[EN]

Uimhir 13 de 1980


[EN]

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1975. [24 Meitheamh, 1980] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Leasú ar alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957.

1.—Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) trí “thar chéad milliún punt” a chur i bhfo-alt (4) in ionad “thar sheasca milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Forbartha Móna, 1975), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(4) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a hairleacfar chun an Bhoird faoi alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 (Uimh. 10 de 1946), agus aon airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar £100,000,000.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1980, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1975, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1980, a ghairm díobh le chéile


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Forbartha Móna, 1946

1946, Uimh. 10

An tAcht Forbartha Móna, 1957

1957, Uimh. 10

An tAcht Forbartha Móna, 1975

1975, Uimh. 22