[EN]

Uimhir 20 de 1930.


[EN]

ACHT AIRGID, 1930.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE DE CHUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA, CHUN AN DLÍ BHAINEANN LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [8adh Iúl, 1930.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Cain Ioncuim.

[EN]

Cáin Ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1930-31.

1.—(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1930, éileofar Cáin Ioncuim do réir thrí scillinge fén bpúnt.

[EN]

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1930, éileofar for-cháin do réir na rátaí céanna gur dá réir do héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1929.

[EN]

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1929, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha Chuid II den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) agus forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1930.

[EN]

Faoiseamh i dtaobh cailliuintí áirithe.

2.—(1) I gcás cailiuint do thárlachtaint do dhuine ar bith in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1928, no in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1929, in aon chéird, gairm, no slí bheatha do bhí ar siúl aige, ina aonar no i bpáirtnéireacht, féadfa sé na laigheaduithe seo leanas d'éileamh:—

[EN]

(a) ar cháinmheas ar bith a déanfar air in aghaidh na bliana dar críoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, i dtaobh proifítí ón gcéird, ón ngairm, no ón slí bheatha chéanna,—trian na cailliúna glan (má b'ann di) do thárla i rith an dá bhlian dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1929;

[EN]

(b) ar cháinmheas ar bith a déanfar air in aghaidh na bliana dar críoch an 5adh lá d'Abrán, 1932, i dtaobh proifití ón gcéird, ón ngairm, no ón slí bheatha chéanna,—trian na cailliúna (má b'ann di) do thárla i rith na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1929.

[EN]

(2) Chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo is do réir na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, a háireofar an chailliuint do thárla do dhuine bheidh i dteideal laigheadú ar bith d'éileamh fén bhfo-alt san, agus ní lomhálfar laigheadú ar bith mar gheall ar aon chuid de chailliuint gur lomháladh faoiseamh ina taobh fé alt 34 den Acht san no fé aon fhoráil eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim.

[EN]

Indlighteacht Bhord Soláthair an Leictreachais chun Cáin Ioncuim d'íoc.

3.—(1) Chun deire do chur le hamhrus dearbhuítear agus achtuítear leis seo nách ionann agus nárbh ionann aon uair riamh Bord Soláthair an Leictreachais agus an Stát ná brainse ná roinn de Rialtas an Stáit chun a shocrú ce'ca dlightear no ná dlightear go gcáinmheasfaí an Bord san chun cánach ioncuim agus go n-íocfadh sé cáin ioncuim.

[EN]

(2) Is do réir na suirbhéireacht agus na luacháil do rinneadh fé sna hAchtanna Luachála déanfar amach an luach bliantúil gur ina thaobh a bheidh cáin le héileamh fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, ar thionóntachán no ar ionoighreachta ar bith a bheidh in aon-tseilbh no fé aon-chúram no i seilbh Bhord Soláthair an Leictreachais agus a bheidh saor de thurus na huaire óna cháinmheas chun ráta dhealbhais.

[EN]

An cáinmheas in aghaidh na bliana 1930-31 do choigeartú i gcásanna áirithe.

4.—(1) Má dheineann duine ar bith do cuireadh fé cháinmheas agus fé mhuirear cánach in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1930, i dtaobh ioncuim do tháinig no d'fhás as urrúis lasmuich de Shaorstát Éireann no as stuic, as scaireanna no as cíosa sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim, sa tslí foráltar leis an alt so, go raibh suim iomlán an ioncuim do cháinmheasadh amhlaidh breis agus fiche per cent. ni ba mhó ná suim iomlán an ioncuim do tháinig no d'fhás chuige dáiríribh in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, as urrúis lasmuich de Shaorstát Éireann agus as stuic, as scaireanna no as cíosa sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, beidh sé i dteideal, ar a iarraidh sin do sa tslí foráltar anso ina dhiaidh seo, a fháil go ndéanfaí an cáinmheas do rinneadh air in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, fé sna Rialacha (lasmuich de Rialacha 3 agus 4) a bhaineann le Cás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do choigeartú go dtí suim a háireofar:—

[EN]

(a) ar mhéid iomlán an ioncuim do tháinig no d'fhás chuige dáiríribh sa bhliain dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, as urrúis lasmuich de Shaorstát Éireann agus as stuic, as scaireanna no as cíosanna sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann; agus

[EN]

(b) ar mhéid an ioncuim eile go léir a bhí aige agus is ioncháinmheasta fé sna Rialacha (lasmuich de Rialacha 3 agus 4) a bhaineann le Cás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus do tháinig no d'fhás dáiríribh in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1930, no in aghaidh na bliana dar chríoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, pe'ca aca is mó.

[EN]

(2) Duine iarrfaidh coigeartú cáinmheasa fén alt so beidh sé i dteideal aisíoc d'fháil i pé cuid den cháin d'íoc sé is ionann agus an deifríocht idir méid na cánach do híocadh amhlaidh agus an méid do bheadh iníoctha dá mba fén bhfo-alt san roimhe seo d'áireofaí an cáinmheas ar dtúis.

[EN]

(3) Is ar an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1931, no roimhe sin a déanfar gach iarratas fén alt so agus is i scríbhinn agus chun an chigire chánach a déanfar é agus beidh na Coimisinéirí Ioncuim i dteideal glaoch ar pé fianaisc is dó leo is gá chun a chur ar a gcumas a mbreith do thabhairt ar an iarratas san.

[EN]

(4) Duine ar bith a dhéanfaidh iarratas fén alt so agus a bheidh mí-shásta le breith na gCoimisinéirí Ioncuim air, beidh sé i dteideal, ar fhógra do thabhairt uaidh i scríbhinn don chigire chánach laistigh de lá is fiche tar éis an bhreith sin do chur in úil do, a éileamh go gcuirfí a iarratas fé bhráid na gCoimisinéirí Speisialta.

[EN]

(5) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh na Coimisinéirí Speisialta ar iarratas a cuirfear fé n-a mbráid fén bhfo-alt san roimhe seo.

[EN]

Bailitheoir nua do leanúint d'imeachta ar feitheamh.

5.—(1) Más rud é go ndearna bailitheoir, do ceapadh go cuibhe chun cáin ioncuim ar bith do bhailiú, imeachta do bhunú fé alt 11 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924), no leanúint díobh fén alt so, sé sin, imeachta ar bith do cuireadh ar siúl fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt san 11 chun an cháin sin do bhaint amach agus, le linn na himeachta san do bheith ar feitheamh, go scuirfidh an bailitheoir sin, ar réasún ar bith, de bheith mar bhailitheoir do ceapadh amhlaidh chun an cháin sin do bhailiú, beidh deire láithreach le ceart an bhailitheora san chun leanúint de sna himeachta san agus an bailitheoir a ceapfar go cuibhe chun an cháin sin do bhailiú i ndiaidh an bhailitheora do scuir amhlaidh beidh sé i dteideal, más mian leis é, teacht chun bheith, agus bheith, ina pháirtí sna himeachta san in ionad an bhailitheora do scuir amhlaidh agus beidh sé i dteideal leanúint de sna himeachta san dá réir sin.

[EN]

(2) San alt so foluíonn an focal “bailitheoir” oifigeach do sna Coimisinéirí Ioncuim agus údarás cuibhe aige chun cáin ioncuim do bhailiú.

[EN]

CUID II.

Custuim agus Mal.

[EN]

Diuitéthe breise ar fhíon.

6.—(1) In ionad na ndiuitéthe custum atá ar fhíon fé láthair, déanfar (fé réir forálacha an Achta so) na diuitéthe custum so leanas d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc an 2adh lá de Mheitheamh, 1930, agus as san amach, ar gach fíon a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, sé sin le rá:—

Fíon—

£

s.

d.

Nách mó ná 25 gráid a bhiotáille phromhtha, an galún

3

0

Gur mó ná 25 gráid ach nách mó ná 30 grád a

bhiotáille phromhtha, an galún

...

...

5

0

Gur mó ná 30 grád ach nách mó ná 42 ghrád a

bhiotáille phromhtha, an galún

...

...

12

0

Agus in aghaidh gach gráid no cuid de ghrád thar an méid is aoirde a héilítear thuas, diuité breise, an

galún

...

...

...

...

...

1

0

Fíon drithleach sa bhuideul, diuité breise, an galún

12

6

Fíon nea-dhrithleach nách mó ná 25 gráid a bhiotaille phromhtha sa bhuideul,

diuité breise, an galún

...

2

0

Fíon nea-dhrithleach gur mó ná 25 gráid a bhiotáille

phromhtha sa bhuideul, diuité breise, an galún

...

4

0

[EN]

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diuitéthe forchuirtear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

[EN]

(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur fíon drithleach a hiomportáladh sa bhuideul fíon do rinneadh drithleach no fiuchúil agus a buideuladh i mbanna-stóras agus ar a sheachada chun a ólta i Saorstát Éireann éileofar an diuité forchuirtear ar fhíon drithleach leis an alt so.

[EN]

(4) San alt so foluíonn an focal “fíon” dríodar fíona.

[EN]

Diuitéthe nua iomportála do bhuanú.

7.—(1) Na diuitéthe nua iomportála do céad-fhorchuireadh le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh (fé réir an diuité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile ath-sheinnte ceoil agus an diuité ar scannán fholamh gan pictiuir air agus an diuité ar ghluaisteáin (ar a n-áirítear mótar-rothair agus mótarrothair thréanacha) agus ar chabhartha dhóibh agus ar fhíor-choda dhíobh nách buinn d'eisceacht) go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1930, le halt 21 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1930, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1931, lé réir na n-eisceacht roimhráite.

[EN]

(2) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur cabhair chun oideachais aon scannán cinematografach áirithe a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfid, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diuité, ar scannáin chinematografacha, a háirítear ar na diuitéthe a buanítear leis an alt so.

[EN]

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diuitéthe buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

[EN]

Na diuitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

8.—(1) Na diuitethe breise, ar thorthaí tiormuithe, do céadfhorchuireadh le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1930, le halt 22 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1930, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1931.

[EN]

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diuitéthe buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

[EN]

Saoirse o dhiuité ar throscán.

9.—I gcás in ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon bhall troscáin (seachas creat leapan) no aon fhíor-chuid d'aon bhall troscáin (seachas creat leapan) do bheadh mara mbeadh an t-alt so ionchurtha fén diuité forchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925), ná fuil sa mhéid adhmaid atá sa bhall no sa bhfíor-chuid sin ach cuid shuarach d'iomlán an bhaill no na fíor-choda san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an ball no an fhíor-chuid sin gan an diuité sin d'íoc no aon diuité den tsórt san do híocadh ar a iomportáil d'aisíoc.

[EN]

Saoirse d'fheithiclí inneallghluaiste áirithe o dhiuité.

10.—Ní bheidh diuité ar bith iníoctha fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear é leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926), ar fheithicil inneall-ghluaiste ná húsáidtear ach chun báid tárrthála agus a bhfearas d'aistriú (tré n-a n-iompar no tré n-a dtarac).

[EN]

Lacáiste sa diuité ar fheithiclí inneallghluaiste áirithe.

11.—(1) Má chruthuíonn duine ar bith chun sástacht an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí gur íoc sé diuité in aghaidh na bliana no aon choda den bhliain dar thosach an 1adh lá d'Eanar, 1931, no in aghaidh aon bhliana no aon choda d'aon bhliain ina dhiaidh sin, fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear é leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926), ar fheithicil inneallghluaiste le n-a mbaineann an t-alt so, beidh sé i dteideal aisíoc cúig is fiche per cent. den diuité do híocadh amhlaidh.

[EN]

(2) Baineann an t-alt so le gach feithicil inneall-ghluaiste—

[EN]

(a) is feithicil inneall-ghluaiste le n-a mbaineann mír 6 den Triú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926), ach nách carráiste ar tuarastal do réir bhrí alt 4 den Customs and Inland Revenue Act, 1888, agus

[EN]

(b) go ndearnadh a hinneall roimh an 1adh lá d'Eanar, 1926, agus

[EN]

(c) do bhí cláruithe i Saorstát Éireann an 30adh lá d'Abrán, 1930.

[EN]

An Hawkers Act, 1888, do leasú.

12.—(1) Athghairmtear leis seo an méid d'alt 2 den Hawkers Act, 1888, le n-a mínítear brí an fhocail “hawker” san Acht san agus ina ionad san achtuítear leis seo go léireofar an focal “hawker,” i ngach áit ina bhfuil sé san Acht san, mar fhocal a chialluíonn agus a fholuíonn na daoine seo leanas agus beidh éifeacht ag an Acht san dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) duine ar bith a thaistealann le capall no le beithíoch eile ag iompar no ag tarrac ualaigh no le feithicil inneallghluaiste agus a théigheann o áit go háit no go tithe fear eile ag iompar earraí no áirnéise no áirnéise ceannaíochta ar bith chun a ndíolta no a malairtithe, no á dtaisbeáint chun a ndíolta no a malairtithe, no ag taisbeáint somplaí no pátrún d'aon earraí no áirnéis no áirnéis cheannaíochta chun a seachadtha ina dhiaidh sin, agus

[EN]

(b) duine ar bith a thaistealann le capall no le beithíoch eile ag iompar no ag tarrac ualaigh no le feithicil inneallghluaiste agus é ag iompar earraí no áirnéise no áirnéise ceannaíochta ar bith (seachas earraí no áirnéis no áirnéis cheannaíochta a hiomprófar chun a seachadtha do cheannuitheoir do réir ordú a tugadh roimhe sin) agus a dhíolann no a mhalairtíonn, no a thaisbeánann chun a díolta no a malairtithe, aon earra no áirnéis no áirnéis cheannaíochta acu san ag tigh aon duine eile, agus

[EN]

(c) duine ar bith a thaistealann ar aon chóir ghluaiseachta go haon áit ná fuil gnáth-chomhnaí air ná gnó ar siúl aige ann agus a dhíolann no a mhalairtíonn, no a thaisbeánann chun a ndíolta no a malairtithe, ann aon earraí no áirnéis no áirnéis cheannaíochta in no as aon fheithicil no in no ag aon tigh, siopa, seomra, both. stalla no áit eile ar bith a bhíonn ar cíos no in úsáid aige chuige sin.

[EN]

(2) D'ainneoin éinní atá sa Hawkers Act, 1888, isé diuité a híocfar ar cheadúnas mháil do bhéarfar amach fé alt 3 den Acht san do dhuine is hácaer de bhua mír (a) no mír (b) d'fho-alt (1) den alt so agus a thaistealann le feithicil inneall-ghluaiste, no do dhuine is hácaer de bhua mír (c) den fho-alt san, ná deich bpúint, agus ní tuigfear duine ar bith den tsórt san do bheith ceadúnuithe go cuibhe fén Acht san de bhrí gur thóg sé amach ceadúnas fén Acht san ar ar híocadh diuité ba lú ná deich bpúint agus dá bhrí sin amháin.

[EN]

(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 den Hawkers Act, 1888, agus ina ionad san achtuítear leis seo nách gá do dhuine ar bith acu so leanas ceadúnas do thógaint amach fén Acht san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) duine ar bith a dhíolann earraí no áirnéis no áirnéis cheannaíochta le daoine is deighleálaithe sna nithe sin agus a cheannuíonn chun díol arís, no a iarrann orduithe ar na nithe sin ar na daoine sin;

[EN]

(b) fíor-oibritheoir no fíor-dhéantóir aon earraí no áirnéise no áirnéise ceannaíochta agus a chlann, a phríntísigh agus a sheirbhísigh atá in éintigheas leis, más earraí no áirnéis no áirnéis cheannaíochta dheineann an fíoroibritheoir no an fíor-dhéantóir sin, agus iad san amháin, na nithe dhíolaid no ar a n-iarraid orduithe;

[EN]

(c) duine ar bith ná díolann ach tora feirmeoireachta (pe'ca tora ainmhithe no tora fáis é) do fásadh, do tógadh, no do saothruíodh ar thalamh ar seilbh ag an duine sin no ag fostóir no ag máistir an duine sin no ag céile no ag tuismitheoir an duine sin no ag duine clainne no ag gaol eile leis;

[EN]

(d) duine ar bith a dhíolann feoil, iasc, torthaí, glasraí, arán, bainne, gual, móin, no connadh agus ná díolann aon earraí eile.

[EN]

(4) Má dheineann duine cionta fé fho-alt (1) d'alt 6 den Hawkers Act, 1888, agus go mbeidh an gníomh gurb é an cionta é de shaghas gurb é an ceadúnas ceart do réir bhrí an fho-ailt sin ná ceadúnas go ndiuité máil de dheich bpúint, raghaidh an duine sin fé fhíneail chaogad púnt mar bhreis ar aon phionós eile (seachas an fhíneail de dheich bpúint a luaidhtear sa bhfo-alt san) a dlightear a chur air.

[EN]

(5) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an 1adh lá de Lúnasa, 1930.

[EN]

Diuité ar cheadúnaisí iasachtóirí airgid.

13.—(1) Eileofar, gearrfar agus íocfar ar gach ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iasachtóra airgid san alt so), chun gníomhú agus gnó do dhéanamh mar iasachtóir airgid, do bhéarfar amach fé aon Acht do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, diuité máil do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ar cheadúnas iasachtóra airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl, 1931—deich bpúint;

[EN]

(b) ar cheadúnas iasachtóra airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl bliain ar bith, ach an bhliain 1931, agus a tógfar amach laistigh de shé mhí roimh an dul in éag san—deich bpúint;

[EN]

(c) ar aon cheadúnas iasachtóra airgid eile—cúig púint déag.

[EN]

(2) Má cruthuítear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim go bhfuil ceadúnas máil i bhfeidhm chun gnó geall-bhrócaera do dhéanamh in áitreabh ar bith dá bhfuil ceadúnas no ceadúnaisí iasachtóra airgid tógtha amach ag an duine no ag na daoine atá i mbun an ghnótha san, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim—

[EN]

(a) i gcás gan ach aon cheadúnas iasachtóra airgid amháin den tsórt san do bheith tógtha amach amhlaidh, leath an diuité ar an gceadúnas san do mhaitheamh no, i gcás an diuité bheith íoctha, leath an diuité d'aisíoc, agus

[EN]

(b) i gcás dhá cheadúnas iasachtóra airgid den tsórt san no níos mó do bheith tógtha amach amhlaidh, leath an diuité ar pé ceann de sna ceadúnaisí sin is túisce do tógadh amach do mhaitheamh no, i gcás an diuité do bheith íoctha, leath an diuité d'aisíoc.

[EN]

Diuité ar cheadúnaisí díolta géim.

14.—(1) Gach éinne dhéanfaidh, fé aon Acht do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, ceadúnas díolta géim do thógaint amach no d'athnuachaint, éileofar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar na hócáidí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, diuité mail de thrí púint ar gach ceadúnas a tógfar amach no a hathnuadhfar amhlaidh.

[EN]

(2) An diuité forchuirtear leis an alt so ar aon cheadúnas den tsórt san roimhráite éileofar, gearrfar, agus íocfar é nuair a tógfar amach an ceadúnas san agus fós ar dhéanamh gach athnuachainte ar an gceadúnas san agus íocfar agus baileofar é tré stampaí thaisbeánfaidh méid an diuité sin do mhúnlú ar na ceadúnaisí agus ar na hathnuachaintí sin, agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an diuité agus leis na stampaí sin.

[EN]

(3) Léireofar alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus beidh éifeacht acu fé is dá ndeintí an diuité forchuirtear leis an alt so do chur le líon agus ar líon na ndiuitéthe luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

[EN]

(4) Ní déanfar ceadúnas díolta géim is ionchurtha fén diuité forchuirtear leis an alt so ná aon athnuachaint ar cheadúnas den tsórt san do thabhairt amach mara mbeidh ná go dtí go mbeidh an ceadúnas no an athnuachaint sin stampálta go cuibhe fén alt so in aghaidh an diuité sin

[EN]

CUID III.

Ilghneitheach agus Generalta.

[EN]

Diuité stampa ar instruimidí do rinneadh fé Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930.

15.—(1) Instruimid ar bith do rinneadh fé Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930 (Uimh. 9 de 1930), agus do séaladh le séala oifigiúil an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí no údaráis áitiúla do réir bhrí an Achta san, ní dlighfear, de dhruim an séala san do bheith curtha uirthi agus dá dhruim sin amháin, í chur fé aon diuité stampa is aoirde ná dá mb' instruimid í ná beadh ach fé láimh.

[EN]

(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 15adh lá d'Abrán, 1930, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus as san amach.

[EN]

Saoirse o dhiuité stampa ar orduithe muirir áirithe.

16.—(1) Beidh ordú muirir do dhein Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn fé alt 9 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929), saor o dhiuité stampa ar bith is inéilithe fén Stamp Act, 1891, no fé aon Acht le n-a leasuítear an tAcht san.

[EN]

(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 20adh lá de Mhí na Nodlag, 1929, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus as san amach.

[EN]

Airgead Stáit do shúncáil.

17.—(1) Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham, fé mar agus nuair is oiriúnach leis é, airgead ar bith a bheidh i gcreidiúint do Chuntas an Stát-Chiste de thurus na huaire do shúncáil in aon bhannaí, billí, nótaí, no urrúis eile do bhéarfar amach ag Rialtas Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann no thar a cheann agus a bheidh dlite laistigh de bhliain o am a gceannuithe agus go mbeidh oblagáid díreach an Rialtais sin ag gabháil leo maidir le colann agus ús.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Airgid urrús ar bith a cheannóidh no a ghlacfa sé fén alt so do chimeád go dtí go mbeidh sé dlite no féadfaidh, más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, airgead do dhéanamh den urrús san tré n-a dhíol no ar aon tslí eile sara mbeidh sé dlite.

[EN]

(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an sochar glan a thiocfaidh as airgead do dhéanamh (tré n-a theacht dlite, tré n-a dhíol no ar aon tslí eile) d'urrús ar bith do ghlac no do cheannuigh an tAire Airgid fén alt so agus fós gach ús no íocaíocht i bhfuirm úis do gheobhaidh an tAire sin ar aon urrús den tsórt san.

[EN]

Stoc Cúitimh d'fhuascailt.

18.—(1) Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham, fé mar agus nuair is dó leis gur ceart é, urrús ar bith do tugadh amach fé alt 13 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923), d'fhuascailt tré shuim is có-ionann le n-a agha-luach ainmnithe maraon leis an ús fáis air d'íoc le sealbhóir cláruithe an urrúis sin, ach ní fuasclófar aon urrús den tsórt san amhlaidh gan toil a shealbhóra chláruithe.

[EN]

(2) Chun críche an ailt seo tuigfear ús ar urrúis do tugadh amach fén alt san 13 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923, do bheith ag fás o lá go lá.

[EN]

(3) An chomhacht a bronntar leis an alt so ar an Aire Airgid chun urrúis d'fhuascailt is i dteanta agus ní hin ionad aon mhodha eile bheidh údaruithe no orduithe do réir dlí de thurus na huaire chun na hurrúis sin d'fhuascailt a bheidh sí.

[EN]

Ciste Bhanc Taisce an Phuist.

19.—(1) Má chítear don Aire Airgid an t-ús d'fhás i rith aon bhliana cuntais (pe'ca chríochnuigh sé roimh an Acht so do rith no dá éis sin), as na hurrúis do bhí i gcreidiúint do Chiste Bhanc Taisce an Phuist, do bheith níos mó ná iomlán an úis do híocadh le taisceoirí no do cuireadh i gcreidiúint dóibh i rith na bliana cuntais sin do réir na nAcht a bhaineann le Banc Taisce an Phuist maraon leis na costaisí fé n-a ndeaghthas an bhliain cuntais sin i bhfeidhmiú na nAcht san, féadfaidh an tAire sin, an chéad bhliain airgeadais tar éis na bliana cuntais sin no (i gcás bliana cuntais do chríochnuigh roimh an Acht so do rith) an chéad bhliain airgeadais tar éis na bliana deiridh de sna blianta cuntais sin, leithreasú do dhéanamh don Stát-Chiste ar iomlán no ar chuid ar bith den bhreis sin a bheidh fágtha tar éis pé suim (nách lú ná deich per cent. di) do bhaint aisti is dó leis an Aire sin is ceart do chimeád sa Chiste sin mar sholáthar in aghaidh laigheadú ar luach na n-urrús a bheidh i gcreidiúint don Chiste sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Airgid, an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, no aon bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, iomlán aon tsuime, no cuid ar bith d'aon tsuim, do leithreasú don Stát-Chiste (i dteanta aon leithreasuithe fén bhfo-alt san roimhe seo) go bhféadfadh sé, ach ná dearna sé, a leithreasú fén alt so aon bhliain airgeadais roimhe sin.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an abairt “bliain chuntais” tréimhse bhliana dar críoch aon 31adh lá de Mhí na Nodlag.

[EN]

Diuitéthe báis do ghlana tré urrúis áirithe d'aistriú.

20.—(1) Féadfaidh an tAire Airgid, le rialacháin, a shocrú go nglacfar in íoc aon diuité bháis, fé réir pé teoranta agus coiníollacha a bheidh orduithe leis na rialacháin sin, urrús ar bith do thug sé no a thabharfa sé amach (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) i rith na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1931, chun airgead ar bith d'fháil ar iasacht, agus pé uair a déanfar aon rialacháin den tsórt san i dtaobh aon urrúis den tsórt san féadfaidh duine ar bith ar a mbeidh suim ar bith dlite ar scór aon diuité bháis, féadfa sé, do réir agus fé réir forálacha na rialachán san, an tsuim sin no aon chuid di d'íoc tré aistriú do dhéanamh go dtí pé cuntas leis an Aire Airgid a bheidh orduithe leis na rialacháin sin (agus dá ngairmtear an cuntas san san alt so), ar pé méid den urrús san is có-ionann luach, ar dháta an aistrithe sin, leis an suim sin no leis an gcuid sin di (pe'ca aca é) a bheidh le n'íoc amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfar urrúis a haistreofar go dtí an cuntas san fén alt so do chimeád sa chuntas san no do dhíol no do chur ar nea-mbrí, no féadfar deighleáil leo ar aon tslí eile, fé mar ordóidh an tAire Airgid, agus féadfaidh an tAire sin, le rialacháin, a shocrú cadé an tslí ina gcimeádfar, ina ndíolfar no ina gcuirfear ar nea-mbrí na hurrúis sin amhlaidh no ina ndeighleálfar leo ar aon tslí eile.

[EN]

(3) Glacfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le haistriú urrúis go dtí an cuntas san fén alt so agus dá réir mar ní is ionann agus suim is có-ionann le luach an urrúis sin ar dháta an aistrithe sin d'íoc leo in airgead tirim.

[EN]

(4) Íocfaidh an tAire Airgid leis na Coimisinéirí Ioncuim amach as an gcuntas san an méid is fiú ar dháta a aistrithe gach urrús a haistreofar go dtí an cuntas san fén alt so.

[EN]

(5) Déanfar gach suim a híocfar mar ús ar urrúis, no i bhfuascailt urrús, a haistreofar fén alt so go dtí an cuntas san agus a bheidh á gcimeád ann de thurus na huaire agus fós gach suim a thiocfaidh as an Aire Airgid do dhíol urrús a haistreofar go dtí an cuntas san fén alt so no as a dheighleáil leo ar aon tslí eile d'íoc isteach sa chuntas san agus cuirfear iad (sa mhéid gur gá é) chun no mar chabhair chun íocaíochtaí d'íoc a cheanglann an t-alt so ar an Aire sin d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncuim amach as an gcuntas san, agus aon iarmhéid de sna suimeanna san a bheidh sa chuntas san o am go ham agus nách gá an uair sin, dar leis an Aire, chun na híocaíochtaí sin d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncuim íocfar isteach sa Stát-Chiste é, fé mar agus nuair ordóidh an tAire sin é, in aisíoc airgid do roimh-íocadh isteach sa chuntas san as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis.

[EN]

(6) Bhéarfar amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, don chuntas san, pé suimeanna is gá chun go n-íocfaidh an tAire Airgid leis na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so, amach as an gcuntas san, aon íocaíochtaí ná híocfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, agus cuirfear de mhuirear ar an bPrímh-Chiste agus ar a thora fáis pé méid, de sna suimeanna do bhéarfar amach amhlaidh, ná húdaruítear leis an alt so é d'íoc tré iasacht d'fháil don Aire sin.

[EN]

(7) Chun soláthar do dhéanamh, i bpáirt no go hiomlán, le haghaidh pé méid de sna suimeanna go n-údaruítear leis an alt so iad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis is có-ionann le nocha-a-trí go leith per cent. d'ainm-luach na n-urrús a haistreofar go dtí an cuntas san fén alt so, féadfaidh an tAire airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúis is oiriúnach leis do thabhairt amach.

[EN]

(8) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim do gheobhaidh an tAire Airgid ar iasacht fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis gach urrúis do bhéarfar amach fén bhfo-alt san.

[EN]

(9) Chun crícheanna an ailt seo—

[EN]

(a) isé an méid is fiú ar dháta a aistrithe aon urrús a haistreofar go dtí an cuntas san fén alt so ná a agha-luach ainmnithe maraon le hús ar bith air a bheidh dlite chun a íoctha ar dháta an aistrithe sin ach a bheidh gan íoc an uair sin, tar éis suim aon úis air a bheidh ionfhálta ag an aistritheoir tar éis an dáta san do bhaint as, agus

[EN]

(b) tuigfear ús ar aon urrús den tsórt san do bheith ag fás o lá go lá.

[EN]

Cúram agus bainistí cánacha.

21.—Cuirfear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diuité forchuirtear no buanuítear leis an Acht so.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

22.—(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1930, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diuitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diuitéthe máil, léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diuitéthe máil agus le bainistí na ndiuitéthe sin.

[EN]

(3) Ach amháin mar a foráltar go soiléir a mhalairt, tuigfear Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1930, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus as san amach.