Uimhir 19 de 1932.
ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932.
CUID I.
Roimhraitheach agus Generalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, do ghairm den Acht so.
Mínithe.
2.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
cialluíonn an abairt “cumann maitheasa puiblí” cumann atá cláruithe fé sna Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913, no cara-chumann atá cláruithe fé sna Friendly Societies Acts, 1896 and 1908, no aontas céirde atá cláruithe fé sna Trade Union Acts, 1871 to 1913, agus go bhfuil ar a gcuspóirí tithe don lucht oibre do thógáil agus foluíonn an abairt sin fós cuideachta chuireann ina luighe ar an Aire gur leas na ndaoine amháin is abhar dá gcuspóirí agus go bhfuil ar na cuspóirí sin tithe don lucht oibre do sholáthar;
foluíonn an focal “duine” i ngach áit ina bhfuil sé i gCuid II den Acht so an Cólucht Talmhan do Mháirnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha ach ní fholuíonn sé údarás áitiúil ná cumann maitheasa puiblí;
tá an bhrí chéanna leis an abairt “sclábhaí talmhaíochta” atá leis an abairt “agricultural labourer” in Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931;
cialluíonn agus foluíonn an focal “tigh” foirgint no aon chuid d'fhoirgint atá oiriúnach chun bheith ina tigh comhnaithe;
ní fholuíonn an focal “tógáil” athdhéanamh agus is dá réir sin a léireofar na focail “tóg,” “ag tógail,” agus focail eile ata gaolmhar leo;
cialluíonn an focal “baile-líomatáiste” líomatáiste aon chontaebhuirge, buirge, no bailecheanntair no líomatáiste aon bhaile ag a bhfuil baile-choimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act. 1854;
cialluíonn an focal “tuath-líomatáiste” líomatáiste ceanntair shláinte chontae ach gan aon bhaile-líomatáiste atá suidhte ann d'áireamh;
cialluíonn an focal “baile-údarás” comhairle chontae-bhuirge, bhuirge, no bhailecheanntair no coimisinéirí baile ag a bhfuil baile-choimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.
Achtacháin d'athghairm.
3.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus beidh éifeacht ag an athghairm sin ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Sceideal san agus o sna dátaí sin amach.
Costaisí.
4.—Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é a híocfar gach costas fé na raghaidh an tAire no an tAire Tionnseail agus Tráchtála chun an Achta so do chur i bhfeidhm.
CUID II.
Foralacha Airgeadais.
Deontaisí ón Aire do dhaoine, do chumainn mhaitheasa puiblí agus d'údaráis áitiúla.
5.—(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, agus fé réir na rialachán orduithe, deontaisí do dheonadh mar leanas:—
(a) d'aon duine no d'aon chumann maitheasa puiblí thógfaidh tigh no tithe le n-a mbaineann an fo-alt so in aon bhaile-líomatáiste no in aon tuath-líomatáiste, deontas nách mó ná cúig púint is dachad, más rud é gur tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1929, ach roimh an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, a tosnuíodh ar thógáil an tighe sin, agus go mbeidh sí críochnuithe an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no roimhe sin;
(b) d'aon duine no d'aon chumann maitheasa puiblí thógfaidh tigh no tithe le n-a mbaineann an fo-alt so in aon bhaile-líomatáiste, deontas nách mó ná—
(i) seachtó púnt, más rud é gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe sin agus go mbeidh sí críochnuithe roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1933;
(ii) seasca púnt, más rud é gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe sin agus go mbeidh sí críochnuithe an 1adh lá de Mheitheamh, 1933, no dá éis sin ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1934;
(iii) caoga púnt, más rud é gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe sin agus go mbeidh sí críochnuithe an 1adh lá d'Abrán, 1934, no dá éis sin ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935;
(c) d'aon duine (seachas sclábhaí talmhaíochta) is duine gheibheann a shlí bheatha ar fad no nách mór ar fad as talmhaíocht, a dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil in aon tuath-líomatáiste mar áit chomhnaithe dho féin, tigh gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar é thógáil agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935—
(i) deontas nách mó ná seachtó púnt má bhíonn an duine sin i seilbh talaimh agus foirgintí talmhaíochta nách mó ná cúig púint déag a luach ionrátuithe fé mar atá san curtha síos sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála no nách mó ná an tsuim sin méid iomlán a luachanna ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh:
(ii) deontas nách mó ná seasca púnt. má bhíonn an duine sin i seilbh talaimh agus foirgintí talmhaíochta gur mó ná cúig púint déag ach nách mó ná cúig púint fhichead a luach ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh mar adubhradh no méid iomlán a luachanna ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh;
(d) d'aon duine, is sclábhaí talmhaíochta, a dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil mar áit chomhnaithe dho féin in aon tuath-líomatáiste, tigh gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar é thógáil agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935. deontas nách mó ná seachtó púnt;
(e) d'aon duine (seachas duine dá bhféadfaí deontas do dheonadh fé mhír (c) no fé mhír (d) den fho-alt so) a dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil in aon tuath-líomatáiste, tigh gur ar an 12adh lá de Bhealtaine. 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar é thógáil agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935, deontas nách mó ná cúig púint is dachad;
(f) d'aon chumann maitheasa puiblí dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil in aon tuathlíomatáiste, tigh gur ar an 12adh lá de Bhealtaine. 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar é thógáil agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus a bheidh tógtha mar áit chomhnaithe do dhuine (seachas sclábhaí talmhíochta) a gheibheann a shlí bheatha ar fad no nách mór ar fad as talmhaíocht—
(i) deontas nách mó ná ochtó púnt, má bhíonn an duine sin i seilbh talaimh agus foirgintí talmhaíochta nách mó ná cúig púint déag a luach ionrátuithe fé mar atá san curtha síos sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála no nách mó ná an tsuim sin méid iomlán a luachanna ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh;
(ii) deontas nách mó ná seachtó púnt, má bhíonn an duine sin i seilbh talaimh agus foirgintí talmhaíochta gur mó ná cúig púint déag ach nách mó ná cúig púint fhichead a luach ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh mar adubhradh no méid iomlán a luachanna ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh;
(g) d'aon chumann maitheasa puiblí dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil in aon tuathlíomatáiste. tigh gur ar an 12adh lá de Bhealtaine. 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar é thógáil agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935, deontas nách mó ná ochtó púnt, más mar áit chomhnaithe do sclábhaí talmhaíochta a bheidh an tigh sin tógtha;
(h) d'aon duine d'athdhéanfaidh tigh atá ina sheilbh féin, deontas nách mó ná dachad púnt, más rud é gur as talmhaíocht a gheibheann an duine sin a shlí bheatha ar fad no nách mór ar fad agus go bhfuil sé i seilbh talaimh agus foirgintí talmhaíochta nách mó ná cúig púint fhichead a luach ionrátuithe fé mar atá san curtha síos sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála no nách mó ná an tsuim sin méid iomlán a luachanna ionrátuithe fé mar atá san curtha síos amhlaidh, no más rud é gur sclábhaí talmhaíochta an duine sin, agus, i gceachtar cás, gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar athdhéanamh an tighe sin agus go mbeidh a athdhéanamh críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus, ar bheith athdhéanta dho amhlaidh, go mbeidh an tigh sin do réir Rialacha 2 agus 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so;
(i) d'aon chumann maithesasa puiblí dhéanfaidh tigh le n-a mbaineann an fo-alt so do thógáil in aon bhailelíomatáiste, deontas nách mó ná dhá naoú de chostas an tighe sin do chur ar fáil no céad púnt, pe'ca suim acu san is lugha, más rud e—
(i) gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe agus go mbeidh a thógáil críochnuithe roimh an 1adh lá d'Abrán, 1935; agus
(ii) na beidh achar urláir an tighe agus é thomhas ar an slí orduithe níos lugha ná 500 troigh ceárnach ná níos mó ná 750 troigh ceárnach; agus
(iii) go dtabharfaidh an cumann maitheasa puiblí sin geallúint don Aire ná díolfaidh an cumann san an tigh sin agus fós ná cuirfid an tigh sin ar cíos ach amháin ar thionóntacht mhíosúil no ar thionóntacht níos lugha ná san agus chun duine den lucht oibre agus ar cíos nách mó ná an cíos san le n-a n-aontóidh an tAire; agus
(iv) go dtabharfaidh baile-údarás an bhaile-líomatáiste ina mbeidh an tigh suidhte geallúint uatha go ndeonfaid deontas alos an tighe sin don chumann maitheasa puiblí sin, deontas a bheidh i bhfuirm deontais thalaimh mar ionad don tigh sin no i bhfuirm deontais airgid alos an tighe sin no go mbeidh cuid de i bhfuirm acu san agus an chuid eile dhe sa bhfuirm eile acu san, ach nách mó in aon chás, i luach an talaimh sin no i méid an airgid sin no i suim iomláin an luacha san agus an mhéid sin (do réir mar bheidh), ná an naoú cuid de chostas an tighe do chur ar fáil no caoga púnt, pe'ca suim acu san is lugha;
(j) d'aon údarás áitiúil alos aon tighe gheobhaidh an t-údarás áitiúil sin fé alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, mar a leasuítear é le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, (Uimh. 50 de 1931), chun é dhíol le cumann daoncharadach no le cólucht daoine le n-a mbeidh an tAire sásta no chun é thabhairt ar léas do chumann no do chólucht den tsórt san, deontas nách mó ná seasca per centum de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin alos an tighe sin d'fháil, agus don údarás áitiúil sin no don chumann san no don chólucht daoine sin deontas nách mó ná seasca per centum de sna costaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil, an cumann no an cólucht san fé seach chun an tighe sin d'atharú, do mhéadú, d'fheabhsú no do dheisiú, ach fé réir an choinníll ná raghaidh méid iomlán na ndeontas san alos an aon tighe amháin thar suim is có-ionann le cúig púint sheachtód in aghaidh gach tionóntacháin fé leith a cuirfear ar fáil sa tigh sin.
(2) I bhfo-alt (1) den alt so, cialluíonn an abairt “tigh le n-a mbaineann an fo-alt so” tigh atá do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(3) Ní dheonfaidh an tAire deontas fén alt so—
(a) alos tighe gur dheon an tAire deontas ina thaobh fé Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 (Uimh. 14 de 1924). no fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, mar a leasuítear iad le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931); ná
(b) alos tighe a tógadh do réir choinníll is coinníoll athshuidhimh do réir bhrí ailt 10 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923); ná
(c) alos tighe a tógadh ar ionad no ar aon chuid d'ionad foirginte gur deonadh cúiteamh fén Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923, mar gheall ar a léirscrios no gur tugadh tuairisc ar a léirscrios fé alt 15 den Acht san; ná
(d) alos tighe athdhéanta má deonadh cúiteamh fé fhorálacha an Achta um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923, mar gheall ar dhamáiste rinneadh don bhfoirgint sarar hath-rinneadh í no má tugadh tuairisc ar an damáiste sin fé alt 15 den Acht san; ná
(e) alos éinne d'athdhéanamh tighe marar dheimhnigh oifigeach do cheap an tAire chuige sin no (i gcás athchomhaire chun an Aire i gcoinnibh diúltaithe ón oifigeach san do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin, roimh an athdhéanamh san, an tigh sin do bheith oiriúnach chun é athdhéanamh; ná
(f) alos tighe gur dheon an tAire Tailte agus Iascaigh deontas ina thaobh fé Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929).
(4) Einne ar a ngoillfe sé oifigeach a cheapfaidh an tAire do dhiúltú do dheimhniú do dhéanamh fén alt so go bhfuil tigh áirithe oiriúnach chun é athdhéanamh féadfa sé athchomhare do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an diúltaithe sin, agus ar an athchomhare san féadfaidh an tAire an diúltú san do dhaingniú no féadfaidh an tAire féin an deimhniú do diúltuíodh amhlaidh do thabhairt uaidh, fé mar is dóich leis is ceart, agus beidh breith an Aire ar an athchomharc san ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.
(5) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a dheonfaidh an tAire fén alt so thar suim sheacht gcéad míle púnt.
Rann-íocanna ón Aire mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta bheidh ar údaráis áitiúla d'íoc.
6.—(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas feadfaidh an tAire. le toiliú an Aire Airgid agus fé réir na rialachán orduithe, rann-íocanna d'íoc mar leanas:—
(a) ar feadh pé tréimhse a chinnfidh an tAire agus nách sia ná cúig bliana triochad. rann-íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc fé n-a ndeachaidh údarás áitiúil alos airgid do fuaireadar ar iasacht chun tithe le n-a mbaineann an t-alt so do chur ar fáil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931—
(i) nách mó ná sé seascad agus dhá dtrian per centum de sna muirir bhliantúla iasachta san má bhíonn an tAire sásta gur i gcóir daoine bheidh curtha as a n-áit de dheascaibh aon ghníomhartha de chuid an údaráis áitiúla san fé sna hAchtanna san a cuireadh na tithe sin ar fáil: agus
(ii) nách mó ná trí triochad agus trian per centum de sna muirir bhliantúla iasachta san in aon chás eile;
(b) ar feadh pé tréimhse a chinnfidh an tAire agus nách sia ná cúig bliana triochad, rann-íoc nách mó ná seasca per centum de sna muirir bhliantúla iasachta fé n-a ndeachaidh údarás áitiúil alos airgid do fuaireadar ar iasacht chun iostán no cóiríochta comhnaithe eile le n-a mbaineann an t-alt so do chur ar fáil fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, do sclábhuithe talmhaíochta.
(2) Ní bhaineann an t-alt so ach amháin le tithe, le hiostáin agus le cóiríocht chomhnaithe gur ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, no dá éis sin a tosnuíodh no tosnófar ar iad do thógáil no do chur ar fáil.
(3) Ní íocfaidh an tAire aon rann-íoc fén alt so mar chabhair chun na gcostas d'íoc fé n-a ndeachaidh údaráis áitiúla chun tithe do chur ar fáil gur dheon an tAire deontaisí ina dtaobh fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930.
(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear ná raghaidh méid aon airgid a gheobhaidh údarás áitiúil ar iasacht, chun tithe, iostán no cóiríochta comhnaithe eile le n-a mbaineann an t-alt so do chur ar fáil thar méid a háirmheofar sa tslí orduithe, agus tuigfear ná raghaidh méid na muirear bliantúil iasachta alos an airgid sin (agus é teoranta mar adubhradh) thar na suimeanna (agus muirear úis d'áireamh) do bheadh iníoctha ag an údarás áitiúil in aon bhliain airgeadais áitiúil in aisíoc an airgid sin (agus é teoranta mar adubhradh) maraon le hús le Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn, dá mba gur o sna Coimisinéirí sin a gheobhfaí an t-airgead san ar iasacht.
(5) Socrófar. leis na rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun crícheanna an ailt seo go ndéanfar. nuair a bheidh aon tithe go mbeidh rann-íoc á íoc fén alt so alos iad do chur ar fáil á gcur chun daoine, tosaíocht do thabhairt, pé áit ’nar féidir é, do línte tighe atá ina gcombnaí in áiteanna comhnaithe aon tseomra más rud é—
(a) go bhfuil an eitinn ar dhuine no ar dhaoine den líntighe; no
(b) go bhfuil duine no daoine den líntighe, gan na tuismithcoirí d'áireamh, tar éis sé bliana déag do shlánú: no
(c) go bhfuiltear tar éis a dheimhniú gur áit atá neamhoiriúnach chun daoine do chomhnaí ann an áit chomhnaithe.
An tráth agus an modh ina n-íocfar deontaisí agus rann-íocanna.
7.—(1) Gach deontas no rann-íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc a dheonfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so do dhuine, do chumann maitheasa puiblí. no d'údarás áitiúil íocfar é sa tslí orduithe agus an tráth no na tráthanna orduithe.
(2) Fé réir forálacha fo-ailt (3) den alt so, ní dheonfaidh an tAire aon deontas do dhuine ná do chumann maitheasa puiblí fén gCuid seo den Acht so alos tighe do thógáil no d'athdhéanamh. mara ndeimhnighidh ná go dtí go ndeimhneoidh oifigeach a cheapfaidh an tAire chuige sin no (i gcás athchomhaire chun an Aire i gcoinnibh diúltaithe ón oifigeach san do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin. go bhfuil an tógáil no an t-athdhéanamh san críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil.
(3) Féadfaidh an tAire a shocrú ar dheontas d'íoc le duine no le cumann maitheasa puiblí ina thráth-choda bheidh iníoctha ar chríochnú codanna áirithe luadhfar de thógáil no d'athdhéanamh an tighe sin, agus má shocruíonn an tAire amhlaidh ní híocfar aon tráth-chuid den tsórt san mara ndeimhnighidh ná go dtí go ndeimhneoidh an t-oifigeach a cheapfaidh an tAire chuige sin no (i gcás athchomhairc chun an Aire i gcoinnibh diúltaithe ón oifigeach san do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin go bhfuil an chuid oiriúnach do luadhadh amhlaidh den tógáil no den athdhéanamh san críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil.
(4) Aon duine no cumann maitheasa puiblí ar a ngoillfe sé oifigeach a cheapfaidh an tAire do dhiúltú do dheimhniú do dhéanamh fén alt so go bhfuil éinní áirithe críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an diúltaithe sin agus ar an athchomharc san féadfaidh an tAire an diúltú san do dhaingniú no féadfaidh an tAire féin an deimhniú do diúltuíodh amhlaidh do thabhairt uaidh, fé mar is dóich leis is ceart, agus beidh breith an Aire ar an athchomharc san ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.
Rátaí tuarastail agus coinníollacha oibre.
8.—(1) San alt so léireofar tagairtí do thosnú ar thigh mar thagairtí. i gcás tighe a tógfar fé chonnradh, don dáta ar a ndearnadh an connradh san, agus, i gcás aon tighe eile, don dáta ar ar tosnuíodh ar an tigh sin do thógáil.
(2) Baineann an t-alt so le gach tigh ar a dtosnófar tar éis an Achta so do rith agus
(a) a thógfaidh údarás áitiúil; no
(b) a thógfaidh cumann maitheasa puiblí i mbaile-líomatáiste; no
(c) a thógfaidh duine is foirginteoir do réir céirde i mbailelíomatáiste fé chonnradh no chun é do chur ar cíos no do dhíol.
(3) Ní dhéanfaidh an tAire fén Acht so deontas, ná rann-íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc, do dheonadh alos tógála tighe le n-a mbaineann an t-alt so dar leis má cuirtear ina luighe air ná dearnadh, faid a bhí an tigh sin á dhéanamh, rátaí tuarastail d'íoc no coinníollacha oibre do chólíonadh a bheadh chó tairbheach ar a laighead do sna daoine bhí ar fostú sa tógáil sin agus a bheadh na rátaí oiriúnacha tuarastail no na coinníollacha oiriúnacha oibre le n-ar ghlac cumainn chéirde go generálta le linn tosnú ar an tigh sin.
Deontaisí o bhaile-údaráis do chumainn mhaitheasa puiblí.
9.—(1) Féadfaidh baile-údarás, fé réir na rialachán orduithe, deontas do dheonadh d'aon chumann maitheasa puiblí a thógfaidh tigh go ndeonfaidh an tAire deontas ina thaobh fé mhír (i) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht so, féadfaidh deontas do dheonadh do chumann den tsórt san a bheidh i bhfuirm deontais thalaimh mar ionad don tigh sin no i bhfuirm deontais airgid alos an tighe sin no go mbeidh cuid de i bhfuirm acu san agus an chuid eile dhe sa bhfuirm eile acu san, ach nách mó in aon chás, i luach an talaimh sin no i méid an airgid sin no i méid iomlán an luacha san agus an mhéide sin (do réir mar bheidh), ná an naoú cuid de chostas an tighe sin do chur ar fáil no caoga púnt, pe'ca suim acu san is lugha.
(2) Chun crícheanna an ailt seo, beidh ag baile-údarás, chun talaimh d'fháil, chun airgid i gcóir costaisí do chruinniú agus chun airgid d'fháil ar iasacht, comhachta den tsaghas a bronntar ortha le Cuid III den Housing of the Working Classes Act, 1890, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin.
(3) Féadfaidh baile-údarás, le ceadú ón Aire, aon talamh a bheidh ar seilbh acu do leithreasú chun crícheanna an ailt seo d'ainneoin an talaimh sin do bheith faighte acu chun críche eile.
Rátaí do mhaitheamh agus luacháil tithe athdhéanta.
10.—(1) Déanfaidh údarás áitiúil go gcomhacht rátaí do ghearradh—
(a) i ngach bliain de sna naoi gcinn déag tosaigh de sna blianta airgeadais áitiúla tar éis luachála chun crícheanna rátaíochta do bheith déanta ar thigh go mbeidh an tAire tar éis deontais do dheonadh alos a thógála do dhuine no do chumann maitheasa puiblí fé mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht so, déanfaid cion de sna rátaí is inghearrtha ag an údarás áitiúil alos an tighe sin in aon bhliain acu san do mhaitheamh, an cion a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann lies an Acht so os coinne uimhreach na bliana san sa chéad cholún den Sceideal san.
(b) i ngach bliain de sna seacht gcinn tosaigh de sna blianta airgeadais áitiúla tar éis luachála chun crícheanna rátaíochta do bheith déanta ar thigh go mbeidh an tAire tar éis deontais do dheonadh ina thaobh do dhuine no do chumann maitheasa puiblí fé mhír (b), (c), (d), (e), (f) no (g) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht so, déanfaid dhá dtrian de sna rátaí is inghearrtha ag an údarás áitiúil alos an tighe sin in aon bhliain acu san do mhaitheamh.
(2) Ní dlighfear an ionoighreacht ná an tionóntachán ar ar tógadh tigh go mbeidh an tAire tar éis deontais do dheonadh fén gCuid seo den Acht so alos duine dá athdhéanamh, ná ní dlighfear an tigh sin nuair a bheidh sé athdhéanta amhlaidh, do luacháil fé sna hAchtanna Luachála, in aon luacháil a thiocfaidh i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an athdhéanamh san do chríochnú, i suim is mó ná an luacháil do bhí i bhfeidhm díreach sarar tosnuíodh ar an athdhéanamh san.
Ní bhainfidh alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927, le tithe áirithe.
11.—Ní bheidh éifeacht ag forálacha ailt 12 den Acht Rialtais Áitiúla. 1927 (Uimh. 3 de 1927), i gcás aon tighe no cóiríochta comhnaithe go ndéanfaidh an tAire deontas, no rann-íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc, do dheonadh ina thaobh fén gCuid seo den Acht so.
Méid iomlán na ndeontas fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, do mhéadú.
12.—In ionad ailt 61 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéithcacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931), a hathghairmtear leis an Acht so, achtuítear leis seo nách mó ná suim milleoin agus trí chéad agus trí mhíle déag púnt a bheidh méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d'Acht na dTithe, 1925 (Uimh. 12 de 1925), mar a leasuítear é le halt 3 d'Acht na dTithe, 1928 (Uimh. 31 de 1928), maraon le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d'Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929).
Ciste Tithe na hÉireann do roinnt.
13.—Na suimeanna dhlighfidh aon údarás áitiúil d'íoc no do chur i leataoibh alos airgid do fuair an t-údarás san ar iasacht chun tithe do chur ar fáil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, tithe go ndéanfaidh an tAire deontaisí, no ranníocanna mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc, do dheonadh fén gCuid seo den Acht so alos costas a gcurtha ar fáil, ní háirmheofar na suimeanna san mar chuid den mhuirear bhliantúil i dtaobh tithe, do réir bhrí ailt 5 den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908, a bheidh ar an údarás áitiúil sin.
An tAire d'ordú rialachán.
14.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú no ag socrú i dtaobh éinní na aon ruda gur leis na rialacháin orduithe atáthar le socrú ina thaobh fén gCuid seo den Acht so no ag socrú i dtaobh éinní no aon ruda eile is gá chun na Coda so den Acht so do chur in éifeacht.
(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin rún do rith, ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Achtanna áitiúla, fo-dhlithe, etc.,do chur ar fiunraoi.
15.—Sa mhéid go mbeidh na forálacha d'aon Acht áitiúil, no d'aon fho-dhlithe, rialacha, rialacháin no scéim, pé údarás fé n-a ndearnadh an céanna, a bhaineann le foirgintí nua no le sráideanna nua do dhéanamh, do leagadh amach no do dhréineáil, sa mheid go mbeidh na forálacha san bunoscionn le haon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so, ní bhainfid le haon tigh go ndéanfaidh an tAire deontas, no rann-íoc mar chabhair chun muirear bliantúil iasachta d'íoc, do dheonadh fén gCuid seo den Acht so alos a churtha ar fáil agus a bheidh do réir na rialachán a déanfar amhlaidh.
CUID III.
Ilghneitheach.
Féadfaidh an tAire abhair thógála, etc., do cheannach, do dhéanamh no a ndéantóireacht do chur ar aghaidh.
16.—(1) Féadfaidh an tAire pé uair is dóich leis, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, é do bheith oiriúnach san do dhéanamh chun tógála, athdhéanta no deisithe tithe (ar a n-áirmhítear tithe ná baineann an tAcht so leo chó maith le tithe go mbaineann sé leo) i Saorstát Éireann no in aon chuid de do chur in usacht, aon abhair no fearaistí do cheannach, do dhéanamh, do stóráil, d'iompar agus do dhíol, a húsáidtear do ghnáth chun tithe do thógáil, no deantóireacht na n-abhar agus na bhfearaistí sin i Saorstát Éireann do chur ar aghaidh ar pé slí agus tré pé meáin is dóich leis is ceart.
(2) Na habhair agus na fearaistí uile cheannóidh no dhéanfaidh an tAire fén alt so díolfaidh an tAire iad le daoine i Saorstát Éireann ar phraghas (i gcás abhar no fearaistí do ceannuíodh) is có-ionann leis an toradh iomlán do gheobhfaí tríd an bpraghas d'íoc an tAire, gach muirear iompair agus stórála fé n-a ndeachaidh sé, agus cúig per cent. den phraghas d'íoc sé, do chur le chéile, no (i gcás abhar no fearaistí do rinneadh) is có-ionann leis an toradh iomlán do gheobhfaí tríd an méid glan do chosain sé ar an Aire iad do dhéanamh (le n-a n-áirmhítear bárr-éilithe agus laigheadú luacha), gach muirear iompair agus stórála fé n-a ndeachthas, agus cúig per cent. den mhéid ghlan roimhráite, do chur le chéile.
(3) Sa mhéid go gceadoidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghfar chun abhar agus fearaistí do cheannach no do dhéanamh, chun a ndéantóireachta do chur ar aghaidh, agus chun iad do stóráil, d'iompar agus do dhíol fén alt so, agus déanfar toradh díola gach abhair agus fearais den tsórt san d'íoc isteach sa Stát-Chiste.
(4) Déanfar cuntas ar an modh iontrála dúbalta, ina mbeidh cuntas trádála agus cuntas cothromuíochta, do choimeád ar gach gnó fén alt so agus sa chuntas san isé méid a cuirfear ar gach seirbhís a rinne aon Roinn Rialtais ná an méid a chosain sé.
Comhacht chun teorann do chur le praghasanna abhar agus fearaistí tógála.
17.—(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála aon am más oiriúnach leis é, ar iarratas an Aire, fiosrúchán puiblí do dhéanamh no do chur fé ndeár é do dhéanamh maidir le costas (le n-a n-áirmhítear na praghsanna mór-dhíola agus mion-díola, na héilithe iompair agus láimhseála agus na barr-éilithe agus méid an bhrabúis) aon abhar no fearaistí, a húsáidtear chun tithe do thógáil, i Saorstát Éireann no in aon chuid no codanna áirithe dhe, agus má bhíonn sé sásta tar éis an fhiosrúcháin phuiblí sin do dhéanamh go bhfuil costas na n-abhar no na bhfearaistí sin sa líomatáiste sin iomarcach agus go gcuireann sé srian leis an méid oibre tógála a deintear, féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála le hordú a ordú cadé méid maximum an phraghais mhór-dhíola no an phraghais mhion-díola a féadfar d'éileamh ar na habhair no ar na fearaistí sin sa líomatáiste sin, no cadé méid maximum an bhrabúis agus na n-éilithe iompair agus láimhseála agus na mbarr-éilithe a féadfar a chur mar chuid den phraghas mór-dhíola no mion-díola a héileofar ar na habhair no ar na fearaistí sin sa líomatáiste sin, agus féadfa sé aon am agus o am go ham le hordú gach praghas no méid no aon phraghas no méid a bheidh orduithe aige fén alt so do bhuanú, d'atharú no do cheiliúradh.
(2) Má éilíonn éinne in aon líomatáiste le n-a mbaineann ordú fén alt so. ar aon abhar no fearas le n-a mbaineann an t-ordú, praghas a bheidh níos mó ná an praghas a féadfar d'éileamh go dleathach fén ordú céanna, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air, agus más cólucht an duine bheidh ciontach sa chionta san beidh an cathaoirleach, an stiúrthóir bainistíochta agus gach stiúrthóir agus bainisteoir eile don chólucht ciontach sa chionta chéanna mara gcruthuighe sé gur gan toiliú uaidh no gan aon eolas do bheith aige air a rinneadh an gníomh gurbh é an cionta é.
(3) Ní bhainfidh an t-alt so le praghas aon abhair no fearais go ndearnadh go bona fide (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) connradh ina thaobh mí ar a laighead roimh dháta an fhiosrúcháin phuiblí agus gur tugadh cóip den chonnradh san don Aire Tionnscail agus Tráchtála laistigh de choicíos tar éis dáta an Achta so do rith no tar éis an dáta ar a ndearnadh an connradh san, pe'ca dáta aca san is déanaí.
(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fiosrúchán puiblí no a chuirfe sé fé ndeár fiosrúchán puiblí do dhéanamh chun crícheanna an ailt seo beidh comhacht ag an duine cheapfaidh an tAire sin chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh fianaise do ghlacadh fé mhionn agus chuige sin daoine do chur fé mhionn, agus féadfa sé fós le hordú a cheangal ar éinne. ach na costaisí réasúnta bhainfidh leis an duine sin do theacht i láthair d'íoc leis no do thairisgint do, teacht i láthair mar fhinné agus fianaise do thabhairt uaidh no scríbhinní do thabhairt i láthair ag an bhfiosrúchán san, agus má theipeann ar éinne gan cúis no leathscéal réasúnta déanamh do réir aon orduithe den tsórt san beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.
Comhacht ag an Aire gníomhú in ionad an údaráis áitiúla má theipeann ortha san.
18.—(1) In aon chás ina mbeidh an tAire sásta, tar éis fiosrúcháin phuiblí do dhéanamh, go dtug údarás áitiúil faillí in aon cheann dá gcomhachta fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, no fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, d'fheidhmiú, féadfa sé le hordú a cheangal ar an údarás áitiúil sin na cinn sin dá gcomhachta fé sna hAchtanna san fé seach a luadhfar san ordú san d'fheidhmiú agus an feidhmiú san do dhéanamh sa tslí agus laistigh den am a bheidh orduithe san ordú san, agus má theipeann ar an údarás áitiúil sin déanamh do réir aon orduithe den tsórt san laistigh den am a bheidh orduithe ann, féadfaidh an tAire le hordú eile comhachta an údaráis áitiúla san do dhílsiú ann féin agus d'fheidhmiú. pé comhachta acu san a bheidh riachtanach chun faillí an údaráis áitiúla san i bhfeidhmiú a gcomhacht fé sna hAchtanna san fé seach do leigheas.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú aon mhaoin, fiacha no fiachaisí do dhílsiú in údarás áitiúil agus d'aistriú chun údaráis áitiúla, go ndearnadh ina thaobh fé fho-alt (1) den alt so ordú ag dílsiú comhacht san Aire, ba mhaoin, fiacha no fiachaisí do fuair sé no fé n-a ndeacha sé agus é ag feidhmiú comhacht an údaráis áitiúla san a bhí dílsithe ann amhlaidh agus dílseoidh an mhaoin, na fiacha agus na fiachaisí sin san údarás áitiúil sin agus is ag an údarás áitiúil sin a bheid.
(3) Aon chostaisí fé n-a rachaidh an tAire agus é ag feidhmiú comhacht údaráis áitiúla fé ordú bheidh déanta aige fén alt so is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar iad sa chéad dul síos, ach an méid a dheimhneoidh an tAire a bheith caithte amhlaidh agus a bheith iníoctha do réir cirt ag an údarás áitiúil sin déanfaidh an t-údarás áitiúil sin é d'íoc leis an ‘ire ar n-a éileamh san do agus féadfar é do bhaint amach mar fhiacha atá dlite don Stát, agus beidh íocaíocht na suime is iníoctha amhlaidh leis an Aire ina crích chun bhféadfaidh an t-údarás áitiúil sin iasacht d'fháil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, no fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, do réir mar bheidh.
(4) In aon chás ina ndéanfaidh an tAire fé ordú bheidh déanta aige fén alt so feidhmiú ar aon chomhacht atá ag bord sláinte chun airgid d'fháil ar iasacht ní gá toiliú na comhairle contae fé alt 4 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927), d'fháil.
(5) Na comhachta bronntar leis an alt so is mar bhreis ar aon chomhachta eile chun Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, no Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, do chur in éifeacht a bheidh agus ní mar aigheadú ortha.
(6) Bainfidh fo-ailt (1) agus (3) d'Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le gach fiosrúchán áitiúil a déanfar chun crícheanna an ailt seo.
Dochtúiri oifigiúla sláinte do phlé cúise go hoifigiúil le bailechoimisinéirí.
19.—Chun crícheanna cúise do phlé go hoifigiúil (mar atá san mínithe in alt 47 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha). 1931) fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, no fén alt san 47, le baile-choimisinéirí aon bhaile ag a bhfuil coimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, tuigfear dochtúir oifigiúil sláinte an cheanntair íclainne agus dochtúir oifigiúil sláinte contae na contae ina bhfuil an baile san suidhte do bheith ina ndochtúirí oifigiúla sláinte do sna baile-choimisinéirí sin.
Talamh d'fháil chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931.
20.—(1) Chun aon chríche de chrícheanna Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, agus gan aon chúis do phlé na aon scéim fheabhsúcháin do dhéanamh fútha. féadfaidh bord sláinte agus iad ag feidhmiú na nAchtanna san, féadfaid, talamh d'fháil tré chó-aontú no féadfar a údarú dhóibh talamh d'fháil go héigeanta tré ordú ceannaigh éigeanta a dhéanfaidh an bord sláinte agus a cuirfear fé bhráid an Aire agus a dhaingneoidh scisean do réir na bhforálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus féadfaid. i gceachtar cás, gan aon chúis den tsórt san do phlé ná aon scéim fheabhsúcháin den tsórt san do dhéanamh. tithe do chur ar fáil ar an talamh san no an talamh san d'úsáid ar shlí eile chun crícheanna na nAchtanna san.
(2) Na forálacha d'alt 17 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) mar a leasuítear san leis an Acht so. maidir le dleathacht agus dáta feidhme orduithe ceannaigh éigeanta a déanfar fén Acht san, mar a leasuítear amhlaidh é, bainfid le horduithe ceannaigh éigeanta a déanfar fén alt so.
(3) Léireofar Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, fé is dá mbeadh pé atharuithe ortha is gá chun éifeachta do thabhairt don alt so.
(4) San alt so foluíonn an focal “talamh” talamh fé uisce, uisce agus cirt uisce.
Comhachta breise maidir le talamh d'fháil, do dhíol agus do chur ar léas fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931.
21.—(1) Féadfaidh bord sláinte, agus iad ag feidhmiú Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, talamh d'fháil, tré chó-aontú le toiliú an Aire no go héigeanta fé sna comhachta bronntar leis na hAchtanna san mar a leasuítear iad leis an Acht so, chun an talaimh sin no aon choda dhe do dhíol no do chur ar léas le daoine agus le cumainn mhaitheasa phuiblí d'fhonn na daoine no na cumainn sin do thógaint iostán ar an talamh san a bheidh oiriúnach mar áruis chomhnaithe do sclábhaithe talmhaíochta.
(2) I gcás ina mbeidh aon talamh fachta chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe. 1883 go 1931, ag bord sláinte, fé sna comhachta bronntar leis an alt so no in aon tslí eile, féadfaidh an bord san, in ainneoin éinní contrárdha dho san atá sna hAchtanna san ar shlí eile seachas chun crícheanna an ailt seo. chuid de do dhíol no do chur ar léas le haon duine no cumann maitheasa puiblí no, i gcás talaimh do fuair an bord san fé sna hAchtanna san ar shlí eile seachas chun crícheanna an ailt seo, le haon údarás is údarás áitiúil do réir bhrí Coda III den Housing of the Working Classes Act, 1890, chun go ndéanfaidh agus fé réir an choinníll go ndéanfaidh an duine, an cumann no an t-údarás áitiúil sin tithe bheidh oiriúnach mar áruis chomhnaithe do selábhaithe talmhaíochta. pé méid tithe shocróidh an bord sláinte sin. do thógaint agus do choinneáil suas ar an talamh san do réir pleananna cheadóidh an bord san.
(3) Déanfar talamh a díolfar no a cuirfear ar léas fén alt so do dhíol no do chur ar léas ar an bpraghas no ar an gcíos is fearr is féidir do réir réasúin d'fháil ar an talamh san ag féachaint d'aon choinníollacha bheidh forchurtha, agus déanfar gach airgead caipitiúil a gheobhfar alos aon ghnótha fén alt so do chur chun no mar chabhair chun talaimh eile do cheannach chun crícheanna Achtanna na Selábhaithe, 1883 go 1931, mar a leasuítear iad leis an Acht so no. le toiliú an Aire, chun aon chríche, le n-a n-áirítear airgead do fuarthas ar iasacht d'aisíoc. chun ar féidir le ceart airgead caipitiúil do chur.
Costaisí fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931.
22.—Ar an ladh lá d'Abrán, 1933 agus ón lá san amach déanfar gach costas fé n-a ndeachaidh no fé n-a rachaidh bord sláinte agus iad ag feidhmiú Achtanna na Sclábhaithe. 1883 go 1931, mar a leasuítear iad leis an Acht so, do chruinniú tríd an ráta dealbhais go cothrom ar fuaid líomatáiste cheanntair shláinte chontae an bhúird sin.
Leasuithe do dhéanamh ar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931.
23.—(1) Beidh éifeacht ag alt 14 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha). 1931 (Uimh. 50 de 1931), fé is dá ndeintí na focail “caithfid bheith sásta” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “cruthóid don Aire.”
(2) Beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 17 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, fé is dá ndeintí tréimhse de thrí seachtaine do chur in ionad na tréimhse de shé seachtaine atá luaidhte sna fo-ailt sin.
(3) Beidh éifeacht ag mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 59 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, fé is dá ndeintí na focail “cúig seachtód per centum” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “caoga per centum.”
CEAD SCEIDEAL.
Rialacha Nach Folair Do Thithe Airithe Bheith Da Reir.
1. Sna rialacha so cialluíonn an abairt “achar urláir” achar iomlán na n-urlár go léir i dtigh ar é thomhas ar an slí orduithe.
2. Ní lugha ná 500 troigh cheárnach ná ní mó ná 1.250 troigh cheárnach a bheidh achar urláir tighe.
3. Trí seomraí ar a laighead a bheidh i dtigh.
4. Beidh tithe do réir na gcoinníoll orduithe maidir le n-a n-ionaid, a n-aghaidh, a bpleanáil, a ndéanamh agus a sláintíocht agus maidir leis an méid díobh a bheidh ar gach acra.
5. Maidir le méid, le líon a sheomraí agus le n-a dhultaisí riachtanacha. beidh tigh i gcó-réir ghenerálta leis na pleananna orduithe no le pé pleananna eile cheadóidh an tAire.
DARA SCEIDEAL.
AN CION DE SNA RATAI A MAITHFEAR.
Uimhir na bliana tar éis na luachála chun crícheanna rátaíochta | An cion de sna rátaí a maithfear | ||||
1adh | .. | .. | .. | .. | Naoi bhfichiú déag. |
2adh | .. | .. | .. | .. | Ocht bhfichiú déag. |
3adh | .. | .. | .. | .. | Seacht bhfichiú déag. |
4adh | .. | .. | .. | .. | Sé fhichiú déag. |
5adh | .. | .. | .. | .. | Cúig fhichiú déag. |
6adh | .. | .. | .. | .. | Ceithre fhichiú déag. |
7adh | .. | .. | .. | .. | Trí fhichiú déag. |
8adh | .. | .. | .. | .. | Dhá fhichiú déag. |
9adh | .. | .. | .. | .. | Aon fhichiú déag. |
10adh | .. | .. | .. | .. | Deich bhfichiú. |
11adh | .. | .. | .. | .. | Naoi bhfichiú. |
12adh | .. | .. | .. | .. | Ocht bhfichiú. |
13adh | .. | .. | .. | .. | Seacht bhfichiú. |
14adh | .. | .. | .. | .. | Sé fhichiú. |
15adh | .. | .. | .. | .. | Cúig fhichiú. |
16adh | .. | .. | .. | .. | Ceithre fhichiú. |
17adh | .. | .. | .. | .. | Trí fhichiú. |
18adh | .. | .. | .. | .. | Dhá fhichiú. |
19adh | .. | .. | .. | .. | Fichiú. |
TRIU SCEIDEAL.
Orduithe Ceannaigh Eigeanta.
Forálacha bhainfidh le horduithe ceannaigh éigeanta déanfar chun crícheanna Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931, mar a leasuítear iad leis an Acht so.
1. Is sa bhfuirm orduithe bheidh ordú ceannaigh éigeanta agus beidh tuairisc ann do réir mhapa ar an talamh le n-a mbaineann sé, agus beidh ionchorporaithe ann, fé réir na n-atharuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus fé réir aon oiriúnuithe is gá—
(a) Achtanna na gClásanna Talmhan (ach amháin ailt a céad is seacht fichead go dtí n-a céad is do triochad den Lands Clauses Consolidation Act, 1845) mar a leasuítear iad leis na forálacha atá in Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1931;
(b) An Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925).
2. Is iad so leanas na hatharuithe gur fé n-a réir a bheidh Achtanna na gClásanna Talmhan agus an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus iad leasuithe mar adubhradh, ionchorporaithe san ordú:—
Ní chuirfidh an t-eadrascánaí aon fhoirgint a tógfar ná aon fheabhsú ná atharú déanfar ná aon leas a bunófar i dtalamh. tar éis an dáta ar a bhfoillseofar fógra do réir forálacha an Sceidil seo á rá go ndearnadh an t-ordú, ní chuirfidh an t-eadrascánaí san áireamh é más dóich leis ná raibh gá do réir réasúin leis an bhfoirgint do thógáil no leis an bhfeabhsú no leis an atharú do dhéanamh no leis an leas do bhunú gur ina thaobh a bheidh éileamh á dhéanamh agus fós gur d'fhonn cúiteamh d'fháil no do mhéadú do rinneadh an ní sin.
3. Sara gcuiridh an bord sláinte an t-ordú fé bhráid an Aire déanfaid—
(a) fógra sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú i bpáipeur no l bpáipéirí nuachta léightear ina gceanntar, fógra á rá go ndearnadh an t-ordú san agus ag tabhairt tuairisce ar an líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú agus den mhapa dá dtagartar ann d'fheiscint gach tráth réasúnta; agus
(b) fógra do sheirbheáil ar gach duine is únaer, léasaí agus sealbhaire (ach amháin tionóntaithe ar feadh míosa no tréimhse is lugha ná mí) ar aon talamh le n-a mbaineann an t-ordú. fógra sa bhfuirm orduithe ag luadh éifeachta an orduithe agus á rá go bhfuiltear chun é do chur fé bhráid an Aire chun é do dhaingniú. agus ag luadh na haimsire gur laistigh di féadfar agus na slí ina bhféadfar agóidí do chur ina choinnibh.
4. Mara ndeinidh éinne de sna daoine gur gá fógraí do sheirbheáil ortha aon agóid do chur i gcoinnibh an orduithe go cuibhe. no má deintear gach agóid a cuirfear ina choinnibh amhlaidh do tharrac siar. féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-ordú do dhaingniú go n-atharú no gan atharú, ach in aon chás eile cuirfidh fé ndeár, sara ndaingneoidh an t-ordú, fiosrúchán áitiúil puiblí do dhéanamh agus breithneoidh aon agóid nár tarraigeadh siar agus fós tuarasgabháil an té do rinne an fiosrúchán, agus féadfaidh ansan an t-ordú do dhaingniú go n-atharú no gan atharú:
Ach—
(a) féadfaidh an tAire a cheangal ar éinne dhéanfaidh agóid forais na hagóide sin do luadh i scríbhinn. agus féadfaidh an t-ordú do dhaingniú gan a chur fé ndeár fiosrúchán áitiúil puiblí do dhéanamh má bhíonn sé sásta ná baineann aon agóid do rinneadh go cuibhe ach le nithe go bhféadfaidh an t-eadrascánaí mheasfaidh an cúiteamh deighleáil leo;
(b) ní dhéanfaidh an t-ordú mar a bheidh sé daingnithe ag an Aire a údarú don bhord sláinte aon talamh do cheannach go héigeanta ná húdaródh an t-ordú dhóibh do cheannach amhlaidh dá mba gan atharú do dhéanamh air a daingneofaí é.
5. Nuair a beifear, chun crícheanna an Sceidil seo no chun crícheanna aon orduithe déanfar fé, ag léiriú aon achtacháin a bheidh ionchorporaithe san ordú, tuigfear gurab é an tAcht so, maraon leis an ordú, an tAcht speisialta, agus tuigfear gurab é an bord sláinte bunathóirí an ghnótha.
6. Sa Sceideal so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire.
CEATHRU SCEIDEAL.
ACHTACHAIN A HATHGHAIRMTEAR.
Siosón agus Caibideal no Uimhir agus Bliain |
Gearr-theideal |
Méid na hAthghairme |
Dáta na hAthghairme |
46 & 47 Vic., c. 60. | Labourers (Ireland) Act, 1883. | Alt 15. | Lá an Achta so do rith. |
Alt 9 | Lá an Achta so do rith. | ||
Alt 5. | radh Abrán, 1933. | ||
Ailt 61 agus 63; agus Cuid VIII; Dara Sceideal, Cuid I, mir 4, fo-mhír (b), an méid o sna focail “agus fós” go dti sna focail “d'fháil amach”; Dara Sceideal, Cuid II, an méid o sna focail “an méid” go dtí sna focail “ar mhorgáistithe.” | Lá an Achta so do rith. |