[EN]

Uimhir 11 de 1954.


[EN]

AN tACHT TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL (LEASÚ), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA TAIGHDE AGUS CAIGHDEÁN TIONSCAIL, 1946. [10ú Márta, 1954.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 (Uimh. 25 de 1946);

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1946 mar aon ní amháin.

[EN]

Sonraíochtaí caighdeánacha.

2.—(1) Déanfaidh an Institiúid sonraíochtaí d'fhoirmliú do pé earraí, próiseanna agus cleachta a iarrfas an tAire ó am go ham.

[EN]

(2) Nuair a bheas sonraíochtaí á bhfoirmliú ag an Institiúid, comhlíonfaidh sí treoracha an Aire.

[EN]

(3) Ar an Institiúid d'fhoirmliú sonraíochta, féadfaidh sí, le toiliú an Aire, a dhearbhú gur sonraíocht chaighdeánach í don earra, don phróis nó don chleacht lena mbaineann sí.

[EN]

(4) I gcás ina n-údaraítear d'aon Aire Stáit, faoi aon achtachán eile, sonraíocht nó caighdeán cáilíochta d'ordú d'aon earra, próis nó cleacht, nó ceadúnais d'eisiúint chun aon earra a dhíol nó d'fhógairt, ní thoileoidh an tAire le sonraíocht chaighdeánach a dhearbhú ina leith sin ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin.

[EN]

(5) Féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire, sonraíocht chaighdeánach a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(6) Leanfaidh sonraíochtaí caighdeánacha a dearbhaíodh le hordú faoi alt 20 d'Acht 1946 de bheith i bhfeidhm tar éis an tAcht seo a rith agus féadfar iad a chúlghairm nó a leasú amhail is dá mba faoin alt seo a dearbhaíodh iad.

[EN]

(7) I bhfo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1946 (ina bhfuil feidhmeanna na hInstitiúide leagtha amach) forléireofar an tagairt do mholta a thabhairt don Aire maidir le sonraíochtaí caighdeánacha d'fhoirmliú mar thagairt do shonraíochtaí caighdeánacha d'fhoirmliú agus a dhearbhú faoin alt seo.

[EN]

(8) Déanfar na tagairtí in ailt 12 agus 15 d'Acht 1946 d'alt 20 den Acht sin d'fhorléiriú mar thagairtí don alt seo.

[EN]

(9) Folóidh na tagairtí in Acht 1946 do shonraíochtaí caighdeánacha tagairtí do shonraíochtaí caighdeánacha faoin alt seo.

[EN]

Fógra faoi shonraíocht chaighdeánach d'fhoilsiú.

3.—A luaithe is féidir tar éis sonraíocht chaighdeánach a dhearbhú, bhéarfaidh an Institiúid go bhfoilseofar fógra fúithi san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile a threorós an tAire agus foilseoidh sí, agus cuirfidh ar díol, cóipeanna den tsonraíocht chaighdeánach.

[EN]

Fianaise faoi shonraíochtaí caighdeánacha.

4.—(1) Féadfar fianaise prima facie faoi shonraíocht chaighdeánach a thabhairt trí chóip di a thabhairt ar aird a airbheartaíos a bheith arna foilsiú le húdarás na hInstitiúide.

[EN]

(2) Bainfidh alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925), le doiciméid a airbheartaíos gur sonraíochtaí caighdeánacha iad a chlóbhualadh, d'fhoilsiú agus a thairiscint i bhfianaise amhail mar bhaineas sé leis na doiciméid oifigiúla dá dtagartar san alt sin ach tagairtí don Institiúid a chur in ionad tagairtí d'Oifig an tSoláthair.

[EN]

Marcanna caighdeánacha.

5.—(1) Faoi alt 22 d'Acht 1946, féadfaidh an tAire, in ionad marc caighdeánach d'ordú d'earra, do phróis nó do chleacht sonraithe, marc caighdeánach d'ordú lena úsáid i ndáil le hearraí, próiseanna agus cleachta i gcoitinne agus folóidh gach tagairt san Acht sin do mharc caighdeánach tagairt do mharc caighdeánach a hordófar amhlaidh.

[EN]

(2) Ní déanfar marc caighdeánach a hordófar amhlaidh d'úsáid i ndáil le haon earra, próis ná cleacht ach amháin i dteannta na sreath-uimhreach a bheas sannta ag an Institiúid i gcás na sonraíochta caighdeánaí don earra, don phróis nó don chleacht sin.

[EN]

(3) I gcás ina ndearnadh toiliú an Aire le dearbhú sonraíochta caighdeánaí a thabhairt le toiliú Aire eile Stáit, ní thabharfaidh an tAire ceadúnas faoi alt 22 d'Acht 1946 chun marc caighdeánach d'úsáid i ndáil leis an earra, an phróis nó an cleacht iomchuí ach amháin le toiliú an Aire Stáit sin.

[EN]

An Clár de Shonraíochtaí Caighdeánacha.

6.—Is í an Institiúid a choimeádfas feasta an Clár de Shonraíochtaí Caighdeánacha agus, dá réir sin, déanfar tagairtí don Aire in alt 23 d'Acht 1946 a léamh, maidir leis an gclár sin, mar thagairtí don Institiúid.

[EN]

Séala na hInstitiúide d'úsáid.

7.—Déanfar séala na hInstitiúide, ar é a ghreamú de dhearbhú sonraíochta caighdeánaí, d'fhíordheimhniú le síniú chathaoirleach an Choiste Chaighdeán nó chomhalta éigin eile den Choiste sin a bheas údaraithe ag an gCoiste sin chuige sin agus ní mar foráltar i bhfo-alt (2) d'alt 29 d'Acht 1946 a déanfar sin.

[EN]

Luach saothair do chomhaltaí Coistí.

8.—Féadfar pé luach saothair a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc le comhaltaí an Choiste Thaighde Thionscail agus an Choiste Chaighdeán as airgead a bheas faoina réir ag an Institiúid.

[EN]

Corr-fholúntais ar an gComhairle.

9.—Ní gá ceadú na Comhairle chun folúntais ar an gComhairle a líonadh faoi riail 2 den Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1946.

[EN]

Fostú foirne.

10.—Ní gá ceadú an Aire i leith daoine a bheartós an Institiúid d'fhostú go ceann tréimhse nach sia ná trí bliana agus forléireofar dá réir sin fo-alt (3) d'alt 31 d'Acht 1946.

[EN]

Deontas bliantúil.

11.—(1) I ngach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna, nach mó san iomlán ná tríocha agus cúig mhíle punt in aon bhliain airgeadais áirithe, a theastós ó am go ham ón Institiúid, d'íoc leis an Institiúid as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

(2) An soláthar a déantar leis an alt seo is soláthar é in ionad an tsoláthair a rinneadh le fo-alt (1) d'alt 34 d'Acht 1946.

[EN]

Athghairm iarmartach.

12.—Athghairmtear leis seo na forála seo a leanas d'Acht 1946: ailt 10 agus 13 (a mhéid a bhainid le luach saothair), alt 20, agus fo-alt (1) d'alt 34.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua

13.—(1) Féadfar an tAcht Taighde agus Caighdeán Tionscail (Leasú), 1954, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 agus 1954, a ghairm d'Acht 1946 agus den Acht seo le chéile.