[EN]

Uimhir 11 de 1945.


[EN]

ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA (LEASÚ), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1934. [29ú Márta, 1945.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht so, ciallaíonn an abairt “Acht 1934” Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934).

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so agus Acht 1934 mar éinní amháin.

[EN]

Leasú cúlghabhálach ar fhorála áirithe d'Acht 1934.

2.—(1) Beidh éifeacht ag alt 6 d'Acht 1934 fé is dá gcuirtí an fó-alt so leanas in ionad fó-ailt (1):—

[EN]

“(1) Bunófar coiste ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Coiste Comhairlitheach (dá ngairmtear an Coiste san alt so), a ndéanfaidh gach comhalta dhe, má iarann an Réiteoir é, cabhair do thabhairt don Réiteoir, sa tslí a iarrfaidh sé, i bhfeidhmiú a fheadhmanna fán Acht so.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo fó-alt (4) d'alt 8 d'Acht 1934 trí na focail “os comhair an Réiteora” do scrios.

[EN]

(3) Ní léireofar éinní dá bhfuil in Acht 1934 nó in aon riala cháin nó rialacha arna ndéanamh fé mar ní—

[EN]

(a) cheanglas ar an Réiteoir, ag scrúdú iarratais ar dheimhniú seirbhíse dhó,—

[EN]

(i) an t-iarratasóir do ghairm, ná

[EN]

(ii) an t-iarratasóir d'éisteacht, ná

[EN]

(iii) bheith i láthair aon tráth le linn an t-iarratasóir bheith á éisteacht, nó

[EN]

(b) thoirmeascas ar an Réiteoir, ag scrúdú iarratais ar dheimhniú seirbhíse dhó, duine d'údarú nó do cheadú chun an t-iarratasóir d'éisteacht.

[EN]

(4) Ní léireofar éinní dá bhfuil in Acht 1934 nó in aon rialacháin nó rialacha arna ndéanamh fé mar ní—

[EN]

(a) cheanglas ar an Réiteoir, ag scrúdú iarratais ar dheimhniú seirbhíse dhó,—

[EN]

(i) fiosrú do dhéanamh de dhuine ar bith, ná

[EN]

(ii) duine ar bith seachas an t-iarratasóir do ghairm, ná

[EN]

(iii) duine ar bith seachas an t-iarratasóir d'éisteacht, ná

[EN]

(iv) bheith i láthair aon tráth le linn duine ar bith seachas an t-iarratasóir do bheith á éisteacht, nó

[EN]

(b) thoirmeascas ar an Réiteoir scrúdú do dhéanamh agus tuarascáil do thabhairt ar iarratas ar dheimhniú seirbhíse, d'ainneoin—

[EN]

(i) folúntas do bheith i líon comhaltaí an Choiste Chomhairlithigh, nó

[EN]

(ii) comhalta den Choiste Comhairlitheach do bheith éagumasach go sealadach ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt san do chomhlíonadh, nó

[EN]

(c) thoirmeascas ar an Réiteoir, ag scrúdú iarratais ar dheimhniú seirbhíse dhó, duine d'údarú nó do cheadú chun duine ar bith seachas an t-iarratasóir d'éisteacht.

[EN]

(5) Ní bheidh d'oblagáid ar an Réiteoir, ag scrúdú iarratais ar dheimhniú seirbhíse dhó,—

[EN]

(a) fianaise ná eolas ar bith do chur in iúl don iarratasóir a gheobhfar de thoradh fiosruithe ag an Réiteoir nó thar a cheann nó bhéarfaidh duine ar bith uaidh, ná

[EN]

(b) a cheadú do dhuine ar bith bheith i láthair aon tráth le linn duine ar bith eile bheith á éisteacht, ná

[EN]

(c) caoi do thabhairt don iarratasóir fianaise bhréagnaitheach do thabhairt.

[EN]

(6) Féadfaidh an Réiteoir, ag tabhairt a thuarascála dhó ar iarratas ar dheimhniú seirbhíse, áird do thabhairt ar fhianaise nó eolas ar bith is dóigh leis a bhaineas le habhar.

[EN]

(7) (a) Léireofar na tagairtí atá i bhfó-ailt (3) agus (4) den alt so do dhuine d'éisteacht mar thagairtí fholaíos tagairtí—

[EN]

(i) don duine sin do scrúdú,

[EN]

(ii) do chúis-aithris ón duine sin nó thar a cheann do ghlacadh,

[EN]

(iii) d'fhianaise (fá mhionn nó ar shlí eile) do ghlacadh ón duine sin.

[EN]

(b) Léireofar na tagairtí atá i bhfó-ailt (3), (4) agus (5) den alt so do thráth a bheas duine á éisteacht mar thagairtí fholaíos tagairtí do thráth a bheas—

[EN]

(i) an duine sin á scrúdú,

[EN]

(ii) cúis-aithris á déanamh ag an duine sin nó thar a cheann,

[EN]

(iii) fianaise (fá mhionn nó ar shlí eile) á glacadh ón duine sin.

[EN]

(8) Is tuigthe na fó-ailt sin roimhe seo den alt so do theacht i ngníomh an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1934, agus beidh éifeacht acu amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

[EN]

(9) I gcás ordú coinníollach certiorari, á ordú don Aire tuarascáil ón Réiteoir ar iarratas ar dheimhniú seirbhíse do chur fá bhráid na hArd-Chúirte chun í do chur ar neamhní, do bheith daingnithe le hordú ón gCúirt Uachtarach nó ón Ard-Chúirt do rinneadh roimh an 1ú lá d'Fheabhra, 1945, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) athscrúdóidh an Réiteoir an t-iarratas agus bhéarfaidh tuarascáil air fé is nár hachtaíodh fó-ailt (1), (2) agus (3) den alt so,

[EN]

(b) más rud é—

[EN]

(i) gur deonadh pinsean fá Acht 1934 don iarratasóir sara ndearnadh an t-ordú san na Cúirte Uachtaraí nó na hArd-Chúirte, agus

[EN]

(ii) go ndeonfar pinsean fá Acht 1934 don iarratasóir de thoradh na tuarascála déanfar de bhun míre (a) den fhó-alt so,

[EN]

ansan, íocaíochta ar bith bheas déanta ar scór an phinsin a céadluaitear áireofar iad mar íocaíochta ar scór an dara pinsean a luaitear.

[EN]

Achomhairc i gcoinne orduithe áirithe ón Ard-Chúirt maidir le tuarascála ón Réiteoir.

3.—I gcás—

[EN]

(a) ordú coinníollach certiorari do bheith deonta á ordú don Aire tuarascáil ón Réiteoir ar iarratas ar dheimhniú seirbhíse do chur fá bhráid na hArd-Chúirte chun í do chur ar neamhní, agus

[EN]

(b) an t-ordú coinníollach do bheith daingnithe le hordú (dá ngairmtear an t-ordú daingniúcháin san alt so) ón Ard-Chúirt do rinneadh aon tráth i rith na tréimhse dár tosach an 1ú lá d'Fheabhra, 1945, agus dár críoch dáta an Achta so do rith,

[EN]

ansan, pé acu bheas nó ná beidh aon ordú nó orduithe eile chun an tuarascáil sin do chur ar neamhní nó chun costais do lomháil nó eile déanta sa chás ag an Ard-Chúirt (roimh dháta an Achta so do rith nó dá éis), beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(i) féadfaidh an tAire, d'ainneoin aon rialach cúirte, achomharc do dhéanamh, laistigh d'ocht lá fichead tar éis dáta an Achta so do rith, chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne an orduithe dhaingniúcháin agus an orduithe nó na n-orduithe breise sin (más ann),

[EN]

(ii) má dhéanann an tAire achomharc amhlaidh agus go ngéillfear don achomharc, ní déanfar aon chostais san Ard-Chúirt ná sa Chúirt Uachtarach do mholadh don chúisitheoir ná ní bheidh aon chostais den tsórt san inbhainte aige den Aire, ach féadfaidh an Chúirt Uachtarach pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh chun go n-íocfaidh an cúisitheoir leis an Aire costais an Aire san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Uachtarach nó sa dá chúirt.

[EN]

Fó-ailt (3), (4), (5), (6), agus (7) d'alt 2 den Acht so do bhaint le hathscrúduithe fá ailt 8 agus 13 d'Acht 1934.

4.—(1) Bainfidh fó-ailt (3) (4), (5), (6) agus (7) d'alt 2 den Acht so le hathscrúdú ag an Réiteoir fá fhó-alt (5) d'alt 8 nó fó-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1934 chomh hiomlán agus dá n-athachtaítí na fó-ailt sin (3), (4), (5), (6) agus (7) san alt so leis na modhnuithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) sna fó-alt sin (3), (4) agus (5),

[EN]

(i) na focail agus na figiúirí “ag athscrúdú tuarascála dhó fá fhó-alt (5) d'alt 8 nó fó-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1934,” do chur in ionad na bhfocal “ag scrúdú iarratais ar dheimhniú seirbhíse dhó” i ngach áit a bhfuil na focail deiridh sin, agus

[EN]

(ii) na focail “an duine lena mbaineann an tuarascáil” do chur in ionad na bhfocal “an t-iarratasóir” i ngach áit a bhfuil na focail deiridh sin,

[EN]

(b) na focail “athscrúdú do dhéanamh, fá fhó-alt (5) d'alt 8 nó fó-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1934, ar thuarascáil agus an tuarascáil do dhaingniú nó d'athrú” do chur in ionad na bhfocal “scrúdú do dhéanamh agus tuarascáil do thabhairt ar iarratas ar dheimhniú seirbhíse” sa bhfó-alt san (4),

[EN]

(c) na focail “ag daingniú nó ag athrú tuarascála dhó fá fhó-alt (5) d'alt 8 nó fó-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1934” do chur in ionad na bhfocal “ag tabhairt a thuarascála dhó ar iarratas ar dheimhniú seirbhíse” sa bhfó-alt san (6).

[EN]

(2) Is tuigthe fó-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1934, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá san agus ón lá san amach.

[EN]

Deireadh do chur le cumhachta an Aire fá ailt 8 (5) agus 13 (1) d'Acht 1934.

5.—Ar an 1ú lá d'Eanar, 1946, agus dá éis, scoirfidh an chumhacht do bheirtear don Aire le fó-alt (5) d'alt 8 d'Acht 1934 agus an chumhacht do bheirtear don Aire le fó-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1934 de bheith infheidhmithe, ach amháin maidir le haon tuarascáil a mbeidh iarratas nó achainí chun an chumhacht san d'fheidhmiú ina leith faighte ag an Aire roimh an dáta san.

[EN]

Gearr-theideal agus comhluadh.

6.—Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1945, do ghairm den Acht so, agus féadfar Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1945, do ghairm d'Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1944, agus den Acht so le chéile