Uimhir 33 de 1927.
ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1927.
Léiriú.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “coimisinéir mionn,” maidir le mionnscríbhinn a mionnuítear lasmuich de Shaorstát Éireann, duine go bhfuil údarás aige, do réir dlí na háite ina mionnuítear an mhionn-scríbhinn sin, daoine do chur fé mhionn san áit sin;
cialluíonn an focal “an mhóid” an mhóid atá ceangailte le hAirtiogal 17 den Bhunreacht ar gach ball den Oireachtas do thabhairt agus do shighniú roimh thógaint a shuíocháin ann;
léireofar tagairtí don mhóid do thabhairt mar thagairtí don mhóid sin do thabhairt sa tslí a horduítear leis an Airtiogal san 17; agus
foluíonn tagairtí do thogha i gcás Sheanad Éireann duine do thogha do réir Airtiogal 34 den Bhunreacht chun an t-ionad do líona a bhí ag ball de Sheanad Éireann do fuair bás, d'eirigh as, no do tháinig fé mhí-cháilíocht.
Mionn-scríbhinn le déanamh ag iarrthóirí i dtoghacháin Dála.
2.—(1) Déanfidh gach iarrthóir toghacháin chun Dáil Éireann, sa tslí agus laistigh den aimsir a horduítear leis an alt so, mionnscríbhinn do sheachada do cheann chomhrimh an dáilcheanntair darb iarrthóir é agus í sa bhfuirm atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus mionnuithe aige go cuibhe do réir an ailt seo, agus ní bheidh aon ainmniú ar aon iarrthóir den tsórt san dleathach ná iomlán mara mbeidh ná go dtí go mbeidh an mhionn-scríbhinn sin seachadtha aige amhlaidh don cheann chomhrimh sin.
(2) An mhionn-scríbhinn a ceangaltar leis an alt so ar iarrthóir do sheachada don cheann chomhrimh mionnóidh an t-iarrthóir sin í i bhfianaise coimisineura mhionn no feadhmannaigh shíochána darb aithnid go pearsanta é agus déanfidh an t-iarrthóir sin féin, no déanfidh a thairgtheoir no a chuiditheoir thar a cheann, í do sheachada don cheann chomhrimh, i gcás toghacháin ghenerálta, aon uair tar éis dáta an fhurógra le n-a bhfógrófar an tOireachtas do ghairm chun teacht le chéile no, i gcás toghacháin chorra, aon uair tar éis don cheann chomhrimh an rit d'fháil agus, in aon chás, roimh dheire na haimsire a ceapfar chun ainmniúcháin do ghlaca.
Mionn-scríbhinn le déanamh ag iarrthóirí i dtoghacháin Sheanaid.
3.—(1) Ní ainmneoidh Dáil Éireann éinne le cur ar ainm-liost d'iarrthóirí i gcóir toghacháin chinn trí mblian chun Seanad Éireann maran rud é, laistigh de pé tréimhse roimh an ainmniú san agus i pé slí ordóidh Dáil Éireann, go mbeidh seachadtha do Chléireach na Dála ag an duine sin no ag ball de Dháil Éireann do ghlac a shuíochán sa Dáil mionn-scríbhinn a bheidh sa bhfuirm atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bheidh mionnuithe go cuibhe ag an duine sin i bhfianaise coimisineura mhionn no feadhmannaigh shíochána darb aithnid go pearsanta é.
(2) Ní ainmneoidh Seanad Éireann éinne le cur ar ainm-liost d'iarrthóirí i gcóir toghacháin chinn trí mblian chun Seanad Éireann maran rud é, laistigh de pé tréimhse roimh an ainmniú san agus i pé slí ordóidh Seanad Éireann, go mbeidh seachadtha do Chléireach an tSeanaid ag an duine sin no ag ball de Sheanad Éireann do ghlac a shuíochán sa tSeanad mionn-scríbhinn a bheidh sa bhfuirm atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bheidh mionnuithe go cuibhe ag an duine sin i bhfianaise coimisineura mhionn no feadhmannaigh shíochána darb aithnid go pearsanta é.
(3) Ní toghfar éinne i dtoghachán corra chun bheith ina bhall de Sheanad Éireann maran rud é, laistigh de pé tréimhse roimh an toghachán san agus i pé slí ordóidh Seanad Éireann, go mbeidh seachadtha do Chléireach an tSeanaid ag an duine sin no ag ball de Sheanad Éireann do ghlac a shuíochán sa tSeanad mionn-scríbhinn a bheidh sa bhfuirm atá curtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bheidh mionnuithe go cuibhe ag an duine sin i bhfianaise coimisineura mhionn no feadhmannaigh shíochána darb aithnid go pearsanta é.
(4) San alt so cialluíonn an focal “toghachán cinn trí mblian” toghachán ball de Sheanad Éireann do réir Airtiogal 32 den Bhunreacht agus cialluíonn an focal “toghachán corra” duine do thogha do réir Airtiogal 34 den Bhunreacht chun an t-ionad do líona a bhí ag ball de Sheanad Éireann do fuair bás, d'eirigh as, no do tháinig fé mhí-cháilíocht.
An aimsir gur laistigh di a tabharfar an mhóid.
4.—(1) Gach ball den Oireachtas a toghfar chun an Oireachtais tar éis rithte an Achta so tabharfa sé an mhóid laistigh de pé aimsir acu so leanas is sia, sé sin le rá:—
(a) dhá mhí tar éis a thoghtha chun bheith ina bhall den Oireachtas, no,
(b) mí tar éis an chéad lae a shuidhfidh an Tigh dar ball é tar éis a thoghtha chun bheith ina bhall de.
(2) Má theipeann ar aon bhall den Oireachtas a toghfar chun an Oireachtais tar éis rithte an Achta so an mhóid do thabhairt laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an Acht so beidh sé, ar bheith caithte don aimsir sin, fé mhí-cháilíocht chun leanúint de bheith ina bhall den Oireachtas agus leis sin scuirfe sé de bheith ina bhall de.
(3) Gach éinne thiocfidh fé mhí-cháilíocht fén alt so chun leanúint de bheith ina bhall den Oireachtas, beidh sé, go ceann cúig mblian tar éis do teacht fé mhí-cháilíocht amhlaidh, fé mhícháilíocht chun a thoghtha no chun suidhe mar bhall den Oireachtas.
Faidiú ar an aimsir chun an mhóid do thabhairt i gcásanna áirithe.
5.—(1) Má coisctear ar aon bhall den Oireachtas, tré bhreoiteacht no tré nea-láithreacht do-sheachanta o Shaorstát Éireann, an mhóid do thabhairt laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an Acht so, féadfidh an Tigh dar ball é, le rún do réir an ailt seo, aon tréimhse nách sia ná sé mhí do chur leis an aimsir sin i gcás an bhaill sin.
(2) Gach rún fén alt so chun cur leis an aimsir chun an mhóid do thabhairt is roimh dheire na haimsire a bheidh le faidiú tríd a rithfar é agus luadhfar réasún an fhaidithe sin ann agus isé réasún é sin ná breoiteacht an bhaill le n-a mbaineann sé no a nea-láithreacht do-sheachanta o Shaorstát Éireann.
(3) An aimsir a ceaptar leis an Acht so chun an mhóid do thabhairt féadfar cur léi níos mó ná uair amháin fen alt so i gcás aon bhaill.
(4) Pé uair a déanfar fén alt so cur leis an aimsir a ceaptar leis an Acht so chun an mhóid do thabhairt léireofar gach tagairt san Acht so don aimsir sin mar thagairt don aimsir sin agus í faidithe amhlaidh.
Cad déanfar le héarlais an iarrthóra má toghtar an t-iarrthóir.
6.—Athghairmtear leis seo fo-alt (5) d'alt 20 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) (ach amháin maidir le hiarrthóirí i dtoghachán Dála do bhí ann roimh rith an Achta so) agus ina ionad san achtuítear leis seo, má toghtar iarrthóir i dtoghachán Dála a bheidh ann tar éis rithte an Achta so go ndeighleálfar leis an éarlais do chuir sé síos no do cuireadh síos thar a cheann fén alt san 20 sa tslí seo a leanas, sé sin le rá:—
(a) má thugann an t-iarrthóir an mhóid laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an Acht so agus sara mbeidh an tOireachtas scurtha, tabharfar thar n-ais do an éarlais sin do chuir sé síos no do cuireadh síos thar a cheann; agus
(b) mara dtugaidh an t-iarrthóir an mhóid laistigh den aimsir roimhráite agus sara mbeidh an tOireachtas scurtha, déanfar an éarlais sin do chuir sé síos no do cuireadh síos thar a cheann do gheallbhruide do Shaorstát Éireann ar bheith caithte don aimsir sin no ar scur don Oireachtas, pe'ca aca is túisce thárlóidh, mara bhfaghaidh an t-iarrthóir bás roimh dheire na haimsire sin agus sara mbeidh scur déanta agus sa chás san tabharfar an éarlais sin thar n-ais dá ionadaí phearsanta dhlíthiúil chó luath agus is féidir é tar éis a bháis.
Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.
7.—(1) Féadfar an tAcht Timpeal Toghachán (Leasú) (Uimh. 2), 1927, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Timpeal Toghachán, 1923 go 1927.
(3) Chun na gcrícheanna bhaineann le hiad do luadh le chéile folóidh an focal “na hAchtanna Timpeal Toghachán, 1923 go 1927” an tAcht so.
(4) Tiocfidh an tAcht so i bhfeidhm an chéad lá d'Fheabhra, 1928, agus as san amach.
SCEIDEAL.
FUIRM NA MIONN-SCRIBHINNE.
SAORSTáT ÉIREANN.
Mise, as
agus mé ar aigne a cheadú no tar éis a cheadú go dtairgfí mé mar iarrthóir toghacháin chun Dáil Éireann no chun m'ainmnithe ar ainm-liost de lucht iarrtha toghacháin chun Seanad Éireann no mar iarrthóir toghacháin chun Seanad Éireann do réir an Chonnartha, an Bhunreachta, agus na Dlí, bheirim leis seo mo mhionn agus deirim, má toghtar mé chun bheith am' bhall de Dháil no de Sheanad Éireann, go nglacfad mo shuíochán ann go cuibhe mar bhall de agus chun na críche sin go dtabharfad go cuibhe, sa tslí a horduítear le hAirtiogal 17 den Bhunreacht agus laistigh den aimsir atá ceaptha do réir dlí chun a dhéanta san, an mhóid atá ceangailte leis an Airtiogal san ar gach ball den Oireachtas do thabhairt agus do shighniú sara nglacfa sé a shuíochán ann.
Ar a mhionnú am' láthair-se an............ |
lá so de..............................19...... |
i .................................................. |
do ............................................... |
atá ainmnithe thuas agus |
is aithnid dom go pearsanta. |