Uimhir 15 de 1958.
An tACHT AIRGEADAIS, 1946.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Cain Ioncaim.
Cáin ioncaim agus forcháin in aghaidh na bliana 1946-47.
1.—(1) Eileofar cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, do réir sé scillinge agus sé pingne faoin bpunt.
(2) Eileofar forcháin (seachas forcháin bhreise) in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach taobh, agus is ar na rátaí ar a n-éilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, a héileofar amhlaidh í.
(3) I gcás ioncam iomlán, do réir bhrí ailt 5 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, a bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus aon bhrabús den tsórt a luaitear san alt sin 5 a bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear forcháin bhreise san alt seo) a éileamh in aghaidh na bliana sin dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, do réir seacht scillinge agus sé pingne faoin bpunt i leith an oiread den ioncam sin agus is inchurtha faoi de bhuaidh fo-ailt (1) den alt sin 5 arna mhodhnú agus arna thonasc trí na forála ina dhiaidh seo den alt seo.
(4) Na forála, reachtúla agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán 1946, maidir le cáin ioncaim agus forcháin (lena n-áirítear forcháin bhreise), beidh éifeacht acu uile agus faoi seach, faoi réir forál an Achta seo, maidir leis an gcáin ioncaim agus an fhorcháin (lena n-áirítear forcháin bhreise) a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946.
(5) Nuair a bheas Cuid II den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) á tonasc (de bhuaidh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt seo) leis an bhforcháin bhreise a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, beidh éifeacht ag an gCuid sin II i dteannta agus faoi réir na modhnuithe seo a leanas, sé sin le rá:—
(a) cuirfear an abairt “an 6ú lá d'Aibreán 1946” in ionad na habairte “an 6ú lá d'Aibreán, 1941,” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin sa Chuid sin II;
(b) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 7 den Acht sin, cuirfear an abairt “an 5ú lá d'Aibreán, 1947,” in ionad na habairte “an 5ú lá d'Aibreán, 1942,” agus cuirfear na focail “deich mbliana” in ionad na bhfocal “cúig bliana” agus cuirfear an abairt “an 5ú lá d'Aibreán, 1946,” in ionad na habairte “an 5ú lá d'Aibreán, 1941,”.
Riail 8 de na Rialacha a bhaineas le Sceideal E den Income Tax Act, 1918, a athghairm.
2.—Athghairmtear leis seo Riail 8 de na Rialacha a bhaineas le Sceideal E den Income Tax Act, 1918.
Alt 3 den Acht Airgid, 1925, a leasú.
3.—Déantar leis seo alt 3 (a bhaineas le heisceadh pinsean agus aiscí míleata áirithe) den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925), a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach ann in ionad fo-ailt (2) atá anois (de bhuaidh ailt 6 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944)) san alt sin 3, sé sin le rá:—
“(2) Folóidh na pinsin chréachta agus mhíchumais lena mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, agus is tuigthe gur fholaíodar riamh gach pinsean créachta agus míchumais a deonadh faoi na hAchta Arm-Phinsean, 1923 go 1946, agus gach aisce i leith créacht nó míchumas a deonadh amhlaidh, agus léireofar an t-alt sin 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.”.
Forála maidir le caillteanais a thabhairt ar aghaidh faoi alt 14 den Acht Airgid, 1929.
4.—(1) Bainfidh an t-alt seo le haon chás—
(a) ina n-údaraíonn alt 14 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929), caillteanas nó aon chuid de chaillteanas a tharla do dhuine ar bith in aon trádáil, gairm nó slí bheatha a bhí ar siúl aige a thabhairt ar aghaidh agus, an oiread is oircheas, a bhaint de mhéid, nó a chur i gcoinne méid an bhrabúis nó an ghnóthachain ar a meisiúnófar é faoi Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith na trádála, na gairme nó na slí beatha sin do na sé bliana meisiúnachta ina dhiaidh sin (dá ngairmtear an tréimhse sé mblian san alt seo), agus
(b) ina bhfolaíonn an tréimhse sé mblian aon bhliain nó blianta áirithe de na blianta meisiúnachta sa tréimhse a thosnaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1939, agus a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1946.
(2) Déanfar in aon chás lena mbaineann an t-alt seo an tréimhse sé mblian a fhaidiú, agus is tuigthe í a bheith arna faidiú riamh, trí pé uimhir de bhlianta meisiúnachta, díreach i ndiaidh na tréimhse sé mblian, a chur léi is comhionann leis an uimhir de bhlianta meisiúnachta—
(a) a tháinig laistigh den tréimhse a thosnaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1939, agus a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1946, agus
(b) a tháinig i ndiaidh na bliana meisiúnachta inar tharla an caillteanas.
Lamháltas i leith taighde eolaíochta.
5.—(1) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “taighde eolaíochta” aon obair i réim na heolaíochta nádúrtha nó feidhmiúla d'fhonn eolas a mhéadú;
folaíonn an focal “sócmhainn” cuid de shócmhainn;
ní fholaíonn an abairt “caiteachas ar thaighde eolaíochta” aon chaiteachas faoina ndeachthas ag fáil chearta i dtaighde eolaíochta nó cearta a d'éirigh as taighde eolaíochta.
(2) I gcás duine a mbeidh trádáil ar siúl aige—
(a) do dhul, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, faoi chaiteachas neamhchaipitiúil ar thaighde eolaíochta maidir leis an trádáil, nó
(b) d'íoc aon tsuime, ar an dáta sin nó dá éis, le comhlacht a mbeidh taighde eolaíochta ar siúl acu agus a bheas ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais nó le hollscoil Éireannach, ionas go bhféadfadh an comhlacht nó an ollscoil sin taighde eolaíochta maidir leis an trádáil a ghabháil de láimh,
ansin, déanfar an caiteachas faoina ndeachthas amhlaidh nó an tsuim a híocadh amhlaidh asbhaint mar chostas nuair a bheas áireamh á dhéanamh ar bhrabús nó gnóthachan na trádála.
(3) Más rud é—
(a) ar an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, go raghaidh duine faoi chaiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta, agus
(b) (i) go mbeidh trádáil lena mbainfidh an caiteachas sin ar siúl aige an uair sin, nó
(ii) go dtionscnóidh agus go dtosnóidh sé ina dhiaidh sin trádáil a bhainfeas leis an taighde sin, agus
(c) go n-iarrfaidh sé ar an gcigire cánach lamháltas faoin bhfo-alt seo i leith an chaiteachais sin, agus
(d) go n-iarrfaidh sé sin amhlaidh—
(i) i gcás é do dhul faoin gcaiteachas le linn an trádáil a bheith ar siúl aige, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana meisiúnachta ina ndeachthas faoi, nó
(ii) i gcás é do dhul faoin gcaiteachas roimh an trádáil a thionscnamh agus a thosnú laistigh de dhá mhí déag tar éis deireadh na bliana meisiúnachta ina ndearnadh an trádáil a thionscnamh agus a thosnú,
ansin, faoi réir forál an ailt seo, lamhálfar mar ashbhaint nuair a beifear ag muirearú brabúis nó gnóthachain na trádála don bhliain mheisiúnachta a luaitear i pé fo-mhír is infheidhme d'fho-mhíreanna (i) agus (ii) de mhír (d) den fho-alt seo, agus do gach bliain de na ceithre bliana meisiúnachta ina dhiaidh sin, suim is comhionann leis na gcúigiú cuid de mhéid an chaiteachais.
(4) Más rud é go scoirfear tráth ar bith ar chúis ar bith de shócmhainn, is ionann agus caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta, a úsáid don taighde sin a bhainfeas leis an trádáil a bheas ar siúl ag an duine a chuaigh faoin gcaiteachas, ansin—
(a) ní tabharfar aon lamháltas faoin alt seo, i leith an chaiteachais sin, d'aon bhliain mheisiúnachta i ndiaidh na bliana inar tharla an seor;
(b) i gcás a n-iomlán seo a leanas, eadhon, na lamháltais a tugadh cheana faoin alt seo i leith an chaiteachais sin agus luach na sócmhainne díreach roimh an scor, a bheith níos lú ná an caiteachas adúradh, lamhálfar mar asbhaint, nuair a beifear ag muirearú brabúis nó gnóthachain na trádála don bhliain mheisiúnachta inar thárla an scor lamháltas breise is comhionann le méid an easnaimh;
(c) i gcás an t-iomlán sin a bheith níos mó ná an caiteachas sin, deighleálfar le méid na breise nó le hiomlán na lamháltas a tugadh amhlaidh, pé acu sin is lú, mar fháltas trádála ag an trádáil a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor;
(d) nuair a beifear ag tabhairt feidhme do Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, maidir le héileamh i leith na sócmhainne d'aon bhliain mheisiúnachta i ndiaidh na bliana inar tharla an scor, deighleálfar le costas iarbhír na sócmhainne amhail is dá mbeadh sé arna laghdú trí iomlán na lamháltas a deonadh i leith na sócmhainne faoin alt seo a bhaint de; agus
(e) nuair a beifear ag tabhairt feidhme do Riail 7 de na Rialacha sin maidir le haon éileamh den tsórt sin, deighleálfar le costas na sócmhainne amhail is dá mbeadh sé arna laghdú tríd an t-iomlán sin a bhaint de.
(5) I gcás lamháltas faoin alt seo a dheonadh do dhuine in aghaidh aon bhliana meisiúnachta i leith caiteachais is ionann, ar fad nó i bpáirt, agus sócmhainní, ansin, in aghaidh na bliana meisiúnachta sin—
(a) ní déanfar aon asbhaint i leith na sócmhainní sin a lamháil don duine sin faoi Riail 6 nó Riail 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ná faoi alt 18 den Finance Act, 1919, ná faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942), ná faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944), agus
(b) beidh éifeacht ag mír (2) de Riail 5 de na Rialacha sin maidir leis na sócmhainní sin amhail is dá mbeadh an chuing a ghabhas leis an mír sin fágtha ar lár.
(6) Beidh feidhm ag mír (3) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937), maidir le lamháltas faoi fho-alt (3) den alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le hasbhaintí i leith caitheamh agus comailt ghléasra agus sásra.
(7) Chun críocha an ailt seo ní tuigthe duine do dhul faoi chaiteachas sa mhéid go nglantar an caiteachas sin nó go mbeidh sé le glanadh go díreach nó go neamhdhíreach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag duine ar bith eile seachas an duine a céadluaitear.
(8) Ní cuirfear an caiteachas céanna san áireamh chun críche ar bith de chríocha an ailt seo maidir le níos mó ná aon trádáil amháin.
Lamháltas i leith forbartha mianadóireachta.
6.—(1) San alt seo—
ciallaíonn an focal “mianach” tochailt faoi thalamh arna déanamh chun mianraí a fháil;
déanfar tagairtí do chaiteachas caipitiúil, faoina ndeachthas i dtaobh mianaigh, a léiriú mar thagairtí do chaiteachas caipitiúil faoina ndeachthas—
(a) chun an mianach a fhorbairt, maidir le cuardach nó fionnachtain agus tástáil foslach mianraí nó maidir le rochtain chucu, nó
(b) maidir le déanamh aon oibreacha is oibreacha de shaghas gur dócha, nuair a scoirfear den mhianach a oibriú, go mbeidh laghdú chomh mór sin imithe ar a luach gur beag is fiú iad, más fiú dada iad,
ach léireofar iad mar thagairtí ná folaíonn tagairtí—
(c) d'aon chaiteachas chun láithreán an mhianaigh nó láithreán aon oibreacha den tsórt sin nó cearta in aon láithreán nó ar aon láithreán den tsórt sin a fháil, nó
(d) d'aon chaiteachas chun na foslaigh, nó cearta i leith na bhfoslach, a fháil, nó
(e) d'aon chaiteachas maidir le hoibreacha arna ndéanamh go hiomlán nó go formhór chun amh-tháirge an mhianaigh a chur faoi aon phróiseas seachas próiseas a ceapadh chun an t-amh-tháirge a ullmhú chun a úsáite sa cháil sin;
déanfar tagairtí do shócmhainní is ionann agus caiteachas caipitiúil faoina ndeachthas i dtaobh mianaigh—
(a) a léiriú mar thagairtí a fholaíos, maidir le caiteachas ar chuardach, fionnachtain agus tástáil foslach, tagairtí d'aon eolas nó torthaí eile as aon chuardach, lorg nó fiosrú a ndeachthas faoin gcaiteachas á dhéanamh, agus
(b) a léiriú mar thagairtí a fholaíos freisin tagairtí d'aon chuid de shócmhainní den tsórt sin, agus
(c) a léiriú mar thagairtí a fholaíos fós, i gcás aon tsócmhainní den tsórt sin a díthíodh nó a damáistíodh, tagairtí d'aon airgead árachais nó airgead cúitimh eile i leith an díthithe nó an damáistithe sin.
(2) Chun críocha an ailt seo, ní tuigthe caiteachas a bheith arna dhéanamh ag duine a mbeidh oibriú mianaigh ar siúl aige mar thrádáil, sa mhéid gur glanadh an caiteachas sin nó go mbeidh sé le glanadh go díreach nó go neamhdhíreach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag duine ar bith eile (nach duine a raibh oibriú an mhianaigh sin ar siúl aige mar thrádáil).
(3) Duine ar bith a mbeidh oibriú mianaigh ar siúl aige mar thrádáil agus a bheas, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, tar éis dul faoi aon chaiteachas caipitiúil i dtaobh an mhianaigh sin, féadfaidh sé lamháltas (dá ngairmtear lamháltas forbartha mianaigh san alt seo) a iarraidh i leith an chaiteachais chaipitiúil sin.
(4) Féadfar lamháltas forbartha mianaigh d'aon bhliain mheisiúnachta a iarraidh ar an gcigire cánach tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana sin.
(5) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an méid a bheas i lamháltas forbartha mianaigh d'aon bhliain mheisiúnachta i leith aon chaiteachais chaipitiúil faoina ndeachthas maidir le mianach—
(a) measfaidh an cigire cánach, go feadh a bhreithiúnais, marthanacht (dá ngairmtear an mharthanacht mheasta san alt seo) na bhfoslach, ach ní mheasfaidh marthanacht is sia ná fiche bliain dóibh,
(b) measfaidh an cigire cánach ansin méid na difríochta (dá ngairmtear an difríocht mheasta sa bhfo-alt seo) idir an caiteachas caipitiúil sin agus an méid is dóigh leis dob fhiú na sócmhainní, is ionann agus an caiteachas caipitiúil sin, i ndeireadh na marthanachta measta,
(c) faoi réir forál an ailt seo, lamhálfaidh an cigire sin mar lamháltas forbartha mianaigh don bhliain mheisiúnachta sin, méid is comhionann le suim a mbeidh idir í agus an difríocht mheasta an cothrom céanna a bheas idir faid na bliana meisiúnachta sin agus faid na marthanachta measta,
(d) más sa bhliain mheisiúnachta sin a chuathas faoin gcaiteachas caipitiúil sin, ansin is tuigthe, chun críocha míre (c) den fho-alt seo, gurb ionann an bhliain mheisiúnachta sin agus an oiread sin amháin den bhliain mheisiúnachta sin a thiocfas i ndiaidh an dáta ar a ndeachthas faoin gcaiteachas caipitiúil sin.
(6) Aon lamháltas forbartha mianaigh a bhéarfar do dhuine ar bith a mbeidh oibriú mianaigh ar siúl aige mar thrádáil is amhlaidh a bhéarfar í mar asbhaint nuair a beifear ag muirearú brabúis nó gnóthachain na ceirde sin agus beidh feidhm ag mír (3) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937), maidir leis an lamháltas amhail mar atá feidhm acu maidir le hasbhaintí i leith caitheamh agus comailt ghléasra agus sásra.
(7) Ní deonfar lamháltas forbartha mianaigh i leith aon chaiteachais chaipitiúil faoina ndeachthas maidir le mianach in aon chás ina mbeidh an tsócmhainn is ionann agus an caiteachas caipitiúil sin ina sócmhainn a bhféadfaí asbhaint a éileamh ina leith faoi Riail 6 nó Riail 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, nó a lamháil faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942), nó faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944).
(8) Más rud é go mbeifear tar éis lamháltas forbartha mianaigh d'aon bhliain mheisiúnachta a dheonadh i leith caiteachais chaipitiúil faoina ndeachthas maidir le mianach, ansin, in aghaidh na bliana meisiúnachta sin—
(a) beidh éifeacht ag mír (2) de Riail 5 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, maidir le haon tsócmhainn is ionann agus an caiteachas caipitiúil sin amhail is dá mbeadh an chuing a ghabhas leis an mír sin (2) fágtha ar lár, agus
(b) ní bheidh feidhm ag alt 18 den Finance Act, 1919, maidir le haon tsócmhainn den tsórt sin.
(9) I gcás duine a mbeidh oibriú mianaigh chun bheith ar siúl aige mar thrádáil do dhul faoi aon chaiteachas caipitiúil maidir leis an mianach sin, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, ach roimh é do thosnú ar an trádáil sin, déanfar, chun críocha an ailt seo, an caiteachas sin a áireamh mar chaiteachas caipitiúil a ndeachthas faoi an chéad lá a tosnaíodh ar an trádáil sin.
(10) I gcás ina mbeifear tar éis lamháltais forbartha mianaigh a dheonadh i leith caiteachais chaipitiúil a ndeachthas faoi maidir le mianach agus ina mbeidh scortha go críochnaitheach den mhianach a oibriú—
(a) athscrúdóidh an cigire cánach na lamháltais forbartha mianaigh sin,
(b) más rud é, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, gur léir breis a bheith ag méid na difríochta (dá ngairmtear an difríocht sin sa bhfo-alt seo) idir an caiteachas caipitiúil sin agus an méid dob fhiú, tráth an scoir sin, na sócmhainní is ionann agus an caiteachas caipitiúil sin tráth an scoir sin ar iomlán na lamháltas forbartha mianaigh sin, ansin féadfar lamháltais forbartha mianaigh eile a mbeidh a n-iomlán comhionann leis an mbreis a dheonadh d'aon bhliain mheisiúnachta (arb í an bhliain í ina mbeidh scortha go críochnaitheach den mhianach sin a oibriú nó aon bhliain roimhe sin) ach sin i dtreo ná raghaidh iomlán na lamháltas forbartha mianaigh eile sin thar an mbreis sin, agus más gá féadfar éifeacht a thabhairt don mhír seo trí aisíocaíocht a dhéanamh,
(c) más rud é, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, gur léir an difríocht sin a bheith níos lú ná iomlán na lamháltas forbartha mianaigh sin, ansin, deighleálfar leis an easnamh nó le hiomlán na lamháltas forbartha mianaigh sin, pé acu sin is lú, mar fháltas trádála ag trádáil oibrithe an mhianaigh sin a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor sin.
(11) I gcás an duine (dá ngairmtear an díoltóir sa bhfo-alt seo) a mbeidh oibriú mianaigh ar siúl aige mar thrádáil do dhíol aon tsócmhainne le haon duine eile (nach duine is comharba don díoltóir sa cheird sin) is sócmhainn is ionann agus caiteachas caipitiúil a ndeachthas faoi maidir leis an mianach sin agus ar tugadh lamháltais forbartha mianaigh dá réir, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—
(a) má bhíonn iomlán na lamháltas forbartha mianaigh sin, i dteannta na suime a gheobhfar as an sócmhainn sin a dhíol, níos lú de mhéid ar bith (dá ngairmtear an lamháltas neamh-ídithe sa bhfo-alt seo) ná an caiteachas caipitiúil sin, ansin, féadfar lamháltais forbartha mianaigh eile a dheonadh don díoltóir in aghaidh aon bhliana meisiúnachta (arb í bliain an díola sin í nó aon bhliain roimhe sin), ach sin i dtreo ná raghaidh iomlán na lamháltas forbartha mianaigh eile sin thar an lamháltas neamh-ídithe,
(b) má bhíonn breis ag iomlán na lamháltas forbartha mianaigh sin i dteannta na suime a gheobhfar as an sócmhainn sin a dhíol, ar an gcaiteachas caipitiúil sin, ansin, deighleálfar le méid na breise sin nó le hiomlán sin na lamháltas forbartha mianaigh, pé acu sin is lú, mar fháltas trádála ag an trádáil sin a d'fhaibhrigh díreach roimh an díol sin.
(12) Más rud é—
(a) go mbeifear tar éis lamháltais forbartha mianaigh i leith caiteachais chaipitiúil faoina ndeachthas maidir le mianach a dheonadh do dhuine (dá ngairmtear an trádálaí bunaidh sa bhfo-alt seo) a raibh oibriú an mhianaigh ar siúl aige mar thrádáil, agus
(b) go dtiocfaidh duine eile (dá ngairmtear an comharba sa bhfo-alt seo) i gcomharbas na trádála sin,
féadfar leanúint de lamháltais forbartha mianaigh a dheonadh i leith an chaiteachais chaipitiúil sin don chomharba, ach i gcás ar bith ní raghaidh méid na lamháltas sin thar an méid a mbeadh teideal ag an trádálaí bunaidh chuige dá leanadh sé den trádáil sin.
(13) Más rud é—
(a) go mbeifear tar éis asbhaintí i leith caitheamh agus comailt a lamháil faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith aon ghléasra nó sásra a húsáitear chun críocha mianaigh a mbeifear tar éis lamháltais forbartha mianaigh a dheonadh maidir leis, agus
(b) go mbeidh scortha go críochnaitheach den mhianach a oibriú,
beidh feidhm ag forála fo-ailt (10) den alt seo amhail is dá mba shócmhainní, dob ionann agus caiteachas caipitiúil faoina ndeachthas maidir leis an mianach, an gléasra agus an sásra sin agus amhail is dá mba lamháltas forbartha mianaigh aon lamháltas a tugadh nó aon asbhaint a rinneadh faoi na hAchta Cánach Ioncaim i leith an ghléasra nó an tsásra sin.
(14) Luífidh achomharc chun na gCoimisinéirí Speisialta ar aon cheist a éireos faoin alt seo sa tslí chéanna ina luífeadh achomharc i gcoinne meisiúnachta agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le hachomhairc.
CUID II.
Custaim agus Mal.
Na rátaí diúité ar bhiotáille a athrú.
7.—(1) Beidh an Finance Act, 1920, mar a leasaíodh é le halt 7 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 (Uimh. 33 de 1939), arna leasú, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1946, agus ón lá sin amach, tríd an abhar atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Finance Act, 1920, adúradh, in ionad an abhair a cuireadh ann leis an alt sin 7, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, adúradh.
(2) An diúité máil a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, déanfar, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1946, agus ón lá sin amach, é a éileamh, a thobhach agus a íoc do réir cheithre puint agus cúig scillinge déag an galún (arna áireamh do réir phrofa) in ionad an ráta is inéilithe de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 7 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939.
(3) Ní oibreoidh éinní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na diúitéthe custam breise nó ón diúite máil breise i leith biotáille neamhaibidh a forchuireadh le halt 9 den Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926), ná chun dochar ná difir a dhéanamh dhóibh sin.
Rátaí na ndiúitéthe custam ar fhíon a athrú.
8.—(1) In ionad na ndiúitéthe custam i leith fíona forchuireadh le halt 6 den Acht Airgid, 1930 (Uimh. 20 de 1930), déanfar (faoi réir forál an ailt seo) na diúitéthe custam seo a leanas a éileamh, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1946, agus ón lá sin amach, ar an bhfíon uile a hallmhuireofar isteach sa Stát, sé sin le rá:—
Fíon— | £ | s. | d. |
Ná beidh thar 25 gráid de bhiotáille phrofa ann, an galún ... ... ... ... ... ... | 0 | 6 | 0 |
A mbeidh thar 25 gráid ach ná beidh thar 30 grád de bhiotáille phrofa ann, an galún ... ... | 0 | 10 | 0 |
A mbeidh thar 30 grád ach ná beidh thar 42 ghrád de bhiotáille phrofa ann, an galún ... ... | 1 | 4 | 0 |
Agus in aghaidh gach gráid nó codán de ghrád thar an méid is aoirde a muirearaítear thuas, diúité breise, an galún ... ... ... ... ... | 0 | 2 | 0 |
Fíon drithleach sa bhuidéal, diúité breise, an galún | 1 | 5 | 0 |
Fíon neamhdhrithleach ná beidh thar 25 gráid de bhiotáille phrofa ann, sa bhuidéal, diúité breise, an galún ... ... ... ... ... ... | 0 | 4 | 0 |
Fíon neamhdhrithleach a mbeidh thar 25 gráid de bhiotáille phrofa ann, sa bhuidéal, diúité breise, an galún ... ... ... ... ... ... | 0 | 8 | 0 |
(2) Beidh feidhm ag forála ailt 8 den Finance Act, 1919, maidir leis na diúitéthe a forchuirtear leis an alt seo ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland”.
(3) Chun críocha an ailt seo is tuigthe gur fíon drithleach, a hallmhuiríodh sa bhuidéal, fíon a rinneadh drithleach nó iosmairteach agus a buidéaladh i mbanna-stóras, agus, ar a sheachadadh chun a úsáite sa Stát éileofar air an diúité a forchuirtear ar fhíon drithleach leis an alt seo.
(4) Ní beidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933), maidir leis na diúitéthe custam a forchuirtear leis an alt seo.
(5) San alt seo folaíonn an focal “fíon” moirt fíona.
Na diúitéthe ar shiúcra agus molás a chur ar ceal agus na diúitéthe atá ar ghlúcós agus siúicrín a athfhorchur.
9.—(1) Na diúitéthe custam is inéilithe i leith siúcra, moláis, glúcóis agus siúicrín faoi alt 2 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 (Uimh. 33 de 1939), scoirfid de bheith inéilithe nó intobhaigh amhail ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1946, agus ón lá sin amach.
(2) Na diúitéthe máil is inéilithe i leith siúcra, moláis, glúcóis agus siúicrín faoi alt 2 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939, scoirfid de bheith inéilithe nó intobhaigh, amhail ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1946, agus ón lá sin amach.
(3) Déanfar, amhail ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1946, agus ón lá sin amach, na diúitéthe custam a sonraítear sa dara colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a éileamh, a thobhach agus a íoc ar an nglúcós agus an siúicrín uile a hallmhuireofar isteach sa Stát agus íocfar i leith an ghlúcóis agus an tsiúicrín uile a hallmhuireofar amhlaidh na haistarraingí atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.
(4) Déanfar, amhail ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1946, agus ón lá sin amach, na diúitéthe máil a sonraítear sa tríú colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a éileamh, a thobhach agus a íoc ar an nglúcós agus an siúicrín uile a déanfar sa Stát agus íocfar, i leith an ghlúcóis agus an tsiúicrín uile a déanfar amhlaidh, na haistarraingí atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.
(5) Beidh feidhm ag alt 40 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), maidir leis na diúitéthe custam a forchuirtear leis an alt seo amhail mar atá feidhm ag an alt sin maidir leis na diúitéthe atá luaite ann.
(6) Beidh feidhm ag na forála atá i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925), maidir leis na diúitéthe agus na haistarraingí a forchuirtear nó a lamháltar leis an alt seo amhail mar atá feidhm ag na forála sin maidir leis na diúitéthe agus na haistarraingí atá luaite sa Chéad Sceideal sin, ach sin i dteannta agus faoi réir na modhnuithe seo a leanas, sé sin le rá:—
(a) scriosfar clásal 2;
(b) i gclásal 5, cuirfear an 1ú lá de Mheitheamh, 1946, in ionad an 6ú lá de Bhealtaine, 1925;
(c) i gclásal 7, léireofar mar thagairt don alt seo an tagairt d'ailt 26 agus 27 den Acht Airgid, 1925, adúradh.
(7) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933), maidir leis na diúitéthe custam a forchuirtear leis an alt seo.
(8) Má cruthaítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh ar únaeracht sa Stát, meán oíche an 31ú lae de Bhealtaine, 1946, ag Comhlucht Siúcra Éireann, Teoranta, siúcra ar ar íoc an Comhlucht sin an diúité máil a forchuireadh le halt 2 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939, beidh an Comhlucht sin i dteideal aisíoc méide an diúité sin a fháil.
Na diúitéthe ar íle éadrom udrocarbóin mianrúil a laghdú.
10.—(1) An diúité custam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931), arna leasú le hachtacháin iardain, déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoin diúité sin, é a éileamh a thobhach agus a íoc, amhail ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1946, agus ón lá sin amach, do réir naoi bpingne an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941).
(2) An diúite máil a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935), arna leasú le hachtacháin iardain, déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoin diúité sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a déantóra ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1946, nó dá éis, nó a úsáidfeas an déantóir sin ar an dáta sin nó dá éis chun críche ar bith seachas chun íle udrocarbóin mhianrúil a dhéanamh nó a tháirgeadh, é a éileamh, a thobhach agus a íoc do réir seacht bpingne an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1941.
Na diúitéthe ar íle udrocarbóin a laghdú.
11.—(1) An diúité custam a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935), déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inchurtha faoin diúité sin, é a éileamh, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1946, agus dá éis, do réir naoi bpingne an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941).
(2) An locáiste is inlamhálta faoi fho-alt (2) den alt sin 21 den Acht Airgid, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an locáiste sin inlamhálta, é a lamháil, amhail ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1946, agus ón lá sin amach, do réir naoi bpingne an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1941.
(3) An diúité máil a forchuireadh leis an alt sin 21 den Acht Airgid, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inchurtha faoin diúité sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a déantóra ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1946, nó dá éis, nó a úsáidfeas an déantóir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin a dhéanamh nó a tháirgeadh, é a éileamh, a thobhach agus a íoc do réir seacht bpingne an galún in ionad an ráta is inéilithe anois de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1941.
(4) An locáiste is inlamhálta faoi fho-alt (4) den alt sin 21 den Acht Airgid, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an locáiste sin inlamhálta agus ar ar híocadh an diúite máil a luaitear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt seo, é a lamháil do réir seacht bpingne an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (4) den alt sin 13 den Acht Airgeadais, 1941.
An diúité scannáin chinematografacha a laghdú i gcás cóipeanna de scannáin áirithe.
12.—(1) Más rud é—
(a) go gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur comhchosúil lena chéile scannán is inchurtha faoi dhiúite scannáin chinematografaigh agus scannán eile is inchurtha faoin diúité sin do réir trí pingne an troigh líneach, 1⅜ orlach ar leithead, nó do réir ráta fábhair dhá dtrian den ráta sin trí pingne an troigh líneach, 1⅜ orlach ar leithead, agus
(b) go seachadfar an scannán a céadluaitear chun a úsáite sa Stát an tráth céanna a seachadfar amhlaidh an scannán eile sin nó laistigh de thrí mhí tar éis an diúité a íoc ar an scannán eile sin,
beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—
(i) is do réir pingin go leith an troigh líneach, orlach ar leithead, agus ní do réir trí pingne an troigh líneach, 1⅜ orlach ar leithead, a déanfar diúité a éileamh, a thobhach agus a íoc ar an scannán a céadluaitear.
(ii) chun fo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), a thonasc (nuair is iomchuibhe sin) maidir leis an scannán a céadluaitear, is tuigthe gurb é an ráta de phingin go leith an troigh líneach, 1⅜ orlach ar leithead, an lán-ráta, agus
(iii) ní lamhálfar aon aistarraing i leith an scannáin eile sin faoi fho-alt (4) d'alt 17 den Acht Airgid, 1932, ach féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhoráil seo a ligean i gceal nó a mhodhnú in aon chás áirithe, faoi réir pé coinníoll is oiriúnach leo a fhorchur.
(2) An laghdú ar na rátaí diúité a foráltar le fo-alt (1) den alt seo, ní bheidh feidhm aige maidir le níos mó ná scannán amháin de scannáin a bheas comhchosúil lena chéile.
(3) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “diúité scannáin chinematografaigh” an diúité a forchuireadh le halt 17 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), arna leasú le halt 8 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932), agus le halt 12 den Acht Airgeadais, 1939 (Uimh. 18 de 1939),
ciallaíonn “seachadadh”, maidir le scannán, an scannán a sheachadadh ó bhanna-stóras nó é a sheachadadh ar an scannán sin a chalú ón loing nó an chóir iompair eile ar ar hallmhuiríodh é.
An diúité siamsa ar íocaíochta chun dul isteach chun ildamhsaí agus rincí a chur ar ceal.
13.—(1) Ar an 1ú lá de Lúnasa, 1946, agus dá éis, ní déanfar an diúité máil dá ngairmtear diúité siamsa in alt 1, agus is inéilithe faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin iardain, a éileamh ná a thobhach ar íocaíochta chun dul isteach chun aon ildamhsa nó rince.
(2) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 25 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), agus fo-alt (6) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1943 (Uimh. 16 de 1943), a athghairm amhail ar an 1ú lá de Lúnasa, 1946, agus ón lá sin amach.
Earraí a tabharfar ó lasmuigh den Stát go dtí aerphoirt neamhchustam a shaoradh ó dhiuitéthe custam.
14.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “Aerphort neamhchustam” aerphort arna bhunú sa Stát mar aerphort neamhchustam le reacht nó faoi reacht.
(2) Ní déanfar aon diúité custam a éileamh a thobhach ná a íoc ar aon earraí a tabharfar ó áit lasmuigh den Stát isteach in aer phort neamhchustam, ach ní oibreoidh sin chun cosc a chur le héileamh, tobhach agus íoc diúité custam ar earraí a tabharfar ón aerphort sin go dtí aon chuid eile den Stát.
Bronntanais bídh a shaoradh ón muirear íosta diúite custam.
15.—Ní bhainfidh alt 25 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924), arna leasú le halt 8 den Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937), agus alt 9 den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938), le hearraí is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is biadh, má cruthaítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur mar bhronntanas do dhuine sa Stát atá na hearraí á n-allmhuiriú.
Pacáistí áirithe a shaoradh ón diúite custam ar phacáistí.
16.—Ní déanfar an diúité a forchuireadh le halt 22 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), arna leasú le hachtacháin iardain, a éileamh ná a thobhach—
(a) ar aon phacáiste a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gurb é amháin atá ann earraí atá á n-allmhuiriú mar bhronntanas do dhuine sa Stát, ná
(b) ar aon phacáiste a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gurb é amháin atá ann earraí le haghaidh úsáide pearsanta an allmhuirtheora agus gurb é an t-allmhuirtheoir sin nó a sheirbhíseach nó duine dá theaghlach atá á thabhairt isteach.
Earraí a sholáthrós comheagrais Chroise Deirge choigríche mar bhronntanais nó ar iasacht do Chumann Croise Deirge na hÉireann a shaoradh ó dhiúitéthe custam.
17.—(1) Má cruthaítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim aon earra a bheith arna hallmhuiriú ag Cumann Croise Deirge na hÉireann mar bhronntanas nó iasacht ó chomheagras Croise Deirge in aon tír eile d'aon toisc chun críocha Chumann Croise Deirge na hÉireann, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir comhlíonadh pé coinníoll is oiriúnach leo a fhorchur, a cheadú an earra sin a allmhuiriú gan an diúité custam (más ann) is inéilithe uirthi a íoc nó aon diúité den tsórt sin a aisíoc a híocadh ar an earra ar í a allmhuiriú.
(2) Ní oibreoidh éinní san alt seo chun a údarú aon earra a allmhuiriú a mbeidh a hallmhuiriú toirmiscthe de thuras na huaire le dlí ná chun faoiseamh a thabhairt ó aon tsrian ná ó chomhlíonadh aon choinníll (seachas diúité custam a íoc) a bheas ag gabháil do réir dlí le hallmhuiriú aon earra.
Saoirse ó dhiúité d'aersheirbhísí áirithe.
18.—Faoi réir comhlíonadh pé coinníoll is oiriúnach leo a fhorchur, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, aon uair is cuibhe leis an Aire Airgeadais,—
(a) a cheadú aon earra, a bheas ag teastál le haghaidh nó i dtaobh aon ní acu seo a leanas, a allmhuiriú nó a sheachadadh gan aon diúité custam ná máil a íoc uirthi, sé sin le rá—
(i) bunú nó cothabháil aersheirbhíse eadarnáisiúnta a mbeidh aerphort sa Stát á úsáid nó le bheith á úsáid aici nó chuici,
(ii) bunú nó cothabháil seirbhísí radio nó meteoraíochta nó cabhartha eile d'aerloingseoireacht a ghabhfas le haon aersheirbhís eadarnáisiúnta den tsórt sin,
(iii) trialacha maidir le bunú nó cothabháil aon aersheirbhíse eadarnáisiúnta den tsórt sin, nó
(b) aon diúité custam nó máil a aisíoc a híocadh ar aon earra den tsórt sin ar í a allmhuiriú nó a sheachadadh.
Earraí a bheas ag teastáil le haghaidh tarrtháil, sábháil agus deisiú aerárthach damáistithe a bheas cláraithe i Stát eile a shaoradh ó íoc diúité custam.
19.—Aon uair a cruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim earra a bheith ag teastáil le haghaidh nó i dtaobh tarrtháil, sábháil nó deisiú aer-árthaigh shíbhialta dhamáistithe a bheas cláraithe i Stát eile, féadfaid, faoi réir comhlíonadh pé coinníoll is oiriúnach leo a fhorchur, a cheadú an earra sin a allmhuiriú go sealadach gan aon diúité custam a íoc.
Ailt 93, 102 agus 104 den Spirits Act, 1880, agus Cuid B den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Finance (1909-10) Act, 1910, a leasú.
20.—(1) Déantar leis seo an dara toirmeasc atá i bhfo-alt (1) d'alt 93 den Spirits Act, 1880, a leasú, a mhéid a bhaineas sé leis na cumaisc nó an bhiotáille atá luaite ann a chur amach chun duine is sealbhóir ar cheadúnas á údarú dhó na cumaisc nó an bhiotáille sin a dhíol ar mionreic, trí na focail “a half-gallon” a chur in ionad na bhfocal “two gallons”.
(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 102 den Spirits Act, 1880, arna leasú le halt 27 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929), a leasú, a mhéid a bhaineas sé le biotáille a dhíol le duine is sealbhóir ar cheadúnas á údarú dhó an bhiotáille sin a dhíol ar mionreic nó lena cur amach chuige nó a sheachadadh dhó, trí na focail “a halfgallon” a chur in ionad na bhfocal “two gallons”.
(3) Déantar leis seo alt 104 den Spirits Act, 1880, a leasú, a mhéid a bhaineas sé le biotáille a dhíol le duine is sealbhóir ar cheadúnas á údarú dhó an bhiotáille sin a dhíol ar mionreic, trí na focail “a half-gallon” a chur in ionad na bhfocal “two gallons or less than one dozen reputed quart bottles”.
(4) Déantar leis seo Foráil 1 de na Forála a bhaineas le Ceadúnais Mhórdhíoltóirí agus atá i gCuid B den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Finance (1909-10) Act, 1910, a leasú mar a leanas:—
(i) sa mhéid go mbaineann an Fhoráil sin le biotáille nó fíon a dhíol le duine is sealbhóir ar cheadúnas á údarú dhó an bhiotáille nó an fíon sin a dhíol ar mionreic, cuirfear na focail “a half-gallon” i mír (a) in ionad na bhfocal “two gallons, or not less than one dozen reputed quart bottles”;
(ii) sa mhéid go mbaineann an Fhoráil sin le beoir a dhíol le duine is sealbhóir ar cheadúnas á údarú dhó an bheoir sin a dhíol ar mionreic, cuirfear na focail “two-and-a-quarter gallons” i mír (b) in ionad na bhfocal “four-and-a-half gallons, or not less than two dozen reputed quart bottles”.
Alt 2 den Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860, a leasú.
21.—(1) An tagairt atá in alt (2) den Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860, do luacháil aon tighe nó áitribh den tsórt sin ar ar leagadh an ráta deiridh le haghaidh fóirithin na mbocht, léireofar í mar thagairt do luacháil aon tighe nó áitribh den tsórt sin faoi na hAchta Luachála.
(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i bhfeidhm an 1ú lá d'Aibreán, 1931, agus éifeacht a bheith aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.
Alt 26 den Acht Airgid, 1932, a leasú.
22.—(1) Leasaítear leis seo alt 26 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), trí na focail “faoi na hAchta Luachála” a chur in ionad na bhfocal “faoi dhlí na mbocht” i ngach áit a bhfuil na focail deiridh sin.
(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Iúil, 1932, agus éifeacht a bheith aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.
Earraí a aistriú, etc., go calaoiseach le hintinn diúitéthe máil a sheachaint.
23.—I gcás—
(a) aon earraí a mbeidh aon diúité máil iníoctha ina leith de thuras na huaire, nó
(b) aon airceadail a bheas déanta i bpáirt nó go hiomlán de na hearraí sin, nó
(c) aon abhair, uirlisí nó soithí a bheas oiriúnach nó a bheas beartaithe chun a n-úsáidte chun na hearraí nó na hairceadail sin a dhéanamh,
a aistriú nó a thaisceadh nó a cheilt in áit ar bith, le hintinn an diúité sin nó aon chuid de a choimeád go calaoiseach ón Aire Airgeadais, ansin—
(i) urghéillfear na hearraí agus na hairceadail sin uile agus na habhair, na huirlisí agus na soithí sin uile agus faoi seach,
(ii) gach duine a aistreos, a thaiscfeas, nó a cheilfeas aon earraí nó airceadail den tsórt sin nó a mbeidh baint aige le haon earraí nó airceadail den tsórt sin a aistriú, a thaisceadh nó a cheilt, le hintinn an diúité sin nó aon chuid de a choimeád go calaoiseach ón Aire Airgeadais, urghéillfidh sé trí oiread luacha na n-earraí nó na n-airceadal sin uile nó suim céad punt, do réir mar is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim.
CUID III.
Cain Bhrabuis Chorpraide.
Cáin bhrabúis chorpráide a mheisiúnú i leith tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an lú Eanair, 1941, nó dáta dá éis sin.
24.—(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanair, 1941, nó dáta dá éis sin, sé sin le rá, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim meisiúnacht chun cánach brabúis corpráide a dhéanamh tráth ar bith tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta nó na coda de thréimhse chuntasaíochta ar i leith a brabúis a déanfar an mheisiúnacht, agus mura dtugtar tuairisceán sásúil nó eolas eile chun meisiúnacht a dhéanamh dá réir, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim meisiúnacht a dhéanamh go feadh a mbreithiúnais.
(2) Scoirfidh fo-alt (4) d'alt 56 den Finance Act, 1920, arna leasú le fo-alt (2) d'alt 35 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), d'éifeacht a bheith aige maidir le tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanair, 1941, nó dáta dá éis.
(3) San alt seo, déanfar tagairt do cháin bhrabúis chorpráide a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do cháin ró-bhrabúis chorpráide agus déanfar tagairt do mheisiúnacht a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do mheisiúnacht bhreise.
Alt 37 den Acht Airgeadais, 1941, agus alt 14 den Acht Airgeadais, 1942, a leasú.
25.—(1) Déantar leis seo alt 37 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), a leasú mar a leanas—
(a) trí na focail agus na figiúirí “agus a chríochnós an 31ú lá de Nollaig, 1946, nó roimhe sin” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (2) i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “1941, nó dá éis sin,”;
(b) tríd an mír nua seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2)—
“(c) an bhreis a bheas ag an mbrabús (is brabús lena mbaineann Cuid V den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin iardain) a éireos nó d'éirigh sa chuid a thiocfas roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, d'aon tréimhse chuntasaíochta dar tosach dáta roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis, ar an mbrabús caighdeánach arna mhíniú mar adúradh.”;
(c) tríd an mír nua seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3)—
“(c) déanfar an brabús d'éirigh in aon tréimhse chuntasaíochta dar tosach dáta roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis, a chionroinnt idir an chuid den tréimhse chuntasaíochta sin a thiocfas roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, agus an chuid di a thiocfas i ndiaidh an 31ú lá de Nollaig, 1946, do réir faideanna faoi seach na gcoda sin.”
(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942), a leasú mar a leanas—
(a) trí na focail agus na figiúirí “agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1946, nó dáta roimhe sin” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “1941, nó dáta dá éis sin,”; agus
(b) trí na focail agus na figiúirí “agus fós an chuid roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, de thréimhse chuntasaíochta dar tosach dáta roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “1941, agus a chríochnaigh an lá sin nó dá éis,”.
Léiriú Coda III.
26.—Léifear agus léireofar an Chuid seo den Acht seo i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin iardain, agus go háirithe léifear agus léireofar í i dteannta Coda V den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), Coda IV den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942), Coda III den Acht Airgeadais, 1943 (Uimh. 16 de 1943), agus Coda II den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944).
CUID IV.
Ilghneitheach agus Ginearalta.
Foirm orduithe forghníomhuithe i gcásanna áirithe ioncaim.
27.—(1) Baineann an t-alt seo le haon imeachta a tionscnófar san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Chuarda chun aon cháin nó diúité a aisghabháil a bheas faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim nó chun aon fhíneáil, pionós nó urghéilleadh a aisghabháil a forchuireadh maidir le haon cháin nó diúité den tsórt sin, is imeachta ina bhféadfaí go dtí seo ordú forghníomhuithe (a bhfuil a fhoirm leagtha amach ag Uimh. 37 i bhFoscríbhinn N a ghabhas leis na Rules of the Supreme Court (Ireland) 1905 agus a dtugtar foirm do rit Levari Facias mar thuairisc uirthi ansin) a eisiúint nó ordú arb ionann ceanglas dó a eisiúint, dá mba san Ard-Chúirt a tionscnadh na himeachta sin.
(2) D'ainneoin éinní contrártha dhó sin a foráltar le haon achtachán nó faoi nó le haon riail chúirte, má thugann an Ard-Chúirt breithiúnas i gcoinne an chosantóra i dtaobh suime ar bith in imeachta lena mbaineann an t-alt seo, is sa bhfoirm atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a bheas foirm an orduithe forghníomhuithe a bheas le heisiúint i dtaobh na suime sin, má iarrann an gearánaí nó an faisnéiseoir sin, agus má tugtar breithiúnas den tsórt sin sa Chúirt Chuarda is sa bhfoirm sin, fara na modhnuithe is cuibhe, a bheas foirm an orduithe forghníomhuithe a bheas le heisiúint amhlaidh, má iarrann an gearánaí nó an faisnéiseoir sin.
Us ar thaiscí i mBanc Taisce an Phoist.
28.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, gach ní nó éinní acu seo a leanas a dhéanamh—
(a) an ráta úis (dá ngairmtear an gnáth-ráta sa bhfo-alt seo) a cheapadh a bheas iníoctha i leith taiscí,
(b) a fhoráil, i gcás méid aon taisce do dhul thar suim shonraithe—
(i) go mbeidh ús do réir an ghnáth-ráta iníoctha ar an méid den taisce sin ná téann thar an suim shonraithe sin, agus
(ii) go mbeidh ús ar iarmhar na taisce sin iníoctha do réir pé ráta nó do réir pé rátaí difriúla, maidir le coda difriúla dhi, a sonrófar san ordú,
(c) an tréimhse íosta a cheapadh a mbeidh aon ús ar thaisce le ríomh ina haghaidh,
(d) an méid íosta de thaisce a cheapadh a mbeidh ús le ríomh ina leith nó i leith aon iolruithe dhe,
(e) foráil a dhéanamh i dtaobh na slí ina ndeighleálfar le cuid, is codán de phingin, d'aon ús ar thaisce,
(f) foráil a dhéanamh i dtaobh pé nithe eile, maidir le haon ús ar thaiscí a ríomh, is cuibhe leis.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo a leasú nó a chúlghairm.
(3) Sar a ndéanfaidh an tAire aon ordú faoin alt seo leagfar dréacht den ordú sin faoi bhráid Dháil Éireann agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den dá lá dhéag a shuífeas Dáil Éireann tar éis an dréacht a chur faoina bráid amhlaidh, rún a rith ag easaontú leis an ordú a dhéanamh i dtéarmaí an dréachta, ní déanfar aon bheart eile ina thaobh, ach beidh sin gan dochar do dhéanamh aon dréacht-orduithe nua.
(4) Amhail ar an dáta agus ón dáta a thiocfas an chéad ordú a dhéanfas an tAire faoi fho-alt (1) den alt seo i ngníomh—
(a) beidh alt 7 den Post Office Savings Bank Act, 1861, arna athghairm,
(b) is é ráta úis is iníoctha ar thaiscí ná pé ráta nó rátaí a bheas sonraithe in ordú arna dhéanamh faoin alt seo agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire.
(5) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;
ciallaíonn an focal “taisce” an méid iomlán a bheas de thuras na huaire chun creidiúna do chuntas taisceora i mBanc Taisce an Phoist, ach ní fholaíonn sé airgead a bheas chun creidiúna do bhanc taisce iontaobhaithe in ainm an Aire i mBanc Taisce an Phoist.
Us ar thaiscí i mbainc taisce iontaobhaithe.
29.—(1) D'ainneoin éinní in alt 5 den National Debt (Supplemental) Act, 1888, ní raghaidh an t-ús is iníoctha ar thaisce i mbanc taisce iontaobhaithe thar an ráta is iníoctha de thuras na huaire ar thaisce den mhéid chéanna i mBanc Taisce an Phoist.
(2) San alt seo ciallaíonn an abairt “banc taisce iontaobhaithe” banc arna theastasú faoin Trustee Savings Banks Act, 1863.
An Ciste Forbartha Idirlinne.
30.—(1) Bunaítear leis seo ciste (dá ngairmtear an Ciste san alt seo) ar a dtabharfar an Ciste Forbartha Idirlinne agus a bheas faoi urláimh agus bainistí an Aire.
(2) Íocfar isteach sa Chiste, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, sa bhliain airgeadais a thosnaigh an 1ú lá d'Aibreán, 1946, suim nach mó ná cúig mhilliún punt.
(3) Féadfaidh an tAire an Ciste a úsáid chun críche ar bith a ndéantar airgead poiblí a sholáthar chuici nó i leith a costais agus a raghadh chun acmhainn chaipitil a fhorbairt nó a mhéadú.
(4) Déanfar an Ciste a fhorceannadh ar dháta nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1948, agus déanfar an t-iarmhéid a bheas fágtha ansin sa Chiste a íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire.
(5) Déanfaidh an tAire, maidir le gach bliain airgeadais a ndéanfar an Ciste a chothabháil ar a feadh nó ar feadh coda dhi, cuntas a ullmhú i dtaobh íocaíochtaí isteach sa Chiste agus amach as, agus cuirfear an cuntas sin faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste chun a scrúduithe agus chun tuarascáil a thabhairt air.
(6) Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas cóip de gach cuntas a hullmhófar faoi fho-alt (5) den alt seo agus de gach tuarascáil a bhéarfas an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste air.
(7) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais; ciallaíonn an abairt “airgead poiblí” airgead arna mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó arna eisiúint as nó arna sholáthar ag an Oireachtas.
Athghairm.
31.—Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa dara colún den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.
32.—Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo gach cáin agus diúité a forchuirtear leis an Acht seo.
Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.
33.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1946, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Cuid I den Acht seo a léiriú i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sé le diúitéthe custam, a léiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sé le diúitéthe máil, léireofar í i dteannta na reacht a bhaineas le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.
(4) Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt go folas inti, is tuigthe Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1946, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Biotaille (Ratai an Ghnath-Dhiuite Chustam).
Tuairisc na Biotáille | Rátaí Fábhair | Lán-Rátaí | ||||||||||
Sa Chasc | Sa Bhuidéal | Sa Chasc | Sa Bhuidéal | |||||||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | £ | s. | d. | £ | s. | d. | |
Ar gach galún, arna áireamh do réir phrofa, dhíobh seo— | ||||||||||||
Branda nó rum ... ... | 4 | 15 | 4 | 4 | 16 | 4 | 4 | 17 | 10 | 4 | 18 | 10 |
Rum tacair nó geinéibh ... | 4 | 15 | 5 | 4 | 16 | 5 | 4 | 17 | 11 | 4 | 18 | 11 |
Biotáille neamh milsithe seachas na saghsanna a luadh cheana ... ... | 4 | 15 | 5 | 4 | 15 | 5 | 4 | 17 | 11 | 4 | 17 | 11 |
Ar gach galún de bhiotáille chumhraithe ... ... ... | 7 | 12 | 0 | 7 | 13 | 0 | 7 | 16 | 0 | 7 | 17 | 0 |
Ar gach galún de licéirí, coirdil, meascáin agus ullmhóidí eile, sa bhuidéal, a hiontrálfar i slí a thaispeánfas ná fuil an neart le tástáil ... ... ... | — | 6 | 9 | 6 | — | 6 | 12 | 10 | ||||
Ar gach galún, arna áireamh do réir phrofa, d'aon tsaghas biotáille nár luadh cheana, lena n-áirítear naíta agus alcól meithleach ar na n-íonú chun iad a dhéanamh inóil, agus meascáin agus ullmhóidí ina mbeidh biotáille ... ... | 4 | 15 | 5 | 4 | 16 | 5 | 4 | 17 | 11 | 4 | 18 | 11 |
AN DARA SCEIDEAL.
Glucos agus Siuicrin—Ratai Diuitethe agus Aistarraingi.
Cuid I.
Diúitéthe.
Earraí | Diúitéthe Custam | Diúitéthe Máil | ||
s. | d. | s. | d. | |
Glúcós:— | ||||
Soladach ... ... ... ...an cmn. | 15 | 5 | 15 | 5 |
Leachtach ... ... ... ... ,, | 11 | 2 | 11 | 2 |
Siúicrín (lena n-áirítear substaintí arb ionann saghas agus úsáid dóibh) ... ... ... an t-unsa | 7 | 0 | 7 | 0 |
Cuid II.
Aistarraingí.
A.—Custaim.
Cineál na hAistarrainge | Méid an Ráta Aistarrainge |
(1) Aistarraing ar bheoir, a ndearnadh glúcós ar ar híocadh diúité a úsáid á grúdú, a thaisceadh i mbannastóras chun a honnmhuirithe. | Suim is comhionann leis an diúité a híocadh i leith an ghlúcóis. |
(2) Aistarraing ar earraí (seachas beoir), a ndearnadh aon ghlúcós nó siúicrín ar ar híocadh diúité a úsáid á ndéanamh nó á n-ullmhú sa Stát, a onnmhuiriú nó a loingsiú nó a thaisceadh i mbanna-stóras chun a n-úsáidte mar stóranna loinge. | Suim is comhionann leis an diúité is inéilithe i leith na cainníochta de ghlúcós nó de shiúicrín is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim a húsáideadh ag déanamh nó ag ullmhú na n-earraí nó, i gcás táirgthe iarmartacha, a bheith sna hearraí. |
B.—Mál.
Cineál na hAistarrainge | Méid an Ráta Aistarrainge |
(1) Aistarraing ar ghlúcós nó siúicrín, ar ar híocadh diúité, a onnmhuiriú nó a loingsiú nó a thaisceadh i mbanna-stóras chun a úsáidte mar stóranna loinge. | Suim is comhionann leis an diúité a híocadh. |
(2) Aistarraing ar bheoir, a ndearnadh glúcós ar ar híocadh diúité a úsáid á grúdú, a thaisceadh i mbannastóras chun a honnmhuirithe. | Suim is comhionann leis an diúité a híocadh. |
(3) Aistarraing ar earraí (seachas beoir), a ndearnadh aon ghlúcós nó siúicrín ar ar híocadh diúité a úsáid á ndéanamh nó á n-ullmhú sa Stát, a onnmhuiriú nó a loingsiú nó a thaisceadh i mbanna-stóras chun a n-úsáidte mar stóranna loinge. | Suim is comhionann leis an diúité a híocadh i leith na cainníochta de ghlúcós nó de shiúicrín is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim a húsáideadh ag déanamh nó ag ullmhú na n-earraí. |
(4) Aistarraing ar ghlúcós, ar ar híocadh diúité, a thaisceadh i stóras a bheas ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi Alt 2 den Manufac-tured Tobacco Act, 1863, chun tobac cavendish agus tobac negrohead a dhéanamh. | Suim is comhionann leis an aistarraing dob iníoctha ar an nglúcós a onnmhuiriú. |
AN TRIU SCEIDEAL.
Foirm Orduithe Forghniomhuithe i gCasanna Ioncaim.
AN ARD-CHÚIRT BHREITHIÚNAIS.
IONCAM
Do na Sirriaim, na Fo-Shirriaim agus na Cláraitheoirí Contae uile agus faoi seach agus do Choimisinéir agus Oifigigh an Gharda Shíochána:
DE BHRÍ gur bhreithiúnaigh an Ard-Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil
i bhfiacha do réir ceartais ag an Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste i suim Puint Scillinge agus Pingne maraon le suim Puint Scillinge agus Pingne costais mar atá ar breacadh san Ard-Chúirt Bhreithiúnais. Ar an abhar sin ordaítear leis seo díbhse, na Sirriaim, na Fo-Shirriaim agus na Cláraitheoirí Contae uile agus faoi seach, earraí agus airnéisí an sin a thógaint i bhforghníomhú mar shásaíocht sna suimeanna sin i leith fiacha agus costais. Agus mura leor earraí nó airnéisí an sin mar shásaíocht sna fiacha agus sa chostas sin, nó mura mbeidh ag an sin aon earraí ná airnéisí is intógtha i bhforghníomhú mar shásaíocht sna fiacha agus sa chostas sin mar adúradh ordaítear leis seo duitse, an Sirriam, an Fo-Shirriam nó an Cláraitheoir Contae a bhfuil an t-ordú seo á thabhairt dó lena fhorghníomhú teastas sa chéill sin a thabhairt i gceann de na foirmeacha atá formhuinithe air seo agus an tOrdú seo maraon leis an teastas sin arna shíniú agat formhuinithe air seo a chur go dtí an Ceannphort nó an t-oifigeach cuibhe eile den Gharda Síochána a ghníomhós don líomatáiste nó don cheantar ina bhféadfair forghníomhú a thobhach. Agus ordaítear leis seo díbhse Coimisinéir agus Oifigigh an Gharda Shíochána ar an gCeannphort sin nó an t-oifigeach cuibhe eile sin d'fháil an orduithe seo maraon leis an teastas atá formhuinithe air seo arna shíniú ag an Sirriam, an Fo-Shirriam nó an Cláraitheoir Contae sin an sin a ghabháil agus a thabhairt chun an phríosúin is comhgaraí agus é a sheachadadh ansin do Rialtóir an phríosúin sin chun fanúint agus bheith á choimeád ansin ag an Rialtóir sin go dtí go dtabharfar sásaíocht sna fiacha agus sa chostas sin, nó go dtí go mbeidh tréimhse sé mhí caite, pé acu sin is giorra.
FÍNNÉ,
Onórach, Príomh-Bhreitheamh, an | lá de |
Tá an tOrdú seo á eisiúint ag | |
An tAturnae Ioncaim, | |
Caisleán Bhaile Atha Cliath. |
TEASTAS.
Don Cheannphort nó don Oifigeach cuibhe eile den Gharda Síochána do Chontae.
Teastasaím leis seo nach leor earraí agus airnéisí an atá ainmnithe laistigh mar shásaíocht sna fiacha agus sa chostas a luaitear san Ordú seo istigh agus dar méid £ : : agus gurb í suim a toibhíodh £ : : i gcás go bhfuil iarmhéid de £ : : fágtha le sásamh.
ARNA THABHAIRT faoi mo láimh an | lá seo de |
19 . |
Sirriam, Fo-Shirriam, | |
------------------------------- | |
An Cláraitheoir Contae do Chontae |
Don Cheannphort nó don Oifigeach cuibhe eile den Gharda Síochána do Chontae
Teastasaím leis seo ná fuil ag atá ainmnithe laistigh aon earraí ná airnéisí is intógtha i bhforghníomhú mar shásaíocht sna fiacha agus sa chostas a luaitear san Ordú seo istigh agus dar méid £
ARNA THABHAIRT faoi mo láimh an | lá seo de |
19 . |
Sirriam, Fo-Shirriam, | |
------------------------------- | |
An Cláraitheoir Contae do Chontae |
AN CEATHRU SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
7 & 8 Geo. IV, c. 53 | Excise Management Act, 1827 | Alt 32 |
Uimh. 31 de 1936 ... | Alt 21 | |
Uimh. 14 de 1941 ... | Alt 20 |