[EN]

Uimhir 11 de 1938.


[EN]

ACHT STROIGHNE (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN CUID IV DEN ACHT STROIGHNE, 1933, DO LEASÚ, CHUN FORÁLACHA EILE DO DHÉANAMH CHUN IOMPORTÁIL STROIGHNE DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH TÁILLÍ D'ÍOC AS CEADÚNAISÍ CHUN STROIGHNE D'IOMPORTÁIL, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [13adh Abrán, 1938.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theidea agus luadh.

1.—(1) Féadfar an tAcht Stroighne (Leasú), 1938, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Stroighne, 1933 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

[EN]

Míniú agus léiriú.

2.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Stroighne, 1933 (Uimh. 17 de 1933).

[EN]

(2) Léireofar an Príomh-Acht agus an tAcht so mar éinní amháin, agus dá réir sin gach focal no abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht no ann chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an brí tugtar dó amhlaidh.

[EN]

Athghairm.

3.—Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Costaisí.

4.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

CUID II.

Cuid IV den Phriomh-Acht do Leasu.

[EN]

Alt 24 den Phríomh-Acht do leasú.

5.—Leasuítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (2), agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

“(2) Beidh i dteanta gach iarratais ar ordú oibreacha iompair dréacht den ordú bheidh á iarraidh, plean de sna hoibreacha iompair a bheidh beartuithe a dhéanamh agus leabhar eolais don phlean san agus is sa bhfuirm sin ordóidh an tAire bheidh an dréacht, an plean agus an leabhar eolais sin.”

[EN]

Alt 25 den Phríomh-Acht do leasú.

6.—Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 25 den Phríomh-Acht tríd an mír nua so leanas do chur ina dheireadh, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

“(c) cóip den dréacht-ordú, den phlean agus den leabhar eolais sin do chur chun na ndaoine sin (más ann dóibh) ordóidh an tAire.”

[EN]

Alt 26 den Phríomh-Acht do leasú.

7.—Leasuítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (2), agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

“(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha fén alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) is in airgead a baileofar na táillí sin agus is sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham a glacfar iad agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgeadais;

[EN]

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.”

[EN]

Alt 28 den Phríomh-Acht do leasú.

8.—Leasuítear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas, agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré sna focail “agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe,” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “an bhreithnithe sin”; agus

[EN]

(b) tré sna focail “sa tslí sin agus fé réir na sriantachtaí agus na bhforálacha san agus ar na téarmaí agus na coinníollacha san is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san” do chur in ionad na bhfocal “agus beidh éifeacht ag an ordú san dá réir sin”.

[EN]

Forálacha maidir le hordú oibreacha iompair.

9.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hordú oibreacha iompair a deonfar do shealbhóir cheadúnais déantóireachta stroighne, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh san ordú san na forálacha san is dóich leis an Aire is gá no is oiriúnach chun críche an orduithe sin;

[EN]

(b) gan dochar do gheneráltacht mhíre (a) den fho-alt so—

[EN]

(i) féadfaidh forálacha bheith san ordú san á údarú don tsealbhóir sin aon talamh do thógaint go héigeanta is dóich leis an Aire is gá do thógaint chun éifeacht do thabhairt don ordú san,

[EN]

(ii) féadfar leis an ordú san aon chirt, i dtalamh no in uisce no ar an gcéanna no in aon bhóthar puiblí no ar an gcéanna, do dheonadh don tsealbhóir sin is dóich leis an Aire is gá do dheonadh chun éifeacht do thabhairt don ordú san,

[EN]

(iii) forálfar leis an ordú san, maidir le haon talamh a tógfar amhlaidh no le haon cheart ar thalamh no ar uisce deonfar amhlaidh, go n-íocfaidh an sealbhóir sin cúiteamh leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh estáit no leasanna acu sa talamh no san uisce sin, agus forálfar leis gur fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, a bhéarfar breith ar aon cheist maidir le heasaontas i dtaobh cúitimh,

[EN]

(iv) féadfar gach ceann no aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Clásanna Talmhan, gus na hatharuithe agus na hoiriúnuithe sin ortha is dóich leis an Aire is ceart, d'ionchorprú san ordú san,

[EN]

(v) luadhfar san ordú san an tslí ina ndéanfar na hoibreacha iompair le n-a mbainfidh an t-ordú san,

[EN]

(vi) féadfaidh forálacha bheith san ordú san i dtaobh na slí ina mbeidh na hoibreacha iompair sin le hoibriú agus le cothabháil,

[EN]

(vii) beidh forálacha san ordú san á ordú gan na hoibreacha iompair sin d'úsáid ach chun crícheanna bhainfidh leis an ngnó a húdaruítear leis an gceadúnas déantóireachta stroighne sin agus chun na gcrícheanna eile sin (más ann dóibh) a luadhfar san ordú san,

[EN]

(viii) beidh san ordú san na forálacha san uile is dóich leis an Aire is ceart chun na puiblíochta i gcoitinne agus aon daoine dá ndéanfaidh an t-ordú san deifir do chaomhnadh,

[EN]

(ix) féadfar a fhoráil leis an ordú san go mbeidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén ordú san má sháruíonn sé (tré ghníomh no tré fhaillí) aon fhoráil áirithe den ordú san agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, go ndlighfear pé fíneáil (nach mó ná céad punt) a luadhfar san ordú san alos an chionta san do chur air agus, más cionta leanúnach é, pé fíneáil bhreise (nach mó ná fiche punt) a luadhfar san ordú san alos an chionta san in aghaidh gach lae leanfaidh den chionta san do dhéanamh tar éis a chiontuithe ann,

[EN]

(x) féadfar aon fhorálacha (ar a n-áirmhítear forálacha peannaideacha) a bheidh in aon achtachán a bhainfidh le bóithre iarainn d'ionchorprú san ordú san gus na hoiriúnuithe agus na hatharuithe sin ortha is dóich leis an Aire is ceart,

[EN]

(xi) féadfar a fhoráil leis an ordú san gur tré eadrascán a bhéarfar breith ar aon cheisteanna áirithe eireoidh fé,

[EN]

(xii) féadfaidh na forálacha san, a bhaineann no ghabhann le haon cheann de sna cúrsaí roimhráite agus is dóich leis an Aire is gá agus is ceart, a bheith san ordú san.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, fé alt 30 den Phríomh-Acht, aon ordú oibreacha iompair do rinneadh roimh an Acht so do rith do leasú tré aon fhoráil do chur san ordú oibreacha iompair sin a féadfaí go dleathach a chur ann dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm nuair do rinneadh an t-ordú oibreacha iompair sin.

[EN]

(3) Beidh feidhm dlí ag gach ordú do rinneadh fé Chuid IV den Phríomh-Acht no a déanfar fén gCuid sin IV mar a leasuítear leis an Acht so í.

[EN]

(4) Na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire i bhfeidhmiú a chomhacht agus a fheidhmeanna fé ordú oibreacha iompair déanfaidh an té dá ndeonfar an t-ordú san iad d'íoc leis an Aire sa mhéid a chinnfidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Rialacháin i dtaobh oibreacha iompair do chothabháil agus d'oibriú.

10.—Má bhíonn ordú oibreacha iompair déanta ag an Aire (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinne é no dá éis sin) á údarú do dhuine (dá ngairmtear an duine údaruithe san alt so) saghas áirithe oibreacha iompair do dhéanamh, do chothabháil agus d'oibriú, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire rialacháin (ná beidh buiniscionn leis an ordú san) do dhéanamh i dtaobh na slí ina mbeidh na hoibreacha iompair sin le cothabháil agus le hoibriú ag an duine údaruithe agus ag aon duine eile bheidh ag oibriú na n-oibreacha san thar ceann an duine údaruithe;

[EN]

(b) má sháruíonn an duine údaruithe no an duine eile sin na rialacháin sin (tré ghníomh no tré fhaillí) beidh an duine údaruithe ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta tar éis é chiontú ann.

[EN]

Rialacháin i dtaobh comhacht leictreachais d'úsáid.

11.—Má bhíonn ordú oibreacha iompair déanta ag an Aire (pe'ca roimh an Acht so do rith do rinne é no dá éis sin) á údarú do dhuine (dá ngairmtear an duine údaruithe san alt so) saghas áirithe oibreacha iompair do dhéanamh, do chothabháil agus d'oibriú agus go mbeidh údaruithe aige leis an ordú san na hoibreacha iompair sin d'oibriú le comhacht leictreachais, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais, na rialacháin sin is oiriúnach leis do dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh an duine údaruithe, agus aon duine eile bheidh ag oibriú na n-oibreacha san thar ceann an duine údaruithe, gach ní ceart réasúnta chun ná beadh úsáid na comhachta leictreachais ina dainséar don phuiblíocht ná ina trúig dhamáiste do mhaoin dhuine ar bith;

[EN]

(b) ag déanamh rialachán den tsórt san dó, féachfaidh an tAire don chostas a bheidh ar an duine údaruithe dá ndruim agus don deifir a dhéanfaid don duine údaruithe maidir le cúrsaí airgeadais;

[EN]

(c) má dheineann an duine údaruithe, no aon duine eile bheidh ag oibriú na n-oibreacha iompair sin thar ceann an duine údaruithe, an chomhacht leictreachais sin d'úsáid contrárdha do sna rialacháin sin, beidh an duine údaruithe ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise de chúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta tar éis é chiontú ann;

[EN]

(d) más dóich leis an Aire go ndearna an duine údaruithe, no aon duine bhí ag oibriú na n-oibreacha iompair sin thar ceann an duine údaruithe, an chomhacht leictreachais sin d'úsáid contrárdha do sna rialacháin sin, pe'ca ciontuíodh an duine údaruithe i gcionta no nár ciontuíodh, no más deimhin leis an Aire gur dainséar don phuiblíocht an chomhacht san d'úsáid, féadfaidh, le hordú, a cheangal ar an duine údaruithe scur de sna comhachta d'fheidhmiú do bronnadh leis an ordú oibreacha iompair sin maidir le comhacht leictreachais d'úsáid agus leis sin scuirfidh an duine údaruithe de sna comhachta san d'fheidhmiú ach amháin le toiliú an Aire agus fé réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha san is oiriúnach leis sin.

CUID III.

Stroighin d'Iomportail.

[EN]

Stroighin a tuigfear a rinneadh i dtír áirithe.

12.—(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, tuigfear gur i dtír áirithe do rinneadh stroighin más rud é, agus amháin más rud é—

[EN]

(a) go mbeidh an cion orduithe dá luachmhaireacht ina luachmhaireacht do tháinig de bharr caiteachais de shaghas orduithe fé n-a ndeachthas sa tír sin maidir le habhair do táirgeadh no obair do rinneadh sa tír sin, no

[EN]

(b) gur sa tír sin do rinneadh na hoibrithe orduithe do bhain le n-a táirgeadh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt so mar ní atá orduithe, agus cialluíonn an focal “orduithe” sa bhfo-alt san orduithe leis na rialacháin sin

[EN]

Srian le stroighin d'iomportáil.

13.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon stroighin d'iomportáil maran rud é—

[EN]

(a) gur fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a thabhairt amach ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a hiomportálfar an stroighin sin; no

[EN]

(b) gur chuige amháin a hiomportálfar an stroighin sin chun í iompar agus chun í easportáil ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) Chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so, gach ceadúnas a bheidh deonta ag an Aire fé Chuid V den Phríomh-Acht agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so, leanfa sé i bhfeidhm agus tuigfear gur ceadúnas é ar n-a thabhairt amach ag an Aire fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(3) Má iomportálann duine ar bith aon stroighin contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt másé an dara cionta fén alt so aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

[EN]

(4) Stroighin go dtoirmeasctar de bhuadh an ailt seo í d'iomportáil tuigfear í bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear sa Chlár de Thoirmeasctha agus de Shrianta maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí d'iomportáil a toirmeasctar no sriantar.

[EN]

Ceadúnaisí iomportála (stroighin).

14.—(1) Ar iarratas o dhuine ar bith, a déanfar sa bhfuirm sin agus ina mbeidh na mion-innste sin ordóidh an tAire, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iomportála (stroighin) sa Chuid seo den Acht so) do thabhairt amach don duine sin chun caindíocht áirithe de stroighin d'iomportáil laistigh de thréimhse áirithe.

[EN]

(2) Pé uair do bhéarfaidh an tAire ceadúnas iomportála (stroighin) amach chun stroighin d'iomportáil féadfaidh aon choinníoll no coinníollacha acu so leanas do chur ag gabháil leis an gceadúnas san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) coinníoll gur stroighin de shaghas áirithe bheidh sa stroighin sin;

[EN]

(b) coinníoll gur o thír áirithe a hiomportálfar an stroighin sin;

[EN]

(c) coinníoll gur stroighin do rinneadh i dtír áirithe bheidh sa stroighin sin;

[EN]

(d) coinníoll gur i bport no in áit áirithe no de bhealach áirithe a hiomportálfar an stroighin sin;

[EN]

(e) coinníoll ná déanfar an stroighin sin d'iomportáil i níos mó ná uimhir áirithe de chonsighneachtaí;

[EN]

(f) pé coinníollacha eile is oiriúnach leis.

[EN]

(3) Pé uair a chuirfidh an tAire aon choinníollacha ag gabháil le ceadúnas iomportála (stroighin) luadhfaidh na coinníollacha san sa cheadúnas san.

[EN]

(4) Pé uair a chuirfidh an tAire aon choinníollacha ag gabháil le ceadúnas iomportála (stroighin) féadfaidh an tAire, ar iarratas an cheadúnaí, gach ceann no aon cheann no cinn de sna coinníollacha san do scriosadh amach no d'atharú.

[EN]

(5) Gach duine dhéanfaidh, chun ceadúnas iomportála (stroighin) d'fháil dó féin no d'éinne eile, aon ráiteas no aithris chúise is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

Táillí alos ceadúnaisí iomportála (stroighin).

15.—(1) Beidh táille iníoctha leis an Aire alos gach ceadúnais iomportála (stroighin), táille a háirmheofar do réir an mhéide tonna stroighne a húdarófar leis an gceadúnas san d'iomportáil agus do réir pé ráta an tonna cheapfaidh an tAire alos an cheadúnais sin le haontú an Aire Airgeadais agus beidh sé ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara dtabharfar amach an ceadúnas san an táille sin d'íoc.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir leis na táillí uile a híocfar leis an Aire fén alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) is in airgead a baileofar na táillí sin agus is sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham a glacfar iad agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgeadais;

[EN]

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

[EN]

Ceadúnaisí iomportála (stroighin) do chur thar n-ais.

16.—(1) Déanfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas iomportála (stroighin) an ceadúnas san do chur thar n-ais chun an Aire ar dháta nach déanaí ná ocht lá fichead tar éis an dáta ar a mbeidh deireadh leis an tréimhse bheidh luaidhte sa cheadúnas san no an dáta ar a n-iomportálfar an chaindíocht stroighne bheidh údaruithe leis an gceadúnas san d'iomportáil, pé dáta acu san is déanaí.

[EN]

(2) Má theipeann ar an té is ceadúnaí fé cheadúnas iomportála (stroighin) no má fhaillíonn no má dhiúltann forálacha an ailt seo do chólíonadh beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

Ceadúnaisí iomportála do cheiliúradh.

17.—Féadfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin don té is ceadúnaí fé cheadúnas iomportála (stroighin) no fé cheadúnas do dheon an tAire fé Chuid V den Phríomh-Acht, an ceadúnas san do cheiliúradh.

[EN]

Táillí ceadúnais d'aisíoc.

18.—(1) Má cheiliúrann an tAire ceadúnas iomportála aisíocfaidh leis an gceadúnaí an táille d'íoc sé sin alos an cheadúnais sin.

[EN]

(2) Pé uair a bheidh an chaindíocht stroighne a hiomportálfar fé cheadúnas iomportála níos lugha ná an chaindíocht stroighne bheidh údaruithe leis an gceadúnas san d'iomportáil, aisíocfaidh an tAire leis an té is ceadúnaí fén gceadúnas san oiread den táille do híocadh alos an cheadúnais sin agus a bheidh ar có-réir leis an deifríocht a bheidh idir an chaindíocht stroighne a hiomportálfar fén gceadúnas san agus an chaindíocht stroighne bheidh údaruithe leis an gceadúnas san d'iomportáil.

[EN]

(3) Más deimhin leis an Aire aon stroighin do hiomportáladh fé cheadúnas iomportála do bheith tagtha chun bheith neamh-oiriúnach chun í úsáid féadfaidh an tAire an táille do híocadh leis alos an cheadúnais sin d'aisíoc leis an gceadúnaí.

[EN]

(4) San alt so léireofar an abairt “ceadúnas iomportála” mar abairt is ionann agus an abairt “ceadúnas iomportála (stroighin) no ceadúnas do deonadh fé Chuid V den Phríomh-Acht.”

SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimh. agus Bliain.

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

Uimh. 17 de 1933.

An tAcht Stroighne, 1933.

Fo-alt (2) d'alt 24;

Fo-alt (2) d'alt 26;

Alt 29;

Cuid V.

Uimh. 18 de 1937.

An tAcht Airgid, 1937.

Alt 13.