Uimhir 18 de 1985
ACHT NA nALTRAÍ, 1985
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. |
An Bord Altranais
6. | |
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. | |
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. |
Clárú
27. | |
28. | |
29. | |
30. |
Oideachas agus Oiliúint
Feidhmiúlacht chun Cleachtadh
Ilghnéitheach
48. | |
49. | |
50. | |
51. | |
52. | Feidhmeanna i ndáil le Treoracha etc. lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach. |
53. | |
54. | |
55. | |
56. | |
57. | |
58. | |
59. |
Na hAchtanna a Aisghairtear
Rialacha i nDáil le Comhaltas agus Cruinnithe an Bhoird Altranais (The Nursing Board)
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Finance Act, 1895 | 58 agus 59 Vic. c. 16 |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 1851, c. 93 |
Uimhir 18 de 1985
ACHT NA nALTRAÍ, 1985
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar Acht na nAltraí, 1985, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Bord” An Bord Altranais nó the Nursing Board a bhunaítear leis an Acht seo;
ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheaptar ina lá bunaithe faoi alt 4 den Acht seo;
ciallaíonn “an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh” an coiste a bhunóidh an Bord faoi alt 13 (2) den Acht seo;
ciallaíonn “an Seanbhord” an Bord Altranais a bunaíodh faoi Acht na nAltran, 1950;
ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970;
ciallaíonn “Ballstát” stát, seachas an Stát, ar comhalta é de Chomhphobail Eacnamaíochta na hEorpa;
ciallaíonn “cnáimhseach” duine a bhfuil a ainm taifeadta i roinn na gcnáimhseach den chlár;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;
ciallaíonn “altra” bean nó fear a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta sa chlár agus folaíonn sé cnáimhseach agus folaíonn “altracht” “cnáimhseachas”;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacha arna ndéanamh ag an mBord;
ciallaíonn “an clár” clár na n-altraí a bhunaítear faoi alt 27 den Acht seo;
ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bunaíodh faoi Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978;
ciallaíonn “rialacha” rialacha arna ndéanamh faoi alt 26 den Acht seo.
Tosach feidhme.
3.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó orduithe ón Aire chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.
An lá bunaithe.
4.—Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.
Aisghairm.
5.—Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
CUID II
An Bord Altranais
An Bord Altranais a bhunú.
6.—(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá bunaithe, comhlacht ar a dtabharfar An Bord Altranais, nó sa Bhéarla the Nursing Board (dá ngairtear an Bord san Acht seo) a mbeidh mar chúram ginearálta air oideachas gairmiúil agus oiliúint agus iompar gairmiúil de chaighdeán ard a chur chun cinn i measc altraí, agus a chomhallfaidh, go háirithe, na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo.
(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.
(3) Féadfaidh an Bord, faoi réir fhorálacha an Achta seo, a nós imeachta féin a rialáil.
(4) Bainfidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an mBord.
An Seanbhord a dhíscaoileadh.
7.—(1) Beidh an Seanbhord arna dhíscaoileadh de bhua an ailt seo an lá bunaithe.
(2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Seanbhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, gan tíolacadh ná sannadh ach faoi réir aistriú, i gcás ar gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dá chuid féin ag an mBord nó dílsithe dó nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó (de réir mar is gá sa chás).
(3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an tSeanbhoird, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an mBord á iarraidh sin aon tráth an lá bunaithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Bhoird.
(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an Bord, an lá bunaithe nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú, nó é a fheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.
(5) Gach fiach nó dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, dlite den Seanbhord agus gan íoc agus gan ghlanadh aige, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh agus glanfaidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord agus a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin.
(6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir an Seanbhord agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Bord ann in ionad an tSeanbhoird agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an mBord nó ina aghaidh.
(7) I gcás a mbeidh, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu an Seanbhord, cuirfear ainm an Bhoird in ionad ainm an tSeanbhoird agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar na gcur-in-ionad sin.
(8) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Bhord.
(9) Aon chonradh seirbhíse (sainráite nó intuigthe) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir an Seanbhord agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm an Bhoird ann in ionad ainm an tSeanbhoird agus beidh gach conradh den sórt sin infheidhmithe dá réir sin ag an mBord nó ina aghaidh.
Séala an Bhoird.
8.—(1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.
(2) Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú Uachtarán an Bhoird nó le síniú cibé comhalta eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.
(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh a bheith ina ionstraim a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) an Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.
Comhaltas an Bhoird.
9.—(1) Is é a bheidh ar an mBord 29 gcomhalta agus is mar seo a leanas a cheapfar iad, is é sin le rá—
(a) cúigear altra a chónaíonn sa Stát agus a bhíonn ag gabháil d'oiliúint altraí, agus
(i) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí atá ag cur oiliúint ar altraí san altracht ghinearálta,
(ii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí atá ag cur oiliúint ar altraí san altracht phéidiatraiceach,
(iii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí atá ag cur oiliúint ar altraí san altracht shíciatrach,
(iv) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí atá ag cur oiliúint ar altraí i gcúram daoine meabhairéislinneacha, agus,
(v) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí atá ag cur oiliúint ar altraí sa chnáimhseachas,
arna dtoghadh ag altraí;
(b) cúigear altra a chónaíonn sa Stát agus a bhíonn ag gabháil do riaradh na haltrachta agus—
(i) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do riaradh na haltrachta ginearálta,
(ii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do riaradh na haltrachta sláinte poiblí,
(iii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do riaradh na haltrachta síciatraí,
(iv) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do riaradh an chnáimhseachais, agus,
(v) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do riaradh altracht daoine meabhairéislinneacha,
arna dtoghadh ag altraí;
(c) seachtar altra a chónaíonn sa Stát agus a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil na haltrachta, agus—
(i) a mbeidh beirt acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil san altracht ghinearálta,
(ii) a mbeidh beirt acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil san altracht shíciatrach,
(iii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil sa chnáimhseachas,
(iv) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil san altracht sláinte poiblí, agus
(v) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'altraí a bhíonn ag gabháil do chleachtadh cliniciúil in altracht daoine meabhairéislinneacha,
arna dtoghadh ag altraí;
(d) dhá dhuine dhéag arna gceapadh ag an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí nó eagraíochtaí a mheasann sé is oiriúnach chun comhairle a chur air, agus
(i) a mbeidh duine amháin acu ina lia-chleachtóir cláraithe a bhíonn ag gabháil do chleachtadh na míochaine in ospidéal a bheidh ceadaithe ag an mBord chun oiliúint a chur ar altraí ginearálta,
(ii) a mbeidh duine amháin acu ina lia-chleachtóir cláraithe a bhíonn ag gabháil do chleachtadh na míochaine in ospidéal a bheidh ceadaithe ag an mBord chun oiliúint a chur ar altraí síciatracha,
(iii) a mbeidh duine amháin acu ina lia-chleachtóir cláraithe a bhíonn ag gabháil do chleachtadh na hasaoideolaíochta in ospidéal a bheidh ceadaithe ag an mBord chun oiliúint a chur ar chnáimhseacha,
(iv) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach do bhainistíocht bord sláinte,
(v) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach do bhainistíocht ospidéal, seachas ospidéal a riarann boird sláinte,
(vi) a mbeidh beirt acu ionadaitheach don Roinn Sláinte,
(vii) a mbeidh duine le taithí i gcúrsaí oideachais ar dhuine amháin acu,
(viii) a mbeidh duine amháin acu ionadaitheach d'fhorais oideachais tríú leibhéal a bhíonn ag gabháil d'oideachas agus d'oiliúint a chur ar altraí,
(ix) a mbeidh duine amháin acu ina altra, agus
(x) a mbeidh beirt acu ionadaitheach do leas an phobail i gcoitinne.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire ceapachán de bhun mhír (d) (vii) nó mhír (d) (viii) d'fho-alt (1) den alt seo gan toiliú an Aire Oideachais.
(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin arna ndéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, forálacha fho-alt (1) den alt seo a athrú.
(4) Aon uair a bheartóidh an tAire rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (3) den alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.
Daoine a cheapadh ina gcomhaltaí den Bhord.
10.—Déanfaidh an tAire gach beart is gá lena chinntiú go gceapfar comhaltaí chun an chéad Bhoird a bhunófar tar éis thosach feidhme an Achta seo agus déanfaidh an Bord gach beart is gá lena chinntiú go gceapfar comhaltaí chun aon Bhoird ina dhiaidh sin.
Comhaltaí den Bhord a thoghadh.
11.—(1) Roimh an lá bunaithe, i gcás an chéad toghchán comhaltaí chun an Bhoird de bhun an Achta seo, agus roimh thosach a dtéarma oifige i gcás gach toghcháin ina dhiaidh sin, déanfar na comhaltaí den Bhord a bheidh le toghadh de réir alt 9 (1) (a), (b) agus (c) den Acht seo a thoghadh trí thoghchán a dhéanfar de réir rialacha a bheidh déanta ag an Aire, i gcás an chéad toghcháin, agus de réir rialacha a bheidh déanta ag an mBord, le ceadú an Aire, i gcás gach toghcháin ina dhiaidh sin, agus féadfaidh aon rialacha den sórt sin a shonrú, go háirithe, na cáilíochtaí nach mór a bheith ag iarrthóirí lena dtoghadh chun an Bhoird, na daoine a bheidh i dteideal iarrthóir a ainmniú lena thoghadh nó vótáil i dtoghchán agus féadfaidh siad aicme nó aicmí faoi leith altraí a shonrú a bheidh i dteideal vótáil ar son aon aicme faoi leith altraí.
(2) I gcás an chéad toghcháin chun an Bhoird, is é an tAire a cheapfaidh an ceann comhairimh don toghchán sin, agus i gcás gach toghcháin ina dhiaidh sin, is é an Bord a cheapfaidh an ceann comhairimh don toghchán sin.
Céad chruinniú an Bhoird.
12.—(1) Tionólfar céad chruinniú an Bhoird lá a cheapfaidh an tAire agus cuirfidh an tAire tráth agus ionad an chruinnithe sin in iúl do chomhaltaí an Bhoird.
(2) Tiocfaidh an Bord le chéile ag an tráth agus san ionad a cheapfaidh an tAire faoin alt seo dá chéad chruinniú agus air sin rachaidh sé i mbun a dhualgas faoin Acht sin.
Coistí de chuid an Bhoird.
13.—(1) Féadfaidh an Bord, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, coistí a bhunú ó am go ham chun cibé feidhmeanna, más aon fheidhmeanna iad, den Bhord a fheidhmiú is fearr nó is caothúla a fhéadfar, i dtuairim an Bhoird, a fheidhmiú ag coiste, agus a shannfaidh an Bord do choiste.
(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, bunóidh an Bord coiste i ndáil lena fheidhmeanna de bhun Chuid V den Acht seo.
(3) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith, más cuí sin leis an mBord, ina gcomhaltaí de choiste a bhunófar faoin alt seo, seachas an coiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.
(4) Ní foláir gur comhalta den Bhord cathaoirleach gach coiste a bhunofar faoin alt seo ar choinníoll, i gcás an choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, gur comhalta den Bhord seachas Uachtarán nó Leas-Uachtarán an Bhoird an cathaoirleach.
(5) Ní foláir gur comhalta den Bhord gach comhalta den choiste a bhunófar faoi fho-alt (2) den alt seo.
(6) Is daoine a ceapadh trína dtoghadh chun an Bhoird a bheidh i dtromlach comhaltaí an choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus is daoine seachas daoine a ceapadh trína dtoghadh chun an Bhoird a bheidh in aon trian ar a laghad de chomhaltaí an choiste sin.
(7) Beidh gníomhartha coiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an mBord mura scaoilfidh an Bord, tráth ar bith, leis an daingniú sin a bheith riachtanach.
(8) Féadfaidh an Bord, faoi réir fhorálacha an Achta seo, nós imeachta coistí a bhunófar faoin alt seo a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bhunófar faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.
Caiteachais comhaltaí den Bhord agus de choistí.
14.—Íocfar le comhalta den Bhord nó d'aon choiste a bhunóidh an Bord, as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé liúntais i leith caiteachais taistil agus cothaithe a thabhóidh sé i ndáil le freastal ar chruinniú den Bhord nó ar shlí eile i ndáil le gnó an Bhoird a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
An Bord a chur as oifig.
15.—(1) Má mhainníonn nó má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an Bord aon fheidhm a bheidh sannta dó faoin Acht seo a chomhlíonadh féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú don Bhord an fheidhm sin a fheidhmiú agus chun na críche sin cibé nithe nó rudaí eile a ghabhann nó a bhaineann leis an bhfeidhm agus a bheidh sonraithe san ordú a dhéanamh.
(2) Má mhainníonn an Bord déanamh de réir aon ordachán ón Aire a bheidh in ordú a dhéanfaidh sé faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí an Bhoird a chur as oifig.
(3) Féadfaidh ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo cibé forálacha a bheith ann a mheasfaidh an tAire is gá chun go bhféadfar feidhmeanna an Bhoird a chomhlíonadh d'ainneoin comhaltaí an Bhoird a bheith curtha as oifig agus féadfaidh aon ordú den sórt sin, go háirithe, duine nó daoine a cheapadh chun gach feidhm nó aon fheidhm de chuid an Bhoird a fheidhmiú.
(4) Féadfaidh an tAire ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.
(5) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin agus i gcás ordú a rinneadh faoi fho-alt (2) den alt seo, déanfar na comhaltaí den Bhord a cuireadh as oifig de bhua an ordaithe a chur ar ais in oifig ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin ag aon duine nó daoine a ceapadh chun gach feidhm nó aon fheidhm de chuid an Bhoird a fheidhmiú faoin ordú agus dá bhua.
Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin.
16.—(1) Beidh príomh-oifigeach ann a ghníomhóidh mar Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird agus ar a dtabharfar Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird.
(2) Is é an Bord a cheapfaidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin agus sealbhóidh sé a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an Bord ó am go ham, le toiliú an Aire.
(3) Íocfaidh an Bord lena Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin as cistí a bheidh faoina réir aige cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham le toiliú an Aire.
(4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú nach mbeidh aon chumhacht a thugtar don Bhord leis an alt seo infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire agus aon uair a bheidh aon dearbhú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe ach amháin leis an toiliú sin.
Oifigigh agus seirbhísigh eile don Bhord.
17.—(1) I dteannta an Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, ceapfar cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh an Bord ó am go ham le toiliú an Aire chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.
(2) Is é an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin a cheapfaidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord agus sealbhóidh sé a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ó am go ham.
(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh, seachas an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, as cistí a bheidh faoina réir aige, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ó am go ham le toiliú an Aire.
(4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú nach mbeidh aon chumhacht a thugtar don Bhord nó don Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin leis an alt seo infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire agus aon uair a bheidh aon dearbhú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe, i ndáil le haon oifig nó fostaíocht lena mbaineann an dearbhú, ach amháin leis an toiliú sin.
Teorainneacha aoise.
18.—Duine is buanoifigeach don Bhord, scoirfidh sé de bheith ina bhuanoifigeach ar é do shlánú 65 bliana d'aois.
Aoisliúntas.
19.—Bainfidh an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956, leis an mBord agus lena oifigigh agus lena sheirbhísigh ionann is dá mba údarás áitiúil an Bord agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh d'údarás áitiúil iadsan agus bainfidh an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980, leis an mBord agus lena oifigigh agus lena sheirbhísigh ionann is dá mba chomhlacht lena mbaineann alt 2 den Acht sin an Bord agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh do chomhlacht den sórt sin iadsan, ach beidh feidhm ag an dá Acht sin maidir leis an mBord faoi réir aon mhodhnuithe (lena n-áirítear modhnuithe ar aon scéim nó rialacháin faoin Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1980, agus modhnuithe i ndáil le seirbhís is ináirithe mar sheirbhís inphinsin) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Comhshaoil.
Oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.
20.—(1) Más rud é, i gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach don Bhord—
(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó
(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,
beidh sé ar iasacht air sin ó fhostaíocht an Bhoird agus ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon luach saothair ná liúntais in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a thofa nó a ainmnithe amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin.
(2) Duine a bheidh, de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear ann a ríomh mar sheirbhís leis an mBord le haghaidh aon sochair aoisliúntais.
Cuntais an Bhoird.
21.—(1) Coimeádfaidh an Bord na cuntais go léir is cuí ar ioncam agus ar chaiteachais uile an Bhoird agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin agus coimeádfaidh an Bord na cuntais go léir is cuí ar mhaoin, ar shócmhainní agus ar dhliteanais an Bhoird.
(2) Déanfar cuntais an Bhoird a iniúchadh uair ar a laghad gach bliain ag iniúchóir a cheapfaidh an tAire chun na críche sin agus déanfaidh an Bord táillí an iniúchóra sin agus costais an iniúchta sin i gcoitinne a íoc a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta den sórt sin.
(3) Déanfar, a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta faoin alt seo, cóip de chuntais an Bhoird agus deimhniú an iniúchóra agus a thuarascáil orthu a thabhairt don Aire.
(4) Cuirfidh an Bord faoi deara, a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta faoin alt seo, na cuntais sin agus deimhniú agus tuarascáil an iniúchóra orthu a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol, agus díreach tar éis gach foilsithe den sórt sin, déanfar cóip de na cuntais sin agus an deimhniú agus an tuarascáil sin orthu, arna gcló agus arna bhfoilsiú amhlaidh, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Cumhacht an Bhoird airgead a fháil ar iasacht.
22.—(1) Féadfaidh an Bord, faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, nó de réir aon ordacháin a thabharfaidh sé, airgead a fháil ar iasacht chun críocha caipitiúla nó críocha reatha.
(2) Féadfar aon airgead a gheobhaidh an Bord ar iasacht de bhun an ailt seo agus aon ús a fhaibhreoidh air a urrú ar ioncam, cistí nó maoin an Bhoird.
An Bord do ghlacadh bronntanas.
23.—(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.
(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.
Caiteachais an Bhoird agus an Aire.
24.—(1) Íocfaidh an Bord as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord na caiteachais go léir a thabhóidh an Bord.
(2) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Táillí.
25.—Féadfaidh an Bord cibé táillí a ghearradh a chinnfidh an Bord ó am go ham, le toiliú an Aire, i leith—
(a) duine a chlárú sa chlár,
(b) ainm duine a choinneáil sa chlár,
(c) ainm aon duine ar scriosadh nó ar baineadh, de bhun fhorálacha an Achta seo, a ainm as an gclár, a chur ar ais sa chlár,
(d) deimhniú cláraitheachta a thabhairt d'aon duine,
(e) aon iarrthóir ar oiliúint altrachta a chlárú in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an mBord,
(f) iontráil d'aon scrúdú a bheidh á stiúradh ag an mBord,
(g) iarratais chun dul faoi oiliúint altrachta,
(h) aon seirbhís eile a sholáthróidh an Bord, ó am go ham.
Rialacha.
26.—Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, rialacha a dhéanamh chun críche oibriú an Achta seo agus féadfaidh aon rialacha den sórt sin inter alia foráil a dhéanamh maidir le bunú, comhaltas, feidhmeanna agus nósanna imeachta coistí d'fhonn cuidiú leis an mBord a chuid feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.
CUID III
Clárú
An clár.
27.—(1) Déanfaidh an Bord, de réir rialacha a dhéanfaidh an Bord, clár altraí a chothabháil (dá ngairtear an clár san Acht seo) agus roinnfear an clár sna ranna a shonraítear sna rialacha sin agus beidh ar áireamh sna ranna sin roinn a bhainfidh le cnáimhseacha.
(2) Déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, an clár a ullmhú agus a bhunú.
(3) Aon tagairt san Acht seo do chlár na n-altraí measfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, gur tagairt í a fholaíonn tagairt d'aon roinn den chlár agus forléireofar “cláraithe” agus “clárú” dá réir.
(4) Foilseoidh an Bord clár na n-altraí nó aon roinn nó ranna de ag cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire.
(5) Cuirfidh altra aon athrú ar a ainm nó ar a sheoladh in iúl don Bhord.
(6) Déanfaidh an Bord cibé bearta a mheasann sé is gá ó am go ham chun a chinntiú go bhfuil ainmneacha agus seoltaí na ndaoine atá cláraithe sa chlár cruinn.
(7) Gach duine a dtaifeadfar a ainm sa chlár, déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis clárú an duine sin a bheith críochnaithe, deimhniú á rá go bhfuil a ainm taifeadta sa chlár a sheoladh chuige.
(8) Deimhniú a eiseoidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin á rá go bhfuil ainm an duine lena mbaineann an deimhniú taifeadta sa chlár beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurbh é a shínigh an deimhniú nó gurbh é an duine sin an duine cuí lena shíniú amhlaidh, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú, go dtí go suífear a mhalairt.
Clárú i gclár na n-altraí.
28.—(1) Déanfaidh an Bord, de réir rialacha, gach duine a shásaíonn an Bord go gcomhlíonann sé na coinníollacha forordaithe le haghaidh clárú, a chlárú sa chlár.
(2) Féadfaidh an Bord-duine a chlárú i níos mó ná roinn amháin den chlár má iarrann an duine sin é agus má shásaíonn sé na coinníollacha forordaithe le haghaidh clárú i ngach roinn acu sin.
(3) Déanfar gach duine a bhfuil a ainm, ar dháta an chláir a bhunú, taifeadta i gclár na n-altraí a bhí á chothabháil ag an Seanbhord de bhun Acht na nAltran, 1950, a chlárú sa chlár.
(4) Gach duine is náisiúnach de Bhallstát agus a mbeidh cáilíocht san altracht dáfa dó i mBallstát ar cáilíocht í a bhfuil sé d'oibleagáid ar an Stát aitheantas a thabhairt di de bhun fhorálacha aon Treorach lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach, déanfar, ar é do dhéanamh iarratais san fhoirm agus ar an modh a bheidh sonraithe i rialacha arna ndéanamh ag an mBord, agus ar cibé táille a bheidh sonraithe amhlaidh a íoc, é a chlárú sa chlár.
(5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an mBord diúltú ainm aon duine a chlárú is duine a bheidh, thairis sin, i dteideal a bheith cláraithe, ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na haltrachta.
(6) Ar chinneadh a dhéanamh de bhun fho-alt (5) den alt seo, déanfaidh an Bord fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis a sheoladh láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh.
(7) Féadfaidh duine lena mbaineann cinneadh faoi fho-alt (5) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhshe dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann an duine sin iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—
(a) a dhearbhú gur chuí don Bhord an cinneadh a dhéanamh, nó
(b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Bhord ainm an duine a rinne an t-iarratas a chlárú, nó
(c) an cinneadh a chealú agus—
(i) a ordú don Bhord cinneadh nua a dhéanamh, nó
(ii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Bhord.
An clár a cheartú.
29.—(1) D'fhonn an clár a choimeád ceart déanfaidh an Bord ó am go ham de réir mar is gá sa chás gach dearmad focal nó cléireachais sa chlár sin a cheartú, gach taifead ann a tugadh chun críche trí chalaois nó mífhaisnéis a bhaint de, gach athrú a thiocfaidh ar a n-iúl ar sheoltaí na ndaoine a bheidh cláraithe sa chlár a thaifeadadh ann, agus ainmneacha na ndaoine ar fad ar cuireadh i bhfios don Bhord nó ar tháinig sé ar iúl an Bhoird go bhfuil siad tar éis bháis a bhaint den chlár.
(2) Aon uair a dhéanfaidh an Bord beart de bhun fho-alt (1) den alt seo d'fhonn an clár a choimeád ceart, déanfaidh an Bord láithreach an beart atá déanta agus na cúiseanna leis a chur in iúl don duine lena mbainfidh, nó dá neasghaol, de réir mar a bheidh.
Daoine i ngairmeacha coimhdeacha a chlárú.
30.—Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, ainmneacha daoine atá ag gabháil do ghairm atá coimhdeach don altracht a chlárú i gclár a bheidh á chothabháil chun na críche sin, agus beidh feidhm, maidir le haon chlárú den sórt sin, ag forálacha an Achta seo, faoi réir cibé modhnuithe a bheidh sonraithe i rialacha a dhéanfaidh an Bord le toiliú an Aire.
CUID IV
Oideachas agus Oiliúint
Rialacha i gcomhair cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altraí.
31.—Féadfaidh an Bord, de réir rialacha, socrú nó foráil a dhéanamh le haghaidh na gcúrsaí oiliúna agus na scrúduithe a dhéanfaidh iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altraí agus a ordú cad é an modh ar a dtabharfar oiliúint agus cad iad na coinníollacha faoina dtabharfar í, agus, go háirithe, féadfaidh na rialacha sin socrú a dhéanamh—
(a) i dtaobh an Bord do cheadú léachtóirí agus múinteoirí chun críocha na rialacha sin,
(b) i dtaobh na gcoinníollacha iontrála chun na scrúduithe, agus
(c) i dtaobh deimhnithe a dheonú do dhaoine a dhéanfaidh na cúrsaí agus a ghnóthóidh na scrúduithe.
Rialacha i gcomhair cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'altraí.
32—Féadfaidh an Bord, de réir rialacha, socrú nó foráil a dhéanamh le haghaidh cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'altraí, agus i dtaobh deimhnithe nó dioplómaí a dheonú d'altraí a dhéanfaidh na cúrsaí sin agus a ghnóthóidh na scrúduithe sin, agus féadfaidh an Bord a ordú cad é an modh ina dtabharfar oiliúint agus cad iad na coinníollacha faoina dtabharfar í, agus, go háirithe, féadfaidh na rialacha sin socrú a dhéanamh—
(a) i dtaobh an Bord do cheadú léachtóirí agus múinteoirí chun críocha na rialacha sin,
(b) i dtaobh na gcoinníollacha iontrála chun na scrúduithe, agus
(c) i dtaobh deimhnithe a dheonú do dhaoine a dhéanfaidh na cúrsaí agus a ghnóthóidh na scrúduithe.
Scrúduithe a chur ar siúl, etc.
33.—(1) Féadfaidh an Bord na scrúduithe a chur ar siúl a mbeidh socrú déanta ina gcomhair le rialacha agus, leis na rialacha sin, modh stiúrtha na scrúduithe sin a rialáil.
(2) Ceapfaidh an Bord na scrúdaitheoirí (agus ní bheidh aon duine acu ina chomhalta den Bhord) ag gach scrúdú a chuirfear ar siúl faoin alt seo, agus beidh ag na scrúdaitheoirí sin cibé cáilíochtaí agus cibé taithí i ndáil le haltracht is cuí leis an mBord, agus tabharfar luach saothair dóibh de réir scála a shocróidh an Bord le ceadú an Aire.
An Bord do cheadú ospidéal agus foras a bheidh oiriúnach chun críocha oiliúna.
34.—(1) Más deimhin leis an mBord, ar iarratas chuige sin a dhéanamh chuige, go bhfuil ospidéal nó foras oiriúnach chun altraí, nó iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altraí, a oiliúint ann, ceadóidh an Bord an t-ospidéal nó an foras sin le haghaidh na hoiliúna sin.
(2) Chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, le rialacha, coinníollacha oiriúnachta a shonrú d'ospidéil agus d'fhorais.
(3) Measfar, mura gcinnfidh an Bord a mhalairt, go bhfuil gach ospidéal nó foras a cheadaigh an Seanbhord chun críocha alt 53 d'Acht na nAltran, 1950, ceadaithe ag an mBord.
(4) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, ceadú faoin alt seo i leith ospidéil nó forais a tharraingt siar.
(5) Aon ospidéal nó foras a ndiúltóidh an Bord é a cheadú, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an Aire á iarraidh air a ordú don Bhord é a cheadú agus má thugann an tAire an t-ordú sin, tar éis fíorais an cháis a bhreithniú, ceadóidh an Bord an t-ospidéal nó an foras.
Dul isteach in ospidéal etc. i gcomhair oiliúint.
35.—(1) Féadfaidh an Bord na riachtanais oideachais íosta a chinneadh is gá le dul isteach i gcomhair oiliúint mar altra in ospidéal nó i bhforas a bheidh ceadaithe ag an mBord de bhun alt 34 den Acht seo.
(2) Féadfaidh an Bord, má chinneann sé amhlaidh, príomh-bhiúró iarratas a bhunú chun iarratais a phróiseáil ó dhaoine ar mian leo dul faoi oiliúint mar altra.
(3) Má bhunaíonn an Bord príomh-bhiúró iarratas, de bhun fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh ospidéal ná foras a bheidh ceadaithe ag an mBord de bhun alt 34 den Acht seo, aon duine nach mbeidh ceadaithe agus molta ag an mBord a ghlacadh i gcomhair oiliúint gan toiliú an Bhoird.
Feidhmeanna ilghnéitheacha an Bhoird i ndáil le hoideachas agus oiliúint.
36.—(1) Déanfaidh an Bord, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, ach in aon chás uair amháin gach cúig bliana ar a laghad, na nithe seo a leanas a dheimhniú dó féin—
(a) oiriúnacht an oideachais agus na hoiliúna i gcomhair altraí a sholáthraíonn aon ospidéal nó foras a bheidh ceadaithe ag an mBord de bhun alt 34 den Acht seo,
(b) na caighdeáin eolais theoiriciúil agus phraiticiúil is gá le haghaidh scrúduithe,
(c) an oiliúint agus an taithí chliniciúil a sholáthraítear in aon chlár oiliúna a eagraíonn ospidéal nó foras a bheidh ceadaithe ag an mBord de bhun alt 34 den Acht seo, agus
(d) leordhóthanacht agus oiriúnacht na gcúrsaí oiliúna iarchláraithe le haghaidh altraí a sholáthraíonn comhlachtaí dá dtugann an Bord aitheantas chun na críche sin.
(2) Féadfaidh an Bord taighde a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint altraí, lena n-áirítear curaclaim thrialacha a leagan amach agus cláir láithreacha agus nósanna imeachta scrúdúcháin agus measúnachta a mheas.
(3) Féadfaidh an Bord taifid staitistiúla a chothabháil agus na taifid sin a chur ar fáil le haghaidh taighde agus pleanáil, lena n-áirítear críocha pleanála daonchumhachta.
Dualgas a chinntiú go ndéantar de réir caighdeán íosta a bheidh sonraithe ag Comhairle na gComhphobal Eorpach.
37.—Cinnteoidh an Bord go mbeidh na ceanglais i ndáil le hoideachas agus oiliúint altraí nó iarrthóirí ar chlárú sa chlár de réir na gcaighdeán íosta a bheidh sonraithe in aon Treoir nó Rialachán lenar ghlac nó a rinne Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil leis na cáilíochtaí is gá a bheith ag altraí chun clárú a áirithiú.
CUID V
Feidhmiúlacht chun Cleachtadh
Fiosrúchán ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh faoi iompar altra.
38.—(1) Féadfaidh an Bord nó duine ar bith iarratas a dhéanamh chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ar fhiosrúchán faoi fheidhmiúlacht altra chun altracht a chleachtadh ar na forais seo—
(a) mí-iompar gairmiúil líomhnaithe, nó
(b) neamhfheidhmiúlacht líomhnaithe chun gabháil don chleachtadh sin mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach,
agus déanfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, faoi réir fhorálacha an Achta seo, an t-iarratas a bhreithniú.
(2) I gcás go ndéanfar iarratas faoin alt seo agus gur dóigh leis an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, tar éis an t-iarratas a bhreithniú. nach bhfuil dóthain cúise ann chun fiosrúchán a sheoladh, cuirfidh sé é sin in iúl don Bhord agus féadfaidh an Bord, tar éis an t-ábhar a bhreithniú, a chinneadh nach ndéanfar beart ar bith eile i ndáil leis an ábhar agus cuirfidh sé é sin in iúl don Choiste agus don iarratasóir, nó féadfaidh sé a ordú don Choiste fiosrúchán a sheoladh faoin ábhar de réir fhorálacha an ailt seo.
(3) I gcás go ndéanfar iarratas ar fhiosrúchán faoin alt seo agus gur dóigh leis an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, tar éis an t-iarratas a bhreithniú go bhfuil cás prima facie ann leis an bhfiosrúchán a sheoladh nó i gcás go mbeidh ordú tugtha dó ag an mBord de bhun fho-alt (2) den alt seo an fiosrúchán a sheoladh, beidh éifeacht leis an méid seo a leanas—
(a) rachaidh an Coiste ar aghaidh leis an bhfiosrúchán a sheoladh,
(b) tíolacfaidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, nó aon duine eile le cead ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, don Choiste an fhianaise ar an mí-iompar gairmiúil líomhnaithe nó ar an neamhfheidhmiúlacht líomhnaithe chun cleachtadh mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, de réir mar a bheidh,
(c) nuair a bheidh an fiosrúchán críochnaithe, déanfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh a chinntí a chur i dtuarascáil chuig an mBord agus sonróidh sé sa tuarascáil sin an t-iarratas agus an fhianaise a leagadh faoi bhráid an Choiste agus ábhair ar bith eile i ndáil leis an altra is cuí leis an gCoiste a thuairisciú lena n-áirítear a thuairim, ag féachaint dá mbeidh sa tuarascáil—
(i) maidir le mí-iompar gairmiúil líomhnaithe an altra, nó
(ii) maidir le feidhmiúlacht nó eile an altra sin bheith ag gabháil do chleachtadh na haltrachta mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach líomhnaithe,
de réir mar a bheidh.
(4) Nuair a bheartófar fiosrúchán a sheoladh faoi fho-alt (3) den alt seo tabharfaidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin don duine is ábhar don fhiosrúchán fógra i scríbhinn, a sheolfar leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an duine sin mar a bheidh sé sin sa chlár, i dtaobh na fianaise a bheartaítear a bhreithniú ag an bhfiosrúchán agus tabharfar don duine sin agus d'aon duine is ionadaí dó deis bheith i láthair ag an éisteacht.
(5) Ní dhéanfar cinntí an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ar aon ní a cuireadh faoina bhráid ná cinneadh an Bhoird ar aon tuarascáil a thug an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh dó a phoibliú gan toiliú an duine ab ábhar don fhiosrúchán os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh murar cinneadh, de thoradh an fhiosrúcháin sin, an duine a bheith—
(a) ciontach i mí-iompar gairmiúil, nó
(b) neamhfheidhmiúil, mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, gabháil do chleachtadh na haltrachta,
de réir mar a bheidh.
(6) Beidh, chun críche fiosrúchán a sheolfar faoi fho-alt (3) den alt seo, ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí a bhíonn dílsithe don Ard-Chúirt nó do bhreitheamh den Ard-Chúirt ar chaingean a éisteacht—
(a) maidir lena thabhairt ar fhinnéithe bheith i láthair agus iad a cheistiú faoi mhionn nó eile, agus
(b) maidir le hiallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird,
agus féadfar toghairm a bheidh sínithe ag Cathaoirleach an Choiste nó ag cibé comhalta eile den Choiste a bheidh údaraithe ag an gCoiste chuige sin a chur in ionad aon nós imeachta foirmiúil, agus is ionannas é d'aon nós imeachta foirmiúil, is féidir a eisiúint i gcaingean chun a thabhairt ar fhinnéithe bheith i láthair agus chun iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird.
(7) I gcás—
(a) duine do mhainniú bheith i láthair os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, ar é a thoghairm go cuí chun bheith i láthair, nó
(b) duine do dhiúltú, agus é i láthair mar fhinné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, mionn a ghlacadh a iarrfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh go dleathach air a ghlacadh, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheidh ina chumhacht nó faoina urláimh agus a iarrfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh air a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a n-iarrfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh go dleathach freagra uirthi, nó
(c) duine do dhéanamh agus é i láthair os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, aon rud ar dhíspeagadh cúirte é dá mba chúirt dlí agus cumhacht aici cimiú mar gheall ar dhíspeagadh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh,
beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.
(8) Beidh finné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.
Clárú a scriosadh nó a fhionraí as an gclár mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil, neamhfheidhmiúlacht chun cleachtadh nó mainneachtain táille choinneála a íoc.
39.—(1) I gcás altra—
(a) a mbeidh sé fionnta ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ina thaobh ar bhonn fiosrúcháin agus tuarascála de bhun alt 38 den Acht seo go bhfuil sé ciontach i mí-iompar gairmiúil nó go bhfuil sé neamhfheidhmiúil, mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, gabháil do chleachtadh na haltrachta, nó
(b) nach mbeidh táille choinneála a bheidh gearrtha ag an mBord íoctha aige tar éis don Bhord, dhá mhí ar a laghad roimhe sin, a iarraidh air níos mó ná uair amháin, trí fhógra i scríbhinn a seoladh leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sin sa chlár, an táille a íoc,
féadfaidh an Bord a chinneadh ainm an duine sin a scriosadh as an gclár nó nach mbeidh, le linn tréimhse d'fhad sonraithe, éifeacht le clárú a ainm sa chlár.
(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Bord láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.
(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann duine den sórt sin iarratas amhlaidh—
(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—
(i) an cinneadh a chealú, nó
(ii) a dhearbhú gur chuí don Bhord cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin, agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Bhord ainm an duine sin a scriosadh as an gclár nó a ordú nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár, nó
(iii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Bhord,
(b) má dheimhníonn an Bord tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, dearbhóidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, gur chuí don Bhord cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Bhord a ainm a scriosadh as an gclár nó ordóidh sí nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár,
(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas mar a íocfar costais an iarratais.
(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón mBord faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Bord iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Bord iarratas den sórt sin, déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, dearbhú dá réir sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Bhord ainm an duine sin a scriosadh as an gclár nó ordóidh sí nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár.
(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an mBord nó ag an duine lena mbaineann i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.
(6) (a) Ar ainm duine a scriosadh as an gclár faoin alt seo, déanfaidh an Bord fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.
(b) I gcás go dtabharfar ordú faoin alt seo nach mbeidh éifeacht le clárú ainm duine sa chlár le linn tréimhse sonraithe, déanfaidh an Bord, roimh thosach na tréimhse sin, fógra i scríbhinn faoin ordú sin a chur leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.
(7) Féadfar ainm aon duine a bheidh scriosta as an gclár faoin alt seo a chur ar ais sa chlár sin tráth ar bith le hordú ón mBord agus ní ar aon slí eile, agus nuair a chuirfear ainm duine ar ais amhlaidh sa chlár sin, féadfaidh an Bord cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil lena chur ar ais (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin i leith clárú dá mba é an tráth sin a bheadh sé á chlárú den chéad uair).
(8) I gcás go scoirfidh clárú duine sa chlár d'éifeacht a bheith leis faoin alt seo ar feadh tréimhse sonraithe, féadfaidh an Bord, le hordú, más cuí leis, deireadh a chur leis an bhfionraí ar an duine sin á iarraidh sin air.
(9) Ar iarratas a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, fianaise a ghlacadh ó aon duine cáiliúil i ngairm na haltrachta i dtaobh céard is mí-iompar gairmiúil ann agus aird a thabhairt ar an bhfianaise sin.
Coinníollacha a chur ag gabháil le hainm a choinneáil ar an gclár.
40.—(1) Féadfaidh an Bord, tar éis don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh fiosrúchán a sheoladh agus tuarascáil a thabhairt de bhun alt 38 den Acht seo, a chinneadh cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le duine a bhfuil a ainm taifeadta sa chlár a choinneáil sa chlár.
(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Bord láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.
(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas amhlaidh—
(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—
(i) an cinneadh a chealú, nó
(ii) a dhearbhú gur chuí don Bhord cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Bhord cibé cionníollacha is cuí leis an gCúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choinneáil sa chlár, nó
(iii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Bhord,
(b) má dheimhníonn an Bord tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, dearbhóidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, gur chuí don Bhord cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Bhord cibé coinníollacha a shonróidh an Chúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choinneáil sa chlár,
(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas a íocfar costais an iarratais.
(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón mBord faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Bord iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Bord iarratas den sórt sin, déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, dearbhú dá réir sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Bhord cibé coinníollacha a shonróidh an Chúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choinneáil sa chlár.
(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an mBord nó ag an duine lena mbaineann i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.
(6) Ar choinníollacha a chur faoin alt seo ag gabháil le hainm duine a choinneáil sa chlár, déanfaidh an Bord fógra i scríbhinn faoi na coinníollacha a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.
(7) Féadfaidh an Bord tráth ar bith deireadh a chur go hiomlán nó go páirteach leis na coinníollacha a bheidh ag gabháil le hainm aon duine a choinneáil sa chlár.
Cumhachtaí an Bhoird comhairle, rabhadh, etc., a thabhairt.
41.—(1) Tar éis don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh fiosrúchán a sheoladh agus tuarascáil a thabhairt de bhun alt 38 den Acht seo i dtaobh iompar duine a mbeidh a ainm taifeadta sa chlár, féadfaidh an Bord ar thuarascáil an Choiste a fháil, comhairle nó rabhadh a thabhairt don duine sin, nó é a cháineadh, i ndáil lena iompar gairmiúil, más cuí sin leis an mBord.
(2) Féadfar na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i dteannta nó in ionad aon cheann de na cumhachtaí a thugtar le hailt 39, 40 agus 42 den Acht seo.
Daoine a ciontaíodh i gcionta indíotála a scriosadh as an gclár.
42.—(1) I gcás altra a chiontú sa Stát i gcion is intriailte ar díotáil nó a chiontú lasmuigh den Stát i gcion is gníomhartha nó neamhghníomhartha ar chion iad ab intriailte ar díotáil dá mba sa Stát a dhéanfaí iad, féadfaidh an Bord a chinneadh go scriosfar ainm an duine sin as an gclár.
(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Bord láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.
(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse lá is fiche dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann duine den sórt sin iarratas den sórt sin—
(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—
(i) an cinneadh a chealú, nó
(ii) an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Bhord ainm an duine sin a scriosadh as an gclár, nó
(iii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Bhord,
(b) má dheimhníonn an Bord tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, déanfaidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Bhord ainm an duine sin a scriosadh as an gclár,
(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas a íocfar costais an iarratais.
(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón mBord faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse lá is fiche dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Bord iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Bord iarratas den sórt sin déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Bhord ainm an duine sin a scriosadh as an gclár.
(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an mBord nó ag an duine lena mbaineann i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.
(6) Ar ainm duine a scriosadh as an gclár faoin alt seo, déanfaidh an Bord fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.
(7) Féadfar ainm aon duine a bheidh scriosta as an gclár faoin alt seo a chur ar ais sa chlár tráth ar bith le hordú ón mBord agus ní ar aon slí eile agus nuair a chuirfear ainm duine ar ais amhlaidh sa chlár féadfaidh an Bord cibé coinníollacha is cuí leis an mBord a chur ag gabháil lena chur ar ais (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin dá mba é an tráth sin a bheadh sé á chlárú den chéad uair).
Leanúint d'fhiosrúchán atá ar bun.
43.—I gcás a mbeidh cinnte ag an Seanbhord fiosrúchán a sheoladh de bhun Acht na nAltran, 1950, nó a mbeidh aon chomhalta nó comhaltaí den Bhord sin ceaptha aige lena sheoladh, agus nach mbeidh an fiosrúchán sin críochnaithe roimh thosach feidhme an Achta seo, scoirfear den fhiosrúchán agus atosóidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh air ionann is dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh an cinneadh sin nó a ceapadh an comhalta nó na comhaltaí sin agus bainfidh forálacha na Coda seo den Acht seo le haon fhiosrúchán a scoirfear de agus a n-atosófar air de bhun an ailt seo.
Iarratas ón mBord ar ordú d'fhionraí cláraithe.
44.—(1) Aon uair is deimhin leis an mBord gurb é leas an phobail sin a dhéanamh, féadfaidh an Bord iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú, i ndáil le haon duine a bheidh cláraithe sa chlár, nach mbeidh éifeacht, le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, le clárú ainm an duine sin sa chlár.
(2) Féadfar iarratas faoin alt seo a dhéanamh go hachomair agus éistfear é ar shlí eile seachas go poiblí.
(3) Féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más aon ordú é) a mheasann sí is iomchuí a dhéanamh in aon iarratas faoin alt seo.
Pribhléid i leith nithe áirithe.
45.—Imeachtaí faoi alt 38 den Acht seo, imeachtaí an Bhoird nó teachtaireachtaí chuige nó uaidh de bhun ailt 39, 40, 41 nó 42 den Acht seo, tuarascálacha a thabharfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh don Bhord faoin gCuid seo den Acht seo agus aon teachtaireachtaí eile idir an Coiste agus an Bord i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh cumhachtaí, dualgais nó feidhmeanna an Choiste nó an Bhoird, de réir mar a bheidh, beidh siad, in aon chaingean mar gheall ar chlúmhilleadh, faoi phribhléid iomlán.
Fógra don Aire i dtaobh ainm a scriosadh nó a cuireadh ar ais agus i dtaobh fionraithe a rinneadh agus fionraithe ar cuireadh deireadh leo.
46.—Tabharfaidh an Bord fógra don Aire, agus i gcás duine a bhfuil ainm a fhostóra ar eolas ag an mBord, don fhostóir sin nuair a dhéanfar—
(a) ainm duine a scriosadh as an gclár,
(b) ainm duine a chur ar ais sa chlár,
(c) ainm duine a chur ar fionraí as an gclár,
(d) deireadh a chur le tréimhse fionraí as an gclár, nó
(e) coinníollacha a chur ag gabháil le hainm duine a choinneáil sa chlár,
go ndearnadh an scriosadh, an cur ar ais nó an fhionraí, gur cuireadh deireadh leis an bhfionraí nó gur cuireadh coinníollacha, de réir mar a bheidh.
Ainm a baineadh den chlár a chur ar ais ann nó deireadh a chur le fionraí a cuireadh mar gheall ar tháille choinneála a bheith gan íoc.
47.—(1) Déanfaidh an Bord ar aon duine d'íoc táille speisialta leis an mBord, is duine ar scriosadh a ainm nó ar cuireadh a chlárú ar fionraí, de bhun alt 39 (1) (b) den Acht seo, as an gclár mar gheall ar tháille choinneála a bheith gan íoc aige (agus ní mar gheall ar aon chúis eile), ainm an duine a chur ar ais sa chlár nó deireadh a chur leis an bhfionraí, de réir mar a bheidh.
(2) San alt seo ciallaíonn “táille speisialta” táille de cibé méid a shocróidh an Bord ó am go ham le toiliú an Aire.
CUID VI
Ilghnéitheach
Comhshocraíochtaí le daoine le cabhrú leis an mBord.
48.—Féadfaidh an Bord comhshocraíochtaí a dhéanamh agus a chomhlíonadh le haon duine nó comhlacht le cabhrú leis an mBord nó le haon choiste dá chuid chun aon chuid dá fheidhmeanna a fheidhmiú go cuí.
An teideal altra, cnáimhseach etc, a úsáid go míchuí.
49.—(1) Duine ar bith—
(a) nach duine a bheidh cláraithe i gclár na n-altraí, agus a thógfaidh nó a úsáidfidh an t-ainm nó an teideal altra nó cnáimhseach, go haonraic nó mar aon le focail nó litreacha eile nó aon ainm, teideal nó tuairisc, a thabharfaidh le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe sa chlár, nó
(b) is duine a bhfuil a ainm in aon roinn den chlár agus a thógfaidh nó a úsáidfidh aon ainm, teideal nó tuairisc, nó a dhéanfaidh ar shlí eile aon ghníomh d'aon saghas, a thabharfaidh le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe in aon roinn eile den chlár nach bhfuil ainm an duine inti, nó
(c) a bhainfidh úsáid le hintinn mheabhlaireachta, as aon deimhniú arna eisiúint faoin Acht seo chun an duine sin nó chun aon duine eile, nó
(d) a dhéanfaidh nó a thabharfaidh, nó a chuirfidh faoi deara go ndéanfar nó go dtabharfar, aon dearbhú bréagach nó aon mhífhaisnéis d'fhonn clárú a fháil faoin Acht seo nó a chabhróidh nó a neartóidh le dearbhú bréagach nó mífhaisnéis den sórt sin a dhéanamh nó a thabhairt,
beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(2) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón uair a rinneadh an cion.
Tuarascáil ón mBord.
50.—Déanfaidh an Bord a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú ar a chuid imeachtaí faoin Acht seo le linn na bliana roimhe sin.
Feidhmeanna comhairleacha ginearálta an Bhoird.
51.—(1) Is feidhm de chuid an Bhoird an tAire a chomhairliú, ar iarratas ón Aire nó ar a thionscnamh féin, i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann leis na feidhmeanna a shanntar don Bhord faoin Acht seo.
(2) Is feidhm de chuid an Bhoird treoir a thabhairt do lucht ghairm na haltrachta i gcoitinne i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann le hiompar eiticiúil.
(3) Is feidhm de chuid an Bhoird an pobal a chomhairliú i dtaobh na n-ábhar ar fad is díol suime i gcoitinne a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird.
Feidhmeanna i ndáil le Treoracha etc. lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach.
52.—Comhlíonfaidh an Bord cibé feidhmeanna a shannfaidh an tAire dó ó am go ham i ndáil le haon Treoir nó Rialachán lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach nó a rinne sí agus a bhaineann le cleachtadh na haltrachta agus leis na daoine a bhíonn ag gabháil don chleachtadh sin, a chur i ngníomh.
Feidhmeanna breise a shannadh don Bhord.
53.—(1) Comhlíonfaidh an Bord cibé feidhmeanna, seachas feidhmeanna a shanntar dó faoin Acht seo, a shannfaidh an tAire dó ó am go ham le hordú i ndáil le hoideachas agus oiliúint altraí nó le hábhair eile a bhaineann le cleachtadh na haltrachta agus leis na daoine a bhíonn ag gabháil don chleachtadh sin.
(2) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.
(3) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Tagairtí don Bhord Altranais.
54.—Déanfar gach tagairt don Bhord Altranais atá in aon achtachán nó in aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú mar thagairt don Bhord.
Rialacháin.
55.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon cheann d'fhorálacha an Achta seo.
(2) Déanfar gach rialachán, seachas rialachán a dhéanfar faoi alt 9 (3) den Acht seo, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Rialacháin maidir le hoiriúnuithe.
56.—Féadfaidh an tAire, le rialacháin, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheidh i bhfeidhm tráth rite an Achta seo agus a bhaineann le haon ábhar nó ní lena ndéileálann an tAcht seo nó a ndéanann an tAcht seo difear dó, aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht i gcomhréir leis an Acht seo a bheith leis an reacht, leis an ordú nó leis an rialachán sin.
An fógra a thabharfaidh cnáimhseach do bhord sláinte.
57.—(1) Más rud é maidir le cnáimhseach, nach bhfuil ar fostú ag bord sláinte nó ag údarás ospidéil a chuireann seirbhísí máithreachais ar fáil nó ag údarás tí máithreachais, go mbeidh sé ag gabháil do chleachtadh an chnáimhseachais nó go mbeartaíonn sé an cnáimhseachas a chleachtadh, cuirfidh sé in iúl don bhord sláinte nó do na boird sláinte, de réir mar a bheidh, ar ina limistéar feidhme atá sé ag cleachtadh nó ar ann atá brath aige cleachtadh go bhfuil sé ag cleachtadh amhlaidh nó go bhfuil beartaithe aige cleachtadh amhlaidh.
(2) Beidh sé de dhualgas ar bhord sláinte ar ina limistéar feidhme atá cnáimhseach den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ag cleachtadh nó ar ina limistéar feidhme a bheartaíonn sé cleachtadh, maoirseacht agus rialú ginearálta a fheidhmiú de réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, maidir leis an gcnáimhseach sin.
Cosc freastal ar bhreith linbh.
58.—(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith freastal ar bhean seoil mura rud é, maidir leis an duine sin—
(a) gur cnáimhseach é, nó
(b) gur lia-chleachtóir cláraithe é, nó
(c) go bhfuil sé ag dul faoi oiliúint chun bheith ina lia-chleachtóir cláraithe nó ina chnáimhseach agus go ndéanann sé an freastal sin mar chuid de chúrsa oiliúna gairmiúla, nó
(d) go bhfuil sé ag fáil taithí agus ag dul faoi oiliúint san asaoideolaíocht agus go ndéanann sé an freastal sin mar chuid de chúrsa oiliúna gairmiúla,
ach amháin i gcás go ndéantar an freastal sin, ar shlí seachas ar luach, in aon chás riachtanais thobainn nó phráinnigh mar nach bhfuil cnáimhseach nó lia-chleachtóir cláraithe ar fáil láithreach.
(2) Beidh duine a dhéanfaidh gníomh is sárú ar fho-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.
Cionta a ionchúiseamh.
59.—Féadfaidh an Bord gach cion faoin Acht seo a ionchúiseamh.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Na hAchtanna a Aisghairtear
Uimhir agus bliain | Gearrtheideal |
(1) | (2) |
AN DARA SCEIDEAL
Rialacha i nDáil le Comhaltas agus Cruinnithe an Bhoird Altranais (The Nursing Board)
Seilbh Oifige
1. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo i ndáil le corrfholúntais a líonadh, sealbhóidh gach comhalta den Bhord oifig, mura bhfaighidh sé bás, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin, ar feadh tréimhse cúig bliana.
2. Ní shealbhóidh aon duine oifig mar chomhalta den Bhord ar feadh níos mó ná dhá théarma chomhleanúnacha cúig bliana.
Éirí as Comhaltas agus Foirceannadh Comhaltais
3. Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapadh comhalta den Bhord a cheap sé féin a fhoirceannadh.
4. Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as bheith ina chomhalta trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Bhord, ach ní ghlacfaidh an t-éirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Bhord a thionólfar tar éis an fógra faoin éirí-as a fháil.
5. Scoirfidh duine a ceapadh trína thoghadh de bheith ina chomhalta den Bhord nuair a scoirfidh sé de bheith ina altra.
Corrfholúntais
6. (a) Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Bhord, seachas na comhaltaí a ceapadh trína dtoghadh, cuirfidh an Bord é sin in iúl láithreach don Aire agus déanfaidh an tAire, a luaithe is caothúil, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé comhlacht nó eagraíocht is dóigh leis is oiriúnach le haghaidh comhairle a chur air, duine a cheapadh chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a cheapfar amhlaidh fónfaidh sé mar chomhalta den Bhord go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh sé a ionad.
(b) Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Bhord a ceapadh trína dtoghadh, comhthoghfaidh an Bord duine a bheadh, de bhun fhorálacha an Achta seo, cáilithe chun a thofa chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a chomhthoghfar amhlaidh fónfaidh sé mar chomhalta den Bhord go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh sé a ionad.
Córam
7. Naonúr is córam do chruinniú den Bhord; ar choinníoll gur dáréag an córam i gcás cruinniú den Bhord a mbeidh ar chlár na hoibre ainm altra a scriosadh as an gclár nó as aon roinn de.
Cruinnithe
8. Tionólfaidh an Bord ceithre chruinniú ar a laghad gach bliain agus féadfaidh sé cibé cruinnithe eile a thionól is gá lena dhualgais a chomhlíonadh.
Uachtarán agus Leas-Uachtarán
9. (1) Toghfaidh an Bord ó am go ham duine dá chomhaltaí chun bheith ina Uachtarán ar an mBord agus duine eile dá chomhaltaí chun bheith ina Leas-Uachtarán ar an mBord.
(2) Sealbhóidh Uachtarán agus Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh, de chuid an Bhoird oifig sa cháil sin, gach duine acu, ar feadh cibé téarma a shonróidh an Bord tráth a cheaptha, mura rud é—
(a) go scoirfidh sé de bheith, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta den Bhord,
(b) go n-éireoidh sé as oifig Uachtaráin nó Leas-Uachtaráin, de réir mar a bheidh, agus go nglacfaidh a éirí-as éifeacht faoin mír seo,
(c) go ndéanfaidh an Bord le rún, dá vótálfaidh dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird, agus a ndéanfar fógra seacht lá ar a laghad go bhfuiltear chun é a mholadh a thabhairt do gach comhalta den Bhord, a cheapadh mar Uachtarán nó mar Leas-Uachtarán a fhoirceannadh.
(3) Féadfaidh Uachtarán nó Leas-Uachtarán de chuid an Bhoird éirí as a oifig tráth ar bith trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Bhord, ach ní ghlacfaidh an t-éirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Bhord a thionólfar tar éis don Bhord an fógra faoin éirí-as a fháil.
(4) Aon uair a tharlóidh, le linn Uachtarán nó Leas-Uachtarán an Bhoird bheith á thoghadh, gur comhionann an uimhir vótaí do bheirt daoine nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheidh ina Uachtarán nó ina Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh.
Imeachtaí ag Cruinnithe
10. Ní bheidh imeachtaí an Bhoird neamhbhailí mar gheall ar aon fholúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí nó mar gheall ar aon éalang ar na ceapacháin chun an Bhoird nó ar cháilíochtaí aon chomhalta de.
11. Féadfaidh Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán an Bhoird, ar a thionscnamh féin nó, nuair a iarrfar air é sin a dhéanamh le foréileamh a bheidh sínithe ag deichniúr ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird, ní foláir dó, cruinniú den Bhord a ghairm.
12. (1) Má dhiúltaíonn Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán an Bhoird cruinniú den Bhord a ghairm tar éis foréileamh chuige sin a bheidh sínithe ag deichniúr ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird a thíolacadh dó, féadfaidh aon chúigear comhalta den Bhord cruinniú den Bhord a ghairm láithreach.
(2) Mura ndéanfaidh Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán an Bhoird, gan diúltú amhlaidh, cruinniú den Bhord a ghairm laistigh de sheacht lá tar éis foréileamh chuige sin a bheidh sínithe ag deichniúr ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird a thíolacadh dó, féadfaidh aon chúigear comhalta den Bhord, ar na seacht lá sin a bheith caite, cruinniú den Bhord a ghairm.
13. Trí lá glan ar a laghad roimh gach cruinniú den Bhord, déanfar fógra a bheidh sínithe ag Uachtarán nó ag Leas-Uachtarán an Bhoird, de réir mar a bheidh, nó, más comhaltaí den Bhord a ghairfidh an cruinniú, a bheidh sínithe ag na comhaltaí sin, agus a inseoidh tráth agus ionad an chruinnithe a sheoladh chuig gach comhalta den Bhord: más comhaltaí den Bhord a ghairfidh an cruinniú, sonróidh an fógra ag gairm an chruinnithe an gnó a dhéanfar ag an gcruinniú.
14. Ag cruinniú den Bhord—
(a) is é Uachtarán an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach,
(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh Uachtarán an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an Uachtaráin folamh, is é Leas-Uachtarán an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach,
(c) mura mbeidh agus fad nach mbeidh Uachtarán an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an Uachtaráin folamh agus nach mbeidh Leas-Uachtarán an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an Leas-Uachtarán folamh, toghfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú sin.
15. Déanfar miontuairiscí ar imeachtaí cruinnithe uile an Bhoird a dhréachtú agus a thaifeadadh i leabhar a choimeádfar chuige sin agus síneoidh cathaoirleach an chéad chruinnithe eile na miontuairiscí sin.
16. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí go léir a bheidh i láthair ag cruinniú den Bhord a thaifeadadh sna miontuairiscí ar imeachtaí an chruinnithe.
17. Faoi réir Airteagal 7 agus 9 (4) den Sceideal seo, féadfar gach gníomh a dhéanfaidh an Bord a dhéanamh, agus féadfar gach ceist a thiocfaidh nó a éireoidh os comhair an Bhoird a chinneadh, ag tromlach na gcomhaltaí sin den Bhord a bheidh i láthair agus a vótálfaidh i ndáil leis an ngníomh nó leis an ábhar ag cruinniú den Bhord a gaireadh go cuí de réir dlí.
18. I gcás comhionannas vótaí ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den Bhord (seachas toghadh an Uachtaráin nó an Leas-Uachtaráin), beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe sin.
19. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le haon achtachán, lena n-áirítear an tAcht seo, féadfaidh an Bord buan-orduithe a dhéanamh chun a imeachtaí a rialáil agus na buan-orduithe sin a leasú nó a chúlghairm.