[EN]

Uimhir 1 de 1934


[EN]

ACHT NA nDRUGANNA DAINSEARACHA, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN IOMPORTÁIL, EASPORTÁIL, DÉANAMH, DÍOL AGUS ÚSÁID CHODLAIDIN, MHUIRFIN, CHOCAINE AGUS DHRUGANNA DAINSEARACHA EILE DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH, AGUS CHUN CRÍCHEANNA BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [2adh Feabhra, 1934.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar Acht na nDruganna Dainséaracha, 1934, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá socrófar chuige sin le hordú ón Ard-Chomhairle, agus féadfar dátaí deifriúla do shocrú i gcóir forálacha deifriúla den Acht so agus maidir le tíortha deifriúla.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

[EN]

foluíonn an abairt “codlaidín amh” codlaidín ina phúdar no ina ghrán, ach ní fholuíonn sí codlaidín leighis;

[EN]

cialluíonn an abairt “duilleoga cóca” duilleoga aon phlanda de chineál an erythroxylaceae as arbh fhéidir cócáine do bhaint go díreach no tré chlaochí cheimicúil;

[EN]

cialluíonn an abairt “cnáib Indiathach” bláth-bharraí no torabharraí tiormuithe an phlannda phistiligh ar a dtugtar cannabis sativa ná beifear tar éis an roisín do bhaint asta, pé ainm a tugtar ar na barraí sin;

[EN]

cialluíonn an abairt “codlaidín ullamhuithe” codlaidín ar n-a ullamhú chun a chaithte ina ghail agus foluíonn sí an dríodar agus aon fhuighligh eile bhíonn fágtha tar éis codlaidín do chaitheamh ina ghail;

[EN]

cialluíonn an abairt “codlaidín leighis” codlaidín amh do cuireadh fén oibriú is gá chun é do chur in oiriúint i gcóir leigheas do réir a n-éilítear i Pharmacopoeia Shaorstáit Éireann, pe'ca i bhfuirm phúdair no i bhfuirm ghráin no in aon fhuirm eile don cholaidín sin agus pe'ca measctha le substaintí neodracha dho no nách eadh;

[EN]

cialluíonn an abairt “Convensiún an Hague” an Convensiún Eadarnáisiúnta um Chodlaidín do sighníodh san Hague an 23adh lá d'Eanar, 1912;

[EN]

cialluíonn an abairt “Convensiún Ghenéva, 1925” an Convensiún Eadarnáisiúnta i dtaobh codlaidín agus druganna dainséaracha eile do sighníodh i nGenéva an 19adh lá d'Fheabhra, 1925;

[EN]

cialluíonn an abairt “Convensiún Ghenéva, 1931” an Convensiún Eadarnáisiúnta i dtaobh druganna suain do dhéanamh agus do roinnt do sighníodh i nGenéva an 13adh lá d'Iúl, 1931;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

[EN]

“Dlí có-réire.”

3.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “dlí có-réire” dlí ar bith adeirtear i ndeimhniú (dá ngairmtear “deimhniú eadarnáisiúnta” san alt so), a thugann le tuiscint é bheith ar n-a thabhairt amach ag Rialtas no thar ceann Rialtais tíre ar bith lasmuich de Shaorstát Éireann, is dlí dheineann socrú chun déanamh, díol, úsáid, easportáil agus iomportáil druganna do stiúradh agus do rialáil sa tír sin do réir forálacha Chonvensiúin an Hague, Chonvensiúin Ghenéva, 1925, no Chonvensiúin Ghenéva, 1931.

[EN]

(2) Beidh ráiteas ar bith a bheidh i ndeimhniú eadarnáisiúnta i dtaobh éifeachta an dlí bheidh luaidhte sa deimhniú san no ráiteas ar bith a bheidh i ndeimhniú eadarnáisiúnta á rá fíora ar bith do bheith ina gcionta in aghaidh an dlí bheidh luaidhte sa deimhniú san, beidh san, chun críche an Achta so, ina ráiteas ná beidh aon dul thairis.

[EN]

Baint na nAchtanna Custum.

4.—(1) Tuigfear earraí go dtoirmisctear de bhuadh an Achta so iad d'iomportáil do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian, maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí d'iomportáil a toirmisctear no sriantar beidh baint acu dá réir sin.

[EN]

(2) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earra ar bith, a bheidh á heasportáil no go mbeifear ad'iarraidh í d'easportáil contrárdha don Acht so, do choinneáil agus do thógaint agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earra ar bith den tsórt san no 'na mbeidh amhras aige a leithéid do bheith inte, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí tógtar fén Acht san d'ordú a bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh, bainfid le gach earra tógfar fén Acht so fé is dá mba fén Acht san do tógfaí iad.

[EN]

(3) Na forálacha den Acht so bhaineann le heasportáil earraí do thoirmeasc beidh éifeacht acu fé is dá mba chuid den Customs Consolidation Act, 1876, na forálacha san, agus beidh baint dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus má deintear earraí ar bith go dtoirmisctear a n-easportáil leis an Acht so d'easportáil contrárdha don Acht so no iad do thabhairt go dtí aon chéibh no áit eile chun iad d'easportáil amhlaidh no iad d'iompar ar uisce chun iad d'easportáil amhlaidh, dlighfear an pionós céanna do chur ar an easportálaí no ar a ghníomhaire a dlightear do chur ar dhuine, fé alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, mar gheall ar earraí toirmiscthe d'iomportáil go nea-dhleathach.

[EN]

Rialacháin ghenerálta.

5.—Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

[EN]

Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

6.—Gach ordú agus rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe no ar rialacháin sin (pe'ca aca é) do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin (pe'ca aca é) ar nea-mbrí, beidh an t-ordú no an rialachán san (pe'ca aca é) curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimh sin fén ordú san no fén rialachán san (pe'ca aca é).

[EN]

Costaisí.

7.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

[EN]

Táillí do bhailiú, etc.

8.—Déanfar gach táille gheobhaidh an tAire fén Acht so do bhailiú agus cuntas do thabhairt ina taobh i pé slí ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

[EN]

Athghairm.

9.—Athghairmtear leis seo an Dangerous Drugs Act, 1920.

[EN]

Ceadúnaisí, údaráis agus rialacháin fén Dangerous Drugs Act, 1920, do leanúint de bheith i bhfeidhm.

10.—(1) Gach ceadúnas agus údarás do deonadh fén Dangerous Drugs Act, 1920, agus gur dáta lae roimh thosach feidhme an Achta so atá air agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme an Achta so, leanfaidh de bheith i bhfeidhm (mara gceiliúrtar roimhe sin é) go dul in éag do agus tuigfear, chun gach críche, faid a leanfaidh i bhfeidhm amhlaidh, é do bheith ina chead, ina cheadúnas, no ina údarás den tsaghas chéanna ar n-a dheonadh fén Acht so.

[EN]

(2) Gach rialachán do rinneadh fén Dangerous Drugs Act, 1920, agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme an Achta so féadfar é do bhuanú, do leasú no do cheiliúradh le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so, agus go dtí go mbuanófar no go gceiliúrfar amhlaidh é, agus fé réir aon leasuithe den tsórt san, leanfaidh de bheith i bhfeidhm agus tuigfear gur fén Acht so do rinneadh é.

CUID II.

Codlaidin Amh, Duilleoga Coca agus Cnaib Indiathach.

[EN]

Substaintí le n-a mbaineann Cuid II.

11.—Baineann an Chuid seo den Acht so leis na substaintí seo leanas, sé sin le rá, codlaidín amh, duilleoga cóca, cnáib Indiathach agus roisíní gheibhtear as cnáib Indiathaigh agus na hullamhóidí uile gurb iad na roisíní sin is bun dóibh.

[EN]

Srian le substaintí d'iomportáil le n-a mbaineann Cuid II.

12.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon tsubstaint le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

[EN]

(a) gur sealbhóir an duine sin ar chead (dá ngairmtear cead iomportála san alt so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén alt so agus á údarú dho an tsubstaint sin d'iomportáil, agus

[EN]

(b) nách mó caindíocht na substainte sin ná an méid a bheidh luaidhte sa chead san, agus

[EN]

(c) gur ón tír a bheidh luaidhte sa chead san a hiomportálfar an tsubstaint sin, agus

[EN]

(d) gur tríd an bport no an áit i Saorstát Éireann a bheidh luaidhte sa chead san a hiomportálfar an tsubstaint sin, agus

[EN]

(e) gur laistigh den am a bheidh luaidhte sa chead san a hiomportálfar an tsubstaint sin, agus

[EN]

(f) go ndéanfaidh an duine sin do réir na gcoinníollacha (más aon cheann é) a bheidh ag gabháil leis an gcead san.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead iomportála, chun substainte ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'iomportáil, do dheonadh do dhuine ar bith,

[EN]

(3) Gach cead iomportála, alos substainte le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so—

[EN]

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus

[EN]

(b) déanfa sé agus déarfa sé a údarú do shealbhóir an cheada san an méid a luadhfar sa chead san den tsubstaint sin d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ón tír, agus tríd an bport no an áit i Saorstát Éireann, agus laistigh den am, a luadhfar sa chead san, ach san fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is ceart dar leis an Aire do chur leis an gcead san agus a luadhfaidh ann.

[EN]

(4) Íocfar leis an Aire alos gach ceada iomportála pé táille dhéanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a cheapadh.

[EN]

(5) Má dheineann duine ar bith aon tsubstaint le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

[EN]

Srian le substaintí d'easportáil le n-a mbaineann Cuid II.

13.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon tsubstaint le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'easportáil amach as Saorstát Éireann maran rud é—

[EN]

(a) gur sealbhóir an duine sin ar chead (dá ngairmtear cead easportála san alt so) á údarú don duine sin an tsubstaint sin d'easportáil, agus

[EN]

(b) nách mó caindíocht na substainte sin ná an méid a bheidh luaidhte sa chead san, agus

[EN]

(c) gur chun na tíre bheidh luaidhte sa chead san a bheidh an tsubstaint sin á consighniú, agus

[EN]

(d) gur ón bport no ón áit a bheidh luaidhte sa chead san a heasportálfar an tsubstaint sin, agus

[EN]

(e) gur laistigh den am a bheidh luaidhte sa chead san a heasportálfar an tsubstaint sin, agus

[EN]

(f) go ndéanfaidh an duine sin do réir na gcoinníollacha (más aon cheann é) a bheidh ag gabháil leis an gcead san.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead easportála, chun substainte ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'easportáil, do dheonadh do dhuine ar bith a dhéanfaidh do réir na gcoinníollacha orduithe.

[EN]

(3) Gach cead easportála, alos substainte le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so—

[EN]

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus

[EN]

(b) déanfa sé agus déarfa sé a údarú do shealbhóir an cheada san an méid a luadhfar sa chead san den tsubstaint sin d'easportáil ón bport no ón áit i Saorstát Éireann go dtí an tír, agus laistigh den am, a luadhfar sa chead san, ach san fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis an Aire do chur leis an gcead san agus a luadhfaidh ann.

[EN]

(4) Íocfar leis an Aire alos gach ceada easportála pé táille dhéanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a cheapadh.

[EN]

(5) Má dheineann duine ar bith aon tsubstaint le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'easportáil contrárdha don alt so, no aon tsubstaint den tsórt san do thabhairt go dtí céibh no áit eile chun go ndéanfaí í d'easportáil contrárdha don alt so no chun go ndéanfaí í d'iompar ar uisce chun í d'easportáil amhlaidh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

[EN]

Substaintí le n-a mbaineann Cuid II do tháirgeadh agus deighleáil do dhéanamh ionta san.

14.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh fén alt so chun táirgeadh, sealbhú, díol agus roinnt substaintí ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do rialáil no do shrianadh, agus go sonnrách, agus gan dochar do gheaneráltacht na comhachta san roimhe seo, chun táirgeadh, sealbhú, díol agus roinnt substaintí ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do thoirmeasc ach amháin i gcás daoine bheidh ceadúnaithe no údaruithe ar shlí eile chuige sin do réir an ailt seo.

[EN]

(2) Chun crícheanna an ailt seo féadfaidh an tAire ceadúnaisí agus údaráis do dheonadh in aghaidh pé tréimhsí, agus ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha, is dóich leis is ceart.

[EN]

(3) Íocfar leis an Aire ar gach ceadúnas fén alt so do dheonadh pé táille dhéanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a cheapadh.

[EN]

(4) Gach éinne—

[EN]

(a) a sháróidh aon rialachán, no go dteipfidh air déanamh do réir aon rialacháin, a bheidh déanta fén alt so; no

[EN]

(b) a sháróidh coinníollacha, no go dteipfidh air déanamh do réir coinníollacha, aon cheadúnais no údaráis a bheidh deonta fén alt so no dá réir;

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

CUID III.

Codlaidin Ullamhuithe.

[EN]

Toirmeasc ar iomportáil agus ar easportáil chodlaidín ullamhuithe.

15.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon chodlaidín ullamhuithe d'iomportáil, ná do thabhairt, isteach i Saorstát Éireann ná d'easportáil amach as.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith aon chodlaidín ullamhuithe d'iomportáil no d'easportáil contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

[EN]

Toirmeasc ar chodlaidín ullamhuithe do dhéanamh, etc.

16.—Má thárlann do dhuine ar bith—

[EN]

(a) codlaidín ullamhuithe do dhéanamh no do dhíol no deighleáil ann ar shlí eile; no

[EN]

(b) aon chodlaidín ullamhuithe do bheith ina sheilbh aige; no

[EN]

(c) is sealbhaire ar áitreabh ar bith, a cheadú an t-áitreabh san d'úsáid chun codlaidín d'ullamhú chun a chaithte ina ghail no chun codlaidín ullamhuithe do dhíol no do chaitheamh ina ghail; no

[EN]

(d) baint do bheith aige le bainistí áitreibh ar bith a bhíonn á úsáid chun aon chríche den tsórt san roimhráite; no

[EN]

(e) aon phíopaí no fearaistí eile chun a n-úsáidthe chun codlaidín do chaitheamh ina ghail, no aon fhearaistí a húsáidtear chun codlaidín d'ullamhú chun a chaithte ina ghail, do bheith ina sheilbh aige; no

[EN]

(f) codlaidín ullamhuithe do chaitheamh ina ghail no d'úsáid ar shlí eile, no aon áit a húsáidtear chun codlaidín do chaitheamh ina ghail do ghnáthú;

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

CUID IV.

Muirfin, Cocaine agus Druganna Airithe Eile.

[EN]

Druganna le n-a mbaineann Cuid IV.

17.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo baineann an Chuid seo den Acht so leis na druganna so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) codlaidín leighis;

[EN]

(b) aon úscradh no tinctiúir de chnáib Indiathaigh;

[EN]

(c) muirfín agus a chuid salann, agus diaisetilmuirfín (ar a dtugtar de ghnáth diamuirfín no héroin) agus na hestereacha eile de mhuirfín agus a gcuid salann san fé seach;

[EN]

(d) cócáine (le n-a n-áirmhítear cócáine targlamach) agus ecgoinín agus a gcuid salann san fé seach, agus na hestereacha d'ecgoinín agus a gcuid salann san fé seach;

[EN]

(e) aon tuaslagán no aon tanú de mhuirfín no de chócáine no dá gcuid salann san i substaint támhaigh, pe'ca fliuchánach no soladach di, ina bhfuil aon chion de mhuirfín no de chócáine, agus aon ullamhóid, meascán, úscradh no substaint eile (nách tuaslagán ná tanú den tsórt san roimhráite) ina bhfuil an cúigiú cuid per cent. ar a laighead de mhuirfín no an deichiú cuid per cent. ar a laighead de chócáine no d'ecgoinín;

[EN]

(f) aon ullamhóid, meascán, úscradh no substaint eile ina bhfuil aon chion de dhiaisetilmuirfín;

[EN]

(g) díhídrohídrocsaícóidéineoin, díhídrocóidéineoin, díhídromuirfíneoin, aisetildíhídrocóidéineoin, díhídromuirfín, a gcuid estereach san agus salainn aon tsubstainte acu san agus salainn a gcuid estereach san, N-ocsaoid muirfín (ar a dtugtar de ghnáth genomuirfín), na díorthaí de N-ocsaoid muirfín, agus aon díorthaí eile cúig-adamhluach de mhuirfín níotraoin;

[EN]

(h) tébéin agus a cuid salann, agus (ach amháin meithilmuirfín, ar a dtugtar cóidéin de ghnáth, agus eithealmuirfín, ar a dtugtar díonín de ghnáth, agus a gcuid salann san fé seach) beinsilmuirfín agus na héatair eile de mhuirfín agus a gcuid salann san fé seach;

[EN]

(i) aon ullamhóid, meascán, úscradh no substaint eile ina bhfuil aon chion d'aon tsubstaint acu san atá, de bhuadh míre (g) no míre (h) den fho-alt so, ina ndruganna le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so;

[EN]

(j) pé druganna eile dearbhófar le hordú ón Ard-Chomhairle ar n-a dhéanamh fén alt so do bheith ina ndruganna le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Má chítear don Ard-Chomhairle aon díortha nua de mhuirfín no de chócáine no d'aon tsalainn de mhuirfín no de chócáine no aon alculaoid eile de chodlaidín no aon druga eile de shaghas ar bith do bheith no gur deallrathach, dá n-úsáidtí san go mí-chóir, é do bheith ina thrúig do dhroch-iarmhairtí atá, nách mór, de shaghas no de chineál na ndroch-iarmhairtí thagann as muirfín no cócáine d'úsáid no ina thrúig do dhroch-iarmhairtí is cosúil leo san, no gur féidir substaint do dhéanamh de atá no is deallrathach, dá n-úsáidtí í go mí-chóir, a bheadh ina trúig do sna droch-iarmhairtí sin, féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú fén bhfo-alt so a dhearbhú an díortha nua, an alculaoid, no an druga eile sin do bheith ina dhruga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

[EN]

(3) Má chítear don Ard-Chomhairle go ndearna Comhairle Chumainn na Náisiún breith, maidir le haon ullamhóid ina bhfuil druga ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, do chur in úil, do réir Airtiogail 8 de Chonvensiún Ghenéva, 1925, do sna páirtithe sa Chonvensiún san, féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú fén bhfo-alt so a dhearbhú an ullamhóid sin do scur, o pé dáta luadhfar san ordú san, de bheith ina druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san maidir le haon ullamhóid den tsórt san beidh an ullamhóid sin, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, gan bheith ina druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

[EN]

(4) Féadfaidh an Ard-Chomhairle ceiliúradh do dhéanamh ar ordú do rinneadh roimhe sin fé fho-alt (2) no fé fho-alt (3) den alt so.

[EN]

(5) Chun crícheanna an ailt seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cialluínn an focal “ecgoinín” laevo-ecgoinín agus foluíonn sé aon díorthaí d'ecgoinín as ar féidir san do bhaint tré oibriú ceárdais;

[EN]

(b) is fé is dá mba muirfín ainhídreach é a háirmheofar an percentáiste i gcás muirfín;

[EN]

(c) mara ndeintear socrú eile chuige sin le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so, isé foras ar a n-áirmheofar percentáistí, i gcás ullamhóide fliuchánaighe, ná ar an bhforas gurb é chialluíonn ullamhóid ina bhfuil a haon per cent. d'aon tsubstaint ná ullamhóid 'na bhfuil gramme amháin den tsubstaint, más soladach di, no millilitre amháin den tsubstaint, más fliuchánach di, i ngach céad millilitre den ullamhóid, agus do réir an áirimh sin i gcás aon phercentáiste is mó no is lugha ná san.

[EN]

Srian le druganna d'iomportáil le n-a mbaineann Cuid IV.

18.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

[EN]

(a) gur sealbhóir an duine sin ar chead (dá ngairmtear cead iomportála san alt so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén alt so agus á údarú dho an druga san d'iomportáil, agus

[EN]

(b) nách mó caindíocht an druga san ná an méid a bheidh luaidhte sa chead san, agus

[EN]

(c) gur ón tír a bheidh luaidhte sa chead san a hiomportálfar an druga san, agus

[EN]

(d) gur tríd an bport no an áit i Saorstát Éireann a bheidh luaidhte sa chead san a hiomportálfar an druga san, agus

[EN]

(e) gur laistigh den am a bheidh luaidhte sa chead san a hiomportálfar an druga san, agus

[EN]

(f) go ndéanfaidh an duine sin do réir na gcoinníollacha (más aon cheann é) a bheidh ag gabháil leis an gcead san.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead iomportála, chun druga ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'iomportáil, do dheonadh do dhuine ar bith.

[EN]

(3) Gach cead iomportála, alos druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so—

[EN]

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus

[EN]

(b) déanfa sé agus déarfa sé a údarú do shealbhóir an cheada san an méid a luadhfar sa chead san den druga san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ón tír, agus tríd an bport no an áit i Saorstát Éireann, agus laistigh den am, a luadhfar sa chead san, ach san fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is ceart dar leis an Aire do chur leis an gcead san agus a luadhfaidh ann.

[EN]

(4) Íocfar leis an Aire alos gach ceada iomportála pé táille dhéanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a cheapadh.

[EN]

(5) Má dheineann duine ar bith aon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

[EN]

Srian le druganna d'easportáil le n-a mbaineann Cuid IV.

19.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'easportáil amach as Saorstát Éireann maran rud é—

[EN]

(a) gur sealbhóir an duine sin ar chead (dá ngairmtear cead easportála san alt so) á údarú don duine sin an druga san d'easportáil, agus

[EN]

(b) nách mó caindíocht an druga san ná an méid a bheidh luaidhte sa chead san, agus

[EN]

(c) gur chun na tíre bheidh luaidhte sa chead san a bheidh an druga san á chonsighniú, agus

[EN]

(d) gur ón bport no ón áit a bheidh luaidhte sa chead san a heasportálfar an druga san, agus

[EN]

(e) gur laistigh den am a bheidh luaidhte sa chead san a heasportálfar an druga san, agus

[EN]

(f) go ndéanfaidh an duine sin do réir na gcoinníollacha (más aon cheann é) a bheidh ag gabháil leis an gcead san.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead easportála, chun druga ar bith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'easportáil, do dheonadh do dhuine ar bith a dhéanfaidh do réir na gcoinníollacha orduithe.

[EN]

(3) Gach cead easportála, alos druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so—

[EN]

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus

[EN]

(b) déanfa sé agus déarfa sé a údarú do shealbhóir an cheada san an méid a luadhfar sa chead san den druga san d'easportáil ón bport no ón áit i Saorstát Éireann go dtí an tír, agus laistigh den am, a luadhfar sa chead san, ach san fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis an Aire do chur leis an gcead san agus a luadhfaidh ann.

[EN]

(4) Íocfar leis an Aire alos gach ceada easportála pé táille dhéanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a cheapadh.

[EN]

(5) Má dheineann duine ar bith aon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'easportáil contrárdha don alt so, no aon druga den tsórt san do thabhairt go dtí céibh no áit eile chun go ndéanfaí é d'easportáil contrárdha don alt so no chun go ndéanfaí é d'iompar ar uisce chun é d'easportáil amhlaidh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

[EN]

Déanamh agus díol druganna le n-a mbaineann Cuid IV do stiúradh.

20.—(1) D'fhonn cosc do chur le druganna le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'úsáid go mí-chóir, féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh fén alt so chun déanamh, díol, sealbhú agus roinnt na ndruganna san do stiúradh no do shrianadh, agus go sonnrách, ach gan dochar do gheneráltacht na comhachta san roimhe seo—

[EN]

(a) chun a thoirmeasc aon druganna den tsórt san do dhéanamh ach amháin in áitreabh a bheidh ceadúnaithe chuige sin agus fé réir aon choinníollacha bheidh luaidhte sa cheadúnas; agus

[EN]

(b) chun a thoirmease aon druga den tsórt san do dhéanamh, do dhíol no do roinnt ach amháin i gcás daoine bheidh ceadúnaithe no údaruithe ar shlí eile fé sna rialacháin sin agus fé réir aon choinníollacha bheidh luaidhte sa cheadúnas no san údarás; agus

[EN]

(c) chun rialála do dhéanamh maidir le dochtúirí leighis cláruithe do thabhairt amach oideas ina mbeidh aon druga den tsórt san agus maidir le hullamhú aon oideas den tsórt san; agus

[EN]

(d) chun a cheangal ar dhaoine bheidh ag déanamh, ag díol no ag roinnt aon druga den tsórt san na leabhair sin do choimeád agus an t-eolas san do thabhairt uatha, i scríbhinn no ar shlí eile, a hordófar leis na rialacháin sin.

[EN]

(2) Beidh socrú sna rialacháin fén alt so chun a údarú d'aon cheimiceoir cóguisíochta, ceimiceoir agus drugaire, no drugaire cláruithe ag á mbeidh do réir dlí siopa ar oscailt chun nimheanna do dhíol—

[EN]

(a) aon ullamhóid, meascán no úscradh d'aon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do dhéanamh sa tsiopa i ngnáth-chúrsa a ghnótha mhion-díola, no

[EN]

(b) aon druga den tsórt san do dhíol ina mhion-choda, d'ullamhú no do chumasc sa tsiopa,

[EN]

fé réir comhachta an Aire chun an údaráis do tharrac siar i gcás duine ciontófar i gcionta fén Acht so.

[EN]

(3) Ní tuigfear éinní bheidh in aon rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so d'údarú do dhuine ar bith siopa do choimeád ar oscailt chun nimheanna do dhíol ina mion-choda agus gan é i dteideal san do dhéanamh fén Pharmacy Act (Ireland), 1875, mar atá san leasuithe leis an Pharmacy Act (Ireland), 1875, Amendment Act, 1890, ná d'údarú do cheimiceoir agus drugaire no do dhrugaire chláruithe aon oideas leighis do chumasc.

[EN]

(4) Chun críche an ailt seo féadfaidh an tAire ceadúnaisí agus údaráis do dheonadh i gcóir pé tréimhsí, agus ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha, is dóich leis is ceart.

[EN]

(5) Íocfar leis an Aire ar gach ceadúnas fén alt so do dheonadh pé táille dhéanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a cheapadh.

[EN]

(6) Gach éinne—

[EN]

(a) a sháróidh aon rialachán, no go dteipfidh air déanamh do réir aon rialacháin, a bheidh déanta fén alt so; no

[EN]

(b) a sháróidh coinníollacha, no go dteipfidh air déanamh do réir coinníollacha, aon cheadúnais no údaráis a bheidh deonta fén alt so no dá réir;

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

CUID V.

Meithilmuirfin agus Eithealmuirfin.

[EN]

Druganna le n-a mbaineann Cuid V.

21.—Baineann an Chuid seo den Acht so leis na druganna so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) meithilmuirfín (ar a dtugtar cóidéin de ghnáth) agus a chuid salann san;

[EN]

(b) eithealmuirfín (ar a dtugtar díonín de ghnáth) agus a chuid salann san.

[EN]

Cuid IV do chur i mbaint le druganna le n-a mbaineann Cuid V.

22.—(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go mbainfidh Cuid IV den Acht so, agus pé atharuithe déanta uirthi luadhfar san ordú san, le haon druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san maidir le druga le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, bainfidh an Chuid sin IV, agus pé atharuithe déanta uirthi luadhfar san ordú san, leis an druga san, ach san fé réir forálacha aon orduithe bheidh déanta fé fho-alt (2) den alt so ag leasú an orduithe sin a céad-luaidhtear.

[EN]

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú do rinneadh roimhe sin fé fho-alt (1) den alt so no fén bhfo-alt so.

CUID VI.

Tairgthe d'Alculaoidi Fenantreine de Chodlaidin agus d'Alculaoidi Ecgoinin den Duilleoig Choca.

[EN]

Táirgthe le n-a mbaineann Cuid VI.

23.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo baineann an Chuid seo den Acht so leis na táirgthe seo leanas, sé sin le rá, aon táirgeadh gheibhtear as aon cheann de sna halculaoidí fenantréine de chodlaidín no as na halculaoidí ecgoinín den duilleoig chóca, agus nách táirgeadh do bhí, an 31adh lá d'Iúl, 1931, á n-úsáid chun crícheanna leighis no eoluíochta.

[EN]

(2) Más deimhin leis an Ard-Chomhairle tráth ar bith, maidir le haon táirgeadh a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, fóntas i gcúrsaí leighis no eoluíochta do bheith ag baint leis an táirgeadh san, féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú fén bhfo-alt so a dhearbhú an táirgeadh san do scur de bheith ina tháirgeadh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus leis sin scuirfidh an táirgeadh san, ón dáta luadhfar san ordú san agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, de bheith ina tháirgeadh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

[EN]

(3) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú do rinneadh roimhe sin fé fho-alt (2) den alt so.

[EN]

Toirmeasc ar tháirgthe le n-a mbaineann Cuid VI do dhéanamh, etc.

24.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith i Saorstát Éireann trádáil do dhéanamh in aon táirgeadh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ná aon táirgeadh den tsórt san do dhéanamh chun crícheanna trádála.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith aon ghníomh is sárú ar an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

[EN]

Cuid IV do chur i mbaint le táirgthe le n-a mbaineann Cuid VI.

25.—(1) Má chítear don Ard-Chomhairle go ndearna Ard-Rúnaí Chumainn na Náisiún breith, maidir le haon táirgeadh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, do chur in úil, do réir Airtiogail 11 de Chonvensiún Ghenéva, 1931, do sna páirtithe sa Chonvensiún san, féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go mbainfidh forálacha Coda IV den Acht so, agus pé atharuithe déanta ortha luadhfar san ordú san, leis an táirgeadh san fé is dá mba dhruga le n-a mbaineann an Chuid sin IV an táirgeadh san, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san maidir le táirgeadh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, bainfidh an Chuid sin IV, agus pé atharuithe déanta uirthi luadhfar san ordú san, leis an táirgeadh san dá réir sin, ach san fé réir forálacha aon orduithe bheidh déanta fé fho-alt (2) den alt so ag leasú an orduithe sin a céad-luaidhtear.

[EN]

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú do rinneadh fé fho-alt (1) den alt so.

CUID VII.

Ciontai Ilghneitheacha.

[EN]

Cabhair no congnamh chun cionta do dhéanamh lasmuich de Shaorstát Éireann.

26.—Gach duine dhéanfaidh, i Saorstát Éireann, cabhair no congnamh no comhairle do thabhairt uaidh chun cionta ar bith do dhéanamh no a thabhairt chun críche cionta ar bith do dhéanamh, in aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann, is ionphionósuithe fé aon dlí chó-réire bheidh i bhfeidhm san áit sin, no dhéanfaidh i Saorstát Éireann gníomh ar bith chun ullamhuithe i gcóir aon ghnímh no chun aon ghnímh do chur ar aghaidh a bheadh, dá mba i Saorstát Éireann a déanfaí é, ina chionta fén Acht so, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

[EN]

Ráitisí bréagacha d'fhonn cead, ceadúnas, etc., d'fháil.

27.—Gach duine dhéanfaidh, d'fhonn go ndéanfaí aon chead, ceadúnas no údarás fén Acht so do thabhairt amach, do dheonadh no d'athnuachaint do féin no d'éinne eile, aon dearbhú no ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, no a dhéanfaidh go feasach aon dearbhú no ráiteas den tsórt san no aon scríbhinn ina mbeidh an céanna do thairiscint, do thabhairt i láthair no d'úsáid beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

[EN]

Iarrachtaí ar chiontaí do dhéanamh.

28.—Beidh gach duine thabharfaidh fé chionta fén Acht so do dhéanamh no shírfidh ar dhuine eile cionta den tsórt san do dhéanamh no ghríosóidh duine eile chun cionta den tsórt san do dhéanamh, beidh sé, agus san gan dochar d'aon fhreagarthacht eile, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air, no príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná sé mhí, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus déanfar i ngach cás, ar an duine sin do chiontú, na hearraí uile gur ina dtaobh do rinneadh an cionta san do gheallbhruideadh, agus féadfaidh an chúirt gur os a cóir do ciontuíodh an ciontach a ordú na hearraí geallbhruidthe do dhíthiú no do chur de láimh ar shlí eile fé mar is oiriúnach leis an gcúirt.

[EN]

Freagarthacht stiúrthóirí agus oifigeacha cuideachtan.

29.—Más cuideachta an duine ciontófar i gcionta fén Acht so, beidh cathaoirleach na cuideachtan san agus gach stiúrthóir uirthi, agus fós gach oifigeach go mbeidh baint aige le bainistí na cuideachtan san, ciontach i gcionta den tsaghas chéanna mara gcruthuighe sé gur i ngan fhios do no gan toiliú uaidh do thárla an gníomh gurbh é an cionta é

CUID VIII.

Iniuchadh, Cuardach agus Gabhail.

[EN]

Comhachta chun iniúchadh do dhéanamh.

30.—(1) Beidh ball ar bith den Ghárda Síochána nách ísle céim ná sáirsint no cigire ar bith i dteideal dul isteach in áitreabh aon duine bhíonn ag táirgeadh, ag déanamh, ag díol, no ag roinnt aon tsubstainte le n-a mbaineann Cuid II den Acht so, no aon druga le n-a mbaineann Cuid III, Cuid IV no Cuid V den Acht so no aon táirgthe le n-a mbaineann Cuid VI den Acht so, agus a éileamh ar an duine sin go dtabharfaí aon leabhair no scríbhinní i láthair a bhíonn á gcoimeád san áitreabh san agus a bhaineann le deighleála in aon tsubstaint, druga no táirgeadh den tsórt san agus an céanna d'iniúchadh, agus fós aon stuic den tsubstaint, den druga no den táirgeadh san d'iniúchadh.

[EN]

(2) Má thárlann do dhuine ar bith—

[EN]

(a) ball den Ghárda Síochána no cigire do chosc no do bhac agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an mball no ar an gcigire sin leis an alt so; no

[EN]

(b) go dteipfidh air aon leabhair no stuic den tsórt san roimhráite do thabhairt i láthair no go gceilfidh iad no go dtabharfaidh fé iad do cheilt;

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire leis an alt so.

[EN]

Barántaisí cuardaigh.

31.—(1) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúithche, o scéala fé mhionn o oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná árd-cheannphort, go bhfuil cúis réasúnta le hamhrus i dtaobh aon tsubstainte le n-a mbaineann Cuid II den Acht so no aon druga le n-a mbaineann Cuid III, Cuid IV no Cuid V den Acht so no aon táirgthe le n-a mbaineann Cuid VI den Acht so do bheith, contrárdha don Acht so no d'aon rialacháin ar n-a ndéanamh fé, ar seilbh no fé chúram éinne in áitreabh ar bith, no le hamhrus i dtaobh aon scríbhinne bhaineann no ghabhann go díreach no go nea-dhíreach le haon eadar-ghnó no deighleáil do bhí, no le haon eadar-ghnó beartuithe no deighleáil bheartuithe do bheadh dá ndeintí é, ina chionta fén Acht so, no, i gcás eadarghnótha no deighleála rinneadh no atá beartuithe do dhéanamh in áit ar bith lasmuich de Shaorstát Éireann, ina chionta in aghaidh forálacha aon dlí chó-réire san áit sin, i dtaobh na scríbhinne sin do bheith ar seilbh no fé chúram éinne in áitreabh ar bith, féadfaidh an Breitheamh san an barántas cuardaigh sin a luaidhtear san alt so do thabhairt amach don oifigeach san.

[EN]

(2) Déarfaidh agus déanfaidh barántas cuardaigh do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche amach fén alt so a údarú d'oifigeach ainmnithe den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort, agus pé baill eile den Ghárda Síochána is dóich leis an oifigeach san is ceart ina theanta, dul isteach agus san le héigean más gá é, aon tráth no tráthanna laistigh de mhí tar éis an bharántais chuardaigh do thabhairt amach, san áitreabh a hainmneofar sa bharántas, agus an t-áitreabh agus aon daoine gheobhfar ann do chuardach, agus fós, má bhíonn cúis réasúnta le hamhrus i dtaobh cionta fén Acht so do bheith déanta maidir le haon tsubstaint, druga no táirgeadh a gheobhfar san áitreabh no ar seilbh aon daoine den tsórt san, no le hamhrus i dtaobh aon scríbhinne gheobhfar amhlaidh do bheith ina scríbhinn den tsaghas a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, an tsubstaint, an druga, an táirgeadh no an scríbhinn sin, do réir mar bheidh, do ghabháil agus do choinneáil.

[EN]

Comhachta gabhála.

32.—Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána duine ar bith do rinne cionta fén Acht so, no do thug fé san do dhéanamh, no go bhfuil cúis réasúnta ag an mball san le hamhrus i dtaobh é do dhéanamh cionta fén Acht so no i dtaobh é do thabhairt fé sin, féadfaidh an duine sin do ghabháil gan barántas, i gcás cúise réasúnta do bheith ag an mball san chun a chreidiúint go n-éalóidh an duine sin mara ndeintear é do ghabháil, no i gcás gan ainm agus seoladh an duine sin do bheith ar eolas aige agus nách féidir do iad d'fháil amach.

CUID IX.

Pionoisi mar gheall ar Chiontai, agus Imeachta Dli.

[EN]

Pionóisí mar gheall ar chiontaí.

33.—Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén Acht so dlighfear—

[EN]

(a) ar a chiontú ann ar slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air, no príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná sé mhí, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile; no

[EN]

(b) ar a chiontú ann ar díotáil, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt do chur air, no pian-tseirbhís ar feadh tréimhse nách sia ná cúig bliana, no an fhíneáil sin agus an phian-tseirbhís sin le chéile;

[EN]

agus déanfar i ngach cás, ar an duine sin do chiontú sa chionta, na hearraí uile gur ina dtaobh do rinneadh an cionta do gheallbhruideadh, agus féadfaidh an chúirt gur os a cóir do ciontuíodh an ciontach a ordú na hearraí geallbhruidthe do dhíthiú no do chur de láimh ar shlí eile fé mar is oiriúnach leis an gcúirt.

[EN]

An té ar a mbeidh cúrsa do chruthú.

34.—Ní gá, in imeachta ar bith mar gheall ar chionta fén Acht so, aon chead, ceadúnas, údarás, ná cúrsa eile eisceachta no cosanta do chur ar neamh-ní le fianaise agus isé duine ar a mbeidh an cúrsa san do chruthú ná an duine bheidh ad' iarraidh buntáiste do bhaint as.

[EN]

Teoranta ama maidir le himeachta sa tslí achmair.

35.—(1) Féadfar imeachta sa tslí achmair, alos cionta fén Acht so, do bhunú laistigh de shé mhí o am an chionta do dhéanamh no laistigh de thrí mhí ón dáta ar ar thárla fianaise chun neartuithe leis an gcúiseamh do theacht fé bhráid an Phríomh-Atúrnae.

[EN]

(2) Beidh deimhniú fé láimh an Phríomh-Atúrnae, i dtaobh an dáta ar ar thárla fianaise chun neartuithe le cúiseamh i gcionta fén Acht so do theacht fé n-a bhráid, beidh san, chun crícheanna an ailt seo, ina chruthú ná beidh dul thairis.