[EN]

Uimhir 38 de 1933.


[EN]

ACHT TALMHAN, 1933.


ACHT CHUN AN DLÍ, AN AIRGEADAIS, AGUS AN CHLEACHTA BHAINEAS LE CEANNACH TALMHAN DO LEASÚ GO GENERÁLTA, AGUS GO SONNRÁCH CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHASA DO DHÉANAMH CHUN FEIDHMEANNA COIMISINÉIRÍ BREITHIÚNTAIS AGUS TUAITHE CHOIMISIÚIN NA TALMHAN D'FHEIDHMIÚ AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN BLIANACHTAÍ CEANNAIGH AGUS ÍOCAÍOCHTAÍ BLIANTÚLA ÁIRITHE EILE D'ATHSCRÚDÚ AGUS CHUN FIACHA GO nUS DO DHÉANAMH DE RIARÁISTE AN CHÉANNA, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [13adh Deire Fómhair, 1933.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

1.—(1) Féadfar an tAcht Talmhan, 1933, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é do luadh i dteanta na nAchtanna san.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte agus Iascaigh;

[EN]

cialluíonn an abairt “an chéad lá gála sa bhliain 1933” an chéad lá sa bhliain 1933 is lá gála alos na blianachta, an chíosa, an úis, no na híocaíochta bliantúla eile gur ina thaobh no ina taobh a húsáidtear an abairt;

[EN]

foluíonn an abairt “oifigeach do Choimisiún na Talmhan” Coimisinéir Talmhan seachas an Coimisinéir Breithiúntais;

[EN]

cialluíonn an abairt “Coimisinéir Tuaithe” Coimisinéir Talmhan seachas an Coimisinéir Breithiúntais;

[EN]

déanfar tagairtí d'imeachta chun aon bhlianachta, cíosa, úis, no íocaíochta bliantúla eile do bhaint amach do léiriú mar thagairtí fholuíonn díol no imeachta chun díolta an ghabháltais, na tionóntachta no an tailimh eile mar gheall ar fhaillí do thabhairt in íoc na blianachta, an chíosa, an úis, no na híocaíochta bliantúla eile sin.

[EN]

Rialacha agus rialacháin ghenerálta.

3.—(1) Féadfaidh an tAire, le có-aontú móráirimh choiste ar a mbeidh an Coimisinéir Breithiúntais, Rúnaí Choimisiúin na Talmhan, agus Coimisinéir Tuaithe bheidh ceaptha chuige sin ag an Aire, agus tar éis do dul i gcomhairle le hUachtarán an Dlí-Chumainn Ionchorpruithe, rialacha do dhéanamh chun forálacha (seachas na forálacha i dtaobh airgeadais thalamhcheannaigh) na nAchtanna Talamh-Cheannaigh le n-a n-áirmhítear an tAcht so (ach amháin Cuid II dhe) do chur in éifeacht agus san Acht so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe leis na rialacha san.

[EN]

(2) Féadfar, le rialacha déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, aon riail a bheidh déanta fé aon cheann de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ach amháin rialacha i dtaobh airgeadais thalamh-cheannaigh, do cheiliúradh i bpáirt no go hiomlán no do leasú.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Airgid rialacha agus rialacháin do dhéanamh chun na bhforálacha den Acht so i dtaobh airgeadais thalamh-cheannaigh do chur in éifeacht, agus féadfaidh, leis na rialacha no na rialacháin sin, aon fhoráil i dtaobh airgeadais thalamh-cheannaigh atá in Acht ar bith do ritheadh roimh an Acht so do chur in oiriúint d'éilimh an Achta so.

[EN]

Costaisí.

4.—(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná fuil aon tsocrú eile ina chóir san Acht so.

[EN]

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach íocaíocht a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan agus gach costas fé n-a raghaid chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná fuil aon tsocrú eile ina gcóir san Acht so.

[EN]

CUID II.

An tAire agus an Binse Athchomhairc.

[EN]

Tosach feidhme na Coda so den Acht so.

5.—(1) Tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh pé lá cheapfaidh an tAire, le hordú, chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén alt so chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

Comhachta an Aire maidir le Coimisiún na Talmhan agus leis na Coimisinéirí Tuaithe.

6.—(1) Beidh na nithe seo leanas ina nithe eiscithe chun crícheanna an ailt seo agus déanfar san alt so an abairt “nithe eiscithe” do léiriú dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a chinneadh cé hiad na daoine o n-a dtógfar no o n-a n-ath-thógfar talamh;

[EN]

(b) a chinneadh cad iad na tailte áirithe tógfar no a háth-thógfar;

[EN]

(c) a chinneadh cadé an praghas a híocfar ar thalamh a tógfar no a háth-thógfar amhlaidh;

[EN]

(d) a chinneadh cé hiad na daoine toghfar chun tailimh neathionóntuithe thabhairt dóibh;

[EN]

(e) a chinneadh cadé an praghas ar a ndíolfar talamh le haon duine den tsórt san;

[EN]

(f) a chinneadh cadé an gabháltas nua cuirfear ar fáil do thionónta no do dhílseánach go mbeidh a ghabháltas tógtha ag Coimisiún na Talmhan;

[EN]

(g) a chinneadh ce'ca bhí gabháltas á úsáid ag á thionónta mar ghnáth-fheirm do réir slite cearta feirmeoireachta no ná raibh.

[EN]

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin is fé orduithe agus do réir ordú, generálta no sonnrách, an Aire a ghníomhóidh Coimisiún na Talmhan, i bhfeidhmiú agus i gcólíonadh na gcomhacht agus na ndualgas a bheidh de thurus na huaire dílsithe ionta do réir dlí (le n-a n-áirmhítear an tAcht so), agus a ghníomhóidh na Coimisinéirí Tuaithe, i bhfeidhmiú agus i gcólíonadh na gcomhacht agus na ndualgas a bheidh de thurus na huaire dílsithe ionta go sainiúil do réir dlí (le n-a n-áirmhítear an tAcht so), maidir le gach ní nách ní eiscithe, agus beidh ag an Aire lán-chomhacht gan srian chun rialáil agus stiúradh do dhéanamh ar gach feidhmiú no cólíonadh agus ar aon fheidhmiú no cólíonadh dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí Tuaithe (pe'ca aca é) ar aon chomhacht no dualgas den tsórt san ná baineann le ní eiscithe agus beidh aige fós comhacht chun cearta do choimeád aige féin maidir le ceadú agus nea-cheadú no le hathbhreithniú, athscrúdú, agus daingniú do dhéanamh ar gach gníomh no ar aon ghníomh a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí Tuaithe agus ná baineann le ní eiscithe, agus féadfaidh, más dóich leis agus sa mhéid gur dóich leis san do bheith ceart, an dá chomhacht san d'fheidhmiú.

[EN]

(3) Gach comhacht agus dualgas a bheidh de thurus na huaire dílsithe do réir dlí (le n-a n-áirmhítear an tAcht so) i gCoimisiún na Talmhan no sna Coimisinéirí Tuaithe maidir le ní eiscithe, déanfar, an lá ceaptha agus dá éis sin, iad d'fheidhmiú agus do chólíonadh ar gach slí fé is dá mba ná hachtófaí an t-alt so, ach—

[EN]

(a) aon athchomharc a luighfidh do réir dlí (le n-a n-áirmhítear an tAcht so) i gcoinnibh breithe ar ní eiscithe is chun an Bhínse Athchomhaire a luighfidh, agus

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, más dóich leis agus sa mhéid gur dóich leis san do bheith ceart, a shocrú, do réir cinéil no cinéal na gcás no do réir na contae no na gcontae ina mbeidh an talamh a bheidh i gceist, cadé an tslí ina ndéanfar roinnt idir na Coimisinéirí Tuaithe ar a gcuid oibre maidir leis na nithe eiscithe, ach ní har chuma d'fhágfadh aon chás no talamh áirithe fé aon Choimisinéir Tuaithe áirithe.

[EN]

(4) Ní bhainfidh éinní atá san alt so leis an gCoimisinéir Breithiúntais ná leis an mBínse Athchomhairc ná ní oibreoidh chun aon chomhachta ná smachta de shaghas ar bith do thabhairt don Aire ar fheidhmiú ná maidir le feidhmiú a fheidhmeanna ag an gCoimisinéir Breithiúntais ná ar fheidhmiú ná maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna ag an mBínse Athchomhairc.

[EN]

An Bínse Athchomhairc.

7.—(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin beidh an Coimisinéir Breithiúntais, agus beirt Choimisinéirí Tuaithe bheidh ainmnithe chuige sin ag an Ard-Chomhairle, ina mbínse, ar a dtabharfar mar ainm agus dá ngairmtear san Acht so an Bínse Athchomhairc, chun éisteacht do dhéanamh agus chun breith do thabhairt ar gach iarratas, ní agus rud a húdaruítear leis an Acht so no a húdarófar ina dhiaidh seo do thabhairt fé n-a mbráid.

[EN]

(2) Beidh gach Coimisinéir Tuaithe ceapfar chun bheith ina bhall den Bhínse Athchomhairc i seilbh a oifige mar bhall den tsórt san do réir na sealbhaíochta céanna gur dá réir a bhíonn Breitheamh den Chúirt Chuarda i seilbh a oifige mar Bhreitheamh den tsórt san.

[EN]

(3) Pé uair is deimhin leis an Ard-Chomhairle ná fuil ar chumas bhaill den Bhínse Athchomhairc seachas an Coimisinéir Breithiúntais a dhualgaisí mar bhall den tsórt san do chólíonadh go ceann tamaill toisc é bheith breoite no é bheith as láthair ar laetheanta saoire no toisc leor-chúise eile, féadfaidh an Ard-Chomhairle Coimisinéir Tuaithe eile do cheapadh chun bheith ina bhall den Bhínse Athchomhairc le linn an mhí-chumais shealadaigh sin, agus gach Coimisinéir Tuaithe ceapfar amhlaidh beidh sé, faid a mhairfidh an ceapachán san a bheidh aige, i seilbh oifige mar bhall den tsórt san do réir na sealbhaíochta céanna gur dá réir a bhíonn Breitheamh den Chúirt Chuarda i seilbh a oifige mar Bhreitheamh den tsórt san.

[EN]

(4) Isé an Coimisinéir Breithiúntais a bheidh i gceannas ag gach suidhe den Bhínse Athchomhairc.

[EN]

(5) Gach ceist a bheidh os cóir an Bhínse Athchomhairc is do réir barúla móráirimh de bhaill an bhínse do bhéarfar breith uirthi, ach i gcás aon cheiste is dóich leis an gCoimisinéir Breithiúntais, le có-aontú baill eile no an dá bhall eile den Bhínse, is ceist dlí is le barúil an Choimisinéara Bhreithiúntais uirthi a glacfar.

[EN]

(6) Luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh gach breithe do bhéarfaidh an Bínse Athchomhairc á chinneadh ceist a bheidh fé n-a mbráid do bheith ina ceist dlí no gan a bheith, agus chuige sin, pé uair do bhéarfaidh an Bínse Athchomhairc breith á chinneadh ceist a bheidh fé n-a mbráid do bheith ina ceist dlí no gan a bheith, déarfar san ordú dhéanfaidh an Bínse Athchomhairc i dtaobh na ceiste sin a bheidh fé n-a mbráid amhlaidh gur tugadh an bhreith sin agus ce'ca cinneadh an cheist do bhí fé n-a mbráid amhlaidh do bheith ina ceist dlí no cinneadh gan í bheith ina ceist dlí.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire, le có-aontú móráirimh de choiste ar a mbeidh an Coimisinéir Breithiúntais, Rúnaí Choimisiúin na Talmhan, Coimisinéir Tuaithe bheidh ceaptha chuige sin ag an Aire, abhcóide ag cleachtadh a ghairme agus a bheidh ainmnithe ag Comhairle Abhcóidí Shaorstáit Éireann, agus Uachtarán an Dlí-Chumainn Ionchorpruithe, rialacha do dhéanamh ag rialáil agus ag ordú cleachta agus nós-imeachta an Bhínse Athchomhairc.

[EN]

Iarrataisí chun an Bhínse Athchomhairc i bhfuirm athchomharc fén Acht so no fé aon Acht ina dhiaidh seo.

8.—(1) Pé uair, an lá ceaptha no dá éis sin, a déanfar ordú no ní i bhfeidhmiú comhachta bronntar leis an Acht so (seachas an Chuid seo dhe) no le haon Acht ar n-a rith tar éis an Achta so agus a tugtar, leis an Acht so (seachas an Chuid seo dhe) no le haon Acht ar n-a rith tar éis an Achta so, ceart nea-theoranta chun athchomhairc do dhéanamh no ceart teoranta chun athchomhairc do dhéanamh chun an Bhínse Athchomhairc i gcoinnibh na comhachta san d'fheidhmiú i gcás áirithe féadfaidh éinne ar a ngoillfidh déanamh an orduithe no an ní sin faoiseamh d'iarraidh ar an mBínse Athchomhairc ón bhfeidhmiú san ar an gcomhacht san ach, i gcás cirt teoranta chun athchomhairc do dhéanamh, ní hiarrfar ach pé faoiseamh atá laistigh den cheart teoranta san.

[EN]

(2) Déanfaidh an Bínse Athchomhairc gach iarratas a déanfar chúcha fén alt so d'éisteacht agus breith do thabhairt air, agus féadfaid pé faoiseamh do thabhairt dá dhruim no pé ordú eile do dhéanamh ina thaobh is dóich leis an mBínse Athchomhairc do bheith cóir agus cothrom.

[EN]

Athchomhairc d'aistriú ón gCoimisinéir Breithiúntais go dtí an Bínse Athchomhairc.

9.—(1) Ní luighfidh aon athchomharc chun an Choimisinéara Bhreithiúntais, an lá ceaptha agus dá éis sin, i gcoinnibh orduithe ar n-a dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan no ag na Coimisinéirí Talmhan seachas an Coimisinéir Breithiúntais ach, ina ionad san, pé uair a luighfeadh aon athchomharc den tsórt san an lá ceaptha no dá éis sin dá mba ná hachtófaí an t-alt so, luighfidh athchomharc den tsórt chéanna chun an Bhínse Athchomhairc i gcásanna ná deineann an Chuid seo den Acht so aon tsocrú eile ina gcóir.

[EN]

(2) Gach athchomharc chun an Choimisinéara Bhreithiúntais a déanfar roimh an lá ceaptha ach ná beidh tosnuithe ar é d'éisteacht roimh an lá ceaptha tuigfear gur athchomharc chun an Bhínse Athchomhairc é agus déanfar é d'éisteacht agus breith do thabhairt air dá réir sin.

[EN]

(3) San alt so foluíonn an abairt “ordú ar n-a dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan” ordú ar n-a dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan fé alt 3 den Acht Foraoiseachta, 1928 (Uimh. 34 de 1928), agus breith ar n-a tabhairt ag Coimisiún na Talmhan fé alt 4 d'Acht na Mianach agus na Minearál, 1931 (Uimh. 54 de 1931).

[EN]

Athchomhairc i gcoinnibh orduithe an Bhínse Athchomhairc.

10.—Pé uair a dhéanfaidh an Bínse Athchomhairc ordú go luighfeadh athchomharc ina choinnibh dá mba ná hachtófaí an Chuid seo den Acht so agus gurbh é an Coimisinéir Breithiúntais do dhéanfadh an t-ordú san, luighfidh (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) athchomharc den tsórt chéanna i gcoinnibh an orduithe sin an Bhínse Athchomhairc do luighfeadh mar adubhradh.

[EN]

Comhachta áirithe d'aistriú chun an Bhínse Athchomhairc.

11.—Ar aon iarratas o Choimisiún na Talmhan chun no i dtaobh gabháltais d'ath-thógaint, isé an Bínse Athchomhairc fheidhmeoidh comhachta na Cúirte fé alt 5 den Land Law (Ireland) Act, 1881, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin (ar a n-áirmhítear an tAcht so) agus ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar an iarratas san

[EN]

CUID III.

Riaraiste agus Athscrudu Blianachtai Ceannaigh, Ciosanna, agus Iocaiochtai Bliantula eile.

[EN]

Riaráiste agus athscrúdú blianachtaí ceannaigh is iníoctha le Coimisiún na Talmhan.

12.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisiúin na Talmhan chun riaráiste aon bhlianachta ceannaigh, le n-a mbaineann an t-alt so agus do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin, do bhaint amach, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní tosnófar ar aon imeacht den tsórt san tar éis an Achta so do rith;

[EN]

(b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon riaráiste den tsórt san d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamhinfheidhmithe;

[EN]

(c) ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaidh chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith.

[EN]

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid riaráiste gach blianachta ceannaigh le n-a mbaineann an t-alt so agus do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith in imeachta (má b'ann dóibh) ar ar tosnuíodh roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1932, chun an riaráiste sin do bhaint amach, agus díreach ar san do dhéanamh amach—

[EN]

(a) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná méid iomlán na blianachta ceannaigh sin do bhí iníoctha i rith na dtrí mblian dar chríoch an chéad lá gála sa bhliain 1933, isé slí ina mbeidh an riaráiste sin maraon le méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin ar n-a dhéanamh amach amhlaidh iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) ná tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus sa tslí sin amháin; agus

[EN]

(b) i ngach cás eile beidh méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon leis an gcuid sin den riaráiste sin is có-ionann leis an méid iomlán san iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha.

[EN]

(3) Isé méid a bheidh iníoctha ag an gceannuitheoir alos aon tráthchoda, d'aon bhlianacht cheannaigh le n-a mbaineann an t-alt so, thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 ná—

[EN]

(a) 45 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráthchoda san i gcás blianachta ceannaigh is iníoctha ag duine alos paiste talmhan do ceannuíodh fén Irish Land (Provision for Sailors and Soldiers) Act, 1919, no fén Acht Talmhan, 1923, no fé aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san; agus

[EN]

(b) 50 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráthchoda san i ngach cás eile.

[EN]

Bainfidh an fo-alt so le blianacht cheannaigh d'ainneoin an gabháltas gur ina thaobh atá an bhlianacht san iníoctha do dhíol ar phraghas bhisithe toisc Coimisiúin na Talmhan do dhul fé chaiteachas á fheabhsú.

[EN]

(4) Más rud é, i gcás blianachta ceannaigh le n-a mbaineann an t-alt so, go raibh riaráiste cíosa, riaráiste úis ar airgead cheannaigh, riaráiste úis in ionad cíosa no riaráiste íocaíochta in ionad cíosa dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, alos an ghabháltais gur ina thaobh atá an bhlianacht cheannaigh sin iníoctha, tuigfear chun crícheanna an ailt seo an riaráiste sin cíosa, úis ar airgead cheannaigh, úis in ionad cíosa no íocaíochta in ionad cíosa (pe'ca aca é) do bheith ina riaráiste den bhlianacht cheannaigh sin agus bainfidh an t-alt so leis sin dá réir sin.

[EN]

(5) Baineann an t-alt so (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir ann) le gach blianacht cheannaigh atá ar marthain le linn an Achta so do rith agus atá iníoctha alos gabháltais do ceannuíodh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, le n-a n-áirmhítear gabháltaisí go ndearnadh chun a gceannuithe, roimh-íocanna d'íoc ar thailte do dhíol do bhí ceannuithe ag Bord na gCeanntar gCumhang as na cistí do bhí ar a gcur acu.

[EN]

(6) Baineann an t-alt so freisin leis na suimeanna agus leis an airgead so leanas fé is dá mba bhlianachtaí ceannaigh iad, agus chun crícheanna an ailt seo léireofar an abairt “blianachtaí ceannaigh” mar abairt fholuíonn na suimeanna agus an t-airgead so leanas adubhradh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) suimeanna bliantúla agus suimeanna breise is iníoctha ag ceannuitheoirí gabháltas go dtuigtear có-aontuithe ceannaigh chun a gceannuithe do bheith déanta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh; agus

[EN]

(b) suimeanna bliantúla agus suimeanna breise is iníoctha ag tionóntaithe gabháltas coinnithe ná tuigtear có-aontuithe ceannaigh chun a gceannuithe do bheith déanta; agus

[EN]

(c) suimeanna bliantúla agus suimeanna breise, agus riaráiste cíosanna no riaráiste úis ar airgead cheannaigh, is iníoctha ag eannuitheoirí gabháltas atá i liost de ghabháltaisí ceanntar cumhang do foillsíodh do réir ailt 23 den Acht Talmhan, 1931, no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe do foillsíodh do réir ailt 24 den Acht san.

[EN]

Riaráiste agus athscrúdú blianachtaí ceannaigh is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí.

13.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn chun aon riaráiste blianachta ceannaigh, le n-a mbaineann an t-alt so agus do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin, do bhaint amach, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní tosnófar ar aon imeachta den tsórt san tar éis an Achta so do rith;

[EN]

(b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon riaráiste den tsórt san d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-infheidhmithe;

[EN]

(c) ní dhéanfaidh na Coimisinéirí sin aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaid chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith.

[EN]

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn amach méid riaráiste gach blianachta ceannaigh le n-a mbaineann an t-alt so agus do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh na Coimisinéirí sin, roimh an Acht so do rith, in imeachta (má b'ann dóibh) ar ar tosnuíodh roimh an Iadh lá de Dheire Fómhair, 1932, chun an riaráiste sin do bhaint amach, agus díreach ar san do dhéanamh amach—

[EN]

(a) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná trí oiread méide bhliantúla na blianachta ceannaigh sin, isé slí ina mbeidh an riaráiste sin maraon le méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) ná tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus sa tslí sin amháin; agus

[EN]

(b) i ngach cás eile, beidh méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon leis an gcuid sin den riaráiste sin is có-ionann le trí oiread méide bhliantúla na blianachta ceannaigh sin iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus sa tslí sin amháin agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha.

[EN]

(3) Isé méid a bheidh iníoctha ag an gceannuitheoir alos aon tráthchoda, d'aon bhlianacht cheannaigh le n-a mbaineann an t-alt so thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 ná 50 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráthchoda san.

[EN]

(4) Baineann an t-alt so le blianachtaí ceannaigh is iníoctha alos gabháltas do ceannuíodh fé Choda II agus III den Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870.

[EN]

Riaráiste agus athscrúdú úis in ionad cíosa.

14.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisiúin na Talmhan chun aon úis in ionad cíosa, do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin, do bhaint amach, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní tosnófar ar aon imeachta den tsórt san tar éis an Achta so do rith;

[EN]

(b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon ús den tsórt san d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-infheidhmithe;

[EN]

(c) ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaid chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith.

[EN]

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid an riaráiste úis in ionad cíosa do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, ag gach tionónta ceannaigh do dhligh an t-ús san d'íoc, agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith in imeachta (má b'ann dóibh) ar ar tosnuíodh roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1932, chun an riaráiste sin do bhaint amach, agus díreach ar san do dhéanamh amach—

[EN]

(a) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná trí oiread méide bhliantúla an úis sin in ionad cíosa, déanfar an riaráiste sin agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon le hús do réir ceathair go leith per cent. per annum ar an riaráiste, na costaisí, agus na caiteachaisí sin ón gcéad lá gála sa bhliain 1933, do chur (marar híocadh an riaráiste, na costaisí, agus na caiteachaisí sin ar shlí eile roimh an Acht so do rith) le hairgead ceannaigh an ghabháltais ar san do dhílsiú sa cheannuitheoir; agus

[EN]

(b) i ngach cás eile, déanfar méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, agus an chuid sin den riaráiste sin is có-ionann le trí oiread méide bhliantúla an úis sin in ionad cíosa, maraon le hús do réir ceathair go leith per cent. per annum ar na costaisí agus na eaiteachaisí sin agus ar an gcuid sin adubhradh den riaráiste sin ón gcéad lá gála sa bhliain 1933, do chur (marar híocadh na costaisí agus na caiteachaisí sin agus an chuid sin adubhradh den riaráiste sin ar shlí eile roimh an Acht so do rith) le hairgead ceannaigh an ghabháltais ar san do dhílsiú sa cheannuitheoir, agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha.

[EN]

(3) Isé méid a bheidh iníoctha ag aon tionónta ceannaigh alos aon ghála úis in ionad cíosa thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 ná 50 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán an ghála san.

[EN]

(4) Íocfaidh Coimisiún na Talmhan, pé tráthanna agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid, leis na daoine uile agus fé seach a bheidh ina dteideal, na suimeanna so leanas, sa mhéid ná beid san íoctha ar shlí eile leis na daoine sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gach riaráiste úis in ionad cíosa go gcoisctear leis an alt so imeachta chun é do bhaint amach do thosnú no do chur ar aghaidh tuilleadh no dul chun cinn leo no go gcuirtear ar nea-mbrí leis an alt so breithiúntas no aithne á ordú é d'íoc; agus

[EN]

(b) suim is có-ionann leis an méid íocfaidh gach tionónta ceannaigh alos gach gála úis in ionad cíosa thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933.

[EN]

Riaráiste agus athscrúdú íocaíochta in ionad cíosa.

15.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisiúin na Talmhan chun aon íocaíochta in ionad cíosa, do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin, do bhaint amach, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní tosnófar ar aon imeacht den tsórt san tar éis an Achta so do rith;

[EN]

(b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon íocaíocht den tsórt san in ionad cíosa d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-infheidhmithe;

[EN]

(c) ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaid chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith.

[EN]

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid an riaráiste íocaíochta in ionad cíosa do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, ag gach tionónta ceannaigh do dhligh an íocaíocht san in ionad cíosa d'íoc agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan, roimh an Acht so do rith, in imeachta (má b'ann dóibh) ar ar tosnuíodh roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1932, chun an riaráiste sin do bhaint amach, agus díreach ar san do dhéanamh amach—

[EN]

(a) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná trí oiread méide bhliantúla na híocaíochta san in ionad cíosa, ansan, má dílsítear agus nuair a dílseofar an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan, isé slí ina mbeidh an riaráiste sin maraon le méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin ar n-a dhéanamh amach amhlaidh iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) ná tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus sa tslí sin amháin; agus

[EN]

(b) i ngach cás eile, má dílsítear agus nuair a dílseofar an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan, beidh méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon leis an gcuid sin den riaráiste sin is có-ionann le trí oiread méide bhliantúla na híocaíochta san in ionad cíosa, iníoctha (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus sa tslí sin amháin agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha.

[EN]

(3) Isé méid a bheidh iníoctha ag aon tionónta ceannaigh alos aon ghála íocaíochta in ionad cíosa thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 ná 50 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán an ghála san gan dochar do sna híocaíochta a horduítear do Choimisiún na Talmhan do dhéanamh fé fho-alt (4) d'alt 20 den Acht Talmhan, 1923.

[EN]

(4) Ní bhaineann an t-alt so le riaráiste íocaíochta in ionad cíosa is iníoctha alos gabháltais do dílsíodh sa cheannuitheoir roimh an 31adh lá d'Iúl, 1933.

[EN]

Riaráiste agus athscrúdú cíosa agus úis is iníoctha le Coimisiún na Talmhan.

16.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta i bpáirt Choimisiúin na Talmhan chun aon riaráiste aon chíosa no úis ar airgead cheannaigh, le n-a mbaineann an t-alt so agus do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin, do bhaint amach, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní tosnófar ar aon imeachta den tsórt san tar éis an Achta so do rith;

[EN]

(b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon riaráiste den tsórt san d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-infheidhmithe;

[EN]

(c) ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaid chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith.

[EN]

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid an riaráiste cíosa no úis ar airgead cheannaigh le n-a mbaineann an t-alt so agus do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, ag gach tionónta no duine ag á bhfuil aon chíos no ús den tsórt san iníoctha agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan roimh an Acht so do rith in imeachta (má b'ann dóibh) ar ar tosnuíodh roimh an Iadh lá de Dheire Fómhair, 1932, chun an riaráiste sin do bhaint amach, agus díreach ar san do dhéanamh amach—

[EN]

(a) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná trí oiread méide bhliantúla an chíosa no an úis sin (pe'ca aca é), déanfar an riaráiste sin agus méid na gcostaisí agus na gcaitcachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon le hús do réir ceathair go leith per cent. per annum ar an riaráiste, na costaisí, agus na caiteachaisí sin ón gcéad lá gála sa bhliain 1933, do chur (marar híocadh an riaráiste, na costaisí agus na caiteachaisí sin ar shlí eile roimh an Acht so do rith) le hairgead ceannaigh an ghabháltais no an phaiste thailimh ar san do dhílsiú sa cheannuitheoir; agus

[EN]

(b) i ngach cás eile, déanfar méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, agus an chuid sin den riaráiste sin is có-ionann le trí oiread méide bhliantúla an chíosa no an úis sin (pe'ca aca é), maraon le hús do réir ceathair go leith per cent. per annum ar na costaisí agus na caiteachaisí sin agus ar an gcuid sin adubhradh den riaráiste sin ón gcéad lá gála sa bhliain 1933, do chur (marar híocadh san ar shlí eile roimh an Acht so do rith) le hairgead ceannaigh an ghabháltais no an phaiste thailimh ar san do dhílsiú sa cheannuitheoir, agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha.

[EN]

(3) Isé méid a bheidh iníoctha ag an tionónta no an duine alos aon ghála, d'aon chíos no ús ar airgead cheannaigh le n-a mbaineann an t-alt so, thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 ná—

[EN]

(a) 45 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán an ghála san i gcás úis is iníoctha ag duine alos paiste thailimh do ceannuíodh fén Irish Land (Provision for Sailors and Soldiers) Act, 1919, no do bhí dílsithe an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, i gCoimisiún na Talmhan, fén Acht Talmhan, 1923, no fé aon Acht le n-a leathnuítear no le n-a leasuítear an tAcht san; agus

[EN]

(b) 50 per cent. de mhéid iomlán an ghála san i ngach cás eile.

[EN]

(4) Bainfidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so le cíos no ús ar airgead cheannaigh d'ainneoin an praghas ar a mbeidh Coimisiún na Talmhan sásta an gabháltas do dhíol gur ina thaobh a bheidh an cíos no an t-ús san iníoctha do bheith ina phraghas bhisithe toise Coimisiúin na Talmhan do dhul fé chaiteachas á fheabhsú, ach ní bhainfidh an fo-alt san le haon chíos no ús ar airgead cheannaigh a bheidh ar fad iníoctha alos caiteachais ar fheabhsúcháin, ar n-a geeadú go sonnrách tar éis an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, chun gabháltais no paiste thailimh nea-thionóntuithe d'fheabhsú, ná leis an gcuid sin d'aon chíos no ús ar airgead cheannaigh (gur in aisíoc caiteachais den tsórt san a bheidh cuid de iníoctha) is ionchurtha i leith caiteachais den tsórt san.

[EN]

(5) Baineann an t-alt so le cíosanna agus ús ar airgead cheannaigh is iníoctha le Coimisiún na Talmhan, ag tionóntaithe gabháltas no daoine go bpaistí tailimh, fé chó-aontuithe no gealltanaisí ceannaigh, cur-ar-cíos chun áise sealadaighe, no có-aon tuithe féaraigh no eile ar thailte do thóg Bord na gCeanntar gCumhang no Coimisiún na Talmhan.

[EN]

Riaráiste agus athscrúdú cíosanna is iníoctha ag fo-thionóntaithe.

17.—I gcás iomlán gabháltais no cuid de ghabháltas le n-a mbaineann aon cheann de sna hailt sin roimhe seo den Chuid seo den Acht so do bheith fo-churtha ar cíos chun críche seachas aon chríoch acu so leanas, sé sin le rá, chun féaraíochta, curadóireachta, no inbhir shealadaigh, no chun áise sealadaighe, no in aghaidh riachtanais shealadaigh, agus gan Coimisiún na Talmhan do dhéanamh orduithe, roimh an Acht so do rith, le n-a dtuigtear na fo-thionóntaithe do bheith ina dtionóntaithe ar chodanna fé leith de sna gabháltaisí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní dhéanfaidh an gar-thiarna aon imeacht i gcoinnibh aon fho-thionónta den tsórt san, chun riaráiste cíosa do tháinig chun bheith dlite an chéad lá gála sa bhliain 1933 no roimhe sin do bhaint amach, do thosnú tar éis an Achta so do rith;

[EN]

(b) tiocfaidh aon bhreithiúntas no aithne, á ordú aon riaráiste den tsórt san d'íoc agus do fuarthas in aon imeacht den tsórt san ach nár feidhmíodh roimh an Acht so do rith, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, direach ar an Acht so do rith, gan bhrí agus neamh-infheidhmithe;

[EN]

(c) ní dhéanfaidh an gar-thiarna aon imeacht den tsórt san ar ar tosnuíodh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le n-a linn sin do chur ar aghaidh tuilleadh, ná ní raghaidh chun cinn leis, tar éis an Achta so do rith mara ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil san imeacht san roimh an Acht so do rith;

[EN]

(d) chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid an riaráiste chíosa (seachas riaráiste aon chíosa den tsórt san dob abhar imeachta i bpáirt an ghar-thiarna do bhí ar feitheamh le linn an Achta so do rith agus go ndearnadh cosaint do chur isteach no d'iontráil ionta roimh an Acht so do rith) do bhí dlite agus iníoctha an 31adh lá d'Iúl, 1933, ag gach fo-thionónta den tsórt san roimhráite agus méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh an gar-thiarna roimh an Acht so do rith in imeachta chun an riaráiste chíosa san do bhaint amach;

[EN]

(e) chun aon mhéide den tsórt san do dhéanamh amach féadfaidh Coimisiún na Talmhan glacadh le haon fhigiúirí ar a mbeidh có-aontuithe ag an ngar-thiarna agus an fo-thionónta le n-a mbainfidh;

[EN]

(f) i gcás gan méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, do bheith níos mó ná trí oiread méide bhliantúla an chíosa (agus é laigheaduithe do réir ailt 23 den Acht Talmhan, 1923) dob’ iníoctha ag an bhfothionónta díreach roimh an gcéad lá gála sa bhliain 1933 beidh méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon le méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, ina fhiacha go n-ús do réir bhrí an ailt seo agus is sa tslí foráltar leis an alt so agus sa tslí sin amháin a bheidh sé iníoctha;

[EN]

(g) i ngach cás ná baineann an mhír dheiridh sin roimhe seo leis beidh méid na geostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, maraon leis an gcuid sin den riaráiste sin is có-ionann le trí oiread méide bhliantúla an chíosa san, ina fhiacha go n-ús do réir bhrí an ailt seo agus is sa tslí foráltar leis an alt so agus sa tslí sin amháin a bheidh sé iníoctha agus ní bheidh an chuid eile den riaráiste sin iníoctha;

[EN]

(h) má deintear blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús do chur mar mhuirear ar an ngabháltas déanfaidh Coimisiún na Talmhan í do roinnt ina cionúireachtaí idir na gabháltaisí ar leithligh do rinneadh den ghabháltas agus ansan—

[EN]

(i) má bhíonn an tsuim is iníoctha tríd an gcuid den bhlianacht san a cuirfear mar mhuirear ar ghabháltas ar leithligh an fho-thionónta có-ionann leis na fiacha go n-ús, beidh an fo-thionónta i dteideal creidiúna sna fiacha go n-ús i gcoinnibh na suime íocfaidh tríd an gcuid sin den bhlianacht san, no

[EN]

(ii) má bhíonn an tsuim is iníoctha tríd an gcuid sin den bhlianacht san níos mó ná na fiacha go n-ús, beidh an fo-thionónta i dteideal creidiúna sna fiacha go n-ús i gcoinnibh pé méid den chuid sin den bhlianacht san a chinnfidh Coimisiún na Talmhan do bheith ionchurtha i leith suime is có-ionann leis na fiacha go n-ús, no

[EN]

(iii) má bhíonn an tsuim is iníoctha tríd an gcuid sin den bhlianacht san níos lugha ná an fiacha go n-ús, beidh an fo-thionónta i dteideal creidiúna d'fháil, i gcoinnibh na coda san den bhlianacht san, i pé cuid de sna fiacha go n-ús is có-ionann leis an suim is iníoctha tríd an gcuid sin den bhlianacht san, agus is sa tslí foráltar leis an gcéad mhír eile den fho-alt so a híocfar an chuid eile de sna fiacha go n-ús;

[EN]

(i) mara ndeintear aon bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús do chur mar mhuirear ar an ngabháltas no mara mbeidh an fo-thionónta i dteideal, fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, creidiúint d'fháil in iomlán na bhfiacha go n-ús, isé slí ina n-íocfar na fiacha go n-ús no an chuid díobh ná beidh an fothionónta i dteideal amhlaidh creidiúint d'fháil ionta ná tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús a cuirfear mar mhuirear ar ghabháltas ar leithligh an fho-thionónta;

[EN]

(j) íocfaidh Coimisiún na Talmhan, pé tráthanna agus i pé slí ordóidh an tAire Airgid, leis an duine bheidh i dteideal an riaráiste sin cíosa agus costaisí agus caiteachaisí d'fháil, suim is có-ionann leis an gcuid sin (más aon chuid é) de sna fiacha go n-ús ná beidh an fo-thionónta i dteideal creidiúna d'fháil inti fé sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so;

[EN]

(k) mara mbeidh aon fhiacha go n-ús iníoctha ag an bhfothionónta no mara bhfoluighidh an chreidiúint go mbeidh an fo-thionónta ina teideal fé sna míreanna san roimhe seo den alt so iomlán na coda den bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús a cuirfear mar mhuirear ar ghabháltas ar leithligh an fho-thionónta déanfar an chuid sin den bhlianacht san no pé méid di ná beidh foluithe sa chreidiúint sin (pe'ca aca é) d'fhuascailt as praghas fuascailte leasa eadarghabhálaigh an ghar-thiarna chó fada is raghaidh an praghas fuascailte sin tar éis éileamh d'íoc amach as alos riaráiste (más aon riaráiste é) íocaíochta in ionad cíosa no suimeanna bliantúla no suimeanna breise agus, chó fada is ná raghaidh an praghas fuascailte sin, tré Choimisiún na Talmhan d'íoc na suime sin isteach i gCiste na mBannaí Talmhan is gá chun fuascailte na coda san den bhlianacht san do chríochnú;

[EN]

(l) aon tsuim íocfaidh Coimisiún na Talmhan isteach i gCiste na mBannaí Talmhan fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so féadfaidh Coimisiún na Talmhan í do bhaint den duine dhlighfidh í d'íoc, mar fhiacha atá ag dul don Stát;

[EN]

(m) má dhiúltuíonn Coimisiún na Talmhan do dhearbhú fo-thionónta do bheith ina thionónta ar ghabháltas ar leithligh, féadfaidh a ghar-thiarna na fiacha go n-ús alos gabháltais an fho-thionónta san do bhaint den bhfo-thionónta san fé is dá mba riaráiste cíosa do bheadh dlite ar an bhfo-thionónta san iad;

[EN]

(n) isé méid a bheidh iníoctha ag an bhfo-thionónta alos aon ghála chíosa thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 agus roimh dháta an orduithe o Choimisiún na Talmhan le n-a dtuigtear an fo-thionónta do bheith ina thionónta ar chuid ar leithligh den ghabháltas ná 50 per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán an ghála san (agus é laigheaduithe do réir ailt 23 den Acht Talmhan, 1923).

[EN]

Riaráiste agus athscrúdú cíosanna, etc., is iníoctha le Ciste Temporáltachtaí na hEaglaise.

18.—(1) Má dheineann únaer tailimh an t-ordú san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar Choimisiún na Talmhan sa tslí orduithe agus a chur ina luighe ar Choimisiún na Talmhan—

[EN]

(a) gur talamh talmhaíochta no gur talamh féaraigh furmhór an tailimh sin no gur talamh talmhaíochta cuid de agus gur talamh féaraigh an chuid eile dhe; agus

[EN]

(b) gur ag an únaer féin atá an talamh san ar seilbh; agus

[EN]

(c) go bhfuil an talamh san á úsáid agus á shaothrú ag an únaer sin mar ghnáth-fheirm do réir slite cearta feirmeoireachta; agus

[EN]

(d) go bhfuil íocaíocht bhliantúil le n-a mbaineann an t-alt so ina muirear ar an talamh san;

[EN]

déanfaidh Coimisiún na Talmhan amach méid (más aon mhéid é) riaráiste na híocaíochta bliantúla san a bheidh dlite agus iníoctha alos an tailimh sin an chéad lá gála tar éis an Achta so do rith agus déanfaid ordú á dhearbhú méid an riaráiste sin, ar n-a dhéanamh amach amhlaidh, no méid is có-ionann le trí oiread méide na híocaíochta bliantúla san, pe'ca aca san is lugha, do bheith iníoctha tré bhlianacht in íoc riaráiste go n-ús a bunófar leis an ordú san agus (pe'ca bheidh aon riaráiste den tsórt san dlite agus iníoctha mar adubhradh no ná beidh) ag athscrúdú na híocaíochta bliantúla san tré mhéid na ngálaí uile den íocaíocht bhliantúil sin a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an lá gála san do laigheadú caoga per cent.

[EN]

(2) Pé uair a dhearbhóidh Coimisiún na Talmhan, le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so, riaráiste íocaíochta bliantúla do bheith iníoctha tré bhlianacht in íoc riaráiste go n-ús, is tríd an mblianacht san agus sa tslí sin amháin a bheidh an riaráiste sin iníoctha.

[EN]

(3) Pé uair athscrúdóidh Coimisiún na Talmhan, le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so, íocaíocht bhliantúil isé méid a bheidh iníoctha alos gach gála den íocaíocht bhliantúil sin a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála alos na híocaíochta bliantúla san tar éis an Achta so do rith ná caoga per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán an ghála san.

[EN]

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach blianacht in íoc riaráiste go n-ús a bunófar fén alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) áirmheofar an bhlianacht san mar mhuirear i dtánaiste don íocaíocht bhliantúil gur chun a riaráiste d'íoc do bunuíodh í;

[EN]

(b) déanfar, chó fada agus is féidir san i gcúrsaí an cháis, an bhlianacht san do chódhlúthú leis an íocaíocht bhliantúil sin do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Airgid;

[EN]

(c) féadfar an bhlianacht san d'fhuascailt tráth ar bith tré pé suim d'íoc is dóich leis an Aire Airgid is ionann agus luach na dtráthchuid go léir den bhlianacht san ná beidh tagtha chun bheith dlite an uair sin maraon le riaráiste uile na blianachta san a bheidh dlite an uair sin;

[EN]

(d) féadfaidh an tAire Airgid, más oiriúnach leis é, a lomháil an bhlianacht san do laigheadú tré fhuascailt do dhéanamh ar chuid di tré pé suim d'íoc is dóich leis is ionann agus luach na coda san de sna tráth-choda go léir den bhlianacht san ná beidh tagtha chun bheith dlite an uair sin;

[EN]

(e) an t-airgead uile do gheobhaidh Coimisiún na Talmhan alos tráthchodanna den bhlianacht san, no alos fuascailte na blianachta san no aon choda dhi, íocfar isteach i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise é.

[EN]

(5) Beidh ag Coimisiún na Talmhan, chun íocaíochta bliantúla le n-a mbaineann an t-alt so agus a beifear tar éis a athscrúdú fén alt so do bhaint amach, gach leigheas do bheadh acu chun na híocaíochta bliantúla san do bhaint amach dá mba ná rithfí an tAcht so.

[EN]

(6) Féadfar íocaíocht bhliantúil le n-a mbaineann an t-alt so agus a beifear tar éis a athscrúdú fén alt so d'fhuascailt díreach i ngach slí fé mar a féadfaí í d'fhuascailt dá mba ná rithfí an tAcht so, ach isí suim a bheidh iníoctha ar an bhfuascailt sin ná caoga per cent. agus ní níos mó den tsuim do bheadh iníoctha ar an bhfuascailt sin dá mba ná rithfí an tAcht so agus fós, ma bítear tar éis blianachta in íoc riaráiste go n-ús do bhunú fén alt so alos riaráiste den íocaíocht bhliantúil sin, ní bheidh an íocaíocht bhliantúil sin ionfhuascailte go dtí go mbeidh iomlán na blianachta san fuascailte.

[EN]

(7) Pé uair a hiarrfar fén alt so athscrúdú do dhéanamh ar íocaíocht bhliantúil gurb é atá inti ná an t-ús is iníoctha ar ghnáth-mhorgáiste, déanfaidh Coimisiún na Talmhan, roimh an íocaíocht bhliantúil sin d'athscrúdú agus gan iarratas ar bith, déanfaid, le hordú, an gnáth-mhorgáiste sin d'atharú ina mhorgáiste thráthchodach fé alt 26 den Land Law (Ireland) Act, 1896, ach sa chás san ní bheidh an morgáiste tráthchodach san ionathscrúduithe fé cheann gach deich mblian fén alt san 26.

[EN]

(8) Ní bhainfidh alt 39 den Acht Talmhan, 1923, le haon íocaíocht bhliantúil is muirear deachmha-chíosa no is tráthchuid bhliantúil chinnte in ionad muirir dheachmha-chíosa agus a hathscrúdófar fén alt so.

[EN]

(9) An t-easnamh a bheidh i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise de dheascaibh fiacha go n-ús do dhéanamh fén alt so de riaráiste íocaíochtaí bliantúla no de dheascaibh íocaíochtaí bliantúla d'athscrúdú fén alt so déanfaidh Coimisiún na Talmhan, sa mhéid gur gá san chun na muirear reachtúil ar an gCiste sin d'íoc, é do shlánú as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(10) Baineann an t-alt so le gach ceann de sna híocaíochtaí bliantúla so leanas is iníoctha isteach i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise, sé sin le rá:—

[EN]

(a) muirear deachmha-chíosa is iníoctha as tailte atá fe bhlianacht cheannaigh;

[EN]

(b) tráthchoda bliantúla cinnte in ionad muirir dheachmhachíosa is iníoctha as tailte atá fé bhlianacht cheannaigh;

[EN]

(c) cíos síorraíochta;

[EN]

(d) an t-ús ar mhorgáiste atharuithe gabháltais ar léas;

[EN]

(e) an t-ús ar ghnáth-mhorgáiste;

[EN]

(f) blianacht in aisíoc morgáiste thráthchodaigh.

[EN]

Méid agus athscrúdú blianachtaí ceannaigh nua.

19.—(1) Gach roimh-íoc a déanfar fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin le ceannuitheoir do réir chó-aontuithe cheannaigh a bheidh déanta no tuigfear do bheith déanta aige (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) beidh sé ionaisíoctha tré bhlianacht cheannaigh de pé méid do bheadh iníoctha dá mba ná rithfí an tAcht so agus tuigfear gurb é an bhlianacht cheannaigh sin an chéad bhliainchíos no an bliain-chíos bunaidh dá dtagartar in alt 5 den Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923).

[EN]

(2) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, isé méid a bheidh iníoctha ag an gceannuitheoir alos gach tráthchoda d'aon bhlianacht cheannaigh den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so (seachas blianacht cheannaigh in aisíoc roimh-íoca do tugadh d'únaer tailimh chun an tailimh sin d'athcheannach ar shlí eile seachas fé alt 11 den Acht Talmhan, 1927) ná—

[EN]

(a) cúig is dachad per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráthchoda san, i gcás blianachta ceannaigh is iníoctha alos roimh-íoca do tugadh do dhuine go bpaiste tailimh do ceannuíodh fén Irish Land (Provision for Sailors and Soldiers) Act, 1919, no do bhí dílsithe an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, i gCoimisiún na Talmhan fén Acht Talmhan, 1923, no fé Acht ar bith le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus

[EN]

(b) caoga per cent. agus ní níos mó de mhéid iomlán na tráth-choda san, i ngach cás eile.

[EN]

(3) Bainfidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so le blianacht cheannaigh d'ainneoin an ghabháltais gur ina thaobh a bheidh an bhlianacht san iníoctha do dhíol ar phraghas bhisithe toisc Coimisiúin na Talmhan do dhul fé chaiteachas á fheabhsú, ach ní bhainfidh an fo-alt san le blianacht a bheidh ar fad iníoctha in aisíoc roimh-íoca do tugadh do cheannuitheoir ar n-a cheadú go sonnrách tar éis an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, chun a ghabháltais d'fheabhsú ná leis an gcuid sin de bhlianacht cheannaigh (gur in aisíoc roimh-íoca den tsórt san a bheidh cuid di iníoctha) is ionchurtha i leith roimh-íoca den tsórt san.

[EN]

(4) San alt so foluíonn an abairt “blianachtaí ceannaigh” suimeanna bliantúla agus suimeanna breise is iníoctha fé alt 9 no fé alt 27 den Acht Talmhan, 1931.

[EN]

Méid blianachtaí athscrúduithe do dhéanamh amach agus do dheimhniú.

20.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach blianacht cheannaigh go ndeineann an Chuid seo den Acht so ina taobh an méid is iníoctha ag an gceannuitheoir alos gach tráthchoda thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 do laigheadú, sé sin le rá:—

[EN]

(a) chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh Coimisiún na Talmhan no Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn (fé mar is gá sa chás) amach, maidir le gach blianacht cheannaigh den tsórt san, an méid a bheidh iníoctha in aghaidh na bliana ag an gceannuitheoir alos na blianachta ceannaigh sin de bhíthin an laigheaduithe sin;

[EN]

(b) mara mbíonn aon bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús iníoctha alos riaráiste den bhlianacht cheannaigh sin, bhéarfar ar an méid sin a bheidh ar n-a dhéanamh amach amhlaidh iníoctha in aghaidh na bliana maidir leis an mblianacht san, agus gairmtear den mhéid sin san Acht so, an bhlianacht athscrúduithe is iníoctha alos an ghabháltais:

[EN]

(c) má bhíonn blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús iníoctha alos riaráiste na blianachta ceannaigh sin, déanfaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí sin (fé mar is gá sa chás) amach suim iomlán na blianachta san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus an mhéide sin a bheidh ar n-a dhéanamh amach amhlaidh iníoctha in aghaidh na bliana maidir leis an mblianacht cheannaigh sin agus isí an tsuim sin a bheidh mar bhlianacht athscrúduithe bheidh iníoctha alos an ghabháltais agus bhéarfar san mar ainm uirthi agus gairmtear san di san Acht so;

[EN]

(d) ar mhéid blianachta athscrúduithe do dhéanamh amach do réir an ailt seo, déanfaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí sin (fé mar is gá sa chás) má bhíonn an gabháltas cláruithe fén Local Registration of Title Act, 1891, no más éigean fén Acht san an gabháltas do chlárú a dhearbhú láithreach don Chlárathóir Teideal cadé méid na blianachta athscrúduithe sin ar n-a dhéanamh amach amhlaidh agus iontrálfaidh an Clárathóir sin an méid sin sa chlár cheart chuige sin a bheidh á choimeád aige agus beidh an iontráil sin ina lán-chruthúnas chun gach críche ar mhéid na blianachta athscrúduithe sin;

[EN]

(e) beidh ag Coimisiún na Talmhan agus ag na Coimisinéirí sin, fé seach, gach leigheas chun blianachta athscrúduithe do bhaint amach do bheadh acu chun na blianachta ceannaigh, gur as don bhlianacht athscrúduithe sin, do bhaint amach dá mba ná rithfí an tAcht so;

[EN]

(f) sé gairmtear san Acht so den mhéid is iníoctha ag an gceannuitheoir alos tráthchodanna blianachta ceannaigh do laigheadú amhlaidh agus de mhéid na blianachta athscrúduithe as an mblianacht cheannaigh sin do dhéanamh amach fén alt so ná athscrúdú na blianachta ceannaigh sin.

[EN]

Méid agus ré blianachtaí in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús agus an tslí ina mbainfear amach iad.

21.—Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús a bunófar fén Acht so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh an bhlianacht san iníoctha ar feadh caogad blian dar tosach an chéad lá gála tar éis an Achta so do rith i gcás blianachta alos riaráiste íocaíochta bliantúla is iníoctha isteach i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise agus, i gcás gach blianachta eile, an chéad lá gála sa bhliain 1933, no dáta dílsithe an ghabháltais i gCoimisiún na Talmhan, pe'ca aca san is déanaí;

[EN]

(b) beidh sa bhlianacht san pé méid, ar n-a áireamh do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire Airgid, aisíocfaidh i gceann caogad blian an tsuim, go n-ús do réir ceathair go leith per cent. per annum, gur chun í d'íoc a bunófar an bhlianacht san;

[EN]

(c) beidh an bhlianacht san ina muirear ar an ngabháltas ar a mbeidh an bhlianacht cheannaigh curtha mar mhuirear no as a mbeidh an cíos, an t-ús, no an íocaíocht bhliantúil eile ag teacht gur chun a riaráiste d'íoc a bunófar an bhlianacht san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús no, i gcás ina ndearnadh le toiliú Choimisiúin na Talmhan, an gabháltas san do mhalartú ar ghabháltas nua, beidh sí ina muirear ar an ngabháltas nua san, agus beidh tosach ag an muirear san díreach i ndiaidh na blianachta ceannaigh, an chíosa, an úis, no na híocaíochta bliantúla eile (pe'ca aca é) a bheidh curtha mar mhuirear ar an ngabháltas san no bheidh ag teacht as;

[EN]

(d) i gcás an ghabháltais ar a gcuirfear an bhlianacht san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús mar mhuirear do bheith no do theacht chun bheith fé bhlianacht cheannaigh déanfar an chéad bhlianacht san do chódhlúthú, do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Airgid, leis an mblianacht cheannaigh sin;

[EN]

(e) tuigfear an bhlianacht san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús do bheith ina blianacht chun airgid d'aisíoc do roimh-íocadh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun gabháltais do cheannach agus beidh ag Coimisiún na Talmhan agus ag Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn fé seach, chun tráthchodanna den bhlianacht san a bheidh gan íoc do bhaint amach, na leighseanna céanna (agus leighseanna do bheirtear leis an Acht so d'áireamh) atá acu fé seach chun tráthchodanna de bhlianacht cheannaigh atá gan íoc do bhaint amach.

[EN]

Blianachtaí athscrúduithe agus blianachtaí in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús d'fhuascailt.

22.—(1) Féadfar blianacht athscrúduithe nách cuid di blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús d'fhuascailt i bpáirt no go hiomlán, ar gach slí díreach fé mar d'fhéadfaí an bhlianacht san d'fhuascailt dá mba ná hathscrúdófaí í fén Acht so, ach déanfar an tsuim is iníoctha ar an bhfuascailt sin do laigheadú do réir an phercentáiste chéanna gur dá réir do laigheaduíodh an bhlianacht san ar í d'athscrúdú amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfar an méid sin, de bhlianacht athscrúduithe gur cuid di blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús, gurb é an bhlianacht cheannaigh athscrúduithe é d'fhuascailt, i bpáirt no go hiomlán, ar gach slí díreach fé mar d'fhéadfaí an bhlianacht cheannaigh athscrúduithe sin d'fhuascailt dá mba ná hathscrúdófaí í fén Acht so, ach déanfar an tsuim is iníoctha ar an bhfuascailt sin do laigheadú do réir an phercentáiste chéanna gur dá réir do laigheaduíodh an bhlianacht cheannaigh sin ar í d'athscrúdú amhlaidh.

[EN]

(3) Féadfar blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús nách cuid de bhlianacht athscrúduithe no an méid sin de bhlianacht athscrúduithe gur blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús é d'fhuascailt i bpáirt no go hiomlán, tráth ar bith, tré íoc do dhéanamh, le Coimisiún na Talmhan no le Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn (pe'ca aca é), sa tsuim sin, ar n-a háireamh do réir rialacha dhéanfaidh an tAire Airgid, gurb í is luach, le linn an íoctha san, do sna tráthchoda bheidh gan íoc an uair sin den bhlianacht san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús no den chuid sin den bhlianacht athscrúduithe sin, no don pháirt sin de sna tráthchoda san a beifear ar aigne d'fhuascailt amhlaidh.

[EN]

(4) I gcás blianachta in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús do bheith mar chuid de bhlianacht athscrúduithe, ní déanfar an chuid sin den bhlianacht athscrúduithe sin gur blianacht cheannaigh í d'fhuascailt go dtí go mbeidh iomlán na coda san den bhlianacht athscrúduithe sin gurb í an bhlianacht san in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús í fuascailte.

[EN]

(5) Na suimeanna uile a híocfar chun fuascailte do dhéanamh, i bpáirt no go hiomlán, ar bhlianacht athscrúduithe gur blianacht cheannaigh ar n-a bunú fé sna Land Purchase Acts, 1891 to 1919. í, no ar an gcuid sin de bhlianacht athscrúduithe gurb aon bhlianacht cheannaigh den tsórt san í, íocfar iad isteach i gCiste na mBlianacht Ceannaigh agus déanfar, pé tráthanna ordóidh an tAire Airgid é, iad d'íoc amach as san agus isteach sa Stát-Chiste.

[EN]

(6) Na suimeanna uile a híocfar chun fuascailte do dhéanamh, i bpáirt no go hiomlán, ar bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús, no ar an gcuid sin de bhlianacht athscrúduithe gur blianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús í, déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Costaisí agus caiteachaisí imeachta.

23.—(1) I gcás imeachta ar agra Choimisiúin na Talmhan no Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn do thosnú tar éis an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1932, agus gur chun riaráiste aon bhlianachta ceannaigh, úis in ionad cíosa, íocaíochta in ionad cíosa, suime bliantúla, suime breise, cíosa, úis, no íocaíochta bliantúla eile do bhaint amach do bunuíodh iad agus an riaráiste sin no aon chuid de do bheith iníoctha fén gCuid seo den Acht so tré bhlianacht in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús, déanfar na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí sin (pe'ca aca é) alos na n-imeacht san, déanfar, marar híocadh iad ar shlí eile roimh an Acht so do rith, iad d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas mar chuid de chaiteachaisí Choimisiúin na Talmhan no na gCoimisinéirí sin, pe'ca aca é.

[EN]

(2) I gcás duine, gur bunuíodh aon imeachta den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ina aghaidh chun aon riaráiste den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do bhaint amach, do dhul fé chostaisí agus caiteachaisí mar gheall ar na himeachta san déanfaidh Coimisiún na Talmhan no na Coimisinéirí sin (pe'ca aca é) na costaisí agus na caiteachaisí sin d'aisíoc leis an duine sin amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas mar chuid de chaiteachaisí Choimisiúin na Talmhan no na gCoimisinéirí sin, pe'ca aca é.

[EN]

Gabháltaisí agus paistí tailimh ar a bhfaghann Coimisiún na Talmhan seilbh.

24.—Má fuair Coimisiún na Talmhan no má gheibhid ina dhiaidh seo seilbh ar ghabháltas no ar phaiste tailimh mar gheall ar fhaillí in íoc na blianachta ceannaigh, an úis, an chíosa, no na híocaíochta bliantúla eile is iníoctha alos an ghabháltais no an phaiste thailimh sin, ansan, na cinn sin de sna forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so do bhainfeadh leis an ngabháltas no leis an bpaiste tailimh sin dá mba ná fuigheadh Coimisiún na Talmhan seilbh air amhlaidh, bainfid leis an ngabháltas no leis an bpaiste tailimh sin d'ainneoin seilbhe d'fháil air amhlaidh.

[EN]

An tríú laigheadú deich-bhliantúil ar bhlianachtaí ceannaigh.

25.—(1) I gcás ina bhféadfaí, fé alt 25 den Land Law (Ireland) Act, 1896, an tríú laigheadú deich-bhliantúil do dhéanamh ar bhlianacht cheannaigh, ach gan an tríú deich den bhlianacht san do bheith caithte roimh an 1adh lá de Bhealtaine, 1933, tuigfear an tríú deich sin do bheith caithte an 1adh lá san de Bhealtaine, 1933, agus laigheadófar an bhlianacht san agus tuigfear í do bheith laigheaduithe fén alt san 25 do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire Airgid chuige sin.

[EN]

(2) Na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann leis an méid is iníoctha ag an gceannuitheoir alos tráthchodanna de bhlianacht cheannaigh a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933, bainfid le méid laigheaduithe blianachta laigheadófar fén alt so fé is dá mb'é an méid laigheaduithe sin lán-mhéid na blianachta san.

[EN]

An Ciste Urraíochta.

26.—(1) Aon easnamh a bheidh i gCiste na mBlianacht Ceannaigh no i gCiste na mBannaí Talmhan, de dhruim blianachtaí d'athscrúdú no de dhruim laigheadú deintear leis an gCuid seo den Acht so ar na méideanna is iníoctha alos íocaíochtaí bliantúla eile, ní bheidh sé ina mhuirear ar an gCiste Urraíochta.

[EN]

(2) Na forálacha de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh a bhaineann leis an gcuid teagmhaiseach den Chiste Urraíochta scuirfid d'éifeacht do bheith acu ar an Acht so do rith.

[EN]

(3) An riaráiste uile, de bhlianachtaí ceannaigh ath-scrúduithe ar n-a mbunú fé sna Land Purchase Acts, 1881 to 1889, a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an Achta so do rith, beidh sé ina mhuirear ar an gCiste Urraíochta agus déanfar cúiteamh ann amach as an gciste sin leis an Stát-Chiste.

[EN]

Easnaimh i gCiste na mBannaí Talmhan.

27.—(1) Na heasnaimh a bheidh i gCiste na mBannaí Talmhan de dhruim na bhforálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le riaráiste blianachtaí ceannaigh d'íoc tré bhlianachtaí in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús, déanfar, sa mhéid go n-ordóidh agus pé tráth no tráthanna ordóidh an tAire Airgid é, cúiteamh ionta leis an gciste sin amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus leis sin beidh deireadh le muirear do bheith ar an gCiste Urraíochta alos na n-easnamh san.

[EN]

(2) Na heasnaimh uile bheidh i gCiste na mBannaí Talmhan de dhruim blianachtaí d'athscrúdú no de dhruim laigheadú deintear leis an gCuid seo den Acht so ar na méideanna is iníoctha alos íocaíochtaí bliantúla eile déanfar, sa mhéid go n-ordóidh agus pé tráth no tráthanna ordóidh an tAire Airgid é, cúiteamh ionta leis an gciste sin amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(3) Déanfar an méid sin (más aon mhéid é), de gach suim a híocfar isteach i gCiste na mBannaí Talmhan alos blianachta athscrúduithe, is ionchurtha i leith blianachta in íoc riaráiste agus costaisí go n-ús is cuid den bhlianacht athscrúduithe sin d'íoc amach as an gciste sin agus isteach sa Stát-Chiste pé tráthanna agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

CUID IV.

Leasuithe Ilghneitheacha ar an Dli Bhaineas le Ceannach Talmhan.

[EN]

Clárathóir contae do ghearradh airgid ar bharántas d'fháil i dtaobh riaráiste íocaíochtaí bheidh dlite do Choimisiún na Talmhan.

28.—(1) Má theipeann ar éinne (dá ngairmtear “an faillitheoir” san alt so) airgead d'íoc a bheidh dlite air ag Coimisiún na Talmhan, agus iníoctha aige leo, mar gheall ar bhlianacht cheannaigh, no suim bhliantúil is ionann agus blianacht cheannaigh, no suim bhreise, no íocaíocht in ionad cíosa, no ús in ionad cíosa, no ús ar airgead cheannaigh, no cíos gabháltais, no cíos is iníoctha fé chó-aontú le n-ar cuireadh paiste tailimh ar cíos chun áise scaladaighe, beidh sé dleathach do Choimisiún na Talmhan, más oiriúnach agus nuair is oiriúnach le Coimisiún na Talmhan é, barántas do thabhairt amach do chlárathóir chontae na contae ina bhfuil na tailte no do chlárathóir chontae aon chontae ina bhfuil an faillitheoir ina chomhnaí no ina bhfuil áit ghnótha aige, barántas sa bhfuirm orduithe ag deimhniú ainme an fhaillitheora, méide an airgid a bheidh dlite air amhlaidh mar adubhradh, agus (fé mar is gá sa chás) áite comhnaithe no áite gnótha an fhaillitheora no suidhimh agus tuairisce na dtailte gur ina dtaobh a bheidh an t-airgead san dlite, agus á údarú don chlárathóir chontae sin an t-airgead adubhradh do ghearradh do réir an ailt seo.

[EN]

(2) Beidh ag barántas do bhéarfar amach fén alt so an fheidhm agus an éifeacht chéanna bhíonn ag ordú is ordú feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926), agus beidh an barántas san ina leor-údarás do chlárathóir chontae chun gníomhú dá réir.

[EN]

(3) Díreach ar bharántas fén alt so d'fháil o Choimisiún na Talmhan déanfaidh an clárathóir contae, tar éis na fógraí do sheirbheáil agus na nithe do dhéanamh a bheidh orduithe chuige sin le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt, an t-airgead a deimhnítear sa bharántas san do bheith dlite ar an bhfaillitheoir do ghearradh fé mar a deintear gearradh do réir dlí de dhruim ordú feidhmiúcháin ar agra Choimisiúin na Talmhan, agu chuige sin beidh ag an gclárathóir contae sin na cearta, na comhachta agus na dualgaisí uile bheidh dílsithe ann no curtha air de thurus na huaire do réir dlí maidir le hordú feidhmiúcháin d'fheidhmiú, agus ortha san na cearta, na comhachta agus na dualgaisí bheidh dílsithe ann no curtha air de thurus na huaire le halt 31 den Acht Talmhan, 1927.

[EN]

(4) An t-airgead uile a híocfar le clárathóir contae, no ghearrfaidh no gheobhaidh sé ar shlí eile, mar gheall ar an airgead a bheidh luaidhte i mbarántas do bhéarfar amach fén alt so íocfaidh scisean é le Coimisiún na Talmhan.

[EN]

(5) Na leighseanna chun airgid do bhaint amach do bheirtear do Choimisiún na Talmhan leis an alt so is mar bhreis, agus ní mar laigheadú, bheid ar aon leighseanna eile bheidh ag Coimisiún na Talmhan do réir dlí chun an airgid sin do bhaint amach.

[EN]

(6) Chun an ailt seo do chur i bhfeidhm maidir le contae ina mbeidh fo-shirriam de thurus na huaire, beidh éifeacht ag an alt so fé is dá ndeintí an focal “fo-shirriam” do chur in ionad na habairte “clárathóir contae” ar fuaid an ailt seo.

[EN]

Cumhangracht do leigheas.

29.—(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923, agus ina ionad san achtuítear leis seo, má dheineann Coimisiún na Talmhan a dhearbhú aon tailimh (dá ngairmtear an talamh dearbhuithe san alt so) le n-a mbaineann clás (a) d'fho-alt (2) den alt san 24 do bheith ag teastáil chun cumhangrachta do leigheas, agus má bhíonn tionónta no dílseánach an tailimh dhearbhuithe no bean chéile no fear céile an tionónta no an dílseánaigh sin ina chomhnaí ar an talamh dearbhuithe no ina ghar-chomhursanacht agus an talamh san á úsáid aige fé mar úsáidfeadh gnáth-fheirmeoir é do réir na slite cearta feirmeoireachta, ansan, marab únaer ar thalamh (seachas an talamh dearbhuithe) gur mó a mharga-luach ná £2,000 an tionónta no an dílseánach san, go ndéanfaidh Coimisiún na Talmhan, má éilíonn an tionónta no an dílseánach san ortha laistigh den am orduithe agus sa tslí orduithe a chuid tailimh ar fad do dhearbhú agus do thógaint agus gabháltas nua do chur ar fáil do, gabháltas nua do chur ar fáil don tionónta no don dílseánach san, gabháltas is dóich leis na Coimisinéirí Tuaithe do bheith oiriúnach don tionónta no don dilseánach san agus is dóich leo fós (fé réir cirt athchomhairc chun an Bhínse Athchomhaire agus ní bheidh dul thar a mbreith sin) nách lugha marga-luach do ná don talamh dearbhuithe no nách lugha marga-luach do ná £2,000 (pe'ca suim aca san is lugha).

[EN]

(2) I gcás Coimisiúin na Talmhan do chur gabháltais nua ar fáil don tionónta no don dílseánach san fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo is i mbannaí talmhan a híocfar an méid d'airgead ceannaigh an tailimh dhearbhuithe bheidh mar bhreis ar mhargaluach an ghabháltais nua san.

[EN]

(3) Na forálacha den Acht Talmhan, 1923, agus de sna hAchtanna leasuíonn no leathnuíonn an tAcht san, a bhaineann le hualaighe agus le cearta d'aistriú ar ghabháltaisí do mhalairtiú tré chó-aontú, bainfid le haon mhalairtiú tailte déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

[EN]

(4) Athghairmtear leis seo fo-alt (5) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923.

[EN]

(5) Féadfaidh Coimisiún na Talmhan fógra d'fhoillsiú sa tslí orduithe á rá go bhfuiltear ar aigne a dhearbhú tailte do bheith ag teastáil chun cumhangrachta do leigheas, agus is in ionad agus in áit liosta shealadaigh de sna tailte d'fhoillsiú do réir ailt 40 den Acht Talmhan, 1923, a foillseofar an fógra san.

[EN]

(6) An chomhacht atá ag Coimisiún na Talmhan fé fho-alt (3) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923, chun a dhearbhú aon talamh dá dtagartar sa bhfo-alt san do bheith ag teastáil chun cumhangrachta do leigheas, isiad na Coimisinéirí Tuaithe fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh í agus ní bheidh dul thar a mbreith sin ach go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun an Bhínse Athchomhaire i dtaobh aon cheiste bhaineann le dlí no le luach, agus ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar aon cheist den tsórt san a bhaineann le luach.

[EN]

(7) Ní leor chun Coimisiúin na Talmhan do chosc ar a dhearbhú tailte do bheith ag teastáil chun cumhangrachta do leigheas imeachta um dhearbhú, do tosnuíodh roimh an Acht so do rith, do bheith ar feitheamh, no iad do bheith caithte amach no leigthe ar lár roimh an Acht so do rith.

[EN]

Comhacht do Choimisiún na Talmhan i gcásanna áirithe an lá ceaptha i dtaobh tailimh nea-thionóntuithe do dhearbhú sara mbeidh an praghas socair.

30.—(1) Más rud é go bhfoillseofar liost sealadach de thailte nea-thionóntuithe, no fógra fén gCuid seo den Acht so á rá go bhfuiltear ar aigne a dhearbhú tailte do bheith ag teastáil chun cumhangrachta do leigheas, agus ná lóisteálfar aon agóid ina choinnibh sin no má lóisteáltar go mbeifear tar éis deireadh do chur léi, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más ciriúnach leo san do dhéanamh chun na dtailte sin do roinnt láithreach, an lá ceaptha i dtaobh na dtailte sin do dhearbhú le hordú cé ná beifear tar éis a chó-aontú i dtaobh an phraghais no é do shocrú agus leis an ordú céanna a dhearbhú cadé an praghas (dá ngairmtear an praghas sealadach san alt so) ar a bhfuil sé beartuithe na tailte sin do cheannach.

[EN]

(2) Déanfar, cheal có-aontuithe, praghas tailte go mbeidh an lá ceaptha ina dtaobh dearbhuithe fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do shocrú tré fhéachaint don méid is fiú iad an lá ceaptha do réir na bhforálacha atá sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chuige sin.

[EN]

(3) I gcás praghais tailte go mbeidh an lá ceaptha ina dtaobh dearbhuithe fén alt so do bheith níos mó ná an praghas sealadach, déanfaidh Coimisiún na Talmhan roimh-íoc breise d'íoc agus bannaí talmhan breise do thabhairt amach chun na dtailte sin do cheannach agus beidh suim is có-ionann le hús (lughaide cáin ioncuim) ar na bannaí talmhan breise bhéarfar amach amhlaidh, ón lá ceaptha go dtí dáta na mbannaí talmhan breise sin do thabhairt amach, iníoctha ag Coimisiún na Talmhan leis an duine do bhí i dteideal cíosanna agus sochair an tailimh sin d'fháil sarar ceannuíodh é.

[EN]

(4) I gcás praghais tailte go mbeidh an lá ceaptha ina dtaobh dearbhuithe fén alt so do bheith níos lugha ná an praghas sealadach, íocfaidh Coimisiún na Talmhan isteach i gCiste na mBannaí Talmhan pé suim is leor chun fuascailte do dhéanamh ar na bannaí talmhan a bheidh tugtha amach de bhreis ar phraghas na dtailte sin agus beid i dteideal an tsuim a híocfar amhlaidh isteach i gCiste na mBannaí Talmhan, maraon leis an ús a bheidh íoctha ar na bannaí a fuasclófar amhlaidh ón lá ceaptha go dtí dáta fuascailte na mbannaí sin, do bhaint as an méid d'airgead ceannaigh na dtailte sin nár roinneadh agus an roinnt á déanamh, no den duine sin do fuair an t-airgead ceannaigh sin no aon chuid de agus go bhfuighfear go ndligheann sé na haisíocaíochtaí sin d'íoc.

[EN]

(5) D'ainneoin éinní atá in alt 36 den Acht Talmhan, 1931, déanfar ús, ar bhannaí talmhan ar n-a roimh-íoc mar phraghas tailte nea-thionóntuithe go mbeifear tar éis praghais shealadaigh ina dtaobh do dhearbhú fén alt so, d'íoc leis an duine chítear do Choimisiún na Talmhan dob únaer ar na tailte sarar ceannuíodh iad, ach féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar iarratas éinne le n-a mbaineann, a ordú an t-ús san no aon chuid de d'íoc leis an duine sin le n-a mbaineann.

[EN]

Gabháltaisí d'ath-thógaint.

31.—(1) I gcás Coimisiún na Talmhan do bheith chun feidhmithe do dhéanamh ar a gcomhachta chun gabháltais no coda de ghabháltas d'ath-thógaint bhéarfaid sa tslí orduithe don duine dheallruíonn bheith i seilbh an ghabháltais mar thionónta fógra á rá go bhfuilid chun an ghabháltais no coda den ghabháltas d'ath-thógaint mara ndeintear, laistigh den am orduithe, achuinge do thíolacadh do Choimisiún na Talmhan á impí ná déanfaí an gabháltas no an chuid de (pe'ca aca é) d'ath-thógaint gan tuilleadh fiosrúcháin.

[EN]

(2) Má tíolactar aon achuinge den tsórt san roimhráite, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ceisteanna thiocfaidh aisti do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha agus ní bheidh dul thar a mbreith sin ach amháin go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun an Bhínse Athchomhairc ar cheist dlí.

[EN]

(3) Mara dtíolactar aon achuinge den tsórt san roimhráite, no más rud é go dtíolacfar aon achuinge den tsórt san agus go ndiúltófar do ghéilleadh dhi, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe a dheimhniú an gabháltas no an chuid de do bheith ag teastáil o Choimisiún na Talmhan i bhfeidhmiú a gcomhacht ath-thógainte, agus údaróidh an chúirt, ar iarratas Choimisiúin na Talmhan, an gabháltas no an chuid de, mar a deimhneofar amhlaidh san do bheith ag teastáil, d'ath-thógaint agus, má dheimhníonn na Coimisinéirí Tuaithe freisin é do bheith oiriúnach an gabháltas do bheith ar fáil chun a roinnte láithreach, údaróidh an chúirt leis sin do Choimisiún na Talmhan dul i scilbh an ghabháltais, cé ná beifear tar éis an phraghais ath-thógainte do shocrú agus sa chás san nuair a bheidh an praghas ath-thógainte secair beidh ús iníoctha ag Coimisiún na Talmhan, leis an duine bheidh ina theideal, ar an bpraghas ath-thógainte do réir an ráta per annum gur dá réir a bheidh ús iníoctha ar bhannaí talmhan a bhéarfar amach in íoc an phraghais ath-thógainte ón dáta ar a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan i seilbh an ghabháltais go dtí dáta tugtha amach na mbannaí talmhan in íoc an phraghais ath-thógainte.

[EN]

Comhachta Choimisiúin na Talmhan chun tailimh do thógaint go héigeanta do leathnú.

32.—(1) I gcás na gCoimisinéirí Tuaithe do dheimhniú, roimh an lá ceaptha, aon talamh do bheith ag teastáil chun é d'ath-dhíol leis na daoine no leis na cóluchtaí luaidhtear in alt 31 den Acht Talmhan, 1923, mar a leathnuítear san leis an Acht so, beidh ag Coimisiún na Talmhan, agus beidh infheidhmithe acu, maidir leis na tailte sin gach comhacht no aon chomhacht dá bhfuil acu maidir le tailte do thógaint chun cumhangrachta do leigheas.

[EN]

(2) Má bhíonn cúrsaí ag baint le talamh ar bith a chuirfeadh tionónta no dílseánach an tailimh sin i dteideal fén Acht so, i gcás Coimisiúin na Talmhan do thógaint an tailimh sin, a éileamh ar Choimisiún na Talmhan gabháltas nua do chur ar fáil do, ansan, d'ainneoin éinní atá san alt so no in aon achtachán eile, ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan an talamh san do thógaint go héigeanta chun críche ar bith seachas chun cumhangrachta do leigheas no chun faithchí spóirt, páirceanna, faithchí súgraidh no faithchí imeartha do chur ar fáil i gcóir áititheoirí sráidbhailte, bailte, no cathracha no i gcóir scoileanna no chun gáirdíní do chur ar fáil i gcóir scoileanna.

[EN]

(3) D'ainneoin éinní atá san alt so no in aon achtachán eile ní thógfaidh Coimisiún na Talmhan go héigeanta chun críche ar bith seachas chun cumhangrachta do leigheas sa chomharsanacht no chun faithchí spóirt, páirceanna, faithchí súgraidh, no faithchí imeartha do chur ar fáil i gcóir áititheoirí sráid-bhailte, bailte, no cathracha no i gcóir scoileanna, no chun gáirdíní do chur ar fáil i gcóir scoileanna, aon talamh gur deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe ina thaobh, ag féachaint do mhéid, do shuidheamh agus do chineál an tailimh sin, don mhéid cumhangrachta agus díomhaointis atá sa cheanntar ina bhfuil an talamh san agus ar fuaid na tíre agus dá oiriúnaí bheadh sé saothrú abhar bídh do mhéadú, leor-mhéid de thorthaí talmhaíochta do bheith á fháil as an talamh san, agus fostaíocht do bheith á tabhairt do leor-líon daoine, ar a n-áirmhítear aon ghaolta do thionónta no do dhílseánach an tailimh sin a bhíonn ar buan-fhostú ar an talamh san.

[EN]

(4) Ní bheidh dul thar deimhniú bhéarfar fén alt so, ach féadfar athchomharc do dhéanamh chun an Bhínse Athchomhaire i dtaobh aon cheiste bhaineann le dlí no le luach, agus ní bheidh dul thar breith an Bhínse Athchomhairc ar aon cheist den tsórt san a bhaineann le luach.

[EN]

Roimh-íoc le hiontaobhaithe chun crícheanna áirithe.

33.—(1) Déanfar agus deintear leis seo forálacha alt 4 agus 20 den Irish Land Act, 1903, agus ailt 18 den Irish Land Act, 1909, mar atáid san leathnuithe le halt 69 den Acht Talmhan, 1923, do leathnú tuilleadh i dtreo go mbeidh ar na crícheanna chun ar féidir roimh-íocanna d'íoc fé sna hailt sin faithchí spóirt, páirceanna, faithchí súgraidh, agus faithchí imeartha do chur ar fáil i gcóir áititheoirí sráid-bhailte, bailte, no cathracha no i gcóir scoileanna agus gáirdíní do chur ar fáil i gcóir scoileanna, agus féadfar scéimeanna do cheapadh no do leasú fé sna hailt sin chun gach críche no aon chríche acu san no i dtreo go mbeidh an céanna ina chuid de sna scéimeanna san.

[EN]

(2) Beidh ar na hiontaobhaithe luaidhtear i mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Acht Talmhan, 1923, iontaobhaithe chun gach críche no aon chríche dá luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

[EN]

Comhacht do Choimisiún na Talmhan chun cearta spóirt do cheannach i gcásanna áirithe.

34.—I gcás tailte do dhílsiú i gceannuitheoir fé aon Acht Talamh-Cheannaigh roimh an Acht Talmhan, 1923, agus gan na cearta spóirt (seachas cearta iascaigh) ar na tailte sin no os a gcionn do dhílsiú amhlaidh, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más dóich leo go raghadh sé chun leasa don tír na cearta san do thógaint agus iad do dhílsiú i ndílseánaigh na dtailte gur ortha no os a gcionn a feidhmítear iad mar ní ghabhann leis na tailte sin agus má bhíonn na dílseánaigh sin sásta na cearta san do cheannach, ordú do dhéanamh ag dearbhú an lae cheaptha maidir le gach ceart acu san agus ag dílsiú an chéanna i gCoimisiún na Talmhan ar phraghas a híocfar i mbannaí talmhan agus a dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (cheal có-aontuithe) a shocrú, fé réir chirt athchomhairc chun an Bhínse Athchomhairc.

[EN]

Alt 24 den Acht Talmhan, 1927, do leasú.

35.—Beidh ag alt 24 den Acht Talmhan, 1927, maidir le himeachta in ar tharraing Coimisiún na Talmhan siar roimh an Acht so do rith o thailte do cheannach no d'ath-thógaint, feidhm fé is dá ndeintí na focail uile o sna focail “i gcás inar dhin Coimisiún na Talmhan tarrac siar” go dtí deireadh an ailt do scriosadh amach.

[EN]

Alt 24 (2) (b) agus (g) den Acht Talmhan, 1923, do leasú.

36.—(1) Déanfar agus deintear leis seo clásanna (b) agus (g) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923, do leasú tré sna dátaí seo leanas do chur isteach ionta in ionad dáta an Achta san do rith mar an dáta ar a socrófar cad is cineál don ghabháltas—

[EN]

(a) in aghaidh agus ar feadh na tréimhse de chúig bliana o dháta an Achta so do rith, dáta an Achta so do rith agus

[EN]

(b) in aghaidh agus ar feadh gach tréimhse ina dhiaidh sin de chúig bliana ón dáta san, an dáta ar a dtosnóidh an tréimhse sin.

[EN]

(2) I gcás fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923, do bheith tagtha i mbaint no é do theacht i mbaint ina dhiaidh seo le haon talamh de bhuadh an leasuithe deintear ar an alt san leis an alt so, ní déanfar dochar do bhaint sin an fho-ailt sin leis an talamh san ná ní coiscfear an bhaint sin de bhíthin a chinneadh roimhe sin nár bhain an fo-alt san leis an talamh san agus dá bhíthin sin amháin.

[EN]

Blianachtaí ar thailte báidhte.

37.—(1) I gcás coda de ghabháltas ar a bhfuil roimh-íoc fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh mar mhuirear do bheith báidhte go buan de dheascaibh creimeartha cósta no creimeartha eile no de dheascaibh cúise eile nách é gníomh ná faillí an tionónta fé ndeár í, féadfaidh Coimisiún na Talmhan ordú do dhéanamh ag roinnt na blianachta talamh-cheannaigh no na suime bliantúla ina cionúireachtaí idir an chuid bháidhte agus an chuid eile den ghabháltas san, agus ina dhiaidh sin ní dhlighfidh an ceannuitheoir no an tionónta a íoc ach an chionúireacht den bhlianacht talamhcheannaigh no den tsuim bhliantúil a bheidh ar an gcuid eile sin agus, má orduíonn an tAire Airgid amhlaidh, déanfar iarmhéid na blianachta no na suime bliantúla san do scriosadh amach mar shuim nách ionbhainte amach di.

[EN]

(2) I gcás iomláin ghabháltais ar a bhfuil roimh-íoc fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh mar mhuirear do bheith báidhte go buan de dheascaibh creimeartha cósta no creimeartha eile no de dheascaibh cúise eile nách é gníomh ná faillí an tionónta fé ndeár í, déanfar, má orduíonn an tAire Airgid amhlaidh, an bhlianacht talamh-cheannaigh no an tsuim bhliantúil a bheidh mar mhuirear air do scriosadh amach mar shuim nách ionbhainte amach di.

[EN]

(3) Ní bheidh riaráiste blianachtaí no suimeanna bliantúla no codanna den chéanna, a scriosfar amach fén alt so mar shuim nách ionbhainte amach di, ní bheidh san ina mhuirear ar an gCiste Urraíochta.

[EN]

(4) Na heasnaimh uile bheidh i gCiste na mBannaí Talmhan de dhruim an ailt seo déanfar cúiteamh ionta leis an gciste sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas pé tráthanna agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt so i gcás cúitimh alos báthadh an ghabháltais do bheith iníoctha fé aon Acht den Oireachtas pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do ritheadh é.

[EN]

(6) Talamh a bhíonn fé uisce taoide o am go ham de dheascaibh creimeartha cósta no nách féidir a shaothrú ná d'úsáid chun crícheanna talmhaíochta no féaraigh de dheascaibh uisce, gaineamh no substaint eile (pe'ca fliuchánach no soladach do) do bheith ag teacht isteach air go buan no o am go ham, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, é do bheith báidhte go buan de dheascaibh creimeartha cósta.

[EN]

Comhacht do Choimisiún na Talmhan i gcásanna áirithe chun riailbhlianachta ceannaigh gabháltais do laigheadú.

38.—(1) Maran deimhin le Coimisiún na Talmhan, i gcás gabháltais ar liost de ghabháltaisí dílsithe ar n-a fhoillsiú fé alt 9 den Acht Talmhan, 1931, gurbh urrús an gabháltas, an 9adh lá de Lúnasa, 1923, ar an riail-bhlianacht cheannaigh, pe'ca rinneadh có-aontú ina taobh san idir an tiarna talmhan agus an tionónta no socruíodh í do réir an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923, no do réir ailt 2 den Acht Talmhan, 1929, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, sara ndílsítear an gabháltas sa tionónta ceannuitheach no sara n-ath-thógaidh Coimisiún na Talmhan é, do réir mar bheidh, an riail-bhlianacht cheannaigh don ghabháltas do shocrú sa tslí foráltar le Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923, maidir le cásanna ná dearnadh aon chó-aontú idir an tiarna talmhan agus an tionónta ina dtaobh, agus féadfaid ordú do dhéanamh chun na riail-bhlianachta ceannaigh do laigheadú dá réir sin.

[EN]

(2) Na forálacha den Acht Talmhan, 1931, de dhruim orduithe do dhéanamh chun riail-bhlianachta ceannaigh gabháltais do laigheadú, bainfid le hordú déanfar fén alt so.

[EN]

Gabháltaísí muilinn.

39.—(1) Ní dúnfar amach gabháltas o sna forálacha den Acht Talmhan, 1923, agus de sna hAchtanna le n-a leasuítear agus le n-a leathnuítear an tAcht san, gur dá mbuadh a dílsítear tailte i gCoimisiún na Talmhan mar thailte tionóntuithe an lá ceaptha, de bhíthin foirginte muilinn do bheith ar an ngabháltas san agus dá bhíthin sin amháin más dóich le Coimisiún na Talmhan, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, furmhór an ghabháltais do bheith ina thalamh thalmhaíochta no fhéaraigh no cuid de do bheith ina thalamh thalmhaíochta agus cuid de ina thalamh fhéaraigh.

[EN]

(2) Ní coiscfear éinne ar a iarraidh ar Choimisiún na Talmhan ordú do dhéanamh ag dearbhú an lae cheaptha i dtaobh aon ghabháltais den tsaghas a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so de bhíthin an ghabháltais do dhúnadh amach, roimh an Acht so do rith, o sna forálacha san de sna hAchtanna san toisc gur ghabháltas muilinn é, agus dá bhíthin sin amháin.

[EN]

Gabháltaisí ar n-a gcur ar cíos chun críche speisialta.

40.—(1) Ní dúnfar amach gabháltas o sna forálacha den Acht Talmhan, 1923, agus de sna hAchtanna le n-a leasuítear agus le n-a leathnuítear an tAcht san, gur dá mbuadh a dílsítear tailte gCoimisiún na Talmhan mar thailte tionóntuithe an lá ceaptha, de bhíthin an ghabháltais sin do bheith ar seilbh fé chonnradh tionóntachta adeir gur chun inbhir shealadaigh, chun áise sealadaighe, no i gcóir riachtanais sealadaigh do rinneadh é agus dá bhíthin sin amháin más dóich le Coimisiún na Talmhan, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, nách chun inbhir shealadaigh do ceapadh an tionónacht san no nách in aghaidh aon áise sealadaighe no aon riachtanais sealadaigh do rinneadh an connradh tionóntachta san no gur mar ghnáth-fheirm a húsáidtear an gabháltas san agus más dóich leo, pé scéal é, gur cheart go dtuigfí an gabháltas san do bheith ina ghabháltas le n-a mbaineann na forálacha san de sna hAchtanna san.

[EN]

(2) Ní coiscfear éinne ar a iarraidh ar Choimisiún na Talmhan ordú do dhéanamh ag dearbhú an lae cheaptha i dtaobh aon ghabháltais den tsaghas a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so de bhíthin an ghabháltais do dhúnadh amach, roimh an Acht so do rith, o sna forálacha san de sna hAchtanna san, toise é do bheith á shealbhú fé chur ar cíos chun inbhir shealadaigh no chun áise sealadaighe no i gcóir riachtanais scaladaigh, agus dá bhíthin sin amháin.

[EN]

(3) I gcás forála do bheith in aon chonnradh tionóntachta (pé uair do rinneadh) den tsaghas a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so no i gconnradh tionóntachta (pé uair do rinneadh) dar phríomh-chuspóir áit chomhnaithe do bheith ar fáil agus í do thabhairt le tuiscint go díreach no go nea-dhíreach go ndeineann sí an tionónta fén gconnradh san do chosc ar chearta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh no ar aon cheart áirithe acu san d'fheidhmiú, beidh an fhoráil sin agus, más roimh an Acht so do rith do rinneadh an connradh san, tuigfear go raibh sí riamh gan bhrí agus neamh-infheidhmithe.

[EN]

Breithneofar roimh-íocanna do híocadh roimhe seo le fear céile no le mnaoi chéile tionónta.

41.—Nuair a bheidh breithniú a dhéanamh, do réir fo-ailt (6) d'alt 28 den Acht Talmhan, 1923, no do réir ailt 33 den Acht san, no do réir ailt 11 den Acht Talmhan, 1931, ar mhéid na roimhíocanna do híocadh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun tailte do cheannach gurb é is dílseánach ortha an lá ceaptha ná tionónta gabháltais le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923, agus na hAchtanna le n-a leasuítear agus le n-a leathnuítear an tAcht san, tuigfear roimh-íocanna do híocadh chun tailte do cheannach, gurb é is dílseánach ortha ná fear céile no bean chéile (pe'ca aca é) an tionónta san, d'íoc leis an tionónta san.

[EN]

Talamh neathionóntuithe ar seilbh fé dheontas fheirmdhílse no fé léas fhada.

42.—(1) Athghairmtear leis seo mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1931.

[EN]

(2) Nuair a géillfear d'iarratas fén alt san 44, ansan, na forálacha atá in alt 24 den Acht Talmhan, 1923, i dtaobh tailimh thionóntuithe, agus na forálacha den tsórt chéanna atá sna hAchtanna le n-a leasuítear agus le n-a leathnuítear an t-alt san, bainfid leis an bpaiste tailimh gur ina thaobh do géilleadh don iarratas.

[EN]

(3) Ní géillfear d'iarratas fén alt san 44 in aon chás ina mbeadh an paiste tailimh le n-a mbaineann an t-iarratas san eiscithe o fhorálacha fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923, dá mba thalamh tionóntuithe é do réir bhrí fo-ailt (2) d'alt 73 den Acht san.

[EN]

(4) In iarratas ar bith fén alt san 44, marab ionann an cíos íocann an t-iarratasóir agus an cíos a cuirtear ar cosnamh leis an deontas no leis an léas fé n-a sealbhuítear an paiste tailimh le n-a mbaineann an t-iarratas san agus más dóich le Coimisiún na Talmhan, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go ndearnadh an cíos d'íoc an t-iarratasóir d'íoc agus do ghlacadh in ionad an chíosa cuirtear ar cosnamh leis an deontas no leis an léas san, tuigfear gurb é an cíos do híocadh amhlaidh is cíos don phaiste thailimh sin chun crícheanna an iarratais sin.

[EN]

(5) Nuair nách deimhin le Coimisiún na Talmhan paiste tailimh go ngéilltear ina thaobh d'iarratas fén alt san 44 do bheith ina urrús ar an riail-bhlianacht cheannaigh, pe'ca rinneadh có-aontú ina taobh san idir an tiarna talmhan agus an tionónta no socruíodh í fé alt 2 den Acht Talmhan, 1929, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, ar fhógra do sheirbheáil ar na páirtithe sa tslí orduithe, ordú do dhéanamh ag socrú riail-bhlianachta ceannaigh an phaiste sin sa tslí foráltar le Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923, maidir le cásanna ná dearnadh aon chó-aontú idir an tiarna talmhan agus an tionónta ina dtaobh.

[EN]

(6) Nuair a bheidh riail-bhlianacht cheannaigh phaiste thailimh go ngéilltear ina thaobh d'iarratas fén alt san 44 á socrú ag Coimisiún na Talmhan féadfaid féachaint don mhéid (más ann do), in airgead no i luach airgid, do rinne an deonaí no an léasaí d'íoc leis an deontóir no leis an léasóir no do thabhairt do, i bhfuirm fíneála no eile, ar agus as an deontas no an léas fé n-a sealbhuítear an paiste tailimh sin do dhéanamh.

[EN]

(7) Deintear leis seo míreanna (b), (c) agus (d) d'fho-alt (3) den alt san 44 do leasú tré pé lá gála roimh dháta lóisteálta an iarratais fén alt san a lomhálfaidh riaráiste cíosa trí mblian ach ná lomhálfaidh thar riaráiste cíosa trí mblian do shocrú fén bhfo-alt san do chur in ionad an chéad lae ghála sa bhliain 1928.

[EN]

(8) I gcás Coimisiúin na Talmhan do dhéanamh orduithe fén alt san 44 á rá go ndílseoidh paiste tailimh an lá ceaptha, féadfaidh, leis an ordú céanna, an lá ceaptha do dhearbhú agus an riail-bhlianacht cheannaigh do shocrú don phaiste sin.

[EN]

(9) Ní coiscfear éinne ar iarratas de dhéanamh chun Coimisiúin na Talmhan fén alt san 44 de bhíthin orduithe do dhéanamh ag diúltadh do ghéilleadh d'iarratas roimhe sin fén alt san i dtaobh an phaiste chéanna thailimh roimh an Acht so do rith agus dá bhíthin sin amháin, agus in aon chás den tsórt san féadfar an t-iarratas san do dhéanamh d'ainneoin an deontais no an léasa fé n-a raibh an paiste tailimh sin ar seilbh ar dháta an orduithe sin do chur ar ceal ina dhiaidh sin de dhruim no de dheascaibh an chíosa bhí curtha ar cosnamh leis do bheith gan íoc, agus sa chás san tuigfear, chun crícheanna an ailt sin 44 agus an iarratais sin, an deontas no an léas san do bheith ar marthain.

[EN]

(10) Athghairmtear leis seo alt 38 den Acht Talmhan, 1923, achsan gan dochar d'imeachta fén alt san, atá ar feitheamh le linn an Achta so do rith, do chur ar aghaidh agus do chríochnú agus fós gan dochar do dhleathacht na n-imeacht san.

[EN]

(11) Más rud é, in aon imeachta fén alt san 44, go mbeidh únaer an phaiste thailimh le n-a mbaineann na himeachta san tar éis bháis agus ná beidh aon ionadaí pearsanta dlíthiúil ann don únaer marbh san, no ná beidh seirbhísí a ionadaí phearsanta dhlíthiúla ar fáil go caothúil le haghaidh na n-imeacht san, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, ar pé téarmaí agus coinníollacha (más ann dóibh) is oiriúnach leo, duine ceart éigin do cheapadh chun bheith ina riarthóir ar estát phearsanta an únaera mhairbh sin le haghaidh na n-imeacht san amháin, agus leis sin déanfaidh an riarthóir sin, chun crícheanna na n-imeacht san, an t-únaer marbh san d'ionadú fé is dá mba dhuine an t-únaer san do fuair bás gan uacht do dhéanamh agus go ndéanfaí leitreacha riaracháin a estáit agus a áirnéise pearsanta do dheonadh go cuibhe don riarthóir sin.

[EN]

Riaráiste cíosanna socruithe á mhuirearú ar ghabháltaisí atá fo-churtha ar cíos.

43.—I gcás ina mbeifear tar éis blianachta breise in aisíoc riaráiste chíosa shocruithe do mhuirearú ar ghabháltas go bhfuil a iomlán no cuid de fo-churtha ar cíos agus a dhearbhú na fothionóntaithe do bheith ina dtionóntaithe díreacha ar a gcoda féin fé seach den ghabháltas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh gach fo-thionónta i dteideal creidiúna d'fháil, sa mhéid den riaráiste cíosa socruithe sin is ion-aisíoctha tríd an gcuid den bhlianacht bhreise sin a bheidh ina muirear ar a ghabháltas féin ar leithligh, in aghaidh an riaráiste chíosa, más ann do, a bheidh dlite air ag á ghar-thiarna talmhan agus iníoctha aige leis sin;

[EN]

(b) mara mbeidh aon riaráiste cíosa dlite ar an bhfothionónta san no más mó méid an riaráiste chíosa shocruithe is ion-aisíoctha amhlaidh mar adubhradh ná méid an riaráiste chíosa bheidh dlite ar an bhfothionónta san, déanfar an chuid den bhlianacht bhreise sin a bheidh ina muirear ar a ghabháltas féin ar leithligh no an oiread den chuid sin den bhlianacht bhreise sin gurb í an bhreis í bheidh ag an riaráiste cíosa socruithe sin ar an riaráiste cíosa bheidh dlite ar an bhfo-thionónta san (pe'ca aca é) d'fhuascailt as leas eadarghabhálach a ghar-thiarna sa mhéid gur leor chuige sin praghas fuascailte an leasa eadarghabhálaigh sin, tar éis éilithe alos tráthchodanna bheidh gan íoc d'íocaíocht in ionad cíosa no de shuimeanna bliantúla no de shuimeanna breise (más ann dóibh) do ghlanadh, agus, sa mhéid nách leor amhlaidh an leas eadar-ghabhálach san, as an suim do cuireadh le hairgead ceannaigh an ghabháltais in aghaidh riaráiste chíosa shocruithe;

[EN]

(c) i gcás aon choda den bhlianacht bhreise sin d'fhuascailt as an suim do cuireadh le hairgead ceannaigh an ghabháltais in aghaidh riaráiste chíosa shocruithe, beidh an duine bheidh i dteideal an riaráiste chíosa shocruithe sin d'fháil i dteideal an tsuim sin a bheidh íoctha amach as an riaráiste cíosa socruithe sin i bhfuascailt na blianachta breise sin i bpáirt no go hiomlán d'fháil ón duine agus do bhaint den duine ag á mbeadh an riaráiste cíosa socruithe sin iníoctha dá mba ná cuirfí leis an airgead ceannaigh é.

[EN]

Caiteachas ar bhancánachtaí nách mó na £500.

44.—Maran mó ná suim chúig céad púnt an méid iomlán a bheartóidh Coimisiún na Talmhan do chaitheamh chun no mar chabhair chun aon oibre d'ath-dhéanamh fé fho-alt (5) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1923, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, más rogha san leo, an méid sin do chaitheamh as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, mar chuid de chaiteachaisí Choimisiúin na Talmhan, agus na forálacha den fho-alt san i dtaobh caiteachais fé bainfid leis an gcaiteachas san fén alt so.

[EN]

Alt 73 (2) (b) den Acht Talmhan, 1923, do leasú.

45.—Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 73 den Acht Talmhan, 1923, do leasú tré mhír (b) den fho-alt san do scriosadh amach agus tríd an mír seo leanas do chur isteach sa bhfo-alt san in ionad na míre scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

“ (b) más i gcontae ceanntracha nea-chumhanga don ghabháltas agus má dheimhníonn Coimisiún na Talmhan go ndeachaidh cruthnú na tionóntachta chun leasa don tír, dílseoidh an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan mar thalamh thionóntuithe, ach, mara ndeimhnighidh Coimisiún na Talmhan amhlaidh, ní dílseofar an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan maran dóich leo é bheith oiriúnach é do dhílsiú mar thalamh nea-thionóntuithe, agus más dóich dílseoidh an gabháltas amhlaidh agus déanfar amach an praghas fé is dá mba thalamh neathionóntuithe é.”

[EN]

Forálacha i dtaobh tailimh thionóntuithe atá oiriúnach d'fhoirgintí.

46.—(1) I gcás aon tailte tionóntuithe do bheith eiscithe o fhorálacha fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923, mar atá san leasuithe agus leathnuithe leis na hAchtanna Talmhan ina dhiaidh sin, de bhíthin no de bharr a luachmhaire no a úsáidighe bhíodar no is deallrathach a bheidís mar thalamh fhoirgneoireachta, agus gan iad do bheith ath-thógtha agus á n-úsáid chun crícheanna foirgneoireachta roimh an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, bainfidh na forálacha den Acht san mar atá san leasuithe agus leathnuithe amhlaidh (seachas na forálacha bhaineann le talamh tionóntuithe atá no is deallrathach a bheidh luachmhar no úsáideach mar thalamh fhoirgneoireachta) bainfid leis an talamh tionóntuithe sin agus tuigfear iad do bhaint leis an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, agus dá éis sin.

[EN]

(2) Má rinne an tiarna talmhan, roimh an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, deireadh do chur le tionóntacht aon tailte do heisceadh mar adubhradh agus má rinneadh an tionónta do chur thar n-ais ortha fé chó-aontú nua tionóntachta tuigfear, mara ndearna an tiarna talmhan roimh an dáta san na tailte d'úsáid chun crícheanna foirgneoireachta, gur fé n-a sheana-thionóntacht atá an tionónta ina thionónta ortha.

[EN]

(3) Ní déanfar talamh nár heisceadh mar adubhradh roimh an 28adh lá de Mheitheamh, 1933, d'eisceadh amhlaidh tar éis an dáta san de bhíthin no de bharr a luachmhaire atá sé no is deallrathach a bheidh sé mar thalamh fhoirgneoireachta.

[EN]

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon talamh tionóntuithe atá ar únaeracht ag údarás áitiúil chun críche ar bith seachas crícheanna a gcomhachta agus a ndualgaisí mar údarás den tsórt san.

[EN]

Comhacht chun portaigh d'fháil do leathnú.

47.—(1) Na comhachta atá ag Coimisiún na Talmhan chun portaigh ar bith do thógaint chun móna do chur ar fáil do shealbhairí talmhan déanfar agus deintear leis seo iad do leathnú i dtreo go mbeidh ortha comhacht chun portaigh do thógaint chun é d'fhorbairt chun pé crícheanna eile dhéanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgid, a cheadú.

[EN]

(2) Nuair a bheidh Coimisiún na Talmhan ag feidhmiú na gcomhacht leathnuithe bronntar leis an alt so féachfar go cuibhe do riachtanasaí réasúnta sealbhairí tailimh sa chomharsanacht maidir le móin gur mar abhar teine ina dtithe féin agus nách chun í do dhíol a theastóidh sí uatha.

[EN]

Gabháltaisí do chlárú ar iad do dhílsiú.

48.—(1) Gach gabháltas a dílseofar ina thionónta tré ordú dílsiúcháin no tré fiat an chó-aontuithe cheannaigh do rinne sé chun a cheannuithe tuigfear gur talamh cláruithe é do réir bhrí fo-ailt (1) d'alt 19 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus beidh sé fé réir forálacha an Achta san ar dháta an orduithe dhílsiúcháin no an fiat san agus dá éis sin, agus beidh gach gabháltas den tsórt san saor, an dáta san agus dá éis sin, o fhorálacha na nAchtanna bhaineann le hOifig Chlárathachta na nDintiúirí.

[EN]

(2) Bainfidh na forálacha san roimhe seo le paiste tailimh ar n-a dhíol le duine fé is dá mba ghabháltas a díolfaí le n-a thionónta an paiste sin.

[EN]

Muirear deachmhachíosa no cíos ion-atharuithe i mBaile Atha Cliath.

49.—(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach muirear deachmha-chíosa no cíos ion-atharuithe a thagann as ionoighreachta atá, le linn an Achta so do rith, laistigh de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás muirir dheachmha-chícsa no cíosa ion-atharuithe le n-a mbaineann na forálacha so do bheith atharuithe fé ailt 2 agus 3 agus do réir alt 2 agus 3 den Tithe Rentcharge (Ireland) Act, 1900, no fé sna hailt sin agus do réir na n-alt san fé mar a cuirtear i mbaint iad tré alt 90 den Irish Land Act, 1903, agus fós fé alt 49 agus do réir ailt 49 den Acht Talmhan, 1931, bainfidh na hailt sin 2 agus 3 agus an t-alt san 49, agus tuigfear iad do bhaint riamh, leis an muirear dheachmha-chíosa san no leis an gcíos ion-atharuithe sin dá réir sin;

[EN]

(b) i gcás gan muirear deachmha-chíosa no cíos ion-atharuithe le n-a mbaineann na forálacha so do bheith atharuithe amhlaidh mar adubhradh, bainfidh alt 49 den Acht Talmhan, 1931, leis an muirear dheachmha-chíosa san no leis an gcíos ion-atharuithe sin ach san go sna hatharuithe seo leanas agus fé n-a réir, sé sin le rá:—

[EN]

(i) cuirfear an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1933, in ionad an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1930, i ngach áit ina bhfuil an dáta san, agus

[EN]

(ii) cuirfear an 2adh lá de Mhí na Samhna, 1933, in ionad an 2adh lá de Mhí na Samhna, 1930; agus

[EN]

(iii) cuirfear dó is seasca per cent. in ionad dó is nócha per cent.

[EN]

(2) San alt so tá leis na habairtí” muirear deachmha-chíosa” agus “cíos ion-atharuithe” ná bríonna céanna fé seach atá leo in alt 49 den Acht Talmhan, 1931.

[EN]

Comhacht chun iontaobhaithe do cheapadh.

50.—(1) Beidh comhacht ag an gCoimisinéir Breithiúntais, má chítear san do bheith caothúil chun ciste ar bith i gCúirt Choimisiúin Talmhan na hÉireann do roinnt, iontaobhaithe do cheapadh, chun crícheanna na Settled Land Acts, 1882 to 1890, d'aon tsocrú, no d'aon líon ionstraimí atá le chéile ina gcó-shocrú, chun aon chiste den tsórt san, no chun aon choda dhe i gcás muirir do bheith ann de dhruim an tsocruithe no an chó-shocruithe sin pe'ca urruithe dho tré théarma blian no nách eadh, do ghlacadh ar iontaobhaisí an tsocruithe no an chó-shocruithe sin, d'ainneoin na dílse agus na hoighreachta do bheith dílsithe ar fad, agus i gcás na n-iontaobhaithe sin do cheapadh amhlaidh beidh admháil na n-iontaobhaithe sin ina leor-ghlanadh do Choimisiún na Talmhan maidir leis an gcistc sin no leis an gcuid sin de.

[EN]

(2) Chun crícheanna an ailt seo féadfar a thuiscint tailte bheidh dílsithe i gCoimisiún na Talmhan an lá ceaptha, no airgead ceannaigh na dtailte sin, no aon chíos, no praghas a fhuascailte sin, no aon chiste eile bheidh le roinnt ag an gCoimisinéir Breithiúntais, do bheith á shealbhú i bhfuirm chomharbais fé shocrú no fé chó-shocrú d'ainneoin deireadh do bheith le forálacha na hionstruime áirithe gur fé a eiríonn aon mhuirear den tsórt san ach amháin maidir leis na muirir sin.

[EN]

(3) Ní luighfidh aon athchomharc o bhreith an Choimisinéara Bhreithiúntais fén alt so.

[EN]

Fíneála ar léasanna d'athnuachaint d'íoc ar chiste do roinnt.

51.—Má deintear, ar aon chiste is ionroinnte ag an gCúirt fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh do roinnt, an cíos agus na fíneála athnuachainte is iníoctha amach as tailte sealbhuítear fé léas ar feadh saolanna no ar feadh blianta, go gcumhnant i gcóir síor-athnuachainte ar íoc fíneála, d'fhuascailt, i bpairt no go hiomlán, agus a ordú iad d'íoc amach as an gciste sin, ní déanfar aon fhíneáil a tháinig chun bheith iníoctha breis agus dhá bhliain fhichead roimh dháta na roinnte sin ná thar trí fíneála ar fad do chur san áireamh nuair a bheidh luach na bhfíneála bheidh le fuascailt amhlaidh á mheas, agus, in aon chás den tsórt san, ní raghaidh an tsuim iomlán is iníoctha i bhfuascailt na bhfíneála san thar 10 per cent. de phraghas fuascailte an chíosa is iníoctha fén léas san.

[EN]

Scaireanna beaga d'airgead ceannaigh, etc., do roinnt.

52.—Bainfidh forálacha ailt 63 den Irish Land Act, 1903, agus ailt 35 den Acht Talmhan, 1931, le haon scair i bpraghas fuascailte no in iarsma phraghais fhuascailte leasa uachtaraigh, no in airgead ceannaigh no in iarsma airgid cheannaigh estáit, no in aon chiste no in iarsma aon chiste is ionroinnte ag an gcúirt, i gcás ina mbeidh méid na scaire sin—

[EN]

(a) gan bheith níos mó ná triocha púnt; no

[EN]

(b) níos mó ná triocha púnt gan bheith níos mó ná céad púnt;

[EN]

fé mar a bhaineann na hailt sin le praghsanna fuascailte leasanna uachtaracha, le hairgead ceannaigh estát, agus le cistí is ionroinnte ag an gcúirt, no le hiarsmaí de phraghsanna fuascailte, d'airgead cheannaigh no de chistí den tsórt san nách mó ná triocha púnt agus is mó ná triocha púnt gan bheith níos mó ná céad púnt, fé seach.

[EN]

Fiacha bheidh dlite don Stát do bhaint as an airgead cheannaigh.

53.—(1) Nuair a bheidh Coimisiún na Talmhan ag roinnt airgid cheannaigh estáit bainfid as an méid den airgead cheannaigh is iníoctha le duine ar bith ná comhnuíonn i Saorstát Éireann aon fhiacha bheidh dlite ar an duine sin ag aon Aire no Roinn Rialtais no bheidh iníoctha aige le haon Aire no Roinn Rialtais agus ’na mbeidh fógra faighte ag Coimisiún na Talmhan ina dtaobh roimh íocaíocht do thabhairt don duine sin.

[EN]

(2) I gcás méide aon fhiacha den tsórt san do bheith gan déanamh amach déanfaidh Coimisiún na Talmhan pé suim iarrfaidh an tAire no an Roinn Rialtais do choinneáil as an méid den airgead cheannaigh chun a mbeidh teideal ag an duine ar a mbeidh na fiacha san dlite no ag á mbeid iníoctha go dtí go seachadfa sé na cuntaisí is gá no go dtabharfaidh uaidh na tuairiscí is gá chun a chur ar chumas an Aire no na Roinne dá mbeidh na fiacha san dlite méid cruinn na bhfiacha san do dhéanamh amach agus go dtí go mbeidh an méid cruinn sin déanta amach.

[EN]

Earlaisí urraíochta.

54.—(1) Má deintear airgead ceannaigh estáit do roinnt sara ndéanfar na horduithe dílsiúcháin maidir leis na gabháltaisí uile san estát san, coinneoidh an Coimisinéir Breithiúntais i mbannaí talmhan as an airgead ceannaigh mar éarlais urraíochta suim is có-ionann le deich per cent. den airgead cheannaigh, no pé suim níos mó ná san is dóich leis an gCoimisinéir Breithiúntais do bheith ceart ach ná raghaidh i gcás ar bith thar cúig fichead per cent. den airgead cheannaigh, mara ndeimhnighidh Coimisiún na Talmhan, ar an airgead ceannaigh sin do roinnt, nách gá aon tsuim no nách gá ach suim fé bhun deich per cent. den airgead cheannaigh do choinneáil.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Acht Talmhan, 1931.