[EN]

Uimh. 19 de 1945.


[EN]

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRAITHE CHUN AIMHRIARA MEABHRACH DO CHOSC AGUS DO CHÓIREÁIL AGUS CHUN DAOINE AR A bhFUILID D'AIREACHASÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRAITHE I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [22ú Bealtaine, 1945.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I

Reamhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, a ghairm den Acht so.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá nó laethanta a ceapfar chuige sin le hordú nó le hordaithe ón Aire, go generálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta difriúla a cheapadh amhlaidh i gcóir críocha difriúla agus forála difriúla den Acht so.

[EN]

Mínithe.

3.—San Acht so—

[EN]andúileach.

ciallaíonn an focal “andúileach” duine atá—

[EN]

(a) toisc é bheith andúilithe i ndruganna nó i ndeocha meisciúla, dainséarach dó féin nó do dhaoine eile nó neamhinniúil ar é féin nó a chúrsaí d'ionnramháil nó ar é féin d'iompar go cuibhe-nósach, nó

[EN]

(b) toisc é bheith andúilithe i ndruganna, i ndeocha meisciúla nó i saobh-bhearta, i mbaol mór aimhriar meabhrach dá ghabháil;

[EN]an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe.

ciallaíonn an abairt “an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe”—

[EN]

(a) nuair a húsáitear í maidir le duine a cuirfear amach ar iostas faoin Acht so—an t-oifigeach cúnaimh don cheantar oifigigh chúnaimh a gcuirfear an duine amach ar iostas ann, agus

[EN]

(b) nuair a húsáitear í maidir le duine ar bith eile—an t-oifigeach cúnaimh don cheantar oifigigh chúnaimh ina mbeidh gnáth-chomhnaí ar an duine;

[EN]foras ceadaithe.

ciallaíonn an abairt “foras ceadaithe” foras nó áitreabh arna cheadú le hordú ón Aire faoi alt 158 den Acht so;

[EN]oifigeach cúnaimh.

ciallaíonn an abairt “oifigeach cúnaimh” oifigeach ar fostú ag údarás cúnaimh phoiblí chun cúnamh teaghlaigh a riaradh faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939);

[EN]ceantar oifigigh chúnaimh.

ciallaíonn an abairt “ceantar oifigigh chúnaimh” an ceantar ar laistigh de a bhíos dualgais oifigigh chúnaimh le comhlíonadh;

[EN]cigire cúnta óspidéal meabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “cigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar” cigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar arna cheapadh faoi alt 13 den Acht so;

[EN]foras údaraithe.

ciallaíonn an abairt “foras údaraithe” foras arna údarú le hAcht speisialta nó le hachtachán speisialta eile (lena n-áirítear cairt) chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú, do chothabháil, agus do chóireáil ann, seachas Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma;

[EN]dochtúir oifigiúil údaraithe.

tá leis an abairt “dochtúir oifigiúil údaraithe” an bhrí a bheirtear di le halt 5 den Acht so;

[EN]fo-óspidéal meabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “fo-óspidéal meabhair-ghalar” óspidéal meabhair-ghalar arna chur ar fáil faoi alt 22 den Acht so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar;

[EN]othar ionmhuirir.

ciallaíonn an abairt “othar ionmhuirir” othar atá ag fáil cúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar agus atá (i dteannta na ndaoine, más ann, a dhlíos é do chothabháil) neamhacmhainneach ar chostas iomlán an chúnaimh sin a sholáthar;

[EN]ordú glactha othair ionmhuirir.

ciallaíonn an abairt “ordú glactha othair ionmhuirir” ordú glactha othair ionmhuirir faoi Chaibidil I de Chuid XIV den Acht so;

[EN]óspidéal meabhairghalar ceantair.

ciallaíonn an abairt “óspidéal meabhair-ghalar ceantair” óspidéal meabhair-ghalar arna chur ar fáil faoi alt 21 den Acht so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar;

[EN]Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma.

ciallaíonn an abairt “Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma” an phríomh-ghealtlann choiriúil a bunaíodh de bhun an Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845;

[EN]an Cigire Ospidéal Meabhair Ghalar.

ciallaíonn an abairt “an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar” go príomha an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a ceapfar faoi alt 12 den Acht so, ach folaíonn an abairt sin freisin ionadaí don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a ceapfar faoin alt san 12 agus cigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar;

[EN]comhúdarás.

ciallaíonn an focal “comhúdarás” údarás arna bhunú le hordú faoi alt 98 den Acht so;

[EN]comhbhord.

ciallaíonn an focal “comhbhord” bord arna gceapadh i gcomhar de bhun ailt 15 den Acht so;

[EN]údarás áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil”—

[EN]

(a) údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941), nó

[EN]

(b) fo-choiste arna gceapadh ag coiste pinsean áitiúil faoi alt 8 den Old Age Pensions Act, 1908, nó

[EN]

(c) coiste gairm-oideachais, nó

[EN]

(d) coiste talmhaíochta;

[EN]cúnamh óspidéil mheabhairghalar.

folaíonn an abairt “cúnamh óspidéil mheabhair-ghalar”, nuair a húsáitear í maidir le duine,—

[EN]

(a) aon chóireáil, cothabháil, comhairle, nó seirbhís a bhéarfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar don duine sin nó a chuirfid ar fáil dó, agus

[EN]

(b) aon íocaíocht a dhéanfaidh údarás óspidéil mheabhairghalar leis an duine sin nó ina leith;

[EN]údarás óspidéil mheabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “údarás óspidéil mheabhair-ghalar” údarás riaracháin áitiúil faoi alt 15 den Acht so do cheantar óspidéil mheabhair-ghalar;

[EN]ceantar óspidéil mheabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “ceantar óspidéil mheabhair-ghalar” ceantar a sonnraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so, mar atá sé sonnraithe amhlaidh nó mar a bheas sé athraithe de thuras na huaire le hordú faoin Acht so;

[EN]foras meabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “foras meabhair-ghalar” óspidéal meabhairghalar ceantair nó foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, foras príobháideach, foras déirciúil príobháideach, foras údaraithe, nó foras ceadaithe

[EN]an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí;

[EN]feighilteoir.

tá leis an bhfocal “feighilteoir” an bhrí a bheirtear dó le halt 4 den Acht so;

[EN]ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht so;

[EN]foras déirciúil príobháideach.

ciallaíonn an abairt “foras déirciúil príobháideach” foras chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú is foras a bheas á chothabháil i bpáirt nó go hiomlán trí shíntiúis toildheonacha agus ná beidh á choimeád le haghaidh brabúis ag aon phearsa phríobháideach, agus nach—

[EN]

(a) óspidéal meabhair-ghalar ceantair ná foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ná

[EN]

(b) foras údaraithe;

[EN]foras príobháideach.

ciallaíonn an abairt “foras príobháideach” foras nó áitreabh ina mbeidh aireachasú le haghaidh brabúis á dhéanamh ar aon duine mí-mheabhrach amháin nó níos mó, agus nach—

[EN]

(a) óspidéal meabhair-ghalar ceantair ná foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar,

(b) foras déirciúil príobháideach, ná

(c) foras údaraithe;

othar príobháideach.

ciallaíonn an abairt “othar príobháideach” othar nach othar ionmhuirir;

ordú glactha othair phríobháidigh.

ciallaíonn an abairt “ordú glactha othair phríobháidigh” ordú glactha othair phríobháidigh faoi Chaibidil II de Chuid XIV den Acht so;

údarás cúnaimh phoiblí.

ciallaíonn an abairt “údarás cúnaimh phoiblí” údarás cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939);

ceantar cúnaimh phoiblí.

ciallaíonn an abairt “ceantar cúnaimh phoiblí” ceantar cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939);

ordú glactha.

ciallaíonn an abairt “ordú glactha” ordú glactha othair ionmhuirir, ordú glactha othair phríobháidigh, ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh, nó ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh;

moladh glactha.

ciallaíonn an abairt “moladh glactha” moladh glactha faoi Chaibidil I de Chuid XIV den Acht so;

gaol.

ciallaíonn an focal “gaol”—

(a) dír-shinsear, nó

(b) dír-shliochtach, nó

(c) dír-shliochtach sinsir nach sia siar ná sin-sean-athair nó sin-sean-mháthair;

príomhdhochtúir comhnaitheach.

ciallaíonn an abairt “príomh-dhochtúir comhnaitheach” príomhdhochtúir oifigiúil faoi alt 94 den Acht so d'óspidéal meabhairghalar ceantair;

othar sealadach.

ciallaíonn an abairt “othar sealadach” othar—

(a)  (i) ar a bhfuil easláine mheabhrach, agus

(ii) a meastar nach gá dhó, chun a théarnaithe, ach sé mhí ar a mhéid faoi chóireáil oiriúnach, agus

(iii) atá neamhoiriúnach, de dheascaibh staid a mheabhrach, le haghaidh cóireála mar othar thoildheonach, nó

(b)  (i) is andúileach, agus

(ii) a meastar gur gá dhó, chun a théarnaithe, sé mhí ar a laghad faoi chóireáil réamhchoscach leigheasach;

ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh.

ciallaíonn an abairt “ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh” ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh faoi Chaibidil III de Chuid XIV den Acht so;

ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh.

ciallaíonn an abairt “ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh” ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh faoi Chaibidil III de Chuid XIV den Acht so;

coiste fiosraith fo-óspidéil mheabhairghalar.

ciallaíonn an abairt “coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar” coiste arna gceapadh faoi alt 97 den Acht so chun fo-óspidéal meabhair-ghalar d'fhiosrú;

coiste fiosraithe óspidéil mheabhairghalar cheantair.

ciallaíonn an abairt “coiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair” coiste arna gceapadh faoi alt 96 den Acht so chun óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus na forais agus an chóiríocht eile bheas á gcothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'fhiosrú;

othar toildheonach.

ciallaíonn an abairt “othar toildheonach” duine a dhéanfas, ag gníomhú uaidh féin nó, más duine faoi bhun sé bliana déag d'aois é, trína thuismitheoir nó a chaomhnóir, cóireáil le haghaidh easláine meabhrach nó easláine dá samhail d'iarraidh go toildheonach dó féin.

[EN]

Feighilteoir.

4.—San Acht so, ciallaíonn an focal “feighilteoir”—

[EN]

(a) maidir le hóspidéal meabhair-ghalar ceantair—príomhdhochtúir comhnaitheach an óspidéil,

[EN]

(b) maidir le haon fhoras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar—dochtúir oifigiúil an fhorais,

[EN]

(c) maidir le foras príobháideach chun níos mó ná aon othar amháin a ghlacadh, foras déirciúil príobháideach, foras údaraithe, nó foras ceadaithe (nach óspidéal meabhairghalar ceantair ná foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar)—an duine a bheas de thuras na huaire ag bainistí an fhorais,

[EN]

(d) maidir le foras príobháideach chun aon othar amháin a ghlacadh—an duine ar a mbeidh cúram an othair de thuras na huaire.

[EN]

An dochtúir oifigiúil údaraithe.

5.—(1) San Acht so, ciallaíonn an abairt “an dochtúir oifigiúil údaraithe”, nuair a húsáitear í maidir le duine lena mbaineann iarratas faoin Acht so,—

[EN]

(a) i gcás gnáth-chomhnaí do bheith ar an duine i gceantar íclainne ná fuil ach dochtúir oifigiúil amháin ann dó—

[EN]

(i) mura bhfuil an dochtúir oifigiúil sin dícháilithe i leith an duine—an dochtúir oifigiúil sin, nó

[EN]

(ii) má tá an dochtúir oifigiúil sin dícháilithe i leith an duine—an dochtúir oifigiúil ceantair íclainne is comhgaraí atá ar fáil díobh san ná fuil dícháilithe i leith an duine,

[EN]

(b) i gcás gnáth-chomhnaí do bheith ar an duine i gceantar íclainne a bhfuil níos mó ná aon dochtúir oifigiúil amháin ann dó—

[EN]

(i) an dochtúir oifigiúil is comhgaraí atá ar fáil díobh san ná fuil dícháilithe i leith an duine, nó

[EN]

(ii) mura bhfuil éinne de na dochtúirí oifigiúla san ar fáil nó má táid go léir dícháilithe i leith an duine nó má tá cuid acu gan bheith ar fáil agus go bhfuil an chuid eile acu dícháilithe i leith an duine—an dochtúir oifigiúil ceantair íclainne is comhgaraí atá ar fáil díobh san ná fuil dícháilithe i leith an duine.

[EN]

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt so, beidh dochtúir oifigiúil do cheantar íoclainne dícháilithe i leith duine—

[EN]

(a) má bhíonn leas ag an dochtúir sin sna híocaíochta (más ann) a bheas le déanamh as ucht an duine sin d'aireachasú, nó

[EN]

(b) más é fear céile nó bean chéile, athair, leas-athair nó athair céile, máthair, leas-mhathair nó máthair chéile, mac, leas-mhac nó cliamhain, iníon, leas-iníon nó bainchliamhain, deartháir, leas-deartháir nó deartháir cliamhnachta, deirfiúr, leas-deirfiúr, nó deirfiúr chliamhnachta, nó caomhnóir nó iontaobhaí an duine sin an dochtúir sin.

[EN]

Ait ghnáthchomhnaithe dhuine gan comhnaí seasta.

6.—Chun críocha an Achta so, is tuigthe duine gan comhnaí seasta a bheith ina ghnáth-chomhnaí san áit ina mbeidh sé de thuras na huaire.

[EN]

Iarratasóir ordaithe ghlactha i gcás othair phríobháidigh.

7.—San Acht so, déanfar tagairt ar bith d'iarratasóir ordaithe ghlactha do léiriú, i gcás othair phríobháidigh a ndéanfar íocaíochta ina leith, mar thagairt don duine a rinne an íocaíocht dheiridh i leith an othair.

[EN]

Rialacháin.

8.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ní nó ruda dá dtagartar san Acht so mar ní nó rud atá ordaithe nó le hordú nó mar ní nó rud is abhar do rialacháin, ach ní déanfar, gan ceadú an Aire Airgeadais, aon rialachán den tsórt san a mbeidh foráil ann i dtaobh íocaíochta a bheas le déanamh leis an Aire nó ag an Aire.

[EN]

Airgead is iníoctha leis an Aire a bhailiú agus a chur de láimh.

9.—(1) An t-airgead uile is iníoctha faoin Acht so leis an Aire, baileofar agus glacfar é i pé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é do réir ordachán an Aire sin.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon airgead is iníoctha faoin Acht so leis an Aire.

[EN]

Costais an Aire.

10.—Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht so a riaradh déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Athghairm.

11.—(1) Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so a mhéid a sonnraítear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

(2) Beidh an athghairm a déantar leis an alt so ar an Asylum Officers Superannuation Act, 1909, faoi réir na dteorann so leanas:—

[EN]

(a) leanfaidh an tAcht san d'éifeacht a bheith aige a mhéid is gá chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) agus míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 64 den Acht so;

[EN]

(b) ní dhéanfaidh an athghairm difir d'íoc aon aoisliúntais a bheas arna dheonadh roimh an athghairm a theacht i ngníomh.

CUID II.

An Cigire Ospideal Meabhair-Ghalar agus Cigiri Cunta Ospideal Meabhair-Ghalar.

[EN]

An Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar.

12.—(1) Beidh cigire foras meabhair-ghalar ann chun críocha an Achta so agus bhéarfar mar ainm ar an gcigire sin agus gairmtear de san Acht so an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire ó am go ham dochtúir leighis cláraithe a cheapadh chun bheith ina Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar.

[EN]

(3) I gcás duine ar bith a bheith, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, i seilbh oifige cigire gealt faoin dlí a bhí i bhfeidhm an uair sin, is tuigthe an duine sin a bheith arna cheapadh ag an Aire díreach i dtosach feidhme na Coda so den Acht so chun bheith ina Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire duine ar bith dá chigirí leighis a cheapadh chun gníomhú mar ionadaí don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar ar feadh aon tréimhse áirithe nó chun aon chríche áirithe agus, ar feadh na tréimhse sin nó chun na críche sin (do réir mar bheas), is tuigthe an duine a bheas ceaptha amhlaidh a bheith ina Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar agus léireofar dá réir sin gach tagairt atá san Acht so don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar.

[EN]

Cigire Cúnta óspidéal meabhairghalar.

13.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé dochtúirí leighis cláraithe agus pé méid díobh a mheasfaidh is ceart a cheapadh ó am go ham chun bheith ina gcigirí cúnta foras meabhair-ghalar chun críocha an Achta so (dá ngairmtear san Acht so cigirí cúnta óspidéal meabhair-ghalar).

[EN]

(2) Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar gníomhú trí aon chigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar, agus dá réir sin beidh ag cigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar na cumhachta uile a bheirtear de thuras na huaire le dlí don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar agus déanfar, mura léir a mhalairt d'intinn bheith ann, aon tagairt in aon achtachán (agus an tAcht so d'áireamh) don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt d'aon chigire cúnta óspidéal meabhair-ghalar.

[EN]

CUID III.

Ceantair Ospideil Mheabhair-Ghalar agus Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.

[EN]

Ceantair óspidéil mheabhairghalar.

14.—(1) Chun críocha an Achta so roinnfear an Stát sna ceantair a sonnraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so, agus bhéarfar mar ainm ar na ceantair sin agus gairmtear díobh san Acht so ceantair óspidéil mheabhair-ghalar.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, líomatáiste aon cheantar óspidéil mheabhair-ghalar d'athrú, faoi réir na teorann go mbeidh in aon líomatáiste arna athrú amhlaidh contae riaracháin, dhá chontae riaracháin nó níos mó, contae-bhuirg, contae-bhuirg agus contae riaracháin, nó contae-bhuirg agus dhá chontae riaracháin nó níos mó.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire pé forála iarmartacha agus comhghabhálacha a mheasfaidh is ceart a chur in ordú faoi fho-alt (2) den alt so, lena n-áirítear, go sonnrach, forála maidir leis na nithe seo leanas:—

[EN]

(a) maoin nó fiachais d'aistriú nó do chomhad,

[EN]

(b) airgead d'íoc, mar gheall ar aon aistriú nó comhad den tsórt san, d'aon-tsuim nó ina thráthchoda,

[EN]

(c) oifigigh nó seirbhísigh d'aistriú,

[EN]

(d) othair d'aistriú.

[EN]

Údaráis óspidéil mheabhairghalar.

15.—Beidh údarás riaracháin áitiúil ann do gach ceantar óspidéil mheabhair-ghalar agus is é údarás é sin ná—

[EN]

(a) i gcás inar contae. riaracháin an ceantar óspidéil mheabhair-ghalar—comhairle na contae, agus

[EN]

(b) i gcás inar contae-bhuirg an ceantar óspidéil mheabhairghalar—bárdas na contae-bhuirge, agus

[EN]

(c) in aon chás eile—bord arna gceapadh i gcomhar do réir ailt 16 den Acht so.

[EN]

Comhbhord a cheapadh, etc.

16.—Déanfar comhbhord a cheapadh do réir na bhforál chuige sin atá sna Rialacha sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht so agus beidh éifeacht freisin maidir le comhbhord ag forála eile na Rialacha san.

[EN]

Forála generálta maidir le comhbhord.

17.—Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le comhbhord—

[EN]

(a) beidh an bord ina gcomhlucht corpraithe go síor-chomharbas faoin ainm a bhéarfar dóibh le hordú ón Aire,

[EN]

(b) beidh an dlí iontsaothraithe ag an mbord agus orthu faoina n-ainm corpraithe,

[EN]

(c) féadfaidh an bord talamh a shealbhú agus a chur de láimh,

[EN]

(d) soláthróidh agus sealbhóidh an bord comhshéala agus déanfar an séala san a dhílse-dheimhniú le síniú an chathaoirligh nó chomhalta éigin eile ag á mbeidh údarás gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord ag á mbeidh údarás gníomhú chuige sin,

[EN]

(e) bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais áird i gcúrsaí breithiúnais ar shéala an bhuird agus déanfar gach doiciméid a airbheartós gur ordú nó ionstraim eile í do rinne an bord agus gur séalaíodh í lena séala (agus an séala san dá airbheartú é bheith dílse-dheimhnithe do réir na míre sin roimhe seo) a ghlacadh i bhfianaise agus, mura gcruthaítear a mhalairt, is tuigthe, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an t-ordú nó an ionstraim sin í,

[EN]

(f) beidh an bord ina gcomhlucht toghaí do réir bhrí agus chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942,

[EN]

(g) beidh an bord ina gcomharbaí chun gach críche don chomhchoiste bhainistí a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ag oibriú faoi alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir leis an gceantar iomchuibhe agus, dá réir sin, is tuigthe, nuair a oireas san, gach tagairt atá in aon reacht nó achtachán eile a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do chomhchoiste bhainistí óspidéil mheabhair-ghalar cheantair d'folú tagairte don bhord agus is tuigthe, nuair a oireas san, gach tagairt atá san Acht so do chomhbhord d'fholú tagairte don chomhchoiste dar chomharbaí an bord,

[EN]

(h) féadfaidh an tAire, le hordú, pé socrú a dhéanamh a mheasfaidh is ceart maidir le haon nithe a éireos de dhruim céad-bhunaithe an bhuird agus ná déantar socrú ina gcóir leis an Acht so.

[EN]

etc.

18.—Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le comhbhord agus leis na húdaráis áitiúla a cheapfas comhaltaí an chomhbhuird:—

[EN]

(a) an mhaoin agus na sócmhainní uile (lena n-áirítear rudaí-ar-fionnraí) a bheas dílsithe sna húdaráis nó dá gcuid féin acu díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so chun críocha óspidéil nó forais eile is ionchothabhálta ag an mbord, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an tosach feidhme sin, ina maoin agus ina sócmhainní ag an mbord de bhuaidh an ailt seo gan aon leithliú, sannadh, ná gníomh seachas iad d'aistriú (más cuibhe) i leabhair bhainc, chuideachtan, nó chomhluchta eile;

[EN]

(b) na fiacha agus na fiachais uile (láithreach nó todhchaí) faoina raghaidh na húdaráis maidir leis an óspidéal nó an foras eile sin agus a bheas orthu díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so (pé acu i láthar na huaire sin a bheid dlite nó ina dhiaidh sin a thiocfaid, go cinnte nó go teagmhasach, chun bheith dlite), tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an tosach feidhme sin, ina bhfiacha agus ina bhfiachais ar an mbord agus glanfaidh an bord iad i dtráth cuibhe;

[EN]

(c) banna, ráthaíocht, nó urrús eile de shaghas leanúnach a bheas déanta nó tugtha maidir leis an óspidéal nó an foras eile sin ag na húdaráis do dhuine eile nó ag duine ar bith do na húdaráis agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, agus gach connradh nó comhaontú i scríbhinn a bheas déanta maidir leis an óspidéal nó an foras eile sin idir na húdaráis agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh thosach feidhme an Achta so, leanfaid i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin ach léireofar iad agus beidh éifeacht acu fé is dá gcuirtí an bord iontu in ionad na n-údarás, agus beidh an t-urrús, an connradh nó an comhaontú san ionfhorfheidhmithe ag an mbord nó ina gcoinne dá réir sin;

[EN]

(d) gach aicsean, agra, cúiseamh nó imeacht eile maidir leis an óspidéal nó an foras eile sin a bheas ar feitheamh i dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus a mbeidh na húdaráis ina bpáirtithe ann, tiocfaidh an bord chun bheith agus beid, ar thosach feidhme na Coda so den Acht so, ina bpáirtí ann in ionad na n-údarás agus leanfar den aicsean, den agra, den chúiseamh nó den imeacht eile sin idir an bord agus na páirtithe eile ann dá réir sin

[EN]

(e) gach duine a bheas, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach san óspidéal nó sa bhforas eile sin, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar an tosach feidhme sin, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach (do réir mar is gá sa chás) don bhord, faoi réir forál an Achta so, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar a raibh sé i seilbh oifige nó fostaíochta díreach roimh an tosach feidhme sin;

[EN]

(f) an t-airgead uile a dhéanfaidh aon cheann de na húdaráis a chruinniú maidir leis an óspidéal nó an foras eile sin roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, féadfar é a thobhach tar éis an tosach feidhme sin fé is ná beadh an tAcht so arna rith agus íocfar leis an mbord é chun críocha a bhfeadhm faoin Acht so.

CUID IV.

Dualgas Generalta Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar chun Coireail, Cothabhail, Comhairle agus Seirbhisi a Sholathar.

[EN]

Dualgas generálta údaráis óspidéil mheabhairghalar chun cóireáil, cothabháil, comhairle agus seirbhísí a sholáthar.

19.—I gcás—

[EN]

(a) ina mbeidh duine ina ghnáth-chomhnaí i gceantar óspidéil mheabhair-ghalar, agus

[EN]

(b) inar gá don duine sin, de dheascaibh easláine meabhrach, aon chóireáil, cothabháil, comhairle nó seirbhís, agus

[EN]

(c) ina mbeidh an duine sin (i dteannta na ndaoine, más ann, a dhlíos é a chothabháil) neamhacmhainneach ar chostas iomlán na cóireála, na cothabhála, na comhairle nó na seirbhíse sin a sholáthar,

[EN]

déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar san, faoi réir forál an Achta so, an chóireáil, an chothabháil, an chomhairle nó an tseirbhís sin a sholáthar don duine sin.

CUID V.

Forais ata le Cur ar Fail agus le Cothabhail ag Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.

[EN]

Dualgas generálta chun cóiríocht a chur ar fáil.

20.—(1) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar leorchóiríocht cheart a chur ar fáil agus a chothabháil chun a bhfeadhma faoin Acht so a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Más dóigh leis an Aire faillí i slí ar bith a bheith tugtha ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar ina ndualgais faoi fho-alt (1) den alt so a chomhlíonadh, féadfa sé, le hordú, a cheangal orthu a bhfaillí a leigheas laistigh den am agus ar an modh (más ann) a sonnrófar san ordú, agus beidh de dhualgas ar an údarás déanamh do réir an ordaithe.

[EN]

Ospidéal meabhairghalar ceantair.

21.—Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar óspidéal meabhair-ghalar a chur ar fáil agus a chothabháil dá gceantar óspidéil mheabhair-ghalar.

[EN]

Fo-óspidéal meabhairghalar.

22.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, óspidéal meabhairghalar, is fo-óspidéal dá n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair, a chur ar fáil agus a chothabháil chun othair a ghlacadh a bheas, ó nach dainséar dóibh féin ná do dhaoine eile iad, deimhnithe ag príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair sin bheith ina n-othar nach gá dóibh aireachas agus cóireáil speisialta in óspidéal meabhair-ghalar lánfheistithe.

[EN]

(2) Beidh fo-óspidéal meabhair-ghalar ina óspidéal ar leithligh nó, má ordaíonn an tAire amhlaidh, ina chuid den óspidéal meabhair-ghalar ceantair iomchuibhe.

[EN]

Cóiríocht d'othair shealadacha agus d'othair thoildheonacha.

23.—Féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ar údarás óspidéil mheabhair-ghalar cóiríocht a sonnrófar a chur ar fáil laistigh d'am a sonnrófar d'othair shealadacha agus d'othair thoildheonacha agus beidh de dhualgas ar an údarás déanamh do réir an ordaithe.

[EN]

Seomraí comhairle agus clinicí.

24.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, seomraí comhairle nó clinicí a chur ar fáil agus a chothabháil, ina n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó in áit eile, chun comhairle agus chun cóireáil réamhchoscach agus leigheasach a thabhairt i gcásanna aimhréire meabhrach (lena n-áirítear cásanna aimhréire meabhrach amhrasta nó túsaí) agus chun cásanna den tsórt san a thaighdeadh.

[EN]

(2) Má thugann an tAire ordachán faoi fho-alt (1) den alt so, féadfa sé a shonnrú san ordachán cad é an áit nó cad iad na háiteanna ina mbeidh aon tseomraí comhairle nó clinicí a luaifear san ordachán le cur ar fáil agus beidh de dhualgas ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar dá dtabharfar an t-ordachán na seomraí comhairle nó na clinicí sin a chur ar fáil san áit nó sna háiteanna san.

[EN]

(3) Má bheartaíonn údarás óspidéil mheabhair-ghalar seomraí comhairle nó clinicí a chur ar fáil faoin alt so (uathu féin nó i gcomhlíonadh ordacháin ón Aire), féadfaid, le toiliú an Aire, a shocrú gurb é a déanfar, in ionad na seomraí comhairle nó na clinicí sin a chur ar fáil, cóiríocht in aon fhoras meabhair-ghalar nó in aon óspidéal, clinic, íclann nó slánlann a chur ar fáil le haghaidh úsáide mar sheomraí comhairle nó clinicí den tsórt san.

[EN]

(4) Má dhéanann údarás óspidéil mheabhair-ghalar seomra comhairle nó clinic a chur ar fáil faoin alt so, féadfaidh an t-údarás a cheadú do dhaoine an seomra comhairle nó an chlinic do fhreastal mar othair phríobháideacha agus féadfaid táillí do réir scála arna cheadú ag an Aire d'éileamh i leith an fhreastail sin.

[EN]

Saotharlann.

25.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, saotharlann a chur ar fáil agus a chothabháil chun taighdeadh a dhéanamh maidir le meabhair-ghalair agus liog-ghalair.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag á mbeidh saotharlann á cothabháil faoin alt so cead a thabhairt chun seirbhísí na saotharlainne a bheith ar fáil le haghaidh forais mheabhairghalar ná beidh á chothabháil ag an údarás san agus féadfaid pé táille is réasúnach leo d'éileamh in aon chás ina mbainfear feidhm faoin gcead san as aon tseirbhís.

[EN]

Forais agus cóiríocht bhreise.

26.—I dteannta na bhforas agus na cóiríochta a luaitear go sonnrach sa Chuid seo den Acht so, cuirfidh údarás óspidéil mheabhairghalar ar fáil agus cothabhálfaid pé forais agus cóiríocht eile a bhainfeas le comhlíonadh a bhfeadhm faoin Acht so agus a ordóidh an tAire ó am go ham agus cuirfid na forais agus an chóiríocht san ar fáil sna háiteanna a shonnróidh an tAire.

[EN]

E bheith tuigthe forais áirithe a bheith arna gcur ar fáil faoin gCuid seo den Acht so.

27.—Gach foras a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ina fhoras a cuireadh ar fáil faoi alt 9 nó alt 76 (ailt a n-athghairmtear iad araon leis an Acht so) den Local Government (Ireland) Act, 1898, is tuigthe, díreach ar an tosach feidhme sin, é a bheith arna chur ar fáil faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina mbeidh an foras agus déanfaidh an t-údarás san é a chothabháil dá réir sin.

[EN]

Dualgas generálta chun forais agus cóiríocht a bheas á gcothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a sheoladh mar is cuibhe.

28.—Beidh de dhualgas ar údarás óspidéil mheabhair-ghalar a n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus gach foras agus cóiríocht eile a bheas á gcothabháil acu faoin gCuid seo den Acht so a sheoladh mar is cuibhe.

[EN]

Aiteanna comhnaithe don fhoirinn.

29.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, áiteanna comhnaithe nó cóiríocht chomhnaithe oiriúnach do bhaill d'fhoirinn an fhorais a chur ar fáil agus a chothabháil maidir le haon fhoras a bheas á chothabháil acu.

[EN]

Ait adhlacain.

30.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, áit adhlacain a chur ar fáil agus a chothabháil chun adhlactha taisí othar a éagfas le linn dóibh bheith á gcothabháil ag an údarás.

[EN]

Foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a mhéadú, etc.

31.—Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, fé mar agus nuair a ordós an tAire amhlaidh le hordú,—

[EN]

(a) aon fhoras a bheas á chothabháil ag an údarás do mhéadú, d'athrú nó d'athchóiriú do réir an ordaithe,

[EN]

(b) seirbhís siltin, aeraithe, uisce-sholáthair, soilsiúcháin, téacháin nó eile, nua nó feabhsaithe nó breise, a chur ar fáil d'aon fhoras den tsórt san do réir an ordaithe,

[EN]

(c) gach daingneán, feisteas, troscán, fearas máinliachta agus liachta, agus gach goireas eile a sonnrófar san ordú a chur ar fáil agus a chothabháil in aon fhoras den tsórt san.

[EN]

Ranníoc i leith costais soláthair uisce phoiblí.

32.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, ranníoc a dhéanamh i leith costais chaipitiúil soláthair uisce phoiblí chun a chur ar a gcumas soláthar uisce d'fháil d'aon fhoras a bheas á chothabháil acu.

[EN]

Ranníoc i leith costais scéime séarachais poiblí.

33.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, ranníoc a dhéanamh i leith costais chaipitiúil scéime séarachais poiblí chun a chur ar a gcumas séaracht a thabhairt chun siúil ó aon fhoras a bheas á chothabháil acu.

[EN]

Ranníoca i leith an chostais a bhainfeas le clinic, íclann nó slánlann a chur ar fáil.

34.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, ranníoc a dhéanamh i leith an chostais chaipitiúil a bhainfeas le clinic, íclann nó slánlann a chur ar fáil a mbeartóidh an t-údarás (uathu féin nó i gcomhlíonadh ordacháin ón Aire) socrú a dhéanamh faoi alt 24 den Acht so chun cóiríocht a bheith ar fáil ann mar sheomra comhairle nó clinic.

[EN]

Srian le foras a bheas le cothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a thógáil, etc.

35.—Aon tairgsin chun foras a bheas le cothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalair a thógáil ar chostas is mó ná cúig chéad punt nó chun foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'athchóiriú, do mhéadú, nó d'athrú in aon tslí eile ar an gcostas san, ní cuirfear i ngníomh í mura gceadaí ná go dtí go gceadaí an tAire an plean nó an tsonnraíocht a bhainfeas leis an tairgsin ná ar shlí seachas do réir na n-ordachán a bhéarfaidh an tAire ó am go ham.

[EN]

Srian le foirgintí a ghabhfas le foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a thógáil, etc.

36.—Aon tairgsin chun foirgintí, a mbeartófar iad a chur ag gabháil le foras nó iad d'úsáid chun críocha forais a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar a thógáil ar chostas is mó ná cúig chéad punt nó chun foirgintí a bheas ag gabháil le foras nó á n-úsáid chun críocha forais den tsórt san d'athchóiriú, do mhéadú, nó d'athrú ar shlí eile ar an gcostas san, ní cuirfear i ngníomh í mura gceadaí ná go dtí go gceadaí an tAire an plean nó an tsonnraíocht a bhainfeas leis an tairgsin ná ar shlí seachas do réir na n-ordachán a bhéarfaidh an tAire ó am go ham.

[EN]

Srian le deisiúcháin, etc.

37.—Aon tairgsin chun foirgintí a bheas ag gabháil le foras nó á n-úsáid chun críocha forais a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar do dheisiú nó d'athchóiriú ar chostas is mó ná cúig chéad punt, ní cuirfear i ngníomh í mura gceadaí ná go dtí go gceadaí an tAire an plean nó an tsonnraíocht a bhainfeas leis an tairgsin ná ar shlí seachas do réir na n-ordachán a bhéarfaidh an tAire ó am go ham.

[EN]

Foras a chur ar fáil ag dhá údarás óspidéil mheabhairghalar nó níos mó i gcomhar.

38.—(1) Féadfaidh dhá údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó níos mó, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, foras d'aon aicme othar, nach daoine is dainséar dóibh féin ná do dhaoine eile, a chur ar fáil agus a chothabháil i gcomhar.

[EN]

(2) Má bhíonn foras le cur ar fáil faoin alt so, déanfaidh an tAire an t-ordú iomchuibhe faoin Acht so ag bunú comhúdaráis trína mbainisteofar an foras.

[EN]

(3) Má cuirtear foras ar fáil faoin alt so, féadfaidh gach údarás de na húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar a bheas i gceist aon othar a bheas á chothabháil acu agus nach duine is dainséar dó féin ná do dhaoine eile d'aistriú chun an fhorais.

[EN]

Saotharlann a chur ar fáil ag dhá údarás óspidéil mheabhairghalar nó níos mó i gcomhar.

39.—(1) Féadfaidh dhá údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó níos mó, le toiliú an Aire, agus déanfaid, má ordaíonn an tAire amhlaidh, saotharlann a chur ar fáil agus a chothabháil i gcomhar chun taighdeadh a dhéanamh maidir le meabhair-ghalair agus liogghalair.

[EN]

(2) Má bhíonn saotharlann le cur ar fáil faoin alt so, déanfaidh an tAire an t-ordú iomchuibhe faoin Acht so ag bunú comhúdaráis trína mbainisteofar an tsaotharlann.

[EN]

(3) Féadfaidh comhúdarás trína mbeidh saotharlann á bainistí faoin alt so thar ceann aon údarás óspidéil mheabhair-ghalar cead a thabhairt chun seirbhísí na saotharlainne a bheith ar fáil le haghaidh forais mheabhair-ghalar ná beidh á chothabháil ag aon údarás díobh san agus féadfaidh pé táille is réasúnach leo d'éileamh in aon chás ina mbainfear feidhm faoin gcead san as aon tseirbhís.

[EN]

Rialacháin ghenerálta maidir le forais a bheas á gcothabháil ag údaráis óspidéil mheabhairghalar.

40.—Féadfaidh an tAire rialacháin ghenerálta do dhéanamh a bhainfeas, faoi réir forál an Achta so, le hóspidéil mheabhairghalar ceantair, fo-óspidéil mheabhair-ghalar ceantair agus forais eile a bheas á gcothabháil ag údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a sheoladh agus le hothair a ghlacadh agus a choinneáil sna hóspidéil agus sna forais sin agus le hothair d'aistriú eatorthu agus d'urscaoileadh uathu agus beidh de dhualgas ar gach údarás óspidéil mheabhair-ghalar na rialacháin sin a chomhlíonadh.

[EN]

Rialacháin speisialta maidir le foras áirithe a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar.

41.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, rialacháin speisialta a dhéanamh a bhainfeas, faoi réir forál an Achta so agus aon rialachán generálta arna ndéanamh faoi alt 40 den Acht so, le haon fhoras áirithe a bheas á chothabháil acu a sheoladh, agus beidh de dhualgas ar an údarás na rialacháin sin a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás óspidéil mheabhairghalar aon rialachán a dhéanamh faoin alt so a mheasfa sé is gá chun aon fhoras áirithe a bheas á chothabháil acu a sheoladh agus, má fhaillíonn an t-údarás an rialachán san a dhéanamh, féadfaidh an tAire é a dhéanamh agus beidh an éifeacht chéanna aige a bheadh aige dá mb'é an t-údarás a dhéanfadh é.

[EN]

(3) Go dtí go ndéantar rialacháin faoin alt so maidir le haon fhoras áirithe, leanfaidh na rialacháin nó na rialacha uile a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so maidir leis an bhforas san faoi fho-alt (6) d'alt 9 (alt a hathghairmtear leis an Acht so) nó faoi phrovíso (b) (províso a hathghairmtear leis an Acht so) a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 110 den Local Government (Ireland) Act, 1898, d'éifeacht a bheith acu agus de bheith inleasaithe nó ionchúlghairmthe fé is dá mba rialacháin a rinneadh faoin alt so iad, ach san faoi réir forál an Achta so agus aon rialachán generálta arna ndéanamh faoi alt 40 den Acht so.

[EN]

(4) Is feidhm fhorchoimeáta chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, rialacháin a dhéanamh faoin alt so.

[EN]

Foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar d'fhorscor.

42.—(1) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis san do bheith ceart tar éis fiosrachán a dhéanamh faoin Acht so, a ordú, le hordú, d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar aon fhoras sonnraithe, nach óspidéal meabhair-ghalar ceantair, a bheas á chothabháil acu de thuras na huaire d'fhorscor amhail ó dháta sonnraithe agus féadfaidh gach foráil a chur san ordú a chífear dó is gá agus is cuibhe maidir le nithe a bhainfeas leis an bhforas san d'fhorscor nó a leanfas as.

[EN]

(2) Beidh de dhualgas ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar lena mbainfidh ordú faoin alt so an t-ordú san a chomhlíonadh.

CUID VI.

Forala Airgeadais a Bhaineas le hUdarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.

[EN]

Costais údarás óspidéil mheabhairghalar.

43.—(1) Más contae riaracháin ceantar óspidéil mheabhairghalar, íocfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar na costais faoina raghaidh an t-údarás san agus cruinneofar iad tríd an ráta dealúis go cothrom ar iomlán na contae sin.

[EN]

(2) Más contae-bhuirg ceantar óspidéil mheabhair-ghalar, íocfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar na costais faoina raghaidh an t-údarás san.

[EN]

(3) Má bhíonn ceantar óspidéil mheabhair-ghalar comhshuite de dhá chontae riaracháin nó níos mó, déanfar an tsuim is gá chun íoctha na gcostas faoina raghaidh an t-údarás óspidéil mheabhairghalar don cheantar i gcaitheamh gach bliana faoi leith dar críoch an 31ú lá de Mhárta a sholáthar ag comhairlí na gcontae faoi seach i gcomhréir leis an nglan-chostas, arna chinneadh ar an modh ordaithe, a bhain le cothabháil na n-othar ionmhuirir óna líomatáistí feidhmiúcháin faoi seach a chothabháil an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar i gcaitheamh na bliana san, agus déanfar an chuid chomhréireach den tsuim sin i gcás gach comhairle chontae faoi leith acu san a chruinniú tríd an ráta dealúis go cothrom ar iomlán na contae.

[EN]

(4) Má bhíonn ceantar óspidéil mheabhair-ghalar comhshuite de chontae-bhuirg agus d'aon chontae riaracháin amháin nó níos mó, déanfar an tsuim is gá chun íoctha na gcostas faoina raghaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar i gcaitheamh gach bliana faoi leith dar críoch an 31ú lá de Mhárta a sholáthar ag bárdas na buirge sin agus comhairle na contae sin nó comhairlí na gcontae sin faoi seach i gcomhréir leis an nglan-chostas, arna chinneadh ar an modh ordaithe, a bhain le cothabháil na n-othar ionmhuirir óna líomatáistí feidhmiúcháin faoi seach a chothabháil an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar i gcaitheamh na bliana san, agus déanfar an chuid chomhréireach den tsuim sin i gcás na comhairle contae sin nó gach comhairle chontae faoi leith acu san a chruinniú tríd an ráta dealúis go cothrom ar iomlán na contae.

[EN]

(5) An t-airgead uile a ceangaltar leis an alt so ar chomhairle chontae nó ar bhárdas contae-bhuirge a sholáthar soláthrófar é ar an gcomhbhord iomchuibhe dá éileamh sa bhfoirm agus ar an modh ordaithe agus ag an am ordaithe.

[EN]

Iasachta.

44.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar iasacht d'fháil chun íoctha costas ar bith faoina raghaid sa tslí chéanna ina bhféadfaidh údarás sláintíochta iasacht d'fháil chun íoctha costas faoi na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931.

[EN]

(2) Na forála de na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, a bhaineas le húdarás sláintíochta d'fháil iasachta (ach amháin fo-ailt (2) agus (3) d'alt 238 den Public Health (Ireland) Act, 1878), beidh feidhm acu, fara na modhnaithe is gá, maidir le haon iasacht d'fháil faoin alt so.

[EN]

(3) Aon airgead a gheobhfar ar iasacht faoin alt so, féadfar é a thabhairt ar iasacht trí eisiúin as ciste na n-iasacht áitiúla fé is dá mba iasacht áitiúil é do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1940, agus gur húdaraíodh é le hAcht den Oireachtas.

[EN]

Teora le hiasachta.

45.—(1) An méid a bheas ar iasacht aon tráth áirithe ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar is comhbhord, nó ag comhairle chontae nó bárdas contae-bhuirge mar údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ní raghaidh sé thar an gceathrú cuid de mhéid iomlán na luacháil a taspánfar sna liostaí luachála a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi na hAchta Luachála i gceantar óspidéil mheabhairghalar an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar san.

[EN]

(2) Ní déanfar an méid a bheas ar iasacht aon tráth áirithe ag comhairle chontae mar údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'áireamh mar chuid d'fhiacha iomlána na comhairle chun críche na teorann a chuireann Airteagal 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le hiasachta d'fháil.

[EN]

Cisteoir comhbhuird.

46.—Ceapfaidh comhbhord cuideachta bhancaerachta chun gníomhú mar chisteoir dóibh.

[EN]

Suimeanna a gheobhaidh comhbhord.

47.—(1) Gach suim is iníoctha le comhbhord íocfar lena gcisteoir í agus glacfaidh a gcisteoir í agus, arna glacadh amhlaidh, cuirfidh an cisteoir chun creidiúna don bhord í.

[EN]

(2) Is é admháil chisteora chomhbhuird an t-éinní amháin is glanadh maith do dhuine a íocfas airgead leis an mbord.

[EN]

(3) D'ainneoin forál fo-ailt (2) den alt so, beidh admháil ó oifigeach do chomhbhord, a bheas údaraithe go cuibhe ag an mbord nó le haon achtachán nó faoi chun íocaíochta de chineál áirithe a ghlacadh, ina glanadh maith do dhuine a dhéanfas íocaíocht den chineál san leis an oifigeach san.

[EN]

Suimeanna a íocfaidh comhbhord.

48.—(1) Gach suim is iníoctha ag comhbhord, is é a gcisteoir íocfas í.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh cisteoir comhbhuird aon íocaíocht as cistí an chomhbhuird ach amháin—

[EN]

(a) de bhun ordaithe ó Chúirt, nó

[EN]

(b) le húdarás arna thabhairt faoi alt 21 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940).

[EN]

Cuntais chomhbhuird d'iniúchadh.

49.—Beidh feidhm (faoi réir forál Coda VII den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941)) ag alt 12 agus ag ailt 14, 15, 17 agus 18 den Local Government (Ireland) Act, 1871, ag fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ag ailt 19 go 22 den Local Government (Ireland) Act, 1902, agus ag mír (3) d'Airteagal 19 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le hiniúchadh na gcuntas ar fháltais agus íocaíochta comhbhuird agus leis an iniúchóir a ceapfar chun na cuntais sin d'iniúchadh.

CUID VII.

Udarais Ospideil Mheabhair-Ghalar do thogaint Tailimh agus da chur de Laimh.

[EN]

Mínithe chun críocha Coda VII.

50.—Sa Chuid seo den Acht so—

[EN]

folaíonn an focal “talamh” uisce agus aon eastát nó leas i dtalamh nó in uisce agus aon éasáid nó ceart i dtalamh nó in uisce nó chucu nó tharsu,

[EN]

ciallaíonn an abairt “ordú tógainte éigeanta” ordú faoin gCuid seo den Acht so chun talamh a thógaint go héigeanta.

[EN]

Cumhachta údaráis óspidéil mheabhairghalar chuntalamh a thógaint.

51.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, chun críocha a gcumhacht agus a ndualgas, talamh a thógaint trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeanta faoin gCuid seo den Acht so agus na hAchta a corpraítear léi.

[EN]

Achta na gClás Talún a chorprú.

52.—Chun údarás óspidéil mheabhair-ghalar do thógaint tailimh faoin gCuid seo den Acht so, beidh Achta na gClás Talún, mar a leasaítear iad leis an -ara Sceideal a ghabhas leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, arna gcorprú agus corpraítear iad tríd seo leis an gCuid seo den Acht so, ach san fara na modhnaithe seo leanas agus faoina réir, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh na forála i dtaobh talamh iomarcach a dhíol agus an tAcht speisialta do bheith ar fáil, ná alt 133 (a bhaineas le cáin tailimh agus le ráta na mbocht) den Land Clauses Consolidation Act, 1845, arna gcorprú amhlaidh;

[EN]

(b) chun Achta na gClás Talún arna gcorprú amhlaidh a léiriú, is tuigthe gurb é an tAcht so maille leis an ordú tógainte éigeanta (más ann) is iomchuibhe an tAcht speisialta agus is tuigthe gurb iad an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar tionscnóirí an ghnóthais;

[EN]

(c) chun an Dara Sceideal a ghabhas leis an Housing of the Working Classes Act, 1890 arna chorprú amhlaidh, do léiriú—

[EN]

ciallóidh an abairt “údarás áitiúil” údarás óspidéil mheabhair-ghalar;

[EN]

ciallóidh an abairt “Acht daingniúcháin” an Chuid seo den Acht so maraon leis an ordú tógainte éigeanta a bheas arna dhéanamh agus arna dhaingniú faoin gCuid seo den Acht so;

[EN]

ciallóidh an abairt “údarás daingniúcháin” an tAire; agus

[EN]

léireofar tagairtí don Housing of the Working Classes Act, 1890, nó do Chuid I de, mar thagairtí don Acht so;

[EN]

(d) nuair a bheas cúiteamh á mheisiúnú ag an eadránaí ní chuirfe sé san áireamh aon fhoirgint a tógadh ná aon fheabhsú ná athrú a rinneadh ná aon leas i dtalamh a cruthnaíodh tar éis an dáta ar ar foillsíodh de bhun na Coda so den Acht so fógra i dtaobh an t-ordú tógainte éigeanta a dhéanamh, más é tuairim an eadránaí nár ghá do réir réasúin an fhoirgint a thógaint nó an feabhsú nó an t-athrú a dhéanamh nó an leas a chruthnú agus gur d'fhonn an cúiteamh d'fháil nó do mhéadú a rinneadh san.

[EN]

Cumhacht údaráis óspidéil mheabhairghalar chun talamh d'iniúchadh.

53.—Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh oifigeach nó gníomhaire d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas údaraithe go cuibhe chuige sin ag an údarás dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir a naoi a chlog roimh nóin agus a sé a chlog iar nóin chun a fháil amach cé acu atá an talamh oiriúnach chun an t-údarás dá thógaint nó ná fuil.

[EN]

(2) Duine a rachas isteach ar thalamh faoin alt so féadfa sé gach ní a dhéanamh ann is gá do réir réasúin chun na críche chun a raghaidh isteach agus, go sonnrach, féadfaidh suirbhéireacht agus pleananna a dhéanamh, leibhéil a thomhas, tochailt a dhéanamh, agus doimhneas agus nádúir na fó-ithreach a scrúdú.

[EN]

(3) Sar a raghaidh duine isteach ar aon talamh faoin alt so, déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ar a n-údarás a beartófar dul isteach ar an talamh toiliú an lonnaitheora (i gcás tailimh lonnaithe) nó an únaera (i gcás tailimh neamhlonnaithe) d'fháil nó déanfaid fógra cheithre lá déag ar a laghad a thabhairt i scríbhinn don únaer nó don lonnaitheoir (pé acu é) go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar an talamh.

[EN]

(4) Duine a mbeidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar tar éis fógra a thabhairt dó faoin alt so á rá go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar thalamh, féadfa sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis an fógra san a bheith tugtha, iarratas a dhéanamh, ar é do thabhairt fógra don údarás óspidéil mheabhair-ghalar san, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag á mbeidh dlínse sa cheantar ina mbeidh an talamh, ag lorg ordaithe chun an dul isteach a thoirmeasc, agus, ar an iarratas d'éisteacht dó, féadfaidh an breitheamh, más dóigh leis san a bheith ceart, an dul isteach a thoirmeasc ar fad nó coinníollacha a shonnrú a bheas le comhlíonadh ag an duine a rachas isteach ar an talamh.

[EN]

(5) Má dhéanann breitheamh den Chúirt Dúiche dul isteach a beartófar a dhéanamh ar thalamh a thoirmeasc faoin alt so, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach faoin alt so ar an talamh, agus má dhéanann breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a shonnrú faoin alt so a bheas le comhlíonadh ag daoine rachas isteach ar thalamh, comhlíonfaidh gach duine a rachas isteach faoin alt so ar an talamh na coinníollacha a sonnrófar amhlaidh.

[EN]

(6) Duine dá mbainfidh damáiste de dheascaibh éinní a déanfar faoin alt so ar aon talamh agus a chuirfeas, laistigh de mhí tar éis an ní sin a dhéanamh, chun an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar ar ar a n-údarás a chuathas isteach faoin alt so ar an talamh, éileamh ar chúiteamh i leith an damáiste, beidh sé i dteideal cúiteamh réasúnach d'fháil ón údarás sa damáiste agus, mura n-íoctar an cúiteamh san leis nuair a bheas comhaontú nó cinneadh déanta faoin alt so i dtaobh a mhéide, é d'aisghabháil ón údarás in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiacha gnáth-chonnartha.

[EN]

(7) Déanfar, cheal comhaontaithe, méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar faoin alt so a chinneadh, mura mó ná fiche punt an tsuim a héileofar ina leith, ag an gCúirt Dúiche nó, in aon chás eile, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) fé is dá mb'é bheadh sa chúiteamh an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta.

[EN]

(8) Gach duine a dhéanfas, trí ghníomh nó trí fhaillí, oifigeach nó gníomhaire d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chosc agus é ag feidhmiú go dleathach na gcumhacht a bheirtear leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar chúig puint a chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

[EN]

Ordú tógainte éigeanta a dhéanamh.

54.—(1) Más mian le húdarás óspidéil mheabhair-ghalar aon talamh áirithe a thógaint go héigeanta faoin gCuid seo den Acht so, féadfaid ordú a dhéanamh á ordú an talamh san a thógaint go héigeanta faoin gCuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Is sa bhfoirm ordaithe a bheas ordú tógainte éigeanta agus déanfar na tailte lena mbainfe sé a thuairisciú ann trí thagairt do léarscáil a bheas do réir na gcoinníollacha ordaithe.

[EN]

Fógraí, etc., i dtaobh ordú tógainte éigeanta a dhéanamh.

55.—(1) Nuair a dhéanfas údarás óspidéil mheabhair-ghalar ordú tógainte éigeanta—

[EN]

(a) foillseoid uair amháin ar a laghad i bpáipéar nuachta a léitear ina gceantar óspidéil mheabhair-ghalar fógrán sa bhfoirm ordaithe á rá go ndearnadar ordú tógainte éigeanta maidir le talamh sonnraithe agus go bhféadfar an t-ordú agus an léarscáil dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit shonnraithe, agus

[EN]

(b) bhéarfaid do gach duine is únaer nó únaer toimhdean, léasaí nó léasaí toimhdean, nó lonnaitheoir ar an talamh lena mbainfidh an t-ordú fógra scríofa sa bhfoirm ordaithe ina mbeidh ráitis mar a luaitear i mír (a) den fho-alt so agus ina ndéarfar freisin go bhféadfaidh duine ar bith ar cúis mhí-shásaimh leis an t-ordú agóid i gcoinne an ordaithe a chur chun an Aire i slí shonnraithe agus laistigh d'am sonnraithe.

[EN]

(2) Údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh ordú tógainte éigeanta déanta acu agus a mbeidh na forála san roimhe seo den alt so comhlíonta acu maidir leis, féadfaid ordú ag daingniú an ordaithe thógainte éigeanta san d'iarraidh ar an Aire.

[EN]

Ordú tógainte éigeanta a dhaingniú.

56.—Má déantar iarratas faoin gCuid seo den Acht so á iarraidh ar an Aire ordú a dhéanamh ag daingniú ordaithe thógainte éigeanta agus gur deimhin leis an Aire gur comhlíonadh na forála den Chuid seo den Acht so a bhaineas le nithe is déanta roimh an iarratas san, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) mura gcuirtear go cuibhe chun an Aire aon agóid (seachas agóid is dóigh leis an Aire ná baineann ach le cúiteamh) i gcoinne an ordaithe thógainte éigeanta nó má tarraingtear siar gach agóid den tsórt san a bheas déanta amhlaidh, féadfaidh an tAire, mar a mheasfaidh is ceart, diúltú don ordú tógainte éigeanta a dhaingniú nó ordú a dhéanamh á dhaingniú gan mhodhnú nó ordú a dhéanamh á dhaingniú fara pé modhnaithe a mheasfaidh is ceart;

[EN]

(b) in aon chás lena mbainfidh mír (a) den alt so, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a thabhairt go ndéanfar fiosrachán faoin Acht so i dtaobh an ordaithe thógainte éigeanta sara ndeighleálfa sé leis an iarratas;

[EN]

(c) má cuirtear go cuibhe chun an Aire agóid (seachas agóid is dóigh leis an Aire ná baineann ach le cúiteamh) i gcoinne an ordaithe thógainte éigeanta agus ná tarraing tear siar í, bhéarfaidh an tAire go ndéanfar fiosrachán faoin Acht so i dtaobh an ordaithe thógainte éigeanta;

[EN]

(d) má déantar fiosrachán de bhun na míre deiridh sin roimhe seo, ansan, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil an duine a rinne an fiosrachán agus ar an agóid nó na hagóidí uile ba chúis leis an bhfiosrachán a dhéanamh, féadfaidh an tAire, mar a mheasfaidh is ceart, diúltú don ordú tógainte éigeanta a dhaingniú nó ordú a dhéanamh á dhaingniú gan mhodhnú nó ordú do dhéanamh á dhaingniú fara pé modhnaithe a mheasfaidh is ceart.

[EN]

Fógraí, etc., i dtaobh ordú tógainte éigeanta a dhaingniú.

57.—A luaithe is féidir tar éis don Aire ordú a dhéanamh ag daingniú ordaithe thógainte éigeanta (fara modhnú nó gan mhodhnú), déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a rinne an t-órdú tógainte éigeanta—

[EN]

(a) fógrán sa bhfoirm ordaithe d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta a léitear ina gceantar óspidéil mheabhair-ghalar á rá gur dhaingnigh an tAire an t-ordú tógainte éigeanta agus go bhféadfar cóip de arna dhaingniú amhlaidh maraon leis an léarscáil dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit shonnraithe, agus

[EN]

(b) fógra scríofa sa bhfoirm ordaithe ina mbeidh ráitis mar a luaitear i mír (a) den alt so a thabhairt do gach duine a tháinig i láthair ag an bhfiosrachán (má b'ann) a rinneadh i dtaobh an ordaithe thógainte éigeanta chun tacaíocht a dhéanamh le hagóid uaidh i gcoinne an ordaithe.

[EN]

An Ard-Chúirt do chur ordaithe thógainte éigeanta ar neamhbhrí.

58.—(1) Duine a mbainfidh ordú tógainte éigeanta leis féin nó lena mhaoin, féadfa sé, laistigh de thrí seachtaine tar éis fógra á rá gur dhaingnigh an tAire an t-ordú d'fhoillsiú den chéad uair trí fhógrán, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-ordú a chur ar neamhbhrí i bpáirt nó go hiomlán, agus más deimhin leis an Ard-Chúirt gur shárú ar na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo den Acht so an t-ordú nó aon chuid áirithe dhe a dhéanamh nó go raibh an céanna ar shlí eile gan bheith údaraithe leis na cumhachta san nó gur thárla dochar substainteach don duine a bheas ag déanamh an iarratais nó do dhuine ar bith eile trí aon fhaillí i bhforála na Coda so den Acht so a chomhlíonadh maidir leis an ordú, féadfaidh an Ard-Chúirt, mar a mheasfaidh is ceart, an t-ordú iomlán nó cuid de a chur ar neamhbhrí.

[EN]

(2) Má bhíonn iarratas chun na hArd-Chúirte faoin alt so ar feitheamh, féadfaidh an Ard-Chúirt, má mheasann sí gur ceart é, oibriú an ordaithe thógainte éigeanta lena mbainfidh an t-iarratas d'fhionnraí go dtí go mbeidh an bhreith dheiridh tugtha ar an iarratas.

[EN]

(3) Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ní bheidh ordú tógainte éigeanta ionchurtha ar neamhbhrí ná ar neamhní ná ionchonspóide ar shlí eile (roimh an Aire dá dhaingniú ná dá éis) ag Cúirt ar bith.

[EN]

Tosach feidhme ordaithe thógainte éigeanta.

59.—(1) Gach ordú tógainte éigeanta ná cuirfidh an Ard-Chúirt ar neamhbhrí go hiomlán faoin gCuid seo den Acht so, tiocfa sé i ngníomh (faoi réir aon neamhbhríochana den tsórt san ar aon chuid de agus gan dochar don chéanna)—

[EN]

(a) i gcás iarratas a dhéanamh faoin gCuid seo den Acht so chun na hArd-Chúirte á iarraidh an t-ordú a chur ar neamhbhrí (i bpáirt nó go hiomlán)—ar an mbreith dheiridh a bheith tugtha ar an iarratas san, nó

[EN]

(b) i gcás gan aon iarratas den tsórt san a dhéanamh amhlaidh—i gceann trí seachtaine ón lá a foillseofar den chéad uair trí fhógrán fógra á rá gur dhaingnigh an tAire an t-ordú.

[EN]

(2) A luaithe is féidir tar éis ordú tógainte éigeanta a theacht i ngníomh, bhéarfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a rinne an t-ordú cóip den ordú do gach duine dar tugadh de bhun na Coda so den Acht so fógra á rá go ndearnadh an t-ordú.

[EN]

Blianacht nó íocaíocht eile do Choimisiún Talún na hÉireann nó do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

60.—Aon uair a tharlós, i gcás talamh a thógfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, go mbeidh an talamh san, i dteannta tailimh eile, faoi bhlianacht nó íocaíocht bhliantúil eile is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, féadfaidh an Comisiún san nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) an bhlianacht nó an íocaíocht bhliantúil eile a chionroinnt i pé slí a mheasfaid is ceart idir an talamh a bheas tógtha amhlaidh agus an talamh eile sin nó feadfaid iomlán na blianachta nó na híocaíochta bliantúla eile a mhuirearú ar aon chuid áirithe den talamh a bheas fúithi chun iarmhéid an tailimh sin a dhímhuirearú.

[EN]

Talamh barrachais a leithreasú chun críocha eile.

61.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire agus faoi réir comhlíonadh pé coinníollacha a mheasfa sé is ceart d'fhorchur, aon talamh do leithreasú agus d'úsáid chun críche aon choda dá gcumhachta agus dá ndualgais is talamh a bheas dílsithe chun críche ar bith iontu agus ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é.

[EN]

Talamh barrachais a chur de láimh.

62.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, aon talamh a bheas tógtha acu a dhíol, a mhalairtiú, a ligean, nó a chur de láimh ar shlí eile.

[EN]

(2) An toradh a bheas ar dhíol aon tailimh faoin alt so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar déanfar, a mhéid is airgead caipitiúil an toradh san, é d'úsáid, le toiliú an Aire, chun críche (lena n-áirítear aisíoc airgid a fuarthas ar iasacht) chun a bhféadfadh an t-údarás, le ceart, airgead caipitiúil d'úsáid.

[EN]

(3) Má mhalairtíonn údarás óspidéil mheabhair-ghalar talamh faoin alt so, déanfar (faoi réir na bhforál den Chuid seo den Acht so a bhaineas le leithreasú agus úsáid tailimh ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é) an talamh a tógfar sa mhalairtiú san d'úsáid chun na gcríoch chun a raibh an talamh a bhéarfar sa mhalairtiú san ionúsáite ag an údarás.

CUID VIII.

Aoisliuntais, etc., d'Oifigigh agus do Sheirbhisigh Udaras Ospideil Mheabhair-Ghalar.

[EN]

Mínithe chun críocha Coda VIII.

63.—(1) Sa Chuid seo den Acht so—

[EN]

ciallaíonn an focal “oifigeach” oifigeach a mbaineann a dhualgais le feadhma údaráis óspidéil mheabhair-ghalar faoin Acht so agus—

[EN]

(a) a thugas iomlán a chuid aimsire do sheirbhís aon údaráis óspidéil mheabhair-ghalar amháin nó níos mó, nó

[EN]

(b) ar gá dhó de bhuaidh a oifige bheith ina dhochtúir leighis cláraithe,

[EN]

ach ní fholaíonn an focal san oifigeach a ceapfar chun bheith i seilbh oifige—

[EN]

(a) go cionn tréimhse sonnraithe, nó

[EN]

(b) go dtí go mbeidh obair nó dualgas sonnraithe críochnaithe, nó

[EN]

(c) go dtí go gceapfar duine eile chun bheith i seilbh na hoifige sin, nó

[EN]

(d) mar oifigeach ionaid;

[EN]

ciallaíonn an focal “seirbhíseach” seirbhíseach a mbaineann a dhualgais le feadhma údaráis óspidéil mheabhair-ghalar faoin Acht so agus a thugas iomlán a chuid aimsire do sheirbhís aon údaráis óspidéil mheabhair-ghalar amháin nó níos mó, ach ní fholaíonn an focal san seirbhíseach a ceapfar chun bheith i seilbh poist—

[EN]

(a) go ceann tréimhse sonnraithe, nó

[EN]

(b) go dtí go mbeidh obair nó dualgas sonnraithe críochnaithe, nó

[EN]

(c) go dtí go gceapfar duine eile chun bheith i seilbh an phoist sin, nó

[EN]

(d) mar sheirbhíseach ionaid;

[EN]

folaíonn na focail “tuarastal” agus “páigh” sochar oifige, ach ní fholaíd íocaíochta in aghaidh breis-aimsire, costais taistil, ná aon liúntais a híoctar i gcóir costais chóiríochta oifige nó chúnaimh chléireachais;

[EN]

folaíonn an abairt “sochar oifige” gach táille, puntáiste, agus íocaíocht eile a íocann údarás óspidéil mheabhair-ghalar chun a úsáide féin le haon oifigeach nó seirbhíseach dóibh sa cháil sin dó, agus fós luach airgid aon chóiríochta, chiondála, nó liúntais eile in earraí a ghabhas lena oifig nó a fhostaíocht;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an dochtúir oifigiúil iomchuibhe” príomhdhoctúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a chothabhálann an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar iomchuibhe;

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1909” an Asylum Officers Superannuation Act, 1909.

[EN]

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ó am go ham nó mar ordóidh an tAire, a chinneadh, le toiliú an Aire, cad is luach bliantúil in airgead do shochar oifige a n-oifigeach agus a seirbhíseach agus coimeádfaid ar taspáint in áit fheiceálach i ngach foras a bheas á chothabháil acu liost mion-chruinn de na luacha a cinnfear mar adúradh do shochar oifige na n-oifigeach agus na seirbhíseach a bheas ar fostú sa bhforas san.

[EN]

(3) Chun críocha na Coda so den Acht so, is tuigthe gurb é is méid do thuarastal nó do pháigh bhliantúil oifigigh nó seirbhísigh ná meán-mhéid a thuarastail bhliantúil nó a pháighe bliantúla ar feadh na dtrí mblian dar críoch an lá cinn ráithe díreach roimh lá a scortha de bheith i seilbh oifige nó ar fostú nó, i gcás oifigigh nó seirbhísigh ar giorra ná trí bliana a sheirbhís, meán-mhéid a thuarastail bhliantúil nó a pháighe bliantúla ar feadh tréimhse iomlán a sheirbhíse.

[EN]

(4) Chun críocha na Coda so den Acht so, is tuigthe gur seirbhís faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís oifigigh nó seirbhísigh d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a tugadh roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus ar híocadh ranníoca ina leith faoi Acht 1909 agus, má ba sheirbhís le coiste ar comhbhord is comharba dhóibh an tseirbhís nó aon chuid di, is tuigthe gur seirbhís faoin gcomhbhord an tseirbhís nó an chuid sin den tseirbhís.

[EN]

(5) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalair do thabhairt seirbhíse roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so is seirbhís a mbeadh ranníoca déanta aige ina leith faoi Acht 1909 mura mbeadh gur le linn é bheith á áireamh mar dhuine nárbh oifigeach ná seirbhíseach bunaithe do réir bhrí Achta 1909 a tugadh an tseirbhís sin, féadfaidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin a ghlacadh de roghain na ranníoca san a dhéanamh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so d'ainneoin Acht 1909 a bheith athghairmthe agus, ar na ranníoca san a bheith déanta amhlaidh aige, áireofar iad, chun críocha na Coda so den Acht so, mar ranníoca a rinneadh faoi Acht 1909.

[EN]

Gan feidhm a bheith ag Cuid VIII i gcásanna áirithe.

64.—(1) Más rud é, i gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar i dtosach feidhme na Coda so den Acht so, go raibh an duine sin, díreach roimh an tosach feidhme sin agus de bhuaidh ailt 20 d'Acht 1909, faoi réir forál na n-achtachán a hathghairmeadh le hAcht 1909—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so (ach amháin an fo-alt so) maidir leis an duine sin, agus

[EN]

(b) leanfaidh an duine sin de bheith faoi réir na bhforál san do hathghairmeadh le hAcht 1909.

[EN]

(2) Duine is oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar i dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus ná raibh, díreach roimh an tosach feidhme sin, ina dhuine do bhí, de bhuaidh ailt 20 d'Acht 1909, faoi réir forál na n-achtachán do hathghairmeadh le hAcht 1909, féadfa sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, a chur in iúl i scríbhinn don údarás nach mian leis tairbhiú d'fhorála na Coda so den Acht so, agus air sin—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so (ach amháin an fo-alt so), agus is tuigthe ná raibh feidhm aici riamh, maidir leis an duine sin, agus

[EN]

(b) leanfaidh an duine sin, le héifeacht amhail ó thosach feidhme na Coda so den Acht so, de bheith faoi réir na n-achtachán céanna i dtaobh aoisliúntais agus nithe dá shamhail a raibh sé faoina réir díreach roimh an tosach feidhme sin, ach go ndéanfar, in aon chás ina dtonascfar alt 16 d'Acht 1909 maidir leis, an focal “three” a chur in ionad an fhocail “ten” sa dá áit ina bhfuil an focal deiridh sin san alt san 16.

[EN]

Clár d'oifigigh agus seirbhísigh áirithe.

65.—(1) Coimeádfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar clár de na hoifigigh agus na seirbhísigh a bheas ar fostú acu agus ar a mbeidh aireachas nó cúram othar i ngnáth-chúrsa a bhfostaíochta.

[EN]

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ar oifigeach nó seirbhíseach a bheas ar fostú acu dá iarraidh sin, a chur in iúl dó i scríbhinn cé acu atá nó ná fuil a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád acu faoin alt so.

[EN]

(3) Coimeádfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar taspáint in áit fheiceálach i ngach foras a bheas á chothabháil acu fógra á rá go ndéanfaid, ar oifigeach nó seirbhíseach a bheas ar fostú acu dá iarraidh sin, a chur in iúl dó cé acu atá nó ná fuil a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád acu faoin alt so.

[EN]

(4) Ní déanfar aon ainm, seachas ainm oifigigh nó seirbhísigh arb é amháin is fostaíocht dó aireachas nó cúram othar, d'iontráil i gclár a bheas á choimeád faoin alt so ach amháin le toiliú an Aire.

[EN]

(5) Ní bainfear aon ainm de chlár a bheas á choimeád faoin alt so ach amháin le toiliú an Aire.

[EN]

(6) Más cúis mhí-shásaimh le hoifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar an t-údarás san dá fhaillí nó dá dhiúltú a ainm d'iontráil sa chlár a bheas á choimeád acu faoin alt so, féadfa sé gearán a chur chun an Aire i scríbhinn agus má ordaíonn an tAire don údarás, tar éis dó an gearán a bhreithniú, ainm an oifigigh nó an tseirbhísigh d'iontráil sa chlár san, déanfaid do réir an ordacháin sin.

[EN]

Aoisliúntais oifigeach agus seirbhíseach cláraithe.

66.—(1) Baineann an t-alt so le gach oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar—

[EN]

(a) a mbeidh a ainm cláraithe sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás, agus

[EN]

(b) a mbeidh fiche bliain ar a laghad caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

[EN]

(c) a bheas cúig bliana caogad d'aois ar a laghad.

[EN]

(2) Faoi réir forál na Coda so den Acht so, aon oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a éireos as a oifig nó a fhostaíocht nó a scoirfeas ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, le linn feidhm a bheith ag an alt so maidir leis, beidh sé i dteideal suimeanna mar leanas d'fháil ón údarás:—

[EN]

(a) liúntas ar feadh a shaoil a mbeidh a mhéid bliantúil comhdhéanta—

[EN]

(i) d'fhiche ochtódú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil, agus

[EN]

(ii) i gcás aon cheann fichead nó níos mó de bhlianta iomlána a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, de dhá ochtódú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh an aonú ceann fichead agus gach ceann faoi leith ina dhiaidh sin (más ann) de na blianta iomlána san, agus

[EN]

(b) cnapshuim a bheas comhdhéanta—

[EN]

(i) d'fhiche tríochadú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil, agus

[EN]

(ii) i gcás aon cheann fichead nó níos mó de bhlianta iomlána a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, de dhá thríochadú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh an aonú ceann fichead agus gach ceann faoi leith ina dhiaidh sin (más ann) de na blianta iomlána san.

[EN]

Pinsin, etc., d'oifigigh agus seirbhísigh chláraithe ar iad d'éirí éagumasach.

67.—(1) Baineann an t-alt so le gach oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar—

[EN]

(a) a mbeidh a ainm cláraithe sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás, agus

[EN]

(b) a mbeidh deich mbliana ar a laghad caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

[EN]

(c) a bheas—

[EN]

(i) tar éis tréimhse is lú ná fiche bliain a chaitheamh i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, nó

[EN]

(ii) faoi bhun cúig bliana caogad d'aois.

[EN]

(2) Faoi réir forál na Coda so den Acht so, aon oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a éireos as a oifig nó a fhostaíocht nó a scoirfeas ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, le linn feidhm a bheith ag an alt so maidir leis, de dheascaibh aon díobháil nó easláine choirp nó mheabhrach do bhaint dó nó do theacht air, ar shlí seachas trína mhí-iompar féin, is díobháil nó easláine a ndeimhneoidh an dochtúir oifigiúil iomchuibhe gur chuir sí faoi éagumas buan é maidir le hothair d'aireachasú, beidh sé i dteideal suimeanna mar leanas d'fháil ón údarás:—

[EN]

(a) i gcás gur giorra ná fiche bliain an tréimhse a bheas caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar—

[EN]

(i) liúntas ar feadh a shaoil nó a éagumais arb é is méid bliantúil dó an t-ochtódú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse, agus

[EN]

(ii) cnapshuim arb é is méid di an tríochadú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse; agus

[EN]

(b) i gcás gur fiche bliain nó níos mó an tréimhse a bheas caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar—

[EN]

(i) liúntas ar feadh a shaoil nó a éagumais a mbeidh a mhéid bliantúil comhdhéanta—

[EN]

(I) d'fiche ochtódú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil, agus

[EN]

(II) i gcás aon cheann fichead nó níos mó de bhlianta iomlána a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, de dhá ochtódú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh an aonú ceann fichead agus gach ceann faoi leith ina dhiaidh sin (más ann) de na blianta iomlána san, agus

[EN]

(ii) cnapshuim a bheas comhdhéanta—

[EN]

(I) d'fhiche tríochadú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil, agus

[EN]

(II) i gcás aon cheann fichead nó níos mó de bhlianta iomlána a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, de dhá thríochadú dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh an aonú ceann fichead agus gach ceann faoi leith ina dhiaidh sin (más ann) de na blianta iomlána san.

[EN]

Aoisliúntais oifigeach agus seirbhíseach ná beidh cláraithe.

68.—(1) Baineann an t-alt so le gach oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar—

[EN]

(a) ná beidh a ainm cláraithe sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás, agus

[EN]

(b) a mbeidh fiche bliain ar a laghad caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

[EN]

(c) a bheas seasca bliain d'aois ar a laghad.

[EN]

(2) Faoi réir forál na Coda so den Acht so, aon oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a éireos as a oifig nó a fhostaíocht nó a scoirfeas ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, le linn feidhm a bheith ag an alt so maidir leis, beidh sé i dteideal suimeanna mar leanas d'fháil ón údarás:—

[EN]

(a) liúntas ar feadh a shaoil arb é is méid bliantúil dó an t-ochtódú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse,

[EN]

(b) cnapshuim arb é is méid di an tríochadú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse.

[EN]

d'oifigigh agus seirbhísigh ná beidh cláraithe ar iad d'éirí éagumasach.

69.—(1) Baineann an t-alt so le gach oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar—

[EN]

(a) ná beidh a ainm cláraithe sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás, agus

[EN]

(b) a mbeidh deich mbliana ar a laghad caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

[EN]

(c) a bheas—

[EN]

(i) tar éis tréimhse is giorra ná fiche bliain a chaitheamh i seirbhís údaráis óspidéil mheabhairghalar, nó

[EN]

(ii) faoi bhun seasca bliain d'aois.

[EN]

(2) Faoi réir forál na Coda so den Acht so, aon oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a éireos as a oifig nó a fhostaíocht nó a scoirfeas ar shlí eile do bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, le linn feidhm a bheith ag an alt so maidir leis, de dheascaibh aon díobháil nó easláine choirp nó mheabhrach do bhaint dó nó do theacht air, ar shlí seachas trína mhí-iompar féin, is díobháil nó easláine a ndeimhneoidh an dochtúir oifigiúil iomchuibhe gur chuir sí faoi éagumas buan é maidir lena dhualgais a chomhlíonadh, beidh sé i dteideal suimeanna mar leanas d'fháil ón údarás:—

[EN]

(a) liúntas ar feadh a shaoil nó a éagumais arb é is méid bliantúil dó an t-ochtódú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse, agus

[EN]

(b) cnapshuim arb é is méid di an tríochadú cuid dá thuarastal nó dá pháigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá bhlianta iomlána seirbhíse.

[EN]

Iocaíocht i gcás oifigeach nó seirbhíseach d'éag.

70.—I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'éag le linn dó bheith ina seirbhís agus cúig bliana nó níos mó ná san a bheith caite ag an oifigeach nó an seirbhíseach san i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a éagfas sé (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha ag an údarás san ina leith faoi alt 77 nó 78 den Acht so), as a gcomhairle féin, íocaíocht acu so leanas a dhéanamh le hionadaí pearsanta dlíthiúil an oifigigh nó an tseirbhísigh sin:—

[EN]

(a) i gcás ina mbeadh an t-oifigeach nó an seirbhíseach san, dá mba rud é nár éag sé ach gur éirigh sé as a oifig nó a fhostaíocht tráth a éagtha, i dteideal cnapshuim d'fháil faoin gCuid seo den Acht so—an chnapshuim sin nó tuarastal nó páigh bliana (pé acu sin is mó), nó

[EN]

(b) in aon chás eile—tuarastal nó páigh bliana.

[EN]

Pinsean, etc., d'oifigigh agus seirbhísigh ar dhíobháil, is ionchurtha i leith a ndualgas, do bhaint dóibh nó ar easláine do theacht orthu i gcomhlíonadh a ndualgas.

71.—(1) I gcás—

[EN]

(a) díobháil do bhaint, ar shlí seachas trína mhí-iompar féin, d'oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas, agus

[EN]

(b) an díobháil a bheith ionchurtha go díreach i leith cineáil a dhualgas, agus

[EN]

(c) an dochtúir oifigiúil iomchuibhe dá dheimhniú é bheith faoi éagumas buan de dheascaibh na díobhála chun a dhualgais a chomhlíonadh, agus

[EN]

(d) tréimhse is giorra ná deich mbliana a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar,

[EN]

féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a bhainfeas an díobháil dó, as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas bliantúil agus cnapshuim a dheonadh dhó a mheasfaid is cuibhe ag féachaint do thosca uile an cháis.

[EN]

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, nuair a bheas méideanna an liúntais bhliantúil agus na cnapshuime a bheas le deonadh faoi fho-alt (1) den alt so d'oifigeach nó seirbhíseach díobhálta á gcinneadh acu, áird a thabhairt, go sonnrach, ar aon íocaíocht a bheas déanta nó le déanamh ag an údarás maidir le haon éileamh ón oifigeach nó ón seirbhíseach san ar shlí seachas faoin gCuid seo den Acht so i leith na díobhála a bhain dó.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) aon easláine choirp nó mheabhrach do theacht, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, ar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar, a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás san, i seirbhís an údaráis sin, agus

[EN]

(b) an dochtúir oifigiúil iomchuibhe dá dheimhniú é bheith faoi éagumas buan de dheascaibh na heasláine chun a dhualgais a chomhlíonadh, agus

[EN]

(c) tréimhse chúig bliana nó tréimhse is sia ná san agus is giorra ná deich mbliana a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar,

[EN]

féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a thiocfas an easláine air, as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas bliantúil agus cnapshuim a dheonadh dhó a mheasfaid is cuibhe ag féachaint do thosca uile an cháis.

[EN]

(4) Ní raghaidh méid aon liúntais nó cnapshuime a deonfar faoi fho-alt (3) den alt so thar an méid dob iomchuibhe dá mbeifí á dheonadh faoi alt 67 den Acht so ar an mbonn go raibh ag an deonaí dhá oiread na huimhreach de bhlianta iomlána seirbhíse a bhí aige iarbhfír.

[EN]

Pinsean, etc., i gcásanna speisialta áirithe.

72.—(1) Deonfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, d'aon oifigeach nó seirbhíseach ina seirbhís a mbeidh deich mbliana ar a laghad caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar agus

[EN]

(a) a cuirfear as a oifig nó a fhostaíocht ar chúis seachas mí-iompar nó éagumas, nó

[EN]

(b) a gcuirfear deireadh lena oifig nó a fhostaíocht, nó

[EN]

(c) a mbeidh, dar leis an Aire, athrú substainteach chun dochair dó tagtha ar a staid de dheascaibh athrú a dhéanamh ar a choinníollacha seirbhíse gan cúis réasúnach, agus a éireos as a oifig nó a fhostaíocht le toiliú an Aire,

[EN]

pé liúntas bliantúil agus cnapshuim a mheasfaid is cuibhe ag féachaint do thosca uile an cháis.

[EN]

(2) I gcás ina dtiocfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar chun bheith i dteideal liúntas agus cnapshuim a dheonadh dhó faoin alt so agus ina mbeadh sé freisin, mura mbeadh an fo-alt so, i dteideal liúntais agus cnapshuime arna ndeonadh de bhun ailt 66 nó ailt 68 den Acht so, ní bheidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin i dteideal an liúntais agus na cnapshuime is déanaí a luaitear ach, gan dochar d'alt 73 den Acht so, ní bheidh an liúntas agus an chnapshuim faoi seach a deonfar dó faoin alt so níos lú ná an liúntas agus an chnapshuim faoi seach a deonfaí dhó faoin alt san 66 nó faoin alt san 68 (pé acu é) mura mbeadh an fo-alt so.

[EN]

Liúntas a laghdú i gcásanna áirithe.

73.—(1) Bainfidh an t-alt so le gach oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar—

[EN]

(a) a bheas tar éis éirí as a oifig nó a fhostaíocht nó a mbeidh scortha aige ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, agus

[EN]

(b) a bheas i dteideal liúntas d'fháil faoin gCuid seo den Acht so ón údarás, agus

[EN]

(c) ná dearna a dhualgais mar oifigeach nó seirbhíseach dóibh a chomhlíonadh chun a sástachta.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, maidir le haon oifigeach nó seirbhíseach dá gcuid is oifigeach nó seirbhíseach lena mbaineann an t-alt so, a chinneadh, faoi réir thoiliú an Aire, go ndéanfar an liúntas is iníoctha acu leis faoin gCuid seo den Acht so a laghdú pé méid a mheasfaid is cóir, agus air sin beidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach san i dteideal an liúntas san d'fháil arna laghdú amhlaidh agus ní ar aon tslí eile.

[EN]

Liúntas agus cnapshuim oifigigh nó seirbhísigh a bhreisiú i gcás díobhála is ionchurtha i leith a dhualgas do bhaint dó nó easláine do theacht air i gcomhlíonadh a dhualgas.

74.—(1) I gcás—

[EN]

(a) díobháil a bhaint, ar shlí seaches trína mhí-iompar féin, d'oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar, le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas, agus

[EN]

(b) an díobháil a bheith ionchurtha go díreach i leith cineáil a dhualgas, agus

[EN]

(c) an dochtúir oifigiúil iomchuibhe dá dheimhniú é bheith faoi éagumas buan de dheascaibh na díobhála chun a dhualgais a chomhlíonadh, agus

[EN]

(d) deich mbliana nó níos mó ná san a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar,

[EN]

féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a bhainfeas an díobháil do, as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, an liúntas agus an chnapshuim a mbeidh sé ina dteideal faoin gCuid seo den Acht so (ach amháin an t-alt so) a bhreisiú pé méid a mheasfaid is ceart agus beidh sé i dteideal dá réir sin an liúntas agus an chnapshuim sin arna mbreisiú amhlaidh d'fháil uathu.

[EN]

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, nuair a bheas méideanna na mbreisithe a bheas le deonadh faoi fho-alt (1) den alt so d'oifigeach nó seirbhíseach díobhálta á gcinneadh acu, áird a thabhairt, go sonnrach, ar aon íocaíocht a bheas déanta nó le déanamh ag an údarás maidir le haon éileamh ón oifigeach nó ón seirbhíseach san ar shlí seachas faoin gCuid seo den Acht so i leith na díobhála a bhain dó.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) aon easláine choirp nó mheabhrach do theacht, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, ar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar, a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás san, i seirbhís an údaráis sin, agus

[EN]

(b) an dochtúir oifigiúil iomchuibhe dá dheimhniú é bheith faoi éagumas buan de dheascaibh na heasláine chun a dhualgais a chomhlíonadh, agus

[EN]

(c) deich mbliana nó níos mó ná san a bheith caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar,

[EN]

féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a thiocfas an easláine air, as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, an liúntas agus an chnapshuim a mbeidh sé ina dteideal faoin gCuid seo den Acht so (ach amháin an t-alt so) a bhreisiú pé méid a mheasfaid is ceart agus beidh sé i dteideal dá réir sin an liúntas agus an chnapshuim sin arna mbreisiú amhlaidh d'fháil uathu.

[EN]

(4) Ní raghaidh méid aon bhreisithe a deonfar faoi fho-alt (3) den alt so ar liúntas nó cnapshuim thar méid na difríochta idir an liúntas nó an chnapshuim sin agus an liúntas nó an chnapshuim a mbeadh an deonaí ina theideal faoin gCuid seo den Acht so (ach amháin an t-alt so) dá gcuirtí deich mbliana leis an méid a bheas caite aige de bhlianta iomlána seirbhíse.

[EN]

Marthain éagumais d'fhionnadh.

75.—(1) Má bhíonn duine i dteideal faoi alt 67, alt 69 nó alt 71 den Acht so liúntas d'fháil nó má bhíonn sé i dteideal faoi alt 74 den Acht so liúntas breisithe d'fháil, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag á mbeidh an liúntas iníoctha a fhionnadh ó am go ham cé acu mhaireann éagumas an duine sin nó ná maireann agus, chuige sin, féadfaid a cheangal air dul ó am go ham faoi pé scrudaithe dochtúra a shocróid;

[EN]

(b) má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an duine sin dul faoi aon scrúdú dochtúra den tsórt san, scoirfe sé de bheith i dteideal an liúntas d'fháil;

[EN]

(c) má dheimhníonn dhá dhochtúir leighis chláraithe ar a laghad go bhfuil deireadh le héagumas an duine sin, féadfaidh an t-údarás, as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire, an liúntas a chealú agus, má dhéanaid amhlaidh, scoirfidh an duine sin de bheith i dteideal an liúntas d'fháil amhail ó dháta a chealaithe agus féadfaidh an t-údarás, as a gcomhairle féin, post ina seirbhís a thairgsin dó a bheas, ó thaobh cineáil agus ó thaobh ráta tuarastail nó páighe, ar aon chothrom ar a laghad leis an bpost a bhí aige nuair a bhí sé ina seirbhís roimhe sin.

[EN]

(2) Na hoblagáidí a bheas ar údarás óspidéil mheabhair-ghalar faoin alt so maidir le haon duine áirithe a bheas ag fáil liúntais, scoirfid—

[EN]

(a) i gcás ainm an duine sin a bheith, díreach roimh é d'éirí as a oifig nó a fhostaíocht nó do scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, iontrálta sa chlár a bheas á choimeád ag an údarás faoin gCuid seo den Acht so—ar chúig bliana caogad a bheith slán ag an duine sin, agus

[EN]

(b) in aon chás eile—ar seasca bliain a bheith slán ag an duine sin.

[EN]

(3) Má dhéanann dochtúir leighis cláraithe duine a scrúdú chun críocha an ailt seo agus nach oifigeach don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a shocraigh an scrúdú an dochtúir sin, íocfaidh an t-údarás san táille giní leis an dochtúir sin as an scrúdú.

[EN]

(4) Ní thabharfaidh éinní dá bhfuil san alt so go mbeidh aon tréimhse sheirbhíse faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag aon oifigeach nó seirbhíseach dá gcuid ionáirithe níos mó ná uair amháin chun cnapshuim is iníoctha faoin gCuid seo den Acht so a ríomh.

[EN]

Aiscí pósta.

76.—I gcás—

[EN]

(a) ina bhfágfaidh ban-oifigeach nó ban-tseirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís an údaráis sin chun pósadh, agus

[EN]

(b) ina mbeidh cúig bliana ar a laghad caite aici i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

[EN]

(c) ina ndéanfa sí, laistigh de thrí mhí (nó pé tréimhse is sia ná san, ach nach sia ná sé mhí, a cheadóidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe) tar éis i d'fhágaint a seirbhíse amhlaidh, deimhniú pósta á chruthú gur pósadh í laistigh den tréimhse sin a thaspáint don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh sí tar éis a seirbhís d'fhágaint,

[EN]

déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh sí tar éis a seirbhís d'fhágaint aisce d'íoc léi arb é bheas inti an dóú cuid déag dá tuarastal nó dá páigh bhliantúil in aghaidh gach bliana faoi leith dá blianta iomlána seirbhíse, ach san faoi réir na teorann ná beidh an aisce níos mó ná a tuarastal nó a páigh bhliantúil.

[EN]

Liúntais do bhaintreacha i gcásanna áirithe.

77.—(1) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'éag le linn dó bheith ina seirbhís de dheascaibh díobhála a bhain dó, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas agus baintreach an oifigigh nó an tseirbhísigh sin do mharthain dá éis, féadfaidh an t-údarás (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha acu i leith an oifigigh nó an tseirbhísigh sin faoi alt 70 den Acht so), as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas a mheasfaid is ceart a dheonadh don bhaintreach ar feadh a saoil.

[EN]

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, nuair a bheas méid aon liúntais a bheas le deonadh faoi fho-alt (1) den alt so do bhaintreach á chinneadh acu, áird a thabhairt, go sonnrach, ar aon íocaíocht a bheas déanta nó le déanamh ag an údarás maidir le haon éileamh ón mbaintreach ar shlí seachas faoin gCuid seo den Acht so i leith báis a fir chéile.

[EN]

(3) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar, a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás san, d'éag le linn dó bheith ina seirbhís de dheascaibh aon easláine choirp nó mheabhrach do theacht air, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, i seirbhís an údaráis sin agus baintreach an oifigigh nó an tseirbhísigh sin do mharthain dá éis, féadfaidh an t-údarás (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha acu i leith an oifigigh nó an tseirbhísigh sin faoi alt 70 den Acht so), as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas a mheasfaid is ceart a dheonadh don bhaintreach ar feadh a saoil.

[EN]

(4) Údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas tar éis liúntas a dheonadh faoin alt so féadfaid, faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, an liúntas san a laghdú, a bhreisiú, a chealú, nó a athdheonadh (i gcás é bheith cealaithe roimhe sin) in aon tosca is dóigh leo a bheir gur ceart san a dhéanamh.

[EN]

Liúntas i leith leanbhaí i gcásanna áirithe.

78.—(1) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'éag le linn dó bheith ina seirbhís de dheascaibh díobháil do bhaint dó, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas agus an t-oifigeach nó an seirbhíseach san a bheith ina bhaintreach fir nó ina baintreach mná agus leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó faoi bhun sé bliana déag d'aois do mharthain d'éis an oifigigh nó an tseirbhísigh sin, féadfaidh an t-údarás (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha acu i leith an oifigigh nó an tseirbhísigh sin faoi alt 70 den Acht so), as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas a mheasfaid is ceart a dheonadh i leith an linbh nó gach duine de na leanbhaí.

[EN]

(2) Déanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, nuair a bheas méid aon liúntais a bheas le deonadh faoi fho-alt (1) den alt so i leith báis oifigigh nó sheirbhísigh á chinneadh acu, áird a thabhairt, go sonnrach, ar aon íocaíocht a bheas déanta nó le déanamh ag an údarás maidir le haon éileamh, thar ceann an linbh a mbeidh an liúntas le deonadh ina leith, ar shlí seachas faoin gCuid seo den Acht so i dtaobh an bháis sin.

[EN]

(3) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar, a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so ag an údarás san, d'éag le linn dó bheith ina seirbhís de dheascaibh aon easláine choirp nó mheabhrach do theacht air, ar shlí seachas trína mhí-iompar nó a mhainneachtain féin, i seirbhís an údaráis sin agus an t-oifigeach nó an seirbhíseach san a bheith ina bhaintreach fir nó ina baintreach mná agus leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó faoi bhun sé bliana déag d'aois do mharthain d'éis an oifigigh nó an tseirbhísigh sin, féadfaidh an t-údarás (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha acu i leith an oifigigh nó an tseirbhísigh sin faoi alt 70 den Acht so), as a gcomhairle féin ach faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, pé liúntas a mheasfaid is ceart a dheonadh i leith an linbh nó gach duine de na leanbhaí.

[EN]

(4) Déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a dheonfas liúntas faoin alt so an liúntas d'íoc le pé duine a mheasfaid is ceart ó am go ham chun é chaitheamh thar ceann an linbh ar ina leith a deonadh é.

[EN]

(5) Údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas tar éis liúntas a dheonadh faoin alt so féadfaid, faoi réir thoiliú an Aire agus forál na Coda so den Acht so, an liúntas san a laghdú, a bhreisiú, a chealú, nó a athdheonadh (i gcás é bheith cealaithe roimhe sin) in aon tosca is dóigh leo a bheir gur ceart san a dhéanamh.

[EN]

(6) Beidh deireadh ar fad le liúntas faoin alt so ar an leanbh ar ina leith a deonadh an liúntas do shlánú sé bliana déag d'aois nó ar é d'éag roimhe sin.

[EN]

Teora le liúntais agus cnapshuimeanna.

79.—(1) D'ainneoin éinní dá bhfuil sa Chuid seo den Acht so—

[EN]

(a) ní bheidh aon liúntas faoin gCuid seo den Acht so níos mó—

[EN]

(i) i gcás liúntais faoi alt 77 den Acht so, ná an tríú cuid de thuarastal nó de pháigh bhliantúil an oifigigh nó an tseirbhísigh a bheas i gceist,

[EN]

(ii) in aon chás eile, ná leath an tuarastail nó na páighe bliantúla san,

[EN]

(b) ní bheidh aon chnapshuim faoin gCuid seo den Acht so níos mó ná oiread go leith an mhéide is tuarastal nó páigh bhliantúil don oifigeach nó don tseirbhíseach a bheas i gceist.

[EN]

(2) Chun críocha míre (a) d'fho-alt (1) den alt so, déanfar dhá liúntas nó níos mó faoi alt 78 den Acht so i leith báis an aon duine amháin d'áireamh mar aon liúntas amháin arna chomhdhéanamh de chomhshuim na liúntas san.

[EN]

Easnaimh áirithe d'íoc.

80.—I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, a thiocfas chun bheith i dteideal liúntas agus cnapshuim d'fháil ón údarás faoin gCuid seo den Acht so, d'éag tráth a bheas comhshuim na n-íocaíocht a bheas déanta ar scór an liúntais agus na chnapshuime faoi bhun a thuarastail nó a pháighe bliantúla, íocfaidh an t-údarás le hionadaí pearsanta dlíthiúil an oifigigh nó an tseirbhísigh sin an méid a bheas an chomhshuim sin faoi bhun a thuarastail nó a pháighe bliantúla.

[EN]

Liúntas a gheallbhroid i gcás mí-iompair mhóir.

81.—(1) I gcás oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chur as a oifig nó a dhíbhe de dheascaibh mí-iompair mhóir, ní bheidh sé i dteideal aon liúntas ná cnapshuim d'fháil faoin gCuid seo den Acht so is liúntas nó cnapshuim a bheas iontagartha i bpáirt nó go hiomlán dá sheirbhís faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar roimh é a chur as a oifig nó a dhíbhe amhlaidh.

[EN]

(2) An t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a bhí oifigeach nó seirbhíseach lena mbainfidh an t-alt so díreach roimh é a chur as a oifig nó a dhíbhe, féadfaid, as a gcomhairle féin, suim is ionann agus iomlán comhshuime nó cuid de chomhshuim a ranníoc faoin gCuid seo den Acht so d'íoc (faoi réir an phrovíso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922) leis an oifigeach nó an seirbhíseach san nó le duine ar bith nó i leith duine ar bith a dhlífeas sé a chothabháil.

[EN]

(3) San alt so, ciallaíonn an abairt “mí-iompar mór” mí-iompar a ndéanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ar ina seirbhís a bhí an t-oifigeach nó an seirbhíseach iomchuibhe díreach roimh é a chur as a oifig nó a dhíbhe, a chinneadh, le toiliú an Aire, gur mí-iompar mór é.

[EN]

Seirbhís d'áireamh.

82.—(1) An tseirbhís uile, pé acu seirbhís leanúnach í nó nach ea, a bhéarfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar faoi aon údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus is seirbhís mar oifigeach nó seirbhíseach, déanfar í do chur i gcomhshuim agus d'áireamh chun críocha na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt so, aon uair agus a mhinice a fhágfas oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar seirbhís an údaráis sin agus gur giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse dá sheirbhís leanúnach leo mar oifigeach nó seirbhíseach a chríochnós ar an dáta ar a bhfágfa sé a seirbhís, ní déanfar a sheirbhís ar feadh na tréimhse sin a chur i gcomhshuim ná d'áireamh chun críocha na Coda so den Acht so.

[EN]

(3) An tseirbhís uile, pé acu seirbhís leanúnach í nó nach ea, a bhéarfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar faoi aon údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhairghalar agus is seirbhís is ionáirithe ag an údarás áitiúil sin chun críocha aoisliúntais, déanfar í a chur i gcomhshuim agus d'áireamh chun críocha na Coda so den Acht so fé is dá mba sheirbhís le húdarás óspidéil mheabhair-ghalar í.

[EN]

(4) D'ainneoin fo-ailt (3) den alt so—

[EN]

(a) aon uair agus a mhinice a fhágfas oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhairghalar seirbhís an údaráis sin agus gur giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse dá sheirbhís leanúnach leo, is seirbhís is ionáirithe acu chun críocha aoisliúntais, a chríochnós ar an dáta ar a bhfágfa sé a seirbhís, ní bheidh a sheirbhís ar feadh na tréimhse sin ionchurtha i gcomhshuim ná ionáirithe chun críocha na Coda so den Acht so,

[EN]

(b) ní déanfar seirbhís le húdarás áitiúil, seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar, a mbeidh aoisliúntas deonta ag an údarás áitiúil sin ina leith, a chur i gcomhshuim ná d'áireamh chun críocha na Coda so den Acht so.

[EN]

(5) Murab ionann na sochair aoisliúntais nó na coinníollacha a cháilíos duine le haghaidh aoisliúntais i gcás oifigigh d'údarás áitiúil, seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar, agus i gcás oifigigh nó seirbhísigh d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, cinnfidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, cad iad na modhnaithe (más ann), ar comhréir leis an difríocht idir na sochair nó na coinníollacha san faoi seach, a déanfar ar aon tsuim a deonfar, in aon chás áirithe, faoin gCuid seo den Acht so do réir an ailt seo.

[EN]

Liúntas a laghdú ar an bhfáltaí a cheapadh chun oifige nó fostaíochta.

83.—(1) I gcás duine ar bith, lena n-íocfar liúntas faoin gCuid seo den Acht so, a cheapadh chun aon oifige nó fostaíochta ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó ag aon údarás áitiúil eile nó chun aon oifige nó fostaíochta lena ngabhann luach saothair a híoctar as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, beidh éifeacht, faid a bheas sé i seilbh na hoifige nó na fostaíochta san, ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) i gcás an luach saothair a ghabhfas leis an oifig nó an fhostaíocht san a bheith comhionann leis an luach saothair nó níos mó ná an luach saothair a ghabh leis an oifig nó an fhostaíocht ar ina leith a deonadh an liúntas—ní híocfar an liúntas leis an duine sin;

[EN]

(b) in aon chás eile—ní híocfar leis an duine sin ach an oiread den liúntas agus a dhéanfas, i dteannta an luach saothair a ghabhfas leis an oifig nó an fhostaíocht san, suim is cóimhéid leis an luach saothair a ghabh leis an oifig ar ina leith a deonadh an liúntas.

[EN]

(2) Maidir le liúntas is iníoctha ag údarás óspidéil mheabhairghalar agus a mbeidh ranníoc ina leith á dhéanamh ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar eile, má bhíonn agus faid a bheas sé, de bhun an ailt seo, gan íoc, ní híocfar an ranníoc ach oiread.

[EN]

(3) Maidir le liúntas is iníoctha ag údarás óspidéil mheabhairghalar agus a mbeidh ranníoc ina leith á dhéanamh ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar eile, má bhíonn agus faid a bheas sé, de bhun an ailt seo, arna laghdú, laghdofar an ranníoc an chionúireacht chéanna a bheas an liúntas arna laghdú.

[EN]

Liúntais áirithe a laghdú.

84.—(1) I gcás duine lena mbeidh liúntas á íoc toisc é do scor, roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so nó dá éis, de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta (dá ngairmtear an tsean-oifig san alt so) lenar ghabh luach saothar a híocadh as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó chun ar cheap údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar é, má dhéanann údarás óspidéil mheabhair-ghalar an duine sin a cheapadh chun aon oifige nó fostaíochta (dá ngairmtear an oifig nua san alt so), beidh éifeacht, faid a bheas sé i seilbh na hoifige nua, ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) i gcás tuarastal nó páigh na hoifige nua do bheith comhionann le tuarastal nó páigh na sean-oifige nó níos mó ná é—ní híocfar an liúntas leis an duine sin;

[EN]

(b) in aon chás eile—ní híocfar leis an duine sin ach an oiread den liúntas agus a dhéanfas, i dteannta tuarastail nó páighe na hoifige nua, suim is comhmhéid le tuarastal nó páigh na sean-oifige.

[EN]

(2) Maidir le liúntas is iníoctha ag duine ar bith agus a mbeidh ranníoc ina leith á dhéanamh ag duine eile, má bhíonn agus faid a bheas sé, de bhun an ailt seo, gan íoc, ní híocfar an ranníoc ach oiread.

[EN]

(3) Maidir le liúntas is iníoctha ag duine ar bith agus a mbeidh ranníoc ina leith á dhéanamh ag duine eile, má bhíonn agus faid a bheas sé, de bhun an ailt seo, arna laghdú, laghdófar an ranníoc an chionúireacht chéanna a bheas an liúntas arna laghdú.

[EN]

Ranníoca.

85.—(1) Faoi réir forál na Coda so den Acht so, déanfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar gach bliain faoi leith a trí faoin gcéad dá thuarastal nó dá pháigh don bhliain sin a ranníoc chun críocha na Coda so den Acht so agus bainfear méid an ranníoca san ó am go ham as a thuarastal nó a pháigh.

[EN]

(2) I gcás ná déanfar asbhaint is cuibhe a dhéanamh faoin alt so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar as tuarastal nó páigh oifigigh nó seirbhísigh, féadfaidh an t-údarás an tsuim a bheas i gceist d'aisghabháil trína coimeád as aon tsuim a bheas dlite dhíobh don oifigeach nó don tseirbhíseach nó trí aon liúntas nó cnapshuim is iníoctha acu faoin gCuid seo den Acht so leis an oifigeach nó an seirbhíseach nó ina leith a choimeád siar.

[EN]

(3) Gach ranníoc a bheas íoctha faoi Acht 1909 ag oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, déanfar, más iomchuibhe, é d'áireamh mar ranníoc faoin gcuid seo den Acht so.

[EN]

Ranníoca d'aisíoc.

86.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go gcaillfidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a oifig nó a fhostaíocht ar aon chúis seachas mí-iompar nó éirí-as toildheonach, agus

[EN]

(b) go mbeidh tréimhse is lú ná deich mbliana caite aige i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar,

[EN]

déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a bhí sé díreach sar ar chaill sé a oifig nó a fhostaíocht, ach amháin i gcás ina ndeonfaidh an t-údarás san deontas dó faoi alt 71 den Acht so, comhshuim a ranníoc faoin gCuid seo den Acht so d'íoc leis (faoi réir an phrovíso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922).

[EN]

(2) Má éiríonn oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar as a seirbhís go toildheonach agus ná beidh sé air sin i dteideal liúntais faoin gCuid seo den Acht so, féadfaidh an t-údarás, as a gcomhairle féin, suim is ionann agus iomlán comhshuime nó cuid de chomhshuim a ranníoc faoin gCuid seo den Acht so d'íoc leis (faoi réir an phrovíso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922).

[EN]

(3) Má éagann oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar le linn dó bheith ina seirbhís agus go mbeidh tréimhse is giorra ná cúig bliana caite ag an oifigeach nó an seirbhíseach san i seirbhís óspidéil mheabhair-ghalar, féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar ina seirbhís a éagfas sé (pé acu a bheas nó ná beidh deontas tugtha ag an údarás san ina leith faoi alt 77 nó 78 den Acht so), as a gcomhairle féin, comhshuim ranníoc an oifigigh nó an tseirbhísigh sin faoin gCuid seo den Acht so d'íoc lena ionadaí pearsanta dlíthiúil (faoi réir an phrovíso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922).

[EN]

(4) I gcás—

[EN]

(a) ina bhfágfaidh ban-oifigeach nó ban-tseirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís an údaráis sin chun pósadh, agus

[EN]

(b) ina mbeidh tréimhse is giorra na cúig bliana caite aici i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, agus

[EN]

(c) ina ndéanfa sí, laistigh de thrí mhí (nó pé tréimhse is sia ná san, ach nach sia ná sé mhí, a cheadóidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe) tar éis í d'fhágaint a seirbhíse amhlaidh, deimhniú pósta á chruthú gur pósadh í laistigh den tréimhse sin a thaspáint don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh sí tar éis a seirbhís d'fhágaint,

[EN]

déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh sí tar éis a seirbhís d'fhágaint comhshuim a ranníoc faoin gCuid seo den Acht so d'íoc léi, faoi réir an phrovíso a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922.

[EN]

(5) Má déantar oifigeach nó seirbhíseach a gheobhaidh íocaíocht faoin alt so a cheapadh ina dhiaidh sin chun seirbhíse údaráis mheabhair-ghalar, ní déanfar aon tseirbhís a bheas tugtha ag an oifigeach nó an seirbhíseach san faoi aon údarás óspidéil mheabhairghalar roimh é cheapadh amhlaidh a chur i gcomhshuim ná a áireamh chun críocha na Coda so den Acht so mura ndéantar, ar é a cheapadh amhlaidh, an íocaíocht san a thabhairt thar n-ais don údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'íoc í.

[EN]

(6) Má tugtar íocaíocht thar n-ais d'údarás óspidéil mheabhairghalar faoi fho-alt (5) den alt so agus go mbeidh ranníoc déanta faoin gCuid seo den Acht so i leith na híocaíochta san ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar eile, bhéarfaidh an chéad údarás a luaitear méid an ranníoca thar n-ais don údarás eile sin.

[EN]

Pinsin, etc., a shannadh.

87.—(1) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le haon íocaíocht (dá ngairmtear an deontas san alt so) is iníoctha faoin gCuid seo den Acht so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar le duine ar bith (dá ngairmtear an fáltaí san alt so), sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh gach sannadh agus muirearú ar an deontas agus gach comhaontú chun an deontas a shannadh nó a mhuirearú gan bhrí, ach amháin sa mhéid gur chun tairbhe do theaghlach an fháltaí a déanfar é, agus i gcás féimhíochta an fháltaí ní híocfar an deontas le haon iontaobhaí ná duine eile a bheas ag gníomhú thar ceann an chreidiúnaí,

[EN]

(b) má tugtar aon chúnamh poiblí de bhun an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), don fháltaí nó do dhuine ar bith a dhlífidh sé faoin Acht san a chothabháil, féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhairghalar iomlán an deontais nó aon chuid de d'íoc leis an údarás cúnaimh phoiblí a bhéarfaidh an cúnamh, agus féadfar an méid den deontas a híocfar amhlaidh a chur chun aisíoctha aon tsuimeanna a bheas caite ar an gcúnamh san agus, faoina réir sin, déanfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí é d'íoc leis an bhfáltaí nó a chur chun tairbhe dhó,

[EN]

(c) má mhainníonn an fáltaí duine ar bith a chothabháil a dhlífidh sé a chothabháil, féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, as a gcomhairle féin, iomlán an deontais nó aon chuid de d'íoc leis an duine sin nó a chur chun tairbhe dhó,

[EN]

(d) má chítear don údarás óspidéil mheabhair-ghalar gur duine mí-mheabhrach an fáltaí nó go bhfuil sé ar shlí eile éagumasach ar ghníomhú, féadfaid pé méid den deontas a mheasfaid is ceart d'íoc leis an bhforas nó an duine ar a mbeidh cúram an fháltaí, agus féadfaid an t-iarmhéid (más ann) nó pé cuid de is oiriúnach leo d'íoc chun nó mar chabhair chun cothabhála agus tairbhe mná céile nó fir chéile nó gaolta cleithiúnacha an fháltaí,

[EN]

(e) má bhíonn an fáltaí nó an t-oifigeach nó an seirbhíseach ar ina leith a bheas an deontas iníoctha tar éis bás d'fháil agus go mbeidh suim nach mó ná céad punt dlite ar scór an deontais, féadfar, más oiriúnach leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar é, déanamh d'éagmais probháide nó cruthúnais eile ar theideal ionadaithe pearsanta an duine mhairbh agus féadfar an tsuim d'íoc leis na daoine nó d'iomdháil ar na daoine a chífear don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheith i dteideal tairbheach eastáit phearsanta an duine mhairbh nó í d'íoc le haon duine nó daoine áirithe dhíobh san nó d'iomdháil orthu nó, i gcás gur duine mí-dhlisteanach an duine marbh, í d'íoc le pé daoine nó d'iomdháil ar pé daoine is oiriúnach leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar, agus beidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus aon oifigeach dóibh a dhéanfas an íocaíocht saor ó gach dliteanas maidir le haon íocaíocht nó iomdháil den tsórt san,

[EN]

(f) aon tsuim is iníoctha le mion-aoiseach ar scór an deontais féadfar í d'íoc leis an mion-aoiseach nó le pé duine is oiriúnach leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar ar pé coinníollacha is oiriúnach leo chun tairbhe don mhionaoiseach,

[EN]

(g) má dhéanann an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar íocaíocht le duine ar bith de bhun an ailt seo, beidh admháil an duine sin ina cúiteántas maith ar an suim a híocfar.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, rialacha a dhéanamh á cheangal dearbhaithe a dhéanamh chun aon chríche a bhainfeas le híocaíochta a déanfar de bhun an ailt seo agus ní bheidh duine lenarb indéanta aon íocaíocht den tsórt san i dteideal an íocaíocht san d'fháil má fhaillíonn sé aon dearbhú a dhéanamh a ceanglófar air a dhéanamh leis na rialacha san.

[EN]

(3) Duine ar bith a dhéanfas go toilteannach mí-ráiteas i dtaobh éinní thábhachtaigh in aon dearbhú a dhéanfa sé faoi riail ar bith a déanfar faoin alt so, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí.

[EN]

Oifigeach nó seirbhíseach do theacht chun bheith ina Stát-Sheirbhíseach.

88.—(1) I gcás—

[EN]

(a) duine—

[EN]

(i) ná raibh cúig bliana caogad slán aige a cheapadh roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht so chun poist bhunaithe i stát-sheirbhís an Stáit, nó

[EN]

(ii) ná beidh cúig bliana caogad slán aige a cheapadh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so chun poist bhunaithe i stát-sheirbhís an Stáit, agus

[EN]

(b) an duine sin a bheith, roimh é cheapadh amhlaidh, ag íoc ranníoc faoi Acht 1909 nó faoin gCuid seo den Acht so i leith oifige nó fostaíochta a mbaineann a dualgais leis na nithe céanna lena mbaineann dualgais an poist bhunaithe sin, agus

[EN]

(c) gan na ranníoca san a bheith íoctha thar n-ais leis an duine sin nó, má híocadh thar n-ais leis iad, iad a bheith aisíoctha aige faoi Acht 1909 nó faoin gCuid seo den Acht so,

[EN]

is tuigthe, chun críocha na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1942, gur seirbhís i bpost bunaithe i stát-sheirbhís an Stáit, na seirbhísí de chuid an duine sin ar híocadh na ranníoca san ina leith.

[EN]

(2) Murab ionann na sochair aoisliúntais nó na coinníollacha a cháilíos duine le haghaidh aoisliúntais i gcás stát-sheirbhísigh agus i gcás duine a íocas ranníoca faoi Acht 1909 nó faoin gCuid seo den Acht so, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh cad iad na modhnaithe (más ann), ar comhréir leis an difríocht idir na sochair nó na coinníollacha san faoi seach, a déanfar ar an tsuim a deonfar, in aon chás áirithe, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt so faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1942.

[EN]

(3) Má déantar aon íocaíocht le duine ar bith do réir an ailt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh cad é an chuid nó cad iad na coda den íocaíocht a híocfar as aon chiste nó cistí lena ndearna an duine sin ranníoca faoin gCuid seo den Acht so nó faoi Acht 1909, agus air sin íocfaidh an t-údarás nó na húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar iomchuibhe leis an Aire sin as an gciste nó na cistí sin an tsuim nó na suimeanna faoi seach a chinnfe sé mar adúradh.

[EN]

Stát-Sheirbhíseach do theacht chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach.

89.—(1) I gcás—

[EN]

(a) oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhairghalar a bheith, díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ag íoc ranníoc faoi Acht 1909, agus

[EN]

(b) an t-oifigeach nó an seirbhíseach san do thosnú ar na ranníoca san d'íoc roimh chúig bliana caogad a bheith slán aige, agus

[EN]

(c) an t-oifigeach nó an seirbhíseach san a bheith, díreach roimh é do thosnú ar na ranníoca san d'íoc, i seilbh poist bhunaithe i stát-sheirbhís an Stáit ar bhain a dhualgais leis na nithe céanna lenar bhain dualgais na hoifige nó na fostaíochta a raibh sé ag íoc na ranníoc san ina leith,

[EN]

is tuigthe, chun críocha na Coda so den Acht so, gur seirbhís faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís an oifigigh nó an tseirbhísigh sin sa phost bunaithe sin, mura bhfuair sé cúiteamh as é chailliúint.

[EN]

(2) I gcás duine a bheas i seilbh poist bhunaithe i stát-sheirbhís an Stáit do theacht chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar a mbainfidh dualgais a oifige nó a fhostaíochta leis na nithe céanna lenar bhain dualgais an phoist bhunaithe sin, is tuigthe, chun críocha na Coda so den Acht so, gur seirbhís faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís an duine sin sa phost bunaithe sin, mura bhfuair sé cúiteamh as é chailliúint.

[EN]

(3) Murab ionann na sochair aoisliúntais nó na coinníollacha a cháilíos duine le haghaidh aoisliúntais i gcás stát-sheirbhísigh agus i gcás oifigigh nó seirbhísigh d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh cad iad na modhnaithe (más ann), ar comhréir leis an difríocht idir na sochair nó na coinníollacha san faoi seach, a déanfar ar aon tsuim a deonfar, in aon chás áirithe, faoin gCuid seo den Acht so do réir an ailt seo.

[EN]

(4) Má dhéanann údarás óspidéil mheabhair-ghalar aon íocaíocht le duine ar bith do réir an ailt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais pé ranníoc is réasúnach leis a dhéanamh i leith na híocaíochta as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas agus íocfa se an ranníoc leis an údarás san.

[EN]

Ranníoca i gcás reirbhíse le níos mó ná aon údarás óspidéil mheabhairghalar amháin.

90.—I gcás ina mbeidh liúntas, cnapshuim, aisce phósta, aisíoc ranníocanna, nó íocaíocht eile iníoctha faoin gCuid seo den Acht so ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar (dá ngairmtear an t-údarás íocach san alt so) le duine ar bith nó i leith duine ar bith toisc é a scor de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta fúthu agus ina ndearnadh, nuair a bhí méid an liúntais, na cnapshuime, na haisce, an aisíoca, nó na híocaíochta eile á chinneadh, aon tseirbhís d'áireamh do thug an duine sin faoi údarás óspidéil mheabhairghalar eile nó faoi údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar (dá ngairmtear an t-údarás ranníocach san alt so), aisíocfaidh an t-údarás ranníocach leis an údarás íocach cuid den liúntas, den chnapshuim, den aisce, den aisíoc nó den íocaíocht eile a háiríodh do réir seirbhíse agus páighe nó do réir ranníocanna an duine sin faoin gcomhlucht ranníocach agus do réir na dtosca inar scoir sé de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta faoin údarás íocach, agus cinnfear an chuid sin trí chomhaontú idir an t-údarás íocach agus an t-údarás ranníocach nó, cheal comhaontaithe, cinnfidh an tAire í.

[EN]

Seirbhís le húdarás óspidéil mheabhairghalar d'áireamh ar údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhairghalar do dheonadh aoisliúntais.

91.—(1) An tseirbhís uile, pé acu seirbhís leanúnach í nó nach ea, a bhéarfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar déanfar, i gcás é do theacht chun bheith ina oifigeach nó sheirbhíseach d'údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar, í a chur i gcomhshuim agus d'áireamh chun aon aoisliúntas a dheonadh agus a ríomh is iníoctha leis ag an údarás áitiúil sin.

[EN]

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt so—

[EN]

(a) aon uair agus a mhinice a fhágfas oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar seirbhís an údaráis sin agus gur giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse dá sheirbhís leanúnach leo a chríochnós ar an dáta ar a bhfágfa sé a seirbhís, ní bheidh a sheirbhís ar feadh na tréimhse sin ionchurtha i gcomhshuim ná ionáirithe do réir fo-ailt (1) den alt so;

[EN]

(b) ní déanfar seirbhís a ndearnadh íocaíocht ina leith faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) nó fo-alt (4) d'alt 86 den Acht so a chur i gcomhshuim ná d'áireamh do réir fo-ailt (1) den alt so mura dtugtar an íocaíocht san thar n-ais don údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'íoc í.

[EN]

(3) Má tugtar íocaíocht thar n-ais d'údarás óspidéil mheabhairghalar faoi fho-alt (2) den alt so agus go mbeidh ranníoc déanta faoin gCuid seo den Acht so i leith na híocaíochta san ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar eile, bhéarfaidh an chéad údarás a luaitear méid an ranníoca thar n-ais don údarás eile sin.

[EN]

(4) I gcás ina mbeidh aoisliúntas iníoctha ag údarás áitiúil seachas údarás óspidéil mheabhair-ghalar (dá ngairmtear an t-údarás íocach sa bhfo-alt so) le duine toisc é a scor de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta fúthu agus ina ndearnadh, nuair a bhí méid an liúntais á chinneadh, aon tseirbhís a thug an duine sin faoi údarás óspidéil mheabhair-ghalar (dá ngairmtear an t-údarás ranníocach sa bhfo-alt so) d'áireamh do réir fo-ailt (1) den alt so, aisíocfaidh an t-údarás ranníocach leis an údarás íocach cuid den liúntas a háiríodh do réir seirbhíse agus páighe nó do réir ranníocanna an duine sin faoin údarás ranníocach agus do réir na dtosca inar scoir sé de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta faoin údarás íocach, agus cinnfear an chuid sin trí chomhaontú idir an t-údarás íocach agus an t-údarás ranníocach nó, cheal comhaontaithe, cinnfidh an tAire í.

[EN]

Achomharc chun an Aire.

92.—(1) I gcás—

[EN]

(a) ina n-éireoidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar as a oifig nó a fhostaíocht nó ina scoirfidh ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta faoin údarás, agus

[EN]

(b) inar cúis mhí-shásaimh leis an oifigeach nó an seirbhíseach méid an deontais a dheonfaidh an t-údarás dó de bhun na Coda so den Acht so nó an t-údarás dá mhainneachtain nó dá dhiúltú deontas a dheonadh dhó de bhun na Coda so den Acht so,

[EN]

féadfaidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach, laistigh de shé mhí (nó pé tréimhse is sia ná san, ach nach sia ná dhá mhí dhéag, a cheadóidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe) tar éis é d'éirí as a oifig nó a fhostaíocht nó do scor ar shlí eile de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta, fíorais an cháis a chur in iúl don Aire agus féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil cúis mhaith mhí-shásaimh ag an oifigeach nó an seirbhíseach, aon deontas a dheonadh don ofigeach nó don tseirbhíseach a mheasfaidh bheith ceart agus ba chumas don údarás a dheonadh agus beidh éifeacht ag an deontas san faoi is dá mba é an t-údarás a dheon é agus in ionad an deontais (más ann) a dheon an t-údarás.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) ina n-éagfaidh oifigeach nó seirbhíseach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, agus

[EN]

(b) inar cúis mhí-shásaimh le hionadaí pearsanta dlíthiúil an duine mhairbh nó, má ba bhaintreach fir an duine marbh agus go mairfidh leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó faoi bhun sé bliana déag d'aois dá éis, le duine ar bith a bheas ag gníomhú thar ceann an linbh nó na leanbhaí, méid an deontais a bheas deonta de bhun na Coda so den Acht so ag an údarás i leith an duine mhairbh nó an t-údarás dá mhainneachtain nó dá dhiúltú deontas a dheonadh de bhun na Coda so den Acht so i leith an duine mhairbh,

[EN]

féadfaidh an t-ionadaí nó an duine sin, laistigh de shé mhí (nó pé tréimhse is sia ná san ach nach sia ná dhá mhí dhéag, a cheadóidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe) tar éis bháis an duine mhairbh, fíorais an cháis a chur in iúl don Aire agus féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil cúis mhaith mhíshásaimh ag an ionadaí nó an duine sin, aon deontas a dheonadh i leith an duine mhairbh a mheasfaidh bheith ceart agus ba chumas don údarás a dheonadh agus beidh éifeacht ag an deontas san fé is dá mba é an t-údarás a dheon é agus in ionad an deontais (más ann) a dheon an t-údarás.

[EN]

(3) Más rud é, i gcás ina mbeidh fo-alt (1) nó fo-alt (3) d'alt 77 den Acht so infheidhme, gur cúis mhí-shásaimh le baintreach oifigigh nó sheirbhísigh mhairbh d'údarás óspidéil mheabhairghalar an t-údarás dá mhainneachtain nó dá dhiúltú deontas a dheonadh dhi de bhun an fho-ailt sin, féadfa sí, laistigh de shé mhí (nó pé tréimhse is sia ná san, ach nach sia ná dhá mhí dhéag, a cheadóidh an tAire, más oiriúnach leis é in aon chás áirithe) tar éis bháis an duine mhairbh, fíorais an cháis a chur in iúl don Aire agus féadfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil cúis mhaith mhí-shásaimh aici, aon deontas a dheonadh dhi a mheasfaidh bheith ceart agus ba chumas don údarás a dheonadh agus beidh éifeacht ag an deontas san fé is dá mba é an t-údarás a dheon é.

[EN]

Aois-teora.

93.—(1) Féadfaidh an tAire a dhearbhú, le rialacháin, aon aois shonnraithe, a bheith ina haois-teora do na hoifigigh uile d'údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, do na hoifigigh sin d'údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a bhaineas le haicme, saghas nó grád sonnraithe nó d'oifigeach nó oifigigh sonnraithe d'údarás óspidéil mheabhairghalar.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire a dhearbhú, le rialacháin, aon aois sonnraithe a bheith ina haois-teora do na seirbhísigh uile d'údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, do na seirbhísigh sin d'údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a bhainfeas le haicme, saghas no grád sonnraithe nó do sheirbhíseach nó seirbhísigh sonnraithe d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar.

[EN]

(3) Tiocfaidh dearbhú faoin alt so i bhfeidhm sé mhí tar éis an lae a déanfar é.

[EN]

(4) Más rud é, an lá a thiocfas dearbhú faoin alt so i bhfeidhm, go sroichfidh oifigeach nó seirbhíseach lena mbainfidh an dearbhú an aois, nó go mbeidh sé thar an aois, a sonnrófar sa dearbhú bheith ina aois-teora maidir leis, scoirfe sé, an lá san a thiocfas an dearbhú i bhfeidhm, de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta.

[EN]

(5) Más rud é, aon lá i ndiaidh an lae a thiocfas dearbhú faoin alt so i bhfeidhm, go sroichfidh oifigeach nó seirbhíseach an aois a sonnrófar sa dearbhú bheith ina haois-teora maidir leis, scoirfe sé, an lá san i ndiaidh an lae a thiocfas an dearbhú i bhfeidhm, de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta.

CUID IX.

Forala Ilghneitheacha a Bhaineas le hUdarais Ospideil Mheabhair-Ghalar.

[EN]

Príomhdhochtúir comhnaitheach.

94.—(1) Beidh príomh-dhochtúir comhnaitheach ann d'óspidéal mheabhair-ghalar ceantair agus bhéarfar mar ainm ar an oifigeach san agus gairmtear de san Acht so príomh-dhochtúir comhnaitheach.

[EN]

(2) Más rud é go mbeidh aon fhoras eile, i dteannta a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, déanfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair pé urlámhas d'fheidhmiú ar an bhforas eile a chinnfidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire.

[EN]

(3) Is ann a chomhnós príomh-dhochtúir comhnaitheach sa chóiríocht chomhnaithe a bheas curtha ar fáil dó ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap é.

[EN]

Coistí d'údaráis óspidéil mheabhairghalar.

95.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar ó am go ham pé coistí agus pé méid díobh is oiriúnach leo a cheapadh chun críocha a bhainfeas le feidhmiú nó comhlíonadh aon choda dá gcumhachta, dá ndualgais agus dá bhfeadhma faoin Acht so is dóigh leo is fearr nó is caothúla a rialófaí nó a bainisteofaí ag coiste nó trí choiste.

[EN]

(2) Beidh gníomhartha coiste a ceapfar faoin alt so faoi réir a ndaingnithe ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste, ach féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le ceadú an Aire, cumhacht a thabhairt don choiste aon ghníomh a dhéanamh (lena n-áirítear imeachta dlí a bhunú) faoi chuimsiú an údaráis a thug an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar don choiste is gníomh a d'fhéadfadh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar féin a dhéanamh go dleathach.

[EN]

(3) Maidir le coiste a ceapfar faoin alt so, is mar socrófar le rialacháin a dhéanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheapfas an coiste a bheas córam, nós imeachta, agus ionad cruinnithe an choiste.

[EN]

(4) Is feadhma forcoimeáta chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, ceapadh coiste faoi fho-alt (1) den alt so agus déanamh rialachán faoi fho-alt (3) den alt so.

[EN]

(5) Beidh feidhm ag forála fo-ailt (2) d'alt 18 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940), maidir leis an gcumhacht chun tairmligean a dhéanamh a bheirtear d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar le fo-alt (1) den alt so.

[EN]

Coiste fiosraithe óspidéil mheabhairghalar cheantair.

96.—(1) Ceapfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar coiste ó am go ham chun a n-óspidéil meabhair-ghalar ceantair agus na forais agus an chóiríocht eile a bheas á gcothabháil acu d'fhiosrú.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le comhaltaí coiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair:—

[EN]

(a) ní raghaidh líon na gcomhaltaí thar trian de líon comhaltaí an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste;

[EN]

(b) ní cead níos mó ná leath na gcomhaltaí do bheith ina ndaoine nach comhaltaí den údarás san;

[EN]

(c) is é an t-údarás san a chinnfeas sealbhaíocht oifige na gcomhaltaí;

[EN]

(d) is é an t-údarás san a líonfas gach corr-fholúntas i gcomhaltas an choiste.

[EN]

(3) Faoi réir forál eile an ailt seo, beidh de dhualgas ar choiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair na nithe seo leanas a dhéanamh:—

[EN]

(a) fiosrú a dhéanamh ó am go ham ar an óspidéal agus na forais agus an chóiríocht eile a bheas á gcothabháil ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap iad agus aon ghearáin d'éisteacht ann a dhéanfaidh othar ar bith leo agus an gearán d'éisteacht go príobháideach má iarrann sé san;

[EN]

(b) aon mhí-chleachta a thabharfaid faoi ndeara i gcúrsa a bhfiosraithe a thuairisciú don údarás san;

[EN]

(c) tuairisc a thabhairt don údarás san ar aon deisiúchán a thabharfaid faoi ndeara i gcúrsa a bhfiosraithe a bheith ag teastáil go géar;

[EN]

(d) tuairisc a thabhairt don údarás san ar éinní a measfaidh an coiste é bheith fóirstineach tuairisc a thabhairt air amhlaidh nó ar iarr an t-údarás san ar an gcoiste tuairisc a thabhairt air amhlaidh.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh coiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair aon scrúdu ná aon ghearán a ghlacadh ná aon tuairisc a thabhairt maidir le seirbhísí, luach saothair, príbhléidí ná aoisliúntais oifigeach agus seirbhíseach, ná aon duine d'oifigigh nó de sheirbhísigh, an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste.

[EN]

(5) Déanfar ceapadh an chathaoirligh ar choiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, agus a gcruinnithe agus an córam agus an nós imeachta ag a gcruinnithe, a rialú le buan-ordaithe arna ndéanamh ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste.

[EN]

(6) Beidh coiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, ag gníomhú dhóibh le chéile nó trí aon dá chomhalta nó níos mó a ainmneoid chuige sin, i dteideal fiosrú a dhéanamh tráth ar bith ar an óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus na forais agus an chóiríocht eile a bheas á gcothabháil ag an údarás óspidéal mheabhair-ghalar a cheap an coiste agus gabháil gan cosc go dtí gach páirt díobh, faoi réir iad do chomhlíonadh na rialacha a déanfar faoin alt so.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire rialacha do dhéanamh ina leagfaidh amach cumhachta agus dualgais choistí fiosraithe óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus chomhaltaí fiosraithe de na coistí sin agus an modh ar a bhfeidhmeoidh agus ar a gcomhlíonfaidh na coistí sin agus na comhaltaí fiosraithe sin na cumhachta agus na dualgais sin agus gach cumhacht agus dualgas eile a bronntar nó cuirtear orthu leis an alt so nó a bronnfar nó cuirfear orthu ar shlí eile.

[EN]

(8) Déanfaidh coiste fiosraithe óspidéil mheabhair-ghalar cheantair na rialacha a bheas déanta ag an Aire faoi fho-alt (7) den alt so agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire do chomhlíonadh agus do choimeád sa mhéid go mbainfidh na rialacha san leis an gcoiste sin.

[EN]

(9) Gach riail a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so faoi fho-alt (6) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'alt 34 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940), leanfa sí de bheith i bhfeidhm ar thosach feidhme na Coda so den Acht so agus féadfar í a leasú nó a chúlghairm fé is dá mbeadh sí arna déanamh go cuibhe faoin alt so.

[EN]

(10) Má bhionn údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag cothabháil fo-óspidéil mheabhair-ghalar nach cuid dá n-óspidéal meabhairghalar ceantair, ní bheidh feidhm ag na forála san roimhe seo den alt so maidir leis an bhfo-óspidéal meabhair-ghalar agus, ina ionad san, beidh feidhm maidir leis ag forála ailt 97 den Acht so.

[EN]

Coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhairghalar.

97.—(1) Má bhíonn údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag cothabháil fo-óspidéil mheabhair-ghalar nach cuid dá n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair déanfaid, ó am go ham, coiste a cheapadh chun a bhfo-óspidéal meabhair-ghalar d'fhiosrú.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le comhaltaí coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar:—

[EN]

(a) ní raghaidh líon na gcomhaltaí thar trian de líon comhaltaí an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste;

[EN]

(b) ní cead níos mó ná leath na gcomhaltaí do bheith ina ndaoine nach comhaltaí den údarás san;

[EN]

(c) is é an t-údarás san a chinnfeas sealbhaíocht oifige na gcomhaltaí;

[EN]

(d) is é an t-údarás san a líonfas gach corr-fholúntas i gcomhaltas an choiste.

[EN]

(3) Faoi réir forál eile an ailt seo, beidh de dhualgas ar choiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar na nithe seo leanas a dhéanamh:—

[EN]

(a) fiosrú a dhéanamh ó am go ham ar an óspidéal agus aon ghearáin d'éisteacht ann a dhéanfaidh aon othar leo agus an gearán d'éisteacht go príobháideach má iarrann sé san;

[EN]

(b) aon mhí-chleachta a thabharfaid faoi ndeara i gcúrsa a bhfiosraithe a thuairisciú don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap iad;

[EN]

(c) tuairisc a thabhairt don údarás san ar aon deisiúchán a thabharfaid faoi ndeara i gcúrsa a bhfiosraithe a bheith ag teastáil go géar;

[EN]

(d) tuairisc a thabhairt don údarás san ar éinní a measfaidh an coiste é bheith fóirstineach tuairisc a thabhairt air amhlaidh nó ar iarr an t-údarás san ar an gcoiste tuairisc a thabhairt air amhlaidh.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar aon scrúdú ná aon ghearán a ghlacadh ná aon tuairisc a thabhairt maidir le seirbhísí, luach saothair, príbhléidí nó aoisliúntas oifigeach agus seirbhíseach, ná aon duine d'oifigigh nó de sheirbhísigh, an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste.

[EN]

(5) Déanfar ceapadh an chathaoirligh ar choiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar, agus a gcruinnithe agus an córam agus an nós imeachta ag á gcruinnithe, do rialú le buan-ordaithe arna ndéanamh ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a cheap an coiste.

[EN]

(6) Beidh coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh le chéile nó trí aon dá chomhalta nó níos mó a ainmneoid chuige sin, i dteideal an t-óspidéal d'fhiosrú tráth ar bith agus gabháil gan cosc go dtí gach páirt de, faoi réir iad do chomhlíonadh na rialacha a déanfar faoin alt so.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina leagfaidh amach cumhachta agus dualgais choistí fiosraithe fo-óspidéal meabhair-ghalar agus chomhaltaí fiosraithe de na coistí sin agus an modh ar a bhfeidhmeoidh agus ar a gcomhlíonfaidh na coistí sin agus na comhaltaí fiosraithe sin na cumhachta agus na dualgais sin agus gach cumhacht agus dualgas eile a bronntar nó a cuirtear orthu leis an alt so nó a bronnfar nó a cuirfear orthu ar shlí eile.

[EN]

(8) Déanfaidh coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar na rialacha bheas déanta ag an Aire faoi fho-alt (7) den alt so agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire a chomhlíonadh agus a choimeád sa mhéid go mbainfidh na rialacha san leis an gcoiste sin.

[EN]

Comhriaradh ceantar óspidéil mheabhairghalar.

98.—(1) Má chítear don Aire, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar dhá cheantar óspidéil mheabhair-ghalar nó níos mó, go raghaidh sé chun costas a laghdú nó go mba thairbhe phoiblí nó áitiúil ar shlí eile na ceantair sin a chomhbhainistí agus a chomhriaradh chun aon chríche áirithe de chríocha an Achta so nó chun aon chríche áirithe a bhaineas le riaradh an Achta so, féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, go ndéanfar, chun na críche a sonnrófar san ordú, riaradh an Achta so sna ceantair sin a chomhbhainistí agus a chomhsheoladh ag údaráis óspidéil mheabhair-ghalar na gceantar san faoi seach trí údarás agus ag údarás a bunófar faoi réim agus do réir an ordaithe.

[EN]

(2) Aon ordú a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (1) den alt so—

[EN]

(a) déanfa sé socrú i dtaobh an comhúdarás iomchuibhe a bhunú agus i dtaobh comhdhéanamh, comhaltas, nós imeachta, airgeadas, agus oifigigh an chomhúdaráis sin,

[EN]

(b) míneo sé feadhma an chomhúdaráis agus, más cuibhe, leagfaidh amach feadhma an chomhúdaráis agus feadhma údarás óspidéil mheabhair-ghalar na gceantar óspidéil mheabhair-ghalar a chomhdhéanfas líomatáiste feidhmiúcháin an chomhúdaráis,

[EN]

(c) déanfa sé pé socrú a mheasfaidh an tAire is ceart chun coda iomchuibhe de shócmhainní agus maoin na n-údarás óspidéil mheabhair-ghalar san a dháiliú don chomhúdarás agus chun na húdaráis óspidéil mheabhairghalar san do ghlanadh fiachas an chomhúdaráis agus go generálta chun maoin agus fiachais, láithreach agus todhachaí, a choigeartú idir na húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar san faoi seach agus an comhúdarás,

[EN]

(d) déanfa sé socrú chun an mhaoin uile a gheobhaidh an comhúdarás a dhílsiú sna húdaráis óspidéil mheabhairghalar san i pé cionúireachta agus i pé slí a mheasfaidh an tAire is ceart agus a shonnróidh san ordú,

[EN]

(e) déanfa sé go generálta pé socraithe a chífear don Aire is gá nó is ceart chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an comhúdarás go cuibhe na críocha chun a mbeifear á bhunú.

[EN]

(3) Na húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar faoi seach do na ceantair óspidéil mheabhair-ghalar uile agus faoi seach a chomhdhéanfas líomatáiste feidhmiúcháin comhúdaráis, scoirfid d'fheidhmiú nó comhlíonadh a dhéanamh ar pé méid dá gcumhachta agus dá ndualgais faoi seach a háireofar ar fheadhma an chomhúdaráis leis an ordú lena mbunófar an comhúdarás agus feidhmeoidh agus comhlíonfaidh an comhúdarás na cumhachta agus na dualgais sin.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith as a chomhairle féin aon ordú a bheas déanta aige roimhe sin faoin alt so a chúlghairm nó a leasú agus, go sonnrach, féadfaidh tráth ar bith, le hordú, comhúdarás a bunaíodh faoin alt so a scor agus gach socrú a dhéanamh a chífear dó is gá nó is ceart chun feadhma an chomhúdaráis a thabhairt thar n-ais do na húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar uile agus faoi seach ag a raibh na feadhma san ar dtúis nó chun aon chríche eile a leanfas as an gcomhúdarás a scor.

[EN]

Miontuairiscí ar na himeachta ag cruinniú de chomhbhord a ghlacadh mar fhianaise, etc.

99.—(1) Na miontuairiscí uile ar na himeachta ag cruinniú de chomhbhord a airbheartós bheith sínithe ag cathaoirleach an chruinnithe sin nó ag cathaoirleach an chéad chruinnithe eile ina dhiaidh sin den bhord, déanfar (gan cruthúnas ar shíniú an duine a n-airbheartóidh na miontuairiscí iad a bheith sínithe aige ná gurbh é an duine sin ba chathaoirleach iarbhfír ar an gcruinniú a n-airbheartóidh na miontuairiscí sin gur síníodh ann iad) iad a ghlacadh i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie ar na himeachta ag an gcruinniú lena mbainfidh na miontuairiscí agus mar fhianaise prima facie gur gairmeadh, gur tionóladh, agus gur seoladh an cruinniú san do réir dlí.

[EN]

(2) Aon chóip de rún a ritheadh nó d'ordú do rinneadh ag cruinniú de chomhbhord a airbheartós bheith deimhnithe ag príomhchléireach an chomhbhuird mar chóip dhílis den rún nó den ordú, glacfar léi i ngach imeacht dlí mar fhianaise prima facie gur ritheadh an rún nó go ndearnadh an t-ordú (pé acu é) agus mar fhianaise prima facie ar théarmaí an rúin nó an ordaithe gan cruthúnas ar shíniú an duine a n-airbheartóidh an chóip í bheith deimhnithe amhlaidh aige ná gurbh é an duine sin an príomhchléireach san iarbhfír.

[EN]

Comhbhord a bheith ina n-údarás áitiúil chun críocha Acht áirithe.

100.—Beidh comhbhord ina n-údarás áitiúil do réir bhrí agus chun críocha na nAcht a luaitear sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

[EN]

Socrú i dtaobh othair a chothabháil i bhforas ná beidh á chothabháil ag an údarás óspidéil mheabhairghalar iomchuibhe.

101.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, socrú a dhéanamh agus a chur i ngníomh chun aon aicme dá n-othair ionmhuirir a chothabháil i bhforas speisialta.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire toiliú a bheas tugtha aige faoi fho-alt (1) den alt so a tharraing siar agus air sin beidh deireadh leis an socrú lena mbainfidh an toiliú agus déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar dar tugadh an toiliú aon othar, a bheas á chothabháil de bhun an tsocraithe i bhforas speisialta, d'aistriú ón bhforas san.

[EN]

(3) San alt so, ciallaíonn an abairt “foras speisialta” aon teaghlach, óspidéal, nó foras eile ná beidh á chothabháil ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a dhéanfas an socrú iomchuibhe i dtaobh cothabhála agus a bheas oiriúnach chun cóireála na ndaoine dá ndéanfar an socrú san.

[EN]

Socrú i dtaobh cóireála i bhforais cheadaithe.

102.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar socrú a dhéanamh agus a chur i ngníomh chun aon chuid dá n-othair ionmhuirir a ghlacadh agus a chóireáil mar othair shealadacha nó mar othar thoildheonacha i bhforas ceadaithe.

[EN]

Socrú chun othair údaráis óspidéil mheabhairghalar áirithe a ghlacadh i bhforas a bheas á chothabháil ag údarás eile.

103.—(1) Féadfaidh aon dá údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, socrú a dhéanamh agus a chur i ngníomh chun othair a bheas á gcothabháil ag údarás amháin acu a ghlacadh san óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil ag an údarás eile.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire toiliú a bheas tugtha aige faoi fho-alt (1) den alt so a tharraing siar agus air sin beidh deireadh leis an socrú lena mbainfidh an toiliú agus aon othar a glacadh faoin tsocrú déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chuir chun a ghlactha é faoin tsocrú é d'aistriú.

[EN]

Seirbhísí creidimh agus séiplínigh i bhforais a bheas á gcothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar.

104.—(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, socrú chun seirbhísí creidimh a chomóradh go cuibhe agus chun cabhair i gcúrsaí creidimh a chur ar fáil in óspidéil mheabhair-ghalar cheantair agus i bhforais eile a bheas á gcothabháil ag údaráis óspidéil mheabhairghalar.

[EN]

(2) Ceapfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar maidir le gach óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus gach foras eile a bheas á chothabháil acu daoine oiriúnacha chun bheith i seilbh oifige mar shéiplínigh don chéanna.

[EN]

(3) Ní oifig lena mbaineann Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926), oifig sheiplínigh a ndéanfar ceapacháin chuici faoin alt so.

[EN]

Rialacháin maidir le connartha a dhéanfaidh údaráis óspidéil mheabhairghalar.

105.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, rialacháin a dhéanamh maidir le húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar do cheangal agus do dhéanamh connartha agus féadfaidh aon rialacháin den tsórt san baint le connartha go generálta nó le connartha d'aicme áirithe.

[EN]

(2) I gcás rialacháin arna ndéanamh faoin alt so do bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, is do réir na rialachán san a ceanglófar agus a déanfar gach connradh lena mbainfidh na rialacháin sin agus a dhéanfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus, mura dá réir a ceanglófar nó a déanfar aon chonnradh den tsórt san, beidh sé, má ordaíonn an tAire amhlaidh, gan bhrí ar bith agus, mura dtuga agus go dtí go dtuga an tAire an t-ordachán san, beidh sé ionchurtha ó bhrí más rogha le haon pháirtí ann é.

[EN]

(3) I gcás connradh a dhéanfaidh nó a cheanglóidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chur ó bhrí faoin alt so, pé acu ag an Aire nó ag páirtí ann é, déanfar gach íocaíocht a dhéanfaidh an t-údarás nó aon oifigeach dóibh, agus a airbheartós bheith arna déanamh de bhun an chonnartha tar éis a churtha ó bhrí, a neamhlomháil i gcuntais an údaráis nó an oifigigh (pé acu é) mar íocaíocht a bheas contrártha don dlí.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh éinní dá bhfuil san alt so, nó in aon rialachán a déanfar faoi, dochar ná difir d'fheidhm Achta na nUdarás Áitiúla (Comh-Cheannach), 1925 (Uimh. 20 de 1925), nó Achta na nUdarás Áitiúla (Comh-Cheannach), 1939 (Uimh. 14 de 1939), maidir le húdaráis óspidéil mheabhair-ghalar ná d'oibriú ceachtair de na hAchta san maidir leis na húdaráis sin.

[EN]

Ranníoca le comhlachain agus cumainn chun meabhair ghalair a chosc agus a chóireáil.

106.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú an Aire, ranníoc bliantúil d'íoc le cistí aon chomhlachais nó chumainn chun meabhair-ghalair a chosc nó a chóireáil.

[EN]

Adhlacadh.

107.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó, i gcás práinne, féadfaidh a bpríomh-dhochtúir comhnaitheach socrú a dhéanamh chun corp duine a éagfas le linn dó bheith á chothabháil mar othar ionmhuirir i gceantar óspidéil mheabhair-ghalar an údaráis sin d'adhlacadh in áit ar bith laistigh de cheantar óspidéil mheabhair-ghalar an údaráis sin.

[EN]

(2) I gcás ina n-éagfaidh duine a bheas á chothabháil mar othar ionmhuirir lasmuigh de cheantar éspidéil mheabhair-ghalar an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a bheas freagarthach ina chothabháil amhlaidh, féadfaidh an t-údarás san socrú a dhéanamh chun corp an duine sin d'adhlacadh i reilig a bheas comhgarach don áit inar éag sé nó féadfaid socrú a dhéanamh chun an corp a thabhairt isteach ina gceantar óspidéil mheabhair-ghalar agus a adhlacadh ann.

[EN]

(3) I gcás údarás óspidéil mheabhair-ghalar do dhul faoi chaiteachas faoin alt so i leith coirp dhuine mhairbh, féadfaid aisíoc an chaiteachais d'fháil as maoin an duine mhairbh nó ó dhuine ar bith a dhligh é chothabháil díreach roimh é d'fháil bháis fé is dá mb'é a bhí sa chaiteachas costas cúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar a tugadh don duine marbh sar a bhfuair sé bás.

[EN]

Othar d'iomaistriú chun an óspidéil mheabhairghalar cheantair iomchuibhe, etc.

108.—(1) Mura mbíonn duine a glacfar mar othar ionmhuirir in óspidéil mheabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar ina ghnáth-chomhnaí i gceantar óspidéil mheabhair-ghalar an údaráis sin, bhéarfaidh an t-údarás san fógra i dtaobh a ghlactha don údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina mbíonn an duine ina ghnáth-chomhnaí.

[EN]

(2) Má thugann údarás óspidéil mheabhair-ghalar fógra faoi fho-alt (1) den alt so maidir le duine ar bith d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar eile—

[EN]

(a) féadfaidh an t-údarás eile sin socrú a dhéanamh chun an duine sin d'iomaistriú chun a n-óspidéil mheabhairghalar cheantair,

[EN]

(b) dlífidh an t-údarás eile sin an costas iomlán, arna chinneadh ar an modh ordaithe, a bhainfeas leis an aireachasú, an chothabháil, agus an chóireáil a rinneadh ar an duine sin ón am a tugadh an fógra go dtí go n-iomaistrítear an duine sin faoi shocrú arna dhéanamh faoi mhír (a) den fho-alt so d'íoc leis an údarás a céad-luaitear.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo is é an tAire a chinnfeas aon díospóid i dtaobh an cheantair óspidéil mheabhair-ghalar ina mbíonn ghnáth-chomhnaí ar dhuine agus ní bheidh dul thar a chinneadh san.

[EN]

Daoine a ligean isteach mar othair phríobháideacha i bhforas meabhairghalar a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar.

109.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, má mheasaid gur ceart é, rialacháin a dhéanamh maidir le haon fhoras áirithe a bheas á chothabháil acu trína n-údaróid agus a rialóid, faoi réir forál an Achta so agus gach achtacháin eile, ceachtar ní nó an dá ní acu so leanas:—

[EN]

(a) daoine a ligean isteach mar othair phríobháideacha sa bhforas agus an chóiríocht a bhéarfar dóibh ann,

[EN]

(b) comhairle nó cóireáil a thabhairt sa bhforas do dhaoine is othair phríobháideacha.

[EN]

(2) Má dhéanann údarás óspidéil mheabhair-ghalar rialacháin faoi fho-alt (1) den alt so, cuirfid na rialacháin faoi bhráid an Aire chun go gceadó sé iad agus féadfaidh an tAire (má mheasann sé gur ceart san a dhéanamh) na rialacháin a cheadú fara modhnú nó gan mhodhnú agus tiocfaid i ngníomh má ceadaítear agus nuair a ceadófar agus fé mar céadófar iad amhlaidh.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith a cheangal ar údarás óspidéil mheabhair-ghalar rialacháin (lena n-áirítear rialacháin leasaitheacha) faoi fho-alt (1) den alt so a dhéanamh agus a chur faoina bhráid maidir le haon fhoras áirithe a bheas á chothabháil acu agus, mura ndéanaid na rialacháin sin agus mura gcuirid faoi bhráid an Aire iad laistigh de thrí mhí tar éis an tAire dá cheangal san orthu nó má dhéanaid agus má chuirid faoi bhráid an Aire de bhun an cheanglais sin rialacháin a ndiúltóidh an tAire iad a cheadú, féadfaidh an tAire féin, má mheasann sé gur ceart é, na rialacháin a luaifear sa cheanglas san a dhéanamh agus féadfaidh an lá ar a dtiocfaidh na rialacháin sin i ngníomh a cheapadh iontu.

[EN]

(4) Aon rialacháin a déanfar faoin alt so maidir le foras—

[EN]

(a) beidh iontu forála a bhainfeas leis an íocaíocht a bheas le déanamh, ag na daoine nó i leith na ndaoine a ligfear isteach mar othair phríobháideacha sa bhforas, leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil an fhorais as an gcóiríocht, an chomhairle, nó an chóireáil a gheobhaidh na daoine sin sa bhforas, agus a dhéanfas freisin méid na n-íocaíocht san a rialú,

[EN]

(b) forálfaid ná ligfear duine ar bith isteach mar othar phríobháideach sa bhforas mura mbíonn ar fáil dó sa bhforas an tráth a ligfear isteach ann é cóiríocht ná fuil ag teastáil do dhaoine atá ionghlactha sa bhforas mar othair ionmhuirir.

[EN]

(5) Ní déanfar duine ar bith a ligean isteach i bhforas a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar ná cóiríocht, comhairle, ná cóireáil a thabhairt dó ann mar othar phríobháideach mura mbíonn rialacháin arna ndéanamh faoin alt so i ngníomh maidir leis an bhforas san, agus ní déanfar duine ar bith a ligean isteach i bhforas den tsórt san ná cóiríocht, comhairle, ná cóireáil a thabhairt dó ann mar othar phríobháideach ach amháin do réir na rialachán san.

[EN]

(6) Ní dhéanfaidh dochtúir leighis cláraithe i seirbhís údaráis óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil forais aon íocaíocht d'éileamh ná do ghlacadh ó dhuine a ligfear isteach nó a comhairleofar nó a cóireálfar sa bhforas mar othar phríobháideach faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt so i leith comhairle nó cóireála a bhéarfaidh an dochtúir don duine sin sa bhforas.

[EN]

(7) Is feidhm fhorcoimeáta chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, déanamh rialachán faoin alt so.

[EN]

Rialacháin chun údaráis óspidéil mheabhairghalar agus a gcuid oifigeach threorú agus a rialú.

110.—Féadfaidh an tAire pé rialacháin a dhéanamh, maidir le gach údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó le haon údarás amháin nó níos mó den tsórt san, a chífear dó bheith fóirstineach chun na húdaráis sin agus a n-oifigigh nó a seirbhísigh a threorú agus a rialú i gcomhlíonadh a bhfeadhm faoin Acht so agus chun a áirithiú go riarfar an tAcht so go héifeachtúil, agus beidh de dhualgas ar údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó ar oifigeach nó seirbhíseach dóibh lena mbainfidh aon rialacháin den tsórt san na rialacháin sin a chomhlíonadh.

CUID X.

Forais Phriobhaideacha.

[EN]

Mínithe chun críocha Coda X.

111.—Sa Chuid seo den Acht so—

[EN]

ciallaíonn an abairt “an clár” an clár d'fhorais phríobháideacha a coimeádfar faoin gCuid seo den Acht so,

[EN]

ciallaíonn an abairt “dílseánach cláraithe”, maidir le foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, an duine a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár i leith an fhorais sin.

[EN]

Clár d'fhorais phríobháideacha.

112.—(1) Coimeádfaidh an tAire clár d'fhorais phríobháideacha.

[EN]

(2) Iontrálfar sa chlár i leith gach forais phríobháidigh a clárófar ann ainm an duine a sheolfas an foras, ráiteas i dtaobh an méid fireannach mí-mheabhrach, nó an méid baineannach mí-mheabhrach, nó an méid fireannach mí-mheabhrach agus baineannach mímheabhrach a bheas le haireachasú sa bhforas, agus pé sonnraí eile (más ann) a hordófar.

[EN]

E bheith d'oblagáid foras príobháideach a chlárú.

113.—Ní dleathach do dhuine ar bith foras príobháideach a sheoladh mura mbíonn an foras san cláraithe sa chlár agus murab é an duine sin dílseánach cláraithe an fhorais.

[EN]

Eisceachta ón oblagáid chun foras príobháideach a chlárú.

114.—Ní bheidh feidhm ag alt 113 den Acht so maidir le haon duine mí-mheabhrach d'aireachasú i bhforas nó in áitreabh is duine—

[EN]

(a) a bheas as láthair ar promhadh faoin Acht so ó fhoras meabhair-ghalar, nó

[EN]

(b) a bheas arna chur faoin Acht so ó fhoras meabhair-ghalar chun a chóireála, nó

[EN]

(c) a bheas arna chur amach ar iostas faoin Acht so.

[EN]

Iarratas chun foras príobháideach a chlárú nó chun clárú forais phríobháidigh d'athnuachain.

115.—(1) I gcás iarratas chun foras príobháideach a chlárú sa chlár, is é an duine a bheas ar intinn bheith ina dhílseánach cláraithe ar an bhforas a dhéanfas é, sa bhfoirm agus ar an modh ordaithe, agus ní foláir na sonnraí ordaithe bheith ann agus an táille ordaithe bheith ag gabháil leis.

[EN]

(2) I gcás iarratas chun clárú forais phríobháidigh sa chlár d'athnuachain, is é an dílseánach cláraithe a dhéanfas é, sa bhfoirm agus ar an modh ordaithe, agus ní foláir na sonnraí ordaithe bheith ann agus an táille ordaithe bheith ag gabháil leis.

[EN]

(3) Nuair a déanfar iarratas faoin alt so, féadfaidh an tAire a cheangal ar an iarratasóir pé pleananna agus scríbhní eile, maidir leis an bhforas príobháideach a bheas i gceist, a chur isteach a mheasfaidh an tAire is gá chun an t-iarratas a bhreithniú.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire a thabhairt go n-iniúchfar foras príobháideach a mbeidh iarratas déanta ina leith faoin alt so agus go dtabharfar tuarascáil dó ar an iniúchadh san.

[EN]

(5) Déanfar iarratas chun clárú sa chlár d'athnuachain—

[EN]

(a) i gcás an chéad iarratais ar athnuachain, sa deichiú mí tar éis an mhí a rinneadh an clárú,

[EN]

(b) in aon chás eile, sa deichiú mí tar éis an mhí a thosnaigh an athnuachain deiridh ar an gclárú ar éifeacht a bheith aici de bhun na Coda so den Acht so.

[EN]

Ré chláraitheachta forais phríobháidigh.

116.—(1) Nuair a clárófar foras príobháideach sa chlár leanfa sé, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, de bheith cláraithe amhlaidh go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó dheireadh mí a chláraithe.

[EN]

(2) Má déantar go cuibhe iarratas chun clárú forais phríobháidigh sa chlár d'athnuachain agus go ndeonfar an athnuachain sin roimh dhul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár, beidh éifeacht ag an athnuachain sin ó am an dulta in éag san agus leanfa sí, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, d'éifeacht a bheith aici go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó am an dulta in éag san.

[EN]

(3) Má déantar go cuibhe iarratas chun clárú forais phríobháidigh sa chlár d'athnuachain agus ná tabharfar breith ar an iarratas san go dtí tar éis dul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár—

[EN]

(a) is tuigthe an foras do leanúin de bheith cláraithe sa chlár go dtí go dtabharfar an bhreith,

[EN]

(b) más breith ag deonadh athnuachana an bhreith, beidh éifeacht ag an athnuachain sin amhail ó dhul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár agus leanfa sí, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, d'éifeacht a bheith aici go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó am an dulta in éag san.

[EN]

Deimhniú ar chlárú, nó ar athnuachain ar chlárú, forais phríobháidigh.

117.—Nuair a dhéanfas an tAire foras príobháideach a chlárú nó clárú forais phríobháidigh d'athnuachain sa chlár bhéarfa sé deimhniú sa bhfoirm ordaithe ar an gclárú, nó ar an athnuachain ar chlárú, don dílseánach cláraithe.

[EN]

Clárú, nó athnuachain ar chlárú, forais phríobháidigh a dhiúltú agus foras príobháideach a bhaint de v. chlár.

118.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú (ina sonnróidh fáth a dhéanta san), diúltú d'fhoras príobháideach a chlárú sa chlár, diúltú do chlárú forais phríobháidigh sa chlár d'athnuachain, nó foras príobháideach a bhaint den chlár.

[EN]

(2) Sar a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt so bhéarfa sé fógra don iarratasóir nó do dhílseánach cláraithe an fhorais phríobháidigh a bheas i gceist á rá go bhfuil sé ar intinn an t-ordú a dhéanamh agus ag luadh an fhátha atá leis agus déarfaidh sa bhfógra go dtabharfar caoi don iarratasóir nó don dílseánach san ar chúis a shuíomh don Aire nach ceart an t-ordú a dhéanamh, más rud é, roimh dháta sonnraithe nach luaithe ná ceithre lá déag tar éis an fógra a thabhairt, go gcuirfe sé in iúl don Aire i scríbhinn gur mian leis san a dhéanamh.

[EN]

(3) Má chuireann duine in iúl don Aire faoi fho-alt (2) den alt so gur mian leis cúis a shuíomh nach ceart ordú a dhéanamh, bhéarfaidh an tAire caoi dhó, roimh an ordú san a dhéanamh, ar chúis a shuíomh.

[EN]

Na fátha ar a ndiúltófar d'fhoras príobháideach a chlárú.

119.—Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fhátha eile) a diúltófar d'iarratas chun foras príobháideach a chlárú sa chlár:—

[EN]

(a) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an t-iarratasóir,

[EN]

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost san an duine a beartaítear a chur i bhfeighil an fhorais,

[EN]

(c) ná geallann an duine a bheas ina fheighilteoir ar an bhforas go gcomhnó sé sa bhforas,

[EN]

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra neamhoiriúnach ag féachaint don úsáid atá le déanamh díobh,

[EN]

(e) gur deimhin leis an Aire ná beidh an duine mí-mheabhrach nó na daoine mí-mheabhracha a bheas le haireachasú sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe a bheas arna cheadú ag an Aire,

[EN]

(f) nach do réir na Coda so den Acht so do rinneadh an t-iarratas nó nár cuireadh isteach laistigh d'am réasúnach pleananna nó scríbhní eile i dtaobh an fhorais a cheangail an tAire faoin gCuid seo den Acht so a chur isteach nó go ndiúltaítear iad a chur isteach.

[EN]

Na fátha ar a ndiúltófar do chlárú forais phríobháidigh d'athnuachain.

120.—Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fhátha eile) a diúltófar d'iarratas chun clárú forais phríobháidigh sa chlár d'athnuachain:—

[EN]

(a) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an t-iarratasóir,

[EN]

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost feighilteoir an fhorais,

[EN]

(c) gur deimhin leis an Aire ná comhnaíonn feighilteoir an fhorais sa bhforas,

[EN]

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra gan bheith oiriúnach a thuilleadh ag féachaint don úsáid a deántar díobh,

[EN]

(e) gur deimhin leis an Aire ná bíonn an duine mí-mheabhrach nó na daoine mí-mheabhracha a bhíonn faoi aireachas sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe do cheadaigh an tAire,

[EN]

(f) gur deimhin leis an Aire nach leor an t-aireachas nó an chóireáil a tugadh don duine nó do na daoine sin,

[EN]

(g) gur deimhin leis an Aire nach oiriúnach nó nach leor an biadh a tugadh don duine nó do na daoine sin,

[EN]

(h) i gcás an foras a bheith á bhainistí ag comhlucht rialúcháin, gur deimhin leis an Aire go bhfuil duine ar bith dá chomhaltaí dícháilithe chun bheith ina chomhalta,

[EN]

(i) go ndearnadh ciontú maidir leis an bhforas i gcionta ar bith faoin Acht so,

[EN]

(j) nach do réir na Coda so den Acht so do rinneadh an t-iarratas nó nár cuireadh isteach pleananna nó scríbhní eile do cheangail an tAire faoin gCuid seo den Acht so a chur isteach nó go ndiúltaítear iad a chur isteach.

[EN]

Na fátha ar a ndéanfar foras príobháideach a bhaint den chlár.

121.—Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fátha eile) a déanfar foras príobháideach a bhaint den chlár:—

[EN]

(a) nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an duine atá ag seoladh an fhorais,

[EN]

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost san feighilteoir an fhorais,

[EN]

(c) gur deimhin leis an Aire ná comhnaíonn feighilteoir an fhorais sa bhforas,

[EN]

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra gan bheith oiriúnach a thuilleadh ag féachaint don úsáid a déantar díobh,

[EN]

(e) gur deimhin leis an Aire ná bíonn an duine mí-mheabhrach nó na daoine mí-mheabhracha a bhíonn faoi aireachas sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe do cheadaigh an tAire,

[EN]

(f) gur deimhin leis an Aire nach leor an t-aireachas nó an chóireáil a tugadh don duine nó do na daoine sin,

[EN]

(g) gur deimhin leis an Aire nach oiriúnach nó nach leor an biadh a tugadh don duine nó do na daoine sin,

[EN]

(h) i gcás an foras a bheith á bhainistí ag comhlucht rialúcháin, gur deimhin leis an Aire go bhfuil duine ar bith dá chomhaltaí dícháilithe chun bheith ina chomhalta,

[EN]

(i) go ndearnadh ciontú maidir leis an bhforas i gcionta ar bith faoin Acht so.

[EN]

Cumhachta áirithe do leanúin de bheith i bhfeidhm tar éis foras príobháideach a bhaint den chlár nó clárú a bheith gan athnuachain.

122.—Más rud é go ndéanfar foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár a bhaint den chlár nó ná déanfar clárú forais phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár d'athnuachain, leanfaidh na cumhachta a bheirtear leis an Acht so don Aire agus don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar maidir leis an bhforas agus fós na forála den Acht so a bhaineas leis na hothair sa bhforas d'urscaoileadh, d'aistriú, agus d'iomaistriú de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse trí mhí dá éis sin agus is dleathach an foras a sheoladh ar feadh na tréimhse sin chun an t-urscaoileadh, an t-aistriú agus an t-iomaistriú san a dhéanamh.

[EN]

Dícháilíocht maidir le duine do bheith ina chomhalta de chomhlucht rialúcháin forais phríobháidigh.

123.—Más comhlucht rialúcháin a bheas ag bainistí forais phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár, ní bheidh aon dochtúir oifigiúil ná aon oifigeach eile ná aon tseirbhíseach don fhoras ina chomhalta den chomhlucht rialúcháin murab é únaer nó páirtúnaer an fhorais é nó mura duine é de shámhadh creidimh a mbeidh an foras á sheoladh thar a gceann nó mura dtoilí an tAire lena bheith ina chomhalta den chomhlucht rialúcháin.

[EN]

Forála a leanfas as foras príobháideach d'iomaistriú, etc.

124.—I gcás foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár do scor, de dhruim aon iomaistrithe nó báis aon duine nó aon teagmhais eile, de bheith á sheoladh ag an dílseánach cláraithe, beidh an duine (más ann) a leanfas de bheith ag seoladh an fhorais i dteideal, ar iarratas i scríbhinn (a mbeidh an táille iomchuibhe ag gabháil leis) a chur chun an Aire tráth nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis an scoir sin agus más rud é go gceadóidh an tAire an duine sin, a ainm d'iontráil sa chlár mar dhílseánach cláraithe, agus is tuigthe, ar é do dhéanamh an iarratais sin, an duine sin a bheith ina dhílseánach cláraithe amhail ón scor san go dtí go dtabharfaidh an tAire breith ar an iarratas san.

[EN]

Clárú forais phríobháidigh a bhualadh amach nó a cheartú.

125.—Déanfaidh an tAire—

[EN]

(a) clárú sa chlár a scoirfeas d'éifeacht a bheith aige do bhualadh amach,

[EN]

(b) na cláraithe sa chlár a cheartú ó am go ham mar a fhionnfas sé bheith oiriúnach.

[EN]

Breisiú nó athrú aráitreabh forais phríobháidigh.

126.—Ní déanfar aon bhreisiú ná aon athrú déanmhais ar áitreabh forais phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár mura rud é—

[EN]

(a) go dtugtar don Aire fógra i scríbhinn i dtaobh an bhreisithe nó an athraithe, maraon leis na pleananna ordaithe a bhainfeas leis an gcéanna, agus

[EN]

(b) go dtoilí an tAire leis an mbreisiú nó an t-athrú do dhéanamh.

[EN]

Pleananna áitribh fhorais phríobháidigh a choimeád ar fáil chun a n-iniúchta.

127.—Nuair a déanfar aon phlean a bhainfeas le háitreabh forais phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár a chur faoi bhráid an Aire faoin gCuid seo den Acht so chun go gclárófaí an foras nó chun aon chríche eile, coimeádfar cóip den phlean san ar fáil sa bhforas chun a hiniúchta ag duine ar bith a mbeidh údarás aige ón Aire an chóip sin d'iniúchadh.

[EN]

Srian leis an méid othar a coimeádfar 1 bhforas príobháideach.

128.—Ní raghaidh an méid fireannach nó baineannach mímheabhrach ar a ndéanfar aireachasú i bhforas príobháideach a bheas cláraithe sa chlár thar an méid a sonnrófar chuige sin sa chlár.

[EN]

Foras príobháideach ina gcoimeátar dhá othar nó níos mó d'fhiosrú.

129.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go bhfiosróidh dochtúirí leighis cláraithe forais phríobháideacha a bheas cláraithe sa chlár agus ina mbeidh beirt nó níos mó de dhaoine mí-mheabhracha faoi aireachas agus á ordú cad iad na dualgas a bheas le comhlíonadh ag na dochtúirí sin, agus féadfaidh aon rialacháin den tsórt san baint leis na forais sin uile, le pé méid de na forais sin is d'aicme áirithe, nó le ceann nó cinn áirithe de na forais sin.

[EN]

(2) Má déantar, maidir le foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, faillí i gcomhlíonadh aon rialacháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt so agus a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an dílseánach cláraithe ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

[EN]

Othar aonair i bhforas príobháideach d'fhiosrú.

130.—(1) Mura mbíonn ach aon duine mí-mheabhrach amháin faoi aireachas i bhforas príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, cá mhinice a bheas an duine sin le fiosrú ag dochtúir leighis cláraithe, agus déanfar forála an ordaithe sin a chomhlíonadh go cuibhe.

[EN]

(2) Mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar ordú maidir le haon duine áirithe faoi fho-alt (1) den alt so, cuirfear faoi ndear go bhfiosróidh dochtúir leighis cláraithe an duine sin dhá uair ar a laghad sa tseachtain.

[EN]

(3) Dochtúir leighis cláraithe a bheas ag fiosrú de bhun an ailt seo nó de bhun ordaithe arna dhéanamh faoi, déanfaidh agus síneoidh, tráth gach fiosraithe, ráiteas sa bhfoirm ordaithe i dtaobh sláinte an duine ar a ndéanfaidh an fiosrú agus coimeádfaidh dílseánach cláraithe an fhorais phríobháidigh ina ndéanfar an fiosrú an ráiteas san sa bhforas chun a iniúchta ag an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire a cheangal ar dhochtúir leighis cláraithe a bheas ag fiosrú de bhun an ailt seo nó de bhun ordaithe arna dhéanamh faoi tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire ar staid an duine ar a ndéanfaidh an fiosrú agus déanfaidh an dochtúir sin do réir cheanglais an Aire.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, go scarfar le seirbhísí aon dochtúra leighis chláraithe áirithe a bheas ag fiosrú duine mhímheabhraigh, arb é an t-aon duine amháin é a bheas faoi aireachas i bhforas príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, agus go ndéanfar, ina ionad san, seirbhísí dochtúra leighis chláraithe éigin eile d'fháil, agus comhlíonfar go cuibhe forála an ordaithe sin.

[EN]

Clár d'othair i bhforas príobháideach.

131.—Coimeádfar, i leith forais phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár, clár sa bhfoirm ordaithe ina n-iontrálfar na sonnraí ordaithe i dtaobh gach duine mí-mheabhrach a bheas faoi aireachas sa bhforas.

[EN]

Rialacháin chun seoladh, etc., forais phríobháidigh a rialú.

132.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

[EN]

(a) ag rialú seoladh foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár,

[EN]

(b) á ordú cad iad na foirne liachta a bheas le fostú maidir leis na forais sin,

[EN]

(c) á ordú cad iad na breacacháin a bheas le coimeád maidir leis na forais sin.

[EN]

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt so baint le gach foras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, nó le pé méid de na forais sin is d'aicme áirithe, nó le ceann nó cinn áirithe de na forais sin.

[EN]

(3) Má déantar, maidir le haon fhoras príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, sárú trí ghníomh nó faillí ar aon rialachán a bheas déanta faoin alt so agus a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an dílseánach cláraithe ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint a chur air agus, más cionta leanúnach an cionta, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

CUID XI.

Forais Deirciula Priobhaideacha.

[EN]

Mínithe chun críocha Coda XI.

133.—Sa Chuid seo den Acht so—

[EN]

ciallaíonn an abairt “an clár” an clár d'fhorais déirciúla príobháideacha a bheas á choimeád faoin gCuid seo den Acht so;

[EN]

ciallaíonn an abairt “dílseánach cláraithe”, maidir le foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, an duine a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár i leith an fhorais sin.

[EN]

Clár d'fhorais déirciúla príobháideacha.

134.—(1) Coimeádfaidh an tAire clár d'fhorais déirciúla príobháideacha.

[EN]

(2) Iontrálfar sa chlár i leith gach forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe ann ainm an duine a sheolfas an foras, ráiteas i dtaobh an méid fireannach mí-mheabhrach, nó an méid baineannach mí-mheabhrach, nó an méid fireannach mímheabhrach agus baineannach mí-mheabhrach a bheas le haireachasú sa bhforas, agus pé sonnraí eile (más ann) a hordófar.

[EN]

E bheith d'oblagáid foras déirciúil príobháideach a chlárú.

135.—Ní dleathach do dhuine ar bith foras déirciúil príobháideach a sheoladh mura mbíonn an foras san cláraithe sa chlár agus murab é an duine sin dílseánach cláraithe an fhorais.

[EN]

Eisceachta ón oblagáid chun foras déirciúil príobháideach a chlárú.

136.—Ní bheidh feidhm ag alt 135 den Acht so maidir le haon duine mí-mheabhrach d'aireachasú i bhforas is duine—

[EN]

(a) a bheas as láthair ar promhadh faoin Acht so ó fhoras meabhair-ghalar, nó

[EN]

(b) a bheas arna chur faoin Acht so ó fhoras meabhair-ghalar chun a chóireála, nó

[EN]

(c) a bheas arna chur amach ar iostas faoin Acht so.

[EN]

Iarratas chun foras déirciúil príobháideach a chlárú nó chun clárú forais déirciúil phríobháidigh d'athnuachain.

137.—(1) I gcás iarratas chun foras déirciúil príobháideach a chlárú sa chlár, is é an duine a bheas ar intinn bheith ina dhílseánach cláraithe ar an bhforas a dhéanfas é, sa bhfoirm agus ar an modh ordaithe, agus ní foláir na sonnraí ordaithe bheith ann.

[EN]

(2) I gcás iarratas chun clárú forais déirciúil phríobháidigh sa chlár d'athnuachain, is é an dílseánach cláraithe a dhéanfas é agus ní foláir na sonnraí ordaithe bheith ann.

[EN]

(3) Nuair a déanfar iarratas faoin alt so, féadfaidh an tAire a cheangal ar an iarratasóir pé pleananna agus scríbhní eile, maidir leis an bhforas déirciúil príobháideach a bheas i gceist, a chur isteach a mheasfaidh an tAire is gá chun an t-iarratas a bhreithniú.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire a thabhairt go n-iniúchfar foras déirciúil príobháideach a mbeidh iarratas déanta ina leith faoin alt so agus go dtabharfar tuarascáil dó ar an iniúchadh san.

[EN]

(5) Déanfar iarratas chun clárú sa chlár d'athnuachain—

[EN]

(a) i gcás an chéad iarratais ar athnuachain, sa deichiú mí tar éis an mhí a rinneadh an clárú,

[EN]

(b) in aon chás eile, sa deichiú mí tar éis an mhí a thosnaigh an athnuachain deiridh ar an gclárú ar éifeacht a bheith aici de bhun na Coda so den Acht so.

[EN]

Ré chláraitheachta forais déirciúil phríobháidigh.

138.—(1) Nuair a clárófar foras déirciúil príobháideach sa chlár leanfa sé, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, de bheith cláraithe amhlaidh go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó dheireadh mí a chláraithe.

[EN]

(2) Má déantar go cuibhe iarratas chun clárú forais déirciúil phríobháidigh sa chlár d'athnuachain agus go ndeonfar an athnuachain sin roimh dhul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár, beidh éifeacht ag an athnuachain sin ó am an dulta in éag san agus leanfa sí, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, d'éifeacht a bheith aici go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó am an dúlta in éag san.

[EN]

(3) Má déantar go cuibhe iarratas chun clárú forais déirciúil phríobháidigh sa chlár d'athnuachain agus ná tabharfar breith ar an iarratas san go dtí tar éis dul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár—

[EN]

(a) is tuigthe an foras do leanúin de bheith cláraithe sa chlár go dtí go dtabharfar an bhreith,

[EN]

(b) más breith ag deonadh athnuachana an bhreith, beidh éifeacht ag an athnuachain sin amhail ó dhul in éag do chlárú nó don athnuachain deiridh ar chlárú (pé acu é) an fhorais sa chlár agus leanfa sí, mura mbaintear an foras den chlár roimhe sin, d'éifeacht a bheith aici go ceann dhá mhí dhéag arna n-áireamh ó am an dulta in éag san.

[EN]

Deimhniú ar chlárú, nó ar athnuachain ar chlárú, forais déirciúil phríobháidigh.

139.—Nuair a dhéanfas an tAire foras déirciúil príobháideach a chlárú, nó clárú forais déirciúil phríobháidigh d'athnuachain, sa chlár bhéarfa sé deimhniú sa bhfoirm ordaithe ar an gclárú, nó ar an athnuachain ar chlárú, don dílseánach cláraithe.

[EN]

Clárú, nó athnuachain ar chlárú, forais déirciúil phríobháidigh a dhiúltú agus foras déirciúil príobhaideach a bhaint den chlár.

140.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú (ina sonnróidh fáth a dhéanta san), diúltú d'fhoras déirciúil príobháideach a chlárú sa chlár, diúltú do chlárú forais déirciúil phríobháidigh sa chlár d'athnuachain, nó foras déirciúil príobháideach a bhaint den chlár.

[EN]

(2) Sar a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt so bhéarfa sé fógra don iarratasóir nó do dhílseánach cláraithe an fhorais déirciúil phríobháidigh a bheas i gceist á rá go bhfuil sé ar intinn an t-ordú a dhéanamh agus ag luadh an fhátha atá leis agus déarfaidh sa bhfógra go dtabharfar caoi don iarratasóir nó don dílseánach san ar chúis a shuíomh don Aire nach ceart an t-ordú a dhéanamh, más rud é, roimh dháta sonnraithe nach luaithe ná ceithre lá déag tar éis an fógra a thabhairt, go gcuirfe sé in iúl don Aire i scríbhinn gur mian leis san a dhéanamh.

[EN]

(3) Má chuireann duine in iúl don Aire faoi fho-alt (2) den alt so gur mian leis cúis a shuíomh nach ceart ordú a dhéanamh, bhéarfaidh an tAire caoi dhó, roimh an ordú san a dhéanamh, ar chúis a shuíomh.

[EN]

Na fátha ar a ndiúltófar d'fhoras déirciúil príobháideach a chlárú.

141.—Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fhátha eile) a diúltófar d'iarratas chun foras déirciúil príobháideach a chlárú sa chlár:—

[EN]

(a) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an t-iarratasóir,

[EN]

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost san an duine a beartaítear a chur i bhfeighil an fhorais,

[EN]

(c) ná geallann an duine a bheas ina fheighilteoir ar an bhforas go gcomhnó sé sa bhforas,

[EN]

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra neamhoiriúnach ag féachaint don úsáid atá le déanamh díobh,

[EN]

(e) gur deimhin leis an Aire ná beidh na daoine mí-mheabhracha a bheas le haireachasú sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe a bheas arna cheadú ag an Aire,

[EN]

(f) gur deimhin leis an Aire ná beidh an foras á sheoladh ar fad nó go formhór chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú in aisce nó ar suim is lú ná a chostas san,

[EN]

(g) nach do réir na Coda so den Acht so do rinneadh an t-iarratas nó nár cuireadh isteach laistigh d'am réasúnach pleananna nó scríbhní eile i dtaobh an fhorais a cheangail an tAire faoin gCuid seo den Acht so a chur isteach nó go ndiúltaítear iad a chur isteach.

[EN]

Na fátha ar a ndiúltófar do chlárú forais déirciúil phríobháidigh d'athnuachain.

142.—Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fhátha eile) a diúltófar d'iarratas ar chlárú forais déirciúil phríobháidigh sa chlár d'athnuachain:—

[EN]

(a) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an t-iarratasóir,

[EN]

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost san feighilteoir an fhorais,

[EN]

(c) gur deimhin leis an Aire ná comhnaíonn feighilteoir an fhorais sa bhforas,

[EN]

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra gan bheith oiriúnach a thuilleadh ag féachaint don úsáid a déantar díobh,

[EN]

(e) gur deimhin leis an Aire ná bíonn na daoine mí-mheabhracha a bhíonn faoi aireachas sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe do cheadaigh an tAire,

[EN]

(f) gur deimhin leis an Aire nach leor an t-aireachas nó an chóireáil a tugadh do na daoine sin,

[EN]

(g) gur deimhin leis an Aire nach oiriúnach nó nach leor an biadh a tugadh do na daoine sin,

[EN]

(h) i gcás an foras a bheith á bhainistí ag comhlucht rialúcháin, gur deimhin leis an Aire go bhfuil duine ar bith dá chomhaltaí dícháilithe chun bheith ina chomhalta,

[EN]

(i) go ndearnadh ciontú maidir leis an bhforas i gcionta ar bith faoin Acht so,

[EN]

(j) gur deimhin leis an Aire ná fuil an foras á sheoladh ar fad nó go formhór chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú in aisce nó ar suim is lú ná a chostas san,

[EN]

(k) nach do réir na Coda so den Acht so do rinneadh an t-iarratas nó nár cuireadh isteach pleananna nó scríbhní eile do cheangail an tAire faoin gCuid seo den Acht so a chur isteach nó go ndiúltaítear iad do chur isteach.

[EN]

Na fátha ar a ndéanfar foras déirciúil príobháideach a bhaint den chlár.

143.—Is ar na fátha so leanas (agus ní ar aon fhátha eile) a déanfar foras déirciúil príobháideach a bhaint den chlár:—

[EN]

(a) nach duine oiriúnach chun an foras a sheoladh an duine atá ag seoladh an fhorais,

[EN]

(b) gur deimhin leis an Aire nach duine oiriúnach don phost san feighilteoir an fhorais,

[EN]

(c) gur deimhin leis an Aire ná comhnaíonn feighilteoir an fhorais sa bhforas,

[EN]

(d) gur deimhin leis an Aire go bhfuil áitreabh an fhorais nó a shuíomh, a fhoireann, nó a ghléasra gan bheith oiriúnach a thuilleadh ag féachaint don úsáid a déantar díobh,

[EN]

(e) gur deimhin leis an Aire ná bíonn na daoine mí-mheabhracha a bhíonn faoi aireachas sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe do cheadaigh an tAire,

[EN]

(f) gur deimhin leis an Aire nach leor an t-aireachas nó an chóireáil a tugadh do na daoine sin,

[EN]

(g) gur deimhin leis an Aire nach oiriúnach nó nach leor an biadh a tugadh do na daoine sin,

[EN]

(h) i gcás an foras a bheith á bhainistí ag comhlucht rialúcháin, gur deimhin leis an Aire go bhfuil duine ar bith dá chomhaltaí dícháilithe chun bheith ina chomhalta,

[EN]

(i) go ndearnadh ciontú maidir leis an bhforas i gcionta ar bith faoin Acht so,

[EN]

(j) gur deimhin leis an Aire ná fuil an foras á sheoladh ar fad nó go formhór chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú in aisce nó ar suim is lú ná a chostas san.

[EN]

Cumhachta áirithe do leanúin de bheith i bhfeidhm tar éis foras déirciúil príobháideach a bhaint den chlár nó clárú a bheith gan athnuachain.

144.—Más rud é go ndéanfar foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár a bhaint den chlár nó ná déanfar clárú forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár d'athnuachain, leanfaidh na cumhachta do bheirtear leis an Acht so don Aire agus don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar maidir leis an bhforas agus fós na forála den Acht so a bhaineas leis na hothair sa bhforas d'urscaoileadh, d'aistriú, agus d'iomaistriú de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse trí mhí dá éis sin agus is dleathach an foras a sheoladh ar feadh na tréimhse sin chun an t-urscaoileadh, an t-aistriú, agus an t-iomaistriú san a dhéanamh.

[EN]

Dícháilíocht maidir le duine do bheith ina chomhalta de chomhlucht rialúcháin forais déirciúil phríobháidigh.

145.—Más comhlucht rialúcháin a bheas ag bainistí forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár, ní bheidh aon dochtúir oifigiúil ná aon oifigeach eile ná aon tseirbhíseach don fhoras ina chomhalta den chomhlucht rialúcháin murab é únaer nó páirt-únaer an fhorais é nó mura duine é de shámhadh creidimh a mbeidh an foras á sheoladh thar a gceann nó mura dtoilí an tAire lena bheith ina chomhalta den chomhlucht rialúcháin.

[EN]

Forála a leanfas as foras déirciúil príobháideach d'iomaistriú, etc.

146.—I gcás foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár do scor, de dhruim aon iomaistrithe nó báis aon duine nó aon teagmhais eile, de bheith á sheoladh ag an dílseánach cláraithe, beidh an duine (más ann) a leanfas de bheith ag seoladh an fhorais i dteideal, ar iarratas i scríbhinn (a mbeidh an táille iomchuibhe ag gabháil leis) a chur chun an Aire tráth nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis an scoir sin agus más rud é go gceadóidh an tAire an duine sin, a ainm d'iontráil sa chlár mar dhílseánach cláraithe, agus is tuigthe, ar é do dhéanamh an iarratais sin, an duine sin a bheith ina dhílseánach cláraithe amhail ón scor san go dtí go dtabharfaidh an tAire breith ar an iarratas san.

[EN]

Clárú forais déirciúil phríobháidigh a bhualadh amach nó a cheartú.

147.—Déanfaidh an tAire—

[EN]

(a) clárú sa chlár a scoirfeas d'éifeacht a bheith aige do bhualadh amach,

[EN]

(b) na cláraithe sa chlár a cheartú ó am go ham mar a fhionnfas sé bheith oiriúnach.

[EN]

Breisiú nó athrú aráitreabh forais déirciúil phríobháidigh.

148.—Ní déanfar aon bhreisiú ná aon athrú déanmhais ar áitreabh forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár mura rud é—

[EN]

(a) go dtugtar don Aire fógra i scríbhinn i dtaobh an bhreisithe nó an athraithe, maraon leis na pleananna ordaithe a bhainfeas leis an gcéanna, agus

[EN]

(b) go dtoilí an tAire leis an mbreisiú nó an t-athrú do dhéanamh.

[EN]

Pleananna áitribh fhorais deirciúil phríobháidigh a choimeád ar fáil chun a n-iniúchta.

149.—Nuair a déanfar aon phlean a bhainfeas le háitreabh forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár a chur faoi bhráid an Aire faoin gCuid seo den Acht so chun go gclárófaí an foras nó chun aon chríche eile, coimeádfar cóip den phlean san ar fáil sa bhforas chun a hiniúchta ag duine ar bith a mbeidh údarás aige ón Aire an chóip sin d'iniúchadh.

[EN]

Srian leis an méid othar a coimeádfar i bhforas déirciúil príobháideach.

150.—Ní raghaidh an méid fireannach nó baineannach mímheabhrach ar a ndéanfar aireachasú i bhforas déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár thar an méid a sonnrófar chuige sin sa chlár.

[EN]

Foras déirciúil príobháideach d'fhiosrú.

151.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go bhfiosróidh dochtúirí leighis cláraithe forais déirciúla príobháideacha a bheas cláraithe sa chlár agus á ordú cad iad na dualgais a bheas le comhlíonadh ag na dochtúirí sin, agus féadfaidh aon rialacháin den tsórt san haint leis na forais sin uile, le pé méid de na forais sin is d'aicme áirithe, nó le ceann nó cinn áirithe de na forais sin.

[EN]

(2) Má déantar, maidir le foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, faillí i gcomhlíonadh aon rialacháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt so agus a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an dílseánach cláraithe ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

[EN]

Clár d'othair i bhforas déirciúil príobháideach.

152.—Coimeádfar, i leith forais déirciúil phríobháidigh a bheas cláraithe sa chlár, clár sa bhfoirm ordaithe ina n-iontrálfar na sonnraí ordaithe i dtaobh gach duine mí-mheabhrach a bheas faoi aireachas sa bhforas.

[EN]

Rialacháin chun seoladh, etc., foras déirciúla phríobháideacha a rialú.

153.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

[EN]

(a) ag rialú seoladh foras déirciúla príobháideacha a bheas cláraithe sa chlár,

[EN]

(b) á ordú cad iad na foirne liachta a bheas le fostú maidir leis na forais sin,

[EN]

(c) á ordú cad iad na breacacháin a bheas le coimeád maidir leis na forais sin.

[EN]

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt so baint le gach foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, nó le pé méid de na forais sin is d'aicme áirithe, nó le ceann nó cinn áirithe de na forais sin.

[EN]

(3) Má déantar, maidir le haon fhoras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, sárú trí ghníomh nó faillí ar aon rialachán a bheas déanta faoin alt so agus a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an dílseánach cláraithe ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint a chur air agus, más cionta leanúnach an cionta, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

[EN]

Achomaireacht ar chuntais.

154.—(1) Roimh an 31ú lá de Mhárta gach bliain, cuirfear faoi bhráid an Aire, maidir le foras déirciúil príobháideach a bheas cláraithe sa chlár, achomaireacht ar chuntais an fhorais don bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig roimhe sin.

[EN]

(2) Ní foláir achomaireacht faoin alt so a bheith i bhfoirm a cheadóidh an tAire agus na sonnraí sin a bheith inti a luafar nó a hiarrfar sa bhfoirm sin, agus ní foláir í bheith deimhnithe bheith ina hachomaireacht cheart ag an iniúchóir d'iniúch na cuntais lena mbainfe sí.

CUID XII.

Forais Udaraithe.

[EN]

Clár d'othair i bhforas údaraithe.

155.—Coimeádfar maidir le foras údaraithe—

[EN]

(a) clár sa bhfoirm ordaithe na n-iontrálfar na sonnraí ordaithe maidir le gach duine mí-mheabhrach a bheas faoi aireachas sa bhforas, agus

[EN]

(b) pé breacacháin eile a hordófar.

[EN]

Ceanglas á cheangal lochta a leigheas.

156.—Más deimhin leis an -

[EN]

(a) ná fuil feighilteoir forais údaraithe oiriúnach don phost san, nó

[EN]

(b) ná bíonn na daoine mí-mheabhracha a bhíos faoi aireachasú sa bhforas faoi fhaire dochtúra leighis chláraithe do cheadaigh an tAire, nó

[EN]

(c) nach oiriúnach nó nach leor an biadh a bheirtear do na daoine sin, nó

[EN]

(d) go bhfuil líon na ndaoine sin ro-mhór ag féachaint do mhéid áitribh an fhorais, nó

[EN]

(e) gur gá áitreabh an fhorais a dheisiú,

[EN]

féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ar an duine a bheas ag seoladh an fhorais gach ní a dhéanamh a mheasfaidh an tAire is ceart sa chás.

[EN]

(2) Má déantar, maidir le haon fhoras údaraithe, sárú trí ghníomh nó faillí ar aon ordú faoin alt so a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an duine a bheas ag seoladh an fhorais ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air agus, más cionta leanúnach an cionta, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

[EN]

Ceanglas á cheangal gan foras údaraithe d'úsáid chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú.

157.—(1) Aon fhoras údaraithe a ndearnadh, maidir leis, ciontú i gcionta faoin alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ná húsáidfear é tar éis dáta shonnraithe chun daoine mí-mheabhracha d'aireachasú, do chothabháil nó do chóireáil agus, má húsáitear amhlaidh é tar éis an dáta san, beidh an duine a bheas ag seoladh an fhorais ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air agus, más cionta leanúnach an cionta, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a bheas déanta faoi fho-alt (1) den alt so do chúlghairm.

[EN]

(3) I gcás ordú do dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt so, leanfaidh na cumhachta do bheirtear leis an Acht so don Aire agus don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar maidir leis an bhforas údaraithe lena mbainfidh an t-ordú, agus fós na forála den Acht so a bhaineas leis na hothair sa bhforas san d'urscaoileadh, d'aistriú agus d'iomaistriú, de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse trí mhí tar éis an dáta a sonnrófar san ordú mar dháta ná déanfar amhail air agus uaidh an foras san d'úsáid chun othair d'aireachasú, agus is dleathach an foras san a sheoladh ar feadh na tréimhse sin chun an t-urscaoileadh, an t-aistriú agus an t-iomaistriú san a dhéanamh.

CUID XIII.

Forais Cheadaithe.

[EN]

Ceadú le hordú ón Aire.

158.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú ceadúcháin san alt so), aon fhoras nó áitreabh a cheadú mar fhoras nó áitreabh cun daoine do ghlacadh mar othair shealadacha, nó chun daoine do ghlacadh mar othair thoildheonacha, nó chun daoine do ghlacadh mar othair shealadacha agus daoine do ghlacadh mar othair thoildheonacha.

[EN]

(2) I gcás iarratais ar ordú ceadúcháin, is é an duine a bheas ag seoladh an fhorais nó an áitribh ar ina leith a bheas an t-ordú á iarraidh a dhéanfas é, sa bhfoirm agus ar an modh ordaithe, agus ní foláir na sonnraí ordaithe bheith ann.

[EN]

(3) Nuair a déanfar iarratas ar ordú ceadúcháin, féadfaidh an tAire a cheangal ar an iarratasóir pé pleananna agus scríbhní eile, maidir leis an bhforas nó an t-áitreabh ar ina leith a hiarrfar an t-ordú, do chur isteach a mheasfaidh an tAire is gá chun an t-iarratas a bhreithniú.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire a thabhairt go n-iniúchfar foras nó áitreabh a n-iarrfar ordú ceadúcháin ina leith agus go dtabharfar tuarascáil dó ar an iniúchadh san.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha a mheasfaidh is ceart a chur ag gabháil le hordú ceadúcháin.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú ceadúcháin a chúlghairm ar aon chúis is leor leis, lena n-áirítear, go sonnrach, aon bhriseadh ar choinníoll ar bith a bheas ag gabháil leis an ordú ceadúcháin.

[EN]

Srian le daoine a ghlacadh mar othair shealadacha agus mar othair thoildheonacha.

159.—(1) Ní déanfar duine ar bith a ghlacadh mar othar shealadach i bhforas nó in áitreabh mura mbeidh an foras nó an t-áitreabh ceadaithe faoin gCuid seo den Acht so chun othair shealadacha do ghlacadh ann.

[EN]

(2) Ní déanfar duine ar bith a ghlacadh mar othar thoildheonach i bhforas nó in áitreabh mura mbeidh an foras nó an t-áitreabh ceadaithe faoin gCuid seo den Acht so chun othair thoildheonacha do ghlacadh ann.

[EN]

(3) Má déantar, maidir le foras nó áitreabh nach foras meabhairghalar, sárú ar an alt so, beidh an duine a bheas ag seoladh an fhorais nó an áitribh ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

[EN]

Clár d'othair i bhforas ceadaithe.

160.—Coimeádfar, maidir le foras ceadaithe, clár sa bhfoirm ordaithe ina n-iontrálfar na sonnraí ordaithe i dtaobh gach duine a glacfar mar othar shealadach agus gach duine a glacfar mar othar thoildheonach sa bhforas san.

[EN]

Rialacháin ag rialú seoladh foras ceadaithe.

161.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

[EN]

(a) ag rialú seoladh foras ceadaithe maidir le daoine a glacfar iontu mar othair shealadacha nó othair thoildheonacha,

[EN]

(b) á ordú cad iad na foirne liachta a bheas le fostú i bhforais cheadaithe chun daoine a glacfar iontu mar othair shealadacha nó othair thoildheonacha do chóireáil,

[EN]

(c) á ordú cad iad na breacachán a bheas le coimeád i bhforais cheadaithe maidir le daoine a glacfar iontu mar othair shealadacha nó othair thoildheonacha.

[EN]

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt so baint le gach foras ceadaithe, nó le pé méid de na forais sin is d'aicme áirithe, nó le ceann nó cinn áirithe de na forais sin.

[EN]

(3) Má déantar, maidir le haon fhoras ceadaithe, sárú trí ghníomh nó faillí ar aon rialachán a bheas déanta faoin alt so agus a bhainfeas leis an bhforas san, beidh an duine a bheas ag seoladh an fhorais ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint a chur air agus, más cionta leanúnach an cionta, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

CUID XIV.

Ordaithe Glactha.

Caibidil I.

Ordaithe Glactha Othair Ionmhuirir.

[EN]

Moladh glactha d'iarraidh.

162.—(1) I gcás inar mian go ndéanfaí duine do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach agus mar othar ionmhuirir san óspidéal meabhair-ghalar ceantair don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina mbíonn gnáth-chomhnaí air, féadfar iarratas sa bhfoirm ordaithe do chur chun an dochtúra oifigiúil údaraithe ag iarraidh moladh (dá ngairmtear moladh glactha san Acht so) á mholadh an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach san óspidéal meabhair-ghalar ceantair sin.

[EN]

(2) Féadfaidh duine ar bith acu so leanas iarratas a dhéanamh ag iarraidh moladh glactha—

[EN]

(a) fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas nó gaol don duine sin,

[EN]

(b) ar fhear céile nó bean chéile an duine sin nó gaol don duine sin dá iarraidh sin, an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe,

[EN]

(c) faoi réir forál an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, duine ar bith eile.

[EN]

(3) Más rud é, i gcás iarratais ag iarraidh moladh glactha, nach é fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas ná gaol don duine sin a dhéanfas é ná nach é an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe a dhéanfas é ar fhear céile nó bean chéile an duine sin nó gaol dó dá iarraidh sin air, déarfar san iarratas cad iad na cúiseanna ná dearnadh amhlaidh é, cad é an coibhneas atá ag an iarratasóir leis an duine lena mbaineann an t-iarratas, agus cad iad na tosca ina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

[EN]

(4) Ní déanfar iarratas ag iarraidh moladh glactha mura rud é go mbeidh an t-iarratasóir bliain is fiche d'aois ar a laghad agus go mbeidh an duine lena mbainfidh an t-iarratas feicthe aige laistigh de cheithre lá déag roimh an t-iarratas do dhéanamh dhó.

[EN]

(5) Beidh ag gabháil le hiarratas ag iarraidh moladh glactha ráiteas sa bhfoirm ordaithe ina dtabharfar sonnraí i dtaobh an duine lena mbaineann an t-iarratas.

[EN]

Moladh glactha a dhéanamh.

163.—(1) Nuair a déanfar iarratas ag iarraidh moladh glactha déanfaidh an dochtúir oifigiúil údaraithe, laistigh de cheithre huaire fichead a chloig tar éis dó an t-iarratas d'fháil—

[EN]

(a) an duine lena mbainfidh an t-iarratas d'fhiosrú agus do scrúdú, agus

[EN]

(b) tar éis an scrúdaithe sin—

[EN]

(i) más deimhin leis gur ceart an moladh a dhéanamh agus más dóigh leis go mbeidh an duine lena mbaineann an t-iarratas, má glactar é, ina othar ionmhuirir, an moladh a dhéanamh sa bhfoirm ordaithe, nó

[EN]

(ii) in aon chás eile, diúltú don iarratas.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le moladh glactha:—

[EN]

(a) luafar sa mholadh an dáta ar ar scrúdaigh an dochtúir oifigiúil údaraithe an duine lena mbaineann an moladh agus síneofar é ar dháta an scrúdaithe sin;

[EN]

(b) beidh sa mholadh deimhniú gur duine mí-mheabhrach an duine sin, gur duine é is ceart a thógaint faoi chúram agus a choinneáil faoi aireachas agus cóireáil, agus nach dócha go dtéarnó sé laistigh de shé mhí ó dháta an scrúdaithe sin;

[EN]

(c) beidh sa mholadh ráiteas ina luafar na fíorais is bonn le tuairim an dochtúra oifigiúil údaraithe gur duine mí-mheabhrach an duine sin, agus déanfar idirdhealú sa ráiteas idir fíorais a thug sé féin faoi ndeara agus fíorais a cuireadh in iúl dó.

[EN]

Eolas a thabhairt i dtaobh iarratais a rinneadh cheana ag iarraidh moladh glactha.

164.—(1) Más rud é, tar éis iarratas ag iarraidh moladh glactha do dhiúltú, go ndéanfar aon iarratas eile ag iarraidh moladh glactha maidir leis an duine céanna, déanfaidh an t-iarratasóir, sa mhéid gurb eol dó na fíorais a bhain leis an iarratas roimhe sin agus lena dhiúltú, na fíorais sin d'insint don dochtúir oifigiúil údaraithe.

[EN]

(2) Duine ar bith ná comhlíonfaidh ceanglais fo-ailt (1) den alt so beidh sé ciontach i gcionta faoin bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air.

[EN]

Duine a gcreitear gur duine mímheabhrach é agus gur gá é a choimeád faoi urlámhas, etc., d'aistriú chun stáisiúin Ghárda Shíochána.

165.—(1) Más dóigh le comhalta den Ghárda Síochána é bheith riachtanach, i gcás duine a gcreitear gur duine mí-mheabhrach é, go ndéanfaí, ar mhaithe le sábháltacht na poiblíochta nó sábháltacht an duine féin, an duine sin a chur láithreach faoi aireachas agus urlámhas, féadfa sé an duine sin do thógaint faoi choimeád agus é d'aistriú go dtí Stáisiún Ghárda Shíochána.

[EN]

(2) Má dhéanann comhalta den Ghárda Síochána duine d'aistriú faoin alt so, cuirfe sé láithreach iarratas sa bhfoirm ordaithe chun an dochtúra oifigiúil údaraithe ag iarraidh moladh (a ngairmtear moladh glactha dhe freisin san Acht so) á mholadh an duine do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach san óspidéal meabhair-ghalar ceantair don cheantar óspidéil mheabhairghalar ina gcomhnaíonn an duine de ghnáth.

[EN]

(3) Nuair a cuirfear iarratas faoin alt so chun an dochtúra oifigiúil údaraithe ag iarraidh moladh glactha, déanfaidh an dochtúir sin an duine lena mbainfidh an t-iarratas a scrúdú láithreach, agus air sin—

[EN]

(a) más deimhin leis gur ceart an moladh a dhéanamh, déanfaidh é sa bhfoirm ordaithe, nó

[EN]

(b) in aon chás eile, diúltóidh don iarratas.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt so ag iarraidh moladh glactha maidir le duine ar bith, is tuigthe gurb é an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe iarratasóir an mholta.

[EN]

Gan aireachas ceart, etc., a bheith á thabhairt do dhuine a gcreitear gur duine mímheabhrach é.

166.—(1) Má cuirtear in iúl don oifigeach cúnaimh iomchuibhe nó más eol dó go bhfuil duine a gcreitear gur duine mí-mheabhrach é gan bheith faoi aireachas nó urlámhas ceart nó go bhfuil faillí á thabhairt ann nó cruálacht á déanamh air ag aon ghaol nó duine eile a bhfuil sé faoina aireachas nó faoina chúram, cuirfidh an t-oifigeach san iarratas sa bhfoirm ordaithe chun an dochtúra oifigiúil údaraithe ag iarraidh moladh (a ngairmtear moladh glactha dhe freisin san Acht so) á mholadh an duine a gcreitear gur duine mí-mheabhrach é do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach san óspidéal meabhair-ghalar ceantair don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina gcomhnaíonn an duine sin de ghnáth.

[EN]

(2) Más duine gan buan-chomhnaí an duine lena mbainfidh iarratas faoin alt so agus go ndéanfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe an ní do thuairisciú don chomhalta den Ghárda Síochána a bheas i bhfeighil an stáisiúin Ghárda Shíochána don fho-cheantar Ghárda Shíochána ina mbeidh an duine de thuras na huaire, féadfaidh an comhalta san den Ghárda Síochána an duine sin a thógaint faoi choimeád agus é d'aistriú go dtí an stáisiún Ghárda Shíochána san chun a scrúdaithe ag an dochtúir oifigiúil údaraithe.

[EN]

(3) Nuair a déanfar iarratas faoin alt so ag iarraidh moladh glactha, déanfaidh an dochtúir oifigiúil údaraithe an duine lena mbainfidh an t-iarratas d'fhiosrú agus do scrúdú láithreach, agus air sin—

[EN]

(a) más deimhin leis gur ceart an moladh a dhéanamh, déanfaidh é sa bhfoirm ordaithe, nó

[EN]

(b) in aon chás eile, diúltóidh don iarratas.

[EN]

(4) Duine ar bith a bhacfas nó a choiscfeas an dochtúir oifigiúil údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhacht faoin alt so chun duine ar bith d'fhiosrú agus do scrúdú nó a bhacfas nó a choiscfeas an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe agus é ag aistriú duine ar bith chun óspidéil mheabhair-ghalar cheantair de bhun moladh glactha arna dhéanamh faoin alt so, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint a chur air.

[EN]

An éifeacht a bheas ag moladh glactha.

167.—(1) Nuair a déanfar moladh glactha, féadfaidh iarratasóir an mholta nó duine ar bith a bheas údaraithe aige nó, i gcás moladh glactha arna dhéanamh faoi alt 165 den Acht so, comhalta ar bith den Ghárda Síochána, faoi réir forál an ailt seo, an duine lena mbainfidh an moladh a thógaint agus é d'iomluadh chun an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar sa mholadh.

[EN]

(2) Má thárlann, ar mholadh glactha bheith déanta, ná déanfar an duine lena mbainfidh an mholadh d'iomluadh chun an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar sa mholadh laistigh de sheacht lá glan i ndiaidh an lae do rinneadh an moladh, scoirfidh an moladh d'éifeacht do bheith aige.

[EN]

(3) D'ainneoin éinní dá bhfuil i bhfo-alt (2) den alt so, má thárlann, laistigh de sheacht lá glan i ndiaidh an lae a déanfar moladh glactha, go ndeimhneoidh an dochtúir oifigiúil údaraithe ná beidh an duine lena mbaineann an deimhniú iniomluaite go dtí go mbeidh na seacht lá glan san caite, ní scoirfidh an moladh d'éifeacht a bheith aige ar na seacht lá glan san do bheith caite ach, mura ndéantar an duine sin d'iomluadh laistigh de sheacht lá glan eile chun an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar sa mholadh, scoirfidh an moladh ansan d'éifeacht a bheith aige.

[EN]

Comhoibriú chun duine d'aistriú ar mholadh glactha a bheith déanta.

168.—Féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar i moladh glactha comhoibriú le hiarratasóir an mholta, nó le haon ghaol nó caomhnóir don duine lena mbainfidh an t-iarratas, chun socrú do dhéanamh i dtaobh an duine sin d'aistriú chun an óspidéil.

[EN]

Deimhniú ón dochtúir oifigiúil údaraithe a dhéanfas moladh glactha gur gá coimhdeacht, etc.

169.—I gcás an dochtúir oifigiúil údaraithe a dhéanfas moladh glactha dá dheimhniú gur gá an duine lena mbaineann an moladh a choimhdeacht chun a áirithiú go ndéanfar é d'iomluadh slán sábhálta—

[EN]

(a) féadfaidh an duine chun a n-eiseofar an deimhniú an deimhniú do thíolacadh do phríomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar sa mholadh agus air sin féadfaidh an príomhdhochtúir comhnaitheach, as a chomhairle féin, socrú do dhéanamh le haghaidh pé coimhdeachta is gá,

[EN]

(b) má chinneann an príomh-dhochtúir comhnaitheach gan coimhdeacht a sholáthar, féadfaidh an duine chun a n-eiseofar an deimhniú an deimhniú do thíolacadh don chomhalta den Ghárda Síochána a bheas i bhfeighil aon stáisiúin Ghárda Shíochána agus air sin déanfaidh an comhalta san socrú le haghaidh pé coimhdeachta is gá.

[EN]

Costas iomluaite d'íoc ar mholadh glactha a bheith déanta.

170.—(1) Íocfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe na costais réasúnta faoina raghfar maidir leis an duine lena mbainfidh moladh glactha d'iomluadh chun óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar sa mholadh ach amháin i gcás an duine sin d'iomluadh chuige ag comhalta den Ghárda Síochána.

[EN]

(2) Féadfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí a bheas i gceist na costais a híocfar faoin alt so d'aisghabháil faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), fé is dá mba é a bhí sna costais sin costas cúnaimh phoiblí, do réir bhrí an Achta san, a thug an t-údarás san don duine do hiomluadh.

[EN]

Ordú glactha othair ionmhuirir.

171.—(1) Nuair a haistreofar duine go dtí óspidéal meabhairghalar ceantair de bhun moladh glactha, déanfaidh príomhdhochtúir comhnaitheach an óspidéil, nó dochtúir oifigiúil eile don óspidéal ag gníomhú thar a cheann, an duine do scrúdú ar é do shroicheadh an óspidéil agus ar an moladh a thíolacadh, agus air sin—

[EN]

(a) más deimhin leis gur duine mí-mheabhrach an duine agus gur duine é is ceart a thógaint faoi chúram agus a choinneáil faoi aireachas agus cóireáil, déanfaidh láithreach, sa bhfoirm ordaithe, ordú (dá ngairmtear ordú glactha othair ionmhuirir san Acht so) chun an duine do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mímheabhrach san óspidéal, nó

[EN]

(b) in aon chás eile, diúltóidh an t-ordú san a dhéanamh.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfar ordú glactha othair ionmhuirir, is tuigthe, chun críocha an Achta so, gurb é iarratasóir an mholadh ghlactha ar dá bhíthin a rinneadh an t-ordú iarratasóir an ordaithe.

[EN]

Eifeacht ordaithe ghlactha othair ionmhuirir.

172.—(1) Nuair a déanfar ordú glactha othair ionmhuirir, féadfaidh duine ar bith acu san a luaitear i bhfo-alt (2) den alt so an duine lena mbainfidh an t-ordú do ghlacadh agus do thógaint faoi chúram agus é choinneáil go dtí go n-aistrítear nó go n-urscaoiltear é le húdarás ceart nó go dtí go n-éaga sé agus, i gcás é d'éaló, féadfaid é d'atógaint laistigh d'ocht lá fichead dá éis sin agus é choinneáil arís mar adúradh.

[EN]

(2) Is iad so leanas na daoine a bheas i dteideal duine do ghlacadh, do thógaint faoi chúram, do choinneáil, agus d'atógaint faoin alt so:—

[EN]

(a) an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar san ordú glactha othair ionmhuirir is iomchuibhe,

[EN]

(b) príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil sin,

[EN]

(c) oifigigh eile agus seirbhísigh an óspidéil sin.

[EN]

Ráiteas i dtaobh na gcúiseanna ar ar diúltaíodh ordú glactha othair ionmhuirir a dhéanamh.

173.—(1) Má dhiúltaíonn príomh-dhochtúir comhnaitheach nó dochtúir oifigiúil eile d'óspidéal meabhair-ghalar ceantair ordú glactha othair ionmhuirir a dhéanamh, bhéarfa sé don duine d'iarr an moladh glactha iomchuibhe ráiteas i scríbhinn faoina láimh i dtaobh na gcúiseanna a bhí leis an diúltú, cuirfidh cóip den ráiteas go dtí an tAire, agus bhéarfaidh don Aire an t-eolas breise sin go léir a iarrfaidh an tAire i dtaobh tosca an diúltaithe.

[EN]

(2) I gcás ina ndiúltófar ordú glactha othair ionmhuirir a dhéanamh, féadfaidh an tAire pé fíorais i dtaobh an diúltaithe a mheasfaidh is ceart a chur in iúl don duine ar maidir leis a hiarradh an t-ordú nó d'aon fhiafraitheoir bona fide eile.

[EN]

Moladh glactha nó ordú glactha othair ionmhuir a leasú.

174.—(1) Má thárlann, i gcás moladh glactha, go bhfaghfar, laistigh de lá is fiche tar éis an duine lena mbainfidh an moladh a ghlacadh san óspidéal meabhair-ghalar ceantair a luafar sa mholadh, an moladh san a bheith mí-cheart nó lochtach in aon tslí, féadfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil an moladh a chur chun an duine do rinne é chun é leasú, agus féadfaidh an duine sin, le toiliú an Aire, an moladh a leasú laistigh den lá is fiche sin.

[EN]

(2) Má thárlann, i gcás ordú glactha othair ionmhuirir, go bhfaghfar, laistigh de lá is fiche tar éis an duine lena mbainfidh an t-ordú do ghlacadh, an t-ordú san do bheith mí-cheart nó lochtach in aon tslí, féadfaidh an duine do rinne an t-ordú, le toiliú an Aire, an t-ordú do leasú laistigh den lá is fiche sin.

[EN]

(3) Má thárlann, laistigh de lá is fiche tar éis duine do ghlacadh in óspidéal meabhair-ghalar ceantair de dhruim moladh ghlactha, gur deimhin leis an Aire an moladh glactha nó an t-ordú glactha othair ionmhuirir ar dá bhun a bheas an duine sin á choinneáil do bheith mí-cheart nó lochtach in aon tslí, féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt do phríomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil, a cheangal an moladh nó an t-ordú do leasú faoin alt so agus, mura leasaítear amhlaidh é chun sástachta an Aire laistigh den lá is fiche sin, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú an duine sin d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an duine sin dá réir sin.

[EN]

(4) I gcás leasú do dhéanamh faoin alt so ar mholadh glactha nó ar ordú glactha othair ionmhuirir, beidh éifeacht ag an moladh nó ag an ordú fé is dá mbeadh an leasú ann nuair a síníodh é.

[EN]

(5) Má thárlann, laistigh de lá is fiche tar éis duine do ghlacadh in óspidéal meabhair-ghalar ceantair de dhruim moladh ghlactha, go bhfaghfar an moladh nó an t-ordú glactha othair ionmhuirir ar dá bhun a bheas an duine sin á choinneáil do bheith mí-cheart nó lochtach, beidh ag príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil agus ag na daoine eile a luaitear in alt 172 den Acht so, maidir leis an duine sin, na cumhachta a sonnraítear san alt san ar feadh an lá is fiche sin.

[EN]

Costais an Ghárda Shíochána faoi Chaibidil I de Chuid XIV.

175.—(1) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le haon chostais faoina raghaidh an Gárda Síochána faoin gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so maidir le duine d'aistriú chun a scrúdaithe nó maidir le duine d'aistriú go dtí óspidéal meabhairghalar ceantair:—

[EN]

(a) déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, na costais sin d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas,

[EN]

(b) déanfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí don cheantar cúnaimh phoiblí ina gcomhnaíonn an duine de ghnáth na costais sin d'aisíoc leis an Aire Dlí agus Cirt agus, mura n-aisíoctar amhlaidh iad, féadfar iad d'aisghabháil mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla,

[EN]

(c) aon tsuim a ndéanfar í d'aisíoc nó d'aisghabháil mar adúradh, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordachán an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás cúnaimh phoiblí costais d'aisíoc an t-údaras san faoin alt so d'aisghabháil faoin Acht um Chúnaimh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), fé is dá mba é bhí sna costais sin costas cúnaimh phoiblí, do réir bhrí an Achta san, a thug an t-údarás san don duine do haistríodh.

[EN]

Cásanna práinne, etc.

176.—Más rud é—

[EN]

(a) gur mian, i gcás práinne, go ndéanfaí duine do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach agus mar othar ionmhuirir san óspidéal meabhair-ghalar ceantair don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar arb ann dó, de thuras na huaire, agus gan gnáth-chomhnaí air sa cheantar óspidéil mheabhair-ghalar san, nó

[EN]

(b) gur mian, i gcás nach féidir a fhionnadh go héasca cad é an ceantar óspidéil mheabhair-ghalar ina mbíonn gnáth-chomhnaí ar dhuine, go ndéanfaí an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach agus mar othar ionmhuirir san óspidéal meabhairghalar ceantair don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar arb ann dó de thuras na huaire,

[EN]

ansan, gan dochar d'alt 108 den Acht so, beidh an Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so infheidhme chun go ndéanfaí an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil fé is dá mbeadh gnáth-chomhnaí air sa cheantar óspidéil mheabhair-ghalar agus sa cheantar íclainne arb ann dó de thuras na huaire.

Caibidil II.

Ordaithe Glactha Othair Phríobháidigh.

[EN]

Ordú glactha othair phríobháidigh d'iarraidh.

177.—(1) I gcás inar mian go ndéanfaí duine do ghlacadh agus do choinneáil mar duine mí-mheabhrach i bhforas príobháideach, i bhforas údaraithe, nó i bhforas déirciúil príobháideach, féadfar iarratas sa bhfoirm ordaithe do chur chun dochtúra leighis chláraithe ag iarraidh ordaithe (dá ngairmtear ordú glactha othair phríobháidigh san Acht so) á ordú an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach sa bhforas san.

[EN]

(2) I gcás inar mian go ndéanfaí duine do ghlacadh agus do choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach agus mar othar príobháideach in óspidéal meabhair-ghalar ceantair, féadfar iarratas sa bhfoirm ordaithe do chur chun dochtúra leighis chláraithe ag iarraidh ordaithe (a ngairmtear ordú glactha othair phríobháidigh dhe freisin san Acht so) á ordú an duine sin a ghlacadh agus a chonneáil mar dhuine mí-mheabhrach san óspidéal san.

[EN]

(3) Féadfaidh duine ar bith acu so leanas iarratas a dhéanamh ag iarraidh ordaithe ghlactha othair phríobháidigh—

[EN]

(a) fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas nó gaol don duine sin, nó

[EN]

(b) faoi réir forál an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, duine ar bith eile.

[EN]

(4) Más rud é, i gcás iarratais ag iarraidh ordaithe ghlactha othair phríobháidigh, nach é fear céile ná bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas ná gaol don duine sin a dhéanfas é, déarfar san iarratas cad iad na cúiseanna ná dearnadh amhlaidh é, cad é an coibhneas atá ag an iarratasóir leis an duine sin, agus cad iad na tosca ina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

[EN]

(5) Ní déanfar iarratas ag iarraidh ordaithe ghlactha othair phríobháidigh mura rud é go mbeidh an t-iarratasóir bliain is fiche d'aois ar a laghad agus go mbeidh an duine lena mbainfidh an t-iarratas feicthe aige laistigh de cheithre lá déag roimh an t-iarratas do dhéanamh dhó.

[EN]

(6) Beidh ag gabháil le hiarratas ag iarraidh ordaithe ghlactha othair phríobháidigh ráiteas sa bhfoirm ordaithe ina dtabharfar sonnraí i dtaobh an duine lena mbaineann an t-iarratas.

[EN]

Ordú glactha othair phríobháidigh a dhéanamh.

178.—(1) Dochtúir leighis cláraithe a ghlacfas le hiarratas a cuirfear chuige ag iarraidh ordaithe ghlactha othair phríobháidigh déanfa sé socrú le dochtúir leighis cláraithe eile chun dhá scrúdú ar leithligh a dhéanamh, ceann acu aige féin agus an ceann eile ag an dochtúir eile sin, ar an duine lena mbainfidh an t-iarratas agus, tar éis na scrúdaithe sin—

[EN]

(a) más deimhin le gach duine de na dochtúirí ar leithligh gur ceart an t-ordú do dhéanamh, déanfaid láithreach é sa bhfoirm ordaithe, nó

[EN]

(b) in aon chás eile, diúltóid an t-ordú do dhéanamh.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le hordú glactha othair phríobháidigh:—

[EN]

(a) ní dhéanfaidh iarratasóir an ordaithe ná fear céile na bean chéile, athair, leas-athair ná athair céile, máthair, leas-mháthair ná máthair chéile, mac, leas-mhac ná cliamhain, iníon, leas-iníon ná bainchliamhain, deartháir, leas-deartháir ná deartháir cleamhnachta, deirfiúr, leas-deirfiúr ná deirfiúr chleamhnachta, caomhnóir ná iontaobhaí, ná páirtnéir ná cúntóir iarratasóra an ordaithe nó an duine lena mbainfidh an t-ordú an t-ordú do shíniú;

[EN]

(b) luafar san ordú an dáta nó na dátaí do rinneadh an scrúdú dochtúra faoin alt so ar an duine lena baineann an t-ordú;

[EN]

(c) deimhneoidh an t-ordú gur duine mí-mheabhrach an duine lena mbaineann an t-ordú, gur duine é is ceart a thógaint faoi chúram agus a choinneáil faoi aireachas agus cóireáil, agus nach dócha go dtéarnó sé laistigh de shé mhí ó dháta an ordaithe;

[EN]

(d) luafar san ordú na fíorais is bonn le tuairim na ndochtúirí leighis cláraithe do shínigh an t-ordú gur duine mí-mheabhrach an duine lena mbaineann an t-ordú, agus déanfar idirdhealú ann idir fíorais a thugadar féin faoi ndeara agus fíorais a cuireadh in iúl dóibh;

[EN]

(e) ní déanfar an t-ordú tráth is déanaí ná an seachtú lá i ndiaidh an lae a hiarrfar é.

[EN]

Srian le daoine a ghlacadh faoi ordaithe glactha othair phríobháidigh.

179.—(1) Ní déanfar duine ar bith a ghlacadh faoi ordú glactha othair phríobháidigh mar dhuine mí-mheabhrach i bhforas meabhair-ghalar más ag duine ar bith nó de dhruim iarratais ó dhuine ar bith acu so leanas a rinneadh an t-ordú:—

[EN]

(a) comhalta de chomhlucht rialúcháin an fhorais nó an duine a bheas ag seoladh nó a bheas i bhfeighil an fhorais;

[EN]

(b) duine ar bith ag á mbeidh leas sna híocaíochta (más ann) a bheas le déanamh mar gheall ar aireachas a thabhairt don duine a beartaítear a ghlacadh;

[EN]

(c) aon dochtúir leighis cláraithe is dochtúir leighis rialta sa bhforas;

[EN]

(d) fear céile nó bean chéile, athair, leas-athair nó athair céile, máthair, leas-mháthair nó máthair chéile, mac, leas-mhac nó cliamhain, iníon, leas-iníon, nó bainchliamhain, deartháir, leas-deartháir nó deartháir cleamhnachta, deirfiúr, leas-deirfiúr nó deirfiúr chleamhnachta, caomhnóir nó iontaobhaí, nó páirtnéir nó cúntóir duine ar bith acu san a luaitear sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so.

[EN]

(2) I mír (a) d'fho-alt (1) den alt so, ní fholaíonn an tagairt do chomhalta de chomhlucht rialúcháin forais tagairt do chomhalta d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar.

[EN]

Eolas a thabhairt i dtaobh iarratais a rinneadh cheana ag iarraidh ordaithe ghlactha othair phríobháidigh.

180.—(1) Más rud é, tar éis iarratas ar ordú glactha othair phríobháidigh a dhiúltú, go ndéanfar aon iarratas eile ag iarraidh ordaithe ghlactha othair phríobháidigh maidir leis an duine céanna, déanfaidh an t-iarratasóir, sa mhéid gurb eol dó na fíorais a bhain leis an iarratas roimhe sin agus lena dhiúltú, na fíorais sin d'insint don dochtúir oifigiúil cláraithe chun a gcuirfe sé an t-iarratas.

[EN]

(2) Duine ar bith ná comhlíonfaidh ceanglais fo-ailt (1) den alt so beidh sé ciontach i gcionta faoin bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air.

[EN]

Eifeacht ordaithe ghlactha othair phríobháidigh.

181.—(1) Nuair a déanfar ordú glactha othair phríobháidigh, beidh éifeacht, faoi réir forál an ailt seo, ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) féadfaidh iarratasóir an ordaithe nó duine ar bith a bheas údaraithe aige an duine lena mbainfidh an t-ordú do thógaint agus é d'iomluadh go dtí an foras meabhairghalar a luafar san ordú;

[EN]

(b) féadfaidh duine ar bith acu san a sonnraítear i bhfo-alt (2) den alt so an duine lena mbainfidh an t-ordú do ghlacadh agus do thógaint faoi chúram agus é choinneáil go dtí go n-aistrítear nó go n-urscaoiltear é le húdarás ceart nó go dtí go n-éagfa sé agus, i gcás é d'éaló, féadfaid é d'atógaint laistigh d'ocht lá fichead dá éis sin agus é choinneáil arís mar adúradh.

[EN]

(2) Is iad daoine a bheas i dteideal duine do ghlacadh, do thógaint faoi chúram, do choinneáil, agus d'atógaint faoin alt so ná an duine a bheas ag seoladh an fhorais mheabhair-ghalar a luafar san ordú glactha othair phríobháidigh is iomchuibhe agus a oifigigh, a chúntóirí, agus a sheirbhísigh sin agus aon dochtúir oifigiúil don fhoras san.

[EN]

(3) Má thárlann, ar ordú glactha othair phríobháidigh bheith déanta, ná déanfar an duine lena mbainfidh an t-ordú d'iomluadh go dtí an foras meabhair-ghalar a luafar san ordú laistigh de sheacht lá glan i ndiaidh an lae do rinneadh an t-ordú, scoirfidh an t-ordú d'éifeacht do bheith aige.

[EN]

(4) D'ainneoin éinní dá bhfuil i bhfo-alt (3) den alt so, má thárlann, laistigh de sheacht lá glan i ndiaidh an lae a déanfar ordú glactha othair phríobháidigh, go ndeimhneoidh an dochtúir leighis cláraithe chun ar cuireadh an t-iarratas ag iarraidh an ordaithe nó, i gcás eisean bheith as láthair nó faoi éagumas, dochtúir leighis cláraithe éigin eile, ná beidh an duine lena mbaineann an t-ordú iniomluaite go dtí go mbeidh na seacht lá glan san caite, ní scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith aige ar na seacht lá glan san a bheith caite ach, mura ndéantar an duine sin d'iomluadh laistigh de sheacht lá glan eile go dtí an foras meabhair-ghalar a luafar san ordú, scoirfidh an t-ordú ansan d'éifeacht a bheith aige.

[EN]

Ordú glactha othair phríobháidigh a leasú.

182.—(1) Má thárlann, i gcás ordaithe ghlactha othair phríobháidigh, go bhfaghfar, laistigh de lá is fiche tar éis an duine lena mbainfidh an t-ordú do ghlacadh, an t-ordú san a bheith mí-cheart nó lochtach in aon tslí, féadfaidh na dochtúirí leighis cláraithe do rinne an t-ordú, le toiliú an Aire, an t-ordú do leasú laistigh den lá is fiche sin.

[EN]

(2) Má thárlann, laistigh de lá is fiche tar éis ordú glactha othair phríobháidigh a dhéanamh, gur deimhin leis an Aire an t-ordú do bheith mí-cheart nó lochtach in aon tslí, féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt d'fheighilteoir an fhorais mheabhair-ghalar iomchuibhe, a cheangal an t-ordú do leasú faoin alt so agus, mura ndéantar an t-ordú do leasú amhlaidh chun sástachta an Aire laistigh den lá is fiche sin, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú an duine lena mbainfidh an t-ordú d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an duine sin dá réir sin.

[EN]

(3) I gcás leasú do dhéanamh faoin alt so ar ordú glactha othair phríobháidigh, beidh éifeacht ag an ordú fé is dá mbeadh an leasú ann nuair a síníodh é.

[EN]

(4) Má thárlann, laistigh de lá is fiche tar éis duine do ghlacadh i bhforas meabhair-ghalar de bhun ordaithe ghlactha othair phríobháidigh, go bhfaghfar an t-ordú do bheith mí-cheart nó lochtach, beidh ag an duine a bheas ag seoladh an fhorais agus ag na daoine eile a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 181 den Acht so, maidir leis an duine lena mbainfidh an t-ordú, na cumhachta a sonnraítear i bhfo-alt (1) den alt san ar feadh an lá is fiche sin.

[EN]

Deimhniú ó na dochtúirí leighis cláraithe a dhéanfas ordú glactha othair phríobháidigh gur gá coimhdeacht, etc.

183.—(1) I gcás na dochtúirí leighis cláraithe a dhéanfas ordú glactha othair phríobháidigh dá dheimhniú gur gá an duine lena mbaineann an t-ordú do choimhdeacht chun a áirithiú go ndéanfar é d'iomluadh slán sábhálta, féadfaidh an duine chun a n-eiseofar an deimhniú an deimhniú do thíolacadh don chomhalta den Ghárda Síochána a bheas i bhfeighil aon stáisiúin Ghárda Shíochána agus air sin déanfaidh an comhalta san socrú le haghaidh pé coimhdeachta is gá.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le haon chostais faoina raghaidh an Gárda Síochána chun coimhdeacht a sholáthar faoin alt so:—

[EN]

(a) déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, na costais sin d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas,

[EN]

(b) déanfaidh an duine d'iarr an choimhdeacht na costais sin d'aisíoc leis an Aire Dlí agus Cirt agus, mura n-aisíoctar amhlaidh iad, féadfar iad d'aisghabháil mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla,

[EN]

(c) aon tsuim a ndéanfar í d'aisíoc nó d'aisghabháil amhlaidh íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordachán an Aire Airgeadais.

[EN]

Caibidil III.

Ordaithe Glactha Othair Ionmhuirir Shealadaigh agus Ordaithe Glactha Othair Phríobháidigh Shealadaigh.

[EN]

Ordaithe glactha othair ionmhuirir shealadaigh d'iarraidh agus do dhéanamh.

184.—(1) I gcás inar mian go ndéanfaí duine do ghlacadh agus do choinneáil mar othar shealadach agus mar othar ionmhuirir i bhforas ceadaithe a bheas á chothabháil ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina gcomhnaíonn an duine sin de ghnáth nó i bhforas ceadaithe ina bhféadfar, de bhun socraithe arna dhéanamh faoi alt 102 den Acht so, othair shealadacha de chuid an údaráis sin a ghlacadh, féadfar iarratas sa bhfoirm ordaithe do chur chun feighilteoir an fhorais sin ag iarraidh ordaithe (dá ngairmtear ordú glactha othair ion mhuirir shealadaigh san Acht so) á ordú an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil mar othar shealadach agus mar othar ionmhuirir sa bhforas san.

[EN]

(2) Féadfaidh duine ar bith acu so leanas iarratas faoin alt so do dhéanamh—

[EN]

(a) fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas nó gaol don duine sin, nó

[EN]

(b) ar fhear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas nó gaol don duine sin dá iarraidh sin, an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe, nó

[EN]

(c) faoi réir forál an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, duine ar bith eile.

[EN]

(3) Más rud é, i gcás iarratais faoin alt so, nach é fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas ná gaol don duine sin a dhéanfas é ná nach é an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe a dhéanfas é ar fhear céile nó bean chéile an duine sin nó gaol dó dá iarraidh sin air, déarfar san iarratas cad iad na cúiseanna ná dearnadh amhlaidh é, cad é an coibhneas atá ag an iarratasóir leis an duine lena mbaineann an t-iarratas, agus cad iad na tosca ina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

[EN]

(4) Beidh ag gabháil le hiarratas faoin alt so deimhniú sa bhfoirm ordaithe ón dochtúir oifigiúil údaraithe á dheimhniú gur scrúdaigh sé an duine lena mbaineann an t-iarratas ar dháta sonnraithe nach luaithe ná seacht lá roimh dháta an iarratais agus gurb é a thuairim—

[EN]

(a) gur duine é—

[EN]

(i) a bhfuil easláine mheabhrach air, agus

[EN]

(ii) nach gá dhó, chun a théarnaithe, ach sé mhí ar a mhéid faoi chóireáil oiriúnach, agus

[EN]

(iii) atá neamhoiriúnach, de dheascaibh staid a mheabhrach, le haghaidh cóireála mar othar thoildheonach, nó

[EN]

(b) gur duine é—

[EN]

(i) is andúileach, agus

[EN]

(ii) ar gá dhó, chun a théarnaithe, sé mhí ar a laghad faoi chóireáil réamhchoscach leigheasach.

[EN]

(5) Tar éis dó breithniú do dhéanamh ar iarratas ag iarraidh ordaithe ghlactha othair ionmhuirir shealadaigh agus ar an deimhniú a bheas ag gabháil leis an iarratas, féadfaidh an duine chun ar cuireadh an t-iarratas, má mheasann sé gur ceart é, an t-ordú san a dhéanamh sa bhfoirm ordaithe.

[EN]

Ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh d'iarraidh agus do dhéanamh.

185.—(1) I gcás inar mian go ndéanfaí duine do ghlacadh agus do choinneáil i bhforas ceadaithe mar othar shealadach agus mar othar phríobháideach, féadfar iarratas sa bhfoirm ordaithe do chur chun feighilteoir an fhorais ag iarraidh ordaithe (dá ngairmtear ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh san Acht so) á ordú an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil mar othar shealadach agus mar othar phríobháideacha sa bhforas san.

[EN]

(2) Féadfaidh duine ar bith acu so leanas iarratas faoin alt so do dhéanamh—

[EN]

(a) fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas nó gaol don duine sin, nó

[EN]

(b) faoi réir forál an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, duine ar bith eile.

[EN]

(3) Más rud é, i gcás iarratais faoin alt so, nach é fear céile nó bean chéile an duine lena mbainfidh an t-iarratas ná gaol don duine sin a dhéanfas é, déarfar san iarratas cad iad na cúiseanna ná dearnadh amhlaidh é, cad é an coibhneas atá ag an iarratasóir leis an duine lena mbaineann an t-iarratas, agus cad iad na tosca ina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

[EN]

(4) Beidh ag gabháil le hiarratas faoin alt so deimhniú sa bhfoirm ordaithe arna shíniú ag beirt dochtúirí leighis cláraithe á dheimhniú go ndearna gach dochtúir acu an duine lena mbaineann an deimhniú do scrúdú ar leithligh ar dháta nach luaithe ná seacht lá roimh dháta an iarratais agus gurb é a thuairim—

[EN]

(a) gur duine é—

[EN]

(i) a bhfuil easláine mheabhrach air, agus

[EN]

(ii) nach gá dhó, chun a théarnaithe, ach sé mhí ar a mhéid faoi chóireáil oiriúnach, agus

[EN]

(iii) atá neamhoiriúnach, de dheascaibh staid a mheabhrach, le haghaidh cóireála mar othar thoildheonach, nó

[EN]

(b) gur duine é—

[EN]

(i) is andúileach, agus

[EN]

(ii) ar gá dhó, chun a théarnaithe, sé mhí ar a laghad faoi chóireáil réamhchoscach leigheasach.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh dochtúir leighis cláraithe deimhniú faoin bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do thabhairt más rud é—

[EN]

(a) gurb é is feighilteoir ar an bhforas ceadaithe a mbeidh an duine a dtabharfar an deimhniú ina leith le glacadh ann, nó

[EN]

(b) gur duine é atá ar fostú ag feighilteoir an fhorais sin, nó

[EN]

(c) gur duine é a bhfuil leas aige sa bhforas san.

[EN]

(6) Tar éis dó breithniú do dhéanamh ar iarratas ag iarraidh ordaithe ghlactha othair phríobháidigh shealadaigh agus ar an deimhniú dochtúra a bheas ag gabháil leis an iarratas, féadfaidh an duine chun ar cuireadh an t-iarratas, má mheasann sé gur ceart é, an t-ordú san a dhéanamh sa bhfoirm ordaithe.

[EN]

Eifeacht ordaithe ghlactha othair ionmhuirir shealadaigh nó ordaithe ghlactha othair phríobháidigh shealadaigh.

186.—(1) Nuair a déanfar ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh nó ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) féadfaidh iarratasóir an ordaithe nó duine ar bith a bheas údaraithe aige, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an dáta a déanfar an t-ordú, an duine lena mbainfidh an t-ordú do thógaint agus é d'iomluadh go dtí an foras ceadaithe a luafar san ordú;

[EN]

(b) féadfaidh duine ar bith acu san a sonnraítear i bhfo-alt (2) den alt so an duine lena mbainfidh an t-ordú do ghlacadh agus do thógaint faoi chúram agus é choinneáil go ceann tréimhse de shé mhí ó dháta dhéanta an ordaithe nó, i gcás san a thárlachtain roimhe sin, go dtí go n-aistrítear nó go n-urscaoiltear é le húdarás ceart nó go n-éaga sé, agus féadfaid, má éalaíonn sé, é d'atógaint laistigh d'ocht lá fichead dá éis sin (ach ní fhéadfaid tar éis an tréimhse sin de shé mhí do bheith caite) agus an choinneáil adúradh a chríochnú.

[EN]

(2) Is iad daoine a bheas i dteideal duine do ghlacadh, do thógaint faoi chúram, agus d'atógaint faoin alt so ná feighilteoir an fhorais cheadaithe a luafar san ordú glactha iomchuibhe agus a oifigigh, a chúntóirí, agus a sheirbhísigh sin agus aon dochtúir oifigiúil don foras san.

[EN]

Costas iomluaite othair ionmhuirir d'íoc ar ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh a bheith déanta.

187.—(1) Íocfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe na costais réasúnta faoina raghfar maidir leis an duine lena mbainfidh ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh d'iomluadh go dtí an foras ceadaithe a luafar san ordú.

[EN]

(2) Féadfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí a bheas i gceist na costais a híocfar faoin alt so d'aisghabháil faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), fé is dá mba é bhí sna costais sin costas cúnaimh phoiblí, do réir bhrí an Achta san, a thug an t-údarás san don duine do hiomluadh.

[EN]

Comhoibriú chun duine d'aistriú ar ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh a bheith déanta.

188.—Féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a luafar in ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh comhoibriú le hiarratasóir an ordaithe, nó le haon ghaol nó caomhnóir don duine lena mbainfidh an t-ordú, chun socrú do dhéanamh i dtaobh an duine sin d'aistriú chun an óspidéil.

[EN]

Tréimhse choinneála othair shealadaigh d'fhaidiú.

189.—(1) I gcás an príomh-dhochtúir oifigiúil d'fhoras ceadaithe do theacht ar an tuairim ná beidh duine a bheas á choinneáil sa bhforas, faoi ordú glactha othair ionmhuirir shealadaigh nó ordú glactha othair phríobháidigh shealadaigh, téarnaithe i gceann na tréimhse a féadfar, de bhun míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 186 den Acht so, é choinneáil—

[EN]

(a) féadfaidh feighilteoir an fhorais a iarraidh ar an Aire an tréimhse sin d'fhaidiú,

[EN]

(b) má déantar iarraidh den tsórt san, féadfaidh an tAire más oiriúnach leis, trí ordú, an tréimhse sin d'fhaidiú tréimhse eile nach sia ná sé mhí nó, trí sreath d'ordaithe, í d'fhaidiú tréimhsí eile nach sia ná sé mhí aon tréimhse áirithe acu agus nach sia ná ocht mí dhéag a n-iomlán le chéile,

[EN]

(c) má dhéanann an tAire aon ordú nó ordaithe den tsórt san, beidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 186 den Acht so faoi réir an fhaidithe a dhéanfas an t-ordú nó na hordaithe sin ar an tréimhse sin.

[EN]

(2) An tagairt do phríomh-dhochtúir oifigiúil atá i bhfo-alt (1) den alt so déanfar, i gcás gur áitreabh chun aon duine amháin a ghlacadh an foras ceadaithe iomchuibhe, í léiriú mar thagairt do dhochtúir freastail an duine a bheas á choinneáil.

CUID XV.

Daoine a Ghlacadh i bhForais Cheadaithe mar Othair Thoildheonacha.

[EN]

Iarratas á iarraidh duine a ghlacadh mar othar thoildheonach agus mar othar ionmhuirir.

190.—(1) I gcás inar mian go ndéanfaí duine do ghlacadh mar othar thoildheonach agus mar othar ionmhuirir i bhforas ceadaithe a bheas á chothabháil ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar ina mbíonn gnáth-chomhnaí ar an duine sin nó i bhforas ceadaithe ina bhféadfar, de bhun socraithe arna dhéanamh faoi alt 102 den Acht so, othair thoildheonacha de chuid an údaráis sin a ghlacadh, féadfaidh an t-iarratasóir iomchuibhe iarratas chuige sin a chur sa bhfoirm ordaithe chun feighilteoir an fhorais sin.

[EN]

(2) I bhfo-alt (1) den alt so, ciallaíonn an abairt “an t-iarratasóir iomchuibhe”—

[EN]

(a) i gcás gur duine faoi bhun sé bliana déag an duine a mbeifear á iarraidh é ghlacadh—tuismitheoir nó caomhnóir an duine sin,

[EN]

(b) in aon chás eile—an duine sin é féin.

[EN]

(3) Beidh ag gabháil le hiarratas faoin alt so moladh ón dochtúir oifigiúil údaraithe á rá gur scrúdaigh an dochtúir sin, ar dháta sonnraithe nach luaithe ná seacht lá roimh dháta an iarratais, an duine a mbeifear á iarraidh é ghlacadh agus gurb é a thuairim go ragha sé chun tairbhe dhó é ghlacadh mar a hiarrtar.

[EN]

Iarratas á iarraidh duine a ghlacadh mar othar thoildheonach agus mar othar phríobháideach.

191.—(1) I gcás inar mian go ndéanfaí duine do ghlacadh mar othar thoildheonach agus mar othar phríobháideach i bhforas ceadaithe, féadfaidh an t-iarratasóir iomchuibhe iarratas chuige sin i scríbhinn a chur chun feighilteoir an fhorais.

[EN]

(2) I bhfo-alt (1) den alt so, ciallaíonn an abairt “an t-iarratasóir iomchuibhe”—

[EN]

(a) i gcás gur duine faoi bhun sé bliana déag an duine a mbeifear á iarraidh é ghlacadh—tuismitheoir nó caomhnóir an duine sin,

[EN]

(b) in aon chás eile—an duine sin é féin.

[EN]

(3) Beidh ag gabháil le hiarratas faoin alt so moladh ó dhochtúir leighis cláraithe á rá gur scrúdaigh an dochtúir sin, ar dháta sonnraithe nach luaithe ná seacht lá roimh dháta an iarratais, an duine a mbeifear á iarraidh é ghlacadh agus gurb é a thuairim go ragha sé chun tairbhe dhó é ghlacadh mar a hiarrtar.

[EN]

Othar toildheonach a ghlacadh agus a chóireáil.

192.—Má déantar iarratas go cuibhe faoin gCuid seo den Acht so á iarraidh duine do ghlacadh i bhforas ceadaithe mar othar thoildheonach, féadfar, má bhíonn cóiríocht don duine sin sa bhforas ná fuil ag teastáil le haghaidh duine mí-mheabhrach, an duine sin do ghlacadh sa bhforas mar othar thoildheonach agus féadfar é chóireáil ann agus, ar é bheith téarnaithe, féadfar é d'urscaoileadh.

[EN]

Costas iomluaite othair thoildheonaigh is ionghlactha mar othar ionmhuirir d'íoc.

193.—(1) I gcás ina nglacfar mar othar ionmhuirir duine a bheas le glacadh faoin gCuid seo den Acht so i bhforas ceadaithe, íocfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe na costais réasúnta faoina raghfar maidir leis an duine sin d'iomluadh go dtí an foras.

[EN]

(2) Féadfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí a bheas i gceist na costais a híocfar faoin alt so d'aisghabháil faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), fé is dá mba é a bhí sna costais sin costas cúnaimh phoiblí, do réir bhrí an Achta san, a thug an t-údarás san don duine do hiomluadh.

[EN]

Fógra ó othar thoildheonach gur mian leis foras ceadaithe d'fhágaint.

194.—(1) Duine a bheas sé bliana déag d'aois ar a laghad agus a bheas á chóireáil mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe féadfa sé fógra i scríbhinn a thabhairt gur mian leis an foras d'fhágaint tráth nach luaithe ná dhá uair sheachtód a chloig ó am an fhógra do thabhairt, agus beidh sé i dteideal, agus ligfear dó, an foras d'fhágaint i gceann an dá uair sheachtód a chloig sin nó tráth ar bith ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) Féadfaidh tuismitheoir nó caomhnóir duine faoi bhun sé bliana déag d'aois a bheas á chóireáil mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe fógra i scríbhinn a thabhairt gur mian leis an duine sin d'aistriú as an bhforas, agus beidh sé i dteideal, agus ligfear dó, an duine sin d'aistriú as an bhforas tráth ar bith tar éis dó an fógra san a thabhairt.

[EN]

(3) Is d'fheighilteoir an fhorais iomchuibhe do bhéarfar fógra faoin alt so.

[EN]

Othar toildheonach do theacht chun bheith éagumasach ó thaobh meabhrach ar a thoil a chur in iúl.

195.—I gcás duine a bheas á chóireáil mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe do theacht chun bheith éagumasach ó thaobh meabhrach ar a chur in iúl cé acu is toil nó nach toil leis fanúint sa bhforas, déanfar é d'urscaoileadh as an bhforas, chun a choimeáta ag pé duine a cheadóidh feighilteoir an fhorais, tráth nach déanaí ná ocht lá fichead tar éis dó teacht chun bheith éagumasach amhlaidh mura dtárlaí roimhe sin go dtiocfa sé chun bheith cumasach ar a thoil nó a neamhthoil a chur in iúl mar adúradh nó go bhfaghfar ordú glactha ina thaobh.

[EN]

Othar toildheonach faoi bhun 16 bliana d'aois do scor de thuismitheoir nó caomhnóir a bheith aige.

196.—I gcás duine faoi bhun sé bliana déag d'aois a bheas á chothabháil mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe do scor de thuismitheoir nó caomhnóir a bheith aige nó an tuismitheoir nó an caomhnóir a bheith éagumasach ar a dhualgais mar thuismitheoir nó caomhnóir a chomhlíonadh nó é do dhiúltú nó do mhainneachtain iad a chomhlíonadh, déanfaidh feighilteoir an fhorais tuarascáil ar thosca an cháis a chur chun an Aire agus déanfa sé do réir gach ordacháin is oiriúnach leis an Aire do thabhairt de dhruim na tuarascála san.

[EN]

Fógra i dtaobh othar toildheonach do ghlacadh, d'imeacht, nó d'éag.

197.—(1) Déanfar, tráth nach déanaí ná trí lá glan tar éis duine do ghlacadh i bhforas ceadaithe mar othar thoildheonach, fógra sa bhfoirm ordaithe i dtaobh a ghlactha do thabhairt don Aire.

[EN]

(2) Déanfar, tráth nach déanaí ná trí lá glan tar éis duine do bhí á chóireáil i bhforas ceadaithe mar othar thoildheonach d'imeacht as an bhforas san, fógra sa bhfoirm ordaithe i dtaobh a imeachta do thabhairt don Aire.

[EN]

(3) Déanfar, tráth nach déanaí ná trí lá glan tar éis duine a bhí á chóireáil i bhforas ceadaithe mar othar thoildheonach d'éag sa bhforas san, fógra i dtaobh a éaga do thabhairt don Aire.

[EN]

Clár d'othair thoildheonacha.

198.—Coimeádfaidh an tAire clár de dhaoine a glacfar i bhforais cheadaithe mar othair thoildheonacha agus iontrálfaidh sa chlár san na sonnraí ordaithe maidir le gach duine faoi leith den tsórt san.

[EN]

CUID XVI.

Daoine a Bheas a gCoinneail faoi Ordaithe Glactha.

[EN]

Cóip d'ordú glactha a thabhairt don Aire.

199.—(1) Nuair a déanfar duine do ghlacadh i bhforas meabhair-ghalar agus é choinneáil ann bhéarfar cóip den ordú glactha a bhainfeas leis agus de na scríbhní a bheas ag gabháil leis an ordú san don Aire tráth nach déanaí ná trí lá glan tar éis a ghlactha.

[EN]

(2) Nuair a gheobhaidh an tAire, tar éis duine do ghlacadh i bhforas meabhair-ghalar faoi ordú glactha othair phríobháidigh, na scríbhní is gá do thabhairt dó faoin alt so, cuirfe sé san in iúl do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte agus, má iarrann an Cláraitheoir air é, bhéarfaidh dó cóipeanna de na scríbhní sin.

[EN]

Clár de dhaoine a glacfar i bhforais mheabhairghalar faoi ordaithe glactha.

200.—(1) Coimeádfaidh an tAire gach cóip a bhéarfar dó faoin alt deiridh sin roimhe seo agus iontrálfaidh astu san i gclár a choimeádfa sé ainm gach duine a dtaspánfar gur glacadh i bhforas meabhair-ghalar é maraon le pé sonnraí a hordófar i dtaobh an ordaithe ghlactha agus i dtaobh na scríbhní a bheas ag gabháil leis an ordú san.

[EN]

(2) Féadfaidh duine ar bith eolas d'iarraidh ar an Aire i dtaobh cé acu do hiontráladh nó nár hiontráladh sonnraí i dtaobh aon duine áirithe sa chlár a bheas á choimeád faoin alt so agus bhéarfaidh an tAire, más dóigh leis an t-iarratas bheith réasúnach, go ndéanfar scrúdú ar an gclár san.

[EN]

(3) Má taspántar go bhfuil duine a ndearnadh iarratas ina thaobh faoi fho-alt (2) den alt so á choinneáil faoi ordú glactha, bhéarfaidh an tAire don iarratasóir (más deimhin leis an Aire gur duine é ar ceart an t-eolas a thabhairt dó) ainm fheighilteoir an fhorais a bheas luaite san ordú glactha, suíomh an fhorais sin agus, más oiriúnach leis an Aire, cóip den ordú glactha agus d'aon scríbhinn a bhí ag gabháil leis an ordú glactha.

[EN]

Tuarascáil don Aire ar lá is fiche a bheith caite tar éis duine a ghlacadh faoi ordú glactha.

201.—(1) Déanfaidh príomh-dhochtúir oifigiúil forais mheabhairghalar, ar lá is fiche bheith caite tar éis duine do ghlacadh faoi ordú glactha sa bhforas, tuarascáil sa bhfoirm ordaithe ar staid mheabhrach agus choirp an duine a glacadh d'ullmhú agus do thabhairt don Aire.

[EN]

(2) An tagairt do phríomh-dhochtúir oifigiúil atá i bhfo-alt (1) den alt seo déanfar, i gcás gur áitreabh chun aon duine amháin a ghlacadh an foras meabhair-ghalar iomchuibhe, í léiriú mar thagairt do dhochtúir freastail an duine a glacfar.

[EN]

(3) Má fhaillíonn aon dochtúir oifigiúil nó dochtúir freastail aon cheanglas a cuirtear air leis an alt so do chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint a chur air.

[EN]

Fógra i dtaobh duine d'éaló, etc., a thabhairt don Aire.

202.—(1) I gcás duine a bheas á choinneáil i bhforas meabhairghalar d'éaló nó é d'aistriú nó d'urscaoileadh as an bhforas san nó é d'éag, bhéarfar don Aire, laistigh de thrí lá ina dhiaidh sin, fógra i scríbhinn i dtaobh an duine sin d'éaló, d'aistriú, d'urscaoileadh, nó d'éag agus beidh an fógra san sa bhfoirm ordaithe agus beidh na sonnraí ordaithe ann.

[EN]

(2) I gcás duine do bhí á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar agus d'éalaigh nó do haistríodh as do ghlacadh arís sa bhforas nó do thabhairt thar n-ais ann bhéarfar don Aire, laistigh de thrí lá ina dhiaidh sin, fógra i scríbhinn i dtaobh an duine do ghlacadh nó do thabhairt thar n-ais, agus beidh an fógra san sa bhfoirm ordaithe agus beidh na sonnraí ordaithe ann.

[EN]

(3) Nuair a gheobhaidh an tAire fógra faoin alt so maidir le duine a bheas á choinneáil faoi ordú glactha othair phríobháidigh, cuirfe sé san in iúl do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte agus, má iarrann an Cláraitheoir air é, bhéarfaidh cóip den fhógra faoin alt so dhó.

[EN]

(4) Coimeádfaidh an tAire gach fógra do bhéarfar dó faoin alt so agus déanfaidh na sonnraí ordaithe maidir leis an bhfógra san d'iontráil sa chlár a bheas a choimeád faoin gCuid seo den Acht so.

234

[EN]

Duine a bheith as láthair ar promhadh.

203.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, a cheadú do dhuine a bheas á choinneáil san óspidéal san nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu bheith as láthair ón óspidéal nó ón bhforas eile sin ar promhadh ar feadh aon tréimhse nach sia ná tríocha lá, agus féadfaid an tréimhse sin d'fhaidiú tréimhse bhreise nach sia ná tríocha lá nó dhá thréimhse nó níos mó den tsórt san nach sia ná nócha lá a n-iomlán le chéile.

[EN]

(2) Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a cheadú do dhuine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar, nach foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, bheith as láthair ón bhforas san ar promhadh ar feadh aon tréimhse nach sia ná tríocha lá, agus féadfaidh an tréimhse sin d'fhaidiú tréimhse bhreise nach sia ná tríocha lá nó dhá thréimhse nó níos mó den tsórt san nach sia ná nócha lá a n-iomlán le chéile.

[EN]

(3) I gcás gan duine a bheas as láthair ar promhadh faoin alt so do theacht thar n-ais i gceann na tréimhse nó na tréimhse faidithe is cead dó bheith as láthair agus gan deimhniú ó dhochtúir leighis cláraithe do thabhairt d'fheighilteoir an fhorais mheabhair-ghalar iomchuibhe á dheimhniú nach gá a thuilleadh an duine sin a choinneáil, féadfar, tráth ar bith laistigh d'ocht lá fichead tar éis an tréimhse nó an tréimhse fhaidithe sin bheith caite, é d'atógaint fé is dá mbeadh sé tar éis éaló as an bhforas san.

[EN]

(4) I gcás duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir agus a bheas as láthair ar promhadh faoin alt so ó óspidéal meabhairghalar ceantair nó foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, féadfaidh an t-údarás a ordú go n-íocfar i leith an duine sin ar feadh na tréimhse a bheas sé as láthair ar promhadh liúntas nach mó ná meán-chostas cothabhála othair ionmhuirir san óspidéal nó sa bhforas eile sin ar feadh na tréimhse sin, agus déanfar an liúntas a mhuirearú in aghaidh an duine sin agus beidh sé iníoctha fé is dá mbeadh sé san óspidéal nó sa bhforas eile sin, ach íocfar leis nó chun tairbhe dhó é mar ordóidh an t-údarás.

[EN]

Duine a bheith as láthair ar parúl.

204.—(1) Féadfaidh príomh-dhochtúir oifigiúil forais mheabhairghalar a cheadú do dhuine a bheas á choinneáil sa bhforas san agus nach dainséar dó féin ná do dhaoine eile bheith as láthair ón bhforas san ar parúl ar feadh aon tréimhse nach sia ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig.

[EN]

(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt so do phríomh-dhochtúir oifigiúil déanfar, i gcás gur áitreabh chun aon duine amháin a ghlacadh an foras meabhair-ghalar iomchuibhe, í léiriú mar thagairt do dhochtúir freastail an duine a bheas á choinneáil.

[EN]

(3) I gcás gan duine a bheas as láthair ar parúl faoin alt so ó fhoras meabhair-ghalar do theacht thar n-ais i gceann na tréimhse is cead dó bheith as láthair féadfar, tráth ar bith laistigh d'ocht lá fichead tar éis an tréimhse sin bheith caite, é d'atógaint fé is dá mbeadh sé tar éis éaló as an bhforas san.

[EN]

Údarás óspidéil mheabhairghalar d'iomaistriú othair go dtí foras eile a bheas á chothabháil acu.

205.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair—

[EN]

(a) othar a bheas á choinneáil san óspidéal san d'iomaistriú go dtí aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu, agus

[EN]

(b) othar a bheas á choinneáil i bhforas (seachas an t-óspidéal san) a bheas á chothabháil acu d'iomaistriú go dtí an t-óspidéal san nó go dtí aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu.

[EN]

Duine d'iomaistriú go dtí óspidéal meabhairghalar ceantair eile.

206.—(1) Más é tuairim údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, go raghadh sé chun tairbhe do shláinte dhuine a bheas á choinneáil san óspidéal san nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu, nó gur gá chun cóireáil speisialta d'fháil don duine sin, é d'iomaistriú go sealadach go dtí óspidéal meabhair-ghalar ceantair eile ina bhféadfar é ghlacadh de bhun socraithe faoin alt so, féadfaidh an t-údarás a iarraidh ar an Aire ordú do dhéanamh ag ordú agus ag údarú an iomaistrithe agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-ordú do dhéanamh agus féadfaidh tráth ar bith ina dhiaidh sin, arna iarraidh sin don údarás agus iad ag gníomhú dhóibh mar adúradh, a ordú agus a údarú, le hordú, an duine sin a chur thar n-ais go dtí an t-óspidéal nó an foras eile ónar hiomaistríodh é.

[EN]

(2) Faoi réir forál fo-ailt (1) den alt so, féadfaidh aon dá údarás óspidéil mheabhair-ghalar socrú chun críocha an fho-ailt sin a dhéanamh agus a chur i ngníomh.

[EN]

Duine d'iomaistriú go dtí Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma.

207.—(1) I gcás ina ndéanfar—

[EN]

(a) duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar do chúiseamh i gcionta indíotálta i láthair breithimh den Chúirt Dúiche a shuífeas san óspidéal meabhair-ghalar ceantair sin nó sa bhforas eile sin, agus

[EN]

(b) fianaise do thabhairt is dóigh leis an mbreitheamh is fianaise prima facie

[EN]

(i) go ndearna an duine sin an cionta, agus

[EN]

(ii) go mbeadh sé, dá gcuirtí ar triail é, neamh-inniúil ar phléideáil,

[EN]

deimhneoidh an breitheamh, le hordú, gur duine oiriúnach chun a iomaistrithe go dtí Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma an duine sin agus bhéarfaidh go gcuirfear cóipeanna den ordú san chun an Aire agus chun feighilteora an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair nó an fhorais eile sin.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt so maidir le duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile—

[EN]

(a) coiméadfar an duine sin san óspidéal meabhair-ghalar ceantair sin nó sa bhforas eile sin agus leanfar d'é choinneáil ann faoi réir aon ordaithe arna dhéanamh faoin bhfo-alt so,

[EN]

(b) ceanglóidh an tAire ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar an duine sin d'fhiosrú agus tuarascáil ar staid a mheabhrach a thabhairt don Aire,

[EN]

(c) tar éis dó tuarascáil an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a bhreithniú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú agus a údarú, le hordú, an duine sin d'iomaistriú go dtí Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire a ordú agus a údarú, le hordú, duine do hiomaistríodh faoi ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt so do chur thar n-ais go dtí an t-óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó an foras eile ónar hiomaistríodh é.

[EN]

(4) Má chomhaontaíonn agus má dheimhníonn gobharnóir agus liaigh comhnaitheach Phríomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma agus an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, maidir le duine do hiomaistríodh faoi ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt so ná fuil sé a thuilleadh ina dhuine mí-mheabhrach, urscaoilfidh an gobharnóir agus an liaigh sin an duine sin agus, más gá san, íocfaidh leis a chostais taistil chun a bhaile féin.

[EN]

Duine d'aistriú i gcóir cóireála speisialta.

208.—(1) Más é tuairim údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair, gur gá do dhuine a bheas á choinneáil san óspidéal san nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu cóireáil (lena n-áirítear cóireáil mháinliachta) ná beidh le fáil ach de bhun an ailt seo, féadfaidh an t-údarás a ordú agus a údarú an duine sin d'aistriú go dtí aon óspidéal nó áit eile ina mbeidh an chóireáil sin le fáil agus ina bhféadfar é ghlacadh de bhun socraithe faoin alt so.

[EN]

(2) Faoi réir forál fo-ailt (1) den alt so, féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus údarás rialaithe aon óspidéil nó áite eile ina mbeidh cóireáil le fáil socrú do dhéanamh agus do chur i ngníomh chun críocha an fho-ailt sin.

[EN]

(3) Más é tuairim dochtúra freastail dhuine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar, nach foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, gur gá don duine sin cóireáil (lena n-áirítear cóireáil mháinliachta) ná beidh le fáil ach de bhun an ailt seo, féadfa sé a ordú agus a údarú an duine sin d'aistriú go dtí aon óspidéal nó áit eile ina mbeidh an chóireáil le fáil agus a gcomhaontófar é ghlacadh ann.

[EN]

(4) I gcás duine d'aistriú faoin alt so ó fhoras meabhair-ghalar, déanfar tuarascáil ina mbeidh sonnraí iomlána i dtaobh a aistrithe do thabhairt don Aire tráth nach déanaí ná trí lá tar éis a aistrithe.

[EN]

(5) Duine a haistreofar faoin alt so go dtí óspidéal nó áit eile, féadfar é choimeád ann faid is gá chun críche a chóireála agus bhéarfar thar n-ais ansan é go dtí an áit ónar haistríodh é mura ndeimhní dochtúir leighis cláraithe nach gá a thuilleadh é choinneáil.

[EN]

Duine a chur amach ar iostas.

209.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar socrú do dhéanamh agus do chur i ngníomh chun aon duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir ina n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu do chur amach ar iostas i dtigh comhnaithe príobháideach (laistigh nó lasmuigh dá gceantar óspidéil mheabhair-ghalar).

[EN]

(2) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, le toiliú iarratasóra an ordaithe ghlactha iomchuibhe, socrú do dhéanamh agus do chur i ngníomh chun aon duine a bheas á choinneáil mar othar phríobháideach ina n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu do chur amach ar iostas i dtigh comhnaithe príobháideach (laistigh nó lasmuigh dá gceantar óspidéil mheabhair-ghalar).

[EN]

(3) Ní déanfar duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhairghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar do chur amach ar iostas faoin alt so ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha so leanas:—

[EN]

(a) go molfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil sin an duine do chur amach ar iostas,

[EN]

(b) go ndeimhneoidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach nach gá don duine cóireáil i bhforas agus nach dainséar dó féin ná do dhaoine eile é,

[EN]

(c) gur deimhin leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar go mbeidh an duine i dtigh compórdach, go bhfagha sé dóthain bídh agus éadaigh, agus go gcuirfear cóir oiriúnach air thairis sin,

[EN]

(d) gur deimhin leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalar gur duine iontaobhach feighilteoir an tighe chomhnaithe bheartaithe agus go ndéanfa sé do réir na n-ordachán a bhéarfar dó maidir leis an duine a cuirfear amach ar iostas,

[EN]

(e) ná cuirfear aon duine eile amach ar iostas faoin alt so sa tigh comhnaithe céanna.

[EN]

(4) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, faoi réir aon rialachán is oiriúnach leis an Aire a dhéanamh chuige sin, coiste nó coistí do cheapadh chun othair a bheas curtha amach ar iostas ag an údarás faoin alt so d'fhiosrú agus chun tuarascáil ar staid na n-othar san agus na dtithe comhnaithe a mbeid amuigh ar iostas iontu do thabhairt don údarás.

[EN]

Forála is infheidmhe i gcás othar ionmhuirir a chur amach ar iostas.

210.—(1) I gcás ina ndéanfaidh údarás óspidéil mheabhairghalar duine (dá ngairmtear an t-othar sa bhfo-alt so) a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir a chur amach ar iostas faoi alt 209 den Acht so in aon tigh comhnaithe, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) cuirfidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar in iúl don Aire gur cuireadh an t-othar amach ar iostas,

[EN]

(b) déanfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe an t-othar d'fhiosrú ó am go ham agus ar a laghad uair amháin gach trí mhí,

[EN]

(c) déanfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach óspidéil mheabhair-ghalar cheantair an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar nó dochtúir oifigiúil eile don óspidéal san an t-othar d'fhiosrú ó am go ham agus ar a laghad dhá uair sa bhliain nó, má ordaíonn an tAire é d'fhiosrú níos minice, chomh minic ar a laghad agus is cuibhe do réir an ordacháin,

[EN]

(d) aon uair a fiosrófar an t-othar de bhun míre (b) nó (c) den fho-alt so, iontrálfaidh an duine a dhéanfas an fiosrú tuairisc ar an bhfiosrú i leabhar a choimeádfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe agus a thabharfa sé ar áird chun an iontráil sin a dhéanamh ann,

[EN]

(e) déanfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe nó an príomhdhochtúir comhnaitheach, ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar dá cheangal air aon eolas a thabhairt i dtaobh an othair nó an tighe chomhnaithe, an t-eolas san a thabhairt uaidh,

[EN]

(f) déanfaidh an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe nó an príomh-dhochtúir comhnaitheach, mura mbeidh sé sásta le staid an othair nó an tighe chomhnaithe nó má mheasann sé gur gá aon mholadh a dhéanamh maidir leis an othar, tuarascáil speisialta ar an gcás a thabhairt don údarás óspidéil mheabhair-ghalar,

[EN]

(g) i gcás cabhair dochtúra do bheith ag teastáil ón othar tráth ar bith, déanfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe—

[EN]

(i) an ní do thuairisciú don oifigeach chúnaimh iomchuibhe nó, i gcás práinne, fios a chur ar dhochtúir oifigiúil an cheantair íclainne ina mbeidh an tigh comhnaithe nó, mura mbeidh an dochtúir sin ar fáil, ar aon dochtúir leighis cláraithe eile, agus

[EN]

(ii) an ní do thuairisciú don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach agus ainm an dochtúra oifigiúil nó an dochtúra leighis chláraithe eile (más ann) ar ar cuireadh fios do luadh sa tuarascáil sin,

[EN]

(h) má bhíonn an t-othar breoite agus gurb é tuairim dochtúra leighis a bheas ag freastal ar an othar go bhfuil éinní neamhghnáthach ag baint leis an mbreoiteacht ar cheart é chur in iúl don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach, tuairisceoidh an dochtúir an bhreoiteacht don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach,

[EN]

(i) féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar tráth ar bith an t-othar d'aistriú go dtí aon fhoras a bheas á chothabháil acu nó go dtí tigh comhnaithe príobháideach eile agus, má éiríonn an t-othar dainséarach dó féin nó do dhaoine eile, beidh de dhualgas ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar é d'aistriú láithreach go dtí foras a bheas á chothabháil acu,

[EN]

(j) má dhéanann an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar othar d'aistriú de bhun míre (i) den fho-alt so, cuirfid an t-aistriú in iúl don Aire,

[EN]

(k) féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ar mholadh an phríomh-dhochtúra chomhnaithigh, an t-othar d'urscaoileadh má scoireann sé de bheith ina dhuine mí-mheabhrach,

[EN]

(l) má hurscaoiltear an t-othar, déanfaidh an príomhdhochtúir comhnaitheach, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis a urscaoilte, san a chur in iúl don Aire,

[EN]

(m) má éagann an t-othar, déanfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe a bhás a chur in iúl láithreach don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach,

[EN]

(n) ar thuairisc d'fháil dó ar bhás an othair, cuirfidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach a bhás in iúl don Aire,

[EN]

(o) is é an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chinnfeas an íocaíocht a bheas le déanamh ag an údarás óspidéil mheabhair-ghalar as an othar do chothabháil, d'éadú agus d'aireachasú faid a bheas sé amuigh ar iostas, ach ní raghaidh an íocaíocht san thar pé suim a cheadóidh an tAire,

[EN]

(p) féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, tráth ar bith, an t-othar d'fhiosrú nó an tigh comhnaithe d'iniúchadh agus bhéarfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe gach saoráid réasúnach don Chigire chun an fiosrú nó an t-iniúchadh san a dhéanamh, agus déanfaidh freisin an leabhar a bheas á choimeád aige chun críocha míre (d) den fho-alt so do thabhairt ar áird chun a iniúchta ag an gcigire.

[EN]

(2) Má fhaillíonn duine ar bith aon ghníomh a dhéanamh a ceangaltar air le fo-alt (1) den alt so a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

[EN]

Forála is infheidhme i gcás othar príobháideach a chur amach ar iostas.

211.—(1) I gcás ina ndéanfaidh údarás óspidéil mheabhairghalar duine (dá ngairmtear an t-othar sa bhfo-alt so) a bheas á choinneáil mar othar phríobháideach a chur amach ar iostas faoi alt 209 den Acht so in aon tigh comhnaithe, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) cuirfidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar in iúl don Aire gur cuireadh an t-othar amach ar iostas,

[EN]

(b) déanfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach óspidéil mheabhair-ghalar cheantair an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar nó dochtúir oifigiúil eile don óspidéal san an t-othar d'fhiosrú ó am go ham agus ar a laghad uair amháin i ngach trí mhí nó, má ordaíonn an tAire é d'fhiosrú níos minice, chomh minic ar a laghad agus is cuibhe do réir an ordacháin,

[EN]

(c) aon uair a fiosrófar an t-othar de bhun míre (b) den fho-alt so iontrálfaidh an duine a dhéanfas an fiosrú tuairisc ar an bhfiosrú i leabhar a choimeádfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe agus a thabharfa sé ar áird chun an iontráil sin a dhéanamh ann,

[EN]

(d) déanfaidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach, ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar dá cheangal air aon eolas a thabhairt i dtaobh an othair nó an tighe chomhnaithe, an t-eolas san a thabhairt uaidh,

[EN]

(e) déanfaidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach, mura mbeidh sé sásta le staid an othair nó an tighe chomhnaithe nó má mheasann sé gur gá aon mholadh a dhéanamh maidir leis an othar, tuarascáil speisialta ar an gcás a thabhairt don údarás óspidéil mheabhairghalar,

[EN]

(f) i gcás cabhair dochtúra do bheith ag teastáil ón othar tráth ar bith, déanfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe—

[EN]

(i) an ní do thuairisciú don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach, nó

[EN]

(ii) i gcás práinne, fios a chur ar aon dochtúir leighis cláraithe agus ainm an dochtúra san a chur in iúl don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach agus a thuairisciú dhó gur cuireadh fios air,

[EN]

(g) má bhíonn an t-othar breoite agus gurb é tuairim dochtúra leighis a bheas ag freastal ar an othar go bhfuil éinní neamhghnáthach ag baint leis an mbreoiteacht ar cheart é chur in iúl don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach, tuairisceoidh an dochtúir an bhreoiteacht don phríomhdhochtúir chomhnaitheach,

[EN]

(h) féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, tráth ar bith, an t-othar d'aistriú go dtí aon fhoras a bheas á chothabháil acu nó go dtí tigh comhnaithe príobháideach eile agus, má éiríonn an t-othar dainséarach dó féin nó do dhaoine eile, beidh de dhualgas ar an údarás óspidéil mheabhair-ghalar é d'aistriú láithreach go dtí foras a bheas á chothabháil acu,

[EN]

(i) má dhéanann an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar an t-othar d'aistriú de bhun míre (h) den fho-alt so, cuirfid an t-aistriú in iúl don Aire,

[EN]

(j) féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ar mholadh an phríomh-dhochtúra chomhnaithigh, an t-othar d'urscaoileadh má scoireann sé do bheith ina dhuine mí-mheabhrach,

[EN]

(k) má hurscaoiltear an t-othar, déanfaidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis a urscaoilte, san a chur in iúl don Aire,

[EN]

(l) má éagann an t-othar, déanfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe a bhás a chur in iúl láithreach don phríomh-dhochtúir chomhnaitheach,

[EN]

(m) ar thuairisc d'fháil dó ar bhás an othair, cuirfidh an príomh-dhochtúir comhnaitheach a bhás in iúl don Aire,

[EN]

(n) féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, tráth ar bith, an t-othar d'fhiosrú nó an tigh comhnaithe d'iniúchadh agus bhéarfaidh feighilteoir an tighe chomhnaithe gach saoráid réasúnach don Chigire chun an fiosrú nó an t-iniúchadh san a dhéanamh agus déanfaidh freisin an leabhar a bheas á choimeád aige chun críocha míre (c) den fho-alt so do thabhairt ar áird chun a iniúchta ag an gCigire.

[EN]

(2) Má fhaillíonn duine ar bith aon ghníomh a dhéanamh a ceangaltar air le fo-alt (1) den alt so do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

[EN]

Socrú i dtaobh cothabhála.

212.—(1) Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ag gníomhú dhóibh ar chomhairle phríomh-dhochtúra chomhnaithigh a n-óspidéil mheabhair-ghalar cheantair agus faoi réir thoiliú an Aire, socrú do dhéanamh agus do chur i ngníomh go gcothabhálfar, in aon fhoras meabhair-ghalar a cheadóidh an tAire chuige sin agus ar feadh pé tréimhse a mheasfaid is ceart, duine ar bith a bheas á choinneáil san óspidéal san nó in aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu.

[EN]

(2) Má dhéanann údarás óspidéil mheabhair-ghalar socrú faoin alt so chun duine ar bith a chothabháil, cuirfid in iúl don Aire an chothabháil do thosnú.

[EN]

(3) Má déantar duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir a chothabháil de bhun an ailt seo, is í ranníoc a bheas le déanamh ag an údarás óspidéil mheabhair-galar a shocraigh an chothabháil i leith costas na cothabhála san ná suim ná raghaidh, gan toiliú an Aire, thar meán-chostas cothabhála othair ionmhuirir in óspidéal meabhair-ghalar ceantair an údaráis sin arna ríomh sa tslí ordaithe.

[EN]

Duine d'iomaistriú ó fhoras meabhairghalar ná beidhá chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar.

213.—(1) An duine a bheas ag seoladh forais mheabhair-ghalar ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar féadfa sé, le toiliú an Aire, duine a bheas á choinneáil sa bhforas d'iomaistriú ar mhaithe lena shláinte go dtí aon áit áirithe go ceann aon tréimhse áirithe, agus féadfaidh ó am go ham, le toiliú an Aire, an áit sin d'athrú agus an tréimhse sin d'fhaidiú.

[EN]

(2) An duine a bheas ag seoladh forais mheabhair-ghalar ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar féadfa sé iarratas a chur chun an Aire ag iarraidh ordaithe á údarú duine a bheas á choinneáil sa bhforas faoi ordú glactha d'iomaistriú go dtí foras meabhair-ghalar eile, agus air sin féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-iomaistriú san d'údarú le hordú.

[EN]

(3) Sar a dtuga an tAire toiliú faoi fho-alt (1) den alt so nó sara ndéana sé ordú faoi fho-alt (2) den alt so, taspánfar dó ceadú i scríbhinn don iomaistriú a bheas beartaithe agus é sínithe ag an duine d'iarr an t-ordú glactha a bhainfeas leis an duine a bheas beartaithe d'iomaistriú mura rud é go ndéanfaidh an tAire, ar chúis chuibhe dá suíomh, taspáint an cheadaithe sin a ligean ar ceal.

[EN]

Duine d'iomaistriú ar iarratasóir an ordaithe ghlactha dá iarraidh sin.

214.—Má dhéanann an duine d'iarr an t-ordú glactha faoina mbeidh duine á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar iarratas a chur chun an Aire ag iarraidh ordaithe á údarú an duine a bheas á choinneáil d'iomaistriú go dtí foras meabhair-ghalar eile, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-iomaistriú san d'údarú le hordú.

[EN]

Duine a bheas á choinneáil mar othar phríobháideach d'urscaoileadh de dhruim ordacháin.

215.—(1) Duine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar mar othar phríobháideach urscaoilfear é ar ordachán d'fháil i scríbhinn ón duine do rinne an íocaíocht deiridh i leith an duine a bheas á choinneáil.

[EN]

(2) Mura mbeidh an duine ar fáil a gcumhachtaítear dó le fo-alt (1) den alt so ordachán a thabhairt, féadfaidh fear céile nó bean chéile an duine a bheas á choinneáil nó, mura mbeidh aon fhear céile nó bean chéile ann nó ná beidh an fear céile nó an bhean chéile ar fáil, athair an duine a bheas á choinneáil nó, mura mbeidh aon athair ann nó ná beidh sé ar fáil, máthair an duine a bheas á choinneáil nó, mura mbeidh aon mháthair ann nó ná beidh sí ar fáil, éinne de na daoine is gaire i ngaol don duine a bheas á choinneáil, an t-ordachán a thabhairt.

[EN]

(3) Duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar, ní hurscaoilfear é faoin alt so ach amháin le ceadú an údaráis.

[EN]

Mian a bheith ag duine a bheas á choinneáil go nglacfaí é mar othar thoildheonach.

216.—(1) I gcás—

[EN]

(a) duine a bheas á choinneáil faoi ordú glactha in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar do theacht chun bheith cumasach ar a chur in iúl, agus go gcuirfidh in iúl, gur mian leis go nglacfaí é mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe, agus

[EN]

(b) an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar maraon leis an bpríomh-dhochtúir comhnaitheach dá cheadú san a dhéanamh, agus

[EN]

(c) na bearta is gá chuige sin a bheith arna ndéanamh faoi Chuid XV den Acht so,

[EN]

déanfar an duine a bheas á choinneáil d'urscaoileadh as an óspidéal nó an foras eile sin chun a ghlactha mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe.

[EN]

(2) Is é a dhéanfas an moladh dá dtagartar i bhfo-alt (3) d'alt 190 den Acht so, i gcás iarratais arna dhéanamh de bhun fo-ailt (1) den alt so maidir le duine a bheas á choinneáil i bhforas agus ná beidh gnáth-chomhnaí air sa cheantar íclainne ina mbeidh an foras, ná an dochtúir oifigiúil údaraithe ar chuibhe gurb é a dhéanfadh an moladh dá mbeadh gnáth-chomhnaí ar an duine sin sa cheantar íclainne sin.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) duine a bheas á choinneáil faoi ordú glactha i bhforas príobháideach, i bhforas déirciúil príobháideach, nó i bhforas údaraithe do theacht chun bheith cumasach ar a chur in iúl, agus go gcuirfidh in iúl, gur mian leis go nglacfaí é mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe, agus

[EN]

(b) feighilteoir an fhorais maraon le príomh-dhochtúir oifigiúil an fhorais dá cheadú san a dhéanamh, agus

[EN]

(c) na bearta is gá chuige sin a bheith arna ndéanamh faoi Chuid XV den Acht so,

[EN]

déanfar an duine a bheas á choinneáil d'urscaoileadh as an bhforas san chun a ghlactha mar othar thoildheonach i bhforas ceadaithe.

[EN]

(4) An tagairt atá i bhfo-alt (3) den alt so do phríomhdhochtúir oifigiúil forais phríobháidigh déanfar, i gcás gur áitreabh chun aon duine amháin a ghlacadh an foras, í léiriú mar thagairt do dhochtúir freastail an duine a glacfar.

[EN]

Fógra i dtaobh téarnaimh dhuine a bheas á choinneáil mar othar phríobháideach.

217.—(1) Más deimhin le feighilteoir forais mheabhair-ghalar duine a bheas á choinneáil ann mar othar phríobháideach a bheith téarnaithe, bhéarfa sé fógra á rá san don duine do rinne an íocaíocht deiridh i leith an duine a bheas á choinneáil, agus déarfar sa bhfógra go ndéanfar, mura n-aistrítear an duine a bheas á choinneáil roimh dháta sonnraithe nach luaithe ná seacht lá tar éis dáta an fhógra do thabhairt, é d'urscaoileadh.

[EN]

(2) Mura ndéantar duine a dtabharfar fógra ina thaobh faoin alt so d'aistriú ón bhforas ina mbeidh sé á choinneáil roimh an dáta a sonnrófar chuige sin sa bhfógra, urscaoilfear é láithreach.

[EN]

(3) Ní tabharfar fógra faoin alt so i dtaobh duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar ach amháin le ceadú an údaráis.

[EN]

Fógra i dtaobh téarnaimh dhuine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir.

218.—(1) Más deimhin le feighilteoir óspidéil mheabhair-ghalar cheantair nó forais eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar duine a bheas á choinneáil ann mar othar ionmhuirir a bheith téarnaithe, bhéarfa sé fógra á rá san do pé gaol (más eol dó a leithéid a bheith ann) don duine a bheas á choinneáil a mheasfaidh is ceart, agus déarfar sa bhfógra go ndéanfar, mura n-aistrítear an duine a bheas á choinneáil roimh dháta sonnraithe nach luaithe ná seacht lá tar éis dáta an fhógra do thabhairt, é d'urscaoileadh.

[EN]

(2) Mura ndéantar duine a dtabharfar fógra ina thaobh faoin alt so d'aistriú ón bhforas ina mbeidh sé á choinneáil roimh an dáta a sonnrófar chuige sin sa bhfógra, urscaoilfear é láithreach.

[EN]

(3) Ní tabharfar fógra faoin alt so i dtaobh duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar ach amháin le ceadú an údaráis.

[EN]

(4) Nuair a déanfar, de dhruim fógra faoin alt so, duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'aistriú nó d'urscaoileadh, féadfaidh an t-údarás, má mheasaid gur ceart é, pé suim is réasúnach leo d'íoc leis nó ina thaobh i leith a chostas taistil ar a thuras abhaile.

[EN]

Duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir d'urscaoileadh i gcás nach eol aon ghaol a bheith aige.

219.—(1) Más deimhin le feighilteoir óspidéil mheabhair-ghalar cheantair nó forais eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar duine a bheas á choinneáil ann mar othar ionmhuirir a bheith téarnaithe ach nach eol don fheighilteoir sin aon ghaol don duine a bheas á choinneáil a bhféadfaí fógra do thabhairt dó faoi alt 218 den Acht so, urscaoilfear an duine a bheas á choinneáil.

[EN]

(2) Ní déanfar duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhairghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'urscaoileadh faoin alt so ach amháin le ceadú an údaráis.

[EN]

(3) Nuair a déanfar duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'urscaoileadh faoin alt so, féadfaidh an t-údarás, má mheasaid gur ceart é, pé suim is réasúnach leo d'íoc leis nó ina thaobh i leith a chostas taistil ar a thuras abhaile.

[EN]

Iarratas ó ghaol nó cara do dhuine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir chun an duine sin d'aireachasú.

220.—(1) Féadfaidh aon ghaol nó cara do dhuine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar iarratas a chur chun feighilteoir an fhorais ag iarraidh ceada chun an duine a bheas á choinneáil d'aireachasú agus, ar an iarratas san d'fháil dó, féadfaidh feighilteoir an fhorais, más oiriúnach leis é agus más deimhin leis go dtabharfar aireachas ceart don duine a bheas á choinneáil, an duine a bheas á choinneáil d'urscaoileadh.

[EN]

(2) Ní déanfar duine a bheas á choinneáil in óspidéal meabhairghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'urscaoileadh faoin alt so ach amháin le ceadú an údaráis.

[EN]

Deimhniú go bhfuil duine a beartaítear d'urscaoileadh neamhoiriúnach chuige sin.

221.—(1) D'ainneoin éinní dá bhfuil sa Chuid seo den Acht so ní déanfar, ach amháin i gcás ina n-ordóidh an tAire an duine sin d'urscaoileadh faoin Acht so, duine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar d'urscaoileadh más rud é (i gcás óspidéil mheabhair-ghalar cheantair nó forais eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar) go dtabharfaidh an príomhdhochtúir comhnaitheach, nó (in aon chás eile) a dhochtúir freastail, deimhniú i scríbhinn, ina luafar na fátha atá leis, á dheimhniú an duine sin a bheith dainséarach nó é bheith neamhoiriúnach ar shlí eile chun a urscaoilte.

[EN]

(2) I gcás deimhniú do thabhairt faoin alt so, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) féadfaidh an duine lena mbainfidh an deimhniú, nó féadfar thar a cheann, fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire ag cur i gcoinne an deimhnithe,

[EN]

(b) ar an bhfógra san d'fháil dó, féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt d'fheighilteoir an fhorais mheabhair-ghalar iomchuibhe, a cheangal ar an bhfeighilteoir sin cóip den deimhniú do thabhairt don Aire agus déanfaidh an feighilteoir sin do réir an cheanglais sin láithreach,

[EN]

(c) féadfaidh an tAire, ar an gcóip sin den deimhniú d'fháil dó, a cheangal ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar an duine lena mbainfidh an deimhniú do scrúdú,

[EN]

(d) tar éis dó tuarascáil an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar i dtaobh a scrúdaithe ar an duine lena mbainfidh an deimhniú do bhreithniú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus más rud é ná beidh níos mó ná ceithre lá déag caite ó fuair sé an chóip sin den deimhniú, a ordú, le hordú, an duine lena mbainfidh an deimhniú d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an duine sin dá réir sin.

[EN]

Ordú chun othar a scrúdú.

222.—(1) Féadfaidh duine ar bith iarratas a chur chun an Aire ag iarraidh ordaithe chun duine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar a scrúdú, ar chostas an iarratasóra, ag beirt dochtúirí leighis cláraithe a cheadóidh an tAire, agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-ordú san a dhéanamh.

[EN]

(2) Má dhéanann an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt so chun duine a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar a scrúdú ag beirt dochtúirí leighis cláraithe déanfar, ar iad do thíolacadh an ordaithe ag an bhforas, na dochtúirí do ligean isteach agus ceadófar dóibh an duine sin a scrúdú ar dhá ócáid, a mbeidh seacht lá ar a laghad eatarthu, agus má dheimhníonn na dochtúirí gur féidir an duine sin d'urscaoileadh gan baol díobhála dó féin ná do dhaoine eile féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, an duine sin d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an duine sin dá réir sin.

[EN]

Duine a hurscaoileadh d'fhiosrú tar éis é bheith á choinneáil mar othar ionmhuirir.

223.—Féadfaidh údarás óspidéil mheabhair-ghalar a ordú d'aon dochtúir oifigiúil dá n-óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó d'aon fhoras eile a bheas á chothabháil acu fiosrú do dhéanamh ar dhuine ar bith, a bhí á choinneáil mar othar ionmhuirir san óspidéal nó sa bhforas eile sin agus a hurscaoileadh, chun comhairle do thabhairt dó i dtaobh aon chóireála meabhair-ghalar ar cheart dó dul faoi.

[EN]

Duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir agus a bheas i dteideal cúnaimh phoiblí a chur chun forais cheantair ar é d'urscaoileadh.

224.—I gcás duine a bheas á choinneáil mar othar ionmhuirir in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus is duine a bheas i dteideal cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), d'urscaoileadh as an óspidéal nó an foras eile sin, féadfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, más oiriúnach leo, é chur chun forais cheantair iomchuibhe an cheantair chúnaimh phoiblí inar chomhnaigh sé sar ar cuireadh chun an óspidéil nó an fhorais eile sin é.

[EN]

Cás-leabhair a chur ar fáil d'údarás óspidéil mheabhairghalar.

225.—Cuirfidh príomh-dhochtúir comhnaitheach óspidéil mheabhair-ghalar cheantair ar fáil ó am go ham don údarás óspidéil mheabhair-ghalar ag á mbeidh an t-óspidéal á chothabháil cás-leabhair a thaspánfas staid mheabhrach na ndaoine a bheas á gcoinneáil san óspidéal agus sna forais eile a bheas á gcothabháil ag an údarás, agus cuirfidh na cás-leabhair sin ar fáil ar chuma go ndéanfar cás-leabhar a thaspánfas staid gach duine faoi leith a bheas á choinneáil amhlaidh a chur faoi bhráid an údaráis uair sa bhliain ar a laghad.

[EN]

An Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar do scrúdú duine a bheas á choinneáil mar othar shealadach.

226.—(1) Nuair a dhéanfas an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar fiosrú agus iniúchadh a ceangaltar leis an Acht so ar fhoras ceadaithe scrúdó sé gach duine a bheas á choinneáil ann mar othar shealadach agus a glacadh ón uair dheiridh a rinne sé fiosrú agus iniúchadh a ceangaltar leis an Acht so ar an bhforas.

[EN]

(2) Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, ar fheighilteoir forais cheadaithe dá iarraidh sin air, duine ar bith a bheas á choinneáil mar othar shealadach sa bhforas a scrúdú.

[EN]

(3) Más rud é, ar dhuine a bheas á choinneáil mar othar shealadach a scrúdú dhó faoin alt so, gurb é tuairim an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar gur ceart go bhfanfadh an duine sa bhforas ina mbeidh sé á chóireáil bhéarfaidh an Cigire ráiteas i scríbhinn á rá san d'fheighilteoir an fhorais.

[EN]

(4) Más rud é, ar dhuine a bheas á choinneáil mar othar shealadach a scrúdú dhó faoin alt so, gurb é tuairim an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar nach ceart go bhfanfadh an duine sa bhforas ina mbeidh sé á chóireáil, déanfaidh an Cigire tuarascáil ina luadhfaidh a thuairim, na fátha is bonn leis an tuairim, agus pé nótaí eile a mheasfaidh is ceart, a thabhairt don Aire.

[EN]

Ordachán chun duine a bheas á choinneáil mar othar shealadach, d'urscaoileadh, etc.

227.—Ar thuarascáil faoi fho-alt (4) d'alt 226 den Acht so d'fháil dó, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, d'fheighilteoir an fhorais iomchuibhe an duine lena mbainfidh an tuarascáil d'urscaoileadh nó na bearta oiriúnacha do dhéanamh chun a thabhairt go nglacfar é i bhforas meabhair-ghalar mar dhuine mí-mheabhrach, agus déanfaidh feighilteoir an fhorais do réir an ordacháin sin.

[EN]

Ordachán chun cóip den ordú agus den deimhniú dochtúra a thabhairt d'othar shealadach.

228.—Féadfaidh an tAire, ar dhuine a bheas á choinneáil mar othar shealadach i bhforas ceadaithe agus a mheasfas é bheith á choinneáil go héagórach dá iarraidh sin i scríbhinn, a ordú, le hordú, d'fheighilteoir an fhorais cóip a thabhairt in aisce don duine a bheas á choinneáil den ordú agus den deimhniú dochtúra ar dá ndruim a bheas sé á choinneáil, agus déanfaidh feighilteoir an fhorais do réir an ordacháin sin.

[EN]

Duine a éalós d'atógaint.

229.—(1) Féadfaidh comhalta den Ghárda Síochána duine a bheas á choinneáil faoi ordú choinneála agus a éalós d'atógaint tráth nach déanaí ná ocht lá fichead tar éis a éalaithe, agus féadfa sé an duine sin a thabhairt thar n-ais chun na háite ónar éalaigh sé.

[EN]

(2) Ní déanfar duine a bheas á choinneáil mar othar shealadach d'atógaint ná do thabhairt thar n-ais faoin alt so tar éis sé mhí do bheith caite ón lá do rinneadh an t-ordú glactha a bhainfeas leis nó, má faidíodh an tréimhse sin faoi alt 189 den Acht so, tar éis an tréimhse sin arna faidiú amhlaidh a bheith caite.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le haon chostais faoina raghaidh an Gárda Síochána faoin alt so:—

[EN]

(a) déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, na costais sin d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas,

[EN]

(b) déanfaidh an duine freagarthach na costais sin d'aisíoc leis an Aire Dlí agus Cirt agus, mura n-aisíoctar amh laidh iad, féadfar iad d'aisghabháil mar fhiacha gnáthchonnartha in aon chúirt dlínse inniúla,

[EN]

(c) aon tsuim a ndéanfar í d'aisíoc nó d'aisghabháil amhlaidh íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordachán an Aire Airgeadais.

[EN]

(4) I bhfo-alt (3) den alt so, ciallaíonn an abairt “an duine freagarthach”—

[EN]

(a) i gcás an foras meabhair-ghalar as ar éalaigh an t-éalaitheach a bheith cláraithe i gclár a bheas á choimeád ag an Aire faoin Acht so—an duine a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár maidir leis an bhforas, agus

[EN]

(b) i gcás gan an foras meabhair-ghalar as ar éalaigh an t-éalaitheach a bheith cláraithe amhlaidh—an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó an duine eile a bheas ag seoladh an fhorais.

CUID XVII.

Costas Cothabhala agus Coireala in Ospideil Mheabhair-Ghalar Cheantair d'Aisghabhail.

[EN]

Dliteanas maidir le gaolta a chothabháil.

230.—(1) Chun críocha an Achta so agus gan dochar d'aon oblagáidí a bheas forchurtha de thuras na huaire le dlí seachas leis an Acht so nó chun críocha an Achta so, beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) dlífidh gach duine dlisteanach a athair agus a mháthair nó a hathair agus a máthair a chothabháil;

[EN]

(b) dlífidh gach duine mí-dhlistineach a mháthair nó a máthair a chothabháil;

[EN]

(c) dlífidh gach fear an chuid sin dá chlainn dlistineach a bheas de thuras na huaire faoi bhun sé bliana déag d'aois a chothabháil;

[EN]

(d) dlífidh gach bean an chuid sin dá clainn, dlistineach nó mí-dhlisteanach, a bheas de thuras na huaire faoi bhun sé bliana déag d'aois a chothabháil;

[EN]

(e) dlífidh gach fear pósta a bhean chéile a chothabháil agus dlífidh freisin gach leanbh, dlisteanach nó mídhlisteanach, lena bhean chéile a saolaíodh di sar ar phós sí é agus a bheas de thuras na huaire faoi bhun sé bliana déag d'aois a chothabháil;

[EN]

(f) dlífidh gach bean phósta a fear céile a chothabháil.

[EN]

(2) Gach tagairt atá san Acht so do dhuine a dhlíos duine eile a chothabháil léireofar í mar thagairt a chiallaíos duine a dhlíos de bhuaidh an ailt seo agus chun críocha an Achta so an duine eile sin a chothabháil.

[EN]

Sonnraí chun a chinneadh cé acu othar ionmhuirir duine áirithe nó nach ea.

231.—I gcás—

[EN]

(a) ina glacfar duine in óspidéal meabhair-ghalar ceantair, agus

[EN]

(b) nach eol don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheas ag cothabháil an óspidéil cé acu othar ionmhuirir an duine nó nach ea, agus

[EN]

(c) nach é an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar an t-údarás cúnaimh phoiblí don cheantar chúnaimh phoiblí ina raibh gnáth-chomhnaí ar an duine sar ar glacadh é,

[EN]

déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar sonnraí ar ainm agus áit chomhnaithe an duine do chur chun an údaráis chúnaimh phoiblí sin agus air sin cuirfidh an t-údarás san sa bhfoirm ordaithe, chun an údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, na sonnraí is gá chun a chumasú don údarás óspidéil mheabhair-ghalar a chinneadh cé acu othar ionmhuirir an duine nó nach ea agus, más othar ionmhuirir é, cad é an ranníoc is cuibhe dhó a dhéanamh nó is cuibhe a dhéanamh thar a cheann i leith costais an chúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar a bhéarfar dó.

[EN]

Dliteanas maidir le ranníoc a dhéanamh i leith costais chúnaimh óspidéil mheabhairghalar.

232.—Má thugann údarás óspidéil mheabhair-ghalar cúnamh óspidéil mheabhair-ghalar do dhuine ar bith (dá ngairmtear an t-othar san alt so), beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) gach duine a dhlífeas an t-othar a chothabháil dlífidh ranníoc do réir a acmhainne a dhéanamh i leith an chúnaimh;

[EN]

(b) féadfaidh an t-údarás iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche, tar éis fógra a thabhairt d'éinne de na daoine a dhlífeas an t-othar a chothabháil ag iarraidh ordaithe á ordú don duine sin ranníoc a dhéanamh i leith costais an chúnaimh;

[EN]

(c) más rud é, ar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ag iarraidh ordaithe faoin alt so, gur deimhin leis an gCúirt an duine a mbeifear ag iarraidh an ordaithe ina choinne do bheith, tráth an iarratais d'éisteacht, acmhainneach ar ranníoc a dhéanamh i leith an chúnaimh, cinnfidh an Chúirt méid an ranníoca a bheas le déanamh aige agus ordóidh dó an ranníoc a cinnfear amhlaidh d'íoc leis an údarás in aon tsuim amháin nó i pé tráthchoda seachtainiúla nó míosúla a mheasfaidh an Chúirt is ceart;

[EN]

(d) féadfar ordú ón gCúirt Dúiche faoin alt so á ordú íocaíocht a dhéanamh leis an údarás d'fhorfheidhmiú ar an modh céanna agus leis na meáin chéanna ina bhféatar ordú ón gCuirt Dúiche á ordú suim airgid d'íoc i gcás síbhialta d'fhorfheidhmiú;

[EN]

(e) ní dhéanfaidh an t-údarás, tri iarratais faoin alt so chun na Cúirte Dúiche, suim d'aisghabháil is mó ná costas an chúnaimh nó, i gcás ranníoc a bheith déanta de bhun an ailt seo, is mó ná an difríocht idir an ranníoc agus costas an chúnaimh.

[EN]

Dliteanas maidir le costas cúnaimh óspidéil mheabhairghalar d'aisíoc.

233.—I gcás údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bheith tar éis cúnamh óspidéil mheabhair-ghalar a thabhairt do dhuine ar bith (dá ngairmtear an t-othar san alt so) agus gan aon chuid nó gan ach cuid de chostas an chúnaimh a bheith arna aisíoc leis an údarás, beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le méid an chostais sin nó leis an gcuid de nár haisíocadh (pé acu é):—

[EN]

(a) beidh de dhualgas ar an othar nó, i gcás eisean dá fhaillí i bpáirt nó go hiomlán, ar gach duine a dhlífeas é a chothabháil, an méid sin d'aisíoc leis an údarás do réir acmhainne gach duine acu faoi seach;

[EN]

(b) más dóigh leis an údarás an t-othar a bheith acmhainneach ar iomlán an mhéide sin nó cuid de d'aisíoc leo, féadfaid iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche, tar éis fógra a thabhairt don othar, ag iarraidh ordaithe á ordú don othar aisíoc a dhéanamh mar adúradh agus féadfaidh an Chúirt, más dóigh léi sin a bheith ceart, duine a cheapadh chun an t-othar d'ionadú chun gach críche a bhainfeas leis an iarratas;

[EN]

(c) más dóigh leis an údarás tráth ar bith an t-othar a bheith neamh-acmhainneach ar an méid sin d'aisíoc leo agus éinne de na daoine do dhligh an t-othar a chothabháil an tráth a tugadh an cúnamh a bheith acmhainneach ar iomlán an mhéide sin nó cuid de d'aisíoc leo, féadfaid iarratas a dhéanamh chun an Cúirte Dúiche, tar éis fógra a thabhairt don duine sin, ag iarraidh ordaithe á ordú dhó aisíoc a dhéanamh mar adúradh;

[EN]

(d) más rud é ar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche faoin alt so ag iarraidh aisíoca, gur deimhin leis an gCúirt an duine a mbeifear ag lorg an aisíoca uaidh a bheith, tráth an iarratais d'éisteacht, acmhainneach ar iomlán an mhéide a mbeifear ag lorg a aisíoca nó ar chuid den mhéid sin d'aisíoc, cinnfidh an Chúirt méid an aisíoca a bheas le dhéanamh aige agus ordóidh dó an méid a cinnfear amhlaidh d'aisíoc leis an údarás in aon tsuim amháin nó i pé tráthchoda seachtainiúla nó míosúla a mheasfaidh an Chúirt is ceart;

[EN]

(e) féadfar ordú ón gCúirt Dúiche faoin alt so á ordú aisíoc a dhéanamh leis an údarás d'fhorfheidhmiú ar an modh céanna agus leis na meáin chéanna ina bhféatar ordú ón gCúirt Dúiche á ordú suim airgid d'íoc i gcás síbhialta d'fhorfheidhmiú;

[EN]

(f) ní dhéanfaidh an t-údarás, trí iarratais faoin alt so chun na Cúirte Dúiche, suim d'aisghabháil is mó ná an méid sin.

[EN]

Maoin a leithreasú.

234.—(1) I gcás aon airgead nó urrús ar airgead a bheith dá chuid féin ag duine a bheas ag fáil cúnaimh óspidéil mheabhairghalar i bhforas meabhair-ghalar a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, féadfaidh an t-údarás—

[EN]

(a) má bhíonn an t-airgead san ar a sheilbh phearsanta ag an duine sin, an t-airgead san a thógaint agus a leithreasú agus iad féin a chúiteamh i gcostas an chúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar a thugadar don duine sin tráth ar bith roimh an airgead san a thógaint, agus an t-iarmhéid (más ann) a choimeád thar ceann an duine,

[EN]

(b) má bhíonn an t-urrús san ina sheilbh phearsanta ag an duine, é thógaint agus é go léir nó leor-chuid de d'uirdhíol agus iad féin a chúiteamh as an toradh i gcostas an chúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar a thugadar don duine sin tráth ar bith roimh an urrús san a thógaint, agus an t-iarmhéid (más ann) a choimeád thar ceann an duine,

[EN]

(c) in aon chás, an t-airgead nó an t-urrús san a chur ar fáil, trí imeachta dlí iomchuibhe, chun iad féin a chúiteamh as i gcostas an chúnaimh óspidéil mheabhair-ghalar a thugadar don duine tráth ar bith roimh na himeachta a bhunú, agus iad féin a chúiteamh dá réir sin.

[EN]

(2) I gcás duine a bheas ag fáil cúnaimh óspidéil mheabhairghalar ó údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'fháil bháis agus aon airgead nó maoin eile a bheith dá chuid féin aige tráth a bháis, féadfaidh an t-údarás—

[EN]

(a) i gcás inar féidir sin, suim a thógaint agus a leithreasú as an airgead san is leor chun iad féin a chúiteamh sa chaiteachas (más ann) faoina ndeachadar ag adhlacadh a choirp agus i gcostas an chúnaimh óspidéil mheabhairghalar a thugadar don duine tráth ar bith roimh a bhás,

[EN]

(b) i gcás inar féidir san, an mhaoin sin nó leor-chuid di a thógaint agus a uirdhíol agus iad féin a chúiteamh as an toradh sa chaiteachas agus sa chostas san,

[EN]

(c) in aon chás, an t-airgead nó an mhaoin sin a chur ar fáil, trí imeachta dlí iomchuibhe, chun iad féin a chúiteamh sa chaiteachas agus sa chostas san, agus iad féin a chúiteamh dá réir sin.

[EN]

(3) Sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, folaíonn an focal “airgead” airgead i dtaisce i mBanc Taisce an Phoist nó in aon bhanc eile agus folaíonn an abairt “urrús ar airgead” leabhar taisce arna eisiúin ag Banc Taisce an Phoist chun taisceora agus folaíonn freisin Cairt Choigiltis, agus na cumhachta a bheirtear leis na fo-ailt sin faoi seach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar folóid—

[EN]

(a) i gcás airgid i mBanc Taisce an Phoist, cumhacht, ar sheilbh d'fháil ar an leabhar taisce d'eisigh an Banc san ina leith, chun an t-airgead nó leor-chuid de a tharraing amach do réir rialachán chuige sin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais,

[EN]

(b) i gcás airgid in aon bhanc eile, cumhacht chun ordú d'iarraidh ar an gCúirt Dúiche á ordú don bhanc an t-airgead nó leor-chuid de d'íoc leis an údarás óspidéil mheabhair-ghalair sin agus, má mheasann an Chúirt sin san a bheith ceart, chun an t-ordú san d'fháil,

[EN]

(c) i gcás Cairte Coigiltis, cumhacht, ar sheilbh d'fháil ar an gcairt sin, chun an chairt sin d'uirdhíol do réir rialacha chuige sin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais.

CUID XVIII.

Cumhachta agus Dualgais an Chigire Ospideal Meabhair-Ghalar.

[EN]

Cumhacht ghenerálta ag an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar chun forais Mheabhair-Ghalar d'iniúchadh.

235.—Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis agus tráth ar bith de ló nó d'oíche, aon fhoras meabhair-ghalar d'fhiosrú agus d'iniúchadh agus aon othar ann d'fhiosrú agus do scrúdú.

[EN]

An Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar do dhéanamh iniúchta tréimhsiúil ar fhorais mheabhairghalar.

236.—(1) Déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar gach óspidéal meabhair-ghalar ceantair agus gach foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar d'fhiosrú agus d'iniúchadh uair amháin ar a laghad sa bhliain.

[EN]

(2) Déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar gach foras meabhair-ghalar ná beidh á chothabháil ag údarás meabhair-ghalar ceantair d'fhiosrú agus d'iniúchadh uair amháin ar a laghad gach leath-bhliain.

[EN]

Dualgais an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar le linn iniúchadh a dhéanamh.

237.—Nuair a bheas fiosrú agus iniúchadh a ceangaltar leis an Acht so á dhéanamh ag an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar ar fhoras meabhair-ghalar, déanfaidh—

[EN]

(a) tuairisc a chur féachaint ar tugadh áird chuibhe, i mbainistí an fhorais, ar an Acht so agus ar na forála a bheas arna ndéanamh faoi,

[EN]

(b) tuairisc a chur féachaint an ndearnadh daoine a ghlacadh sa bhforas agus d'urscaoileadh as mar is cuibhe,

[EN]

(c) tuairisc a chur féachaint an bhfuil biathadh na n-othar sásúil,

[EN]

(d) tuairisc a chur i dtaobh staid mheabhrach agus choirp gach othair faoi leith ar é a ghlacadh agus le linn an fhiosraithe,

[EN]

(e) tuairisc a chur i dtaobh na saoráidí a bheirtear d'othair chun seirbhísí creidimh do fhreastal agus i dtaobh cabhair eile i gcúrsaí creidimh a bheirtear d'othair,

[EN]

(f) tuairisc a chur féachaint an bhfuil aon chóras comhéigin, srianta, nó leithlise i bhfeidhm, agus má tá—

[EN]

(i) cad iad sonnraí an chórais,

[EN]

(ii) cad iad na meáin trína n-oibrítear é,

[EN]

(iii) cé acu trí chóireáil liachta nó ar shlí eile a hoibrítear é,

[EN]

(iv) cad é a thoradh,

[EN]

(g) tuairisc a chur féachaint cé acu déantar aicmiú ar na hothair nó ná déantar,

[EN]

(h) tuairisc a chur i dtaobh cúrsaí foirne,

[EN]

(i) tuairisc a chur i dtaobh obair agus caitheamh aimsire na n-othar agus a dtoradh san,

[EN]

(j) tuairisc a chur féachaint ar baineadh feidhm as liacht-tríobair nó as aon tsaghas speisialta cóireála agus, má baineadh, cad é a thoradh,

[EN]

(k) gach páirt de na háitribh sa bhforas d'iniúchadh,

[EN]

(l) gach duine faoi leith d'fheicsint de na hothair a glacadh ón uair dheiridh a rinne sé fiosrú do réir an Achta so agus iniúchadh a dhéanamh ar na scríbhní lenar húdaraíodh gach othar faoi leith acu san a ghlacadh,

[EN]

(m) tuairisc a chur i dtaobh smachta sa bhforas,

[EN]

(n) pé tuairisc eile a chur i dtaobh an fhorais agus na n-othar agus na foirne, agus pé daoine eile d'fheicsint, a mheasfaidh is ceart,

[EN]

(o) na nithe seo leanas d'iontráil i leabhar a coimeádfar sa bhforas—

[EN]

(i) dáta an fhiosraithe,

[EN]

(ii) staid na n-othar ar dháta an fhiosraithe,

[EN]

(iii) an méid othar atá faoi shrianadh agus na cúiseanna a tugadh chuige sin,

[EN]

(iv) sonnraí i dtaobh aon neamhrialtachta a tugadh faoi ndeara le linn an fhiosraithe,

[EN]

(v) aon nótaí eile a mheasfaidh is ceart.

[EN]

Aire speisialta i gcás iomchuibheacht choinneála a bheith in amhras.

238.—Nuair a fhiosrós an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar aon fhoras meabhair-ghalar bhéarfa sé dá aire go speisialta staid mheabhrach aon othair a bheas á choinneáil ann agus a mbeidh sé amhrasach i dtaobh iomchuibheacht a choinneála nó a mbeidh iarrtha air ag an othar féin nó ag duine éigin eile san a scrúdú agus, má thagann sé ar an tuairim gur gá iomchuibheacht a choinneála a bhreithniú tuilleadh luafaidh an tuairim sin in aon chlár d'othair a bheas á choimeád sa bhforas.

[EN]

Coinneáil othair i bhforas a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a bhreithniú tuilleadh.

239.—(1) I gcás an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar do theacht ar an tuairim gur gá iomchuibheacht choinneála othair a bheas á choinneáil in óspidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhforas eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bhreithniú tuilleadh, tuairisceoidh san don Aire.

[EN]

(2) Tar éis dó tuarascáil faoi fho-alt (1) den alt so a bhreithniú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a cheangal ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar an duine lena mbainfidh an tuarascáil d'fhiosrú agus tuarascáil ar staid a mheabhrach a thabhairt don Aire.

[EN]

(3) Tar éis dó tuarascáil faoi fho-alt (2) den alt so a bhreithniú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, an t-othar lena mbainfidh an tuarascáil d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an t-othar dá réir sin.

[EN]

Coinneáil othair i bhforas ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhairghalar a bhreithniú tuilleadh.

240.—(1) I gcás an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar do theacht ar an tuairim gur gá iomchuibheacht choinneála othair a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar a bhreithniú tuilleadh, tuairisceoidh san don Aire.

[EN]

(2) Tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil faoi fho-alt (1) den alt so maidir le hothar a bheas á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a cheangal ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar agus ar phríomhdhochtúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair is gaire don fhoras san (dá ngairmtear na fiosraitheoirí san alt so) an t-othar d'fhiosrú.

[EN]

(3) Ar an Aire do chur ceanglais faoi fho-alt (2) den alt so orthu, déanfaidh na fiosraitheoirí an t-othar d'fhiosrú dhá uair, a mbeidh ocht lá déag ar a laghad eatarthu.

[EN]

(4) Is iad na daoine céanna mar fhiosraitheoirí a dhéanfas an chéad fhiosrú agus an dara fiosrú faoin alt so ar othar.

[EN]

(5) Bhéarfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar fógra cheithre lá déag ar a laghad i dtaobh an dara fiosraithe faoin alt so ar othar—

[EN]

(a) d'fheighilteoir an fhorais mheabhair-ghalar ina mbeidh an t-othar á choinneáil, agus

[EN]

(b) más féidir san, don duine gur ar a iarratas a bheas an t-othar á choinneáil.

[EN]

(6) Maidir le fógra faoi fho-alt (5) den alt so d'fheighilteoir forais mheabhair-ghalar, féadfar (gan dochar do thabhairt an fhógra san in aon tslí eile a húdaraítear leis an Acht so) é a thabhairt trí iontráil iomchuibhe in aon chlár d'othair a bheas á choimeád sa bhforas.

[EN]

(7) Tar éis dó an dara fiosrú faoin alt so a thabhairt ar othar, bhéarfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar tuarascáil don Aire ar staid mheabhrach an othair.

[EN]

(8) Tar éis dó tuarascáil faoi fho-alt (7) den alt so a bhreithniú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, an t-othar lena mbainfidh an tuarascáil d'urscaoileadh agus, má ordaíonn an tAire amhlaidh, urscaoilfear an t-othar dá réir sin.

[EN]

(9) Féadfaidh an tAire pé suim a bheas ordaithe d'íoc, i leith a sheirbhísí agus a chaiteachais, le príomh-dhochtúir comhnaitheach a déanfas fiosrú faoin alt so.

[EN]

Ordú ó Uachtarán na hArd-Chúirte chun duine a bheas á choinneáil mar dhuine mímheabhrach d'fhiosrú agus a scrúdú.

241.—Féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, le hordú, a cheangal ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar agus a údarú dhó aon duine a bheas á choinneáil mar dhuine mí-mheabhrach in áit ar bith d'fhiosrú agus a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt d'Uachtarán na hArd-Chúirte ar staid an duine sin.

[EN]

Scrúdú faoi mhionn.

242.—(1) Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, chun a dhualgais faoin Acht so a chomhlíonadh, duine ar bith a scrúdú faoi mhionn (a húdaraítear dhó leis seo a chur ar dhaoine).

[EN]

(2) Duine ar bith a dhiúltós nó a mhainneos go toiliúil eolas a thabhairt faoi mhionn ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar dá cheangal san air de bhun an ailt seo, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

[EN]

Tuarascáil don Aire.

243.—Bhéarfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar tuarascáil don Aire ar gach fiosrú agus iniúchadh a dhéanfa sé ar fhoras meabhair-ghalar.

[EN]

Liostaí d'othair, etc., a thaspáint.

244.—(1) Nuair a fhiosrós an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar foras meabhair-ghalar, nach foras chun aon duine amháin a ghlacadh, taspánfar don Chigire—

[EN]

(a) liost de na hothair ina ndéanfar, i gcás óspidéil mheabhairghalar cheantair nó forais eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, othair ionmhuirir agus othair eile d'idirdhealú agus ina ndéanfar, i ngach cás, fireannacha agus baineannacha d'idirdhealú agus na hothair a creitear a bheith inleighis a chur in iúl,

[EN]

(b) gach clár, leabhar, breacachán agus scríbhinn eile a ceangaltar leis an Acht so nó a ceanglófar faoi a choimeád maidir leis an bhforas,

[EN]

(c) gach scríbhinn i dtaobh aon othair a glacadh sa bhforas ón tráth deiridh a rinne an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar fiosrú,

[EN]

(d) aon scríbhní eile a iarrfaidh an Cigire i dtaobh othair a glacadh tráth ar bith sa bhforas.

[EN]

(2) Nuair a fhiosrós an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar foras meabhair-ghalar chun aon duine amháin a ghlacadh, taspánfar don Chigire—

[EN]

(a) gach clár, leabhar, breacachán, agus scríbhinn eile a ceangaltar leis an Acht so nó a ceanglófar faoi a choimeád maidir leis an bhforas,

[EN]

(b) más ón tráth deiridh a rinne an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar fiosrú a glacadh an t-othar, na scríbhní d'údaraigh é a ghlacadh,

[EN]

(c) aon scríbhní eile a iarrfaidh an Cigire i dtaobh an othair.

[EN]

(3) Nuair a taspánfar leabhar faoin alt so don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, deimhneoidh sé air gur taspánadh amhlaidh é.

[EN]

Saoráidí chun iniúchta.

245.—Nuair a bheas an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar ag iniúchadh aon fhorais mheabhair-ghalar, bhéarfar gach saoráid réasúnach dó is gá chun an t-iniúchadh a dhéanamh agus taspánfar dó gach páirt den fhoras agus gach othar ann.

[EN]

Cúnamh ó dhochtúir leighis nó ó phríomhdhochtúir comhnaitheach chun foras meabhairghalar d'fhiosrú.

246.—(1) Má bheartaíonn an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar aon fhoras meabhair-ghalar d'fhiosrú, féadfa sé a iarraidh ar aon dochtúir leighis cláraithe a mbeidh comhnaí air laistigh d'achar réasúnach ón bhforas cabhrú leis sa bhfiosrú.

[EN]

(2) Má bheartaíonn an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar aon fhoras meabhair-ghalar d'fhiosrú nach óspidéal meabhair-ghalar ceantair ná foras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, féadfa sé a iarraidh ar phríomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair is gaire dhó cabhrú leis sa bhfiosrú san.

[EN]

(3) Ní hiarrfar faoin alt so ar dhochtúir leighis cláraithe ag á mbeidh leas go díreach nó go neamhdhíreach i bhforas meabhairghalar an foras san d'fhiosrú.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire pé suim a bheas ordaithe d'íoc i leith a sheirbhísí agus a chaiteachais le príomh-dhochtúir comhnaitheach nó dochtúir leighis eile a chabhrós faoin alt so i bhfiosrú forais mheabhair-ghalar.

[EN]

Tuarascáil bhliantúil ar fhoras mheabhairghalar.

247.—(1) Déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar tuarascáil a thabhairt don Aire, in aghaidh gach bliana faoi leith, ar gach foras (nach foras chun aon duine amháin a ghlacadh) agus ar aireachasú na n-othar ann agus cuirfidh sa tuarascáil sin cuntas generálta, i leith na bliana san, ar riaradh an dlí a bhaineas le forais mheabhair-ghalar agus le haireachasú, soileas agus cóireáil daoine mí-mheabhracha.

[EN]

(2) Déanfar gach tuarascáil faoin alt so a leagadh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas agus cuirfear cóip di go dtí Uachtarán na hArd-Chúirte.

[EN]

Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma d'iniúchadh.

248.—(1) Féadfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis agus tráth ar bith de ló nó d'oíche, Príomh-Ghealtlann Choiriúil Dúndroma (dá ngairmtear an Ghealtlann san alt so) d'fhiosrú agus d'iniúchadh.

[EN]

(2) Déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar an Ghealtlann d'fhiosrú agus d'iniúchadh uair amháin ar a laghad gach leath-bhliain.

[EN]

(3) Déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar taighdeadh ar aon ghearán i dtaobh riaradh na Gealtlainne nó i dtaobh cóireáil aon iostaí ann.

[EN]

(4) I gcás ina gcruthófar aon chúiseamh i gcoinne oifigigh nó seirbhísigh don Ghealtlainn ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar dá thaighdeadh, féadfaidh an Cigire, más oiriúnach leis, an t-oifigeach nó an seirbhíseach d'fhionnraí ó chomhlíonadh a dhualgas agus an scéal a thuairisciú don Aire.

[EN]

(5) Ordóidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar ó am go ham an scála bídh d'iostaithe na Gealtlainne, ach féadfaidh liaigh comhnaitheach agus gobharnóir na Gealtlainne (nó, má bhíonn seisean as láthair, an dochtúir oifigiúil cúnta) pé breiseanna d'ordú a mheasfaidh is gá i gcásanna áirithe.

[EN]

(6) I gcás iostaí de chuid na Gealtlainne do théarnamh, déanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar sonnraí ar ainm an iostaí, ar an gcionta ar ina leith a ciontaíodh nó a cúisíodh é, agus ar a charachtar agus a iompar generálta a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt.

[EN]

(7) Bhéarfaidh an Cigire tuarascáil, in aghaidh gach bliana faoi leith, ar an nGealtlainn don Aire, agus cuirfidh sa tuarascáil cuntas generálta i leith na bliana san ar riaradh na Gealtlainne agus ar aireachasú, soileas agus cóireáil na n-iostaithe ann.

[EN]

(8) Déanfar gach tuarascáil faoi fho-alt (7) den alt so a leagadh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas.

[EN]

CUID XIX.

Ilghneitheach.

[EN]

Pionós generálta.

249.—(1) Más rud é, maidir le haon fhoras meabhair-ghalar, go ndéanfar sárú (trí ghníomh nó trí fhaillí) ar aon alt nó fo-alt den Acht so a luaitear sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, beidh an duine freagarthach ciontach i gcionta faoin alt nó an fo-alt san agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

[EN]

(2) San alt so, ciallaíonn an abairt “an duine freagarthach”—

[EN]

(a) maidir le foras meabhair-ghalar a bheas cláraithe i gclár a bheas á choimeád ag an Aire faoin Acht so—an duine a mbeidh a ainm iontrálta sa chlár maidir leis an bhforas, agus

[EN]

(b) maidir le haon fhoras meabhair-ghalar eile—an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó an duine eile a bheas ag seoladh an fhorais.

[EN]

Daoine a ghlacadh agus a choinneáil ar shlí seachas faoin Acht so.

250.—Duine ar bith a dhéanfas, ar shlí seachas do réir forál an Achta so, duine mí-mheabhrach nó duine a líomhantar a bheith ina dhuine mí-mheabhrach a ghlacadh agus a choinneáil nó aireachas agus urlámhas duine den tsórt san a ghabháil air fein ar íocaíocht, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile nó, ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Othar a cheilt, etc.

251.—Duine ar bith—

[EN]

(a) a cheilfeas othar i bhforas meabhair-ghalar, nó

[EN]

(b) a bhéarfas ar othar i bhforas meabhair-ghalar nó a chabhrós leis éaló nó iarracht a dhéanamh ar éaló, nó

[EN]

(c) a bhéarfas ar othar, nó a chabhrós le hothar, a bheas—

[EN]

(i) as láthair ar promhadh nó ar parúl ó fhoras meabhair-ghalar, nó

[EN]

(ii) arna aistriú le haghaidh cóireála nó ar mhaithe lena shláinte ó fhoras meabhair-ghalar, nó

[EN]

(iii) curtha amach ar iostas ag údarás óspidéil mheabhairghalar,

[EN]

éaló nó an áit ina mbeidh sé á chothabháil d'fhágaint faid a bheas sé as láthair ar promhadh nó ar parúl nó faoi chóireáil nó ar mhaithe lena shláinte, nó faid a bheas sé amuigh ar iostas, nó

[EN]

(d) a dhídeanós nó a cheilfeas othar d'éalaigh amhlaidh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Ordachán gan deocha meisciúla ná támhshuanaigh a thabhairt d'othar.

252.—(1) Féadfaidh feighilteoir forais mheabhair-ghalar a ordú do dhuine ar bith gan deocha meisciúla ná támhshuanaigh a thabhairt d'aon othar áirithe sa bhforas.

[EN]

(2) I gcás duine dá dtabharfar ordachán faoin alt so do thabhairt deocha meisciúla nó támhshuanaigh contrártha don ordachán, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Droch-úsáid nó mainneachtain.

253.—I gcás feighilteoir forais mheabhair-ghalar nó duine ar fostú ann do thabhairt droch-úsáide d'othar sa bhforas nó do thabhairt mainneachtana ann go toiliúil, nó duine ar a mbeidh, pé acu de dhruim aon chonnartha nó aon cheangail ghaoil nó chleamhnais nó eile é, cúram duine mhí-mheabhraigh do thabhairt droch-úsáide don duine mí-mheabhrach san nó do thabhairt mainncachtana ann go toiliúil, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil ná raghaidh thar céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó, más rogha leis an gCúirt, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile nó, ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Méadú ar an pionós i leith mí-ghnímh faoi alt 4 d'Acht Leasaithe an Dlí Choiriúla, 1935, i gcásanna áirithe.

254.—Más rud é—

[EN]

(a) go ndéanfar duine a chiontú arna dhíotáil i mí-ghníomh faoi alt 4 d'Acht Leasaithe an Dlí Choiriúla, 1935 (Uimh. 6 de 1935), agus

[EN]

(b) gur deimhin leis an mBreitheamh gurbh amhlaidh a bhí, an tráth a rinneadh an mí-ghníomh—

[EN]

(i) go raibh ar an duine sin aireachas agus cúram na mná nó an chailín ar maidir léi a rinneadh an míghníomh, nó

[EN]

(ii) go raibh an duine sin ag seoladh forais mheabhairghalar agus go raibh an bhean nó an cailín sin ina hothar ann, nó

[EN]

(iii) go raibh an duine sin ar fostú mar oifigeach nó seirbhíseach i bhforas meabhair-ghalar nó i bhforas chun daoine mí-mheabhracha a choinneáil agus go raibh an bhean nó an cailín sin ina hothar nó ina príosúnach ann,

[EN]

beidh éifeacht ag an alt san 4 fé is dá bhforáladh sé go ndlífí, ar an duine sin a chiontú amhlaidh, pian-tseirbhís ar feadh aon téarma nach sia ná cúig bliana ná nach giorra ná trí bliana nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

[EN]

Mí-ráiteas in iarratas ag iarraidh ordaithe ghlactha, etc.

255.—Má dhéanann duine ar bith—

[EN]

(a) mí-ráiteas toiliúil in iarratas ag iarraidh moladh ghlactha, in iarratas ag iarraidh ordaithe ghlactha, nó in ordú glactha, nó

[EN]

(b) mí-ráiteas toiliúil i ndeimhniú dochtúra nó i ndeimhniú eile nó i ráiteas nó tuarascáil faoin Acht so ar staid choirp nó mheabhrach dhuine, nó

[EN]

(c) iontráil bhréige go toiliúil in aon leabhar, ráiteas, nó tuairisceán i dtaobh ní a mbeidh ceangailte air, leis an Acht so nó le rialachán arna dhéanamh faoi, iontráil a dhéanamh ina thaobh,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

An éifeacht a bheas ag athrú áite coinneála ar ordú glactha.

256.—(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “an ghnáth-áit choinneála”, maidir le duine lena mbainfidh ordú glactha, an áit choinneála a luafar san ordú glactha.

[EN]

(2) I gcás duine lena mbainfidh ordú glactha do thabhairt, do réir an Achta so nó aon ordaithe nó rialacháin arna ndéanamh faoi, go dtí áit nach é an ghnáth-áit choinneála é, féadfar an duine sin a choinneáil san áit chun a dtabharfar amhlaidh é fé is dá mb'é an ghnáth-áit choinneála é agus beidh éifeacht dá réir sin maidir leis an duine sin ag an ordú glactha agus ag an Acht so agus ag na hordaithe agus na rialacháin a bheas arna ndéanamh faoi.

[EN]

Toirmeasc maidir lena chur ar othar seirbhís do fhreastal ná baineann lena chreideamh féin.

257.—Ní cuirfear ar othar i bhforas meabhair-ghalar aon tseirbhís chreidimh do fhreastal is seirbhís ná baineann leis an gcreideamh a fionnfar a bheith aige.

[EN]

Connartha, etc., áirithe a sheachadadh don Aire.

258.—Beidh de dhualgas ar oifigeach d'údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ar an Aire dá cheangal san air, aon chonnartha, comhaontaithe, cuntais, leabhair, léarscála, pleananna, suirbhéireachta, luachála, scríbhní, nó doiciméidí a bheas i seilbh, i gcoiméad, nó faoi urláimh an oifigigh sin sa cháil sin dó a sheachadadh don Aire.

[EN]

Teora ama le himeachta áirithe.

259.—I gcás imeachta ag duine a bhí á choinneáil i bhforas meabhair-ghalar agus a scoir de bheith á choinneáil amhlaidh is imeachta i leith gnímh a airbheartós a bheith arna dhéanamh de bhun an Achta so, ní tionscnófar iad tar éis sé mhí ó scor a choinneála.

[EN]

Cead ón Ard-Chúirt i gcóir imeachta áirithe.

260.—(1) Ní tionscnófar aon imeachta síbhialta i leith gnímh a airbheartós a bheith arna dhéanamh de bhun an Achta so ach amháin le cead ón Ard-Chúirt agus ní deonfar an cead san mura deimhin leis an Ard-Chúirt fátha substainteacha a bheith ann chun a chothú gur de mheon mhí-mhacánta nó gan aire réasúnacha a ghníomhaigh an duine ar ina choinne a bheas na himeachta le bunú.

[EN]

(2) Bhéarfar fógra i dtaobh iarratais ag iarraidh ceada ón Ard-Chúirt faoi fho-alt (1) den alt so don duine a mbeidh beartaithe na himeachta a thionscnamh ina choinne agus beidh an duine sin i dteideal éisteacht d'fháil i gcoinne an iarratais.

[EN]

(3) I gcás ina ndéanfar, le cead arna dheonadh de bhun fo-ailt (1) den alt so, imeachta a thionscnamh i leith gnímh a airbheartós a bheith arna dhéanamh de bhun an Achta so, ní chinnfidh an Chúirt na himeachta i bhfábhar an ghearánaí mura deimhin léi gur de mheon mhí-mhacánta nó gan aire réasúnach a ghníomhaigh an cosantóir.

[EN]

(4) Má déantar, de thoradh iarratais faoi fho-alt (1) den alt so, cead a thabhairt chun aon imeachta a bhunú agus go dtosnófar na himeachta laistigh de cheithre seachtaine tar éis an dáta a tugadh cead amhlaidh, is tuigthe, chun críocha ailt 259 den Acht so agus an Public Authorities Protection Act, 1893, gur tosnaíodh na himeachta ar an dáta a tugadh fógra i dtaobh an iarratais don duine ar ina choinne a bheas na himeachta le bunú.

[EN]

Duine nach duine mí-mheabhrach a lóisteáil i bhforas meabhairghalar.

261.—Féadfar duine nach duine mí-mheabhrach a lóisteáil mar bhordaer i bhforas meabhair-ghalar, ach má lóisteáltar aon duine den tsórt san mar bhordaer sa pháirt sin d'fhoras meabhair-ghalar a húsáitear mar chóiríocht do dhaoine mí-mheabhracha déanfar an líon de dhaoine mí-mheabhracha sa bhforas a chinneadh chun críocha an Achta so fé is dá mba dhuine mí-mheabhrach an duine sin.

[EN]

An tAcht so do bhaint le hothair láithreacha.

262.—Gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á choinneáil in aon fhoras nó áit chun daoine mí-mheabhracha a chothabháil agus a chóireáil beidh sé, ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, faoi réir forál an Achta so agus déanfar, ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, na scríbhní d'údaraigh an choinneáil sin d'áireamh mar ordú glactha arna iarraidh ag an ngaol nó an duine eile gur ar a iarratas a coinníodh é i gcéadóir.

[EN]

Cóir mheicniúil chorpshrianta.

263.—(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith cóir mheicniúil chorpshrianta a chur ar dhuine mí-mheabhrach mura gá an srianadh chun críocha liachta nó máinliachta nó chun an duine mí-mheabhrach a chosc ar dhíobháil a dhéanamh dó féin nó do dhaoine eile.

[EN]

(2) Má chuireann duine ar bith cóir mheicniúil chorpshrianta ar dhuine mí-mheabhrach déanfa sé amhlaidh do réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire.

[EN]

(3) Má dhéanann duine ar bith éinní contrártha don alt so beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

[EN]

Cóir mheicniúil chorpshrianta a chur ar othair i bhforais mheabhairghalar.

264.—Má cuirtear céir mheicniúil chorpshrianta ar othar i bhforas meabhair-ghalar, déanfar sonnraí iomlána ina thaobh san d'iontráil láithreach i leabhar a coimeádfar chuige sin.

[EN]

Srian le fireannacha d'fhostú.

265.—(1) Ní dleathach fireannach d'fhostú chun coimeád nó srianadh pearsanta a dhéanamh ar othar baineannach i bhforas meabhair-ghalar.

[EN]

(2) Ní léireofar fo-alt (1) den alt so mar ní a thoirmeascann fostú fireannaigh chun coimeád nó srianadh pearsanta a dhéanamh ar othar baineannach i bhforas meabhair-ghalar ar aon ócáid lena ngabhfas an oiread san práinne gur gá, do réir bhreithiúnais fheighilteoir an fhorais, an fostú san a dhéanamh, ach i ngach cás den tsórt san tuairisceofar an fostú don Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar an chéad uair eile a fhiosrós sé an foras agus déanfar, tráth an fhostaithe, iontráil i dtaobh an fhostaithe i leabhar a coimeádfar chuige sin sa bhforas.

[EN]

Litreacha áirithe ó othair a chur ar aghaidh.

266.—Aon litir a dhíreoidh othar i bhforas meabhair-ghalar chun an Aire, chun Uachtaráin na hArd-Chúirte, chun Cláraitheora na gCoimircithe Cúirte, chun údaráis óspidéil mheabhair-ghalar, nó chun an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, cuirfear ar aghaidh gan oscailt í.

[EN]

Fógraí i dtaobh ceart chun litreacha a chur ar aghaidh.

267.—Déanfar, má ordaíonn an tAire amhlaidh, fógraí, ina luafar an ceart atá ag othar chun go gcuirfí litreacha ar aghaidh faoi alt 266 den Acht so, a choimeád ar taspáint in áiteanna sofheicse i bhforas meabhair-ghalar agus, má shonnraíonn an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar na háiteanna ina mbeidh na fógraí sin le coimeád ar taspáint, coimeádfar ar taspáint iad sna háiteanna san.

[EN]

Bás othair a thuairisciú don chrónaire.

268.—Déanfar, tráth nach déanaí ná dhá uair dhéag a chloig tar éis othar d'fháil bháis i bhforas meabhair-ghalar, tuarascáil ar a bhás a thabhairt don chrónaire ar ina cheantar a fuair sé bás.

[EN]

Ordú á ordú duine a ligean isteach ag fiosrú othair.

269.—(1) Féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, duine ar bith a ligean isteach ag fiosrú othair i bhforas meabhair-ghalar agus ligfear an duine sin isteach do réir an ordaithe sin.

[EN]

(2) Féadfaidh ordú faoin alt so a ordú duine a ligean isteach uair amháin nó níos mó ná uair amháin agus féadfaidh srianta a bheith ag gabháil leis nó gan bheith ag gabháil leis i dtaobh freastalaí a bheith i láthair nó eile.

[EN]

Cosaint do chearta, etc., áirithe.

270.—Ní bainfear aon cheart ná príbhléid de dhuine ar bith, ná ní cuirfear faoi aon mhí-threoir é, de bhíthin amháin é féin nó duine dá líontighe a bheith á chothabháil faoi fhorála an Achta so mar othar ionmhuirir.

[EN]

Iarratas ó othar urscaoilte ag iarraidh cóipe d'ordú glactha.

271.—I gcás duine a hurscaoilfear as foras meabhair-ghalar tar éis a choinneála ann dá mheas an choinneáil a bheith neamhdhleathach, féadfa sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis a urscaoilte, trí litir arna díriú chun feighilteora an fhorais mheabhair-ghalar, cóip d'iarraidh den ordú glactha d'údaraigh an choinneáil agus, ar an iarratas san d'fháil, cuirfear an chóip sin chuige.

[EN]

Nithe áirithe a thuairisciú don Aire.

272.—Díreach i ndiaidh éinní de na nithe seo leanas a thárlachtain i bhforas meabhair-ghalar, cuirfear tuarascáil ina thaobh chun an Aire:—

[EN]

(a) díobháil d'othar sa bhforas (lena n-áirítear díobháil a bhí air tráth a ghlactha),

[EN]

(b) ionsaí nó ionsaí líomhanta ar othar sa bhforas ó dhuine den fhoirinn,

[EN]

(c) galar tógálach nó epidéimeach a bhriseadh amach sa bhforas, pé acu ar na hothair amháin, ar an bhfoirinn amháin, nó orthu araon, a thiocfas sé,

[EN]

(d) tóiteán a bhriseadh amach sa bhforas,

[EN]

(e) éinní eile mór-thábhachta do leas na n-othar.

[EN]

Comhalta mímheabhrach de na Fórsaí Cosanta do scor, do scarúint lena choimisiún, nó d'urscaoileadh.

273.—(1) Ar chomhalta de na Fórsaí Cosanta do scor, do scarúint lena choimisiún, nó d'urscaoileadh is comhalta a ndeimhneoidh dochtúir leighis cláraithe, tráth a scortha, a scarúna le coimisiún, nó a urscaoilte amhlaidh, gur duine mí-mheabhrach é agus gur duine é is ceart a choinneáil faoi aireachas agus cóireáil, féadfaidh an tAire Cosanta, nó aon oifigeach nach ísle céim ná ceannphort a bheas ceaptha ag an Aire sin chuige sin, a chur faoi ndear, trí ordú, go gcuirfear é chun an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair don cheantar óspidéil mheabhair-ghalar a bhfeicfear don Aire sin nó don oifigeach san (pé acu é), tar éis taighdeadh cuibhe a dhéanamh, é do bhaint leis.

[EN]

(2) Más rud é go ndeallró sé, ar thaighdeadh a dhéanamh de bhun fo-ailt (1) den alt so, ná baineann comhalta de na Fórsaí Cosanta le ceantar sa Stát, is tuigthe, chun críocha an ailt seo, an comhalta san a bhaint leis an gceantar óspidéil mheabhair-ghalar inar scoir sé, inar scair sé lena choimisiún, nó inar hurscaoileadh é.

[EN]

(3) Luafar i ngach ordú faoin alt so an ceantar óspidéil mheabhair-ghalar a mbeidh an duine lena mbainfidh an t-ordú le cur chuige.

[EN]

(4) Nuair a bheid á chinneadh chun críocha ordaithe faoin alt so cad é ceantar óspidéil mheabhair-ghalar an duine lena mbaineann an t-ordú san, déanfaidh an tAire Cosanta nó oifigeach déanta an ordaithe (pé acu é) pé tuairisc a chur is gá chuige sin agus bhéarfaid áird ar na ráitis a rinneadh i bpáipéar teistíochta an chomhalta agus ar pé fáigeanna eile eolais a bheas ar fáil.

[EN]

(5) D'ainneoin aon fhorála eile d'fhorála an Achta so, má cuirtear duine go dtí óspidéal meabhair-ghalar ceantair faoi ordú faoin alt so, glacfar é san óspidéal agus air sin beidh sé faoi réir forál an Achta so fé is dá mb'othar é a glacadh san óspidéal faoi ordú glactha othair ionmhuirir agus, dá réir sin, gach tagairt atá san Acht so d'ordú glactha, is tuigthe, nuair is iomchuibhe san, go bhfolaíonn sí tagairt d'ordú faoin alt so.

[EN]

(6) Is tuigthe nach gealt coiriúil do réir bhrí ailt 6 den Lunacy (Ireland) Act, 1901, duine a glacfar in óspidéal meabhair-ghalar ceantair faoi ordú faoin alt so.

[EN]

(7) I gcás duine a ghlacadh in óspidéal meabhair-ghalar ceantair faoi ordú faoin alt so, féadfaidh an tAire Cosanta, má mheasann sé gur ceart é, a shocrú go n-íocfar as bean agus clann an duine sin d'iomluadh go dtí ceantar óspidéil mheabhair-ghalar an óspidéil, agus sa chás san féadfa sé an t-iomluadh a chur in iúl don údarás cúnaimh phoiblí iomchuibhe más dóigh leis go mbeadh an líontighe i dteideal cúnaimh phoiblí toisc an chuma a bhfuil cúrsaí acu.

[EN]

(8) Na costais faoina raghaidh an tAire Cosanta chun an t-alt so a riaradh déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(9) San alt so, ní fholaíonn tagairt do chomhalta de na Fórsaí Cosanta tagairt do chomhalta den chuid sin de na Fórsaí Cosanta ar a dtugtar an Cúltaca ach amháin maidir le tréimhse a bheas an comhalta san glaoite amach ar buan-tseirbhís, le haghaidh tréineála, nó chun cabhrú leis an gcumhacht síbhialta chun an t-ord poiblí a choimeád.

[EN]

Táille don dochtúir oifigiúil údaraithe a dhéanfas scrúdú dochtúra.

274.—(1) Nuair a dhéanfas an dochtúir oifigiúil údaraithe scrúdú dochtúra de bhun an Achta so ar dhuine ar bith, íocfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí don cheantar chúnaimh phoiblí ina mbíonn gnáth-chomhnaí ar an duine sin táille dhá ghiní leis an dochtúir oifigiúil údaraithe as an scrúdú.

[EN]

(2) Beidh táille a híocfar faoin alt so ionaisghabhála faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), ag an údarás cúnaimh phoiblí a bheas i gceist fé is dá mb'é a bhí ann costas cúnaimh phoiblí, do réir bhrí an Achta san, a thug an t-údarás san don duine a scrúdaíodh.

[EN]

Duine d'ainmniú chun ionad iarratasóra ar ordú glactha a ghabháil.

275.—(1) Féadfaidh an tAire ainmiú, chun é do ghabháil ionaid an duine, lena n-áirítear duine marbh, dob iarratasóir ar ordú glactha (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so), a dhéanamh, le hordú, ar dhuine ar bith eile a bheas toilteanach dualgais agus freagarthachta an iarratasóra a thógaint air féin, agus beidh an duine eile sin, amhail ar dháta agus ó dháta an ordaithe, faoi réir gach oblagáide a bhí ar an iarratasóir agus féadfaidh gach cumhacht dá chuid d'fheidhmiú.

[EN]

(2) Ní shaorfaidh ordú faoin alt so an t-iarratasóir, nó an duine a bhí, díreach roimh an ordú a dhéanamh, ina ainmní faoin alt so ag gabháil ionaid an iarratasóra, ó aon dliteanas faoina ndeacha sé roimhe sin.

[EN]

(3) Má bheartaíonn an tAire ordú a dhéanamh faoin alt so agus ná beidh toiliú leis an ordú faighte aige roimhe sin ón iarratasóir nó ón duine a bheas de thuras na huaire ina ainmní faoin alt so ag gabháil ionaid an iarratasóra (pé acu san é), déanfaidh an tAire, má bhíonn an t-iarratasóir nó an t-ainmní sin ina bheathaidh, fógra a thabhairt dó ina ndéarfaidh go bhfuil beartaithe an t-ordú a dhéanamh agus ina luafaidh ainm an duine a beartaítear d'ainmniú leis an ordú agus ní dhéanfa sé an t-ordú go ceann ceithre lá déag ó dháta an fhógra a thabhairt ná go dtí go mbeidh breithniú déanta aige ar an ráiteas (más ann) a déanfar faoi fho-alt (4) den alt so de dhruim an fhógra.

[EN]

(4) Tráth ar bith i rith tréimhse cheithre lá déag ón lá a bhéarfar fógra faoi fho-alt (3) den alt so, féadfaidh an duine dá dtabharfar an fógra ráiteas i scríbhinn a thabhairt don Aire ina luafaidh a agóidí i gcoinne ordú a dhéanamh faoin alt so.

[EN]

(5) Gach tagairt atá san Acht so do dhuine gur ar a iarratas a déanfar ordú glactha, foló sí tagairt don duine (más ann) a bheas ainmnithe de thuras na huaire faoin alt so chun a ionad a ghabháil.

[EN]

Cabhair abhcóide chun fiosrú nó taighdeadh a dhéanamh faoin Acht so.

276.—Más dóigh le hUachtarán na hArd-Chúirte gur gá cabhair abhcóide chun aon fhiosrú nó taighdeadh faoin Acht so a dhéanamh, féadfa sé, le hordú, abhcóide dlí a mbeidh seasamh sé mblian ar a laghad aige a cheapadh chun cabhrú sa bhfiosrú nó sa taighdeadh san agus féadfaidh leis an ordú san a ordú cad iad na táillí agus na costais taistil a bheas le n-íoc ag an Aire leis an abhcóide sin i leith a chabhrach.

[EN]

Fiosracháin.

277.—(1) Féadfaidh an tAire a thabhairt go ndéanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar, nó duine amháin nó níos mó de chigirí eile an Aire, nó go ndéanfaidh an Cigire Ospidéal Meabhair-Ghalar i dteannta duine amháin nó níos mó de chigirí eile an Aire, fiosrachán—

[EN]

(a) i dtaobh aon ghearáin a bhainfeas—

[EN]

(i) le riaradh aon fhorais mheabhair-ghalair, nó

[EN]

(ii) le haon oifigeach nó seirbhíseach a bheas ar fostú i bhforas meabhair-ghalar do dhéanamh mainneachtana i gcomhlíonadh a dhualgas nó do dhéanamh faillí i gcomhlíonadh a dhualgas, nó

[EN]

(iii) le mí-iompar aon oifigigh nó seirbhísigh a bheas ar fostú i bhforas meabhair-ghalar, agus

[EN]

(b) i dtaobh ní ar bith a bhainfeas le foras meabhair-ghalar agus ar cuibhe fiosrachán a dhéanamh ina thaobh do réir forál an Achta so nó aon achtacháin eile.

[EN]

(2) Má chuireann an tAire fiosrachán á dhéanamh faoin alt so maidir le hóspidéal meabhair-ghalar ceantair nó aon fhoras eile a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, deimhneoidh an tAire na costais faoina ndeachthas maidir leis an bhfiosrachán agus ordóidh an deimhniú go mbeidh na costais iníoctha leis an Aire—

[EN]

(a) i gcás gan an fiosrachán do bhaint ach le haon údaras óspidéil mheabhair-ghalar amháin—ag an údarás san,

[EN]

(b) i gcás an fiosrachán do bhaint le dhá údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó níos mó—ag na húdaráis sin uile nó ag ceann nó cinn de na húdaráis sin (do réir mar sonnrófar sa deimhniú).

[EN]

(3) Aon deimhniú faoin alt so a ordós go mbeidh costais fiosracháin iníoctha ag dhá údarás óspidéil mheabhair-ghalar nó níos mó, sonnró sé an chionúireacht de na costais a íocfaidh gach údarás faoi leith acu san.

[EN]

(4) Má fhaillíonn údarás óspidéil mheabhair-ghalar suim d'íoc a n-ordófar í d'íoc le deimhniú faoin alt so, féadfaidh an tAire an tsuim sin d'aisghabháil mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla nó féadfar a hiomlán nó cuid di a bhaint as aon airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun críche ar bith leis an údarás san.

[EN]

(5) An chumhacht chun suim a bhaint faoi fho-alt (4) den alt so as airgead is iníoctha le húdarás óspidéil mheabhair-ghalar, is cumhacht í a bheas faoi réir éilithe an chiste ráthaíochta faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh agus ná déanfaidh dochar do na héilithe sin.

[EN]

(6) Má chuireann an tAire fiosrachán á dhéanamh faoin alt so maidir le foras ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, féadfa sé, más oiriúnach leis, a ordú, le hordú, go mbeidh suim (a sonnrófar san ordú), i leith iomlán na gcostas nó cuid díobh (mar mheasfaidh is réasúnach) faoina raghfar maidir leis an bhfiosrachán, iníoctha leis an Aire ag an duine (a sonnrófar san ordú) a chífear don Aire a bheith ag seoladh an fhorais, agus íocfaidh an duine sin an tsuim sin leis an Aire dá réir sin agus, mura n-íoctar amhlaidh í, féadfar í d'aisghabháil mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(7) Chun críocha an ailt seo folóidh na costais faoina raghfar maidir le fiosrachán táille réasúnach i leith seirbhísí (lena n-áirítear costais taistil agus cothaithe) an Chigire Ospidéal Meabhair-Ghalar nó aon chigire nó oifigigh eile don Aire a bheas ag gabháil don fhiosrachán agus folóidh freisin costais riachtanacha fínnéithe.

[EN]

Fianaise ag fiosracháin a ghlacadh faoi mhionn.

278.—(1) Féadfaidh Cigire a bheas ag déanamh fiosracháin faoi alt 277 den Acht so fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chuige sin féadfaidh daoine a chur faoi mhionn.

[EN]

(2) Aon chigire a bheas ag déanamh fiosracháin faoi alt 277 den Acht so féadfa sé, trí fhógra chuige sin a thabhairt do dhuine ar bith, a cheangal air teacht i láthair ag am agus in áit a sonnrófar chun fianaise a thabhairt maidir le héinní a bheas i gceist ag an bhfiosrachán nó chun aon leabhair, connartha, comhaontaithe, cuntais, léarscála, pleananna, airgead, luachála, nó doiciméidí eile a thaspáint a bheas ina sheilbh nó ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhainfeas le héinní den tsórt san.

[EN]

(3) Ní bheidh ar dhuine teacht i láthair i gcomhlíonadh fógra faoi fho-alt (2) den alt so ag áit is sia ná deich míle óna ghnáth-áit chomhnaithe mura mbítear tar éis an tsuim a ghlanfas costais taistil réasúnacha agus riachtanacha a theachta i láthair d'íoc leis nó a thairgsin dó.

[EN]

(4) I gcás fiosrachán faoi alt 277 den Acht so do bhaint le foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, íocfaidh an t-údarás le duine ar bith a gceanglófar air teacht i láthair ag an bhfiosrachán, nó tairgfid dó, an tsuim a mheasfaidh an cigire a ghlanfas costais réasúnacha agus riachtanacha a theachta i láthair.

[EN]

(5) I gcás fógra do thabhairt faoi fho-alt (2) den alt so chun críocha fiosracháin maidir le foras a bheas á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar agus an duine chun a gcuirfear an fógra do chomhlíonadh an fhógra, déanfaidh an t-údarás óspidéil mheabhair-ghalar, ach amháin sa mhéid go mbeidh costais réasúnacha agus riachtanacha a theachta i láthair íoctha leis cheana, na costais sin d'íoc leis an duine sin, agus, mura n-íoctar amhlaidh iad, beidh na costais sin, ach amháin mar adúradh, ionaisghabhála mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(6) I gcás fógra do thabhairt faoi fho-alt (2) den alt so chun críocha fiosracháin maidir le foras ná beidh á chothabháil ag údarás óspidéil mheabhair-ghalar, íocfaidh an cigire leis an duine chun a gcuirfear an fógra, nó tairgfidh dó, an tsuim a mheasfaidh an cigire a ghlanfas costais réasúnacha agus riachtanacha teachta i láthair an duine sin de bhun an fhógra.

[EN]

(7) Aon tsuim a híocfar faoi fho-alt (6) den alt so áireofar í mar chuid de chostais an fhiosracháin iomchuibhe chun críocha fo-ailt (6) d'alt 277 den Acht so.

[EN]

(8) Faoi réir forál an ailt seo, gach duine dá dtabharfar fógra faoi fho-alt (2) den alt so agus a dhiúltós nó a mhainneos go toiliúil teacht i láthair do réir an fhógra nó a athrós, a chaonfas, a cheilfeas, nó a dhítheos go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra nó, ar é do theacht i láthair amhlaidh, a dhiúltós fianaise a thabhairt nó a dhiúltós nó a mhainneos go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra a thaspáint, beidh sé ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt a chur air.

[EN]

Pionós mar gheall ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar a bhac, etc.

279.—Má dhéanann duine ar bith bac nó cur isteach ar an gCigire Ospidéal Meabhair-Ghalar agus an Cigire ag feidhmiú aon chumhachta arna tabhairt dó leis an Acht so nó faoi nó má fhaillíonn aon eolas a thabhairt uaidh a bheas aige agus a theastós do réir réasúin ón gCigire i gcomhlíonadh a dhualgas, beidh an duine sin ciontach i gcionta faoin alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Ordaithe agus rialacháin a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

280.—Aon ordú nó rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht so agus a bhainfeas le gach ceantar óspidéil mheabhair-ghalar nó a mbeidh éifeacht aige iontu leagfar é faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a suífeas an Tigh sin tar éis an t-ordú nó an rialachán san a leagadh faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag cur an ordaithe nó an rialacháin sin ar neamhbhrí, beidh an t-ordú nó an rialachán san arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach beidh sin gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh faoi roimhe sin.

[EN]

Achtacháin láithreacha d'oiriúnú.

281.—Gach achtachán, reachtúil nó eile, a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo agus a bhainfeas le haon ní nó rud lena ndeighleálann an tAcht so nó dá ndéanann an tAcht so difir, léireofar é agus beidh éifeacht aige, faoi réir aon ordaithe a dhéanfas an tAire faoin alt so, fara pé modhnaithe is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorála an Achta so.

[EN]

(2) Maidir le haon achtachán, reachtúil nó eile, a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo agus a bhainfeas le haon ní nó rud lena ndeighleálann an tAcht so nó dá ndéanann an tAcht so difir, féadfaidh an tAire, le hordú, na hoiriúnaithe agus na modhnaithe sin uile a dhéanamh ar an achtachán san a chífear dó a bheith riachtanach nó oiriúnach chun forála an Achta so a chur in éifeacht.

[EN]

Fógraí a thabhairt faoin Acht so.

282.—(1) Aon fhógra nó doiciméad eile i scríbhinn a bheas le tabhairt de bhun an Achta so, féadfar é a thabhairt in aon tslí acu so leanas:—

[EN]

(a) más don Aire a bheas sé le tabhairt, trína chur leis an bpost i gclúdach a bheas dírithe chun an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, Bhaile Atha Cliath;

[EN]

(b) más do dhuine ar bith eile a bheas sé le tabhairt—

[EN]

(i) trína thabhairt ina láimh don duine sin, nó

[EN]

(ii) trína fhágaint san áit chomhnaithe is gnáth nó is déanaí is eol a bheith ag an duine sin, nó

[EN]

(iii) trína chur leis an bpost i gclúdach cláraithe réamhíoctha a bheas dírithe chun an duine sin, i gcás pearsan, ag an áit chomhnaithe is gnáth nó is déanaí is eol a bheith aige, nó i gcás cuideachtan a bheas cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, ag a hoifig chláraithe, nó, i gcás aon chomhluchta chorpraithe eile nó aon chomhlachais neamhchorpraithe, ag a phríomh-oifig nó a phríomh-áit ghnótha.

[EN]

(2) Má bhíonn fógra nó doiciméad eile i scríbhinn le tabhairt de bhun an Achta so d'únaer nó do lonnaitheoir talún agus nach eol ainm an únaera nó an lonnaitheora san, féadfar an doiciméid sin a dhíriú chun “únaer” nó “lonnaitheoir” (pé acu é) na talún agus féadfar í a thabhairt don únaer nó don lonnaitheoir sin trína fágaint ag ionad so-fheicse ar an talamh nó trína cur ar taspáint ann.

[EN]

Cosaint ar chumhachta Breithiún na hArd-Chúirte agus Breithiún na Cúirte Cuarda.

283.—(1) Ní dhéanfaidh éinní dá bhfuil san Acht so difir d'aon chumhacht is infheidhmithe, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag Breitheamh den Ard-Chúirt nó ag Breitheamh den Chúirt Chuarda maidir le haireachasú agus coimiteáil daoine agus eastát daoine a fionnfar a bheith ina ndí-mheabhraigh nó ina ndaoine mímheabhracha.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag aon chumhacht, srian, ná toirmeasc san Acht so maidir le duine mí-mheabhrach a bheas faoi aireachas Breithiún den Ard-Chúirt nó Breithiún den Chúirt Chuarda.

[EN]

(3) Na forála den Acht so a bhaineas le clárú áitreabh, ní bheidh feidhm acu maidir le háitreabh an bith de bhíthin amháin gur glacadh duine ann mar othar ar ordachán ó Bhreitheamh den Ard-Chúirt nó ó Bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

[EN]

Cosaint maidir le hailt áirithe.

284.—(1) Is alt sonnraithe, chun críocha an ailt seo, gach alt acu so leanas:—

[EN]

(a) ailt 17 den agus 18 den Lunacy (Ireland) Act, 1821,

[EN]

(b) ailt 2 agus 3 den Criminal Lunatics (Ireland) Act, 1838,

[EN]

(c) alt 12 den Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845,

[EN]

(d) ailt 12 agus 13 den Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875,

[EN]

(e) alt 2 den Trial of Lunatics Act, 1883,

[EN]

(f) alt 17 den Criminal Justice Administration Act, 1914.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so difir d'aon chumhacht is infheidhmithe díreach roimh thosach feidhme an ailt seo faoi aon alt sonnraithe.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag aon chumhacht, srian ná toirmeasc san Acht so maidir le duine a bheas á choinneáil de bhuaidh aon ailt shonnraithe.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

1 & 2 Geo. 4, c. 33

Lunacy Act, 1821

Alt 2

7 Geo. 4, c. 14     ...

Lunacy (Ireland) Act, 1826

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

7 Geo. 4, c. 74     ...

Prisons (Ireland) Act, 1826

Ailt 55 agus 56 sa mhéid go mbainid le forais mheabhair-ghalar.

5 & 6 Vict., c. 123

Private Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1842

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

8 & 9 Vict., c. 107

Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845

Ailt 11, 23 agus 24; alt 25 sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

9 & 10 Vict., c. 115

Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1846

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

18 & 19 Vict., c. 109

Lunatic Asylums Repayment of Advances (Ireland) Act, 1855

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

30 & 31 Vict., c. 118

Lunacy (Ireland) Act, 1867

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

37 & 38 Vict., c. 74

Private Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1874

An tAcht iomlán.

38 & 39 Vict., c. 67

Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875

Ailt 3 go 9, 11, 14 agus 16.

61 & 62 Vict., c. 37

Local Government (Ireland) Act, 1898

Alt 9 sa mhéid ná fuil sé athghairmthe; alt 76; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 84; províso (b) a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 110.

Local Government (Application of Enactments) Order, 1898

Míreanna 5 agus 6 d'Airteagal 15 den Sceideal; na focail “and of any debt or capital liability incurred on account of lunatic asylums” agus na focail “except where it is for the purpose of a lunatic asylum, or” atá i mír (2) d'Airteagal 22 den Sceideal; mír (11) d'Airteagal 22 den Sceideal.

1 Edw. 7, c. 17     ...

Lunacy (Ireland) Act, 1901

Ailt 2 agus 5.

9 Edw. 7, c. 48

Asylum Officers Superannuation Act, 1909

An tAcht iomlán.

Uimh. 4 de 1925

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1925

Ailt 9.

Uimh. 5 de 1925

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1925

Alt 77.

Uimh. 12 de 1940

An tAcht um Bainistí Chontae, 1940.

Alt 34; mír 8 den Dara Sceideal.

Uimh. 23 de 1941

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

Alt 79.

Uimh. 3 de 1942

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1942

Alt 8.

AN DARA SCEIDEAL.

Ceantair Ospideil Mheabhair-Ghalar.

Uimh Thag.

Ceantar

(1)

(2)

1

Contae riaracháin Cheatharlach agus contae riaracháin Chill Dara.

2

Contae riaracháin an Chabháin agus contae riaracháin Mhuineacháin.

3

Contae riaracháin an Chláir.

4

Contae-bhuirg Chorcaighe agus contae riaracháin Chorcaighe.

5

Contae riaracháin Dhún na nGall.

6

Contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, contae riaracháin Bhaile Atha Cliath, agus contae riaracháin Chill Mantán.

7

Contae riaracháin na Gaillimhe agus contae riaracháin Roscomáin.

8

Contae riaracháin Chiarraighe.

9

Contae riaracháin Chill Chainnigh.

10

Contae riaracháin Laoighse agus contae riarachán Ó Failghe.

11

Contae riaracháin Liatroma agus contae riaracháin Shligigh.

12

Contae-bhuirg Luimnigh agus contae riaracháin Luimnigh.

13

Contae riaracháin Longphoirt, contae riaracháin na Midhe, agus contae riaracháin na hIarmhidhe.

14

Contae riaracháin Lughmhaighe.

15

Contae riaracháin Mhuigheo.

16

Contae riaracháin Thiobrad Arann (an Trian Thuaidh) agus contae riaracháin Thiobrad Arann (an Trian Theas).

17

Contae-bhuirg Phortláirge agus contae riaracháin Phortláirge.

18

Contae riaracháin Loch Garman.

AN TRIU SCEIDEAL.

Rialacha a Bhaineas le Comhbhuird.

Ceapadh.

1. Beidh comhbhord comhdhéanta de na daoine a ceapfar de réir na Rialacha so ag comhairle gach contae faoi leith agus ag bárdas na contae-bhuirge (más ann) a bheas i gceantar óspidéil mheabhair-ghalar an chomhbhuird.

2. Is é líon iomlán comhaltaí a bheas ar chomhbhord ná an líon a chinnfidh an tAire le hordú, ó am go ham, maidir leis an mbord san.

3. An líon comhaltaí de chomhbhord a bheas le ceapadh ag comhairle chontae nó ag bárdas contae-bhuirge beidh sé, a mhéid is féidir, ar comhréir leis na ranníoca is iníoctha ag an gcomhairle nó ag an mbárdas i leith caiteachais an chomhbhuird ar feadh na bliana airgeadais áitiúla dar críoch an 31ú lá de Mhárta díreach roimh an ceapadh a dhéanamh agus, I gcás díospóide, is é an tAire a chinnfeas an líon san agus ní bheidh dul thar a chinneadh san.

4. I gcás comhairle chontae do bheith ag ceapadh comhaltaí de chomhbhord, beidh dhá dtrian ar a laghad de na comhaltaí a ceapfar ina ndaoine is comhaltaí den chomhairle.

5. I gcás bárdas contae-bhuirge do bheith ag ceapadh comhaltaí de chomhbhord, beidh dhá dtrian ar a laghad de na comhaltaí a ceapfar ina daoine is comhaltaí de chomhairle chathrach na contaebhuirge.

6. Ceapfar comhaltaí de chomhbhord gach bliain, i gcás comhairle contae, ag cruinniú bliantúil na comhairle nó, i gcás bárdais chontae-bhuirge, ag an gcéad chruinniú ráithiúil de chomhairle chathrach na contae-bhuirge a bheas ann tar éis toghcháin chinn trí mblian nó idir an 23ú lá de Mheitheamh agus an 1ú lá d'Iúl i mbliain ná beidh toghchán cinn trí mblian ann.

Sealbhaíocht Oifige.

7. Beidh gach comhalta de chomhbhord i seilbh oifige (mura dtárlaí roimhe sin é d'éag, d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht) go dtí go gceapfar a chomharba.

Dícháiliú.

8.—(1) Aon chomhalta de chomhairle chontae a bheas arna cheapadh ag an gcomhairle ina chomhalta de chomhbhord agus a scoirfeas de bheith, nó a bheas dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den chomhairle scoirfidh freisin de bheith, nó beidh dícháilithe freisin chun bheith, ina chomhalta den chomhbhord.

(2) Aon chomhalta den chomhairle chathrach do chontae-bhuirg a bheas arna cheapadh ag bárdas na contae-bhuirge ina chomhalta de chomhbhord agus a scoirfeas de bheith, nó a bheas dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den chomhairle chathrach scoirfidh freisin de bheith, nó beidh dícháilithe freisin chun bheith, ina chomhalta den chomhbhord.

Eirí as Oifig agus Cur as Oifig.

9.—(1) Féadfaidh comhalta de chomhbhord a bheas arna cheapadh ag comhairle chontae éirí as bheith ina chomhalta trí fhógra i scríbhinn faoina shíniú a thabhairt do rúnaí na comhairle, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí-as go dtí an chéad chruinniú den chomhairle a tionólfar tar éis an fógra a tugadh don rúnaí sin d'fháil.

(2) Féadfaidh comhalta de chomhbhord a bheas arna cheapadh ag bárdas contae-bhuirge éirí as bheith ina chomhalta trí fhógra a thabhairt do bhaile-chléireach na buirge, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí-as go dtí an chéad chruinniú den chomhairle chathrach don bhuirg a tionólfar tar éis an fógra a tugadh don bhailechléireach san d'fháil.

10.—(1) Féadfaidh comhalta de chomhairle chontae, le toiliú na ceathrú coda ar a laghad de chomhaltaí na comhairle, a fhógairt i scríbhinn do rúnaí na comhairle go bhfuil sé ar intinn a thairgsin go gcuirfí deireadh le comhaltas na gcomhaltaí uile de chomhbhord a ceapadh ag an gcomhairle agus air sin gairmfidh an rúnaí cruinniú den chomhairle do dháta nach déanaí ná mí ón am a fuair an fhógairt agus bhéarfaidh fógra cheithre lá déag ar a laghad ina thaobh do gach comhalta den chomhairle agus, i gcás rún (a vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de na comhaltaí den chomhairle a bheas i láthair i bhfábhar a rite) dá rith ag an gcruinniú san ag aontú leis an tairgsin sin, beidh deireadh láithreach le comhaltas na gcomhaltaí sin uile den chomhbhord agus ceapfar comhaltaí nua den chomhbhord láithreach in ionad na gcomhaltaí a mbeidh deireadh curtha lena gcomhaltas.

(2) Féadfaidh comhalta den chomhairle chathrach do chontaebhuirg, le toiliú na ceathrú coda ar a laghad de chomhaltaí na comhairle, a fhógairt i scríbhinn do bhaile-chléireach na buirge go bhfuil sé ar intinn a thairgsin go gcuirfí deireadh le comhaltas na gcomhaltaí uile de chomhbhord a ceapadh ag an gcomhairle agus air sin gairmfidh an baile-chléireach cruinniú den chomhairle do dháta nach déanaí ná mí ón am a fuair an fhógairt agus bhéarfaidh fógra cheithre lá déag ar a laghad ina thaobh do gach comhalta den chomhairle agus, i gcás rún (a vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de na comhaltaí den chomhairle a bheas i láthair i bhfábhar a rite) dá rith ag an gcruinniú san ag aontú leis an tairgsin sin, beidh deireadh láithreach le comhaltas na gcomhaltaí sin uile den chomhbhord agus ceapfar comhaltaí nua den chomhbhord láithreach in ionad na gcomhaltaí a mbeidh deireadh curtha lena gcomhaltas.

11.—(1) Má bhíonn comhalta de chomhbhord tréimhse de sé mhí as a chéile gan cruinniú den bhord do fhreastal, beidh deireadh lena chomhaltas i gceann na tréimhse sin agus déanfar, ag an gcéad chruinniú den chomhairle chontae nó den chomhairle chathrach iomchuibhe (pé acu é) a tionólfar tar éis an tréimhse sin a bheith caite, comhalta nua a cheapadh chun an folúntas a líonadh a thárla amhlaidh i gcomhaltas an bhuird.

(2) Má thuiteann cruinniú de chomhbhord ar lár toisc nach féidir córam d'fháil chuige, déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a tháinig i láthair san am agus san áit a bhí ceaptha don chruinniú a chur ar breacadh agus is tuigthe na comhaltaí sin a bheith i láthair ag cruinniú den bhord chun críche na rialach so.

Corr-fholúntais.

12. Má thárlann corr-fholúntas i gcomhaltas chomhbhuird déanfaidh an chomhairle nó an bárdas ag ar ceapadh an comhalta trínar thárla an folúntas an folúntas a líonadh laistigh de mhí tar éis an folúntas a thárlachtain nó laistigh de pé aimsir bhreise a cheadóidh an tAire.

Córam.

13. Is é is córam do chomhbhord ná an ceathrú cuid de líon iomlán comhaltaí an bhuird.

Cruinnithe.

14. Tionólfaidh comhbhord cruinnithe chun a ngnó a dhéanamh uair sa ráithe ar a laghad agus pé tráth eile is gá chun a gcumhachta d'fheidhmiú agus a ndualgais a chomhlíonadh go cuibhe.

15. Déanfar an chéad chruinniú de chomhbhord, tar éis ceapadh comhaltaí an bhuird a bheith críochnaithe, a thionól lá a cheapfaidh an tAire, agus is cruinniú bliantúil a bheas ann.

16. Déanfaidh comhbhord, ag a gcéad chruinniú, lá den bhliain nach luaithe ná an 17ú lá d'Iúl ná nach déanaí ná an 1ú lá de Lúnasa a cheapadh chun cruinnithe bliantúla ina dhiaidh sin a thionól agus féadfaid, ag aon chruinniú bliantúil ina dhiaidh sin, an lá a bheas ceaptha amhlaidh d'athrú.

17. Tionolfaidh comhbhord cruinniú bliantúil gach bliain ar an lá a bheas ceaptha de thuras na huaire chun cruinnithe bliantúla a thionól faoi na Rialacha so, mura Domhnach nó lá saoire bainc an lá san, agus sa chás san tionólfar an cruinniú an chéad lá ina dhiaidh sin nach Domhnach ná lá saoire bainc.

18. Mura ndéantar, ar aon chúis (lena n-áirítear easba choraim), an chéad chruinniú bliantúil nó aon chruinniú bliantúil eile de chomhbhord a thionól an lá a bheas ceaptha chun an cruinniú san a thionól faoi na Rialacha so, déanfaidh príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a bheas á chothabháil ag an mbord, a luaithe is féidir, cruinniú den bhord a ghairm d'uair a chloig chaothúil ar an lá a bhfeicfear dó gurb é an lá é is luaithe a bheas caothúil chuige sin, agus an cruinniú a tionólfar de bhun na gairme sin beidh sé chun gach críche ina chruinniú bliantúil arna thionól ar an dáta a bheas ceaptha faoi na Rialacha so.

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach.

19.—(1) Ag gach cruinniú bliantúil de chomhbhord, toghfaidh an bord duine dá gcomhaltaí ina chathaoirleach ar an mbord agus féadfaid duine eile dá gcomhaltaí a thoghadh ina leas-chathaoirleach ar an mbord.

(2) Aon uair a thiocfas oifig an chathaoirligh nó an leas-chathaoirligh ar chomhbhord chun bheith folamh ar shlí seachas trí dheireadh a theacht le gnáth-théarma na hoifige, déanfaidh an bord, ag a gcéad chruinniú tar éis an folúntas a thárlachtain nó, i gcás an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach d'éirí as oifig, ag an gcruinniú ag a dtiocfaidh an t-éirí as oifig in éifeacht, duine dá gcomhaltaí a thoghadh ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar an mbord.

(3) Duine a toghfar ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar chomhbhord beidh sé, mura dtárlaí roimhe sin é d'éirí as a oifig mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach nó do scor de bheith, nó do theacht faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta den bhord, i seilbh oifige mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach go dtí go gceapfar a chomharba.

(4) Féadfaidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach comhbhuird éirí as a oifig mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn faoina shíniú a thabhairt don bhord, ach ní thiocfaidh an t-éirí as oifig in éifeacht go dtí tosach an chéad chruinnithe den bhord a tionólfar tar éis dóibh an t-éirí as oifig d'fháil.

(5) Aon uair a scoirfeas cathaoirleach nó leas-chathaoirleach comhbhuird de bheith, nó a thiocfas sé faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta den bhord, scoirfe sé láithreach de bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar an mbord.

(6) Aon uair a thárlós, i dtoghchán cathaoirligh an chomhbhuird, go mbeidh comhionannas vótaí ann do bheirt ní níos mó, cinnfear le crannchur cé acu de na daoine sin a bheas ina chathaoirleach ar an mbord.

Na hImeachta ag Cruinnithe.

20. Ní bheidh imeachta comhbhuird neamhbhailí de bhíthin aon fholúntais nó folúntas i measc a gcomhaltaí ná de bhíthin aon lochta i gceapadh an bhuird nó i gceapadh nó i gcáilíocht aon chomhalta dhíobh.

21. Féadfaidh cathaoirleach comhbhuird cruinniú den bhord a ghairm.

22. Má dhiúltaíonn cathaoirleach comhbhuird cruinniú den bhord a ghairm tar éis foriarratas chuige sin faoi shíniú triúr comhalta den bhord a thíolacadh dhó, féadfaidh aon triúr comhalta den bhord, ar é do thabhairt an diúltaithe sin, cruinniú den bhord a ghairm láithreach, agus, más rud é (gan diúltú amhlaidh), ná déanfaidh an cathaoirleach cruinniú den bhord a ghairm laistigh de sheacht lá tar éis an foriarratas a thíolacadh, féadfaidh aon triúr comhalta den bhord, ar an seacht lá san a bheith caite, cruinniú den bhord a ghairm.

23. Trí lá glan ar a laghad roimh chruinniú de chomhbhord, déanfar fógra i dtaobh am agus áit an chruinnithe bheartaithe faoi shíniú an chathaoirligh nó, más comhaltaí den bhord a ghairmfeas an cruinniú, faoi shíniú na gcomhaltaí sin, do chur suas ar an halla nó ar an áit eile ar gnáth an bord a thionól ann agus, más comhaltaí den bhord a ghairmfeas an cruinniú, sonnróidh an fógra an gnó a bheas beartaithe a dhéanamh ann.

24. Trí lá glan ar a laghad roimh chruinniú de chomhbhord, déanfar gairm chun an chruinnithe a shonnrós an gnó a bheas beartaithe a dhéanamh ag an gcruinniú agus a bheas sínithe ag príomh-dhochtúir comhnaitheach an óspidéil mheabhair-ghalar cheantair a bheas á chothabháil ag an mbord, d'fhágaint nó a sheachadadh leis an bpost ag gnáth-áit chomhnaithe gach comhalta den bhord, ach má mainnítear an ghairm sin a fhágaint ná a sheachadadh amhlaidh d'aon chomhalta nó comhaltaí den bhord ní dhéanfaidh san difir do bhailíocht chruinnithe.

25. Ní déanfar aon ghnó ag cruinniú de chomhbhord seachas an gnó a bheas sonnraithe sa ghairm a bhainfeas leis, ach amháin (i gcás cruinnithe bhliantúil) gnó a ceangaltar a dhéanamh ag an gcruinniú san.

26. Ag cruinniú de chomhbhord—

(a) is é cathaoirleach an bhuird, má bhíonn sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus faid a bheas cathaoirleach an bhuird as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh, beidh an leaschathaoirleach (más ann) ina chathaoirleach ar an gcruinniú má bhíonn sé i láthair,

(c) má bhíonn agus faid a bheas cathaoirleach an bhuird as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh agus oifig leaschathaoirligh gan bheith ann nó an leas-chathaoirleach as láthair nó oifig an leas-chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den bhord a bheas i láthair duine dhíobh féin a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

27. Leagfar amach miontuairiscí ar na himeachta ag cruinniú de chomhbhord agus iontrálfar go dílis iad i leabhar a coimeádfar chuige sin agus déanfaidh cathaoirleach an chruinnithe sin nó an chéad chruinnithe eile ina dhiaidh iad a shíniú.

28. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a bheas i láthair ag cruinniú de chomhbhord a chur isteach sna miontuairiscí ar imeachta an chruinnithe.

29. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a vótálfas ar aon cheist a éireós ag cruinniú de chomhbhord a chur isteach sna miontuairiscí ar imeachta an chruinnithe agus taspánfar iontu cé hiad na comhaltaí a vótáil i bhfábhar na ceiste agus cé hiad a vótáil ina coinne.

30. Na gníomhartha uile de chuid comhbhuird agus na ceisteanna uile a thiocfas nó éireos i láthair an bhuird, féadfar iad a dhéanamh agus a chinneadh ag an tromlach de na comhaltaí sin den bhord a bheas i láthair agus a vótálfas ag cruinniú den bhord arna thionól go cuibhe do réir dlí.

31. I gcás comhionannais vótanna ar aon cheist a éireos ag cruinniú de chomhbhord, seachas toghadh cathaoirligh, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Achta a bhFuil Comhbhord ina nUdaras Áitiúil do reir a mBri agus chun a gCriocha.

1. Na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941.

2. Acht na nUdarás Áitiúla (Comhcheannach), 1925 (Uimh. 20 de 1925).

3. Acht na nUdarás Áitiúla (Comhar-Arachas), 1926 (Uimh. 34 de 1926).

4. Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926).

5. Acht na nGiúirithe, 1927 (Uimh. 23 de 1927).

6. Acht na nUdarás Áitiúla (Comhar-Arachas), 1928 (Uimh. 21 de 1928).

7. Acht na nUdarás Áitiúla (Comhar-Arachas), 1935 (Uimh. 42 de 1935).

8. Acht na nUdarás Áitiúla (Forála Ilghnéitheacha), 1936 (Uimh. 55 de 1936).

9. Acht na nUdarás Áitiúla (Comhcheannach), 1939 (Uimh. 14 de 1939).

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Ailt agus Fo-ailt da bhForaltar Pionos le hAlt 249.

Ailt 113, 126, 127, 128, 131, 135, 148, 149, 150, 152, 155, 160, 196, 227, 228, 245, 257, 264, 266, 267, 268, 271, 272.

Fo-ailt (1), (2), (3), (4) agus (5) d'alt 130; (1) agus (2) d'alt 154; (1) agus (2) d'alt 159; (1), (2) agus (3) d'alt 197; (1) d'alt 199; (1) agus (2) d'alt 202; (4) d'alt 208; (2) d'alt 212; (1) d'alt 217; (1) d'alt 218; (2) d'alt 222; (1) agus (2) d'alt 244; (1) agus (2) d'alt 265; (1) d'alt 269.