Uimhir 13 de 1999
AN tACHT SLÁINTE (ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR), 1999
[An tiontú oifigiúil]
RIAR NA nALT
Réamhráiteach
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. |
Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir.
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. |
Boird Sláinte Limistéir.
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. |
Bord Sláinte an Oirthir a Dhíscaoileadh agus a fhoireann a aistriú chuig an Údarás
19. | |
20. | Foireann Bhord Sláinte an Oirthir a aistriú chuig an Údarás. |
Feidhmeannacht na mBord Sláinte.
21. |
Leasú ar an bPríomh-Acht, ar an Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961, agus ar Acht Uimh. 3 de 1996
22. | Leasuithe ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
23. | Leasú ar alt 6 den Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961. |
24. |
Limistéir Feidhme na mBord Sláinte Limistéir
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993 | 1993, Uimh. 8 |
Na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1996 | |
An tAcht Sláinte (Leasú) (Uimh. 3), 1996 | 1996, Uimh. 32 |
An tAcht Sláinte (Faisnéis a Sholáthar), 1997 | 1997, Uimh. 9 |
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1994 | 1994, Uimh. 8 |
An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1993 | 1993, Uimh. 31 |
Uimhir 13 de 1999
AN tACHT SLÁINTE (ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR), 1999
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ÚDARÁS A BHUNÚ AR A dTABHARFAR ÚDARÁS SLÁINTE RÉIGIÚNACH AN OIRTHIR, CHUN TRÍ BHORD A BHUNÚ AR A dTABHARFAR BORD SLÁINTE LIMISTÉAR AN TUAISCIRT, BORD SLÁINTE LIMISTÉAR CHÓSTA AN OIRTHIR AGUS BORD SLÁINTE LIMISTÉAR AN IARDHEISCIRT, FAOI SEACH, AGUS CHUN FEIDHMEANNACHT A BHUNÚ AR A dTABHARFAR FEIDHMEANNACHT NA mBORD SLÁINTE AGUS DO MHÍNIÚ A bhFEIDHMEANNA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BORD SLÁINTE AN OIRTHIR A DHÍSCAOILEADH AGUS DO LEASÚ AN ACHTA SLÁINTE, 1970, AN ACHTA SLÁINTE (LEASÚ) (UIMH. 3), 1996, AGUS DO LEASÚ ALT 6 DEN ACHT SLÁINTE (COMHLACHTAÍ CORPRAITHE), 1961, AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.
[2 Meitheamh, 1999]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
1.—(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir), 1999, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1999, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1996, den Acht Sláinte (Faisnéis a Sholáthar), 1997, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1993” Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993;
ciallaíonn “an tÚdarás” Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir arna bhunú faoi alt 7;
ciallaíonn “Bardas Bhaile Átha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;
ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 3 chun bheith ina lá bunaithe;
forléireofar “feidhm feidhmiúcháin” de réir alt 4 (arna leasú le halt 24) d'Acht Uimh. 3 de 1996;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhlíonadh na ndualgas;
ciallaíonn “údarás áitiúil”—
(a) i gcás contae riaracháin, comhairle an chontae, agus
(b) i gcás contaebhuirge, bardas na contaebhuirge;
tá le “toghlimistéar áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 13 den Acht Rialtais Áitiúil, 1994;
folaíonn “comhalta den fhoireann” oifigeach agus seirbhíseach;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte agus Leanaí;
ciallaíonn “Acht Uimh. 3 de 1996” an tAcht Sláinte (Leasú) (Uimh. 3), 1996;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Sláinte, 1970;
ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais aitheanta” na ceardchumainn agus na comhlachais foirne a n-aithníonn an tÚdarás iad chun críche caibidlí a bhaineann le haistriú foirne chuig an Údarás chomh maith le luach saothair, coinníollacha fostaíochta nó dálaí oibre oifigeach nó seirbhíseach don Údarás;
ciallaíonn “fiaclóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár na bhFiaclóirí, seachas duine atá cláraithe go díomuan faoi alt 28 d'Acht na bhFiaclóirí, 1985;
ciallaíonn “poitigéir agus drugadóir urghnaimh cláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gclár na bpoitigéirí agus na ndrugadóirí urghnaimh arna chothabháil ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann;
ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm cláraithe i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí, seachas duine atá cláraithe go sealadach faoi alt 28 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978, nó atá cláraithe go díomuan faoi alt 29 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978;
ciallaíonn “altra chláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gclár na n-altraí arna chothabháil ag an mBord Altranais faoi alt 27 d'Acht na nAltraí, 1985;
ciallaíonn “poitigéir cógaisíochta cláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gclár na bpoitigéirí cógaisíochta arna chothabháil ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann;
ciallaíonn “altra shíciatrach chláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta sa roinn shíciatrach de chlár na n-altraí arna chothabháil ag an mBord Altranais faoi alt 27 d'Acht na nAltraí, 1985;
tá le “feidhm fhorchoimeádta” an bhrí a shanntar dó le hAcht Uimh. 3 de 1996 (arna leasú le halt 24);
ciallaíonn “seirbhísí” seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a fhéadfaidh bord sláinte a sholáthar;
ciallaíonn “comhlacht saorálach” comhlacht saorálach a sholáthraíonn seirbhís, nó a bheartaíonn seirbhís a sholáthar, ar seirbhís í atá comhchosúil nó coimhdeach le seirbhís a fhéadfaidh bord sláinte a sholáthar;
ciallaíonn “ospidéal saorálach” ospidéal a mhaoinítear go substaintiúil trí chomhshocraíocht leis an Údarás nó le Bord Sláinte Limistéir faoi alt 10 agus nach é an tÚdarás nó Bord Sláinte Limistéir nó aon choiste díobh an comhlacht rialaithe air;
ciallaíonn “soláthraí saorálach seirbhíse míchumais intleachtúil” soláthraí seirbhísí míchumais intleachtúil a mhaoinítear go substaintiúil trí chomhshocraíocht leis an Údarás nó le Bord Sláinte Limistéir faoi alt 10 agus nach é an tÚdarás nó Bord Sláinte Limistéir nó aon choiste díobh an comhlacht rialaithe air;
ciallaíonn “soláthraí saorálach seirbhíse” comhlacht saorálach a sholáthraíonn seirbhís trí chomhshocraíocht leis an Údarás nó le Bord Sláinte Limistéir de réir alt 10.
(2) San Acht seo—
(a) aon tagairt d'alt nó do Sceideal, is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,
(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus
(c) déanfar tagairt d'achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.
An lá bunaithe.
3.—(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.
(2) Níl feidhm ag alt 24 d'Acht Uimh. 3 de 1996 maidir le hordú a dhéanfar faoin alt seo.
Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
4.—Gach ordú a dhéanfar faoi alt 5 agus gach rialachán a dhéanfar faoi ailt 11(2),16(1) agus 21(14), déanfar é a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.
Leasú ar an gCéad Sceideal agus ar an Dara Sceideal.
5.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil agus leis an údarás áitiúil lena mbaineann, an Chéad Sceideal a leasú.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ar iarraidh ón Údarás agus faoi réir fho-alt (3), an Dara Sceideal a leasú trí ábhar a chur leis nó a scriosadh as.
(3) Sula ndéanfar tagairt do dhuine a scriosadh as an Dara Sceideal, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an duine sin.
Aisghairm agus cúlghairm.
6.—(1) Aisghairtear leis seo na nithe seo a leanas, le héifeacht ón lá bunaithe—
(a) fo-ailt (6) agus (7) d'alt 13 den Phríomh-Acht, agus
(b) alt 18 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1993.
(2) Cúlghairtear leis seo Rialachán 4 de na Rialacháin um Boird Sláinte, 1970 (I.R. Uimh. 170 de 1970), le héifeacht ón lá bunaithe.
CUID II
Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir
Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir a bhunú.
7.—(1) Beidh arna bhunú ar an lá bunaithe comhlacht ar a dtabharfar Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir agus dá ngairtear “an tÚdarás” san Acht seo.
(2) Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus féadfaidh sé agairt a dhéanamh, agus beidh sé inagartha, ina ainm féin agus féadfaidh sé talamh agus maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.
(3) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala.
(4) Is é a bheidh i limistéar feidhme an Údaráis ná contaebhuirg Bhaile Átha Cliath agus contaetha riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas, Fhine Gall, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Chill Dara agus Chill Mhantáin.
(5) Faoi réir an Achta seo, aon tagairt do bhord sláinte, cibé caoi a léirítear í, in aon Acht, arna rith roimh an lá bunaithe, nó in aon ionstraim arna déanamh roimh an lá sin faoi aon Acht den sórt sin, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt don Údarás.
(6) Ní bheidh feidhm ag ailt 4, 5 agus 26(1) den Phríomh-Acht agus alt 65 den Acht Sláinte, 1953, maidir leis an Údarás.
Feidhmeannna an Údaráis.
8.—(1) Comhlíonfaidh an tÚdarás na feidhmeanna a thugtar dó faoin Acht seo agus aon fheidhmeanna eile is inchomhlíonta ag bord sláinte agus cibé feidhmeanna eile dá bhforálfar le dlí.
(2) Déanfaidh an tÚdarás, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil agus de réir mar is cuí leis, soláthar seirbhísí ina limistéar feidhme a phleanáil agus a mhaoirsiú agus socrú a dhéanamh maidir leis an soláthar sin.
(3) Le linn don Údarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo déanfaidh sé—
(a) comhshocraíochtaí faoi alt 10 le daoine chun seirbhísí a sholáthar,
(b) soláthar seirbhísí a chomhordú,
(c) córais, nósanna imeachta agus cleachtais a bhunú d'fhonn a chumasú dó faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí a sholáthraítear de réir comhshocraíochtaí arna ndéanamh faoi alt 10,
(d) cuntas a thabhairt ina thuarascáil bhliantúil maidir leis na bearta a glacadh chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar sheirbhísí, mar aon le cuntas ar thorthaí na mbeart sin,
(e) aird a thabhairt ar an gcomhairle (más ann) a thabharfaidh gach ceann de na trí Bhord Sláinte Limistéir dó, agus
(f) aird a thabhairt ar cheart comhlachtaí saorálacha a sholáthraíonn seirbhísí de réir comhshocraíochtaí a dhéantar faoi alt 10 a ngnóthaí féin a bhainistiú de réir a n-aetais neamhspleách agus a dtraidisiún neamhspleách.
(4) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann dochar d'Ospidéal Adelaide agus na Mí, Baile Átha Cliath, ina gcorpraítear Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, do chomhlíonadh a fheidhmeanna faoina Chairt.
Feidhmeanna an Údaráis a tharmligean.
9.—(1) Déanfaidh an tÚdarás foráil i scríbhinn maidir leis na feidhmeanna forchoimeádta sin dá chuid i ndáil le soláthar seirbhísí, ar feidhmeanna iad a bhí á gcomhlíonadh, díreach roimh an lá bunaithe, ag Bord Sláinte an Oirthir, a bheith infheidhmithe thar a cheann, i ndáil le limistéar feidhme Boird Sláinte Limistéir, ag an mBord Sláinte Limistéir sin.
(2) D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an tÚdarás, ó am go ham, agus i gcás inar dóigh leis go n-áiritheodh gníomh den sórt sin an úsáid acmhainní is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla, foráil a dhéanamh i scríbhinn maidir le cibé feidhmeanna forchoimeádta dá chuid a chinnfidh sé a bheith infheidhmithe thar a cheann, i ndáil lena limistéar feidhme iomlán nó i ndáil le cuid de, ag Bord Sláinte Limistéir sonraithe agus i gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás amhlaidh, scoirfidh aon fhoráil a dhéanfar faoi fho-alt (1) i ndáil leis na feidhmeanna sin d'éifeacht a bheith léi.
(3) Is feidhm fhorchoimeádta de chuid an Údaráis comhlíonadh a fheidhmeanna faoi fho-ailt (1) agus (2).
Comhshocraíochtaí ag an Údarás chun seirbhísí a sholáthar.
10.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (4), déanfaidh an tÚdarás, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil dó, comhshocraíocht amháin nó níos mó le duine amháin nó níos mó chun seirbhísí a sholáthar laistigh dá limistéar feidhme.
(2) (a) Faoi réir alt 9(2) agus fho-alt (3), déanfaidh an tÚdarás, ag féachaint do na hacmhainní a bheidh ar fáil dó, comhshocraíocht le gach Bord Sláinte Limistéir, agus cuirfidh sé comhshocraíocht den sórt sin i gcrích, chun seirbhísí a sholáthar laistigh de limistéar feidhme an Bhoird Sláinte Limistéir, ar seirbhísí iad a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, á soláthar ag Bord Sláinte an Oirthir.
(b) Féadfaidh an tÚdarás comhshocraíochtaí a dhéanamh le Bord Sláinte Limistéir chun seirbhísí a sholáthar seachas iad sin a shonraítear i mír (a).
(c) Ní fhorléireofar mír (a) mar mhír a chuirfidh cosc ar an Údarás nó ar Bhord Sláinte Limistéir scor d'aon seirbhís nó aon seirbhís a laghdú.
(3) Féadfaidh an tÚdarás comhshocraíocht nó aon chuid de chomhshocraíocht a fhoirceannadh ar comhshocraíocht í arna déanamh faoi fho-alt (2)(a) i ndáil le soláthar seirbhíse agus féadfaidh sé, in ionad na comhshocraíochta sin, comhshocraíocht a dhéanamh agus a chur i gcrích le comhlacht saorálach chun an tseirbhís a sholáthar.
(4) Beidh na nithe seo a leanas san áireamh i gcomhshocraíocht a dhéanfar faoin alt seo:
(a) comhaontú scríofa idir an tÚdarás agus an duine a bheartaíonn na seirbhísí a sholáthar ar comhaontú é lena gclúdófar tréimhse nach lú ná 3 bliana agus nach mó ná 5 bliana agus ina sonrófar—
(i) na prionsabail a gcomhaontóidh an dá pháirtí ina leith go gcloífidh siad leo ar feadh ré an chomhaontaithe, agus
(ii) cibé caighdeáin a bhaineann le héifeachtúlacht, éifeachtacht agus cáilíocht na seirbhísí a bheidh le soláthar de réir mar a chomhaontófar idir na páirtithe,
agus
(b) comhaontú scríofa, a bheidh le hathnuachan in aghaidh na bliana, idir an tÚdarás agus an duine a bheartaíonn na seirbhísí a sholáthar, ar comhaontú é ina sonrófar—
(i) na seirbhísí a bheidh le soláthar, agus
(ii) na cistí a bheidh le cur ar fáil le haghaidh na seirbhísí sin.
(5) Féadfaidh an tÚdarás a chumhacht chun comhshocraíocht a dhéanamh faoi fho-alt (1) a tharmligean chuig Bord Sláinte Limistéir, seachas:
(a) i gcás ina ndéantar an chomhshocraíocht le haon duine de na daoine a shonraítear sa Dara Sceideal, nó
(b) i gcás ina ndéantar an chomhshocraíocht le Bord Sláinte Limistéir eile.
(6) Déanfaidh duine (nach Bord Sláinte Limistéir) a sholáthróidh seirbhísí de réir comhshocraíochta arna déanamh faoin alt seo gach cuntas agus taifead is cuí agus is gnách ar gach ioncam a gheobhaidh sé nó ar gach caiteachas a thabhóidh sé a choimeád i cibé foirm a cheadóidh an tÚdarás.
(7) Déanfar cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (6) a chur isteach in aghaidh na bliana lena n-iniúchadh agus déanfar cóip de na cuntais agus de dheimhniú agus tuarascáil an iniúchóra ina leith a thíolacadh don Údarás laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tÚdarás.
(8) Is é an duine a choimeádfaidh na cuntais a íocfaidh as an gcaiteachas a ghabhann le hiniúchadh a dhéanfar faoi fho-alt (7).
Comhaltas an Údaráis.
11.—(1) 55 chomhalta a bheidh ar an Údarás.
(2) Is mar a leanas comhdhéanamh chomhaltaí an Údaráis—
(a) déanfaidh na húdaráis áitiúla a n-áirítear a limistéir feidhme i limistéar feidhme an Údaráis 30 díobh a cheapadh, agus as an líon sin—
(i) ceapfaidh Bardas Bhaile Átha Cliath 10 gcomhalta de Bhardas Bhaile Átha Cliath, agus
(ii) déanfaidh gach ceann de chomhairlí chontaetha Fhine Gall, Bhaile Átha Cliath Theas, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Chill Dara agus Chill Mhantáin 4 a cheapadh, agus beidh na comhaltaí a gceapfaidh comhairle contae iad ina gcomhaltaí den chomhairle sin,
agus beidh ar áireamh sna daoine a cheapfar amhlaidh, i gcás ina bhforordófar amhlaidh, cibé líon daoine as cibé toghlimistéir áitiúla a fhorordófar,
(b) beidh 13 díobh ina gcomhaltaí de ghairmeacha cláraithe arna gceapadh le toghchán agus astu sin—
(i) déanfaidh lia-chleachtóirí cláraithe atá ag cleachtadh i limistéar feidhme an Údaráis 9 díobh a cheapadh le toghchán, agus beidh san áireamh sa líon sin 2 shainchomhairleoir in ospidéil ghinearálta ar a laghad, síciatraí sainchomhairleach amháin ar a laghad, 2 lia-chleachtóir ghinearálta ar a laghad agus lia-chleachtóir cláraithe amháin ar a laghad ag a bhfuil eolas nó taithí speisialta ar mhíochaine choisctheach,
(ii) déanfaidh fiaclóirí cláraithe atá ag cleachtadh i limistéar feidhme an Údaráis duine amháin a cheapadh le toghchán,
(iii) déanfaidh altraí cláraithe (seachas altraí síciatracha cláraithe) atá ag cleachtadh i limistéar feidhme an Údaráis duine amháin a cheapadh le toghchán,
(iv) déanfaidh altraí síciatracha cláraithe atá ag cleachtadh i limistéar feidhme an Údaráis duine amháin a cheapadh le toghchán, agus
(v) déanfaidh poitigéirí cógaisíochta cláraithe agus poitigéirí agus drugadóirí urghnaimh cláraithe atá ag cleachtadh i limistéar feidhme an Údaráis duine amháin a cheapadh le toghchán,
(c) beidh 9 díobh ionadaitheach do sholáthraithe saorálacha seirbhíse, arna gceapadh ag an Aire, agus as an líon sin—
(i) déanfaidh cibé daoine nó eagraíochtaí ar dóigh leis an Aire iad a bheith ionadaitheach do na hospidéil shaorálacha i limistéar feidhme an Údaráis 3 a ainmniú lena gceapadh,
(ii) déanfaidh cibé daoine nó eagraíochtaí ar dóigh leis an Aire iad a bheith ionadaitheach do na soláthraithe saorálacha seirbhíse míchumais intleachtúil i limistéar feidhme an Údaráis 3 a ainmniú lena gceapadh, agus
(iii) déanfaidh cibé daoine nó eagraíochtaí ar dóigh leis an Aire iad a bheith ionadaitheach do sholáthraithe saorálacha seirbhíse eile i limistéar feidhme an Údaráis 3 a ainmniú lena gceapadh,
agus
(d) ceapfaidh an tAire 3.
(3) Tionólfaidh an tÚdarás 6 chruinniú ar a laghad gach bliain agus cibé cruinnithe eile is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.
(4) Faoi réir fho-alt (3), beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal (arna leasú le halt 22) a ghabhann leis an bPríomh-Acht maidir leis an Údarás.
Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach.
12.—(1) Faoi réir fho-alt (3), agus d'ainneoin aon achtacháin eile, déanfaidh an tÚdarás, de bhun moladh ó na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, duine a cheapadh a ghníomhóidh mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin an Údaráis agus tabharfar an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach ar an duine sin agus gairtear an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach den duine sin san Acht seo.
(2) Faoi réir an Achta seo, déanfar aon tagairt do phríomhoifigeach feidhmiúcháin boird sláinte in aon Acht, arna rith roimh an lá bunaithe, nó in aon ionstraim arna déanamh roimh an lá sin faoi aon Acht den sórt sin, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Phríomh-Fheidhmeannach Réigiúnach.
(3) D'ainneoin alt 15(1) den Phríomh-Acht, féadfaidh an tAire, roimh an lá bunaithe, duine a cheapadh agus measfar, ar an lá bunaithe, an duine sin a bheith ceaptha mar Phríomh-Fheidhmeannach Réigiúnach agus déanfaidh an duine sin, mura rud é go n-éagfaidh sé nó sí, go n-éireoidh sé nó sí as oifig nó go gcuirfidh an tAire é nó í as oifig, an oifig a shealbhú ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana.
(4) Féadfaidh an tAire duine a cheapfar faoi fho-alt (3) a chur as oifig.
(5) Ní bheidh feidhm ag alt 13(1), (3) agus (8) den Phríomh-Acht maidir leis an bPríomh-Fheidhmeannach Réigiúnach.
(6) Is feidhm fhorchoimeádta í an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach a cheapadh de réir fho-alt (1).
Cuntasacht an Phríomh-Fheidhmeannaigh Réigiúnaigh.
13.—(1) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach, aon uair a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálalacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann, fianaise a thabhairt don choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, le reacht nó faoi reacht, ar an Údarás nó ar na Boird Sláinte Limistéir a ullmhú,
(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis agus na mBord Sláinte Limistéir i dtaca le húsáid a n-acmhainní,
(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás agus na Boird Sláinte Limistéir chun éifeachtacht a gcuid oibríochtaí a mheas, agus
(d) aon ní a dhéanann difear don Údarás nó d'aon Bhord Sláinte Limistéir dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.
(2) Le linn a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ní dhéanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach ceist a chur nó tuairim a nochtadh i dtaobh thuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó i dtaobh thuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin.
CUID III
Boird Sláinte Limistéir
Boird Sláinte Limistéir a bhunú.
14.—(1) Ar an lá bunaithe, beidh 3 bhord arna mbunú, ar a dtabharfar, faoi seach—
(a) Bord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt,
(b) Bord Sláinte Limistéar Chósta an Oirthir, agus
(c) Bord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt,
agus dá gcomhghairtear “na Boird Sláinte Limistéir” san Acht seo.
(2) Beidh gach Bord Sláinte Limistéir ina chomhlacht corpraithe agus beidh cumhacht agartha aige, agus beidh sé inagartha, ina ainm féin agus féadfaidh sé talamh agus maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.
(3) Soláthróidh gach Bord Sláinte Limistéir séala dó féin agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala.
(4) Is de réir mar a thuairiscítear sa Chéad Sceideal a bheidh limistéar feidhme gach Boird Sláinte Limistéir.
Feidhmeanna Bord Sláinte Limistéir.
15.—(1) Déanfaidh Bord Sláinte Limistéir cibé feidhmeanna a shonróidh an tÚdarás de réir alt 9(1) a chomhlíonadh i leith a limistéir feidhme agus thar ceann an Údaráis agus déanfaidh sé cibé feidhmeanna eile a chur i gcrích a fhoráiltear leis an Acht seo nó a thabharfaidh an tÚdarás dó ó am go ham.
(2) Déanfaidh Bord Sláinte Limistéir, i leith a limistéir feidhme—
(a) cibé seirbhísí a shonrófar in aon chomhshocraíochtaí a dhéanfar leis an Údarás de réir alt 10(2) a sholáthar nó socrú a dhéanamh chun iad a sholáthar,
(b) soláthar seirbhísí a phleanáil agus a chomhordú, i gcomhar le daoine a sholáthraíonn seirbhísí sa limistéar agus le cibé daoine eile is cuí leis, agus
(c) comhairle a thabhairt don Údarás maidir le soláthar seirbhísí i gcoitinne.
(3) Maidir le Bord Sláinte Limistéir—
(a) cuirfidh sé a chuid feidhmeanna i gcrích faoi réir aon ordachán ginearálta a thabharfaidh an tÚdarás, agus
(b) comhoibreoidh sé leis an Údarás agus le Boird Sláinte Limistéir eile i dtaca le comhordú seirbhísí i cibé modh a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham.
(4) Más rud é go ndéanfaidh Bord Sláinte Limistéir comhshocraíocht le duine chun seirbhísí a sholáthar, déanfaidh sé córais, nósanna imeachta agus cleachtais a bhunú chun a chumasú dó faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh.
(5) D'ainneoin go mbeidh Bord Sláinte Limistéir ag feidhmiú feidhmeanna thar ceann an Údaráis faoin alt seo, beidh sé i dteideal aon chearta a gheobhaidh sé a fhorfheidhmiú agus dlífear de aon dliteanais a thabhóidh sé (lena n-áirítear dliteanais i dtort) le linn na feidhmeanna sin a fheidhmiú ar gach slí amhail is dá mbeadh sé ag gníomhú mar phríomhaí, agus déanfaidh an Bord Sláinte Limistéir gach imeacht le haghaidh fhorfheidhmiú na gceart nó na ndliteanas sin a thionscnamh ina ainm féin nó déanfar gach imeacht den sórt a thionscnamh in aghaidh an Bhoird Sláinte Limistéir ina ainm féin.
(6) Beidh feidhm ag ailt 3 agus 4 d'Acht Uimh. 3 de 1996 (arna leasú le halt 24) maidir le Bord Sláinte Limistéir amhail is dá mba bhord sláinte é agus déanfar tagairtí sna hailt sin do phríomhoifigeach feidhmiúcháin a fhorléiriú chun críocha an fho-ailt seo mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do phríomhfheidhmeannach limistéir.
Comhaltas Bord Sláinte Limistéir.
16.—(1) Déanfaidh an tAire, de réir an ailt seo, comhaltas Boird Sláinte Limistéir a shonrú i rialacháin.
(2) Faoi réir fho-ailt (4), (5) agus (6), ceapfaidh an tÚdarás comhaltaí na mBord Sláinte Limistéir.
(3) Déanfaidh an tÚdarás, le linn comhalta de Bhord Sláinte Limistéir a cheapadh, tréimhse comhaltais an chomhalta sin a shocrú ar tréimhse í nach faide ná 5 bliana.
(4) Beidh gach comhalta de Bhord Sláinte Limistéir ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás agus i gcás ina scoirfidh comhalta de Bhord Sláinte Limistéir de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás scoirfidh sé nó sí freisin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord Sláinte Limistéir.
(5) Beidh ar áireamh i gcomhaltas Boird Sláinte Limistéir comhalta amháin ar a laghad den Údarás a bheidh ceaptha ag gach ceann acu seo a leanas, eadhon—
(a) na húdaráis áitiúla a luaitear in alt 11(2)(a),
(b) na gairmeacha cláraithe a luaitear in alt 11(2)(b),
(c) an tAire, ar ainmniú gach ceann de na soláthraithe saorálacha seirbhíse a luaitear i bhfomhíreanna (i), (ii) agus (iii) d'alt 11(2)(c), agus
(d) an tAire faoi alt 11 (2)(d).
(6) Maidir le gach Bord Sláinte Limistéir, i gcás daoine a cheapfar chuig an Údarás faoi alt 11(2)(a) agus a gceapfaidh an tÚdarás ina dhiaidh sin iad chuig Bord Sláinte Limistéir, beidh líon na ndaoine sin níos mó ná líon iomlán na gcomhaltaí eile den Bhord Sláinte Limistéir sin agus is daoine as na toghlimistéir áitiúla laistigh de limistéar feidhme an Bhoird Sláinte Limistéir a bheidh iontu.
(7) Beidh comhalta den Údarás a cheapfar chuig an Údarás de réir alt 11(2)(b), seachas fomhír (i), i dteideal freastal ar chruinniú de Bhord Sláinte Limistéir nach comhalta de é nó í agus páirt a ghlacadh sna pléití ag cruinniú den sórt sin, ach ní bheidh sé nó sí i dteideal vótáil ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den sórt sin.
(8) Féadfaidh an tÚdarás íocaíochtaí a dhéanamh le comhalta de Bhord Sláinte Limistéir nó le comhalta den Údarás dá dtagraítear i bhfo-alt (7) i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhófar i dtaca le freastal ar chruinniú de Bhord Sláinte Limistéir nó ar shlí eile i dtaca le gabháil do ghnó Boird Sláinte Limistéir de réir scála a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.
(9) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, liúntas a íoc le cathaoirleach agus le leaschathaoirleach Boird Sláinte Limistéir i leith caiteachas (seachas caiteachais dá dtagraítear i bhfo-alt (8)) a thabhóidh sé nó sí i ndáil le gnó an Bhoird Sláinte Limistéir.
(10) Beidh feidhm ag Rialacha 7, 10, 11 (arna leasú le halt 22), 15 agus 17 go 32 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht i ndáil le Bord Sláinte Limistéir agus, dá réir sin, déanfar tagairtí sna Rialacha sin don bhord a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Bhord Sláinte Limistéir.
(11) Tionólfaidh Bord Sláinte Limistéir 9 gcruinniú ar a laghad gach bliain agus cibé cruinnithe eile is gá chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.
Príomhfheidhmeannaigh limistéir.
17.—(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an tÚdarás, de bhun moladh ó na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, 3 dhuine a cheapadh chun bheith ina bpríomhoifigigh feidhmiúcháin de na Boird Sláinte Limistéir, agus déanfaidh sé iad a shannadh chuig na 3 Bhord Sláinte Limistéir de réir mar is cuí leis agus tabharfar príomhfheidhmeannach limistéir ar gach duine de na daoine sin agus gairtear príomhfheidhmeannach limistéir de gach duine acu san Acht seo.
(2) Féadfaidh an tAire, roimh an lá bunaithe, de bhun moladh ó na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, 3 dhuine a cheapadh chun bheith ina bpríomhfheidhmeannaigh limistéir ar na Boird Sláinte Limistéir, agus déanfaidh sé nó sí iad a shannadh chuig na 3 Bhord Sláinte Limistéir de réir mar is cuí leis nó léi, agus measfar gur ar an lá bunaithe a ceapadh na daoine sin amhlaidh.
(3) Duine a cheapfar faoi fho-alt (1) nó (2), sealbhóidh sé nó sí oifig ar feadh tréimhse nach faide ná 7 mbliana faoi chonradh seirbhíse i scríbhinn leis an Údarás ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineannn le luach saothair agus caiteachais) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus a shonrófar sa chonradh.
(4) Gníomhóidh príomhfheidhmeannach limistéir mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin don Bhord Sláinte Limistéir.
(5) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás feidhm a tharmligean chuig Bord Sláinte Limistéir de réir alt 9, measfar feidhmeanna feidhmiúcháin comhréireacha an Phríomh-Fheidhmeannaigh Réigiúnaigh a bheith tarmligthe chuig príomhfheidhmeannach limistéir an Bhoird Sláinte Limistéir sin.
(6) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach cibé feidhmeanna dá chuid nó dá cuid i ndáil le soláthar seirbhísí laistigh de limistéar feidhme an Bhoird Sláinte Limistéir iomchuí a tharmligean i scríbhinn chuig gach príomhfheidhmeannach limistéir, ar feidhmeanna iad a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, á gcomhlíonadh ag príomhoifigeach feidhmiúcháin Bhord Sláinte an Oirthir.
(7) D'ainneoin fho-alt (6), féadfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach, ó am go ham, agus i gcás ina measfaidh sé nó sí go n-áiritheodh gníomh den sórt sin go mbainfí an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní, foráil a dhéanamh i scríbhinn go mbeidh cibé feidhmeanna dá chuid nó dá cuid a chinnfidh sé nó sí infheidhmithe i ndáil le limistéar feidhme iomlán an Údaráis nó i ndáil le cuid de ag príomhfheidhmeannach limistéir sonraithe agus i gcás ina ndéanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach amhlaidh, cúlghairfear aon tarmligean a bheidh déanta faoi fho-alt (6) i ndáil leis na feidhmeanna sin.
(8) Déanfaidh príomhfheidhmeannach limistéir na feidhmeanna a tharmligtear chuige nó chuici faoin alt seo a fheidhmiú de réir cibé ordacháin ghinearálta a thabharfaidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach ó am go ham.
(9) Féadfaidh príomhfheidhmeannach limistéir, de réir fho-ailt (2) go (5) d'alt 16 den Phríomh-Acht, a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a tharmligean chuig comhalta eile d'fhoireann an Údaráis is comhalta a bheidh sannta chuig an mBord Sláinte Limistéir lena mbaineann agus déanfar tagairtí sna fo-ailt sin do phríomhoifigeach feidhmiúcháin boird sláinte a fhorléiriú chun críocha an fho-ailt seo mar thagairtí do phríomhfheidhmeannach limistéir.
(10) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, príomhfheidhmeannach limistéir a chur as oifig, de réir théarmaí agus choinníollacha a chonartha seirbhíse nó a conartha seirbhíse.
(11) Is feidhmeanna forchoimeádta de chuid an Údaráis iad príomhfheidhmeannach limistéir a cheapadh faoi fho-alt (1) agus a chur as oifig faoi fho-alt (10).
Cuntais agus taifid a choimeád.
18.—(1) Coimeádfaidh Bord Sláinte Limistéir gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sé na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tÚdarás nó an tAire, ó am go ham.
(2) Ullmhóidh Bord Sláinte Limistéir ráitis airgeadais bhliantúla de réir na gcaighdeán cuntasaíochta a shonróidh an tAire chun críocha alt 11(2) d'Acht Uimh. 3 de 1996 agus cuirfidh sé na ráitis airgeadais sin faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh ar an 1ú lá d'Aibreán nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana lena mbaineann siad.
(3) Déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, tar éis an t-iniúchadh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a chríochnú, tuarascáil a tharraingt suas i scríbhinn i ndáil leis na ráitis airgeadais agus déanfaidh sé nó sí cóip de na ráitis airgeadais, mar aon lena thuarascáil nó lena tuarascáil orthu, a chur faoi bhráid an Údaráis agus cuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire iad.
(4) Beidh ráitis airgeadais bhliantúla Boird Sláinte Limistéir ina gcuid de chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Údaráis.
(5) Déanfar ráitis airgeadais bhliantúla chomhdhlúite an Údaráis a ullmhú de réir caighdeán cuntasaíochta a shonróidh an tAire agus déanfaidh an tÚdarás iad a ghlacadh agus cuirfear faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad lena n-iniúchadh ar an 15ú lá d'Aibreán nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana airgeadais lena mbaineann siad.
(6) Faoi réir fho-alt (5), déanfar ráitis airgeadais bhliantúla chomhdhlúite an Údaráis a iniúchadh de réir alt 6 d'Acht 1993.
(7) Déanfaidh an tAire ráitis airgeadais bhliantúla na dtrí Bhord Sláinte Limistéir, mar aon le tuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a chur i gceangal le ráitis airgeadais bhliantúla an Údaráis (arna gcur faoi bhráid an Aire ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste de réir alt 6 d'Acht 1993) agus le ráitis airgeadais bhliantúla chomhdhlúite an Údaráis (arna gcur faoi bhráid an Aire ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste de réir fho-alt (6) agus alt 6 d'Acht 1993) agus déanfar iad a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(8) Cabhróidh príomhfheidhmeannach limistéir leis an bPríomh-Fheidhmeannach Réigiúnach le linn a dhualgais nó a dualgais a chomhall faoi alt 13 i cibé modh agus ag cibé tráthanna a ordóidh an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach ó am go ham.
CUID IV
Bord Sláinte an Oirthir a Dhíscaoileadh agus a fhoireann a aistriú chuig an Údarás
Bord Sláinte an Oirthir a dhíscaoileadh.
19.—(1) Ar an lá bunaithe, beidh Bord Sláinte an Oirthir arna dhíscaoileadh.
(2) An talamh uile a bhí dílsithe, díreach roimh an lá bunaithe, do Bhord Sláinte an Oirthir agus gach ceart, gach cumhacht agus gach pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, beidh siad, ar an lá sin, arna ndílsiú don Údarás gan aon tíolacadh nó sannadh.
(3) Ar an lá bunaithe, gach maoin seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, a bhí, díreach roimh an lá sin, ina maoin de chuid Bhord Sláinte an Oirthir, beidh sí arna dílsiú don Údarás gan aon sannadh.
(4) Gach ceart agus dliteanas de chuid Bhord Sláinte an Oirthir a éireoidh de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a rinne an comhlacht sin roimh an lá bunaithe, beidh sé ar an lá sin arna aistriú chuig an Údarás.
(5) Gach ceart agus dliteanas a aistreofar faoi fho-alt (4), féadfaidh an tÚdarás agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina ainm féin, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú in aghaidh an Údaráis ina ainm féin, agus ní gá don Údarás fógra a thabhairt don duine a n-aistrítear a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas.
(6) Déanfar cuntais chríochnaitheacha Bhord Sláinte an Oirthir a tharraingt suas de réir na gcaighdeán cuntasaíochta a shonróidh an tAire chun críocha alt 11(2) d'Acht Uimh. 3 de 1996 agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad a iniúchadh de réir alt 6 d'Acht 1993.
(7) Aon imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh ar an lá bunaithe in aon chúirt nó binse ar páirtí iontu Bord Sláinte an Oirthir, leanfar díobh, ach ainm an Údaráis a chur in ionad ainm Bhord Sláinte an Oirthir agus ní rachaidh siad ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.
(8) Déanfar aon tagairt do Bhord Sláinte an Oirthir in ordú arna dhéanamh ag cúirt roimh an lá bunaithe a fhorléiriú, ar an lá bunaithe, mar thagairt don Údarás.
(9) Aon rún a bheidh rite ag Bord Sláinte an Oirthir, aon ordú a bheidh déanta aige nó aon fhógra a bheidh seirbheáilte aige roimh an lá bunaithe, ar rún, ordú nó fógra é nach mbeidh a oibriú, a éifeacht nó a théarma scortha nó caite díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige agus d'éifeacht a bheith leis an lá sin nó dá éis, amhail is dá mba é a bhí ann ná rún a rith an tÚdarás, ordú a rinne sé nó fógra a sheirbheáil sé.
(10) Aon riail nó rialachán a bheidh déanta ag Bord Sláinte an Oirthir agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh sí nó sé d'fheidhm a bheith aici nó aige agus d'éifeacht a bheith léi nó leis, ar an lá sin nó dá éis, amhail is dá mba riail í, nó dá mba rialachán é, a rinne an tÚdarás, agus féadfar gach riail nó rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm, a athrú nó a chúlghairm agus féadfaidh an tÚdarás pionóis agus forghéilltí a éiríonn faoin gcéanna a ghnóthú agus a fhorfheidhmiú.
(11) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir an Achta seo, aon talamh, aon mhaoin eile, aon cheart nó aon dliteanas a aistreofar chuige faoin alt seo a aistriú i scríbhinn chuig Bord Sláinte Limistéir.
Foireann Bhord Sláinte an Oirthir a aistriú chuig an Údarás.
20.—(1) Déanfar gach duine a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann Bhord Sláinte an Oirthir, a aistriú an lá sin chuig foireann an Údaráis agus tiocfaidh sé nó sí, an lá sin, chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis.
(2) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, le linn do dhuine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith i seirbhís an Údaráis ní bhfaighidh sé nó sí scála pá níos lú ná an scála pá a raibh sé nó sí ina theideal díreach roimh an lá bunaithe ná ní chuirfear é nó í faoi réir téarmaí agus coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha seirbhíse a bhaineann le seilbh oifige) is lú fabhar dó nó di ná na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá bunaithe.
(3) Maidir le gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir Bord Sláinte an Oirthir agus aon duine a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis nó léi, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an tÚdarás in ionad Bhord Sláinte an Oirthir ann agus beidh gach conradh den sórt sin infhorfheidhmithe ag an Údarás, nó ina choinne, dá réir sin.
(4) Féadfaidh an tÚdarás duine a aistreofar chuig foireann an Údaráis faoin alt seo nó a cheapfar mar oifigeach nó seirbhíseach don Údarás de réir alt 14(1) den Phríomh-Acht a shannadh ó am go ham chuig Bord Sláinte Limistéir.
(5) Leanfaidh gach duine a shannfar faoi fho-alt (4) de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach nó ina sheirbhíseach nó ina seirbhíseach don Údarás, de réir mar a bheidh, ach beidh sé nó sí, le linn a bheith sannta amhlaidh, faoi réir ordacháin phríomhfheidhmeannach limistéir an Bhoird Sláinte Limistéir a mbeidh sé nó sí sannta chuige, ach sin faoi réir cibé comhshocraíochtaí a dhéanfar idir an Príomh-Fheidhmeannach Réigiúnach agus an príomhfheidhmeannach limistéir sin.
(6) Chun críocha aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar, maidir le hoifig oifigigh a bhí, ar an lá bunaithe, ina oifigeach nó ina hoifigeach do Bhord Sláinte an Oirthir, nár cuireadh deireadh leis an oifig sin.
CUID V
Feidhmeannacht na mBord Sláinte
Feidhmeannacht na mBord Sláinte.
21.—(1) Beidh arna bunú, ar an lá bunaithe, gníomhaireacht ar a dtabharfar Feidhmeannacht na mBord Sláinte agus dá ngairtear “an Fheidhmeannacht” san alt seo.
(2) Beidh an Fheidhmeannacht ina comhlacht corpraithe agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha.
(3) Soláthróidh an Fheidhmeannacht séala di féin agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala.
(4) Comhlíonfaidh an Fheidhmeannacht, thar ceann na mbord sláinte—
(a) cibé feidhmeanna feidhmiúcháin de chuid na mbord sláinte a shonróidh comhaltaí na Feidhmeannachta ó am go ham, agus
(b) cibé feidhmeanna feidhmiúcháin eile a ordóidh an tAire ó am go ham ar feidhmeanna iad a bhaineann le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na seirbhísí sláinte agus na seirbhísí sóisialta pearsanta a fheabhsú.
(5) Is iad comhaltaí na Feidhmeannachta príomhoifigigh feidhmiúcháin na mbord sláinte agus na príomhfheidhmeannaigh limistéir.
(6) (a) Sa mhéid nach n-íocfar caiteachais na Feidhmeannachta ó fhoinsí eile, íocfaidh na boird sláinte iad i cibé cionúireachtaí ar a gcomhaontóidh comhaltaí na Feidhmeannachta ó am go ham nó, cheal comhaontú den sórt sin, i cibé cionúireachtaí a chinnfidh an tAire.
(b) Mura n-íocfaidh bord sláinte an méid is iníoctha aige faoi mhír (a), féadfar an méid a bheidh i gceist a bhaint as aon airgead a bheidh iníoctha leis an mbord sláinte ag an Aire chun aon chríche ar bith agus íocfaidh an tAire an méid sin leis an bhFeidhmeannacht.
(7) Coimeádfaidh an Fheidhmeannacht gach cuntas is cuí agus is gnách ar a ioncam agus ar a chaiteachas agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin agus ar shócmhainní agus ar dhliteanais na Feidhmeannachta.
(8) Déanfar ráitis airgeadais bhliantúla na Feidhmeannachta do gach bliain a ullmhú de réir caighdeán cuntasaíochta a shonróidh an tAire agus cuirfear faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad lena n-iniúchadh laistigh de 3 mhí ó dheireadh na bliana lena mbaineann siad agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh de réir alt 5 d'Acht 1993.
(9) Déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, tar éis an t-iniúchadh faoi fho-alt (8) a chríochnú, tuarascáil a tharraingt suas i scríbhinn i ndáil leis na cuntais agus déanfaidh sé nó sí cóip de na cuntais mar aon lena thuarascáil nó lena tuarascáil orthu a chur faoi bhráid an Aire, faoi bhráid gach boird sláinte agus faoi bhráid na mBord Sláinte Limistéir, agus déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, a chur faoi deara cóip den tuarascáil agus cóip de na cuntais lena mbaineann an tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(10) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta gach bliain, tuarascáil a thabhairt ar a cuid gníomhaíochtaí le linn na bliana roimhe sin agus cuirfidh sí cóip den tuarascáil faoi bhráid an Aire, faoi bhráid gach boird sláinte agus faoi bhráid na mBord Sláinte Limistéir.
(11) (a) Féadfaidh an Fheidhmeannacht, le toiliú an Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sí a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann na Feidhmeannachta agus, le linn aon duine den sórt sin a cheapadh, comhlíonfaidh an Fheidhmeannacht aon ordacháin a thabharfaidh an tAire i ndáil leis an nós imeachta a bheidh le leanúint.
(b) Scoirfidh gach comhalta d'fhoireann na Feidhmeannachta a bheidh ag fónamh i gcáil bhuan de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin ar aois 65 bliana a shlánú.
(c) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, le toiliú an Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, luach saothair agus coinníollacha seirbhíse gach comhalta dá foireann a chinneadh.
(d) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, ó am go ham, cibé dualgais is cuí léi a shannadh do gach comhalta d'fhoireann na Feidhmeannachta agus comhlíonfaidh gach comhalta den sórt sin na dualgais a shannfar dó nó di amhlaidh.
(e) Beidh feidhm ag scéimeanna agus rialacháin arna ndéanamh faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980, maidir le comhaltaí d'fhoireann na Feidhmeannachta a cheapfar i gcáil bhuan amhail is dá mba bhord sláinte an Fheidhmeannacht.
(12) Chun a dualgais a chomhlíonadh, féadfaidh an Fheidhmeannacht, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an tAire—
(a) aon talamh nó maoin eile a cheannach nó a thógáil ar léas,
(b) aon talamh nó maoin eile a bheidh dílsithe di a dhíol, a mhalartú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile,
(c) comhshocraíochtaí a dhéanamh le duine eile maidir leis an bhFeidhmeannacht d'úsáid áitribh nó trealaimh leis an duine sin nó maidir leis an bhFeidhmeannacht d'úsáid seirbhísí fostaithe de chuid an duine sin nó an chomhlachta sin,
(d) glacadh le bronntanais airgid, talún agus maoine eile ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir, ach amháin nach nglacfaidh an Fheidhmeannacht le bronntanas i gcás nach bhfuil na coinníollacha a chuirfidh an deontóir ag gabháil lena ghlacadh i gcomhréir le feidhmeanna na Feidhmeannachta.
(13) (a) Ní bhfaighidh an Fheidhmeannacht airgead ar iasacht gan toiliú roimh ré ón Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais,
(b) Maidir le hiasachtaí airgid a gheobhaidh an Fheidhmeannacht beidh siad faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.
(14) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i leith gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas—
(a) téarmaí agus coinníollacha chomhaltas na Feidhmeannachta,
(b) rialacha agus nósanna imeachta ag a cruinnithe,
(c) bunú coistí dá cuid,
(d) caiteachais a íoc lena comhaltaí.
(15) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.
(16) D'ainneoin alt 4(1) (arna chur isteach le halt 24) d'Acht Uimh. 3 de 1996, féadfaidh príomhoifigeach feidhmiúcháin boird sláinte a cheangal ar an bhFeidhmeannacht feidhm a chomhall thar a cheann nó thar a ceann agus, i gcás ina ndéanfaidh an t-oifigeach sin ceanglas den sórt sin, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is féidir, an méid sin a chur in iúl don bhord sláinte lena mbaineann.
(17) San alt seo, folaíonn tagairt do bhord sláinte tagairt don Údarás agus folaíonn tagairt do phríomhoifigeach feidhmiúcháin boird sláinte tagairt don Phríomh-Fheidhmeannach Réigiúnach.
CUID VI
Leasú ar an bPríomh-Acht, ar an Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961, agus ar Acht Uimh. 3 de 1996
Leasuithe ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
22.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) trí “nó alt 11(2)(b) den Acht Sláinte (Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir), 1999,” a chur isteach i Riail 5 i ndiaidh “alt 4(2)(a)(ii)”,
(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 11(2):
“(2A) Más rud é nár fhreastail comhalta den bhord a ceapadh ar shlí eile seachas ag comhairle contae nó ag bardas contaebhuirge ar aon chruinniú den bhord ar feadh tréimhse comhleanúnaí 6 mhí, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin agus déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.”,
(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 11(3):
“(4) Ní bheidh feidhm ag an Riail seo i gcás inar féidir le comhalta den bhord a thaispeáint, chun sástacht chathaoirleach an bhoird, gur de dheasca breoiteachta a bhí sé nó sí as láthair.”,
(d) trí “nó alt 11(2)(b) den Acht Sláinte (Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir), 1999,” a chur isteach i Riail 12 i ndiaidh “alt 4(2)(a)(ii)”, agus
(e) trí “nó fostaí de chuid ospidéil shaorálaigh, de chuid soláthraí saorálaigh seirbhíse míchumais intleachtúil nó de chuid soláthraí saorálaigh seirbhíse” a chur isteach i Riail 17 i ndiaidh “oifigeach nó seirbhíseach don bhord”.
Leasú ar alt 6 den Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961.
23.—Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Sláinte (Comhlachtaí Corpraithe), 1961, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):
“(d) an comhlacht do thabhairt eolais ó am go ham don Aire, nó do cibé comhlacht eile a shonróidh an tAire san ordú, ar eolas é a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna, agus an t-eolas sin a thabhairt don Aire nó don chomhlacht eile aon tráth eile ar é a iarraidh.”.
Leasú ar Acht Uimh. 3 de 1996.
24.—Leasaítear leis seo Acht Uimh. 3 de 1996—
(a) in alt 1(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “feidhm fhorchoimeádta”:
“ciallaíonn ‘feidhm fhorchoimeádta’—
(a) feidhm de chuid boird sláinte a shonraítear in alt a luaitear i gcolún (3) den Chéad Sceideal os coinne an Achta a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin, agus
(b) aon fheidhm de chuid boird sláinte a shonraítear mar fheidhm fhorchoimeádta sna hAchtanna Sláinte, 1947 go 1999, nó in aon achtachán eile.”,
(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3:
“3. (1) Déanfaidh bord sláinte feidhm fhorchoimeádta a chomhlíonadh go díreach.
(2) Ní dhéanfaidh bord sláinte aon chinneadh nó ní thabharfaidh sé aon ordachán i ndáil le haon fheidhm de chuid boird sláinte nach feidhm fhorchoimeádta í.
(3) Cabhróidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin leis an mbord i dtaca le feidhm fhorchoimeádta a chomhlíonadh i cibé slí (más ann) a éileoidh an bord.”,
agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 4:
“(1) Mura bhforáiltear a mhalairt, comhlíonfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin feidhm de chuid boird sláinte nach feidhm fhorchoimeádta í agus is feidhm feidhmiúcháin a bheidh i bhfeidhm den sórt sin.”.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Limistéir Feidhme na mBord Sláinte Limistéir
1. Sa Sceideal seo—
ciallaíonn “contae Chill Dara” contae riaracháin Chill Dara;
ciallaíonn “contae Chill Mhantáin” contae riaracháin Chill Mhantáin;
ciallaíonn “cathair Bhaile Átha Cliath” contaebhuirg Bhaile Átha Cliath;
ciallaíonn “Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin” contae riaracháin Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin;
ciallaíonn “Contae Fhine Gall” contae riaracháin Fhine Gall;
ciallaíonn “Contae Bhaile Átha Cliath Theas” contae riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas.
2. Teorainn limistéar feidhme Bhord Sláinte Limistéar an Tuaiscirt.
An chuid sin de limistéar feidhme an Údaráis a fhreagraíonn dó seo a leanas:
An chuid sin de chathair Bhaile Átha Cliath atá suite lastuaidh d'Abhainn na Life, agus
Contae Fhine Gall.
3. Teorainn limistéar feidhme Bhord Sláinte Limistéar Chósta an Oirthir.
An chuid sin de limistéar feidhme an Údaráis a fhreagraíonn dó seo a leanas:
Toghlimistéar áitiúil Phembroc i gcathair Bhaile Átha Cliath,
Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, agus
contae Chill Mhantáin (ach amháin toghlimistéar áitiúil Bhealach Conglais).
4. Teorainn limistéar feidhme Bhord Sláinte Limistéar an Iardheiscirt.
An chuid sin de limistéar feidhme an Údaráis a fhreagraíonn dó seo a leanas:
An chuid sin de chathair Bhaile Átha Cliath atá suite laisteas d'Abhainn na Life (ach amháin toghlimistéar áitiúil Phembroc),
Contae Bhaile Átha Cliath Theas,
contae Chill Dara, agus
toghlimistéar áitiúil Bhealach Conglais i gContae Chill Mhantáin.
AN DARA SCEIDEAL
Ospidéal San Séam
Ospidéal Beaumont
Ospidéal an Mater Misericordiae
Ospidéal Naomh Uinseann, Páirc Leamhán
Ospidéal Adelaide agus na Mí, Baile Átha Cliath, ina gcorpraítear
Ospidéal Náisiúnta na Leanaí
Ospidéal Naomh Mícheál, Dún Laoghaire
Ospidéal Súl agus Cluas Ríoga Victoria
Ospidéal Ban an Choim
An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais
Ospidéal an Rotunda
Ospidéal Mhuire do Leanaí Breoite, Cromghlinn
Ospidéal na Leanaí, Sráid an Teampaill
Ospidéal Naomh Lúcás agus Naomh Áine
Ospidéal Shráid Hiúm
Ospidéal Ortaipéideach Cheapaí
Ospidéal Ortaipéideach Corpraithe na hÉireann, Cluain Tarbh
An tOspidéal Náisiúnta Athshlánúcháin
Ospís Mhuire
An tOspidéal Ríoga, Domhnach Broc
Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath
An Phríomh-Chlinic Íocshláinteach
Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar
Ospidéil Shaorálacha Chónaidhmthe Bhaile Átha Cliath
An Lárionad Cóireála Drugaí, Cúirt na Tríonóide, Sráid an
Phiarsaigh
Ospidéal Naomh Uinseann, Fionnradharc
Ospidéal agus Scoil Chónaithe Naomh Muire, Baile Dúill
Ospidéal Stewart
Seirbhísí Ord Spidiléirí Naomh Eoin le Dia, Stigh Lorgan
Children's Sunshine Home
Teach Naomh Mícheál
Iníonacha Carthanachta Naomh Uinseann de Pól, Bóthar na
hUaimhe
Siúracha Carthanachta Íosa agus Mhuire, Mainistir Uí Mhórdha, Co.
Chill Dara
Cheeverstown House Limited
K.A.R.E.
Ospidéal Peamount
Sunbeam House Services