Uimhir 1 de 1930.
ACHT UM THOGHACHÁIN CHORRA AN tSEANAID, 1930.
[18adh Feabhra, 1930.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
cialluíonn an abairt “toghachán Seanaid” toghachán a comórfar do réir Airtiogal 32 den Bhunreacht chun baill do thogha chun Seanad Éireann;
cialluíonn an abairt “toghachán corra Seanaid” toghachán a comórfar do réir Airtiogal 34 den Bhunreacht chun duine do thogha chun áit bhaill de Sheanad Éireann do fuair bás, d'eirigh as no do tháinig fé mhí-cháilíocht do líona;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire le rialacháin a déanfar fén Acht so.
Dátaí toghachán corra Seanaid do cheapa.
2.—(1) Pé uair a thiocfaidh folúntas i mballraíocht Sheanad Éireann tré bhall de d'fháil bháis, d'eirghe as no do theacht fé mhí-cháilíocht, ansan, d'fhonn a chur fé ndeár an folúntas san do líona, déanfaidh Cléireach an tSeanaid, ar a ordú san do Sheanad Éireann, fógra (dá ngairmtear fógra foth-fholúntais san Acht so) i scríbhinn i dtaobh an fholúntais sin do chur chun an Aire.
(2) Chó luath agus bheidh caoi aige air agus, in aon chás, ar dháta nách déanaí ná sé mhí tar éis fógra foth-fholúntais d'fháil do ordóidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú toghacháin chorra san Acht so) toghachán corra do chomóra chun an folúntas a bheidh luaidhte sa bhfógra san do líona no, má bhíonn níos mó ná aon fhógra amháin den tsórt san fachta ag an Aire gan ordú toghacháin chorra do bheith déanta dá ndruim, chun na foth-fholúntaisí uile agus fé seach a bheidh luaidhte sna fógraí sin fé seach do líona.
(3) Ceapfar le gach ordú toghacháin chorra—
(a) lá (dá ngairmtear san Acht so an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca) nách luatha ná lá is fiche ná nách déanaí ná ocht lá fichead tar éis dáta an orduithe sin chun bheith ar an lá deiridh chun ainmniúcháin iarrthóirí i gcóir an toghacháin chorra is abhar don ordú san do sheachada do cheann chomhrimh an tSeanaid, agus
(b) an lá (dá ngairmtear san Acht so lá tabhartha amach na bpáipéirí ballóide) a tabharfar amach agus a postálfar chun toghthóirí na páipéirí ballóide i gcóir an toghacháin chorra san, agus
(c) an lá agus an uair (dá ngairmtear san Acht so deire na vótaíochta) a cuirfear deire leis an vótaíocht sa toghachán chorra san.
(4) Luadhfar i ngach ordú toghacháin chorra ainm agus seola oifigiúil cheann comhrimh an tSeanaid don toghachán chorra le n-a mbaineann an t-ordú san.
(5) Foillseofar gach ordú toghacháin chorra san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.
Ceann comhrimh Seanaid agus costaisí.
3.—(1) Chun crícheanna gach toghacháin chorra Sheanaid beidh ceann comhrimh Seanaid ann a cheapfaidh an tAire do gach toghachán fé leith den tsórt san ar dháta nách déanaí ná dáta an orduithe thoghacháin chorra a déanfar i dtaobh an toghacháin chorra san.
(2) Beidh sé de dhualgas ar cheann chomhrimh an tSeanaid an toghachán corra dá gceapfar é do stiúra, na vótanna a tabharfar ann do chomhreamh agus a thora d'fháil amach agus do chraola do réir an Achta so agus pé nithe agus rudaí eile do dhéanamh i dtaobh an toghacháin sin a ceangaltar air leis an Acht so no fé do dhéanamh.
(3) Ullamhóidh an tAire Airgid scála d'éilithe maximum do chinn chomhrimh Sheanaid i dtoghacháin chorra agus íocfaidh an tAire sin le gach ceann comhrimh Seanaid, amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, a chuid éilithe réasúnta ar son a sheirbhísí agus a chostaisí maidir leis an toghachán corra dar ceapadh é, ach ní bheidh na héilithe sin in aon chás níos mó ná na héilithe maximum a bheidh luaidhte sa scála san d'éilithe maximum a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
Iarrthóirí d'ainmniú i dtoghacháin chorra.
4.—(1) Déanfar iarrthóir a bheidh á iarraidh go dtoghfaí i dtoghachán corra Seanad é d'ainmniú i scríbhinn agus sighneoidh beirt bhall den Oireachtas an t-ainmniúchán scríbhte sin mar thairgtheoir agus mar chuiditheoir fé seach agus sighneoidh deichniúr ball eile den Oireachtas é mar dhaoine a thoilíonn chun an ainmniúcháin.
(2) Ainmneofar gach iarrthóir le páipeur ainmniúcháin fé leith agus is sa bhfuirm orduithe a bheidh an páipeur ainmniúcháin agus beidh ann na mion-innste a héilítear sa bhfuirm sin maraon le ráiteas ar cháilíochta an iarrthóra chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann fé Airtiogal 30 den Bhunreacht.
(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 den Acht Timpeal Toghachán (Leasú) (Uimh. 2), 1927 (Uimh. 33 de 1927), agus achtuítear leis seo ina ionad san ná beidh aon ainmniú ar iarrthóir i dtoghachán corra Seanaid dleathach ná iomlán mara mbeidh mionn-scríbhinn sa bhfuirm atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht san seachadtha do cheann chomhrimh an tSeanaid ag an iarrthóir sin, no ag á thairgtheoir no ag á chuiditheoir thar a cheann, roimh a dó dhéag a' chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca sa toghachán chorra san, mionn-scríbhinn do mhionnuigh an t-iarrthóir sin i bhfianaise choimisineura mhionn (mar a mínítear san leis an Acht san) no i bhfianaise fheadhmannaigh shíochána darb aithnid go pearsanta é.
(4) Déanfaidh ceann comhrimh an tSeanaid oiread fuirmeacha páipéir ainmniúcháin agus is leor do sholáthar agus iad do thabhairt do Chléireach na Dála agus do Chléireach an tSeanaid fé seach ar n-a éileamh dóibh agus cuirfidh na Cléirigh sin na fuirmeacha san ar fáil do bhaill den Oireachtas ar n-a éileamh dóibh.
(5) Féadfaidh iarrthóir a ainmniúchán do tharrac siar tré fhógra i scríbhinn fé n-a láimh do sheachada do cheann chomhrimh an tSeanaid roimh a dó dhéag a' chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca, agus féadfaidh tairgtheoir agus cuiditheoir iarrthóra ná beidh in Éirinn ainmniúchán an iarrthóra san do tharrac siar tré fhógra i scríbhinn fé n-a láimh, agus ráiteas ann ná fuil an t-iarrthóir sin in Éirinn, do sheachada do cheann chomhrimh an tSeanaid roimh a dó dhéag a' chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca.
Páipéirí ainmniúcháin do sheachada.
5.—(1) Gach páipeur ainmniúcháin ina n-ainmneofar iarrthóir i dtoghachán corra Seanaid déanfaidh an t-iarrthoir sin no a thairgtheoir no a chuiditheoir é do sheachada do cheann chomhrimh an tSeanaid i bpearsain aon uair tar éis an t-ordú toghacháin chorra do bheith déanta agus roimh a deich a' chlog ar maidin an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca no tar éis a deich a' chlog ar maidin agus roimh a dó dhéag a' chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca.
(2) Aon pháipeur ainmniúcháin a seachadfar do cheann chomhrimh an tSeanaid roimh a deich a' chlog ar maidin an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca féadfar é do sheachada dho in aon áit ina bhfuighfear é, agus aon pháipeur ainmniúcháin a seachadfar do cheann chomhrimh an tSeanaid tar éis a deich a' chlog ar maidin agus roimh a dó dhéag a' chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca seachadfar do é san áit ina mbeidh sé i láthair do réir an Achta so idir na huaire sin chun páipéirí ainmniúcháin do ghlaca.
(3) Gach páipeur ainmniúcháin a seachadfar go cuibhe do cheann chomhrimh an tSeanaid roimh a deich a' chlog ar maidin an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca, coinneoidh sé sin é go dtí an lá san agus an uair sin.
(4) Pé uair a seachadfar páipeur ainmniúcháin do cheann chomhrimh an tSeanaid go cuibhe ar uair a ceaduítear leis an Acht so ach roimh a ceathair a' chlog um thráthnóna an lá roimh an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca, cuirfidh ceann comhrimh an tSeanaid in úil láithreach do Chléireach na Dála agus do Chléireach an tSeanaid i scríbhinn go bhfuiltear tar éis an páipeur ainmniúcháin sin do sheachada amhlaidh agus fós ainm, tuairisc, seola agus cáilíochta an iarrthóra a tairgeadh tríd an bpáipeur ainmniúcháin sin mar a bheid curtha síos ann agus ainmneacha tairgtheora agus cuiditheora an iarrthóra san mar a bheid curtha síos sa pháipeur ainmniúcháin sin, agus déanfaidh na Cléirigh sin fé seach an t-eolas do chur ceann comhrimh an tSeanaid in úil dóibh amhlaidh do chur in úil do bhaill Dháil Éireann agus do bhaill Sheanad Éireann ach má theipeann ar na Cléirigh sin an t-eolas san do chur in úil do sna baill sin no má bhíonn an t-eolas a chuirfid in úil nea-chruinn ní bheidh an t-ainmniúchán ná an toghachán corra nea-dhleathach dá dheascaibh sin.
Agóidí i gcoinnibh páipéirí ainmniúcháin.
6.—(1) Ar a deich a' chlog ar maidin an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca i dtoghachán corra Seanaid tiocfaidh ceann comhrimh an tSeanaid i láthair in áit chaothúil a bheidh sé tar éis a fhógairt san Iris Oifigiúil roimhe sin agus taisbeánfa sé san áit agus san am san gach páipeur ainmniúcháin do seachadadh go cuibhe roimhe sin do agus glacfa sé gach páipeur ainmniúcháin eile a seachadfar go cuibhe dho san áit sin tar éis a deich a' chlog ar maidin agus roimh a dó dhéag a' chlog meán lae an lá san.
(2) Idir a deich a' chlog ar maidin agus a haon a' chlog um thráthnóna an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca déanfaidh ceann comhrimh an tSeanaid, san áit a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, pé agóidí is oiriúnach leis do chur i gcoinnibh aon pháipéir ainmniúcháin do seachadadh go cuibhe dho agus breithneoidh sé pé agóidí, i gcoinnibh aon pháipéir ainmniúcháin den tsórt san, a chuirfidh éinne bheidh i láthair go dleathach in úil do san áit agus san am san agus tabharfa sé a bhreith maidir le dleathacht gach páipéir ainmniúcháin den tsórt san.
(3) Aon agóid a chuirfidh ceann comhrimh an tSeanaid féin no a chuirfidh éinne eile in úil do i gcoinnibh aon pháipéir ainmniúcháin ar an scór nách leor an méid atá ann i dtaobh ainm, seola, tuairisc no cáilíochta an iarrthóra a hainmnítear tríd no ná fuil an méid sin do réir an Achta so ní lomhálfar í ná ní tuigfear í do bheith dleathach mara gcuirtear an agóid sin in úil roimh a dó dhéag a' chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca.
(4) Gach páipeur ainmniúcháin d'iarrthóir go gcuirtear ina luighe ar cheann chomhrimh an tSeanaid roimh dheire scrúdú na bpáipeur ainmniúcháin é bheith marbh diúltóidh an ceann comhrimh do mar pháipeur ainmniúcháin atá nea-dhleathach.
(5) Gach breith a thabharfaidh ceann comhrimh an tSeanaid fén alt so maidir le dleathacht pháipéir ainmniúcháin beidh sí gan aon dul tháirse más breith i bhfabhar do dhleathacht an pháipéir ainmniúcháin í, agus, más breith i gcoinnibh dleathacht an pháipéir ainmniúcháin í, féadfar í do chlaochló ar éisteacht achuinghe le n-a gcuirfear an toghachán no an tora in amhrus.
(6) Beidh gach iarrthóir a hainmneofar tré pháipeur ainmniúcháin agus a thairgtheoir agus a chuiditheoir agus éinne amháin eile a thoghfa sé amach agus ní duine ar bith eile (seachas ceann comhrimh an tSeanaid agus a chongantóirí) i dteideal bheith i láthair ag na himeachta bheidh ann fén alt so.
Ainmneacha na n-iarrthóirí do hainmníodh go cuibhe do chraola.
7.—(1) Ar a haon a' chlog um thráthnóna an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca i dtoghachán corra Seanaid craolfaidh ceann comhrimh an tSeanaid ainmneacha na n-iarrthóirí do hainmníodh go cuibhe agus go dleathach agus, maran mó líon na n-iarrthóirí sin ná líon na bhfolúntas a bheidh le líona sa toghachán chorra san, craolfa sé na hiarrthóirí sin do bheith toghtha go cuibhe sa toghachán chorra san agus deimhneoidh sé i scríbhinn do Chléireach na Dála agus fós do Chléireach an tSeanaid na hiarrthóirí sin do bheith toghtha.
(2) Más rud é, ar a haon a' chlog um thráthnóna an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca i dtoghachán corra Seanaid, gur mó líon na n-iarrthóirí do hainmníodh go cuibhe agus go dleathach ná líon na bhfolúntas a bheidh le líona sa toghachán chorra san, cromfaidh ceann comhrimh an tSeanaid ar an scéal do chur ar vóta fén Acht so agus dá réir.
(3) Pé uair is mó líon na n-iarrthóirí do hainmníodh go cuibhe agus go dleathach i dtoghachán corra Seanaid ná líon na bhfolúntas a bheidh le líona sa toghachán chorra san déanfaidh ceann comhrimh an tSeanaid, chó luath agus is féidir é tar éis a haon a' chlog um thráthnóna an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca, liost de sna hiarrthóirí do hainmníodh amhlaidh d'ullamhú agus socróidh sé na hiarrthóirí sin sa liost san ar ord aibítire a sloinnte agus, i gcás iarrthóirí aon tsloinne, ar ord aibítire a n-ainmneacha eile, agus luadhfa sé sa liost san seola agus tuairisc gach iarrthóra fé leith acu san agus na cáilíochta atá aige chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann fé Airtiogal 30 den Bhunreacht agus ainmneacha a thairgtheora agus a chuiditheora, agus cuirfe sé cóip den liost san go dtí Cléireach na Dála agus go dtí Cléireach an tSeanaid agus déanfaidh na Cléirigh sin fé seach a mbeidh sa liost san do chur in úil do bhaill Dháil Éireann agus do bhaill Sheanad Éireann ach má theipeann ar na Cléirigh sin a mbeidh sa liost san do chur in úil do sna baill sin no má bhíonn an méid a chuirfid in úil nea-chruinn ní bheidh ainmniúchán aon iarrthóra den tsórt san ná an toghachán corra san nea-dhleathach dá dheascaibh sin.
Iarrthóir d'fháil bháis le linn an toghacháin.
8.—(1) Más rud é, tar éis a dó dhéag a' chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca agus sara dtosnófar ar pháipéirí ballóide do thabhairt amach, i dtoghachán corra Seanaid ina gceangaltar ar cheann comhrimh an tSeanaid do réir an Achta so an scéal do chur ar vóta go bhfuighidh ceann comhrimh an tSeanaid fógra go bhfuil iarrthóir tar éis bháis do hainmníodh go cuibhe agus go dleathach sa toghachán chorra san, déanfaidh ceann comhrimh an tSeanaid an vótaíocht sa toghachán chorra san do chur ar ceal más deimhin leis an t-iarrthóir sin do bheith tar éis bháis.
(2) Nuair a déanfar an vótaíocht i dtoghachán corra Seanaid do chur ar ceal fén alt so, tiocfaidh an t-ordú toghacháin chorra don toghachán chorra san agus gach imeacht a bhí ann go dtí san fén ordú san, tiocfaid chun bheith agus beid gan brí gan éifeacht láithreach agus laistigh de sheachtain tar éis an churar-ceal san déanfaidh an tAire ordú nua toghacháin chorra don toghachán chorra san.
(3) Nuair a cuirfear an vótaíocht i dtoghachán corra Seanaid ar ceal agus a déanfar ordú nua toghacháin chorra fén alt so tuigfear, gan aon ainmniúchán nua, gach iarrthóir do bhí ainmnithe go cuibhe agus go dleathach le linn an chur-ar-ceal san (lasmuich den iarrthóir gurbh é a bhás fé ndeár an cur-ar-ceal san) do bheith ainmnithe go cuibhe agus go dleathach sa toghachán chorra Sheanaid a comórfar do réir an orduithe nua thoghacháin chorra san maran rud é, roimh a dó dhéag a' chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca fén ordú nua toghacháin chorra san, go bhfuighidh ceann comhrimh an tSeanaid fógra go bhfuil an t-iarrthóir sin tar éis bháis agus gur deimhin leis go bhfuil.
(4) Tuairisceofar na hiarrthóirí seo leanas i dtoghachán corra Seanaid do bheith toghtha sa toghachán chorra san, má toghtar amhlaidh iad agus (gan dochar do chomhacht cúirte dlighinse achmaire a dhearbhú go bhfuil a dtogha gan brí) tuigfear iad do bheith toghtha go cuibhe amhlaidh agus iad d'fhágaint a suíochán díreach tar éis do cheann chomhrimh an tSeanaid a dheimhniú ar ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh do shigniú, sé sin le rá:—
(a) gach iarrthóir toghtha a bheidh marbh le linn sighniú an deimhnithe sin amhlaidh, agus
(b) gach iarrthóir toghtha go dtárlóidh do, le linn sighniú an deimhnithe sin amhlaidh, gan bheith cáilithe no a bheidh fé mhí-cháilíocht chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann.
Coda d'Acht Toghacháin an tSeanaid, 1928, do chur i mbaint.
9.—Na hailt seo leanas d'Acht Toghacháin an tSeanaid, 1928 (Uimh. 29 de 1928), sé sin le rá, ailt 8 go 13, alt 14 lasmuich de mhíreanna (a), (b), (c), agus (d) d'fho-alt (1) de, ailt 15 agus 16, agus fós an Chéad Sceideal agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, bainfid le toghacháin chorra Sheanaid chó hiomlán is dá n-ath-achtuítí na hailt agus na sceidil sin san Acht so, tar éis na hatharuithe seo leanas do dhéanamh agus fé réir na n-atharuithe sin, sé sin le rá:—
(a) léireofar tagairtí do thoghacháin Sheanaid mar thagairtí do thoghacháin chorra Sheanaid,
(b) léireofar tagairtí do cheann chomhrimh an tSeanaid mar thagairtí do cheann chomhrimh an tSeanaid a ceapfar fén Acht so,
(c) léireofar tagairtí do lá tabhartha amach na bpáipéirí ballóide agus do dheire na vótaíochta mar thagairtí fé seach do lá tabhartha amach na bpáipéirí ballóide agus do dheire na vótaíochta a ceapfar fén Acht so,
(d) léireofar tagairtí don ainmliost d'iarrthóirí mar thagairtí do pháipéirí ainmniúcháin na n-iarrthóirí,
(e) léireofar an focal “orduithe” mar fhocal a chialluíonn orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.
Rialacháin.
10.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so, no in aon alt no sceideal d'Acht Toghacháin an tSeanaid, 1928 (Uimh. 29 de 1928) a cuirtear i mbaint tríd an Acht so, mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.
(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán san do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do deineadh fé roimhe sin.
Gearr-theideal agus luadh.
11.—(1) Féadfar an tAcht um Thoghacháin Chorra an tSeanaid, 1930, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar Achtanna Toghacháin an tSeanaid, 1928 agus 1930, do ghairm d'Acht Toghacháin an tSeanaid, 1928 (Uimh. 29 de 1928) agus den Acht so le chéile.