Uimhir 26 de 1939.
ACHT TALMHAN, 1939.
Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.
1.—(1) Féadfar an tAcht Talmhan, 1939, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é luadh i dteanta na nAchtanna san.
“An tAire.”
2.—San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte.
Rialacha agus Rialacháin.
3.—(1) An chomhacht chun rialacha do dhéanamh do bheirtear le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 3 den Acht Talmhan, 1933 (Uimh. 38 de 1933), bainfidh le rialacha do dhéanamh, agus beidh infheidhmithe chun rialacha do dhéanamh, chun forálacha an Achta so (seachas na forálacha bhaineann le hairgeadas talamh-cheannaigh) do chur in éifeacht.
(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacha agus rialacháin do dhéanamh chun na bhforálacha den Acht so bhaineann le hairgeadas talamh-cheannaigh do chur in éifeacht, agus féadfaidh leis na rialacha no na rialacháin sin forálacha ar bith i dtaobh airgeadais talamh-cheannaigh atá in aon Acht do ritheadh roimh an Acht so do chur in oiriúint do riachtanaisí an Achta so.
(3) San Acht so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe leis na rialacha no na rialacháin oiriúnacha a húdaruítear leis an alt so.
Costaisí.
4.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, déanfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire agus fós na híocaíochtaí dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan agus na costaisí fé n-a raghaid chun an Achta so do riaradh d'íoc (ach amháin sa mhéid go ndeintear socrú eile go sonnrách ina dtaobh san Acht so) amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Coimisiún na Talmhan do shaoradh o sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930.
5.—I gcás Coimisiún na Talmhan do bheith ina thiarna ar thigh chomhnaithe (pe'ca roimh an Acht so do rith no le n-a linn no dá éis sin é) ní bhainfidh na hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, ná ní tuigthe gur bhaineadar riamh leis an tigh comhnaithe sin tráth ar bith le linn do Choimisiún na Talmhan bheith ina thiarna air.
Airgead a bheidh dlite do Choimisiún na Talmhan no iníoctha leo do bhaint amach.
6.—Airgead a bheidh dlite do Choimisiún na Talmhan no iníoctha leo beidh aige agus, lasmuich d'airgead a bheidh dlite do Choimisiún na Talmhan no iníoctha leo mar chomharbaí do Choimisinéirí na dTemporáltachtaí Eaglaise in Éirinn, is tuigthe go raibh riamh aige na cearta, na príbhléidí, agus na tosaíochta céanna do bheirtear le fo-alt (2) d'alt 38 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924), don airgead le n-a mbaineann an fo-alt san.
Faoiseamh o tháillí áirithe in Iris-Oifig na Talmhan.
7.—(1) Ní bheidh táille ar bith iníoctha ag Coimisiún na Talmhan in Iris-Oifig na Talmhan ar aon chlárú (do rinneadh roimh an Acht so do rith no déanfar dá éis sin) de bhun míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 23 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891.
(2) Ní bheidh táille ar bith iníoctha in Iris-Oifig na Talmhan—
(a) ar iarratas á iarraidh go gclárófaí Coimisiún na Talmhan mar únaer ar aon talamh chláruithe ar n-a fháil ag Coimisiún na Talmhan (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ná
(b) ar iarratas á iarraidh go gclárófaí mar únaer ar aon talamh chláruithe ar n-a fháil amhlaidh ag Coimisiún na Talmhan duine go mbeidh Coimisiún na Talmhan tar éis an tailimh sin d'aistriú chuige no do dhílsiú ann (ar shlí seachas le linn no de dhruim Coimisiún na Talmhan do dhíol an tailimh sin ar cheant phuiblí no tré chonnradh phríobháideach) i gcás dualgas reachtúil do bheith ar Choimisiún na Talmhan a chur fé ndeár an duine sin do chlárú mar únaer ar an talamh san.
Cailliúint mar gheall ar chearta spóirt agus cearta eile d'athdhíol.
8.—I gcás an praghas a bheidh ceaptha chun aon chearta spóirt (ar a n-áirmhítear iascach agus cearta iascaigh), cearta féaraigh, cearta móna, no cearta eile do cheannach do bheith ina phraghas a bhéarfaidh nach féidir na cearta san d'athdhíol gan airgead a chailliúint, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) deimhneoidh Coimisiún na Talmhan i dtosach gach leathbhliana cadé an cion den airgead cheannaigh a sheasann don deifríocht idir méid iomlán na roimh-íocanna do rinneadh chun na gceart san do cheannach agus na praghsanna iomlána bheidh á n-íoc, no go mbeidh có-aontuithe iad d'íoc, de thurus na huaire ag lucht ceannuithe na gceart san o Choimisiún na Talmhan;
(b) déanfar ús agus ciste fiach-laigheaduithe ar an gcion a deimhneofar amhlaidh do réir na rátaí sin fé seach ordóidh an tAire Airgeadais d'íoc, fé réir cheaduithe an Aire sin, le Coimisiún na Talmhan as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Bannaí talmhan 4½% do ghrúpáil chun críche tarraicí.
9.—(1) Féadfar a fhoráil le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Airgeadais fé fho-alt (3) d'alt 1 den Acht Talmhan, 1923, mar a leasuítear san le halt 3 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 (Uimh. 25 de 1925), le halt 3 den Acht Talmhan, 1931, agus le halt 6 den Acht Talmhan, 1936, chun bannaí talmhan 4½ per cent. d'fhuascailt, go bhféadfar, chun críche aon tarraic a déanfar chun na mbannaí talmhan san d'fhuascailt, bannaí talmhan d'ainm-luach deich bpunt do ghrúpáil ina n-aonaid de chéad punt, agus bannaí talmhan d'ainm-luach púint do ghrúpáil ina n-aonaid den tsórt chéanna de chéad punt.
(2) Má foráltar le rialacháin den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so i dtaobh bannaí talmhan do ghrúpáil sa tslí luaidhtear sa bhfo-alt san—
(a) forálfar leis na rialacháin sin go ndéanfar an ghrúpáil sin ar an bhforas gur i sreatheanna de dheich gcinn no de chéad ceann (do réir mar a bheidh) d'uimhreacha leanúnacha a roghnófar na bannaí talmhan chun a ngrúpála, agus
(b) forálfar leis na rialacháin sin, i gcás bannaí talmhan d'ainm-luach deich bpunt, gurb í an uimhir is aoirde bheidh in aon tsreath den tsórt san ná an t-iolrú oiriúnach ar dheich no, mara mbeidh an t-iolrú san ar fáil toisc an banna talmhan ar a raibh sé do bheith tarraicthe chun a fhuascailte roimh dháta na grúpála san, an uimhir is aoirde bheidh ar fáil fé bhun an iolruithe sin, agus
(c) forálfar leis na rialacháin sin sa tslí chéanna, i gcás bannaí talmhan d'ainm-luach púint, gurb í an uimhir is aoirde bheidh in aon tsreath den tsórt san ná an t-iolrú oiriúnach ar chéad no, mara mbeidh an t-iolrú san ar fáil mar gheall ar an gcúis adubhradh, an uimhir is aoirde bheidh ar fáil fé bhun an iolruithe sin, agus
(d) féadfar a údarú leis na rialacháin sin grúpaí is lugha ná deich gcinn no céad ceann (do réir mar a bheidh) de bhannaí talmhan do dhéanamh mar a mbeidh an uimhir iomlán de dheich gcinn no de chéad ceann de bhannaí talmhan a bheidh le grúpáil le chéile ar fáil toisc bannaí talmhan do bheith tarraicthe chun a bhfuascailte roimh dháta na grúpála san.
Bannaí Talmhan a bheidh á gcoinneáil mar éarlais urraíochta.
10.—(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 21 den Acht Talmhan, 1931, agus ina ionad san achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—
(a) na díbhinní ar bhannaí talmhan a bheidh á gcoinneáil de thurus na huaire mar éarlais urraíochta fén alt san 21 agus fé alt 54 den Acht Talmhan, 1933, coinneofar iad i dteanta na mbannaí talmhan san agus beid ar fáil i gcóir na n-íocaíocht is gá do réir dlí (le n-a n-áirmhítear an t-alt so) do dhéanamh asta;
(b) d'ainneoin éinní atá sa mhír sin roimhe seo den fho-alt so, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar dhuine ar bith adeir go bhfuil sé i dteideal na ndíbhinní ar aon bhannaí talmhan a bheidh á gcoinneáil amhlaidh dá iarraidh san air sa tslí orduithe, an t-ordú san do dhéanamh i dtaobh na ndíbhinní sin d'íoc no eile is gá do réir chirt an cháis;
(c) má dheineann an Coimisinéir Breithiúntais ordú fén alt san 21 ag scaoileadh éarlaise urraíochta, scaoilfe sé leis an ordú san na díbhinní bheidh á gcoinneáil de bhun an ailt seo i dteanta na mbannaí talmhan a bheidh san éarlais urraíochta san.
(2) I gcás bannaí talmhan iomarcacha do réir bhrí ailt 11 den Acht Talmhan, 1936, do bheith tugtha amach alos estáit agus na cistí do lóisteáladh chun creidiúna an estáit sin do bheith dáilithe (pe'ca ar fad no go leathrannach é) agus éarlais urraíochta do bheith coinnithe fé alt 21 den Acht Talmhan, 1931, ar n-a leasú le halt 54 den Acht Talmhan, 1933, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas d'ainneoin éinní atá san alt san 21 no in aon achtachán eile, sé sin le rá:—
(a) má bhíonn méid na mbannaí talmhan a bheidh san éarlais urraíochta san níos mó ná méid na mbannaí talmhan iomarcacha bheidh tugtha amach amhlaidh, déanfaidh Coimisiún na Talmhan méid de bhannaí talmhan is cómhéid le méid na mbannaí talmhan iomarcacha bheidh tugtha amach amhlaidh d'aistriú ón éarlais urraíochta san chun an chuntais choigeartuithe luaidhtear san alt san 11 den Acht Talmhan, 1936;
(b) má bhíonn méid na mbannaí talmhan a bheidh san éarlais urraíochta san ar có-mhéid le méid na mbannaí talmhan iomarcacha bheidh tugtha amach amhlaidh no níos lugha ná é, déanfaidh Coimisiún na Talmhan na bannaí talmhan uile bheidh san éarlais urraíochta san d'aistriú chun an chuntais choigeartuithe sin agus déanfaidh an díoltóir no an duine eile bheidh freagarthach ainm-luach méide de bhannaí talmhan is có-mhéid leis an deifríocht (más ann di) a bheidh idir méid na mbannaí talmhan iomarcacha bheidh tugtha amach amhlaidh agus méid na mbannaí talmhan a haistreofar amhlaidh d'íoc in airgead le Coimisiún na Talmhan;
(c) beidh feidhm agus éifeacht ag míreanna (b), (c), (d) agus (e) d'fho-alt (2) d'alt 11 den Acht Talmhan, 1936, maidir le bannaí talmhan a haistreofar chun an chuntais choigeartuithe sin fén bhfo-alt so fé mar atá feidhm agus éifeacht acu maidir le bannaí talmhan ar n-a n-aistriú chun an chuntais choigeartuithe sin fén alt san 11;
(d) má thárlann, i gcás bannaí talmhan d'aistriú fén alt so o éarlais urraíochta chun an chuntais choigeartuithe sin, go mbeidh an t-airgead a bheidh san éarlais urraíochta san níos mó ná an t-ús a bheidh fásta, ar na bannaí talmhan a haistreofar amhlaidh, o dháta a dtabhartha amach go dtí an lá deiridh chun díbhinní d'íoc ortha roimh an aistriú san, déanfaidh Coimisiún na Talmhan oiread den airgead san agus is có-mhéid leis an ús san d'aistriú chun an chuntais choigeartuithe sin, ach, má bhíonn an t-airgead a bheidh san éarlais urraíochta san ar có-mhéid leis an ús san no níos lugha ná é, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) aistreoidh Coimisiún na Talmhan iomlán an airgid sin chun an chuntais choigeartuithe sin, agus
(ii) déanfar suas iarmhéid (más ann dó) an úis sin tré gach ceann no tré leor-mhéid de sna bannaí talmhan (más ann dóibh) a bheidh san éarlais urraíochta san agus nach gá d'aistriú chun an chuntais choigcartuithe sin fé sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so do dhíol agus tré shochar glan an díola san d'aistriú chun an chuntais choigeartuithe sin, agus
(iii) aon chuid den ús san a bheidh gan glanadh íocfaidh an díoltóir é no an duine eile bheidh tar éis na ndíbhinní d'fháil ar na bannaí talmhan a haistreofar fén bhfo-alt so ón éarlais urraíochta san.
(3) I gcás bannaí talmhan iomarcacha do réir bhrí ailt 11 den Acht Talmhan, 1936, do bheith tugtha amach alos estáit agus na cistí do lóisteáladh chun creidiúna an estáit sin do bheith dáilithe (pe'ca ar fad no go leathrannach é) agus gan aon éarlais urraíochta do bheith coinnithe fé alt 21 den Acht Talmhan, 1931, ar n-a leasú le halt 54 den Acht Talmhan, 1933, no an éarlais urraíochta do coinníodh amhlaidh do bheith ídithe, déanfaidh an díoltóir no an duine eile bheidh freagarthach ainm-mhéid na mbannaí talmhan iomarcacha san d'íoc in airgead le Coimisiún na Talmhan.
(4) I gcás inar gá don díoltóir no don duine eile do réir an ailt seo ainm-luach no ainm-mhéid aon bhannaí talmhan d'íoc in airgead le Coimisiún na Talmhan, íocfaidh an díoltóir no an duine eile sin, i dteanta an airgid sin, le Coimisiún na Talmhan, in airgead, suim is có-mhéid leis an ús ar na bannaí talmhan san o dháta a dtabhartha amach go dtí dáta an airgid sin d'íoc isteach i gciste na mbannaí talmhan de bhun an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so.
(5) Airgead is iníoctha le Coimisiún na Talmhan fé mhír (b) d'fho-alt (2) no fé fho-alt (3) no fé fho-alt (4) den alt so (gan an méid sin den airgead san d'áireamh a sheasóidh d'ús ar bhannaí talmhan o dháta a dtabhartha amach go dtí an lá deiridh chun díbhinní ortha d'íoc) íocfar é isteach i gciste na mbannaí talmhan agus cuirfear de láimh é fé is dá mba airgead é d'íocfadh tionóntacheannuitheoir chun blianachta ceannaigh d'fhuascailt dob iníoctha alos roimh-íoca ar n-a dhéanamh tré bhannaí talmhan do thabhairt amach, agus leis sin déanfaidh Coimisiún na Talmhan an roimh-íoc agus an rann-íoc ón Stát a bheidh ag freagairt do sna bannaí talmhan gur ina dtaobh a bhí an t-airgead san iníoctha amhlaidh le Coimisiún na Talmhan do scriosadh amach agus do chealú.
(6) I dteanta na bhforálacha luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 38 den Acht Talmhan, 1933, bainfidh forálacha ailt 11 den Acht Talmhan, 1936, agus an ailt seo le hordú ar n-a dhéanamh fén alt san 38.
Alt 36 den Acht Talmhan, 1931, do leasú.
11.—Na tagairtí atá i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 36 den Acht Talmhan, 1931, d'ús do réir ceathair go leith per cent. per annum léireofar iad agus beidh éifeacht acu, agus is tuigthe go raibh éifeacht riamh acu, mar thagairtí don ráta per cent. per annum gur dá réir a bheidh na díbhinní, ar na bannaí talmhan a bheidh aistrithe chun creidiúna an estáit le n-a mbainfid, iníoctha.
Achtacháin a bhaineann leis an gciste costaisí do leasú.
12.—D'ainneoin éinní atá in alt 5 den Acht Talmhan, 1923, in alt 7 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1933 (Uimh. 33 de 1933), no in alt 8 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 (Uimh. 11 de 1934), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) ús a thiocfaidh o bhannaí talmhan a bheidh in aon cheann de sna cistí costaisí a bheidh bunuithe fé alt 5 den Acht Talmhan, 1923, no fén alt san ar n-a chur i mbaint tré alt 7 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1933, no tré alt 8 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934, agus fós airgead a bheidh íoctha isteach in aon chiste den tsórt san chun bannaí talmhan d'fhuascailt, féadfar o am go ham, sa mhéid ná beidh an céanna ag teastáil chun íocaíochtaí do dhéanamh in airgead fén alt so, é do shuncáil in aon bhannaí talmhan ar bith is cuma cad is sreath dhóibh;
(b) pé uair a bheidh suim iníoctha le díoltóir fé fho-alt (2) d'alt 5 den Acht Talmhan, 1923, no fén bhfo-alt san ar n-a chur i mbaint tré alt 7 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1933, no tré alt 8 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, más ceart san dar leis, a ordú go ndéanfar (fé mar a luadhfaidh an Coimisinéir Breithiúntais san ordú san) an tsuim sin ar fad no cuid áirithe dhi d'íoc in airgead, agus ar an ordú san do thabhairt amhlaidh, déanfar (fé mar is gá do réir an orduithe sin) an tsuim sin ar fad no an chuid áirithe sin di d'íoc in airgead agus, sa chás deiridh sin, íocfar an chuid eile den tsuim sin fé is dá mba ná hachtófaí an t-alt so;
(c) pé uair a bhéarfaidh an Coimisinéir Breithiúntais ordú den tsórt san adubhradh uaidh déanfaidh freisin, d'fhonn an airgid chun na híocaíochta de bhun an orduithe sin do sholáthar, a ordú go ndéanfar leor-mhéid de bhannaí talmhan i gciste costaisí áirithe (pe'ca an ciste costaisí é as a ndéanfaí íocaíocht i mbannaí talmhan dá mba ná hachtófaí an t-alt so no aon chiste costaisí eile) do dhíol chuige sin;
(d) má orduíonn an Coimisinéir Breithiúntais, fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so, bannaí talmhan do dhíol agus ná beidh leor-mhéid de bhannaí talmhan in aon chiste costaisí áirithe, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais a ordú an méid bannaí talmhan a bheidh ag teastáil do dhéanamh suas as dhá cheann no níos mó de chistí costaisí áirithe;
(e) má thárlann tráth ar bith, pe'ca mar gheall ar airgead ceannaigh do laigheadú no eile é, go mbeidh an méid iomlán de sna bannaí talmhan d'aon tsreath áirithe bheidh tugtha amach don chiste costaisí bheidh bunuithe maidir leis an sreath san de bhannaí talmhan níos mó ná dó per cent. ar iomlán an airgid cheannaigh ghlain a bheidh roimh-íoctha tré bhannaí talmhan den tsreath san do thabhairt amach, déanfar bannaí talmhan de mhéid na breise sin do thógaint amach as an gciste costaisí sin no as ciste costaisí éigin eile agus iad do chealú no do chur de láimh i slí eile ar an gcuma san a ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham;
(f) má tógtar bannaí talmhan amach as ciste costaisí de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfar ús ar bith ar na bannaí talmhan san a bheidh íoctha isteach sa chiste costaisí sin do chur de láimh sa tslí sin a ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham.
Iocaíochtaí do dhéanamh le Coimisiún na Talmhan le linn dáilithe má bhíonn moill ann maidir le seilbh d'fháil.
13.—(1) Pé uair (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) a bheidh an t-airgead ceannaigh ar thailte, ar chearta spóirt (ar a n-áirmhítear iascach agus cearta iascaireachta), ar chearta féaraigh, ar chearta móna, no ar chearta eile, bheidh ath-shealbhuithe no ceannuithe no tógtha ag Coimisiún na Talmhan, no an cúiteamh i dtionóntachtaí no in éasáidí no i gcearta, bheidh curtha ar neamhní ag Coimisiún na Talmhan, lóisteálta chun creidiúna don chúrsa le n-a mbainfidh roimh Choimisiún na Talmhan d'fháil seilbhe no úsáide an tailimh, na tionóntachta, na héasáide, no an chirt gur ina thaobh a bheidh an t-airgead ceannaigh no an cúiteamh san lóisteálta amhlaidh, beidh teideal ag Coimisiún na Talmhan, le linn an airgid cheannaigh no an chúitimh sin do bheith á dháiliú, chun íocaíochta d'fháil, as na bannaí talmhan a bheidh ag seasamh don airgead ceannaigh no don chúiteamh san agus as an ús a bheidh i gcreidiúint ar na bannaí talmhan san, sna suimeanna airgid seo leanas, sé sin le rá:—
(a) na suimeanna uile do híocadh no is iníoctha ag Coimisiún na Talmhan isteach i gciste na mbannaí talmhan alos na mbannaí talmhan san i rith no in aghaidh na tréimhse o am na mbannaí talmhan san do thabhairt amach go dtí dáta Coimisiún na Talmhan d'fháil seilbhe no úsáide an tailimh, na tionóntachta, na héasáide, no an chirt;
(b) na suimeanna uile bheidh íoctha ag Coimisiún na Talmhan roimh an dáiliú san do dhéanamh no go mbeidh Coimisiún na Talmhan, le linn an dáilithe sin, no go dtiocfaid chun bheith, ina dhiaidh sin, freagarthach ina n-íoc ar scór rátaí alos an tailimh, na tionóntachta, na héasáide, no an chirt sin in aghaidh na tréimhse o dháta an airgid cheannaigh no an chúitimh sin do lóisteáil amhlaidh go dtí dáta Coimisiún na Talmhan d'fháil seilbhe no úsáide an tailimh, na tionóntachta, na héasáide no an chirt sin, agus is tuigthe chuige seo na rátaí sin d'fhás o ló go ló, agus
(c) na costaisí agus na caiteachaisí uile fé n-a ndeachaidh no fé n-a rachaidh Coimisiún na Talmhan chun seilbh no úsáid an tailimh, na tionóntachta, na héasáide, no an chirt sin d'fháil (pe'ca roimh dháta na lóisteála san no dá éis sin é).
(2) Na suimeanna airgid uile is iníoctha le Coimisiún na Talmhan fén alt so le linn airgead ceannaigh no cúiteamh do bheith á dháiliú beid iníoctha amhlaidh roimh gach íocaíocht eile ach amháin—
(a) íocaíochtaí is iníoctha fé alt 18 den Acht Talmhan, 1927, le húdarás áitiúil ar scór riaráiste rátaí alos an tailimh, na tionóntachta, na héasáide, no an chirt le n-a mbainfidh an t-airgead ceannaigh no an cúiteamh san, agus
(b) suimeanna is iníoctha alos blianachta ceannaigh is muirear ar an talamh, ar an tionónacht, ar an éasáid, no ar an gceart san d'fhuascailt.
Quorum Coimisinéirí Talmhan.
14.—(1) Ní bheidh aon rud do rinne Coimisiún na Talmhan no duine amháin no níos mó de sna Coimisinéirí Talmhan roimh an Acht so do rith, pe'ca i bhfeidhmiú comhachta reachtúla no i gcólíonadh dualgais reachtúil no ar shlí ar bith eile é, ionchonspóidthe tré agóid, athchomharc no eile ar an scór gan na Coimisinéirí Talmhan go léir no leor-uimhir de Choimisinéirí Talmhan do dhéanamh an ruda san no do ghabháil páirte ina dhéanamh no d'aontú le n-a dhéanamh.
(2) Fé réir an tsrianta forchuirtear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, beidh ar na comhachta bheirtear don Aire le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 6 den Acht Talmhan, 1933, comhacht chun a ordú cadé an uimhir de Choimisinéirí Tuaithe gur gá aontú uatha chun aon chomhacht no dualgas den tsórt san a luaidhtear sna fo-ailt sin d'fheidhmiú no do chólíonadh no chun aon rud eile do dhéanamh agus, go sonnrách, comhacht chun a ordú go bhféadfaidh Coimisinéir Tuaithe amháin agus é ag gníomhú ina aonar aon chomhacht no dualgas den tsórt san d'fheidhmiú no do chólíonadh no aon rud den tsórt san do dhéanamh.
(3) Na comhachta bheirtear don Aire leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beid fé réir an tsrianta sháruithigh gur gá aontú o bheirt Choimisinéirí Tuaithe ar a laighead chun aon rud do dhéanamh is ní eiscithe chun crícheanna ailt 6 den Acht Talmhan, 1933.
(4) Ní beidh aon fheidhmiú ná cólíonadh déanfar ar chomhacht no dualgas ar bith den tsórt san a luaidhtear i bhfo-alt (2) no i bhfo-alt (3) d'alt 6 den Acht Talmhan, 1933, ná aon rud eile déanfar tar éis an Achta so do rith, ionchonspóidthe tré agóid, athchomharc no eile ar an scór nár aontuigh leor-uimhir de Choimisinéirí Tuaithe leis an bhfeidhmiú no leis an gcólíonadh san no leis an rud san do dhéanamh, más le haontú na huimhreach de Choimisinéirí Tuaithe bheidh orduithe ag an Aire chuige sin fén alt so a feidhmeofar an chomhacht san no cólíonfar an dualgas san no déanfar an rud san no, i gcás san do bheith orduithe go dleathach ag an Aire fén alt so, más aon Choimisinéir Tuaithe amháin agus é ag gníomhú ina aonar a fheidhmeoidh an chomhacht san no chólíonfaidh an dualgas san no dhéanfaidh an rud san.
(5) I gcás breith do thabhairt ag móráireamh de sna Coimisinéirí Talmhan go mbeidh baint acu léi, is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, an mionáireamh easaontach de sna Coimisinéirí Talmhan san d'aontú leis an mbreith sin, agus léireofar an focal “aontú” dá réir sin san alt so.
Ceisteanna dlí eireoidh os cóir na gCoimisinéirí Tuaithe.
15.—Athghairmtear leis seo gach forán ac sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh le n-a mbronntar ceart chun a cheangal ar na Coimisinéirí Tuaithe cás d'aithris i dtaobh ceiste dlí, agus ina ionad san achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—
(a) pé uair eireoidh ceist dlí in aon imeachta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh os cóir na gCoimisinéirí Tuaithe, féadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh an bhreith do bhéarfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ar an gceist sin athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh na breithe sin chun an Bhínse Athchomhaire;
(b) luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe ón mbreith do bhéarfaidh an Bínse Athchomhaire ar athchomhare fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so;
(c) féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, más dóich leo agus pé uair is dóich leo san do bheith ceart, cás d'aithris chun breithe an Choimisinéara Bhreithiúntais d'fháil i dtaobh ceiste dlí ar bith eireoidh in aon imeachta os a gcóir fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh.
Cúiteamh i gcostas iarrataisí, etc., d'íoc.
16.—(1) Athghairmtear leis seo alt 26 den Acht Talmhan, 1936, agus ina ionad san achtuítear leis seo pé uair a dhéanfaidh Coimisinéirí Tuaithe ordú go mbeidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Tuaithe sin, más ceart san dar leo, a ordú go n-íocfaidh Coimisiún na Talmhan le duine áirithe an tsuim sin a dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin, as a gcomhairle féin, a cheapadh chuige sin i bhfuirm chúitimh sa chostas fé n-a ndeachaidh an duine sin maidir leis an iarratas, an agóid, no an imeacht eile gur dá dhruim do rinneadh an t-ordú san.
(2) Gach suim ordóidh Coimisinéirí Tuaithe fén alt so do Choimisiún na Talmhan a íoc le duine ar bith, íocfar í do réir an orduithe sin mar chuid de chostaisí Choimisiún na Talmhan.
Comhacht do sna Coimisinéirí Tuaithe chun costaisí do mholadh.
17.—(1) In aon imeachta éistfidh Coimisinéirí Tuaithe agus ar dtabharfaid breith, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin a ordú go n-íocfaidh páirtí áirithe sna himeachta san costaisí agus caiteachaisí aon pháirtí eile ionta ar n-a dtomhas ag na Coimisinéirí Tuaithe sin no, más ceart san dar leo, ar n-a meas ag máistir measaireachta don Ard-Chúirt, agus féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin freisin, ar an bpáirtí eile sin dá iarraidh sin ortha, ordú do thabhairt amach chun méid (ar n-a thomhas no ar n-a mheas amhlaidh) na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin maraon le costaisí fála an orduithe sin do bhailiú.
(2) Gach ordú dhéanfaidh Coimisinéirí Tuaithe fén alt so feidhmeoidh an fo-shirriam é fé is dá mba ordú feidhmiúcháin é do réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926).
Liostaí de ghabháltaisí dílsithe do leasú.
18.—(1) Má bheartuíonn Coimisiún na Talmhan leasú do dhéanamh i liost de ghabháltaisí dílsithe ar n-a fhoillsiú de bhun ailt 9 den Acht Talmhan, 1931, is leasú leanann as ordú no is gá do réir orduithe o sna Coimisinéirí Tuaithe, ón mBínse Athchomhairc no o Chúirt Bhreithiúnais, féadfaidh Coimisiún na Talmhan an leasú san do dhéanamh gan an fógra do thabhairt is gá do réir fo-ailt (2) d'alt 10 den Acht san.
(2) Má dheineann Coimisiún na Talmhan, fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, liost de ghabháltaisí dílsithe do leasú gan fógra do thabhairt, ansan, aon agóid i gcoinnibh an leasuithe sin a fhéadfaí, mara mbeadh an t-alt so, a dhéanamh fé fho-alt (3) d'alt 10 den Acht Talmhan, 1931, féadfar í dhéanamh i bhfuirm agóide i gcoinnibh an orduithe dhílsiúcháin oiriúnaigh fé alt 12 den Acht san.
E bheith d'oblagáid ar dháilithe gabháltaisí agus paistí talmhan comhnaí ortha i gcásanna áirithe.
19.—Má bhíonn tigh comhnaithe ar ghabháltas no ar phaiste talmhan agus gur dáilíodh an gabháltas no an paiste sin ar cheannuitheoir ach nár dílsíodh ann é roimh an Acht so do rith no go ndáileofar ar cheannuitheoir é tar éis an Achta so do rith, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) beidh sé d'oblagáid ar an gceannuitheoir sin dul chun comhnaithe sa tigh comhnaithe sin fé cheann trí mhí (no fé cheann na tréimhse sin is sia ná san a cheadóidh Coimisiún na Talmhan, más ceart san dar leo) tar éis an dáta ar a n-ordóidh Coimisiún na Talmhan dó san do dhéanamh;
(b) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt sa chéad mhír ina dhiaidh seo den alt so, ní dílseofar an gabháltas no an paiste sin sa cheannuitheoir sin mara dtéighe sé chun comhnaithe sa tigh comhnaithe sin roimh dheireadh an trí mhí sin no na tréimhse sin is sia ná san;
(c) féadfaidh Coimisiún na Talmhan, tráth ar bith roimh dheireadh an trí mhí sin no na tréimhse sin is sia ná san adubhradh, an oblagáid sin a bheidh ar an gceannuitheoir sin chun dul chun comhnaithe sa tigh comhnaithe sin do chur i leataoibh agus féadfaid, tráth ar bith tar éis í chur ar leataoibh, an gabháltas no an paiste sin do dhílsiú sa cheannuitheoir sin d'ainneoin gan é do dhul chun comhnaithe sa tigh comhnaithe sin;
(d) más rud é, i ndeireadh an trí mhí sin no na tréimhse sin is sia ná san adubhradh, ná beidh an oblagáid sin curtha i leataoibh ag Coimisiún na Talmhan agus ná beidh an ceannuitheoir sin tar éis dul chun comhnaithe sa tigh comhnaithe sin, déanfaidh Coimisiún na Talmhan seilbh an ghabháltais no an phaiste sin, agus é saor agus glan o éileamh ar bith ón gceannuitheoir sin, d'éileamh agus do bhaint amach.
Gabháltas no paiste faillitheora do dhíol agus riaráiste glanta dhe.
20.—(1) Athghairmtear leis seo alt 9 den Acht Talmhan, 1936, agus ina ionad san achtuítear leis seo, i gcás Coimisiún na Talmhan d'fháil seilbhe gabháltais no do thógaint paiste talmhan o dháilí mar gheall ar fhaillí in íoc aon airgid no ar choinníoll do bhriseadh no ar aon fhaillí eile agus airgead ar bith do bheith dlite do Choimisiún na Talmhan alos an ghabháltais no an phaiste sin mar gheall ar aon bhlianacht cheannaigh no blianacht eile no aon chíos no ús no íocaíocht eile ar bith, go bhféadfaidh Coimisiún na Talmhan, le toiliú an Aire Airgeadais, an gabháltas san d'ath-dhíol no an paiste sin d'ath-dháiliú agus iomlán an airgid no cuid áirithe den airgead a bheidh dlite amhlaidh glanta den chéanna agus go ndéanfaid, ar an ath-dhíol no ar an ath-dháiliú san do dhéanamh, an t-airgead a bheidh dlite amhlaidh no an chuid de a bheidh glanta den ghabháltas no den phaiste sin amhlaidh do scriosadh amach mar airgead nach féidir a bhaint amach.
(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh díreach tar éis an Achta Talmhan, 1936, do rith agus beidh éifeacht aige agus is tuigthe go raibh éifeacht aige dá réir sin.
Alt 33 den Acht Talmhan, 1936, do leasú.
21.—(1) Má rinneadh no má deintear, i gcás le n-a mbaineann alt 33 den Acht Talmhan, 1936, an có-aontú no an gealltanas ón dáilí go gceannóidh sé an paiste do shighniú (pe'ca roimh an Acht san do rith no dá éis sin é) roimh an paiste do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan, beidh éifeacht ag an alt san 33 fé is dá ndeintí dáta an phaiste do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan do chur san alt san in ionad dáta an chó-aontuithe no an ghealltanais cheannaigh sin.
(2) Beidh éifeacht ag an alt so agus is tuigthe go raibh éifeacht riamh aige amhail ón Acht Talmhan, 1936, do rith.
Deontaisí maidir le heisfhostaithe d'aistriú.
22.—(1) Na comhachta atá ag Coimisiún na Talmhan chun airgead do chaitheamh chun tairbhe tailimh no chun talamh d'fheabhsú a bheidh ceannuithe no go mbeidh có-aontuithe é cheannach fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh bainfid, in aon chás inar ceart san dar le Coimisiún na Talmhan—
(a) leis na suimeanna san is oiriúnach le Coimisiún na Talmhan do dheonadh chun no mar chabhair chun íoctha na gcostaisí alos duine ar bith, go mbeidh a fhostaíocht ar thailte ar bith caillte aige mar gheall ar na tailte sin do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, d'aistriú go dtí paiste talmhan a bheidh dáilithe dhó de dhruim a fhostaíochta do chailliúint amhlaidh, agus
(b) leis na suimeanna san is oiriúnach le Coimisiún na Talmhan do dheonadh chun no mar chabhair chun íoctha na gcostaisí alos aon duine den tsórt san do thabhairt chun paiste talmhan a bheidh beartuithe a dháiliú dhó d'iniúchadh.
(2) Beidh éifeacht ag an alt so agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail ar an 1adh lá d'Eanar, 1937, agus ón lá san amach.
Srianta le gabháltaisí agus paistí, ar n-a soláthar chun méaduithe gabháltaisí, do dhíol, etc.
23.—(1) I gcás gabháltas no paiste talmhan do sholáthar do cheannuitheoir chun an ghabháltais (dá ngairmtear an gabháltas bunaidh san alt so) do cheannuigh sé féin no éinne dá réimhshealbhadóirí i dteideal do mhéadú agus gan an gabháltas no an paiste do soláthruíodh amhlaidh do chódhlúthú leis an ngabháltas bunaidh, ní dleathach don cheannuitheoir sin (pe'ca bheidh an gabháltas no an paiste sin agus an gabháltas bunaidh no ceachtar acu dílsithe ann no ná beidh) an gabháltas bunaidh ná an gabháltas no an paiste do soláthruíodh amhlaidh do dhíol ná d'fho-chur ar cíos ná d'fho-roinnt gan toiliú Choimisiún na Talmhan.
(2) Beidh gach díol, fo-chur ar cíos no fo-roinnt a déanfar ar ghabháltas no ar phaiste talmhan contrárdha don alt so gan bhrí gan éifeacht.
Gabháltaisí páirtíochta d'eadar-roinnt.
24.—(1) Baineann an t-alt so le gach gabháltas—
(a) go mbeidh a iomlán no cuid no coda nea-roinnte dhe ceannuithe fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh no fé réir chó-aontuithe cheannaigh do rinneadh no is tuigthe do rinneadh fé sna hAchtanna san, agus
(b) a bheidh ar seilbh ag beirt daoine no níos mó (dá ngairmtear únaerí páirteacha san alt so) i bpáirtíocht, pe'ca mar chó-thionóntaithe no mar thionóntaithe páirteacha é.
(2) Má dheineann na húnaerí páirteacha uile ar ghabháltas le n-a mbaineann an t-alt so cead d'iarraidh ar Choimisiún na Talmhan chun an ghabháltais sin d'eadar-roinnt agus go gcuirfid scéim le haghaidh na headar-roinnte sin fé bhráid Choimisiún na Talmhan, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más ceart san dar leo, a údarú an gabháltas san d'eadar-roinnt do réir na scéime sin agus féadfaid le hordú an scéim sin do dhaingniú agus an bhlianacht cheannaigh no an íocaíocht bhliantúil eile (más ann di) is iníoctha alos iomlán an ghabháltais sin do chion-roinnt fé mar is gá.
(3) Má dheineann duine amháin no níos mó, ach ní gach duine, de sna húnaerí páirteacha ar ghabháltas le n-a mbaineann an t-alt so a iarraidh ar Choimisiún na Talmhan an gabháltas san d'eadarroinnt go héigeanta, ansan, tar éis dóibh na fógraí orduithe do sheirbheáil agus an fiosrú san do dhéanamh is dóich leo is gá, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más ceart san dar leo, scéim d'ullamhú chun an ghabháltais sin d'eadar-roinnt ar a únaerí páirteacha agus chun na blianachta ceannaigh no na híocaíochta bliantúla eile (más ann di) is iníoctha alos an ghabháltais sin do chion-roinnt.
(4) Má ullamhuíonn Coimisiún na Talmhan scéim fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) seirbheálfaidh Coimisiún na Talmhan ar gach duine de sna húnaerí páirteacha fógra ina mbeidh mion-innste na scéime sin agus ina luadhfar an tslí ina bhféadfar agus an aimsir gur laistigh di féadfar agóidí ina coinnibh do lóisteáil;
(b) mara lóisteáltar aon agóidí i gcoinnibh na scéime sin go cuibhe, déanfaidh Coimisiún na Talmhan, ar bheith caithte don aimsir chun agóidí den tsórt san do lóisteáil, an scéim sin do dhaingniú le hordú;
(c) má lóisteáltar aon agóidí i gcoinnibh na scéime sin go cuibhe, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) na hagóidí sin d'éisteacht agus breith do thabhairt ortha;
(d) luighfidh athchomharc chun an Bhínse Athchomhairc i gcoinnibh gach breithe do bhéarfaidh na Coimisinéirí Tuaithe fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, agus ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar an athchomharc san, ach amháin go luighfidh athchomharc i dtaobh ceisteanna dlí chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh breithe sin an Bhínse Athchomhairc;
(e) nuair a bheidh an bhreith dheiridh tugtha ar gach agóid den tsórt san, déanfaidh Coimisiún na Talmhan pé ní acu so leanas is oiriúnach ag féachaint do sna breitheanna tugadh ar na hagóidí sin, sé sin le rá:—
(i) daingneoid le hordú an scéim sin gan í atharú, no
(ii) déanfaid na hatharuithe sin sa scéim sin is gá do réir na mbreitheanna san agus daingneoid le hordú an scéim sin agus í atharuithe amhlaidh, no
(iii) cealóid an scéim sin.
(5) Oibreoidh ordú o Choimisiún na Talmhan ag daingniú scéime fén alt so chun únaer no tionónta ar leithligh (fé réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha bheidh luaidhte sa scéim sin) ar an gcuid den ghabháltas le n-a mbainfidh an scéim sin a bheidh dáilithe dhó leis an scéim sin do dhéanamh de gach duine fé leith d'únaerí páirteacha an ghabháltais sin agus chun na bliantachta ceannaigh no na híocaíochta bliantúla eile (más ann di) is iníoctha alos iomlán an ghabháltais sin do chion-roinnt sa tslí luadhfar san ordú san no bheidh luaidhte sa scéim sin.
Riaráiste tráthchoda iasachtaí áirithe do thug Bord na gCeanntar gCumhang amach agus na tráthchoda san d'athscrúdú.
25.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisiún na Talmhan chun riaráiste tráthchoda le n-a mbaineann an t-alt so agus do bhí dlite agus gan íoc an 13adh lá de Dheireadh Fómhair, 1933, do bhaint amach, sé sin le rá:—
(a) ní tosnófar aon imeachta den tsórt san tar éis an Achta so do rith;
(b) aon bhreithiúntas no aithne, a ordú aon riaráiste den tsórt san d'íoc, do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-ionfhoirfheidhmithe;
(c) ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon imeacht den tsórt san do tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaid chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith.
(2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith gheobhaidh Coimisiún na Talmhan amach, maidir le gach cás fé leith ina raibh riaráiste tráthchoda le n-a mbaineann an t-alt so dlite agus gan íoc an 13adh lá de Dheireadh Fómhair, 1933, méid an riaráiste do bhí dlite agus gan íoc amhlaidh agus díreach ar san d'fháil amach—
(a) i ngach cás ná beidh méid an riaráiste sin a gheobhfar amach amhlaidh níos mó ná trí oiread méide bliantúil na dtráthchoda san, beidh an riaráiste sin iníoctha na tráthanna san ordóidh Coimisiún na Talmhan le rialacháin, agus
(b) i ngach cás eile, beidh oiread de mhéid an riaráiste sin a gheobhfar amach amhlaidh agus is có-mhéid le trí oiread méide bliantúil na dtráthchoda san iníoctha na tráthanna san ordóidh Coimisiún na Talmhan le rialacháin, agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha.
(3) Na híocaíochtaí uile do fuair Coimisiún na Talmhan tar éis an 13adh lá de Dheireadh Fómhair, 1933, in aghaidh riaráiste do bhí dlite agus gan íoc ar an dáta san alos aon tráthchoda le n-a mbaineann an t-alt so, deighleálfar leo mar íocaíochtaí in aghaidh an mhéide is iníoctha alos riaráiste sin na dtráthchoda san ar n-a fháil amach do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus déanfar na suimeanna uile do fuair Coimisiún na Talmhan amhlaidh in aghaidh an riaráiste sin de bhreis ar an méid is iníoctha mar adubhradh d'aisíoc no do chreidiúnú i gcoinnibh tráthchoda neamhíoctha do tháinig chun bheith dlite ón dáta san.
(4) An méid is iníoctha alos aon tráthchoda le n-a mbaineann an t-alt so, ar n-a theacht chun bheith dlite tar éis an chéad lae ghála sa bhliain 1933 (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é), isé bheidh ann agus, i gcás aon tráthchoda den tsórt san do tháinig chun bheith dlite roimh an Acht so do rith, is tuigthe gurb é bhí ann riamh ná caoga per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráthchoda san.
(5) Féadfar tráthchuid a hathscrúdófar do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so d'fhuascailt i bpáirt no go hiomlán sa tslí chéanna díreach ina bhféadfaí í d'fhuascailt da mba ná hathscrúdófaí í fén alt so, ach amháin go ndéanfar an tsuim is iníoctha as an bhfuascailt sin do laigheadú caoga per cent.
(6) Baineann an t-alt so le tráthchoda in aisíoc iasachtaí do thug Bord na gCeanntar gCumhang a bhí ann tráth amach chun talamh agus na foirgintí (más ann dóibh) air do cheannach.
Fo-alt (1) d'alt 18 den Acht Talmhan, 1933, do leasú.
26.—(1) Má deintear iarratas fé fho-alt (1) d'alt 18 den Acht Talmhan, 1933, tar éis an Achta so do rith agus go ngéillfear don iarratas san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) isé méid an riaráiste (más ann dó) a bheidh le fáil amach ag Coimisiún na Talmhan de bhun an fho-ailt sin ná méid riaráiste na híocaíochta bliantúla oiriúnaighe a bheidh dlite agus gan íoc, ar dháta an orduithe dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan ar an iarratas san, alos gálaí ar n-a dteacht chun bheith dlite an lá gála deiridh roimh an dáta san no roimh an lá gála san, agus
(b) ní bhainfidh an t-athscrúdú déanfar do réir an fho-ailt sin ar an íocaíocht bhliantúil sin ach leis na gálaí uile dhi thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an lae ghála dheiridh roimh dháta an orduithe sin.
(2) Ní chuirfidh éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 18 den Acht Talmhan, 1933, cosc le foirfheidhmiú aon bhreithiúntais no aithne chun riaráiste íocaíochta bliantúla le n-a mbaineann an t-alt san do bhaint amach i gcás an bhreithiúntais no na haithne sin d'fháil roimh ordú do dhéanamh fé fho-alt (1) den alt san alos na híocaíochta bliantúla san.
Fo-alt (8) d'alt 18 den Acht Talmhan, 1933, do leasú.
27.—Athghairmtear leis seo fo-alt (8) d'alt 18 den Acht Talmhan, 1933, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná beidh feidhm ná éifeacht ag Cuid III den Acht san—
(a) maidir le blianacht cheannaigh ná le suim bhreise in aisíoc roimh-íoca ar n-a dhéanamh fé alt 39 den Acht Talmhan, 1923, chun leas uachtarach, is íocaíocht bhliantúil le n-a mbaineann an t-alt san 18, d'fhuascailt, ná
(b) maidir le blianacht cheannaigh, le suim bhliantúil, ná le suim bhreise (le n-a n-áirmhítear cuid de bhlianacht cheannaigh, de shuim bhliantúil, no de shuim bhreise) in aisíoc roimh-íoca ar n-a dhéanamh fé alt 44 den Acht Talmhan, 1931, ar n-a leasú le halt 42 den Acht Talmhan, 1933, le hailt 42 agus 43 den Acht Talmhan, 1936, agus leis an Acht so, chun paiste de thalamh nea-thionóntuithe, bheidh ar seilbh ag á únaer fé chíos síorraíochta le n-a mbaineann an t-alt san 18, do cheannach,
má hathscrúduíodh an leas uachtarach no an cíos síorraíochta san (do réir mar a bheidh) fén alt san 18 no fén alt san ar n-a leasú leis an Acht so roimh an roimh-íoc san do dhéanamh.
Fo-alt (10) d'alt 18 den Acht Talmhan, 1933, do leasú.
28.—(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (10) d'alt 18 den Acht Talmhan, 1933, féadfar a iarraidh ar Choimisiún na Talmhan fé fho-alt (1) den alt san athscrúdú do dhéanamh (ach ní féadfar a iarraidh amhlaidh riaráiste do chistiú)—
(a) maidir le muirear deachmha-chíosa is iníoctha ar thalamh ná raibh, le linn an Achta Talmhan, 1933, adubhradh, do rith, fé bhlianacht cheannaigh ach a bheidh tar éis teacht (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) roimh dháta an iarratais sin chun bheith fé bhlianacht cheannaigh le n-a mbaineann alt 18 den Acht Talmhan, 1933, adubhradh, no
(b) maidir le tráthchoda bliantúla socra in ionad muirir dheachmha-chíosa is iníoctha ar aon talamh den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so.
(2) Má deintear iarratas de bhuadh an ailt seo chun Coimisiún na Talmhan fé alt 18 den Acht Talmhan, 1933, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha uile den alt san ar n-a leasú leis an Acht so (ach amháin sa mhéid go mbainid le riaráiste do chistiú) fé is dá mba íocaíocht bhliantúil le n-a mbaineann an t-alt san 18 ar shlí seachas de bhuadh an ailt seo an muirear deachmha-chíosa no na tráthchoda bliantúla socra in ionad muirir dheachmha-chíosa le n-a mbainfidh an t-iarratas san.
Leasuithe maidir le muirir dheachmhachíosa agus cíosa ion-atharuithe i mBaile Atha Cliath.
29.—I gcás—
(a) muirear deachmha-chíosa no cíos ion-atharuithe le n-a mbaineann alt 49 den Acht Talmhan, 1933, d'atharú uair amháin no níos minicí fé réim agus do réir alt 2 agus 3 den Tithe Rent Charge (Ireland) Act, 1900, no na n-alt san mar a bheirtear feidhm dóibh le halt 90 den Irish Land Act, 1903, no ailt 49 den Acht Talmhan, 1931, agus
(b) gan an muirear deachmha-chíosa no an cíos ion-atharuithe sin d'atharú fé réim agus do réir ailt 49 den Acht Talmhan, 1931, agus alt 2 agus 3 den Tithe Rent Charge (Ireland) Act, 1900, no na n-alt san mar a bheirtear feidhm dóibh le halt 90 den Irish Land Act, 1903, agus
(c) an tsuim dob iníoctha alos an ghála dheiridh a tháinig chun bheith dlite roimh an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1933, den mhuirear dheachmha-chíosa no den chíos ionatharuithe sin do bheith níos mó ná dó seascad per cent. de mhéid an ghála dheiridh a tháinig chun bheith dlite roimh an ócáid no roimh an gcéad cheann de sna hócáidí (do réir mar a bheidh) ar a ndearnadh an muirear deachmha-chíosa no an cíos ion-atharuithe sin d'atharú mar adubhradh,
ansan agus i ngach cás den tsórt san, maidir le halt 49 den Acht Talmhan, 1931, do chur i mbaint leis an muirear deachmha-chíosa no leis an gcíos ion-atharuithe sin, scuirfidh na hatharuithe luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 49 den Acht Talmhan, 1933, d'éifeacht do bheith acu amhail o am an Achta so do rith, agus ina n-ionad san bainfidh an t-alt san 49 den Acht Talmhan, 1931, leis an muirear deachmha-chíosa no leis an gcíos ion-atharuithe sin gus na hatharuithe seo leanas, sé sin le rá:—
(i) cuirfear an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1938, in ionad an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1930, i ngach áit ina bhfuil an dáta san, agus
(ii) cuirfear an 2adh lá de Mhí na Samhna, 1938, in ionad an 2adh lá de Mhí na Samhna, 1930, agus
(iii) cuirfear in ionad dó is nócha per cent. an percentáiste sin do bhéarfaidh laigheadú d'ocht tríochad per cent. ar an suim dob iníoctha alos an ghála dheiridh a tháinig chun bheith dlite roimh an ócáid no roimh an gcéad cheann de sna hócáidí (do réir mar a bheidh) ar a ndearnadh an muirear deachmha-chíosa no an cíos ion-atharuithe sin d'atharú mar adubhradh.
Leasuithe alos caiteachais ar fheabhsuithe.
30.—(1) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) d'alt 22 den Acht Talmhan, 1927, agus gan dochar do sna comhachta atá ag Coimisiún na Talmhan fé fho-alt (5) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1923, ar n-a leasú le halt 44 den Acht Talmhan, 1933, má cheaduíonn Coimisiún na Talmhan airgead do chaitheamh i bhfuirm saor-dheontais chun tairbhe tailte ar bith no chun iad d'fheabhsú, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, maran go substainteach chun tairbhe tailte bheidh dílsithe cheana i gceannuitheoirí no chun iad d'fheabhsú a caithfear an t-airgead san, an t-airgead san do chaitheamh, más rogha san leo, as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, mar chuid de chostaisí Choimisiún na Talmhan.
(2) Má cheaduíonn Coimisiún na Talmhan airgead do chaitheamh chun tairbhe tailte ar bith ná beidh dílsithe i gceannuitheoir no chun iad d'fheabhsú agus gur dóich leo, as a gcomhairle féin, go raghadh sé chun tairbhe na dtailte sin agus chun iad d'fheabhsú an t-airgead do chaitheamh ar oibreacha ar thailte eile, féadfar an t-airgead san do chaitheamh dá réir sin i dtaobh na n-oibreacha san ar na tailte eile sin fé is dá mba oibreacha iad ar na tailte gur chun tairbhe dhóibh no chun iad d'fheabhsú do ceaduíodh an t-airgead san do chaitheamh.
(3) Má bhíonn airgead a caithfear de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so iníoctha tré bhlianacht, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfar, más féidir é sa chás, an bhlianacht san do chódhlúthú leis an mblianacht (más ann di) ar na tailte ar a ndearnadh na hoibreacha gur ina dtaobh a caitheadh an t-airgead san agus, go dtí go ndéanfar an códhlúthú san, ní haistreofar na tailte sin gan toiliú Choimisiún na Talmhan;
(b) maran féidir códhlúthú do dhéanamh mar adubhradh, féadfaidh Coimisiún na Talmhan ordú do dhéanamh ag cur na dtailte sin fé mhuirear aisíoctha an roimh-íoca, do rinneadh chun na dtailte do cheannach gur chun tairbhe dhóibh no chun iad d'fheabhsú do caitheadh an t-airgead san, agus an airgid sin féin, do réir an ráta úis sin agus sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais, maraon le hús;
(c) pé uair a déanfar ordú fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so ag cur tailte ar bith fé mhuirear, beidh na leighseanna céanna ag Coimisiún na Talmhan chun an airgid (le n-a n-áirmhítear ús chó maith le colainn) a bheidh urruithe leis an muirear san do bhaint amach atá acu chun tráthchoda neamh-íoctha de bhlianacht cheannaigh do bhaint amach.
Alt 44 den Acht Talmhan, 1933, do léiriú.
31.—Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas agus is tuigthe go raibh feidhm agus éifeacht riamh acu maidir le léiriú do dhéanamh ar an tagairt atá in alt 44 den Acht Talmhan, 1933, don mhéid iomlán a bheartuigh no bheartóidh Coimisiún na Talmhan do chaitheamh chun no mar chabhair chun aon obair d'athdhéanamh, sé sin le rá:—
(a) áirmheofar ar an gcaiteachas iomlán san an méid iomlán a beartuíodh no beartófar a chaitheamh chun no mar chabhair chun ath-dhéanta bheidh le déanamh, aon ócáid amháin, ar aon bhealach uisce, dréin, bancánacht no obair eile amháin agus gurb é bheidh ann ná gníomh aonair ath-dhéanta ar an obair sin, pe'ca píosa no ítim aonair ath-dhéanta ar n-a dhéanamh ar aon áit no páirt amháin áirithe den obair sin no uimhir de phíosaí no d'ítimí ath-dhéanta ar n-a ndéanamh ar áiteanna no ar pháirteanna deifriúla den obair sin an gníomh aonair sin;
(b) ní háirmheofar ar an gcaiteachas iomlán san aon airgead a beartuíodh no beartófar a chaitheamh chun no mar chabhair chun an bhealaigh uisce, an dréin, na bancánachta no na hoibre eile sin d'ath-dhéanamh ar ócáid eile (roimhe seo no ina dhiaidh seo) no a chaitheamh i gcúrsa gnímh dheifriúil ath-dhéanta ar an obair sin;
(c) ní háirmheofar ar an gcaiteachas iomlán san aon airgead a beartuíodh no beartófar a chaiteamh maidir le n-a mhalairt de bhealach uisce, de dhréin, de bhancánacht, no d'obair eile.
Saoráidí breise chun gabháltaisí do mhalairtiú.
32.—(1) Beidh comhacht ag únaer cláruithe gabháltais ar bith, pe'ca mar lán-únaer no mar únaer teoranta bheidh sé cláruithe, chun có-aontú do dhéanamh le Coimisiún na Talmhan chun gabháltaisí do mhalairtiú d'fhonn gur fusaide do Choimisiún na Talmhan talamh d'ath-dhíol le haon duine no cólucht dá luaidhtear in alt 31 den Acht Talmhan, 1923, no san alt san ar n-a leathnú le fo-alt (2) d'alt 33 den Acht Talmhan, 1933.
(2) Féadfar có-aontú chun gabháltaisí do mhalairtiú a déanfar fén alt so do chur i bhfeidhm fé réim agus do réir ailt 46 den Acht Talmhan, 1923, ar n-a leasú leis an Acht so, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 46 ar n-a leasú amhlaidh.
Comhacht chun malairtithe déanfar ar choda de ghabháltaisí do dhaingniú.
33.—(1) Má chítear le linn imeachta chun díola fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh go bhfuil tionónta gabháltais i seilbh coda de ghabháltas teorantach agus go bhfuil tionónta an ghabháltais theorantaigh sin i seilbh coda den ghabháltas a céad-luaidhtear, is cuma an malairtiú seilbhe sin do bheith ina thoradh ar chó-aontú no é thárlachtaint de dhruim cúrsa srutháin d'atharú no bóthar do dhéanamh no de dhruim teagmhais no ní ar bith eile, ansan agus sa chás san, más oiriúnach leo san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) le toiliú na bpáirtithe uile le n-a mbainfidh no ar fhógra thabhairt sa tslí orduithe agus ar chaoi thabhairt do gach páirtí chun éisteacht d'fháil, ordú do dhéanamh ag daingniú an mhalairtithe sin.
(2) Nuair a déanfar ordú fén alt so ag daingniú malairtithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) is tuigthe an talamh a bheidh tógtha ag ceachtar tionónta ar an malairtiú san do bheith á shealbhú do réir na sealbh aíochta céanna agus, gan aon leithliú ná áirithiú eile ina thaobh, ragha sé chun na n-úsáideanna céanna agus chun tairbhe do sna hiontaobhais chéanna agus beidh sé fé réir na n-íocaíocht, na gcoinníollacha, na muirear agus na n-eirí céanna gur dá réir agus chúcha agus chun tairbhe dhóibh a bheadh sé teoranta agus gur fé n-a réir a bheadh sé dá mba chuid de ghabháltas an tionónta san riamh é, agus
(b) na cearta agus na leighseanna uile, chun íocaíochtaí alos an tailimh a bheidh tógtha ag ceachtar tionónta ar an malairtiú san do bhaint amach, beid infheidhmithe i dtaobh an tailimh, agus féadfar iad d'úsáid in aghaidh an tailimh, a bheidh tógtha ag an tionónta eile ar an malairtiú san sa tslí chéanna ina bhféadfaí iad d'fheidhmiú no d'úsáid (dá mba ná déanfaí an malairtiú san choíche) in aghaidh an tailimh ar a raibh a n-íoc i dtosach.
(3) Gach agóid a déanfar go cuibhe i gcoinnibh orduithe do dhéanamh fén alt so, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) í d'éisteacht agus breith do thabhairt uirthi fé réir chirt athchomhairc chun an Bhínse Athchomhairc.
(4) Ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar athchomharc fén alt so ach amháin go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraighe ar cheisteanna dlí.
Blianachtaí cistiúcháin ar ghabháltaisí do mhalairtiú.
34.—I gcás gabháltas do ceannuíodh fé aon Acht Talamh-Cheannaigh roimh an Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, do mhalairtiú fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ar ghabháltas nua, agus blianacht chistiúcháin d'aistriú ón ngabháltas ar ar céadmhuirearuíodh í go dtí an gabháltas nua, agus í chódhlúthú leis an mblianacht ar an ngabháltas san, de dhruim an mhalairtithe sin agus de bhun forálacha fo-mhíre (c) d'alt 21 den Acht Talmhan, 1933, no ailt 8 den Acht Talmhan, 1936, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) íocfar iomlán na blianachta códhlúite isteach sa chiste chéanna gur isteach ann a bheidh an bhlianacht ar an ngabháltas nua iníoctha agus, más isteach i gciste na mbannaí talmhan a bheidh an t-iomlán san iníoctha, beidh sé fé réir forálacha fo-ailt (3) d'alt 27 den Acht Talmhan, 1933;
(b) aon easnamh a thárlóidh, de dhruim an ailt seo d'fheidhmiú, sa chiste gur isteach ann a bhí an bhlianacht chistiúcháin sin iníoctha sara ndearnadh an gabháltas gur air a bhí sí ina muirear roimhe sin do mhalairtiú ar an ngabháltas nua slánófar don chiste sin é na tráthanna san agus sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.
Muirir áirithe d'aistriú ar ghabháltaisí no paistí do mhalairtiú no d'ath-shocrú.
35.—(1) I gcás gabháltas na paiste (dá ngairmtear an gabháltas no an paiste bunaidh sa bhfo-alt so) do bheith fé mhuirear (dá ngairmtear an muirear bunaidh san alt so) ar n-a mhuirearú fé Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934, fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1937, no fé sna hAchtanna um Thithe Beaga Comhnaithe d'Fháil, 1899 go 1931, ar n-a leasú le hAchtanna na dTithe, 1925 go 1931, agus le hAcht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, no ar n-a mhuirearú fé sna Public Works (Ireland) Acts, 1831 to 1886, chun tithe, mion-tithe no foirgintí feirme do thógáil no d'fheabhsú, no is muirear buan-fheabhsuithe fé sna hAchtanna Cáirde Talmhaíochta, 1927 go 1929, agus an gabháltas no an paiste bunaidh sin do mhalairtiú ar ghabháltas no paiste nua fé alt 23 den Irish Land Act, 1909, no fé alt 46 den Acht Talmhan, 1923, no fé alt 29 den Acht Talmhan, 1931, no Coimisiún na Talmhan dá ath-shocrú, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) má bhíonn an t-áitreabh a bheidh tógtha no an t-áitreabh no an talamh a bheidh feabhsuithe leis an iasacht a bheidh urruithe leis an muirear bunaidh ina chuid, fén malairtiú no fén ath-shocrú, de ghabháltas no de phaiste nach lugha a luach ná luach an ghabháltais no an phaiste bhunaidh, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más deimhin leo an gabháltas no an paiste gur cuid de an t-áitreabh a bheidh tógtha amhlaidh no an t-áitreabh no an talamh a bheidh feabhsuithe amhlaidh do bheith ina urrús ar an iasacht a bheidh urruithe leis an muirear bunaidh no ar an iarmhéid di bheidh gan aisíoc, féadfaid le hordú an muirear bunaidh d'aistriú (go dtosaíocht aige do réir an dáta ar ar cruthnuíodh ar dtúis é) go dtí an gabháltas no an paiste sin is déanaí luaidhtear agus é mhuirearú ar an ngabháltas no ar an bpaiste sin gus an tosaíocht adubhradh aige agus ag saoradh an ghabháltais no an phaiste bhunaidh no oirid de ná beidh ina chuid den ghabháltas no den phaiste sin chun a ndéanfar an t-aistriú san;
(b) má bhíonn an t-áitreabh a bheidh tógtha no an t-áitreabh a bheidh feabhsuithe leis an iasacht a bheidh urruithe leis an muirear bunaidh ina chuid, fén malairtiú no fén ath-shocrú, de ghabháltas no de phaiste gur lugha a luach ná luach an ghabháltais no an phaiste bhunaidh, fuasclóidh Coimisiún na Talmhan an muirear bunaidh i bpáirt no go hiomlán agus, mara bhfuascluighid ach cuid den mhuirear bhunaidh, déanfaid le hordú an chuid neamh-fhuascailte den mhuirear bhunaidh d'aistriú go dtí an gabháltas no an paiste go mbeidh an t-áitreabh san ina chuid de agus í mhuirearú ar an ngabháltas no ar an bpaiste sin ag saoradh an ghabháltais no an phaiste bhunaidh no oirid de ná beidh ina chuid den ghabháltas no den phaiste sin chun a ndéanfar an t-aistriú san;
(c) má thárlann, fén malairtiú no fén ath-shocrú, go mbeidh an talamh a bheidh feabhsuithe leis an iasacht a bheidh urruithe leis an muirear bunaidh ina chuid de ghabháltas no de phaiste gur lugha a luach ná luach an ghabháltais no an phaiste bhunaidh no roinnte i slí gur páirt é de dhá cheann no níos mó de ghabháltaisí no de phaistí, féadfaidh Coimisiún na Talmhan an muirear bunaidh d'fhuascailt i bpáirt no go hiomlán agus (mara bhfuascluighid iomlán an mhuirir bhunaidh) déanfaid an muirear bunaidh no an chuid neamh-fhuascailte dhe d'aistriú go dtí an gabháltas no an paiste go mbeidh an talamh san ina chuid de no d'aistriú ina pháirteanna cion-roinnte go dtí na gabháltaisí no na paistí uile agus fé seach agus ortha go mbeidh aon pháirt den talamh san ina chuid d'aon cheann díobh (do réir mar a bheidh) agus, i gceachtar cás, déanfaid an gabháltas no an paiste no gach ceann de sna gabháltaisí no de sna paistí chun a n-aistreofar an muirear bunaidh no aon chuid de amhlaidh do chur fé mhuirear íoca oirid sin den mhuirear bhunaidh agus a haistreofar chuige amhlaidh ag saoradh an ghabháltais bhunaidh.
(2) I gcás gabháltas no paiste talmhan do bheith fé mhuirear fé sna Public Works (Ireland) Acts, 1831 to 1886, seachas muirear chun tithe, mion-tithe no foirgintí feirme do thógáil no d'fheabhsú, agus an gabháltas no an paiste sin do mhalairtiú ar ghabháltas no ar phaiste nua fé alt 23 den Irish Land Act, 1909, no fé alt 46 den Acht Talmhan, 1923, no fé alt 29 den Acht Talmhan, 1931, no Coimisiún na Talmhan dá ath-shocrú, ní haistreofar an muirear san go dtí an gabháltas no an paiste nua no ath-shocruithe ach féadfar é d'fhuascailt no é chion-roinnt ar pháirteanna deifriúla den ghabháltas no den phaiste céad-luaidhtear.
(3) Má cion-roinntear muirear fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe a cheangal ar Choimisiún na Talmhan aon cheann no níos mó de sna páirteanna cion-roinnte den mhuirear san d'fhuascailt agus déanfaidh Coimisiún na Talmhan an pháirt no na páirteanna san d'fhuascailt dá réir sin.
(4) An t-airgead uile theastóidh o Choimisiún na Talmhan chun muirir d'fhuascailt fén alt so íocfar é amach as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas mar chuid de chostaisí Choimisiún na Talmhan.
(5) Gach ceist eireoidh fén alt so—
(a) maidir le luach abhair aon mhuirir áirithe,
(b) maidir le luach gabháltais nua no ath-shocruithe,
(c) maidir leis an urrús ar mhuirear no ar pháirt de mhuirear a bheidh beartuithe d'aistriú le hordú fén alt so,
(d) maidir le cion-roinnt aon mhuirir áirithe, no
(e) maidir leis an méid d'aon mhuirear áirithe ba cheart d'fhuascailt,
isé an Coimisinéir Breithiúntais do bhéarfaidh breith uirthi agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.
(6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 23 den Irish Land Act, 1909, ná ag na forálacha oiriúnacha d'fho-ailt (3) agus (4) d'alt 46 den Acht Talmhan, 1923, ná ag mír (c) d'alt 29 ná ag alt 33 den Acht Talmhan, 1931, maidir le haon chás go mbeidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis.
(7) Ní déanfar éinní atá san alt so do léiriú mar ní a dheineann deifir do thuiteamacht aon mhuirir dhréineála airtéirighe no aon mhuirir chothabhála dréineála ná a dheineann atharú ar an bhfiachas maidir leis an gcéanna.
Iarrataisí agus orduithe fé alt 37 den Acht Talmhan, 1936.
36.—(1) I gcás na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) do dhéanamh orduithe i dtaobh tailimh ar bith is ordú den tsórt a húdaruítear le fo-alt (1) d'alt 37 den Acht Talmhan, 1936, no ordú den tsórt a húdaruítear le fo-alt (3) den alt san, beidh an chomhacht a bheirtear le halt 38 den Acht Talmhan, 1933, do Choimisiún na Talmhan sna cúinsí luaidhtear san alt san, chun na riail-bhlianachta ceannaigh do cheapadh sa tslí foráltar san alt san, infheidhmithe i dtaobh an tailimh sin, ach chun crícheanna na feidhmithe sin déanfar an tagairt atá san alt san 38 don 9adh lá de Lúnasa, 1923, do léiriú mar thagairt do dháta an orduithe sin fé fho-alt (1) no fé fho-alt (3), do réir mar a bheidh, den alt san 37.
(2) Má géilltear d'iarratas ar n-a dhéanamh fé fho-alt (3) d'alt 37 den Acht Talmhan, 1936, ar n-a leasú leis an Acht so, ní raghaidh an riail-bhlianacht cheannaigh a bunófar de dhruim géilleadh don iarratas san thar an gcíos a bheidh curtha in áirithe, no thar an gcíos a bheidh á íoc agus á ghlacadh in ionad an chíosa bheidh curtha in áirithe, leis an deontas feirm-dhílse no an léas fé n-a mbeidh an paiste le n-a mbainfidh an t-iarratas san ar seilbh ag an iarratasóir ar dháta an orduithe ag géilleadh don iarratas san no, i gcás talamh eile do bheith sa deontas feirm-dhílse sin no sa léas san i dteanta an tailimh gur ina thaobh a géillfear don iarratas san, thar an gcuid den chíos san a chion-roinnfidh Coimisiún na Talmhan ar an bpaiste sin.
(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (6) d'alt 37 den Acht Talmhan, 1936, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná déanfar, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (4) d'alt 9 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, no i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923, na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) do chosc ar ordú do dhéanamh fén alt san 37 alos paiste de thalamh nea-thionóntuithe de bhíthin an paiste sin do bheith ina pháirt de ghabháltas ar n-a dhílsiú fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh in únaer (fé réir blianachta ceannaigh is iníoctha ag an únaer san) an deontais fheirm-dhílse no an léasa no na tionóntachta fé n-a mbeidh an paiste talmhan le n-a mbainfidh an t-iarratas ar seilbh ag an iarratasóir agus dá bhíthin sin amháin, ach i ngach cás den tsórt san beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha ailt 14 den Acht Talmhan, 1923, maidir leis an mblianacht a bunuíodh chun an roimh-íoca bhunaidh d'aisíoc.
Riaráiste cíosa socruithe agus íocaíochtaí in ionad cíosa i gcásanna áirithe.
37.—(1) I gcás na mion-innste is gá do réir ailt 22 den Acht Talmhan, 1923, do thabhairt do Choimisiún na Talmhan do bheith gan tabhairt amhlaidh roimh an Acht so do rith, ach iad do thabhairt amhlaidh ina dhiaidh sin, i dtaobh gabháltais no coda de ghabháltas le n-a mbaineann forálacha an Achta san (ar n-a leasú le hAchtanna ina dhiaidh sin), no paiste talmhan do theacht chun bheith dílsithe i gCoimisiún na Talmhan de bhuadh orduithe o Choimisiún na Talmhan ag géilleadh d'iarratas fé alt 44 den Acht Talmhan, 1931 (ar n-a leasú le hAchtanna ina dhiaidh sin agus leis an Acht so), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an ngabháltas san, leis an gcuid sin de ghabháltas no leis an bpaiste sin (do réir mar a bheidh), sé sin le rá:—
(a) an riaráiste, den chíos is iníoctha ag an tionónta no ag an únaer alos an ghabháltais sin no na coda san do ghabháltas no an phaiste sin, a bheidh tar éis teacht chun bheith dlite tar éis an lae ghála dheiridh roimh an dáta ar a dtabharfar na mion-innste sin no ar a lóisteálfar an t-iarratas san (do réir mar a bheidh) no tar éis an lae ghála san roimh an dáta san a cheadóidh riaráiste cíosa trí mblian do shocrú (pé lá gála acu san is túisce) agus a bheidh gan íoc ar an lá ceaptha, socrófar é, maraon le gála cion-roinnte den chíos san ón lá gála deiridh roimh an lá ceaptha suas go dtí an lá ceaptha, tré riaráiste cíosa socruithe do chur le hairgead ceannaigh an ghabháltais sin no na coda san de ghabháltas no an phaiste sin;
(b) fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den fho-alt so, isé méid an riaráiste chíosa shocruithe bheidh le cur leis an airgead ceannaigh de bhun na míre sin roimhe seo den fho-alt so ná cúig seachtód per cent. den riaráiste (agus an gála cion-roinnte d'áireamh) is gá do réir na míre sin do shocrú;
(c) ní bheidh aon riaráiste den chíos san, a tháinig no thiocfaidh chun bheith dlite ar an lá gála no roimh an lá gála o n-a mbeidh an riaráiste le háireamh a bheidh le socrú, iníoctha ag an tionónta no ag an únaer san;
(d) má gheibheann tiarna talmhan an ghabháltais sin no na coda san de ghabháltas no an phaiste sin aon íocaíocht alos cíosa an chéanna tar éis an dáta ar a dtabharfar na mion-inste sin no ar a lóisteálfar an t-iarratas san (do réir mar a bheidh), déanfar an riaráiste cíosa socruithe alos an ghabháltais sin no na coda san de ghabháltas no an phaiste sin do laigheadú suim is có-mhéid le cúig fichead per cent. den íocaíocht san, agus gach suim do gheobhaidh an tiarna talmhan san amhlaidh thar méid iomlán an chíosa go mbeidh a riaráiste le socrú fé sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so féadfaidh an tionónta no an t-únaer í bhaint den tiarna talmhan san mar éileamh i gcoinnibh an airgid cheannaigh.
(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag na hachtacháin seo leanas in aon chás ina mbeidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—
(a) fo-ailt (1), (2), (3), agus (5) d'alt 19 agus alt 20 den Acht Talmhan, 1923;
(b) an oiread d'alt 10 den Acht Talmhan, 1927, agus a chuireann forálacha ailt 20 den Acht Talmhan, 1923, i mbaint le cásanna le n-a mbaineann an t-alt san 10;
(d) míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (3) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1931;
(e) fo-alt (7) d'alt 42 den Acht Talmhan, 1933;
(f) mír (a) d'fho-alt (5) d'alt 37, mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 40, agus míreanna (f) agus (g) d'alt 43 den Acht Talmhan, 1936.
Alt 10 den Acht Talmhan, 1927, do leathnú agus do leasú.
38.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le halt 10 den Acht Talmhan, 1927, sé sin le rá:—
(a) i dteanta an tailimh thionóntuithe luaidhtear san alt san 10, beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san maidir le talamh tionóntuithe is páirt de ghabháltas ar n-a cheannach fé aon Acht Talamh-Cheannaigh do ritheadh roimh an Acht Talmhan, 1923, i gcás na tionóntachta do chruthú an 1adh lá de Mheán Fhómhair, 1922, no dá éis sin, agus roimh an 10adh lá de Lúnasa, 1923;
(b) i gcás gan tionónta ar thalamh thionóntuithe le n-a mbaineann an t-alt san 10 dá iarraidh (roimh an Acht so do rith ná dá éis sin) fén alt san go dtabharfaí a thionóntacht fé sna forálacha san den Acht Talmhan, 1923, go ndeintear dá mbuadh talamh do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan mar thalamh thionóntuithe ar an lá ceaptha, beidh sé de chead ag fo-thionónta don tionónta san a iarraidh fén alt san 10 go dtabharfaí a fho-thionóntacht fé sna forálacha san, agus, i gcás an fo-thionónta san dá iarraidh san amhlaidh, beidh éifeacht ag an alt san 10 (ar n-a leasú leis an alt so) maidir leis an iarratas san fé mar a bheadh éifeacht aige maidir le hiarratas den tsamhail chéanna o n-a gharthiarna talmhan;
(c) beidh feidhm agus éifeacht ag an alt deiridh sin roimhe seo maidir le talamh tionóntuithe go mbeidh éifeacht ag an alt san 10 ina thaobh de bhuadh an ailt seo chó hiomlán i ngach slí agus a bheidh feidhm agus éifeacht ag an alt deiridh sin roimhe seo sna cásanna luaidhtear i bhfo-alt (1) de.
Gabháltaisi d'ath-thógaint.
39.—(1) Dearbhuítear agus achtuítear leis seo go bhfuil agus go mbeidh comhacht ag Coimisiún na Talmhan chun aon ghabháltas ar n-a dhílsiú fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ionta féin no i mBord na gCeanntar gCumhang in Éirinn a bhí ann tráth d'ath-thógaint, i bpáirt no go hiomlán, chun aon chríche no crícheanna acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) chun cumhangracht, mar a mínítear san i bhfo-alt (4) d'alt 73 den Acht Talmhan, 1923, do leigheas;
(b) chun talamh do sholáthar chun é d'ath-dhíol le haon duine nó cólucht dá luaidhtear in alt 31 den Acht Talmhan, 1923, ar n-a leasú le fo-alt (2) d'alt 33 den Acht Talmhan, 1933;
(c) chun soláthar bídh na tíre do mhéadú;
(d) chun an ghabháltais d'fheabhsú no d'ath-shocrú.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas pé uair a bheartóidh Coimisiún na Talmhan cead d'iarraidh ar an mBínse Athchomhairc chun gabháltas no cuid de ghabháltas d'ath-thógaint, sé sin le rá:—
(a) bhéarfaidh Coimisiún na Talmhan sa tslí orduithe, don duine chífear dóibh do bheith i seilbh an ghabháltais no na coda san de, fógra á rá go bhfuil beartuithe ag Coimisiún na Talmhan cead d'iarraidh chun an ghabháltais no na coda san de (do réir mar a bheidh) d'ath-thógaint fén gcéad fho-alt den alt so agus go bhféadfaidh an duine dá dtugtar an fógra san achuinge do chur go dtí Coimisiún na Talmhan, fé cheann na haimsire orduithe, á impí ná déanfaí an gabháltas no an chuid sin de d'ath-thógaint gan tuilleadh fiosruithe do dhéanamh;
(b) má cuirtear achuinge den tsórt a bheidh luaidhte sa bhfógra san go dtí Coimisiún na Talmhan fé cheann na haimsire orduithe, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) an achuinge sin do bhreithniú agus breith do thabhairt ar gach ceist eireoidh fúithi, agus ní bheidh dul thar breith na gCoimisinéirí sin ach amháin go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun an Bhínse Athchomhairc ar cheist dlí;
(c) mara gcuirtear aon achuinge den tsórt san go dtí Coimisiún na Talmhan fé cheann na haimsire orduithe no má cuirtear achuinge den tsórt san chúcha amhlaidh agus go ndiúltófar di, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) a dheimhniú go bhfuil an gabháltas no an chuid sin de (do réir mar a bheidh) ag teastáil o Choimisiún na Talmhan chun pé críche no crícheanna, díobh san a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, a luadhfar chuige sin sa deimhniú san;
(d) beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite ar an ngabháltas no ar an gcuid sin de (do réir mar a bheidh) do bheith ag teastáil o Choimisiún na Talmhan chun críche chun ar féidir go dleathach a údarú an céanna d'ath-thógaint, agus ar an deimhniú san d'fháil dóibh údaróidh an Bínse Athchomhairc an gabháltas no an chuid sin de (do réir mar a bheidh) d'ath-thógaint.
(3) Pé uair a údaróidh an Bínse Athchomhairc, fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, do Choimisiún na Talmhan gabháltas no cuid de ghabháltas d'ath-thógaint agus a dheimhneoidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) go bhfuil sé oiriúnach an gabháltas san no an chuid sin de ghabháltas do bheith ar fáil láithreach chun a roinnte no chun feabhsuithe do dhéanamh air d'fhonn a roinnte, údaróidh an Bínse Athchomhairc do Choimisiún na Talmhan seilbh do ghlacadh ar an ngabháltas san no ar an gcuid sin de ghabháltas d'ainneoin gan an praghas ath-thógainte do bheith ceaptha.
(4) Pé uair a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan, de bhuadh údaráis ar n-a thabhairt ag an mBínse Athchomhairc fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, seilbh do ghlacadh ar ghabháltas no ar chuid de ghabháltas sara mbeidh a phraghas ath-thógainte ceaptha, íocfar leis an té go mbeidh teideal aige chun an phraghais ath-thógainte sin—
(a) más i mbannaí talmhan a bheidh an praghas ath-thógainte sin iníoctha, ús (lughaide cáin ioncuim) ar an bpraghas ath-thógainte sin, do réir an ráta gur dá réir a bheidh an t-ús ar na bannaí talmhan san iníoctha, o dháta Choimisiún na Talmhan do ghlacadh seilbhe amhlaidh go dtí dáta na mbannaí talmhan san do thabhairt amach, no
(b) más in airgead a bheidh an praghas ath-thógainte sin iníoctha, ús (lughaide cáin ioncuim) ar an bpraghas ath-thógainte sin, do réir an ráta san ordóidh an tAire Airgeadais, o dháta Choimisiún na Talmhan do ghlacadh seilbhe amhlaidh go dtí dáta an phraghais ath-thógainte sin d'íoc.
(5) Dearbhuítear agus achtuítear leis seo go bhfuil feidhm agus go mbeidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas pé uair a ath-thógfaidh Coimisiún na Talmhan gabháltas no cuid de ghabháltas, sé sin le rá:—
(a) isé is praghas ath-thógainte an ghabháltais sin no na coda san de ghabháltas, sé sin le rá, an cúiteamh a bheidh le n'íoc ag Coimisiún na Talmhan ann, ná marga-luach an ghabháltais no na coda de ghabháltas a hath-thógfar amhlaidh;
(b) beidh feidhm agus éifeacht ag alt 43 den Acht Talmhan, 1931, maidir le praghas ath-thógainte a ceapfar fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so agus, chun crícheanna na feidhme sin, is tuigthe go gcialluíonn na focail “ar an bhforas ar a socruítí praghsanna ath shealbhuithe go dtí so” san alt san 43 marga-luach an ghabháltais no na coda de ghabháltas a hath-thógfar amhlaidh;
(c) má gheibheann Coimisiún na Talmhan talamh eile o thionónta an ghabháltais ath-thógtha de bhun an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, bainfidh na forálacha san roimhe seo den fho-alt so leis an bpraghas a bheidh le n-íoc ag Coimisiún na Talmhan ar an talamh eile sin fé is dá mba phraghas ath-thógainte an praghas san.
(6) Más deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) i dtaobh gabháltais, ag féachaint dóibh d'achar agus do shuidheamh agus do chineál an ghabháltais sin agus don mhéid cumhangrachta agus díomhaointis atá sa cheanntar ina bhfuil an gabháltas san agus ar fuaid na tíre agus dá oiriúnaighe bheadh sé táirgeadh abhar bídh do mhéadú, leor-mhéid de thorthaí talmhaíochta do bheith á tháirgeadh ar an ngabháltas san agus leormhéid fostaíochta (méid le n-a n-áirmhítear fostaíocht aon ghaolta le tionónta an ghabháltais sin a bhíonn ar buan-fhostú air) do bheith a thabhairt do dhaoine ar an ngabháltas san, ansan agus sa chás san beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) d'ainneoin éinní atá sna forálacha san roimhe seo den alt so, ní ath-thógfaidh Coimisiún na Talmhan an gabháltas san ná aon chuid de chun críche ar bith seachas chun cumhangracht do leigheas sa cheanntar ina bhfuil an gabháltas san no chun faithchí spóirt, páirceanna, faithchí áineasa no faithchí imeartha do chur ar fáil i gcóir áititheoirí sráid-bhailte, bailte no cathracha no i gcóir scoileanna no chun gáirdíní do chur ar fáil i gcóir scoileanna;
(b) más rud é—
(i) go n-ath-thógfaidh Coimisiún na Talmhan an gabháltas san no cuid de, agus
(ii) go mbeidh comhnaí ar thionónta an ghabháltais sin no ar mhnaoi chéile no ar fhear chéile an tionónta san ar an ngabháltas san no ina ghar-chomhursanacht, agus
(iii) nach únaer an tionónta san ná an bhean chéile no an fear céile sin ar thalamh (seachas an gabháltas san no an chuid de a hath-thógfar) gur mó ná dhá mhíle punt a mharga-luach, agus
(iv) go ndéanfaidh an tionónta san, fé cheann na haimsire orduithe agus sa tslí orduithe, a éileamh ar Choimisiún na Talmhan, i gcás gan ach cuid den ghabháltas san do bheith ath-thógtha, iomlán an ghabháltais sin d'ath-thógaint agus (pe'ca i bpáirt no go hiomlán a hath-thógfar an gabháltas san) an talamh eile go léir (más ann dó) a bheidh ar seilbh aige no is leis i gcomhursanacht an ghabháltais sin do ghlacadh chúcha agus, in aon chás, a éileamh ar Choimisiún na Talmhan gabháltas nua do sholáthar dó,
ansan agus sa chás san déanfaidh Coimisiún na Talmhan do réir an éilimh sin agus soláthróid gabháltas nua don tionónta san is dóich leis na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) do bheith oiriúnach dó agus is dóich leo freisin (fé réir chirt athchomhairc chun an Bhínse Athchomhairc agus ní beidh dul thar a mbreith san) do bheith ina ghabháltas nach lugha a mharga-luach ná marga-luach an ghabháltais ath-thógtha, maraon leis an talamh eile (más ann dó) a bheidh glactha de bhun an éilimh sin, no suim dhá mhíle punt, pe'ca aca san is lugha;
(c) má sholáthruíonn Coimisiún na Talmhan gabháltas nua don tionónta san de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so, ansan, an méid (más aon mhéid é) a bheidh praghas ath-thógainte an ghabháltais ath-thógtha, maraon le praghas an tailimh eile (más ann dó) a bheidh glactha ón tionónta san de bhun na míre sin, thar mharga-luach an ghabháltais nua san a soláthrófar amhlaidh, is i mbannaí talmhan a bheidh sé iníoctha.
(7) Beidh feidhm ag na forálacha san roimhe seo den alt so d'ainneoin éinní atá in alt 5 den Land Law (Ireland) Act, 1881, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, no in alt 11 den Acht Talmhan, 1933.
(8) Athghairmtear leis seo alt 31 den Acht Talmhan, 1933, agus fo-ailt (2) agus (3) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1936.
Coso ar ghabháltaisí áirithe do dhílsiú.
40.—(1) I gcás na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) no an Bínse Athchomhairc, ar athchomharc o sna Coimisinéirí Tuaithe sin, dá dhearbhú gur deimhin leo ná raghadh sé chun leasa don tír, ag féachaint do chineál no d'úsáid ghabháltais le n-a mbaineann an t-alt so agus do chúrsaí uile an cháis, an tionóntacht sa ghabháltas san do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, oibreoidh an dearbhú san chun cosc do chur leis an ngabháltas san do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha.
(2) Bainfidh an t-alt so le gach gabháltas go mbeidh coinníoll amháin acu so leanas cólíonta ina thaobh, sé sin le rá:—
(a) an tiarna talmhan do thabhairt na mion-innste, i dtaobh an ghabháltais sin, a luaidhtear in alt 40 den Acht Talmhan, 1923, do Choimisiún na Talmhan roimh dháta an Achta so do rith, ach gan an gabháltas san do bheith luaidhte in aon liost de ghabháltaisí dílsithe do foillsíodh roimh an Acht so do rith fé alt 9 den Acht Talmhan, 1931;
(b) an tiarna talmhan do thabhairt na mion-innste sin do Choimisiún na Talmhan tar éis dáta an Achta so do rith;
(c) an tionónta d'iarraidh orduithe roimh dháta an Achta so do rith fé alt 14 den Acht Talmhan, 1931, á cheangal ar an tiarna talmhan na mion-innste sin do thabhairt do Choimisiún na Talmhan agus an t-iarratas san do bheith gan éisteacht tráth an Achta so do rith;
(d) an tionónta d'iarraidh orduithe tar éis dáta an Achta so do rith fé alt 14 den Acht Talmhan, 1931, á cheangal ar an tiarna talmhan na mion-innste sin do thabhairt do Choimisiún na Talmhan.
Deireadh do chur le héasáidí, cearta agus tionóntachtaí.
41.—(1) I gcás Coimisiún na Talmhan do ghlacadh no do cheannach aon tailimh nea-thionóntuithe no do ghlacadh aon ghabháltais mar mhalairtiú ar ghabháltas eile no d'ath-thógaint aon ghabháltais, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, agus an talamh no an gabháltas san do bheith fé réir aon éasáide no fé réir aon chirt fhéaraigh, phortaigh no eile no fé réir tionóntachta de shaghas nach leas a bhéarfadh teideal ceannaigh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh don tsealbhaire, féadfaidh Coimisiún na Talmhan le hordú deireadh do chur leis an éasáid, an ceart no an tionóntacht san fé réir Choimisiún na Talmhan d'íoc an chúitimh sin a cheapfaidh Coimisiún na Talmhan leis an ordú san uatha.
(2) Isiad na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) a dhéanfaidh orduithe fén alt so agus ní bheidh dul thar na horduithe sin ach amháin go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun an Bhínse Athchomhairc ar cheisteanna dlí no cúitimh, agus ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar aon athchomharc den tsórt san ach amháin go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraighe ar cheisteanna dlí.
(3) An cúiteamh uile is iníoctha fé ordú ar n-a dhéanamh fén alt so íocfar é i mbannaí talmhan gurbé méid an chúitimh sin is ainmmhéid dóibh fé is dá mba roimh-íoc ar n-a dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh an cúiteamh san.
Gan alt 16 den Acht Talmhan, 1936, do bhaint le díola áirithe.
42.—I gcás Coimisiún na Talmhan do dhíol tailimh ar ceant puiblí no tré chonnradh phríobháideach, ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 16 den Acht Talmhan, 1936, maidir le roimh-íoc ar n-a dhéanamh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh leis an gceannuitheoir ag an díol san chun an tailimh a díolfar amhlaidh do cheannach.
Roimh-íocanna le ceannuitheoirí tailimh cheannuithe dhíolfaidh Coimisiún na Talmhan.
43.—(1) I gcás Coimisiún na Talmhan do dhíol gabháltais no paiste talmhan a bheidh fé bhlianacht cheannaigh no fé shuim bhliantúil is ionann agus blianacht cheannaigh agus ar mbeidh seilbh faighte no tógtha ag Coimisiún na Talmhan no bheidh aistrithe go dtí Coimisiún na Talmhan le halt 7 den Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 (Uimh. 27 de 1923), no i gcás Coimisiún na Talmhan do dhíol coda d'aon ghabháltas no paiste den tsórt san roimhráite, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (4) d'alt 9 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, roimh-íoc do dhéanamh leis an té cheannóidh an gabháltas no an paiste sin no an chuid sin de ghabháltas no de phaiste (do réir mar a bheidh) ag an díol san.
(2) Na suimeanna uile bheidh ag teastáil o Choimisiún na Talmhan chun roimh-íocanna do dhéanamh fén alt so déanfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, iad d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus cuirfidh Coimisiún na Talmhan chun críche iad do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire sin.
(3) Déanfar roimh-íoc a bheidh déanta de bhun an ailt seo d'aisíoc tré bhlianacht cheannaigh ar n-a háireamh do réir an ráta san per cent. ar mhéid an roimh-íoca san a bheidh orduithe chuige sin de thurus na huaire ag an Aire Airgeadais, agus déanfar, do réir rialacha ar n-a ndéanamh ag an Aire Airgeadais, an bhlianacht cheannaigh sin do chódhlúthú, sa mhéid gur féidir é sa chás, le haon bhlianacht cheannaigh a bheidh no thiocfaidh chun bheith ar an ngabháltas no ar an bpaiste no ar an gcuid de ghabháltas no de phaiste le n-a mbainfidh.
(4) Déanfar blianacht cheannaigh a bheidh á híoc in aisíoc roimhíoca ar n-a dhéanamh fén alt so, no an méid sin de bhlianacht cheannaigh chódhlúite is ionchurtha i leith roimh-íoca ar n-a dhéanamh fén alt so, d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.
Alt 42 den Acht Talmhan, 1927, do bhaint le cásanna áirithe.
44.—(1) Pé uair—
(a) nach déanaí ná trí mhí tar éis an Achta so do rith, a hiarrfar ar Choimisiún na Talmhan talamh do cheannach agus d'ath-dhíol do cheannuigh tionóntaithe no únaerí gabháltaisí neamh-eacnamúla no fir gan talamh no daoine oiriúnacha eile, no do ceannuíodh chun úsáide a leithéidí, i rith na tréimhse dar thosach an 21adh lá de Bhealtaine, 1917, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1917, agus
(b) a mheasfaidh Coimisiún na Talmhan, ag féachaint dóibh do riachtanaisí agus do staid na ndaoine do cheannuigh an talamh san no gur chun tairbhe dhóibh do ceannuíodh é, gur mhaith an rud é an talamh san do cheannach agus d'ath-dhíol, agus
(c) is dóich le Coimisiún na Talmhan gur féidir geallúintí d'fháil o sna daoine sin chun an tailimh sin do cheannach ar phraghsanna agus ar théarmaí agus ar choinníollacha a cheadóidh Coimisiún na Talmhan,
ansan agus i ngach cás den tsórt san, agus d'ainneoin éinní atá in alt 22 den Acht Talmhan, 1936, féadfaidh Coimisiún na Talmhan (fé réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so) roimh-íoc do dhéanamh chun an tailimh sin do cheannach agus d'ath-dhíol fé sna comhachta bheirtear le halt 42 den Acht Talmhan, 1927, agus bainfidh forálacha an ailt sin leis an gceannach agus leis an athdhíol san dá réir sin.
(2) Ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon roimh-íoc fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so in aon chás inar tosnuíodh ar imeachta fé alt 42 den Acht Talmhan, 1927, roimh an 14adh lá de Lúnasa, 1936, agus ina ndearnadh no ina ndéanfar iad do chaitheamh amach no eirghe asta roimh an iarratas do dhéanamh fén alt so.
Alt 39 den Acht Talmhan, 1923, do leathnú.
45.—(1) I gcás gan Coimisiún na Talmhan do roimh-íoc alos gabháltais ar n-a cheannach ag tionónta an ghabháltais sin fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, no gan Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn do roimh-íoc alos ceannaigh fén Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870, ach cuid den phraghas cheannaigh agus an chuid eile den phraghas cheannaigh d'urrú le morgáiste no muirear ar n-a thabhairt uaidh ag an gceannuitheoir, agus an gabháltas san do dhílsiú sa cheannuitheoir fé réir an mhorgáiste no an mhuirir sin, beidh an morgáiste no an muirear san, agus is tuigthe go raibh sé riamh, ina mhuirear le n-a mbaineann alt 39 den Acht Talmhan, 1923, agus dá réir sin féadfar a iarraidh fén alt san 39 an morgáiste no an muirear san d'fhuascailt agus a phraghas fuascailte do cheapadh, agus bainfidh forálacha an ailt sin 39 leis an iarratas san agus leis an bpraghas fuascailte ceapfar de bhun an iarratais sin.
(2) Féadfar iarratas do dhéanamh tar éis an Achta so do rith fén alt san 39 den Acht Talmhan, 1923, i dtaobh aon mhorgáiste no muirir den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so d'ainneoin go ndearnadh iarratas fén alt san 39 i dtaobh an mhorgáiste no an mhuirir sin, agus gur diúltuíodh dó, roimh an Acht so do rith.
Alt 43 den Acht Talmhan, 1930, do leasú.
46.—(1) Athghairmtear leis seo mír (c) d'alt 43 den Acht Talmhan, 1936, agus ina ionad san achtuítear leis seo go bhféadfar, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (4) d'alt 9 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, no i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923, iarratas le n-a mbaineann an t-alt san 43 do dhéanamh agus géilleadh dhó alos paiste talmhan is páirt de ghabháltas ar n-a dhílsiú fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh in únaer (fé réir blianachta ceannaigh is iníoctha ag an únaer sin) an deontais fheirm-dhílse no an léasa fé n-a mbeidh an paiste talmhan le n-a mbainfidh an t-iarratas san ar seilbh ag an iarratasóir, ach, i ngach cás den tsórt san, beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha ailt 14 den Acht Talmhan, 1923, maidir leis an mblianacht a bunuíodh chun an roimh-íoca bhunaidh d'aisíoc agus ní bheidh feidhm ag Cuid III den Acht Talmhan, 1933, maidir leis an mblianacht cheannaigh a bunófar de dhruim géilleadh don iarratas san.
(2) I gcás—
(a) blianacht cheannaigh do bhunú (roimh an Acht so do rith nó dá éis sin) de dhruim géilleadh d'iarratas, do rinneadh, fé alt 44 den Acht Talmhan, 1931 (ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) roimh an Acht so do rith, de bhuadh míre (c) d'alt 43 den Acht Talmhan, 1936, agus dá bhuadh san amháin, agus
(b) an t-iarratasóir do bheith, le linn an iarratais sin do dhéanamh, ina dhílseánach ar an ngabháltas le n-ar bhain an t-iarratas san, agus
(c) an gabháltas san do bheith dílsithe i gceannuitheoir fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh fé réir leasa uachtaraigh,
agus fós i ngach cás den tsórt san, déanfar, d'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá sa mhír sin (c), an bhlianacht cheannaigh a bheidh bunuithe amhlaidh d'athscrúdú fé Chuid III den Acht Talmhan, 1933, amhail ón lá cheaptha.
(3) Deintear leis seo an leagan Béarla de mhír (e) d'alt 43 den Acht Talmhan, 1936, do leasú, amhail ó dháta an Achta san do rith, tré sna focail “was held” do chur sa mhír sin díreach i ndiaidh na bhfocal “application relates.”
Alt 44 den Acht Talmhan, 1931, do leasú.
47.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le halt 44 den Acht Talmhan, 1931, agus leis na hachtacháin le n-a leasuítear an t-alt san, sé sin le rá:—
(a) féadfar géilleadh d'iarratas fé fho-alt (1) den alt san 44 (ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) d'ainneoin an paiste de thalamh nea-thionóntuithe le n-a mbainfidh an t-iarratas san do bheith ag teastáil o Choimisiún na Talmhan chun cumhangracht do leigheas no chun é d'ath-dhíol fé sna comhachta bheirtear le halt 32 den Acht Talmhan, 1933;
(b) d'ainneoin gan mír (b) den fho-alt san (1) den alt san 44 (ar n-a leasú amhlaidh) do bheith á cólíonadh, féadfar géilleadh d'iarratas a déanfar fén bhfo-alt san más deimhin le Coimisiún na Talmhan—
(i) maidir leis an bpaiste de thalamh nea-thionóntuithe le n-a mbainfidh an t-iarratas san, ná beadh sé, dá mba thalamh tionóntuithe é mar a mínítear san in alt 73 den Acht Talmhan, 1923, eiscithe o fhorálacha fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923, de bhuadh fo-ailt (2) den alt san, ar n-a leasú le halt 40 den Acht Talmhan, 1936, agus
(ii) go raghadh sé chun leasa na tíre géilleadh don iarratas san;
(c) deintear leis seo mír (d) den fho-alt san (1) den alt san 44 do leasú tré sna focail “agus gur ceart é d'ath-dhíol leis” atá anois sa mhír sin do scriosadh amach aisti;
(d) i gcás inar deimhin le Coimisiún na Talmhan, maidir le hiarratas fén bhfo-alt san (1) den alt san 44 (ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin), go bhféadfaí, ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo, géilleadh dhó i dtaobh coda den phaiste de thalamh nea-thionóntuithe le n-a mbainfidh an t-iarratas san, ach ní i dtaobh iomláine an phaiste sin, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más ceart san dar leo, géilleadh don iarratas san i dtaobh na coda san den phaiste sin agus ina thaobh san amháin, agus leis sin beidh feidhm agus éifeacht ag míreanna (a) agus (b) d'alt 43 den Acht Talmhan, 1936, fé is dá mba de bhuadh na míre sin (a) den alt san 43 a géillfí don iarratas san amhlaidh;
(e) má deintear, maidir le hiarratas fén bhfo-alt san (1) den alt san 44 (ar n-a leasú amhlaidh), géilleadh dhó i dtaobh iomláine an phaiste de thalamh nea-thionóntuithe le n-a mbainfidh an t-iarratas san no i dtaobh coda dhe agus (i gceachtar cás) go mbunófar riail-bhlianacht dá dhruim sin, ní raghaidh an riail-bhlianacht san—
(i) i gcás géilleadh don iarratas san i dtaobh iomláine an phaiste sin, thar an gcíos a bheidh curtha in áirithe, no thar an gcíos a bheidh á íoc agus á ghlacadh in ionad an chíosa bheidh curtha in áirithe, leis an deontas feirm-dhílse no an léas fé n-a mbeidh an paiste sin ar seilbh ag an iarratasóir ar dháta an orduithe ag géilleadh don iarratas san amhlaidh, no
(ii) i gcás géilleadh don iarratas san i dtaobh coda den phaiste sin agus ina thaobh san amháin, thar an gcuid den chíos san a chion-roinnfidh Coimisiún na Talmhan ar an gcuid sin den phaiste sin;
(f) athghairmtear leis seo na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá:—
(i) míreanna (b) agus (e) den fho-alt san (1) den alt san 44,
(ii) alt 42 agus mír (d) d'alt 43 den Acht Talmhan, 1936.
Cíos do chionroinnt fé alt 44 den Acht Talmhan, 1931.
48.—Má rinne Coimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith no má dheinid dá éis sin, ar iarratas no mar gheall ar iarratas fé fho-alt (1) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1931, an cíos, ar n-a chur in áirithe leis an deontas feirm-dhílse no leis an léas fé n-a mbeidh an paiste talmhan gur ina thaobh an t-iarratas san ar seilbh, do chionroinnt fé fho-alt (2) den alt san, ansan agus sa chás san, má bhíonn an talamh eile le n-a mbainfidh an deontas feirm-dhílse no an léas san agus ar a mbeidh cuid den chíos san cion-roinnte amhlaidh i dteideal a shlánuithe ag an bpaiste talmhan san i gcoinnibh iomláine an chíosa san no coda dhe, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas (i dteanta pé forálacha (más ann dóibh) díobh san atá san alt deiridh sin roimhe seo agus a bhaineann leis an gcás), sé sin le rá:—
(a) féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar iarratas o únaer no únaerí an tailimh eile sin agus tar éis fógra do thabhairt do gach páirtí le n-a mbainfidh, an socrú san do dhéanamh, i bhfuirm muirir ar an bpaiste talmhan san no ar shlí eile, a chífear dó do bheith cothrom chun an chirt shlánuithe sin do bhuan-choimeád;
(b) féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais tráth ar bith, ar iarratas aon pháirtí le n-a mbainfidh, an muirear a bheidh bunuithe no an socrú bheidh déanta aige fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so d'atharú in aon tslí chífear dó do bheith cothrom;
(c) déanfar an muirear san (más ann dó) a bheidh bunuithe fén alt so ar an bpaiste talmhan san d'áireamh i dtánaiste don tsuim bhliantúil no don bhlianacht a bheidh bunuithe ar an bpaiste talmhan san de dhruim an iarratais sin fé fho-alt (1) den alt san 44.
Alt 44 den Acht Talmhan, 1931, do bhaint le cíos-mhuirir áirithe.
49.—(1) Más rud é, ar iarratas fé alt 44 den Acht Talmhan, 1931, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin (ar a n-áirmhítear an tAcht so), gur deimhin le Coimisiún na Talmhan an paiste talmhan le n-a mbainfidh an t-iarratas san do bheith á shealbhú ag an iarratasóir fé réir cíos-mhuirir bhliantúil shíorraí do bunuíodh tríd an bpaiste talmhan san do dheonadh no do leithliú i mbith-dhílse agus do muirearuíodh leis an deonadh no leis an leithliú san ar an bpaiste talmhan san i bhfábhar an duine ba dheontóir sa deonadh no sa leithliú san, beidh feidhm ag an alt san 44, ar n-a leasú amhlaidh, maidir leis an bpaiste talmhan san fé is dá mba dheontas feirm-dhílse fé n-a mbeadh an paiste talmhan san á shealbhú an deonadh no an leithliú san agus fé is dá mba chíos feirm-dhílse ar n-a chur in áirithe leis an deontas feirm-dhílse sin an cíos-mhuirear bliantúil síorraí sin.
(2) Féadfar, tar éis an Achta so do rith, iarratas fé alt 44 den Acht Talmhan, 1931, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin (ar a n-áirmhítear an tAcht so), do dhéanamh agus géilleadh dhó fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus dá bhuadh d'ainneoin an paiste talmhan le n-a mbainfidh an t-iarratas san do bheith ina abhar d'iarratas fén alt san 44, ar n-a leasú amhlaidh, do rinneadh roimh an Acht so do rith agus dar diúltuíodh ar an bhforas ná raibh an paiste talmhan san á shealbhú fé dheontas feirm-dhílse ná fé aon léas den tsórt a luaidhtear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt san 44.
Riaráiste rátaí i gcásanna ceannaigh toildheonaigh.
50.—I gcás có-aontú do bheith déanta ag Coimisiún na Talmhan chun talamh nea-thionóntuithe do cheannach, beidh feidhm agus éifeacht ag alt 18 den Acht Talmhan, 1927, agus ag alt 41 den Acht Talmhan, 1931, maidir leis an talamh san fé mar atá feidhm agus éifeacht ag na hailt sin maidir le talamh nea-thionóntuithe thagann chun bheith dílsithe i gCoimisiún na Talmhan fén Acht Talmhan, 1923, ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar tagairtí sna hailt sin don lá cheaptha do léiriú agus go mbeidh éifeacht acu mar thagairtí do dháta Choimisiún na Talmhan d'fháil seilbhe ar an talamh san.
Muirir chothabhála dréineála d'fhuascailt.
51.—(1) D'ainneoin éinní atá in alt 16 den Irish Land Act, 1903, no in aon achtachán eile—
(a) déanfar, le linn dáiliú do bheith á dhéanamh tar éis an Achta so do rith ar airgead ceannaigh aon tailimh is talamh, pe'ca tionóntuithe no nea-thionóntuithe dhó, ar n-a dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith no dá éis sin, aon mhuirear cothabhála dréineála bhí no bheidh ag déanamh deifre do leas dílseánaigh an tailimh sin ar dháta a dhílsithe i gCoimisiún na Talmhan d'fhuascailt as an airgead ceannaigh sin, marab é an dílseánach san ceannuitheoir an tailimh sin freisin, agus
(b) déanfar, le linn dáiliú do bheith á dhéanamh ar phraghas ath-thógainte aon ghabháltais ar n-a ath-thógaint ag Coimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith no dá éis sin, aon mhuirear cothabhála dréineála bhí no bheidh ag déanamh deifre do leas dílseánaigh an ghabháltais sin ar dháta Choimisiún na Talmhan dá ath-thógaint d'fhuascailt as an bpraghas ath-thógainte sin.
(2) Is le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe bheidh praghas fuascailte muirir chothabhála dréineála iníoctha agus beidh admháil na gCoimisinéirí sin ina glanadh mhaith dhóthanach ar an bpraghas san agus, i gcás an muirear cothabhála dréineála san do bheith ina mhuirear ar chistí comhairle contae no contae-bhuirge, luadhfaidh agus déanfaidh na Coimisinéirí sin, le hordú fé n-a gcóshéala, na leasuithe san ordú muirearuithe, gur dá bhuadh a bheidh an muirear cothabhála dréineála san ann, is dóich leo is oiriúnach ag féachaint d'fhuascailt an mhuirir chothabhála dréineála san.
(3) Tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “dílseánach” san alt so atá leis an bhfocal “proprietor” sna hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924.
(4) Athghairmtear leis seo alt 45 den Acht Talmhan, 1936.
Suimeanna bliantúla agus suimeanna breise d'fhuascailt.
52.—Féadfar suimeanna bliantúla agus suimeanna breise—
(a) is iníoctha ag ceannuitheoirí gabháltaisí gur tuigthe có-aontuithe ceannaigh do bheith déanta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun iad do cheannach, no
(b) is iníoctha ag tionóntaithe gabháltaisí coinnithe nach tuigthe có-aontuithe ceannaigh do bheith déanta chun iad do cheannach, no
(c) is iníoctha ag tionóntaithe gabháltaisí bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga bheidh foillsithe de bhun ailt 23 den Acht Talmhan, 1931, no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe a bheidh foillsithe no is tuigthe do bheith foillsithe de bhun ailt 24 den Acht san ar n-a leasú le halt 33 den Acht Talmhan, 1936,
d'fhuascailt, agus is tuigthe gurbh fhéidir riamh iad d'fhuascailt, i bpáirt no go hiomlán, le toiliú Choimisiún na Talmhan fé is dá mba bhlianachtaí ceannaigh iad, agus dá réir sin na forálacha de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh a bhaineann le blianachtaí ceannaigh d'fhuascailt agus le suimeanna, ar n-a n-íoc ag tionóntacheannuitheoirí chun blianachtaí ceannaigh d'fhuascailt, d'íoc isteach i gciste na mblianachtaí ceannaigh no i gciste na mbannaí talmhan bainfid, agus is tuigthe gur bhaineadar riamh, leis na suimeanna bliantúla agus na suimeanna breise sin d'fhuascailt agus le hairgead, ar n-a íoc chun na suimeanna san d'fhuascailt, d'íoc isteach sa chiste oiriúnach.
Fo-thionóntaithe gabháltaisí dá iarraidh go dtabharfaí mion-innste do Choimisiún na Talmhan.
53.—(1) Féadfaidh fo-thionónta, adeir go bhfuil sé i dteideal dearbhú d'fháil o Choimisiún na Talmhan á dhearbhú gur tuigthe gurb é is tionónta ar iomlán ghabháltais no ar an gcuid sin de atá á shealbhú aige agus fós adeir nár tugadh mion-innste i dtaobh na fo-thionóntachta so do Choimisiún na Talmhan fé fho-alt (1) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923, agus ná dearnadh an gabháltas san go ndeir sé go bhfuil fo-thionóntacht aige air no ar chuid de do luadh in aon liost foillsithe de ghabháltaisí dílsithe, a iarraidh ar Choimisiún na Talmhan sa tslí orduithe ordú do dhéanamh á cheangal ar thiarna talmhan no ar thionónta an ghabháltais sin na mion-innste i dtaobh an ghabháltais sin agus i dtaobh na bhfothionóntachtaí air do thabhairt do Choimisiún na Talmhan do réir an fho-ailt sin.
(2) Déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) breith do thabhairt ar gach iarratas fén alt so fé réir chirt athchomhairc chun an Bhínse Athchomhairc.
(3) Ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar athchomharc fén alt so ach amháin go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraighe ar cheisteanna dlí.
Comhacht chun riarthóirí teoranta do cheapadh agus chun ionadaithe tionóntaithe agus únaerí d'ainmniú i gcásanna áirithe.
54.—(1) Má eiríonn aon deacracht in imeachta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh de bhíthin duine le n-a mbaineann an t-alt so do bheith tar éis bháis agus gan aon ionadaí pearsanta dlíthiúil don duine mharbh san do bheith ann no gan seirbhísí ionadaí phearsanta dhlíthiúil an duine mhairbh sin do bheith ar fáil go caothúil chun crícheanna na n-imeacht san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh Coimisiún na Talmhan, ar na téarmaí agus na coinníollacha san (más ann dóibh) is ceart dar leo, duine ceart éigin do cheapadh chun bheith ina riarthóir ar estát phearsanta an duine mhairbh sin chun crícheanna na n-imeacht san agus chuige sin amháin,
(b) an duine sin a ceapfar amhlaidh déanfaidh, chun crícheanna na n-imeacht san, an duine marbh san d'ionadú fé is dá mbeadh an duine marbh san tar éis bháis d'fháil gan uacht do dhéanamh agus go mbeifí tar éis leitreacha riaracháin a estáit phearsanta do dheonadh go cuibhe don duine sin a ceapfar amhlaidh,
(c) féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más oiriúnach leo é, an gabháltas no an paiste bheidh i gceist do dhílsiú sa duine sin a ceapfar amhlaidh.
(2) Má eiríonn aon deacracht in imeachta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh de bhíthin duine le n-a mbaineann an t-alt so do bheith as láthair no fé mhí-chumas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh Coimisiún na Talmhan duine d'ainmniú chun an duine sin a bheidh as láthair no fé mhí-chumas d'ionadú chun crícheanna na n-imeacht san,
(b) beidh an duine sin a hainmneofar amhlaidh i dteideal gach gníomh do dhéanamh is gá chun crícheanna na n-imeacht san fé is dá mbeadh comhacht atúrnae deonta dhó ag an duine sin a bheidh as láthair no fé mhíchumas,
(c) féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más oiriúnach leo é, an gabháltas no an paiste bheidh i gceist do dhílsiú sa duine sin a hainmneofar amhlaidh.
(3) Má dhílsíonn Coimisiún na Talmhan gabháltas no paiste i nduine ceapfar fén alt so chun bheith ina riarthóir ar estát phearsanta dhuine mhairbh no a hainmneofar fén alt so chun duine bheidh as láthair no fé mhí-chumas d'ionadú, beidh an leas a dílseofar amhlaidh ina nódadh ar leas an duine mhairbh sin no an duine sin a bheidh as láthair no fé mhí-chumas (do réir mar a bheidh).
(4) Baineann an t-alt so le gach duine—
(a) is tionónta ar ghabháltas a bheidh luaidhte i liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga bheidh foillsithe fé alt 23 den Acht Talmhan, 1931, no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe bheidh foillsithe no is tuigthe do bheith foillsithe fé alt 24 den Acht san ar n-a leasú le halt 33 den Acht Talmhan, 1936, no
(b) is tionónta ar ghabháltas (nach gabháltas a bheidh luaidhte in aon liost den tsórt san de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga) ar estát do haistríodh leis an Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 (Uimh. 27 de 1923), o Bhord na gCeanntar gCumhang a bhí ann le déanaí go dtí Coimisiún na Talmhan no bheidh ceannuithe ag Coimisiún na Talmhan fé chomhachta do haistríodh leis an Acht san ón mBord san go dtí Coimisiún na Talmhan, no
(c) is tionónta no is únaer ar ghabháltas no ar phaiste talmhan a bheidh beartuithe do mhalairtiú ar thalamh eile no do chódhlúthú leis, no
(d) is tionónta no is únaer ar ghabháltas no ar phaiste talmhan go mbeidh beartuithe ag Coimisiún na Talmhan dul fé chaiteachas i bhfuirm roimh-íoca no saor-dheontais chun tairbhe dhó no chun é fheabhsú.
(5) Ní déanfar aon cheapachán tar éis an Achta so do rith fé alt 1 den Acht Talmhan, 1929, ná fé alt 20 den Acht Talmhan, 1936.
Comhacht do Choimisiún na Talmhan chun cúrsaí uisce nua agus dréineanna nua do dhéanamh.
55.—(1) Pé uair is dóich leis na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) é bheith riachtanach no oiriúnach, chun aon talamh d'fheabhsú go mbeifear tar éis é cheannach no tar éis có-aontú é cheannach tráth ar bith (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, cúrsaí uisce nua no dréineanna nua do dhéanamh tré thailte eile agus é bheith réasúnta, sa chás, na cúrsaí uisce no na dréineanna san do dhéanamh tríd na tailte eile sin, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin le hordú comhacht do thabhairt do Choimisiún na Talmhan chun dul isteach ar na tailte eile sin agus na cúrsaí uisce sin no na dréineanna san a luadhfar san ordú san do dhéanamh san áit sin maraon leis na nithe uile sin, ar a n-áirmhítear cré do thógaint chun siúil, is gá chun na gcúrsaí uisce no na ndréineanna san do dhéanamh no ghabhann le n-a ndéanamh.
(2) Gach ordú déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so is tar éis toiliú d'fháil o únaer an tailimh ar a mbeidh na cúrsaí uisce no na dréineanna le déanamh fén ordú san, no tar éis na bhfógraí orduithe do sheirbheáil agus na bhfiosruithe orduithe do dhéanamh, a déanfar é agus beidh ann, i gceachtar cás, na téarmaí sin, i dtaobh cúitimh no eile, is gá do réir chúrsaí an cháis.
(3) Maran mó ná caoga punt an cúiteamh a bheidh iníoctha do réir orduithe fén alt so as talamh ar bith, féadfar an cúiteamh san d'íoc leis an duine chuirfidh ina luighe ar Choimisiún na Talmhan go raibh sé féin no a roimh-shealbhadóirí teidil i seilbh an tailimh sin ar feadh sé mblian ar a laighead díreach roimh dháta an orduithe sin.
(4) Luighfidh athchomharc chun an Bhínse Athchomhairc i gcoinnibh gach orduithe déanfar fén alt so ar shlí seachas tar éis toiliú d'fháil o únaer an tailimh go n-údarófar leis an ordú san cúrsaí uisce no dréineanna do dhéanamh air, agus ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar aon athchomharc den tsórt san ach amháin go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraighe ar cheisteanna dlí.
Leathnú do dhéanamh ar chomhacht Choimisiún na Talhan chun ceartanna uisce do bhronnadh.
56.—Na comhachta bronntar ar Choimisiún na Talmhan le halt 38 (alt a bhaineann le ceartanna uisce do bhronnadh) den Acht Talmhan, 1931, maidir le háiteanna uisce ar thalamh go mbeifear tar éis é dhíol no tar éis có-aontú é dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, deintear leis seo iad do chur i mbaint le háiteanna uisce (do réir bhrí an ailt sin) ar thailte ná beifear tar éis iad do dhíol ná có-aontú iad do dhíol amhlaidh, agus beid infheidhmithe maidir leis an gcéanna, agus chuige sin—
(a) is tuigthe na focail “a díoladh no do haontuíodh do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh” do bheith fágtha ar lár as fo-alt (1) den alt san 38, agus
(b) déanfar na focail “do díoladh no do haontuíodh do dhíol amhlaidh” atá sa bhfo-alt san (1) do léiriú mar fhocail a thagrann do dhíol no do chó-aontú chun díola fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh.
Comhachta Choimisiún na Talmhan chun crícheanna daingnithe ghainimhe.
57.—(1) Má chítear do Choimisiún na Talmhan díobháil do bheith á déanamh no gur deallrathach go ndéanfar díobháil do thalamh ar bith de dheascaibh gaineamh do bheith á séideadh no ag síobadh isteach ar an talamh san, pe'ca o chuid den talamh san féin no o thalamh eile é, agus go gcinnfidh Coimisiún na Talmhan obair (dá ngairmtear daingniú gainimhe san alt so) do ghabháil le n-a n-ais agus do dhéanamh chun séideadh no síobadh na gainimhe sin do chosc, is dleathach do Choimisiún na Talmhan gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh chun críche an daingnithe ghainimhe sin, sé sin le rá:—
(a) aon talamh no aon éasáid no ceart eile ar aon talamh no maidir leis do thógaint go héigeanta go ceann tréimhse áirithe;
(b) feidhmiú aon éasáide no cirt eile ar aon talamh no maidir leis do chur ar fiunraoi go ceann tréimhse áirithe no do shrianadh no cur isteach air ar shlí eile ar feadh tréimhse áirithe;
(c) aon bhóthar no bealach no droichead no bealach uisce, puiblí no príobháideach, do dhúnadh no do chlaonadh go ceann tréimhse áirithe no cur isteach air ar shlí eile ar feadh tréimhse áirithe.
(2) Pé uair a bheartóidh Coimisiún na Talmhan comhacht a bheirtear dóibh leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so d'fheidhmiú, foillseoidh Coimisiún na Talmhan fógra san Iris Oifigiúil á rá go bhfuilid ar intinn an chomhacht san d'fheidhmiú agus—
(a) ina luadhfar an talamh no an éasáid no an ceart, a bheidh beartuithe do thógaint go héigeanta, no an éasáid no an ceart, go mbeidh beartuithe cur isteach ar a fheidhmiú. no an bóthar no an bealach no an droichead no an bealach uisce, go mbeidh beartuithe cur isteach air, do réir mar a bheidh, agus
(b) ina mbeidh, i gcás é bheith beartuithe cur isteach do dhéanamh ar éasáid no ceart no bóthar no bealach no droichead no bealach uisce, na mion-innste i dtaobh an churtha isteach san, agus
(c) ina luadhfar an tréimhse gur go dtí n-a ceann no gur ar a feadh a bheidh beartuithe an tógaint éigeanta san no an cur-isteach san do dhéanamh, agus
(d) ina luadhfar an tslí ina bhféadfar agus an t-am gur laistigh di féadfar agóidí, i gcoinnibh na comhachta san d'fheidhmiú mar a bheidh beartuithe, do lóisteáil.
(3) Ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan comhacht a bheirtear dóibh leis an alt so d'fheidhmiú, maidir le talamh is tráigh mhara do réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 (Uimh. 12 de 1933), ach amháin tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.
(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc) breith do thabhairt ar gach agóid a déanfar go cuibhe i gcoinnibh Coimisiún na Talmhan d'fheidhmiú comhachta bheirtear dóibh leis an alt so agus, má bhíonn agus nuair a bheidh an bhreith dheiridh tugtha ar na hagóidí uile (más ann dóibh) den tsórt san no má bhíonn agus nuair a bheidh an t-am chun na n-agóidí sin do dhéanamh caithte gan aon agóid den tsórt san do bheith déanta go cuibhe, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, pe'ca bheidh an cúiteamh no an praghas déanta amach no ná beidh, an t-ordú san do dhéanamh is gá chun na comhachta san d'fheidhmiú agus a húdaruítear leis an alt so.
(5) Ordú dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan fén alt so, déarfaidh go ndeineann agus déanfaidh pé ní no nithe acu so leanas is oiriúnach, sé sin le rá:—
(a) an talamh no an éasáid no an ceart do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan go ceann agus ar feadh tréimhse áirithe;
(b) feidhmiú na héasáide no an chirt do chur ar fiunraoi go ceann agus ar feadh tréimhse áirithe;
(c) a údarú do Choimisiún na Talmhan feidhmiú na héasáide no an chirt do shrianadh no cur isteach air go ceann agus ar feadh tréimhse áirithe;
(d) a údarú do Choimisiún na Talmhan an bóthar no an bealach no an droichead no an bealach uisce do dhúnadh, do chlaonadh no cur isteach air ar shlí eile go ceann agus ar feadh tréimhse áirithe.
(6) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an bpraghas no an cúiteamh a bheidh le n'íoc ag Coimisiún na Talmhan alos Coimisiún na Talmhan d'fheidhmiú comhachta bheirtear dóibh leis an alt so, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas na baill den Bhínse Athchomhairc), cheal có-aontuithe, an praghas no an cúiteamh san do cheapadh;
(b) luighfidh athchomharc chun an Bhínse Athchomhairc i gcoinnibh orduithe o sna Coimisinéirí Tuaithe ag ceapadh an phraghais no an chúitimh sin, agus ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar an athchomharc san;
(c) is in airgead a híocfar an praghas no an cúiteamh san agus féadfa sé bheith ina chnap-shuim no ina chíos no ina íocaíocht bhliantúil eile;
(d) má bhíonn an praghas no an cúiteamh san ina chnap-shuim, lóisteálfar é chun creidiúna an chúrsa agus dáileoidh an Coimisinéir Breithiúntais é fé is dá mb'é an praghas ar thalamh ar n-a cheannach fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh é;
(e) má bhíonn an praghas no an cúiteamh san ina chíos no ina íocaíocht bhliantúil eile, déanfar, cheal có-aontuithe, é íoc leis an duine sin a chinnfidh an Coimisinéir Breithiúntais;
(f) is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar an praghas no an cúiteamh san, pe'ca ina chnap-shuim no ina chíos no ina íocaíocht bhliantúil dó.
Toirmeasc ar an uachtar do bhaint de thalamh áirithe.
58.—(1) Ní bhaineann an t-alt so ach le talamh go mbeifear tar éis a iomlán no scair nea-roinnte no scaireanna nea-roinnte dhe do cheannach, no có-aontú é no iad do cheannach, fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus a bheidh ar únaeracht ag beirt daoine no níos mó mar chó-thionóntaithe no mar thionóntaithe páirteacha.
(2) Pé uair a chífear do Choimisiún na Talmhan go dtáinig no gur deallrathach go dtiocfaidh, as an uachtar do bhaint d'aon talamh no de chuid d'aon talamh le n-a mbaineann an t-alt so, díobháil don talamh san tré n-a mhín-tíriú no a fhoraoisiú no a shaothrú no a úsáid ar shlí eile san am le teacht do dhocharú, féadfaidh Coimisiún na Talmhan le hordú a ordú gan an t-uachtar do bhaint den talamh san.
(3) Ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan ordú fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so ach amháin—
(a) tar éis an fhógra orduithe do thabhairt sa tslí orduithe i dtaobh iad do bheith ar intinn an t-ordú san do dhéanamh, agus
(b) tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála i gcás an talamh san no aon chuid de do bheith ina thráigh mhara do réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 (Uimh. 12 de 1933).
(4) Má bhaineann duine ar bith an t-uachtar d'aon talamh contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan fén alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar punt do chur air in aghaidh gach slaite cearnaighe den talamh san dá mbainfear an t-uachtar amhlaidh.
Paiste do dhíol fé alt 4 den Irish Land Act,1903, ar shlí seachas tré roimh-íoc.
59.—(1) Má díoltar paiste talmhan le hiontaobhaithe chun aon chríche dá luaidhtear in alt 4 den Irish Land Act, 1903, no san alt san ar n-a leathnú le halt 18 den Irish Land Act, 1909, no le halt 69 den Acht Talmhan, 1923, no le halt 33 den Acht Talmhan, 1933, féadfaidh na hiontaobhaithe sin an paiste sin do cheannach ar shlí seachas tré roimh-íoc fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh.
(2) Má dheineann iontaobhaithe, de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, paiste talmhan do cheannach ar shlí seachas tré roimhíoc fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha ailt 20 den Irish Land Act, 1903, agus ag na forálacha oiriúnacha den alt san 18 den Irish Land Act, 1909, agus den alt san 69 den Acht Talmhan, 1923, maidir leis an díol agus leis an gceannach san.
Alt 31 den Acht Talmhan, 1923, do leasú.
60.—Beidh fo-alt (2) d'alt 31 den Acht Talmhan, 1923 (ach amháin an méid sin den fho-alt san a cheanglann ar Choimisiún na Talmhan deimhin do dhéanamh de ná fuil iarratasóir ar intinn an talamh do dhíol, do chur ar cíos ná do shannadh) gan feidhm i gcás aon díola fén alt san 31 gur deimhin le Coimisiún na Talmhan ina thaobh, ag féachaint do shaghas no do chineál an phaiste thalmhan is abhar don díol no ag féachaint don chrích chun a mbeidh sé á cheannach, forálacha fo-ailt (2) den alt san 31 (ach amháin mar adubhradh) do bheith neamh-oiriúnach agus nár cheart feidhm do bheith acu maidir leis.
Roimh-íocanna ar thithe i i mbailte no i sráid-bhailte d'ath-dhíol.
61.—(1) Ar ghabháltas is tigh (agus gáirdín no plásán talmhan den tsamhail sin ag gabháil leis no gan a bheith i mbaile no i sráidbhaile d'ath-dhíol, féadfaidh Coimisiún na Talmhan roimh-íoc do dhéanamh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh le ceannuitheoir an ghabháltais sin ar an ath-dhíol san d'ainneoin gan an ceannuitheoir sin do bheith i seilbh an ghabháltais sin no gan é bheith ach i seilbh coda dhe.
(2) Beidh roimh-íoc a déanfar fén alt so ion-aisíoctha tré bhlianacht cheannaigh den tsaghas chéanna do bhainfeadh leis an roimh-íoc san dá mbeadh an ceannuitheoir le n-a ndearnadh é i seilbh an ghabháltais.