[EN]

Uimhir 1 de 1948.


[EN]

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA MAIDIR LE TITHE, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA dTITHE (FORÁLA AIRGID AGUS FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1946, ACHT TITHE AN LUCHT OIBRE, 1890 GO 1931, ACHT NA SCLÁBHAITHE, 1883 GO 1941, AGUS NA nACHT UM THITHE BEAGA CÓNAITHE d'FHÁIL, 1899 GO 1931, DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE CHUN CÚNAMH AIRGID A THABHAIRT d'ÚDARÁIS ÁITIÚLA MAIDIR LE TITHE A SHOLÁTHAR, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13ú Eanáir, 1948.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

[EN]

Gearrtheideal, léiriú agus comhlua.

1.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1948, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíos sé Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1941, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1931, agus Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1946, a léamh agus a léiriú mar aon ní amháin leis an hAchta sin faoi seach agus féadfar Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1948, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1948, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1948, agus Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1948, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht seo—

[EN]Acht 1899.

ciallaíonn an abairt “Acht 1899” an Small Dwellings Acquisition Act, 1899;

[EN]Acht 1932.

ciallaíonn an abairt “Acht 1932” Acht na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932);

[EN]Acht 1937.

ciallaíonn an abairt “Acht 1937” Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937 (Uimh. 42 de 1937);

[EN]teach cónaithe.

ciallaíonn an abairt “teach cónaithe” foirgint arna foirgniú nó arna hoiriúnú chun a húsáidte ar fad nó go formhór chun daoine do chónaí ann;

[EN]teach inchónaithe.

ciallaíonn an abairt “teach inchónaithe” teach i líomatáiste feidhmiúcháin údaráis tithe is dóigh leis an údarás sin a bheith oiriúnach go réasúnach chun daoine do chónaí ann nó a bheith inchurtha in oiriúint chuige sin go réasúnach;

[EN]údarás tithe.

ciallaíonn an abairt “údarás tithe”—

[EN]

(a) i gcás ceantair shláinte chontae (ach amháin aon bhaile mór ar a bhfuil coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854), comhairle na contae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin;

[EN]

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin;

[EN]

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin, agus

[EN]

(d) i gcás baile mhóir ar a bhfuil coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ach amháin maidir le hailt 14, 19, 20, 21 agus 41 den Acht seo, coimisinéirí an bhaile mhóir sin, agus, maidir leis na hailt sin, comhairle na contae ina bhfuil an baile mór sin,

[EN]

agus déanfar tagairtí do líomatáiste feidhmiúcháin údaráis tithe a léiriú dá réir sin;

[EN]Achta Tithe an Lucht Oibre.

ciallaíonn an abairt “Achta Tithe an Lucht Oibre” Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, arna leasú leis an Acht seo;

[EN]Achta na Sclábhaithe.

ciallaíonn an abairt “Achta na Sclábhaithe” Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1941, arna leasú leis an Acht seo;

An tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

[EN]

Rialacháin.

3.—(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán sin arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo ina mbeidh foráil maidir le híocaíocht a bheas le déanamh ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.

[EN]

Costais.

4.—Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Athghairm.

5.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

Cionta, inchúisimh agus pionóis.

6.—(1) Má dhéanann comhlucht corpraithe cion faoi aon alt den Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion sin amhlaidh le toiliú nó ceadú, nó gur hurasaíodh a dhéanamh do dheasca faillí, ó aon stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlucht corpraithe sin, is tuigthe an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin do dhéanamh an chiona sin freisin agus dlífear imeachta a thionscain ina choinne agus é a phionósú dá réir.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás tithe imeachta sa Chúirt Dúiche maidir le cion faoi aon alt den Acht seo a thionscain agus a shaothrú.

[EN]

(3) Is cion leanúnach cion faoi alt 8, 11, nó 12 den Acht seo agus dá réir sin féadfar imeachta nua a thionscain ina leith ó am go ham.

[EN]

(4) D'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta achomaire i leith ciona faoi aon alt den Acht seo a thionscain laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

CUID II.

Aitribh Airithe a Rialu.

[EN]

Údarás tithe do thabhairt ceada chun tithe inchónaithe a scartáil.

7.—(1) Féadfaidh údarás tithe, mar is oiriúnach leo, cead a dheonadh, nó diúltú é a dheonadh, do dhuine chun aon teach inchónaithe a scartáil go hiomlán nó go páirteach nó é d'úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe.

[EN]

(2) Duine ar bith dar diúltaíodh cead faoi fho-alt (1) den Alt seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire agus féadfaidh an tAire, ar an achomharc sin, an diúltú sin a dhaingniú nó pé cead a thabhairt a fhéadfas údarás tithe a dheonadh faoi fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

Toirmeasc ar thithe inchónaithe áirithe a scartáil.

8.—(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon teach inchónaithe a scartáil go hiomlán nó go páirteach ná é d'úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe mura mbeidh cead aige, arna thabhairt faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Acht seo, ón údarás tithe ar ina líomatáiste feidhmiúcháin atá an teach inchónaithe nó cead ón Aire arna thabhairt faoi fho-alt (2) d'alt 7 den Acht seo.

[EN]

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fineáil nach mó ná céad punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, más rogha leis an gcúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

(3) Leanfaidh an t-alt seo i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1950, agus raghaidh in éag ansin.

[EN]

Gan feidhm a bheith ag alt 7 nó 8 den Acht seo i gcásanna áirithe

9.—Ní bhainfidh alt 7 ná alt 8 den Acht seo le scartáil aon tí inchónaithe go hiomlán nó go páirteach ná lena úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe má bhí an teach inchónaithe sin á áitiú agus á úsáid ar shlí seachas mar theach cónaithe díreach roimh an Acht seo a rith nó má ceangaltar nó má húdaráitear an scartáil nó an úsáid sin faoi réim nó de bhun aon achtacháin nó chun aon chríche reachtúla.

[EN]

Feidhm ailt 11 nó 12 den Acht seo.

10.—(1) Ní bheidh feidhm ag alt 11 nó 12 den Acht seo lasmuigh—

[EN]

(a) de chontae-bhuirgí Bhaile Atha Cliath, Chorcaighe, Luimnigh agus Phortláirge agus buirg Dhún Laoghaire, agus

[EN]

(b) de líomatáiste feidhmiúcháin aon údaráis tithe a mbeidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm maidir leis.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ailt 11 agus 12 den Acht seo a chur i bhfeidhm maidir le líomatáistí feidhmiúcháin údarás tithe i gcoitinne nó le líomatáiste feidhmiúcháin údaráis tithe áirithe agus féadfaidh an t-ordú sin a chúlghairm.

[EN]

(3) Gach ordú a dhéanfas an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, beidh an t-ordú sin arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

[EN]

Toirmeasc ar áitribh áirithe d'úsáid mar ilteaghais.

11.—(1) Tar éis an fo-alt seo a theacht i ngníomh, ní cheadóidh duine ar bith áitreabh d'úsáid mar ilteaghas (pé acu bheas nó nach mbeidh an t-áitreabh á úsáid amhlaidh i dtosach feidhme an ailt seo nó pé acu bhí nó nach raibh sé á úsáid amhlaidh roimhe sin) gan cead, i scríbhinn, ón údarás tithe ar ina líomatáiste feidhmiúcháin a bheas an t-áitreabh, agus ní diúltófar an cead sin go míréasúnach.

[EN]

(2) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air (agus, ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, más rogha leis an gcúirt príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn an focal “ilteaghas” áitreabh arna ligean ina choda chun dhá theaghas nó níos mó a dhéanamh.

[EN]

(4) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1948.

[EN]

Údarás tithe do thbabhairt ceada chun críocha ailt 11 den Acht seo

12.—(1) Féadfaidh údarás tithe, ó am go ham, cead chun críocha ailt 11 den Acht seo a dheonadh nó diúltú d'é a dheonadh.

[EN]

(2) I gcás údarás tithe do dheonadh ceada faoi fho-alt (1) den alt seo (dá ngáirmtear an cead san alt seo) féadfaid gach ceann nó aon cheann de na coinníollacha seo a leanas a chur ag gabháil leis an gcead:—

[EN]

(a) coinníoll maidir leis an áitreabh a dheisiú, d'athrú nó d'athchóiriú;

[EN]

(b) coinníoll maidir leis an méid teaghas a féadfar a chur ar fáil san áitreabh;

[EN]

(c) coinníoll maidir leis an méid uasta daoine a fhéadfas áitiú i ngach teaghas faoi leith a cuirfear ar fáil san áitreabh;

[EN]

(d) coinníoll maidir le freagarthacht i leith cothabhála an áitribh.

[EN]

(3) Tiocfaidh an cead i bhfeidhm ar an dáta a bheas sonraithe ann chuige sin agus, mura dtarraingtear siar roimhe sin é, leanfaidh sé i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia ná trí bliana) a chinnfeas an t-údarás tithe.

[EN]

(4) Coimeádfaidh údarás tithe taifead de na ceada a deonfar faoin alt seo agus coimeádfar an taifead sin chun a iniúchta ag aon duine den phobal ar é d'íoc táille scillinge in aghaidh gach iniúchta.

[EN]

(5) Más rud é go ndéanfaidh duine, trí ghníomh nó neamhghníomh, coinníoll a neamhchomhlíonadh a bheas ag gabháil leis an gcead a deonfar dó, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, más rogha leis an gcúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile agus féadfaidh an t-údarás tithe an cead a dheonadar dó a tharraingt siar.

[EN]

(6) Duine ar bith ar cúis mhíshásaimh leis údarás tithe do dhiúltú cead a dheonadh faoi fho-alt (1) den alt seo nó coinníoll a bheas ag gabháil leis an gcead, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda laistigh de mhí tar éis fógra d'fháil ón údarás tithe i dtaobh an diúltuithe nó an choinníll sin (pá acu é) nó laistigh de pé am ina dhiaidh sin a lamhálfas an Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt—

[EN]

(a) i gcás achomhairc i gcoinne diúltuithe cead a dheonadh— an t-achomharc a dhíbhe nó a ordú don údarás tithe cead a dheonadh;

[EN]

(b) i gcás achomhairc maidir le coinníoll a bheas ag gabháil leis an gcead— an t-achomharc a dhíbhe nó a ordú don údarás tithe an coinníoll a mhodhnú nó a neamhniú.

[EN]

Ligean fara troscán d'eisiamh.

13.—(1) Nuair a beifear á fhionnadh, chun críocha ailt 11 den Acht seo, cé acu ilteaghas aon áitreabh áirithe nó nach ea, ní cuirfear san áireamh cuid den áitreabh atá ar ligean fara troscán más dóigh leis an údarás tithe gur mó an cíos air ná an cíos ba dhócha do dhuine den lucht oibre d'íoc ar an ligean.

[EN]

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ciallaíonn an abairt “ligean fara troscán” ligean teaghais ar cíos a n-áirítear ann íocaíochta as iostas, freastal nó úsáid troscáin, nó as teas, uisce te, breosla, leictreachas nó aon earra eile a sholáthar don teaghas nó as aon tseirbhísí a dhéanamh maidir leis an teaghas, mura rud é gur dóigh leis an údarás tithe an chuid den chíos is inchurtha i leith an teaghais féin a bheith comhionann le trí ceathrúna den chíos nó a bheith níos mó ná sin.

[EN]

Ceangal ar thionóntaithe agus ar dhaoine a bheas ag iarraidh tionóntacht eolas a thabhairt.

14.—(1) Féadfaidh údarás tithe, chun a chumasú dhóibh an cíos a chinneadh is iníoctha ag duine a mbeidh teach ligthe acu chuige nó a bheas á iarraidh go ligfí chuige teach, iostán nó cóiríocht eile arna sholáthar faoi Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1946, Achta Tithe an Lucht Oibre, nó Achta na Sclábhaithe, a cheangal ar an duine sin sonraí a thabhairt i scríbhinn i dtaobh na nithe seo a leanas:—

[EN]

(a) an méid daoine de theaghlach an duine sin atá in aontíos leis, maraon lena n-aois, a ngnéas, a slí bheatha agus staid a sláinte;

[EN]

(b) ioncam seachtainiúil an duine sin agus gach duine dá theaghlach atá in aontíos leis;

[EN]

(c) aon chúnamh, sochar nó liúntas a fuair an duine sin nó a fuarthas thar a cheann nó a fuair aon duine dá theaghlach atá in aontíos leis nó a fuarthas thar a cheann ó chistí Stáit nó ó aon údarás cúnaimh phoiblí do réir bhrí an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), nó ó aon bhunadh eile ar bith gan liúntais sealadacha ó aon eagras carthanúil d'áireamh;

[EN]

(d) an chóir iompair atá ar fáil chun an duine sin agus na daoine dá theaghlach atá in aontíos leis a thabhairt chun a n-ionaid oibre, nó i gcás leanaí, chun na scoile, agus costas an iompair sin;

[EN]

(e) na téarmaí ar a bhfuil áitreabh á áitiú aige, an méid cíosa is iníoctha i leith an áitribh sin agus ainm agus seoladh an duine lenarb iníoctha an cíos sin.

[EN]

(2) Duine ar bith a mbeidh ligthe chuige ag údarás tithe, nó a mbeidh iarrtha aige go ligfí chuige, teach, iostán nó cóiríocht eile arna sholáthar faoi Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1946, Achta Tithe an Lucht Oibre nó Achta na Sclábhaithe agus a mhainneos nó a dhiúltós go toiliúil aon eolas a thabhairt a theastós ó údarás tithe faoin alt seo nó a bhéarfas eolas bréagach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

[EN]

Fo-dhlithe maidir le tithe áirithe.

15.—I gcás tithe nach bhfuil thar dhá sheomra iontu agus atá beartaithe nó atá á n-úsáid chun a n-áitithe ag daoine den lucht oibre agus atá á n-áitiú ag teaghlach amháin ar a mhéid, beidh ag údarás tithe na cumhachta céanna chun fo-dhlithe a dhéanamh agus d'fhorfheidhmiú a bheirtear, faoi alt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, d'údarás áitiúil ceantair uirbigh nó aile mhóir i gcás tithe atá beartaithe nó atá á n-úsáid chun a n-ábithe ag daoine den lucht oibre agus atá ligthe ina lóistíní nó iatá á n-áitiú ag daoine de níos mó ná aon teaghlach amháint agus beidh éifeacht ag forála an ailt sin 20 amhail is dá mba fa,oin alt sin a déanfaí na fo-dhlithe sin.

[EN]

CUID III.

Forala Airgeadais.

[EN]

An tAire do thabhairt deontas do dhaoine agus do chumainn fóntais phoiblí

16.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'aon duine a thógfas nó a athfhoirgneos, nó d'aon chumann fóntais phoiblí a thógfas, teach nó tithe más rud é—

[EN]

(a) go dtosnófar ar an tógáil nó an athfhoirgniú an lú lá de Shamhain, 1947, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar é an lú lá d'Aibreán, 1950, nó roimhe sin;

[EN]

(b) go mbeidh an teach nó na tithe sin do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht, 1932;

[EN]

(c) go mbeidh an teach nó na tithe sin, ar bheith críochnaithe dhó nó dhóibh, ar áitiú

[EN]

(i) más cumann fóntais phoiblí a thóg an teach nó na tithe sin—ag comhalta den chumann sin,

[EN]

(ii) in aon chás eile—ag an duine a thóg nó d'athfhoirgnigh an teach sin.

[EN]

(2) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo agus faoi alt 5 d'Acht 1932, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin (lena n-áirítear an tAcht seo), i leith tí.

[EN]

(3) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtoirmisctear air deontas a thabhairt ina leith faoi fho-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1932, arna leasú le halt 4 d'Acht 1937.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

[EN]

An tAire do thabhairt deontas do dhaoine agus do chumainn fóntais phoiblí i gcásanna áirithe.

17.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonráitear sa tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'aon duine nó d'aon chumann fóntais phoiblí a thógfas teach nó tithe más rud é—

[EN]

(a) gur tosnaíodh ar an tógáil an lú lá de Shamhain, 1945, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar í an lú lá d'Aibreán, 1950, nó roimhe sin;

[EN]

(b) go mbeidh an teach nó na tithe sin do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932;

[EN]

(c) nach raibh an teach nó na tithe sin ar áitiú an lú lá de Shamhain, 1947, nó roimhe sin;

[EN]

(d) go mbeidh an teach nó na tithe sin, ar bheith críochnaithe dhó nó dhóibh, ar áitiú

[EN]

(i) más cumann fóntais phoiblí a thóg an teach nó na tithe sin—ag comhalta den chumann sin,

[EN]

(ii) in aon chás eile—ag an duine a thóg an teach sin.

[EN]

(2) Ní raghaidh deontas faoin alt seo, i dteannta deontais faoi alt 5 d'Acht 1932 arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin (lena n-áirítear an tAcht seo), thar an tsuim iomchuí a sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(3) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtoirmisctear air deontas a thabhairt ina leith faoi fho-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1932 arna leasú le halt 4 d'Acht 1937.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

[EN]

Deontais faoi alt 5 (1) (h) d'Acht 1932 a mhéadú.

18.—Aon deontas is iníoctha, faoi mhír (h) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932, le duine a athfhoirgneos teach, féadfar é a mhéadú go dtí seasca punt más rud é—

[EN]

(a) gur iarr an duine an deontas roimh an lú lá de Shamhain, 1947, agus

[EN]

(b) gur tosnaíodh ar athfhoirgniú an tí roimh an lú lá de Shamhain, 1947, ach nár críochnaíodh é roimh an dáta sin.

[EN]

Údaráis tithe do thabhairt deontas do dhaoine.

19.—(1) Faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, bhéarfaidh údarás tithe, d'aon duine a thógfas teach nó tithe i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a luaitear sa dara colún den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus déanfar (faoi réir na rialachán sin) gach deontas den tsórt sin a thabhairt ina dheich dtráthchoda bliantúla as a chéile nach mó ná an tsuim iomchuí a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo ní thabharfaidh údarás tithe deontas faoi fho-alt (1) den alt seo i leith tógála tí, mura rud é:—

[EN]

(a) go mbeidh an teach sin do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932;

[EN]

(b) go dtosnófar ar an tógáil sin an lú lá de Shamhain, 1945, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar í an lú lá d'Aibreán, 1950, nó roimhe sin, agus

[EN]

(c) go ndéanfaidh an duine a bheas ag tógáil an tí gealltanas a thabhairt don údarás tithe á gheallúint, faoi réir pé coinníoll a hordófar le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, nach ndíolfaidh sé an teach agus go ligfidh sé an teach faoi réir pé coinníoll a hordófar amhlaidh.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, suim d'íoc le húdarás tithe nach mó ná dhá dtrian de dheontas arna thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo ag an údarás.

[EN]

(4) Ní thabharfaidh údarás tithe deontas faoin alt seo i leith tí ar thug an tAire deontas ina leith faoi alt 5 d'Acht 1932 arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin (lena n-áirítear an tAcht seo) agus nár haisíocadh.

[EN]

(5) I gcás ina mbeidh an tAire tar éis deontas a thabhairt faoi alt 16 den Acht seo, ní thabharfaidh údarás tithe deontas faoin alt seo i leith an tí.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

[EN]

An tAire agus údaráis tithe do thabhairt deontas do chumainn fóntais phoiblí.

20.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'aon chumann fóntais phoiblí a thógfas teach nó tithe chun a n-áitithe ag duine den lucht oibre nó ag oibrí talmhaíochta, más rud é:—

[EN]

(a) gur tosnaíodh ar thógáil an tí nó na dtithe an lú lá de Shamhain, 1947, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar í an lú lá d'Aibreán, 1950, nó roimhe sin; agus

[EN]

(b) go mbeidh an teach nó na tithe sin do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932; agus

[EN]

(c) go dtabharfaidh an cumann fóntais phoiblí sin gealltanas don Aire ná díolfaidh an cumann sin an teach nó na tithe sin agus ná ligfid an teach nó na tithe sin ach ar pé cíos agus faoi réir pé coinníoll a fhormheasfas an tAire.

[EN]

(2) Faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, bhéarfaidh údarás tithe, d'aon chumann fóntais phoiblí a bheas ag tógáil tí nó tithe a ndeonfaidh an tAire deontas ina leith faoi fho-alt (1) den alt seo, deontas i bhfoirm deontais talún mar láithreán don tigh nó do na tithe sin nó i bhfoirm deontais airgid i leith an tí nó na dtithe sin nó go páirteach i slí agus go páirteach sa tslí eile acu sin, ach ná raghaidh in an chás maidir le luach na talún sin nó méid an airgid sin nó comhshuim an luacha agus an airgid sin (do réir mar bheas) thar an tsuim iomchuí a sonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(3) Chun deontas a thabhairt faoi fho-alt (2) den alt seo beidh na cumhachta céanna ag údarás tithe chun airgead d'fháil ar iasacht a bheadh acu dá mba faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó Achta na Sclábhaithe a thógfaidís na tithe ar ina leith a bhéarfar na deontais.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

[EN]

An tAire agus údaráis tithe do thabhairt deontas do chumainn fóntais phoiblí i gcásanna áirithe

21.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a luaitear sa Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'aon chumann fóntais phoiblí a thógfas teach nó tithe chun a n-áitithe ag duine den lucht oibre nó ag oibrí talmhaíochta, más rud é—

[EN]

(a) gur tosnaíodh ar an tógáil an lú lá de Shamhain, 1945, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar í an lú lá d'Aibreán, 1950, nó roimhe sin; agus

[EN]

(b) go mbeidh an teach nó na tithe sin do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932; agus

[EN]

(c) nach raibh an teach nó na tithe sin ar áitiú roimh an lú lá de Shamhain, 1947; agus

[EN]

(d) go dtabharfaidh an cumann fóntais phoiblí sin gealltanas don Aire ná díolfaidh an cumann sin an teach nó na tithe sin agus ná ligfid an teach nó na tithe sin ach ar pé cíos agus faoi réir pé coinníoll a fhormheasfas an tAire.

[EN]

(2) Faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, bhéarfaidh údarás tithe, d'aon chumann fóntais phoiblí a bheas ag tógáil tí nó tithe a ndeonfaidh an tAire deontas ina leith faoi fho-alt (1) den alt seo, deontas airgid nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(3) Chun deontas a thabhairt faoi fho-alt (2) den alt seo beidh na cumhachta céanna ag údarás tithe chun airgead d'fháil ar iasacht a bheadh acu dá mba faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó hAchta na Sclábhaithe a thógfaidís na tithe ar ina leith a bhéarfar na deontais.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

[EN]

Fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932 a leasú.

22.—(1) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1947, atá (de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1946 (Uimh. 2 de 1946)) i ngach ceann de na míreanna (c), (d), (e), (f), (g), (h), (i) agus (j) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932 a léiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1950.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1947, agus ón lá sin amach.

[EN]

(3) Ní thabharfaidh an tAire ná údarás tithe deontas faoi mhíreanna (c), (d), (e), (f), (g), (h) nó (i) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932 i leith tí ar tosníodh air an lú lá de Shamhain, 1947, nó dá éis sin.

[EN]

Alt 6 d'Acht 1932 a leasú

23.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1932—

[EN]

(a) trí na focail “caoga blian” a chur in ionad na bhfocal “cúig bliana tríochad” i mír (a) agus i mír (b), agus

[EN]

(b) trí na focail “de dheascaibh na teaghais a bhí acu a thitim nó a dhíthiú nó” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “as a n-áit”, agus na focail “nó faoi ailt 75 go 78 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, mar corpraíodh le haon achtachán, faoi alt 20 den Dublin Improvement Acts Amendment Act, 1864, nó faoi Chuid II den Dublin Corporation Act, 1890,” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “fé sna hAchtanna san” i bhfo-mhír (1) de mhír (a).

[EN]

(2) Más rud é, roimh thosach feidhme an ailt seo, go ndearna an tAire—

[EN]

(a) ranníocaíocht a thabhairt i leith na muirear bliantúla iasachta faoina ndeachaigh údarás tithe i leith airgid a thógadar ar iasacht chun tithe lena mbaineann alt 6 d'Acht 1932 a chur ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó Achta na Sclábhaithe, agus

[EN]

(b) an tréimhse (dá ngairmtear “an chéad tréimhse” sa bhfo-alt seo) a chinneadh a mbeidh an ranníocaíocht sin iníoctha ar a feadh,

[EN]

féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an chéad tréimhse d'fhaidiú tréimhse eile ach sin i tslí nach mó ná caoga blian in aon chás iomláine an dá thréimhse ar iad a chur le chéile.

[EN]

Alt 14 d'Acht 1932 a leasú.

24.—Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1932 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur i ndeireadh an ailt sin:—

[EN]

“(3) Ní dhéanfaidh an tAire, faoin Acht seo, aon rialachán ina mbeidh foráil i dtaobh íocaíocht a bheas le n-íoc ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.”

[EN]

Alt 5 d'Acht 1937 a leasú.

25.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 5 d'Acht 1937:—

[EN]

(a) trí “£80” a chur in ionad “£40” i mír (a), agus

[EN]

(b) trí na focail “an tríú” a chur in ionad na bhfocal “an ceathrú” i mír (b).

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail ar an lú lá de Shamhain, 1947, agus ón lá sin amach.

[EN]

Teora ar dheontais faoin Acht seo, Acht 1932 agus Acht 1937.

26.—(1) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a bhéarfas an tAire faoi alt 5 d'Acht 1932, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin (lena n-áirítear an tAcht seo), agus le halt 5 d'Acht 1937, thar trí mhilliún cúig chéad agus caoga míle punt.

[EN]

(2) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a bhéarfas an tAire faoi Acht 1937, arna leasú le halt 25 den Acht seo, agus faoi ailt 16, 17, 18, 19, 20 agus 21 den Acht seo, thar cúig chéad agus ochtó míle punt.

[EN]

Deontas i leith tithe a bheas forcoimeádta chun a n-áitithe ag daoine d'aicme áirithe.

27.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'údarás tithe a chuirfeas tithe ar fáil chun a n-áitithe ag daoine d'aicme a sonrófar i rialacháin a déanfar faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 29 den Acht seo, ach ní raghaidh aon deontas den tsórt sin thar dhá chéad agus caoga punt i leith gach teaghais ar leith (pé acu teach é nó cuid de thigh) a cuirfear ar fáil amhlaidh.

[EN]

(2) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a bhéarfas an tAire faoin alt seo thar trí chéad agus cúig mhíle ceathrachad punt.

[EN]

Deontais áirithe d'íoc i gcás each a scor de bheith i dtuathlíomatáiste.

28.—Más rud é—

[EN]

(a) gur aontaigh an tAire deontas a thabhairt chun teach a thógáil i dtuathlíomatáiste de bhun míre (c), (d), (e), (f), nó (g) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932, agus

[EN]

(b) go dtarlóidh, roimh an deontas sin d'íoc, go scoirfidh an teach sin de bheith i dtuathlíomatáiste toise ceantar uirbeach nua a chomhdhéanamh nó teora chontaebhuirge, nó bhuirge eile, cheantar uirbigh nó bhaile mhóir d'athrú,

[EN]

féadfaidh an tAire an deontas sin d'íoc d'ainneoin an teach sin a scor de bheith i dtuathlíomatáiste.

CUID IV.

Tithe don Lucht Oibre.

[EN]

Rialacháin maidir le tithe a cuirfear ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre.

29.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar bainistí cheart éifeachtúil ar thithe a cuirfear ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, ina ndéanfar socrú maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

[EN]

(a) an uimhir uasta agus an uimhir íosta daoine a ceadófar a bheith ag áitiú na dtithe sin ar aon ligean áirithe;

[EN]

(b) na tithe sin (dá ngairmtear “tithe forcoimeádta” san Acht seo) d'fhorcoimeád chun a n-áitithe ag daoine d'aicme áirithe agus an méid tithe agus an cineál tí a féadfar d'fhorcoimeád amhlaidh;

[EN]

(c) an modh ina roghnófar tionóntaithe agus na haicmí daoine a dtabharfar tosaíocht dóibh;

[EN]

(d) na téarmaí agus na coinníollacha a cuirfear in aon chomhaontú faoina gceadófar do dhuine ar bith teach den tsórt sin d'áitiú nó d'úsáid;

[EN]

(e) pé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirstineach.

[EN]

(2) Forálfaidh rialacháin faoin alt seo go ndéanfar, nuair a beifear ag ligean tithe, aird a thabhairt ar charachtar, tionsclacht, slí bheatha, agus cúrsaí teaghlaigh na n-iarratasóirí agus ar an gcóir thí atá orthu agus, faoina réir sin, déanfar, nuair a beifear ag ligean tithe seachas tithe forcoimeádta, an chéad rogha, nuair is féidir sin, ar dhaoine a heasáitíodh as tithe forcoimeádta agus an dara rogha, nuair is féidir sin, ar dhaoine a bhfuil teaghlach acu agus iad ina gcónaí i dteaghais aontseomra, más rud é:—

[EN]

(i) go bhfuil an eitinn ar dhuine nó ar dhaoine den teaghlach; nó

[EN]

(ii) go bhfuil sé bliana déag slán ag duine nó daoine den teaghlach (gan na tuistí d'áireamh); nó

[EN]

(iii) go bhfuiltear tar éis an teaghas a dhaoradh mar theaghas atá neamhoiriúnach chun daoine do chónaí ann.

[EN]

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo baint le húdaráis tithe agus le tithe i gcoitinne nó le húdarás tithe áirithe nó le haicme airithe tithe.

[EN]

(4) I gcás rialacháin a dhéanamh faoin alt seo ní dleathach don údarás tithe lena mbaineann na rialacháin teach lena mbaineann na rialacháin a ligean ach amháin do réir na rialachán sin.

[EN]

Údaráis tithe áirithe do chur tithe forcoimeádta ar fáil.

30.—(1) Féadfaidh údarás tithe (arb é a bheas ann bardas contae-bhuirge nó bardas buirge Dhún Laoghaire) agus déanfaid, má cheanglann an tAire orthu é, tithe forcoimeádta a chur ar fáil chun a n-áitithe ag daoine d'aicme áirithe.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás tithe (arb é a bheas ann bardas buirge nó comhairle cheantair uirbigh ar mó ná dhá mhíle dhéag a líon daoine) tithe forcoimeádta a sholáthar chun a n-áitithe ag daoine d'aicme áirithe.

[EN]

Airteagal 24 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Houses of the Working Classes Act, 1890, a leasú.

31.—Leasaítear leis seo Airteagal 24 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, trí thrí puint faoin gcéad sa bhliain a chur ann in ionad cúig puint faoin gcéad sa bhliain mar ráta úis a bheas le n-íoc ag údarás tithe ar an airgead cúitimh is iníoctha acu i leith aon tailimh a ndeachthas isteach air de bhuaidh an airteagail sin.

[EN]

Luach saothair Aturnaethe i leith gnótha faoi Achta Tithe an Lucht Oibre.

32.—Mura n-ordaí nó mura n-aontaí an tAire a mhalairt in aon chás áirithe, is mar leanas a rialófar na costais is iníoctha ag údarás tithe as talamh a thógaint chun críocha Achta Tithe an Lucht Oibre:—

[EN]

(a) más talamh cláraithe do réir bhrí na nAcht um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, an talamh sin, trí fhorála na Rialacha Cláraitheachta Talún, 1937;

[EN]

(b) mura talamh cláraithe an talamh sin do réir bhrí na nAcht um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, trí na hOrduithe Ginearálta um Luach Saothair Aturnaethe, 1884 go 1947, ach amháin Clásal 6 agus Riail 11 i gCuid I den Sceideal a ghabhas leis an Solicitors' Remuneration General Order, 1884.

CUID V.

Iostain Sclabhaithe.

[EN]

Leathnú ar mhíniú na habairte“sclábhaí talmhaíochta.”

33.—Folóidh an abairt “sclábhaí talmhaíochta” in Achta na Sclábhaithe aon fhear:—

[EN]

(a) a bhíos ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh ghaoil dó, agus

[EN]

(b) a bhí in aontíos leis an ngaol sin, nuair a rinne sé iarratas, nó nuair a tháinig sé chun bheith ina thionónta, ar iostán a chuir comhairle chontae ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe.

[EN]

Gan scéim cheannaigh faoi Acht na Sclábhaithe, 1936, a dhéanamh i gcás áirithe.

34.—(1) I gcás iostán a chuir comhairle chontae ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe a ligean chun tionónta is sclábhaí talmhaíochta do réir bhrí na nAcht sin toisc:—

[EN]

(a) é bheith ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh ghaoil dó, agus

[EN]

(b) é bheith in aontíos leis an ngaol sin nuair a rinne sé iarratas, nó nuair tháinig sé chun bheith ina thionónta, ar an iostán sin,

[EN]

ní ullmhóidh an chomhairle sin scéim cheannaigh faoi Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh 24 de 1936), maidir leis an iostán sin an fhaid is sclábhaí talmhaíochta an tionónta sin de bhíthin amháin é a bheith ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh ghaoil.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go scoirfidh aon tionónta den tsórt sin de bheith ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh ghaoil ach mar sin féin go leanfaidh sé de bheith ina sclábhaí talmhaíochta, nó

[EN]

(b) go scoirfidh an t-iostán sin de bheith á áitiú ag aon tionónta den tsórt sin,

[EN]

féadfaidh comhairle chontae, agus déanfaid má ordaíonn an tAire é, scéim cheannaigh faoi Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936), maidir leis an iostán sin, d'ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

[EN]

Rialacháin maidir le hiostáin a cuirfear ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe.

35.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar bainistí cheart éifeachtúil ar iostáin a cuirfear ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe, ina ndéanfar socrú maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

[EN]

(a) an uimhir uasta agus an uimhir íosta daoine a ceadófar a bheith ag áitiú iostáin ar aon ligean áirithe;

[EN]

(b) an modh ina roghnófar tionóntaithe agus na haicmí daoine a dtabharfar tosaíocht dóibh;

[EN]

(c) na téarmaí agus na coinníollacha a cuirfear in aon chomhaontú faoina gceadófar do dhuine ar bith iostán d'áitiú nó d'úsáid;

[EN]

(d) pé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirstineach.

[EN]

(2) Forálfaidh rialacháin faoin alt seo go ndéanfar, nuair a beifear ag ligean iostán, aird a thabhairt ar charachtar, tionsclacht, slí bheatha agus cúrsaí teaghlaigh na n-iarratasóirí agus ar an gcóir thí atá orthu, agus, faoina réir sin, déanfar, nuair is féidir sin, an chéad rogha ar iarratasóirí:—

[EN]

(a) is daoine a bhíos ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar formáil ar thalamh dhuine éigin eile agus arb í an obair sin a bpríomh-shlí bheatha, nó

[EN]

(b) is fir a bhíos ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh gaolta dhóibh a bhfuilid in aontíos leo, nó

[EN]

(c) is tréadaithe,

[EN]

agus déanfar an dara rogha, nuair is féidir sin, ar iarratasóirí a bhfuil teaghlach acu agus iad ina gconaí i dteaghais aontseomra, más rud é:—

[EN]

(i) go bhfuil an eitinn ar dhuine nó daoine den teaghlach; nó

[EN]

(ii) go bhfuil sé bliana déag slán ag duine nó daoine den teaghlach (gan na tuistí d'áireamh), nó

[EN]

(iii) go bhfuiltear tar éis an teaghas a dhaoradh mar theaghas atá neamhoiriúnach chun daoine do chónaí ann.

[EN]

(3) I gcás rialacháin a dhéanamh faoin alt seo ní dleathach do chomhairle chontae lena mbaineann na rialacháin iostán lena mbaineann na rialacháin a ligean ach amháin do réir na rialachán sin.

[EN]

Cumhacht chun dul isteach ar thailte a mbeidh beartaithe iad a thógaint.

36.—(1) Má húdaraítear do chomhairle chontae, le hordú ceannaigh éigeantaigh arna dhéanamh agus arna dhaingniú faoi alt 20 d'Acht 1932, talamh a cheannach go héigeantach chun críocha Acht na Sclábhaithe, ansin, tráth ar bith tar éis an t-ordú sin a theacht i ngníomh, féadfaidh an chomhairle, ar fhógra cheithre lá déag ar a laghad a thabhairt i scríbhinn d'únaer agus d'áititheoir na talún, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh nó ar pé cuid de a sonrófar sa bhfógra gan toiliú roimh ré d'fháil ná gan comhlíonadh a dhéanamh ar na forála d'Achta na gClásal Talún, arna leasú le hAchta na Sclábhaithe, a bhaineas le dul isteach ar thailte, agus, ar aon fhógra den tsórt sin a sheirbheáil, is tuigthe an chomhairle a bheith tar éis a chur in iúl go bhfuilid ar intinn an talamh a cheannach agus dlífid an cúiteamh céanna d'íoc a dhlífidís d'íoc dá gcomhlíontaí na forála sin d'Achta na gClásal Talún, agus dlífid ús d'íoc ar an gcúiteamh sin amhail ón am a raghfar isteach amhlaidh.

[EN]

(2) I gcás comhairle chontae a bheith tar éis a chomhaontú talamh a cheannach chun críocha Acht na Sclábhaithe faoi réir leasa shealbhóra na talún sin, agus nach mó an leas sin ná leas tionónta ar feadh bliana nó ó bhliain go bliain, ansin, tráth ar bith tar éis an comhaontú sin a dhéanamh, féadfaidh an chomhairle, tar éis fógra lae agus fiche i scríbhinn a thabhairt do shealbhóir na talún sin, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh nó ar pé cuid de a sonrófar sa bhfógra gan toiliú roimh ré d'fháil ach iad d'íoc an chúitimh chéanna le sealbhóir na talún sin, maraon le hús air mar adúradh, a bheadh iníoctha acu dá n-údaraítí don chomhairle an talamh a cheannach go héigeantach agus go gceanglófaí ar an duine sin, de bhun na cumhachta sin, seilbh d'fhágáil roimh dheireadh a théarma nó a leasa sa talamh, ach gan é bheith riachtanach comhlíonadh a dhéanamh ar na forála d'Achta na gClásal Talún, arna leasú le hAchta na Sclábhaithe, a bhaineas le dul isteach ar thalamh.

[EN]

Iasachta.

37.—(1) Féadfaidh comhairle chontae iasacht a thógaint chun aon chostais d'íoc faoina raghaid i bhfeidhmiú aon chumhacht agus dualgas dá gcuid faoi Achta na Sclábhaithe sa tslí chéanna ina bhféadfaidh údarás sláintíochta iasacht a thógaint chun costais faoi na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, d'íoc.

[EN]

(2) Na forála de na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, a bhaineas le húdarás sláintíochta do thógaint iasachta (ach amháin fo-ailt (2) agus (3) d'alt 238 den Public Health (Ireland) Act, 1878) beidh feidhm acu, fara na modhnuithe is gá, maidir le comhairle chontae do thógaint aon iasachta faoin alt seo.

[EN]

(3) Aon airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo féadfar é a thabhairt ar iasacht do chomhairle chontae trí eisiúint as Ciste na nIasacht Áitiúla amhail is dá mba iasacht áitiúil í arna tabhairt do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1945, agus go raibh sé údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

[EN]

(4) Aon airgead a tógfar ar iasacht faoin alt seo ní háireofar é mar chuid d'fhiach iomlán comhairle contae chun críche na teorann a chuireas Airteagal 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le hiasachta a thógaint.

CUID VI.

Teaghais Bheaga a Thogaint.

[EN]

Luach tithe a bhféadfar airleacain a thabhairt ina leith faoi Acht 1899.

38.—(1) Ní tabharfar airleacain faoi alt 1 d'Acht 1899 chun únaeracht d'fháil ar thigh nó chun teach a thógáil más dóigh leis an údarás áitiúil gur mó nó go mba mhó ná an tsuim uasta luach an tí ar an margadh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an tsuim uasta chun críche fo-ailt (1) den alt seo a shocrú trí ordú, agus féadfaidh, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú den tsórt sin a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

Alt 9 (4) d'Acht 1899 a leasú.

39.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 9 d'Acht 1899 trí na focail seo a leanas: “because of the default of persons, to whom advances have been made, to repay instalments of principal or interest on such advances” a chur in ionad na bhfocal “and not reimbursed by the receipts under this Act.”

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo, agus is tuigthe go raibh éifeacht aige, amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1942, agus ón lá sin amach.

[EN]

An ráta úis ar airleacain faoi Acht 1899.

40.—Is é ráta úis ar airleacain faoi alt 1 d'Acht 1899, i gcás aon airleacan a bhéarfar tar éis an tAcht seo a rith, ná ráta nach mó ná leath faoin gcéad sa bhliain de bhreis ar an ráta úis ar ar thóg an t-údarás áitiúil an t-airgead ar iasacht chun an t-airleacan a thabhairt.

CUID VII.

Ilghneitheach.

[EN]

Údaráis tithe a shaoradh ó fhorála ailt 201 den Public Health (Ireland) Act, 1878, i gcásanna áirithe.

41.—(1) Féadfaidh an tAire údarás tithe a shaoradh ó chomhlíonadh gach ceann nó aon cheann d'fhorála ailt 201 den Public Health (Ireland) Act, 1878, maidir le conartha a bheas le déanamh ag an údarás tithe i bhfeidhmiú a gcumhacht agus i gcomhlíonadh a ndualgas faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó Achta na Sclábhaithe.

[EN]

(2) Aon tsaoradh a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le conartha a bheas le déanamh ag údarás tithe i bhfeidhmiú a gcumhacht agus i gcomhlíonadh a ndualgas faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó faoi Achta na Sclábhaithe, féadfaidh sé baint:—

[EN]

(a) le gach conradh a bheas le déanamh amhlaidh,

[EN]

(b) le conartha a bheas le déanamh amhlaidh faoi scéim áirithe, nó

[EN]

(c) le conartha a bheas le déanamh amhlaidh maidir le líomatáiste áirithe.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis a chur ag gabháil le saoradh a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo agus féadfaidh sé tráth ar bith an saoradh sin a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

An Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1932 a leasú.

42.—Leasaítear leis seo Acht 1932 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagail 4 den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin:—

[EN]

“4. (a) Mura ndéana duine ar bith acu sin ar gá fógraí a sheirbheáil orthu agóid go cuí i gcoinne an orduithe, nó má tarraingtear siar gach agóid a déanfar amhlaidh, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-ordú a neamhniú nó an t-ordú a dhaingniú fara modhnú nó gan modhnú.

[EN]

(b) Má dhéanann aon duine acu sin agóid go cuí agus nach dtarraingeofar siar an agóid sin, agus más rud é, maidir le cuid den talamh a mbeidh beartaithe é a thógaint, nach ndearnadh aon agóid nó nach ndearnadh ach agóid nó agóidí a tarraingíodh siar, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an t-ordú a neamhniú nó an t-ordú a dhaingniú láithreach fara modhnú nó gan modhnú sa mhéid sin amháin go mbaineann sé le talamh nach ndearnadh aon agóid, nó nach ndearnadh ach agóid nó agóidí a tarraingíodh siar, i gcoinne é a thógaint, agus, sa mhéid go mbaineann sé leis an gcuid eile den talamh a mbeidh beartaithe é a thógaint, cuirfidh sé faoi ndear fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh i dtaobh aon agóide nár tarraingíodh siar agus, tar éis dó an agóid sin agus tuarascáil an duine a rinne an fiosrúchán a bhreithniú, féadfaidh sé ansin an t-ordú a neamhniú nó an t-ordú a dhaingniú fara modhnú nó gan modhnú sa mhéid go mbaineann sé leis an talamh sin.

[EN]

(c) In aon chás eile, cuirfidh an tAire faoi ndear fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh agus, tar éis dó aon agóid nár tarraingíodh siar agus tuarascáil an duine a rinne an fiosrúchán a bhreithniú, féadfaidh sé ansin an t-ordú a neamhniú nó an t-ordú a dhaingniú fara modhnú nó gan modhnú:

[EN]

Ar an gcoinníoll—

[EN]

(i) go bhféadfaidh an tAire a cheangal ar dhuine ar bith a dhéanfas agóid forais na hagóide sin a lua i scríbhinn, agus go bhféadfaidh an t-ordú a dhaingniú gan a chur faoi ndear fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh más deimhin leis nach mbaineann aon agóid a bheas déanta go cuí ach le nithe a bhféadfaidh an t-eadránaí a mbeidh an cúiteamh le meisiúnú aige deighleáil leo;

[EN]

(ii) nach ndéanfaidh an t-ordú arna dhaingniú ag an Aire a údarú do chomhairle chontae aon talamh a cheannach go héigeantach nach n-údaródh an t-ordú dhóibh a cheannach amhlaidh dá ndaingnítí é gan modhnú.”

[EN]

Bailíocht agus dáta feidhme orduithe ceannaigh éigeantaigh áirithe.

43.—(1) Baineann an t-alt seo le hordú ceannaigh éigeantaigh faoi alt 20 d'Acht 1932 a ndearna aon duine acu sin a gceangaltar leis an Acht sin fógraí a sheirbheáil orthu agóid go cuí ina leith agus nár tarraingíodh siar an agóid sin agus arb ordú é a dhaingnigh an tAire ar an gcéad ásc sa mhéid sin amháin gur bhain sé le talamh nach ndearnadh aon agóid, nó nach ndearnadh ach agóid nó agóidí a tarraingíodh siar, i gcoinne é a thógaint (dá ngairmtear “an chéad daingniú” san alt seo) agus ar an dara hásc sa mhéid gur bhain sé leis an gcuid eile den talamh a tógadh (dá ngairmtear “an dara daingniú” san alt seo).

[EN]

(2) Beidh feidhm ag forála an ailt seo maidir le bailíocht orduithe lena mbaineann an t-alt seo agus leis an dáta ar a mbeidh an t-ordú sin le teacht i ngníomh.

[EN]

(3) A luaithe is féidir tar éis an chéad daingniú a dhéanamh ar ordú lena mbaineann an t-alt seo, foilseoidh comhairle chontae, i nuachtán nó i nuachtáin a léitear ina gceantar, fógra sa bhfoirm ordaithe á rá go bhfuiltear tar éis an t-ordú a dhaingniú sa mhéid gur bhain sé le talamh nach ndearnadh aon agóid nó nach ndearnadh ach agóid nó agóidí a tarraingíodh siar i gcoinne é a thógaint.

[EN]

(4) A luaithe is féidir tar éis an dara daingniú a dhéanamh ar ordú lena mbaineann an t-alt seo, foilseoidh comhairle chontae, i nuachtán nó i nuachtáin a léitear ina gceantar, fógra sa bhfoirm ordaithe á rá go bhfuiltear tar éis an t-ordú a dhaingniú, agus ag lua áite ina bhféadfar cóip den ordú arna dhaingniú agus den léarscáil dá dtagartar ann d'fheiscint gach tráth réasúnach, agus seirbheálfaid fógra dá shamhail sin ar gach duine a rinne, tar éis fógra a thabhairt don Aire i dtaobh a agóide i gcoinne an orduithe, láithriú ag an bhfiosrúchán áitiúil poiblí ag tacú lena agóid.

[EN]

(5) Duine ar bith ar cúis mhíshásaimh leis an dara daingniú a dhéanamh ar ordú lena mbaineann an t-alt seo agus ar mian leis a bhailíocht a thabhairt faoi cheist ar an bhforas nach bhfuil sé faoi chuimsiú cumhacht Acht na Sclábhaithe nó go bhfuil aon cheann de cheanglais na nAcht sin gan bheith comhlíonta, féadfaidh sé, laistigh de thrí seachtaine tar éis fógra an daingnithe d'fhoilsiú, iarratas chuige sin a dhéanamh chun na hArd-Chúirte, agus i gcás aon iarratas den tsórt sin a dhéanamh go cuí féadfaidh an Chúirt:

[EN]

(a) trí ordú eatraimh, oibriú an orduithe d'fhionraí, sa mhéid go mbaineann sé le haon mhaoin de chuid an iarratasóra, go dtí forceannadh críochnaitheach na n-imeacht; agus

[EN]

(b) más deimhin leo, ar an iarratas d'éisteacht, nach bhfuil an t-ordú faoi chuimsiú cumhacht Acht na Sclábhaithe nó go bhfuil dochar substainteach déanta do leasa an iarratasóra toisc gan ceann éigin de cheanglais na nAcht sin a bheith comhlíonta, an t-ordú a neamhniú sa mhéid go mbaineann sé le haon mhaoin de chuid an iarratasóra.

[EN]

(6) Faoi réir forál fo-ailt (5) den alt seo, duine ar bith ar cúis mhíshásaimh leis an chéad nó an dara daingniú a dhéanamh ar ordú lena mbaineann an t-alt seo ní dhéanfaidh sé, roimh an daingniú sin ná dá éis, an t-ordú sin a thabhairt faoi cheist trí thoirmeasc ná certiorari ná in aon imeachta dlí ar bith agus tiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh, maidir le talamh nach ndearnadh aon agóid i gcoinne é a thógaint, ar thrí seachtaine a bheith caite ó dháta foilsithe fógra a dhaingnithe do réir forál fo-ailt (3) den alt seo, agus maidir le talamh a ndearnadh agóid i gcoinne é a thógaint, tiocfaidh sé i ngníomh ar cheithre seachtaine a bheith caite ó dháta foilsithe fógra a dhaingnithe do réir forál fo-ailt (4) den alt seo.

[EN]

(7) Ní bheidh feidhm, maidir le hordú lena mbaineann an t-alt seo, ag forála ailt 17 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931), mar bheirtear feidhm dóibh le fo-alt (2) d'alt 20 d'Acht 1932 i gcás orduithe ceannaigh éigeantaigh faoin alt sin 20.

[EN]

Faoiseamh ó rátaí.

44.—(1) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoi alt 16 den Acht seo do dhuine nó do chumann fóntais phoiblí chun teach a thógáil agus ina méadófar luacháil an tionóntáin, arb é an teach sin é nó ar cuid de an teach sin, ar iarratas á iarraidh an luacháil sin d'athscrúdú de dhroim na tógála sin amháin, is tuigthe luacháil an tionóntáin sin a bheith laghdaithe, chun críocha rátaíochta, dhá dtrian den mhéadú sin.

[EN]

(2) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoi alt 16 den Acht seo do dhuine nó do chumann fóntais phoiblí chun teach a thógáil agus ina méadófar luacháil an tionóntáin, arb é an teach sin é nó ar cuid de an teach sin, ar iarratas á iarraidh an luacháil sin d'athscrúdú, go páirteach de dhroim na tógála sin, is tuigthe luacháil an tionóntáin sin a bheith laghdaithe, chun críocha rátaíochta, dhá dtrian den chion den mhéadú sin is inchurtha i leith na tógála sin.

[EN]

(3) I gcás ina dtabharfar deontas faoin alt 16 den Acht seo maidir le teach d'athfhoirgniú, ní déanfar luacháil an tionóntáin, arb é an teach sin é nó ar cuid de an teach sin, a mhéadú, ar aon luacháil nó athscrúdú luachála ar an gcéanna a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an t-athfhoirgniú sin a bheith críochnaithe, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de bharr an athfhoirgnithe sin.

[EN]

(4) San alt seo ciallaíonn an abairt “críocha rátaíochta” na críocha seo a leanas (agus ní haon chríocha eile), is é sin le rá, meisiúnú agus tobhach aon ráta arna chruinniú ag údarás áitiúil chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh tógáil an tí iomchuí a bheith críochnaithe nó chun seirbhíse aon cheann de na sé bliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin.

[EN]

(5) Gan dochar do ghinearáltacht forál an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt seo ag srianadh brí na habairte “críocha rátaíochta,” achtaítear leis seo go sonrach, go ndéanfar, d'ainneoin gur tuigthe faoin alt seo luacháil (dá ngairmtear an luacháil iomlán sa bhfo-alt seo) tionóntáin a bheith laghdaithe maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil, gach áireamh chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim ar luach bliantúil an tionóntáin sin sa tslí chéanna ina ndéanfaí é dá mbeadh an luacháil iomlán i bhfeidhm chun críocha ráta chontae maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin.

[EN]

Rátaí páighe coinníollacha oibre agus forfheidhmiú gealltanas.

45.—(1) Ní dhéanfaidh an tAire, faoi alt 16 nó 20 den Acht seo, ná an t-údarás tithe, faoi alt 19 den Acht seo, deontas a thabhairt maidir le teach a thógáil má cruthaítear chun a shástachta nó chun a sástachta nach ndearnadh ar feadh a thógála rátaí páighe d'íoc nó coinníollacha oibre a chomhalladh a bhí ar a laghad chomh tairbheach do na daoine a bhí ar fostú á thógáil leis na rátaí páighe nó na coinníollacha oibre iomchuí a bhí ar aithint ag ceardchumainn i gcoitinne, sa líomatáiste inar tógadh an teach sin, tráth a thógála a thosnú, agus féadfaidh an tAire nó an t-údarás tithe, mar choinníoll ar a dtabharfaidh sé nó siad aon deontas den tsórt sin, a cheangal ar dhuine nó ar chumann fóntais phoiblí (do réir mar bheas) aon ghealltanas a thabhairt is cuí leis an Aire nó leis an údarás tithe sin maidir leis na rátaí páighe a híocfar nó na coinníollacha oibre a hurramófar ag tógáil an tí sin.

[EN]

(2) Más rud é gur thug an tAire nó údarás tithe aon deontas d'aon duine nó d'aon chumann fóntais phoiblí faoi alt 16, 19 nó 20 den Acht seo ar choinníoll go ndéanfadh an duine nó an cumann a fuair an deontas gealltanas a thabhairt dó nó dóibh agus nár comhlíonadh an gealltanas sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

[EN]

(a) dlífidh an duine nó an cumann fóntais phoiblí sin (do réir mar bheas) méid an deontais sin d'aisíoc leis an Aire nó leis an údarás tithe;

[EN]

(b) féadfar an méid sin d'aisgabháil ón duine nó ón gcumann fóntais phoiblí sin (do réir mar bheas) mar fhiach síbhialta in aon chúirt dlínse inniúla.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 5.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

46 & 47 Vict. c. 60

The Labourers (Ireland) Act, 1883.

Alt 17.

53 & 54 Vict. c. 70

The Housing of the Working Classes Act, 1890.

Ailt 26 agus 63.

53 & 54 Vict. c. ccxlvi.

The Dublin Corporation Act, 1890.

Ailt 29 agus 30.

59 & 60 Vict. c. 53

The Labourers (Ireland) Act, 1896.

Alt 4.

62 & 63 Vict. c. 44

The Small Dwellings Acquisition Act, 1899.

Fo-alt (1) d'alt 1 ó na focail “and an advance” go dtí deireadh an fho. ailt.

6 Edw. 7, c. 37     ...

The Labourers (Ireland) Act, 1906.

Fo-alt (1) d'alt 2 ó na focail “and they may borrow” go dtí deireadh an fho-ailt; ailt 10, 12 agus 29.

8 Edw. 7, c. 61     ...

The Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908.

Fo-alt 2 d'alt 1.

11 & 12 Geo. 5, c. 19

The Housing Act, 1921.

Alt 5.

Uimh. 25 de 1930

Acht na Sclábhaithe, 1930.

An tAcht iomlán.

Uimh. 50 de 1931

Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931.

Ailt 48, 55, 57 agus 60.

Uimh. 19 de 1932

Acht na d'Tithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932.

Fo-alt (5) d'alt 6.

Uimh. 42 de 1937

Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937.

Míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (8) d'alt 5.

Uimh. 2 de 1946

Acht na dTithe (Leasú), 1946.

Alt 2.

AN DARA SCEIDEAL.

Na Deontais a Bhearfas an tAire.

Alt 16.

Na daoine dá dtabharfaidh an tAire na deontais

Mura bhfuil séarachas agus uisce píopaí ar fáil

Má tá séarachas agus uisce píopaí ar fáil

An méid seomra sa tigh

An méid seomra sa tigh

3

4

5 nó

3

4

5 nó

níos mó

níos mó

£

£

£

£

£

£

Duine a thógfas teach chun a áitithe aige féin     ...     ...

125

175

225

175

225

275

Cumann fóntais phoiblí a thógfas teach chun a áitithe ag comhalta     ...     ...     ...

135

185

235

185

235

285

Sclábhaí talmhaíochta nó duine ar bith eile a gheibheann a shlí bheatha ar fad nó go formhór as an talmhaíocht agus a bhfuil talamh agus tithe ar áitiú aige nach mó ná £35 a luacháil inrátuithe nó comh. shuim a luacháil inrátuithe, a athfhoirgneos teach atá ar áitiú aige féin     ...     ...

80

80

80

80

80

80

AN TRIU SCEIDEAL.

Deontais a Bhearfas an tAire I gCasanna Airithe.

Alt 17.

Na daoine dá dtabharfaidh an tAire na deontais

Mura bhfuil séarachas agus uisce píopaí ar fáil

Má tá séarachas agus uisce píopaí ar fáil

An méid seomra sa tigh

An méid seomra sa tigh

3

4

5 nó níos mó

3

4

5 nó níos mó

£

£

£

£

£

£

Duine a thógfas teach chun a áitithe aige féin     ...     ...     ...

87.10

122.10

157.10

122.10

157.10

192.10

Cumann fóntais phoiblí a thógfas teach chun a áitithe ag comhalta     ...     ...     ...

94.10

129.10

164.10

129.10

164.10

199.10

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Na Deontais a Bhearfas Udarais Tithe.

Alt 19.

An méid seomra sa tigh

An deontas uasta ón údarás tithe

An tráthchuid bhliantúil uasta ón údarás tithe

(1)

(2)

(3)

£

£

3 sheomra     ...     ...

250

25

4 sheomra     ...     ...

350

35

5 sheomra nó níos mó

400

40

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Na Deontais a Bhearfas an tAire agus Udarais Tithe.

Alt 20.

An Cineál Tí

An deontas uasta ón Aire

An deontas uasta ón údarás tithe

£

£

Teach trí sheomra     ...     ...

150

75

Teach cheithre sheomra     ...

200

100

Teach chúig sheomra nó níos mó

250

125

AN SEU SCEIDEAL.

Na Deontais a Bhearfas an tAire agus Udarais Tithe I gCasanna Airithe.

Alt 21.

An Cineál Tí

An deontas uasta ón Aire

An deontas uasta ón údarás tithe

£

£

Teach trí sheomra     ...     ...

105

52.10

Teach cheithre sheomra     ...

140

70

Teach chúig sheomra nó níos mó

175

87.10