[EN]

Uimhir 12 de 1953.


[EN]

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AILT 25 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1925. [1ú Aibreán, 1953.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Míniú.

1.—San Acht seo tá leis an abhairt “údarás bóthar” an bhrí atá léi in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946).

[EN]

Alt 25 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, a leasú.

2.—(1) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 25 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925), nó in aon achtachán eile, cumhachtaítear leis seo d'údarás bóthar a dhearbhú gur bóthar poiblí aon bhóthar a bhfuil ceart slí poiblí air ag lucht siúil, ag ainmhithe agus ag feithiclí agus nach bóthar poiblí, más deimhin leis an údarás bóthar sin gur bóthar é a fhónas don phobal i gcoitinne, agus gach bóthar a ndearbhófar amhlaidh é a bheith ina bhóthar poiblí beidh sé ina bhóthar poiblí chun gach críche ar an dearbhú sin a dhéanamh.

[EN]

(2) Mí ar a laghad sara ndéanfaid aon dearbhú den tsórt a luaitear sa bhfo-alt roimhe seo, foilseoidh an t-údarás bóthar, i dhá nuachtán ar a laghad a léitear ina líomatáiste feidhmiúcháin, fógra go bhfuil ar intinn acu déanamh an dearbhuithe sin a bhreithniú agus beidh sa bhfógra sin pé sonraí a bheas ordaithe.

[EN]

(3) Beidh déanamh dearbhuithe faoi fho-alt (1) den alt seo nó faoi fho-alt (1) d'alt 25 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925), ina fheidhm fhorcoimeádta do réir bhrí na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1953, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1953, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Forléireofar na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.