Uimhir 18 de 1950.
AN tACHT AIRGEADAIS, 1950.
(An tiontó oifigiúil).
CUID I.
Cain Ioncaim.
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1950-51.
1.—(1) Muirearófar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1950, do réir sé scillinge agus sé pingne sa phunt.
(2) Muirearófar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1950, ar ioncam aon duine ar mó ná mile agus chúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1949, a muirearófar amhlaidh í.
(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1950, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1950, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.
Alt 3 den Acht Airgeadais, 1925, a leasú.
2.—Déantar leis seo alt 3 (a bhaineas le díolmhadh pinsean agus aiscí míleata áirithe) den Acht Airgeadais, 1925 (Uimh. 28 de 1925), a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach ann in ionad fo-ailt (2) atá anois (de bhuaidh ailt 3 den Acht Airgeadais, 1946 (Uimh. 15 de 1946)) san alt sin 3:—
“(2) Folóidh na pinsin chréachta agus míthreora lena mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, agus measfar gur fholaíodar riamh, (a) gach pinsean créachta agus míthreora, agus gach méadú ar na pinsin sin, a deonadh faoi na hAchta Arm-Phinsean, 1923 go 1949, agus (b) gach aisce i leith créachta nó míthreora a deonadh amhlaidh, agus forléireofar an t-alt sin 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.”
Alt 8 den Acht Airgeadais, 1932, a leathnú.
3.—I gcás méid liúntais lenar bhain alt 8 (a bhaineas le díolmhadh liúntas áirithe faoi na hAchta Arm-Phinsean, 1923 agus 1927) den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), sar ar ritheadh an tAcht Arm-Phinsean (Méadú), 1949 (Uimh. 28 de 1949), a mhéadú de bhuaidh ailt 4 den Acht Arm-Phinsean (Méadú), 1949, adúradh, beidh feidhm ag an alt sin 8 den Acht Airgeadais, 1932, agus measfar feidhm a bheith riamh aige, maidir le hiomlán an liúntais sin arna mhéadú amhlaidh.
Liuntais a dhíolmhadh: Acht Socruithe na nGríobhthach, 1923, agus an tAcht Arm-Phinsean, 1937.
4.—(1) Beidh ioncam lena mbaineann an t-alt seo díolmhaithe ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ní háireofar é nuair a bheas ioncam á ríomh chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim.
(2) Baineann an t-alt seo—
(a) le haon tsuim bliantúil is iníoctha faoi alt l d'Acht Socruithe na nGríobhthach, 1923 (Uimh. 5 de 1923), agus
(b) le haon liúntas is iníoctha faoi alt 3 den Acht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937).
CUID II.
Custaim agus Mal.
Deireadh le rátaí fábhair dleacht custam ar thobac neamonaraithe.
5.—Scoirfidh alt 15 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949), d'éifeacht a bheith aige amhail ar an 31ú lá d'Iúil, 1950, agus ón lá sin amach, ach amháin maidir le—
(a) tobac neamonaraithe a bheas i mbanna-stóras ar an dáta sin, agus
(b) tobac neamonaraithe a gcruthófar ina thaobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur ceannaíodh an tobac sin roimh an dáta sin chun é d'allmhuiriú isteach sa Stát.
Dleacht shiamsa —siamsa a n-úsáidtear na fáltais as chun críocha oideachais, daoncharadais, nó cárthannachta.
6.—Déantar leis seo fo-alt (4) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1943 (Uimh. 16 de 1943), a leasú maidir le siamsaí a comófar an 1ú lá de Lúnasa, 1950, nó dá éis, tríd an bhfocal “caoga” a cur in ionad an fhocail “tríocha.”
Dleacht shiamsa—siamsa ar iomrascáil amaitéarach atá ann.
7.—Ní déanfar dleacht shiamsa do réir bhrí ailt 1, agus is inmhuirir faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin iardain, a mhuirearú ná a thobhach ar íocaíochta chun dul isteach go dtí aon tsiamsa a gcruthófar ina thaobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim é a bheith arna chur ar bun ag Comhlachas Iomrascála Amaitéaraí na hÉireann nó ag club atá cleamhnaithe leis an gcomhlachas sin nó atá go díreach faoin na rialú agus gurb é amháin atá sa tsiamsa taispeántas iomrascála nach ndéantar aige, ná i ndáil leis, aon airgead a dhámhachtain ná d'íoc le haon duine de na rannpháirtithe nó de na hiomaitheoirí, pé acu mar dhuais, mar luach saothair, nó ar shlí eile é.
Ceadúnais mheasadóirí— díolúine.
8.—(1) Ar an 6ú lá d'Iúil, 1950, agus dá éis, féadfaidh duine a bheas údaraithe chun ceantanna a sheoladh—
(a) de bhuaidh ceadúnais cheantálaí a deonadh faoi alt 8 den Acht um Cheantálaithe agus Luachálaithe Tithe, 1947 (Uimh. 10 de 1947), agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, nó
(b) de bhuaidh ceada cheantála a deonadh faoi alt 9 den Acht sin agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire,
gníomhú mar mheasadóir do réir bhrí an Appraisers Licences Act, 1806, gan bheith ceadúnaithe faoin Acht sin.
(2) Beidh alt 7 den Appraisers Licences Act, 1806, arna athghairm amhail ar an 6ú lá d'Iúil, 1950, agus ón lá sin amach.
Rialacháin maidir le baeradróma, aerárthaí, etc.
9.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, pé socrú a dhéanamh is dóigh leis a bheith riachtanach nó fóirstineach chun aon chríche nó gach críche acu seo a leanas:—
(a) feidhm a thabhairt, faoi réir pé modhnuithe is iomchuí leis, d'aon cheann d'fhorála na nAcht Custam i gcás aeradróm agus i gcás aerárthaí agus daoine, earraí, postanna, stóranna agus bagáiste a hiomprófar iontu, a díbharcófar nó a díluchtófar astu nó a barcófar nó a luchtófar orthu;
(b) oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon cheann d'fhorála na reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin i gcás aeradróm agus i gcás aerárthaí agus daoine, earraí, postanna, stóranna agus bagáiste a hiomprófar orthu, a díbharcofar nó a díluchtófar astu nó a barcófar nó a luchtófar orthu;
(c) smuglaeracht d'aer a chosc;
(d) forála Choinbhinsiúin Chicago, a mhéid a bhainid leis na Custaim, a chur i gcrích.
Sa bhfo-alt seo, tá leis an abairt “Coinbhinsiún Chicago” an bhrí atá léi i gCuid II den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946 (Uimh. 23 de 1946), arna leasú le halt 9 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950 (Uimh. 4 de 1950).
(2) Má sháraíonn duine ar bith, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán faoin alt seo, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile a dlífear a chur air, ciontach i gcion i gcoinne na nAcht Custam agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil Chustam nach mó ná céad punt a chur air agus féadfar é a choinneáil nó imeachta a bhunú ina choinne trí thoghairm.
(3) Aon earraí a mbeidh cion faoin alt seo déanta ina leith, forghéillfear iad maraon leis na haerárthaí, na longa, na báid, na feithiclí, na hainmhithe agus na nithe eile go léir a húsáideadh á n-iompar.
(4) Ar an chéad rialacháin faoin alt seo a dhéanamh chun na críocha a sonraítear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, scoirfidh rialacháin 61 agus 63 de na Rialacháin um Aer Loingseoireacht (Ginearálta), 1930 (R. & O. R., Uimh. 26 de 1930), d'éifeacht a bheith acu,
CUID III.
Dleachta Bais.
An Coinbhinsiún atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a dhaingniú.
10.—(1) Déantar leis seo an coinbhinsiún atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1949, idir an Rialtas agus Rialtas Stát Aontaithe Mheirice (dá ngairmtear an Coinbhinsiún san alt seo) a dhaingniú agus beidh feidhm dlí aige.
(2) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894 (a dhéanas socrú le haghaidh faoisimh i leith dleachta is iníoctha i dtír choigríche) maidir le cáin eastáit atá inmhuirir faoi dhlithe Stát Aontaithe Mheirice agus lena mbaineann forála an Choinbhinsiúin.
CUID IV.
Cain Bhrabus Corparaide.
Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide do leanúint í bhfeidhm.
11.—(1) Déanfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1929 (Uimh. 32 de 1929), arna leasú le halt 30 den Acht Airgeadais, 1931 (Uimh. 31 de 1931), le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), agus le fo-alt (2) den alt seo, a thabhairt in aghaidh na tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1950, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1952.
(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1929, arna leasú le halt 30 den Acht Airgeadais, 1931, agus le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1932, a leasú tuilleadh tríd an bhfocal agus an mhír seo a leanas a chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin:—
“ná
(f) i gcás cuideachtan a sheolas gnóthas iarnróid, le haon bhrabúis de chuid na cuideachtan sin.”
CUID V.
Faoiseamh o Chanachas Dubalta: Cain Ioncaim, Forchain Agus Cain Bhrabus Corparaide.
An Coinbhinsiún atá leagtha amach sa Dara Sceideal a dhaingniú.
12.—(1) Déantar leis seo an coinbhinsiún atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1949, idir an Rialtas agus Rialtas Stát Aontaithe Mheirice (dá ngairmtear an Coinbhinsiún san alt seo) a dhaingniú agus beidh feidhm dlí aige.
(2) Chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún, beidh éifeacht ag na forála atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.
(3) Déanfar na cionranna is gá chun éifeacht a thabhairt do théarmaí an Choinbhinsiúin maidir le cáin bhrabús corparáide i gcás tréimhsí cuntasaíochta a thosnós roimh an lú lá d'Aibreán sa bhliain a bheas éifeacht i gcéadóir ag an gCoinbhinsiún agus a chríochnós ar an dáta sin nó dá éis, agus is i gcomhréir leis an méid mí nó codán de mhí a bheas sa chuid den tréimhse chuntasaíochta iomchuí roimh an lú lá d'Aibreán adúradh agus a bheas sa chuid eile den tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin faoi seach a déanfar aon chionroinnt den tsórt sin.
(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham rialacháin a dhéanamh maidir le deonadh na bhfaoiseamh a sonraítear sa Choinbhinsiún agus féadfaid, go sonrach, socrú a dhéanamh leis na rialacháin sin—
(a) chun a áirithiú nach raghaidh aon fhaoisimh den tsórt sin, ó chánachas a forchuirtear le dlithe Stát Aontaithe Mheirice agus a ndéantar socrú dhóibh sa Choinbhinsiún, chun sochair do phearsain nach mbeidh teideal acu chucu, agus
(b) chun a údarú, i gcásanna ina ndearnadh, d'fhonn téarmaí an Chonbhinsiúin a chomhlíonadh, cáin is inbhainte as aon íocaíocht tréimhsiúil áirithe d'fhágaint gan baint, agus ina bhfionnfar nach bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis an íocaíocht sin, an cháin a ghnóthú trí mheasúnú ar an bpearsa ag a mbeidh teideal chun na híocaíochta nó trí asbhaint a dhéanamh as íocaíochta iardain.
Foráil maidir le díbhinní.
13.—(1) Baineann an talt seo le haon díbhinn a bheas iníoctha tar éis an tAcht seo a rith, agus is díbhinn a n-údaraítear, le Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, cáin a bhaint aisti.
(2) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “an chuideachta” comhlucht daoine a íocas díbhinn lena mbaineann an talt seo;
ciallaíonn an abairt “faoiseamh ó chánachas dúbalta” aon chreidmheas i leith cánach (seachas cáin ioncaim Bhreataineach) is iníoctha in aon chríocha lasmuigh den Stát agus is inlamhálta i gcoinne cánach ioncaim Eireannaí de bhuaidh aon chomhaontuithe eadarnáisiúnta ag a bhfuil feidhm dlí, lena n-áirítear aon chreidmheas den tsórt sin a cuireadh san áireamh maidir le haon díbhinní is inghlactha ag an gcuideachta;
ciallaíonn an abairt “an ráta Éireannach laghdaithe” an ráta cánach ioncaim Eireannaí is iníoctha go díreach nó trí asbhaint ag an gcuideachta tar éis faoiseamh ó chánachas dúbalta a chur san áireamh.
(3) (i) D'ainneoin aon ní sna hAchta Cánach Ioncaim, ní déanfar aon fhaoiseamh ná aisíocaíocht, i leith na cánach a bainfear nó a húdaraítear a bhaint as aon díbhinn lena mbaineann an t-alt seo, a lamháil, i gcás ina dtugtar faoiseamh ó chánachas dúbalta, do réir ráta is mó ná an ráta Éireannach laghdaithe.
(ii) Má bhíonn an ráta Éireannach laghdaithe le ríomh maidir le díbhinn, beidh ar áireamh sna sonraí atá le tabhairt ag an gcuideachta sa ráiteas a ceangaltar a thabhairt le halt 13 den Acht Airgeadais, 1925 (Uimh. 28 de 1925), agus le halt 5 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940), sonraí ar an ráta Éireannach laghdaithe (i dteannta na sonraí a ceangaltar a thabhairt lasmuigh den alt seo).
(4) I gcás inar híocadh díbhinn roimh an Acht seo a rith, agus ina mbeadh aon fhaoiseamh ó chánachas dúbalta le cur san áireamh maidir leis an díbhinn sin dá mba gur bhain an t-alt seo léi, cuirfear an faoiseamh sin san áireamh, a mhéid is féidir é, nuair a bheas an ráta Éireannach laghdaithe á chinneadh maidir leis an gcéad díbhinn lena mbaineann an t-alt seo agus is iníoctha ag an gcuideachta, agus aon chuid den fhaoiseamh sin nach féidir a chur san áireamh amhlaidh cuirfear san áireamh í, a mhéid is féidir é, maidir leis an gcéad díbhinn ina dhiaidh sin, agus mar sin de.
(5) I gcás an t-iomlán nó aon chuid d'aon íocaíocht bhliantúil a bheith iníoctha as díbhinn lena mbaineann an t-alt seo agus faoiseamh ó chánachas dúbalta do bhaint leis an ráta faoisimh nó aisíocaíochta is inlamhálta i leith na cánach a baintear nó a húdaraítear a bhaint as an díbhinn, measfar an íocaíocht bhliantúil, nó an chuid sin di, pé acu é, a bheith arna híoc as brabúis nó gnóthachain nár cuireadh faoi mhuirear cánach agus beidh feidhm dá réir sin ag Riail 21 de na Rialacha Ginearálta, ach an cháin is inghnóthuithe faoin Riail sin ón bpearsa a dhéanfas an íocaíocht laghdófar í méid is comhionann le cáin ar an íocaíocht nó ar an gcuid den íocaíocht do réir an ráta Éireannaigh laghdaithe is infheidhme maidir leis an díbhinn.
An ráta Éireannach laghdaithe a chinneadh.
14.—(1) San alt seo, tá leis na habairtí “an ráta Éireannach laghdaithe,” “faoiseamh ó chánachas dúbalta” agus “an chuideachta” an bhrí atá leo san alt deiridh roimhe seo agus ciallaíonn an focal “díbhinn” díbhinn lena mbaineann an t-alt sin.
(2) Is tuigthe gurb é is ráta Éireannach laghdaithe maidir le haon díbhinn an ráta a gheibhtear trí—
(a) an ráta faoisimh ó chánachas dúbalta don tréimhse dá n-íoctar an díbhinn a bhaint ó
(b) an ráta cánach a húdaraítear a bhaint as an díbhinn le Riail 20 de na Rialacha Ginearálta.
(3) Faoi réir aon choigeartuithe a ceangaltar le fo-alt (4) den alt deiridh roimhe seo nó le fo-alt (4) den alt seo, is tuigthe gurb é is ráta faoisimh ó chánachas dúbalta don tréimhse dá n-íoctar an díbhinn—
(a) i gcás díbhinne a híoctar do thréimhse a thiteas go hiomlán laistigh d'aon bhliain mheasúnuithe, an ráta a gheibhtear tríd an bhfaoiseamh ó chánachas dúbalta don bhliain mheasúnuithe sin a roinnt ar shuim is comhionann le hiomlán ioncaim na cuideachtan arna ríomh chun críocha cánach ioncaim don bhliain sin lúide méid aon ioncaim a bhfuil an chuideachta i dteideal, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, an cháin ioncaim air a mhuirearú i gcoinne aon phearsan eile;
(b) i gcás díbhinne a híoctar do thréimhse a bhfuil cuid di i mbliain mheasúnuithe amháin agus cuid eile dhi i mbliain mheasúnuithe nó i mblianta measúnuithe eile, an ráta a gheibhtear trí chinneadh a dhéanamh, maidir le gach bliain acu sin—
(i) ar an ráta a bheadh infheidhme dá mba in aghaidh tréimhse a tháinig go hiomlán laistigh den bhliain sin a híocfaí an díbhinn sin, agus
(ii) ar an bpáirt den ráta sin a bhfuil idir í agus an ráta sin an coibhneas céanna atá idir an chuid a thiteas laistigh den bhliain sin, den tréimhse dá n-íoctar an díbhinn, agus iomlán na tréimhse,
agus ansin na páirteanna a cinnfear amhlaidh a chomhshuimiú.
(4) Má bhíonn aon ní a bhaineas le ríomh an ráta faoisimh ó chánachas dúbalta gan bheith cinnte go hiomlán an t-am a bheas an ráta Éireannach laghdaithe le cinneadh maidir le haon díbhinn, déanfar an ráta faoisimh ó chánachas dúbalta a mheas do réir an eolais is fearr a bheas ar fáil san am, agus, má fionntar dá éis sin go raibh an ráta a measadh amhlaidh iomarcach nó easnamhach, déanfar an coigeartú iomchuí nuair a beifear ag cinneadh an ráta Éireannaigh laghdaithe is infheidhme maidir leis an gcéad díbhinn iardain a bhféadfar an coigeartú a dhéanamh ina leith, agus déanfar é trí laghdú nó, do réir mar bheas, méadú ar an ráta faoisimh ó chánachas dúbalta, arna ríomh chun críocha na díbhinne iardain sin i gcomhréir leis an bhfo-alt roimhe seo, do réir ráta a mbeidh idir é agus an iomarcaidh nó an t-easnamh, sa ráta is infheidhme maidir leis an díbhinn chéadluaite, an coibhneas céanna a bheas idir méid iomlán na díbhinne ceadluaite agus méid iomlán na díbhinne iardain sin.
(5) I gcás ina n-áirítear sa bhfaoiseamh ó chánachas dúbalta d'aon bhliain mheasúnuithe aon chreidmheas a cuireadh san áireamh chun go gcinnfí an ráta Éireannach laghdaithe is infheidhme maidir le haon díbhinní a fuair an chuideachta, is tuigthe gurb é méid atá sa chreidmheas sin suim na méideanna a gheibhtear trí fheidhm a thabhairt maidir le gach díbhinn acu sin don ráta is comhionann leis an mbreis atá ag an ráta cánach a húdaraítear a bhaint as an díbhinn sin, le Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, ar an ráta Éireannach laghdaithe is infheidhme maidir leis an díbhinn sin.
(6) Chun críocha an ailt seo, aon díbhinn nach mbeidh sainráite í a bheith á híoc in aghaidh tréimhse sonraithe measfar í a bheith á híoc in aghaidh na tréimhse deiridh a ndearnadh cuntais na cuideachtan suas ina leith agus a chríochnaigh sar a raibh an díbhinn iníoctha.
Forléiriú na Coda seo den Acht seo:
15.—Déanfar an Chuid seo den Acht seo agus an Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a mhéid a bhainid le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim, agus déanfar, a mhéid a bhainid le cáin bhrabús corparáide, iad a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin iardain.
CUID VI.
Dleachta Stampa.
Eisceadh ó fheidhm alt 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1949.
16.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní bheidh feidhm, agus measfar nach raibh feidhm riamh, ag ailt 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949), i gcás léasa ó údarás áitiúil faoi fhorála Acht Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, nó Acht na Sclábhaithe, 1883 go 1941, nó aon Acht ag leasú nó ag leathnú na nAcht sin, ná i gcás léasa ó chumann atá cláraithe faoi Achta na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936, agus a tugadh, do réir scéime chun tithe a sholáthar le haghaidh a chomhaltaí, do chomhalta nó don chomhalta sin agus do chéile an chomhalta sin, agus má híocadh aon mhéid dleachta roimh an Acht seo a rith i leith aon léasa den tsórt sin de-bhreis ar an méid is inmhuirir faoi mhír (3) den mhírcheann “Lease or Tack” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin iardain seachas an tAcht Airgeadais, 1949, féadfar é d'aisíoc.
(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás (agus sa chás sin amháin)—
(a) maidir le halt 24 den Acht Airgeadais, 1949—ina mbeidh sa léas ráiteas ón léasaí á dheimhniú an phearsa a thiocfas i dteideal an leasa thairbhiúil uile i leas an léasaí faoin léas (nó, má thagann níos mó ná pearsa amháin i dteideal leasa thairbhiúil ann, gach pearsa faoi leith dhíobh) a bheith ina pearsa d'aicme shonraithe de na haicmí atá leagtha amach i míreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949, agus
(b) maidir le halt 25 den Acht Airgeadais, 1949—ina mbeidh ráiteas mar adúradh sa léas nó inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh ráiteas mar adúradh a bheith go cuí ann.
Dleachta stampa ar ionstraimí áirithe i gcás laghdú cíosa.
17.—(1) Aon uair agus a mhinice a déanfar an cíos is iníoctha de thuras na huaire i leith aon léasa a forghníomhaíodh i gcéadóir ar an 3ú lá de Bhealtaine, 1950, nó dá éis sin, a laghdú ar an dáta sin nó dá éis i gcomaoin aon airgead, stoc nó urrús do dhul chun an léasóra nó chun aon phearsan eile, ansin, an ionstraim (dá ngairmtear an ionstraim sin sna fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo) trína ndéanfar ar an dáta sin nó dá éis admháil go bhfuarthas an chomaoin as an laghdú (nó, má bhíonn an chomaoin iníoctha ina tráthchoda, go bhfuarthas an tráthchuid ar tar éis a híoctha a thiocfas an laghdú in éifeacht) nó taifeadadh go díreach nó go neamhdhíreach gur laghdaíodh an cíos, déanfar, d'ainneoin aon ní in aon Acht eile, í a chur faoi mhuirear na dleachta stampa céanna, agus beidh sí faoi réir forál an Stamp Act, 1891 (arna leasú le hachtacháin iardain), amhail is dá mb'é a bheadh inti, in ionad í a bheith ina hionstraim den tsórt sin,—
(a) léas ar thailte, tionóntáin nó oidhreachtáin a rinneadh i gcomaoin an chíosa a laghdaíodh mar adúradh agus comaoin an laghduithe, agus a tugadh ar feadh téarma éiginnte agus gurbh í an phearsa ag a raibh teideal tairbhiúil, ar dháta an laghdú ar an gcíos a theacht in éifeacht, chun leasa an léasaí sa mhaoin as a n-eisíonn an cíos arna laghdú amhlaidh, ba léasaí faoi, nó
(b) sa chás a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, léas den tsórt dá dtagartar sa mhír roimhe seo agus ráiteas ann den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949).
(2) Is é cás dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo cás ina mbeidh san ionstraim sin ráiteas, ón bpearsa ag a mbeidh teideal, ar dháta an laghdú ar an gcíos a theacht in éifeacht, chun an leasa thairbhiúil i leas an léasaí sa mhaoin as a n-eisíonn an cíos arna laghdú amhlaidh, á rá go bhfuil sé in aicme de na haicmí a sonraítear i míreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949, nó, má bhí teideal den tsórt sin ag dhá phearsa nó níos mó, ina mbeidh san ionstraim sin ráiteas ó gach pearsa acu mar adúradh.
(3) (a) Má forghníomhaítear an ionstraim sin roimh an Acht seo a rith, measfar, chun críocha an Achta seo, í d'fhorghníomhú i gcéadóir ar dháta an Achta seo a rith, agus muirearófar uirthi dá réir sin an dleacht stampa a sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.
(b) Má forghníomhaítear an ionstraim sin roimh an Acht seo a rith, beidh éifeacht ag forála míre (a) den fho-alt seo maidir léi, d'ainneoin í a bheith, roimh an Acht seo a rith, arna stampáil le stampa áirithe á chur in iúl nach bhfuil aon dleacht inmhuirir uirthi nó go bhfuil sí stampálta go cuí.
(c) D'ainneoin aon cheann de na forála roimhe seo den fho-alt seo, ní bheidh iomlán na dleachta stampa is inmhuirir ar an ionstraim sin, má forghníomhaítear í roimh an Acht seo a rith, níos mó ná an méid a muirearófaí uirthi dá mba tar éis an tAcht seo a rith a forghníomhófaí í iarbhír.
(d) Más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis an tAcht seo a rith, nach mbeidh an ionstraim sin, i gcas í d'fhorghníomhú roimh an Acht seo a rith, stampálta leis an dleacht stampa a bheas muirearaithe uirthi de bhuaidh an Achta seo, beidh suim is comhionann le dhá oiread méid na dleachta stampa neamhíoctha dlite ansin mar fhiach don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ón bpearsa ag a raibh an teideal tairbhiúil, ar dháta an laghdú ar an gcíos a theacht in éifeacht, chun leasa an léasaí sa mhaoin as a n-eisíonn an cíos arna laghdú amhlaidh nó, i gcás teideal den tsórt sin a bheith ag dhá phearsa nó níos mó, ó na pearsain sin i gcomhpháirt agus ar leithligh agus féadfar an tsuim sin a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.
(e) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, aon tsuim is inghnóthuithe faoi fhorála míre (d) den fho-alt seo a mhaolú nó a loghadh.
Admhála áirithe a dhíolmhadh ó dhleacht stampa.
18. Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon admháil a bhéarfar ar aon íocaíocht phinsin faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1948.
Comhaontuithe maidir le dleacht stampa ar pholasaithé arachais thionscail.
19.—(1) I gcás inar dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim aon chomhlucht daoine a sheolas gnó árachais thionscail a bheith ag seoladh an ghnótha sin ar mhodh nach féidir nó nach fóirstineach a cheangal go ndéanfaí na dleachta stampa is inmhuirir ar pholasaithe a eisíos an comhlucht sin i gcúrsa an ghnótha sin a mhuirearú agus d'íoc ar na polasaithe sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhaontú a dhéanamh leis an gcomhlucht sin chun cuntais thréimhsiúla a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtabharfar na sonraí a hiarrfar i dtaobh na bpolasaithe a eisíos an comhlucht amhlaidh.
(2) Beidh an comhaontú i pé foirm, agus beidh pé téarmaí agus coinníollacha ann, is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim.
(3) Má bítear tar éis comhaontú a dhéanamh faoin alt seo idir na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chomhlucht daoine, ansin, aon pholasaí a dhéanfas an comhlucht sin, i rith na tréimhse a bheas an comhaontú i bhfeidhm, d'eisiúint i gcúrsa a ghnótha árachais thionscail agus ina mbeidh ráiteas gur híocadh nó go n-íocfar an dleacht stampa iomchuí leis na Coimisinéirí Ioncaim do réir forál an ailt seo, ní bheidh sé inchurtha faoi mhuirear aon dleachta stampa ach, ina ionad sin agus i modh imshocraíochta, muirearófar, i leith na bpolasaithe á heiseofar i rith na tréimhse lena mbainfidh aon chuntas den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, dleacht stampa de mhéid is comhionann le comhshuim na méideanna dleachta stampa a bheadh, mura mbeadh forála an ailt seo, inmhuirir ar na polasaithe sin, agus íocfar an dleacht stampa is inmhuirir faoin bhfo-alt seo i modh imshocraíochta mar adúradh ón gcomhlucht leis na Coimisinéirí Ioncaim ar an gcuntas a sheachadadh.
(4) Má mhainníonn comhlucht aon chuntas a sheachadadh is gá do réir aon chomhaontuithe den tsórt sin, nó an dleacht d'íoc is iníoctha ar aon chuntas den tsórt sin a sheachadadh, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur ar an gcomhlucht in aghaidh gach lae a leanfas an mhainneachtaint agus fairis sin, i dteannta an dleacht d'íoc, dlífid ús, a bheas inghnóthuithe amhail is dá mba chuid den dleacht é, d'íoc ar an dleacht do réir chúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thosnaigh an mhainneachtaint.
(5) San alt seo, tá leis an abairt “gnó árachais thionscail” an bhrí atá léi san Acht Arachais, 1936 (Uimh. 45 de 1936).
CUID VII.
Ilghneitheach agus Ginearalta.
Cuntas na Malairte Coigríche.
20.—(1) San alt seo, tá leis na habairtí “an tAire,” “an Cuntas”, “malairt choigríche,” agus “urrús coigríche” agus leis na focail “ór” agus “urrús” na bríonna atá leo faoi seach in alt 49 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941).
(2) Féadfaidh an tAire aon mhalairt choigríche ar teachtadh de thuras na huaire chun creidiúna an Chuntais d'infheistiú tríd an malairt choigríche sin a chur ar taisce ús-thorthach le foras bancaeireachta nó trí urrúis a cheannach a bheas eisithe nó ráthaithe ag Rialtas na tíre ina mbeidh an mhalairt sin ar teachtadh.
(3) Déanfar ioncam a thiocfas as aon infheistíocht faoi fho-alt (2) den alt seo a theachtadh chun creidiúna an Chuntais.
(4) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, aon tsuim d'íoc isteach sa Chuntas a gheobhas sé i leith na nglanfháltas as aon ór, malairt choigríche nó urrús coigríche a dhíol nó a dhiúscairt thar a cheann nó faoi ordachán uaidh nó faoina údarás do réir aon fhorála arna déanamh le reacht nó faoi reacht.
(5) Déanfar gach ceann de na tagairtí i bhfo-alt 10 d'alt 49 den Acht Airgeadais, 1941, do na forála roimhe sin den alt sin d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairt do na forála roimhe seo den alt seo.
(6) Measfar fo-ailt (1) go (5) den alt seo a theacht i ngníomh ar an gCuntas a bhunú.
An Ciste Forbartha Idirlinne.
21.—(1) Is é dáta is déanaí chun an Ciste Forbartha Idirlinne d'fhorceannadh ná an 31ú lá de Mhárta, 1951, in ionad an dáta, an 31ú lá de Mhárta, 1950, a hordaíodh in alt 29 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh 13 de 1949).
(2) Íocfar isteach sa Chiste Forbartha Idirlinne, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1951, suim nach mó ná dhá mhilliún punt.
(3) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 31ú lá de Mhárta, 1950.
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
22.—(1) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;
ciallaíonn an abairt “an Cuntas” an Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla a bunófar de bhun fo-ailt (2) den alt seo;
ciallaíonn an abairt “an bhlianacht” an tsuim a muirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (3) den alt seo;
ciallaíonn an abairt “seirbhísí caipitiúla” seirbhísí vótálta a n-íocfar astu trí iasachta.
(2) Bunófar cuntas faoi rialú an Aire dá ngairmfear an Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
(3) Déanfar suim £655,432 chun fuascailte iasacht maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais as a chéile a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1951.
(4) Íocfar an bhlianacht isteach sa Chuntas ina tráthchoda comhionanna leathbhliantúla.
(5) Féadfar aon mhéid den bhlianacht, nach mó na £423,979 in aon bhliain airgeadais, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí d'íoc.
(6) Déanfar iarmhéid na blianachta d'úsáid in aon tslí nó slite acu seo a leanas:
(a) chun stoc rialtais a cheannach lena chealú,
(b) chun airleacain mhodha agus mheán nó isachta sealadacha eile a gheobhas an Stát-Chiste d'aisíoc,
(c) é d'íoc isteach i bPríomh-Chuntas Cúltaca Chiste Chúltaca na gCairteacha Coigiltis,
(d) in aon tslí eile do ghlanadh an príomh-dhliteanais i leith an fhéich phoiblí,
(e) é d'infheistú in urrúis rialtais nó in aon tslí eile inar féidir airgead Bhanc Taisce an Phoist d'infheistiú.
(7) Féadfar infheistíochta a bheas ar teachtadh don Chuntas a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile agus déanfar glan-fháltais an díola nó an diúscartha d'úsaid in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den alt seo.
(8) Déanfar an t-ioncam as aon infheistíocht a bheas ar teachtadh don Chuntas d'úsáid in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den alt seo.
(9) A luaithe is féidir tar éis gach bliana airgeadais, ullmhófar cuntas ar an gCuntas i leith na bliana sin agus iniúchóidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é agus leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é.
Airgead d'aistriú as an Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste.
23.—D'fhonn airgead a sholáthar faoi chomhair muirear ginearálta a thitfeas ar an bPríomh-Chiste, déanfar suim trí chéad míle punt d'aistriú go dtí an Stát-Chiste agus d'íoc leis as an Ród-Chiste pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1951, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.
Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.
24.—Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
25.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1950, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.
(4) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus i dteannta na n-achtachán a leasaíos nó a leathnaíos an tAcht sin.
(5) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1950, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.
AN CHEAD SCEIDEAL.
COINBHINSIUN IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS STAT AONTAITHE MHEIRICE CHUN CANACHAS DUBALTA A SHEACHAINT AGUS COSC A CHUR LE hIOMGHABHAIL FIOSCACH I LEITH CANACHA AR EASTAIT DAOINE MARBHA.
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stát Aontaithe Mheirice,
D'fhonn Coinbhinsiún a dhéanamh chun cánachas dúbalta a sheachaint agus cosc a chur le hiomghabháil fioscach i leith cánacha ar eastáit daoine marbha,
Tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtóirí uathu chun na críche sin:
Rialtas na hÉireann:
Pádraig Mac Giollagáin, Aire Airgeadais;
Seán Mac Giolla Bhrighde, Aire Gnóthaí Eachtracha;
agus
Rialtas Stát Aontaithe Mheirice:
George A. Garrett, Toscaire Urghnáthach agus Aire Lánchumhachtach Stát Aontaithe Mheirice i mBaile Atha Cliath;
Noch do rinne, ar iad do thaispeáint a lánchumhacht faoi seach, a fríth i bhfoirm mhaith chuí, comhaontú mar leanas:—
Airteagal I.
(1) Is iad cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo:
(a) I Stáit Aontaithe Mheirice, cáin eastáit na Cónaidhme, agus
(b) in Éirinn, an dleacht eastáit a forchuirtear san críocha sin.
(2) Bainfidh an Coinbhinsiún seo freisin le haon chánacha eile a bheas go substainteach i gcosúlacht leis na cánacha sin agus a fhorchuirfeas ceachtar Páirtí Conarthach tar éis dáta sínithe an Choinbhinsiúin seo.
AIRTEAGAL II.
(1) Sa Choinbhinsiún seo, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt:
(a) ciallaíonn an téarma “na Stáit Aontaithe” Stáit Aontaithe Mheirice agus, nuair a húsáidtear é i gcéill gheografach, ciallaíonn sé na Stáit, Críocha Alasca agus Hawaii, agus Ceantar Columbia;
(b) ciallaíonn an téarma “Éire” Poblacht na hÉireann;
(c) ciallaíonn an téarma “críocha,” nuair a húsáidtear é maidir le ceachtar de na Páirtithe Conarthacha, na Stáit Aontaithe nó Éire, do réir mar éilíos an comhthéacs;
(d) ciallaíonn an téarma “cáin” an dleacht eastáit a forchuirtear in Éirinn nó cáin eastáit Chónaidhm na Stát Aontaithe, do réir mar éilíos an comhthéacs.
(2) Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fhorála an Choinbhinsiúin seo ag ceann de na Páirtithe Conarthacha, aon téarma nach mínítear ar shlí eile beidh leis, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, an bhrí atá leis faoi na dlithe de chuid an Pháirtí Chonarthaigh sin a bhaineas leis na cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo.
Airteagal III.
(1) Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, déanfar an cheist i dtaobh éagach a bheith ina shainchónaí in aon chuid de chríocha cheann de na Páirtithe Conarthacha tráth a bháis a chinneadh do réir an dlí a bheas i bhfeidhm sna críocha sin.
(2) I gcás duine d'fháil bháis agus é ina shainchónaí in aon chuid de chríocha Pháirtí Chonarthaigh, ansin, maidir le situs aon chearta nó leas, dlíthúil nó cothromais, in aon cheann nó ar aon cheann de na haicmí maoine seo a leanas is cuid, chun críocha cánach, d'eastát an duine sin nó a aistríos, chun críocha cánach, ar é d'fháil bháis, déanfar, chun cáin ioncaim d'fhorchur agus chun críocha an chreidmheasa atá le lamháil faoi Airteagal V, é a chinneadh go heisiach do réir na rialacha seo a leanas, ach i gcásanna nach dtagann faoi na rialacha sin déanfar situs aon cheart nó leas den tsórt sin a chinneadh, chun na gcríocha sin, do réir an dlí maidir le cáin a bheas i bhfeidhm i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile:
(a) I gcás maoine do-chorruithe measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil an mhaoin sin;
(b) I gcás maoine tadhaill so-chorruithe (seachas maoin dá ndéantar socrú sainráite anseo ina dhiadh seo) agus nótaí bainc nó nótaí airgid reatha, cineálacha eile airgid reatha a haitheantar mar dhlí-thairiscint in áit a n-eisithe, billí malairte intráchta agus nótaí geallúna intráchta, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil an mhaoin, na nótaí, an t-airgead reatha nó na doiciméid sin tráth a bháis, nó, más in transitu dóibh, ag an gceann scríbe;
(c) I gcás fiacha, urraithe nó neamhurraithe, seachas na foirmeacha fiachais dá ndéantar socrú sainráíte anseo, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina raibh an t-éagach ina shainchónaí tráth a bháis;
(d) I gcás scaireanna nó stoic i gcorparáid seachas corparáid bhardasach nó rialtasach (lena n-áirítear scaireanna nó stoc ar teachtadh ag ainmní i gcás an únaeracht tairbhiúil a bheith fianaithe le scruith-dheimhnithe nó ar shlí eile), measfar a láthair suímh a bheith san áit ina ndearnadh, nó ar faoina dlithe a rinneadh, an chorparáid sin a chruthnú nó d'eagrú; ach, más faoi dhlithe Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann nó faoi dhlithe Thuaisceart Éireann a cruthnaíodh nó a heagraíodh an chorparáid sin, agus má meastar faoi dhlithe na Ríochta Aontaithe nó Thuaisceart Éireann agus faoi dhlithe na hÉireann gur sócmhainní a bhfuil a láthair suímh in Éirinn scaireanna nó stoc na corparáide sin nuair a bhíd cláraithe ar chraobh-chlár leis an gcorparáid sin a coimeádtar in Éirinn, measfar gur sócmhainní a bhfuil a láthair suímh in Éirinn na scaireanna nó an stoc sin;
(e) I gcás airgid is iníoctha faoi pholasaí árachais ar shaol an éagaigh, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina raibh an t-éagach ina shainchónaí tráth a bháis;
(f) I gcás long agus aerárthaí agus scaireanna iontu, measfar a láthair suímh a bheith ag áit chláruithe nó doiciméaduithe na loinge nó an aerárthaigh;
(g) I gcás cáilmheasa mar shócmhainn cheirde nó ghnótha, nó ghairme, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina mbítear ag gabháil don cheird, don ghnó nó don ghairm lena mbaineann sé;
(h) I gcás paitinní, trádmharcanna, agus dearacht, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuilid cláraithe;
(i) I gcás cóipchirt, díolúíntí, agus cearta nó ceadúnas chun aon ábhar cóipchirt, paitinn, trádmharc nó dearacht d'úsáid, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina bhfuil na cearta a éiríos astu infheidhmithe;
(j) I gcás ceart nó cúiseanna caingin ex delicto atá ar marthain chun tairbhe eastáit éagaigh, measfar a láthair suímh a bheith san áit inar éirigh na cearta nó na cúiseanna caingin sin;
(k) I gcás fiacha breithiúnais, measfar a láthair suímh a bheith san áit ina dtaifeadtar an breithiúnas:
ar choinníoll, má dhéanfadh Páirtí Conarthach cáin d'fhorchur, lasmuigh den mhír seo, ar aon mhaoin a bhfuil a láthair suímh i gcríocha an Pháirtí sin, nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir leis an maoin sin mura rud é, de bhíthin a feidhme nó ar chúis eile, go ndéanann an Páirtí Conarthach eile, nó go ndéanfadh mura mbeadh díolúine sonrach éigin, cáin d'fhorchur ar an maoin sin.
Airteagal IV.
(1) Nuair a beifear ag cinneadh an mhéid ar a bhfuil cáin le ríomh, lamhálfar asbhaintí ceadaithe do réir an dlí a bheas i bhfeidhm sna críocha ina bhforchuirtear an cháin.
(2) I gcás Páirtí Conarthach d'fhorchur cánach ar dhuine d'fháil bháis nach raibh tráth a bháis ina shainchónaí in aon chuid de chríocha an Pháirtí Chonarthaigh sin ach a bhí ina shainchónaí i gcuid éigin de chríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile, ní tabharfar aon aird, le linn méid nó ráta na cánach sin a chinneadh, ar mhaoin a bhfuil a láthair suímh lasmuigh de na críocha céadluaite: ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le cáin a forchuirtear—
(a) Sna Stáit Aontaithe i gcás saoránach de chuid na Stát Aontaithe d'fháil bháis agus é ina shainchónaí in aon chuid d'Éirinn; nó
(b) In Éirinn i gcás maoin d'aistriú faoi dhiúscairt atá faoi réim dlí na hÉireann.
Airteagal V.
(1) I gcás ina ndéanfaidh Páirtí Conarthach cáin d'fhorchur toisc éagach a bheith ina shainchónaí i gcuid éigin dá chríocha nó toisc gur náisiúnach dá chuid é, lamhálfaidh an Páirtí sin, i gcoinne an mhéid dá cháin (arna ríomh ar shlí eile) is inchurtha i leith maoine a bhfuil a láthair suímh i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile, creidmheas (nach mó ná méid na cánach is inchurtha i leith na maoine sin amhlaidh) is comhionann leis an oiread is inchurtha i leith na maoine sin den cháin a forchuirtear i gcríocha an Pháirtí eile sin; ach ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le haon mhaoin den tsórt a luaitear i mír (2) den Airteagal seo.
(2) I gcás ina ndéanfaidh gach Páirtí Conarthach faoi leith cáin d'fhorchur toisc éagach a bheith ina shainchónaí i gcuid éigin dá chríocha, lamhálfaidh gach Páirtí faoi leith, i gcoinne an mhéid dá cháin (arna ríomh ar shlí eíle) is inchurtha i leith maoine a bhfuil a láthair suímh, nó a meastar faoi mhír (2) d'Airteagal III a láthair suímh a bheith,
(a) i gcríocha an dá Pháirtí, nó
(b) lasmuigh de chríocha an dá Pháirtí,
creidmheas a mbeidh idir é agus an méid dá cháin is inchurtha i leith na maoine sin amhlaidh nó idir é agus an méid de cháin an Pháirtí eile is inchurtha i leith na maoine céanna, pé acu sin is lú, an cothrom céanna a bheas idir an méid céadluaite agus suim an dá mhéid.
(3) I gcás ina ndéanfaidh Éire dleacht d'fhorchur ar mhaoin a aistríos faoi dhiúscairt atá faoi réim dhlí na hÉireann, lamhálfaidh an Páirtí sin creidmheas de shamhail an chreidmheasa a foráltar le mír (1) den Airteagal seo.
(4) Chun críocha an Airteagail seo, déanfar an méid de cháin Pháirtí Chonarthaigh is inchurtha i leith aon mhaoine d'fhionnadh tar éis aird a thabhairt ar aon chreidmheas nó liúntas nó faoiseamh, nó aon loghadh nó laghdú i leith cánach, seachas i leith cánach is iníoctha i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile; agus más rud é, i gcás maoine a bhfuil a láthair suímh lasmuigh de chríocha an dá Pháirtí, go lamhálfaidh Páirtí Conarthach i gcoinne a chánach creidmheas maidir le cáin is iníoctha sa tír ina bhfuil láthair suímh na maoine, cuirfear an creidmheas sin san áireamh nuair a beifear ag fionnadh, chun críocha míre (2) den Airteagal seo, an mhéid de cháin an Pháirtí sin is inchurtha i leith na maoine.
Airteagal VI.
(1) Aon éileamh ar chreidmheas nó ar aisíoc cánach a bheas bunaithe ar fhorála an Choinbhinsiúin seo, déanfar é laistigh de shé bliana ó dháta báis an éagaigh ar i leith a eastáit a bheas an t-éileamh á dhéanamh, nó, i gcás leasa frithdhílse ina n-iarchuirtear íoc na cánach go dtí dáta an leasa a theacht chun seilbhe nó dáta dá éis sin, laistigh de shé bliana ón dáta sin.
(2) Déanfar aon aisíoc den tsórt sin gan ús d'íoc ar an tsuim a haisíocfar amhlaidh, ach amháin sa mhéid a híocadh ús ar an tsuim a haisíocadh amhlaidh nuair a híocadh an cháin.
Airteagal VII.
(1) Déanfaidh údaráis chánachais na bPáirtithe Conarthacha pé eolas (is eolas a bheas ar fáil faoi dhlithe cánachais na bPáirtithe Conarthacha faoi seach) a mhalaírtiú is gá chun forála an Choinbhinsiúin seo a chur i gcrích nó chun calaois a chosc nó forála reachtúla a riaradh i gcoinne seachanta dlíthiúla maidir leis na cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo. Aon eolas a malairteofar amhlaidh coimeádfar ina rún é agus ní nochtfar é d'aon duine seachas na daoine a mbeidh baint acu le measúnú agus bailiú na gcánach is ábhar don Choinbhinsiún seo. Ní malairteofar aon eolas a nochtfadh aon rún ceirde nó aon phróis cheirde.
(2) Mar a húsáidtear é san Airteagal seo, ciallaíonn an téarma “údaráis chánachais,” i gcás na Stát Aontaithe, an Coimisinéir Ioncaim Intíre nó a ionadaí údaraithe; i gcás na hÉireann, na Coimisinéirí Ioncaim nó a n-ionadaí údaraithe.
Airteagal VIII.
(1) Daingneofar an Coinbhinsiún seo agus malairteofar na hionstraimí daingniúcháin i Washington, Ceantar Columbia, a luaithe is féidir.
(2) Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar dháta na ndaingniúchán a mhalairtiú agus ní bheidh éifeacht aige ach amháin
(a) maidir le heastáit daoine a gheobhas bás ar an dáta sin nó dá éis; agus
(b) maidir le heastát aon duine a fuair bás roimh an dáta sin agus tar éis lá deiridh na bliana caileandair díreach roimh an dáta sin agus a roghnóidh a ionadaí pearsanta, i pé slí a hordófar, go gcuirfear forála an Choinbhinsiúin seo i bhfeidhm maidir leis an eastát sin.
Airteagal IX.
(1) Fanfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm go ceann trí bliana ar a laghad tar éis dáta a theachta i bhfeidhm.
(2) Más rud é, laistigh de shé mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse trí mblian sin, nach mbeidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha tar éis fógra i scríbhínn, a thabhairt, trí mheáin taidhleoireachta go bhfuil ar intinn aige an Coinbhinsiún seo d'fhorceannadh, fanfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm tar éis na tréimhse trí mblian sin go dtí go mbeidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt go bhfuil sin ar intinn aige, agus sa chás sin ní bheidh éifeacht ag an gCoinbhinsiún seo maidir le heastáit daoine a gheobhas bás ar an dáta (nach luaithe ná an seascadú lá tar éis dáta an fhógra sin) a sonrófar sa bhfógra sin nó i ndiaidh an dáta sin, nó, mura sonraítear aon dáta, ar an seascadú lá nó i ndiaidh an seascadú lae tar éis an fhógra sin.
DA FHIANU SIN tá na Lánchumhachtóirí thuas-ainmnithe tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú agus a séalaí a ghreamú dhe.
Arna dhéanamh i mBaile Atha Cliath, i ndúblach, an 13ú lá seo de Mhéan Fómhair, 1949.
Thar ceann Rialtas na hÉireann:
(Sínithe) PADRAIG MAC GIOLLAGAIN
SEAN MAC GIOLLA BHRIGHDE
Thar ceann Rialtas Stát Aontaithe Mheirice:
(Sínithe) GEORGE A. GARRETT.
AN DARA SCEIDEAL.
FAOISEAMH COMHARAIOCHTA O CHANACHAS DUBALTA I LEITH CANACH IONCAIM, FORCHANACH AGUS CANACH BRABUS CORPARAIDE NA hÉIREANN AGUS I LEITH CANACH IONCAIM CHONAIDHM NA STAT AONTAITHE, LENA nAIRITEAR FORCHANACHA.
Cuid I.
COINBHINSIUN IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS STAT AONTAITHE MHEIRICE CHUN CANACHAS DUBALTA A SHEACHAINT AGUS COSC A CHUR LE hIOMGHABHAIL FIOSCACH I LEITH CANACHA AR IONCAM.
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stát Aontaithe Mheirice,
D'fhonn Coinbhinsiún a dhéanamh chun cánachas dúbalta a sheachaint agus cosc a chur le hiomghabháil fioscach i leith cánacha ar ioncam,
Tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtóirí uathu chun na críche sin:
Rialtas na hÉireann:
Pádraig Mac Giollagáin, Aire Airgeadais;
Seán Mac Giolla Bhrighde, Aire Gnóthaí Eachtracha;
Rialtas Stát Aontaithe Mheirice:
George A. Garrett, Toscaire Urghnáthach agus Aire Lánchumhachtach Stát Aontaithe Mheirice i mBaile Atha Cliath;
Noch do rinne, ar iad do thaispeáint a lánchumhacht faoi seach, a fríth i bhfoirm mhaith chuí, comhaontú mar leanas:
Airteagal I.
(1) Is iad cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo:
(a) I Stáit Aontaithe Mheirice:
Cánacha ioncaim na Cónaidhme, lena n-áirítear forchánacha (dá ngairmtear cáin na Stát Aontaithe anseo feasta).
(b) In Éirinn:
An cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus an cháin bhrabús corparáide (dá ngairmtear cáin Éireannach anseo feasta).
(2) Bainfidh an Coinbhinsiún seo freisin le haon chánacha eile a bheas go substainteach i gcosúlacht leis na cánacha sin agus a fhorchuirfeas ceachtar. Páirtí Conarthach tar éis dáta sínithe an Choinbhinsiúin seo.
Airteagal II.
(1) Sa Choinbhinsiún seo, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt—
(a) ciallaíonn an téarma “na Stáit Aontaithe” Stáit Aontaithe Mheirice agus, nuair a húsáidtear é i gcéill gheografach, ciallaíonn sé na Stáit, Críocha Alasca agus Hawaii, agus Ceantar Columbia.
(b) Ciallaíonn an téarma “Éire” Poblacht na hÉireann agus tá brí chomhréire leis an téarma “Éireannach.”
(c) Ciallaíonn an téarma “críocha cheann de na Páirtithe Conarthacha” agus “Críocha an Pháirtí Chonarthaigh eile” na Stáit Aontaithe nó Éire do réir mar éilíos an comhthéacs.
(d) Ciallaíonn an téarma “corparáid de chuid na Stát Aontaithe” corparáid, comhlachas nó entitas eile dá samhail sin a cruthnaíodh nó a heagraíodh sna Stáit Aontaithe nó faoi dhlithe na Stát Aontaithe.
(e) Ciallaíonn an téarma “corparáid Éireannach” aon chineál pearsan dlitheanaí a cruthnaíodh faoi dhlithe na hÉireann.
(f) Ciallaíonn na téarmaí “corparáid de chuid Phairtí Chonarthaigh” agus “corparáid de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile” corparáid de chuid na Stát Aontaithe nó corparáid Éireannach do réir mar éilíos an comhthéacs.
(g) Ciallaíonn an téarma “cónaitheoir in Éirinn” aon phearsa (seachas saoránach de chuid na Stát Aontaithe nó corparáid de chuid na Stát Aontaithe) a bhfuil cónaí air in Éirinn chun críocha cánach Eireannaí agus nach bhfuil cónaí air sna Stáit Aontaithe chun críocha cánach na Stát Aontaithe. Is tuígthe gur in Éirinn atá cónaí ar chorparáid más in Éirinn a bainistítear agus a rialaítear a gnó.
(h) Ciallaíonn an téarma “conaitheoir sna Stáit Aontaithe” aon duine a bhfuil cónaí air sna Stáit Aontaithe chun críocha cánach na Stát Aontaithe agus nach bhfuil cónaí air in Éirinn chun críocha cánach Eireannaí, agus aon chorparáid de chuid na Stát Aontaithe agus aon chomhpháirtíocht a cruthnaíodh nó a heagraíodh sna Stáit Aontaithe, nó faoi dhlithe na Stát Aontaithe, is corparáid nó comhpháirtíocht nach bhfuil cónaí uirthi in Éirinn chun críocha cánach Eireannaí.
(i) Ciallaíonn an téarma “fiontar Éireannach” fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála a sheolas cónaitheoir in Éirinn.
(j) Ciallaíonn an téarma “fiontar de chuid na Stát Aontaithe” fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála a sheolas cónaitheoir sna Stáit Aontaithe.
(k) Ciallaíonn na téarmaí “fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha” agus “fiontar de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile” fiontar de chuid na Stát Aontaithe nó fiontar Éireannach, do réir mar éilíos an comhthéacs.
(l) Ciallaíonn an téarma “buan-bhunachas”, nuair a húsáidtear é maidir le fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha, brainse, bainistíocht, monarcha nó áit sheasta eile ghnótha, ach ní fholaíonn sé gníomhaireacht mura bhfuil ag an ngníomhaire, agus mura bhfeidhmíonn sé de ghnáth, údarás, ginearálta chun conartha d'iomairliú agus a chríochnú thar ceann an fhiontar sin nó mura bhfuil stoc marsantais aige as a líonann sé orduithe go rialta thar a cheann. Ní measfar buan-bhunachas a bheith ag fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile ar an aon-chúis go bhfuil deighleála gnótha á ndéanamh aige i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin trí ghníomhaire coimisiúin nó brócaer bona fide ag gníomhú dhó i ngnáth-chúrsa a ghnótha sa cháil sin. Má bhíonn áit sheasta ghnótha ar cothabháil ag fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile go heisiach chun earraí nó marsantas a cheannach, ní bhéarfaidh sin amháin gur buan-bhunachas leis an bhfiontar sin an áit sheasta ghnótha sin. Má bhíonn ag gabháil le corparáid cheann de na Páirtithe Conarthacha fo-chorparáid is corparáid de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile nó atá ag gabháil do cheird nó gnó i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin (pé acu trí bhuanbhunachas é nó ar shlí eile) ní bhéarfaidh sin amháin gur buan-bhunachas leis an gcorparáid bhunaidh an fhochorparáid sin.
(2) Chun críocha Airteagal VI, VII, VIII, IX agus XIV, ní measfar cónaitheoir in Éirinn a bheith ag gabháil do cheird nó gnó sna Stáit Aontaithe in aon bhliain inchánach mura bhfuil buan-bhunachas ag an gcónaitheoir sin agus a láthair suímh sna Stáit Aontaithe sa bhliain inchánach sin. Cuirfidh Éire an prionsapal céanna i bhfeidhm, mutatis mutandis, i gcás cónaitheora sna Stáit Aontaithe.
(3) Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fhorála an Choinbhinsiúin seo ag ceann de na Páirtithe Conarthacha, aon téarma nach mínítear ar shí eile beidh leis, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, an bhrí atá leis faoi na dlithe de chuid an Pháirtí Chonarthaigh sin a bhaineas leis na cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo.
Airteagal III.
(1) Ní bheidh fiontar Éireannach faoi réir cánach na Stát Aontaithe i leith a bhrabús tionscail nó tráchtála mura bhfuil sé ag gabháil do cheird nó gnó sna Stáit Aontaithe trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh ansin. Má bhíonn sé ag gabháil do cheird nó gnó amhlaidh, féadfar cáin na Stát Aontaithe d'fhorchur ar ioncam uile an fhiontair sin as gach bunadh sna Stáit Aontaithe.
(2) Ní bheidh fiontar de chuid na Stát Aontaithe faoi réir cánach Eireannaí i leith a bhrabús tionscaíl nó tráchtála mura bhfuil sé ag gabháil do cheird nó gnó in Éirinn trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh ansin. Má bhíonn sé ag gabháil do cheird nó gnó amhlaidh, féadfar cáin Éireannach d'fhorchur ar ioncam uile an fhiontair sin ó gach bunadh in Éirinn.
(3) I gcás fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha a bheith ag gabháil do cheird nó gnó i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh sna críocha sin, cuirfear i leith an bhuan-bhuanachais sin na brabúis tionscail nó tráchtála a mbeadh súil go saothródh sé iad dá mba fiontar neamhspleách é a bhí ag gabháil do na gníomhachta céanna nó gníomhachta dá samhail faoi na coinníollacha céanna nó coinníollacha dá samhail agus a bhí ag deighleáil, ar raon láimhe uaidh, leis an bhfiontar ar buan-bhunachas de é, agus measfar, faoi réir dlí an Pháirtí Chonarthaigh eile sin, gur ioncam as bunaidh laistigh de chríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin na brabúis a cuirfear i leith an bhuan-bhunachais sin amhlaidh.
(4) Nuair a beifear á chinneadh cad iad na brabúis tionscail nó tráchtála as bunaidh laistigh de chríocha cheann de na Páirtithe Conarthacha a fuair fiontar de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile, ní measfar aon bhrabúis a theacht as ceannach earraí nó marsantais laistigh de chríocha an chéad Pháirtí Chonarthaigh sin a bheas déanta ag an bhfiontar sin agus as an gceannach sin amháin.
Airteagal IV.
Má dhéanann fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha, de bhíthin é a bheith páirteach i mbainistí, rialú nó caipiteal fiontair de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile, coinníollacha, ina gcaidreamh tráchtála nó airgeadais, a shocrú leis an bhfiontar deiridh sin nó d'fhorchur air, agus go mbeidh na coinníollacha sin difriúil leis na coinníollacha a déanfaí le fiontar neamhspleách, ansin, aon bhrabúis d'fhaibhreodh sa ghnáth-shlí chun ceann de na fiontair ach nár fhaibhrigh amhlaidh de bhíthin na gcoinníollacha sin, féadfar iad d'áireamh ar bhrabúis an fhiontair sin agus cáin a chur orthu dá réir sin.
Airteagal V.
(1) D'ainneoin forál Airteagal III agus IV den Choinbhinsiún seo, na brabúis a gheobhas duine is cónaitheoir in Éirinn, nó a gheobhas corparáid Éireannach, as oibriú long a bheas doiciméadaithe nó aerarthaí a bheas cláraithe faoi dhlithe na hÉireann, beid díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe.
(2) D'ainneoin forál Airteagal III agus IV den Choinbhinsiúin seo, na brabúis a gheobhas saoránach de na Stáit Aontaithe nach gcónaíonn in Éirinn, nó a gheobhas corparáid de chuid na Stát Aontaithe, as oibriú long a bheas doiciméadaithe nó aerárthaí a bheas cláraithe faoi dhlithe na Stát Aontaithe, beid díolmhaithe ó cháin Éireannach.
(3) Ní measfar go ndéanann an tAirteagal seo difir don chomhshocraíocht idir Éire agus na Stáit Aontaithe, lena ndéantar socrú chun díolmhadh comharaíochta ó cháin ioncaim a bheith ag brabúis loingseoireachta, a rinneadh idir Rialtas na Stát Aontaithe agus, Rialtas na hÉireann trí mhalairtiú Nótaí dar dáta Lúnasa 24, 1933 agus Eanáir 8, 1934.
Airteagal VI.
(1) Ní mó ná 15 faoin gcéad ráta cánach na Stát Aontaithe ar dhíbhinní, ó chorparáid de chuid na Stát Aontaithe, a gheobhas cónaitheoir in Éirinn atá faoi réir cánach Eireannaí maidir leis na díbhinní sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe: ar choinníoll nach mó ná chúig faoin gcéad an ráta cánach sin más é atá sa chónaitheoir sin corparáid a rialaíos go díreach nó go neamhdhíreach 95 faoin gcéad ar a laghad den chumhacht vótála go léir sa chorparáid a íocas an díbhinn agus nach bhfaightear thar 25 faoin gcéad d'ioncam comhlán chorparáid íoctha na díbhinne as ús agus díbhinní, seachas ús agus díbhinní ó na fo-chorparáidí féin. Ní bheidh feidhm ag an laghdú sin sa ráta go dtí chúig faoin gcéad má bhíonn caidreamh an dá chorparáid arna chomhshocrú nó á chothabháil go príomha d'fhonn an ráta laghdaithe sin d'fháil.
(2) Aon díbhinní as bunaidh in Éirinn a gheobhas duine (a) is cónaitheoir sna Stát Aontaithe, (b) atá faoi réir cánach na Stát Aontaithe maidir leis na díbhinní sin, agus (c) nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó in Éirinn, beid díolmhaithe ó fhorcháin Éireannach.
(3) Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha an tAirteagal seo d'fhorceannadh trí fhógra scríofa á fhorceannadh a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile, trí mheáin taidhleoireachta, an tríochadú lá de Mheitheamh, nó roimhe sin, in aon bhliain chaileandair tar éis na bliana caileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, agus sa chás sin scoirfidh mír (1) de seo d'éifeacht a bheith aici maidir le cáin na Stát Aontaithe ar an gcéad lá d'Eanáir agus dá éis sin agus scoirfidh mír (2) de seo d'éifeacht a bheith aici maidir le cáin Éireannach ar an séú lá d'Aibreán agus dá éis sin sa chéad bhliain chaileandair i ndiaidh na bliana caileandair a bhéarfar an fógra sin.
Airteagal VII.
(1) Aon ús (ar bhannaí, urrúis, nótaí, bintiúir, nó aon tsaghas eile fiachaís), as bunaidh sna Stáit Aontaithe, a gheobhas cónaitheoir in Éirinn atá faoi réir cánach Eireannaí maidir leis an ús sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe, beidh sé díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe; ach ní bheidh feidhm ag an díolúine sin maidir le hús den tsórt sin arna íoc ag corparáid de chuid na Stát Aontaithe le corparáid a bhfuil a cónaí in Éirinn agus a rialaíos, go díreach nó go neamhdhíreach, níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir i gcorparáid íoctha an úis.
(2) Aon ús (ar bhannaí, urrúis, nótaí, bintiúir, nó aon tsaghas eile fiachais), as bunaidh in Éirinn, a gheobhas cónaitheoir sna Stát Aontaithe atá faoi réir cánach na Stát Aontaithe agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó in Éirinn, beidh sé díolmhaithe ó cháin Éireannach; ach ní bheidh feidhm ag an díolúine sin maidir le hús den tsórt sin arna íoc ag corparáid a bhfuil a cónaí in Éirinn le corparáid de chuid na Stát Aontaithe a rialaíos, go díreach nó go neamhdhíreach, níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir i gcorparáid íoctha an úis.
Airteagal VIII.
(1) Aon rí-chíosa agus suimeanna eile a híocfar mar chomaoin as úsáid a dhéanamh, nó as é a bheith de phríbhléid úsáid a dhéanamh, de chóipchirt, paitinní, dearachta, próiseanna agus foirmlí rúnda, trádmharcanna agus maoin eile dá samhail sin, agus a bheas á bhfáil as bunaidh sna Stáit Aontaithe ag cónaitheoir in Éirinn atá faoi réir cánach Eireannaí maidir leis na rí-chíosa nó na suimeanna eile sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe, beid díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe.
(2) Aon rí-chíosa agus suimeanna eile a híocfar mar chomaoin as úsáid a dhéanamh, nó as é a bheith de phríbhléid úsáid a dhéanamh de chóipchirt, paitinní, dearachta, próiseanna agus foirmlí rúnda, trádmharcanna agus maoin eile dá samhail sin, agus a bheas á bhfáil as bunaidh in Éirinn ag cónaitheoir sna Stát Aontaithe atá faoi réir cánach na Stát Aontaithe maidir leis na rí-chíosa nó na suimeanna eile sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó in Éirinn, beid díolmhaithe ó cháin Éireannach.
(3) Chun críocha an Airteagail seo measfar go bhfolaíonn an téarma “rí-chíosa” cíosóireachta i leith scannán pictiúirí reatha.
Airteagal IX.
(1) Ní mó ná 15 faoin gcéad ráta cánach na Stát Aontaithe ar rí-chíosa, i leith mianaigh nó coiréil d'oibriú nó i leith ábhar maoine nádúrtha a bhaint ar shlí eile, agus ar chíosóireachta, as maoin réadach nó as leas i maoin réadach, a bheas á bhfáil as bunaidh sna Stáit Aontaithe ag cónaitheoir in Éirinn atá faoi réir cánach Eireannaí maidir leis na rí-chíosa agus na cíosóireachta sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe: ar choinníoll go bhféad faidh aon chónaitheoir den tsórt sin a ghlacadh de roghain bheith faoi réir cánach na Stát Aontaithe in aghaidh aon bhliana áirithe amhail is dá mbeadh an cónaitheoir sin ina chónaí agus ag gabháil do cheird nó gnó sna Stáit Aontaithe.
(2) Aon rí-chíosa, i leith mianaigh nó coiréil d'oibriú nó i leith ábhar maoine nádúrtha a bhaint ar shlí eile, agus aon chíosóireachta, as maoin réadach nó as leas i maoin réadach, a bheas á bhfáil as bunaidh in Éirinn ag duine (a) is cónaitheoir sna Stát Aontaithe, (b) atá faoi réir cánach na Stát Aontaithe maidir leis na rí-chíosa agus na cíosóireachta sin, agus (c) nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó in Éirinn, beid díolmhaithe ó fhorcháin Éireannach.
Airteagal X.
(1) Aon tuarastal, páigh, luach saothair dá samhail sin, nó pinsean, a íocfas Rialtas Stát Aontaithe Mheíríce le duine (seachas saoránach d'Éirinn nach saoránach de na Stát Aontaithe freisin) i leith seirbhísí a rinneadh do na Stáit Aontaithe i gcomhlíonadh feidhmeanna rialtais, beidh sé díolmhaithe ó cháin Éireannach.
(2) Aon tuarastal, páigh, luach saothair dá samhail sin, nó pinsean, a íocfas Rialtas na hÉireann le duine (seachas saoránach de na Stáit Aontaithe nach saoránach d'Éirinn freisin) i leith seirbhísí a rinneadh d'Éirinn i gcomhlíonadh feidhmeanna rialtais, beidh sé díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe.
(3) Ní bheidh feidhm ag forála an Airteagail seo maidir le híocaíochta i leith seirbhísí a rinneadh i ndáil le haon cheird nó gnó a sheolas ceachtar de na Páirtithe Conarthacha le haghaidh brabúis.
Airteagal XI.
(1) Beidh duine is cónaitheoir in Éirinn díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ar chúiteamh i seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) a rinneadh i rith na bliana inchánach, laistigh de na Stáit Aontaithe, más rud é (a) go bhfuil sé tar éis tréimhse nó tréimhsí nach mó san iomlán ná 183 lá a chaitheamh sna Stáit Aontaithe i rith na bliana inchánach sin, agus (b) gur le haghaidh nó thar ceann pearsan a chónaíos in Éirinn a rinneadh na seirbhísí sin.
(2) Beidh duine is cónaitheoir sna Stát Aontaithe díolmhaithe ó cháin Éireannach ar bhrabúis, sochair oifige, nó luach saothair eile i leith seirbhíse pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) a rinneadh in Éirinn, in aon bhliain mheasúnuithe, más rud é (a) go bhfuil sé tar éis tréimhse nó tréimhsí nach mó san iomlán ná 183 lá a chaitheamh in Éirinn i rith na bliana measúnuithe sin, agus (b) gur le haghaidh nó thar ceann pearsan a chónaíos sna Stáit Aontaithe a rinneadh na seirbhísí sin.
Airteagal XII.
(1) Aon phinsean (seachas pinsean lena mbaineann Airteagal X) agus aon bhlianacht saoil, as bunaidh sna Stáit Aontaithe, a gheobhas duine is cónaitheoir in Éirinn, beidh sé díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe.
(2) Aon phinsean (seachas pinsean lena mbaineann Airteagal X) agus aon bhlianacht saoil, as bunaidh in Éirinn, a gheobhas duine is cónaitheoir sna Stát Aontaithe, beidh sé díolmhaithe ó cháin Éireannach.
(3) Ciallaíonn an téarma “blianacht saoil” suim áirithe is iníoctha go tréimsiúil ag tráthanna áirithe, ar feadh saoil nó ar feadh tréimhse sonraithe nó tréimhse infhionnta, faoi oblagáid chun na híocaíochta a dhéanamh i gcomaoin airgid a híocadh.
Airteagal XIII.
(1) Faoi réir ailt 131 de Chód Ioncaim Intíre na Stát Aontaithe mar bheas éifeacht aige an lá a bheas an Coinbhinsiún seo tar éis teacht in éifeacht, lamhálfar cáin Éireannach mar chreidmheas i gcoinne cánach na Stát Aontaithe. Chuige sin, measfar fáltaí díbhinne d'íoc corparáid is cónaitheoir in Éirinn a bheith tar éis an cháin ioncaim Éireannach d'íoc is iomchuí don díbhinn sin má roghnaíonn an fáltaí sin méid na cánach ioncaim Eireannaí sin d'áireamh ar a ioncam comhlán chun críocha cánach na Stát Aontaithe. Chun críocha an Airteagail seo amháin, aon ioncam, as bunaidh sa Riocht Aontaithe, a gheobhas duine a chónaíos in Éirinn, measfar gur ioncam as bunaidh in Éirinn é má tá an t-ioncam sin gan bheith faoi réir cánach ioncaim na Ríochta Aontaithe.
(2) Faoi réir pé forál (nach ndéanfaidh difir dá phrionsapal ginearálta seo) a hachtófar in Éirinn, déanfar cáin de chuid na Stát Aontaithe. is iníoctha i leith ioncaim as bunaidh sna Stáit Aontaithe, a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon chánach Eireannaí is iníoctha i leith an ioncaim sin. I gcás inar gnáth-dhíbhinn d'íoc corparáid de chuid na Stát Aontaithe an t-ioncam sin, áireofar sa chreidhmeas sin (i dteannta aon chánach ioncaim de chuid na Stát Aontaithe a baineadh as an díbhinn sin nó a forchuireadh uirthi) an cháin ioncaim de chuid na Stát Aontaithe a forchuireadh ar an gcorparáid sin i leith a brabús, agus i gcás inar díbhinn í a híocadh ar scaireanna tosaíochta rannpháirteacha, agus a ionadaíos díbhinn do réir an ráta shocair chun a bhfuil teideal ag na scaireanna maraon le rannpháirteachas breise i mbrabúis, déanfar an cháin sin ar bhrabúis d'áireamh chomh maith, sa mhéid go bhfuil breis ag an díbhinn ar an ráta socair sin.
(3) Chun críocha an Airteagail seo, measfar, maidir le cúiteamh, brabúis, sochar oifige agus luach saothair eile as seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla), gur ioncam iad as bunaidh laistigh de chríocha an Pháirtí Chonarthaigh ina ndearnadh na seirbhísí sin.
Airteagal XIV.
Beidh cónaitheoir in Éirinn nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ar ghnóthachain as sócmhainní caipitiúla a dhíol nó a mhalairtiú.
Airteagal XV.
(1) Aon díbhinní agus ús a íocfas corparáid Éireannach an chéad lá d'Eanáir, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, beid díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ach amháin nuair is saoránach de na Stáit Aontaithe nó cónaitheoir sna Stáit Aontaithe nó corparáid de chuid na Stát Aontaithe an fáltaí.
(2) Aon díbhinní agus ús a íocfas corparáíd de chuid na Stát Aontaithe, an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, sa chéad bhliain mheasúnuithe a sonraítear in Airteagal XXII (2) (b) (i) den Choinbhinsiún seo, beid díolmhaithe ó cháin Éireannach ach amháin nuair is cónaitheoir in Éirinn an fáltaí.
Airteagal XVI.
Beidh corparáid Éireannach díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ar a tuilleamh, a brabúis, a hioncam nó a barrachas, carnaithe nó neamh-dháilithe, más daoine is cónaitheoirí in Éirinn a rialaíos go díreach nó go neamhdhíreach, ar feadh leath deiridh na bliana inchánach, níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir sa chorparáid sin.
Airteagal XVII.
(1) An dliteanas, i leith cánach ioncaim na Stát Aontaithe d'aon bhliain inchánach a thosnaigh roimh an 1ú Eanáir, 1936, atá ar aon duine (seachas saoránach de na Stáit Aontaithe) a chónaíos in Éirinn, nó ar aon chorparáid Éireannach, agus a bheas gan íoc ar dháta an Choinbhinsiúin seo a shíniú, féadfar é a choigeartú ar fhoras a bheas chun sástachta Choimisinéir Ioncaim Intíre na Stát Aontaithe: ar choinníoll nach mbeidh an méid a bheas le híoc chun an dliteanas sin a ghlanadh níos mó ná méid an dliteanais a cinnfí dá mbeadh—
(a) Acht Ioncaim na Stát Aontaithe, 1936, ach amháin i gcás corparáide Eireannaí ina raibh níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir dá rialú go díreach nó go neamhdhíreach, ar feadh leath deíridh na bliana inchánach, ag saoránaigh de na Stáit Aontaithe, nó cónaitheoirí sna Stáit Aontaithe, agus
(b) Airteagail XV agus XVI den Choinbhinsiún seo, in éifeacht don bhliain sin. Mura raibh an cáin-íocóir ag gabháil, do réir bhrí an Achta Ioncaim sin, do cheird nó gnó sna Stáit Aontaithe agus mura raibh oifig ná áit ghnótha aige ann i rith na bliana inchánach, ní bheidh an méid úis agus pionós níos mó ná 50 faoin gcéad de mhéid na cánach ar ríomhadh an t-ús agus na pionóis sin ina leith.
(2) An cháin ioncaim de chuid na Stát Aontaithe a bheas, ar dháta an Choinbhinsiúin seo a shíniú, gan íoc i leith aon bhliana inchánach i thosnaigh tar éis an t-aonú lá tríochad de Nollaig, 1935, agus roimh an gcéad lá d'Eanáir sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, í gcás duine a chónaíos in Éirinn, nó i gcás aon chorparáide Eireannaí, cínnfear í amhail is dá mbeadh forála Airteagal XV agus XVI den Choinbhinsiún seo in éifeacht don bhliain inchánach sin.
(3) Ní bheidh feidhm ag forála míre (1) den Arteagal seo—
(a) mura gcomhadaí an cáin-íocóir leis an gCoimisinéir Ioncaim Intíre, ar nó roimh an aonú lá tríochad de Nollaig sa dara bliain chaileandair i ndiaidh na bliana caileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, iarratas á iarraidh an dliteanas sin i leith cánach a choigeartú amhlaidh agus mura dtuga sé pé eolas a iarrfas an Coimisinéir; ná
(b) in aon chás ina bhfuil an Coimisinéir sásta gur calaois le hintinn an cháin d'iomghabháil is cúis le haon easnamh cánach.
Airteagal XVIII.
Aon ollamh nó múinteoir as críocha cheann de na Páirtithe Conarthacha a bhéarfas cuairt ar chríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile chun bheith ag múinteoireacht, ar feadh treimhse nach sia ná dhá bhliain, in ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin, déanfaidh an Páirtí Conarthach eile é á dhíolmhadh ó cháin ar a luach saothair as an múinteoireacht sin don tréimse sin.
Airteagal XIX.
Aon mhac léinn nó príntíseach gnótha ó chríocha cheann de na Páirtithe Conarthacha a bheas ag fáil oideachais nó tréineála lánaimsire i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile, déanfaidh an Páirtí Conarthach eile sin é a dhíolmhadh ó cháin ar íocaíochta a bhéarfar dó ó phearsain laistigh de chríocha an chéad Pháirtí Chonarthaigh sin chun críocha a chothabhála, a oideachais nó a thréineála.
Airteagal XX.
(1) Déanfaidh údaráis chánachais na bPáirtithe Conarthacha pé eolas (is eolas a bheas ar fáil faoi dhlithe cánachais na bPáirtithe Conarthacha faoi seach) a mhalairtiú is gá chun forála an Choinbhinsiúin seo a chur i gcrích nó chun calaois a chosc nó forála reachtúla a riaradh i gcoinne seachanta dlíthiúla maidir leis na cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo. Aon eolas a malairteofar amhlaidh, coimeádfar ina rún é agus ní nochtfar é d'aon duine seachas na daoine a mbeidh baint acu le measúnú agus bailiú na gcánach is ábhar don Choinbhinsiún seo. Ní malairteofar aon eolas a nochtfadh aon rún ceirde ná aon phróis cheirde.
(2) Mar a húsáidtear é san Airteagal seo, ciallaíonn an téarma “údaráis chánachais”, i gcás na Stát Aontaithe, an Coimisinéir Ioncaim Intíre nó a ionadaí údaraithe agus, i gcás na hÉireann, na Coimisinéirí Ioncaim nó a n-ionadaí údaraithe.
Airteagal XXI.
(1) Faid a bheas náisiúnaigh cheann de na Páirtithe Conarthacha ina gcónaí i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile, ní déanfar, sna críocha sin, iad a chur faoi chánacha seachas mar, ná thar mar, a cuirtear ar náisiúnaigh an Pháirtí Chonarthaigh eile sin a chónaíos ina chríocha.
(2) Ciallaíonn an téarma “náisiúnaigh”, mar a húsáidtear é san Airteagal seo—
(a) Maidir le hEirínn, gach saoránach d'Éirinn; agus
(b) Maidir leis na Stáit Aontaithe, saoránaigh de na Stáit Aontaithe;
agus folaíonn sé gach pearsa dhlíthiúil, comhpháirtíocht agus comhlachas a gheibheann a stáideas sa cháil sin ó na dlithe, nó a cruthnaíodh nó a heagraíodh faoi na dlithe, atá i bhfeidhm in aon chríocha de chuid na bPáirtithe Conarthacha lena mbaineann an Coinbhinsiún seo.
Airteagal XXII.
(1) Déanfar an Coinbhinsiún seo a dhaingniú agus na hionstraimí daingniúcháin a mhalairtiú i Washington, Ceantar Columbia, a luaithe is féidir.
(2) Ar na daingniúcháin a mhalairtiú, beidh éifeacht ag an gCoinbhinsiún seo—
(a) maidir le cáin na Stát Aontaithe, do na blianta inchánach a thosnós ar an gcéad lá d'Eanáir, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin;
(b) (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach, don bhliain mheasúnuithe a thosnós ar an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin agus blianta dá éis sin;
(ii) maidir le forcháin Éireannach, don bhliain mheasúnuithe a thosnós ar an 6ú lá d'Aibreán díreach roimh an mbliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, agus blianta dá éis sin; agus
(iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach, d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosnós ar an gcéad lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheas ar rith ar an dáta sin.
Airteagal XXIII.
(1) Leanfaidh an Coinbhinsiún seo d'éifeacht a bheith aige ar feadh tréimhse éiginnte ach féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha, ar nó roimh an 30ú lá de Mheitheamh in aon bhliain chaileandair i ndiaidh na bliana caileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, fógra forceannta a thabhairt, trí mheáin taidhleoireachta, don Pháirtí Conarthach eile, agus má déantar amhlaidh scoirfidh an Coinbhinsiún seo d'éifeacht a bheith aige—
(a) maidir le cáin na Stát Aontaithe, do na blianta inchánach a thosnós ar an gcéad lá d'Eanáir, nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair a bhéarfar an fógra sin;
(b) (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach, d'aon bhliain mheasúnuithe a thosnós an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair a bhéarfar an fógra sin; (ii) maidir le forcháin Éireannach, d'aon bhliain mheasúnuithe a thosnós an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a bhéarfar an fógra sin; agus (iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosnós ar an gcéad lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair a bhéarfar an fógra sin agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheas ar rith ar an dáta sin.
(2) Má foirceanntar an Coinbhinsiún seo nó aon Airteagal de, ní bheidh d'éifeacht aige sin go n-athbheofar aon chonradh ná comshocraíocht a cealaítear leis an gCoinbhinsiún seo nó le conartha a rinneadh roimhe seo idir na Páirtithe Conarthacha.
DA FHIANU SIN tá na Lánchumhachtóirí thuas-ainmnithe tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú agus a séalaí a ghreamú dhe.
Arna dhéanamh i mBaile Atha Cliath, i ndúblach, an tríú lá déag seo de Mheán Fómhair, 1949.
Thar ceann Rialtas na hÉireann:
P. MAC GIOLLAGÁIN
SEÁN MAC GIOLLA BHRIGHDE.
Thar Ceann Rialtas Stát Aontaithe Mheirice:
GEORGE A. GARRETT.
CUID II.
FORALA MAIDIR LE FAOISEAMH O CHAIN IONCAIM (LENA nAIRITEAR FORCHAIN) AGUS O CHAIN BHRABUS CORP-ARAIDE I BHFOIRM CHREIDMHEASA I LEITH CANACH NA STAT AONTAITHE.
Leiriu.
1. Sa Chuid seo den Sceideal—
ciallaíonn an abairt “an Coinbhinsiún” an coinbhinsiún atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo;
folaíonn an abairt “cáin ioncaim” forcháin ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;
ciallaíonn an abairt “ioncam”, maidir le cáin bhrabús corparáide, brabúis;
ciallaíonn an abairt “na cánacha Eireannacha” cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus cáin bhrabús corparáide;
tá leis an abairt “cáin na Stát Aontaithe” an bhrí atá léi in Airteagal I den Choinbhinsiún.
Ginearalta.
2.—(1) Faoi réir forál na Coda seo den Sceideal seo, más rud é, faoin gCoinbhinsiún, go mbeidh creidmheas le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Eireannacha is inmhuirir i leith aon ioncaim, déanfar méid na gcánach Éireannach is inmhuirir amhlaidh a laghdú méid an chreidmheasa.
(2) Aon chreidmheas a lamhálfar, úsáidfear ar dtús é chun laghdú a dhéanamh ar mhéid aon chánach brabús corparáide is inmhuirir i leith an ioncaim agus, sa mhéid nach féidir é d'úsáid amhlaidh, chun laghdú a dhéanamh ar an gcáin ioncaim is inmhuirir ina leith sin.
(3) Ní údaraíonn aon ní sa mhír seo creidmheas a lamháil i gcoinne aon chánach Eireannaí nach bhfuil creidmheas inlamhálta ina coinne faoin gCoinbhinsiún.
Ceanglais maidir le corpru agus conai.
3.—(1) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide mura bhfuil an chuideachta, a bhfuil an cháin bhrabús corparáide inmhuirir i leith a hioncaim, corpraithe le dlithe, nó faoi dhlithe, an Stáit.
(2) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe mura bhfuil an phearsa, a bhfuil an cháin inmhuirir i leith a ioncaim, ina chónaí sa Stát don bhliain sin.
Teora leis an gCreidmheas iomlan—cain bhrabus corparaide.
4. An méid creidmheasa a lamhálfar i gcoinne cánach brabús corparáide do cháin na Stát Aontaithe i leith aon ioncaim, ní raghaidh sé thar an gcáin bhrabús corparáide is inchurtha i leith an ioncaim sin.
Teora leis an gcreidmheas iomlan—cain ioncaim.
5.—(1) An méid creidmheasa a lamhálfar i gcoinne cánach ioncaim do cháin na Stát Aontaithe i leith aon ioncaim, ní raghaidh sé thar an tsuim a gheofaí trí mhéid an ioncaim sin a ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim (lena n-áirítear an tAcht seo) agus trína chur ansin faoi mhuirear cánach ioncaim don bhliain mheasúnuithe a bhfuil creidmheas le lamháil ina haghaidh, ach sin do réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá—
(a) i gcás pearsan a bhfuil cáin ioncaim, ach nach bhfuil forcháin, inmhuirir ar a ioncam, ráta a fionnfar tríd an gcáin ioncaim is iníoctha ag an bpearsa sin don bhliain sin a roinnt ar mhéid iomlán ioncaim na pearsan sin don bhliain sin;
(b) i gcás pearsan a bhfuil forcháin inmhuirir ar a ioncam, suim na rátaí seo a leanas—
(i) an ráta dob iomchuí ina chás dá mbeadh cáin ioncaim, ach nach mbeadh forcháin, inmhuirir ar a ioncam; agus
(ii) an ráta a fionnfar tríd an bhforcháin is iníoctha aige don bhliain sin a roinnt ar mhéid a ioncaim iomlán don bhliain sin;
Ar choinníoll, más rud é, faoin gCoinbhinsiún, nach bhfuil creidmheas le lamháil i gcoinne forchánach don bhliain, go ríomhfar an ráta i ngach cás mar ríomhtar é i gcás pearsan a bhfuil cáin ioncaim, ach nach bhfuil forcháin, inmhuirir ar a n-ioncam, agus más rud é, faoin gCoinbhinsiún, nach bhfuil creidmheas le lamháil ach amháin i gcoinne forchánach don bhliain, gurb é ráta a bheas ann an ráta a fionnfar tríd an bhforcháin is iníoctha ag an bpearsa áirithe don bhliain a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin don bhliain.
(2) Chun an ráta sin a chinneadh, déanfar an cháin is iníoctha ag aon phearsa d'aon bhliain a ríomh gan aird ar aon fhaoíseamh i leith préimheanna árachais saoil agus gan aon laghdú ar an gcéanna i leith aon chreidmheasa a lamháladh nó atá le lamháil faoin gCoinbhinsiún, ach measfar í a bheith arna laghdú méid aon chánach atá an phearsa áirithe i dteideal, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, a mhuirearú i gcoinne aon phearsan eile, agus measfar ioncam iomlán aon phearsan a bheith arna laghdú méid aon ioncaim a bhfuil an phearsa sin i dteideal cáin ioncaim a mhuirearú air mar adúradh.
(3) I gcás ina mbeidh creidmheas i leith cánach na Stát Aontaithe le lamháil i leith aon ioncaim agus go mbeadh, mura mbeadh forála na fo-mhíre seo, aon fhaoiseamh le lamháil i leith an ioncaim sin faoi fhorála ailt 3 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1943 (Uimh. 16 de 1943), ní lamhálfar an faoiseamh sin.
6. Gan dochar d'fhorála na míre deiridh roimhe seo, ní raghaidh an creidmheas iomlán a lamhálfar do phearsa i gcoinne cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe thar an gcáin ioncaim iomlán is iníoctha ag an bpearsa áirithe don bhliain mheasúnuithe sin, lúide aon cháin atá an phearsa sin i dteideal, seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, a mhuirearú i gcoinne aon phearsan eile.
Eifeacht liuntais no creidmheasa ar riomh ioncaim.
7.—(1) Faoi réir forál na míre seo, i gcás ina mbeidh creidmheas in aghaidh cánach na Stát Aontaithe le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, ní déanfar aon asbhaint in aghaidh cánach na Stát Aontaithe (pé acu i leith an ioncaim sin nó aon ioncaim eile é) nuair a bheas méid an ioncaim sin á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide.
(2) Má bhíonn díbhinn ar áireamh san ioncam agus más rud é, faoin gCoinbhinsiún, go mbeidh cáin de chuid na Stát Aontaithe, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, le cur i gcuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánach Éireannach i leith na díbhinne, déanfar, chun críocha cánach brabús corparáide, méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú an méid de cháin na Stat Aontaithe, nach inmhuirir amhlaidh, a bheas le cur i gcuntas agus méid na creidiúna á ríomh.
(3) D'ainneoin aon ní sna forála roimhe seo den mhír seo, i gcás nach féidir cuid de cháin na Stát Aontaithe i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin den tsórt sin a bheas, faoi fho-mhír (2) den mhír seo, le háireamh mar ní a mhéadaíos méid an ioncaim) a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, déanfar, chun críocha cánach brabús corparáide, méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna laghdú an chuid sin den cháin sin na Stát Aontaithe.
8.—(1) I gcás ina mbeidh creidmheas in aghaidh cánach na Stát Aontaithe le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas den mhír seo maidir le méid an ioncaim sin a ríomh chun críocha cánach ioncaim.
(2) I gcás ina mbeidh an cháin ioncaim is iníoctha ag brath ar an méid a fuarthas sa Stát, déanfar an méid sin d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú méid an chreidmheasa is inlamhálta i gcoinne cánach ioncaim.
(3) I gcás nach mbeidh feidhm ag an bhfo-mhír dheiridh roimhe seo—
(a) ní déanfar aon asbhaint i leith cánach na Stát Aontaithe (pé acu i leith an ioncaim chéanna nó aon ioncaim eile é); agus
(b) má bhíonn díbhinn ar áireamh san ioncam agus más rud é, faoin gCoinbhinsiún, go mbeidh cáin de chuid na Stát Aontaithe, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, le cur i gcuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus, má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánach Éireannach i leith na díbhinne, áireofar méid an ioncaim amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú an méid de cháin na Stát Aontaithe, nach inmhuirir amhlaidh, a bheas le cur i gcuntas agus méid an chreidmheasa á ríomh; ach
(c) d'ainneoin aon ní sna forála roimhe seo den fho-mhír seo, i gcás ina mbeidh aon chuid de cháin na Stát Aontaithe i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin den tsórt sin a bheas, faoi chlásal (b) den fho-mhír seo, le háireamh mar ní a mhéadaíos méid an ioncaim) le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide, nó nach féidir í a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, déanfar, chun críocha cánach ioncaim, méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna laghdú an chuid sin de cháin sin na na Stát Aontaithe.
(4) Maidir le hioncam iomlán pearsan a ríomh chun an ráta a chinneadh a luaitear i mír 5 den Chuid seo den Sceideal seo, beidh éifeacht ag na forála sin roimhe seo den mhír seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas—
(a) in ionad na tagairte i bhfo-mhír (2) do mhéid an chreidmheasa is inlamhálta i gcoinne cánach ioncaim, cuirfear tagairt do mhéid cánach na Stát Aontaithe i leith an ioncaim (agus, i gcás díbhinne, gan áireamh a dhéanamh ar cháin na Stát Aontaithe, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne), agus
(b) ní bheidh feidhm ag clásail (b) agus (c) d'fho-mhír (3),
agus, faoi réir na modhnuithe sin, beidh éifeacht acu maidir leis an ioncam go léir a bhfuil creidmheas le lamháil ina chás in aghaidh cánach Stát Aontaithe.
Forala speisialta maidir le dibhinni.
9. Más rud é, i gcás aon díbhinne, go mbeidh cáin de chuid na Stát Aontaithe, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, le cur san áireamh, faoin gCoinbhinsiún, nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil agus, má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánach Éireannach i leith na díbhinne, is í cáin de chuid na Stát Aontaithe, nach inmhuirir amhlaidh, a cuirfear san áireamh ná an cháin a thiteas ar an gcomhlucht corpraithe a íocas an díbhinn i leith na mbrabús iomchuí, sa mhéid go bhfuil sí inchurtha le ceart i leith na cionúireachta de na brabúis iomchuí is ionann agus an díbhinn.
Is iad na brabúis iomchuí—
(a) má híoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe, brabúis na tréimhse sin;
(b) mura n-íoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe ach go n-íoctar í as brabúis sonraithe, na brabúis sin;
(c) mura n-íoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe ná as brabúis sonraithe, brabúis na tréimhse deiridh dár hullmhaíodh cuntais an chomhluchta chorpraithe agus a chríochnaigh sar a raibh an díbhinn iníoctha:
Ar choinníoll, má tharlann, i gcás a thiocfas faoi fho-mhír (a) nó fo-mhír (c) den mhír seo, go mbeidh an díbhinn iomlán níos mó ná a mbeidh ar fáil le dáiliú de bhrabúis na tréimhse a luaitear sa bhfomhír sin (a) nó sa bhfo-mhír sin (c), pé acu é, gurb iad is brabúis iomchuí brabúis na tréimhse sin móide an oiread a bheas ar fáil le dáiliú de bhrabúis tréimhsí roimhe sin (seachas brabúis a dáileadh roimhe sin nó a háiríodh roimhe sin mar bhrabúis iomchuí chun críocha na mírc seo) agus is comhionann leis an mbarrachas; agus chun críocha an choinníll seo cuirfear san áireamh ar dtús brabúis na tréimhse is déanaí roimhe sin, ansin brabúis na tréimhse i déanaí roimhe sin arís, agus mar sin de.
10.—I gcás—
(a) ina bhforálann an Coinbhinsiún go bhfuil, maidir le díbhinní d'aicmí áirithe, agus nach bhfuil, maidir le díbhinní d'aicmí eile, cáin na Stát Aontaithe, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith díbhinní, le cur san áireamh nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus, má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánach Éireannach i leith na ndíbhinní; agus
(b) ina n-íocfar díbhinn nach d'aicme a bhforálann an Coinbhinsiún amhlaidh ina taobh,
ansin, má híoctar an díbhinn le cuideachta a rialaíos, go díreach nó go neamhdhíreach, méid nach lú ná leath na cumhachta vótála i gcuideachta íoctha na díbhinne, lamhálfar creidmheas amhail is dá mba dhíbhinn í d'aicme a bhforálann an Coinbhinsiún amhlaidh ina taobh.
Ilghneitheach.
11. Ní lamhálfar creidmheas faoin gCoinbhinsiún i gcoinne na gcánach Éireannach is inmhuirir i leith aon ioncaim le haon phearsa, más é rogha na pearsan áirithe nach lamhálfaí creidmheas i leith an ioncaim sin.
12. Más rud é, faoin gCoinbhinsiún, gur féidir faoiseamh a thabhairt sa Stát nó sna Stáit Aontaithe i leith aon ioncaim agus go ndealraíonn sé, maidir leis an measúnú le haghaidh cánach ioncaím nó cánach brabús corparáide a rinneadh i leith an ioncaim, nach i leith a mhéid iomláin a rinneadh é nó go bhfuil sé neamhchruinn ag féachaint don chreidmheas, más ann, atá le tabhairt faoin gCoinbhinsiún, féadfar aon mheasúnuithe breise a dhéanamh is gá chun a áirithiú go ndéanfar méid iomlán an ioncaim a mheasúnú agus go dtabharfar an creidmheas cuí, más ann, ina leith, agus i gcás an t-ioncam a chur ar iontaoibh aon phearsan sa Stát chun a íoctha, féadfar aon mheasúnú breise den tsórt sin i leith cánach ioncaim a dhéanamh ar fháltaí an ioncaim faoi Chás VI de Sceideal D.
13.—(1) Faoi réir forál míre 14 den Chuid seo den Sceideal seo, aon éileamh a déanfar ar liúntas i bhfoirm chreidmheasa in aghaidh cánach na Stát Aontaithe i leith aon ioncaim, cuirfear i scríbhinn é go dtí an cigire cánach tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na bliana measúnuithe iomchuí, agus, má dhéanann an cigire cánach agóid i gcoinne aon éilimh den tsórt sin, éistfear agus cinnfear í ag na Coimisinéirí Speisialta amhail is dá mb'achomharc chucu é i gcoinne measúnuithe i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, leis na modhnuithe is gá, ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le hathéisteacht achomhairc nó le sonrú cáis le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí.
(2) Sa mhír seo, ciallaíonn an abairt “an bhliain mheasúnuithe iomchuí”, maidir le creidmheas in aghaidh cánach na Stát Aontaithe i leith aon ioncaim, an bhliain mheasúnuithe a bhfuil cáin ioncaim le muirearú ar an ioncam sin, nó a mbeadh cáin ioncaim le muirearú uirthi dá mbeadh aon cháin ioncaim inmhuirir ina leith.
14. Má tharlann aon chreidmheas, a bheirtear faoin gCoinbhinsiún, a bheith iomarcach nó neamhdhóthaineach de dhroim aon choigeartuithe ar mhéid aon chánach is iníoctha sa Stát nó sna Stáit Aontaithe, ansin, aon ní sna hAchta Cánach Ioncaim, nó sna hachtacháin a bhaineas le cáin bhrabús corporáide, a theorannaíos an t-am chun measúnuithe nó éilithe ar fhaoisimh a dhéanamh, ní bheidh feidhm aige maidir le haon mheasúnú nó éileamh a thiocfas den choigeartú agus is measúnú nó éileamh a déanfar tráth nach déanaí ná sé bliana ón uair a rinneadh gach measúnú, coigeartú agus cinneadh eile den tsórt sin ba ghá chun a chinneadh an bhfuil aon chreidmheas le tabhairt, agus, má tá, cad é an méid é.