Uimhir 12 de 1946.
AN tACHT TALÚN, 1946.
[An tiontó oifigiúil.]
An dáta feidhme.
1.—San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith.
E bheith d'oblagáid ar dháilithe gabháltas agus mír talún comhnaí orthu.
2.—I gcás—
(a) gabháltas nó mír talún a dháiliú ar cheannaitheoir, ach gan é a dhílsiú ann, roimh an dáta feidhme, nó
gabháltas nó mír talún a dháiliú ar cheannaitheoir ar an dáta feidhme nó dá éis, agus
(b) teach comhnaithe (arna thógáil roimh an gabháltas nó an mhír a dháiliú nó dá éis sin nó arna thógáil i bpáirt roimhe sin agus i bpáirt dá éis sin) a bheith ag gabháil leis an ngabháltas nó an mír,
beidh éifeacht ag na forála seo leanas—
(i) féadfaidh Coimisiún na Talún, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leo, ordachán a thabhairt don cheannaitheoir comhnaí go leanúnach chun a sástachta sa tigh comhnaithe, amhail ar pé dáta agus ó pé dáta (nach luaithe ná trí mhí i ndiaidh dáta an ordacháin) is oiriúnach le Coimisiún na Talún agus a shonróid san ordachán go dtí go ndílseofar an gabháltas nó an mhír ann;
(ii) féadfaidh Coimisiún na Talún tráth ar bith aon ordachán a bheas tugtha don cheannaitheoir faoin alt seo a chúlghairm;
(iii) má bhíonn ordachán a tugadh don cheannaitheoir faoin alt seo i bhfeidhm agus má thugann Coimisiún na Talún ordachán eile don cheannaitheoir faoin alt seo, ansin, beidh an t-ordachán céadluaite arna chúlghairm de bhuaidh na míre seo;
(iv) má fhaillíonn an ceannaitheoir aon ordachán áirithe a chomhlíonadh a bheas tugtha dhó faoin alt seo agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, féadfaidh Coimisiún na Talún, más oiriúnach leo, seilbh a éileamh agus a aisghabháil ar an ngabháltas nó an mhír ar a mbeidh an teach comhnaithe agus ar aon ghabháltas nó mir eile a dáilíodh ar an gceannaitheoir i dteannta, nó chun méaduithe, an ghabháltais nó na míre céadluaite, agus sin saor agus glan ó aon fhoréileamh ag an gceannaitheoir;
(v) beidh deimhniú faoi chomhshéala Choimisiún na Talún á dheimhniú gur tugadh ordachán faoin alt seo don cheannaitheoir, nár cúlghairmeadh an t-ordachán agus nár chomhlíon an ceannaitheoir an t-ordachán ina fhianaise dho-chlaoite chun gach críche ar na fíorais a bheas deimhnithe amhlaidh.
Léiriú coinníoll i gcoinne fo-ligin, etc.
3.—Más rud é—
(a) go mbeidh i gcomhaontú nó gealltanas chun gabháltas nó mír talún a cheannach ó Choimisiún na Talún, arna dhéanamh roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis, coinníoll trína mbeidh aontaithe ag an gceannaitheoir gan an gabháltas nó an mhír talún ná aon chuid de a fho-ligean ná a scaoileadh as a sheilbh go dtí go mbeidh an gabháltas nó an mhír dílsithe ann, agus
(b) go ndéanfaidh an ceannaitheoir, ar an dáta feidhme nó dá éis agus sar a mbeidh an gabháltas nó an mhír dílsithe ann, an gabháltas nó an mhír nó aon chuid den chéanna a ligean ar conacra nó chun críche inghealtais nó chun féarachta nó móinéarachta sealadaí,
is sárú ar an gcoinníoll sin an ligean a dhéanamh.
Fianaise ar shárú coinníll maidir le gabháltas nó mír a oibriú.
4.—Más rud é go mbeidh i gcomhaontú nó gealltanas chun gabháltas nó mír talún a cheannach ó Choimisiún na Talún, arna dhéanamh roimh an dáta feidhme nó air nó dá éis, coinníoll trína mbeidh aontaithe ag an gceannaitheoir an gabháltas nó an mhír a oibriú do réir modhanna cearta feirmeoireachta chun sástachta Choimisiún na Talún, beidh deimhniú faoi chomhshéala Choimisiún na Talún á dheimhniú nár oibrigh an ceannaitheoir an gabháltas nó an mhír amhlaidh ina fhianaise prima facie chun gach críche ar an bhfíoras a bheas deimhnithe amhlaidh.
Leas i mír de thalamh neamhthionóntaithe faoi chomhaontú nó gealltanas chun sin a cheannach.
5.—(1) Má dhéanann nó más tuigthe go ndearna duine comhaontú nó gealltanas chun bithdhílse míre de thalamh neamhthionóntaithe a cheannach ó Choimisiún na Talún agus ná raibh an mhír, ar an dáta gur air a rinneadh nó gur air is tuigthe a rinneadh an comhaontú nó an gealltanas sin, faoi réir forál Coda IV den Registration of Title Act, 1891, ansin, d'ainneoin aon rialach dlí, is tuigthe, chun críocha comharbachta iar mbás, gur áirnéis réalta an leas sa mhír a bheas cruthnaithe tríd an gcomhaontú nó an gealltanas.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le comhaontuithe agus gealltanais, chun míreanna de thalamh neamhthionóntaithe a cheannach, a rinneadh nó is tuigthe a rinneadh, agus le báis a thárla, roimh an Acht seo a rith, amháil mar atá feidhm aige maidir le haon chomhaontuithe agus gealltanais den tsórt sin a bheas nó is tuigthe a bheith arna ndéanamh, agus le báis a thárlós, tar éis an tAcht seo a rith.
(3) Más rud é, roimh an Acht seo a rith, gur thárla i gcás leasa i mír de thalamh neamhthionóntaithe lena mbaineann an t-alt seo gur dheighleáil na daoine, a bheas á shuíomh leas a bheith acu ann, leis an leas sin mar eastát réalta chun críocha comharbachta iar mbás, ansin, ní dhéanfaidh éinní i bhfo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo difir d'aon cheart a fuarthas nó a beartaíodh a bhronnadh de bhrí nó de dhruim gur deighleáladh amhlaidh leis an leas.
Srianta ar dheighleáil le gabháltais agus le míreanna a soláthraíodh chun gabháltais a mhéadú.
6.—(1) I gcás ina mbeidh gabháltas nó mír talún (dá ngairmtear an talamh breise san alt seo) arna sholáthar tráth ar bith, pé acu roimh an Acht Talún, 1939 (Uimh. 26 de 1939), a rith nó dá éis é), do cheannaitheoir chun an gabháltas a mhéadú (dá ngairmtear an gabháltas bunaidh san alt seo) a rinne nó a chomhaontaigh sé féin nó éinne dá réamhtheachtaithe i dteideal a cheannach agus ná beidh an talamh breise arna chomhdhlúthú leis an ngabháltas bunaidh, ní dleathach don cheannaitheoir (pé acu a bheas nó ná beidh an talamh breise agus an gabháltas bunaidh nó ceachtar acu dílsithe ann) an gabháltas bunaidh ná an talamh breise a shannadh, a aistriú, a fho-ligean ná a fho-roinnt gan toiliú Choimisiún na Talún.
(2) Gach sannadh, aistriú, fo-ligean nó fo-roinnt arna dhéanamh contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, beidh sé gan bhrí.
Comharbacht ghabháltas agus míreanna a soláthraíodh chun gabháltais a mhéadú.
7.—I gcás—
(a) ina mbeidh gabháltas nó mír talún (dá ngairmtear an talamh breise san alt seo) arna sholáthar tráth ar bith (pé acu roimh an Acht Talún, 1939, (Uimh. 26 de 1939), a rith nó dá éis é) do cheannaitheoir chun an gabháltas a mhéadú (dá ngairmtear an gabháltas bunaidh san alt seo) a rinne nó a chomhaontaigh sé féin nó éinne dá réamhtheachtaithe i dteideal a cheannach, agus
(b) ná beidh an talamh breise arna chomhdhlúthú leis an ngabháltas bunaidh, agus
(c) ina dtárlódh, mura mbeadh an t-alt seo, go dtuitfeadh an gabháltas bunaidh agus an talamh breise, ar aon bhás ar an dáta feidhme nó dá éis agus roimh an gcomhdhlúthú sin, chun daoine difriúla,
ansin, de bhuaidh an ailt seo, tuitfidh an talamh breise, ar an mbás sin, chun an duine chun a dtuitfidh an gabháltas bunaidh agus sin chun an eastáit nó an leasa chéanna agus faoi réir na n-eire, na muirear agus na gcothromas céanna, agus fós, i gcás gan an talamh breise a bheith, ar an mbás sin, dílsithe sa cheannaitheoir, faoi réir forál an ghealltanais nó an chomhaontuithe cheannaigh maidir leis an talamh breise.
Athghairm.
8.—Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.
Gearr-theideal, léiriú agus luadh.
9.—(1) Féadfar an tAcht Talún, 1946, a ghairm den Acht seo.
(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht seo agus na hAchta Talamh-Cheannaigh agus féadfar é a luadh leis na hAchta sin.
AN SCEIDEAL.
Achtachan a hAthghairmtear.
Uimhir agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
An tAcht Talún, 1939 | Ailt 19 agus 23 |