[EN]

Uimhir 13 de 1960.


[EN]

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGEADAIS AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1958. [24 Bealtaine, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1952, Uimh. 16.

1956, Uimh. 31.

1958, Uimh. 27.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1956” Acht na dTithe (Leasú), 1956;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1958” Acht na dTithe (Leasú), 1958.

[EN]

Ailt áirithe do leanúint i bhfeidhm.

1948, Uimh. 1.

2.—(1) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá (de bhua alt 6 d'Acht 1958) i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 16 d'Acht na dTithe (Leasú), 1948, i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Acht sin agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1952 a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1962.

[EN]

(2) (a) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá (de bhua alt 6 d'Acht 1958) i mír (ii) d'fho-alt (1) agus i mír (ii) d'fho-alt (2) d'alt 11 d'Acht 1956 a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1962.

[EN]

(b) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1958) d'alt 11 d'Acht 1956 a fhorléiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1962.

[EN]

(3) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1960, atá in alt 9 d'Acht 1958 a fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1962.

[EN]

(4) Beidh, agus measfar go raibh, éifeacht ag an alt seo amhail ar an 1ú lá d'Aibreán, 1960, agus ón lá sin amach.

[EN]

Caiteachas.

3.—Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire Rialtais Áitiúil ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

4.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1960, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) A mhéid a leasaíonn an tAcht seo Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1958, féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1960, a ghairm de agus de na hAchtanna sin le chéile.