[EN]

Uimhir 22 de 1936.


[EN]

ACHT TOGHACHÁIN (DÁILCHEANNTAIR PHRÍOMH-SCOILE), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN DÁILCHEANNTAIR PHRÍOMH-SCOILE, CHUN BALL DE DHÁIL ÉIREANN DO THOGHADH, DO DHÍOCHUR AGUS CHUN NA LEASUITHE SIN DO DHÉANAMH AR AN DLÍ IS GÁ NO LEANANN DE DHEASCAIBH AN DÍOCHURTHA SAN. [29adh Meitheamh, 1936.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923).

[EN]

(2) Gach focal agus abairt le n-a gcuireann an Príomh-Acht brí áirithe chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an brí cuirtear leis amhlaidh, ach amháin go gcialluíonn an focal “orduithe” orduithe le hordú dhéanfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

[EN]

Líostaí fóirlíontacha de thoghthóirí príomh-scoile.

2.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith bainfidh gach oifigeach clárathachta as an gclár de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm do gach dáilcheanntar príomh-scoile fé leith ainm agus cruinn-tuairiscí oiriúnacha eile gach duine bheidh cláruithe mar thoghthóir sa chlár san agus go mbeidh a áit chomhnuithe, mar a bheidh sí curtha síos sa chlár san, suidhte i líomatáiste clárathachta an oifigigh chlárathachta san agus cuirfidh i liost ar leithligh, dá ngairmtear liost fóirlíontach san Acht so, an ainm agus na cruinn-tuairiscí eile bainfear as an gclár san amhlaidh.

[EN]

(2) Maidir le gach liost fóirlíontach—

[EN]

(a) déanfar amach sa bhfuirm orduithe é, agus

[EN]

(b) leagfar amach é i slí go mbeidh páirt ar leith ann do gach aonad clárathachta sa líomatáiste chlárathachta, agus

[EN]

(c) clóbhuailfear é, agus

[EN]

(d) foillseofar agus cuirfear ar díol é do réir na bhforálacha (seachas forálacha bhaineann le ham) atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus a bhaineann le foillsiú agus díol an chláir.

[EN]

(3) Bainfidh alt 12 den Phríomh-Acht leis na costaisí uile fé n-a raghaidh oifigeach clárathachta chun liost fóirlíontach d'ullamhú, do chlóbhualadh, d'fhoillsiú agus do chur ar díol amhail is gur chostaisí clárathachta do réir bhrí an ailt sin na costaisí sin.

[EN]

Toghacháin roimh an ladh Meitheamh, 1937.

3.—(1) Má scuireann an tOireachtas tar éis an Achta so do rith i slí gur roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, a bheidh an lá vótaíochta sa tóghachán generálta leanfaidh as an scur san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach liost fóirlíontach a hullamhófar do réir an Achta so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás gach liosta fhóirlíontaigh den tsórt san a bhainfidh le líomatáiste clárathachta bheidh ar fad laistigh d'aon dáilcheanntar amháin tiocfaidh an liost fóirlíontach san i bhfeidhm sa dáilcheanntar san agus tiocfaidh chun bheith agus beidh, chun gach críche, ina pháirt den chlár de thoghthóirí don dáilcheanntar san díreach tar éis an scurtha san no, má bhíonn níos mó ná aon scur amháin den tsórt san ann, díreach tar éis an chéad scurtha dhíobh, agus

[EN]

(b) i gcás gach liosta fhóirlíontaigh den tsórt san a bhainfidh le líomatáiste clárathachta bheidh go leathrannach i ngach ceann de dhá dháilcheanntar no níos mó tiocfaidh an liost fóirlíontach san, an méid de bhainfidh leis an gcuid den líomatáiste chlárathachta san a bheidh suidhte in aon dáilcheanntar áirithe acu san, i bhfeidhm sa dáilcheanntar san agus tiocfaidh chun bheith agus beidh, chun gach críche, ina pháirt den chlár de thoghthóirí don dáilcheanntar san díreach tar éis an scurtha san no, má bhíonn níos mó ná aon scur amháin den tsórt san ann, díreach tar éis an chéad scurtha dhíobh.

[EN]

(2) Gach éinne go mbeidh a ainm i liost fóirlíontach beidh sé i dteideal vótáil mar Dháil-toghthóir, sa dáilcheanntar ina mbeidh an liost fóirlíontach san no an chuid de go mbeidh a ainm ann i bhfeidhm mar pháirt den chlár de thoghthóirí, i ngach toghachán generálta ina dtiocfaidh an lá vótaíochta roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, agus i ngach toghachán corra sa dáilcheanntar san ina dtiocfaidh an lá vótaíochta tar éis teacht i bhfeidhm don liost fhóirlíontach san no don chuid sin de mar pháirt den chlár de thoghthóirí don dáilcheanntar san agus roimh an 1adh lá de Mheitheamh 1937.

[EN]

Togacháin tar éis an 1adh Meitheamh, 1937.

4.—(1) Le linn gach athscrúduithe déanfar ar liost de thoghthóirí fé Chuid I den Phríomh-Acht tar éis an Achta so do rith agus roimh an gcéad uair ina dhiaidh sin a scuirfidh an tOireachtas cuirfear no coimeádfar (pe'ca aca is gá sa chás) sa liost san de thoghthóirí, agus cuirfear sa chlár de thoghthóirí a hullamhófar ón liost san, ainm gach duine bheidh cláruithe i gclár de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm an uair sin i ndáilcheanntar príomh-scoile agus do bheadh, mara mbeadh sé cláruithe amhlaidh, i dteideal a ainm do bheith sa liost san de thoghthóirí agus sa chlár san a hullamhófar uaidh ach comharthófar an ainm sin sa liost san agus sa chlár san leis an gcomhartha orduithe.

[EN]

(2) Gach duine go mbeidh a ainm i gclár de thoghthóirí agus í comharthuithe sa chlár san leis an gcomhartha orduithe luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh sé i dteideal vótáil sa dáilcheanntar le n-a mbainfidh an clár san i ngach toghachán generálta ina dtiocfaidh an lá vótaíochta le linn an chláir sin do bheith i bhfeidhm, agus fós i ngach toghachán corra déanfar sa dáilcheanntar san tar éis na céad uaire scuirfidh an tOireachtas i ndiaidh an Achta so do rith agus ina dtiocfaidh an lá vótaíochta le linn an chláir sin do bheith i bhfeidhm, ach ní bheidh sé i dteideal vótáil sa dáilcheanntar san in aon toghachán corra sa dáilcheanntar san a déanfar sara scuirfidh an tOireachtas amhlaidh agus ina dtiocfaidh an lá vótaíochta le linn an chláir sin do bheith i bhfeidhm.

[EN]

Forálacha áirithe den Phríomh-Acht dathghairm.

5.—Na forálacha uile agus fé seach den Phríomh-Acht a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa dara colún den sceideal san ón gcéad uair a scuirfidh an tOireachtas tar éis an Achta so do rith.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

6.—(1) Féadfar an tAcht Toghacháin (Dáilcheanntair Phríomh-Scoile), 1936, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Toghacháin, 1923 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna Toghacháin, 1923 go 1935, agus den Acht so le chéile.

[EN]

SCEIDEAL.

Na forálacha den Phríomh-Acht a hathghairmtear ón gcéad uair a scuirfidh an tOireachtas tar éis an Achta so do rith.

Alt.

Méid na hAthghairme

1

Mír (c) d'fho-alt (2).

8

Gach tagairt do dháilcheanntair phríomh-scoile.

9

I bhfo-alt (1) na focail “agus gach dáilcheanntar Príomhscoile”: fo-alt (3).

10

Fo-alt (3).

11

Fo-alt (3).

12

Fo-alt (8).

15

An t-alt iomlán.

16

Sna provísóna le fo-alt (1), gach tagairt do dháilcheanntair phríomh-scoile.

21

Fo-alt (2).

23

I bhfo-alt (1) na focail “nach dáilcheanntar Príomhscoile”: fo-alt (2).

41

Mír (c) d'fho-alt (2).

48

I bhfo-alt (1) na focail “(agus na dáilcheanntair Phríomhscoile d'áireamh ortha)”.

50

Gach tagairt do dháilcheanntair phríomh-scoile no do Chuid III den Ochtú Sceideal.

An Dara Sceideal.

An Sceideal iomlán.

An Cúigiú Sceideal.

I gCuid III, gach tagairt do dháilcheanntair phríomhscoile.

An tOchtú Sceideal.

Cuid III.