Uimhir 30 de 1977
AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO THIONÓL NA hEORPA, 1977
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Toghcháin, 1963;
ciallaíonn “an Tionól” Tionól na gComhphobal Eorpach;
tá le “toghchán Tionóil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1);
ciallaíonn “toghthóir Tionóil” duine atá i dteideal vótáil i dtoghchán Tionóil;
ciallaíonn “na Comhphobail Eorpacha” Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;
ciallaíonn “ceann comhairimh áitiúil” duine is ceann comhairimh áitiúil, de bhun alt 14 (2), chun críche an Achta seo;
ciallaíonn “Ballstát” (ach amháin i Riail 47 (1) den Chéad Sceideal) Ballstát de na Comhphobail Eorpacha;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;
ciallaíonn “achainí” achainí arna tíolacadh don Ard-Chúirt faoin Acht seo;
tá le “an lá vótaíochta”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an bhrí a shanntar dó le halt 6 (1);
ciallaíonn “liosta na bpostvótálaithe” an liosta a ullmhófar de bhun alt 7 (4) d'Acht 1963;
ciallaíonn “ceann comhairimh” duine arna cheapadh ag an Aire faoi alt 14 (1) chun bheith ina cheann comhairimh chun críocha an Achta seo;
ciallaíonn “na conarthaí” na conarthaí, an coinbhinsiún agus an cinneadh a luaitear in alt 1 (1) d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, arna bhforlíonadh nó arna leasú mar a luaitear san alt sin.
Modh toghcháin.
2.—(1) Déanfar toghcháin ionadaithe don Tionól agus déanfar gach toghchán díobh (dá ngairtear “toghchán Tionóil” san Acht seo) a stiúradh de réir an Achta seo, agus i gcás toghchán Tionóil a bheith faoi iomaidh tógfar an vótaíocht de réir phrionsabal na hionadaíochta cionúire, agus beidh vóta inaistrithe amháin ag gach toghthóir.
(2) Gabhann forálacha an Achta seo ionad an dlí á fhoráil go gceapfadh an tOireachtas toscairí chun an Tionóil a raibh feidhm aige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a choiscfidh ar an Oireachtas na toscairí sin a cheapadh tráth ar bith sa tréimhse dar tosach lá an Achta seo a rith agus dar críoch an lá díreach roimh an lá a bheidh ceaptha do chéad suí an Tionóil a mbeidh ionadaithe arna dtoghadh dó don chéad uair faoin Acht seo.
(3) Is le rúnbhallóid a dhéanfar vótáil i dtoghchán Tionóil.
(4) San alt seo ciallaíonn “vóta inaistrithe” vóta—
(a) is féidir a thabhairt chun rogha an vótálaí ar na hiarrthóirí a thaispeáint de réir oird, agus
(b) is féidir a aistriú go dtí an chéad rogha eile nuair nach bhfuil an vóta ag teastáil chun an cuóta riachtanach vótaí a thabhairt do rogha roimhe sin, nó nuair a tharlóidh, mar gheall ar an easnamh i líon na vótaí a tugadh do rogha roimhe sin, go gcuirfear an rogha sin amach as liosta na n-iarrthóirí.
Toghchóras agus clárú.
3.—(1) Beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir Tionóil i dtoghlach, má tá ocht mbliana déag d'aois slán aige agus go raibh sé, ar an dáta cáilitheach, ina ghnáthchónaí sa toghlach sin agus go raibh sé—
(a) ina shaoránach d'Éirinn, nó
(b) ina náisiúnach de Bhallstát seachas an Stát.
(2) Beidh feidhm ag Cuid II d'Acht 1963 (ar leith ó fho-ailt (1) agus (2) d'alt 5), arna leasú le halt 1 den Acht Toghcháin (Leasú), 1966, agus ag alt 4 d'Acht na nGiúiréithe, 1976, maidir le clárú toghthóirí Tionóil de bhun an ailt seo agus is é an clár dá dtagraítear in alt 6 (1) d'Acht 1963, a mhéid a bhaineann sé le daoine i dteideal vótáil i dtoghcháin Tionóil, a bheidh mar chlár toghthóirí Thionól na hEorpa.
(3) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (2) den alt seo, forléireofar gach tagairt dá bhfuil i bhfo-ailt (4), (5), (5A) (a cuireadh isteach le halt 1 den Acht Toghcháin (Leasú), 1966)) nó (6) d'alt 5 d'Acht 1963 do “críocha an ailt seo” mar thagairt a fholaíonn tagairt do chríocha an ailt seo.
(4) San alt seo—
tá le “náisiúnach de Bhallstát” an bhrí atá leis sna conarthaí;
ciallaíonn “an dáta cáilitheach” an dáta a shonróidh an tAire faoi alt 5 (6) d'Acht 1963.
Ceart vótála.
4.—Faoi réir Riail 47 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar an gclár do thoghthóirí Thionól na hEorpa a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do thoghlach, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótáil sa vótaíocht i dtoghchán Tionóil sa toghlach sin.
Modh vótála.
5.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, duine atá i dteideal vótáil i dtoghchán Tionóil, is go pearsanta amháin a bheidh sé i dteideal vótáil agus is sa stáisiún vótaíochta a bheidh ceaptha dó nó, i gcás údarás a bheith aige faoi Riail 36 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ó cheann comhairimh áitiúil, sa stáisiún vótaíochta a bheidh sonraithe san údarás, a dhéanfaidh sé an vótáil sin.
(2) Gach toghthóir Tionóil a mbeidh a ainm, tráth toghcháin Tionóil, ar liosta na bpostvótálaithe do chontae nó do chontae-bhuirg i dtoghlach, beidh sé i dteideal vótáil sa toghlach sin ag an vótaíocht sa toghchán sin trína pháipéar ballóide a chur leis an bpost chuig an gceann comhairimh áitiúil don chontae nó don chontae-bhuirg sin agus ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon dóigh eile.
Lá vótaíochta agus tosú an chomhairimh.
6.—(1) Maidir leis an vótaíocht i dtoghchán Tionóil—
(a) tógfar í cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú (ordú nach foláir a dhéanamh cúig lá is tríocha ar a laghad roimh an lá a bheidh ceaptha leis an ordú),
(b) leanfar di ar feadh cibé tréimhse, nach lú ná dhá uair déag a chloig, idir 8.30 a chlog a.m. agus 10:30 a chlog p.m. a shocróidh an tAire le hordú, faoi réir na sriantachta gurb í an tréimhse chéanna a shocróidh sé do gach toghlach,
agus gairtear “an lá vótaíochta” san Acht seo den lá a cheapfar amhlaidh.
(2) Tosóidh comhaireamh na vótaí i dtoghchán Tionóil an lá agus an t-am a cheapfaidh an tAire le hordú.
(3) Foilseofar ordú faoin alt seo san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.
Cáilíocht iarrthóirí.
7.—(1) Duine nach bhfuil cáilithe le bheith ina chomhalta de Dháil Éireann, ní bheidh sé cáilithe lena thoghadh faoin Acht seo don Tionól.
(2) Más rud é, le linn duine a bheith ina ionadaí sa Tionól de bhua an Achta seo, go dtiocfaidh sé faoi aon dícháilíochtaí dá bhfuil infheidhme maidir le comhaltas i nDáil Éireann, scoirfidh sé as a aithle sin de bheith ina ionadaí sa Tionól.
Clár na bPáirtithe Polaitíochta.
8.—(1) Faoi réir na bhforálacha anseo ina dhiaidh seo den alt seo, déanfaidh Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta (dá ngairtear “an Cláraitheoir” anseo feasta san alt seo) clárú, chun críocha alt 13 d'Acht 1963, i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, mar pháirtí atá eagraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán Tionóil, ar aon pháirtí polaitíochta a iarrfaidh clárú air, más é a thuairim gur páirtí polaitíochta fíorcheart é agus go bhfuil sé eagraithe sa Stát chun bheith san iomaidh i dtoghchán den sórt sin.
(2) Páirtí a bhí cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta i dtosach feidhme an Achta seo agus—
(a) a bhí cláraithe de bhun fho-alt (4) d'alt 13 d'Acht 1963, nó
(b) a bhí, ar é a chlárú, eagraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán Dála i dtuairim an Chláraitheora nó an bhord achomhairc dá dtagraítear i bhfo-alt (8) den alt sin 13,
cláróidh an Cláraitheoir é sa Chlár sin, a luaithe is féidir tar éis an tosach feidhme sin, mar pháirtí atá eagraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán Tionóil.
(3) Nuair a shásóidh páirtí arna chlárú de bhun an ailt seo i gClár na bPáirtithe Polaitíochta don Chláraitheoir go bhfuil comhalta den pháirtí ar toscaire nó ionadaí é sa Tionól ina chomhalta de ghrúpa polaitíochta a bunaíodh de réir rialacha nós imeachta an Tionóil, taifeadfaidh an Cláraitheoir ar an gClár maidir leis an bpáirtí, ainm an ghrúpa.
(4) Bainfidh fo-ailt (3), (5), (6) agus (7) d'alt 13 d'Acht 1963 le clárú, nó le páirtithe polaitíochta arna gclárú faoin alt seo, de réir mar is cuí.
(5) Beidh feidhm ag fo-alt (10) d'alt 13 d'Acht 1963 maidir le comhlíonadh a dhualgas ag an gCláraitheoir faoin alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le comhlíonadh a dhualgas aige faoin alt sin.
Ainmniú iarrthóirí.
9.—(1) I dtoghchán Tionóil féadfaidh duine é féin a ainmniú mar iarrthóir nó, le toiliú uaidh, féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir Tionóil sa toghlach a bhfuil beartaithe aige an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é a ainmniú.
(2) I dtoghchán Tionóil ní fhéadfar duine a ainmniú mar iarrthóir do níos mó ná toghlach amháin.
Éarlais ó iarrthóirí.
10.—Déanfaidh iarrthóir i dtoghchán Tionóil, nó duine éigin thar a cheann, suim míle punt a thaisceadh mar éarlais leis an gceann comhairimh roimh dheireadh na tréimhse a bheidh ceaptha leis an Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh, agus mura ndéanfaidh sé amhlaidh measfar a iarrthóireacht a bheith tarraingthe siar.
Stiúradh toghchán.
11.—Beidh éifeacht ag na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ach amháin Cuid V de, maidir le toghcháin Tionóil.
Toghlaigh.
12.—(1) Is iad na toghlaigh a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo na toghlaigh dá dtoghfar iarrthóirí faoin Acht seo le bheith ina n-ionadaithe sa Tionól agus is é líon ionadaithe a bheidh le toghadh amhlaidh don toghlach sin an líon a shonraítear ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.
(2) Déanfaidh an tAire, laistigh de thréimhse dhá bhliain déag dar tosach lá an Achta seo a rith agus uair amháin ar a laghad gach dhá bhliain déag dá éis sin, tograí a chur faoi bhráid an Oireachtais chun athchóiriú a dhéanamh ar na toghlaigh dá dtoghfar iarrthóirí faoin Acht seo le bheith ina n-ionadaithe sa Tionól.
(3) Limistéar a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, is tuigthe gurb é an limistéar sin é mar a bhí sé comhdhéanta an lú lá d'Eanáir, 1977.
An príomhcheann comhairimh.
13.—(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, agus ó am go ham dá éis sin de réir mar is gá, ceapfaidh an tAire duine cuí oiriúnach le bheith ina phríomhcheann comhairimh chun críocha an Achta seo.
(2) Is é dualgas an phríomhcheann comhairimh na freagraí a ghlacadh a sholáthróidh an ceann comhairimh do gach toghlach dó, de bhun an Achta seo, freagra san fhoirm fhorordaithe a thabhairt don Tionól i dtaobh na ndaoine a toghadh de bhun an Achta seo, agus cibé nithe eile a dhéanamh maidir le toghchán Tionóil a mbeidh ceangal dlí air iad a dhéanamh.
(3) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus íocfar as an gcéanna leis an bpríomhcheann comhairimh, cibé suimeanna a cheadóidh Aire na Seirbhíse Poiblí, le toiliú an Aire Airgeadais, i gcóir seirbhísí agus caitcachais an oifigigh sin maidir le toghchán Tionóil.
Cinn chomhairimh agus cinn chomhairimh áitiúla.
14.—(1) Chun críocha an Achta seo, ceapfaidh an tAire ceann comhairimh do gach toghlach a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus an ceann comhairimh a cheapfar faoin alt seo don toghlach sin is é a bheidh ann duine de na daoine is ceann comhairimh áitiúil, de bhua fho-alt (2) den alt seo, do chontae nó do chontae-bhuirg sa toghlach.
(2) Chun críocha an Achta seo beidh ceann comhairimh áitiúil ann do gach contae nó contae-bhuirg i dtoghlach, agus is é a bheidh ina cheann comhairimh áitiúil—
(a) i gcás contae nó contae-bhuirg ag a bhfuil sirriam, an sirriam, agus
(b) i ngach chás eile, an cláraitheoir contae.
(3) Is é dualgas ginearálta an cheann comhairimh gach gníomh agus ní a dhéanamh, seachas gníomhartha nó nithe a gouireann an tAcht seo de cheangal ar cheann comhairimh áitiúil iad a dhéanamh, de réir mar is gá chun toghchán Tionóil a stiúradh go héifeachtúil ina thoghlach de réir an Achta seo, torthaí an toghcháin a chinntiú agus a dhearbhú agus freagra i dtaobh na ndaoine a toghadh don toghlach a thabhairt don phríomhcheann comhairimh.
(4) Faoi réir fho-alt (5) (a) den alt seo, beidh de dhualgas ar cheann comhairimh áitiúil,
(a) an vótaíocht a thógáil i dtoghchán Tionóil sa chuid den toghlach arb é is ceann comhairimh áitiúil dó,
(b) cibé gníomhartha agus nithe a dhéanamh a gcuireann an tAcht seo de cheangal air ar dhóigh eile iad a dhéanamh, agus
(c) cabhair a thabhairt do cheann comhairimh an toghlaigh sin de réir mar a bheidh ag teastáil ón gceann comhairimh sin,
agus má éiríonn aon amhras i dtaobh dualgais cheann comhairimh áitiúil, cinnfidh an tAire an t-amhras sin.
(5) (a) Nuair a cheapfar ceann comhairimh áitiúil faoin alt seo le bheith ina cheann comhairimh do thoghlach, is dleathach dó, le toiliú an Aire, leascheann comhairimh áitiúil a cheapadh chun a dhualgais go léir mar cheann comhairimh áitiúil, nó aon chuid áirithe díobh, a chomhlíonadh.
(b) Folóidh tagairtí ina dhiaidh seo san Acht seo don cheann comhairimh áitiúil, tagairtí do leaschinn chomhairimh áitiúla.
(6) Ullmhóidh an tAire Airgeadais scála uastáillí do chinn chomhairimh agus do chinn chomhairimh áitiúla agus íocfaidh an tAire sin, as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, a tháillí réasúnacha le gach ceann comhairimh agus le gach ceann comhairimh áitiúil i leith a sheirbhísí agus a chaiteachais i ndáil le gach toghchán Tionóil arb é is ceann comhairimh nó is ceann comhairimh áitiúil dó ach gan na táillí sin a dhul thar na huastáillí a bheidh sonraithe sa scála a ullmhófar faoin alt seo agus a mbeidh feidhm acu de thuras na huaire.
(7) Forléireofar aon tagairt san alt seo do chontae mar thagairt do chontae riaracháin.
Corrfholúntais.
15.—(1) Nuair a tharlóidh corrfholúntas i measc na ndaoine a bheidh tofa don Tionól faoin Acht seo nó a bheidh ceaptha faoin alt seo, is é seo a leanas an nós imeachta chun an folúntas a líonadh:
(a) faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, líonfaidh Dáil Éireann an folúntas trí dhuine a cheapadh atá cáilithe lena thoghadh faoin Acht seo don Tionól,
(b) más rud é de bhíthin an toghcháin Tionóil deiridh roimhe sin go raibh an t-ionad iomchuí sa Tionól á shealbhú ag duine a ba iarrthóir sa toghchán sin do pháirtí polaitíochta a bhí tráth an toghcháin sin, agus atá de thuras na huaire, cláraithe de bhun an Achta seo i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, is duine arna ainmniú ag an bpáirtí polaitíochta sin a cheapfar faoin bhfo-alt seo chun an folúntas a líonadh sa chás, agus sa chás sin amháin, go ndéanfar an t-ainmniú laistigh de thrí mhí ón lá a tharla an folúntas.
(2) Duine a cheapfar faoi fho-alt (1) den alt seo, mura dtarlóidh roimhe sin é a éag, nó a éirí as oifig nó a theacht faoi dhícháilíocht lena thoghadh faoin Acht seo don Tionól nó é a chur as oifig nó é a scor ar dhóigh eile de bheith ina ionadaí sa Tionól, sealbhóidh sé oifig mar ionadaí den sórt sin ar feadh a mbeidh gan caitheamh den téarma a bheadh an t-ionadaí a bhfuil sé ag gabháil a ionaid i seilbh oifige dá mba nár scoir sé de bheith i seilbh oifige.
(3) San alt seo ciallaíonn “corrfholúntas”.
(a) folúntas a tharlóidh toisc nach bhfuil duine, cé gur toghadh don Tionól é de bhun an Achta seo, i dteideal gabháil le hoifig mar ionadaí sa Tionól de bhua aon fhorála a leagadh síos faoi aon cheann nó gach ceann de na conarthaí,
(b) folúntas a tharlóidh toisc duine a scor de bheith ina ionadaí sa Tionól ar dhóigh seachas trí imeacht aimsire nó de dhroim ordú a dhéanamh ag an Ard-Chúirt faoi alt 17 den Acht seo.
Iniúchadh ar pháipéir bhallóide, etc.
16.—(1) Ní cheadófar d'aon duine aon doiciméad dá luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a iniúchadh ach amháin faoi ordú ón Ard-Chúirt.
(2) Is iad na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:
(a) comhdhuillí na bpáipéar ballóide a cuireadh chuig postvótálaithe faoi Riail 26 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,
(b) na doiciméid a luaitear i mír (2) nó (3) de Riail 50 den Sceideal sin,
(c) na doiciméid a luaitear i bhfomhír (a) nó (b) de Riail 69 (1) den Sceideal sin, agus
(d) na doiciméid a luaitear i bhfomhír (a) nó (b) de Riail 69 (2) den Sceideal sin.
(3) Ní dhéanfar ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo mura deimhin leis an gcúirt gur gá na doiciméid sin a iniúchadh nó a thabhairt ar aird chun ionchúiseamh a thionscnamh, nó a chothabháil, mar gheall ar chion faoin Acht seo nó le haghaidh achainí.
(4) Féadfar ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha is fóirsteanach leis an gcúirt, maidir le daoine, am, áit agus modh iniúchta na ndoiciméad nó a dtabhartha ar aird, agus beidh foráil ann chun a áirithint nach nochtfar conas a vótáil aon vótálaí.
(5) Nuair a dhéanfar ordú de bhun an ailt seo go dtabharfaidh an príomhcheann comhairimh aon doiciméad ar aird atá ina sheilbh i dtaobh toghchán Tionóil, is leor an doiciméad sin a thabhairt ar aird ag an bpríomhcheann comhairimh chun a chruthú go mbaineann an doiciméad leis an toghchán sonraithe; agus beidh aon fhormhuiniú a bheidh ar aon phaicéad a thabharfaidh an príomhcheann comhairimh ar aird ina fhianaise leormhaith, nó go suífear a mhalairt, go bhfuil inneachair an phaicéid sin mar atá ráite san fhormhuiniú sin.
Toghcháin Tionóil a thabhairt faoi cheist.
17.—(1) Féadfar toghchán Tionóil a thabhairt faoi cheist tri achainí chun na hArd-Chúirte, agus ní fhéadfar é a dhéanamh ar aon dóigh eile.
(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo agus Riail 97 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ní ghlacfar achainí lena taisceadh sa chúirt mura dtaiscfidh an t-achainíoch, i dteannta na hachainí, urrús cúig mhíle punt i leith costas ab fhéidir a bheith le híoc aige.
(b) Nuair is deimhin leis an gcúirt nach féidir le hachainíoch an tsuim a luaitear i mír (a) den fho-alt seo a thaisceadh nó go mba chruatan tromchúiseach ar an achainíoch é an tsuim sin a bheith le taisceadh aige, féadfaidh an chúirt ceangal a chur air cibé suim faoina bhun sin is cuí leis an gcúirt a thaisceadh.
(3) Féadfaidh duine ar bith a bhfuil ocht mbliana déag d'aois slánaithe aige achainí a thíolacadh, ach ní fhéadfar í a thíolacadh ach amháin laistigh de thréimhse a shonraítear sna Rialacha i gCuid V den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus beidh éifeacht ag na Rialacha sin maidir leis an achainí.
(4) Féadfar toghchán Tionóil a thabhairt faoi cheist mar gheall ar neamhcháilitheacht faoi alt 7 den Acht seo, nó mar gheall ar chosc nó cur isteach nó bacadh eile ar stiúradh an toghcháin, nó mar gheall ar earráid nó mírialtacht eile ar dócha, dá suífí an ní sin, difear a bheith déanta aige do thoradh an toghcháin.
(5) Féadfaidh aon pháirtí in achainí achomharc a dhéanamh ar cheist dlí chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte ar an achainí agus faoi réir na forála sin is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte agus ní bheidh sé inachomhairc.
(6) I dtriail achainí nach ndéanfaidh an chúirt díbhe uirthi, cinnfidh an chúirt an t-ábhar faoi shaincheist san achainí agus, san ordú uaithi ag cinneadh na hachainí, cuirfidh sí—
(a) dearbhú ar thoradh ceart an toghcháin Tionóil, nó
(b) má mheasann sí nach féidir léi toradh ceart an toghcháin Tionóil a chinneadh, dearbhú go raibh iomlán an toghcháin sin nó cuid shonraithe den toghchán sin ar neamhní maille le ráiteas ar na fáthanna a bhí aici leis an dearbhú a dhéanamh.
(7) Nuair a dhearbhóidh an chúirt an t-iomlán nó aon chuid de thoghchán Tionóil a bheith ar neamhní, déanfar toghchán úr de réir forálacha an Achta seo chun an folúntas nó na folúntais dá dhroim sin sa Tionól a líonadh agus tógfar an vótaíocht sa toghchán úr cibé lá, is lá laistigh den tréimhse trí mhí dar tosach dáta an ordaithe cúirte, a cheapfaidh an tAire le hordú; ach ní bheidh sé d'oibleagáid faoin bhfo-alt seo toghchán úr a dhéanamh má dhlitear, ar dhóigh eile, toghchán Tionóil a dhéanamh sa Stát laistigh den tréimhse sé mhí díreach tar éis an dáta sin.
Cosc ar vóta a nochtadh.
18.—In aon imeachtaí dlíthiúla ní bheidh de cheangal ar dhuine a vótáil i dtoghchán Tionóil a rá cén chaoi ná cé dó ar vótáil sé.
Rialacháin.
19.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ábhair nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe.
(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Teach den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailiocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Caiteachais.
20.—(1) Na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo, íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.
(2) Na caiteachais a thabhóidh an tAire Poist agus Telegrafa de dhroim an Achta seo (cibé acu a bhaineann na caiteachais sin le feidhmiú an chirt chun postas in aisce a thugtar d'iarrthóirí le Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó a thabhófar iad amhlaidh ar dhóigh eile i ndáil le toghchán Tionóil), íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.
Leasú ar Acht 1963.
21.—(1) Leasaítear leis seo alt 91 d'Acht 1963 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) i bhfo-alt (1):
“(bb) an vótaíocht i dtoghchán chun ionadaithe a thoghadh do Thionól na hEorpa faoin Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977;”.
(2) Leasaítear leis seo alt 92 d'Acht 1963 trí,
(a) “, clárú toghthóirí Tionóil” agus “toghchán Tionóil,” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “toghthóirí Dála” agus “toghchán uachtaráin,”, faoi seach, agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3), i ndiaidh mhír (c):
“(b) tá le ‘toghthóirí Tionóil’ agus ‘toghcháin Tionóil’ na bríonna céanna, faoi seach, atá leo san Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977.”,
agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, in aon chás inar dóigh leis go mbaineann práinn nó deacracht speisialta leis, cibé oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon reacht, ordú nó rialachán maidir le clárú toghthóirí Dála, clárú toghthóirí Tionóil nó clárú toghtnóirí i dtoghcháin áitiúla, maidir le stiúradh toghchán Dála, toghchán uachtaráin, toghchán Tionóil, toghchán áitiúil nó reifreann, is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht a bheith aige faoi réir forálacha an Achta seo. |
Leasú ar ailt 48 agus 74 den Acht Cosanta, 1954.
22.—Leasaitear leis seo an tAcht Cosanta, 1954, trí “nó a ghabhfaidh le hoifig mar ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach” a chur isteach i ndiaidh “Teach den Oireachtas” i bhfo-alt (6) d'alt 48 agus in alt 74, agus tá an fo-alt sin (6) agus an t-alt sin 74, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
(6) Aon oifigeach a thiocfas chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó a ghabhfaidh le hoifig mar ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach scarfaidh sé air sin lena choimisiún. 74.—I gcás cúltacaire a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó a ghabhfaidh le hoifig mar ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach, beidh sé, air sin, arna urscaoileadh de bhuaidh an ailt seo as na hÓglaigh Cúltaca. |
Gearrtheideal.
23.—Féadfar an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, a ghairm den Acht seo.
AN CHEAD SCEIDEAL
Na rialacha dá dtagraítear in alt 11 agus in alt 17
CUID I
Ainmniúcháin
1. A luaithe is féidir tar éis ordú a dhéanamh faoi alt 6 den Acht seo, cuirfidh an príomhcheann comhairimh cóip den ordú chuig gach ceann comhairimh agus chuig Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta.
2. Déanfaidh an ceann comhairimh, tráth nach déanaí ná an t-ochtú lá is fiche (gan aon lá eisiata a áireamh) roimh an lá vótaíochta, fógra poiblí san fhoirm fhorordaithe a thabhairt faoin toghchán Tionóil (dá ngairtear “Fógra Toghcháin” sa Sceideal seo) agus luafar ann—
(a) na tráthanna chun ainmniúcháin a ghlacadh,
(b) méid na héarlaise,
(c) na tráthanna agus an áit ina bhféadfar páipéir ainmniúcháin a fháil,
(d) na tráthanna agus an áit ina bhfreastalóidh sé chun ainmniúcháin a ghlacadh, agus
(e) an lá agus an tréimhse atá ceaptha chun an vótaíocht a dhéanamh má théitear in iomaidh sa toghchán.
3. An lá (gan aon lá eisiata a áireamh) roimh an dáta is déanaí chun an Fógra Toghcháin a fhoilsiú, cuirfidh Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta cóip de Chlár na bPáirtithe Polaitíochta chuig gach ceann comhairimh.
4. (1) Ní bheidh duine i dteideal a ainm a chur isteach i bpáipéar ballóide mar iarrthóir i dtoghchán Tionóil mura mbeidh sé ainmnithe mar a fhoráiltear leis an Acht seo agus go mbeidh rialaithe ag an gceann comhairimh go bhfuil a pháipéar ainmniúcháin bailí.
(2) Déanfar gach iarrthóir a ainmniú trí pháipéar ainmniúcháin ar leithligh san fhoirm fhorordaithe. Más cuí leis an Aire é, féadfar an méid seo a leanas a chur i bhfoirm an pháipéir ainmniúcháin—
(a) nóta i dtaobh na gcáilíochtaí, na ndícháilíochtaí agus na n-éagumas maidir le duine a thoghadh don Tionól agus lena bheith ina chomhalta den Tionól,
(b) foirm dhearbhaithe, a bheidh le síniú ag an iarrthóir nó ag a mholtóir, á rá gur léigh sé na nótaí agus go gcreideann sé go bhfuil sé féin nó an t-iarrthóir (cibé acu is cuí) cáilithe lena thoghadh agus nach bhfuil sé féin nó an t-iarrthóir (cibé acu is cuí) arna n-ainmniú go bailí d'aon toghlach eile.
(3) Tabharfaidh gach páipéar ainmniúcháin ainmneacha (an sloinne i dtosach), seoladh agus slí bheatha (más ann) an iarrthóra.
(4) Féadfaidh iarrthóir ainm an pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus arb iarrthóir dó é, nó ainm an pháirtí polaitíochta sin maille le hainm aon ghrúpa polaitíochta atá taifeadta sa Chlár sin i ndáil leis an bpáirtí polaitíochta sin, a chur ina pháipéar ainmniúcháin, ar choinníoll go ndéanfar, nuair a sheachadfar an páipéar ainmniúcháin don cheann comhairimh, deimhniú san fhoirm fhorordaithe (dá ngairtear “deimhniú cleamhnachta polaitíochta” sa Sceideal seo) ag fíordheimhniú na hiarrthóireachta a thabhairt ar aird don cheann comhairimh, agus an deimhniú sin a bheith síníthe ag an oifigeach nó na hoifigigh don pháirtí sin a mbeidh a ainm nó a n-ainmneacha sa Chlár sin de bhun alt 13 (3) (c) d'Acht 1963, nó de bhun an ailt sin arna chur chun feidhme le halt 8 den Acht seo. Nuair a thabharfar deimhniú den sórt sin ar aird, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara, más deimhin leis gur cuí sin a dhéanamh maidir leis an iarrthóir, go ndéanfar ráiteas ina luafar ainm an pháirtí polaitíochta iomchuí maidir leis an iarrthóir a shonrú ar gach páipéar ballóide agus ar fhógraí, agus más rud é de bhun alt 8 den Acht seo go gcuirfidh iarrthóir ráitcas ina pháipéar ainmniúcháin ina luafar ainm grúpa polaitíochta mar aon le hainm páirtí polaitíochta, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara, ach é a bheith sásta gur cuí sin a dhéanamh i ndáil leis an iarrthóir, ráiteas ina luafar ainm an ghrúpa polaitíochta sin maille le hainm an pháirtí sin a shonrú ar gach páipéar ballóide agus fógra den sórt sin.
(5) Nuair nach bhfuil iarrthóir ina iarrthóir do pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, beidh sé i dteideal an abairt “Neamh-Pháirtí” a chur i ndiaidh a ainm ar an bpáipéar ainmniúcháin agus, má dhéanann sé amhlaidh, cuirfidh an ceann comhainimh faoi deara go ndéanfar ráiteas ina luafar an abairt sin maidir leis an iarrthóir a shonrú ar gach páipéar ballóide agus ar fhógraí.
(6) Soláthróidh an ceann comhairimh páipéir ainmniúcháin le linn gnáthuaire oifige i cibé áit nó áiteanna a bheidh ainmnithe san Fhógra Toghcháin gach dálach ar feadh na tréimhse a thosóidh le foilsiú an fhógra sin agus a chríochnóidh ar 12 a chlog, meán lae, ar an dáta is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh agus soláthróidh sé páipéar nó páipéir ainmniúcháin in aisce d'aon duine a iarrfaidh sin, ach ní bheidh sé d'oibleagáid i dtoghchán Tionóil páipéar arna sholáthar ag an gceann comhairimh de bhun na Rialach seo a úsáid más san fhoirm fhorordaithe don pháipéar ainmniúcháin a úsáidtear sa toghchán.
(7) Déanfar aon tagairt sa Riail seo do Chlár na bPáirtithe Polaitíochta a fhorléiriú mar thagairt don chóip den Chlár sin a cuireadh chuig an gceann comhairimh de bhun Riail 3 den Sceideal seo.
5. Féadfar an éarlais a bheidh le taisceadh ag iarrthóir nó thar a cheann de bhun alt 10 den Acht seo a thaisceadh trí dhlíthairiscint nó, le toiliú an cheann comhairimh, ar aon dóigh eile.
6. (1) Tabharfar ar ais an éarlais a thaisc iarrthóir nó a taisceadh thar a cheann, más rud é maidir leis an iarrthóir—
(a) go dtarraingeoidh sé siar a iarrthóireacht de réir Riail 12 den Sceideal seo,
(b) go bhfaighidh sé bás sula gcríochnófar an vótaíocht.
(c) nach mbeidh sé ainmnithe go bailí mar iarrthóir sula mbeidh an t-am caite chun ainmniúcháin a ghlacadh.
(d) go dtoghfar é, nó
(e) nach dtoghfar é ach gur mhó ná trian den chuóta an t-uaslíon vótaí a creidiúnaíodh dó ar aon chéim de chomhaireamh na vótaí.
(2) Forghéillfear aon éarlais nár tugadh ar ais faoin mír sin roimhe seo.
(3) Nuair a bheidh éarlais le tabhairt ar ais faoi mhír (1) den Riail seo, tabharfar ar ais í don duine a thaisc í: ach is do ionadaí pearsanta an iarrthóra a thabharfar ar ais éarlais a thaisc iarrthóir a d'éag roimh chríochnú na vótaíochta.
(4) Éarlais a fhorghéillfear faoin Riail seo, diúscróidh an ceann comhairimh í de réir mar a ordóidh an tAire Airgeadais.
7. Is é am is luaithe chun ainmniúcháin a ghlacadh 10 a chlog a.m. an lá (gan aon lá eisiata a áireamh) díreach tar éis an dáta is déanaí chun an Fógra Toghcháin a fhoilsiú, agus is é am is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh 12 a chlog, meán lae, an seachtú lá (gan aon lá eisiata a áireamh) tar éis an dáta is déanaí sin a dúradh.
8. (1) Seachadfaidh an t-iarrthóir nó a mholtóir gach páipéar ainmniúcháin don cheann comhairimh laistigh de na huaire a shonraítear i Riail 7 den Sceideal seo.
(2) Seachadfaidh an t-iarrthóir an páipéar ainmniúcháin go pearsanta ach amháin, nuair a bheidh an t-iarrthóir molta ag duine eile, go bhféadfar an seachadadh a dhéanamh mar atá ráite thuas nó go bhféadfaidh an moltóir é a dhéanamh go pearsanta.
(3) Freastalóidh an ceann comhairimh chun ainmniúcháin a ghlacadh san áit a bheidh sonraithe chuige sin san Fhógra Toghcháin idir 10 a chlog a.m. agus 12 a chlog, meán lae, agus idir 2 a chlog p.m. agus 5 a chlog p.m. an lá (gan aon lá eisiata a áireamh) roimh an dáta is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh agus idir 10 a chlog a.m. agus 12 a chlog, meán lae, an dáta is déanaí sin a dúradh.
9. Uimhreoidh an ceann comhairimh na páipéir ainmniúcháin san ord ina bhfaighidh sé iad, agus measfar gurb é an chéad pháipéar ainmniúcháin bailí ag ainmniú iarrthóir don toghchán ainmniú an iarrthóra sin.
10. (1) Tabharfaidh an ceann comhairimh rialú ar bhailíocht gach páipéar ainmniúcháin laistigh d'uair a chloig tar éis a sheachadta dó, agus féadfaidh sé a rialú go bhfuil sé neamhbhailí i gcás, agus sa chás sin amháin, go measann sé nach bhfuil sé déanta amach ná sínithe go cuí.
(2) Beidh an t-iarrthóir a ainmníodh le gach páipéar ainmniúcháin agus a mholtóir, más ann dó, agus duine amháin eile arna ainmniú ag an iarrthóir nó ag a mholtóir, cibé acu é, i dteideal freastal nuair a bheidh rialú á dhéanamh ag an gceann comhairimh ar an bpáipéar ainmniúcháin sin, ach ní bheidh aon duine eile i dteideal freastal, ach amháin le cead an cheann comhairimh.
(3) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne na tuairisce ar iarrthóir i bpáipéar ainmniúcháin más é a thuairim go bhfuil sí mícheart nó nach leor í chun an t-iarrthóir a aithint, nó go bhfuil sí rófhada. Nuair a chuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne tuairisce amhlaidh, ligfidh sé don iarrthóir nó dá mholtóir, de réir mar is iomchuí, an tuairisc a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh í chun sástacht an cheann comhairimh. féadfaidh an ceann comhairimh í a leasú nó í a scriosadh, de réir mar is cuí leis, tar éis dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena mholtóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé a rialú go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.
(4) Nuair a bheidh rialú tugtha ag an gceann comhairimh ar bhailíocht páipéir ainmniúcháin, cuirfidh sé nóta i dtaobh a chinneadh ar an bpáipéar ainmniúcháin agus síneoidh sé an nóta. Má rialaíonn sé go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí, cuirfidh sé ráiteas sa nóta ag lua na bhfáthanna a bhí aige leis. Is cinneadh críochnaitheach a chinneadh faoin Riail seo agus ní fhéadfar é a fhreaschur ach amháin de thoradh achainí ag tabhairt an toghcháin faoi cheist.
(5) A luaithe is féidir tar éis dó rialú a thabhairt ar bhailíocht páipéir ainmniúcháin, déanfaidh an ceann comhairimh fógra i scríbhinn i dtaobh a rialaithe a thabhairt don iarrthóir, leis an bpost nó ar dhóigh eile.
(6) Gach duine a mbeidh cinneadh déanta ina leith faoin Riail seo go bhfuil a pháipéar ainmniúcháin bailí agus nach mbeidh a iarrthóireacht tarraingthe siar de réir Riail 12 den Sceideal seo, nó nach measfar faoi alt 10 den Acht seo nó faoi Riail 20 (1) den Sceideal seo, í a bheith tarraingthe siar, beidh sé arna ainmniú go bailí mar iarrthóir.
11. Cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara, a luaithe is féidir tar éis dó rialú a thabhairt go bhfuil páipéar ainmniúcháin bailí, go ndéanfar fógra ina luafar ainm agus tuairisc an duine atá ainmnithe sa pháipéar agus ainm agus seoladh a mholtóra, más ann, a thaispeáint lasmuigh den áit ina mbeidh sé ag glacadh ainmniúchán.
12. (1) Féadfaidh iarrthóir a iarrthóireacht a tharraingt siar má dhéanann sé fógra, faoina láimh, a sheachadadh go pearsanta nó trína mholtóir don cheann comhairimh tráth nach déanaí ná 12 a chlog, meán lae, an lá (gan aon lá eisiata a áireamh) díreach tar éis an dáta is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh.
(2) Nuair is deimhin leis an gceann comhairimh nach féidir le hiarrthóir, ná lena mholtóir, bheith i láthair agus gur mian leis a iarrthóireacht a tharraingt siar, féadfar í a tharraingt siar trí fhógra faoin tarraingt siar, arna shíniú ag an iarrthóir agus ag an duine a bheidh ag seachadadh an fhógra, a sheachadadh don cheann comhairimh tráth nach déanaí ná an uair sin.
13. Déanfaidh an ceann comhairimh, a luaithe a sheachadfar dó fógra i dtaobh iarrthóir a tharraingt siar faoi Riail 12 den Sceideal seo, fógra poiblí a thabhairt i dtaobh é a tharraingt siar (agus, i gcás tarraingt siar ag iarrthóir a bhí ainmnithe ag duine eile mar mholtóir, i dtaobh ainm an duine eile sin).
14. (1) Má choisctear le foréigean na himeachtaí maidir le, nó i ndáil le, hainmniú iarrthóirí, féadfaidh an ceann comhairimh na himeachtaí a atráthú go dtí an lá dar gcionn (gan aon lá eisiata a áireamh) agus, má mheasann sé gur gá é, féadfaidh sé na himeachtaí a atráthú tuilleadh go dtí go mbeidh deireadh leis an gcosc sin.
(2) Nuair a dhéanfar atráthú faoin Riail seo ar aon imeachtaí maidir le, nó i ndáil le, hainmniúchán den sórt sin, cuirfear siar an dáta is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh go ceann tréimhse is ionann agus tréimhse an atráthaithe sin agus cuirfidh an ceann comhairimh é sin in iúl don Aire agus féadfaidh an tAire, le hordú, an lá a cheapadh chun vótaíocht a thógáil sa toghlach sin.
15. (1) Féadfaidh iarrthóir, i ndáil leis an toghlach—
(a) gníomhaire toghcháin amháin a cheapadh chun cabhrú leis go ginearálta, agus
(b) gníomhaire áitiúil amháin a cheapadh do gach contae nó contae-bhuirg sa toghlach chun cabhrú leis sa chontae nó sa chontae-bhuirg sin agus gníomhú mar ionadaí, sa chontae nó sa chontae-bhuirg sin, do ghníomhaire toghcháin an iarrthóra.
(2) Féadfaidh iarrthóir, nó a ghníomhaire toghcháin nó a ghníomhaire áitiúil, leasghníomhaire áitiúil amháin a cheapadh maidir le haon cheantar vótaíochta sa toghlach chun cabhrú leis an iarrthóir sa cheantar vótaíochta agus gníomhú ann mar ionadaí do ghníomhaire toghcháin agus do ghníomhaire áitiúil an iarrthóra.
(3) Beidh ceapachán faoin Riail seo inchúlghairthe,
(a) más faoi mhír (1) den Riail seo a rinneadh an ceapachán, ag an iarrthóir,
(b) más ar dhóigh eile faoin Riail seo a rinneadh an ceapachán. ag an iarrthóir nó ag a ghníomhaire toghcháin nó ag a ghníomhaire áitiúil.
(4) Nuair a chúlghairfear ceapachán faoin Riail seo nó a tharlóidh do ghníomhaire arna cheapadh faoin Riail seo bás a fháil, nó é a éirí as oifig nó a éirí éagumasach ar ghníomhú le linn toghcháin Tionóil, féadfar gníomhaire eile a cheapadh de bhun agus de réir na Rialach seo chun a ionad a ghabháil.
(5) Beidh ainm agus seoladh gach gníomhaire a cheapfar faoin Riail seo (cibé acu ceapachán bunaidh nó ceapachán ionaid é) le cur i bhfios láithreach tar éis an cheapacháin ag an duine a rinne an ceapachán—
(a) i gcás an ghníomhaire toghcháin, don cheann comhairimh.
(b) i gcás gníomhaire áitiúil, nó leasghníomhaire áitiúil, don cheann comhairimh áitiúil.
16. (1) Féadfaidh gach iarrthóir, nó a ghníomhaire toghcháin, nó a ghníomhaire áitiúil, gníomhairí a cheapadh chun bheith i láthair thar ceann an iarrthóra—
(a) le linn páipéir bhallóide a eisiúint chuig postvótálaithe.
(b) i stáisiúin vótaíochta, agus
(c) le linn oscailt na mboscaí postbhallóide.
(2) Féadfaidh gach iarrthóir, nó a ghníomhaire toghcháin, gníomhairí a cheapadh chun bheith i láthair thar ceann an iarrthóra le linn chomhaireamh na vótaí.
(3) Faoi réir forálacha mhír (4) den Riail seo, beidh líon na ngníomhairí a fhéadfar a cheapadh chun bheith i láthair thar ceann aon iarrthóra le socrú,
(a) i gcás gníomhairí a cheapfar chun bheith i láthair le linn chomhaireamh na vótaí, ag an gceann comhairimh,
(b) i gcás aon ghníomhairí eile a cheapfar faoin Riail seo, ag an gceann comhairimh áitiúil,
sa dóigh, áfach, go gceadófar an líon céanna thar ceann gach iarrthóra.
(4) Féadfaidh gach iarrthóir, nó a ghníomhaire toghcháin, nó a ghníomhaire áitiúil, duine amháin a cheapadh (dá ngairtear “gníomhaire pearsanaíochta” sa Sceideal seo) chun bheith i láthair mar ghníomhaire don iarrthóir i ngach stáisiún vótaíochta d'fhonn cabhrú chun pearsanaíocht agus cionta faoi Riail 71 den Sceideal seo a bhrath.
(5) Beidh ceapachán faoin Riail seo inchúlghairthe,
(a) más de bhun mhír (2) den Riail seo a dhéanfar an ceapachán, ag an iarrthóir nó ag a ghníomhaire toghcháin,
(b) más ar dhóigh eile faoin Riail seo a dhéanfar an ceapachán, ag an iarrthóir nó ag a ghníomhaire toghcháin nó ag a ghníomhaire áitiúil.
(6) Déanfaidh gach iarrthóir, nó a ghníomhaire toghcháin, nó a ghníomhaire áitiúil, tráth nach déanaí ná an t-am chun tosú ar pháipéir bhallóide a eisiúint chuig postvótálaithe, fógra i scríbhinn a thabhairt don cheann comhairimh áitiúil i dtaobh ainm agus seoladh gach gníomhaire a bheidh ceaptha ag an iarrthóir, nó ag a ghníomhaire toghcháin, nó ag a ghníomhaire áitiúil, chun bheith i láthair le linn na heisiúna sin agus féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil diúltú aon ghníomhaire nach mbeidh a ainm agus a sheoladh curtha in iúl dó amhlaidh a ligean isteach san áit a bhfuil na páipéir bhallóide le heisiúint.
(7) Déanfaidh gach iarrthóir, nó a ghníomhaire toghcháin, nó a ghníomhaire áitiúil, tráth nach déanaí ná dhá lá (gan aon lá eisiata a áireamh) roimh an lá vótaíochta, fógra i scríbhinn a thabhairt don cheann comhairimh áitiúil i dtaobh ainm agus seoladh gach gníomhaire pearsanaíochta a bheidh ceaptha ag an iarrthóir, nó ag a ghníomhaire toghcháin, nó ag a ghníomhaire áitiúil, mar aon le hainm an stáisiúin vótaíochta dá mbeidh an gníomhaire pearsanaíochta ceaptha. Beidh gach gníomhaire pearsanaíochta a cheapfar de réir na Rialacha seo agus a mbeidh a ainm agus a sheoladh curtha in iúl go cuí don cheann comhairimh áitiúil i dteideal bheith i láthair sa stáisiún vótaíochta sin le linn na tréimhse a thosóidh tríocha nóiméad roimh an am a bheidh ceaptha ag an Aire chun an vótaíocht a thosú agus a chríochnóidh nuair a bheidh na boscaí ballóide agus na doiciméid séalaithe ag an oifigeach ceannais mar a fhoráiltear le Riail 46 (2) den Sceideal seo.
(8) Déanfaidh gach iarrthóir nó a ghníomhaire toghcháin nó a ghníomhaire áitiúil, tráth nach déanaí ná dhá lá (gan aon lá eisiata a áireamh) roimh an lá vótaíochta, fógra i scríbhinn a thabhairt don cheann comhairimh áitiúil i dtaobh ainm agus seoladh gach gniomhaire a bheidh ceaptha ag an iarrthóir, nó ag a ghníomhaire toghcháin, nó ag a ghniomhaire áitiúil, chun bheith i láthair le linn oscailt na mboscaí postbhallóide agus féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil diúltú aon ghníomhaire nach mbeidh a ainm agus a sheoladh curtha in iúl dó amhlaidh a ligean isteach san áit a mbeidh na boscaí postbhallóide le hoscailt.
(9) Déanfaidh gach iarrthóir nó a ghníomhaire toghcháin, tráth nach déanaí ná dhá lá (gan aon lá eisiata a áireamh) roimh an lá vótaíochta, fógra i scríbhinn a thabhairt don cheann comhairimh i dtaobh ainm agus seoladh gach gníomhaire a bheidh ceaptha ag an iarrthóir nó ag a ghníomhaire toghcháin chun bheith i láthair le linn chomhaireamh na vótaí agus féadfaidh an ceann comhairimh diúltú aon ghníomhaire nach mbeidh a ainm agus a sheoladh curtha in iúl dó amhlaidh a ligean isteach san áit a mbeidh na vótaí le comhaireamh.
(10) Nuair a chúlghairfear ceapachán faoin Riail seo nó a tharlóidh do ghníomhaire arna cheapadh faoin Riail seo bás a fháil nó é a éirí as oifig nó a éirí éagumasach chun gníomhú le linn toghcháin Tionóil, féadfar gníomhaire eile a cheapadh de bhun agus de réir na Rialach seo chun a ionad a ghabháil, agus i gcás ceapachán den sórt sin a dhéanamh tabharfaidh an duine a bheidh ag déanamh an cheapacháin fógra i scríbhinn láithreach i dtaobh ainm agus seoladh an ghníomhaire a ceapadh.
(a) más faoi mhír (2) den Riail seo a dhéanfar an ceapachán. don cheann comhairimh.
(b) más ar dhóigh eile faoin Riail seo a dhéanfar an ceapachán, don cheann comhairimh áitiúil.
(11) Féadfaidh iarrthóir, go dleathach, aon ní a dhéanamh nó cabhrú le haon ní a dhéanamh a fhéadfaidh gníomhaire a dhéanamh go dleathach thar a cheann, agus féadfaidh sé bheith i láthair (i dteannta aon ghníomhaire den sórt sin) in aon áit ina bhféadfaidh aon ghníomhaire den sórt sin a bheith i láthair, de bhun an Sceidil seo.
(12) Aon ní a gceanglaítear leis an Sceideal seo é a dhéanamh i bhfianaise ghníomhairí na n-iarrthóirí, ní bheidh sé ó bhail as siocair amháin gan aon ghníomhaire nó gníomhairí den sórt sin a bheith i láthair san am agus san áit a bheidh ceaptha chun an ní sin a dhéanamh.
17. (1) Aon cheann comhairimh, nó ceann comhairimh áitiúil, nó aon duine a bheidh fostaithe ag aon oifigeach den sórt sin chun aon chríche a bhaineann le toghchán Tionóil, ní ghníomhóidh sé mar ghníomhaire d'aon iarrthóir sa toghchán sin ná ní bheidh baint aige le hiarrthóireacht aon iarrthóra a chur chun cinn ná le leasanna aon pháirtí sa toghchán a chur ar aghaidh.
(2) Ní dhéanfaidh ceann comhairimh ná ceann comhairimh áitiúil aon duine a fhostú in aon cháil chun críocha toghchán Tionóil má bhí sé fostaithe ag iarrthóir nó thar ceann iarrthóra sa toghchán nó um an toghchán nó má bhí baint aige le hiarrthóireacht aon iarrthóra a chur chun cinn nó le leasanna aon pháirtí sa toghchán a chur ar aghaidh.
18. (1) Faoi réir mhír (3) den Riail seo, beidh gach iarrthóir i dtoghchán Tionóil, faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire Poist agus Telegrafa, i dteideal aon phost-teachtaireacht amháin ina mbeidh ábhar a bhaineann go hiomlán leis an toghchán, agus gan thar dhá unsa meáchain inti, a chur saor ó tháille phostais chuig gach duine ar chlár toghthóirí Thionól na hEorpa don toghlach.
(2) Ní bheidh iarrthóir i dteideal feidhm a bhaint as an gceart chun postais in aisce a thugtar leis an Riail seo sula mbeidh sé ainmnithe go bailí, mura rud é go mbeidh cibé urrús a cheanglóidh an tAire Poist agus Telegrafa tugtha go n-íocfaidh sé an postas ar an gcomhfhreagras go léir a chuirfidh sé amach faoin Riail seo má tharlaíonn nach n-ainmneofar é i ndeireadh na dála.
(3) Nuair a bheidh dhá iarrthóir nó níos mó i dtoghchán Tionóil ina n-iarrthóirí i dtoghlach don pháirtí polaitíochta céanna, ansin, chun críocha na Rialach seo, measfar gurb aon iarrthóir amháin na hiarrthóirí sin.
19. Más rud é, ar 12 a chlog, meán lae (gan aon lá eisiata a áireamh), an lá díreach tar éis an dáta is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh—
(a) gur mó líon na n-iarrthóirí a bheidh arna n-ainmniú ná líon na n-ionadaithe a bheidh le toghadh, cuirfidh ar ceann comhairimh an toghchán Tionóil ar atráth agus tógfaidh sé vótaíocht de réir an Achta seo, nó
(b) go mbeidh líon na n-iarrthóirí a bheidh arna n-ainmniú comhionann le líon na n-ionadaithe a bheidh le toghadh, nó níos lú ná an líon sin, dearbhóidh an ceann comhairimh láithreach na hiarrthóirí a bheidh arna n-ainmniú a bheith tofa agus cuirfidh sé a n-ainmneacha i bhfreagra chuig an bpríomhcheann comhairimh agus tabharfaidh sé fógra poiblí de réir forálacha Riail 68 (3) den Sceideal seo.
20. (1) Más rud é, tráth nach déanaí ná dhá uair a chloig is seachtó roimh an am is déanaí chun iarrthóireacht a tharraingt siar faoi Riail 12 den Sceideal seo, gur deimhin leis an gceann comhairimh go bhfuil iarrthóir atá arna ainmniú tar éis bás a fháil, tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí láithreach dá réir sin agus measfar iarrthóireacht an iarrthóra a bheith tarraingthe siar.
(2) Más rud é, tráth ar bith sa tréimhse a thosóidh dhá uair a chloig is seachtó roimh an am is déanaí chun iarrthóireacht a tharraingt siar faoi Riail 12 den Sceideal seo agus a chríochnóidh ar thosach na vótaíochta gur deimhin leis an gceann comhairimh go bhfuil iarrthóir atá arna ainmniú don toghchán tar éis bás a fháil. beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas i ndáil leis an toghchán Tionóil—
(a) cuirfidh an ceann comhairimh scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire agus chuig an bpríomhcheann comhairimh agus san am céanna, má bhíonn fógra tugtha faoin vótaíocht, cuirfidh sé an vótaíocht ar ceal,
(b) tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí go bhfuil gach gníomh a rinneadh i ndáil leis an toghchán (ach amháin ainmniú na n-iarrthóirí atá fágtha) ar neamhní agus go ndéanfar toghchán úr,
(c) tosófar athuair ar na himeachtaí uile don toghchán, ach ní gá ainmniú úr i leith aon iarrthóra a bhí arna ainmniú an tráth a cuireadh an scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire,
(d) sa toghchán úr, is é an t-am is luaithe chun ainmniúcháin a ghlacadh 10 a.m. an lá (gan aon lá eisiata a áireamh) díreach tar éis dáta an fhógra phoiblí dá dtagraítear i bhfomhír (b) den mhír seo agus is é an t-am is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh 12 a chlog, meán lae, an tríú lá (gan aon lá eisiata a áireamh) díreach tar éis an dáta sin,
(e) socróidh an tAire an lá vótaíochta sa toghchán úr,
(f) ní bheidh feidhm ag Riail 3 den Sceideal seo i ndáil leis an toghchán úr agus déanfar tagairtí do Chlár na bPáirtithe Polaitíochta i Riail 4 den Sceideal seo a fhorléiriú, i ndáil leis an toghchán úr, mar thagairtí don chóip den Chlár a cuireadh chuig an gceann comhairimh i ndáil leis an toghchán a cuireadh ar ceal.
(3) Más rud é, tráth ar bith tar éis tosach na vótaíochta i dtoghlach agus roimh chríochnú na vótaíochta sin, gur deimhin leis an gceann comhairimh go bhfuil iarrthóir tar éis bás a fháil—
(a) tabharfar neamhaird ar na vótaí go léir a caitheadh sa toghchán Tionóil sa toghlach agus díothófar na páipéir bhallóide,
(b) cuirfidh an ceann comhairimh scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire agus chuig an bpríomhcheann comhairimh.
(c) beidh feidhm ag forálacha fomhíreanna (b) go (f) de mhír (2) den Riail seo.
(4) Nuair a gheobhaidh iarrthóir i dtoghchán Tionóil bás in imthosca seachas iad siúd dá dtagraítear i mír (1), (2) nó (3), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
(a) ní chuirfidh a bhás ó bhail a ainmniú ná aon rogha a taifeadadh dó agus, má thoghtar é, ní bheidh a thoghadh ó bhail mar gheall ar a bhás,
(b) measfar gur toghadh é ina chomhalta den Tionól de bhua an Achta seo agus gur éirigh sé as a oifig díreach tar éis dó theacht chun bheith ina ionadaí den sórt sin, agus
(c) beidh feidhm ag alt 15 den Acht seo maidir leis an bhfolúntas dá dhroim sin sa Tionól.
(5) Nuair a chuirfear vótaíocht ar ceal faoin Riail seo, tabharfar neamhaird ar na páipéir bhallóide go léir a eisíodh chuig postvótálaithe agus díothóidh an ceann comhairimh áitiúil, gan iad a oscailt, na páipéir bhallóide go léir a fuair sé lena gcur sa vótaíocht a cuireadh ar ceal.
CUID II
An Vótaíocht
21. Nuair a chuirfear toghchán Tionóil ar atráth chun vótaíocht a thógáil, tabharfaidh an ceann comhairimh, a luaithe is féidir tar éis an atráthaithe, fógra poiblí (dá ngairtear “fógra vótaíochta” sa Sceideal seo)—
(a) i dtaobh an lae agus na n-uaire a chloig chun an vótaíocht a thógáil,
(b) i dtaobh ainmneacha agus tuairiscí na n-iarrthóirí atá arna n-ainmniú amhail mar atá taifeadta ina bpáipéir ainmniúcháin agus na moltóirí, más ann dóibh, agus
(c) i dtaobh an oird ina gcuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar na páipéir bhallóide.
22. (1) Is é a bheidh i mballóid gach vótálaí, páipéar (dá ngairtear “páipéar ballóide” sa Sceideal seo) san fhoirm fhorordaithe.
(2) Ullmhófar páipéir bhallóide de réir na dtreoracha seo a leanas—
(a) ar gach páipéar ballóide tabharfar ainmneacha agus tuairiscí na n-iarrthóirí atá arna n-ainmniú mar a thaispeántar sin ina bpáipéir ainmniúcháin faoi seach. Cuirfear na hainmneacha in ord aibítre de réir sloinnte, nó má bhíonn dhá iarrthóir nó níos mó ann agus an sloinne céanna orthu de réir ord aibítre a n-ainmneacha eile nó má bhíonn an sloinne agus na hainmneacha eile mar an gcéanna, cuirfear iad i cibé ord a chinnfidh an ceann comhairimh trí chrannadh.
(b) clófar sloinne gach iarrthóra i litreacha móra agus clófar i ngnáthlitreacha a ainm, a sheoladh agus a shlí bheatha, más ann, mar atá tugtha ar a pháipéar ainmniúcháin,
(c) clófar páirtí polaitíochta, más ann, gach iarrthóra, i litreacha móra agus clófar i ngnáthlitreacha ainm a ghrúpa polaitíochta, más ann.
(d) socrófar liosta na n-iarrthóirí i gcolún leanúnach amháin nó in dhá cholún nó níos mó ar an dóigh is fearr, i dtuairim an cheann comhairimh, don mharcáil agus don chomhaireamh (ach gan imeacht ón ord aibítre), ach ní foláir na spásanna ar an bpáipéar ballóide ina mbeidh ainmneacha agus tuairiscí na n-iarrthóirí bheith mar an gcéanna do gach duine de na hiarrthóirí,
(e) uimhreofar na páipéir bhallóide as a chéile ar an gcúl agus is í an uimhir chéanna sin a chuirfear ar chúl an chomhdhuille a bheidh i gceangal le gach páipéar ballóide. Clófar na huimhreacha ar na páipéir bhallóide sna litreacha is lú is inléite agus clófar iad i lár an pháipéir nó gar dó,
(f) amach ó nithe atá ceadaithe leis an bhfoirm fhorordaithe, ní chuirfear aon ní ar an bpáipéar ballóide ach amháin de réir na dtreoracha sin.
(3) Beidh an ceann comhairimh freagrach as leordhóthain páipéar ballóide a chló agus a chur ar fáil agus beidh de dhualgas air líon de pháipéir bhallóide a sholáthar a luaithe is féidir don cheann comhairimh áitiúil de réir mar a theastóidh ón oifigeach sin go réasúnach.
23. (1) Déanfar gach páipéar ballóide a mharcáil tráth a eisithe le marc oifigiúil (dá ngairtear “an marc oifigiúil” sa Sceideal seo) agus é cabhraithe nó breifnithe ar dhóigh go mbeidh sé sofheicthe ar dhá thaobh an pháipéir, agus chun na críche sin soláthróidh an ceann comhairimh leorlíon de ghléasanna marcála.
(2) Déanfaidh an ceann comhairimh deimhin de go gcoimeádfar an marc oifigiúil faoi rún agus nach n-úsáidfear aon mharc áirithe in dhá thoghchán Tionóil chomhleanúnacha sa toghlach.
24. Ní foláir gach bosca ballóide a bheith déanta ar dhóigh go bhféadfar é a ghlasáil go daingean agus go bhféadfar, nuair atá sé faoi ghlas amhlaidh, páipéir bhallóide a chur isteach ann ach nach bhféadfar iad a bhaint amach agus go bhféadfar an bosca agus an oscailt do na páipéir bhallóide a shéalú.
25. Nuair a chuimsítear in aon toghlach an t-iomlán nó aon chuid d'aon dáilcheantar nó d'aon toghlimistéar áitiúil, féadfar aon bhoscaí ballóide, feistis do stáisiúin vótaíochta agus cúilíní a sholáthraítear do thoghcháin Dála nó do thoghcháin áitiúla sa dáilcheantar nó sa toghlimistéar áitiúil sin a úsáid d'aon toghchán Tionóil sa toghlach sin; agus is é dualgas an cheann comhairimh áitiúil in aon toghchán Tionóil sa toghlach sin cibé úsáid is feidir a bhaint as na boscaí ballóide, as na feistis agus as na cúilíní sin agus nuair a bheidh a chuntais á bhfómhas tabharfar aird ar fhorálacha na Rialach seo, agus íocfar mar chuid de chaiteachais an toghcháin aon damáiste, seachas caitheamh agus cuimilt réasúnach, a bhain d'aon bhoscaí ballóide agus feistis agus cúilíní den sórt sin de dhroim a n-úsáidte i dtoghchán Tionóil.
26. (1) A luaithe is féidir tar éis toghchán Tionóil a chur ar atráth chun vótaíocht a thógáil, cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do chontae nó do chontae-bhuirg i dtoghlach páipéar ballóide agus foirm admhála (san fhoirm fhorordaithe) leis an bpost chuig gach toghthóir Tionóil a bhfuil a ainm ar an liosta postvótálaithe don chontae nó don chontae-bhuirg sin.
(2) Cuirfear an marc oifigiúil ar gach páipéar ballóide a eiseofar faoin Riail seo. Glaofar amach uimhir (lena n-áiritear litir an cheantair vótaíochta), uimhir agus tuairisc an toghthóra Tionóil mar a bheidh ar liosta na bpostvótálaithe, agus cuirfear marc i gcóip de liosta na bpostvótálaithe os coinne uimhir an toghthóra á thaispeáint gur eisíodh páipéar ballóide chuige ach gan uimhir an pháipéir bhallóide a eisíodh amhlaidh a thaispeáint.
(3) Cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil i gclúdach a bheidh dírithe chuig an bpostvótálaí—
(a) an páipéar ballóide.
(b) an fhoirm admhála,
(c) clúdach (dá ngairtear “forchlúdach” sa Sceideal seo) a bheidh dírithe chuig an gceann comhairimh, agus
(d) clúdach níos lú, ar a mbeidh “clúdach an Pháipéir Bhallóide” marcáilte.
agus dúnfaidh sé an clúdach céadluaite go daingean.
(4) Comhairfidh an ceann comhairimh áitiúil gach clúdach a dhíreofar chuig na postvótálaithe agus láithreach bonn seachadfaidh sé na clúdaigh san ardoifig phoist is cóngaraí nó i cibé postoifig cile a shocróidh sé féin agus an príomh-mháistir poist; agus buailfidh an máistir poist dátstampa na postoifige ar ráiteas, a bheidh le tiolacadh ag an gceann comhairimh áitiúil, faoin méid clúdach a seachadadh amhlaidh agus láithreach bonn cuirfidh sé na clúdaigh ar aghaidh lena seachadadh do na daoine a bhfuil siad dírithe chucu.
(5) Nuair a dhéanfar clúdach a eisíodh chuig postvótálaí de réir na Rialach seo a sheoladh ar ais chuig an gceann comhairimh áitiúil roimh an lá vótaíochta mar chlúdach nár seachadadh don phostvótálaí, féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil an clúdach a athdhíriú agus é a chur leis an bpost chuig an vótálaí sin.
(6) A luaithe is féidir tar éis na páipéir phostbhallóide go léir a bheith eisithe i dtoghchán Tionóil, déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil an chóip mharcáilte de liosta na bpostvótálaithe agus comhdhuillí na bpáipéar ballóide a shéalú i bpaicéid ar leith, i bhfianaise ghníomhairí na n-iarrthóirí, agus formhuineoidh sé ar gach paicéad tuairisc ar a inneachair, maille le hainm an toghlaigh agus an chontae nó na contae-bhuirge arb é is ceann comhairimh áitiúil dó agus dáta an toghcháin Tionóil lena mbaineann sé.
(7) Tabharfaidh an ceann comhairimh áitiúil do gach iarrthóir i dtoghchán Tionóil fógra ceithre huaire a chloig is fiche ar a laghad i scríbhinn faoin am agus faoin áit a ndéanfaidh sé, má bhíonn toghchán iomaidh ann, páipéir bhallóide a eisiúint chuig postvótálaithe agus faoin líon daoine a fhéadfaidh gach iarrthóir a cheapadh mar ghníomhairí chun bheith i láthair le linn na heisiúna sin.
(8) Féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil, a chúntóirí agus a chléirigh, comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas agus gníomhairí na n-iarrthóirí, ach ní fhéadfaidh aon duine eile gan cead ón gceann comhairimh áitiúil, bheith i láthair le linn eisiúint na bpáipéar postbhallóide.
27. (1) Cuirfidh, an ceann comhairimh áitiúil boscaí ballóide ar fáil chun na forchlúdaigh a ghlacadh a bheidh curtha ar ais ag postvótálaithe. Taispeánfaidh sé gach bosca ballóide díobh agus é ar oscailt do ghníomhairí na n-iarrthóirí a bheidh i láthair le linn na bpáipéar postbhallóide a eisiúint agus ansin séalóidh sé é agus cuirfidh an marc “Bosca Postbhallóide” (an t-ainm a ghairtear den bhosca sin feasta sa Sceideal seo) agus ainm an toghlaigh air. Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil socrú chun gach bosca postbhallóide a choimeád slán sábháilte.
(2) Tar éis don cheann comhairimh áitiúil forchlúdach a fháil, cuirfidh sé é láithreach bonn, gan é a oscailt, isteach sa bhosca postbhallóide.
28. (1) Nuair a bheidh vótaíocht le tógáil de bhun an Achta seo i dtoghlach, cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil chuig gach toghthóir Tionóil a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí don chontae nó don chontae-bhuirg arb é is ceann comhairimh áitiúil dó, i gcás gan an toghthóir sin a bheith ar liosta na bpostvótálaithe, cárta (dá ngairtear “cárta vótaíochta” sa Riail seo) san fhoirm fhorordaithe á chur in iúl dó cad é a uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta) ar chlár toghthóirí Thionól na hEorpa agus cén áit a bhfuil sé i dteideal vótáil ann.
(2) Díreofar cárta vótaíochta chuig an toghthóir Tionóil ag an seoladh a mbeidh sé cláraithe ina leith i gclár toghthóirí Thionól na hEorpa agus cuirfear amach é in am chun go seachadfar é i ngnáthchúrsa an phoist ag an seoladh sin tráth nach déanaí ná an tríú lá roimh an lá vótaíochta.
(3) Cuirfear cárta vótaíochta chun bealaigh leis an bpost agus seolfar ar aghaidh é in aisce leis an bpost is luaithe is féidir.
(4) Ní fhéadfar aon chaingean ná imeacht eile a thabhairt i gcoinne ceann comhairimh áitiúil mar gheall ar aon fhaillí i gcárta vótaíochta a chur chun bealaigh, ná toisc nár seachadadh é nó go raibh aon earráid nó míráiteas ann.
29. (1) Féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil chun an vótaíocht a thógáil, agus féadfaidh an ceann comhairimh chun na vótaí i dtoghchán Tionóil a chomhaireamh, aon scoil nó aon seomra i scoil agus aon áitreabh a bhfuil a chostas cothabhála iníoctha as aon ráta a úsáid saor ó tháille.
(2) Slánóidh an ceann comhairimh nó an ceann comhairimh áitiúil aon damáiste a tharlóidh don scoil, don seomra nó don áitreabh sin de dhroim a úsáidte aige i dtoghchán Tionóil agus féadfaidh sé aon chaiteachais a íoc a thabhaigh an duine i bhfeighil na scoile, an tseomra nó an áitribh sin de dhroim na húsáide sin.
(3) Má úsáidtear aon áitreabh neamháitithe nó aon chuid de chun an vótaíocht a thógáil agus na vótaí a chomhaireamh i dtoghchán Tionóil, ní fhágfaidh sin go mbeidh an t-áitreabh inchurtha faoi rátaí ná go ndlífidh aon duine aon ráta a íoc ar an áitreabh.
(4) Duine a bheidh i bhfeighil scoile atá i gceangal, nó in aice, le heaglais nó le clochar nó foras crábhaidh eile, nó is cuid d'aon cheann acu sin, féadfaidh sé, laistigh de cheithre huaire a chloig is fiche tar éis fógra a fháil ón gceann comhairimh nó ón gceann comhairimh áitiúil go bhfuiltear ar intinn an scoil sin nó aon chuid di a úsáid i dtoghchán Tionóil, agóid a dhéanamh i gcoinne na húsáide sin trí ráiteas i dtaobh na hagóide sin a chur chuig an oifigeach áirithe díobh a thug an fógra. Ar iarratas a fháil ón gceann comhairimh nó ón gceann comhairimh áitiúil, cibé acu é, féadfaidh an tAire, más dóigh leis gur ceart é, rialú in aghaidh aon agóide faoin mír seo, ach mura ndéanfar, agus go dtí go ndéanfar, rialú amhlaidh in aghaidh na hagóide sin, ní fhéadfar aon chuid den scoil dá dtagraítear san agóid sin a úsáid faoin Riail seo.
(5) Sa Riail seo ciallaíonn “scoil” aon scoil a fhaigheann deontas as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas agus folaíonn sé scoil náisiúnta, meánscoil, gairmscoil nó scoil eile iarbhunoideachais.
30. (1) Cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil ar fáil i ngach áit vótaíochta leorlíon de stáisiúin vótaíochta agus suíomh áiseach orthu chun freastal do na toghthóirí Tionóil a bheidh i dteideal vótáil san áit sin. Más rud é, de dheasca aon deacrachta, nach féidir stáisiún vótaíochta nó leorlíon de stáisiúin vótaíochta a chur ar fáil san áit vótaíochta atá ceaptha, féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil stáisiún nó stáisiúin vótaíochta a chur ar fáil in aon áit áiseach eile.
(2) Dáilfidh an ceann comhairimh áitiúil na toghthóirí Tionóil ar na stáisiúin vótaíochta is dóigh leis is áisiúla dóibh.
(3) Tabharfaidh an ceann comhairimh áitiúil fógra poiblí i dtaobh suíomh na stáisiún vótaíochta i ngach áit vótaíochta agus tuairisc na dtoghthóirí Tionóil a dáileadh chun vótáil i ngach áit díobh sin.
(4) Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil socrú leormhaith chun teas agus solas a sholáthar do gach stáisiún vótaíochta agus chun iad a ghlanadh.
(5) I ngach stáisiún vótaíochta soláthróidh an ceann comhairimh áitiúil—
(a) cibé líon cúilíní a mheasfaidh sé is gá le go bhféadfaidh na vótálaithe a bpáipéir bhallóide a mharcáil gan faire orthu,
(b) cibé troscán a mheasfaidh sé is gá.
(c) leorlíon de bhoscaí ballóide,
(d) cibé líon de pháipéir bhallóide a mheasfaidh sé is gá,
(e) gléasanna chun an marc oifigiúil a chur ar pháipéir bhallóide,
(f) cóipeanna den chlár nó de cibé cuid de ina mbeidh ainmneacha na dtoghthóirí Tionóil a dáileadh le vótáil sa stáisiún,
(g) cibé ábhair a mheasfaidh sé is gá le go bhféadfaidh vótálaithe a bpáipéir bhallóide a mharcáil,
(h) cibé doiciméid, foirmeacha, stáiseanóireacht agus ábhair eile a mheasfaidh sé is gá.
(6) Coimeádfaidh an ceann comhairimh áitiúil cuntas ar na páipéir bhallóide a sholáthraigh sé i ngach stáisiún vótaíochta.
31. (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh áitiúil oifigeach ceannais le bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus féadfaidh sé cléireach nó cléirigh a cheapadh freisin chun cabhrú le gach oifigeach ceannais. Féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil aon cheapachán den sórt sin a chúlghairm tráth ar bith, agus más ceapachán oifigigh cheannais a chúlghairfear ceapfaidh an ceann comhairimh áitiúil láithreach, oifigeach ceannais nua le bheith i gceannas sa stáisiún vótaíochta iomchuí.
(2) Ceadóidh an ceann comhairimh áitiúil, arna iarraidh sin air, do dhuine a bhfuil sé sásta ina thaobh gur duine é a bhfuil leas bona fide aige sa toghchán Tionóil mar iarrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina iarrthóir, nó mar ghníomhaire do dhuine den sórt sin, scrúdú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ndearna sé, nó a bhfuil beartaithe aige, ceapacháin mar oifigigh cheannais nó mar chléirigh vótaíochta a thairiscint dóibh.
(3) Coimeádfaidh oifigeach ceannais ord ina stáisiún, rialóidh sé an líon toghthóirí Tionóil a ligfear isteach d'aon iarracht agus eisiafaidh sé gach duine eile ach amháin na daoine sin a mbeidh údarás acu le Riail 35 den Sceideal seo bheith i láthair sa stáisiún.
(4) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, trí chléireach a bheidh ceaptha chun cabhrú leis, aon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear air nó a údaraítear dó leis an Sceideal seo a dhéanamh, ach amháin ordú a thabhairt aon duine a ghabháil, a eisiamh nó a chur amach as an stáisiún vótaíochta.
(5) Féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil gach feidhm nó aon fheidhm de chuid oifigigh cheannais a chomhlíonadh agus le linn a dhéanta sin dó beidh sé faoi réir forálacha an Sceidil seo ionann is dá mbeadh sé ceaptha ina oifigeach ceannais.
32. (1) Beidh feidhm ag an Riail seo nuair a bheidh vótaíocht le tógáil i dtoghlach agus gurb é tuairim an cheann comhairimh áitiúil áirithe, i gcás stáisiún vótaíochta ar oileán, gur dóigh, mar gheall ar dhrochaimsir nó deacrachtaí iompair—
(a) nach féidir nó nach bhféadfaí an vótaíocht a thógáil an lá vótaíochta, nó
(b) dá dtógfaí an vótaíocht an lá sin, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith san áit le haghaidh comhaireamh na vótaí san am, nó roimh an am, a bheidh ceaptha chun tosú ar an gcomhaireamh faoi alt 6 den Acht seo.
(2) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo, tabharfaidh an ceann comhairimh áitiúil fógra poiblí sa cheantar vótaíochta á rá go dtógfaidh sé an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta ar an oileán lá sonraithe, nach é an lá vótaíochta é ach é a bheith laistigh den tréimhse ina mbeidh na toghcháin iomchuí le déanamh don Tionól i ngach Ballstát agus, d'ainneoin aon ní san Acht seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—
(a) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil an vótaíocht a thógáil sa stáisiún vótaíochta ar an oileán an lá a bheidh sonraithe san fhógra nó, más é a thuairim nach féidir, mar gheall ar dhrochaimsir, an vótaíocht a thógáil an lá sin, an chéad lá i ndiaidh an lae sin is dóigh leis a bheidh cúrsaí iompair idir an t-oileán agus an mórthír réasúnta sábháilte.
(b) mura féidir, mar gheall ar dheacrachtaí iompair, tosú ar an vótaíocht ag an am a bheidh socraithe ag an Aire do thosú na vótaíochta, tosófar uirthi a luaithe is féidir tar éis an ama sin.
(c) más rúd é, tar éis an vótaíocht a bheith ar siúl ar feadh ceithre huaire an chloig ar a laghad, gur dóigh leis an oifigeach ceannais, dá leanfaí níos faide leis an vótaíocht, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith ag an áit le haghaidh comhaireamh na vótaí san am, nó roimh an am, a bheidh ceaptha chun tosú ag comhaireamh, féadfaidh sé críoch a chur leis an vótaíocht ansin.
(3) Ní dhéanfar aon athrú ar fhoirm ná ar inneachair an fhógra i dtaobh vótaíochta a bheidh le foilsiú faoi Riail 21 den Sceideal seo mar gheall ar athrú faoin Riail seo ar lá agus uaire na vótaíochta sa cheantar vótaíochta sin.
33. Nuair a bheidh vótaíocht le tógáil i dtoghlach, seachas vótaíocht a bheidh le tógáil lá sonraithe faoi Riail 32 den Sceideal seo, ansin, d'ainneoin aon ní san Acht seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le stáisiún vótaíochta ar oileán—
(a) mura féidir, mar gheall ar dheacrachtaí iompair, tosú ar an vótaíocht ag an am a bheidh ceaptha ag an Aire do thosú na vótaíochta, tosófar ar an vótaíocht a luaithe is féidir tar éis an ama sin,
(b) más rud é, tar éis an vótaíocht a bheith ar siúl ar feadh ceithre huaire a chloig ar a laghad, gur dóigh leis an oifigeach ceannais, dá leanfaí níos faide leis an vótaíocht, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith ag an áit le haghaidh comhaireamh na vótaí san am, nó roimh an am, a bheidh ceaptha chun tosú ag comhaireamh, féadfaidh sé críoch a chur leis an vótaíocht ansin.
34. Díreach roimh thosú na vótaíochta, déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta gach bosca ballóide faoina chúram a thaispeáint do cibé daoine a bheidh i láthair sa stáisiún, ionas go bhfeicfidh siad go bhfuil sé folamh, agus ansin glasálfaidh sé an bosca agus séalóidh sé é sa dóigh nach bhféadfar é a oscailt gan an séala a bhriseadh agus leagfaidh sé é in áit a mbeidh radharc aige air chun páipéir bhallóide a ghlacadh agus coimeádfaidh sé amhlaidh faoi ghlas, faoi shéala agus faoina radharc le linn na vótaíochta.
35. Ní ligfear aon duine isteach i stáisiún vótaíochta ach amháin—
(a) an ceann comhairimh áitiúil agus aon ionadaí dó,
(b) an t-oifigeach ceannais agus an cléireach vótaíochta don stáisiún,
(c) na gníomhairí pearsanaíochta a bheidh ceaptha go cuí don stáisiún ag na hiarrthóirí nó thar a gceann,
(d) toghthóirí Tionóil a ligfear isteach chun vótáil sa stáisiún vótaíochta,
(e) compánaigh do thoghthóirí Tionóil a bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orthu nó atá chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leo vótáil gan chabhair, le linn do na compánaigh sin bheith ag cabhrú leis na toghthóirí sin,
(f) comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas,
(g) teachtairí arna gcur chuige ag an gceann comhairimh áitiúil nó thar a cheann agus,
(h) daoine ag a bhfuil údarás ón gceann comhairimh áitiúil bheith i láthair sa stáisiún.
36. Nuair a bheidh toghthóir Tionóil do thoghlach fostaithe ag ceann comhairimh áitiúil chun aon chríche a bhaineann le toghchán Tionóil don toghlach sin agus, mar gheall ar imthosca fostaíochta an toghthóra sin, nach féidir leis, i dtuairim an cheann comhairimh áitiúil, vótáil sa stáisiún vótaíochta a mbeadh an toghthóir Tionóil sin i dteideal vótáil ann murach sin, féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil a údarú don toghthóir Tionóil sin, trí dheimhniú arna thabhairt san fhoirm fhorordaithe, vótáil in aon stáisiún vótaíochta eile sa toghlach.
37. (1) Faoi réir forálacha alt 5 (2) den Acht seo, agus Rialacha 39, 40, 41 agus 47 den Sceideal seo, seachadfaidh an t-oifigeach ceannais páipéar ballóide do thoghthóir Tionóil a iarrfaidh é agus a dhearbhóidh cad is ainm agus seoladh dó.
(2) Díreach sula seachadfar páipéar ballóide do thoghthóir Tionóil—
(a) glaofar amach uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta) agus ainm an toghthóra mar a bheidh tugtha sa chlár,
(b) marcálfar an páipéar ballóide leis an marc oifigiúil,
(c) cuirfear marc sa chlár os coinne uimhir an toghthóra á thaispeáint gur eisíodh páipéar ballóide don toghthóir sin ach gan uimhir an pháipéir bhallóide a eisíodh amhlaidh a thaispeáint.
(3) Nuair a gheobhaidh toghthóir Tionóil páipéar ballóide rachaidh sé (faoi réir forálacha Riail 39 den Sceideal seo) ina aonar isteach i gceann de na cúilíní sa stáisiún vótaíochta agus taifeadfaidh sé a vóta go rúnda ann ar an bpáipéar ballóide agus fillfidh sé an páipéar sa dóigh go mbeidh a vóta ceilte. Tiocfaidh sé ar ais ansin go dtí tábla an oifigigh cheannais, taispeánfaidh sé cúl an pháipéir fhillte don oifigeach ceannais chun an marc oifigiúil a thaispeáint dó agus ansin cuirfidh sé an páipéar fillte isteach sa bhosca ballóide. Ní dhéanfaidh sé moill mhíchuí ag vótáil agus fágfaidh sé an stáisiún vótaíochta a luaithe a bheidh a pháipéar ballóide curtha isteach aige sa bhosca ballóide.
38. Vótálaí a mhillfidh a pháipéar ballóide de thaisme, féadfar, nuair a thabharfaidh sé ar ais don oifigeach ceannais é, páipéar ballóide eile a thabhairt dó. Marcálfaidh an t-oifigeach ceannais “Millte” láithreach ar an bpáipéar ballóide millte agus ar a chomhdhuille. Coinneoidh sé an páipéar ballóide millte agus an comhdhuille agus déileálfaidh sé leo de réir Riail 46 den Sceideal seo.
39. (1) Nuair is deimhin le hoifigeach ceannais go bhfuil toghthóir Tionóil a iarrfaidh páipéar ballóide chomh mór sin faoi mhallachar radhairc nó chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nó chomh neamhliteartha sin nach féidir leis vótáil gan chabhair, beidh feidhm ag an Riail seo.
(2) Chun críocha mhír (1) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má iarrann aon iarrthóir nó gníomhairc pearsanaíochta a bheidh i láthair sa stáisiún vótaíochta air é, déanfaidh sé, sula seachadfaidh sé an páipéar ballóide, an toghthóir Tionóil a chur faoi mhionn nó (i gcás duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh) faoi dhearbhasc san fhoirm seo a leanas:—
“Bheirim Dia Uilechumhachtach (nó—Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go fírinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orm (nó—go bhfuil mé chomh mór sin faoi éagumas coirp nó—go bhfuil mé chomh neamhliteartha sin—de réir mar a bheidh) nach féidir liom vótáil gan chabhair”
agus má dhiúltaíonn an toghthóir Tionóil an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní bheidh feidhm ag an Riail seo.
(3) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo i gcás toghthóir Tionóil ar deimhin leis an oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leis vótáil gan chabhair, féadfaidh an toghthóir cead a iarraidh chun go marcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó agus, faoi réir mhír (4) den Riail seo, féadfaidh an compánach dul leis an toghthóir isteach i gceann de na cúilíní sa stáisiún vótaíochta agus an páipéar ballóide a mharcáil don toghthóir ann agus fillfidh sé é agus taispeánfaidh sé cúl an pháipéir fhillte don oifigeach ceannais chun an marc oifigiúil a thaispeáint agus cuirfidh sé isteach sa bhosca ballóide é láithreach.
(4) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má cheanglaíonn aon iarrthóir nó gníomhaire pearsanaíochta a bheidh i láthair sa stáisiún vótaíochta air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó cinn díobh a chur ar an gcompánach sula seachadfaidh sé an páipéar ballóide:
(i) An bhfuil sé bliana déag d'aois slán agat?
(ii) An bhfuil níos mó ná páipéar ballóide amháin marcáilte agat mar chompánach sa toghchán seo?
(iii) An iarrthóir sa toghchán seo thú?
(iv) An gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán seo thú?
agus mura rud é, maidir leis na ceisteanna sin a chuirfear ar an gcompánach, gur freagra dearfach a thabharfar i gcás an chéad cheist díobh agus gur freagra diúltach a thabharfar i gcás aon cheist eile díobh, ní cead don chompánach an páipéar ballóide a mharcáil.
(5) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo agus—
(a) go bhfuil an toghthóir Tionóil neamhliteartha, nó
(b) nach n-iarrfaidh an toghthóir Tionóil cead chun go marcálfaidh compánach a pháipéar ballóide dó, nó
(c) ar sin a bheith iarrtha ag an toghthóir Tionóil, go mbeadh marcáil an pháipéir bhallóide ag an gcompánach ina shárú ar mhír (4) den Riail seo.
déanfaidh an t-oifigeach ceannais, i bhfianaise na ngníomhairí pearsanaíochta agus gan aon duine eile i láthair, páipéar ballóide a mharcáil de réir mar a threoróidh an toghthóir sin agus as a aithle sin fillfidh sé é agus cuirfidh isteach sa bhosca ballóide é.
(6) I gcás ina n-iarrfaidh toghthóir Tionóil, laistigh de cheithre huaire a chloig roimh an am a bheidh ceaptha ag an Aire do chríochnú na vótaíochta, cead go ndéanfaí a pháipéar ballóide a mharcáil dó faoin Riail seo ar dhóigh seachas ag compánach, féadfaidh an t-oifigeach ceannais an cead sin a dhiúltú, más é a thuairim, mar gheall ar an méid toghthóirí Tionóil a bheidh ag teacht isteach an uair sin chun vótáil nó ar dóigh dóibh teacht isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, go gcuirfeadh sé as do chomhlíonadh cuí a dhualgas aige nó go gcuirfeadh sé cosc míchuí ar vótáil ag toghthóirí Tionóil eile dá dtugadh sé an cead sin.
(7) Nuair a bheidh páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (5) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an toghthóir Tionóil trí na sonraí a bheidh luaite i leith gach iarrthóra a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide, ach ní ghníomhóidh sé de bhun aon teagasc i scríbhinn.
(8) Más rud é, de bhun na Rialach seo, go mbeidh dhá pháipéar ballóide marcáilte ag duine mar chompánach i dtoghchán Tionóil, ní mharcálfaidh sé aon pháipéar ballóide eile mar chompánach sa toghchán sin.
(9) Ní dhéanfaidh duine páipéar ballóide a mharcáil mar chompánach i dtoghchán Tionóil más iarrthóir nó gníomhaire iarrthóra é sa toghchán sin.
40. (1) Nuair a bheifear, i dtoghchán Tionóil, tar éis páipéar ballóide a eisiúint chuig duine a chuir in iúl gur toghthóir Tionóil áirithe é a bhí ainmnithe ar chlár toghthóirí Thionól na hEorpa agus go ndéanfaidh duine eile a chuirfidh in iúl gurb eisean an toghthóir Tionóil sin páipéar ballóide a iarraidh agus go bhfreagróidh sé go cuí aon cheisteanna a chuirfear air faoi Riail 47 den Sceideal seo agus go dtabharfaidh sé an mionn nó go ndéanfaidh sé an dearbhasc faoin Riail sin, beidh an duine eile sin i dteideal páipéar ballóide a fháil agus é a mharcáil agus é a chur sa bhosca ballóide ar an gcuma chéanna le haon toghthór Tionóil eile.
(2) Déanfaidh an t-oifigeach ceannais amach ráiteas ag taispeáint líon iomlán na bpáipéar ballóide a eisíodh de bhun na Rialach seo agus ainm agus uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta), ar chlár toghthóirí Thionól na hEorpa gach duine chun ar eisíodh páipéir den sórt sin.
41. (1) Nuair a bheidh cúis réasúnach ag oifigeach ceannais chun a chreidiúint go bhfuil pearsanú nó cion faoi Riail 71 den Sceideal seo á dhéanamh, nó déanta, ag aon duine a iarrfaidh, nó a d'iarr, páipéar ballóide, féadfaidh sé, sula bhfágfaidh an duine sin an stáisiún vótaíochta, a ordú do chomhalta den Gharda Síochána an duine sin a ghabháil ar an gcúiscamh go ndearna sé pearsanú nó cion faoin Riail sin 71, cibé acu is iomchuí, agus déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána de réir an ordaithe sin.
(2) Más rud é, san am a n-iarrfaidh duine páipéar ballóide i dtoghchán Tionóil, nó tar éis dó páipéar ballóide a iarraidh agus roimh imeacht as an stáisiún vótaíochta dó, go ndearbhóidh gníomhaire pearsanaíochta don oifigeach ceannais go gcreideann sé agus go ngeallfaidh sé i scríbhinn a chruthú, go ndearna an t-iarratasóir pearsanú nó cion faoi Riail 71 den Sceideal seo, ordóidh an t-oifigeach ceannais do chomhalta den Gharda Síochána an t-iarratasóir a ghabháil ar an gcúiseamh go ndearna sé pearsanú nó cion faoin Riail sin 71, cibé acu is iomchuí, agus déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána de réir an ordaithe sin.
(3) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána, gan aon bharántas, aon duine a ghabháil má chreideann sé go bhfuil pearsanú nó cion faoi Riail 71 den Sceideal seo á dhéanamh nó déanta aige.
(4) Féadfar aon ghabháil a údaraítear leis an Riail seo a dhéanamh in aon áit, laistigh de stáisiún vótaíochta nó lasmuigh den stáisiún sin.
(5) Ní luífidh aon chaingean ná imeacht eile in aghaidh oifigigh cheannais mar gheall ar aon duine a ghabháil ar ordú uaidh, gan mhailís, ar chúiseamh go ndearna sé pearsanú nó cion faoi Riail 71 den Sceideal seo.
42. (1) Aon duine a mhí-iompróidh é féin i stáisiún vótaíochta nó nach ngéillfidh do na horduithe dleathacha a thabharfaidh oifigeach ceannais an stáisiúin sin, féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána, nó aon duine eile arna údarú i scríbhinn ag an oifigeach ceannais chun é a chur amach, an duine sin a chur amach láithreach ar ordú ón oifigeach ceannais sin as an stáisiún vótaíochta. Aon duine a chuirfear amach amhlaidh, ní rachaidh sé isteach arís sa stáisiún vótaíochta gan cead ón oifigeach ceannais.
(2) Na cumhachtaí a thugíar leis an mír sin roimhe seo d'oifigeach ceannais, is tuigthe go bhfolaíonn siad cumhacht chun gach uile litríocht toghcháin ag taobhú le hiarrthóireacht duine nó daoine áirithe nó le hiarrthóireacht comhaltaí de pháirtí polaitíochta a chur amach as an stáisiún vótaíochta.
(3) Chun críocha na Rialach seo, measfar go bhfolaíonn stáisiún vótaíochta gach cuid den fhoirgneamh agus aon talamh i gcúirtealáiste an fhoirgnimh ina bhfuil an stáisiún vótaíochta.
43. (1) Nuair a choiscfear le foréigean an vótaíocht in aon stáisiún vótaíochta, féadfaidh oifigeach ceannais an stáisiúin sin an vótaíocht sin a chur ar atráth go dtí an lá dar gcionn (gan aon lá eisiata a áireamh) agus athchromfar an lá sin ar an vótaíocht sin ag am a fhreagróidh don am a bheidh ceaptha chun tosú ar an vótaíocht agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí am a fhreagróidh don am a bheidh ceaptha do chríochnú na vótaíochta an lá vótaíochta. Déanfar tagairtí san Acht seo do chríochnú na vótaíochta a fhorléiriú dá réir sin i ndáil leis an stáisiún vótaíochta sin.
(2) Má tharlaíonn cosc den sórt sin, ní fhéadfar a chur ar atráth ach an vótaíocht sna stáisiúin vótaíochta sin ar bhain an cosc leo iarbhír, agus leanfar leis an vótaíocht i ngach stáisiún vótaíochta eile gan atráthú.
(3) Nuair a chuirfear vótaíocht ar atráth faoin Riail seo, tabharfaidh an t-oifigeach ceannais fógra láithreach faoin atráthú sin don cheann comhairimh áitiúil, agus cuirfidh seisean in iúl é láithreach don cheann comhairimh. Ní osclóidh an ceann comhairimh aon bhoscaí ballóide a úsáideadh sa toghlach go dtí go mbeidh an vótaíocht atráthaithe críochnaithe.
(4) Bainfidh an Riail seo le haon chosc a tharlóidh de bhíthin daoine a choimeád le foréigean ó dhul isteach in aon stáisiún vótaíochta agus le cosc a tharlóidh ar aon dóigh eile de dheasca foréigin.
44. Faoi réir Rialacha 14, 20, 32, 33, 43 agus 45 den Sceideal seo, mura féidir ar chúis ar bith, lena n-áirítear damáiste do stáisiún vótaíochta, an vótaíocht a thógáil, nó leanúint leis an vótaíocht, de réir alt 6 den Acht seo in aon stáisiún vótaíochta, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) tabharfaidh an ceann comhairimh áitiúil fógra poiblí láithreach dá réir sin, agus déanfaidh sé gach beart agus tabharfaidh sé gach ordú a mheasfaidh sé is cuí chun an vótaíocht a thógáil nó a chríochnú sa stáisiún vótaíochta sin,
(b) tógfar vótaíocht úr nó leanfar leis an vótaíocht, de réir mar is iomchuí, sa stáisiún vótaíochta sin lá (nach déanaí ná seacht lá tar éis an lá vótaíochta) a cheapfaidh an ceann comhairimh áitiúil chuige sin,
(c) bainfidh forálacha an Achta seo leis an vótaíocht úr sin nó leis an vótaíocht ar leanúint, amhail mar a bhaineann siad leis an vótaíocht bhunaidh, agus
(d) ní osclóidh an ceann comhairimh aon bhosca ballóide dár úsáideadh sa toghlach go dtí go mbeidh an vótaíocht úr nó an vótaíocht ar leanúint críochnaithe.
45. Má tharlaíonn i dtoghchán Tionóil go dtógfar aon bhoscaí ballóide nó aon pháipéir bhallóide, gan údarás dleathach, as bheith faoi choimeád ag an gceann comhairimh nó ag ceann comhairimh áitiúil nó ag oifigeach ceannais nó má dhéantar crioscáil leo nó má scriostar iad nó (i gcás páipéar ballóide) má stróictear nó má aghloitear iad go mailíseach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) beidh an vótaíocht i ngach stáisiún vótaíochta inar úsáideadh aon bhoscaí ballóide nó páipéir bhallóide díobh sin ar neamhní,
(b) cuirfidh an ceann comhairimh in iúl láithreach don Aire agus don phríomhcheann comhairimh go bhfuil an vótaíocht ar neamhní amhlaidh,
(c) ar an bhfaisnéis sin a fháil, déanfaidh an tAire láithreach gach beart agus tabharfaidh sé gach treoir a mheasfaidh sé is cuí chun vótaíocht úr a thógáil i ngach stáisiún vótaíochta díobh sin,
(d) tógfar vótaíocht úr i ngach stáisiún vótaíochta díobh sin lá a cheapfaidh an tAire chuige sin,
(e) bainfidh forálacha an Achta seo leis an vótaíocht úr sin amhail mar a bhaineann siad leis an vótaíocht bhunaidh,
(f) ní osclóidh an ceann comhairimh aon bhoscaí ballóide a úsáideadh sa toghlach go dtí go mbeidh an vótaíocht úr críochnaithe.
46. (1) Ag an am a bheidh ceaptha do chríochnú na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais bearta chun a áirithint nach ligfear a thuilleadh toghthóirí Tionóil isteach sa stáisiún vótaíochta, ach aon toghthóir a bheidh san áitreabh san am sin beidh sé i dteideal, faoi réir forálacha an Achta seo, páipéar ballóide a fháil agus vótáil.
(2) A luaithe is féidir tar éis críochnú na vótaíochta, séalóidh an t-oifigeach ceannais gach bosca ballóide faoina chúram sa dóigh nach féidir a thuilleadh páipéar ballóide a chur isteach ann agus ceanglóidh sé an eochair de agus séalóidh sé i bpaicéid ar leith—
(a) na páipéir bhallóide neamhúsáidte agus na páipéir bhallóide mhillte, i dteannta a chéile,
(b) na cóipeanna marcáilte de chlár toghthóirí Thionól na hEorpa,
(c) comhdhuillí na bpáipéar ballóide,
(d) cuntas páipéar ballóide arna dhéanamh amach aige san fhoirm fhorordaithe agus ráiteas arna ullmhú de réir Riail 40 (2) den Sceideal seo,
(e) aon deimhnithe a thug an ceann comhairimh áitiúil faoi Riail 36 den Sceideal seo á údarú do dhaoine vótáil sa stáisiún vótaíochta, agus aon ghealltanais ó ghníomhaire pearsanaíochta á chruthú go ndearna duine pearsanú nó cion faoi Riail 71 den Sceideal seo, agus
(f) an gléas marcála, stáiseanóireacht neamhúsáidte agus doiciméid agus ábhair eile a bhaineann leis an toghchán Tionóil,
agus seachadfaidh sé na boscaí ballóide agus na paicéid sin go léir don cheann comhairimh áitiúil.
(3) Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil socruithe leordhóthanacha chun na boscaí ballóide a sheachadfar de bhun na Rialach seo agus na doiciméid go léir a bhaineann leis an vótaíocht a choimeád slán.
(4) Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil gach bosca ballóide agus gach cuntas páipéar ballóide a seachadadh dó de bhun mhír (2) den Riail seo a sheachadadh láithreach don cheann comhairimh.
47. (1) Chun críocha alt 4 den Acht seo—
(a) glacfar leis go bhfuil ainm duine ar chlár toghthóirí Thionól na hEorpa má tá ainm sa chlár ar dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil nó leis an oifigeach ceannais go raibh sé ceaptha dó gurb é ainm an duine sin é.
(b) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil nó an t-oifigeach ceannais agus, má cheanglaíonn aon iarrthóir nó gníomhaire pearsanaíochta a bheidh i láthair sa stáisiún vótaíochta air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó cinn díobh a chur ar aon duine nuair a iarrfaidh sé páipéar ballóide, ach ní féidir é a dhéanamh ina dhiaidh sin:
(i) An tusa an duine a bhfuil an t-ainm A B curtha síos dó ar chlár toghthóirí Thionól na hEorpa atá anois i
bhfeidhm do thoghlach .............................................
................................................................................?
(ii) Ar vótáil tú sa toghchán seo cheana féin?
(iii) An raibh ocht mbliana déag d'aois slán agat an..........
..............................................................(an dáta a
tháinig an clár i bhfeidhm)?
(iv) An ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon thú:
(A) saoránach d'Éirinn,
(B) náisiúnach Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha seachas Éire?
agus mura rud é go dtabharfar ar na ceisteanna díobh sin a chuirfear ar an duine, i gcás an chéad cheann agus and tríú ceann agus an ceathrú ceann de na ceisteanna sin, freagra dearfach agus, i gcás an dara ceann díobh, freagra diúltach, ní cheadófar don duine sin vótáil,
(c) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil nó an t-oifigeach ceannais agus, má cheanglaíonn aon iarrthóir nó gníomhaire pearsanaíochta a bheidh i láthair sa stáisiún vótaíochta sin air é, déanfaidh sé, nuair a iarrfaidh aon duine páipéar ballóide, ach ní féidir é a dhéanamh ina dhiaidh sin, an duine sin a chur faoi mhionn nó (i gcás aon duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh) faoi dhearbhasc san fhoirm seo a leanas:— “Bheirim Dia Uilechumhachtach (nó— Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go fírinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) gur mise an duine a bhfuil an t-ainm A B curtha síos dó ar chlár toghthóirí Thionól na hEorpa atá i bhfeidhm anois do thoghlach..........................................agus nár vótáil mé cheana sa toghchán seo, agus go raibh ocht mbliana déag d'aois slán agam an.................................(an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm) agus gur saoránach d'Éirinn mé (nó—gur náisiúnach Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha seachas Éire mé—nó—gur saoránach d'Éirinn mé agus gur náisiúnach Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha seachas Éire mé—cibé acu é).”
agus má dhiúltaíonn an duine sin an mionn a thabhairt nó an dearbhasc a dhéanamh ní cheadófar dó vótáil.
(2) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an Riail seo agus le Riail 39 den Sceideal seo, ní chuirfear ná ní cheadófar aon cheist, mionn, dearbhasc ná agóid tráth na vótaíochta i dtoghchán Tionóil i dtaobh ceart aon duine chun vótáil agus ní dhéanfaidh ná ní ghlacfaidh aon cheann comhairimh áitiúil ná oifigeach ceannais aon agóid ina choinne.
(3) Ní fhorléireofar aon ní sa Riail seo mar ní a thugann teideal vótála d'aon duine nach bhfuil an teideal sin aige, ná ní shaorfaidh sé é ó aon phionós a bheidh inchurtha air mar gheall ar vótáil.
CUID III
Comhaireamh na Vótaí
Caibidil I
Doiciméid a bhaineann le postvótálaithe
48. (1) Tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an lá vótaíochta, tabharfaidh an ceann comhairimh áitiúil fógra i scríbhinn do gach iarrthóir i dtaobh an ama agus na háite a n-osclóidh sé na boscaí postbhallóide agus i dtaobh an líon gníomhairí a fhéadfaidh gach iarrthóir a cheapadh chun bheith i láthair le linn na hoscailte. Tabharfaidh sé do na gníomhairí sin gach saoráid réasúnach chun bheith ag faire ar na himeachtaí le linn oscailt na mboscaí agus gach faisnéis ina thaobh sin is féidir leis a thabhairt dóibh i gcomhréir le stiúradh ordúil na n-imeachtaí agus le comhlíonadh a fheidhmeanna.
(2) Osclóidh an ceann comhairimh áitiúil na boscaí postbhallóide i bhfianaise ghníomhairí na n-iarrthóirí.
(3) Osclófar na boscaí postbhallóide roimh an am a bheidh ceaptha ag an Aire, faoi alt 6 den Acht seo, chun tosú ar an gcomhaireamh.
(4) Féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil, a chúntóirí agus a chléirigh, comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas agus na gníomhairí d'iarrthóirí a bheidh ceaptha go cuí chuige sin faoi na Rialacha seo, ach ní fhéadfaidh aon duine eile, gan cead ón gceann comhairimh áitiúil, bheith i láthair le linn oscailt na mboscaí postbhallóide.
49. (1) Nuair a osclófar bosca postbhallóide, tógfaidh an ceann comhairimh áitiúil na forchlúdaigh amach as agus comhairfidh sé agus scríofaidh sé síos líon na bhforchlúdach a tógadh amach as amhlaidh. Osclóidh sé ansin gach forchlúdach ar leith agus scrúdóidh sé an admháil.
(2) Má bhíonn an admháil sínithe go cuí, cuirfidh sé an admháil agus an clúdach páipéir bhallóide i ngabhdáin ar leith a bheidh curtha ar fáil aige chuige sin.
(3) Mura deimhin leis gur síníodh an admháil go cuí, formhuineoidh sé “Diúltaithe” ar an admháil agus cuirfidh sé an clúdach páipéir bhallóide (gan an clúdach sin a oscailt) i gceangal léi nó, mura mbeidh aon chlúdach mar sin ann, an páipéar ballóide.
(4) Déanfar bosca ballóide ar leith (a bheidh le seachadadh ina dhiaidh sin ag an gceann comhairimh áitiúil don cheann comhairimh agus déileálfaidh an ceann comhairimh leis mar bhosca ballóide le haghaidh comhaireamh na vótaí sa toghchán) a chur ar fáil agus taispeánfar é agus é oscailte agus folamh do ghníomhairí na n-iarrthóirí a bheidh i láthair agus glasálfaidh agus séalóidh an ceann comhairimh áitiúil é.
(5) Má dhealraíonn sé nach bhfuil admháil ag gabháil leis an gclúdach páipéir bhallóide osclóidh an ceann comhairimh áitiúil an clúdach agus má bhíonn an admháil ann déileálfar leis an admháil agus leis an bpáipéar ballóide de réir na Caibidle seo.
(6) Formhuineoidh an ceann comhairimh áitiúil “Diúltaithe” ar aon admháil nach mbeidh páipéar ballóide ag gabháil léi agus ar aon pháipéar ballóide nach mbeidh admháil ag gabháil leis.
(7) Nuair a gheofar páipéar agus admháil le chéile, ní dhiúltófar don pháipéar ballóide de bhíthin amháin nár cuireadh an páipéar ballóide agus an admháil, nó ceachtar díobh, sna clúdaigh chuí nó nach raibh aon chlúdach díobh dúnta.
(8) Má iarrann gníomhaire iarrthóra é taispeánfaidh an ceann comhairimh áitiúil dó aon admháil a bhfuil sé ag diúltú di ar an bhforas nach bhfuil sí sínithe go cuí.
(9) Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil na hadmhálacha diúlaithe go léir, mar aon leis na clúdaigh nó na páipéir bhallóide, cibé acu é, a bhí ag gabháil leo, a choimeád ar leith ó dhoiciméid eile.
50. (1) Nuair a bheidh na forchlúdaigh in aon bhosca postbhallóide oscailte agus go mbeidh déileáilte lena n-inneachair faoin Riail sin roimhe seo, osclóidh an ceann comhairimh áitiúil gach clúdach páipéir bhallóide nár osclaíodh (seachas na clúdaigh pháipéar ballóide dá dtagraítear i Riail 49 (3) den Sceideal seo) agus cuirfidh sé gach páipéar ballóide isteach sa bhosca ballóide dá dtagraítear i Riail 49 (4) den Sceideal seo.
(2) Nuair a bheidh na páipéir phostbhallóide curtha isteach ag an gceann comhairimh áitiúil sa bhosca ballóide de réir na Rialach seo, séalóidh sé i bpaicéid ar leith—
(a) na hadmhálacha a bhí ag gabháil leis na páipéir bhallóide ar glacadh leo go cuí,
(b) na hadmhálacha diúltaithe mar aon leis na clúdaigh, más ann, a bhí ag gabháil leo, agus
(c) na páipéir bhallóide dhiúltaithe mar aon leis na clúdaigh, más ann, a bhí ag gabháil leo.
(3) Nuair a gheobhaidh an ceann comhairimh áitiúil forchlúdaigh tar éis críochnú na vótaíochta, nó nuair a chuirfear ar ais mar chlúdaigh nár seachadadh clúdaigh a díríodh chuig postvótálaithe, ní osclóidh an ceann comhairimh áitiúil na clúdaigh sin ach, faoi réir na cumhachta atá aige chun iad a dhíriú ar ais, séalóidh sé iad i bpaicéid ar leith.
(4) Formhuineoidh an ceann comhairimh áitiúil ar gach paicéad dá luaitear i míreanna (2) agus (3) den Riail seo tuairisc ar a inneachair, ainm an toghlaigh, ainm an chontae nó na contae-bhuirge arb é is ceann comhairimh áitiúil do, agus dáta an toghcháin Tionóil lena mbaineann na hinneachair sin.
51. Gach páipéar ballóide a ghcobhaidh an ceann comhairimh áitiúil leis an bpost roimh chríochnú na vótaíochta agus é marcáilte go cuí ag postvótálaí agus an admháil, arna síniú go cuí ag an vótálaí sin, ag gabháil leis, déileálfar leis sin amhail mar a dhéanfaí le páipéar ballóide a cuireadh isteach i mbosca ballóide sa ghnáthshlí.
Caibidil II
Socruithe do chomhaireamh na vótaí
52. Ceapfaidh an ceann comhairimh áit laistigh den toghlach nó gar dó mar áit ina gcomhairfidh sé na vótaí, agus cuirfidh sé ar fáil san áit a bheidh ceaptha aige amhlaidh cóiríocht oiriúnach agus an troscán agus an trealamh go léir is gá chun na vótaí a chomhaireamh de réir na coda seo den Sceideal seo agus déanfaidh sé leorshocruithe chun na páipéir bhallóide agus na doiciméid eile a bhaineann leis an toghchán Tionóil a choimeád slán.
53. (1) Ceithre lá ar a laghad roimh an lá vótaíochta tabharfaidh an ceann comhairimh fógra i scríbhinn do gach iarrthóir i dtaobh an ama agus na háite a dtosóidh sé ag comhaireamh na vótaí agus i dtaobh an líon gníomhairí a fhéadfaidh gach iarrthóir a cheapadh le bheith i láthair le linn chomhaireamh na vótaí.
(2) Féadfaidh an ceann comhairimh, a chúntóirí agus a chléirigh, comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas agus gníomhairí na n-iarrthóirí a bheidh ceaptha go cuí chuige sin faoin Sceideal seo, agus ní fhéadfaidh aon duine eile, gan cead ón gceann comhairimh, bheith i láthair le linn chomhaireamh na vótaí.
(3) Tabharfaidh an ceann comhairimh do ghníomhairí na n-iarrthóirí gach saoráid réasúnach chun bheith ag faire ar na himeachtaí le linn chomhaireamh na vótaí (lena n-áirítear, go háirithe, saoráidí chun iad féin a shásamh go sortáiltear na páipéir bhallóide i gceart) agus gach faisnéis ina thaobh sin is féidir leis a thabhairt dóibh i gcomhréir le stiúradh ordúil na n-imeachtaí agus le comhlíonadh a fheidhmeanna.
54. (1) Ar an lá agus ag tosú ag an am a bheidh ceaptha ag an Aire faoi alt 6 den Acht seo agus san áit a bheidh ceaptha faoi Riail 52 den Sceideal seo, osclóidh an ceann comhairimh na boscaí ballóide agus bainfidh sé na páipéir bhallóide amach astu i bhfianaise ghníomhairí na n-iarrthóirí.
(2) Déanfar na páipéir bhallóide a thógfaidh an ceann comhairimh amach as gach bosca ballóide a chomhaireamh agus cuirfear a líon iomlán i gcomórtas leis an líon a thaispeántar sa chuntas páipéar ballóide iomchuí. Ullmhóidh an ceann comhairimh ráiteas a léireoidh toradh an chomórtais sin i gcás gach bosca ballóide agus, má iarrtar air é, ligfidh sé do ghníomhaire aon iarrthóra cóip a dhéanamh den ráiteas.
(3) Déanfaidh an ceann comhairimh ansin na páipéir bhallóide go léir a mheascadh ar a chéile agus tosóidh sé láithreach ag comhaireamh na vótaí de réir an Sceidil seo.
55. Chomh fada agus is féidir sin. rachaidh an ceann comhairimh ar aghaidh go leanúnach le comhaireamh na vótaí gan sos a lamháil ach amháin chun pronnlach a ghlacadh agus ag eisceadh na n-uaire a chloig idir 11 p.m. agus 9 a.m. (ach amháin sa mhéid go gcomhaontóidh sé féin agus na hiarrthóirí ar a mhalairt).
56. (1) Cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara na páipéir bhallóide a iniúchadh chun teacht ar aon pháipéir a ndlífear diúltú dóibh mar pháipéir neamhbhailí agus, de réir na coda seo den Sceideal seo, déanfaidh sé amach agus taifeadfaidh sé an líon vótaí a tugadh do gach iarrthóir.
(2) Le linn líon na bpáipéar ballóide a chomhaireamh agus a thaifeadadh, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara na páipéir sin a choimeád aghaidh in airde agus cibé réamhchúraimí is cuí a ghlacadh chun nach bhféadfaidh aon duine na huimhreacha a bheidh clóite ar chúl na bpáipéar sin a fheiceáil.
57. Ní láimhseoidh iarrthóirí ná gníomhairí páipéir bhallóide le linn comhaireamh na vótaí.
Caibidil III
Rialacha do chomhaireamh na vótaí
58. (1) Sa Chaibidil seo—
ciallaíonn “iarrthóir leanúnach” aon iarrthóir nach meastar a bheith tofa agus nach bhfuil eisiata;
ciallaíonn “comhaireamh”—
(a) na hoibríochtaí go léir a bhaineann le comhaireamh na bpríomhroghanna a taifeadadh d'iarrthóirí; nó
(b) na hoibríochtaí go léir a bhaineann le haistriú an bharrachais ó iarrthóir a mheastar a bheith tofa; nó
(c) na hoibríochtaí go léir a bhaineann le haistriú vótaí iarrthóra eisiata;
ciallaíonn “a mheastar a bheith tofa” a mheastar a bheith tofa chun críche chomhaireamh na vótaí ach gan dochar don dearbhú ar thoradh na vótaíochta;
ciallaíonn “cinneadh trí chrannadh” cinneadh de réir na dtreoracha seo a leanas, is é sin, tar éis ainmneacha na n-iarrthóirí áirithe a scríobh ar stialla cosúla páipéir agus na stialla sin a fhilleadh chun nach bhféadfaí iad a aithint thar a chéile agus iad a mheascadh agus a tharraingt ar corr, déanfar an t-iarrthóir nó na hiarrthóirí, i gcás eisiamh a bheith le déanamh, a eisiamh san ord ina dtarraingeofar a n-ainmneacha, agus, i gcás barrachas, déanfar na barrachais a aistriú san ord ina dtarraingeofar na hainmneacha;
ciallaíonn “marc” figiúr, focal nó marc ar nós “X”;
ciallaíonn “páipéar neamh-inaistrithe” páipéar ballóide nach bhfuil aon dara rogha ná aon rogha dá éis sin taifeadta air d'iarrthóir leanúnach; ach measfar páipéar a theacht chun bheith ina pháipéar neamh-inaistrithe aon uair—
(a) a bheidh ainmneacha beirt iarrthóir nó níos mó (cibé acu is iarrthóirí leanúnacha iad nó nach ea) marcáilte le marcanna a thaispeánann, i dtuairim an cheann comhairimh, an t-ord céanna rogha agus gurb iad is neasa san ord rogha, nó
(b) a bheidh ainm an iarrthóra is neasa san ord rogha (cibé acu is iarrthóirí leanúnacha iad nó nach ea) marcáilte le nach bhfuil, i dtuairim an cheann comhairimh, ag teacht go leantach i ndiaidh marc éigin eile ar an bpáipéar ballóide, nó le dhá mharc nó níos mó; nó
(c) a bheidh sé ar neamhní mar gheall ar neamhchinnteacht;
ciallaíonn “bunvóta” maidir le haon iarrthóir vóta as páipéar ballóide ar ar taifeadadh príomhrogha don iarrthóir sin;
léireofar “rogha” mar a leanas—
(a) ciallaíonn “príomhrogha” aon mharc is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann príomhrogha go soiléir;
ciallaíonn “dara rogha” aon mharc is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann dara rogha go soiléir, agus é ina sheasamh ar leanúint as príomhrogha;
ciallaíonn “tríú rogha” aon mharc is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann tríú rogha go soiléir agus é ina sheasamh ar leanúint as dara rogha agus mar sin de;
(b) ciallaíonn “rogha is neasa ar fáil” rogha ar dóigh leis an gceann comhairimh gur dara rogha nó rogha ina dhiaidh sin í a taifeadadh in ord leantach d'iarrthóir leanúnach, gan bacadh leis na roghanna is neasa in ord ar an bpáipéar ballóide d'iarrthóirí a mheastar a bheith tofa nó atá eisiata cheana féin;
ciallaíonn “barrachas” an líon vótaí de bhreis ar an gcuóta atá ag líon iomlán na vótaí, idir bhunvótaí agus vótaí aistrithe, a creidiúnaíodh d'aon iarrthóir;
ciallaíonn “páipéar inaistrithe” páipéar ballóide ar a ndearnadh, tar éis príomhrogha, dara rogha nó rogha ina dhiaidh sin a thaifeadadh in ord uimhreach leantach d'iarrthóir leanúnach.
ciallaíonn “vóta aistrithe” maidir le haon iarrthóir, vóta as páipéar ballóide ar ar taifeadadh dara rogha nó rogha ina dhiaidh sin don iarrthóir sin.
(2) Aon pháipéar ballóide—
(a) nach mbeidh an marc oifigiúil air, nó
(b) nach mbeidh an figiúr 1 ina sheasamh leis féin nó an focal “aon”, nó marc ar bith eile is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann príomhrogha go sóiléir, curtha air ar chor ar bith nó nach mbeidh sé curtha air ar dhóigh a thaispeánann príomhrogha d'iarrthóir éigin, nó
(c) a mbeidh an figiúr 1 ina sheasamh leis féin ag taispeáint príomhrogha, nó an focal “aon”, nó marc ar bith eile is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann príomhrogha go soiléir, curtha air os coinne ainm níos mó ná iarrthóir amháin, nó
(d) a mbeidh ní ar bith scríofa nó marcáilte air as ar féidir an vótálaí a aithint,
beidh sé neamhbhailí agus ní chomhairfear é, ach ní bheidh an páipéar ballóide neamhbhailí de bhíthin amháin go bhfuil air na focail “aon”, “dó”, “trí” (agus mar sin de), nó marc ar bith eile is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann rogha nó roghanna go soiléir.
(3) Formhuineoidh an ceann comhairimh an focal “Diúltaithe” ar aon pháipéar ballóide nach bhfuil le comhaireamh faoin Riail seo. Ullmhóidh an ceann comhairimh ráiteas san fhoirm fhorordaithe a thaispeánfaidh an líon páipéar ballóide a dhiúltaigh sé faoi gach ceann d'fhomhíreanna (a), (b), (c) agus (d) de mhír (2) den Riail seo agus, má iarrtar air é, ligfidh sé d'aon iarrthóir nó do ghníomhaire iarrthóra cóip a dhéanamh den ráiteas sin.
59. (1) Tar éis na páipéir bhallóide a mheascadh de réir Riail 54 (3) den Sceideal seo, déanfaidh an ceann comhairimh, tar éis diúltú d'aon cheann atá neamhbhailí, iad a shocrú i mbeartáin de réir na bpríomhroghanna a taifeadadh do gach iarrthóir.
(2) Comhairfidh an ceann comhairimh ansin líon na bpáipéar i ngach beartán agus creidiúnóidh sé do gach iarrthóir líon vótaí is ionann agus líon na bpáipéar bailí ar ar taifeadadh príomhrogha don iarrthóir sin agus cinnteoidh sé líon na bpáipéar bailí go léir.
60. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh ansin líon na bpáipéar bailí go léir a roinnt ar uimhir ar mó d'aon í ná líon na n-ionadaithe a bheidh le toghadh. An toradh as an roinnt sin móide a haon, gan aon fhuílleach codánach a áireamh, is é an líon vótaí é is leor chun iarrthóir a thoghadh. “An cuóta” a thugtar ar an uimhir sin sa Sceideal seo.
(2) Ag deireadh aon chomhairimh, más ionann agus an cuóta, nó más mó ná an cuóta, an líon vótaí a bheidh creidiúnaithe d'iarrthóir measfar an t-iarrthóir sin a bheith tofa.
61. (1) Ag deireadh aon chomhairimh, más mó ná an cuóta an líon vótaí a bheidh creidiúnaithe d'iarrthóir, aistreofar an barrachas de réir na Rialach seo chuig an iarrthóir leanúnach nó na hiarrthóirí leanúnacha a thaispeántar ar na páipéir bhallóide i mbeartán nó i bhfobheartán an iarrthóra a mheastar a bheith tofa de réir na roghanna is neasa ar fáil a bheidh taifeadta orthu.
(2) Nuair is bunvótaí amháin na vótaí a creidiúnaíodh d'iarrthóir a mheastar a bheith tofa agus a bhfuil a bharrachas le haistriú, scrúdóidh an ceann comhairimh na páipéir go léir i mbeartán an iarrthóra sin agus socróidh sé na páipéir inaistrithe i bhfobheartáin de réir na roghanna is neasa ar fáil a bheidh taifeadta orthu.
(3) Más bunvótaí agus vótaí aistrithe, nó más vótaí aistrithe amháin, na vótaí a creidiúnaíodh d'iarrthóir a mheasfar a bheith tofa agus a bhfuil a bharrachas le haistriú, scrúdóidh an ceann comhairimh na páipéir a bheidh san fhobheartán is déanaí a fuair an t-iarrthóir sin agus socróidh sé na páipéir inaistrithe ann i bhfobheartáin bhreise de réir na roghanna is neasa ar fáil a bheidh taifeadta orthu.
(4) I gceachtar cás dá dtagraitear i míreanna (2) agus (3) den Riail seo déanfaidh an ceann comhairimh fobheartán ar leith de na páipéir neamh-inaistrithe agus cinnteoidh sé an líon páipéar i ngach fobheartán de pháipéir inaistrithe agus san fhobheartán de pháipéir neamh-inaistrithe.
(5) Más ionann an barrachas agus líon iomlán na bpáipéar sna fobheartáin de pháipéir inaistrithe, nó más mó ná sin é, aistreoidh an ceann comhairimh gach fobheartán de pháipéir inaistrithe chuig an iarrthóir leanúnach a thaispeántar orthu mar rogha is neasa ar fáil ó na vótálaithe. Ach nuair is mó an barrachas ná an líon iomlán sin, déanfar fobheartán den líon páipéar neamh-inaistrithe is ionann agus an difríocht idir an líon iomlán sin agus an barrachas agus cuirfear i leataobh na páipéir san fhobheartán sin agus ní chuirfear san áireamh iad a thuilleadh agus, chun críocha Riail 68 (3) den Sceideal seo, tabharfar páipéir neamh-inaistrithe gan éifeacht de thuairisc orthu, agus déanfar fobheartán d'fhuílleach na bpáipéar neamh-inaistrithe agus cuirfear iad le páipéir an iarrthóra a mheastar a bheith tofa.
(6) Más lú an barrachas ná líon iomlán na bpáipéar inaistrithe, aistreoidh an ceann comhairimh, as gach fobheartán de pháipéir inaistrithe chuig an iarrthóir leanúnach a thaispeántar orthu mar rogha is neasa ar fáil ó na vótálaithe, an líon páipéar a mbeidh idir é agus an líon páipéar san fhobheartán an coibhneas céanna atá idir an barrachas agus líon iomlán na bpáipéar inaistrithe. Déanfar amach an líon páipéar a bheidh le haistriú as gach fobheartán trí líon na bpáipéar san fhobheartán a iolrú faoin mbarrachas agus an toradh a roinnt ar líon iomlán na bpáipéar inaistrithe. Déanfar nóta de na codáin, más ann dóibh, i gach comhrann a fuarthas amach maidir le gach iarrthóir. Má tharlaíonn de bharr na gcodán sin a bheith ann gur lú ná an barrachas an líon páipéar a bheidh le haistriú, áireofar aon mar luach don oiread sin de na codáin sin, arna dtógáil in ord a méide (ón gceann is mó anuas), is gá chun líon iomlán na bpáipéar a bheidh le haistriú a dhéanamh comhionann leis an mbarrachas, agus ní bhacfar leis na codáin a bheidh fágtha. I gcás dhá chodán nó níos mó a bheith ar cóimhéid, measfar gurb é an codán a thiocfaidh as an bhfobheartán is mó an codán is mó, agus i gcás na fobheartáin sin a bheith ar aon mhéid, measfar gurb é an codán a bhaineann leis an iarrthóir dar creidiúnaíodh an líon is mó bunvótaí an codán is mó. Nuair is ionann líon na mbunvótaí sin, tabharfar aird ar líon iomlán na vótaí a creidiúnaíodh do na hiarrthóirí sin sa chéad chomhaireamh inar creidiúnaíodh líon neamhionann vótaí dóibh agus measfar gurb é an codán a bhaineann leis an iarrthéir dar creidiúnaíodh an líon is mó vótaí sa chomhaireamh sin an codán is mó. Nuair is ionann líon na vótaí a creidiúnaíodh do na hiarrthóirí sin i ngach comhaireamh, cinnfidh an ceann comhairimh trí chrannadh cé acu codán a measfar gurb é an codán is mó é.
(7) Is iad na páipéir a bheidh le haistriú as gach fobheartán na cinn is déanaí a comhdaíodh san fhobheartán agus déanfar gach páipéar a aistreofar amhlaidh a mharcáil chun uimhir an chomhairimh ina ndearnadh an t-aistriú a thaispeáint.
(8) Déanfar barrachas a bheidh ann i ndeireadh aon chomhairimh a aistriú roimh bharrachas a bheidh ann as comhaireamh dá éis sin; ach—
(a) ní gá don cheann comhairimh barrachas iarrthóra a mheastar a bheith tofa a aistriú nuair is lú an barrachas sin, i dteannta aon bharrachais eile gan aistriú, ná an difríocht idir líon na vótaí a creidiúnaíodh don dá iarrthóir leanúnacha is ísle agus—
(i) gur mó ná trian an chuóta líon na vótaí a creidiúnaíodh don iarrthóir is ísle, nó
(ii) nach mó ná trian an chuóta suim líon na vótaí a creidiúnaíodh don iarrthóir is ísle i dteannta an bharrachais sin agus aon bharrachas eile gan aistriú;
(b) déanfar barrachas is ionann agus an difríocht, nó is mó ná an difríocht, idir líon na vótaí a creidiúnaíodh don dá iarrthóir is ísle a aistriú roimh aon bharrachas is lú ná an difríocht sin;
(c) má bhíonn dhá bharrachas nó níos mó ann, agus gach ceann díobh níos lú ná an difríocht idir líon na vótaí a creidiúnaíodh don dá iarrthóir is ísle, déanfar an barrachas is mó díobh sin a aistriú i dtosach báire gan aird a thabhairt ar an gcomhaireamh as ar éirigh sé.
(9) Nuair a bheidh dhá bharrachas nó níos ann as an gcomhaireamh céanna déileálfar leis an gceann is mó díobh i dtosach báire agus déileálfar leis na cinn eile de réir ord a méide anuas.
(10) Nuair is ionann barrachas beirt iarrthóir nó níos mó as an gcomhaireamh céanna, tabharfar aird ar líon na mbunvótaí a creidiúnaíodh do gach iarrthóir díobh agus déileálfar i dtosach báire le barrachas an iarrthóra dar creidiúnaíodh an líon is mó bunvótaí. Nuair is ionann líon na mbunvótaí sin, tabharfar aird ar líon iomlán na vótaí a creidiúnaíodh do na hiarrthóirí sin sa chéad chomhaireamh ina raibh líon neamhionann vótaí acu, agus déileálfar i dtosach báire le barrachas an iarrthóra ag a raibh an líon is mó vótaí sa chomhaireamh sin. Nuair is ionann líon na vótaí a creidiúnaíodh do na hiarrthóirí sin i ngach comhaireamh, cinnfidh an ceann comhairimh trí chrannadh cé acu barrachas díobh a ndéileálfaidh sé leis i dtosach báire.
62. (1) Má tharlaíonn aon uair nach mbeidh barrachas ag aon iarrthóir (nó nuair a tharlóidh faoi Riail 61 den Sceideal seo nach gá barrachas a bheidh ann a aistriú agus nach n-aistrítear é) agus go mbeidh folúntas nó folúntais fágtha gan líonadh, eisiafaidh an ceann comhairimh an t-iarrthóir a bhfuil an líon is lú vótaí creidiúnaithe dó, agus scrúdóidh sé páipéir uile an iarrthóra sin, agus socróidh sé na páipéir inaistrithe i bhfobheartáin de réir na roghanna is neasa ar fáil a bheidh taifeadta orthu d'iarrthóirí leanúnacha, agus aistreoidh sé gach fobheartán chuig an iarrthóir dar taifeadadh an rogha sin, agus déanfaidh sé fobheartán ar leith de na páipéir neamh-inaistrithe. Cuirfear na páipéir neamh-inaistrithe i leataobh mar pháipéir a bhfuiltear réidh ar fad leo agus, chun críocha Riail 68 (3) den Sceideal seo, tabharfar páipéir neamh-inaistrithe gan éifeacht de thuairisc orthu.
(2) Nuair a bheidh líon iomlán na vótaí a fuair an bheirt nó níos mó de na hiarrthóirí is ísle vótaí, i dteannta aon bharrachas gan aistriú, faoi bhun líon na vótaí a creidiúnaíodh don chéad iarrthóir eile is airde, féadfaidh an ceann comhairimh an bheirt nó níos mó de na hiarrthóirí sin is ísle a eisiamh d'aon iarracht, ar choinníoll—
(a) gur mó ná trian an chuóta líon na vótaí a creidiúnaíodh don dara hiarrthóir is ísle, nó
(b) nuair nach mó ná trian an chuóta líon na vótaí a creidiúnaíodh d'aon duine de bheirt nó níos mó de na hiarrthóirí sin is ísle, gur léir dá n-eisiafaí na hiarrthóirí duine ar dhuine de réir mhír (1) den Riail seo agus dá ndéanfaí aon bharrachas neamhaistrithe a aistriú, nárbh fhéidir dá thoradh líon vótaí ba mhó ná trian an chuóta a chreidiúnú d'aon iarrthóir díobh sin.
(3) Más rud é, nuair a bheidh iarrthóir le heisiamh faoin Riail seo. go mbeidh an líon céanna vótaí ag beirt iarrthóir nó níos mó agus gurb iad is ísle vótaí, tabharfar aird ar líon na mbunvótaí a creidiúnaíodh do gach iarrthóir díobh, agus eisiafar an t-iarrthóir leis an líon is lú bunvótaí, agus nuair is ionann líon na mbunvótaí tabharfar aird ar líon iomlán na vótaí a creidiúnaíodh do na hiarrthóirí sin sa chéad chomhaireamh ina raibh líon neamhionann vótaí acu agus eisiafar an t-iarrthóir leis an líon is lú vótaí sa chomhaireamh sin, agus nuair ab ionann líon na vótaí a creidiúnaíodh do na hiarrthóirí sin i ngach comhaireamh cinnfidh an ceann comhairimh trí chrannadh cé acu díobh a eisiafar.
63. (1) Nuair a aistreofar vótaí faoi Riail 61 nó 62 den Sceideal seo, déanfar gach fobheartán de pháipéir a aistríodh a chur ar bharr an bheartáin, más ann, de pháipéir an iarrthóra chun a ndearnadh an t-aistriú, agus creidiúnófar don iarrthóir sin líon vótaí is ionann agus líon na bpáipéar a aistríodh chuige.
(2) Má bhíonn barrachas ag iarrthóir tar éis aistriú ar bith, déileálfar leis an mbarrachas sin faoi réim agus de réir forálacha Riail 61 den Sceideal seo sula n-eisiafar aon iarrthóir eile.
64. (1) Nuair is ionann líon na n-iarrthóirí leanúnacha agus líon na bhfolúntas atá fágtha gan líonadh, measfar as a aithle sin na hiarrthóirí leanúnacha a bheith tofa.
(2) Nuair nach mbeidh fágtha gan líonadh ach folúntas amháin agus gur mó líon vótaí iarrthóra leanúnaigh áirithe ná líon iomlán vótaí uile na n-iarrthóirí leanúnacha eile, i dteannta aon bharrachas gan aistriú, measfar as a aithle sin an t-iarrthóir sin a bheith tofa.
(3) Nuair is féidir na folúntais deiridh a líonadh faoin Riail seo, ní gá aon aistriú eile vótaí a dhéanamh mura rud é nár creidiúnaíodh líon vótaí is mó ná trian an chuóta d'aon duine de na hiarrthóirí leanúnacha agus gur gá chun críocha Riail 6 den Sceideal seo aistrithe breise a dhéanamh ar vótaí chun a fháil amach an bhféadfaí an líon sin vótaí a chreidiúnú dó.
65. (1) Ag deireadh aon chomhairimh, féadfaidh aon iarrthóir nó aon ghníomhaire d'iarrthóir a iarraidh d'aisce ar an gceann comhairimh gach ceann nó aon cheann de na páipéir lenar déileálaladh sa chomhaireamh sin a athscrúdú agus a athchomhaireamh agus déanfaidh an ceann comhairimh na páipéir sin a athscrúdú agus a athchomhaireamh láithreach dá réir sin gan aon athruithe a dhéanamh ar chóiriú na bpáipéar sna beartáin éagsúla, ach amháin i gcás na hathruithe sin a bheith riachtanach mar gheall ar aon earráid a aimsíodh san athchomhaireamh. Féadfaidh an ceann comhairimh, freisin, dá rogha féin, páipéir a athchomhaireamh uair amháin nó níos minice in aon chás nach deimhin leis cruinneas aon chomhairimh; ach ní chuirfidh aon ní anseo d'oibleagáid ar an gceann comhairimh an beartán céanna páipéar a athchomhaireamh níos mó ná uair amháin.
(2) An chumhacht atá ag ceann comhairimh faoi mhír (1) den Riail seo chun páipéir a chomhaireamh dá rogha féin in aon chás nach deimhin leis cruinneas aon chomhairimh, bainfidh sí le páipéir ar déileáladh leo i gcomhaireamh roimh an gcomhaireamh díreach roimhe sin.
(3) Maidir le gach iarrthóir, féadfaidh sé féin nó a ghníomhaire a iarraidh d'aisce uair amháin (agus sin an méid) athscrúdú agus athchomhaireamh iomlán a dhéanamh ar na beartáin go léir de pháipéir bhallóide agus déanfaidh an ceann comhairimh na beartáin de pháipéir bhallóide a athscrúdú agus a athchomhaireamh láithreach dá réir sin. San athscrúdú agus san athchomhaireamh ní chuirfear isteach ar líon ná ar ord na bpáipéar ballóide in aon bheartán. Ní chuirfidh aon ní sna forálacha sin roimhe seo den Riail seo d'oibleagáid ar an gceann comhairimh an beartán céanna páipéar a athscrúdú nó a athchomhaireamh níos minice ná uair amháin, ach má aimsítear earráid is dóigh leis an gceann comhairimh a bheith tábhachtach go leor chun difear a dhéanamh do thoradh an toghcháin, comhairfidh an ceann comhairimh na páipéir go léir athuair ón bpointe ag ar aimsíodh an earráid.
(4) Nuair a aimseofar earráid, leasóidh an ceann comhairimh, más gá, aon torthaí a d'fhógair sé roimhe sin.
66. Nuair a bheidh comhaireamh na vótaí críochnaithe cinnfidh agus dearbhóidh an ceann comhairimh toradh na vótaíochta agus as a aithle sin beidh na hiarrthóirí a mheastar a bheith tofa arna dtoghadh.
67. Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an cheann comhairimh, cibé acu sainráite dó nó intuigthe as a ghníomhartha, ar aon cheist a éireoidh i dtaobh iarrthóir a eisiamh faoi Riail 62 den Sceideal seo nó i dtaobh aon pháipéir bhallóide nó aistriú vótaí, agus ní fhéadfar é a fhreaschur ach amháin le hachainí ag tabhairt an toghcháin Tionóil faoi cheist.
Caibidil IV
Toradh an toghcháin Tionóil etc.
68. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh do thoghlach freagra a thabhairt don phríomhcheann comhairimh faoi na daoine a toghadh sa toghlach le bheith ina n-ionadaithe sa Tionól.
(2) Is trí dheimhniú san fhoirm fhorordaithe ar ainmneacha agus tuairiscí na ndaoine sin, arna shíniú ag an gceann comhairimh, a thabharfar an freagra agus tabharfar é a luaithe is féidir tar éis toradh na vótaíochta a dhearbhú de réir Riail 66 den Sceideal seo nó mura mbeidh aon vótaíocht ann, nuair a dhearbhófar na daoine sin a bheith tofa de réir Riail 19 (b) den Sceideal seo.
(3) Tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí faoi ainmneacha agus tuairiscí na n-iarrthóirí a toghadh agus freisin, i gcás toghcháin iomaidh, faoi líon iomlán na vótaí a tugadh do gach iarrthóir, cibé acu a toghadh é nó nár toghadh, faoi aon aistriú vótaí agus faoi líon iomlán na vótaí a bhí creidiúnaithe do gach iarrthóir ag deireadh an chomhairimh ina ndearnadh an t-aistriú. Cuirfidh sé cóip den fhógra sin chuig an Aire, chuig an bpríomhcheann comhairimh agus chuig gach duine a toghadh. Cuirfidh sé cóip den ráiteas dá dtagraítear i Riail 54 (2) den Sceideal seo chuig an Aire freisin.
69. (1) Nuair a bheidh comhaireamh na vótaí críochnaithe, cuirfidh an ceann comhairimh isteach i bpaicéid shéalaithe ar leith—
(a) na páipéir bhallóide a comhaireadh,
(b) na páipéir bhallóide ar diúltaíodh dóibh i gcomhaireamh na vótaí,
(c) na cuntais pháipéar ballóide agus an ráiteas arna ullmhú de réir Riail 54 (2) den Sceideal seo, agus
(d) páipéir ainmniúcháin na n-iarrthóirí, idir bhailí agus neamhbhailí, agus aon deimhnithe cleamhnachta polaitíochta,
agus marcálfaidh sé ar gach paicéad sonraí a inneachar, dáta an lae vótaíochta sa toghchán Tionóil agus an toghlach lena mbaineann siad, agus seolfaidh sé na paicéid sin a luaithe is féidir chuig an bpríomhcheann comhairimh.
(2) Cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil isteach i bpáicéid ar leith—
(a) na páipéir bhallóide neamhúsáidte agus mhillte.
(b) comhdhuillí na bpáipéar ballóide a eisíodh i stáisiúin vótaíochta,
(c) na cóipeanna marcáilte de chlár toghthóirí Thionól na hEorpa, agus
(d) aon deimhnithe údaráis a tugadh do thoghthóirí a bhí fostaithe ag an gceann comhairimh áitiúil chun vótáil i stáisiúin vótaíochta eile,
agus marcálfaidh sé ar gach paicéad sonraí a inneachar, dáta an lae vótaíochta sa toghchán Tionóil, agus an toghlach agus an contae nó an chontae-bhuirg lena mbaineann siad, agus seolfaidh sé na paicéid sin agus na paicéid arna séalú de réir Riail 26 (6) den Sceideal seo agus míreanna (2) agus (3) de Riail 50 den Sceideal seo, a luaithe is féidir, chuig an bpríomhcheann comhairimh.
(3) Coinneoidh an príomhcheann comhairimh na doiciméid dá dtagraítear sa Riail seo go ceann bliana ó dháta na vótaíochta sa toghchán Tionóil. Nuair a bheidh an tréimhse sin caite, cuirfidh an príomhcheann comhairimh faoi deara, mura n-ordaítear a mhalairt le hordú ón Ard-Chúirt, na doiciméid sin a scriosadh.
70. A luaithe is féidir tar éis dó an freagra dá dtagraítear i Riail 68 den Sceideal seo a fháil ó gach ceann comhairimh, tabharfaidh an príomhcheann comhairimh freagra san fhoirm fhorordaithe don Tionól faoi na daoine a toghadh sa Stát le bheith ina n-ionadaithe sa Tionól.
CUID IV
Cionta Toghcháin
71, (1) Ní fhéadfaidh duine, aon bhliain a ndéanfar toghchán Tionóil, an dá ní seo a leanas a dhéanamh,
(a) páipéar ballóide a iarraidh nó vótáil sa toghchán, agus
(b) páipéar ballóide a iarraidh nó vótáil i dtoghchán atá á dhéanamh maidir le haon Bhallstát seachas an Stát de bhun aon fhorála a leagadh síos faoi aon cheann nó gach ceann de na conarthaí.
(2) Duine,
(a) atá cláraithe i gclár na dtoghthóirí do Thionól na hEorpa ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire ach nach bhfuil i dteideal a chláraithe amhlaidh, nó
(b) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin,
ní vótálfaidh sé i dtoghchán Tionóil.
(3) Duine a sháróidh mír (1) nó (2) den Riail seo, beidh sé ciontach i gcion.
(4) Nuair a dhéanfar toghchán Tionóil úr de bhun alt 17 (7) den Acht seo agus go ndéanfar an toghchán sin i mbliain seachas an bhliain a ndearnadh an toghchán Tionóil iomchuí a dhearbhaigh an chúirt a bheith ar neamhní go hiomlán nó go páirteach, ansin chun críocha na Rialach seo measfar gur sa bhliain chéanna a rinneadh an toghchán Tionóil úr agus an toghchán Tionóil lena mbaineann an dearbhú.
(5) Chun críocha na Rialach seo, duine a mharcáil, cibé acu go bailí é nó nach ea, agus a thug ar ais don cheann comhairimh áitiúil páipéar ballóide arna eisiúint de bhun Riail 26 den Sceideal seo, measfar vótáil a bheith déanta aige.
72. (1) Duine a dhéanfaidh, i dtoghchán Tionóil—
(a) vótáil nó páipéar ballóide a iarraidh in ainm duine éigin eile, cibé acu is ainm duine bheo nó ainm duine mhairbh nó ainm duine bhréige an t-ainm sin, nó
(b) tar éis dó vótail cheana féin, páipéar ballóide a iarraidh ina ainm féin sa toghchán céanna.
beidh sé ciontach i gcion pearsanaíochta.
(2) Chun críocha na Rialach seo, duine a mharcáil, cibé acu go bailí é nó nach ea, agus a thug ar ais don cheann comhairimh áitiúil. páipéar ballóide arna eisiúint de bhun Riail 26 den Sceideal seo, measfar vótáil a bheith déanta aige.
(3) Duine a chabhróidh nó a neartóidh le duine, nó a chomhairleoidh dó, nó a thabharfaidh i gcrích, cion pearsanaíochta a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion.
73. (1) Maidir le toghchán Tionóil, ní cead do dhuine—
(a) comaoin luachmhar a thabhairt d'fhonn vótálaí a aslú chun vótáil, nó d'fhonn toghadh aon duine nó vótáil aon vótálaí a thabhairt i gcrích, nó mar gheall ar vótáil a bheith déanta ag vótálaí; ná
(b) toghadh aon duine nó vótáil aon vótálaí a thabhairt i gcrích de bhíthin nó de dhroim comaoine luachmhaire, ná
(c) aon duine a aslú, de bhíthin nó de dhroim comaoine luachmhaire, chun tarraingt siar nó staonadh ó tharraingt siar ó bheith ina iarrthóir, nó tarraingt siar nó staonadh ó tharraingt siar, de dhroim aon chomaoine luachmhaire. ó bheith ina iarrthóir; ná
(d) comaoin luachmhar a ghlacadh, nó comhaontú nó conrú comaoin luachmhar a ghlacadh, as vótáil nó as toiliú vótáil.
(2) Duine a sháróidh mír (1) den Riail seo, beidh sé ciontach i gcion.
(3) Duine a chabhróidh nó a neartóidh le duine, nó a chomhairleoidh dó, nó a thabharfaidh i gcrích, cion faoin Riail seo a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion.
(4) Sa Riail seo—
folaíonn “tabhairt”, “aslú” agus “tabhairt i gcrích” comhaontú nó gealladh nó iarracht um thabhairt, um aslú nó um thabhairt i gcrích, de réir mar a bheidh, agus cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach é;
folaíonn “comaoin luachmhar” aon airgead, luach airgid nó urrús luachmhar nó aon chomaoin luachmhar nó aon oifig, ionad nó fostaíocht, a thabhairt, a iasachtú, nó comhaontú é a thabhairt nó a iasachtú, d'aon duine, nó tairiscint nó gealltanas aon ní acu sin a thabhairt i gcrích dó nó féachaint lena thabhairt i gcrích dó;
folaíonn “vótáil” vótáil ar dhoigh áirithe nó staonadh ó vótáil.
74. Duine a dhéanfaidh, i ndáil le toghchán Tionóil, go díreach nó go neamhdhíreach, feidhm a bhaint, nó bagairt feidhm a bhaint, as aon fhorneart, foréigean nó srianadh in aghaidh aon duine nó a dhéanfaidh, nó a chuirfidh faoi deara go ndéanfar, nó a bhagróidh go ndéanfaidh nó go gcuirfidh faoi deara go ndéanfar aon díobháil nó dochar, saolta nó spioradálta d'aon duine nó a fhéachfaidh trí fhuadach, éigeantas, nó calaois—
(a) aon duine a aslú nó iallach a chur ar aon duine chun vótáil nó staonadh ó vótáil, nó chun vótáil nó staonadh ó vótáil do dhuine áirithe nó ar dhóigh áirithe, nó
(b) aon duine a aslú nó iallach a chur ar aon duine chun tarraingt siar nó staonadh ó tharraingt siar, ó bheith ina iarrthóir, nó
(c) aon duine a aslú, nó iallach a chur ar aon duine chun bheith ina iarrthóir nó chun aon duine a bhac nó a chosc ó bheith ina iarrthóir, nó
(d) saorchleachtadh an toghchórais ag aon toghthóir Tionóil a bhac nó a chosc,
beidh sé ciontach i gcion.
75. (1) Duine a bheidh i láthair le linn páipéir bhallóide a eisiúint chuig postvótálaithe nó le linn boscaí postbhallóide a oscailt, beidh sé ciontach i gcion má dhéanann sé, ach amháin chun críche éigin a údaraítear le dlí—
(a) aon fhaisnéis a fuarthas ag an eisiúint sin i dtaobh an mhairc oifigiúil a pháirtiú le haon duine, roimh chríochnú na vótaíochta, nó
(b) iarracht chun a fháil amach ag an eisiúint sin nó ag an oscailt sin cad é an uimhir atá ar chúl aon pháipéir bhallóide nó cé hé an t-iarrthóir dar tugadh aon vóta in aon pháipéar ballóide, nó aon fhaisnéis ina thaobh sin a fuarthas ag an eisiúint sin nó ag an oscailt sin a pháirtiú le haon duine eile.
(2) Duine a ligfear isteach i stáisiún vótaíochta in aon cháil ag toghchán Tionóil, beidh sé ciontach i gcion má dhéanann sé, sula gcríochnófar an vótaíocht, aon fhaisnéis a pháirtiú, ach amháin chun críche éigin a údaraítear le dlí, le haon duine eile i dtaobh an ainm nó an uimhir ar chlár toghthóirí Thionól na hEorpa atá ag aon vótalaí a d'iarr, nó nár iarr, páipéar ballóide nó a vótáil i stáisiún vótaíochta, nó i dtaobh an mhairc oifigiúil.
(3) Duine a bheidh i láthair in aon cháil le linn chomhaireamh na vótaí i dtoghchán Tionóil, beidh sé ciontach i gcion má fhaigheann sé amach nó má fhéachann sé lena fháil amach ag an gcomhaireamh sin cad é an uimhir atá ar chúl aon pháipéir bhallóide, nó má dhéanann sé aon uair aon fhaisnéis a pháirtiú a fuarthas sa chomhaireamh sin i dtaobh an iarrthóra a mbeidh aon vóta tugtha dó ar aon pháipéar ballóide.
(4) Beidh duine ciontach i gcion más rud é, i dtoghchán Tionóil, ach amháin chun críche éigin a údaraítear le dlí—
(a) go gcuirfidh sé isteach nó go bhféachfaidh sé le cur isteach ar vótálaí nuair a bheidh a vóta á mharcáil aige, nó go bhfaighidh sé faisnéis, nó go bhféachfaidh sé le faisnéis a fháil, i stáisiún vótaíochta i dtaobh an iarrthóra dá mbeidh vóta le tabhairt nó tugtha ag aon vótálaí sa stáisiún, nó
(b) go ndéanfaidh sé, tráth ar bith, aon fhaisnéis a fuarthas i stáisiún vótaíochta i dtaobh an iarrthóra dá mbeidh vóta le tabhairt nó tugtha ag vótálaí sa stáisiún sin nó i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide a eisíodh chuig vótálaí sa stáisiún sin, a pháirtiú le haon duine eile, nó
(c) go n-aslóidh sé, go díreach nó go neamhdhíreach, ar aon vótálaí a pháipéar ballóide a thaispeáint, tar éis don vótálaí sin é a mharcáil, ionas go mbeidh a fhios ag aon duine ainm an iarrthóra a mbeidh nó nach mbeidh vóta tugtha dó ag an vótálaí sin, nó
(d) go gcuirfidh sé isteach nó go bhféachfaidh sé le cur isteach ar ghlacadh nó marcáil nó aischur páipéar ballóide ag aon phostvótalaí nó go bhféachfaidh sé le faisnéis a fháil i dtaobh an iarrthóra a mbeidh nó nach mbeidh vóta tugtha dó ag an vótálaí sin.
76. Beidh duine ciontach i gcion—
(a) má dhéanann sé, go toiliúil agus gan údarás dleathach, aon bhosca ballóide nó paicéad páipéar ballóide, nó aon phaicéad páipéar nó doiciméad d'aon chineál a bheidh á úsáid nó le húsáid san am sin chun críocha toghcháin Tionóil, nó aon chuntas páipéar ballóide nó cóip mharcáilte de chlár toghthóirí Thionól na hEorpa arna ullmhú nó arna úsáid chun críocha an toghcháin nó aon pháipéar ballóide neamhúsáidte, a thógáil, a scriosadh, a cheilt nó a oscailt nó baint leo ar dhóigh eile, nó
(b) má dhéanann sé, go mailíseach, páipéar ballóide a scriosadh, a stróiceadh nó a aghlot, nó
(c) má dhéanann sé páipéar ballóide nó an marc oifigiúil ar pháipéar ballóide a bhrionnú nó a ghóchumadh, nó
(d) má dhéanann sé, gan údarás dleathach, páipéar ballóide a sholáthar d'aon duine, nó
(e) má chuireann sé isteach go calaoiseach i mbosca ballóide aon pháipéar seachas an páipéar ballóide a údaraítear le dlí dó a chur isteach ann, nó
(f) má thugann sé páipéar ballóide go calaoiseach amach as stáisiún vótaíochta, nó
(g) má dhéanann sé aon pháipéar ainmniúcháin nó aon deimhniú cleamhnachta polataíochta nó aon deimhniú faoi Riail 36 den Sceideal seo nó aon chlúdach oifigiúil nó foirm admhála a úsáidtear i ndáil le postvótáil, nó aon fhoirm nó doiciméad a úsáidtear i dtoghchán, a bhrionnú nó a aghlot go calaoiseach nó a scriosadh go calaoiseach, nó
(h) má thugann sé ar aird don cheann comhairimh páipéar ainmniúcháin ar feasach dó é a bheith brionnaithe, nó
(i) má ghóchumann sé an marc oifigiúil, nó
(j) má dhéanann sé, gan údarás dleathach, aon ghléas chun an marc oifigiúil a stampáil ar pháipéir bhallóide a thógáil, a scriosadh nó a dhamáistiú nó má dhéanann sé, nó má bhíonn ina sheilbh aige, aon mhacsamhail d'aon ghléas den sórt sin nó aon ghóchumadh air.
77. (1) Beidh duine ciontach i gcion más rud é, idir dáta foilsithe an Fhógra Toghcháin agus an dáta a gcuirfidh an príomhcheann comhairimh an freagra ar ais faoi Riail 70 den Sceideal seo i dtaol na ndaoine a toghadh le bheith ina n-ionadaithe sa Tionól, ngníomhóidh sé go heasordúil ag cruinniú poiblí dleathach comóradh i ndáil le toghchán don Tionól sin.
(2) Duine a chabhróidh nó a neartóidh le duine nó a chomhairleoidh dó, nó a thabharfaidh i gcrích, cion a dhéanamh faoi mhír (1) den Riail seo, beidh sé ciontach i gcion.
78. (1) Ní foláir ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora a bheith ar éadan gach fógra, bille, póstaer nó doiciméad dá samhail a bhainfidh le toghchán Tionóil nó a dháilfear chun iarrthóireacht aon iarrthóra i dtoghchán Tionóil a chur ar aghaidh.
(2) Beidh duine ciontach i gcion má dhéanann sé aon fhógra, bille, póstaer nó doiciméad dá samhail mar atá ráite, gan ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora a bheith ar a éadan, a chló, a fhoilsiú nó a chur suas, nó má chuireann sé faoi deara é a chló, a fhoilsiú nó a chur suas.
(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha na míreanna roimhe seo den Riail seo maidir le haon fhógra, bille, póstaer nó doiciméad dá samhail a dhéanfaidh ceann comhairimh nó ceann comhairimh áitiúil a chló, a fhoilsíú nó a chur suas.
(4) Chun críocha na Rialach seo folaíonn “cló” aon phróiseas chun cóipeanna a dhéanamh d'fhógra, de bhille, de phóstaer nó de dhoiciméad dá samhail, seachas cóipeáil de láimh.
79. (1) Ní dhéanfaidh duine—
(a) duine eile a ainmniú lena thoghadh faoin Acht seo don Tionól, ná
(b) iarrthóireacht duine eile sa toghchán sin don Tionól a tharraingt siar,
gan toiliú ón duine sin.
(2) Duine a sháróidh mír (1) den Riail seo, beidh sé ciontach i gcion.
80. Duine a thabharfaidh ar aird do cheann comhairimh deimhniú dá dtagraítear i Riail 4 (4) den Sceideal seo agus a fhios aige é a bheith brionnaithe, beidh sé ciontach i gcion.
81. (1) Má dhéanann duine is iarrthóir, nó moltóir iarrthóra, i dtoghchán Tionóil dearbhú ar pháipéar ainmniúcháin gur léigh sé na nótaí ar chúl an pháipéir ainmniúcháin agus go gcreideann sé go bhfuil sé féin, nó an t-iarrthóir (cibé acu is iomchuí),
(a) cáilithe lena thoghadh faoin Acht seo, agus
(b) nach bhfuil sé féin, nó an t-iarrthóir (cibé acu is iomchuí) arna ainmniú go bailí i leith aon toghlaigh eile,
ansin, más rud é maidir leis féin nó leis an iarrthóir (cibé acu is iomchuí),
(c) nach bhfuil sé cáilithe lena thoghadh faoin Acht seo, nó
(d) go bhfuil sé arna ainmniú go bailí i leith toghlaigh ar bith eile,
beidh an duine sin ciontach i gcion.
(2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi mhír (1) den Riail seo, is cosaint mhaith don chosantóir a shuíomh go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh sé féin nó an t-iarrthóir (cibé acu is iomchuí) cáilithe lena thoghadh nó gan bheith arna ainmniú go bailí i leith toghlaigh ar bith eile.
82. Aon cheann comhairimh nó ceann comhairimh áitiúil, nó aon duine ar fostú ag aon oifigeach acu sin chun aon chríche a bhaineann le toghchán Tionóil, a ghníomhóidh mar ghníomhaire d'aon iarrthóir sa toghchán sin nó a mbeidh baint ghníomhach aige le hiarrthóireacht aon iarrthóra a chur ar aghaidh nó le leasanna aon pháirtí sa toghchán a chur chun cinn, beidh sé ciontach i gcion.
83. Duine a choiscfidh, le foréigean, ainmniúchán iarrthóirí nó an vótaíocht i dtoghchán Tionóil, beidh sé ciontach i gcion.
84. (1) Ní fhágfaidh gníomhaire pearsanaíochta an stáisiún vótaíochta dá mbeidh sé ceaptha le linn na n-uaire a chloig a bheidh ceaptha faoi alt 6 den Acht seo chun vótaíocht a dhéanamh gan cead a fháil roimh ré ón oifigeach ceannais agus gan gach uile chlár, leabhar agus doiciméad, a mbeidh aon nóta nó scríbhinn nó marc curtha aige ann le linn na vótaíochta, a thaisceadh leis an oifigeach ceannais sin.
(2) Gníomhaire pearsanaíochta a sháróidh mír (1) den Riail seo, beidh sé ciontach i gcion, agus ina theannta sin, ní fhillfidh sé ar an stáisiún vótaíochta áirithe sin gan cead ón oifigeach ceannais.
85. Duine a sháróidh mír (8) nó (9) de Riail 39 den Sceideal seo, beidh sé ciontach i gcion.
86. Duine a dhéanfaidh go feasach, idir dáta foilsithe an Fhógra Toghcháin agus an dáta a thabharfaidh an príomhcheann comhairimh an freagra faoi Riail 70 den Sceideal seo faoi na daoine a toghadh le bheith ina n-ionadaithe sa Tionól, ráiteas bréagach a fhoilsiú i dtaobh iarrthóir sa toghchán Tionóil do tharraingt siar nó d'fháil bháis, beidh sé ciontach i gcion.
87. Aon duine a dhéanfaidh nó a fhoilseoidh, roimh thoghchán Tionóil, nó lena linn, aon ráiteas ar dóigh dó vótálaithe a chur ar míthreoir i dtaobh próiseas iarbhír na vótála, beidh sé ciontach i gcion.
88. Iarrthóir nó gníomhaire d'iarrthóir a laimhseoidh páipéar ballóide le linn chomhaireamh na vótaí i dtoghchán Tionóil, beidh sé ciontach i gcion.
89. Is cion é iniúchadh neamhúdaraithe a dhéanamh ar aon doiciméad is doiciméad dá luaitear in alt 16 (2) den Acht seo.
90. D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona nó, i gcás an cion bheith déanta i ndáil le toghchán Tionóil a mbeidh imeachtaí ina leith ag tabhairt an toghcháin faoi cheist os comhair na hArd-Chúirte, féadfar iad a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona nó laistigh de thrí mhí ó chinneadh na cúirte, cibé tréimhse díobh is déanaí a rachaidh in éag, ach ní thionscnófar imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo tar éis tréimhse dhá bhliain dar tosach dáta an chíona a dhul in éag.
91. (1) Nuair a bheidh duine ciontach i gcion faoin Acht seo, seachas cion dá luaitear i mír (2) den Riail seo, dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(2) Nuair a bheidh duine ciontach i gcion faoi Riail 78 nó 88 den Sceideal seo, dlífear, ar an duine sin a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
92. Nuair a ghabhfar duine ar bith faoi Riail 41 den Sceideal seo ar chúiseamh a rinne gníomhaire pearsanaíochta go ndearna an duine sin cion pearsanaíochta nó cion faoi Riail 71 den Sceideal seo agus go mainneoidh an gníomhaire pearsanaíochta sin (nó duine éigin thar a cheann) láithriú os comhair na cúirte agus tacú leis an gcúiseamh, nó go n-éigiontóidh an chúirt an duine i ndéanamh an chiona agus go gcinnfidh sí go ndearna an gníomhaire pearsanaíochta an cúiseamh gan cúis a bhí réasúnach nó cóir, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón duine a cúisíodh amhlaidh, agus ar an dóigh sin amháin, a ordú don ghníomhaire pearsanaíochta cibé suim a íoc, i modh damáistí leis an duine sin, nach mó ná £250, is cuí leis an gcúirt, agus nuair a íocfar an tsuim sin go cuí glacfaidh an duine a cúisíodh amhlaidh léi mar lánsásamh sna héilimh go léir uaidh i leith damáistí de dhroim an chúisimh sin agus de dhroim a ghabhála agus a choinneála dá bhíthin.
93. Nuair a mhainneoidh aon duine dá dtugtar aon fheidhmeanna nó dualgais leis an Acht seo, nó faoi, i ndáil le toghchán Tionóil, a fheidmeanna nó a dhualgais ina leith sin a chomhlíonadh gan cúis réasúnach, beidh aon duine arb éagóir leis an mhainneachtain sin i dteideal suim, nach mó ná £200, a ghnóthú i modh damáistí uaidh trí chaingean dlí de réir mar is cóir leis an gcúirt a thriailfidh an chaingean sin.
94. In aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla i ndáil le cion líomhnaithe i dtoghchán Tionóil, glacfar le deimhniú an cheann comhairimh don toghlach áirithe go ndearnadh an toghchán go cuí, nó gurbh iarrthóir ann duine áirithe, mar fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh luaite ann agus ní gá cruthúnas ar shíniú an cheann comhairimh ná gurbh é an ceann comhairimh sin é iarbhír.
95. Duine a dhéanfaidh aon chomhaontú nó a rachaidh faoi chuing aon ghealltanais i ndáil le hachainí a tharraingt siar i gcomaoin aon íocaíochta nó i gcomaoin scor de chomhaltas sa Tionól nó ar aon chúis shubstaintiúil eile nach mbeidh luaite sa mhionnscríbhinn dá dtagraítear i Riail 103 (2) den Sceideal seo, beidh sé ciontach i gcion.
Cuid V
Achainíocha Toghcháin Tionóil
96. Nuair is dóigh leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go mb'fhéidir go ndeachaigh cionta toghcháin a rinneadh chun éifeachta ar thoghchán Tionóil, féadfaidh sé an toghchán a thabhairt faoi cheist de bhun an Achta seo.
97. (1) Is trí chúirtbhannaí ina rachaidh aon líon urraí, nach mó ná ceathrar d'urraí chun sástacht na cúirte, nó trí airgead a thaisceadh, nó go páirteach ar dhóigh amháin agus go páirteach ar an dóigh eile, a thabharfar an t-urrús a cheanglaítear a thabhairt le halt 17 (2) den Acht seo.
(2) Más é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a thíolacfaidh achainí. ní bheidh feidhm ag alt 17 (2) den Acht seo.
98. (1) Tíolacfar achainí trína taisceadh i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte.
(2) Faoi réir mhír (3) den Riail seo, ní thíolacfar achainí ach amháin laistigh de na hocht lá is fiche díreach tar éis don cheann comhairimh toradh an toghcháin Tionóil a dhearbhú.
(3) Nuair a líomhnóidh achainí go ndearnadh breabaireacht agus go líomhnófar go sonrach gur íocadh nó gur tugadh íocaíocht nó comaoin eile tar éis don cheann comhairimh toradh an toghcháin Tionóil a dhearbhú, ansin, d'ainneoin go mb'fhéidir go ndearnadh achainí eile maidir leis an toghchán céanna a thíolacadh nó a thriail roimhe sin, féadfar an achainí a thíolacadh laistigh de na hocht lá is fiche díreach tar éis an lae a líomhnaíodh gur íocadh nó gur tugadh an íocaíocht nó an chomaoin sin.
(4) Nuair a bheidh achainí taiscthe sa chúirt, tabharfaidh an t-achainíoch cóip den achainí, a luaithe is féidir—
(a) d'aon duine a mbaineann an achainí lena thoghadh,
(b) don Aire,
(c) don phríomhcheann comhairimh,
(d) do cheann comhairimh an toghlaigh lena mbaineann an achainí, agus
(e) don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ach amháin i gcás achainí arna tíolacadh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
99. (1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 17 (4) den Acht seo, féadfar aon fhorais díobh seo a leanas a shonrú in achainí:
(a) go ndeachaigh earráid chun éifeachta ar an toghchán Tionóil nó nár críochnaíodh é nó thairis sin nár stiúradh é ag an gceann comhairimh nó ag aon cheann comhairimh áitiúil de réir dlí,
(b) go ndeachaigh cionta toghcháin chun éifeachta ar an toghchán Tionóil,
(c) nach raibh iarrthóir i dtoghchán Tionóil cáilithe lena thoghadh don Tionól faoi alt 7 den Acht seo.
(2) D'ainneoin aon fhorála eile sa Sceideal seo, ní dhéanfar achainí a dhíbhe mar gheall ar neamhfhoirmiúlacht ina inneachair nach ndéanann difear ábhartha dá substaint.
(3) Ní dhearbhófar aon toghchán Tionóil a bheith neamhbhailí mar gheall ar neamhchomhlíonadh aon fhorála san Acht seo nó ar aon earráid in úsáid foirmeacha dá bhforáiltear san Acht seo, más léir leis an Ard-Chúirt gur stiúradh an toghchán de réir na bprionsabal atá leagtha síos san Acht seo, á nglacadh ina n-iomláine, agus nach ndeachaigh an neamhchomhlíonadh nó an earráid sin chun éifeachta ar thoradh an toghcháin.
100. Ní foláir achainí a bheith sínithe ag an achainíoch agus na nithe seo a leanas a bheith sonraithe inti—
(a) an toghchán Tionóil lena mbaineann sí,
(b) na forais ar a bhfuil sí bunaithe,
(c) an leigheas atá á lorg aici,
(d) ainm agus seoladh an achainígh agus a aturnae nó a ghníomhaire, más ann.
101. (1) Is í an Ard-Chúirt a thriailfidh achainí agus déanfar tagairtí don chúirt sa Chuid seo den Sceideal seo a fhorléiriú mar thagairtí don Ard-Chúirt.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas i ndáil le triail achainí:
(a) nuair a bheidh an dáta á shocrú don triail agus an triail á stiúradh aici, déileálfaidh an chúirt leis an ábhar a luaithe is féidir le réasún;
(b) d'ainneoin bás aon duine a mbaineann an achainí lena thoghadh, lena éirí as oifig mar ionadaí sa Tionól nó lena scor ar dhóigh eile de bheith ina ionadaí amhlaidh, leanfar leis an triail nó go gcinnfear a toradh;
(c) féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ag céim ar bith dlíodóir a bheith aige chun feidhmiú ar a shon agus féadfaidh sé páirt a ghlacadh sa triail mar pháirtí, uaidh féin nó ar iarratas ón gcúirt;
(d) beidh an ceann comhairimh don toghlach iomchuí agus aon cheann comhairimh áitiúil lena mbaineann i láthair, má iarrann an chúirt é, ag an triail agus tabharfaidh sé cibé cúnamh a iarrfaidh an chúirt air ach gan dochar do é a bheith ina pháirtí sna himeachtaí nó é a bheith inghlaoite ag aon pháirtí den sórt sin mar fhinné.
102. (1) Chun críocha na trialach ar achainí ag tabhairt toghchán Tionóil faoi cheist, féadfaidh an chúirt más cuí léi, a ordú—
(a) go ndéanfar na vótaí go léir a caitheadh sa toghchán sa toghlach lena mbaineann an achainí a chomhaireamh athuair, nó
(b) go ndéanfar na vótaí go léir a caitheadh amhlaidh agus a taifeadadh ar na páipéir bhallóide i mbeartán áirithe a chomhaireamh amhlaidh,
agus má thugann an chúirt an t-ordú sin, beidh éifeacht ag forálacha na míreanna seo a leanas.
(2) Déanfar vótaí lena mbaineann ordú faoin Riail seo a chomhaireamh athuair faoi threoir na cúirte agus, faoi réir míreanna (3) agus (4) den Riail seo agus cibé modhnuithe (más ann) is riachtanach leis an gcúirt, bainfidh forálacha Chaibidil III de Chuid III den Sceideal seo i dtaobh comhaireamh vótaí i dtoghchán leis an gcomhaireamh sin.
(3) Nuair a chomhairfear vótaí athuair de bhun ordú faoin Riail seo, cuirfidh an chúirt faoi deara nach dtabharfar aird ar na roghanna seo a leanas:
(a) roghanna arna dtaifeadadh ar pháipéir bhallóide atá neamhbhailí de bhua Riail 58 (2) den Sceideal seo,
(b) roghanna arna dtaifeadadh ar pháipéir bhallóide bhrionnaithe nó ghóchumtha, agus
(c) roghanna arna dtaifeadadh d'aon duine a gcinnfidh an chúirt ina leith, maidir leis an toghchán Tionóil iomchuí, nach raibh sé cáilithe faoin Acht seo lena thoghadh don Tionól.
(4) Beidh cumhacht ag an gcúirt aon chinneadh ó cheann comhairimh ag an gcomhaireamh bunaidh a fhreaschur.
(5) Déanfaidh an tAire Airgeadais na costais a bhainfidh le héifeacht a thabhairt d'ordú faoin Riail seo a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh feidhm ag alt 14 (6) den Acht seo, i gcás seirbhísí agus caiteachais a thug nó a thabhaigh an ceann comhairimh go cuí chun éifeacht a thabhairt nó i ndáil lena thabhairt, don ordú, amhail mar a bhí feidhm aige i gcás na seirbhísí agus na gcaiteachas a thug nó a thabhaigh an ceann comhairimh don toghchán Tionóil iomchuí nó i ndáil leis an toghchán sin.
103. (1) Ní tharraingeofar achainí siar gan cead ón gcúirt agus nuair a bheidh an cead sin á thabhairt ag an gcúirt déanfaidh sí deimhin de go raibh réasún leis an bhfógra a thug an t-achainíoch de bhun míreanna (3) agus (4) den Riail seo, agus ina theannta sin, nuair a bheidh achainí á tíolacadh ag níos mó ná achainíoch amháin, déanfaidh an chúirt deimhin de, sula dtabharfaidh sí an cead sin, go gcomhaontaíonn na hachainígh go léir leis an tarraingt siar.
(2) Ach amháin i gcás achainí arna tíolacadh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nuair a bheidh cead á iarraidh ag an achainíoch chun achainí a tharraingt siar, cuirfidh sé mionnscríbhinn faoi bhráid na cúirte ina luafar:
(a) na fáthanna leis an tarraingt siar atá beartaithe, agus
(b) nach bhfuil, de réir mar is fearr is eol don achainíoch agus mar a chreideann sé, comhaontú ná gealltanas déanta ná tugtha i ndáil leis an achainí a tharraingt siar i gcomaoin aon íocaíochta nó i gcomaoin scor de chomhaltas sa Tionól ná ar aon chúis mhaith nach bhfuil luaite sa mhionnscríbhinn.
(3) Tabharfaidh an t-achainíoch fógra go bhfuil ar intinn aige cead a iarraidh chun achainí a tharraingt siar trí fhógra dá réir sin a fhoilsiú in dhá nuachtán laethúla ar a laghad a léitear sa toghlach lena mbaineann an achainí, agus luafaidh an fógra freisin an t-am agus an áit ina ndéanfar an t-iarratas agus go bhféadfaidh aon duine a iarraidh ar an gcúirt go gcuirfí é féin in ionad an achainígh.
(4) Ach amháin i gcás achainí arna tíolacadh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, tabharfaidh an t-achainíoch cóip den mhionnscríbhinn a luaitear i mír (2) den Riail seo, mar aon le fógra i dtaobh an ama agus na háite ina ndéanfar an t-iarratas, don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, agus féadfaidh an Stiúrthóir sin dlíodóir a bheith aige ag feidhmiú ar a shon le linn an iarratais agus féadfaidh sé, más cuí leis, cur ina choinne.
(5) Nuair a bheidh an achainí tíolactha ag níos mó ná achainíoch amháin, beidh ar na hachainígh go léir an mhionnscríbhinn a luaitear i mír (2) den Riail seo a dhéanamh, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.
(6) Má tharraingtear achainí siar de bhun na Rialach seo, ní dhéanfaidh sin difear do dhliteanas aon duine (nó a eastát) costais a tabhaíodh roimhe sin a íoc.
104. (1) Ar iarratas a éisteacht ag iarraidh cead achainí a tharraingt siar, féadfaidh aon duine a iarraidh ar an gcúirt achainíoch ionadach a dhéanamh de, agus féadfaidh an chúirt, más oiriúnach léi, é a ionadú dá réir sin.
(2) I gcás ina ndéanfaidh an chúirt ionadú ar achainíoch faoi mhír (1) den Riail seo agus gurb é a tuairim go ndearnadh an t-iarratas ag iarraidh cead an achainí a tharraingt siar de thoradh aon chomhaontaithe nó gealltanais a ndearbhaíonn Riail 95 den Sceideal seo gur cion é a leithéid a dhéanamh nó a thabhairt, féadfaidh an chúirt a ordú go bhfanfaidh an t-urrús i leith costas a thug an t-achainíoch bunaidh mar urrús i leith na gcostas a thabhóidh an t-achainíoch ionadaithe agus go ndlífidh an t-achainíoch bunaidh agus a urraí, más ann, costais an achainígh ionadaithe a íoc go feadh méid na suime a bheidh ainmnithe san urrús.
105. (1) Faoi réir Riail 104 (2) den Sceideal seo, beidh, chomh fada agus is féidir, an seasamh céanna ag achainíoch ionadaithe agus na dliteanais chéanna air a bhí ag an achainíoch bunaidh nó air.
(2) I gcás ina ndéanfaidh an chúirt ionadú ar achainíoch faoi Riail 104 den Sceideal seo agus nach dtabharfaidh sí treoir faoi mhír (2) den Riail sin, nó i gcás ina ndéanfaidh an chúirt ionadú ar achainíoch faoi Riail 106 den Sceideal seo, is é an t-achainíoch ionadaithe a thabharfaidh an t-urrús a cheanglaíonn an tAcht seo i gcás achainí nua, agus é faoi réir na gcoinníollacha céanna, agus i gcás nach dtabharfar an t-urrús sin amhlaidh ní ghlacfar aon imeachtaí eile ar an achainí agus rachaidh an achainí ar ceal, ach ní dhéanfaidh an cealú difear do dhliteanas aon duine (nó a eastát) chun costais a tabhaíodh roimhe sin a íoc.
106. (1) Rachaidh achainí ar ceal trí bhás achainígh aonair nó trí bhás an mharthanóra as líon achainíoch.
(2) Ní dhéanfaidh cealú achainí de bhua mhír (1) den Riail seo difear do dhliteanas an achainígh nó aon duine eile (nó a eastát) costais a tabhaíodh roimhe sin a íoc.
(3) Tráth ar bith laistigh de na ceithre lá dhéag díreach tar éis lá aon chealaithe den sórt sin, féadfaidh aon duine a iarraidh ar an gcúirt é a ionadú mar achainíoch agus féadfaidh an chúirt, más oiriúnach léi, é a ionadú dá réir sin, agus i gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú faoin Riail seo déanfar athbheochan ar an achainí as a aithle sin.
107. (1) Tabharfaidh an chúirt, láithreach, cóip den ordú ag cinneadh na hachainí de réir alt 17 den Acht seo do gach duine díobh seo a leanas, eadhon, aon duine a mbaineann an t-ordú lena thoghadh, an tAire, an ceann comhairimh lena mbaineann, an príomhcheann comhairimh agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
(2) Beidh cumhacht ag an gcúirt leasuithe a dhéanamh ar an bhfreagra a bheidh curtha ag ceann comhairimh chuig an bpríomhcheann comhairimh faoi na daoine a toghadh de réir mar a mheasfaidh sí is gá de dhroim chinneadh na cúirte ar achainí
108. (1) Nuair a dhearbhóidh ordú na cúirte i dtaobh achainí nár toghadh duine go cuí mar ionadaí don Tionól nó go raibh an t-iomlán nó cuid de thoghchán Tionóil ar neamhní, scoirfidh an duine lena mbaineann an dearbhú, nó aon duine a toghadh sa toghchán neamhnithe sin nó sa chuid neamhnithe sin den toghchán sin (cibé acu é), ar ala na huaire sin, de bheith ina ionadaí sa Tionól.
(2) Nuair a dhéanfaidh ordú a luaitear i mír (1) den Riail seo dearbhú go ndearnadh, in ionad aon duine ar dearbhaíodh leis an ordú nár toghadh é go cuí nó nach raibh sé cáilithe lena thoghadh faoin Acht seo don Tionól, cinntiú ar dhuine sonraithe eile a bheith tofa beidh an duine eile sin arna thoghadh ar ala na huaire sin mar ionadaí don Tionól.
109. Ní dhéanfar, ach amháin trí thoghadh na n-ionadaithe go léir don Tionól, aon ghníomh chun folúntas a líonadh ar líon na n-ionadaithe sa Tionól de bhíthin bás, nó scor mar ionadaí den sórt sin, duine a d'éag nó a d'éirigh as oifig nó a scoir ar dhóigh eile de bheith ina ionadaí sa Tionól le linn triail na hachainí ina leith a bheith ar feitheamh nó ar siúl.
110. (1) Beidh an chúirt i dteideal, dá deoin féin, ordú a thabhairt aon uair le linn achainí a bheith á triail go dtabharfar duine áirithe os comhair na cúirte agus go dtabharfaidh sé fianaise sa triail, agus nuair a ordóidh an chúirt amhlaidh áireofar mar chuid de chostais na hachainí an costas a bhain leis an duine a thabhairt os comhair na cúirte (lena n-áirítear aon airgead is iníoctha leis mar chaiteachais fhinné).
(2) Faoi réir mhír (3) den Riail seo, aon duine a nglaofar air mar fhinné i dtriail achainí, ní shaorfar é ó fhreagra a thabhairt ar aon cheist maidir le haon chion sa toghchán Tionóil iomchuí, nó i ndáil leis an toghchán sin, ar an bhforas go bhféadfadh an freagra ar an gceist é a ionchoiriú nó go dtiocfadh dó é a ionchoiriú nó ar fhorais phribhléide; ar choinníoll,
(a) go mbeidh finné a shásóidh an chúirt gur fhreagair sé go fírinneach na ceisteanna go léir a cheangail an chúirt air a fhreagairt i dteideal deimhniú a fháil ón gcúirt á rá gur fhreagair an finné amhlaidh, agus
(b) nach mbeidh freagra ó fhinné a fuair an deimhniú sin ar cheist a cuireadh sa triail ar achainí inghlactha i bhfianaise ina choinne in aon imeacht, sibhialta nó coiriúil, ach amháin i gcás aon imeacht choiriúil mar gheall ar mhionnú éithigh i leith na fianaise.
(3) Ní fhorléireofar aon ní sa Riail seo mar ní a dhéanann difear do cheart aon pháirtí in achainí chun glaoch ar aon duine mar fhinné.
111. (1) Na costais go léir, seachas na costais chun vótaí a chomhaireamh athuair faoi Riail 102 den Sceideal seo, a bhaineann nó a ghabhann le hachainí, beidh siad faoina rogha ag an gCúirt agus beidh de chumhacht aici a ordú go mbeidh na costais sin nó aon ag aon pháirtí eile den sórt sin, agus, nuair a ordófar amhlaidh costais, nó aon chuid de chostais, aon pháirtí den sórt sin a bheith le híoc ag an achainíoch. déanfaidh an chúirt, más gá, socruithe chun na costais sin a íoc, go feadh méid na suime a bheidh ainmnithe san urrús a thug an t-achainíoch, as an urrús sin nó trí bhíthin an urrúis sin.
(2) Gan dochar do mhír (1) den Riail seo, más léir leis an gcúirt, ar achainí a thriail, go ndearna aon duine nó daoine cionta toghcháin i ndáil leis an toghchán Tionóil iomchuí, féadfaidh an chúirt, tar éis caoi éisteachta a thabhairt don duine nó do na daoine sin chun cúis a shuíomh le nár cheart an t-ordú a dhéanamh, ordú a thabhairt, más oiriúnach léi é, go mbeidh an t-iomlán nó cuid de chostais uile na hachainí, seachas na costais chun vótaí a chomhaireamh athuair faoi Riail 102 den Sceideal seo, le híoc ag an duine sin, nó ag na daoine sin, nó le híoc ag duine nó daoine díobh, agus, mura féidir na costais sin a ghnóthú go hiomlán ón duine nó ó na daoine sin, féadfaidh sí ordú a thabhairt go mbeidh siad le híoc ag duine nó daoine eile díobh sin.
112. (1) Íocfar as an bPríomh-Chiste na costais agus na caiteachais eile a thabhaigh ceann comhairimh nó ceann comhairimh áitiúil nó a tabhaíodh thar a cheann i dtriail achainí.
(2) Is fiach conartha shimplí a bheidh dlite don Aire Airgeadais na costais a dhámhfar do cheann comhairimh nó do cheann comhairimh áitiúil i dtriail achainí agus, mura n-íocfar an fiach sin, féadfaidh an tAire sin é a ghnóthú in aon chúirt dlínse inniúla.
(3) Faoi réir mhír (4) den Riail seo, íocfar as an bPríomh-Chiste na costais a dhámhfar i gcoinne cheann comhairimh nó cheann comhairimh áitiúil i dtriail achainí.
(4) Nuair is deimhin leis an gcúirt go raibh an ceann comhairimh nó ceann comhairimh áitiúil faillíoch go mór ag comhlíonadh a dhualgas, féadfaidh an chúirt ordú a thabhairt go ndlífidh an t-oifigeach sin aon chostais a íoc a dhámhaigh an chúirt ina choinne.
(5) Nuair a dhéanfar ordú faoi mhír (4) den Riail seo, aon chostais a dámhadh i gcoinne oifigigh agus a íoctar as an bPríomh-Chiste beidh siad ina bhfiach a bheidh dlite don Aire Airgeadais ón oifigeach agus beidh an fiach sin, mura n-íocfar é, inghnóthaithe ag an Aire sin in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach conartha shimplí atá dlite dó.
113. (1) Ar aon chéim de thriail achainí, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, uaithi féin nó ar iarratas ó aon pháirtí san achainí, cás a shonrú chun tuairim na Cúirte Uachtaraí a fháil ar aon cheist dlí a d'éirigh sa triail.
(2) D'ainneoin aon ní sa Sceideal seo, nuair a shonrófar cás faoin Riail seo, ní chinnfidh an chúirt an achainí go dtí go mbeidh cinneadh tugtha ag an gCúirt Uachtarach agus féadfaidh sí an triail nó aon chuid den triail a chur ar atráth go dtí go mbeidh an cinneadh sin tugtha.
(3) Na costais a tabhaíodh i ndáil le cás a shonrú faoin Riail seo, is cuid iad, chun gach críche, de na costais a tabhaíodh i ndáil leis an achainí.
Cuid VI
Ginearálta
114. Duine—
(a) a bheidh i láthair le linn páipéir bhallóide a eisiúint chuig postvótálaithe, nó
(b) a bheidh i láthair le linn boscaí postbhallóide a oscailt, nó
(c) a ligfear isteach i stáisiún vótaíochta in aon cháil, nó
(d) a bheidh i láthair in aon cháil le linn chomhaireamh na vótaí, coimeádfaidh sé rúndacht na ballóide agus cuideoidh sé lena coimeád.
115. (1) Nuair nach féidir le ceann comhairimh nó le ceann comhairimh áitiúil a dhualgais go léir nó aon chuid díobh a chomhlíonadh mar gheall ar bhreoiteacht nó ar chúis réasúnach eile, ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann comhairimh nó mar cheann comhairimh áitiúil leis na dualgais sin a chomhlíonadh le linn na tréimhse nach féidir leis na dualgais sin a chomhlíonadh.
(2) Nuair a tharlóidh folúntas in oifig chláraitheora contae nó sirriam agus gur cheann comhairimh nó ceann comhairimh áitiúil sealbhóir na hoifige sin, féadfaidh an tAire, más cuí leis, duine a cheapadh chun gníomhú mar cheann comhairimh nó mar cheann comhairimh áitiúil fad a bheidh an folúntas ann.
116. (1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, más cuí leis, roimh tháillí cheann comhairimh nó cheann comhairimh áitiúil a íoc faoi alt 14 den Acht seo, a iarraidh ar bhreitheamh den Chúirt Chuarda ag a bhfuil dlínse sa toghlach áirithe an cuntas ón gceann comhairimh nó ón gceann comhairimh áitiúil (agus é san fhoirm a ordóidh an tAire Airgeadais) a fhómhas agus déanfaidh an breitheamh sin an cuntas sin a fhómhas agus cinnfidh sé an tsuim is iníoctha faoi.
(2) Má iarrann ceann comhairimh nó ceann comhairimh áitiúil airleacan i gcuntas a tháillí, féadfaidh an tAire Airgeadais, más cuí leis, an t-airleacan sin a thabairt ar cibé téarmaí is cuí leis.
(3) Nuair a bheidh cuntas cheann comhairimh nó cheann comhairimh áitiúil á fhómhas faoin Riail seo, féadfar a áireamh ann, má ordaíonn an breitheamh é ar iarratas ón oifigeach sin, cinneadh ar mhéid aon éilimh a rinne aon duine i gcoinne an oifigigh sin maidir le haon ábhar a cuireadh faoi mhuirear sa chuntas sin.
117. Aon fhógra poiblí a cheanglaítear leis an Acht seo a thabhairt, féadfar é a thabhairt ar aon mhodh a mheasfaidh an ceann comhairimh nó an ceann comhairimh áitiúil áirithe a bheith riachtanach nó inmhianaithe chun aird an phobail a tharraingt ar an ábhar a gceanglaítear é a fhógairt amhlaidh.
118. (1) Féadfaidh an tAire, aon uair is cuí leis é, treoracha i dtaobh stiúradh toghcháin Tionóil (lena n-áirítear oscailt na mboscaí ballóide agus imeachtaí dá dhroim sin) a eisiúint chuig gach uile cheann comhairimh nó cheann comhairimh áitiúil, nó chuig aon duine díobh, de réir mar a mheasfaidh sé a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun a áirithint go ndéanfar an toghchán a stiúradh go réidh agus go héifeachtach agus chun comhionannas sa nós imeachta ina leith a chur in áirithe i ngach toghlach.
(2) Faoi réir mhír (3) den Riail seo, beidh de dhualgas ar gach ceann comhairimh nó ceann comhairimh áitiúil na treoracha go léir a thabharfaidh an tAire dó a urramú agus a chomhlíonadh.
(3) Ní bheidh de cheangal ar aon cheann comhairimh nó ceann comhairimh áitiúil, ná d'údarás aige, le haon treoir a thabharfaidh an tAire dó faoin Riail seo, aon ní a dhéanamh (trí ghníomh ná trí neamhghníomh) atá contrártha don Acht seo, nó a sháródh rúndacht na ballóide, go díreach nó go neamhdhíreach.
119. Measfar gach toghlach a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis Acht seo a bheith arna roinnt, chun an vótaíocht a thógáil i dtoghchán Tionóil, i gceantair vótaíochta is ionann agus na ceantair vótaíochta a bhfuil an limistéar a shonraítear sa dara colún den Sceideal sin i leith gach toghiach díobh sin arna roinnt de thuras na huaire chun críche toghcháin Dála agus na háiteanna a bheidh ceaptha de thuras na huaire mar áiteanna vótaíochta i ngach ceantar vótaíochta díobh sin chun críche toghcháin Dála, is iad sin is áiteanna vótaíochta chun an vótaíocht a thógáil i dtoghchán Tionóil. Sa Sceideal seo déanfar tagairtí do cheantair vótaíochta agus d'áiteanna vótaíochta a fhorléiriú dá réir sin.
120. (1) Sa Sceideal seo—
tá le “páipéar ballóide” an bhrí a shanntar dó le Riail 22 (1);
tá le “deimhniú cleamhnachta polaitíochta” an bhrí a shanntar dó le Riail 4 (4);
tá le “forchlúdach” an bhrí a shanntar dó le Riail 26 (3);
ciallaíonn “lá eisiata” lá is Domhnach, Lá Nollag, Aoine an Chéasta nó lá saoire bainc nó lá is lá saoire poiblí de bhua reachta nó forógra;
tá le “Fógra Toghcháin” an bhrí a shanntar dó le Riail 2;
tá le “fógra vótaíochta” an bhrí a shanntar dó le Riail 21;
tá le “marc oifigiúil” an bhrí a shanntar dó le Riail 23 (1);
tá le “gníomhaire pearsanaíochta” an bhrí a shanntar dó le Riail 16 (4);
tá le “bosca postbhallóide” an bhrí a shanntar dó le Riail 27 (1);
tá le “an cuóta” an bhrí a shanntar dó le Riail 60 (1).
(2) Déanfar tagairtí sa Sceideal seo do cheantaír vótaíochta agus do áiteanna vótaíochta a fhorléiriú ag féachaint do Riail 119.
AN DARA SCEIDEAL
Toghlaigh
Ainm | Limistéar | Líon na nIonadaithe | ||
Baile Átha Cliath | .. | Contae riaracháin Bhaile Átha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath | Ceathrar | |
Connachta-Ulaidh | .. | Na contaetha riaracháin seo a leanas: An Cabhán, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin agus Sligeach. | Triúr | |
Laighin | .. | .. | Na contaetha riaracháin seo a leanas: Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, an Longfort, Lú, an Mhí, Uibh Fhailí, an Iarmhí, Loch Garman agus Cill Mhantáin | Triúr. |
An Mhumhain | .. | Na contaetha riaracháin seo a leanas: An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann (An Trian Thuaidh), Tiobraid Árann (An Trian Theas) agus Port Láirge; agus na contae-bhuirgí seo a leanas: Corcaigh, Luimneach agus Port Láirge. | Cúigear. | |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Acht na gComhphobal Eorpach. 1972 | |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 1851, c. 93. |