[EN]

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 18 de 1937.


[EN]

ACHT AIRGID, 1937.

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]

ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE DE CHUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL) D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH, CHUN AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL) DO LEASÚ, AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH.

[4adh Meitheamh, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

[EN]

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1937-38.

1.—(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, éileofar cáin ioncuim do réir cheithre scillinge agus reul fén bpunt.

[EN]

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1937, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad punt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1936, a héileofar amhlaidh í.

[EN]

(3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1936, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na forchánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1937.

[EN]

Forálacha i dtaobh ioncuim a bheidh socruithe ar leanbhaí.

2.—(1) Más rud é, de bhuadh no de dhruim socruithe agus le linn saol-ré an tsocruitheora, go mbeidh aon ioncum á íoc no iníoctha le leanbh leis an socruitheoir no ag fás chun tairbhe dhó in aon bhliain cháinmheasa, déanfar, má bhíonn an leanbh san fé bhun bliain agus fiche d'aois agus gan pósadh i dtosach na bliana san, an t-ioncum san d'áireamh chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim mar ioncum de chuid an toscruitheora in aghaidh na bliana san agus ní mar ioncum de chuid duine ar bith eile.

[EN]

(2) I gcás maoin do bheith dílsithe in iontaobhaithe no ar seilbh acu, de bhuadh ionstruime neamh-incheiliúrtha, ar a leithéidí sin d'iontaobhaisí go mbainfeadh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so (mara mbeadh an fo-alt so) le hioncum na maoine sin in aon bhliain cháinmheasa, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo alos aon choda den ioncum san a bheidh, sa bhliain cháinmheasa san, fásta chun tairbhe leinbh leis an socruitheoir (eadhon, leanbh a bheidh, i dtosach na bliana san, fé bhun bliain agus fiche d'aois agus gan pósadh) ná alos ioncuim eireoidh an bhliain cháinmeasa san as méaduithe ar an ioncum a luaidhtear anso roimhe seo;

[EN]

(b) pé uair a déanfar, in aon bhliain cháinmheasa thosnóidh tar éis an 5adh lá d'Abrán. 1937, aon tsuim ar bith d'íoc fé iontaobhaisí na hionstruime neamh-incheiliúrtha san as an maoin sin no as na méaduithe ar ioncum na maoine sin no as ioncum na maoine sin no as ioncum na méaduithe sin le leanbh leis an socruitheoir no chun tairbhe dhó (eadhon, leanbh a bheidh, i dtosach na bliana san, fé bhun bliain agus fiche d'aois agus gan pósadh) tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an tsuim sin d'íoc mar ioncum, ach san fé réir na teorann ná bainfidh an mhír seo leis an méid sin den tsuim sin is có-ionann leis an méid a bheidh iomlán na suime sin, maraon le gach suim eile (más aon tsuim é) a híocfar tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1937, fé iontaobhaisí na hionstruime neamhincheiliúrtha san leis an leanbh san leis an socruitheoir no chun tairbhe dhó no le haon leanbh eile leis an socruitheoir no chun tairbhe dhó (eadhon, leanbh do bhí, i dtosach na bliana cáinmheasa inar híocadh an tsuim eile sin, fé bhun bliain agus fiche d'aois agus gan pósadh), de bhreis ar mhéid iomlán an ioncuim eireoidh tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1937. as an maoin sin maraon leis an ioncuim eireoidh tar éis an dáta san as na méaduithe sin.

[EN]

Sa bhfo-alt so ní fholuíonn an focal “maoin” aon íocaíocht bhliantúil ná íocaíocht tréimhsiúil eile ar n-a hurrú le cumhnant an tsocruitheora, no le muirear ar n-a chur ag an socruitheoir ar a mhaoin go léir no ar aon chuid di no ar an ioncum iomlán a bheidh aige feasta no ar aon chuid de, no leis an gcumhnant san agus leis an muirear san.

[EN]

(3) Más rud é, de bhuadh fo-ailt (1) den alt so, go dtiocfaidh aon cháin ioncuim no for-cháin chun bheith ion-mhuirir ar shocruitheoir agus go n-íocfa sé í, beidh an socruitheoir sin i dteideal méid na cánach a híocfar amhlaidh do bhaint d'aon iontaobhaí no duine eile le n-a mbeidh an t-ioncum iníoctha de bhuadh no de dhruim an tsocruithe, agus chuige sin beidh sé i dteideal a éileamh ar na Coimisinéirí Ioncuim deimhniú do thabhairt dó á luadh cadé an méid ioncuim ar ar íoc sé cáin amhlaidh agus cadé méid na cánach do híocadh amhlaidh, agus beidh gach deimhniú do bhéarfar amhlaidh ina fhianaise dho-chlaoite ar na fíora bheidh luaidhte ann.

[EN]

(4) Má gheibheann duine, alos aon liúntais no faoisimh, aisíoc cánach ioncuim de bhreis ar mhéid an aisíoca chun a mbeadh teideal aige mara mbeadh fo-alt (1) den alt so, déanfaidh méid is có-ionann leis an mbreis d'íoc leis an iontaobhaí no an duine eile le n-a mbeidh an t-ioncum iníoctha de bhuadh no de dhruim an tsocruithe agus, i gcás beirt no níos mó iontaobhaithe no daoine eile den tsórt san do bheith ann, déanfaidh san d'íoc sna cionúireachtaí sin is gá do réir chúrsaí an cháis.

[EN]

(5) Má eiríonn aon cheist i dtaobh méid aon íocaíochta no i dtaobh aon chion-roinnte bheidh le déanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, isiad na Coimisinéirí Speisialta bhéarfaidh breith ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a mbreith sin uirthi.

[EN]

(6) Aon ioncum a háirmheofar de bhuadh an ailt seo mar ioncum le haon duine áirithe, tuigfear gurb é an chuid is aoirde dá ioncum é.

[EN]

(7) Ní déanfar aon aisíoc fé alt 25 den Income Tax Act, 1918, i dtaobh cánach do híocadh alos ioncuim ar bith go mbeifear, de bhuadh an ailt seo, tar éis é áireamh mar ioncum shocruitheora.

[EN]

(8) Ar an 6adh lá d'Abrán, 1937, agus ón lá san amach scuirfidh mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Finance Act, 1922, agus na forálacha ina dhiaidh sin den alt san, sa mhéid go mbainid leis an mír sín (c), d'éifeacht do bheith acu alos aon tsocruithe le n-a mbaineann an t-alt so.

[EN]

(9) Baineann an t-alt so le gach socrú, pé áit ina ndearnadh no ina ndéanfar é agus pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do rinneadh no déanfar é.

[EN]

(10) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le léiriú na habairte “ionstruim neamh-incheiliúrtha” san alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) léireofar an abairt sin mar abairt fholuíonn ionstruimí do rinneadh roimh an Acht so do rith chó maith le hionstruimí déanfar dá éis sin;

[EN]

(b) ní bheidh ionstruim ina hionstruim neamh-incheiliúrtha chun crícheanna an ailt seo má dheineann a cuid iontaobhas socrú i dtaobh gach ní no i dtaobh éinní no níos mó acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) aon chaipital no ioncum no méaduithe ar ioncum d'íoc leis an socruitheoir no do chur chun críche don tsocruitheoir chun tairbhe dhó féin i gcás ar bith le linn saol-ré leinbh leis an socruitheoir go bhfuil no go mbeidh aon ioncum no méaduithe ar ioncum iníoctha leis no ionchurtha chun tairbhe dhó fé iontaobhaisí na hionstruime;

[EN]

(ii) aon chaipital no ioncum no méaduithe ar ioncum d'íoc le mnaoi chéile no le fear céile an tsocruitheora no do chur chun críche dhi no dhó chun tairbhe dhi féin no dhó féin le linn saol-ré an tsocruitheora i gcás ar bith le linn aon leanbh den tsórt san roimhráite leis an socruitheoir do bheith beo;

[EN]

(iii) deireadh do chur le hiontaobhaisí na hionstruime tré ghníomh no toisc faillí dhuine ar bith;

[EN]

(iv) an socruitheoir d'íoc pionóis i gcás é do theip air déanamh do réir forálacha na hionstruime;

[EN]

(c) ní coiscfear ar ionstruim bheith ina hionstruim neamhincheiliúrtha chun crícheanna an ailt seo de dhruim aon cheann no níos mó de sna forálacha so leanas do bheith in iontaobhaisí na hionstruime sin agus dá dhruim sin amháin, sé sin le rá:—

[EN]

(i) foráil fé n-a dtiocfaidh aon chaipital no ioncum no méaduithe ar ioncum, no fé n-a bhféadfaidh an céanna teacht, chun bheith iníoctha leis an socruitheoir no le n-a mhnaoi chéile no le n-a fear céile no chun bheith ionchurtha chun tairbhe don tsocruitheoir no dá mhnaoi chéile no dá fear céile, ar dhócmhainneacht leinbh leis an socruitheoir go bhfuil no go mbeidh aon ioncum no méaduithe ar ioncum iníoctha leis no ionchurtha chun tairbhe dhó fé iontaobhaisí na hionstruime;

[EN]

(ii) foráil fé n-a dtiocfaidh aon chaipital no ioncum no méaduithe ar ioncum, no fé n-a bhféadfaidh an céanna teacht, chun bheith iníoctha leis an socruitheoir no le n-a mhnaoi chéile no le n-a fear céile no chun bheith ionchurtha chun tairbhe don tsocruitheoir no dá mhnaoi chéile no dá fear céile, i gcás aon leanbh den tsórt san roimhráite leis an socruitheoir do shannadh an chaipitail no an ioncuim sin no na méaduithe sin ar ioncum no do chur muirir ar an gcéanna;

[EN]

(iii) foráil chun deireadh do chur le hiontaobhaisí na hionstruime sa chuma san no sa tslí sin ná déanfadh san, le linn saol-ré aon leinbh den tsórt san roimhráite leis an socruitheoir, tairbhe d'aon duine seachas an leanbh san no a bhean chéile no a fear céile no a chlann no a clann.

[EN]

(11) San alt so—

[EN]

foluíonn an focal “leanbh” leas-leanbh, ucht-leanbh, agus leanbh mí-dhlisteanach;

[EN]

foluíonn an focal “socrú” aon chur de láimh, iontaobhas, cumhnant, có-aontú no réiteach, agus aon aistriú ar airgead no ar mhaoin eile no ar aon cheart chun airgid no chun maoine eile;

[EN]

foluíonn an focal “ioncum” (ach amháin sna háiteanna ina bhfuil sé san abairt “cáin ioncuim” agus sna háiteanna, i bhfo-alt (1), i mír (b) d'fho-alt (2) agus i bhfo-ailt (6) agus (7), ina bhfuil an focal “mar” díreach roimhe no san áit (sa bhfo-alt san (6)) ina bhfuil an focal “dá” díreach roimhe) aon ioncum is ionchurtha fé cháin ioncuim tré laigheadú no ar shlí eile agus aon ioncum do bheadh ionchurtha amhlaidh dá mba dhuine chomhnuíonn no chomhnuíonn de ghnáth i Saorstát Éireann do gheobhadh é i Saorstát Éireann ach ní fholuíonn ioncum eireoidh fé shocrú i mbliain cháinmheasa ná beidh an socruitheoir ionchurtha fé cháin ioncuim ina haghaidh mar chomhnuitheoir i Saorstát Éireann.

[EN]

Alt 39 den Income Tax Act, 1918, do leasú.

3.—Léireofar fo-alt (2) d'alt 39 den Income Tax Act, 1918, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “eighty pounds a year by way of annuity” isteach ann in ionad na bhfocal “fifty-two pounds a year by way of annuity”.

[EN]

Caillteanaisí do thabhairt ar aghaidh i gcásanna áirithe.

4.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go ndearnadh caillteanas do thárla do dhuine do thabhairt ar aghaidh fé alt 14 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929), agus

[EN]

(b) toisc asbaintí, i dtaobh caitheamh meaisínteachta no gléasra, do lomháil (fé Riail 6 de sna Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918) sna cáinmheasta in aghaidh na sé mblian díreach tar éis na bliana inar thárla an caillteanas san, nach féidir fén alt san 14 asbaint ná frithéileamh do lomháil alos an chaillteanais sin no alos coda dhe as an brabús no an sochar no i gcoinnibh an bhrabúis no an tsochair ar a bhfuil an duine sin á cháinmheas fén Sceideal san D in aghaidh na sé mblian san,

[EN]

ansan agus sa chás san, déanfar oiread san den chaillteanas san is ionann agus an méid de nár tugadh faoiseamh ina thaobh, ach go bhféadfaí é thabhairt mara mbeadh an lomháil roimhráite, do thabhairt ar aghaidh tuilleadh agus do lomháil mar asbaint no mar fhrithéileamh fé réim agus do réir an ailt sin 14, ach gus an atharú go dtuigfear, chun críche na tabhartha-ar-aghaidh breise sin, na focail “in aghaidh na sé mblian cáinmheasa” do bheith scriosta as fo-alt (1) den alt san agus na focail “in aghaidh gach bliana cáinmheasa” do bheith curtha in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

[EN]

(2) Ní déanfar an asbaint chéanna, i dtaobh caitheamh meaisínteachta no gléasra, dá dtabharfar éifeacht in aon bhliain cháinmheasa do chur san áireamh níos mó ná uair amháin chun crícheanna an ailt seo.

[EN]

(3) Aon fhaoiseamh do bhéarfar fén alt san 14 den Acht Airgid, 1929 (ar shlí seachas de bhuadh an ailt seo) o cháinmheas bhéarfar é alos caillteanais do thárla i mbliain laistigh de sna sé bliana díreach roimh bhliain an cháinmheasta sara dtabharfar aon fhaoiseamh de bhuadh an ailt seo alos caillteanais do thárla i mbliain ná raibh laistigh de sna sé bliana san.

[EN]

(4) Tuigfear an t-alt so do theacht i ngníomh an 6adh lá d'Abrán, 1936, agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige ar an dáta san agus ón dáta san amach.

CUID II.

Custuim agus Mal.

[EN]

Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

5.—(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chéad Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

[EN]

(2) I gcás ina bhfuil percentáiste curtha síos sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

[EN]

(3) Pé áit ina ndeirtear sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so go mbaineann an fhoráil cheadúnúcháin le diúité áirithe luaidhtear sa Sceideal san, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo leanas maidir leis an diúité sin, sé sin le rá—pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cóilíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

[EN]

(4) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ag aon uimhir thagartha sa Sceideal san, beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san.

[EN]

Na diúitéthe ar shiúicre d'atharú.

6.—(1) In ionad na ndiúitéthe custum, na n-ais-tarraicí custum agus an liúntais chustum atá anois ann alos siúicre, moláis, glúcóis agus sacairín, déanfar na diúitéthe custum a luaidhtear sa dara colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, no dá éis sin, agus déanfar na hais-tarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal san d'íoc agus do lomháil alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín go léir a hiomportálfar amhlaidh.

[EN]

(2) In ionad na ndiúitéthe máil, na n-ais-tarraicí máil agus na liúntaisí máil atá anois ann alos siúicre, moláis, glúcóis agus sacairín, déanfar, an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, agus dá éis sin, na diúitéthe máil a luaidhtear sa tríú colún agus sa cheathrú colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tascairín go léir a déanfar i Saorstát Éireann. agus déanfar na hais-tarraicí agus na liúntaisí atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal san do lomháil agus d'íoc alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín go léir a déanfar amhlaidh.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag alt 40 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), maidir leis na diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so fé mar atá feidhm ag an alt san maidir leis na diúitéthe luaidhtear ann.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag na forálacha atá i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925), maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí forchuirtear no lomháltar leis an alt so fé mar atá feidhm ag na forálacha san maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí luaidhtear sa Chéad Sceideal san, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gclás 5, cuirfear an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, in ionad an 6adh lá de Bhealtaine, 1925;

[EN]

(b) i gclás 7, déanfar an tagairt d'ailt 26 agus 27 den Acht Airgid, 1925, adubhradh, do léiriú mar thagairt don alt so.

[EN]

(5) Beidh feidhm ag alt 25 den Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931), maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí forchuirtear no lomháltar leis an alt so fé mar atá feidhm aige maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí luaidhtear san alt san.

[EN]

Diúité ar bhaill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta.

7.—(1) In ionad an diúité forchuirtear le halt 10 den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934), éileofar, gearrfar agus íocfar diúité custum—

[EN]

(a) ar gach earra (pe'ca déanta go hiomlán no go leithrannach di) dá luaidhtear sa dara colún i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so (seachas earraí go ndeirtear ag ceann Coda san I ná baineann sí leo) agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, do réir an ráta (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) a luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin I den Tríú Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san, agus

[EN]

(b) ar gach compáirt, d'aon earra (seachas gabhálas d'aon bhaill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta) a luaidhtear sa dara colún i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, do réir an ráta (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) gur dá réir adeirtear sa tríú colún sa Chuid sin I diúité do bheith inéilithe ar an earra gur compáirt di an chompáirt sin, agus

[EN]

(c) ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin II os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

[EN]

(2) I gcás na n-earraí uile agus fé seach a luaidhtear sa dara colún i gCoda III agus IV den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus go ndeirtear ag ceann gach Coda fé seach acu san í do bhaint leo (ar a n-áirmhítear, i gcás earraí luaidhtear sa Chuid sin III, earraí bheidh déanta go leathrannach agus, i gcás earraí luaidhtear sa Chuid sin IV, earraí neamh-iomlána) isé an diúité do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún sa Chuid sin III no sa Chuid sin IV (pe'ca aca bhaineann leis an gcás) os coinne luadh na hearra sa dara colún san an diúité minimum is inéilithe de bhuadh an ailt seo alos gach earra fé leith acu san agus, dá réir sin déanfar, maidir le gach earra den tsórt san, an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh do réir pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, an ráta is inéilithe alos na hearra san fé Chuid I no fé Chuid II (do réir mar a bheidh) den Tríú Sceideal san no an ráta is inéilithe fé pé ceann de Choda III agus IV den Tríú Sceideal san a bhaineann leis an earra san.

[EN]

(3) An luadh deintear ar phercentáiste sa tríú colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh earra ar bith sa dara colún den Sceideal san tuigfear go gcialluíonn sé agus léireofar é mar ní chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

[EN]

(4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun í úsáid i gcluiche stáitse no i dtaisbeáint no taibhdhirc eile dhramaíochta no cheoil, agus chuige sin amháin, atá aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so á hiomportáil, féadfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi.

[EN]

(5) I gcás léine no bóna no cufa d'easportáil amach as Saorstát Éireann agus é do dhul, lasmuich de Shaorstát Éireann, fén gcéad chóiriú agus é d'ath-iomportáil ansan isteach i Saorstát Éireann déanfar, in ainneoin éinní atá in alt 25 den Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933), an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar an léine no ar an mbóna no ar an gcufa san ar é d'ath-iomportáil amhlaidh agus déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc amhlaidh do réir an ráta bheadh infheidhmithe dá mba ná déanfaí an léine no an bóna no an cufa san d'easportáil roimhe sin amach as Saorstát Éireann.

[EN]

(6) D'ainneoin éinní atá san alt so no sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh—

[EN]

(a) ar bhróga, ar bhróga ísle, ar gholaisí, ar asa, ar phaitíní ná ar choisbheart imeachtrach eile ná ar chompáirteanna dhíobh san ná ar ghabhálaisí dhóibh, ná

[EN]

(b) ar aon ghabhálas do bhall éadaigh no do chóir ghléasta phearsanta a hiomportálfar ar leithligh ón mball éadaigh no ón gcóir ghléasta agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhair neamh-fhighteacha, ná

[EN]

(c) ar aon earra is compáirt de bhall éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta ar bith (seachas foscadán) agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'aon abhar neamh-fhighteach seachas leathar no fionnadh, ná

[EN]

(d) ar aon earra is compáirt de bhall éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta ar bith agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de leathar agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh í bheith oiriúnach agus beartuithe chun í d'úsáid chun hataí no caipíní do dhéanamh, ná

[EN]

(e) ar aon bhall éadaigh no cóir ghléasta phearsanta bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de pháipéar, ná

[EN]

(f) ar aon chompáirteanna nea-chó-ghabhtha d'fhoscadán, ná

[EN]

(g) ar aon chuid de sna có-ghabhála leathrannacha so leanas de chompáirteanna d'fhoscadán, sé sin le rá:—

[EN]

(i) easnaíocha ar leithligh agus taca ag gabháil le gach easna acu,

[EN]

(ii) biannaí có-ghabhtha,

[EN]

(iii) snonga sleamhnáin có-ghabhtha,

[EN]

(iv) hannlaí có-ghabhtha, ná

[EN]

(h) ar aon earra mháinliaghachta no liaghachta bheidh beartuithe chun í chaitheamh toisc aon éalainge no éislinne cuirp no mar chosaint no mar leigheas uirthi sin, ná

[EN]

(i) ar chleití órnáideacha ná ar bhláthanna saordha 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh iad do bheith á n-iomportáil chun iad d'úsáid chun baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta do dhéanamh no do mhaisiú agus gur ar leithligh o sna baill éadaigh no ón gcóir ghléasta san a bheid á n-iomportáil, ná

[EN]

(j) ar húdaí ná ar mhúnlaí chun hataí do dhéanamh agus is gá, i gcóir na déantóireachta san, do bhlocú, do mhúnlú no do ghearradh agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur cuid shubstainteach den déantóireacht an blocú, an múnlú no an gearradh, ná

[EN]

(k) ar aon chompáirt de bhaill éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta ná ar aon ghabhálas don chéanna is struic, suaitheantas no sighin, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná

[EN]

(l) ar aon earra bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, déanta, ceaptha, agus beartuithe chun daoine dá húsáid i gcúrsaí a bhfostaíochta mar chosaint ar dhíobháil no ar ghalar, ná

[EN]

(m) ar aon pheiribhic, toupet ná earra dá samhail.

[EN]

(7) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

[EN]

(8) San alt so agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so foluíonn an abairt “cóir ghléasta” ciarsúirí póca agus foscadáin, ní fholuíonn an focal “buachaillí” ná an focal “cailíní” naoidheanáin, agus léireofar an focal “bríste” mar fhocal a chialluíonn earra amháin pe'ca “bríste” no “péire bríste” gairmtear di, agus léireofar é freisin mar fhocal fholuíonn treabhsar fada, treabhsar gairid, bríste glúnach, agus earraí eile den tsamhail sin.

[EN]

Alt 25 den Acht Airgid, 1924, do leasú.

8.—I gcás consighneacht no beart le n-a mbaineann alt 25 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924), d'iomportáil an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, agus dhá shaghas no níos mó d'earraí is ionchurtha fé dhiúité chustum do bheith ann agus na Coimisinéirí Ioncuim do bheith sásta go bhfuil an chonsighneacht no an beart san á hiomportáil mar bhronntanas do dhuine i Saorstát Éireann, isé méid iomlán na ndiúitéthe custum a bheidh inéilithe ar an gconsighneacht no ar an mbeart san, d'ainneoin éinní atá san alt san 25, ná pé méid acu so leanas is mó, sé sin le rá, suim dhá scilling agus reul no iomlán méideanna uile agus fé seach na ndiúitéthe custum is inéilithe ar na saghsanna fé seach d'earraí indiúité sa chonsighneacht no sa bheart san.

[EN]

Deireadh leis an diúité ar chruithneachtain.

9.—Ní déanfar an diúité custum ar chruithneachtain, do forchuireadh le halt 19 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935), d'éileamh ná do ghearradh ar aon chruithneachtain a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin.

[EN]

An diúité ar thé d'atharú.

10.—(1) In ionad an diúité chustum a forchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935), éileofar, gearrfar agus íocfar diúité custum do réir dhá phingin an punt ar an té go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 14adh lá de Mheitheamh, 1937, no dá éis sin.

[EN]

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, liost d'earraí do bhí, ar scáth ráta thosaíochta, le leigint isteach saor o dhiúité, agus fé is dá ndeintí té, go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh ná dearnadh aon tsaghas measctha uirthi lasmuich de thír a tionnscnaimh, do chur sa liost san agus go ndéanfaí té d'fhágaint ar lár sa liost d'earraí, sa Dara Sceideal san, go gcuirtear cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta.

[EN]

Achtanna Airgid áirithe do leasú.

11.—(1) Déanfar gach Acht a luaidhtear ag ceann Coda den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú mar leanas, sé sin le rá, déanfar gach alt, sceideal, no uimhir thagartha den Acht san no san Acht san a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Cheathrú Sceideal san do leasú sa tslí luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin den Cheathrú Sceideal san os coinne luadh an ailt, an sceidil, no na huimhreach tagartha san (do réir mar a bheidh) sa dara colún san.

[EN]

(2) Gach leasú a luaidhtear amhlaidh mar adubhradh sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht aige an 15adh lá d'Abrán, 1937, agus ón lá san amach.

[EN]

(3) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun a chur in usacht na diúitéthe, dá ndeintear deifir fé seach leis na leasuithe uile agus fé seach a luaidhtear sa Cheathrú Sceideal san, d'aithint agus chuige sin amháin a cuirtear isteach sa Cheathrú Sceideal san iad, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an Cheathrú Sceidil sin ná ní oibreoidh chun réime ná éifeachta aon leasuithe luaidhtear sa Cheathrú Sceideal san do leathnú, do theorannú, no do rialú.

[EN]

Deireadh le diúitéthe áirithe custum.

12.—(1) Na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a forchuirtear fé seach leis na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Chúigiú Sceideal san ní héileofar ná ní gcarrfar iad ar aon earraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 15adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin.

[EN]

(2) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun a chur in usacht na diúitéthe uile agus fé seach, a luaidhtear sa tríú colún den Chúigiú Sceideal san, d'aithint agus chuige sin amháin a cuirtear isteach sa Chúigiú Sceideal san iad, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná do léiriú an dara colúin ná an tríú colúin den Chúigiú Sceideal san ná ní dhéanfaidh oibriú an ailt sin ná na gcolún san do theorannú ná do rialú.

[EN]

Cuid de tháille cheadúnais fén Acht Stroighne, 1933, d'aisíoc.

13.—Pé uair a bheidh an méid stroighne a hiomportálfar fé cheadúnas iomportála do deonadh fé Chuid V den Acht Stroighne, 1933 (Uimh. 17 de 1933), níos lugha ná an méid stroighne a húdaruítear leis an gceadúnas san d'iomportáil, aisíocfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála leis an gceadúnaí fén gceadúnas san an méid sin den táille do híocadh do réir ailt 36 den Acht san alos an cheadúnais sin a bheidh cothromúil leis an deifríocht a bheidh idir an méid stroighne do hiomportáladh fén gceadúnas san agus an méid stroighne a húdaruítear leis an gceadúnas san d'iomportáil.

[EN]

Deimhnithe tionnscnaimh do thabhairt i láthair i ndúbláid.

14.—Pé uair a dhéanfaidh oifigeach custum, fé alt 65 den Customs Consolidation Act, 1876, mar a leasuítear san le halt 4 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935), no fé alt 1 den Revenue Act, 1909, mar a leasuítear san amhlaidh, a chur mar cheangal ar iomportálaí aon earraí no ar a ghníomhaire deimhniú do thabhairt i láthair á thaisbeáint cár tionnscnadh na hearraí sin, féadfaidh an t-oifigeach san a chur mar cheangal ar an iomportálaí sin no ar a ghníomhaire an deimhniú san do thabhairt i láthair i ndúbláid agus, más i dtír 'na mbeidh có-aontú trádála idir í féin agus Saorstát Éireann i bhfeidhm do tionnscnadh na hearraí sin mar a luaidhtear sa deimhniú san, féadfaidh an t-oifigeach san dúbláid amháin den deimhniú san do chur ar an slí oiriúnach go dtí ionadaí diplomáideach no oifigeach consulta no eile do rialtas na tíre sin.

CUID III.

Ilghneitheach agus Generalta.

[EN]

Ráta an diúité stampa ar bhainc scair-shealbhacha do laigheadú.

15.—An diúité stampa forchuirtear le halt 49 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), ar gach banc is banc scair-shealbhach de thurus na huaire do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 (Uimh. 32 de 1927), éileofar agus íocfar é in aghaidh na leath bhliana dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1937, agus in aghaidh gach leath-bhliana ina dhiaidh sin do réir a dó go leith per cent. per annum ar an méid nótaí bainc có-dhlúite luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 49 in ionad an ráta de thrí per cent. per annum a luaidhtear sa bhfo-alt san.

[EN]

Alt 33 den Acht Airgid, 1935, do leasú.

16.—Déanfar agus deintear leis seo alt 33 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935), do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré sna focail “no mara ndeinidh no go dtí go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim (agus iad ag gníomhú mar adubhradh) toiliú i scríbhinn do thabhairt don bhancaer sin ag toiliú leis an íocaíocht san go dtí go ndéanfar amach agus go nglanfar an diúité sin” do chur i ndeireadh fo-ailt (1) de, agus

[EN]

(b) tré sna focail “no toiliú” do chur i bhfo-alt (4) den alt san díreach i ndiaidh an fhocail “deimhniú”.

[EN]

Cúiteamh d'íoc fé sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1933.

17.—In ainneoin éinní contrárdha dhó san atá sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1933, féadfaidh an tAire Airgid, más ceart san dar leis, íoc a dhéanamh in airgead, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, in aon chúiteamh no suim eile ceangailtear air no a húdaruítear dó leis na hAchtanna san d'íoc tré urrúis do thabhairt amach a bunuíodh fé alt 13 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923), no fén alt san mar a cuirtear i mbaint é tré achtachán ina dhiaidh sin.

[EN]

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste.

18.—D'fhonn airgead do sholáthar chun íoctha muirear a thuitfidh ar an bPrímh-Chiste i dtaobh scéimeanna chun fostaíocht do sholáthar agus chun fóirithint ar ghátar, déanfar suim chéad míle punt d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste agus d'íoc as an Ród-Chiste leis an Stát-Chiste pé tráth no tráthanna, sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1938, agus i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Bainc áirithe do bhainistí stoc Rialtais.

19.—Go dtí go bhforálfaidh an tOireachtas a mhalairt, bainfidh na reachtanna agus na horduithe agus na rialacháin reachtúla uile agus fé seach, i dtaobh Banc na hÉireann do bhainistí stoc agus cistí agus urrús puiblí Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí, a bhí i bhfeidhm díreach roimh Shaorstát Éireann do bhunú, bainfid agus tuigfear iad do bhaint riamh, gus na hatharuithe is gá, le Banc na hÉireann agus le Banc Náisiúnta na Cathrach, Teoranta, fé seach do bhainistí stoc agus cistí agus urrús puiblí (seachas Bannaí Talmhan) de chuid Rialtais Shaorstáit Éireann.

[EN]

Dearbhú bheidh le déanamh sara bhfuighfear suimeanna áirithe fé Achtanna Leithreasa.

20.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “Acht Leithreasa ina dhiaidh seo” Acht a rithfear tráth ar bith tar éis an Achta so do rith agus tré n-a ndéanfar soláthair do deonadh i siosón airithe den Oireachtas do chur i leithreas.

[EN]

(2) Ní bhfuighidh duine ar bith aon chuid de dheontas a deonfar do réir Achta Leithreasa ina dhiaidh seo i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla go dtí go ndéanfaidh pé dearbhú a hordófar o am go ham le barántas ón Aire Airgid do shighniú i bhfianaise duine de sna daoine a hordófar sa bharántas san.

[EN]

(3) Pé uair a déanfar aon íocaíocht, den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, níos minicí ná uair sa ráithe, féadfaidh an tAire Airgid, in ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san, a cheadú gan ach aon dearbhú amháin den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt i láthair in aghaidh gach ráithe.

[EN]

(4) Gach duine dhéanfaidh dearbhú chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phonc táchtach de beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar triocha punt do chur air.

[EN]

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

21.—Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile forchuirtear leis an Acht so.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

22.—(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1937, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

[EN]

(3) Tuigfear Cuid I den Acht so, ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go soiléir inti, do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1937, agus beidh éifeacht aici an lá san agus ón lá san amach.

CEAD SCEIDEAL.

Diuitethe Airithe Custum.

Uimh. Thag.

An saghas carra is ionchurtha fé dhiúité

Ráta an diúité

Forálacha speisialta

1

(a) Adhastair mhuiníl le haghaidh ainmhithe, a hiomportálfar ina mór-choda, agus a bheidh déanta go hiomlán no de mhórán, agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte, no de théadra, no d'abhar fhighte agus de théadra;

40%

--

(b) earraí is compáirteanna d'adhastair mhuiníl le haghaidh ainmhithe agus a hiomportálfar ina mór-choda agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte no de théadra no d'abhar fhighte agus de théadra.

2

Boscaí agus cásaí ná beidh déanta ar fad no nach mór ar fad de mhiotal agus a hiomportálfar folamh agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith de shaghas atá oiriúnach agus a húsáidtear de ghnáth chun fáinní, bioráin, dealga, buinn. uaireadóirí, cluig, ceangail chufa, bocóidí agus carraí seodóireachta i gcoitinne do thaisbcáint no do dhíol.

50%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 16 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon carra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

3

Snáth abhrais de chadás, de líon no de chnáib a bheidh ina cheirtlín le linn a iomportála.

Scilling agus reul an punt.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

4

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha agus beartuithe chun iad do chaitheamh istigh i mbróig no i mbróig

40%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

ísil chun ainimh no éagcrutha coise do shuaimhniú no do cheartú, sé sin le rá:—

(a) buinn,

(b) tacaí,

(c) peadanna leagha cos.

5

Stocaí, gearra-stocaí agus bandaí leaistic is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith de shaghas a húsáidtear chun éalaingí no éislinní cuirp do mhaolú no do leigheas.

40%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

6

(a) Adhmad a hiomportálfar sa phíosa agus ar a mbeidh athchroiceann adhmaid curtha dar leis na Coimisinéirí Ioncuim;

50%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) Athchroicne adhmaid is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do cuireadh fé cheann amháin no níos mó de phróisisí gearrtha, ullamhuithe agus déantóireachta.

7

Tuaslagán greamuitheach gur húsáideadh cúitsiúc chun é d'ullamhú no ina mbeidh cúitsiúc.

50%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

8

(a) Cláir silte bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'asbeist agus a bheidh oiriúnach chun iad d'úsáid ar dhóirtil tighe no maidir leo;

Trí scillinge an céadmeáchaint.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) earraí bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'asbeist agus a bheidh oiriúnach chun iad d'úsáid i bhfoirgneoireacht no i ndréineáil.

9

(a) Méadair aon-tsrutha (chun tomhaltacht leictreachais do chomhaireamh in uat-uaire) ná tógfaidh níos mó ná céad ampeir de shruth agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith cóghabhtha ar fad no de mhórán;

(b) earraí is dóich leis na Coimisinéirí Incuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid mar chompáirteanna de sna méadair a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo.

(a) Ar mhéadair— pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 50% no deich scillinge an méadar;

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) Ar chompáirteanna —50%.

10

Gabhadáin uisce nach lugha ná galún agus nach mó ná ocht ngalún fichead a luchtmhaireacht agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid i gcóraisí cúrsaíochta uisce te agus chun iad do théidheamh le heilimint leictriciúil inmheánach agus leis sin amháin agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith có-ghabhtha ar fad no de mhórán.

50%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

11

(a) Fearas cócaireachta chun úsáide tighe a téidhtear le leictreachas agus leis sin amháin agus gurb é bheidh ann ná oigheann agus ceann ar a laighead agus ceithre cinn ar a mhéid d'fháinní cócaireachta no bheidh ceaptha agus déanta chun san do bheith ann;

25%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) earraí (seachas eilimintí téidhimh leictriciúla a hiomportálfar ar leighligh) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha,

déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid mar chompáirteanna d'aon fhearas chócaireachta den tsaghas a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo.

12

Abhar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do rinneadh ar mheaisín fighe no leis agus a hiomportálfar ina ghréasán agus nach ionchurtha fé dhiúité ar shlí eile.

100%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

13

(a) Earraí (pe'ca déanta go hiomlán no go leathrannach dóibh) a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun úsáide pearsanta no chun úsáide tighis no tighe agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim nach baill éadaigh ná cóir ghléasta phearsanta agus nach ionchurtha fé dhiúité ar shlí eile;

(b) tarpóil;

(c) earraí (pe'ca déanta go hiomlán no go leathrannach dóibh) d'aon tsaghas acu so leanas a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chadás, de línéadach, no d'abhar mheasctha, agus compáirteanna (déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte) d'aon earraí den tsórt san, sé sin le rá:—

(i) braitlíní talmhan,

(ii) clúdaigh puible,

(iii) cnapsacanna,

(iv) lón-mhálaí,

(v) málaí codlata,

(vi) clúdaigh ámóige;

40%

Earra ar bith is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur i Saorstát Éireann do rinneadh an earra san agus gur chuige amháin a heasportáladh as Saorstát Éireann í chun aon ní no nithe acu so do dhéanamh uirthi, eadhon, í dhéanamh díonach, í thuaradh, í dhathú, í phéinteáil, í chlóbhualadh no í chríochnú agus nár cuireadh í fé aon phróiseas eile déantóireachta faid a bhí sí lasmuich de Shaorstát Éireann amhlaidh.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(d) málaí agus sacanna (pe'ca déanta go hiomlán no go leathrannach dóibh) a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chadás fhighte, de línéadach, no d'abhar mheasctha agus a hiomportálfar folamh, agus fós compáirteanna (déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte) d'aon mhálaí no sacanna den tsórt san.

14

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'ailimíne no de chóimmiotal gur ailimíne is príomh-tháthchuid dó no d'ailimíne agus d'aon chóimmiotal den tsórt san le chéile, sé sin le rá:—

50%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(a) áruistí tighis no tighe cuasacha;

(b) soithigh agus árthaighe nach mó a luchtmhaireacht ná sé ghalún agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid in uachtarlanna no i ndéirithe;

(c) úirlisí sceana dóireachta;

(d) bioráin chniotála;

(e) claibíní do bhuidéil agus do sheáranna.

15

(a) Earraí d'aon tsaghas acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith có-ghabhtha go hiomlán no de mhórán agus a bheidh déanta, no go mbeidh a gcreatlach déanta, ar fad no nach mór ar fad de chruaidh no d'iarann no de chruaidh agus d'iarann le chéile (agus an chruaidh no an t-iarann san i bhfuirm leatháin, stéill, no fonnsa nach mó ná an t-ochtú cuid d'orlach ar tiughas no i bhfuirm feadáin no go leathrannach i bhfuirm agus go leathrannach i bhfuirm no i bhfuirmeacha eile acu san), sé sin le rá:—

(i) búird (ar a n-áirmhítear búird d'ionstruimidí leighis agus búird do chóracha leighis), cathaoireacha, stóil, suidheacháin, tuilg, cupaird, trucailíní bídh, locaird agus scáileáin íoscaidh no scáileáin leapan,

(ii) racaí agus seilpreadh de shaghas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun úsáide tráchtála no oifige no leabharlainne, agus gabhadáin chun a n-úsáidthe i dteanta na racaí no an tseilpridh sin,

(iii) comhad-chaibinéidí, comhad-bhoscaí, agus comhad tráidirí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun úsáide tráchtála no oifige,

50%

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra go mbeidh an taobh amuich dhi clúduithe ar fad no nach mór ar fad le sionne ná ar aon earra is ionchurtha,

(a) fén diúité forchuirtear le hAlt 4 den Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 12 i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, no

(b) fén diúité forchuirtear le hAlt 8 den Acht Airgid 1934 (Uimh. 31 de 1934), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 8 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, no

(c) fé aon diúité is inéilithe de thurus na huaire de bhuadh orduithe reachtúla (do rinneadh roimh an Acht so do rith) ar áruistí cuasacha gloineach-mhaithnithe.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(iv) seastáin taisbeántais tráchtála,

(v) coimeádáin do chairteacha corp-theodhachta, frámaí do sna coimeádáin sin, leabachliabháin mháinliaghachta, frámaí siúil máinliaghachta, tacaí coise, tacaí droma, sínteáin rothacha ospidéil, agus cróchair rothacha;

(b) earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad de chruaidh no d'iarann no de chruaidh agus d'iarann le chéile (agus an chruaidh no an t-iarann san i bhfuirm leatháin, stéill no fonnsa nach mó ná an t-ochtú cuid d'orlach ar tiughas no i bhfuirm feadáin no go leathrannach i bhfuirm agus go leathrannach i bhfuirm no i bhfuirmeacha eile acu san), agus do bheith ceaptha, déanta, agus oiriúnach go príomhdha chun iad d'úsáid mar chompáirt d'aon earra dá luaidhtear sa mhír sin roimhe seo mar earra is ionchurtha fé dhiúité.

16

Stuic do shuidheacháin agus do chrinlíní bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'iarann no de chruaidh no d'iarann agus de chruaidh le chéile.

40%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

17

Cóistí do bhréagáin agus compáirteanna (seachas rothaí) de sna cóistí sin.

50%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 7 den Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 30 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

18

(a) Málaí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun cleatha golf d'iompar;

(b) compáirteanna de sna málai luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo.

40%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 35 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

19

Páipéar ná beidh einní ná aon phátrún clóbhuailte air agus a bheidh, agus é leathnuithe go hiomlán, de mheáchaint is có-ionann le meáchaint is mó ná dhá phunt déag gan bheith níos mó ná céad agus triocha punt an réam de cheithre chéad agus ochtó leathán coróinn dhúbhalta triocha orlach ar fhaid agus fiche orlach ar leithead, ach gan aon pháipéar d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is páipéar d'aon tsaghas acu so leanas, sé sin le rá:—

50%

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra bheidh déanta de pháipéar is ionchurtha fén diúité sin ná ar aon pháipéar a bheidh, le linn é d'iomportáil, á úsáid mar abhar pacála no fillteála d'earra eile, ná ar aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear le, hAlt 7 den Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 34 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

(a) pár bréige (agus páipéar páruithe d'áireamh),

(b) páipéar gréis-dhíonach,

(c) páipéar do cuireadh fé phróiseas uisce-dhíonta le híle, céir, tarra, no pic,

(d) páipéar do cótáladh no do cuireadh fé phróiseas i slí gur tugadh éadan dó cosúil le miotal,

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é i dteanta agus ní diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 15 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

(e) páipéar fillteála tréimhdhearcach ceallulóis, (f) páipéar tréimhdhearcach gloinithe,

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(g) páipéar den tsaghas ar a dtugtar de ghnáth páipéar nuachtáin,

(h) páipéar do cótáladh i slí gur tugadh éadan dó cosúil le leathar,

(i) páipéar motháluithe atá beartuithe chun é d'úsáid chun seiceanna, grianghrafanna, pátrúin, no tarraiceoireachtaí do phriontáil,

(j) cló-pháipéar cótálta den tsaghas ar a dtugtar de ghnáth páipéar lonnardha,

(k) páipéar lonnardha bréige,

(l) páipéar fé bhioth,

(m) páipéar de shaghas is oiriúnach chun fallaí no síleála do mhaisiú,

(n) páipéar go bhfuil aon abhar fighte ionchorpruithe ann go buan no greamuithe dhe go buan.

20

Rollaí ceoil agus earraí eile dá samhail atá ceaptha agus déanta chun ceol do sheinnt le pianola no le hoirnéis eile dá shamhail.

33½%

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí earrai is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

21

Plátaí gramafóin agus earraí eile dá samhail a bheidh ceaptha agus déanta chun fuaim d'ath-thabhairt amach le gramafón no le hoirnéis eile dá shamhail, ach gan áireamh do dhéanamh ar scannán chinematografach a bheidh ceaptha agus déanta chun fuaim d'ath-thabhairt amach i dteanta le pictiúirí no éifeachtaí eile radhairc do thaisbeáint le cinematograf no le fearas eile dá shamhail.

Naoi bpingne an earra.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

22

Frámaí miotail cainéaluithe nach lugha a dtimpeall lasmuich ná caoga orlach agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun iad d'úsáid mar fhrámaí do scátháin agus ná beidh scáthán ionta le linn iad d'iomportáil.

40%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

23

(a) Feadánra no píopra hóis so-lúbtha bheidh clúduithe no ceangailte le sreang mhiotail, ach gan aon fheadánra ná píopra den tsórt san a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chúitsiúc d'áireamh;

50%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) feadánra no píopra hóis a bheidh déanta de chúitsiúc agus de chanfás le chéile agus go mbeidh a tholl líneálta no feistithe le sreang mhiotail chaisimíneach.

24

Abhar ullamhuithe is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha agus oiriúnach chun é d'úsáid chun teinte d'adhaint.

331/3%

--

25

Aon earra acu so leanas a bheidh déanta de ghruaig no ina mbeidh gruaig agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith, le linn a hiomportála, déanta go hiomlán no de mhórán, sé sin le rá, peiribhicí, bréagfholta, toupets, bréagchneasa, duail, chignons, trilseáin, cuacha, ulchanna, croimbéil, agus carraí eile dá samhail, ach gan aon earra den tsórt san d'áireamh go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gan í bheith á hiomportáil ach chun úsáide amharclainne no chun bheith ina cuid de shamhail-chulaith.

30%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

26

(a) Uaireadóirí agus oibreacha uaireadóra is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith có-ghabhtha go hiomlán no de mhórán;

(b) compáirteanna d'uaireadóirí, ach gan aon carra d'áireamh is ionchurtha fé dhiúité mar cheann d'oibreacha uaireadóra fén mír sin (a) roimhe seo.

Ar uaireadóirí agus ar oibreacha uaireadóra —pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:—331/3% no cúig scillinge an earra; ar chompáirteanna is ionchurtha fé dhiúité fé mhír (b) sa dara colún— 331/3%

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ach an abairt “Saorstat Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí earraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so sa mhéid go bhfuil sé inéilithe ar chompáirteanna is ionchurtha fé dhiúité fé mhír (b) sa dara colún.

27

Píopaí gloinithe bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chré no de chriadha, agus cuingí gloinithe (do phíopaí de shaghas ar bith) a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chré no de chriadha.

Scilling agus reul an céadmeáchaint.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

28

(a) Paisteanna greamuitheacha;

(b) púdair chun paisteanna greamuitheacha d'ullamhú.

37½%

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

29

(a) Raicéidí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid chun tennis, tennis faithche, badminton, raicéidí, no cluichí eile dá samhail d'imirt no chun aon chluiche no cluichí acu san d'imirt;

(b) frámaí agus lúbáin chun úsáide i ndéanamh aon raicéidí den tsaghas a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo;

(c) compáirteanna (bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'adhmad agus a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán agus ná luaidhtear sa mhír sin (b) roimhe seo) d'aon raicéidí den tsaghas a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo.

(a) Ar raicéidí, frámaí, agus lúbáin —75% agus deich scillinge an earra;

 

(b) ar chompáirteanna is ionchurtha fé dhiúité fé mhír (c) sa dara colún—75%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 35 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt S den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 15 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe alos carraí luaidhtear i mír (a) sa dara colún den Uimh. Thag. san 15.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

30

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is rópa, téad, no sreangán agus do bheith déanta de chadás, de líon, de chnáib, de ráimí, d'iút, de chaighear, no d'aon abhar den tsórt san no d'aon dá abhar no níos mó acu san le chéile, ach gan sreangán ceangaltóra d'áireamh, ná fós aon earra is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do rinneadh ar mheaisín fighe no leis agus do bheith oiriúnach chun í d'úsáid chun iallacha do dhéanamh, ná fós aon earra is cuid d'earra eile le linn í d'iomportáil.

40%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 8 den Acht Airgid 1934 (Uimh. 31 de 1934), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 36 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

31

Fíon-chaora a hiomportálfar aon 1adh lá de Mheán Fhómhair no dá éis sin agus an chéad 24adh lá de Dheireadh Fómhair ina dhiaidh sin no roimh an lá san, agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is fíon-chaora tighe ghloine.

Cúig pingne an punt.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é i dteanta gach diúité eile is inéilithe ar an earra.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

DARA SCEIDEAL.

Siuicre, Molas, Glucos, Sacairin—Ratai Diuitethe, Ais-Tarraici agus Liuntaisi.

Cuid I.—Diuitethe.

Diuitethe Mail

Earraí

Diuitethe Custum

Siúicre agus molás a bheidh déanta ar fad as Biatas do fásadh i Saorstát Éireann

Gach Earra eile

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Siúicre thaisbeánann pólarú is mó ná ocht ngráid nóchad ar n-a thástáil leis an bpólariscóip ...

an cmt.

16

4

1

2

16

4

Siúicre de phólarú nách mó ná sé gráid sheachtód     ...     ...

,,

7

10

0

7

10

Siúicre, de ghrád phólaruithe:—

Is mó ná

76

agus nach mó ná

77

an cmt.

8

1.2

0

6.9

8

1.2

,,

77

,,

78

,,  

8

4.3

0

7.1

8

4.3

,,

78

,,

79

,,

8

7.4

0

7.3

8

7.4

,,

79

,,

80

,,

8

10.6

0

7.6

8

10.6

,,

80

,,

81

,,

9

1.7

0

7.8

9

1.7

,,

81

,,

82

,,

9

4.8

0

8.0

9

4.8

,,

82

,,

83

,,

9

8.0

0

8.2

9

8.0

,,

83

,,

84

,,

9

11.5

0

8.5

9

11.5

,,

84

,,

85

,,

10

3.0

0

8.7

10

3.0

,,

85

,,

86

,,

10

6.6

0

9.0

10

6.6

,,

86

,,

87

,,

10

10.1

0

9.2

10

10.1

,,

87

,,

88

,,

11

2.0

0

9.5

11

2.0

,,

88

,,

89

,,

11

5.9

0

9.8

11

5.9

,,

89

,,

90

,,

11

10.6

0

10.1

11

10.6

,,

90

,,

91

,,

12

3.3

0

10.5

12

3.3

,,

91

,,

92

,,

12

8.0

0

10.8

12

8.0

,,

92

,,

93

,,

13

0.8

0

11.2

13

0.8

,,

93

,,

94

,,

13

5.5

0

11.5

13

5.5

,,

94

,,

95

,,

13

10.2

0

11.8

13

10.2

,,

95

,,

96

,,

14

2.9

1

0.2

14

2.9

,,

96

,,

97

,,

14

7.6

1

0.5

14

7.6

,,

97

,,

98

,,

15

0.3

1

0.8

15

0.3

Molás (ach amháin nuair a tógtar amach é chun a úsáidthe ag stilleuraí ceadúnaithe i ndéanamh biotáille) agus siúicre iompála agus gach siúicre agus súgh siúicre eile nách féidir a thástáil go hiomlán leis an bpólariscóip agus ná héilítear diúité air go speisialta tré fheidhm forálacha eile na Coda so den Sceideal so:—

Má bhíonn 70 per cent. no níos mó d'abhar chun milsithe ionta ...     ...     ...

an cmt.

10

9

0

9

10

9

Má bhíonn níos lugha ná 70 per cent. agus níos mó ná 50 per cent. d'abhar chun milsithe ionta     ...     ...

,,

7

10

0

7

10

Mara mbeidh thar 50 per cent. d'abhar chun milsithe ionta

,,

3

11

0

3

11

Tuigfear an t-abhar chun milsithe do bheith chó mór le méid iomlán an tsiúicre atá san earra mar a déanfar san amach tré dheighlteánacht a déanfar fé mar ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim     ...     ...     ...

Glúcós:

Soladach     ...     ...     ...

an cmt.

10

9

--

10

9

Fliuch     ...     ...     ...     ...

,,

7

10

--

7

10

Sacairín (le n-a n-áirmhítear substaintí is den chineál chéanna no a húsáidtear ar an gcuma gcéanna)     ...     ...     ...

an t-unsa

4

11

--

4

11

Cuid II.

Ais-Tarraici agus Liuntaisi.

A.—Custuim.

Cineál an Ais-Tarraic no an Liúntais

Méid no Ráta an Ais-Tarraic no an Liúntais

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre no molás ar ar híocadh diúité (le n-a n-áirmhítear siúicre no molás do rinneadh as siúicre no as molás ar ar híocadh diúité) agus do ghaibh tré mhonarcha shiúicre i Saorstát Éireann d'easportáil, no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stórás chun é d'úsáid mar stóranna luinge.

I gcás moláis do rinneadh fé bhanna, suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh agus, in aon chás eile, suim is có-mhéid leis an diúité do bheadh inéilithe nuair do hiomportálfaí earra den tsórt chéanna.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh alos an tsiúicre no an ghlúcóis.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no cuirfear ar bord luinge no lóisteálfar i mbanna-stóras chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (seachas beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité is inéilithe alos an mhéide sin den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is léir do sna Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí, no, i gcás déantúisí fuighligh, a bheith sna hearraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh i Saorstát Éireann, as siúicre ar ar híocadh an diúité iomportála do réir an ráta reatha, agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é d'úsáid i ndéanamh biotáille     ...     ...     ...   an cmt.

3s. 11d.

(5) Liúntas do ghlantóir ar mholás nár húsáideadh ach amháin mar bhia d'eallach stuic agus do rinneadh i Saorstát Éireann as siúicre ar ar híocadh an diúité iomportála do réir an ráta reatha     ...     ...     ...   an cmt.

3s. 11d.

B.—Mal.—Siuicre agus Molas a bheidh deanta ar fad as biatas do fasadh i Saorstát Éireann.

Cineál an Ais-Tarraic no an Liúntais

Méid no Ráta an Ais-Tarraic no an Liúntais

(1) Ais-tarrac ar shiúicre no molás ar ar híocadh diúité d'easportáil, no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é d'úsáid mar stóranna luinge.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh alos an tsiúicre.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no cuirfear ar bord luinge no lóisteálfar i mbanna-stóras chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, carraí (seachas beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre no molás ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh alos an mhéide sin den tsiúicre no den mholás is léir do sna Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh i Saorstát Éireann as siúicre ar ar híocadh an diúité máil agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é d'úsáid i ndéanamh biotáille     ...     ...     ...   an cmt.

0s. 3½d.

(5) Liúntas do ghlantóir ar mholás nár húsáideadh ach amháin mar bhia d'eallach stuic agus do rinneadh i Saorstát Éireann as siúicre ar ar híocadh an diúite máil     ...   an cmt.

0s. 3½d.

C.—Mal.—Gach Earra Eile.

Cineál an Ais-Tarraic no an Liúntais

Méid no Ráta an Ais-Tarraic no an Liúntais

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité d'easportáil, no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é d'úsáid mar stóranna luinge.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh,

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no cuirfear ar bord luinge no lóisteálfar i mbanna-stóras chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (seachas beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh alos an mhéide sin den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is léir do sna Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh i Saorstát Éireann as siúicre ar ar híocadh an diúité máil do réir an ráta reatha agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é d'úsáid i ndéanamh biotáille

an cmt.

3s. 11d.

(5) Ais-tarrac ar ghlúcós ar ar híocadh diúité do lóisteáil i stóras ar n-a cheadú ag na Coimisinéirí Ioncuim fé Alt 2 den Manufactured Tobacco Act, 1863, chun tobac cavendish agus tobac negrohead do dhéanamh.

Suim is có-mhéid leis an ais-tarrac do bheadh iníoctha ar an nglúcós d'easportáil.

(6) Liúntas do ghlantóir ar mholás nár húsáideadh ach amháin mar bhia d'eallach stuic agus do rinneadh i Saorstát Éireann as siúicre ar ar híocadh an diúité máil do réir an ráta reatha

an cmt.

3s. 11d.

TRIU SCEIDEAL.

An Diuite ar Bhaill Eadaigh agus Coir Ghleasta Phearsanta.

Cuid I.

Ni Bhaineann an Chuid seo den Sceideal so le hAon Earra is Ionchurtha fe Dhiuite fe Chuid II den Sceideal so.

Uimh. Thag.

An saghas earraí is ionchurtha fé dhiúité

Rátaí an diúité

1

Léinte

40%

2

Bónaí agus cufaí

40%

3

Fáscadáin, brassieres, agus baill éadaigh dá samhail sin.

40%

4

Lámhainní

40%

5

Ciarsúirí

60%

6

Fo-éadaighe bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de shíoda no de shíoda shaordha agus ná luaidhtear go sonnrách ag aon uimhir thagartha eile sa Chuid seo den Sceideal so.

60%

7

Foscadáin

40%

8

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is gárdaí no cosantóirí agus do bheith ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid i gcluichí no i spórt.

10%

9

Hataí agus caipíní bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de leathar no d'abhar a húsáidtear in ionad leathair no do rinneadh díonach.

60%

10

Hataí agus caipíní is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí agus (i gceachtar cás) is hataí árda no is hataí no caipíní bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'earra fhighte d'olainn no d'olainn snáthdhúbalta.

60%

11

Hataí agus caipíní nach ionchurtha fé dhiúité fé cheachtar den dá uimhir thagartha dheiridh sin roimhe seo.

25%

12

Seálanna

30%

13

Earraí is baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta agus a bheidh, ar fad no nach mór ar fad, cniotálta no déanta de dhéantús chniotálta agus nach ionchurtha fé dhiúité fé aon cheann de sna huimhreacha tagartha san roimhe seo sa Chuid seo den Sceideal so.

40%

14

Earraí is baill éadaigh no cóir ghléasta phearsanta agus nach ionchurtha fé dhiúité fé aon uimhir thagartha eile sa Chuid seo den Sceideal so.

60%

15

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is gabhálaisí do bhaill éadaigh no do chóir ghléasta phearsanta.

60%

Cuid II.

Uimh. Thag.

An saghas earraí is ionchurtha fé dhiúité

Ráta an diúité

16

Gach ball éadaigh (pe'ca iomlán no neamh-iomlán dó) gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim go ndearna duine seachas an t-iomportálaí agus baill dá líntighe no dá theaghlach roinnt mhaith caithimh do thabhairt dó, no roinnt mhaith úsáide do bhaint as ar shlí eile, lasmuich de Shaorstát Éireann sarar hiomportáladh é.

25%

Cuid III.

Ni Bhaineann an Chuid seo den Sceideal so le hAon Earra is Ionchurtha fe Dhiuite fe Chuid II den Sceideal so.

Uimh. Thag.

An saghas Earraí is ionchurtha fé Dhiúité

Rátaí an Diúité Mhinimum

17

Cótaí móra do rinneadh díonach agus cótaí eile do rinneadh díonach.

5/- an earra.

18

Cótaí móra agus culaitheanna is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'earra fhighte agus ná dearnadh díonach, agus do bheith oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

10/- an cóta mór no an chulaith, do réir mar bheidh.

19

Cótaí, seaicéidí, agus brístí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'earra fhighte agus ná dearnadh díonach, agus do bheith oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

4/- an earra.

20

Bheisteanna is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'earra fhighte, agus ná dearnadh díonach, agus do bheith oiriúnach d'fhir no oiriúnach do bhuachaillí.

2/- an earra.

21

Stocaí, gearra-stocaí, agus compáirteanna de stocaí no de ghearra-stocaí.

3d. an earra.

22

Fo-éadaighe (gan léinte ná bónaí léine d'áireamh) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith cniotálta, no déanta de dhéantús chniotálta, ar fad no nach mór ar fad.

10d. an earra.

23

Cairdiogain, for-ionair, gersithe, blúsanna, agus earraí dá samhail a bheidh cniotálta, no déanta de dhéantús chniotálta, ar fad no nach mór ar fad.

1/3 an earra.

24

Cairdiogain, for-ionair, gersithe, blúsanna, agus earraí dá samhail ná baineann an uimhir thagartha dheiridh sin roimhe seo leo.

3/- an earra.

25

Léinte,

1/3 an earra.

26

Bónaí léine.

3d. an earra.

27

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is dungaraíthe, rabhlaerí, aprúin, bibeanna, no baill éadaigh dá samhail agus ná dearnadh díonach.

1/6 an earra.

28

Lámhainní agus lámhainní fada bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de leathar no de chroiceann no de leathar agus de chroiceann agus ná beidh cúluithe le fionnadh, agus fós compáirteanna (bheidh déanta de leathar no de chroiceann no de leathar agus de chroiceann) d'aon lámhainní den tsórt san, gan aon lámhainní ná lámhainní fada den tsórt san d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach agus do bheith beartuithe chun a gcaithte ag buachaillí no chun a gcaithte ag cailíní no chun a gcaithte ag naoidhneáin, ná fós gan compáirteanna d'áireamh de sna lámhainní agus de sna lámhainní fada san ná háirmhítear amhlaidh.

8d. an earra.

29

Culaitheanna, cótaí, agus gúnaí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta i bpáirt no go hiomlán d'earra fhighte agus do bheith oiriúnach do mhná no oiriúnach do chailíní.

15/- an chulaith, an cóta, no an gúna, do réir mar bheidh.

30

Sciortaí nach cuid de chulaith ná de chulaithirt le linn iad d'iomportáil agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta i bpáirt no go hiomlán d'earra fhighte.

7/6 an earra.

31

Ciarsúirí.

1d. an earra.

Cuid IV.

Ni Bhaineann an Chuid seo den Sceideal so ach le hEarrai is Ionchurtha fe Dhiuite fe Chuid II den Sceideal so agus na cuirfear ina luighe ar na Coimisineiri Ioncuim iad do bheith a nIomportail ar shli seachas chun a nDiolta.

Uimh. Thag.

An saghas Earraí is ionchurtha fé Dhiúité

Rátaí an Diúité Mhinimum

32

Cótaí móra, culaitheanna, agus culaithirtí,

3/- an cóta mór, an chulaith, no an chulaithirt, do réir mar bheidh.

33

Cótaí, seaicéidí, rabhlaeirí, gúnaí, fillteoga, sciortaí agus brístí ná hiomportálfar i dteanta culaithe no culaithirte, ná ina bpáirt de chulaith no do chulaithirt.

1/6 an earra.

34

Gach earra is ball éadaigh no cóir ghléasta phearsanta agus nach ionchurtha fé dhiúité fé cheachtar de sna huimbreacha tagartha san roimhe seo sa Chuid seo den Sceideal so.

6d. an earra.

CEATHRU SCEIDEAL.

Achtanna Airgid Airithe do Leasu.

Cuid I.—Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

1

Alt 8.

An diúité forchuirtear leis an Alt san 8 déanfar, sa mhéid go bhfuil sé inéilithe ar chompáirteanna is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is caibinéadaí, cásanna agus gléasa coinneála eile den tsórt san a bheidh déanta ar fad no de mhórán, é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra in ionad an ráta ceaptar le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 do 1932), mar a leasuítear san le hAlt 13 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932), agus le hUimh. Thag. 2 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Atharú leathrannach ar an ráta diúité ar ghléas radiothelegrafaíochta.

Cuid II.—Acht Airgid (Diuitethe Custum) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

2

Alt 2 agus an Chéad Sceideal.

(a) Scriosfar amach fo-alt (3) den Alt san 2, agus cuirfear an fo-alt so leanas ina ionad, sé sin le rá:—

An diúité ar mheaisínteacht talmhaíochta.

“(3) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Trachtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.” agus

(b) I Mír 2 den Chéad Sceideal san—

(i) scriosfar amach na focail “iompuitheoirí sreatha,” agus cuirfear na focail “iompuitheoirí sreatha agus meaisíní is féidir d'úsáid mar iompuitheoirí sreatha,” ina n-ionad, agus

(ii) scriosfar amach na focail “leathadóirí féir (gan speachairí féir d'áireamh),” agus cuirfear na focail “leathadóirí féir agus speachairí féir,” ina n-ionad, agus

(iii) scriosfar amach na focail “meaisíní single agus dúbalta chun síl turnapaí agus maingléisí do chur,” agus cuirfear na focail “meaisíní chun síolta meacan do chur,” ina n-ionad.

3

Alt 8.

(a) I bhfo-alt (2) den Alt san 8, scriosfar amach an mhír (c) do cuireadh isteach sa bhfo-alt san le hAlt 14 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932), agus le hUimh. Thag. 6 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht san, agus

An diúité ar scuaba agus ar scuaba urláir.

(b) cuirfear an fo-alt so leanas i ndeireadh an Ailt sin 8, sé sin le rá,

“(7) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le, ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an Alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.”

Cuid III.—Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

4

Alt 22, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin.

I bhfo-alt (7) den Alt san 22, cuirfear na focail agus na míreanna so leanas i ndeireadh an fho-ailt sin mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, sé sin le rá:—

“agus

(n) paisteanna greamuitheacha, agus

Cur leis na hearraí is ionchurtha fé dhiúité pacáiste.

(o) púdair chun paisteanna greamuitheacha d'ullamhú.”

Cuid IV.—Acht Airgid (Diuitethe Custum) (Uimh. 4), 1932

(Uimh. 34 de 1932).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

5

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 11.

Sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 11, scriosfar amach na focail uile o sna focail “ach gan pictiúirí” go dtí an focal “d'áireamh,” agus cuirfear na focail “ach gan aon fhráma den tsórt san d'áireamh ina mbeidh pictiúir a hiomportálfar i gcóir gailerí phuiblí phictiúirí,” ina n-ionad.

An diúité ar fhrámaí pictiúra d'adhmad.

Cuid V.—Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

6

Alt 7.

I bhfo-alt (6) den Alt san 7 scriosfar amach na focail “i nDathmhéadar Lovibond,” agus cuirfear na focail “i nDathmhéadar Lovibond ag á bhfuil cadhain atá ocht n-orlach déag ar fhaid,” ina n-ionad.

An diúité ar íle throm híodrocarbóin mhinearáil.

7

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 6.

Maidir leis an diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 6:—

(i) nuair a bheidh sé inéilithe do réir an lán-ráta, déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le cúig seachtód per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, agus

Atharú ar an ráta diúité ar dhéantúisí cré nea-ghloinithe.

(ii) nuair a bheidh sé inéilithe, de bhuadh Ailt 8 den Finance Act, 1919, do réir ráta thosaíochta, déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa cheathrú colún ag an uimhir thagartha san.

8

Dara Sceideal, Uimh. Thag. 2.

Ní bhainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 2.

An diúité ar chadhnraidh thiorma.

Cuid VI.—Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934).

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

9

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 16.

Sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 16, cuirfear an focal agus an fho-mhír seo leanas i ndeireadh míre (a), sé sin le rá:—

“agus

(iii) málaí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad do bheith ar iompar ag daoine agus iad ag siopadóireacht, agus dar príomhchuspóir na hearraí ceannófar d'iompar.”

An diúité ar mhálaí, etc., áirithe leathair agus croicinn.

10

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 27.

Sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 27 curfear na focail seo leanas isteach ndiaidh na bhfocal “Cóir leapthan,” sé sin le rá, “le n-a n-áirmhítear earraí (pe'ca a hiomportálfar ar leithligh no ina ngréasán iad) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is láir do scaraoidí leapthan.”

An diúité ar chóir leapthan do leathnú.

Cuid VII.—Acht Airgid (Foralacha Ilghneitheacha), 1935

(Uimh. 7 de 1935).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

11

Alt. 5

Scriosfar amach fo-alt (3) den Alt san. 5.

An deolchaire ar ile éadtrom híodrocarbóin mhinearáil do scur.

Cuid VIII.—Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

12

Céad Sceideal. Uimh. Thag. 7.

(a) I mír (c) sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 7, scriosfar amach an focal “luaidh,” agus cuirfear an focal “miotal” ina ionad, agus

An diúité ar fhrámaí miotail agus ar shaiseanna miotail áirithe.

(b) i mír (d) sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 7, scriosfar amach an focal “luaidh”, agus cuirfear an focal “miotal” ina ionad.

13

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 9.

Déanfar an diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 9 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le céad per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

Atharú ar an ráta diúité ar théip bheartháin agus ar ghabhadáin di.

14

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 25.

Sa cheathrú colún, scriosfar amach an chéad fhoráil, sé sin le rá, an fhoráil dar tosach na focail “Ní déanfar” agus dar críoch na focail “uimhir thagartha so.”

An diúité ar leabhair dhiadha áirithe.

15

Séú Sceideal, Uimh. Thag. 2 agus Uimh. Thag. 4.

Maidir leis an diúité forchuirtear le hAlt 9 den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934)—

(a) sa mhéid go bhfuil sé inéilithe ar aon earra acu san a luaidhtear sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 2, déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le seasca per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an Uimh. Thag. san 2, agus

Atharú ar an ráta diúité ar chompáirteanna áirithe de bhróga agus de bhróga ísle.

(b) sa mhéid go bhfuil sé inéilithe ar aon earra acu san a luaidhtear sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 4, déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le dachad per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an Uimh. Thag. san 4.

Cuid IX.—Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

16

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 9.

Déanfar an diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 9 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta pingne an céad earra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

Atharú ar an ráta diúité ar dhiosc-stupóga buidéil.

17

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 27.

Sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 27—

(a) scriosfar amach mír (i), agus

(b) scriosfar amach mír (o) agus cuirfear an mhír seo leanas ina ionad, sé sin le rá, “(o) tráidirí de gach saghas.”

An diúité ar earraí cáiséin, etc.

18

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 37.

Sa dara colún ag an Uimh. Thag. san 37, scriosfar amach na focail “d'adhmad, de ghloine.”

An diúité ar chnaipí neachlúduithe áirithe do leathnú.

19

Céad Sceideal, Uimh. Thag. 41.

I mír (a) sa dara colún scriosfar amach na focail uile o sna focail “ach gan aon iallacha den tsórt san” go dtí deireadh na míre.

An diúité ar iallacha áirithe.

CUIGIU SCEIDEAL.

Diuitethe Custum go gCuirtear Deireadh Leo.

Uimh. Thag.

An tAchtachán le n-a bhforchuirtear no le n-a mínítear an diúité

Mion-innste ar an diúité

Tuairísc ghenerálta an diúité

1

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), Alt 16.

An diúité forchuirtear leis an Alt san 16, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar uaireadóirí agus ar chompáirteanna d'uaireadóirí.

An diúité ar uaireadóirí agus ar chompáirteanna dhíobh.

2

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), Alt 19.

An diúité forchuirtear leis an Alt san 19.

An diúité ar phlátaí gramafóin.

3

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), Alt 11 agus Uimh. Thag. 12 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 12.

An diúité ar phaist ghreamuitheach.

4

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), Alt 11 agus Uimh. Thag. 15 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 15, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar earraí luaidhtear i mír (b) sa dara colún ag an uimhir thagartha san.

An diúité ar leabhair áirithe bheidh ceangailte i leathar no i leathar bréige.

5

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934), Alt 8 agus Uimh. Thag. 6 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 6, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar earraí luaidhtear i mír (d) sa dara colún ag an uimhir thagartha san.

An diúité ar stuic d'iarann teilgthe do chrinlíní agus do shuidheacháin.

6

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934), Alt 8 agus Uimh. Thag. 21 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 21.

An diúité ar earraí áirithe de dhéantús fhighte.

7

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934), Alt 8 agus Uimh. Thag. 40 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 40.

An diúité ar dheantúisí áirithe ailimíne.

8

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934), Alt 8 agus Uimh. Thag. 42 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 42.

An diúité ar hós áirithe bheidh daingnithe le sreang mhiotail.

9

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935), Alt 11 agus Uimh. Thag 4 i gCuid I den Dara Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 4.

An diúité ar earraí asbeist.

10

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935), Alt 11 agus Uimh. Thag. 10 sa Dara Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 10.

An diúité ar phíopaí agus ceangail ghloinithe áirithe.

11

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936), Alt 7 agus Uimh. Thag. 14 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an Uimh. Thag. san 14.

An diúité ar carraí áirithe de leathán-mhiotal no d'fheadán-mhiotal.

12

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936), Alt 7 agus Uimh. Thag. 41 sa Chéad Sceideal.

An diúité luaidhtear ag an an Uimh. Thag. san 41, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar earraí luaidhtear i mír (b) sa dara colún ag an uimhir thagartha san.

An diúité ar abhar áirithe chun iallacha do dhéanamh.