Uimhir 19 de 1963.
AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963.
[An tiontú oifigiúil]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht Toghcháin, 1963, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú, nó le horduithe, ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh críocha éagsúla agus forálacha éagsúla de chuid an Achta seo.
(3) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1961, maraon le Cuid I, II, III agus VIII den Acht seo, agus leis an gCéad agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(4) Féadfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1963, a ghairm d'Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1960, maraon le Cuid I, IV agus VIII den Acht seo agus leis an gCéad agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(5) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1963, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1960, maraon le Cuid I, V agus VIII den Acht seo agus leis an gCéad agus an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
Léiriú i gcoitinne.
2.—(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.
(2) Ach amháin sa mhéid go n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don Acht sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.
Aisghairm.
3.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm an méid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.
CUID II.
Toghchóras agus Clárú.
Léiriú agus forléiriú (Cuid II agus III agus an Dara Sceideal).
4.—(1) Sa Chuid seo agus i gCuid III den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923.
(2) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1961, agus an Chuid seo agus Cuid III den Acht seo agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
An toghchóras.
5.—(1) Beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir Dála i ndáilcheantar má tá bliain agus fiche slán aige agus go raibh sé, ar an dáta cáilitheach—
(a) ina shaoránach d'Éirinn, agus
(b) ina ghnáthchónaí sa dáilcheantar sin.
(2) (a) Beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil i dtoghlimistéar áitiúil má tá bliain agus fiche slán aige agus—
(i) go raibh sé, ar an dáta cáilitheach, ina ghnáthchónaí sa limistéar sin, nó
(ii) go raibh sé, ar feadh iomlán na tréimhse sé mhí dar críoch an dáta cáilitheach ag áitiú aon talamh nó áitreabh sa limistéar sin, mar úinéir nó mar thionónta.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo—
(i) i gcás beirt nó níos mó a bheith ag áitiú talamh nó áitreabh i gcomhpháirt, áireofar gach duine acu sin mar dhuine atá ag áitiú an talaimh nó an áitribh, faoi réir an choinníll nach mbeidh níos mó ná beirt i dteideal a gcláraithe i leith an talaimh nó an áitribh chéanna, mura rud é go bhfuil a ngairm, a dtrádáil nó a ngnó á dhéanamh ar an talamh nó san áitreabh acu mar chomhpháirtithe bona fide,
(ii) ní mheasfar áitiú tí cónaithe a bheith briste ar an aonchúis gur tugadh cead, trína ligean nó ar shlí eile, chun an teach cónaithe a bheith á áitiú mar theach cónaithe troscánaithe ag duine éigin eile ar feadh cuid nó codanna den tréimhse cháilitheach nárbh fhaide ná ceithre mhí san iomlán.
(c) Más rud é, le haghaidh clárú mar thoghthóir rialtais áitiúil i gcontae, i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i gceantar uirbeach nó i mbaile, go bhfuil níos mó ná maoin amháin (is é sin le rá, talamh nó aitreabh) ag duine—
(i) féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná an lá deiridh chun éileamh a dhéanamh ar chlárú, an ceann ar mian leis é a chlárú ina leith a ainmniú trí fhógra a thabhairt don údarás clárúcháin, agus seoladh gach ceann de na maoine agus an chinn ar mian leis é a chlárú ina leith a lua, agus clárófar é dá réir sin;
(ii) mura ndéanfaidh sé ainmniú amhlaidh agus gur ceann de na maoine is áit chónaithe dó agus gur i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i gceantar uirbeach nó i mbaile atá a suíomh, clárófar é i leith a áit chónaithe;
(iii) in aon chás eile, clárófar é i leith cibé ceann de na maoine a chinnfidh an t-údarás clárúcháin.
(d) Déanfaidh an t-údarás clárúcháin cibé athruithe agus ceartuithe is dóigh leo is gá sa dréacht-chlár—
(i) chun a áirithiú nach gclárófar duine ar bith níos mó ná uair amháin mar thoghthóir rialtais áitiúil i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i gceantar uirbeach ná i mbaile, ná i gcontae riaracháin taobh amuigh d'aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile ann, agus
(ii) ag féachaint do mhír (c) den fho-alt seo.
(e) San fho-alt seo—
ciallaíonn “limistéar toghcháin áitiúil” limistéar nó aon cheann de na limistéir (de réir mar is cuí) ar dá réir a dhéantar toghchán áitiúil;
ciallaíonn “toghthóir rialtais áitiúil” duine atá i dteideal vótála i dtoghchán áitiúil.
(3) (a) Más rud é, tráth nach déanaí ná an lá deiridh chun éileamh a dhéanamh ar chlárú, go ndéanfaidh toghthóir atá ina chomhalta lánaimsire d'Óglaigh na hÉireann ráiteas i dtaobh an áitribh a mbeadh sé, murach a sheirbhís, ina ghnáthchónaí ann ar an dáta cáilitheach a thabhairt d'údarás clárúcháin an limistéir chlárúcháin ina bhfuil an t-áitreabh sin, déanfar, cheal fianaise ar a mhalairt, an ráiteas a ghlacadh mar ráiteas ceart agus clárófar é i leith an áitribh sin.
(b) (i) San fho-alt seo ciallaíonn “comhalta lánaimsire d'Óglagh na hÉireann”—
(I) comhalta de na Buan-Óglaigh, nó
(II) oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca atá ar fostú go leanúnach ar seirbhís nó dualgas míleata i rith tréimhse a bheidh forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buanseirbhís, nó i rith tréimhse a bheidh cúltacairí gairthe amach ar buanseirbhís faoi alt 88 den Acht Cosanta, 1954, nó
(III) cúltacaire a gaireadh amach ar buanseirbhís.
(ii) San fhomhír sin roimhe seo tá le “na Buan-Óglaigh”, “oifigeach”, “na hÓglaigh Cúltaca”, “forógra á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buanseirbhís” agus “cúltacaire” na bríonna atá leo faoi seach san Acht Cosanta, 1954.
(4) Chun críocha an ailt seo—
(a) ní mheasfar gnáthchónaí a bheith tugtha suas ag duine má tá ar intinn aige cónaí a dhéanamh athuair laistigh d'ocht mí dhéag tar éis dó é a thabhairt suas,
(b) má fhaightear ráiteas i scríbhinn ó dhuine go bhfuil ar intinn aige cónaí a dhéanamh athuair laistigh d'ocht mí dhéag tar éis é a thabhairt suas, ansin, cheal fianaise ar a mhalairt, beidh sin ina fhianaise dhochloíte ar an ní sin.
(5) Más rud é—
(i) ar an dáta cáilitheach, go mbeidh duine ina othar nó ina iostaí in aon ospidéal, sanatóir, teaghlach contae, teaghlach do lucht míchumais choirp nó mheabhrach nó in aon fhoras dá samhail sin nó go mbeidh sé á choinneáil in aon áitreabh faoi choimeád dlíthiúil, agus
(ii) i gcás duine a bheidh ina othar nó ina iostaí den sórt sin—
(I) nach duine é atá ar fostú san ospidéal, sa sanatóir, sa teaghlach contae, sa teaghlach do lucht míchumais choirp nó mheabhrach nó san fhoras dá samhail sin agus atá ina chónaí ann chun críocha na fostaíochta sin, ná
(II) nach duine é a bheidh, i dtuairim an údaráis chlárúcháin, ina othar nó ina iostaí amhlaidh ar feadh tréimhse éiginnte,
measfar chun críocha an ailt seo é a bheith ina chónaí san áit a mbeadh sé ina chónaí ann murach é a bheith ina othar nó ina iostaí den sórt sin nó é a bheith á choinneáil amhlaidh faoi choimeád dlíthiúil.
(6) (a) Is é is dáta cáilitheach do gach clár toghthóirí cibé dáta a shonrófar le rialacháin ón Aire.
(b) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é is aois do dhuine an aois a bheidh ag an duine sin ar cibé dáta a shonrófar le rialacháin ón Aire.
(c) Nuair a bheartófar rialacháin a dhéanamh ag sonrú an dáta dá dtagraítear i mír (a) nó i mír (b) den fho-alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu.
Clár na dtoghthóirí.
6.—(1) Déanfar clár de réir limistéar clárúcháin, arb é a bheidh iontu contaetha agus contae-bhuirgí riaracháin, a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain de dhaoine a bhí i dteideal a gcláraithe mar thoghthóirí ar an dáta cáilitheach, agus sa mhéid go mbainfidh sé le toghthóirí Dála is é an clár sin clár na dtoghthóirí Dála, agus sa mhéid go mbainfidh sé le daoine a bheidh i dteideal vótála i dtoghcháin áitiúla is é clár na dtoghthóirí rialtais áitiúil é.
(2) Tiocfaidh gach clár toghthóirí i bhfeidhm ar cibé dáta a shonrófar le rialacháin ón Aire agus fanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an lá roimh dháta an chéad chláir eile a theacht i bhfeidhm.
(3) Nuair a bheartófar rialacháin a dhéanamh ag sonrú an dáta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu.
Dualgais chlárúcháin.
7.—(1) Beidh de dhualgas ar gach comhairle contae agus ar gach bardas contae-bhuirge clár na dtoghthóirí a ullmhú agus a fhoilsiú de réir rialachán a dhéanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, agus forléireofar dá réir sin tagairtí sa Chuid seo den Acht seo don údarás clárúcháin.
(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:
(a) soláthar liostaí i bhfoirm dréacht-chláir le haghaidh a mbuirgí agus a gceantar uirbeach ag bardais bhuirgí nach contae-bhuirgí agus ag comhairlí ceantar uirbeach do chomhairlí na gcontaetha ina bhfuil na buirgí agus na ceantair uirbeacha sin,
(b) comharthú a dhéanamh i ndréacht-chláir, i liostaí éilitheoirí agus i gcláir thoghthóirí, ar dhaoine atá ina ngiúróirí, agus sonrú a dhéanamh iontu ar na háiteanna a mbeidh sé le taispeáint gur giúróirí iad ina leith,
(c) éilimh agus agóidí a dhéanamh chun cláraitheoirí contae, agus a chinneadh acu, i dtaobh taifeadadh ainmneacha i ndréacht-chláir,
(d) ionadaithe do na cláraitheoirí sin a cheapadh,
(e) an cinneadh maidir leis na héilimh agus na hagóidí sin a chur in iúl don údarás clárúcháin lena mbainfidh,
(f) foirm dhréacht-chláir agus chláir na dtoghthóirí,
(g) na fiosruithe a bheidh le déanamh ag na húdaráis chlárúcháin,
(h) dáta foilsithe chláir na dtoghthóirí,
(i) faillí i gcláir na dtoghthóirí a fhoilsiú,
(j) na táillí a bheidh ar chóipeanna de dhréacht-chláir agus de chláir na dtoghthóirí,
(k) sonrú na ndátaí ionaid dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo.
(3) Má cheanglaítear go cuí ar aon duine de bhun rialachán faoin alt seo, aon eolas a bheidh aige agus a theastóidh ón údarás clárúcháin, nó ón gcláraitheoir contae, chun críocha a ndualgas, a thabhairt uaidh agus nach dtabharfaidh sé an t-eolas sin nó go dtabharfaidh sé eolas bréagach, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.
(4) Taifeadfar toghthóir ar liosta na bpost-vótálaithe más rud é:
(a) gur comhalta den Gharda Síochána é, nó
(b) gur comhalta lánaimsire d'Óglaigh na hÉireann é (mar a mhínítear i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 5 den Acht seo).
(5) Cinnteoidh an t-údáras clárúcháin, laistigh de cibé tréimhse i ndiaidh foilsiú chlár na dtoghthóirí a shonrófar le rialacháin faoin alt seo, an bhfuil gá le haon cheartuithe i gclár na dtoghthóirí mar gheall ar earráidí cléireachais nó clódóireachta, agus, má chinntítear gur gá aon cheartuithe den sórt sin, foilseoidh an t-údarás clárúcháin liosta díobh laistigh den tréimhse sin agus measfar gur cuid de chlár na dtoghthóirí an liosta.
(6) In ionad gach tagairt do dháta atá i bhfo-alt (1) d'alt 13, i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 15 agus i bhfo-alt (2) d'alt 16 d'Acht na nGiúirithe, 1927, cuirfear tagairt do cibé dáta a sonrófar le rialacháin faoin alt seo é a bheith á chur ina ionad.
(7) I bhfo-alt (6) d'alt 40 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926, cuirfear “faoi na rialacháin a bheidh déanta de bhun alt 7 den Acht Toghcháin, 1963” in ionad na bhfocal go léir ó “mar oifigeach clárathachta” go dtí deireadh an fho-ailt.
(8) Ní thaifeadfar duine ar bith mar ghiúróir níos mó ná uair amháin i gclár na dtoghthóirí do limistéar clárúcháin.
(9) (a) Bhéarfaidh an tAire go ndéanfar an chlódóireacht go léir is gá chun críocha clárúcháin ar cibé modh is cuí leis.
(b) Áiritheoidh an tAire, trí shocruithe a dhéanfar le ceadú an Aire Airgeadais, go mbeidh an costas iomlán a bhainfidh le hullmhú agus foilsiú chlár na dtoghthóirí le híoc i gcionúireachtaí atá gairid do bheith comhionann ag an Stát agus ag údaráis chlárúcháin.
(10) (a) Aon duine a dhéanfaidh, gan údarás dleathach, díothú nó ciorrú, go toiliúil, ar aon fhógra, dréachtchlár, cóip de chlár na dtoghthóirí nó doiciméad eile a bheidh curtha ar fáil le haghaidh iniúchadh poiblí i ndáil le hullmhú chlár na dtoghthóirí, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.
(b) Féadfaidh an t-údarás a chuir faoi deara an fógra, an dréacht-chlár, an chóip de chlár na dtoghthóirí nó an doiciméad eile a chur ar fáil le haghaidh iniúchadh poiblí ionchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo.
(11) Déanfar tagairt in aon achtachán do liostaí na dtoghthóirí a fhorléiriú mar thagairt don dréacht-chlár a ullmhaíodh chun críocha an ailt seo.
(12) Nuair a bheartófar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu.
Achomhairc.
8.—(1) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne aon chinneadh a tugadh ar aon éileamh nó agóid a breithníodh faoi na rialacháin faoi alt 7 den Acht seo.
(2) Beidh fo-alt (1) den alt seo faoi réir an choinníll nach bhféadfar aon achomharc a dhéanamh i gcás nár bhain éilitheoir nó agóideoir leas as deis a thabharfar sna rialacháin faoi alt 7 den Acht seo chun a éileamh nó a agóid a chur faoi chinneadh ar an gcéad ásc ag an údarás a shonrófar chuige sin sna rialacháin.
(3) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar aon phonc dlí i gcoinne breithe a thug an Chúirt Chuarda ar aon achomharc den sórt sin, ach, taobh amuigh den chás réamhráite, ní fhéadfar aon achomharc a dhéanamh i gcoinne aon bhreithe den sórt sin.
(4) Ní rachaidh sé chun dochair do cheart vótála aon duine a mbeidh a ainm ar chlár na dtoghthóirí de thuras na huaire aon achomharc faoin alt seo a bheith ar feitheamh, agus beidh aon vóta a thabharfar de bhun an chirt sin chomh bailí is dá mba nach raibh aon achomharc den sórt sin ar feitheamh, agus ní dhéanfaidh an bhreith a thabharfar ina dhiaidh sin ar an achomharc aon difir dó
(5) Ní dhéanfaidh sé difir do cháilíocht nó dliteanas achomharcóra chun fónamh mar ghiúróir achomharc faoin alt seo a bheith ar feitheamh.
(6) Cuirfear fógra chuig an údarás clárúcháin sa tslí a fhoráiltear le rialacha cúirte faoi bhreith na Cúirte Cuarda nó na Cúirte Uachtaraí ar aon achomharc faoin alt seo, agus déanfaidh an t-údarás clárúcháin cibé athruithe i gclár na dtoghthóirí a mbeidh gá leo chun éifeacht a thabhairt don bhreith.
CUID III.
Stiúradh agus Costais Toghchán Dála.
Caibidil I.
Ginearálta.
“Olltoghchán”, “Corrthoghchán” agus “lá eiscthe”.
9.—(1) Déantar leis seo alt 65 den Phríomh-Acht a leasú trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “Toghchán Ginearálta”agus “Toghchán Corra”:
“Ciallaíonn an abairt ‘Olltoghchán’ olltoghchán do chomhaltaí don Dáil a dhéanfar de réir fho-alt 2° d'alt 3 d'Airteagal 16 den Bhunreacht;
ciallóidh an abairt ‘Corrthoghchán’ toghchán do chomhalta don Dáil chun folúntas a líonadh a tharla toisc duine a scor de bheith ina chomhalta den Dáil ar dhóigh seachas de chionn an Dáil a lanscor;”.
(2) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “lá eiscthe” aon lá dá sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 60 den Phríomh-Acht mar laethanta nach bhfuil le háireamh.
An ré is faide don Dáil.
10.—Ní bheidh de ré ag aon Dáil ach cúig bliana ó lá a céadtionóil.
Cinn chomhairimh agus cinn chomhairimh chúnta, leaschinn chomhairimh agus cinn chomhairimh ghníomhacha.
11.—(1) Is é is ceann comhairimh do dháilcheantar—
(a) i gcás an dáilcheantar go léir a bheith i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil sirriam ann dó—an sirriam,
(b) i gcás cuid den dáilcheantar a bheith i gcontae-bhuirg agus cuid de i gcontae agus go bhfuil sirriam ann don chontae-bhuirg agus sirriam ann don chontae—cibé duine de na sirriamacha a cheapfaidh an tAire ó am go ham,
(c) in aon chás eile—an cláraitheoir contae nó, i gcás ina bhfuil cláraitheoir contae amháin ann do chuid den dáilcheantar agus cláraitheoir contae eile ann do chuid eile nó cláraitheoirí contae eile ann do chodanna eile, cibé duine de na cláraitheoirí contae a cheapfaidh an tAire ó am go ham.
(2) (a) I gcás nach é atá i ndáilcheantar an t-iomlán nó cuid de chontae nó de chontae-bhuirg, féadfaidh an ceann comhairimh an t-oifigeach iomchuí a cheapadh chun bheith ina cheann comhairimh cúnta do chuid den dáilcheantar.
(b) Ní foláir an chumhacht a thugtar leis an mír sin roimhe seo a fheidhmiú má ordaíonn an t-oifigeach iomchuí í a fheidhmiú.
(c) San fho-alt seo ciallaíonn “an t-oifigeach iomchuí” an cláraitheoir contae don chontae nó don chontaebhuirg ina bhfuil cuid den dáilcheantar nó, má tá sirriam ann don chontae nó don chontae-bhuirg, an sirriam sin.
(3) Más é an t-aon duine amháin is ceann comhairimh do dhá dháilcheantar nó níos mó, a mbeidh toghchán iomaidh i ngach ceann acu san am céanna, déanfaidh sé—
(a) más dhá cheann agus nach mó ná sin de na dáilcheantair sin atá ann, leas-cheann comhairimh a cheapadh, i leith ceann acu, chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh,
(b) in aon chás eile, leas-cheann comhairimh a cheapadh, i leith gach ceann de na dáilcheantair (ach ceann amháin), chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh,
agus féadfaidh sé a áireamh sa cheapachán sin, más cuí leis é, ceapachán chun páipéir ainmniúcháin a ghlacadh.
(4) Ní cheapfar duine faoi fho-alt (3) den alt seo mura mbeidh an ceapachán ceadaithe ag an Aire.
(5) Má tharlaíonn folúntas in oifig chláraitheora contae nó shirriam agus gur cheann comhairimh a bhí i seilbh na hoifige, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, duine a cheapadh chun gníomhú mar cheann comhairimh fad a bheidh an folúntas sin ann.
(6) Más rud é nach mbeidh ar chumas an cheann comhairimh, mar gheall ar bhreoiteacht nó ar chúis réasúnach eile, gach ceann nó aon cheann dá dhualgais a chomhlíonadh, ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann comhairimh chun na dualgais sin a chomhlíonadh fad a mhairfidh an neamhchumas.
(7) Comhlíonfaidh ceann comhairimh cúnta, sa chuid den dáilcheantar dar ceapadh é, na dualgais sin de chuid an cheann comhairimh don dáilcheantar nach gceanglaítear ar an gceann comhairimh sin, le dlí, iad a chomhlíonadh go pearsanta, ach má éiríonn aon amhras i dtaobh dualgas cheann comhairimh chúnta, is é an tAire a chinnfidh an t-amhras.
(8) Déanfar aon tagairt san alt seo do chontae a fhorléiriú mar thagairt do chontae riaracháin.
(9) Na tagairtí atá sna hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1963, do chinn chomhairimh, folóidh siad, nuair is iomchuí é, tagairtí do chinn chomhairimh chúnta, do leas-chinn chomhairimh agus do chinn chomhairimh ghníomhacha.
(10) Aon cheapachán a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo faoi mhír (b) nó mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Toghcháin (Leasú), 1961 (a aisghairtear leis an Acht seo), measfar gur ceapachán faoi mhír (b) nó mír (c) (de réir mar is iomchuí) d'fho-alt (1) den alt seo é.
Eascairí a chur amach agus a fhreagairt.
12.—(1) Nuair a lánscoirfear an Dáil, déanfaidh Cléireach Dháil Éireann, díreach tar éis an Forógra ag lánscor na Dála a eisiúint, eascaire a chur amach chuig gach ceann comhairimh do dháilcheantar á ordú dó toghchán a chur á dhéanamh do líon iomlán na gcomhaltaí den Dáil atá le fónamh sa Dáil don dáilcheantar sin.
(2) Nuair a tharlóidh folúntas i gcomhaltas na Dála toisc duine a scor de bheith ina chomhalta ar dhóigh seachas de chionn an Dáil a lánscor, déanfaidh Cathaoirleach Dháil Éireann (nó mura feidir leis, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, a dhualgais a chomhlíonadh, déanfaidh Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann), a luaithe a ordóidh an Dáil dó é, ordú a thabhairt do Chléireach Dháil Éireann eascaire a chur amach chuig an gceann comhairimh don dáilcheantar ar tharla an folúntas ina ionadaíocht á ordú don cheann comhairimh toghchán a chur á dhéanamh do chomhalta den Dáil chun an folúntas a luafar san eascaire a líonadh.
(3) Má tharlaíonn aon uair go mbeidh dhá fholúntas nó níos mó in ionadaíocht aon dáilcheantair sa Dáil agus go n-ordófar do Chléireach Dháil Éireann ar an lá céanna eascairí a chur amach chun comhaltaí a thoghadh chun gach ceann nó níos mó ná ceann amháin de na folúntais a líonadh, ní chuirfidh Cléireach Dháil Éireann ach an t-aon eascaire amháin amach chuig an gceann comhairimh don dáilcheantar agus ordóidh sé dó leis an eascaire aon toghchán amháin a chur á dhéanamh chun na folúntais go léir a luafar san eascaire a líonadh in ionadaíocht an dáilcheantair, agus dá réir sin cuirfidh an ceann comhairimh aon toghchán amháin á dhéanamh chun comhaltaí den Dáil a thoghadh chun na folúntais go léir a luafar san eascaire a líonadh.
(4) (a) Déanfar an freagra faoi thoghadh comhalta nó comhaltaí chun fónamh sa Dáil a thabhairt trí dheimhniú faoi láimh an cheann comhairimh ar a ainm nó ar a n-ainmneacha a fhormhuiniú ar an eascaire don dáilcheantar a bheidh i gceist.
(b) Déanfaidh an ceann comhairimh, a luaithe is féidir tar éis toradh an toghcháin a chinntiú, an freagra a sheachadadh do Chléireach Dháil Éireann, agus chuige sin, féadfaidh sé, más cuí leis é, é a chur chun bealaigh leis an bpost cláraithe.
(c) Déanfar freagra a chuirfear chun bealaigh amhlaidh a sheoladh ar aghaidh chuig Cléireach Dháil Éireann saor in aisce leis an bpost is luaithe a fhónfaidh.
(5) Nuair a mheasfar de bhua alt 14 den Acht seo Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig de réir bhrí an ailt sin a bheith tofa ina chomhalta den Dáil in olltoghchán—
(a) déanfar an eascaire a chuirfear amach chuig an gceann comhairimh don dáilcheantar a measfar amhlaidh é a bheith tofa dó a fhoclú ar dhóigh go n-ordóidh sé don cheann comhairimh toghchán a chur á dhéanamh do líon is lú de chomhalta amháin ná lánlíon na gcomhaltaí den Dáil don dáilcheantar;
(b) nuair a eiseofar an eascaire, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, cuirfidh Cléireach Dháil Éireann chuig an gceann comhairimh agus foilseoidh sé san Iris Oifigiúil deimhniú á dheimhniú nár chraol an Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig don Dáil sular lánscoireadh í nár mhian leis go ndéanfaí comhalta den Dáil de san olltoghchán a leanfadh as an lánscor;
(c) déanfaidh an ceann comhairimh, san fhógra poiblí a thabharfaidh sé faoi Riail 43 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ainm an Chathaoirligh ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig a áireamh ar ainmneacha na n-iarrthóirí a toghadh don dáilcheantar.
(6) Is san fhoirm a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh eascaire a chuirfear amach faoin alt seo, agus cuirfear chun bealaigh í leis an bpost cláraithe chuig an gceann comhairimh agus cuirfear ar aghaidh í saor in aisce leis an bpost is luaithe a fhónfaidh, agus déanfaidh an ceann comhairimh, tar éis dó an eascaire a fháil, admháil a thabhairt láithreach, trí theileagram, go bhfuair sé í.
(7) Má bhíonn agus fad a bheidh oifig Chléireach Dháil Éireann folamh nó sealbhóir na hoifige sin gan bheith i gcumas a dhualgais a chomhlíonadh, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, déanfaidh Leas-Chléireach Dháil Éireann dualgais Chléireach Dháil Éireann faoin alt seo.
Clár na bPáirtithe Polaitíochta.
13.—(1) (a) An duine a bheidh de thuras na huaire i seilbh oifig Chléireach Dháil Éireann, is é is Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta chun críocha an ailt seo.
(b) Má bhíonn agus fad a bheidh oifig Chléireach Dháil Éireann folamh nó sealbhóir na hoifige sin gan bheith i gcumas a dhualgais a chomhlíonadh, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, gníomhóidh Leas-Chléireach Dháil Éireann mar Chláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta chun críocha an ailt seo.
(c) Sna fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo, ciallaíonn “an Cláraitheoir” Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta chun críocha an ailt seo nó Leas-Chléireach Dháil Éireann ag ghníomhú dó mar Chláraitheoir den sórt sin (cibé acu is iomchuí).
(2) Ullmhóidh agus coimeádfaidh an Cláraitheoir clár (dá ngairfear Clár na bPáirtithe Polaitíochta) ina gcláróidh sé, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, aon pháirtí polaitíochta—
(a) a iarrfaidh air é a chlárú, agus
(b) ar dóigh leis—
(i) gur páirtí polaitíochta fíorcheart é, agus
(ii) go bhfuil sé eagraithe chun dul san iomaidh i dtoghchán Dála nó i dtoghchán áitiúil.
(3) Taifeadfar na sonraí seo a leanas i gClár na bPáirtithe Polaitíochta i dtaobh páirtí polaitíochta a chlárófar ann:
(a) ainm an pháirtí,
(b) seoladh cheannoifig an pháirtí,
(c) ainm nó ainmneacha an oifigigh nó na n-oifigeach don pháirtí atá údaraithe chun deimhnithe a shíniú ag fíordheimhniú iarrthóireacht iarrthóirí an pháirtí i dtoghcháin.
(4) Go díreach tar éis dó Clár na bPáirtithe Polaitíochta a chur ar bun, déanfaidh an Cláraitheoir na páirtithe a mbeidh ionadaíocht acu sa Dáil an tráth sin a chlárú ann faoi na hainmneacha ar dá réir a aithnítear iad go coitianta agus comhlánfaidh sé gach clárú den sórt sin trí na sonraí dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (3) den alt seo a chur isteach nuair a inseofar dó iad.
(5) Ní chlárófar páirtí polaitíochta i gClár na bPáirtithe Polaitíochta más rud é—
(a) gurb ionann a ainm agus ainm aon pháirtí atá cláraithe cheana i gClár na bPáirtithe Polaitíochta nó go bhfuil sé, i dtuairim an Chláraitheora, chomh cosúil leis an ainm sin gur dóigh dó daoine a chur ar míthreo nó ar mearbhall nó a mheabhlú;
(b) go bhfuil a ainm rófhada, i dtuairim an Chláraitheora, nó
(c) i gcás páirtí nach bhfeidhmíonn ach i leith cuid áirithe den Stát, nach bhfuil ina ainm tagairt don chuid sin de shaghas a léireodh, i dtuairim an Chláraitheora, go bhfuil an páirtí ag feidhmiú amhlaidh.
(6) Aon pháirtí polaitíochta a bheidh cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, cuirfidh sé in iúl ó am go ham don Chláraitheoir ainm nó ainmneacha an oifigigh nó na n-oifigeach dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (3) den alt seo.
(7) Fiafróidh an Cláraitheoir, maidir le gach páirtí a bheidh cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, uair sa bhliain ar a laghad, trí litir a chuirfear leis an bpost chuig oifigeach don pháirtí dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (3) den alt seo, an dteastaíonn ón bpáirtí fanacht faoi chlárú, agus mura bhfaighidh sé freagra dearfach ar an bhfiafraí sin laistigh de lá is fiche ón dáta a cuireadh an litir ina raibh an fhiafraí sin sa phost, cealóidh sé clárú an pháirtí a bheidh i gceist.
(8) (a) Cinnfidh bord achomhairc aon amhras, díospóid nó ceist a éireoidh i ndáil le Clár na bPáirtithe Polaitíochta.
(b) Is iad a bheidh ar an mbord achomhairc Breitheamh den Ard-Chúirt (a ainmneofar ag Uachtarán na hArd-Chúirte), a bheidh ina chathaoirleach air, Cathaoirleach Dháil Éireann (nó, sa chás nach féidir leis, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, a dhualgais a chomhlíonadh, Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann) agus Cathaoirleach Sheanad Éireann (nó, sa chás nach féidir leis, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, a dhualgais a chomhlíonadh, Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann).
(c) Déanfaidh an Cláraitheoir de réir an chinneadh a thabharfaidh an bord achomhairc.
(9) An tríú lá (gan aon lá eiscthe a chur san áireamh) i ndiaidh an lae a cuireadh eascaire nó eascairí amach faoi alt 12 den Acht seo, cuirfidh an Cláraitheoir cóip de Chlár na bPáirtithe Polaitíochta chuig an gceann comhairimh nó chuig gach ceann comhairimh.
(10) Íocfaidh an tAire Airgeadais leis an gCláraitheoir, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim na muirear réasúnach a bheidh air, gan dul thar cibé suim a bheidh ceadaithe ag an Aire sin, i leith chomhlíonadh a dhualgas faoin alt seo ag an gCláraitheoir.
Atoghadh Chathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig.
14.—(1) Nuair a lánscoirfear an Dáil agus nach mbeidh an Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig tar éis a chraoladh don Dáil roimh an lánscor nach mian leis go ndéanfaí comhalta den Dáil de san olltoghchán a leanfaidh as an lánscor measfar, gan é a dhul faoi thoghadh, é a bheith tofa san olltoghchán sin, ina chomhalta den Dáil—
(a) don dáilcheantar dár chomhalta den Dáil é díreach roimh an lánscor, nó
(b) má thagann athmheas dáilcheantar i bhfeidhm ar an Dáil a lánscor, don dáilcheantar a dearbhaíodh san athmheas sin a bheith ar comhréir leis an dáilcheantar a luaitear sa mhír sin roimhe seo.
(2) Nuair a mheasfar de bhua an ailt seo Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig a bheith tofa in olltoghchán ina chomhalta den Dáil do dháilcheantar áirithe, beidh an líon comhaltaí a thoghfar de chionn iad a dhul faoi thoghadh san olltoghchán sin don dáilcheantar sin níos lú de chomhalta amháin ná mar ba ghá murach sin.
(3) San alt seo ciallaíonn “Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig” duine a bhí, díreach roimh lánscor na Dála a n-úsáidtear an abairt ina leith, ina Chathaoirleach ar Dháil Éireann.
Foirmeacha áirithe a shonrú le rialacháin.
15.—(1) Féadfaidh an tAire na foirmeacha a ainmnítear i bhfo-alt (2) den alt seo a shonrú, le rialacháin, agus, i gcás aon rialacháin den sórt sin a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh gach foirm a shonrófar leo arna cur sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht in ionad na foirme comhréire a shonraítear sa Sceideal sin.
(2) Is iad foirmeacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo na foirmeacha seo a leanas i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
(a) foirm 4 (fógra toghcháin),
(b) foirm 5 (páipéar ainmniúcháin),
(c) foirm 10 (fógra faoi thoradh toghcháin agus faoi aistriú na vótaí).
(3) I rialacháin faoin alt seo a shonróidh foirm an pháipéir ainmniúcháin, féadfar, más cuí leis an Aire é, iad seo a leanas a chur san fhoirm—
(a) nóta i dtaobh na gcáilíochtaí, na ndícháilíochtaí agus na n-éagumas maidir le duine a thoghadh do Dháil Éireann agus a bheith ina chomhalta de Dháil Éireann.
(b) foirm dhearbhaithe, a bheidh le síniú ag an iarrthóir nó ag a mholtóir, á rá gur léigh sé an nóta agus go gcreideann sé go bhfuil sé féin, nó go bhfuil an t-iarrthóir (cibé acu is cuí), cáilithe chun a thofa, agus má dhéanann duine ar bith dearbhú mar a dúradh de bhun rialachán faoin alt seo i gcás nach bhfuil sé féin nó nach bhfuil an t-iarrthóir (cibé acu is cuí) cáilithe chun a thofa, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht go ceann téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
(4) I gcás ionchúisimh i leith ciona faoin alt seo, is cosaint mhaith don chosantóir a shuíomh go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh sé féin nó go raibh an t-iarrthóir (cibé acu is cuí) cáilithe chun a thofa.
An páipéar ballóide.
16.—(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 26 den Phríomh-Acht:
“26. Is le ballóid a thabharfar vótaí i dtoghchán Dála, agus is é a bheidh i mballóid gach vótálaí páipéar (dá ngairtear páipéar ballóide san Acht seo) i bhfoirm 5A i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.”
(2) Déantar leis seo an fhoirm agus na treoracha atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i Cuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht i ndiaidh fhoirm 5, agus déanfaidh an ceann comhairimh de réir na dtreoracha sin.
Boscaí ballóide nó páipéir bhallóide a dhíothú, etc.
17.—Más rud é sa vótaíocht i dtoghchán Dála go ndéanfar aon bhoscaí ballóide nó páipéir bhallóide a thógáil as coimeád an cheann comhairimh nó oifigigh ceannais nó go ndéanfar crioscaíl leo i slí ar bith nó go ndíothófar iad de thionóisc nó d'aonghnó nó (i gcás páipéar ballóide) go stróicfear nó go n-aghloitfear iad go mailíseach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) beidh an vótaíocht ar neamhní i ngach áit vótaíochta inar úsáideadh aon chuid de na boscaí ballóide nó de na páipéir bhallóide;
(b) cuirfidh an ceann comhairimh in iúl láithreach don Aire an vótaíocht a bheith curtha ar neamhní amhlaidh;
(c) ar an eolas sin a fháil don Aire, déanfaidh sé gach beart, agus tabharfaidh sé gach treoir, is cuí leis, chun vótaíocht úr thógáil i ngach áit vótaíochta den sórt sin,
(d) tógfar vótaíocht úr i ngach áit vótaíochta den sórt sin de réir na dtreoracha a thabharfaidh an tAire;
(e) bainfidh na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1963, leis an vótaíocht úr sin amhail mar a bhaineann siad leis an vótaíocht bhunaidh.
Caibidil II.
Ainmniúcháin.
An lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh.
18.—I dtoghchán Dála is é an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh lá deiridh na tréimhse arb é atá ann na naoi lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh lá na heascaire nó na n-eascairí le haghaidh an toghcháin a chur amach.
An nós imeachta i ndiaidh ainmniúchán.
19.—(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 19 den Phríomh-Acht.
“19.—(1) Más rud é, ar 12, meán lae, an lá i ndiaidh an lae dheiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh, nach mbeidh níos mó iarrthóirí arna n-ainmniú ná mar atá folúntais le líonadh, dearbhóidh an ceann comhairimh láithreach na hiarrthóirí a bheidh arna n-ainmniú a bheith tofa agus cuirfidh sé a n-ainmneacha chuig Cléireach Dháil Éireann; ach más rud é, ag an am sin, go mbeidh níos mó iarrthóirí arna n-ainmniú ná mar atá folúntais le líonadh, cuirfidh an ceann comhairimh an toghchán ar athló agus tógfaidh sé vótaíocht amhail mar a ordaítear leis an Acht seo.
(2) Má chuirtear toghchán ar athló chun vótaíocht a thógáil, déanfaidh an ceann comhairimh, a luaithe is féidir tar éis an vótaíocht a chur ar athló, fógra poiblí a thabhairt a luafar ann—
(a) an lá agus na huaire a chloig a mbeidh an vótaíocht á tógáil,
(b) ainmneacha agus tuairiscí na n-iarrthóirí mar a bheidh siad sin ina bpáipéir ainmniúcháin, agus ainmneacha agus tuairiscí na moltóirí, más ann dóibh,
(c) an t-ord ina mbeidh ainmneacha na n-iarrthóirí ar na páipéir bhallóide.”
(2) Déantar leis seo mír (1) de Riail 3 den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “an lá i ndiaidh” a chur isteach roimh “an lá deiridh”.
Éarlais ó iarrthóirí.
20.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 20 den Phríomh-Acht.
“20.—(1) Déanfaidh iarrthóir i dtoghchán Dála, nó duine éigin thar a cheann, suim chéad punt a thaisceadh leis an gceann comhairimh roimh dheireadh na tréimhse a ceapadh chun ainmniúcháin a ghlacadh, agus, mura ndéanfaidh sé amhlaidh, measfar a iarrthóireacht a bheith tarraingthe siar.
(2) Féadfar an éarlais a thaisceadh trí aon dlíthairiscint a thaisceadh nó, le toiliú an cheann comhairimh, in aon slí eile.
(3) Más rud é tar éis éarlais a thaisceadh go dtarraingeofar siar an iarrthóireacht nó go measfar an páipéar ainmniúcháin a bheith neamhbhailí, tabharfar an éarlais ar ais don duine a thaisc í, agus, má fhaigheann an t-iarrthóir bás tar éis an éarlais a thaisceadh, agus roimh dhúnadh na vótaíochta, déanfar, más é an t-iarrthóir a thaisc í, an éarlais a thabhairt ar ais dá ionadaí pearsanta dlíthiúil nó, murab é an t-iarrthóir a thaisc í, tabharfar ar ais í don duine a thaisc í.
(4) Mura dtoghfar iarrthóir, déanfar an éarlais a thaisc sé nó a taisceadh thar a cheann a thabhairt ar ais don duine a thaisc í, chomh luath agus is féidir é tar éis toradh an toghcháin a dhearbhú, mura rud é nach mó ná trian an chuóta, mar a chinntear sin de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, an líon vótaí a fuair an t-iarrthóir agus sa chás sin forghéillfear an éarlais don Stát. Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gurb é an líon vótaí a fuair an t-iarrthóir an barrlíon vótaí a creidiúnaíodh dó tráth ar bith de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(5) Má thoghtar iarrthóir, déanfar an éarlais a thaisc sé nó a taisceadh thar a cheann a thabhairt ar ais don duine a thaisc í, chomh luath agus is féidir tar éis toradh an toghcháin a dhearbhú.
(6) Má ainmnítear iarrthóir in olltoghchán i níos mó ná aon dáilcheantar amháin, ní bheidh sé i gcás ar bith i dteideal níos mó ná éarlais amháin a fháil ar ais, agus más rud é go mbeadh sé murach an fo-alt seo i dteideal, faoin alt seo, níos mó ná éarlais amháin a fháil ar ais, ní thabharfar ar ais dó ach an ceann a ordóidh an tAire Airgeadais de na héarlaisí sin, agus forghéillfear don Stát an éarlais nó na héarlaisí eile.”
Leasú ar Rialacha 1 go 12 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
21.—(1) Cuirfear na Rialacha seo a leanas in ionad Rialacha 1 go 12 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
Fógra toghcháin. | “1. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh, laistigh de dhá lá i ndiaidh an lae a gheobhaidh sé an eascaire, fógra poiblí a thabhairt, san fhoirm a bheidh sonraithe le rialacháin ón Aire, a luafar ann— (a) na hamanna agus an áit a bhféadfar foirmeacha páipéar ainmniúcháin a fháil; (b) na hamanna agus an áit a mbeidh sé i láthair chun páipéir ainmniúcháin a ghlacadh; agus (c) an lá a thógfar an vótaíocht (má bhíonn toghchán iomaidh ann). (2) Cuirfidh an ceann comhairimh cóip amháin den fhógra poiblí sin leis an bpost go dtí máistir poist na príomhoifige poist do gach ceantar vótaíochta sa dáilcheantar i gclúdach a mbeidh na focail ‘Fógra Toghcháin’ formhuinithe air, agus déanfar an fógra sin arna fhormhuiniú amhlaidh a chur ar aghaidh agus a sheachadadh saor in aisce leis an bpost, agus déanfaidh gach máistir poist chun a gcuirfear cóip den fhógra sin, ar an gcóip sin a fháil dó, í a fhoilsiú láithreach sa dóigh inar gnáth fógraí postoifige a fhoilsiú. |
Ainmniú riachtanach. | 2. Ní bheidh teideal ag duine chun go gcuirfí a ainm isteach ar pháipéar ballóide mar iarrthóir i dtoghchán Dála mura rud é go mbeidh sé ainmnithe mar a fhoráiltear leis na Rialacha seo agus gur thug an ceann comhairimh rialú go raibh a pháipéar ainmniúcháin bailí. |
Ainmniúcháin. | 3. Féadfaidh duine é féin a ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán don Dáil nó, le toiliú uaidh, féadfaidh duine eile (ar duine é atá cláraithe mar thoghthóir Dála sa dáilcheantar a bhfuil beartaithe aige an t-iarrthóir a ainmniú dó) é a ainmniú mar mholtóir. |
Ainmniúchán a bheith i scríbhinn agus i bhfoirm shonraithe. | 4. Ní foláir gach ainmniúchán a bheith i scríbhinn agus san fhoirm a bheidh sonraithe le rialacháin ón Aire. |
Foirmeacha ainmniúcháin a sholáthar. | 5. Déanfaidh an ceann comhairimh socrú chun foirmeacha ainmniúcháin a sholáthar le linn na ngnáthuaire oifige, san áit a ainmneofar chuige sin san Fhógra Toghcháin, gach lá idir foilsiú an fhógra sin agus anuas go dtí 12 meán lae, an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh, ach ní bheidh sé riachtanach foirm a sholáth raigh an ceann comhairimh a úsáid má bhíonn an páipéar ainmniúcháin a úsáidfear san fhoirm shonraithe. |
Páipéir ainmniúcháin a sheachadadh. | 6. (1) Déanfaidh an t-iarrthóir nó a mholtóir páipéir ainmniúcháin a sheachadadh don cheann comhairimh tráth nach luaithe ná an dara lá i ndiaidh foilsiú an Fhógra Toghcháin faoi Riail 1 de na Rialacha seo agus nach déanaí ná 12, meán lae, an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh. (2) Déanfaidh an t-iarrthóir an seachadadh é féin ach, más duine eile a mhol an t-iarrthóir, féadfaidh an t-iarrthóir nó an moltóir é a sheachadadh. (3) Beidh an ceann comhairimh i láthair chun ainmniúcháin a ghlacadh san áit a shonrófar chuige sin san Fhógra Toghcháin faoi Riail 1 de na Rialacha seo idir 10 a chlog a.m. agus 12 a chlog, meán lae, agus idir 2 a chlog p.m. agus 5 a chlog p.m. an lá roimh an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh agus idir 10 a chlog a.m. agus 12 a chlog, meán lae, an lá deiridh sin. (4) Beidh an t-iarrthóir a ainmníodh le gach páipéar ainmniúcháin agus a mholtóir, más ann, agus duine amháin eile a roghnóidh an t-iarrthóir nó a mholtóir, de réir mar a bheidh, i dteideal bheith i láthair le linn rialú a bheith á thabhairt ag an gceann comhairimh ar pháipéar ainmniúcháin, agus ní bheidh duine ar bith eile i dteideal bheith i láthair amhlaidh ach amháin le cead an cheann comhairimh. |
Páipéir ainmniúcháin a roghnú. | 7. Uimhreoidh an ceann comhairimh na páipéir ainmniúcháin san ord ina bhfaighidh sé iad; agus an chéad pháipéar ainmniúcháin bailí lena n-ainmneofar iarrthóir do thoghchán i ndáilcheantar, measfar gurb é sin ainmniú an iarrthóra sin don dáilcheantar sin. |
Tuairisc an iarrthóra. | 8. Luafar ainmneacha, seoladh agus slí bheatha (má tá aige) gach iarrthóra ar a pháipéar ainmniúcháin agus is é a shloinne a chuirfear ar tosach sa lua ar a ainmneacha. |
Rialú ar pháipéir ainmniúcháin. | 9. (1) Tabharfaidh an ceann comhairimh rialú ar bhailíocht gach páipéir ainmniúcháin laistigh d'uair a chloig tar éis a sheachadta agus féadfaidh sé rialú a thabhairt go bhfuil sé neamhbhailí i gcás, agus sa chás sin amháin, ina measfaidh sé nach bhfuil sé déanta amach nó sínithe i gceart. (2) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne na tuairisce ar iarrthóir i bpáipéar ainmniúcháin más é a thuairim go bhfuil sí mícheart, nach leor í chun an t-iarrthóir a aithint, nó go bhfuil sí rófhada; má chuireann an ceann comhairimh i gcoinne na tuairisce amhlaidh, lighfidh sé don iarrthóir nó dá mholtóir, de réir mar is iomchuí, an tuairisc a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh í chun sástacht an cheann comhairimh, féadfaidh an ceann comhairimh í a leasú nó í a scriosadh, de réir mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena mholtóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé rialú a thabhairt go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é. (3) (a) Féadfaidh iarrthóir ainm an pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus arb iarrthóir dó é a chur ina pháipéar ainmniúcháin ar choinníoll go ndéanfar, nuair a sheachadfar an páipéar ainmniúcháin don cheann comhairimh, deimhniú san fhoirm a bheidh sonraithe le rialacháin ón Aire ag fíordheimhniú na hiarrthóireachta a thabhairt ar aird don cheann comhairimh, agus ar deimhniú é a bheidh sínithe ag an oifigeach nó na hoifigigh don pháirtí sin a mbeidh a ainm nó a n-ainmneacha sa Chlár sin de bhun mhír (c) d'fho-alt (3) d'alt 13 den Acht Toghcháin, 1963. Cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara, má bhíonn sé sásta gur cuí é maidir leis an iarrthóir, go ndéanfar ráiteas ag lua ainm an pháirtí sin, mar a thaispeántar ar an bpáipéar ainmniúcháin é, a shonrú maidir leis an iarrthóir ar gach páipéar ballóide agus ar fhógraí. (b) Mura bhfuil iarrthóir ina iarrthóir do pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, beidh sé i dteideal an abairt ‘Neamh-Pháirtí’ a chur i ndiaidh a ainm ar an bpáipéar ainmniúcháin, agus, má dhéanann sé amhlaidh, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara go ndéanfar ráiteas ag lua na habairte sin a shonrú maidir leis an iarrthóir ar gach páipéar ballóide agus ar fhógraí. (c) Déanfar aon tagairt sna fomhíreanna sin roimhe seo do Chlár na bPáirtithe Polaitíochta a fhorléiriú mar thagairt don chóip den Chlár sin a chuirfear chuig an gceann comhairimh de bhun fo-alt (9) d'alt 13 den Acht Toghcháin, 1963. (4) Nuair a bheidh rialú tugtha ag an gceann comhairimh ar bhailíocht páipéir ainmniúcháin, cuirfidh sé nóta i dtaobh a chinneadh ar an bpáipéar ainmniúcháin, agus síneoidh sé an nóta. Má chinneann sé go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí, cuirfidh sé ráiteas sa nóta ag lua na bhfáthanna a bhí aige leis. Is cinneadh críochnaitheach a chinneadh más é rialú a thabharfaidh sé go bhfuil an páipéar ainmniúcháin bailí agus, más é rialú a thabharfaidh sé go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí, beidh sé faoi réir a fhreaschurtha má dhéantar achainí ag tabhairt an toghcháin nó a thoradh faoi cheist. (5) Chomh luath agus is féidir tar éis dó rialú a thabhairt ar bhailíocht páipéir ainmniúcháin, déanfaidh an ceann comhairimh fógra i scríbhinn i dtaobh a chinneadh a thabhairt don iarrthóir, leis an bpost nó ar chuma eile. (6) Ní chuirfidh aon ní sa Riail seo cosc le hainmniú nó toghadh aon iarrthóra a thabhairt faoi cheist le hachainí a thabharfaidh an toghchán i gceist. |
Foilsiú ainmneacha iarrthóirí. | 10. Déanfaidh an ceann comhairimh a luaithe is féidir tar éis dó rialú a thabhairt go bhfuil páipéar ainmniúcháin bailí, ainm agus tuairisc an duine a ainmníodh sa pháipéar agus ainm agus seoladh a mholtóra, más ann, a chur ar taispeáint ar phostaer in áit fheicéalach lasmuigh den áit ina mbeidh sé ag glacadh ainmniúchán. |
Ainmniúcháin a tharraingt siar. | 11. (1) Féadfaidh iarrthóir, roimh a 12 a chlog, meán lae, an lá i ndiaidh an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh, ach ní fhéadfaidh ina dhiaidh sin, tarraingt siar as a iarrthóireacht trí fhógra sa chiall sin, faoina láimh féin, a sheachadadh don cheann comhairimh nó trína mholtóir á sheachadadh don cheann comhairimh. (2) I gcás inar deimhin leis an gceann comhairimh nach féidir le hiarrthóir bheith i láthair agus gur mian leis a iarrthóireacht a tharraingt siar, féadfar í a tharraingt siar, trí fhógra sa chiall sin, arna shíniú ag an iarrthóir agus ag an duine a thíolaicfidh an fógra, a thabhairt don cheann comhairimh roimh an am sin. |
Tarraingt siar a fhoilsiú. | 12. Déanfaidh an ceann comhairimh, díreach tar éis an iarrthóireacht a tharraingt siar, fógra poiblí a thabhairt i dtaobh iarrthóir a bheith tar éis tarraingt siar (agus, i gcás iarrthóra a tharraing siar agus gur duine eile a shínigh a pháipéar ainmniúcháin, i dtaobh ainm an duine eile sin).” |
(2) Má thugann duine ar aird do cheann comhairimh deimhniú den sórt dá dtagraítear i mír (3) de Riail 9 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus gurb eol don duine sin gur deimhniú brionnaithe é, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht go ceann téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
(3) (a) Ní dhéanfaidh duine ar bith—
(i) duine eile a ainmniú do thoghchán don Dáil, ná
(ii) iarrthóireacht duine eile do thoghchán don Dáil a tharraingt siar, ach amháin le toiliú an duine sin.
(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomhair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht go ceann téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
Caibidil III.
An Vótaíocht.
Ceantair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta.
22.—(1) Féadfaidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge, tar éis dul i gcomhairle leis an gceann comhairimh do thoghcháin Dála i leith an chontae nó na contae-bhuirge agus de réir rialachán ón Aire, scéim a leagan amach a roinnfidh an contae nó an chontae bhuirg i gceantair vótaíochta chun críocha toghchán Dála agus toghchán do chomhaltaí údarás áitiúil de réir bhrí Chuid VI den Acht seo agus a cheapfaidh áit vótaíochta do gach ceantar vótaíochta.
(2) Tiocfaidh scéim a leagfaidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge amach faoin alt seo i ngníomh—
(a) i gcás, agus sa chás sin amháin, é a dhaingniú le hordú faoin bhfo-alt ina dhiaidh seo, agus
(b) an lá a shonrófar chuige sin san ordú sin.
(3) A luaithe is féidir tar éis dóibh scéim a leagan amach faoin alt seo, cuirfidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge an scéim faoi bhráid an Aire lena daingniú agus déanfaidh an tAire, le hordú, an scéim a dhaingniú le modhnú nó gan í a mhodhnú nó diúltú a thabhairt í a dhaingniú.
(4) Féadfar, agus déanfar má ordaíonn an tAire amhlaidh, scéim a bheidh i bhfeidhm faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú le scéim ina dhiaidh sin faoin alt seo.
(5) Aon áit vótaíochta a cheapfar le scéim faoin alt seo, is limistéar a bheidh ann agus féadfaidh sé bheith laistigh nó lasmuigh den chontae, den chontae-bhuirg, den dáilcheantar nó den limistéar toghcháin ina bhfuil an ceantar vótaíochta, ach beidh sé ina áit a thabharfaidh saoráidí réasúnacha chun vótáil do na toghthóirí a dháilfear dó.
(6) Más rud é go mbeidh an tAire sásta, dá threoir féin nó de thoradh uiríolla a chuirfear faoin bhráid, nach bhfuil na ceantair vótaíochta nó na háiteanna vótaíochta (nó aon cheann acu) a bheidh ainmnithe i scéim a bheidh i bhfeidhm faoin alt seo ag freagairt do riachtanais réasúnacha na dtoghthóirí, féadfaidh an tAire a cheangal ar chomhairle contae nó ar bhardas contae-bhuirge a bheidh i gceist an scéim a leasú de réir mar a mheasfaidh an tAire is cuí agus, mura ndéanfaidh siad amhlaidh laistigh de mhí, féadfaidh an tAire féin an scéim a leasú le scéim eile.
(7) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, scéim a dhéanamh faoin alt seo, i gcás comhairle contae, agus is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí chontae-bhuirge é i gcás bardais chontae-bhuirge.
(8) Go dtí go dtiocfaidh an chéad scéim a dhéanfaidh comhairle contae nó bardas contae-bhuirge faoin alt seo i ngníomh, mairfidh na ceantair vótaíochta agus na háiteanna vótaíochta a bhí ann maidir leis an gcontae nó leis an gcontae-bhuirg díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, agus tar éis an chéad scéim sin a theacht i ngníomh, déanfar aon tagairt do cheantar vótaíochta nó d'áit vótaíochta in aon Acht, ordú nó rialachán, nuair is iomchuí é, a fhorléiriú, maidir leis an gcontae nó leis an gcontae-bhuirg sin, mar thagairt do cheantar vótaíochta nó d'áit vótaíochta faoi scéim a bheidh i bhfeidhm faoin alt seo.
(9) Déantar leis seo Riail 13 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “ach beidh na forálacha sin roimhe seo den Riail seo faoi réir an choinníll go bhféadfaidh an ceann comhairimh, mura féidir, mar gheall ar aon deacracht, stáisiún vótaíochta nó dóthain stáisiún vótaíochta a chur ar fáil san áit vótaíochta cheaptha, stáisiún vótaíochta nó stáisiún vótaíochta a chur ar fáil in aon áit chaothúil eile.”
(10) Ní thabharfar toghchán faoi cheist mar gheall ar aon neamhchomhlíonadh ar fhorálacha an ailt seo ná aon neamhfhoirmiúlacht maidir le ceantair, áiteanna nó stáisiúin vótaíochta.
Cártaí vótaíochta.
23.—(1) Nuair a bheidh vótaíocht le tógáil i dtoghchán Dála i ndáilcheantar, cuirfidh an ceann comhairimh chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar, agus nach bhfuil ar liosta na bpostvótálaithe, cárta (dá ngairtear cárta vótaíochta san alt seo) san fhoirm a bheidh sonraithe le rialacháin ón Aire á chur in iúl dó cad é a uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta) ar chlár na dtoghthóirí Dála agus cad é an áit a bhfuil sé i dteideal vótáil ann.
(2) Seolfar cárta vótaíochta chuig an toghthóir ag an seoladh a mbeidh sé cláraithe ina leith i gclár na dtoghthóirí Dála agus cuirfear amach é in am chun go seachadfar é i ngnáthchúrsa an phoist ag an seoladh sin tráth nach déanaí ná an tríú lá roimh lá na vótaíochta.
(3) Cuirfear cárta vótaíochta chun bealaigh leis an bpost agus seolfar ar aghaidh é saor in aisce leis an bpost is luaithe a fhónfaidh.
(4) Na costais faoina rachaidh ceann comhairimh ag comhlíonadh an ailt seo, áireofar iad mar chostais faoina rachaidh sé chun críocha an toghcháin de réir bhrí alt 25 den Phríomh-Acht.
(5) Ní chuirfear aon toghchán ó bhail mar gheall ar aon fhaillí i gcárta vótaíochta a chur amach, nó toisc nár seachadadh cárta vótaíochta nó go raibh earráid nó míráiteas ann.
(6) Ní fhéadfar aon chaingean ná imeacht eile a thabhairt i gcoinne ceann comhairimh mar gheall ar aon earráid nó míraiteas i gcárta vótaíochta.
Tráthanna vótaíochta.
24.—(1) I dtoghchán Dála—
(a) tógfar vótaíocht cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, ar lá é sa tréimhse arb é a bheidh inti na naoi lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh na tréimhse arb é a bheidh inti na seacht lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh, agus
(b) mairfidh vótaíocht ar feadh cibé tréimhse, nach giorra ná dhá uair déag a chloig, idir 8.30 a.m. agus 10.30 p.m., a shocróidh an tAire le hordú, faoi réir an tsriain gurb í an tréimhse chéanna a shocróidh sé do na dáilcheantair uile i gcás olltoghcháin.
(2) Déanfar ordú faoin alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.
Oifigigh cheannais agus cléirigh vótaíochta.
25.—(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 35 den Phríomh-Acht:
“35. (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh oifigeach ceannais chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus, más oiriúnach leis é, ceapfaidh sé freisin cléireach nó cléirigh chun cuidiú le gach oifigeach ceannais.
(2) Ní cheapfaidh an ceann comhairimh aon duine ina oifigeach ceannais ná ina chléireach vótaíochta más eol dó féin nó má thaispeántar chun a shástachta go raibh baint ghníomhach aige le cur ar aghaidh iarrthóireacht aon iarrthóra sa toghchán.
(3) Ceadóidh an ceann comhairimh, arna iarraidh sin air, do dhuine a bhfuil sé sásta ina thaobh gur duine é a bhfuil leas bona fide aige sa toghchán, mar iarrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina iarrthóir, nó mar ghníomhaire do dhuine den sórt sin, scrúdú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ndearna sé nó a bhfuil beartaithe aige, ceapacháin mar oifigigh cheannais nó cléirigh vótaíochta a thairiscint dóibh.
(4) Coimeádfaidh oifigeach ceannais ord ina stáisiún, rialóidh sé an méid toghthóirí a ligfear isteach san aon am agus coinneoidh sé amach gach duine eile ach amháin na cléirigh, gníomhairí na n-iarrthóirí, compánaigh do thoghthóirí a bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orthu nó atá chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leo vótáil gan chabhair, le linn do na compánaigh sin bheith ag cabhrú leis na toghthóirí sin, agus comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar dualgas.
(5) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, trí chléireach a bheidh ceaptha chun cabhrú leis, aon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear air nó a údaraítear dó leis an Acht seo a dhéanamh, ach amháin ordú a thabhairt, chun aon duine a ghabháil, a choinneáil amach nó a chur amach as an stáisiún vótaíochta.”
(2) Déantar leis seo alt 36 den Phríomh-Acht a leasú trí “aon oifigeach ceannais” a chur in ionad “a ionadaí” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin.
Ceart vótála.
26.—(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótála sa vótaíocht i dtoghchán Dála sa dáilcheantar sin.
(2) Chun críocha an ailt seo—
(a) glacfar leis go bhfuil ainm duine ar chlár na dtoghthóirí Dála má tá ainm sa chlár ar dóigh leis an gceann comhairimh nó leis an oifigeach ceannais go raibh sé ceaptha dó gurbh é ainm an duine sin é,
(b) féadfaidh an ceann comhairimh nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilítear sin air thar ceann aon iarrthóra, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó aon dá cheann acu a chur ar aon duine nuair a iarrfaidh sé páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin:
(i) An tusa an duine a bhfuil an tainm A B curtha síos dó i gclár na dtoghthóirí atá anois i bhfeidhm
do dháilcheantar .............................................................
................................................................................?
(ii) Ar vótáil tú cheana sa toghchán seo ?
(iii) An raibh bliain is fiche slán agat an .................................
................................................... (an dáta a tháinig an
clár i bhfeidhm) ?
agus mura rud é go dtabharfar ar na ceisteanna acu sin a chuirfear ar an duine sin, i gcás an chéad cheann agus an tríú ceann de na ceisteanna sin, freagra dearfach agus, i gcás an dara ceann díobh, freagra diúltach, ní cheadófar don duine sin vótáil,
(c) féadfaidh an ceann comhairimh nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilítear sin air thar ceann aon iarrthóra, déanfaidh sé, nuair a iarrfaidh aon duine páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin, an duine sin a chur faoi mhionn nó (i gcás aon duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh) faoi dhearbhasc san fhoirm seo a leanas:—
“Bheirim Dia Uilechumhachtach (nó—Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go firinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) gur mise an duine a bhfuil an t-ainm A B curtha síos dó ar chlár na dtoghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheantar .............................. agus nár vótáil mé cheana sa toghchán seo, agus go raibh bliain is fiche slán agam an ............................................................. (an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm).”
agus má dhiúltaíonn an duine sin an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh ní cheadófar dó vótáil.
(3) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an alt seo agus le Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ní chuirfear ná ní cheadófar aon cheist, mionn, dearbhasc ná agóid tráth na vótaíochta i dtoghchán Dála i dtaobh cheart aon duine chun vótála, agus ní dhéanfaidh ná ní ghlacfaidh aon cheann comhairimh ná oifigeach ceannais aon agóid ina choinne.
(4) (a) Ní dhéanfaidh duine—
(i) atá cláraithe i gclár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar ach nach bhfuil i dteideal a chláraithe amhlaidh, nó
(ii) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin,
vótáil sa vótaíocht i dtoghchán Dála sa dáilcheantar sin.
(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann teideal chun vótála d'aon duine nach bhfuil an teideal sin aige, ná ní shaorfaidh sé é ó aon phionóis a bheidh inchurtha air mar gheall ar vótáil.
Vótáil ag daoine dalla, éagumasacha nó neamhliteartha.
27.—(1) Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“24. (1) (a) Má shásaíonn aon toghthóir an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nó go bhfuil sé chomh neamhliteartha sin nach féidir leis vótáil gan chabhair, beidh feidhm ag an Riail seo.
(b) Chun críocha fo-mhír (a) den mhír seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, an toghthóir a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas:
‘Bheirim Dia Uilechumhachtach (nó— Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go firinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orm (nó—go bhfuil mé chomh mór sin faoi éagumas coirp nó— go bhfuil mé chomh neamhliteartha sin —de réir mar a bheidh) nach féidir liom vótáil gan chabhair’
agus má dhiúltaíonn an toghthóir an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní bheidh feidhm ag an Riail seo.
(2) (a) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo i gcás toghthóra a shásóidh an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leis vótáil gan chabhair, féadfaidh an toghthóir cead a iarraidh chun go márcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó agus, faoi réir fo-mhír (b) den mhír seo, féadfaidh an compánach an páipéar ballóide a mharcáil don toghthóir agus, arna mharcáil amhlaidh, cuirfidh sé isteach sa bhosca ballóide é láithreach.
(b) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó cinn díobh a chur ar an gcompánach sula seachadfaidh sé an páipéar ballóide:
(i) An bhfuil sé bliana déag slán agat ?
(ii) An bhfuil níos mó ná páipéar ballóide amháin marcáilte agat mar chompánach sa toghchán seo ?
(iii) An iarrthóir sa toghchán seo thú ?
(iv) An gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán seo thú ?
agus mura rud é gur freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist agus gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist eile nó ar na ceisteanna eile, de réir mar a bheidh, ní mharcálfaidh an compánach an páipéar ballóide.
(3) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo agus—
(a) go mbeidh an toghthóir neamhliteartha, nó
(b) nach n-iarrfaidh an toghthóir cead chun go marcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó, nó
(c) má iarrann a toghthóir an cead sin agus go mbeadh marcáil a pháipéir bhallóide ag an gcompánach ina shárú ar fhomhír (b) de mhír (2) den Riail seo,
cuirfidh an t-oifigeach ceannais faoi deara go ndéanfar, i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí agus gan aon duine eile a bheith i láthair, vóta an toghthóra a mharcáil ar pháipéar ballóide sa tslí a ordóidh an toghthóir agus cuirfidh sé an páipéar ballóide arna mharcáil amhlaidh isteach sa bhosca ballóide láithreach.
(4) I gcás ina n-iarrfaidh toghthóir, laistigh de cheithre huaire a chloig roimh an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, cead chun go ndéanfaí a pháipéar ballóide a mharcáil dó faoin Riail seo i slí seachas ag compánach, féadfaidh an t-oifigeach ceannais an cead sin a dhiúltú, más é a thuairim, mar gheall ar an méid toghthóirí a bheidh ag teacht isteach an uair sin chun vótáil nó ar dóigh dóibh teacht isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh cuí a dhualgas nó go gcuirfeadh sé bac míchuí ar vótáil toghthóirí eile dá dtugadh sé an cead sin.
(5) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an toghthóir trí na sonraí a bheidh luaite i leith gach iarrthóra a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide, ach ní ghníomhóidh sé de bhun aon treorach i scríbhinn.”
(2) (a) Más rud é, de bhun mhír (2) de Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, go mbeidh duine tar éis dhá pháipéar ballóide a mharcáil i dtoghchán mar chompánach, ní dhéanfaidh sé, sa toghchán sin, aon pháipéar ballóide eile a mharcáil mar chompánach.
(b) Ní dhéanfaidh duine, de bhun mhír (2) de Riail 24 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, páipéar ballóide a mharcáil i dtoghchán, mar chompánach, más iarrthóir nó gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán sin é.
(c) Aon duine a sháróidh mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
Pearsanú a líomhnaítear.
28.—Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 25 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“25. Má dhéanann duine, a chuirfidh in iúl gur toghthóir áirithe é atá ainmnithe ar chlár na dtoghthóirí, páipéar ballóide a iarraidh tar éis páipéar ballóide a bheith tugtha do dhuine eile amhail is dá mba é an toghthóir sin é, beidh an t-iarratasóir, má fhreagraíonn sé go cuí na ceisteanna a cheadaítear leis an dlí a chur ar vótálaithe tráth na vótaíochta, i dteideal páipéar ballóide a mharcáil faoi mar a bheadh aon toghthóir eile agus an páipéar ballóide, arna mharcáil, a chur isteach sa bhosca ballóide, ach déanfaidh an t-oifigeach ceannais amach ráiteas a thaispeánfaidh an méid iomlán páipéar ballóide a eisíodh de bhun na Rialach seo agus na hainmneacha agus na huimhreacha a bhí ar chlár na dtoghthóirí do na daoine chun ar eisíodh iad”.
Leasú ar an bPríomh-Acht maidir leis an marc oifigiúil ar pháipéir bhallóide.
29.—Déantar leis seo “le marc oifigiúil, a bheidh cabhraithe nó pollta ionas go mbeidh sé le feiceáil ar dhá thaobh an pháipéir, gach páipéar ballóide” a chur in ionad “leis an marc oifigiúil, stampálta no pollta, dhá thaobh gach páipéir bhallóide” i mír (2) de Riail 3 den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus” é le marc oifigiúil, a bheidh cabhraithe nó pollta ionas go mbeidh sé le feiceáil ar dhá thaobh an pháipéir,” a chur in ionad “gach taobh den pháipéar leis an marc oifigiúil, le stampáil nó le pollú” i Riail 22 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
Dualgais an oifigigh cheannais ar chríochnú na vótaíochta.
30.—Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 27 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“27. Déanfaidh an t-oifigeach ceannais, ag an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, bearta chun a áirithiú nach ligfear aon toghthóirí eile isteach sa stáisiún vótaíochta agus, faoi réir an choinníll go mbeidh toghthóir a bheidh san áitreabh ag an am sin i dteideal páipéar ballóide a fháil agus vótáil a dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, a luaithe is féidir tar éis críochnú na vótaíochta, agus i láthair ghníomhairí na n-iarrthóirí, gach bosca ballóide a shéalú, gan é a oscailt ach an eochair a bheith ceangailte de, ionas nach féidir a thuilleadh páipéar a chur isteach ann, agus cuirfidh sé i bpaicéid ar leith a shéalóidh sé lena shéala—
(a) na páipéir bhallóide neamhúsáidte agus mhillte, i dteannta a chéile,
(b) cóipeanna marcáilte de chlár na dtoghthóirí, agus
(c) comhdhuillí na bpáipéar ballóide,
agus seachadfaidh sé na boscaí ballóide agus na paicéid sin go léir don cheann comhairimh.”
Rúndacht.
31.—(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 28 den Phríomh-Acht a leasú trí “agus gach comhalta den Gharda Síochána agus gach iarrthóir a bheidh i láthair amhlaidh” a chur isteach i ndiaidh “i láthair i stáisiún vótaíochta” agus “ná aon chomhalta den Gharda Síochána ná iarrthoir” a chur isteach i ndiaidh “aon oifigeach, cléireach ná gníomhaire”.
(2) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 28 den Phríomh-Acht a leasú trí “agus gach comhalta den Gharda Síochána, gach iarrthóir agus gach duine dá dtabharfaidh an ceann comhairimh cead bheith i láthair,” a chur isteach roimh “dá mbeidh i láthair le linn comhreamh na vótanna”.
Bás iarrthóra.
32.—(1) Más rud é, tráth ar bith i rith na tréimhse a thosóidh dhá uair is seachtó a chloig roimh thoghchán Dála a chur ar athló chun vótaíocht a thógáil agus a chríochnóidh ar thosach na vótaíochta, go bhfaighidh an ceann comhairimh cruthúnas a shásóidh é go bhfuil iarrthóir tar éis bás a fháil, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) cuirfidh an ceann comhairimh scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire agus chuig cléireach Dháil Éireann agus san am céanna, má bhíonn fógra tugtha faoin vótaíocht, cuirfidh sé an vótaíocht ar ceal;
(b) tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí go bhfuil gach gníomh a rinneadh i ndáil leis an toghchán (ach amháin ainmniú na n-iarrthóirí atá fágtha) ar neamhní agus go ndéanfar toghchán úr;
(c) tosófar as úire ar na himeachtaí uile le haghaidh an toghcháin, ach ní gá ainmniú ná toiliú úr i leith aon iarrthóra a bhí arna ainmniú an tráth a cuireadh an scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire;
(d) sa toghchán úr, is é an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh lá deiridh na tréimhse arb é a bheidh inti na naoi lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh an lae a cuireadh scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire.
(e) socróidh an tAire lá na vótaíochta sa toghchán úr;
(f) chun críche Riail 1 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht maidir leis an toghchán úr, measfar an eascaire a bheith faighte ag an gceann comhairimh an lá i ndiaidh an lae a chuirfidh sé scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire.
(2) Más rud é, tráth ar bith tar éis tosach na vótaíochta i dtoghchán Dála i ndáilcheantar agus roimh chríochnú na vótaíochta sin, go bhfaighidh an ceann comhairimh cruthúnas a shásóidh é go bhfuil iarrthóir tar éis bás a fháil—
(a) tabharfar neamhaird ar na vótaí go léir a tugadh sa toghchán sa dáilcheantar agus díothófar na páipéir bhallóide,
(b) cuirfidh an ceann comhairimh scéala faoi bhás an iarrthóra chuig an Aire agus chuig Cléireach Dháil Éireann,
(c) beidh feidhm ag forálacha mhíreanna (b) go (f) d'fho-alt (1) den alt seo.
(3) Má fhaigheann iarrthóir i dtoghchán Dála bás in imthosca seachas iad siúd dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo, ní chuirfidh sin ó bhail a ainmniú ná aon rogha a cuireadh síos dó agus, má thoghtar é, ní bheidh a thoghadh ó bhail mar gheall ar a bhás, ach measfar gur scoir sé de bheith ina chomhalta den Dáil díreach tar éis a thofa.
(4) Nuair a chuirfear vótaíocht ar ceal faoin alt seo, tabharfar neamhaird ar na páipéir bhallóide go léir a cuireadh amach chuig postvótálaithe agus díothóidh an ceann comhairimh, gan iad a oscailt, na páipéir bhallóide go léir a fuair sé lena n-áireamh sa vótaíocht a cuireadh ar ceal.
Bás Chathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig.
33.—(1) I gcás Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig, de réir bhrí alt 14 den Acht seo, agus nár chraol don Dáil sular lánscoireadh í nach mian leis go ndéanfaí comhalta den Dáil de san olltoghchán a leanfaidh as a lánscor, d'fháil bháis tar éis a lánscortha agus roimh thosú na vótaíochta sa dáilcheantar a measfar, de bhua an ailt sin, é a bheith tofa dó, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) má fhaigheann an Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig bás sula a n-eiseofar an eascaire chuig an gceann comhairimh don dáilcheantar, scoirfidh an t-alt sin d'éifeacht a bheith aige maidir leis an olltoghchán;
(b) má fhaigheann an Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig bás tar éis an eascaire a eisiúint agus roimh thosú na vótaíochta sa dáilcheantar—
(i) déanfaidh Cléireach Dháil Éireann, ar chruthúnas chun a shástachta a bheith aige faoin mbás, an eascaire a ghairm ar ais agus eiseoidh sé ina hionad chuig an gceann comhairimh eascaire (dá ngairtear an eascaire nua sa mhír seo) a fhoclófar ar dhóigh go n-ordóidh sí dó toghchán a chur á dhéanamh do lánlíon na gcomhaltaí de Dháil Éireann don dáilcheantar, agus nuair a eiseoidh sé an eascaire nua sin cuirfidh sé fógra chun an Aire san am céanna gur eisíodh í;
(ii) déanfaidh an ceann comhairimh, ar chruthúnas chun a shástachta a bheith aige faoin mbás nó ar an eascaire nua a fháil dó (cibé acu sin is túisce a tharlóidh), an vótaíocht a chur ar ceal má bhíonn fógra tugtha faoin vótaíocht;
(iii) tosófar as úire ar na himeachtaí uile le haghaidh an toghcháin;
(iv) sa toghchán úr—
(I) is é an lá deiridh chun ainmniúcháin a ghlacadh lá deiridh na tréimhse arb é a bheidh inti na naoi lá (gan aon lá eiscthe a áireamh) díreach i ndiaidh an lae a eiseofar an eascaire nua agus socróidh an tAire lá na vótaíochta,
(II) ní gá aon ainmniú ná toiliú úr i leith aon iarrthóra a bhí arna ainmniú, i gcás an vótaíocht a chealú faoi fhomhír (ii) den mhír seo, an tráth a cuireadh an vótaíocht ar ceal agus, in aon chás eile, an tráth a fuair an ceann comhairimh an eascaire nua.
(c) más rud é go bhfaighidh an Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig bás tar éis tosú na vótaíochta sa dáilcheantar agus roimh chríochnú na vótaíochta sin—
(i) tabharfar neamhaird ar na vótaí go léir a tugadh sa toghchán sa dáilcheantar agus díothófar na páipéir bhallóide,
(ii) beidh feidhm ag forálacha fomhíreanna (i), (iii) agus (iv) de mhír (b) den fho-alt seo.
(2) Nuair a chuirfear vótaíocht ar ceal faoin alt seo, tabharfar neamhaird ar na páipéir bhallóide go léir a cuireadh amach chuig postvótálaithe agus díothóidh an ceann comhairimh, gan iad a oscailt, na páipéir bhallóide go léir a fuair sé lena n-áireamh sa vótaíocht a cuireadh ar ceal.
Vótaíocht roimh ré ar oileáin.
34.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é—
(a) go mbeidh vótaíocht le tógáil i dtoghchán Dála i ndáilcheantar, agus
(b) gurb é tuairim an cheann comhairimh, i gcás stáisiún vótaíochta ar oileán, gur dóigh, mar gheall ar dhrochaimsir nó deacrachtaí iompair—
(i) nach bhféadfaí an vótaíocht a thógáil an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, nó
(ii) dá dtógfaí an vótaíocht an lá sin, nárb fhéidir na boscaí ballóide a bheith san áit le haghaidh comhaireamh na vótaí ar 9 a chlog a.m. nó roimhe sin, an lá i ndiaidh lá na vótaíochta.
(2)I gcás ina mbeidh feidhm ag an alt seo, tabharfaidh an ceann comhairimh fógra poiblí sa cheantar vótaíochta á rá go dtógfaidh sé an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta ar an oileán lá a shonróidh sé, agus ar lá é is luaithe ná an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire agus is déanaí ná an séú lá roimh an lá vótaíochta sin, agus, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) féadfaidh an ceann comhairimh an vótaíocht a thógáil sa stáisiún vótaíochta ar an oileán an lá a bheidh sonraithe san fhógra nó, más é a thuairim nach féidir, mar gheall ar dhrochaimsir, an vótaíocht a thógáil an lá sin, an chéad lá i ndiaidh an lae sin is dóigh leis a bheidh cúrsaí iompair idir an t-oileán agus an mórthír réasúnta sábháilte,
(b) mura féidir, mar gheall ar dheacrachtaí iompair, tosú ar an vótaíocht ag an am a bheidh socraithe ag an Aire do thosú na vótaíochta, tosófar ar an vótaíocht a luaithe is féidir tar éis an ama sin,
(c) más rud é, tar éis an vótaíocht a bheith ar siúl ceithre huaire an chloig ar a laghad, gur dóigh leis an oifigeach ceannais, dá leanfaí níos faide leis an vótaíocht, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith ag an áit le haghaidh comhaireamh na vótaí ar a 9 a.m., nó roimhe sin an lá i ndiaidh an lae votaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, féadfaidh sé an vótaíocht a chríochnú ansin.
(3) Ní dhéanfar aon athrú ar fhoirm ná ar ráiteas fógra i dtaobh vótaíochta faoi alt 19 den Phríomh-Acht mar gheall ar athrú faoin alt seo ar lá agus uaire vótaíochta.
Leasú ar alt 59 (b) den Phríomh-Acht.
35.—Leasaítear leis seo mír (b) d'alt 59 den Phríomh-Acht trí “le dlí” a chur in ionad “leis an Acht seo”.
Caibidil IV.
An Comhaireamh.
Leasú ar Rialacha 2 agus 12 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
36.—(1) Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 2 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“2. Aon pháipéar ballóide—
(a) nach mbeidh an marc oifigiúil air, nó
(b) nach mbeidh an figiúr 1 ina sheasamh leis féin curtha air in aon chor nó nach mbeidh sé curtha air i slí a thaispeánfadh príomh-rogha d'iarrthóir éigin, nó
(c) a mbeidh an figiúr 1 ina sheasamh leis féin ag taispeáint príomh-rogha curtha síos air os coinne ainm níos mó ná iarrthóir amháin, nó
(d) a mbeidh aon ní seachas an uimhir ar a chúl scríofa nó marcáilte air a bhféadfaí an vótálaí a aithint dá chionn,
beidh sé neamhbhailí agus ní chomhairfear é, ach ní bheidh an páipéar ballóide neamhbhailí as siocair amháin go mbeidh air na focail ‘aon’, ‘dó’, ‘trí’, (agus mar sin de), nó marc ar nós ‘X’ is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann rogha nó roghanna go soiléir”.
(2) Déantar leis seo Riail 12 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (2) agus (3):
“(2) ciallaíonn an abairt ‘príomhrogha’ an figiúr ‘1’, an focal ‘aon’, nó marc ar nós ‘X’ is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann príomhrogha go soiléir; ciallaíonn an abairt ‘dara rogha’ an figiúr ‘2’, an focal ‘dó’ nó marc is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann dara rogha go soiléir, agus é ina sheasamh ar leanúint ar phríomhrogha; agus ciallaíonn an abairt ‘treas rogha’ an figiúr ‘3’ an focal ‘trí’ nó marc is dóigh leis an gceann comhairimh a thaispeánann treas rogha go soiléir, agus é ina sheasamh ar leanúint ar dhara rogha agus mar sin de.
(3) Ciallaíonn an abairt “an chéad rogha eile is infheidhme” rogha ar dóigh leis an gceann comhairimh gur dara rogha nó rogha ina dhiaidh sin í a cuireadh síos in ord comhleantach d'iarrthóir leanúnach, gan aird a thabhairt ar na chéad roghanna eile de réir oird ar an bpáipéar ballóide d'iarrthóirí a thuigfear a bheith tofa nó curtha as cheana.”
Leasú ar Riail 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
37.—Déantar leis seo Riail 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí thagairt d'iarrthóir a thuigfear a bheith tofa a chur in ionad gach tagairt sa Riail sin d'iarrthóir tofa.
Leasú ar Riail 6 (5) (a) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
38.—Déantar leis seo fomhír (a) de mhír (5) de Riail 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “gur mó” a chur in ionad “nuair is mó” agus “nó gur mó trian an chuóta ná comhshuim an méid vótaí a creidiúnaíodh sa chomhaireamh sin don iarrthóir is ísle i dteannta an bharrachais sin agus aon bharrachais eile nár aistríodh” a chur i ndeireadh na fomhíre.
Leasú ar Riail 10 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
39.—Déantar leis seo na míreanna seo a leanas a chur isteach i Riail 10 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht i ndiaidh mhír (1):
“(1A) An chumhacht atá ag ceann comhairimh faoin mír sin roimhe seo chun páipéir a athchomhaireamh, más rogha leis é, in aon chás nach mbeidh sé sásta i dtaobh aon chomhaireamh áirithe a bheith cruinn, tá réim aici maidir le páipéir ar déileáladh leo i gcomhaireamh ba luaithe ná an comhaireamh díreach roimhe sin.
(1B) I gcás gach iarrthóra, féadfaidh sé féin nó a ghníomhaire toghcháin iarratas amháin (agus sin uile) a dhéanamh ag iarraidh athscrúdú agus athchomhaireamh iomlán ar gach beart páipéar ballóide, agus déanfaidh an ceann comhaireamh athscrúdú agus athchomhaireamh láithreach ar na bearta páipéar ballóide dá réir sin. San athscrúdú agus san athchomhaireamh, ní athrófar méid ná ord na bpáipéar ballóide in aon bheart. Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sna forálacha sin roimhe seo den mhír seo d'oibleagáid ar an gceann comhairimh an beart céanna páipéar a athscrúdú ná a athchomhaireamh níos mó ná uair amháin, ach má aimsítear earráid agus gurb é tuairim an cheann comhairimh gurb earráid thábhachtach í ar dóigh di difir a dhéanamh do thoradh an toghcháin, comhairfidh an ceann comhairimh na páipéir go léir as úire ón bpointe ag ar tharla an earráid.
(1C) Má aimsítear earráid, déanfaidh an ceann comhairimh, más gá é, aon torthaí a bheidh fógartha aige roimhe sin a leasú.”
Leasú ar Riail 12 (10) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
40.—Déantar leis seo mír (10) de Riail 12 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “chomhaireamh na vótaí” a chur in ionad “an choimhrimh vótanna”.
Leasú ar Rialacha 29 go 33 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
41.—(1) Déantar leis seo na Rialacha seo a leanas a chur in ionad Rialacha 29 go 33 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
Gníomhairí na n-iarrthóirí. | “29. Féadfaidh na hiarrthóirí faoi seach gníomhairí a cheapadh chun bheith i láthair le linn comhaireamh na vótaí agus cuirfear ainm agus seoladh gach gníomhaire a cheapfar amhlaidh chuig an gceann comhairimh dhá lá glan ar a laghad roimh lá na vótaíochta. Ní dhéanfaidh iarrthóir níos mó ná cúigear gníomhaire a cheapadh mura gceadóidh an ceann comhairimh a mhalairt. |
Socruithe le haghaidh chomhaireamh na vótaí. | 30. (1) Cuirfidh an ceann comhairimh ar fáil cóiríocht oiriúnach, agus an trealamh go léir is gá, le haghaidh comhaireamh na vótaí, agus comhairfidh sé na vótaí in áit sa dáilcheantar, ach— (a) más é atá sa dáilcheantar cuid atá ina cuid de chontae-bhuirg agus cuid atá lasmuigh den bhuirg sin, féadfaidh an ceann comhairimh an chóiríocht agus an trealamh a chur ar fáil agus na vótaí a chomh aireamh— (i) in áit atá laistigh den chuid eile den bhuirg sin, nó (ii) le toiliú an Aire, in áit atá lasmuigh den bhuirg sin, agus atá lasmuigh den dáil-cheantar ach i gcóngar dó, (b) in aon chás eile, féadfaidh an ceann comhairimh, le toiliú an Aire, an chóiríocht agus an trealamh a chur ar fáil agus na vótaí a chomhaireamh in áit atá lasmuigh den dáilcheantar ach i gcóngar dó. (2) Aon lá glan amháin ar a laghad roimh an lá a bheidh socraithe do thosú na vótaíochta, tabharfaidh an ceann comhairimh do ghníomhaire toghcháin gach iarrthóra fógra i scríbhinn i dtaobh na háite a gcomhairfidh sé na vótaí ann. Tabharfaidh sé do ghníomhairí na n-iarrthóirí gach saoráid réasúnach chun faire ar na himeachtaí le linn an chomhairimh (lena n-áirítear, go háirithe, saoráidí chun iad féin a shásamh go sórtáiltear na páipéir bhallóide i gceart), agus gach eolas ina dtaobh, is féidir leis a thabhairt dóibh i gcomhréir le stiúradh ordúil na n-imeachtaí agus le comhlíonadh a fheidhmeanna. |
Na daoine a fhéadfaidh bheith i láthair le linn an chomhairimh. | 31. Féadfaidh an ceann comhairimh, a chúntóirí agus a chléirigh, comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas, agus na gníomhairí do na hiarrthóirí a mbeidh a n-ainmneacha agus a seoltaí tugtha don cheann comhairimh faoi Riail 29 de na Rialacha seo, agus ní fhéadfaidh aon duine eile, ach amháin le cead an cheann comhairimh, bheith i láthair le linn comhaireamh na vótaí. |
Oscailt na mboscaí ballóide. | 32. Ar 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh críochnú na vótaíochta agus san áit le haghaidh comhaireamh na vótaí, déanfaidh an ceann comhairimh, i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí, na boscaí ballóide a oscailt, na páipéir bhallóide iontu a chomhaireamh agus a líon a bhreacadh síos agus cromfaidh sé ar chuntas na bpáipéar ballóide a bheidh ag gabháil le gach bosca ballóide a fhíorú. Ansin meascfaidh sé ar a chéile na páipéir bhallóide go léir a bheidh sna boscaí ballóide. Le linn don cheann comhairihm bheith ag comhaireamh na bpáipéar ballóide agus ag breacadh síos a lín, coimeádfaidh sé na páipéir bhallóide aghaidh in airde agus glacfaidh sé gach cúram is cuí chun nach bhfeicfidh aon duine na huimhreacha a bheidh clóite ar chúl na bpáipéar sin. |
Comhaireamh na vótaí. | 33. Tar éis dó Riail 32 de na Rialacha seo a chomhlíonadh, tosóidh an ceann comhairimh láithreach ar na vótaí a chomhaireamh agus, chomh fada agus is féidir sin, rachaidh sé ar aghaidh go leanúnach le comhaireamh na vótaí gan sos a lamháil ach amháin chun bia a chaitheamh, agus ag eisceadh na n-uaire idir 11 p.m. agus 9 a.m. maidin lá arna mhárach (ach amháin sa mhéid go gcomhaontóidh sé féin agus na hiarrthóirí ar a mhalairt). I rith an ama eiscthe, cuirfidh an ceann comhairimh na boscaí ballóide agus na doiciméid a bhainfidh leis an toghchán faoina shéala féin agus glacfaidh sé cúram cuí chun na boscaí agus na doiciméid sin a choinneáil slán sábháilte.” |
(2) Déantar leis seo mír (1) de Riail 2 den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “comhaltaí den Gharda Síochána ar dualgas,” a chur isteach roimh “gníomhaire toghacháin gach iarrthóra”.
Leasú ar Riail 37 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
42.—(1) Déantar leis seo Riail 37 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “tar éis an dáta a rinneadh an vótaíocht” a chur isteach i ndiaidh “go ceann bliana”.
(2) Déanfar an tagairt atá i Riail 10 den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do Riail 37 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a fhorléiriú mar thagairt don Riail sin 37 arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.
CUID IV.
Toghcháin Uachtaráin.
Léiriú agus forléiriú (Cuid IV agus an Tríú Sceideal).
43.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937.
(2) Déanfar Achtanna Toghcháin an Uachtaráin, 1937 go 1960, agus an Chuid seo den Acht seo agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.
Cártai vótaíochta.
44.—(1) Nuair a bheidh vótaíocht le tógáil i dtoghchán uachtaráin, cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do gach dáilcheantar chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar, agus nach bhfuil ar liosta na bpostvótalaithe, cárta (dá ngairtear cárta vótaíochta san alt seo) san fhoirm fhorordaithe á chur in iúl dó cad é a uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta) ar chlár na dtoghthóirí Dála agus cad é an áit a bhfuil sé i dteideal vótáil ann.
(2) Seolfar cárta vótaíochta chuig an toghthóir ag an seoladh a mbeidh sé cláraithe ina leith i gclár na dtoghthóirí Dála agus cuirfear amach é in am chun go seachadfar é i ngnáthchúrsa an phoist ag an seoladh sin tráth nach déanaí ná an tríú lá roimh lá na vótaíochta.
(3) Cuirfear cárta vótaíochta chun bealaigh leis an bpost agus seolfar ar aghaidh é saor in aisce leis an bpost is luaithe a fóhnfaidh.
(4) Na costais faoina rachaidh ceann comhairimh áitiúil ag comhlíonadh an ailt seo, áireofar iad mar chostais faoina rachaidh sé chun críocha an toghcháin de réir bhrí alt 21 den Phríomh-Acht.
(5) Ní chuirfear aon toghchán uachtaráin ó bhail mar gheall ar aon fhaillí i gcárta vótaíochta a chur amach, nó toisc nár seachadadh cárta vótaíochta nó go raibh earráid nó míráiteas ann.
(6) Ní fhéadfar aon chaingean ná imeacht eile a thabhairt i gcoinne ceann comhairimh áitiúil mar gheall ar aon earráid nó míráiteas i gcárta vótaíochta.
Vótaíocht roimh ré ar oileáin.
45.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é—
(a) go mbeidh vótaíocht le tógáil i dtoghchán uachtaráin i ndáilcheantar, agus
(b) gurb é tuairim cheann comhairimh áitiúil, i gcás stáisiún vótaíochta ar oileán, gur dóigh, mar gheall ar dhrochaimsir nó deacrachtaí iompair—
(i) nach bhféadfaí an vótaíocht a thógáil an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, nó
(ii) dá dtógfaí an vótaíocht an lá sin, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith san áit le haghaidh oscailt na mboscaí ballóide ar 9 a chlog a.m., nó roimhe sin, an lá i ndiaidh lá na vótaíochta.
(2) I gcás ina mbeidh feidhm ag an alt seo, tabharfaidh an ceann comhairimh áitiúil fógra poiblí sa cheantar vótaíochta á rá go dtógfaidh sé an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta ar an oileán lá a shonróidh sé, agus ar lá é is luaithe ná an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire agus is déanaí ná an séú lá roimh an lá vótaíochta sin, agus, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil an vótaíocht a thógáil sa stáisiún vótaíochta ar an oileán an lá a bheidh sonraithe san fhógra nó, más é a thuairim nach féidir, mar gheall ar dhrochaimsir, an vótaíocht a thógáil an lá sin, an chéad lá i ndiaidh an lae sin is dóigh leis a bheidh cursaí iompair idir an t-oileán agus an mórthír réasúnta sábháilte,
(b) mura féidir, mar gheall ar dheacrachtaí iompair, tosú ar an vótaíocht ag an am a bheidh socraithe ag an Aire do thosú na vótaíochta, tosófar ar an vótaíocht a luaithe is féidir tar éis an ama sin,
(c) más rud é, tar éis an vótaíocht a bheith ar siúl ar feadh ceithre huaire an chloig ar a laghad, gur dóigh leis an oifigeach ceannais, dá leanfaí níos faide leis an vótaíocht, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith ag an áit le haghaidh oscailt na mboscaí ballóide ar 9 a.m., nó roimhe sin, an lá i ndiaidh an lae vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, féadfaidh sé an vótaíocht a chríochnú ansin.
(3) Ní dhéanfar aon athrú ar fhoirm ná ar ráiteas an fhógra i dtaobh vótaíochta faoi Riail 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar gheall ar athrú faoin alt seo ar lá agus uaire vótaíochta,
Ainm an Uachtaráin toghaí a chur in iúl do dhaoine airithe.
46.—A luaithe is féidir tar éis don cheann comhairimh toghcháin uachtaráin i dtoghchán uachtaráin a dhearbhú go ndearnadh iarrthóir (dá ngairtear an tUachtarán toghaí san alt seo) a thoghadh ina Uachtarán, déanfaidh an ceann comhairimh toghcháin Uachtaráin, sa tslí a ordóidh an Rialtas, ainm agus seoladh an Uachtaráin thoghaí a chur in iúl don Uachtarán, don Uachtarán toghaí, don Taoiseach, don Phríomh-Bhreitheamh, do Chathaoirleach Dháil Éireann, do Chathaoirleach Sheanad Éireann agus do Rúnaí an Uachtaráin.
Leasú ar ailt 12, 13 agus 14 den Phríomh-Acht.
47.—Beidh éifeacht ag ailt 12, 13 agus 14 den Phríomh-Acht faoi réir na bhforálacha seo a leanas:
(a) beidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin i dteideal rialú a thabhairt go bhfuil páipéar ainmniúcháin neamhbhailí i gcás, agus sa chás sin amháin, nach bhfuil sé déanta amach nó sínithe i gceart;
(b) sa rialú ar ainmniúcháin cuirfidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin i gcoinne na tuairisce ar iarrthóir i bpáipéar ainmniúcháin más é a thuairim go bhfuil sé mícheart, nach leor í chun an t-iarrthóir a aithint, nó go bhfuil sí rófhada; má chuireann an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin i gcoinne na tuairisce amhlaidh, ligfidh sé don iarrthóir nó dá ionadaí údaraithe, de réir mar is iomchuí, an tuairisc a leasú agus, mura leasaítear amhlaidh í chun sástacht an cheann comhairimh toghcháin uachtaráin, féadfaidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin í a leasú nó í a scriosadh, de réir mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena ionadaí údaraithe, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé rialú a thabhairt go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é;
(c) ní dhéanfaidh forálacha mhír (a) den alt seo difir d'fheidhm an ailt sin 13 i gcás aon cheist maidir le feidhmeanna an cheann comhairimh toghcháin uachtaráin de bhun na míre sin;
(d) más rud é, ag an rialú ar ainmniúcháin, go ndéanfaidh duine ar bith atá ina theideal sin aon agóid maidir le hainmniú iarrthóra seachas agóid maidir le feidhmeanna an cheann comhairimh toghcháin uachtaráin de bhun mhír (b) den alt seo—
(i) iarrfaidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin air forais a agóide a lua,
(ii) mura luafaidh sé forais a agóide san am agus san áit sin, measfar an agóid a bheith tarraingthe siar,
(iii) má luann sé san am agus an 0áit sin forais a agóide, cuirfidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin ar atráth an rialú ar ainmniúcháin agus cuirfidh sé an agóid faoi bhráid binse ar a mbeidh triúr breitheamh den Ard-Chúirt (lena n-áirítear an measúnóir breithiúnach) a ainmneoidh Uachtarán na hArd-Chúirte an t-am céanna a ainmneofar an measúnóir breithiúnach nó a chuirfidh Uachtarán na hArd-Chúirte in iúl go bhfuil sé féin chun gníomhú mar mheasúnóir breithiúnach,
(iv) tabharfar breith an bhinse laistigh de thrí lá agus beidh sí ina breith chríochnaitheach,
(v) sula gcuirfidh sé ar atráth an rialú ar ainmniúcháin, féadfaidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin, más cuí leis é, agus déanfaidh sé, ar iarratas ó iarrthóir nó ó ionadaí iarrthóra, ráiteas scríofa i dtaobh na hagóide agus na bhforas atá léi a iarraidh agus an ráiteas sin a sheachadadh, laistigh de cheithre huaire is fiche a chloig, dó féin agus don iarrthóir a ndearnadh an agóid ina choinne agus, má sheachadtar an ráiteas sin, cuirfidh sé faoi bhráid an bhinse é.
Leasú ar ailt 6 agus 20 den Phríomh-Acht.
48.—(1) Déantar leis seo alt 20 den Phríomh-Acht a leasú mar a leanas:
(i) cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (a) :
“(aa) mairfidh an vótaíocht ar feadh cibé tréimhse, nach giorra ná dhá uair déag a chloig, idir 8.30 a chlog, a.m. agus 10.30 a chlog p.m. a cheapfar chuige sin faoin Acht seo,”
(ii) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (d) :
“(d) is é an duine a bheadh ina cheann comhairimh i dtoghchán Dála in aon dáilcheantar acu sin a bheidh ina cheann comhairimh sa dáilcheantar sin chun críocha na vótaíochta, ach mura mbeidh ar chumas an duine sin toisc é a bheith breoite nó ar chúis réasúnach eile gach ceann nó aon cheann dá dhualgais mar cheann comhairimh den sórt sin a chomhlíonadh nó má tharlaíonn folúntas in oifig cheann comhairimh, ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann comhairimh den sórt sin chun na dualgais sin a chomhlíonadh le linn an éagumais nó an fholúntais sin, cibé acu é, agus déanfar aon tagairt san Acht seo do cheann comhairimh áitiúil a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhuine a bheidh, de bhua na míre seo, ina cheann comhairimh i ndáilcheantar chun críocha na vótaíochta agus mar thagairt do dhuine a cheapfaidh an tAire mar a dúradh;”
(2) Déantar leis seo mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 6, den Phríomh-Acht a leasú trí “agus an tréimhse ar lena linn a déanfar” a chur isteach roimh “an vótaíocht (más ann di)”.
Oifigigh cheannais agus cléirigh vótaíochta.
49.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 23 den Phríomh-Acht:
“23. (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh áitiúil oifigeach ceannais chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus, más oiriúnach leis é, cléireach nó cléirigh chun cuidiú le gach oifigeach ceannais.
(2) Ní cheapfaidh an ceann comhairimh áitiúil aon duine ina oifigeach ceannais ná ina chléireach vótaíochta más eol dó féin nó má thaispeántar chun a shástachta go raibh baint ghníomhach aige le cur ar aghaidh iarrthóireacht aon iarrthóra sa toghchán.
(3) Ceadóidh an ceann comhairimh áitiúil, arna iarraidh sin air, do dhuine a bhfuil sé sásta ina thaobh gur duine é a bhfuil leas bona fide aige sa toghchán, mar iarrthóir nó mar dhuine atá le bheith ina iarrthóir, nó mar ghníomhaire do dhuine den sórt sin, scrúdú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ndearna sé, nó a bhfuil beartaithe aige, ceapacháin mar oifigigh cheannais nó cléirigh vótaíochta a thairiscint dóibh.
(4) Coimeádfaidh oifigeach ceannais ord ina stáisiún, rialóidh sé an méid toghthóirí a ligfear isteach san aon am agus coinneoidh sé amach gach duine eile ach amháin na cléirigh, gníomhairí na n-iarrthóirí, compánaigh do thoghthóirí a bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orthu nó atá chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leo vótáil gan chabhair, le linn do na compánaigh sin bheith ag cabhrú leis na toghthóirí sin, agus comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar dualgas.
(5) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, trí chléireach a bheidh ceaptha chun cabhrú leis, aon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear air nó a údaraítear dó leis an Acht seo a dhéanamh, ach amháin ordú a thabhairt chun aon duine a ghabháil, a choinneáil amach nó a chur amach as an stáisiún vótaíochta.”
Vótáil ag postvótálaithe.
50.—D'ainneoin go ndéantar aisghairm leis an Acht seo ar alt 12 den Acht Toghcháin, 1960, fanfaidh na fo-ailt seo a leanas in ionad fho-ailt (2) agus (3) d'alt 29 den Phríomh-Acht:
“(2) Déanfaidh gach ceann comhairimh áitiúil, a luaithe is féidir tar éis dó fógra a fháil ó cheann comhairimh toghcháin an uachtaráin i dtaobh toghchán uachtaráin a chur ar atráth chun vótaíocht a thógáil, páipéar ballóide agus foirm admhála (san fhoirm fhorordaithe) i leith an pháipéir bhallóide sin a chur chuig gach duine a mbeidh a ainm ar liosta na bpostvótálaithe dá dháilcheantar.
(3) Má fhaigheann an ceann comhairimh, roimh chríochnú na vótaíochta, an páipéar ballóide sin agus é marcáilte go cuí ag an duine sin maraon leis an admháil sin agus í sínithe go cuí aige, comhairfidh sé é agus déileálfar leis chun gach críche mar a dhéileálfaí le páipéar ballóide a chuirfí sa bhosca ballóide sa ghnáthshlí.”
Ceart vótála.
51.—(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótála sa vótaíocht i dtoghchán uachtaráin sa dáilcheantar sin.
(2) Chun críocha an ailt seo—
(a) glacfar leis go bhfuil ainm duine ar chlár na dtoghthóirí Dála má tá ainm sa chlár ar dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil nó leis an oifigeach ceannais go raibh sé ceaptha dó gurbh é ainm an duine sin é,
(b) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilítear sin air thar ceann aon iarrthóra, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó dhá cheann acu a chur ar aon duine nuair a iarrfaidh sé páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin;
(i) An tusa an duine a bhfuil an t-ainm A.B. curtha síos dó i gclár na dtoghthóirí atá anois i bhfeidhm
do dháilcheantar ........................................................
................................................................................?
(ii) Ar vótáil tú cheana sa toghchán uachtaráin seo ?
(iii) An raibh bliain is fiche slán agat an .............................
........................................................................... (an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm) ?
agus mura rud é go dtabharfar ar na ceisteanna acu sin a chuirfear ar an duine sin, i gcás an chéad cheann agus an tríú ceann de na ceisteanna sin, freagra dearfach agus, i gcás an dara ceann díobh, freagra diúltach, ní cheadófar don duine sin vótáil,
(c) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilítear sin air thar ceann aon iarrthóra, déanfaidh sé, nuair a iarrfaidh aon duine páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin, an duine sin a chur faoi mhionn nó (i gcás aon duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh) faoi dhearbhasc san fhoirm seo a leanas:—
“Bheirim Dia Uileachumhachtadh (nó—Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go fírinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) gur mise an duine a bhfuil an t-ainm A.B. curtha síos dó ar chlár na dtoghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheantar .................................... agus nár vótáil mé cheana sa toghchán seo, agus go raibh bliain is fiche slán agam an .................................................. (an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm)”
agus má dhiúltaíonn an duine sin an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh ní cheadófar dó vótáil.
(3) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an alt seo agus le Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ní chuirfear ná ní cheadófar aon cheist, mionn, dearbhasc ná agóid tráth na vótaíochta i dtoghchán uachtaráin i dtaobh cheart aon duine chun vótála, agus ní dhéanfaidh ná ní ghlacfaidh aon cheann comhairimh áitiúil ná aon oifigeach ceannais aon agóid ina choinne.
(4) (a) Ní dhéanfaidh duine—
(i) atá cláraithe i gclár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar ach nach bhfuil i dteideal a chláraithe amhlaidh, nó
(ii) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin,
vótáil sa vótaíocht i dtoghchán uachtaráin sa dáilcheantar sin.
(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann teideal chun vótála d'aon duine nach bhfuil an teideal sin aige, ná ní shaorfaidh sé é ó aon phionóis a bheidh inchurtha air mar gheall ar vótáil.
An páipéar ballóide.
52.—(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad Alt 27 den Phríomh-Acht:
“27.—(1) Is le ballóid a thabharfar vótaí i dtoghchán uachtaráin agus is é a bheidh i mballóid gach vótálaí páipéar (dá ngairtear páipéar ballóide san Acht seo) i bhfoirm 8 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(2) Beidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin freagrach i leorchainníocht de pháipéir bhallóide a chló agus a chur ar fáil.”
(2) Déantar leis seo an fhoirm agus na treoracha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad fhoirm 8 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus déanfaidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin de réir na dtreoracha sin.
Leasú ar alt 28 (2) den Phríomh-Acht agus ar Riail 11 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
53.—(1) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 28 den Phríomh-Acht a leasú trí na focail seo a leanas a chur i ndeireadh an fho-ailt: “ach ní bheidh an páipéar ballóide neamhbhailí as siocair amháin go mbeidh air na focail ‘aon’, ‘dó’, ‘trí’ (agus mar sin de) nó marc ar nós ‘X’ is dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil a thaispeánann rogha nó roghanna go soiléir.”
(2) Déantar leis seo riail 11 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “céad-rogha”, “dara rogha” agus “an chéad rogha infheadhma eile”:
“ciallaíonn an abairt ‘céad-rogha’ an figiúr ‘1’, an focal ‘aon’ nó marc ar nós ‘X’ is dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil a thaispeánann céad-rogha go soiléir; ciallaíonn an abairt ‘dara rogha’ an figiúr ‘2’, an focal ‘dó’ nó marc is dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil a thaispeánann dara rogha go soiléir, agus é ina sheasamh ar leanúint ar chéad-rogha;
ciallaíonn an abairt ‘an chéad rogha infheidhme eile’ rogha ar dóigh leis an gceann comhairimh gur dara rogha nó rogha ina dhiaidh sin í a cuireadh síos in ord comhleantach d'iarrthóir leanúnach, gan aird a thabhairt ar roghanna d'iarrthóirí a bheidh dúnta amach cheana;”
Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht.
54.—(1) Déantar leis seo deireadh a chur leis an bhfeidhm a bhí, de bhua fho-alt (1) d'alt 32 den Phríomh-Acht ag na páirteanna seo den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923: mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 1, alt 4, fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 6, ailt 9, 10, 11 agus 14, na focail go léir in alt 15 ó “agus ní fhéadfar” go dtí deireadh an ailt, ailt 20 agus 45 agus an míniú ar “seomra coiste” in alt 56.
(2) I gcás aon fheidhm a thabhairt de bhua fho-alt (1) d'alt 32 den Phríomh-Acht, d'fho-alt (1) nó (2) d'alt 6 nó d'alt 15 den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin (1) nó (2), nó ag an alt sin 15, de réir mar a leasaítear é le halt 90 den Acht seo.
(3) (a) I mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Phríomh-Acht déanfar an tagairt do Chuid II den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'alt 13A (a chuirtear isteach ann le halt 90 den Acht seo) den Acht deiridh sin agus, i gcás aon fheidhm a thabhairt, de bhua na míre sin, d'alt 15 den Acht deiridh sin, déanfar an tagairt san alt sin 15 do na hailt thuasluaite den Acht deiridh sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt sin 13A.
(b) I mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Phríomh-Acht, déanfar an tagairt do na hailt den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'alt 55A (a chuirtear isteach ann le halt 90 den Acht seo) den Acht deiridh sin.
(c) I bhfo-alt (2) d'alt 32 den Phríomh-Acht déanfar an abairt “na páirteanna sin den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923”, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do na hailt sin 13A agus 55A.
Leasú ar Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
55.—Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“1. (1) Is dleathach d'aon cheann comhairimh áitiúil, le toiliú an Aire, leas-cheann comhairimh áitiúil a cheapadh chun gach ceann nó aon chuid áirithe de dhualgais an cheann comhairimh áitiúil sin a chomhlíonadh.
(2) Más rud é i dtoghchán iomaidh uachtaráin gurb é an duine céanna is ceann comhairimh áitiúil do dhá dháilcheantar nó níos mó, ansin—
(a) i gcás gur dhá cheann agus nach mó ná dhá cheann de na dáilcheantair sin atá ann, ceapfaidh sé, i leith ceann acu, leas-cheann comhairimh áitiúil chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh,
(b) in aon chás eile, ceapfaidh sé, i leith gach ceann de na dáilcheantair (ach ceann amháin), leas-cheann comhairimh áitiúil chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh.
(3) Ní cheapfar duine faoi mhír (2) den Riail seo mura mbeidh an ceapachán ceadaithe ag an Aire.
(4) Faoi réir forálacha na míreanna sin roimhe seo, is é an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar a stiúrfaidh toghchán uachtaráin sa dáilcheantar sin mura rud é nach féidir leis é toisc é a bheith breoite nó ar chúis eile is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach.
(5) Sna Rialacha ina dhiaidh seo den Sceideal seo folóidh tagairtí do chinn chomhairimh áitiúla, nuair is iomchuí é, tagairtí do leas-chinn chomhairimh áitiúla.”
Leasú ar Riail 15 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
56.—Déantar leis seo Riail 15 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “le marc oifigiúil, a bheidh cabhraithe nó pollta ionas go mbeidh sé le feiceáil ar dhá thaobh an pháipéir” a chur in ionad “ar a dhá thaobh leis an marc oifigiúil tré n-a stampáil air nó tré n-a pholladh tríd”.
Vótáil ag daoine dalla, éagumasacha nó neamhliteartha.
57.—(1) Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“17. (1) (a) Má shásaíonn aon toghthóir an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nó go bhfuil sé chomh neamhliteartha sin nach féidir leis vótáil gan chabhair, beidh feidhm ag an Riail seo.
(b) Chun críocha fho-mhír (a) den mhír seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais, agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, an toghthóir a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas:
‘Bheirim Dia Uilechumhachtach (nó— Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go fírinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orm (nó—go bhfuil mé chomh mór sin faoi eagumas coirp nó—go bhfuil mé chomh neamhliteartha sin—de réir mar a bheidh) nach féidir liom vótáil gan chabhair '
agus má dhiúltaíonn an toghthóir an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní bheidh feidhm ag an Riail seo.
(2) (a) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo i gcás toghthóra a shásóidh an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leis vótáil gan chabhair, féadfaidh an toghthóir cead a iarraidh chun go márcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó agus, faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, féadfaidh an compánach an páipéar ballóide a mharcáil don toghthóir agus, arna mharcáil amhlaidh, cuirfidh sé isteach sa bhosca ballóide é láithreach.
(b) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má iarrann gníomhaire d'iarrthóir air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó cinn díobh a chur ar an gcompánach sula seachadfaidh sé an páipéar ballóide:
(i) An bhfuil sé bliana déag slán agat ?
(ii) An bhfuil níos mó ná páipéar ballóide amháin marcáilte agat mar chompánach sa toghchán seo ?
(iii) An iarrthóir sa toghchán seo thú ?
(iv) An gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán seo thú ?
agus mura rud é gur freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist agus gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist eile nó ar na ceisteanna eile, de réir mar a bheidh, ní mharcálfaidh an compánach an páipéar ballóide.
(3) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo agus—
(a) go mbeidh an toghthóir neamhliteartha, nó
(b) nach n-iarrfaidh an toghthóir cead chun go marcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó, nó
(c) má iarrann an toghthóir an cead sin agus go mbeadh marcáil a pháipéir bhallóide ag an gcompánach ina shárú ar fhomhír (b) de mhír (2) den Riail seo,
cuirfidh an t-oifigeach ceannais faoi deara go ndéanfar, i láthair gníomhairí na n-iarrthóirí, agus gan aon duine eile a bheith i láthair, vóta an toghthóra a mharcáil ar pháipéar ballóide sa tslí a ordóidh an toghthóir agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, arna mharcáil amhlaidh, isteach sa bhosca ballóide láithreach.
(4) I gcás ina n-iarrfaidh toghthóir, laistigh de cheithre huaire a chloig roimh an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, cead chun go ndéanfaí a pháipéar ballóide a mharcáil dó faoin Riail seo i slí seachas ag compánach, féadfaidh an t-oifigeach ceannais an cead sin a dhiúltú más é a thuairim, mar gheall ar an méid toghthóirí a bheidh ag teacht isteach an uair sin chun vótáil nó ar dóigh dóibh teacht isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh cuí a dhualgas nó go gcuirfeadh sé bac míchuí ar vótáil toghthóirí eile dá dtugadh sé an cead sin.
(5) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an toghthóir trí na sonraí a bheidh luaite i leith gach iarrthóra a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide, ach ní ghníomhóidh sé de bhun aon treorach i scríbhinn”.
(2) (a) Más rud é, de bhun mhír (2) de Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, go mbeidh duine tar éis dhá pháipéar ballóide a mharcáil mar chompánach, ní dhéanfaidh sé, sa toghchán uachtaráin céanna, aon pháipéar ballóide eile a mharcáil mar chompánach.
(b) Ní dhéanfaidh duine, de bhun mhír (2) de Riail 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, páipéar ballóide a mharcáil i dtoghchán uachtaráin mar chompánach, más iarrthóir nó gníomhaire d'iarrthóir sa toghchán sin é.
(c) Aon duine a sháróidh mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
Pearsanú a líomhnaítear.
58.—Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“18. Má dhéanann duine, a chuirfidh in iúl gur toghthóir áirithe é atá ainmnithe ar chlár na dtoghthóirí, páipéar ballóide a iarraidh tar éis páipéar ballóide a bheith tugtha do dhuine eile amhail is dá mba é an toghthóir sin é, beidh an t-iarratasóir, má fhreagraíonn sé go cuí na ceisteanna a cheadaítear leis an Acht seo a chur ar vótálaithe tráth na vótaíochta, i dteideal páipéar ballóide a mharcáil faoi mar a bheadh aon toghthóir eile agus an páipéar ballóide, arna mharcáil, a chur isteach sa bhosca ballóide, ach déanfaidh an t-oifigeach ceannais amach ráiteas a thaispeánfaidh an méid iomlán páipéar ballóide a eisíodh de bhun na Rialach seo agus na hainmneacha agus na huimhreacha a bhí ar chlár na dtoghthóirí do na daoine chun ar eisíodh iad”.
Dualgais an oifigigh cheannais ar chríochnú na vótaíochta.
59.—Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 21 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“21. Déanfaidh an t-oifigeach ceannais, ag an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, bearta chun a áirithiú nach ligfear aon toghthóirí eile isteach sa stáisiún vótaíochta agus, faoi réir an choinníll go mbeidh toghthóir a bheidh san áitreabh ag an am sin i dteideal páipéar ballóide a fháil agus vótáil a dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, a luaithe is féidir tar éis críochnú na vótaíochta, agus i láthair gníomhairí pearsanaíochta na n-iarrthóirí, gach bosca ballóide a shéalú, gan é a oscailt ach an eochair a bheith ceangailte de, ionas nach féidir a thuilleadh páipéar a chur isteach ann, agus cuirfidh sé i bpaicéid ar leith a shéalóidh sé lena shéala—
(a) na páipéir bhallóide neamhúsáidte agus mhillte, i dteannta a chéile,
(b) cóipeanna marcáilte de chlár na dtoghthóirí, agus
(c) comhdhuillí na bpáipéar ballóide,
agus seachadfaidh sé na boscaí ballóide agus na paicéid sin go léir don cheann comhairimh áitiúil.
Leasú ar Rialacha 22A, 23 agus 24 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
60.—Déantar leis seo na Rialacha seo a leanas a chur in ionad Rialacha 22A, 23 agus 24 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
An áit chun na boscaí ballóide a oscailt, etc. | “22A. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar— (a) an áit ina n-osclóidh sé na boscaí ballóide a cheapadh, (b) na boscaí ballóide a oscailt san áit a cheapfar amhlaidh, (c) fógra i scríbhinn i dtaobh na háite a cheapfar amhlaidh a thabhairt do gach gníomhaire áitiúil d'iarrthóir, ocht n-uaire is daichead a chloig ar a laghad roimh 9 a chlog a.m. an lá díreach i ndiaidh críochnú na vótaíochta, (d) gach saoráid réasúnach a thabhairt do gach gníomhaire áitiúil d'iarrthóir agus do gach gníomhaire a cheapfar faoi Riail 24 den Sceideal seo chun faire ar na himeachtaí le linn an chomhairimh (lena n-áirítear, go háirithe, saoráidí chun iad féin a shásamh go sórtáiltear na páipéir bhallóide i gceart), agus gach eolas ina dtaobh, is féidir leis a thabhairt dóibh i gcomhréir le stiúradh ordúil na n-imeachtaí agus le comhlíonadh a fheidhmeanna. (e) cóiríocht oiriúnach, agus an trealamh go léir is gá, le haghaidh comhaireamh na vótaí, a chur ar fáil. (2) An áit a cheapfar faoi fhomhír (a) den mhír sin roimhe seo, beidh sé laistigh den dáilcheantar, ach— (a) más é atá sa dáilcheantar cuid atá ina cuid de chontae-bhuirg agus cuid atá lasmuigh den bhuirg sin, féadfaidh sé— (i) bheith laistigh den chuid eile den bhuirg sin, nó (ii) le toiliú an Aire, bheith lasmuigh den bhuirg sin, agus lasmuigh den dáilcheantar ach i gcóngar dó, agus (b) in aon chás eile, féadfaidh sé, le toiliú an Aire, bheith lasmuigh den dáilcheantar ach i gcóngar dó. |
Oscailt na mboscaí ballóide. | 23. Ar 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh críochnú na vótaíochta i ndáilcheantar agus san áit a bheidh ceaptha aige faoi Riail 22A den Sceideal seo, tosóidh an ceann comhairimh áitiúil don dáilcheantar sin ar na boscaí ballóide a úsáideadh sa vótaíocht sa dáilcheantar sin a oscailt, tógfaidh sé amach na páipéir bhallóide a bheidh iontu, comhairfidh sé iad agus breacfaidh sé síos a líon, agus ansin meascfaidh sé ar a chéile iad. |
Gníomhairí d'iarrthóirí a bheith i láthair le linn oscailt na mboscaí ballóide. | 24. Féadfaidh gach gníomhaire áitiúil d'iarrthóir gníomhairí a cheapadh chun bheith i láthair thar ceann an iarrthóra sin le linn na mboscaí ballóide ina dháilcheantar a bheith á n-oscailt ag an gceann comhairimh áitiúil agus le linn na n-imeachtaí a leanfaidh as a n-oscailt. Ní cheapfaidh aon ghníomhaire áitiúil áirithe níos mó ná cúigear gníomhaire mura gceadóidh an ceann comhairimh áitiúil a mhalairt.” |
Leasú ar Rialacha 27, 39 agus 40 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
61.—(1) D'ainneoin go ndéantar aisghairm leis an Acht seo ar mhír (d) d'alt 3 d'Acht Toghchán an Uachtaráin (Leasú), 1946, fanfaidh “óna haon déag” in ionad “óna seacht” i Rialacha 27 agus 39 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
(2) Déantar leis seo Riail 40 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a leasú trí “ón dáta a bhí an vótaíocht ann” a chur isteach i ndiaidh “go ceann sé mhí”.
Leasú ar Riail 8 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
62.—Déantar leis seo na míreanna seo a leanas a chur le Riail 8 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“(4) An chumhacht a thugtar leis an mír sin roimhe seo chun páipéir a athscrúdú agus a athchomhaireamh, tá réim aici maidir le páipéir ar déileáladh leo i gcomhaireamh ba luaithe ná an comhaireamh díreach roimhe sin.
(5) I gcás gach iarrthóra, féadfaidh sé féin nó a phríomhghníomhaire iarratas amháin (agus sin uile) a dhéanamh ag iarraidh athscrúdú agus athchomhaireamh iomlán ar gach beartán páipéar, agus má iarrtar sin ar an gceann comhairimh toghcháin uachtaráin déanfaidh sé athscrúdú agus athchomhaireamh ar na beartáin pháipéar dá réir sin. San athscrúdú agus san athchomhaireamh, ní athrófar méid ná ord na bpáipéar in aon bheartán. Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sna forálacha sin roimhe seo den mhír seo d'oibleagáid ar an gceann comhairimh toghcháin uachtaráin an beartán céanna páipéar a athscrúdú nó a athchomhaireamh níos mó ná uair amháin, ach má aimsítear earráid agus gurb é tuairim an cheann comhairimh toghcháin uachtaráin gurb earráid thábhachtach í ar dóigh di difir a dhéanamh do thoradh an toghcháin, comhairfidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin na páipéir go léir as úire ón bpointe ag ar tharla an earráid.
(6) Má aimsítear earráid, déanfaidh an ceann comhairimh toghcháin uachtaráin, más gá é, aon torthaí a bheidh fógartha aige roimhe sin a leasú.”
CUID V.
Reifrinn.
Léiriú agus forléiriú (Cuid V agus an Ceathrú Sceideal).
63.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht an Reifrinn, 1942.
(2) Déanfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1960, agus an Chuid seo den Acht seo agus an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.
Cártaí vótaíochta.
64.—(1) I reifreann, cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar, agus nach bhfuil ar liosta na bpostvótalaithe, cárta (dá ngairtear cárta vótaíochta san alt seo) san fhoirm fhorordaithe á chur in iúl dó cad é a uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta) ar chlár na dtoghthóirí Dála agus cad é an áit a bhfuil sé i dteideal vótáil ann.
(2) Seolfar cárta vótaíochta chuig an toghthóir ag an seoladh a mbeidh sé cláraithe ina leith i gclár na dtoghthóirí Dála agus cuirfear amach é in am chun go seachadfar é i ngnáthchúrsa an phoist ag an seoladh sin tráth nach déanaí ná an tríú lá roimh lá na vótaíochta.
(3) Cuirfear cárta vótaíochta chun bealaigh leis an bpost agus seolfar ar aghaidh é saor in aisce leis an bpost is luaithe a fhónfaidh.
(4) Na costais faoina rachaidh ceann comhairimh áitiúil ag comhlíonadh an ailt seo, áireofar iad mar chostais faoina rachaidh sé chun críocha an reifrinn de réir bhrí alt 12 den Phríomh-Acht.
(5) Ní chuirfear aon reifreann ó bhail mar gheall ar aon fhaillí i gcárta vótaíochta a chur amach, nó toisc nár seachadadh cárta vótaíochta nó go raibh earráid nó míráiteas ann.
(6) Ní fhéadfar aon chaingean ná imeacht eile a thabhairt i gcoinne ceann comhairimh áitiúil mar gheall ar aon earráid nó míraiteas i gcárta vótaíochta.
Vótaíocht roimh ré ar oileáin.
65.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é, i reifreann, gurb é tuairim cheann comhairimh áitiúil, i gcás stáisiún vótaíochta ar oileán, gur dóigh, mar gheall ar dhrochaimsir nó deacrachtaí iompair—
(a) nach bhféadfaí an vótaíocht a thógáil an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, nó
(b) dá dtógfaí an vótaíocht an lá sin, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith san áit le haghaidh oscailt na mboscaí ballóide ar 9 a chlog a.m. nó roimhe sin, an lá i ndiaidh lá na vótaíochta.
(2) I gcás ina mbeidh feidhm ag an alt seo, tabharfaidh an ceann comhairimh áitiúil fógra poiblí sa cheantar vótaíochta á rá go dtógfaidh sé an vótaíocht sa stáisiún vótaíochta ar an oileán lá a shonróidh sé, agus ar lá é is luaithe ná an lá vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire agus is déanaí ná an séú lá roimh an lá vótaíochta sin agus, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil an vótaíocht a thógáil sa stáisiún vótaíochta ar an oileán an lá a bheidh sonraithe san fhógra nó, más é a thuairim nach féidir, mar gheall ar dhrochaimsir, an vótaíocht a thógáil an lá sin, an chéad lá i ndiaidh an lae sin is dóigh leis a bheidh cúrsaí iompair idir an t-oileán agus an mhórthír réasúnta sábháilte,
(b) mura féidir, mar gheall ar dheacrachtaí iompair, tosú ar an vótaíocht ag an am a bheidh socraithe ag an Aire do thosú na vótaíochta, tosófar ar an vótaíocht a luaithe is féidir tar éis an ama sin,
(c) más rud é, tar éis an vótaíocht a bheith ar siúl ar feadh ceithre huaire an chloig ar a laghad, gur dóigh leis an oifigeach ceannais, dá leanfaí níos faide leis an vótaíocht, nárbh fhéidir na boscaí ballóide a bheith ag an áit le haghaidh oscailt na mboscaí ballóide ar 9 a.m. nó roimhe sin, an lá i ndiaidh an lae vótaíochta a bheidh ceaptha ag an Aire, féadfaidh sé an vótaíocht a chríochnú ansin.
(3) Ní dhéanfar aon athrú ar fhoirm ná ar ráiteas an fhógra i dtaobh vótaíochta faoi Riail 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar gheall ar athrú faoin alt seo ar lá agus uaire a chloig vótaíochta.
Vótáil ag daoine atá ar fostú ag cinn chomairimh áitiúla.
66.—Más rud é—
(a) go bhfuil duine i dteideal vótála sa vótaíocht i reifreann,
(b) go bhfuil sé ar fostú ag an gceann comhairimh áitiúil don dáilcheantar a bhfuil sé i dteideal vótáil ann, chun aon chríche a bhaineann leis an vótaíocht sa dáilcheantar sin, agus
(c) mar gheall ar imthosca a fhostaíochta, nach féidir leis, i dtuairim an cheann comhairimh, vótáil sa stáisiún vótaíochta a mbeadh sé i dteideal vótáil ann murach sin,
féadfaidh an t-oifigeach sin a údarú dó i scríbhinn vótáil i stáisiún vótaíochta eile a shonrófar sa dáilcheantar sin, agus, chun críche Riail 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, measfar gurb é an stáisiún vótaíochta a shonrófar amhlaidh an stáisiún vótaíochta a dáileadh dó.
Leasú ar ailt 8 (1), 10 (1) agus 11 den Phríomh-Acht.
67.—(1) Déantar leis seo alt 11 den Phríomh-Acht a leasú mar a leanas:
(i) cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (a):
“(aa) mairfidh an vótaíocht ar feadh cibé tréimhse, nach giorra ná dhá uair déag a chloig, idir 8.30 a chlog, a.m. agus 10.30 a chlog p.m. a cheapfar chuige sin faoin Acht seo;”
(ii) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (d):
“(d) is é an duine a bheadh ina cheann comhairimh i dtoghchán Dála in aon dáilcheantar acu sin a bheidh ina cheann comhairimh sa dáilcheantar sin chun críocha na vótaíochta, ach mura mbeidh ar chumas an duine sin toisc é a bheith breoite nó ar chúis réasúnach eile gach ceann nó aon cheann dá dhualgais mar cheann comhairimh den sórt sin a chomhlíonadh nó má tharlaíonn folúntas in oifig cheann comhairimh, ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann comhairimh den sórt sin chun na dualgais sin a chomhlíonadh le linn an éagumais nó an fholúntais sin, cibé acu é, agus déanfar aon tagairt san Acht seo do cheann comhairimh áitiúil a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhuine a bheidh, de bhua na míre seo, ina cheann comhairimh i ndáilcheantar chun críocha na vótaíochta agus mar thagairt do dhuine a cheapfaidh an tAire mar a dúradh;”
(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 8 agus fo-alt (1) d'alt 10, den Phríomh-Acht a leasú trí “agus an tréimhse ar lena linn a déanfar” a chur isteach roimh “an vótaíocht”.
Oifigigh cheannais agus cléirigh vótaíochta.
68.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 18 den Phríomh-Acht:
“18. (1) Ceapfaidh an ceann comhairimh áitiúil oifigeach ceannais chun bheith i gceannas ar gach stáisiún vótaíochta agus, más oiriúnach leis é, cléireach nó cléirigh chun cuidiú le gach oifigeach ceannais.
(2) Ní cheapfaidh an ceann comhairimh áitiúil aon duine ina oifigeach ceannais ná ina chléireach vótaíochta más eol dó féin nó má thaispeántar chun a shástachta go raibh baint ghníomhach aige le hiarracht chun aon toradh áirithe a ghnóthú sa reifreann.
(3) Ceadóidh an ceann comhairimh áitiúil, arna iarraidh sin air, d'aon chomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann, nó d'aon ghníomhaire pearsanaíochta, scrúdú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ndearna sé nó a bhfuil beartaithe aige ceapacháin mar oifigigh cheannais nó cléirigh vótaíochta a thairiscint dóibh.
(4) Coimeádfaidh oifigeach ceannais ord ina stáisiún, rialóidh sé an méid toghthóirí a ligfear isteach san aon am agus coinneoidh sé amach gach duine eile ach amháin na cléirigh, na gníomhairí pearsanaíochta (más ann) a ceapadh dá stáisiún vótaíochta, compánaigh do thoghthóirí a bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orthu nó atá chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leo vótáil gan chabhair, le linn do na compánaigh sin bheith ag cabhrú leis na toghthóirí sin, agus comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar dualgas.
(5) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, trí chléireach a bheidh ceaptha chun cabhrú leis, aon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear air nó a údaraítear dó leis an Acht seo a dhéanamh, ach amháin ordú a thabhairt chun aon duine a ghabháil, a choinneáil amach nó a chur amach as an stáisiún vótaíochta.”
Vótáil ag postvótálaithe.
69.—(1) D'ainneoin go ndéantar aisghairm leis an Acht seo ar alt 15 den Acht Toghcháin, 1960, fanfaidh na fo-ailt seo a leanas in ionad fho-ailt (2) agus (3) d'alt 20 den Phríomh-Acht:
“(2) Déanfaidh gach ceann comhairimh áitiúil, a luaithe is féidir tar éis dáta an ordaithe ón Aire ag ceapadh an lae vótaíochta i reifreann, páipéar ballóide agus foirm admhála (san fhoirm fhorordaithe) i leith an pháipéir bhallóide sin a chur chuig gach duine a mbeidh a ainm ar liosta na bpostvótálaithe dá dháilcheantar.
(3) Má fhaigheann an ceann comhairimh, roimh chríochnú na vótaíochta, an páipéar ballóide sin agus é marcáilte go cuí ag an duine sin, maraon leis an admháil sin agus í sínithe go cuí aige, comhairfidh sé é agus déileálfar leis chun gach críche mar a dhéiléalfaí le páipéar ballóide a chuirfí sa bhosca ballóide sa ghnáthshlí.”
(2) D'ainneoin na haisghairme sin fanfaidh “na hadmhálacha do” in ionad “na dearbhuithe céannachta do” agus “admhálacha dar” in ionad “dearbhuithe céannachta dar” i mír (c) de Riail 31 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
Ceart vótála.
70.—(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótála sa dáilcheantar sin sa vótaíocht i reifreann.
(2) Chun críocha an ailt seo—
(a) glacfar leis go bhfuil ainm duine ar chlár na toghthóirí Dála má bhíonn ainm sa chlár ar dóigh leis an gceann comhairimh áitiúil nó leis an oifigeach ceannais go raibh sé ceaptha dó gurbh é ainm an duine sin é,
(b) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilíonn gníomhaire pearsanaíochta air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó dhá cheann acu a chur ar aon duine nuair a iarrfaidh sé páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin:
(i) An tusa an duine a bhfuil an t-ainm A. B. curtha síos dó i gclár na dtoghthóirí atá anois i bhfeidhm
do dháilcheantar ........................................................
................................................................................?
(ii) Ar vótáil tú cheana sa reifreann seo ?
(iii) An raibh bliain is fiche slán agat an .............................
........................................................................... (an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm) ?
agus mura rud é go dtabharfar ar na ceisteanna acu sin a chuirfear ar an duine sin, i gcás an chéad cheann agus an tríú ceann de na ceisteanna sin, freagra dearfach agus, i gcás an dara ceann díobh, freagra diúltach, ní cheadófar don duine sin vótáil,
(c) féadfaidh an ceann comhairimh áitiúil nó an t-oifigeach ceannais agus, má éilíonn oifigeach pearsanaíochta air é, déanfaidh sé, nuair a iarrfaidh aon duine páipéar ballóide, ach ní cead é a dhéanamh ina dhiaidh sin, an duine sin a chur faoi mhionn nó (i gcás aon duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh) faoi dhearbhasc san fhoirm seo a leanas:—
“Bheirim Dia Uilechumhachtach (nó—Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go fírinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) gur mise an duine a bhfuil an t-ainm A. B. curtha síos dó ar chlár na dtoghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheantar ......................................... agus nár vótáil mé cheana sa reifreann seo, agus go raibh bliain is fiche slán agam an ........................................ (an dáta a tháinig an clár i bhfeidhm)”
agus má dhiúltaíonn an duine sin an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh ní cheadófar dó vótáil.
(3) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an alt seo agus le Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ní chuirfear ná ní cheadófar aon cheist, mionn, dearbhasc ná agóid tráth na vótaíochta i reifreann i dtaobh cheart aon duine chun vótála, agus ní dhéanfaidh ná ní ghlacfaidh aon cheann comhairimh áitiúil ná aon oifigeach ceannais aon agóid ina choinne.
(4) (a) Ní dhéanfaidh duine—
(i) atá cláraithe i gclár na dtoghthóirí Dála a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do dháilcheantar ach nach bhfuil i dteideal a chláraithe amhlaidh, nó
(ii) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin,
vótáil sa dáilcheantar sin sa vótaíocht i reifreann.
(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhineáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann teideal chun vótála d'aon duine nach bhfuil an teideal sin aige, ná ní shaorfaidh sé é ó aon phionóis a bheidh inchurtha air mar gheall ar vótáil.
Foirmeacha na bpáipéar ballóide.
71.—(1) I reifreann bunreachta—
(a) beidh gach páipéar ballóide san fhoirm atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus
(b) déanfar an togra is ábhar don reifreann a chur in iúl ar an bpáipéar ballóide tríd an mBille ina bhfuil an togra sin agus a ritheadh nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais a lua faoina ghearrtheideal.
(2) I ngnáthreifreann beidh gach páipéar ballóide san fhoirm iomchuí atá leagtha amach i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus—
(a) i gcás páipéir bhallóide i leith aon reifrinn amháin, beidh tagairt ann do Bhille nó don pháirt den Bhille ina bhfuil an togra is ábhar don reifreann, agus
(b) i gcás páipéir bhallóide i leith dhá reifreann nó níos mó arb é an lá vótaíochta céanna a bheidh ann dóibh, beidh ann, i leith gach reifrinn ar leith, tagairt don Bhille nó don pháirt den Bhille ina bhfuil an togra is ábhar don reifreann.
(3) Nuair a bheidh feidhm á thabhairt, i gcás reifrinn bhunreachta, do mhír (1) de Riail 3 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, cuirfear an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (b) den mhír sin;
“(b) i dtaobh ghearrtheideal an Bhille ina bhfuil an togra is ábhar don reifreann sin, agus”.
(4) Faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, más é an lá céanna is lá vótaíochta in dhá ghnáthreifreann nó níos mó, ní eiseofar páipéir bhallóide ar leith, ach cumfar gach páipéar ballóide ar dhóigh go bhféadfaidh an vótálaí vóta ar leith a bhreacadh i leith gach reifrinn díobh.
(5) Más é an lá céanna is lá vótaíochta in dhá ghnáthreifreann nó níos mó, agus gur dóigh leis an Aire ar chúis ar bith go bhfuil sé dodhéanta nó neamhfhoirsteanach an fo-alt sin roimhe seo a chomhlíonadh—
(a) féadfaidh an tAire a ordú go n-eiseofar páipéir bhallóide ar leith do cheann amháin nó níos mó nó do gach ceann de na reifrinn agus eiseofar na páipéir sin dá réir sin,
(b) i gcás ina n-ordóidh an tAire mar a dúradh agus nach mbainfidh an t-ordú le gach ceann de na reifrinn—
(i) más rud é nach bhfuil ann ach ceann amháin de na reifrinn nach mbaineann an t-ordú leis, eiseofar páipéir bhallóide ar leith dó,
(ii) más rud é go bhfuil dhá cheann nó níos mó ann de na reifrinn nach mbaineann an t-ordú leo, bainfidh an fo-alt sin roimhe seo leo.
Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht.
72.—(1) Déantar leis seo deireadh a chur leis an bhfeidhm a bhí, de bhua fho-alt (1) d'alt 29 den Phríomh-Acht, ag na páirteanna seo a leanas den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923: mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 1, alt 4, fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 6, ailt 9 agus 10, na focail go léir in alt 15 ó “agus ní féadfar” go dtí deireadh an ailt, alt 45 agus na míniú ar “seomra coiste” in alt 56.
(2) I gcás aon fheidhm a thabhairt, de bhua fho-alt (1) d'alt 29 den Phríomh-Acht, d'fho-alt (1) nó (2) d'alt 6 nó d'alt 15 den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin (1) nó (2) nó ag an alt sin 15, de réir mar a leasaítear é le halt 90 den Acht seo.
(3) (a) I mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 29 den Phríomh-Acht déanfar an tagairt do na hailt den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'alt 13A (a chuirtear isteach ann le halt 90 den Acht seo) den Acht deiridh sin agus, i gcás aon fheidhm a thabhairt, de bhua na míre sin, d'alt 15 den Acht deiridh sin, déanfar an tagairt san alt sin 15 do na hailt thuasluaite den Acht deiridh sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt sin 13A.
(b) I mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 29 den Phríomh-Acht, déanfar an tagairt do na hailt den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'alt 55A (a chuirtear isteach ann le halt 90 den Acht seo) den Acht deiridh sin.
(c) I bhfo-alt (2) d'alt 29 den Phríomh-Acht déanfar an abairt “na páirteanna sin den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923”, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do na hailt sin 13A agus 55A.
Leasú ar Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
73.—Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“1. (1) Is dleathach d'aon cheann comhairimh áitiúil, le toiliú an Aire, leas-cheann comhairimh áitiúil a cheapadh chun gach ceann nó aon chuid áirithe de dhualgais an cheann comhairimh áitiúil sin a chomhlíonadh.
(2) Más rud é i reifreann gurb é an duine céanna is ceann comhairimh áitiúil do dhá dháilcheantar nó níos mó, ansin—
(a) i gcás gur dhá cheann agus nach mó ná dhá cheann de na dáilcheantair sin atá ann, ceapfaidh sé, i leith ceann acu, leas-cheann comhairimh áitiúil chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh,
(b) in aon chás eile, ceapfaidh sé, i leith gach ceann de na dáilcheantair (ach ceann amháin), leas-cheann comhairimh áitiúil chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh.
(3) Ní cheapfar duine faoi mhír (2) den Riail seo mura mbeidh an ceapachán ceadaithe ag an Aire.
(4) Faoi réir forálacha na míreanna sin roimhe seo, is é an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar a stiúrfaidh reifreann sa dáilcheantar sin mura rud é nach féidir leis é toisc é a bheith breoite nó ar chúis eile is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach.
(5) Sna Rialacha ina dhiaidh seo den Sceideal seo folóidh tagairtí don cheann comhairimh áitiúil, nuair is iomchuí é, tagairtí do leas-chinn chomhairimh áitiúla.”
Leasú ar an bPríomh-Acht maidir leis an marc oifigiúil ar pháipéir bhallóide.
74.—Déantar leis seo “le marc oifigiúil, a bheidh cabhraithe nó pollta ionas go mbeidh sé le feiceáil ar dhá thaobh an pháipéir” a chur in ionad “ar a dhá thaobh le marc oifigiúil a stampálfar air nó a pollfar tríd” i bhfo-alt (3) d'alt 14 den Phríomh-Acht agus in ionad “ar a dhá thaobh leis an marc oifigiúil tré n-a stampáil air nó tré n-a pholladh tríd” i Riail 16 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
Vótáil ag daoine dalla, éagumasacha nó neamhliteartha.
75.—(1) Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“18. (1) (a) Má shásaíonn aon vótálaí an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nó go bhfuil sé chomh neamhliteartha sin nach féidir leis vótáil gan chabhair, beidh feidhm ag an Riail seo.
(b) Chun críocha fhomhír (a) den mhír seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má iarrann gníomhaire pearsanaíochta air é, déanfaidh sé, an vótálaí a chur faoi mhionn (nó, i gcás duine a chuirfidh i gcoinne mionn a ghlacadh ar an bhforas nach bhfuil aon chreideamh aige nó go bhfuil sé in aghaidh a chreidimh mionn a ghlacadh, faoi dhearbhasc) san fhoirm seo a leanas:
‘Bheirim Dia Uilechumhachtach (nó— Dearbhaím agus dearbhascaim go sollúnta, go fírinneach agus go hionraic—de réir mar a bheidh) go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin orm (nó—go bhfuil mé chomh mór sin faoi éagumas coirp nó— go bhfuil mé chomh neamhliteartha sin— de réir mar a bheidh) nach féidir liom vótáil gan chabhair’
agus má dhiúltaíonn an vótálaí an mionn a ghlacadh nó an dearbhasc a dhéanamh, ní bheidh feidhm ag an Riail seo.
(2) (a) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo i gcás vótálaí a shásóidh an t-oifigeach ceannais go bhfuil mallachar radhairc chomh mór sin air nó go bhfuil sé chomh mór sin faoi éagumas eile coirp nach féidir leis vótáil gan chabhair, féadfaidh an vótálaí cead a iarraidh chun go marcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó agus, faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, féadfaidh an compánach an páipéar ballóide a mharcáil don vótálaí agus, arna mharcáil amhlaidh, cuirfidh sé isteach sa bhosca ballóide é láithreach.
(b) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má iarrann gníomhaire pearsanaíochta air é, déanfaidh sé, na ceisteanna seo a leanas nó aon cheann nó aon dá cheann díobh a chur ar an gcompánach sula seachadfaidh sé an páipéar ballóide:
(i) An bhfuil sé bliana déag slán agat ?
(ii) An bhfuil níos mó ná páipéar ballóide amháin marcáilte agat mar chompánach sa reifreann seo ?
(iii) An gníomhaire pearsanaíochta thú sa reifreann seo ?
agus mura rud é gur freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist agus gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist eile nó ar na ceisteanna eile, de réir mar a bheidh, ní mharcálfaidh an compánach an páipéar ballóide.
(3) Nuair a bheidh feidhm ag an Riail seo agus—
(a) go mbeidh an vótálaí neamhliteartha, nó
(b) nach n-iarrfaidh an vótálaí cead chun go marcálfadh compánach a pháipéar ballóide dó, nó
(c) má iarrann an vótálaí an cead sin agus go mbeadh marcáil a pháipéir bhallóide ag an gcompánach ina shárú ar fhomhír (b) de mhír (2) den Riail seo,
cuirfidh an t-oifigeach ceannais faoi deara go ndéanfar, i láthair na ngníomhairí pearsanaíochta (más ann) agus gan aon duine eile a bheith i láthair, vóta an vótálaí a mharcáil ar pháipéar ballóide sa tslí a ordóidh an vótalaí agus cuirfidh sé an páipéar ballóide, arna mharcáil amhlaidh, isteach sa bhosca ballóide láithreach.
(4) I gcás ina n-iarrfaidh vótálaí, laistigh de cheithre huaire a chloig roimh an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, cead chun go ndéanfaí a pháipéar ballóide a mharcáil dó faoin Riail seo i slí seachas ag compánach, féadfaidh an t-oifigeach ceannais an cead sin a dhiúltú más é a thuairim, mar gheall ar an méid vótálaithe a bheidh ag teacht isteach an uair sin chun vótáil nó ar dóigh dóibh teacht isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh cuí a dhualgas nó go gcuirfeadh sé bac míchuí ar vótáil vótálaithe eile dá dtugadh sé an cead sin.
(5) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an vótálaí tríd an togra a bheidh luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide, ach ní ghníomhóidh sé de bhun aon treorach i scríbhinn.”
(2) (a) Más rud é, de bhun mhír (2) de Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, go mbeidh duine tar éis dhá pháipéar ballóide a mharcáil mar chompánach, ní dhéanfaidh sé sa reifreann céanna, aon pháipéar ballóide eile a mharcáil mar chompánach.
(b) Ní dhéanfaidh duine, de bhun mhír (2) de Riail 18 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, páipéar ballóide a mharcáil i reifreann mar chompánach, más gníomhaire pearsanaíochta sa reifreann sin é.
(c) Aon duine a sháróidh mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
Pearsanú a líomhnaítear.
76.—Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 19 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“19. Má dhéanann duine, a chuirfidh in iúl gur duine áirithe é atá ainmnithe ar chlár na dtoghthóirí, páipéar ballóide a iarraidh tar éis páipéar ballóide a bheith tugtha do dhuine eile amhail is dá mba é an duine sin é, beidh an t-iarratasóir, má fhreagraíonn sé go cuí na ceisteanna a cheadaítear leis an Acht seo a chur ar vótálaithe tráth na vótaíochta, i dteideal páipéar ballóide a mharcáil faoi mar a bheadh aon vótalaí eile agus an páipéar ballóide, arna mharcáil, a chur isteach sa bhosca ballóide, ach déanfaidh an t-oifigeach ceannais amach ráiteas a thaispeánfaidh an méid iomlán páipéar ballóide a eisíodh de bhun na Rialach seo agus na hainmneacha agus na huimhreacha a bhí ar chlár na dtoghthóirí do na daoine chun ar eisíodh iad.”
Dualgais an oifigigh cheannais ar chríochnú na vótaíochta.
77.—Déantar leis seo an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 21 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“21. Déanfaidh an t-oifigeach ceannais, ag an am a bheidh socraithe do chríochnú na vótaíochta, bearta chun a áirithiú nach ligfear aon vótálaithe eile isteach sa stáisiún vótaíochta agus, faoi réir an choinníll go mbeidh vótálaí a bheidh san áitreabh ag an am sin i dteideal páipéar ballóide a fháil agus vótáil a dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, a luaithe is féidir tar éis críochnú na vótaíochta, agus i láthair na ngníomhairí pearsanaíochta, gach bosca ballóide a shéalú, gan é a oscailt ach an eochair a bheith ceangailte de, ionas nach féidir a thuilleadh páipéar a chur isteach ann, agus cuirfidh sé i bpaicéid ar leith a shéalóidh sé lena shéala—
(a) na páipéir bhallóide neamhúsáidte agus mhillte, i dteannta a chéile,
(b) cóipeanna marcáilte de chlár na dtoghthóirí; agus
(c) comhdhuillí na bpáipéar ballóide,
agus seachadfaidh sé na boscaí ballóide agus na paicéid sin go léir don cheann comhairimh áitiúil.”
Leasú ar Rialacha 23A agus 24 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
78.—Déantar leis seo na Rialacha seo a leanas a chur in ionad Rialacha 23A agus 24 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:
“23A. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar—
(a) an áit ina n-osclóidh sé na boscaí ballóide a cheapadh,
(b) na boscaí ballóide a oscailt san áit a cheapfar amhlaidh,
(c) fógra i scríbhinn i dtaobh na háite a cheapfar amhlaidh a thabhairt do gach duine a bheidh ainmnithe faoi Riail 29 den Sceideal seo agus a bhfaighidh sé fógra i dtaobh a ainmnithe,
(d) gach saoráid réasúnach a thabhairt do na daoine sin chun faire ar na himeachtaí le linn an chomhairimh (lena n-áirítear, go háirithe, saoráidí chun iad féin a shásamh go sórtáiltear na páipéir bhallóide i gceart), agus gach eolas ina dtaobh, is féidir leis a thabhairt dóibh i gcomhréir le stiúradh ordúil na n-imeachtaí agus le comhlíonadh a fheidhmeanna,
(e) cóiríocht oiriúnach, agus an trealamh go léir is gá, le haghaidh comhaireamh na vótaí, a chur ar fáil.
(2) An áit a cheapfar faoi fhomhír (a) den mhír sin roimhe seo, beidh sé laistigh den dáilcheantar, ach—
(a) más é atá sa dáilcheantar cuid atá ina cuid de chontaebhuirg agus cuid atá lasmuigh den bhuirg sin, féadfaidh sé—
(i) bheith laistigh den chuid eile den bhuirg sin, nó
(ii) le toiliú an Aire, bheith lasmuigh den bhuirg sin, agus lasmuigh den dáilcheantar ach i gcóngar dó, agus
(b) in aon chás eile, féadfaidh sé, le toiliú an Aire, bheith lasmuigh den dáilcheantar ach i gcóngar dó.
24. Ar a 9 a chlog a.m. an lá i ndiaidh críochnú na vótaíochta i ndáilcheantar agus san áit a bheidh ceaptha aige faoi Riail 23A den Sceideal seo, tosóidh an ceann comhairimh áitiúil don dáilcheantar sin ar na boscaí ballóide a úsáideadh sa vótaíocht sa dáilcheantar sin a oscailt, tógfaidh sé amach na páipéir bhallóide a bheidh iontu, comhairfidh sé iad agus breacfaidh sé síos a líon, agus ansin meascfaidh sé ar a chéile iad.”
Leasú ar Rialacha 30 agus 32 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
1946, Uimh, 30.
79.—D'ainneoin go ndéantar aisghairm leis an Acht seo ar mhíreanna (c), (d) agus (e) d'alt 3 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1946—
(i) fanfaidh “óna haon déag” in ionad “óna seacht” i mír (1) de Riail 30 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht,
(ii) fanfaidh “an Uachtaráin agus” curtha isteach roimh “an Taoisigh” i mír (3) agus i mír (4) de Riail 32 den Sceideal sin.
CUID VI.
Toghcháin Áitiúla.
Léiriú (Cuid VI).
80.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “údarás áitiúil”—
(a) comhairle contae,
(b) bardas contae-bhuirge nó buirge eile,
(c) comhairle ceantair uirbigh, nó
(d) coimisinéirí baile;
ciallaíonn “toghlimistéar áitiúil” an limistéar nó aon cheann de na limistéir (de réir mar is iomchuí) ar dá réir a dhéantar toghchán áitiúil.
(2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do chomhalta nó do chruinniú d'údarás áitiúil, más bardas contae-bhuirge nó buirge eile an t-údarás áitiúil atá i gceist, a fhorléiriú mar thagairt do chomhalta nó do chruinniú den chomhairle a bunaíodh le dlí i leith na contae-bhuirge nó na buirge eile sin.
Bliain toghcháin.
81.—(1) (a) Déanfar toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil sa bhliain 1965 agus i gceann gach cúig bliana ina dhiaidh sin.
(b) Ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo difir do Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, ná d'aon ordú a rinneadh faoin gCuid sin.
(2) Gairfear toghcháin áitiúla de thoghcháin a bheidh ann de bhun an ailt seo.
(3) Sna hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1962, agus in aon ordú nó rialachán fúthu, agus sna hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1958, ciallóidh “bliain toghcháin”, in ionad an ní a chiallaigh sé díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, aon bhliain a mbeidh toghcháin áitiúla ann.
(4) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 9 den Acht Cuanta, 1946:
“(2) I dteannta an chéad bhliain toghcháin, beidh gach bliain dá éis sin is bliain ina ndéanfar toghcháin do chomhaltaí comhairlí contae de bhun alt 2 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1948 (Uimh. 8 de 1948), alt 2 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1953 (Uimh. 15 de 1953), nó alt 81 den Acht Toghcháin, 1963, ina bliain toghcháin i leith údaráis chuain.”
(5) D'ainneoin go ndéantar aisghairm leis an Acht seo ar an Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1953—
(a) fanfaidh “i gceann tréimhsí cúig bliana” agus “cúig bliana” in ionad “go trí bhliantach” agus “trí mblian” i bhfo-alt (3) d'alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926,
(b) fanfaidh “i gceann tréimhse chúig bliana” in ionad “go tríbhliantach”, agus “an cheaptha sin i gceann tréimhse chúig bliana” in ionad “an cheaptha thríbhliantaigh sin”, agus “cúig bliana” in ionad “trí mblian” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin, i bhfo-alt (4) den alt sin,
(c) fanfaidh tagairtí do chruinniú cinn cúig bliana in ionad tagairtí do chruinniú cinn trí mblian sna hAchtanna Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, agus in aon ordú nó rialachán fúthu,
(d) fanfaidh “chúig bliana” in ionad “thrí bliana” i bhfo-alt (2) d'alt 45 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941.
(6) Forléireofar mar thagairt do thoghchán cinn cúig bliana aon tagairt in aon reacht, ordú nó rialachán a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta um Thoghcháin Áitiúla, 1953, a rith, do thoghchán cinn trí bliana do chomhaltaí aon bhoird, coiste nó comhlachta eile, ar gá de réir dlí go mbeadh gach duine nó aon duine dá chomhaltaí le ceapadh ag údarás áitiúil i ndiaidh toghcháin do chomhaltaí an údaráis sin.
Toghcháin a stiúradh.
82.—(1) Is de réir rialachán ón Aire a dhéanfar toghcháin áitiúla agus, i gcás toghcháin iomaidh, is de réir na hionadaíochta cionúire, agus aon vóta inaistrithe amháin ag gach toghthóir sa toghchán, a thógfar an vótaíocht.
(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt sin roimhe seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas maidir le toghcháin áitiúla:
(i) ainmniúcháin,
(ii) éarlaisí ó iarrthóirí,
(iii) bás iarrthóirí,
(iv) dualgais cheann comhairimh,
(v) foireann cheann comhairimh,
(vi) vótaíochtaí a thógáil agus vótaí a chomhaireamh,
(vii) úsáid scoileanna agus seomraí poiblí, saor in aisce,
(viii) socruithe i dtaobh postvótála,
(ix) vótáil ag daoine atá ar fostú ag cinn chomhairimh,
(x) vótaíocht roimh ré ar oileáin,
(xi) vótáil a choimeád faoi rún,
(xii) daoine drochiompair i stáisiúin vótaíochta a chur amach astu,
(xiii) an nós imeachta i gcás mi-oird nó toirmisc,
(xiv) baint le boscaí ballóide nó le páipéir bhallóide,
(xv) an t-am a thiocfaidh duine chun bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil agus a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de, agus tréimhse oifige ardmhéaraí, méaraí, cathaoirleach agus leaschathaoirleach,
(xvi) na daoine a bheidh ina seanóirí agus a líon,
(xvii) corrfholúntais a líonadh,
(xviii) toghadh an duine chéanna i níos mó ná aon toghlimistéar áitiúil amháin,
(xix) na laethanta agus an t-am, agus an gnó, do chéad chruinniú údarás áitiúil i ndiaidh toghchán dá gcomhaltaí agus cruinnithe a bheidh le tionól i gcothrom lá an chéad chruinnithe sin, nó gairid dó, agus faillí sna cruinnithe sin a thionól mar is gá,
(xx) achtacháin a oiriúnú,
agus féadfar freisin forálacha a dhéanamh leo a bheidh i gcomhréir leis na forálacha a chonraítear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo, ach sin faoi réir aon mhodhnuithe ar na forálacha sin a fheicfear don Aire a bheith iomchuí.
(3) Is iad na forálacha a dtagraítear dóibh san fho-alt sin roimhe seo na forálacha atá i gCuid I, II, III agus VIII (ach amháin alt 50) den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin do Chosc, 1923.
(4) I gcás foráil i rialacháin faoin alt seo a bheith i gcomhréir le foráil atá sna hAchtanna Toghcháin, 1923, go 1963, nó san Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923, agus a fhorálann pionós, féadfar leis an bhforáil sin féin pionós a fhoráil nach mó ná mar a fhoráiltear san fhoráil a bhfuil sí gcomhréir léi.
(5) Má bheartaítear rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu.
(6) Ní dhearbhófar aon toghchán áitiúil a bheith neamhbhailí mar gheall ar neamhchomhlíonadh aon rialacháin faoin alt seo, ná ar aon dearmad in úsáid foirmeacha a fhorálfar in aon rialachán den sórt sin, má fheictear don bhinse a mbeidh an cheist os a chomhair gur stiúradh an toghchán de réir na bprionsabal a bhí leagtha síos sna rialacháin faoin alt seo á nglacadh tríd is tríd, agus nach ndearna an neamhchomhlíonadh nó an dearmad aon difir do thoradh an toghcháin.
(7) Bainfidh rialacháin faoin alt seo le toghchán nua faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941.
Cártaí vótaíochta.
83.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh chun go gcuirfidh údaráis áitiúla cártaí vótaíochta amach, maidir le toghcháin áitiúla.
(2) Más comhairle contae, bardas buirge nach contae-bhuirg, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile an t-údarás áitiúil, is feidhm fhoircoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Contae, 1940 go 1955, agus más bardas contaebhuirge an t-údarás áitiúil, is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge, cinneadh a dhéanamh i dtaobh cártaí vótaíochta a chur amach de réir rialachán faoin alt seo.
(3) Ní chuirfear aon toghchán áitiúil ó bhail mar gheall ar aon fhaillí i gcárta vótaíochta a chur amach, nó toisc nár seachadadh cárta vótaíochta nó go raibh earráid nó míráiteas ann.
(4) Ní fhéadfar aon chaingean ná imeacht eile a thabhairt i gcoinne ceann comhairimh mar gheall ar aon earráid nó míráiteas i gcárta vótaíochta.
(5) San alt seo ciallaíonn “cárta vótaíochta” cárta á chur in iúl do thoghthóir cad é a uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta) ar chlár na dtoghthóirí rialtais áitiúil agus cad é an áit a bhfuil sé i dteideal vótáil ann.
Tráthanna vótaíochta.
84.—(1) Déanfar an vótaíocht i dtoghcháin áitiúla cibé lá, agus mairfidh sí ar feadh cibé tréimhse, nach giorra ná dhá uair déag a chloig, idir 8.30 a.m. agus 10.30 p.m., a shocróidh an tAire le hordú.
(2) Déanfar ordú faoin alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.
(3) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 45 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, a leasú trí “agus ar feadh na tréimhse ann a shonróidh an tAire” a chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin.
Ceart vótála.
85.—(1) Faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo agus na rialachán a dhéanfar fúithi, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar chlár na dtoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do thoghlimistéar áitiúil, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótála sa vótaíocht i dtoghchán áitiúil sa limistéar sin.
(2) Chun críocha an ailt seo glacfar leis go bhfuil ainm duine ar chlár na dtoghthóirí rialtais áitiúil má tá ainm sa chlár ar dóigh leis an gceann comhairimh nó leis an oifigeach ceannais go raibh sé ceaptha dó gurbh é ainm an duine sin é.
(3) Ní bheidh ar dhuine a vótáil i dtoghchán áitiúil a insint in aon imeacht dhlíthiúil chun an toghchán nó toradh an toghcháin a thabhairt faoi cheist cé dó ar vótáil sé.
(4) (a) Ní dhéanfaidh duine—
(i) atá cláraithe i gclár na dtoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do thoghlimistéar áitiúil ach nach bhfuil i dteideal a chláraithe amhlaidh, nó
(ii) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin,
vótáil sa vótaíocht i dtoghchán áitiúil sa limistéar sin.
(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann teideal chun vótála d'aon duine nach bhfuil an teideal sin aige, ná ní shaorfaidh sé é ó aon phionóis a bheidh inchurtha air mar gheall ar vótáil.
Costais Toghchán.
86.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil cad é an modh ina mbeidh costais toghchán áitiúil le híoc ag údaráis áitiúla.
(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt sin roimhe seo, féadfar, le rialacháin faoin alt seo, foráil a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas—
(a) an tslí agus an tréimhse ina dtíolacfaidh an ceann comhairimh a chuntais,
(b) an tslí agus an tréimhse ina ndéanfaidh daoine a mbeidh éilimh acu i gcoinne an cheann comhairimh a n-éilimh a chur isteach,
(c) díospóidí a bhreithniú.
Toghlimistéir i gcontae-bhuirgí agus i mbuirgí áirithe eile.
1937 (Príobháideach), Uimh. 3.
87.—(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 7 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934:
“(2) (a) Mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm, beidh aon toghlimistéar amháin ann arb é limistéar na cathrach é agus beidh an chéad cheathrar comhalta den chomhairle a thoghfar i dtoghchán cathrach ina seanóirí.
(b) Féadfaidh an tAire, le hordú—
(i) an chathair a roinnt ina toghlimistéir, agus
(ii) a shocrú do gach toghlimistéar cad é an líon comhaltaí den chomhairle a bheidh le toghadh dó agus cad é an líon de na comhaltaí sin a bheidh ina seanóirí.
(c) Féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo aon uair agus gach uair is cuí leis é.
(d) I gcás an chathair a roinnt ina toghlimistéir le hordú faoin bhfo-alt seo, beidh éifeacht aige (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) chun críocha an chéad toghcháin do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis an t-ordú a dhéanamh agus uaidh sin amach.
(e) Is é an líon comhaltaí a bheidh le toghadh, i ngach toghchán do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, do gach toghlimistéar a shonrófar san ordú, ná (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) an líon a shannfar don toghlimistéar sin leis an ordú sin.
(f) Na comhaltaí den Chomhairle nach seanóirí iad beidh siad ina gcomhairleoirí.
(g) Gach ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh de na seacht lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.”
(2) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 6 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939:
“6. (1) Mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm, beidh aon toghlimistéar amháin ann arb é limistéar na cathrach é agus beidh an chéad chúigear comhalta den Chomhairle a thoghfar ina seanóirí.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú—
(a) an chathair a roinnt ina toghlimistéir, agus
(b) a shocrú do gach toghlimistéar cad é an líon comhaltaí den Chomhairle a bheidh le toghadh dó agus cad é an líon de na comhaltaí sin a bheidh ina seanóirí.
(3) Féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo aon uair agus gach uair is cuí leis é.
(4) I gcás an chathair a roinnt ina toghlimistéir le hordú faoin alt seo, beidh éifeacht aige (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) chun críocha an chéad toghcháin do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis an t-ordú a dhéanamh agus uaidh sin amach.
(5) Is é an líon comhaltaí a bheidh le toghadh, i ngach toghchán do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis ordú a dhéanamh faoin alt seo, do gach toghlimistéar a shonrófar san ordú, ná (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) an líon a shannfar don toghlimistéar sin leis an ordú sin.
(6) Na comhaltaí den Chomhairle nach seanóirí iad beidh siad ina gcomhairleoirí.
(7) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh de na seacht lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.”
(3) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 4 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941:
“4. (1) Mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm, beidh aon toghlimistéar amháin ann arb é limistéar na Buirge é agus beidh an chéad seisear comhalta den Chomhairle a thoghfar ina seanóirí.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú—
(a) an Bhuirg a roinnt ina toghlimistéir, agus
(b) a shocrú do gach toghlimistéar cad é an líon comhaltaí den Chomhairle a bheidh le toghadh dó agus cad é an líon de na comhaltaí sin a bheidh ina seanóirí.
(3) Féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo aon uair agus gach uair is cuí leis é.
(4) I gcás an Bhuirg a roinnt ina toghlimistéir le hordú faoin alt seo, beidh éifeacht aige (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) chun críocha an chéad toghcháin do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis an t-ordú a dhéanamh agus uaidh sin amach.
(5) Is é an líon comhaltaí a bheidh le toghadh, i ngach toghchán do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis ordú a dhéanamh faoin alt seo, do gach toghlimistéar a shonrófar san ordú, ná (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) an líon a shannfar don toghlimistéar sin leis an ordú sin.
(6) Na comhaltaí den Chomhairle nach seanóirí iad beidh siad ina gcomhairleoirí.
(7) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh de na seacht lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.”
(4) (a) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 35 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, a leasú trí “ach, d'ainneoin alt 43 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930, folaíonn sé buirg Dhún Laoghaire, agus, d'ainneoin alt 16 den Acht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937,” a chur in ionad “ná buirg Dhún Laoghaire ná”.
(b) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 35 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, a leasú trí “agus cá mhéid de na baill sin a bheidh ina seanóirí” a chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin.
(c) I gcás ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2) d'alt 35 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, maidir le buirg na Gaillimhe, ansin, tar éis an chéad toghcháin eile do chomhaltaí bhardas na buirge, beidh éifeacht ag alt 15 den Acht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937, faoi réir “an méid díobh nach seanóirí iad” a chur isteach ann in ionad “ceathrar acu san ina seanóirí agus ochtar acu”.
Bardaí.
88.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, limistéar aon chontae-bhuirge nó aon bhuirge eile nó aon cheantair uirbigh a roinnt ina limistéir ar a dtabharfar bardaí.
(2) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go raibh aon chontae-bhuirg nó aon bhuirg eile nó aon cheantar uirbeach roinnte ina limistéir ar a dtugtar bardaí, ansin, mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an mbuirg nó leis an gceantar i bhfeidhm, fanfaidh na limistéir sin i bhfeidhm mar bhardaí, ach féadfaidh an tAire, le rialacháin, ainm aon bharda den sórt sin a athrú.
(3) Déanfar aon tagairt in aon achtachán (cibé acu a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo nó a thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcomhthráth leis an tosach feidhme sin nó tráth ar bith dá éis sin) do bharda maidir le contae-bhuirg nó le buirg eile nó le ceantar uirbeach a fhorléiriú, agus beidh éifeacht aici, mar thagairt do bharda faoi rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo nó do bharda dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo (de réir mar is iomchuí).
Toghranna ceantair.
89.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, limistéar aon chontae nó contae-bhuirge a roinnt ina limistéir ar a dtabharfar toghranna ceantair.
(2) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go raibh aon chontae nó contae-bhuirg roinnte ina limistéir ar a dtugtar toghranna ceantair, ansin, mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an gcontae nó leis an mbuirg i bhfeidhm, fanfaidh na limistéir sin i bhfeidhm mar thoghranna ceantair, ach féadfaidh an tAire, le rialacháin, ainm aon toghroinne ceantair den sórt sin a athrú.
(3) Déanfar aon tagairt in aon achtachán (cibé acu a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo nó a thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcomhthráth leis an tosach feidhme sin nó tráth ar bith dá éis sin) do thoghroinn ceantair maidir le contae nó le contae-bhuirg a fhorléiriú, agus beidh éifeacht aici, mar thagairt do toghroinn ceantair faoi rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo nó de thoghroinn ceantair dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo (de réir mar is iomchuí).
CUID VII.
Drochbhearta Toghcháin.
Leasú ar an Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923.
90.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923.
(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht a leasú tríd an méid seo a leanas a chur i ndeireadh an fho-ailt sin: “nó, de rogha na Cúirte, fíneáil nach mó ná míle punt a chur air nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin a chur air.”
(3) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 6 den Acht a leasú trí “cúig chéad púnt” a chuir in ionad “céad púnt” i mír (a) agus in ionad “céad púnt” agus “dhá chéad púnt” i mír (b).
(4) (a) Déantar leis seo an tAcht a leasú tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13:
“13A. Aon duine a dhéanfaidh nó a fhoilseoidh, roimh aon toghchán, nó lena linn, aon ráiteas ar dóigh dó vótálaithe a chur amú mar gheall ar an gcuma chun vótáil a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcleacht neamhdhleathach.”
(b) Déanfar an tagairt in alt 15 den Acht do na hailt sin roimhe seo den Acht a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt a chuirtear isteach san Acht le mír (a) den fho-alt seo.
(5) Déantar leis seo alt 15 den Acht a leasú trí “cúig chéad púnt nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile” a chur in ionad “céad púnt”.
(6) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 30 den Acht:
“(1) Féadfaidh gníomhaire toghcháin, maidir le gach ceantar vótaíochta, leasghníomhaire amháin (agus sin uile) a cheapadh chun gníomhú laistigh den cheantar sin, agus déanfar aon tagairt san Acht seo d'fhoghníomhaire a fhorléiriú mar thagairt do leasghníomhaire a cheapfar amhlaidh.”
(7) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach san Acht i ndiaidh alt 55:
“55A. In aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla maidir le cleacht coirpthe nó cleacht neamhdhleathach nó aon chion eile a líomhnófar a rinneadh i dtoghchán, beidh deimhniú ón gceann comhairimh i dtoghchán á dheimhniú gur comóradh an toghchán go cuí nó go raibh duine áirithe ina iarrthóir sa toghchán ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú agus ní gá síniú an cheann comhairimh sin a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír.”
CUID VIII.
Ilghnéitheach.
Forálacha speisialta nuair is ar an lá vótaíochta céanna a bheadh dhá thoghchán nó níos mó ann.
91.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás na vótaíochtaí seo a leanas:
(a) an vótaíocht i dtoghchán chun duine a thoghadh d'oifig Uachtarán na hÉireann;
(b) an vótaíocht i dtoghchán Dála de réir bhrí an Achta Timpeal Toghachán, 1923;
(c) an vótaíocht i reifreann de réir bhrí Acht an Reifrinn, 1942;
(d) an vótaíocht i dtoghchán áitiúil.
(2) I gcás dhá vótaíocht nó níos mó lena mbaineann an t-alt seo a bheith le tógáil an lá céanna, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas d'ainneoin aon achtacháin eile:
(a) tógfar na vótaíochtaí san am céanna, sna háiteanna céanna agus sa tslí chéanna,
(b) úsáidfear an marc oifigiúil céanna do na páipéir bhallóide i ngach vótaíocht,
(c) beidh dath éagsúil ar na páipéir bhallóide i ngach vótaíocht (chuige sin measfar bán a bheith ina dhath),
(d) féadfaidh an ceann comhairimh na boscaí ballóide céanna nó boscaí ballóide éagsúla a sholáthar,
(e) má sholáthraítear boscaí ballóide éagsúla, ní bheidh páipéar ballóide neamhbhailí de bhíthin amháin é a chur sa bhosca ballóide mícheart,
(f) má údaraíonn ceann comhairimh do dhuine vótáil i vótaíocht amháin ag stáisiún vótaíochta seachas an ceann a dáileadh dó, tabharfaidh sin údarás don duine sin vótáil ag an stáisiún sin sa vótaíocht nó sna vótaíochtaí eile sa dáilcheantar céanna nó, i gcás toghcháin áitiúil, sa toghlimistéar áitiúil céanna.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordachán, le hordú nó le rialachán, foráil a dhéanamh le haghaidh cibé nithe a mheasfaidh sé is gá d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo.
(4) Aon ordachán, ordú nó rialachán a thabharfar nó a dhéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh éifeacht aige d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt sin (3), féadfaidh sé—
(a) cumhachtaí agus dualgais na gceann comhairimh agus aon daoine eile a bheidh fostaithe i ndáil leis na vótaíochtaí a mhíniú,
(b) modhnuithe a dhéanamh ar na hAchtanna, na horduithe nó na rialacháin a bhaineann le tógáil na vótaíochtaí nó leis na socruithe le haghaidh comhaireamh na vótaí de réir mar is dóigh leis an Aire is gá chun go bhféadfar na vótaíochtaí a thógáil i dteannta a chéile nó chun críochnú na dtoghchán agus cinneadh a dtorthaí a éascú nó a bhrostú,
(c) forálacha a dhéanamh maidir le foirm na gcártaí vótaíochta agus maidir lena gcur chun bealaigh.
(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, na nithe seo a leanas a fhorordú chun críocha an ailt seo—
(a) scála táillí uasta,
(b) an t-am a bheidh, agus an tslí agus an fhoirm ina mbeidh, cuntais le tabhairt dó,
(c) i gcásanna ina mbeadh costais tógála vótaíochta le híoc de ghnáth ag údarás áitiúil nó ag údaráis áitiúla de réir bhrí Chuid VI den Acht seo, an tslí ina ndéanfar costais tógála na vótaíochta a chionroinnt idir an Príomh-Chiste agus an t-údarás nó na húdaráis sin.
Oiriúnú nó modhnú i gcás práinne nó deacrachta speisialta.
92.—(1) Féadfaidh an t-Aire, le hordú, in aon chás inar dóigh leis go mbaineann práinn nó deacracht speisialta leis, cibé oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon reacht, ordú nó rialachán maidir le clárú toghthóirí Dála nó clárú toghthóirí i dtoghcháin áitiúla, nó maidir le stiúradh toghchán Dála, toghchán uachtaráin, toghchán áitiúil nó reifreann, is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht a bheith aige faoi réir forálacha an Achta seo.
(2) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
(3) San alt seo—
(a) tá le “toghthóirí Dála” an bhrí chéanna atá le “Dáiltoghthóirí” nó “toghthóirí Dála”, agus tá le “toghcháin Dála” an bhrí chéanna atá le “toghacháin Dála”, san Acht Timpeal Toghachán, 1923,
(b) tá le “toghcháin uachtaráin” an bhrí chéanna atá leis in Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937,
(c) tá le “reifrinn” an bhrí chéanna atá leis in Acht an Reifrinn, 1942.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain. | Abhar nó Gearrtheideal. | Méid na hAisghairme. |
3 Edw. 1. (Stat. Westm. prim., c. 5). | Saoirse toghchán (1275). | An tAcht iomlán. |
7 Edw. 2. (Stat. Sup. Aport. Arm). | Toirmeasc ar theacht faoi airm chun Parlaiminte (1313). | An tAcht Iomlán. |
5 Ric. 2. St. 2., c. 4. | Gairm chun Parlaiminte (1382). | An tAcht iomlán. |
5 Will. & Mar., c. 7 | Srian le baint a bheith ag comhalta den House of Commons le hioncam a bhailiú. | An tAcht iomlán. |
6 & 7 Will. & Mar., c. 2. | Tráthanna chun Parlaimint a ghairm | An tAcht iomlán. |
7 & 8 Will. & Mar. 3. c. 7. | Srian le comhaltaí a thoghadh chun Parlaiminte go bréagach agus go dúbailte. | An tAcht iomlán |
7 & 8 Will, 3. c. 25. | Toghcháin do chomhaltaí Parlaiminte a rialú agus imeachtaí neamhrialta a chosc. | An tAcht iomlán |
1 Geo. 1. Stat. 2, c. 38. | Septennial Act, 1715. | An tAcht iomlán. |
19 Geo. 2. c. 12. | Municipal Corporations Act, 1745. | An tAcht iomlán. |
24 Geo. 3. Sess. 2, c.26. | Recess Elections Act, 1784. | An tAcht iomlán. |
37. Geo. 3. c. 127. | Meeting of Parliament Act, 1797. | An tAcht iomlán. |
39 & 40 Geo. 3. c. 14. | Meeting of Parliament Act, 1799. | An tAcht iomlán. |
50 Geo. 3. c. 33. | School Sites (Ireland) Act, 1810. | Alt 3. |
53 Geo. 3 c. 89. | Parliamentary Writs Act, 1813. | An tAcht iomlán. |
60 Geo. 3 agus 1 Geo. 4. c. 11. | Parliamentary Elections (Ireland) Act, 1820. | An tAcht iomlán. |
4 Geo. 4. c. 55. | Parliamentary Elections (Ireland) Act, 1823. | An tAcht iomlán. |
2 & 3 Will. 4. c. 69. | Corporate Property (Elections) Act, 1832. | An tAcht iomlán. |
2 & 3 Will. 4. c. 88. | Representation of the People (Ireland) Act, 1832. | An tAcht iomlán. |
2 & 3 Will. 4. c. 89. | Parliamentary Boundaries (Ireland) Act, 1832. | An tAcht iomlán. |
3 & 4 Vict. c. 108. | Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840. | In alt 20: na focail “that every borough in the said schedule (A) shall be divided into the number of wards mentioned in such schedule in conjunction with the name of such borough and” agus na focail “and of the wards into which the said boroughs named in the said schedule (A) are to be divided”; alt 27; in alt 28: na focail go léir ó “and every such town” go dtí deireadh an ailt; ailt 48, 53, 85, 86, 87 agus 89. |
12 & 13 Vict., c. 85. | Dublin Corporation Act, 1849. | An tAcht iomlán. |
12 & 13 Vict., c. 97. | Dublin Improvement Act, 1849. | Alt 57. |
13 & 14 Vict., c. 68. | Parliamentary Elections (Ireland) Act, 1850. | An tAcht iomlán. |
13 & 14 Vict., c. 69. | Representation of the People (Ireland) Act, 1850. | An tAcht iomlán. |
15 & 16 Vict., c. 23. | Meeting of Parliament Act, 1852. | An tAcht iomlán. |
17 & 18 Vict., c. 57. | Returning Officers Act, 1854. | An tAcht iomlán. |
17 & 18 Vict., c. 102. | Corrupt Practices Prevention Act, 1854. | An tAcht iomlán. |
17 & 18 Vict., c. 103. | Towns Improvement (Ireland) Act, 1854. | In alt 57: na focail go léir ó thosach an ailt go dtí “as they may think fit”. |
20 & 21 Vict., c. 33. | Representative Peers (Ireland) Act, 1857. | An tAcht iomlán. |
21 & 22 Vict., c. 110. | Election of Members during Recess Act, 1858. | An tAcht iomlán. |
25 & 26 Vict., c. 92. | Elections (Ireland) Act, 1862. | An tAcht iomlán. |
26 & 27 Vict., c. 20. | Elections in Recess Act, 1863. | An tAcht iomlán. |
26 & 27 Vict., c. 29. | Corrupt Practices Prevention Act, 1863. | An tAcht iomlán. |
30 & 31 Vict., c. 81. | Prorogation Act, 1867. | An tAcht iomlán. |
31 & 32 Vict., c. 125. | Parliamentary Elections Act, 1868. | Alt 44. |
33 & 34 Vict., c. 23. | Forfeiture Act, 1870. | In alt 2: na focail go léir ó “or of exercising” go dtí deireadh an ailt. |
33 & 34 Vict., c. 81. | Meeting of Parliament Act, 1870. | An tAcht iomlán. |
35 & 36 Vict., c. 33. | Ballot Act, 1872. | An tAcht iomlán. |
40 & 41 Vict., c. 56. | County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877. | In alt 21: na focail go léir ó thosach an ailt go dtí “in the same manner as heretofore”. |
41 & 42 Vict., c. 75. | Arranmore Polling District Act, 1878. | An tAcht iomlán. |
43 Vict., c. 17. | Town Councils and Local Boards Act, 1880. | An tAcht iomlán. |
46 & 47 Vict., c. 51. | Corrupt and Illegal Practices Prevention Act, 1883. | Ailt 45, 46, 48, 51 agus 52; fo-ailt (1) agus (3) d'alt 53; alt 54. |
47 & 48 Vict., c. 70. | Municipal Elections (Corrupt and Illegal Practices) Act, 1884. | Ailt 3, 24 agus 31. |
48 & 49 Vict., c. 17. | Parliamentary Registration (Ireland) Act, 1885. | An tAcht iomlán. |
48 & 49 Vict., c. 23. | Redistribution of Seats Act, 1885. | An tAcht iomlán. |
50 & 51 Vict., c. 9. | Police Disabilities Removal Act, 1887. | An tAcht iomlán. |
52 & 53 Vict., c. 69. | Public Bodies Corrupt Practices Act, 1889. | Míreanna (c) agus (d) d'alt 2. |
54 & 55 Vict., c. 39. | Stamp Act, 1891. | Sa Chéad Sceideal: an muirear seo a leanas “Admission in England or Ireland of any person —as a burgess, or into any corporation or company, in any city, borough, or town corporate”. |
56 & 57 Vict., c. 6. | Police Disabilities Removal Act, 1893. | An tAcht iomlán. |
61 & 62 Vict., c. 37. | Local Government (Ireland) Act, 1898. | Alt 2; fo-alt (4) d'alt 23; fo-ailt (2) agus (4) d'alt 94; fo-alt (3) d'alt 97. |
Local Government (Application of Enactments) Order, 1898. | Na codanna seo a leanas den Sceideal: airteagail 5, 6, 7, 9 agus 10, fo-airteagail (1) go (5) d'airteagal 11; i bhfo-airteagal (1) d'airteagal 26: na focail “(b) the division of an urban county district into wards;” agus na focail “of the number of wards, or of the boundaries of any ward, or”; airteagal 31; i riail (II) d'fho-airteagal 10 d'airteagal 36: na focail “between the annual meeting and the first day of June then next following”. | |
8 Edw. 7. c. 13. | Polling Districts (County Councils) Act, 1908. | An tAcht iomlán. |
8 Edw. 7. c. 66. | Public Meeting Act, 1908. | In alt 1: ó na focail “if the offence is committed” go dtí na focail “and in any other case”. |
1 & 2 Geo. 5. c. 13. | Parliament Act, 1911. | Alt 7. |
7 & 8 Geo. 5. c. 64. | Representation of the People Act, 1918. | An tAcht iomlán. |
9 & 10 Geo. 5. c. 19. | Local Government (Ireland) Act, 1919. | An tAcht iomlán. |
Cuid I agus II; ailt 18, 29, 34, 37, 42, 53, 54 agus 58; in alt 59: na focail “i dtaobh breabaireachta, pearsanuíochta nó cleachtanna cuirpe i dtoghacháin nó”; alt 61; fo-alt (1) d'alt 62; in alt 63: na focail “oifigeach clárathachta” agus “clárú toghthóirí nó” aon áit ina bhfuil siad; an Chéad Sceideal; Riail 12 den Cheathrú Sceideal; i Riail 17 de Chuid I den Chúigiú Sceideal: na focail “agus an chuma ina mbeidh an vótáil le déanamh ag na toghthóirí”; Rialacha 19 agus 20 den Chuid sin I; i Riail 28 den Chuid sin I: na focail “agus (d) páipéirí ballóide tairgthe”; i Riail 34 den Chuid sin I: na focail go léir ó “Tuairisceoidh an ceann cóimhrimh” go d tí deireadh na Rialach; i Riail 35 den Chuid sin I: na focail “na páipéirí ballóide tairgthe agus” agus “agus leis an liost de vótanna tairgthe”; i Riail 36 den Chuid sin I: na focail “na liostaí de vótanna tairgthe”,; Rialacha 42, 48, 50, 52 agus 54 den Chuid sin I; Cuid II den Chúigiú Sceideal; foirmeacha 1, 2, 3, 6, 7, 8 agus 9 i gCuid III den Chúigiú Sceideal; An Naoú Sceideal. | ||
Mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 1; alt 4; fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 6; ailt 7, 8, 9, 10, 11 agus 14; in alt 15: na focail go léir ó “agus ní féadfar” go dtí deireadh an ailt; alt 16; in alt 17, na focail “nó i gcóir aon chostaisí fé n-ar chuathas sa bhreis ar aon mhéid maximum a cheaduítear leis an Acht so,” agus na focail “nó costaisí”; ailt 18, 19, 20, 21, 27, 28, 32, 33, 34, 35, 36, 37, 38, 39, 40, 43, 45 agus 47; in alt 53: na focail go léir ó “agus éinne a cúiseofar in íoc” go dtí deireadh an ailt; in alt 56: na mínithe ar “seomra coiste” agus “costaisí pearsanta”; An Chéad Sceideal. | ||
An tAcht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú 1924. | An tAcht iomlán. | |
An tAcht Rialtais Áitiúla, 1924. | Alt 57. | |
Alt 39; i bhfo-alt (7) d'alt 40: na focail go léir ó “agus ina ionad san” go dtí deireadh an fho-ailt. | ||
An tAcht Timpeal Toghacháin (Leasú), 1927. | An tAcht iomlán. | |
Cuid II. | ||
An tAcht iomlán. | ||
Fo-ailt (1), (2), (3) agus (4) d'alt 6. | ||
Alt 36; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 38; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 46; ailt 50 agus 86. | ||
An tAcht iomlán. | ||
Alt 2. | ||
Ailt 6 agus 8; fo-ailt (1) agus (2) d'alt 10. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúla (Reacht-Shaoirse do Leathnú), 1935. | An tAcht iomlán. | |
An tAcht Toghacháin (Dáilcheanntair Phríomh-Scoile), 1936. | An tAcht iomlán. | |
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht iomlán. | ||
Alt 26; fo-alt (1) agus mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 28; alt 30; i Riail 8 den Chéad Sceideal: na focail “agus i dtaobh na slí inar ceart do thoghthóirí vótáil”; Rialacha 11, 12, 13 agus 20 den Sceideal sin; i Riail 22 den Sceideal sin: na focail “agus (d) páipéirí ballóide tairgthe,”; mír 2 de Riail 26 den Sceideal sin; míreanna (2) agus (3) de Riail 29 den Sceideal sin; i mír (1) de Riail 32 den Sceideal sin: na focail “na páipéirí ballóide tairgthe agus” agus na focail “agus leis an liost de vótanna tairgthe,”; i Riail 33 den Sceideal sin: na focail “na liostaí de vótanna tairgthe,”; mír 2 de Riail 38 den Sceideal sin. | ||
Alt 7; fo-ailt (1) agus (3) d'alt 9. | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath) (Leasú), 1940. | Alt 12. | |
Alt 6. | ||
Fo-alt (4) d'alt 34; fo-alt (5) d'alt 35; ailt 36, 37, 38, 39, 40 agus 42; fo-alt (4) d'alt 45; alt 81; An Tríú Sceideal. | ||
An tAcht iomlán. | ||
Ailt 13, 15, 21 agus 28; Rialacha 12, 13 agus 14 den Chéad Sceideal; i Riail 23 den Sceideal sin: na focail “agus (d) páipéirí ballóide tairgthe,”; míreanna (2) agus (3) de Riail 27 den Sceideal sin; mír (3) de Riail 29 den Sceideal sin; i mír (d) de Riail 31 den Sceideal sin: na focail “na páipéirí ballóide tairgthe”, agus na focail “agus an liost de vótaí tairgthe”; i mír (e) de Riail 31 den Sceideal sin: na focail “agus na liostaí uile de vótaí tairgthe”. | ||
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht Toghcháin (Dáil Éireann agus Údaráis Áitiúla), 1945. | An tAcht iomlán. | |
An tAcht iomlán. | ||
Mír (g) d'fho-alt (3) d'alt 12. | ||
Alt 72. | ||
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht iomlán. | ||
Ailt 5, 6 agus 7 agus ailt 9 go 17. | ||
An tAcht Toghcháin (Leasú) 1961. | Alt 7. |
AN DARA SCEIDEAL.
Foirmeacha (Toghcháin Dála).
CUID I.
FOIRM NA hEASCAIRE D'OLLTOGHCHÁN.
Do .............................................. an ceann comhairimh do dháilcheantar ............................................................ | To ..................................returning officer for the constituency of ........ ...................................................... |
DE BHRÍ go bhfuil Dáil Éireann lánscortha: | WHEREAS Dáil Éireann is dissolved: |
ANOIS, déanaimse, ........ Cléireach Dháil Éireann, de réir forálacha alt 12 den Acht Toghcháin, 1963, a ordú leis seo duitse, i do cheann comhairimh do dháilcheantar .............................. toghchán a chur á dhéanamh sa dáilcheantar sin do ................................. comhalta chun fónamh i nDáil Éireann don dáilcheantar sin: | NOW, I, .................... Clerk of Dáil Éireann, in accordance with the provisions of section 12 of the Electoral Act, 1963, do hereby direct you, as the returning officer for the constituency of ................................. to cause an election to be held in that constituency of ............... members to serve in Dáil Éireann for the said constituency: |
AGUS, tar éis an toghchán sin a bheith déanta go cuí, ainmneacha na gcomhaltaí a thoghfar amhlaidh a dheimhniú dom gan mhoill i m'Oifig i ................................. i mBaile Átha Cliath. | AND that when such election has been duly held, you do without delay certify to me in my Office at ................................. ................................. in Dublin the names of the members so elected. |
I bhFIANAISE air sin tá mé tar éis mo lámh agus mo shéala a chur leis seo.
IN WITNESS whereof I have hereunto set my hand and seal.
an this | ......................................... | lá seo de day of | ......................................... | 19 . |
NÍ FOLÁIR DON CHEANN COMHAIRIMH ADMHÁIL A THABHAIRT LÁITHREACH, TRÍ THEILEAGRAM, GO BHFUAIR SÉ AN EASCAIRE SEO. | THE RETURNING OFFICER MUST ACKNOWLEDGE RECEIPT OF THIS WRIT IMMEDIATELY BY TELEGRAM. |
AN DEIMHNIÚ A FHORMHUINÍTEAR AR AN EASCAIRE.
Deimhním leis seo gurb iad na comhaltaí a toghadh chun fónamh i nDáil Éireann do dháilcheantar ................................. ................................. de bhun na heascaire sin thuas:— | I hereby certify that the members elected to serve in Dáil Éireann for the constituency of ................................. in pursuance of the above writ are:— |
C.D. | as of | .............................. | i gContae in the County of | .............................. |
E.F. | as of | .............................. | i gContae in the County of | .............................. |
G.H. | as of | .............................. | i gContae in the County of | .............................. |
(Sínithe) (Signed) | A.B. | ||
Ceann Comhairimh, Returning Officer. | |||
Dáta Date | ..................................... |
LIPÉAD NÓ TREOIR NA hEASCAIRE.
Don cheann comhairimh do dháilcheantar
To the returning officer for the constituency of.............................................
Eascaire chun comhaltaí a thoghadh chun fónamh i nDáil Éireann.
A writ for the election of members to serve in Dáil Éireann.
FORMHUINIÚ.
Fuair mé an eascaire seo istigh—
Received the within writ on—
an this | ............................................ | lá seo de day of | ........................................... | 19 . |
(Sínithe) (Signed) | A.B. | ||
Ceann Comhairimh, Returning Officer. |
FOIRM NA hEASCAIRE DO CHORRTHOGHCHÁN.
(Le hoiriúnú go cuí má ordaítear do Chléireach Dháil Éireann ar an lá céanna eascairí a eisiúint chun comhaltaí a thoghadh chun níos mó ná folúntas amháin a líonadh in ionadaíocht dáilcheantair.)
Do .................................. an ceann comhairimh do dháilcheantar ......... ..................................................... | To ..................................returning officer for the constituency of ........ ...................................................... |
DE BHRÍ gur tharla folúntas in ionadaíocht dháilcheantar ................ .......... i nDáil Éireann toisc ........... ............. ba chomhalta de Dháil Éireann don dáilcheantar sin a scor de bheith ina chomhalta ar dhóigh seachas de chionn Dáil Éireann a lánscor: | WHEREAS a vacancy has occurred in the representation of the constituency of .............. in Dáil Éireann by ..................... who was a member of Dáil Éireann for the said constituency ceasing to be a member otherwise than in consequence of the dissolution of Dáil Éireann: |
AGUS DE BHRÍ gur ordaigh Cathaoirleach Dháil Éireann dom go cuí eascaire a chur amach chun comhalta a thoghadh do Dháil Éireann chun an folúntas réambráite a líonadh: | AND WHEREAS The Chairman of Dáil Éireann has duly directed me to issue a writ for the election of a member of Dáil Éireann to fill the vacancy aforesaid: |
ANOIS, déanaimse, .................... Cléireach Dháil Éireann, de réir foráacha alt 12 den Acht Toghcháin, 1963, a ordú leis seo duitse, i do cheann comhairimh don dáilcheantar réamhráite, toghchán a chur á dhéanamh sa dáilcheantar sin do chomhalta chun fónamh i nDáil Éireann don dáilcheantar sin in ionad .......... .................................. sin: | NOW, I, ........................ Clerk of Dáil Éireann, in accordance with the provisions of section 12 of the Electoral Act, 1963, do hereby direct you, as the returning officer for the constituency aforesaid, to cause an election to be held in the said constituency of a member to serve in Dáil Éireann for the said constituency in the place of the said ...................................... |
AGUS, tar éis an toghchán sin a bheith déanta go cuí, ainm an chomhalta a thoghfar amhlaidh a dheimhniú dom gan mhoill i m'Oifig i ................ ..................... i mBaile Átha Cliath. | AND that when such election has been duly held you do without delay certify to me in my Office at ............ ................. in Dublin the name of the member so elected. |
I bhFIANAISE air sin tá mé tar éis mo lámh agus mo shéala a chur leis seo.
IN WITNESS whereof I have hereunto set my hand and seal.
an this | .................................. | lá seo de day of | ........................................... | 19 . |
NÍ FOLÁIR DON CHEANN COMHAIRIMH ADMHÁIL A THABHAIRT LÁITHREACH, TRÍ THEILEAGRAM, GO BHFUAIR SÉ AN EASCAIRE SEO. | THE RETURNING OFFICER MUST ACKNOWLEDGE RECEIPT OF THIS WRIT IMMEDIATELY BY TELEGRAM. |
AN DEIMHNIÚ A FHORMHUINÍTEAR AR AN EASCAIRE.
Deimhním leis seo gurb é an comhalta a toghadh chun fónamh i nDáil Éireann do dháilcheantar .............. .............. de bhun na heascaire sin thuas:— | I hereby certify that the member elected to serve in Dáil Éireann for the constituency of ..................... in pursuance of the above writ is:— |
C.D. | as of | ............................ | i gContae in the County of | ............................ |
(Sínithe) (Signed) | A.B. | ||
Ceann Comhairimh, Returning Officer. | |||
Dáta Date | ................................. |
LIPÉAD NÓ TREOIR NA hEASCAIRE.
Don cheann comhairimh do dháilcheantar
To the returning officer for the constituency of ...........................................
Eascaire chun comhalta a thoghadh chun fónamh i nDáil Éireann.
A writ for the election of a member to serve in Dáil Éireann.
FORMHUINIÚ.
Fuair mé an eascaire seo istigh—
Received the within writ on—
an this | .................................. | lá seo de day of | ........................................... | 19 . |
(Sínithe) (Signed) | A.B. | ||
Ceann Comhairimh, Returning Officer. |
CUID II.
5A
FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE.
(Éadan an Pháipéir).
Comhdhuille Uimh............. | Marcáil ord do rogha sna spáis seo síos. | Marc Oifigiúil. | ||
Mark order of preference in spaces below. | Official Mark. | |||
DOYLE—WORKERS PARTY. | ||||
Uimh. an Vótálaí ar an gclár. | (James Doyle, of 10 High Street, Builder.) | |||
LYNCH—DEMOCRATS. | ||||
Litir. | Uimh. | (Jane Ellen Lynch, of 12 Main Street, Grocer.) | ||
O'BRIAIN—CUMANN NA SAORÁNACH. | ||||
(Séamus O'Briain, ó 10 An tSráid Ard, Oide Scoile.) | ||||
O'BRIEN, EAMON (Barrister)— NON-PARTY. | ||||
(Eamon O'Brien, of 22 Wellclose Place, Barrister.) | ||||
O'BRIEN, EAMON (Solicitor)—YOUNG IRELAND. | ||||
(Eamon O'Brien, of 102 Eaton Brae, Ranelagh, Solicitor.) | ||||
O'CONNOR—NATIONAL LEAGUE. | ||||
(Charles O'Connor, of 7 Green Street, Gentleman.) | ||||
THOMPSON—FARMERS PARTY. | ||||
(William Henry Thompson, of Dereen Park, Farmer.) |
TREORACHA. | INSTRUCTIONS. | |
I. Féach chuige go bhfuil an marc oifigiúil ar an bpáipéar. | I. See that the official mark is on the paper. | |
II. Scríobh an figiúr 1 le hais ainm an chéad iarrthóra is rogha leat, an figiúr 2 le hais do dhara rogha, agus mar sin de. | II. Write 1 beside the name of the candidate of your first choice, 2 beside your second choice, and so on. | |
III. Fill an páipéar ionas nach bhfeicfear do vóta. Taispeáin cúl an pháipéir don oifigeach ceannais, agus cuir sa bhosca ballóide é. | III. Fold the paper to conceal your vote. Show the back of the paper to the presiding officer and put it in the ballot box. |
(Cúl an Pháipéir)
Uimh. ....................................
Toghchán do Dháilcheantar ....................................
TREORACHA.
(1) Ar gach páipéar ballóide beidh liosta de na hiarrthóirí mar a tuairiscíodh iad ina bpáipéir ainmniúcháin faoi seach, agus iad leagtha amach de réir na haibítre in ord a sloinnte nó, más ionann sloinne do bheirt iarrthóir nó níos mó, in ord a n-ainmneacha eile nó, más ionann na hainmneacha eile atá orthu, in ord a slite beatha.
(2) Déanfar sloinne gach iarrthóra agus ainm a pháirtí pholaitíochta, más ann, a chló i litreacha móra, agus déanfar a ainm iomlán, a sheoladh agus a shlí bheatha, má tá sin aige, mar atá siad ar a pháipéar ainmniúcháin, a chló i litreacha beaga.
(3) Aon uair is ionann sloinne do bheirt iarrthóir nó níos mó clófar i litreacha móra freisin ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin agus an méid den tuairisc a thugtar ar na hiarrthóirí sin ina bpáipéir ainmniúcháin faoi seach agus a dhéanfaidh, i dtuairim an cheann comhairimh, idirdhealú éifeachtach idir na hiarrthóirí sin.
(4) Déanfar liosta na n-iarrthóirí a leagan amach in aon cholún leanúnach amháin nó in dhá cholún nó níos mó ar an gcuma (gan dul ón ord aibítre) is dóigh leis an gceann comhairimh is fearr chun marcáil agus comhaireamh a dhéanamh.
(5) Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go leantach agus an uimhir chéanna a chur ar éadan an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach go mbeidh siad soléite.
(6) Níl dada le cur ar an bpáipéar ballóide seachas an méid atá de réir na dtreoracha seo.
AN TRÍÚ SCEIDEAL.
Foirm (Toghcháin Uachtaráin).
8
Comhdhuille Uimh............ | Marcáil ord do rogha sna spáis seo síos. | Marc Oifigiúil. | ||
Mark order of preference in spaces below. | Official Mark. | |||
DOYLE JAMES (HIGH STREET— BUILDER).. (James Doyle, of 10 High Street, Builder.) | ||||
Uimh. an Vótálaí ar an gclár. | ||||
| DOYLE JAMES (FURRY PARK— CHEMIST). (James Doyle, of 420 Furry Park, Chemist.) | |||
Litir. | Uimh. |
| ||
| LYNCH. (Jane Ellen Lynch, of 12 Main Street, Grocer.) | |||
| ||||
O'BRIAIN, SÉAMUS (SRÁID ARD— OIDE SCOILE). | ||||
(Séamus O'Briain, ó 10 An tSráid Ard, Oide Scoile.) | ||||
O'BRIEN, EAMON (WELLCLOSE PLACE—BARRISTER). | ||||
(Eamon O'Brien, of 22 Wellclose Place, Barrister.) | ||||
O'BRIEN, EAMON (EATON BRAE— SOLICITOR). | ||||
(Eamon O'Brien, of 102 Eaton Brae, Ranelagh, Solicitor.) | ||||
O'CONNOR. | ||||
(Charles O'Connor, of 7 Green Street, Gentleman.) | ||||
THOMPSON. | ||||
(William Thompson, of Dereen Park, Farmer.) |
TREORACHA. | INSTRUCTIONS. | |
I. Féach chuige go bhfuil an marc oifigiúil ar an bpáipéar. | I. See that the official mark is on the paper. | |
II. Scríobh an figiúr 1 le hais ainm an chéad iarrthóra is rogha leat, an figiúr 2 le hais do dhara rogha, agus mar sin de. | II. Write 1 beside the name of the candidate of your first choice, 2 beside your second choice, and so on. | |
III. Fill an páipéar ionas nach bhfeicfear do vóta. Taispeáin cúl an pháipéir don oifigeach ceannais, agus cuir sa bhosca ballóide é. | III. Fold the paper to conceal your vote. Show the back of the paper to the presiding officer and put it in the ballot box. |
(Cúl an Pháipéir)
Uimh. ....................................
Toghchán Uachtaráin an ....................................... lá de ....................................19 .
TREORACHA.
(1) Ar gach páipéar ballóide beidh liosta de na hiarrthóirí mar a tuairiscíodh iad ina bpáipéir ainmniúcháin faoi seach, agus iad leagtha amach de réir na haibítre in ord a sloinnte nó, más ionann sloinne do bheirt iarrthóir nó níos mó, in ord a n-ainmneacha eile nó, más ionann na hainmneacha eile atá orthu, in ord a slite beatha.
(2) Déanfar sloinne gach iarrthóra a chló i litreacha móra agus déanfar a ainm iomlán, a sheoladh agus a shlí bheatha, má tá sin aige, mar atá siad ar a pháipéar ainmniúcháin, a chló i litreacha beaga.
(3) Aon uair is ionann sloinne do bheirt iarrthóir nó níos mó clófar i litreacha móra freisin ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin agus an méid den tuairisc a thugtar ar na hiarrthóirí sin ina bpáipéir ainmniúcháin faoi seach agus a dhéanfaidh, i dtuairim an cheann comhairimh, idirdhealú éifeachtach idir na hiarrthóirí sin.
(4) Déanfar liosta na n-iarrthóirí a leagan amach in aon cholún leanúnach amháin nó in dhá cholún nó níos mó ar an gcuma (gan dul ón ord aibítre) is dóigh leis an gceann comhairimh is fearr chun marcáil agus comhaireamh a dhéanamh.
(5) Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go leantach agus an uimhir chéanna a chur ar éadan an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach go mbeidh siad soléite.
(6) Níl dada le cur ar an bpáipéar ballóide seachas an méid atá de réir na dtreoracha seo.
AN CEATHRÚ SCEIDEAL.
FOIRMEACHA NA bPÁIPÉAR BALLÓIDE I REIFRINN.
CUID I
FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE I REIFREANN BUNREACHTA.
(Éadan an Pháipéir)
Marc Oifigiúil. Official Mark. | |||
An bhfuil tú ag toiliú leis an togra chun an Bunreacht a leasú atá sa Bhille thíosluaite ? | Do you approve of the proposal to amend the Constitution contained in the under-mentioned Bill ? |
Comhdhuille Uimh. ..................... |
| ||
|
|
|
| TÁ YES | |||
Uimh. an Vótálaí ar an gclár. | |||||
Litir. | Uimh. | ||||
|
| ||||
|
|
|
| NÍL NO | |
| |||||
TREORACHA. | INSTRUCTIONS. | ||
I. Féach chuige go bhfuil an marc oifigiúil ar an bpáipéar. | I. See that the official mark is on the paper. | ||
II. Má thoilíonn tú leis an togra, cuir an marc “X” sa chearnóg os coinne an fhocail “TÁ”. | II. If you approve of the proposal, place the mark “X” in the square opposite the word “YES”. | ||
III. Mura dtoilíonn tú leis an togra, cuir an marc “X” sa chearnóg os coinne an fhocail “Nil”. | III. If you do not approve of the proposal, place the mark “X” in the square opposite the word “NO”. | ||
IV. Fill an páipéar ionas nach bhfeicfear do vóta. Taispeáin cúl an pháipéir don oifigeach ceannais, agus cuir sa bhosca ballóide é. | IV. Fold the paper to conceal your vote. Show the back of the paper to the presiding officer and put it in the ballot box. |
(Cúl an Pháipéir)
Uimh. ........................ | Dáilcheantar ........................ | |
Reifreann i dtaobh an togra chun an Bunreacht a leasú. | Referendum on proposal to amend the Constitution. |
Nóta: Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go leantach agus an uimhir chéanna a chur ar éadan an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach go mbeidh siad soléite.
CUID II
FOIRMEACHA NA bPÁIPÉAR BALLÓIDE I nGNÁTH-REIFRINN.
1.
FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE I gCÁS AON REIFREANN AMHÁIN A THÓGÁIL.
(Éadan an Pháipéir)
Marc Oifigiúil. Official Mark. | |||
An bhfuil tú ag toiliú le dlí a dhéanamh den togra thíosluaite ? | Do you approve of the undermentioned proposal becoming law ? |
Comhdhuille Uimh. .......... |
| ||
|
|
|
| TÁ YES | |||
Uimh. an Vótálaí ar an gclár. | |||||
Litir. | Uimh. | ||||
|
| ||||
|
|
|
| NÍL NO | |
| |||||
TREORACHA. | INSTRUCTIONS. | ||
I. Féach chuige go bhfuil an marc oifigiúil ar an bpáipéar. | I. See that the official mark is on the paper. | ||
II. Má thoilíonn tú leis an togra, cuir an marc “X” sa chearnóg os coinne an fhocail “TÁ”. | II. If you approve of the proposal, place the mark “X” in the square opposite the word “YES”. | ||
III. Mura dtoilíonn tú leis an togra, cuir an marc “X” sa chearnóg os coinne an fhocail “NIL”. | III. If you do not approve of the proposal, place the mark “X” in the square opposite the word “NO”. | ||
IV. Fill an páipéar ionas nach bhfeicfear do vóta. Taispeáin cúl an pháipéir don oifigeach ceannais, agus cuir sa bhosca ballóide é. | IV. Fold the paper to conceal your vote. Show the back of the paper to the presiding officer and put it in the ballot box. |
(Cúl an Pháipéir)
Uimh. .............................. | Dáilcheantar ................................................. | |
Reifreann i dtaobh an togra go ....................... ..................................................................... ..................................................................... | Referendum on proposal that ........................ ..................................................................... ..................................................................... |
Nóta: Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go leantach agus an uimhir chéanna a chur ar éadan an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach go mbeidh siad soléite.
2.
FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE I gCÁS DHÁ REIFREANN NÓ NÍOS MÓ A THÓGÁIL AN LÁ CÉANNA.
(Éadan an Pháipéir)
Marc Oifigiúil. Official Mark. | |||
Comhdhuille Uimh. ..................... | I gcás gach togra faoi leith dá luaitear sa chéad cholún anseo thíos, an bhfuil tú ag toiliú le dlí a dhéanamh den togra ? | In the case of each of the proposals stated in the first column below, do you approve of the proposal becoming law? |
Uimh. an Vótálaí ar an gclár. | TOGRA. PROPOSAL. | TÁ YES | NÍL. NO. | ||
Litir. | Uimh. | 1. | |||
|
| ||||
| 2. | ||||
|
| ||||
| 3. | ||||
|
|
TREORACHA. | INSTRUCTIONS. | ||
I. Féach chuige go bhfuil an marc oifigiúil ar an bpáipéar. | I. See that the official mark is on the paper. | ||
II. Cuir an marc “X” sa cholún thuas dar mírcheann “TÁ” os coinne gach togra faoi leith lena dtoilíonn tú. | II. Place the mark “X” in the column headed “YES” opposite every proposal of which you approve. | ||
III. Cuir an marc “X” sa cholún thuas dar mírcheann “NÍL” os coinne gach togra faoi leith nach dtoilíonn tú leis. | III. Place the mark “X” in the column headed “NO” opposite every proposal of which you do not approve. | ||
IV. Fill an páipéar ionas nach bhfeicfear do vóta. Taispeáin cúl an pháipéir don oifigeach ceannais, agus cuir sa bhosca ballóide é. | IV. Fold the paper to conceal your vote. Show the back of the paper to the presiding officer and put it in the ballot box. |
(Cúl an Pháipéir)
Uimh. .............................. | Dáilcheantar ..................................... | |
Reifreann i dtaobh na dtograí seo a leanas: 1. ........................................................ ........................................................ 2. ........................................................ ........................................................ 3. ........................................................ ........................................................ | Referenda on the following proposals: 1. ........................................................ ........................................................ 2. ........................................................ ........................................................ 3. ........................................................ ........................................................ |
Nóta: Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go leantach agus an uimhir chéanna a chur ar éadan an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach go mbeidh siad soléite.