar a tuigeadh, i bhfeidhmiú breath-údaráis do bronnadh air le Reacht no le Riail Chúirte, d'ionnsaidhe, do chur i leataoibh, ná do chlaochló, tar éis rithte an Achta so, ar an scór nár bronnadh ar an Máistir sin leis an Reacht no leis an Riail Chúirte sin an breath-údarás chun an t-ordú san do dhéanamh.

[EN]

Breithimh bhreise den Chúirt Chuarda.

9.—(1) An méid d'alt 37 den Phríomh-Acht a chuireann teora le líon Breithiún na Cúirte Cuarda scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh an Chúirt Chuarda có-dhéanta de dheichniúr Breithiún an chuid is mó dhe.

[EN]

(2) Féadfidh an tAire o am go ham fé mar is gá é Breitheamh den Chúirt Chuarda (ach ní níos mó ná beirt Bhreithiún den tsórt san aon uair áirithe) do cheapa go sealadach d'aon Chuaird mar Bhreitheamh bhreise don Chuaird sin in ionad é do bhuancheapa do Chuaird áirithe agus faid a bheidh sé ceaptha do Chuaird amhlaidh beidh ag gach Breitheamh den tsórt san, maidir leis an gCuaird sin agus i gcó-réim leis an mBreitheamh a bheidh buan-cheaptha don Chuaird sin, gach príbhléid, comhacht agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no curtha do réir dlí ar an mBreitheamh a bheidh ceaptha don Chuaird sin.

[EN]

Breitheamh den Chúirt Chuarda ag gníomhú lasmuich dá Chuaird féin.

10.—Pé uair is léir don Aire, o aithris chúise Bhreithimh den Chúirt Chuarda, nách féidir don Bhreitheamh san deighleáil sa cheart le héinní áirithe a bheidh le teacht os a chóir, toisc leas phearsanta do bheith aige sa ní sin no toisc a leithéid sin d'eolas phearsanta de bheith aige ar na dátáin no ar na páirtithe agus a dhéanfadh dochar do thriail an ní sin, féadfidh an tAire Breitheamh eile den Chúirt Chuarda (a thoileoidh chuige) do cheapa chun an ní sin d'éisteacht agus do réiteach i gCuaird an chéad Bhreithimh a luaidhtear agus leis sin féadfar an ní sin d'éisteacht agus do réiteach amhlaidh.

[EN]

Athchomhairc Chúirte Cuarda.

11.—(1) Gach athchomharc fé alt 61 den Phríomh-Acht i gcoinnibh breithe no ordú ón gCúirt Chuarda déarfar sa bhfógra athchomhairc é do bheith bunuithe ar an bhfianaise do tugadh ag an triail no ag an éisteacht (pe'ca aca is gá sa chás) a dineadh os cóir na Cúirte Cuarda agus éistfar agus réiteofar do réir an ailt seo é.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an ailt seo éistfar agus réiteofar gach athchomharc fé alt 61 den Phríomh-Acht do réir thuarasgabháil an luath-scríbhneora oifigiúla, ach an Chúirt a éistfidh an t-ath chomharc san féadfa sí, le linn na héisteachta san, gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fianaise bhreise de ráite béil no tré mhóid-scríbhinn do ghlaca;

[EN]

(b) fianaise aon fhínné go mbeidh a fhianaise sa tuarasgabháil sin d'ath-éisteacht;

[EN]

(c) éinní a eireoidh as an tuarasgabháil sin do chur chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda 'na mbeidh an t-athchomharc á dhéanamh i gcoinnibh a bhreithe chun a thuairim air d'fháil;

[EN]

(d) triail nua ar an gcás d'ordú;

[EN]

(e) pé breith sa chás is oiriúnach leis an gCúirt d'iontráil.

[EN]

(3) Más léir don Chúirt a bheidh ag éisteacht athchomhairc fé alt 61 den Phríomh-Acht ná fuil tuarasgabháil an luath-scríbhneora oifigiúla le fáil agus nách faillí i bpáirt an athchomharcaigh fé ndéar san, féadfidh an Chúirt an t-athchomharc do réiteach tríd an gcás d'ath-éisteacht do réir fhianaise de ráite béil no do réir mhóid-scríbhinne, no i bpáirt do réir fhianaise de ráite béil agus i bpáirt do réir mhóid-scríbhinne, no féadfa sí a ordú triail nua do dhéanamh ar an gcás.

[EN]

(4) Baineann an t-alt so le hathchomhairc do bunuíodh fé alt 61 den Phríomh-Acht roimh rith an Achta so chó maith is bhaineann sé le hathchomhairc a bunófar amhlaidh ina dhiaidh sin.

[EN]

Athchomhairc Chúirte Cuarda i gcúiseanna Mara.

12.—Luighfidh athchomharc fé fhorálacha agus fé réir téarmaí agus coiníollacha alt 61 den Phríomh-Acht i gcoinnibh aon bhreithiúntais, aithne, ordú no breithe ón gCúirt Chuarda i gcúis Mhara.

[EN]

Breithimh chonganta den Chúirt Dúithche.

13.—(1) I dteanta an líon Breithiún den Chúirt Dúithche (dá ngairmtear gnáth-Bhreithimh san alt so) a horduítear le halt 68 den Phríomh-Acht, féadfar ceathrar Breithiún breise an chuid is mó dhe den Chúirt Dúithche (dá ngairmtear Breithimh chonganta san Acht so) do cheapa chun na dualgaisí a cuirtar leis an Acht so ar Bhreithimh chonganta do chólíona.

[EN]

(2) Beidh Breitheamh conganta ina Bhreitheamh den Chúirt Dúithche do réir bhrí an Phríomh-Achta, agus dá réir sin na forálacha uile den Phríomh-Acht i dtaobh Breithiún den Chúirt Dúithche bainfid le Breithimh chonganta sa mhéid ná fuilid buiniscionn leis an alt so.

[EN]

(3) Is 65 bliana an aois chun dul as oifig do Bhreitheamh chonganta.

[EN]

(4) Tuarastal £800 per annum a gheobhaidh gach Breitheamh conganta agus is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc an tuarastail sin.

[EN]

(5) Beidh Breitheamh conganta incheaptha mar ghnáth-Bhreitheamh.

[EN]

(6) Féadfidh an tAire o am go ham fé mar is gá é Breitheamh conganta do cheapa go sealadach mar Bhreitheamh bhreise d'aon Dúthaigh agus faid a bheidh sé ceaptha d'aon Dúthaigh amhlaidh beidh ag gach Breitheamh conganta, maidir leis an Dúthaigh sin agus i gcó-réim leis an ngnáth-Bhreitheamh a bheidh buan-cheaptha don Dúthaigh sin, gach príbhléid, comhacht agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no curtha do réir dlí ar an mBreitheamh den Chúirt Dúithche a bheidh ceaptha don Dúthaigh sin.

[EN]

Cáilíocht duine chun a cheaptha mar Bhreitheamh chonganta den Chúirt Dúithche.

14.—Ní déanfar éinne a leigfar isteach chun cleachttha mar abhcóide no a leigfar isteach mar atúrnae tar éis rithte an Achta so do cheapa mar Bhreitheamh chonganta mara ndine sé, sara gceapfar amhlaidh é, an tAire do shásamh go bhfuil sé inniúil ar dhualgaisí a oifige do chólíona tré Ghaedhilg.

[EN]

Breitheamh den Chúirt Dúithche ag gníomhú lasmuich dá Dhúthaigh féin.

15.—(1) Pé uair is léir don Aire, o aithris chúise Bhreithimh den Chúirt Dúithche, nách féidir don Bhreitheamh san deighleáil sa cheart le héinní áirithe a bheidh le teacht os a chóir, toisc leas phearsanta do bheith aige sa ní sin no toisc a leithéid sin d'eolas phearsanta do bheith aige ar na dátáin no ar na páirtithe agus a dhéanfadh dochar do thriail an ní sin, féadfidh an tAire Breitheamh eile den Chúirt Dúithche (a thoileoidh chuige) do cheapa chun an ní sin d'éisteacht agus do réiteach i nDúthaigh an chéad Bhreithimh a luaidhtear agus leis sin féadfar an ní sin d'éisteacht agus do réitheach amhlaidh.

[EN]

(2) I gcás breoiteacht no nea-láithreacht Bhreithimh den Chúirt Dúithche a bheidh ceaptha do Dhúthaigh áirithe féadfidh aon Bhreitheamh eile den Chúirt Dúithche (le toiliú an Aire), i dteanta na príbhléidí, na comhachta agus na dualgaisí i dtaobh na Dúithche dá mbeidh sé ceaptha d'fheidhmiú, féadfa sé, le linn na breoiteachta no na nea-láithreachta san, na príbhléidí, na comhachta agus na dualgaisí d'fheidhmiú a bheidh de thurus na huaire bronnta do réir dlí ar an gcéad Bhreitheamh san a luaidhtear i dtaobh na Dúithche dá mbeidh an Breitheamh san ceaptha.

[EN]

Alt 77 den Phríomh-Acht do leasú.

16.—(1) Leasuítear leis seo clás (iii) de mhír A d'alt 77 den Phríomh-Acht tríd an gcomhartha agus na figiúirí “£26” atá anois ann do scriosa amach agus an comhartha agus na figiúirí “£27” do chur isteach in ionad an chomhartha agus na bhfigiúirí sin a scriostar amach amhlaidh.

[EN]

(2) D'ainneoin éinní i gclás (iii) de mhír A d'alt 77 den Phríomh-Acht, ní bheidh breath-údarás ag an gCúirt Dúithche maidir le dí-shealbhú mar gheall ar gan cíos d'íoc ar scór tiontóntachtaí is lú ná tionóntachtaí o bhliain go bliain ná má bhíonn níos lú ná cíos bliana i riaráiste.

[EN]

Breath-údarás breise don Chúirt Dúithche.

17.—I dteanta an bhreath-údaráis atá dílsithe anois sa Chúirt Dúithche tríd an bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é, beidh an breath-údarás, fé alt 82 den Civil Bill Courts (Ireland) Act, 1851, do bhíodh dílsithe roimhe seo i mBreacthóirí agus i mBreithimh Chúirte Contae agus atá dílsithe anois sa Chúirt Chuarda, beidh sé ag an gCúirt Dúithche agus féadfa sí é d'fheidhmiú i gcó-réim leis an gCúirt Chuarda.

[EN]

Athchomhairc ón gCúirt Dúithche i gcásanna coiriúla.

18.—(1) Luighfidh athchomharc i gcásanna coiriúla i gcoinnibh aon ordú (maran rud é ná beidh ann ach ordú ag cur duine ar aghaidh chun a thrialta no á cheangal air bheith síochánta no dea-iompartha no bheith síochánta agus dea-iompartha) o Bhreitheamh den Chúirt Dúithche go n-íocfar fíneáil no suim eile no go ndéanfar éinní ar aon chostas no go ndéanfar aon bhanna d'estréatáil no go gcuirfar aon téarma príosúntachta ar an té go mbeidh an t-ordú déanta ina choinnibh.

[EN]

(2) Más rud é díreach roimh thosach Chuid III. den Phríomh-Acht gur luigh athchomharc i gcás coiriúil ar iarratas gearánaí no cúisitheora i gcoinnibh ordú o Ghiústís Dúithche do ceapadh fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) luighfidh athchomharc den tsórt chéanna ina leithéid sin de chás choiriúil ar iarratas gearánaí no cúisitheora i gcoinnibh ordú o Bhreitheamh den Chúirt Dúithche.

[EN]

(3) Gach athchomharc fén alt so i gcoinnibh ordú o Bhreitheamh den Chúirt Dúithche luighfe sé chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda gur laistigh dá chuaird a luigheann Dúthaigh no aon chuid de Dhúthaigh an Bhreithimh Chúirte Dúithche sin, agus beidh breith an Bhreithimh Chuarda san ar an athchomharc san ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi agus ní féadfar athchomharc do dhéanamh ina coinnibh.

[EN]

Imeachta tar éis gabhála.

19.—Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 88 den Phríomh-Acht agus achtuítear leis seo ina ionad, pé uair a gabhfar go dleathach éinne a bheidh cúisithe i gcionta do dhéanamh, go dtabharfar an duine sin i láthair Feadhmannaigh Shíochána mara mbeidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche a bheidh ceaptha don dúthaigh inar gabhadh an duine sin le fáil láithreach agus, tar éis pé fianaise a tairgfar d'éisteacht, go gcuirfidh an Feadhmannach Síochána san an duine sin siar, i gcimeád no fé pé bannaí is oiriúnach leis, agus go gcuirfe sé an cás le n-a éisteacht i láthair an Bhreithimh sin go dtí an suidhe den Chúirt Dúithche a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más fé bhannaí a cuirfar an duine sin siar agus go bhfuighe sé na bannaí sin láithreach baill, go dtí an chéad shuidhe eile den Chúirt Dúithche don líomatáiste chúirte dúithche in ar gabhadh an duine sin, no

[EN]

(b) in aon chás eile, go dtí suidhe den Chúirt Dúithche in áit ainmnithe sa dúthaigh in ar gabhadh an duine sin a comórfar laistigh d'ocht lá tar éis na gabhála san.

[EN]

Alt 94 den Phríomh-Acht do leasú.

20.—Leasuítear leis seo alt 94 den Phríomh-Acht tré sna focail go léir o sna focail “maran dó leis an mBreitheamh” go dtí na focail “ar iarratas aon pháirtí,” atá anois ann do scriosa amach agus tré sna focail seo do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, eadhon, “maran dó leis an gCúirt, ar iarratas a dhéanfidh aon pháirtí aon uair nach déanaí ná seacht lá tar éis fógra trialach, no uaithi féin ag an triail, gur gá coiste dháréag, no gur mhaith an rud é, chun an t-aicsean do thriail sa cheart agus go n-ordóidh sí amhlaidh.”

[EN]

Alt 70 den Dublin Police Act, 1842, do leasú.

21.—(1) Leasuítear leis seo alt 70 den Dublin Police Act, 1842, tré sna focail “within six calendar months at the farthest next after the commission of such offence, or within such shorter time as shall be limited by the Act specifying the offence, and not afterwards” atá anois ann do scriosa amach.

[EN]

(2) Bainfidh mír 4 d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, le cásanna údaráis achmair laistigh de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath fé mar a bhaineann sí le cásanna údaráis achmair lasmuich de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath.

[EN]

Athghairmeanna.

22.—Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis seo d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

23.—(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1928, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1927, agus féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1928, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

[EN]

SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus caibideal no bliaín agus uimhir.

Gearr-Theideal.

Méid na hAthghairme.

14 & 15 Vic., c.93.

The Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.

Alt 24, mír 5.

30 & 31 Vic., c.114.

The Court of Admiralty (Ireland) Act, 1867.

Ailt 87, 88 agus 89.

Uimh. 10 de 1924.

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924.

Ailt 62 agus 85.