Uimhir 13 de 1955.
AN tACHT AIRGEADAIS, 1955.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Cáin Ioncaim.
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1955-56.
1.—(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1955, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.
(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1955, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, a muirearófar amhlaidh í.
(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1955, ag na forála ar leithligh reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1955, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.
Méadú ar na hasbhaintí i leith leanaí agus ar an tórainn le hioncam linbh.
2.—(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of one hundred pounds” a chur in ionad “a deduction of eighty-five pounds” (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht Airgeadais, 1954 (Uimh. 22 de 1954)).
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 21 den Finance Act, 1920, trí “sixty pounds a year” a chur in ionad “forty pounds a year”.
Leasú maidir le brabúis as trádála a bhíos ar siúl ag carthanais a dhíolmhadh ó cháin ioncaim
3.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 30 den Finance Act, 1921, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad míre (c):
“(c) from income tax under Schedule D in respect of the profits of a trade carried on by any charity, if the profits are applied solely to the purposes of the charity and either—
(i) the trade is exercised in the course of the actual carrying out of a primary purpose of the charity, or
(ii) the work in connection with the trade is mainly carried on by beneficiaries of the charity.”
Faoiseamh i leith íocaíochtaí ar arachas in aghaidh costas tinnis.
4.—(1) Má dhéanann pearsa éileamh chuige sin sa tslí a forordaítear leis na hAchta Cánach Ioncaim agus go dtabharfaidh tuairisceán sa bhfoirm fhorordaithe ar ioncam iomlán na pearsan agus go gcruthóidh go ndearna an phearsa nó, más fear pósta an phearsa, go ndearna a bhean chéile, sa bhliain roimh an mbliain mheasúnuithe, íocaíocht le hárachóir údaraithe faoi chonradh árachais a fhorálas go sonrach, pé acu i dteannta sochar eile é nó nach ea, go n-aisíocfar nó go n-íocfar, go hiomlán nó go páirteach, dearbh-chostais liachta, mháinliachta nó altranais (lena n-áirítear costas cothabhála in ospidéal, teach altranais nó sanatorium) de dheasca tinneas nó tionóisc a bhaint don phearsa nó do chéile na pearsan nó do leanaí nó cleithiúnaithe eile leis an bpearsa nó le céile na pearsan, ansin—
(a) mura n-árachaíonn an íocaíocht aon tsochair seachas an t-aisíoc nó an t-íoc sin, déanfar méid iomlán na híocaíochta a bhaint d'aon ioncam, né d'fhritháireamh i gcoinne aon ioncaim, de chuid na pearsan, más é an phearsa a rinne an íocaíocht, nó de chuid bhean chéile na pearsan más ise a rinne an íocaíocht, in aghaidh na bliana measúnuithe, agus
(b) má árachaíonn an íocaíocht sochair seachas an t-aisíoc nó an t-íoc sin, bhéarfar a shamhail d'fhaoiseamh in aghaidh an mhéid den íocaíocht is inchurtha i leith an aisíoca nó an íoca sin,
agus, más gá, glanfar nó aisíocfar cáin dá réir sin agus déanfar ioncam iomlán na pearsan in aghaidh na bliana measúnuithe a ríomh dá réir sin chun críocha uile na nAcht Cánach Ioncaim.
(2) Nuair a déanfar amach do réir fo-ailt (1) den alt seo suim atá le baint d'ioncam duine den lánúin, nó le fritháireamh ina choinne, ansin—
(a) mura bhfuil aon ioncam de chuid an duine sin den lánúin in aghaidh na bliana measúnuithe ar féidir faoiseamh faoin bhfo-alt sin a thabhairt ina leith, féadfar an faoiseamh a thabhairt i leith ioncaim de chuid an duine eile den lánúin in aghaidh na bliana sin, agus
(b) má tá an tsuim a déanfar amach mar adúradh níos mó ná ioncam an duine sin den lánúin in aghaidh na bliana measúnuithe, féadfar an bhreis a bhaint d'aon ioncam de chuid an duine eile den lánúin in aghaidh na bliana sin nó í d'fhritháireamh ina choinne.
(3) Má tugtar faoiseamh faoin alt seo ní tabharfar ná ní lamhálfar aon fhaoiseamh ná asbhaint faoi aon fhoráil eile de na hAchta Cánach Ioncaim i leith na híocaíochta nó na coda d'íocaíocht (pé acu é).
(4) Beidh feidhm maidir le faoiseamh, faoin alt seo, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forála uile de na hAchta Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le lamháltais nó asbhaintí do réir bhrí an Tríú Sceidil a ghabhas leis an Finance Act, 1920.
(5) San alt seo—
ciallaíonn “árachóir údaraithe” aon duine a bhfuil gnó árachais den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo ar siúl aige go dleathach sa Stát;
ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forál na nAcht Cánach Ioncaim.
loc úis ar stoc comhairle contae, bardais chontaebhuirge nó bhuirge eile nó comhairle ceantair uirbigh.
5.—(1) Measfar i dtaobh aon stoic faoi alt 87 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946), a heiseofar tar éis an tAcht seo a rith, gur urrúis arna n-eisiúint faoi údarás an Aire Airgeadais do réir bhrí ailt 2 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924), an stoc sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt sin.
(2) (a) Ní bheidh feidhm ag Riail 6 de na Rialacha Ilghnéith eacha a bhaineas le Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ná ag Rialacha 19 agus 21 de na Rialacha Ginearálta a bhaineas le Sceidil A, B, C, D agus E den Acht sin i gcás úis (dá ngairmtear an t-ús sin san alt seo) a ndéanfar, le hordú ón Aire Airgeadais faoi alt 2 den Acht Airgid, 1924, mar bheirtear feidhm dó leis an alt seo, é d'íoc gan cáin a bhaint as.
(b) I gcás feidhm a bheith ag mír (a) den fho-alt seo maidir le comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh (dá ngairmtear an t-údarás áitiúil sa mhír seo), ní bheidh an cháin iomlán is iníoctha ag an údarás áitiúil trí asbhaint nó eile, in aghaidh aon bhliana measúnuithe níos mó ná suim a déanfar amach tríd an gcáin iomlán d'áireamh ar dtúis dob iníoctha, mura mbeadh an t-alt seo, ag an údarás áitiúil, trí asbhaint nó eile, in aghaidh na bliana sin agus ansin suim a bhaint de sin is ionann agus cáin ar an méid den ús sin d'íoc an t-údarás áitiúil in aghaidh na bliana sin.
(3) Cuirfear an clásal seo a leanas le Riail 1 de Chás III le Sceideal D a ghabhas leis an Income Tax Act, 1918, is é sin te rá:
“(j) interest on stock under section 87 of the Local Government Act, 1946 (No. 24 of 1946), in cases where such interest is paid without deduction of tax.”
CUID II.
Custaim agus Mál.
Méadú ar an lacáiste ar bheoir a grúdaíodh as arbhar a brachadh sa Stát.
6.—Beidh éifeacht ag alt 41 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), arna leasú le halt 15 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940), agus le halt 11 den Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952), maidir le beoir a grúdaíodh sa bhliain dar tosach an 1ú lá d'Iúil, 1954, agus maidir le beoir a grúdófar in aon bhliain dar tosach aon 1ú lá d'Iúil ina dhiaidh sin amhail is dá mba thagairt do ráta dhá phunt an baraille caighdeánach an tagairt atá anois san alt sin, arna leasú amhlaidh, do ráta puint agus deich scillinge an baraille caighdeánach.
Dleacht shiamsa— siamsa in amharclann phaitinne ar taispeántas cineamatagrafach cuid de agus taibhiú pearsanta cuid eile de.
7. Leasaítear leis seo mír (c) d'fho-alt (4) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1948 (Uimh. 12 de 1948), maidir le siamsaí a bheas ann an lú lá de Lúnasa, 1955, nó dá éis, trí “nár lú ná fiche a cúig faoin gcéad” a chur in ionad “nár lú ná tríocha a cúig faoin gcéad”.
Deireadh le dleacht chustam ar iarann nó cruach rocach galbhánaithe.
8.—Ní déanfar an dleacht chustam ar iarann nó oruach rocach galbhánaithe a forchuireadh le halt 11 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), agus uimhir thagartha 30 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, arna leasú leis an Ordú chun Diúitéthe a Ghearradh go Práinneach (Uimh. 223), 1941 (R. & O.R., Uimh. 464 de 1941), a mhuirearú ná a thobhach ar aon earraí a hall mhuireofar an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1955, nó dá éis.
An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, a leasú.
9.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 (Uimh. 24 de 1952).
(2) Leasaítear leis seo fo-mhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht tríd an bhforáil seo a leanas a chur leis:
“Má bhíonn leibheann, coimeádán nó gléas inscurtha (is leibheann, coimeádán nó gléas a húsáidtear go príomha le haghaidh obair feirme) feistithe ar tharraicire, measfar chun críocha na fo-mhíre seo earraí nó ualaigh d'aon tsórt eile a hiomprófar ar an leibheann nó sa choimeádán nó ar an ngléas nó ann a bheith á dtarraingt ag an tarraicire.”
(3) Leasaítear leis seo mar leanas mír 3 de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht:
(a) déanfar an tagairt d'fho-mhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht d'fhorléiriú mar thagairt a fholaíos tagairt don fho-mhír sin arna leasú le fo-alt (2) den alt seo, agus
(b) cuirfear an clásal seo a leanas le fo-mhír (a):
“(iii) chun na nithe seo a leanas a tharraingt le haghaidh feirmeora eile ar luaíocht—
(I) bainne a bheas á thabhairt go dtí uachtarlann nó go dtí stáisiún deighilte uachtair, nó
(II) bainne deighilte a bheas á thabhairt ó uachtarlann nó ó stáisiún deighilte uachtair, nó
(III) coimeádáin bhainne a bheas á dtabhairt go dtí uachtarlann nó uaidh nó go dtí stáisiún deighilte uachtair nó uaidh, nó”.
(4) Má tá ceadúnas faoi alt 1 den Acht i bhfeidhm agus gur híocadh an dleacht do réir fo-mhíre (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht mar a hachtaíodh i gcéadóir é nó do réir na míre sin i dteannta na forála a chuireas fo-alt (2) den alt seo léi, ní bheidh feidhm ag alt 2 den Acht maidir leis an tarraioire toiso iompar a dhéanamh den tsórt dá dtagartar sa bhforáil a cuirtear mar adúradh leis an bhfo-mhír sin agus dá thoisc sin amháin.
(5) Má ritear an tAcht seo roimh an lú lá d'Iúil, 1955, nó ar an lá sin, tiocfaidh fo-ailt (1) go (4) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, má ritear é tar éis an lae sin, measfar iad a theacht i ngníomh an lá sin.
(6) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint do na forála roimhe seo den alt seo agus is do réir pé treoracha a bhéarfas an tAire Rialtais Áitiúil a déanfar na haisíocaíochtaí.
CUID III.
Dleachta Báis.
An Comhaontú sa Chéad Sceideal a dhaingniú.
10.—(1) Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 28ú lá de Dheireadh Fómhair. 1954, idir an Rialtas agus Rialtas Cheanada (dá ngairmtear an Comhaontú san alt seo) agus beidh feidhm dlí aige.
(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894 (a dhéanas foráil i dtaobh faoisimh maidir le dleacht is iníoctha i dtír iasachta) maidir le dleacht chomharbais is inmhuirir faoi na dlithe de chuid Cheanada lena mbaineann forála an Chomhaontuithe.
Deimhniú— méid ionchasach dleachta eastáit.
11.—Más rud é—
(a) go dtiocfaidh iontaobhaithe socraíochta chun bheith freagrach maidir le dleacht eastáit is iníoctha de bhuaidh ailt 30 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941). i leith aon mhaoine, agus
(b) go mbeartaítear go scoirfidh an mhaoin nó aon chuid di de bheith ar áireamh sa tsocraíocht.
ansin, má gheibheann na hiontaobhaithe deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim ar an méid is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is cuí d'áireamh mar mhéid ionchasach na dleachta, agus má thugaid do na Coimisinéirí Ioncaim an t-eolas agus an fhianaise uile a theastós ó na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil leis an iarratas ar an deimhniú, ní bheidh aon duine freagrach mar iontaobhaí ar an socraíocht, i leith na dleachta lena mbaineann an deimhniú, i méid is mó ná an méid a bheas deimhnithe.
Polasaithe árachais áirithe a chomhshuimiú, etc.
12.—(1) D'ainneoin aon ní in alt 4 den Finance Act, 1894, má bhíonn ar áireamh sa mhaoin a aistreos ar bhás duine, ach nach raibh leas riamh ag an éagach inti, aon pholasaithe árachais ar shaol an éagaigh, nó aon airgead a fuarthas faoi pholasaí den tsórt sin, nó leasa i bpolasaí nó in airgead den tsórt sin, ansin, chun an ráta dleachta eastáit a bheas le n-íoc orthu a chinneadh, déanfar na polasaithe, an t-airgead agus na leasa uile a bheas ar áireamh amhlaidh sa mhaoin (ach amháin aon chuid díobh nach bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith ar bhás an duine ná nach mbeadh i gcás an dleacht a bheith iníoctha ar eastáit de luach príomhshuime dá laghad) a chomhshuimiú chun aon eastát amháin a dhéanamh díobh, agus toibheofar an dleacht do réir an ráta ghrádaithe is cuí ar luach a bpríomhshuime.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo i gcás aon duine a gheobhas bás ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin.
Comhshuimiú i gcás nach mó ná deich míle punt-maoin an éagaigh.
13.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “maoin an éagaigh” maoin a bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith i ndáil le bás an éagaigh agus arb é atá inti—
(a) maoin a raibh an t-éagach ina teideal go hiomlán, nó a raibh sé inniúil ar í a dhiúscairt, tráth a bháis, nó
(b) maoin a aistríos ar bhás dó do réir bhrí na n-achtachán a bhaineas le dleacht eastáit faoi dhiúscairt a rinne sé, nó a rinneadh go díreach nó go neamhdhíreach thar a cheann nó ar a chostas nó as cistí a sholáthraigh sé, nó a rinne sé i bhfeidhmiú cumhachta ceapacháin ginearálta, nó
(c) maoin a meastar de bhuaidh ailt 23 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940), nó ailt 20 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949), a bheith ar áireamh sa mhaoin a aistríos ar bhás an éagaigh;
ciallaíonn “an mhaoin eile” an mhaoin a bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith i ndáil le bás an éagaigh, ach nach í maoin an éagaigh í.
(2) (a) Mura mó ná deich míle punt glan-luach maoine an éagaigh, ní déanfar an mhaoin sin a chomhshuimiú i dteannta na maoine eile, ach beidh sí ina heastát inti féin.
(b) Más mó ná deich míle punt glan-luach maoine an éagaigh, ní raghaidh méid na dleachta eastáit is iníoctha ina leith thar méid na dleachta eastáit dob iníoctha dá mba dheich míle punt a glan-luach, maraon leis an méid atá ag glan-luach na maoine sin de bhreis ar dheich míle punt.
(3) Más mó ná deich míle punt glan-luach maoine an éagaigh, déanfar aon laghdú faoi fho-alt (1) d'alt 13 den Finance Act, 1914. ar an dleacht eastáit is iníoctha i leith na maoine eile a ríomh, i gcás an dleacht eastáit is iníoctha i leith maoine an éagaigh a laghdú do réir míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, amhail is dá mbeadh an dleacht eastáit is iníoctha i leith maoine an éagaigh gan laghdú dó réir na míre sin.
(4) Beidh éifeacht ag an alt seo i gcás aon duine a gheobhas bás ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin.
CUID IV.
Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.
An Comhaontú sa Dara Sceideal a dhaingniú.
14.—(1) Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 28ú lá de Dheireadh Fómhair. 1954, idir an Rialtas agus Rialtas Cheanada (dá ngairmtear an Comhaontú san alt seo) agus beidh feidhm dlí aige.
(2) Chun éifeacht a thabhairt don Chomhaontú beidh éifeacht ag an forála atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.
(3) Déanfar na cionranna is gá chun éifeacht a thabhairt do théarmaí an Chomhaontuithe maidir le cáin bhrabús corparáide i gcás tréimhsí cuntasaíochta a thosnós roimh an lú lá d'Aibreán sa bhliain a bheas éifeacht i gcéadóir ag an gComhaontú agus a chríochnós ar an dáta sin nó dá éis, agus is i gcomhréir leis an méid mí nó codán de mhí a bheas sa chuid den tréimhse chuntasaíochta iomchuí roimh an lú lá d'Aibreán adúradh agus a bheas sa chuid eile den tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin faoi seach a déanfar aon chionroinnt den tsórt sin.
(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham rialacháin a dhéanamh maidir le deonadh na bhfaoiseamh a sonraítear sa Chomhaontú agus féadfaid, go sonrach, socrú a dhéanamh leis na rialacháin sin—
(a) chun a áirithiú nach raghaidh aon fhaoisimh den tsórt sin, ó chánachas a forchuirtear le dlithe Cheanada agus a ndéantar socrú dhóibh sa Chomhaontú, chun sochair do dhaoine nach bhfuil teideal acu chucu, agus
(b) chun a údarú, i gcásanna ina ndearnadh, d'fhonn téarmaí an Chomhaontuithe a chomhlíonadh, cáin is inbhainte as aon íocaíocht tréimhsiúil áirithe d'fhágaint gan baint aisti agus ina bhfionnfar nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú maidir leis an íocaíocht sin, an cháin a ghnóthú trí mheasúnú ar an duine ag a bhfuil teideal chun na híocaíochta nó trí asbhaint a dhéanamh as íocaíochtaí ina dhiaidh sin.
Forléiriú na Coda seo den Acht seo.
15.—Déanfar an Chuid seo den Acht seo agus an Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a léamh agus d'fhorléiriú a mhéid a bhainid le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhainid le cáin bhrabús corparáide, déanfar iad a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.
CUID V.
Dleachta Stampa.
Deireadh le dleacht stampa ar dheimhnithe bliantúla nótairí poiblí.
16.—(1) Scoirfidh an dleacht stampa is inmhuirir, de bhuaidh ailt 1 den Stamp Act, 1891, ar an deimhniú atá le tógaint amach gach bliain ag nótaire poiblí (is ionstraim a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin) de bheith iníoctha.
(2) Más rud é, an 26ú lá de Mhárta, 1955, nó dá éis sin, go mbeidh aon nótaire poiblí tar éis deimhniú cuí-stampáilte a thógaint amach, beidh sé i dteideal, ar é dá éileamh sin, dleacht d'aisíoc leis de mhéid is comhionann leis an méid a gheofar tríd an gcodán a sonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a chur i bhfeidhm ar an méid dleachta a híocadh i leith an deimhnithe.
(3) Is é codán dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo an codán arb é is uimhreoir dó an méid lá sa tréimhse dar tosach lá an Achta seo a rith agus dar críoch an 25ú lá de Mhárta. 1956, agus arb é is ainmneoir dó 366.
Comhaontuithe díola ar-cairde.
17.—Maidir le haon chomhaontú díola-ar-cairde do réir bhrí an Achta Fost-Cheannaigh, 1946 (Uimh. 16 de 1946), nó maidir le haon ionstraim (seachas comhaontú díola-ar-cairde den tsórt sin) is comhaontú, nó meabhrán comhaontuithe, a rinneadh le haghaidh nó i leith díol aon earraí nó marsantais—
(a) pé acu faoi láimh agus faoi sin amháin é nó faoi shéala, ní bheidh dleacht stampa faoin mírcheann “Bond, Covenant or Instrument” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, inmhuirir air, agus
(b) i gcás ina mbeadh dleacht stampa mar adúradh inmhuirir air mura mbeadh mír (a) den alt seo—
(i) más faoi láimh agus faoi sin amháin é, ní bheidh feidhm maidir leis ag an díolúine darb uimhir (3) faoin mírcheann “Agreement or any Memorandum of an Agreement” sa Chéad Sceideal sin agus muirearófar dleacht stampa faoin mírcheann sin air, agus
(ii) más faoi shéala é, beidh dleacht stampa faoin mírcheann “Deed of any kind whatsoever, not described in this schedule” sa Chéad Sceideal sin inmhuirir air.
CUID VI.
Ilghnéitheach agus Ginearálta.
An Cuntas Fuascailte Seirbhisí Caipitiúla.
18.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950);
ciallaíonn “alt leasaitheach 1954” alt 28 den Acht Airgeadais 1954 (Uimh. 22 de 1954);
ciallaíonn “an cúigiú blianacht bhreise” an tsuim a muirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;
tá le “an tAire. “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna atá leo faoi seach sa phríomh-alt.
(2) Beidh éifeacht, maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead as a chéile dar tosach an bhliain airgeadais a chríochnós an 31ú lá de Mhárta. 1956, ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1954 ach “£802,363” a chur in ionad “£777,094”.
(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1951 ach “£509,021” a chur in ionad “£500,278”.
(4) Déanfar suim £688,618 chun fuascailte iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais as a chéile dar tosach an bhliain airgeadais a chríochnós an 31ú lá de Mhárta, 1956.
(5) Íocfar an cúigiú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfeas an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den chúigiú blianacht bhreise, nach mó ná £445,446 in aon bhliain airgeadais áirithe, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiachas poiblí d'íoc.
(7) Déanfar iarmhéid na cúigiú blianachta breise d'úsáid in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Athghairm.
19.—Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.
Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.
20.—Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
21.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1955, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, i dteannta na Reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.
(4) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(5) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm ar an 6ú lá d'Aibreán, 1955, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada chun Cánachas Dúbailte a Sheachaint agus Cosc a chur le hIomghabháil Fioscach i leith Dleachta ar Eastáit Daoine Marbha.
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada,
D'fhonn Comhaontú a dhéanamh chun cánachas dúbailte a sheachaint agus cosc a chur le hiomghabháil Fioscach i leith dleachta ar eastáit daoine marbha.
Tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtóirí uathu chun na críche sin:
Rialtas na hÉireann:
Seán Ó Murchadha, Ambasadóir Urghnáthach agus Lánchumhachtóir na hÉireann in Ottawa;
Rialtas Cheanada:
Walter E. Harris. Aire Airgeadais i Rialtas Cheanada,
Noch do rinne, ar iad do thaispeáint a lánchumhacht faoi seach, a fríth i bhfoirm mhaith chuí, comhaontú mar leanas:—
Airteagal I.
1. Is iad dleachta is ábhar don Chomhaontú seo:
(a) In Éirinn:
An dleacht eastáit a forchuirtear in Éirinn,
agus
(b) I gCeanada:
An dleacht chomharbais a forchuirtear i gCeanada.
2. Bainfidh an Comhaontú seo freisin le haon dleachta eile a bheas go substainteach i gcosúlacht leis na dleachta sin agus a fhorchuirfeas ceachtar Rialtas Conarthach tar éis dáta sínithe an Chomhaontuithe seo.
Airteagal II.
1. Sa Chomhaontú seo, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt:—
(a) ciallaíonn an téarma “críoch”, nuair a húsáidte ar é maidir le ceachtar de na Rialtais Chonarthacha. Éire nó Ceanada, do réir mar éilíos an comhthéacs;
(b) ciallaíonn an téarma “dleacht” an dleacht eastáit a forchuirtear in Éirinn nó an dleacht chomharbais a forchuirtear i gCeanada, do réir mar éilíos an comhthéacs.
2. Nuair a bheas feidhm á thabhairt d'fhorála an Chomhaontuithe seo ag ceann de na Rialtais Chonarthacha, beidh le haon téarma nach mínítear ar shlí eile, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, an bhrí atá leis faoi na dlithe de chuid an Rialtais Chonarthaigh sin a bhaineas leis na dleachta is ábhar don Chomhaontú seo.
Airteagal III.
I gcás duine d'fháil bháis agus é ina shainchónaí in aon chuid de chríoch Rialtais Chonarthaigh, ansin, maidir le situs aon cheart nó leas, dlíthúil nó cothromais, in aon cheann nó ar aon cheann de na haicmí maoine seo a leanas is cuid, nó a meastar is cuid, chun cuspóirí dleachta, d'eastát an duine sin nó a aistríos, nó a meastar d'aistriú, chun cuspóirí dleachta, ar é d'fháil bháis, déanfar, chun an dleacht d'fhorchur agus chun cuspóirí an chreidmheasa atá le lamháil faoi Airteagal V. é a chinneadh go heisiach do réir na rialacha seo a leanas, ach i gcásanna nach dtagann faoi na rialacha sin déanfar situs aon cheart nó leas den tsórt sin a chinneadh, chun na gcuspóirí sin, do réir na ndlithe a bheas i bhfeidhm i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile:
(a) I gcás maoine do-chorruithe (seachas i bhfoirm urrúis), measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil an mhaoin sin;
(b) I gcás maoine tadhaill so-chorruithe (seachas i bhfoirm urrúis agus seachas maoin dá ndéantar socrú sonrach anseo ina dhiaidh seo), nótaí bainc nó airgid reatha, cineálacha eile airgid reatha a haitheantar mar dhlí-thairiscint in áit a n-eisithe, billí malairte soshannta agus nótaí geallúna so-shannta, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil an mhaoin, na nótaí, an t-airgead reatha nó na doiciméid sin tráth an bháis, nó, más in transitu dóibh, ag an gceann scríbe;
(c) I gcás fiacha conartha shimplí, seachas na foirmeacha fiachais dá ndéantar socrú sonrach anseo, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina raibh an féichiúnaí ina chónaí tráth an bháis;
(d) I gcás bannaí, morgáistí, bintiúirí, stoc bintiúra agus fiacha a hurraíodh le doiciméad faoi shéala, seachas na foirmeacha fiachais dá ndéantar socrú sonrach anseo, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil doiciméad a bhfianuithe tráth an bháis nó, má bhíd inscríofa nó cláraithe, a bheith in áit an inscríofa nó an chláruithe;
(e) I gcás cuntas bainc, measfar a láthair suímh a bheith sa bhrainse inar coimeádadh an cuntas;
(f) I gcás urrús d'eisigh aon rialtas, cathair bhardasach nó údarás poiblí, measfar, más urrúis chuig iomparthóir iad, a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuilid tráth an bháis nó, má bhíd inscríofa nó cláraithe, a bheith in áit an inscríofa nó an cláruithe;
(g) I gcás scaireanna nó stoic chaipitil i gcuideachta (lena n-áirítear aon scaireanna nó stoc den tsórt sin ar teachtadh ag ainmní, pé acu scruith-dheimhnithe nó eile a fhianaíos an únaeracht tairbhiúil, ach gan aon scaireanna ná stoc den tsórt sin d'áireamh is scaireanna nó stoc chuig iomparthóir), measfar a láthair suímh a bheith san áit inar corpraíodh an chuideachta sin. Ach más faoi dhlithe na Breataine Móire nó faoi dhlithe Thuaisceart Éireann a corpraíodh aon chuideachta den tsórt sin, agus má meastar faoi dhlithe na Breataine Móire nó Thuaisceart Éireann agus faoi dhlithe na hÉireann gur sócmhainní a bhfuil a láthair suímh in Éirinn scaircanna nó stoc na cuideachtan sin nuair a bhíd cláraithe ar chraobh-chlár leis an gcuideachta sin a coimeádtar in Éirinn, measfar gur sócmhainní a bhfuil a láthair suímh in Éirinn na scaireanna nó an stoc sin.
I gcás scaireanna nó stoic chaipitil i gcuideachta is scaireanna nó stoc caipitil chuig iomparthóir, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil na doiciméid teidil chucu tráth an bháis; ar choinníoll go measfar láthair suímh aon scaireanna nó stoic den tsórt sin i gcuideachta a corpraíodh faoi dhlithe cheachtar de na Rialtais Chonarthacha a bheith freisin san áit inar corpraíodh an chuideachta sin;
(h) I gcás airgid is iníoctha faoi pholasaí árachais, pé acu faoi shéala dhó nó nach ea, measfar a láthair suímh a bheith san áit ar fhoráil an polasaí an t-airgead a bheith iníoctha ann nó, d'éagmais aon fhorála den tsórt sin, i gceann-oifig na cuideachtan;
(i) I gcás scaireanna i gcomhpháirtíocht, measfar a láthair suímh a bheith i bpríomh-áit sheolta an ghnótha;
(j) I gcás long agus aerárthach agus scaireanna iontu, measfar a láthair suímh a bheith in áit chláruithe na loinge nó an aerárthaigh;
(k) I gcás cáilmheasa mar shócmhainn cheirde nó ghnótha nó ghairme, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina mbítear ag gabháil don cheird, don ghnó nó don ghairm lena mbaineann sé;
(l) I gcás paitinní, trádmharcanna agus dearacht, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuilid cláraithe;
(m) I gcás cóipchirt, díolúintí, agus cearta nó ceadúnas chun aon ábhar cóipchirt, paitinn, trádmharc nó dearacht d'úsáid, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil na cearta a éiríos astu infheidhmithe;
(n) I gcás ceart nó cúiseanna caingin ex delicto atá ar marthain chun tairbhe eastáit éagaigh, measfar a láthair suímh a bheith san áit inar éirigh na cearta nó na cúiseanna caingin sin;
(o) I gcás fiacha breithiúnais, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina dtaifeadtar an breithiúnas;
Ar choinníoll, má dhéanfadh Rialtas Conarthach dleacht d'fhorchur, lasmuigh den Airteagal seo, ar aon mhaoin a bhfuil a láthair suímh i gcríoch an Pháirtí sin agus a aistríos faoi dhiúscairt nach bhfuil faoi réim dhlí an Rialtais sin, nach mbeidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an maoin sin mura rud é, de bhíthin a fheidhme nó ar chúis eile, go ndéanann an Rialtas Conarthach eile, nó go ndéanfadh sé mura mbeadh díolúine shonrach éigin, dleacht d'fhorchur ar an maoin sin.
Airteagal IV.
1. Nuair a beifear ag cinneadh an mhéid ar a bhfuil dleacht le ríomh, lamhálfar asbhaintí ceadaithe do réir an dlí a bheas i bhfeidhm sa chríoch ina bhforchuirtear an dleacht.
2. I gcás Rialtas Conarthach d'fhorchur dleachta ar dhuine d'fháil bháis nach raibh tráth a bháis ina shainchónaí in aon chuid de chríoch an Rialtais Chonarthaigh sin ach a bhí ina shainchónaí i gcuid éigin de chríoch an Rialtais Chonarthaigh eile, ní tabharfar aon aird, le linn méid nó ráta na dleachta sin a chinneadh, ar mhaoin a bhfuil a láthair suímh lasmuigh den chríoch chéadluaite; ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le dleacht a forchuirtear in Éirinn i gcás maoin d'aistriú faoi dhiúscairt atá faoi réim dhlí na hÉireann.
Airteagal V.
1. I gcás ina ndéanfaidh Rialtas Conarthach dleacht d'fhorchur toisc éagach a bheith ina shainchónaí i gcuid éigin dá chríoch tráth a bháis. lamhálfaidh an Rialtas Conarthach sin, i gcoinne an mhéid dá dhleacht (arna ríomh ar shlí eile) is inchurtha i leith maoine a bhfuil a láthair suímh i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile, creidmheas (nach mó ná méid na dleachta is inchurtha i leith na maoine sin amhlaidh) is comhionann leis an oiread is inchurtha i leith na maoine sin den dleacht a forchuirtear i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile; ach ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le haon mhaoin den tsórt sin a luaitear i mír (3) den Airteagal seo.
2. I gcás ina bhforchuireann Éire dleacht ar mhaoin a aistríos faoi dhiúscairt atá faoi réim dhlí na hÉireann, lamhálfaidh an Rialtas Conarthach sin creidmheas de shamhail an chreidmheasa a foráltar leis an mír sin roimhe seo den Airteagal seo.
3. I gcás ina bhforchuireann gach Rialtas Conarthach faoi leith dleacht ar aon mhaoin a meastar faoi Airteagal III a láthair suímh a bheith—
(a) lasmuigh de chríocha an dá Rialtas Chonarthach, nó
(b) i gcríocha an dá Rialtas Chonarthach,
lamhálfaidh gach Rialtas Conarthach faoi leith, i gcoinne an mhéid dá dhleacht (arna ríomh ar shlí eile) is inchurtha i leith na maoine sin. creidmheas a mbeidh idir é agus an méid dá dhleacht is inchurtha i leith na maoine sin amhlaidh. nó idir é agus an méid de dhleacht an Rialtais Chonarthaigh eile is nichurtha i leith na maoine céanna. pé acu sin is lú. an cothrom céanna a bheas idir an méid céadluaite agus suim an dá mhéid.
4. Chun cuspóirí an Airteagail seo, déanfar an méid de dhleacht Rialtais Chonarthaigh is inchurtha i leith aon mhaoine d'fhionnadh tar éis aird a thabhairt ar aon chreidmheas nó lamháltas nó faoiseamh. nó aon loghadh nó laghdú i leith dleachta, seachas i leith dleachta is iníoctha i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile.
Airteagal VI.
1. Aon éileamh ar chreidhmheas nó ar aisíoc dleachta a bheas bunaithe ar fhorála an Chomhaontuithe seo, déanfar é laistigh de shé bliana ó dháta báis an éagaigh ar i leith a eastáit a bheas an t-éileamh á dhéanamh nó, i gcás leasa frithdhílse ina n-iarchuirtear íoc na dleachta go dtí dáta an leasa a theacht chun seilbhe, laistigh de shé bliana ón dáta sin.
2. Déanfar aon aisíoc den tsórt sin gan ús d'íoc ar an suim a haisíocfar amhlaidh.
Airteagal VII.
1. Déanfaidh údaráis chánachais na Rialtas Conarthach ar sin d'iarraidh orthu. pé eolas (is eolas a bheas ar fáil faoi dhlithe cánachais na Rialtas Conarthach faoi seach) a mhalairtiú is gá chun forála an Chomhaontuithe seo a chomhlíonadh. nó chun calaois a chosc nó forála reachtúla a riaradh i gcoinne seachanta dlíthiúla maidir leis na dleachta is ábhar don Chomhaontú seo. Aon eolas a malairteofar amhlaidh coimeádfar ina rún é agus ní nochtfar é d'aon duine seachas na daoine a mbeidh baint acu le measúnú agus bailiú na ndleacht is ábhar don chomhaontú seo. Ní malairteofar aon eolas a nochtfadh aon rún ceirde nó aon phróis cheirde.
2. Mar a húsáidtear é san Airteagal seo, ciallaíonn an téarma “údaráis chánachais”, i gcás na hÉireann. na Coimisinéirí Ioncaim nó a n-ionadaí údaraithe, agus i gcás Cheanada, an tAire Ioncaim Náisiúnta nó a ionadaí údaraithe.
Airteagal VIII.
1. Daingneofar an Comhaontú seo agus malairteofar na hion straimí daingniúcháin i mBaile Átha Cliath a luaithe is féidir.
2. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar dháta na ndaingniúchán a mhalairtiú agus ní bheidh éifeacht aige ach amháin
(a) maidir le heastáit daoine a gheobhas bás ar an dáta sin nó dá éis; agus
(b) maidir le heastát aon duine a gheobhas bás roimh an dáta sin agus tar éis lá deiridh na bliana caileandair díreach roimh an dáta sin, agus a roghnóidh a ionadaí pearsanta i scríbhinn forála an Chomhaontuithe seo a chur i bhfeidhm ar an eastát sin.
Airteagal IX.
1. Fanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm go ceann trí bliana ar a laghad tar éis dáta a theachta i bhfeidhm.
2. Más rud é, laistigh de shé mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse trí mblian sin, nach mbeidh ceachtar de na Rialtais Chonarthacha tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt don Rialtas Conarthach eile go bhfuil ar intinn aige an Comhaontú seo d'fhorceannadh, fanfaidh an Comhaontú i bhfeidhm tar éis na tréimhse trí mblian sin go dtí go mbeidh ceann de na Rialtais Chonarthacha tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt go bhfuil sin ar intinn aige, agus sa chás sin ní bheidh éifeacht ag an gComhaontú seo maidir le heastáit daoine a gheobhas bás ar an dáta nó i ndiaidh an dáta (nach luaithe ná an seascadú lá tar éis dáta an fhógra sin) a sonrófar sa bhfógra sin, nó, mura sonraítear aon dáta, ar an seascadú lá nó i ndiaidh an seascadú lae tar éis dáta an fhógra sin.
DÁ FHIANÚ SIN tá na Lánchumhachtóirí thuas-ainmnithe tar éis an Comhaontú seo a shíniú agus a séalaí a ghreamú dhe.
ARNA DHÉANAMH in Ottawa, i ndúblach, an 28ú lá seo de Dheireadh Fómhair, naoi gcéad déag caoga a ceathair.
D'ÉIRINN: |
Seán Ó Murchadha. |
DO CHEANADA: |
W. E. Harris. |
AN DARA SCEIDEAL.
Faoiseamh Comharaíochta ó Chánachas Dúbailte i leith Cánach Ioncaim. Forchánach agus Cánach Brabús Corparáide na hÉireann agus i leith Cánacha Ioncaim Cheanada, lena náirítear Forchánacha.
Cuid I.
Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada chun Cánachas Dúbailte a sheachaint agus cosc a chur le hiomghabháil fioscach i leith Cánacha ar Ioncaim.
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada.
D'fhonn Comhaontú a dhéanamh chun cánachas dúbailte a sheachaint agus cosc a chur le hiomghabháil fioscach i leith cánacha ar ioncam.
Tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtóirí uathu chuige sin:
Rialtas na hÉireann:
Seán Ó Murchadha, Ambasadóir Urghnáthach agus Lánchumhachtóir na hÉireann in Ottawa;
Rialtas Cheanada:
Walter E. Harris. Aire Airgeadais i Rialtas Cheanada.
Noch do rinne, ar iad do thaispeáint a lánchumhacht faoi seach, a fríth i bhfoirm mhaith chuí. comhaontú mar leanas:—
Airteagal I.
1. Is iad cánacha is ábhar don Chomhaontú seo:
(a) I gCeanada:
Cánacha ioncaim. lena n-áirítear forchánacha, a fhorchuirfeas Rialtas Cheanada (dá ngairmtear, “cáin Cheanadach” anseo feasta).
(b) In Éirinn:
An cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus an cháin bhrabús corparáide (dá ngairmtear “cáin Éireannach” anseo feasta).
2. Bainfidh an Comhaontú seo freisin le haon chánacha eile a bheas go substainteach i gcosúlacht leis na cánacha sin, seachas cánacha ró-bhrabús, agus a fhorchuirfeas ceachtar Rialtas Conarthach tar éis an Comhaontú seo a shíniú.
Airteagal II.
1. Sa Chomhaontú seo, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt:
(a) Ciallaíonn na téarmaí “ceann de na críocha” agus “an chríoch eile” Éire nó Ceanada, do réir mar éilíos an comhthéacs.
(b) Ciallaíonn an téarma “cáin” cáin Éireannach nó cáin Cheanadach do réir mar éilíos an comhthéacs.
(c) Folaíonn an téarma “duine” aon chomhlucht daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe.
(d) Folaíonn an téarma “cuideachta” aon chuideachta chorpraithe.
(e) Ciallaíonn na téarmaí “cónaitheoir in Éirinn” agus “cónaitheoir i gCeanada” faoi seach aon duine a bhfuil cónaí air in Éirinn chun cuspóirí cánach Éireannaí agus nach bhfuil cónaí air i gCeanada chun cuspóirí cánach Ceanadaí agus aon duine a bhfuil cónaí air i gCeanada chun cuspóirí cánach Ceanadaí agus nach bhfuil cónaí air in Éirinn chun cuspóirí cánach Éireannaí; measfar gur in Éirinn atá cónaí ar chuideachta más in Éirinn a bainistítear agus a rialaítear a gnó agus gur i gCeanada atá cónaí uirthi más i gCeanada a bainistítear agus a rialaítear a gno. Ach ní dhéanfaidh aon ní sa mhír seo difir d'aon fhorála de dhlí na hÉireann maidir le cáin bhrabús corparáide d'fhorchur i gcás cuideachtan atá corpraithe in Éirinn.
(f) Ciallaíonn na téarmaí “cónaitheoir i gceann de na críocha” agus “cónaitheoir sa chríoch eile” duine ar a bhfuil cónaí in Éirinn nó duine ar a bhfuil cónaí i gCeanada. do réir mar éilíos an comhthéacs.
(g) Ciallaíonn na téarmaí “fiontar Éireannach” agus “fiontar Ceanadach” faoi seach fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála a sheolas cónaitheoir in Éirinn agus fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála a sheolas cónaitheoir i gCeanada; agus ciallaíonn na téarmaí “fiontar cheann de na críocha” agus “fiontar de chuid na críche eile” fiontar Éireannach nó fiontar Ceanadach do réir mar éilíos an comhthéacs.
(h) Ciallaíonn an téarma “buan-bhunachas”, nuair a húsáidtear é maidir le fiontar cheann de na críocha, brainse nó áit sheasta eile ghnótha, ach ní fholaíonn sé gníomhaireacht mura bhfuil ag an ngníomhaire, agus mura bhfeidhmíonn sé de ghnáth, údarás ginearálta chun conartha d'iomairliú agus a chríochnú thar ceann an fhiontair nó mura bhfuil stoc marsantais aige as a líonann sé orduithe go rialta thar a cheann. I ndáil leis sin de—
(i) Ní measfar buan-bhunachas a bheith ag fiontar cheann de na críocha sa chríoch eile ar an aonchúis go bhfuil déileála gnótha á ndéanamh aige sa chríoch eile sin trí ghníomhaire ginearálta coimisiúin nó bróicéir bona fide ag gníomhú dhó i ngnáth-chúrsa a ghnótha sa cháil sin;
(ii) Má bhíonn áit sheasta ghnótha á cothabháil ag fiontar cheann de na críocha sa chríoch eile go heisiach chun earraí nó marsantas a cheannach, ní thabharfaidh sin ann féin gur buan-bhunachas leis an bhfiontar sin an áit sheasta ghnótha sin;
(iii) Má bhíonn ag gabháil le cuideachta is cónaitheoir i gceann de na críocha fo-chuideachta is cónaitheoir sa chríoch eile nó atá ag gabháil do cheird nó gnó sa chríoch eile sin (pé acu trí bhuan-bhunachas é nó ar shlí eile), ní thabharfaidh sin ann féin gur buan-bhunachas lena cuideachta bhunaidh an fho-chuideachta sin.
2. Ní fholaíonn an téarma “brabúis tionscail nó tráchtála” mar a húsáidtear sa Chomhaontú seo é, ioncam i bhfoirm díbhinní, úis, oíosa nó rí-chíosa, taillí bainistíochta ná díolaíocht as saothar nó as seirbhísí pearsanta.
3. Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fhorála an Chomhaontuithe seo ag ceann de na Rialtais Chonarthacha, beidh le haon téarma nach mínítear ar shlí eile, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, an bhrí atá leis faoi na dlithe de chuid an Rialtais Chonarthaigh sin a bhaineas leis na eánacha is ábhar don Chomhaontú seo.
Airteagal III.
1. Ní bheidh brabúis tionscail nó tráchtála fiontair Éireannaigh inchurtha faoi cháin Cheanadach mura bhfuil an fiontar aggabháil do cheird nó gnó i gCeanada trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh ann. Má tá sé ag gabháil do cheird nó gnó amhlaidh, féadfaidh Ceanada cáin d'fhorchur ar na brabúis sin, ach ar an méid sin amháin díobh is inchurtha i leith an bhuan-bhunachais sin.
2. Ní bheidh brabúis tionscail nó tráchtála fiontair Cheanadaigh inchurtha faoi cháin Éireannach mura bhfuil an fiontar ag gabháil do cheird nó gnó in Éirinn trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh ann. Má tá sé ag gabháil do cheird nó gnó amhlaidh, féadfaidh Éire cáin d'fhorchur ar na brabúis sin ach sin ar an méid sin amháin díobh is inchurtha i leith an bhuan-bhunachais sin.
3. I gcás fiontar cheann de na críocha a bheith ag gabháil do cheird nó gnó sa chríoch eile trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh sa chríoch eile sin, cuirfear i leith an bhuan-bhunachais sin na brabúis tionscail nó tráchtála a mbeadh súil go saothródh sé iad sa chríoch eile sin dá mba fiontar neamhspleách é a bhí ag gabhail do na gníomhachtaí céanna nó dó ghníomhachtai dá samhail faoi na coinníollacha céanna nó faoi choinníollacha dá samhail agus a bhí ag déileáil. ar raon láimhe uaidh, leis an bhfiontar ar buan-bhunachas de é.
4. Ní déanfar aon chuid d'aon bhrabúis a thiocfas chun fiontair cheann de na críocha a chur i leith buan-bhunachais a bhfuil a láthair suímh sa chríoch eile de bhíthin earraí nó marsantas á gceannach sa chríoch eile sin ag an bhfiontar agus dá bhíthin sin amháin.
5. I gcás cuideachta ar a bhfuil cónaí i gceann de na críocha d'fháil brabús nó ioncaim ó bhunaidh sa chríoch eile, di fhorchuirfidh Rialtas na críche eile sin aon tsaghas cánachais ar dhíbhinní a íocfas an chuideachta le daoine nach bhfuil cónaí orthu sa chríoch eile sin, ná aon cháin i bhfoirm chánach brabús neamhdháilithe ar bhrabúis neamhdháilithe na cuideachtan. de bhíthin gurb é atá. go hiomlán nó go páirteach. sna díbhinní nó sna brabúis neamhdháilithe sin brabúis nó ioncam a fuarthas amhlaidh.
Airteagal IV.
Más rud é
(a) go mbeidh fiontar cheann de na críocha páirteach, go díreach nó go neamhdhíreach. i mbainistí. rialú nó caipiteal fiontair sa chríoch eile, nó
(b) go mbeidh na daoine céanna páirteach, go díreach nó go neamhdhíreach. i mbainistí. rialú nó caipiteal fiontair cheann de na críocha agus fiontair de chuid na críche eile, agus
i gceachtar cás. go socrófar nó go bhforchuirfear coinníollacha idir an dá fhiontar. ina gcaidreamh tráchtála nó airgeadais. a bheas difriúil leis na coinníollacha a déanfaí idir fiontair neamhspleácha,
ansin. aon bhrabúis d'fhaibhreodh. mura mbeadh na coinníollacha sin, chun ceann de na fiontair ach nár fhaibhrigh amhlaidh de bhíthin na gcoinníollacha sin. féadfar iad d'áireamh ar bhrabúis an fhiontair sin agus cáin a chur orthu dá réir sin.
Airteagal V.
D'ainneoin forál Airteagal III agus IV. na brabúis a gheobhas cónaitheoir i gceann de na críocha as oibriú long nó aerárthach, beid díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile.
Airteagal VI.
1. Ní mó ná 15% ráta na cánach Ceanadaí ar ioncam (seachas ioncam ó ghnó a sheoladh i gCeanada nó ó dhualgais a chomhlíonadh i gCeanada) a gheobhas cónaitheoir in Éirinn ó bhunaidh i gCeanada.
2. D'ainneoin forál na míre sin roimhe seo. ní mó ná 5 faoin gcéad ráta na cánach Ceanadaí ar dhíbhinní a híocfar le cuideachta is cónaitheoir in Éirinn ó chuideachta is cónaitheoir i gCeanada. agus a bhfuil níos mó ná 50 faoin gcéad de na scaireanna inti a ngabhann lán-chearta vótála leo i ngach cás ar únaeracht ag an gcuideachta chéadluaite.
3. Aon ioncam (seachas ioncam ó ghnó a sheoladh in Éirinn nó ó dhualgais a chomhlíonadh in Éirinn) a gheobhas pearsa is cónaitheoir i gCeanada ó bhunaidh in Éirinn. beidh sé díolmhaithe ó fhorcháin Éireannach
Airteagal VII.
Aon rí-chíosa cóipchirt agus íocaíochtaí eile dá samhail a déanfar i leith aon tsaothair litríochta, dhrámaíochta, cheoil nó ealaíon a léiriú nó d'athléiriú (ach gan cíosa ná rí-chíosa i leith scannán pictiúirí reatha d'áireamh) agus a gheobhas cónaitheoir i gceann de na críocha ó bhunaidh sa chríoch eile, beid díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile sin.
Airteagal VIII.
1. Aon luach saothair (seachas pinsin) a íocfas ceann de na Rialtais Chonarthacha le haon phearsa i leith seirbhísí a rinneadh don Rialtas sin i gcomhlíonadh feidhmeanna rialtais, beidh sé díolmhaithe ó cháin i gcríoch an Rialtais Chonarthaigh eile mura bhfuil gnáth-chónaí ar an bpearsa sa chríoch sin nó má tá gnáth-chónaí ar an bpearsa sa chríoch sin d'aon-toisc chun na seirbhísí sin a dhéanamh.
2. Ní bheidh feidhm ag forála an Airteagail seo maidir le híocaíochtaí i leith seirbhísí a rinneadh i ndáil le haon cheird nó gnó a sheolas ceachtar de na Rialtais Chonarthacha le haghaidh brabúis.
Airteagal IX.
1. Beidh cónaitheoir in Éirinn díolmhaithe ó cháin Cheanadach ar chúiteamh as seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) a rinneadh i rith na bliana cánachais i gCeanada, más rud é gur chaith sé tréimhse nó tréimhsí ann nach mó san iomlán ná 183 lá i rith na bliana cánachais, agus go gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
(a) Gur as na seirbhísí pearsanta sin a rinne sé mar oifigeach nó mar fhostaí do chónaitheoir in Éirinn a fuair sé an cúiteamh, nó
(b) Nach mó ná 85,000 an cúiteamh a fuair sé as na seirbhísí pearsanta sin.
2. Beidh feidhm ag forála míre 1 den Airteagal seo, mutatis mutandis, maidir le cónaitheoir i gCeanada i leith cúitimh as seirbhísí pearsanta den tsórt sin a dhéanamh in Éirinn.
Airteagal X.
1. Aon phinsean nó blianacht as bunaidh i gCeanada a gheobhas pearsa is cónaitheoir in Éirinn. beidh sé díolmhaithe ó cháin Cheanadach.
2. Aon phinsean nó blianacht as bunaidh in Éirinn a gheobhas pearsa is cónaitheoir i gCeanada. beidh sé díolmhaithe ó cháin Éireannach.
3. Ciallaíonn an téarma “blianacht” suim áirithe is iníoctha go tréimhsiúil ag tráthanna áirithe. ar feadh saoil nó ar feadh tréimhse sonraithe nó tréimhse infhionnta. faoi oblagáid chun na híocaíochtaí a dhéanamh in aghaidh chomaoin leor lán d'fháil in airgead nó i luach airgid.
Airteagal XI.
Aon ollamh nó múinteoir as ceann de na críocha a gheobhas luach saothair as múinteoireacht. ar feadh tréimhse de chónaí shealadach nach sia ná dhá bhliain in ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile sa chríoch eile. beidh sé díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile sin i leith an luach saothair sin.
Airteagal XII.
Aon mhac léinn nó príntíseach gnótha ó cheann de na críocha a bheas ag fáil oideachais nó tréineála lán-aimsire sa chríoch eile. beidh sé díolmhaithe ó cháin sa chríoch eile sin ar íocaíochtaía gheobhas sé ó dhaoine sa chríoch chéadluaite le haghaidh a chothabhála. a oideachais nó a thréineála.
Airteagal XIII.
1. A mhéid is féidir é do réir forál dlí Cheanada i dtaobh cáin a híocadh i gcríoch lasmuigh de Cheanada a bhaint de cháin is iníoctha i gCeanada. déanfar cáin Éireannach is iníochta i leith ioncaim as bunaidh in Éirinn a bhaint d'aon cháin Cheanadach is iníoctha i leith an ioncaim sin. Chuige sin. measfar fáltaí díbhinne d'íoc corparáid is cónaitheoir in Éirinn a bheith tar éis an cháin ioncaim Éireannach d'íoc is iomchuí don díbhinn sin má roghnaíonn an fáltaí sin méid na cánach ioncaim Éireannaí sin d'áireamh ar a ioncam comhlán chun cuspóírí cánach Ceanadaí. Chun cuspóirí an Airteagail seo amháin. aon ioncam. as bunaidh sa Ríocht Aontaithe, a gheobhas pearsa a chónaíos in Éirinn, measfar gur ioncam as bunaidh in Éirinn é mura bhfuil an t-ioncam sin inchurtha faoi cháin ioncaim na Ríochta Aontaithe.
2. Faoi réir pé forál (nach ndéanfaidh difir dá phrionsapal ginearálta seo) a hachtófar in Éirinn, déanfar cáin Cheanadach is iníoctha i leith ioncaim as bunaidh i gCeanada a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon chánach Éireannaí is iníoctha i leith an ioncaim sin. Más gnáth-dhíbhinn d'íoc corparáid Cheanadach an t-ioncam sin. áireofar sa chreidmheas sin (i dteannta aon chánach ioncaim Ceanadaí a baineadh as an díbhinn sin nó a forchuireadh uirthi) an cháin ioncaim Cheanadach a forchuireadh ar an gcorparáid sin i leith a brabús. agus más díbhinn í a híocadh ar scaireanna tosaíochta rannpháirteacha. agus a ionadaíos díbhinn do réir an ráta shocair chun a bhfuil teideal ag na scaireanna maraon le rannpháirteachas breise i mbrabúis, déanfar an cháin sin ar bhrabúis d'áireamh chomh maith sa mhéid go bhfuil breis ag an díbhinn ar an ráta socair sin.
3. Chun cuspóirí an Airteagail seo. measfar. maidir le brabúis nó luach saothair as seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla). a rinneadh i gceann de na críocha. gur ioncam iad as bunaidh laistigh den chríoch sin. agus i gcás seirbhísí ag pearsa a dhéanas a sheirbhísí ar fad nó go formhór i longa nó in aerárthaí a oibríos cónaitheoir de chuid cheann de na críocha measfar na seirbhísí sin a dhéanamh sa chríoch sin.
Airteagal XIV.
1. Déanfaidh údaráis chánachais na Rialtas Conarthach, ar sin d'iarraidh orthu, pé eolas (is eolas a bheas ar fáil faoi dhlithe cánachais na Rialtas Conarthach faoi seach) a mhalairtiú is gá chun forála an Chomhaontuithe seo a chomhlíonadh. nó chun calaois a chosc nó forála reachtúla a riaradh i gcoinne seachanta dlíthiúla maidir leis na cánacha is ábhar don Chomhaontú seo. Aon eolas a malairteofar amhlaidh, coimeádfar ina rún é agus ní nochtfar é d'aon duine seachas na daoine a mbeidh baint acu le measúnú agus bailiú na gcánacha is ábhar don Chomhaontú seo. Ní malairteofar aon eolas a nochtfadh aon rún ceirde ná aon phróis cheirde.
2. Féadfaidh údaráis chánachais na Rialtas Conarthach dul i gcomhairle le chéile mar is gá chun forála an Chomhaontuithe seo a chomhlíonadh agus. go háirithe, forála Airteagal III agus IV.
3. Mar a húsáidtear é san Airteagal seo, ciallaíonn an téarma “údaráis chánachais”, i gcás Cheanada. an tAire Ioncaim Náisiúnta nó a ionadaí údaraithe; i gcás na hÉireann, na Coimisinéirí Ioncaim nó a n-ionadaí údaraithe.
Airteagal XV.
1. Daingneofar an Comhaontú seo agus malairteofar na hionstraimí daingniúcháin i mBaile Átha Cliath. a luaithe is féidir.
2. Ar na daingniúcháin a mhalairtiú. beidh éifeacht ag an gComhaontú seo—
(a) maidir le cáin Cheanadach. do na blianta cánachais a thosnós ar an lú lá d'Eanáir, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin;
(b) (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach. don bhliain mheasúnuithe a thosnés ar an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraímí daingniucháin agus do bhlianta ina dhiaidh sin;
(ii) maidir le forcháin Éireannach, don bhliain mheasúnuithe a thosnós ar an 6ú lá d'Aibreán díreach roimh an mbliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin. agus do bhliants ina dhiaidh sin; agus
(iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosnós ar an lú lá d'Aibreán. nó dá éis, sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheas ar rith ar an dáta sin.
Airteagal XVI.
Leanfaidh an Comhaontú seo d'éifeacht a bheith aige ar feadh tréimhse éiginnte ach féadfaidh ceachtar de na Rialtais Chonarthacha. ar nó roimh an 30ú lá de Mheitheamh in aon bhliain chaileandair i ndiaidh na bliana caileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin. fógra forceannta a thabhairt don Rialtas Conarthach eile. agus sa chás sin scoirfidh an Comhaontú seo d'éifeacht a bheith aige—
(a) maidir le cáin Cheanadach. do na blianta cánachais a thosnós ar an lú lá d'Eanáir, nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair a dtabharfar an fógra;
(b) (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach. d'aon bhliain mheasúnuithe a thosnés ar an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana a dtabharfar an fógra sin;
(ii) maidir le forcháin Éireannach. d'aon bhliain mheasúnuithe a thosnós ar an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a dtabharfar an fógra sin; agus
(iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach, d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosnós ar an lú lá d'Aibreán. nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair a dtabharfar an fógra sin agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheas ar rith ar an dáta sin.
DA FHIANU SIN tá na Lánchumhachtóirí thuas-ainmnithe tar éis an Comhaontú seo a shíniú agus a séalaí a ghreamú dhe.
ARNA DHÉANAMH in Ottawa. i ndúblach, an 28ú lá seo de Dheireadh Fómhair. naoi gcéad déag caoga a ceathair.
D'ÉIRINN: |
Seán O Murchadha. |
DO CHEANADA: |
W. E. Harris. |
Cuid II.
Forála maidir le faoiseamh ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ó cháin bhrabús corparáide i bhfoirm chreidmheasa i leith cánach Ceanadaí.
Léiriú.
1. Sa Chuid seo den Sceideal—
ciallaíonn an abairt “an Comhaontú” an comhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo;
folaíonn an abairt “cáin ioncaim” forcháin ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;
ciallaíonn an abairt “ioncam”. maidir le cáin bhrabús corparáide. brabúis;
ciallaíonn an abairt “na cánacha Éireannacha” cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus cáin bhrabús corparáide;
tá leis an abairt “cáin Cheanadach” an bhrí atá léi in Airteagal I den Chomhaontú.
Ginearálta.
2. (1) Faoi réir forál na Coda seo den Sceideal seo, más rud é. faoin gComhaontú. go mbeidh creidmheas le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha is inmhuirir i leith aon ioncaim. déanfar méid na gcánacha Éireannacha is inmhuirir amhlaidh a laghdú méid an chreidmheasa.
(2) Aon chreidmheas a lamhálfar. úsáidfear ar dtús é chun laghdú a dhéanamh ar mhéid aon chánach brabús corparáide is inmhuirir i leith an ioncaim agus. sa mhéid nach féidir é d'úsáid amhlaidh. chun laghdú a dhéanamh ar an gcáin ioncaim is inmhuirir ina leith sin.
(3) Ní údaraíonn aon ní sa mhír seo chreidmheas a lamháil i gcoinne aon chánach Éireannaí nach bhfuil creidmheas inlamhálta ina coinne faoin gComhaontú.
Geanglais maidir le corprú agus cónaí.
3. (1) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide mura bhfuil an chuideachta, a bhfuil an cháin bhrabús corparáide inmhuirir i leith a hioncaim, corpraithe le dlithe. nó faoi dhlithe, an Stáit.
(2) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe mura bhfuil an duine, a bhfuil an cháin inmhuirir i leith a ioncaim, ina chónaí sa Stát ar feadh na bliana sin.
Tórainn leis an gCreidmheas iomlán cáin bhrabús corparáide.
4. Ní raghaidh an méid creidmheasa a lamhálfar i gcoinne cánach brabús corparáide do cháin Cheanadach i leith aon ioncaim thar méid na cánach brabús corparáide is inchurtha i leith an ioncaim sin.
Tórainn leis an gCreidmheas iomlán cáin ioncaim.
5. (1) Ní raghaidh an méid creidmheasa a lamhálfar i gcoinne cánach ioncaim do cháin Cheanadach i leith aon ioncaim thar an suim a gheofaí trí mhéid an ioncaim sin a ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim (lena n-áirítear an tAcht seo) agus trína chur ansin faoi mhuirear cánach ioncaim don bhliain mheasúnuithe a bhfuil an creidmheas le lamháil ina haghaidh, ach sin do réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá—
(a) i gcás duine a bhfuil cáin ioncaim, ach nach bhfuil forcháin. inmhuirir ar a ioncam. ráta a fionnfar tríd an gcáin ioncaim is iníoctha ag an duine sin don bhliain sin a roinnt ar mhéid iomlán ioncaim an duine sin don bhliain sin;
(b) i gcás duine a bhfuil forcháin inmhuirir ar a ioncam. suim na rátaí seo a leanas—
(i) an ráta dob iomchuí ina chás dá mbeadh cáin ioncaim, ach nach mbeadh forcháin. inmhuirir ar a ioncam; agus
(ii) an ráta a fionnfar tríd an bhforcháin is iníoctha aige don bhliain sin a roinnt ar mhéid iomlán a ioncaim don bhliain sin:
Ar choinníoll. más rud é, faoin gComhaontú, nach bhfuil creidmheas le lamháil i gcoinne forchánach don bhliain, go ríomhfar an ráta i ngach cás mar ríomhtar é i gcás daoine a bhfuil cáin ioncaim. ach nach bhfuil forcháin, inmhuirir ar a n-ioncam, agus más rud é. faoin gComhaontú, nach bhfuil creidmheas le lamháil ach amháin i gcoinne forchánach don bhliain, gurb é ráta a bheas ann an ráta a fionnfar tríd an bhforcháin is iníoctha ag an duine áirithe don bhliain a roinnt ar mhéid iomlán a ioncaim don bhliain.
(2) Chun an ráta sin a chinneadh, déanfar an cháin is iníoctha ag aon duine d'aon bhliain a ríomh gan aird ar aon fhaoiseamh i leith préimheanna árachais saoil agus gan aon laghdú ar an gcéanna i leith aon chreidmheasa a lamháladh nó atá le lamháil faoin gComhaontú. ach measfar í a bheith arna laghdú méid aon chánach atá an duine áirithe i dteideal. ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta. a mhuirearú i gcoinne aon duine eile, agus measfar ioncam iomlán aon duine a bheith arna laghdú méid aon ioncaim a bhfuil an duine sin i dteideal cáin ioncam a mhuirearú air mar adúradh.
(3) I gcás ina mbeidh creidmheas i leith cánach Ceanadaí le lamháil i leith aon ioncaim agus go mbeadh. mura mbeadh forála na fo-mhíre seo, aon fhaoiseamh le lamháil i leith an ioncaim sin faoi fhorála ailt 3 den Acht Airgeadais. 1941 (Uimh. 14 de 1941). arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais. 1943 (Uimh. 16 de 1943), ní lamhálfar an faoiseamh sin.
6. Gan dochar d'fhorála na míre deiridh roimhe seo. ní bheidh an creidmheas iomlán a lamhálfar do dhuine i gcoinne cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe níos mó ná an cháin ioncaim iomlán is iníoctha ag an duine áirithe don bhliain mheasúnuithe sin. lúide aon cháin atá an duine sin i dteideal. seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, a mhuirearú i gcoinne aon duine eile.
Eifeacht Lamháltais Chreidmheasa ar ríomh Ioncaim.
7. (1) Faoi réir forál na míre seo i gcás ina mbeidh creidmheas in aghaidh cánach Ceanadaí le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, ní déanfar aon ashbaint in aghaidh cánach Ceanadaí (pé acu i leith an ioncaim sin nó aon ioncaim eile é) nuair a bheas méid an ioncaim sin á ríomh chun cuspóirí cánach brabús corparáide.
(2) Má bhíonn díbhinn ar áireamh san ioncam agus más rud é, faoin gComhaontú, go mbeidh cáin Cheanadach, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, le cur sa chuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, déanfar, chun cuspóirí cánach brabús corparáide, méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú an méid den cháin Cheanadach, nach inmhuirir amhlaidh, a bheas le cur sa chuntas agus méid an chreidmheasa á ríomh.
(3) D'ainneoin aon ní sna forála roimhe seo den mhír seo, i gcás nach féidir cuid den cháin Cheanadach i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin den tsórt sin a bheas, faoi fho-mhír (2) den mhír seo, le háireamh mar mhéadú ar an ioncam) a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, déanfar, chun cuspóirí cánach brabús corparáide, méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna laghdú an chuid sin den cháin Cheanadach sin.
8. (1) I gcás ina mbeidh creidmheas in aghaidh cánach Ceanadaí le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas den mhír seo maidir le méid an ioncaim sin a ríomh chun cuspóirí cánach ioncaim.
(2) I gcás ina mbeidh an cháin ioncaim is iníoctha ag braith ar an méid a fuarthas sa Stát, déanfar an méid sin d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú méid an chreidmheasa is inlamhálta i gcoinne cánach ioncaim.
(3) I gcás nach mbeidh feidhm ag an bhfo-mhír dheiridh roimhe seo—
(a) ní déanfar aon asbhaint i leith cánach Ceanadaí (pé acu i leith an ioncaim chéanna nó aon ioncaim eile é); agus
(b) má bhíonn díbhinn ar áireamh san ioncam agur más rud é, faoin gComhaontú go mbeidh cáin Cheanadach, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, le cur sa chuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, áireofar méid an ioncaim amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú an méid den cháin Cheanadach, nach inmhuirir amhlaidh. a bheas le cur sa chuntas agus méid an chreidmheasa á ríomh; ach
(c) d'ainneoin aon ní sna forála roimhe seo den fho-mhír seo, i gcás ina mbeidh aon chuid den cháin Cheanadach i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin den tsórt sin a bheas, faoi chlásal (b) den fho-mhír seo, le háireamh mar mhéadú ar an ioncam) le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide, nó nach féidir í a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, déanfar, chun cuspóirí cánach ioncaim. méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna laghdú an chuid sin den cháin Cheanadach sin.
(4) Maidir le hioncam iomlán duine a ríomh chun an ráta a chinneadh a luaitear i mír 5 den Chuid seo den Sceideal seo, beidh éifeacht ag na forála sin roimhe seo den mhír seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas—
(a) in ionad na tagairte i bhfo-mhír (2) do mhéid an chreidmheasa is inlamhálta i gcoinne cánach ioncaim, cuirfear tagairt do mhéid na cánach Ceanadaí i leith an ioncaim (agus, i gcás díbhinne, gan áireamh a dhéanamh ar cháin Cheanadach nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne), agus
(b) ní bheidh feidhm ag clásail (b) agus (c) d'fho-mhír (3),
agus, faoi réir na modhnuithe sin, beidh éifeacht ag na forála sin maidir leis an ioncam go léir a bhfuil creidmheas le lamháil ina chás in aghaidh cánach Ceanadaí.
Forála speisialta maidir le Díbhinní.
9. Más rud é, i gcás aon díbhinne, go mbeidh cáin Cheanadach, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, cur sa chuntas. faoin gComhaontú, nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na díbhinne, is í cáin Cheanadach, nach inmhuirir amhlaidh, a cuirfear sa chuntas ná an cháin a thiteas ar an gcomhlucht corpraithe a iocas an díbhinn i leith na mbrabús iomchuí, sa mhéid go bhfuil sí ínchurtha le ceart i leith na cionúireachta de na brabúis iomchuí a n-ionadaíonn an díbhinn í.
Is iad na brabúis iomchuí—
(a) má híoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe, brabúis na tréimhse sin;
(b) mura n-íoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe ach go n-íoctar í as brabúis sonraithe, na brabúis sin;
(c) mura n-íoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe ná as brabúis sonraithe, brabúis na tréimhse deiridh dar hullmhaíodh cuntais an chomhluchta chorpraithe agus a chríochnaigh sara raibh an díbhinn iníoctha:
Ar choinníoll, má tharlaíonn, i gcás a thiocfas faoi fho-mhír (a) nó fo-mhír (c) den mhír seo, go mbeidh breis ag an díbhinn iomlán ar a mbeidh ar fáil le dáiliú de bhrabúis na tréimhse a luaitear sa bhfo-mhír sin (a) nó sa bhfo-mhír sin (c), pé acu é. gurb iad is brabúis iomchuí brabúis na tréimhse sin móide an oiread a bheas ar fáil le dáiliú de bhrabúis tréimhsí roimhe sin (seachas brabúis a dáilíodh roimhe sin nó a háiríodh roimhe sin mar bhrabúis iomchuí chun cuspóirí na míre seo) agus is comhionann leis an mbreis; agus chun cuspóirí an choinníll seo cuirfear sa chuntas ar dtús brabúis na tréimhse is déanaí roimhe sin, ansin brabúis na tréimhse is déanaí roimhe sin arís, agus mar sin de.
10. I gcás—
(a) ina bhforálann an Comhaontú go bhfuil, maidir le díbhinní d'aicmí áirithe, agus nach bhfuil, maidir le díbhinní d'aicmí eile, cáin Cheanadach. nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith díbhinní. le cur sa chuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánacha Éireannacha i leith na ndíbhinní; agus
(b) ina n-íocfar díbhinn nach d'aicme a bhforálann an Comhaontú amhlaidh ina taobh,
ansin, má híoctar an díbhinn le cuideachta a rialaíos, go díreach nó go neamhdhíreach, méid nach lú ná leath na cumhachta vótála i gcuideachta íoctha na díbhinne, lamhálfar creidmheas amhail is dá mba dhíbhinn í d'aicme a bhforálann an Comhaontú amhlaidh ina taobh.
Ilghnéitheach.
11. Ní lamhálfar creidmheas faoin gComhaontú i gcoinne na gcánacha Éireannacha is inmhuirir i leith aon ioncaim le haon duine, más é rogha an duine áirithe nach lamhálfaí creidmheas i leith an ioncaim sin.
12. Más rud é, faoin gComhaontú, gur féidir faoiseamh a thabhairt sa Stát nó i gCeanada i leith aon ioncaim agus go ndealraíonn sé, maidir leis an measúnú le haghaidh cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide a rinneadh i leith an ioncaim, nach i leith a mhéid iomláin a rinneadh é nó go bhfuil sé neamhchruinn ag féachaint don chreidmheas, más ann, atá le tabhairt faoin gComhaontú, féadfar aon mheasúnuithe breise a dhéanamh is gá chun a áirithiú go ndéanfar méid iomlán an ioncaim a mheasúnú agus go dtabharfar an creidmheas ouí, más ann, ina leith, agus i gcás an t-ioncam a chur ar iontaoibh aon duine sa Stát chun a íoctha, féadfar aon mheasúnú breise den tsórt sin i leith cánach ioncaim a dhéanamh ar fháltaí an ioncaim faoi Chás VI de Sceideal D.
13. (1) Faoi réir forál míre 14 den Chuid seo den Sceideal seo, aon éileamh a déanfar ar lamháltas i bhfoirm chreidmheasa in aghaidh cánach Ceanadaí i leith aon ioncaim, cuirfear i scríbhinn é go dtí an cigire cánach tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na bliana measúnuithe iomchuí agus, má dhéanann an cigire agóid i gcoinne aon éilimh den tsórt sin. éistfear agus cinnfear í ag na Coimisinéirí Speisialta amhail is dá mb'achomharc chucu é i gcoinne measúnuithe i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, leis na modhnuithe is gá, ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le hathéisteacht achomhairc nó le sonrú cáis le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí.
(2) Sa mhír seo, ciallaíonn an abairt “an bhliain mheasúnuithe iomchuí”, maidir le creidmheas in aghaidh cánach Ceanadaí i leith aon ioncaim, an bhliain mheasúnuithe dá bhfuil cáin ioncaim le muirearú ar an ioncam sin, nó dá mbeadh cáin ioncaim le muirearú uirthi i gcás aon cháin ioncaim a bheith inmhuirir ina leith.
14. Má tharlaíonn méid aon chreidmheasa, a bheirtear faoin gComhaontú a bheith iomarcach nó neamhdhóthaineach de dhroim aon choigeartuithe ar mhéid aon chánach is iníoctha sa Stát nó i gCeanada, ní bheidh feidhm ag aon ní sna hAchta Cánach Ioncaim, ná sna hachtacháin a bhaineas le cáin bhrabús corparáide, a thérainníos an t-am chun measúnuithe nó éilimh ar fhaoisimh a dhéanamh, maidir le haon mheasúnú nó éileamh a thiocfas den choigcartú agus is measúnú nó éileamh a déanfar tráth nach déanaí ná sé bliana ón uair a rinneadh gach measúnú, coigeartú agus cinneadh eile den tsórt sin a bhainfeadh lena chinneadh an bhfuil aon chreidmheas le tabhairt agus, má tá, cad é an méid é.
AN TRIU SCEIDEAL.
Achtacháin a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
(1) | (2) | (3) |
54 & 55 Vic., c. 39. | Stamp Act, 1891 | Ailt 43, 45, 47 agus 48. |
An tAcht Airgid (Forála Ilghnéitheacha), 1935. | Alt 5. | |
Alt 23. |