[EN]

Uimhir 5 de 1959.


[EN]

ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 AGUS 1946. [18 Márta, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Foirm na bpáipéar ballóide i reifreann bunreachta.

1.—I reifreann bunreachta—

[EN]

(a) is sa bhfoirm atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh gach páipéar ballóide, agus

[EN]

(b) déanfar an togra is ábhar don reifreann a lua ar an bpáipéar ballóide tríd an mBille ina mbeidh an togra sin agus a bheidh rite nó a mheasfar a bheith rite ag dhá Theach an Oireachtais a lua faoina ghearrtheideal.

[EN]

Leasuithe de dhroim ailt 1. 1942, Uimh. 8.

2.—Beidh éifeacht ag Acht an Reifrinn, 1942, faoi réir na leasuithe a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

Vótáil ag daoine i bhfostaíocht ceann comhairimh áitiúla.

1942, Uimh. 8.

3.—I gcás—

[EN]

(a) ina mbeidh teideal ag duine vóta a chaitheamh sa vótáil i reifreann,

[EN]

(b) go mbeidh sé fostaithe, ag an gceann comhairimh áitiúil don dáilcheantar ina mbeidh teideal aige vótáil, chun aon chríche i ndáil leis an vótáil sa dáilcheantar sin, agus

[EN]

(c) gur amhlaidh d'imthosca a fhostaíochta, i dtuairim an oifigigh sin, go gcoisceann siad air vótáil sa stáisiún vótála a mbeadh teideal aige vótáil ann mura mbeadh sin,

[EN]

feadfaidh an t-oifigeach sin údarás i scríbhinn a thabhairt dó chun vótáil i stáisiún vótála sonraithe eile sa dáilcheantar sin, agus measfar, chun críche rialach 8 den na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942, gurb é an stáisiún vótála a shonrófar amhlaidh an stáisiún vótála a bheidh ceaptha dó.

[EN]

Lá na vótála i reifreann bunreachta arb é freisin lá na vótála é do thoghchán an Uachtaráin nó d'olltoghchán.

1937, Uimh. 32.

1923, Uimh. 12.

1942, Uimh. 8.

4.—(1) Aon uair arb é lá na vótála i reifreann bunreachta an lá a dhéanfar freisin an vótáil chun duine a thoghadh chun oifige Uachtarán na hÉireann nó in olltoghchán, oibreoidh údarás faoi alt 3 den Acht seo freisin, i dteannta oibriú chun a údarú do dhuine dá dtabharfar é vóta a chaitheamh sa vótáil sa reifreann sa stáisiún vótála a shonrófar san údarás, chun a údarú dó vóta a chaitheamh sa vótáil sa toghchán sa stáisiún vótála sin, agus measfar, chun críocha rialach 7 de na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht Toghcháin an Uachtaráin, 1937, nó rialach 16 de na rialacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923 (de réir mar is iomchuí), gurb é an stáisiún vótála sin an stáisiún vótála a bheidh ceaptha dó.

[EN]

(2) I dteannta feidhm a bheith ag alt 28 d'Acht an Reifrinn, 1942, aon uair arb é lá na vótála i reifreann bunreachta lá na vótála freisin in olltoghchán, beidh feidhm aige freisin aon uair arb é lá na vótála i reifreann bunreachta an lá a dhéanfar freisin vótáil chun duine a thoghadh chun oifige Uachtarán na hÉireann agus, chun na críche sin, déanfar tagairtí san alt sin d'olltoghchán a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhuine a thoghadh chun na hoifige sin.

[EN]

Reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1958.

1946, Uimh. 30.

1942, Uimh. 8.

5.—I reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1958—

[EN]

(a) beidh an ráiteas atá leagtha amach sa bhFo-Scríbhinn a ghabhann leis an alt seo ar chárta vótála a chuirfear amach faoi fho-alt (1) d'alt 4 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1946.

[EN]

(b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótála freisin go dtí gach toghthóir a bhfuil a ainm ar an gclár de thoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar an liosta de phost-vótálaithe don dáilcheantar sin,

[EN]

(c) aon chárta vótála a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo—

[EN]

(i) cuirfidh sé in iúl gur do phost-vótálaí é agus dá réir sin ní luafar ann uimhir agus suíomh na háite vótála dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt sin 4,

[EN]

(ii) beidh an ráiteas ann dá dtagartar i mír (a) den alt seo, agus

[EN]

(iii) cuirfear é leis an bpost chun an toghthóra, an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige go dtí an seoladh céanna a luafar ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide,

[EN]

(d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 4 maidir le cártaí vótála a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo,

[EN]

(e) féadfar cóipeanna den ráiteas dá dtagartar i mír (a) den alt seo a chur ar taispeáint i stáisiúin vótála nó ina maighne,

[EN]

(f) d'ainneoin ailt 2 den Acht seo agus fo-mhíre (ii) de mhír 2 den Dara Sceideal a ghabhann leis, nuair a bheifear ag feidhmiú míre (3) de riail 18 de na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942

[EN]

(I) cuirfear an fho-mhír seo a leanas in ionad fomhíre (a) den mhír sin:

[EN]

“(a) léifidh an t-oifigeach ceannais don vótálaí gearrtheideal an Bhille ina bhfuil an togra chun an Bunreacht a leasú mar a bheidh sin ráite sa pháipéar ballóide agus fiafróidh sé ansin den vótálaí, ‘An bhfuil tú ag toiliú leis an mBille sin a bheith ina dhlí nó an bhfuil tú i gcoinne an Bhille sin a bheith ina dhlí ?';”

[EN]

(II) cuirfear an fho-mhír seo a leanas in ionad fo-mhíre (c) den mhír sin:

[EN]

“(c) mura dtuigeann an vótálaí brí na ceiste sin—

[EN]

(i) léifidh an t-oifigeach ceannais don vótálaí an coimriú sin ar an togra is ábhar don reifreann atá sa ráiteas atá leagtha amach sa bhFo-Scríbhinn a ghabhann le halt 5 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1959,

[EN]

(ii) fiafróidh an t-oifigeach ceannais ansin den vótálaí ‘Cé acu is mian leat a dhéanamh—vótáil i bhfabhar an togra? nó vótáil i gcoinne an togra?', agus

[EN]

(iii) marcálfaidh an t-oifigeach ceannais ansin an páipéar ballóide de réir freagra an vótálaí;”

FO-SCRIBHINN

Tá an Coimriú seo a leanas ar phríomhthograí an Bhille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1958, á chur amach mar eolas do vótálaithe.

Faoi láthair, déantar comhaltaí Dháil Éireann a thoghadh de réir na hionadaíochta cionúire do dháilcheantair a dtoghann gach dáilcheantar ar leith díobh triúr Teachta Dála ar a laghad, agus bíonn vóta inaistrithe amháin ag gach vótálaí.

Tá sé beartaithe sa Bhille deireadh a chur le córas na hionadaíochta cionúire agus glacadh, ina ionad, le córas dáilcheantar a dtoghfar Teachta Dála amháin do gach dáilcheantar ar leith díobh, agus vóta amháin nach mbeidh inaistrithe a bheith ag gach vótálaí.

Tá beartaithe freisin sa Bhille Coimisiún a chur ar bun chun na Dáilcheantair a chinneadh agus a athmheas in ionad é sin a bheith á dhéanamh ag an Oireachtas, mar atá an scéal faoi láthair.

MÁ THOILÍONN TÚ leis na tograí atá sa Bhille, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bPáipéar Ballóide.

MURA dTOILÍONN TÚ leis na tograí atá sa Bhille, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bPáipéar Ballóide.

Is féidir cóip de théacs iomlán an Bhille a iniúchadh agus a cheannach in aon Phost-Oifig sa tír.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú, 1942, Uimh. 8.

6.—(1) Féadfar Acht an Reifrinn (Leasú), 1959, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1959, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 agus 1946, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an tAcht seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 agus 1946, mar aon ní amháin.

AN CHÉAD SCEIDEAL.

Foirm an Pháipéir Bhallóide i Reifreann Bunreachta.

Foirm éadain an pháipéir bhallóide.

Comhdhuille Reifrinn.

Referendum counterfoil.

An bhfuil tú ag toiliú leis an togra chun an Bunreacht do leasú atá sa Bhille thíosluaite ?

Do you approve of the proposal to amend the Constitution contained in the under-mentioned Bill ?

Uimhir

Number

__

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

YES

 

NÍL

 

NO

 

TREORACHA I DTAOBH AN PÁIPÉAR SEO DO MHARCÁIL.

INSTRUCTIONS FOR MARKING THIS PAPER.

 

Má thoilíonn tú leis an togra, cuir an marc “X” sa chearnóg os coinne an fhocail “TÁ”.

If you approve of the proposal, place the mark “X” in the square opposite the word “YES”.

 

Mura dtoilíonn tú leis an togra, cuir an marc “X” sa chearnóg os coinne an fhocail “NÍL”.

If you do not approve of the proposal, place the mark “X” in the square opposite the word “NO”.

Foirm chúil an pháipéir bhallóide.

 

Uimhir

Dáilcheantar

 

Number

__________________________

Constituency of

___________________

 

Reifreann i dtaobh an Togra chun an Bunreacht do leasú.

Referendum on Proposal to amend the Constitution.

AN DARA SCEIDEAL.

Leasuithe ar Acht an Reifrinn, 1942.

 

1. Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 15 maidir le reifreann bunreachta agus scoirfidh fo-alt (5) den alt sin d'éifeacht a bheith aige.

 

2. I gcás reifrinn bhunreachta—

(i) nuair a bheifear ag feidhmiú míre (1) de riail 3 de na rialacha atá sa Chéad Sceideal, cuirfear an fho-mhír seo a leanas in ionad fo-mhíre (b) den mhír sin:

“(b) i dtaobh gearrtheidil an Bhille ina bhfuil an togra is ábhar don reifreann sin, agus”; agus

(ii) nuair a bheifear ag feidhmiú míre (3) de riail 18 de na rialacha sin, cuirfear an fho-mhír seo a leanas in ionad fo-mhíre (c) den mhír sin:

“(c) mura dtuigeann an vótálaí brí na ceiste sin, léifidh an t-oifigeach ceannais don vótálaí gearrtheideal an Bhille do leasú an Bhunreachta mar a bheidh sin ráite sa pháipéar ballóide agus fiafróidh sé ansin den vótálaí, ‘An bhfuil tú ag toiliú leis an mBille sin a bheith ina dhlí nó an bhfuil tú i gcoinne an Bhille sin a bheith ina dhlí? agus marcálfaidh sé ansin an páipéar ballóide de réir freagra an vótálaí;”.