Uimhir 13 de 1960.
[EN]
ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGEADAIS AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1958. [24 Bealtaine, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]Mínithe.
1.—San Acht seo—
[EN]ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952;
[EN]ciallaíonn “Acht 1956” Acht na dTithe (Leasú), 1956;
[EN]ciallaíonn “Acht 1958” Acht na dTithe (Leasú), 1958.
[EN]Ailt áirithe do leanúint i bhfeidhm.
2.—(1) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá (de bhua alt 6 d'Acht 1958) i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 16 d'Acht na dTithe (Leasú), 1948, i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Acht sin agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1952 a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1962.
[EN](2) (a) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá (de bhua alt 6 d'Acht 1958) i mír (ii) d'fho-alt (1) agus i mír (ii) d'fho-alt (2) d'alt 11 d'Acht 1956 a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1962.
[EN](b) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1958) d'alt 11 d'Acht 1956 a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1962.
[EN](3) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá in alt 9 d'Acht 1958 a fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1962.
[EN](4) Beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag an alt seo amhail ar an 1ú lá d'Aibreán, 1960, agus ón lá sin amach.
[EN]Caiteachas.
3.—Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire Rialtais Áitiúil ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
[EN]Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1960, a ghairm den Acht seo.
[EN](2) A mhéid a leasaíonn an tAcht seo Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1958, féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1960, a ghairm de agus de na hAchtanna sin le chéile.