Uimhir 13 de 1956.
AN tACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1956.
[An tiontó oifigiúil.]
An Príomh-Acht.
1.—(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933), arna leasú leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 (Uimh. 17 de 1934), leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 (Uimh. 23 de 1935), le Cuid VII den Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944), agus leis an Acht Iompair (Forála Ilghnéitheacha), 1955 (Uimh. 21 de 1955).
(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.
Iompar marsantais i bhfeithicil fruilithe.
2.—(1) Má déantar feithicil inneallghluaiste d'fhruiliú (ach amháin faoi chomhaontú fruilcheannaigh do réir bhrí an Achta Fost-Cheannaigh, 1946 (Uimh. 16 de 1946)) agus go n-úsáidfear í, le linn tréimhse an fhruilithe, chun marsantas d'iompar, nó chun feithicil ina bhfuil marsantas a tharraingt, measfar gnó iompair marsantais de bhóthar a bheith ar siúl ag fruilitheoir na feithicle agus an marsantas a bheith á iompar aige i gcúrsa an ghnótha sin.
(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le húsáid sealadach feithicle a bheas fruilithe ag únaer cláraithe feithicle dá samhail, in ionad a fheithicle féin—
(a) chun a earraí féin d'iompar,
(b) chun marsantas a sholáthraíos sé de ghnáth i gcúrsa a thrádála nó a ghnótha a sheachadadh dá chustaiméirí, nó,
(c) chun marsantas a mbeidh deisiú, glanadh, níochán nó dathú le déanamh nó déanta aige air i ngnáth chúrsa a thrádála nó a ghnótha a sheachadadh dá chustaiméirí agus a bhailiú uathu,
más rud é nach féidir a fheithicil féin d'úsáid chuige sin toisc gur gá í a dheisiú nó d'imchóiriú agus dá thoisc sin amháin.
Gearrtheideal.
3.—Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1956, a ghairm den Acht seo.