Uimhir 8 de 1942.
ACHT AN REIFRINN, 1942.
[An tionntódh oifigeamhail.]
[26adh Bealtaine, 1942.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar Acht an Reifrinn, 1942, do ghairm den Acht so.
Mínithe.
2.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;
cialluíonn an abairt “reifreann bunreachta” reifreann i dtaobh togra chun an Bunreacht do leasú;
cialluíonn an focal “gnáth-reifreann” reifreann i dtaobh togra nach togra chun an Bunreacht do leasú;
nuair a húsáidtear an focal “reifreann” gan choinníoll, cialluíonn sé idir reifreann bunreachta agus gnáth-reifreann;
cialluíonn an focal “olltoghchán” olltoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann arna chomóradh de dhruim Dáil Éireann do scur;
cialluíonn an abairt “toghthóir Dála” duine atá i dteideal vótáil i dtoghchán Dála;
cialluíonn an abairt “toghchán Dála” toghchán do chomhalta no do chomhaltaí de Dháil Éireann;
cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire fén Acht so.
Rialacháin.
3.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú aon ní dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe no le hordú.
Costais.
4.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a híocfar na costais féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh.
Athghairm.
5.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Ceann cóimhrimh an reifrinn.
6.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an Achta so do rith, agus o am go ham ina dhiaidh sin fé mar is gá, ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach chun bheith ina cheann chóimhrimh reifrinn chun crícheanna an Achta so.
(2) Beidh sé de dhualgas ar cheann chóimhrimh an reifrinn an reifreann dá gceapfar é do stiúradh, toradh na vótaíochta ann do dhéanamh amach agus do dhearbhú do réir an Achta so, agus na nithe eile sin do dhéanamh maidir leis an reifreann san is gá dhó do réir an Achta so do dhéanamh.
(3) Muirearófar ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis agus íocfar as an gcéanna le ceann cóimhrimh an reifrinn pé suimeanna cheadóidh an tAire Airgeadais i leith a sheirbhísí agus a chostaisí maidir le gach reifreann a stiúróidh.
Ráiteas o oifigigh chlárathachta i dtaobh na huimhreach de thoghthóirí Dála.
7.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an Achta so do rith, cuirfidh gach oifigeach clárathachta chun ceann cóimhrimh an reifrinn ráiteas sa bhfuirm orduithe i dtaobh na huimhreach de thoghthóirí Dála bheidh cláruithe sa chlár de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm an uair sin i ngach dáilcheanntar no cuid de dháilcheanntar i líomatáiste clárathachta an oifigigh chlárathachta san.
(2) Pé uair, tar éis dáta an Achta so do rith, a thiocfaidh clár de thoghthóirí i bhfeidhm, cuirfidh gach oifigeach clárathachta chun ceann cóimhrimh an reifrinn láithreach ráiteas sa bhfuirm orduithe i dtaobh na huimhreach de thoghthóirí Dála bheidh cláruithe sa chlár de thoghthóirí i ngach dáilcheanntar no cuid de dháilcheanntar i líomatáiste clárathachta an oifigigh chlárathachta san.
(3) Pé uair a thárlóidh an uimhir de thoghthóirí Dála, is abhar do ráiteas a bheidh curtha ag oifigeach clárathachta chun ceann cóimhrimh an reifrinn de bhun an ailt seo, d'athrú tré bhreith ar athchomhairc no tré earráidí do cheartú no ar chúis ar bith eile déanfaidh an t-oifigeach clárathachta san an t-athrú san agus na sonnraí ina thaobh do thuairisciú láithreach do cheann chóimhrimh an reifrinn.
CUID II.
An Votaiocht i Reifreann.
An lá vótaíochta i reifreann bunreachta.
8.—(1) Aon uair a bheidh bille ina mbeidh togra chun an bunreacht do leasú rithte no is tuigthe bille den tsórt san do bheith rithte ag dhá Thigh an Oireachtais is dleathach go gceapfadh an tAire le hordú an lá (dá ngairmtear an lá vótaíochta freisin san Acht so) a déanfar an vótaíocht sa reifreann i dtaobh an togra san.
(2) Ní cead an lá vótaíochta ceapfar le hordú a dhéanfaidh an tAire fén alt so do bheith níos túisce na tríocha lá ná níos déanaighe ná nócha lá tar éis dáta an orduithe sin.
(3) Gach ordú déanfaidh an tAire fén alt so foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath agus is féidir tar éis a dhéanta.
Comhacht chun an t-aon lá vótaíochta amháin do cheapadh le haghaidh olltoghcháin agus reifrinn bhunreachta.
9.—(1) Aon uair a bheidh bille ina mbeidh togra chun an bunreacht do leasú rithte no is tuigthe bille den tsórt san do bheith rithte ag dhá Thigh an Oireachtais agus a scuirfear Dáil Éireann sara mbeidh an t-ordú ag ceapadh an lae vótaíochta sa reifreann i dtaobh an togra san déanta ag an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, (d'ainneoin éinní atá san alt deiridh sin roimhe seo) an lá vótaíochta san olltoghchán a thárlóidh de dhruim Dáil Éireann do scur amhlaidh do cheapadh lena ordú fén alt san chun bheith ina lá vótaíochta sa reifreann san.
(2) Aon uair a bheidh bille ina mbeidh togra chun an bunreacht do leasú rithte no is tuigthe bille den tsórt san do bheith rithte ag dhá Thigh an Oireachtais agus a scuirfear Dáil Éireann tar éis don Aire a ordú (dá ngairmtear an t-ordú bunaidh sa bhfo-alt so) do dhéanamh fén alt deiridh sin roimhe seo maidir leis an reifreann i dtaobh an togra san agus roimh an lá vótaíochta bheidh ceaptha leis an ordú san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-ordú bunaidh do leasú le hordú tríd an lá is lá vótaíochta san olltoghchán a thárlóidh de dhruim Dáil Éireann do scur amhlaidh do chur in ionad an lae bheidh ainmnithe san ordú bunaidh mar lá vótaíochta sa reifreann san.
An lá vótaíochta i ngnáthreifreann.
10.—(1) Aon uair—
(a) a chuirfidh an tUachtarán in úil don Taoiseach do réir Airteagail 27 den Bhunreacht gurb é a bhreith go bhfuil i mbille lena mbaineann an tAirteagal san togra ina bhfuil an oiread sin tábhacht náisiúnta gur cóir breith an phobail d'fháil air, agus
(b) a chinnfidh an Riaghaltas go dtógfar reifreann chun breith an phobail d'fháil ar an togra san,
déanfaidh an tAire, fé cheann seachtaine tar éis an Riaghaltas dá chinneadh amhlaidh, an lá (dá ngairmtear an lá vótaíochta freisin san Acht so) a déanfar an vótaíocht sa reifreann san do cheapadh le hordú.
(2) Ní cead an lá vótaíochta ceapfar le hordú a dhéanfaidh an tAire fén alt so do bheith níos túisce ná tríocha lá ná níos déanaighe ná nócha lá tar éis dáta an orduithe sin.
(3) Aon uair a chinnfidh an Riagnaltas go dtógfar gnáthreifreann, cuirfidh an Riaghaltas fé ndeár fógra i dtaobh iad dá chinneadh amhlaidh d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agus air sin beidh an foillsiú san ina fhianaise dho-chlaoite ar an gcinneadh sin.
(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath agus is féidir tar éis a dhéanta.
Modh déanta na vótaíochta i reifreann.
11.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an vótaíocht do dhéanamh i reifreann, sé sin le rá:—
(a) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní bheidh an vótaíocht ann ach aon lá amháin agus is ar an lá céanna a bheidh sí ann ar fuaid an Stáit agus isé lá é sin ná an lá ceapfar le hordú ón Aire fén Acht so chun bheith ina lá vótaíochta sa reifreann san;
(b) tosnóidh an vótaíocht ar a naoi a chlog ar maidin agus coimeádfar ar siúl í go dtí a naoi a chlog istoíche agus ní níos sia ná san;
(c) chun an vótaíocht do dhéanamh tuigfear na dáilcheanntair chéanna do bheith déanta den Stát a bheidh déanta dhe de thurus na huaire chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha agus déanfar an vótaíocht ar leithligh i ngach dáilcheanntar fé leith aca san;
(d) isé an té bheadh ina cheann chóimhrimh i dtoghchán Dála in aon dáilcheanntar aca san a bheidh ina cheann chóimhrimh (dá ngairmtear an ceann cóimhrimh áitiúil san Acht so) sa dáilcheanntar san chun críche na vótaíochta agus, más clárathóir contae an duine sin, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (7) d'alt 40 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926);
(e) déanfaidh gach vótálaidhe sa vótaíocht a vóta do chaitheamh sa dáilcheanntar ina mbeadh i dteideal vótáil in olltoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann;
(f) tuigfear, chun críche na vótaíochta, na ceanntair chéanna vótaíochta do bheith déanta de gach dáilcheanntar fé leith aca san a bheidh déanta dhe de thurus na huaire chun críche toghcháin Dála, agus na háiteanna bheidh ceaptha de thurus na huaire ina n-áiteanna vótaíochta i ngach ceanntar vótaíochta fé leith aca san chun críche toghcháin Dála isiad a bheidh ina n-áiteanna vótaíochta chun an vótaíocht do dhéanamh;
(g) beidh de dhualgas ar gach ceann cóimhrimh áitiúil déanamh na vótaíochta ina dháilcheanntar do stiúradh do réir an Achta so agus, chuige sin, pé stáisiúin vótaíochta, boscaí ballóide, páipéirí ballóide, ionstruimí stampála, cóipeanna den rolla de thoghthóirí, agus nithe eile do chur ar fáil agus pé oifigigh do cheapadh agus d'íoc agus pé gníomhartha agus nithe eile do dhéanamh is gá chun an vótaíocht do dhéanamh go héifeachtúil ina dháilcheanntar do réir an Achta so;
(h) cólíonfaidh gach ceann cóimhrimh áitiúil, maidir le déanamh na vótaíochta ina dháilcheanntar, forálacha an Achta so agus na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus na horduithe dhéanfaidh agus na treoracha do bhéarfaidh an tAire fén Acht so.
Costais na gceann cóimhrimh áitiúla.
12.—(1) Beidh gach duine is ceann cóimhrimh áitiúil maidir le déanamh na vótaíochta i reifreann i dteideal a chuid éilithe réasúnach, ach ní bheid san níos mó ná na suimeanna bheidh luaidhte sa scála d'éilithe maximum a hullmhófar fén alt so, alos seirbhísí agus costaisí de na saghsanna uile agus fé seach a bheidh luaidhte sa scála san, a dhéanfaidh no féna raghaidh le ceart chun no i dtaobh an vótaíocht san do dhéanamh.
(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais suim na n-éilithe luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so a bheidh á éileamh ag ceann cóimhrimh áitiúil d'íoc as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, ar fháil chuntais dó bheidh le cur féna bhráid ag an gceann cóimhrimh sin do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire sin fén alt so, ach sara n-íocaidh éilithe aon chinn chóimhrimh áitiúil áirithe féadfaidh an tAire sin, más oiriúnach leis é, a iarraidh ar bhreitheamh den Chúirt Chuarda go ndlighinse i ndáilcheanntar an chinn chóimhrimh sin go measfaí an cuntas san agus leis sin cuirfidh an breitheamh san fé ndeár go ndéanfaidh an clárathóir contae an cuntas san do mheas agus an tsuim is iníoctha fé do chinneadh.
(3) Arna iarraidh sin air do cheann chóimhrimh áitiúil féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis é, réimh-íoc do dhéanamh leis an gceann cóimhrimh sin, ar pé téarmaí is dóich leis an Aire sin is ceart, ar cuntas na n-éilithe is iníoctha fén alt so leis an gceann cóimhrimh sin.
(4) Má orduíonn an breitheamh amhlaidh ar iarratas cinn chóimhrimh áitiúil beidh ina chuid den mheas, a déanfar fén alt so ar chuntas an chinn chóimhrimh sin, meas agus cinneadh méide aon éilimh a dhéanfaidh éinne i gcoinnibh an chinn chóimhrimh sin alos éinní a mbeidh éileamh ina thaobh sa chuntas san.
(5) Déanfaidh an tAire Airgeadais scála d'éilithe maximum d'ordú chun crícheanna an ailt seo agus féadfaidh an scála san d'athscrúdú fé mar agus nuair is oiriúnach leis é agus féadfaidh fós rialacháin do dhéanamh i dtaobh an ama agus na slí agus na fuirme ina dtabharfaidh cinn chóimhrimh áitiúla cuntais dó chun go n-íocfaí na héilithe sin.
Srian maidir le daoine bheidh i dteideal vótáil sa vótaíocht.
13.—(1) Ní bheidh éinne i dteideal vótáil in aon dáilcheanntar sa vótaíocht i reifreann mara mbeidh sé cláruithe ina thoghthóir Dála sa rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire don dáilcheanntar san.
(2) Ní bheidh éinne ná beidh bliain is fiche slán aige i dteideal vótáil sa vótaíocht i reifreann.
(3) Ní bheidh éinne i dteideal vótáil níos mó ná uair amháin (pé aca san aon dáilcheanntar amháin é no i ndáilcheanntair éagsúla) sa vótaíocht i reifreann ach, fé réir na teorann san, beidh gach duine bheidh cláruithe ina thoghthóir Dála, sa rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire d'aon dáilcheanntar áirithe, i dteideal (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) páipéar ballóide d'éileamh agus d'fháil agus vótáil sa dáilcheanntar san sa vótaíocht san.
(4) Einne a mbeidh toirmeasctha air le dlí de thurus na huaire vótáil i dtoghchán Dála ní bheidh sé i dteideal páipéar ballóide d'fháil ná vótáil sa vótaíocht i reifreann, agus gach éinne vótálfaidh in aon vótaíocht den tsórt san agus an toirmeasc san air dlighfear na pionóis sin do chur air a dlighfí a chur air dá vótáladh sé i dtoghchán Dála.
Na páipéirí ballóide.
14.—(1) Is le ballóid do bhéarfar na vótaí sa vótaíocht i reifreann agus isé bheidh i mballóid gach vótálaidhe ná páipéar (dá ngairmtear páipéar ballóide san Acht so).
(2) Beidh ar gach páipéar ballóide uimhir a bheidh clóbhuailte ar a chúl agus beidh có-dhuille, agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar a haghaidh, ceangailte dhe agus beidh sé infhillte.
(3) Le linn a thabhartha amach marcálfar gach páipéar ballóide ar a dhá thaobh le marc oifigiúil a stampálfar air no a pollfar tríd.
(4) Beidh ceann cóimhrimh an reifrinn freagarthach i leorchaindíocht de pháipéirí ballóide do chlóbhualadh agus d'fháil agus beidh de dhualgas air an uímhir sin de pháipéirí ballóide a theastóidh o gach ceann cóimhrimh áitiúil fé leith do réir réasúin do thabhairt don cheann chóimhrimh áitiúil sin.
Fuirm pháipéirí ballóide.
15.—(1) Is sa bhfuirm is iomchuibhe de na fuirmeacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so bheidh gach páipéar ballóide i reifreann.
(2) Má bhíonn an t-aon lá amháin ina lá vótaíochta i dhá reifreann no níos mó, ansan (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gcéad fho-alt eile den alt so) ní tabharfar amach páipéirí ballóide ar leithligh le haghaidh na reifreann san ach, ina ionad san, beidh gach páipéar ballóide sna reifrinn sin leagtha amach i slí a chuirfidh ar chumas an vótálaidhe vóta ar leithligh do chaitheamh air alos gach reifrinn fé leith aca san.
(3) Má bhíonn an t-aon lá amháin ina lá vótaíochta i dhá reifreann no níos mó agus gur dóich leis an Aire nach féidir no nach oiriúnach, ar chúis ar bith, déanamh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir leis na reifrinn sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh an tAire a ordú go dtabharfar páipéirí ballóide ar leithligh amach le haghaidh ceann amháin no níos mó no le haghaidh gach ceann de na reifrinn sin;
(b) i gcás an tAire do thabhairt orduithe den tsaghas a húdaruítear leis an mír sin roimhe seo den fho-alt so, déanfar, d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, páipéirí ballóide ar leithligh do thabhairt amach do réir an orduithe sin;
(c) i gcás an tAire do thabhairt orduithe den tsaghas san adubhradh agus gan an t-ordú san do bhaint leis na reifrinn sin uile, ansan, mara mbeidh ach ceann amháin de na reifrinn sin gan an t-ordú san do bhaint leis, bhéarfar páipéirí ballóide ar leithligh amach le haghaidh an ceann san de na reifrinn sin, agus, má bhíonn dhá cheann no níos mó de na reifrinn sin gan an t-ordú san do bhaint leo, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo maidir leis an dá cheann san no níos mó de na reifrinn sin.
(4) Beidh i ngach páipéar ballóide alos aon reifrinn amháin ráiteas ina luadhfar an togra is abhar don reifreann san, agus beidh i ngach páipéar ballóide alos dhá reifreann no níos mó arb é an t-aon lá amháin is lá vótaíochta dhóibh ráiteas ina luadhfar, maidir le gach reifreann fé leith aca san, an togra is abhar don reifreann san.
(5) Déanfar i reifreann bunreachta an togra is abhar dó do luadh sa pháipéar bhallóide sna téarmaí céanna, chó fada agus is féidir é, ina mbeidh an togra san luaidhte sa bhille ina mbeidh an togra san agus a bheidh rithte no is tuigthe do bheith rithte ag dhá Thigh an Oireachtais.
(6) Déanfar i ngnáth-reifreann an togra is abhar dó do luadh sa pháipéar bhallóide sna téarmaí céanna, chó fada agus is féidir é, ina mbeidh an togra san luaidhte sa scríbhinn fé láimh agus séala an Uachtaráin a bheidh curtha aige sin go dtí an Taoiseach
Modh marcála vóta ar pháipéar bhallóide.
16.—(1) Déanfaidh gach vótálaidhe sa vótaíocht i reifreann a vóta do chaitheamh tréna pháipéar ballóide do mharcáil do réir na dtreoracha i dtaobh marcála a bheidh clóbhuailte ar an bpáipéar ballóide.
(2) Aon pháipéar ballóide—
(a) ná beidh an marc oifigiúil air, no
(b) ná beidh vóta ar bith curtha air in aon chor, no
(c) ná beidh an vóta curtha air i slí a thaisbeánfaidh go n-aontuíonn no ná haontuíonn an vótálaidhe leis an togra is abhar don reifreann san, no
(d) ar a mbeidh vótaí tugtha i bhfábhar agus i gcoinnibh an togra san, no
(e) ar a mbeidh éinní trénar féidir an vótálaidhe d'aithint (ach amháin an uimhir is gá do réir dlí do bheith clóbhuailte ar chúl an pháipéir bhallóide) scríobhtha no marcálta,
beidh sé nea-mbailidhe agus ní cóimhreofar é.
(3) I gcás gan páipéar ballóide do bheith nea-mbailidhe fé aon cheann no cinn d'fhorálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, ní bheidh an páipéar ballóide sin nea-mbailidhe de thoisc amháin gan é bheith do réir na dtreoracha i dtaobh marcála bheidh clóbhuailte air, agus go sonnrach ní bheidh sé nea-mbailidhe toisc gan an marc “x” d'úsáid chun an páipéar san do mharcáil, má bhíonn an páipéar san marcálta i slí a thaisbéanfaidh go réasúnta cinnte cadé toil an vótálaidhe.
(4) I gcás páipéar ballóide do bhaint le dhá reifreann no níos mó agus vóta do bheith curtha air i gceart maidir le ceann amháin no níos mó de na reifrinn sin ach ní maidir leo uile, beidh an páipéar ballóide sin, maran nea-mbailidhe dhó dá éamuis sin, bailidhe chun crícheanna an reifrinn no na reifreann a mbeidh vóta curtha i gceart air ina leith agus nea-mbailidhe agus neamhionchóimhrithe chun crícheanna an reifrinn no na reifreann ná beidh vóta curtha i gceart air, no a mbeidh sé curtha go mícheart air, ina leith.
Gníomhairí pearsanála.
17.—(1) Féadfaidh comhalta ar bith de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann duine (dá ngairmtear gníomhaire pearsanála san Acht so) do cheapadh chun bheith i láthair i stáisiún vótaíochta áirithe i reifreann chun cabhruithe chun daoine do bhrath a bheidh ag déanamh cionta na pearsanála no ag tabhairt fé n-a dhéanamh.
(2) Féadfaidh comhalta de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann gníomhairí pearsanála do cheapadh fén alt so, maidir le reifreann ar bith, don oiread stáisiún vótaíochta agus is oiriúnach leis, ach ní cheapfaidh aon chomhalta áirithe de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann níos mó ná aon ghníomhaire pearsanála amháin d'aon stáisiún vótaíochta áirithe.
(3) Comhalta de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann a cheapfaidh gníomhaire pearsanála fén alt so do stáisiún vótaíochta bhéarfaidh i scríbhinn don cheann chóimhrimh áitiúil sa dáilcheanntar ina mbeidh an stáisiún vótaíochta san, ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laghad roimh thosach na vótaíochta, ainm an ghníomhaire phearsanála san agus fós ainm no tuairisc an stáisiúin vótaíochta dá mbeidh sé ceaptha.
(4) Gach gníomhaire pearsanála ceapfar go cuibhe fén alt so agus a dtabharfar fógra go cuibhe do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so i dtaobh a cheaptha, beidh sé i dteideal bheith sa stáisiún vótaíochta dá gceapfar é faid a bheidh an vótaíocht ar siúl agus ar feadh leath-uair a' chluig roimhe sin agus go ceann leath-uair a' chluig ina dhiaidh sin.
(5) Faid a bheidh an vótaíocht ar siúl ní dhéanfaidh aon ghníomhaire pearsanála an stáisiún vótaíochta dá mbeidh sé ceaptha d'fhágaint gan cead d'fháil ar dtúis ón oifigeach ceannais ná gan gach rolla, leabhar, agus scríbhinn ina mbeidh aon nóta, scríbhneoireacht, no marc déanta aige le linn na vótaíochta d'fhágaint ag an oifigeach ceannais faid a bheidh sé as láthair.
(6) Aon ghníomhaire pearsanála fhágfaidh stáisiún vótaíochta contrárdha don alt so ní leigfear dó filleadh chun an stáisiúin vótaíochta san go dtí go mbeidh deireadh leis an vótaíocht agus fós beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí.
(7) I gcás an lá vótaíochta i reifreann bunreachta do bheith ina lá vótaíochta in olltoghchán freisin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) beidh na comhachta do bheirtear leis na forálacha san roimhe seo den alt so do chomhalta de Dháil Éireann infheidhmithe ag duine ar bith a bhí ina chomhalta de Dáil Éireann díreach roimh an scur ba shiocair leis an olltoghchán san, agus
(b) gach duine ceapfar fé alt 22 den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923), chun bheith ina ghníomhaire phearsanála chun crícheanna an olltoghcháin sin i stáisiún vótaíochta i ndáilcheanntar ina dtógfar vótaíocht san olltoghchán san is tuigthe é cheapadh fén alt so chun bheith ina ghníomhaire phearsanála sa stáisiún vótaíochta san chun crícheanna an reifrinn sin, agus bainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so leis dá réir sin.
Oifigigh cheannais do cheapadh.
18.—(1) Ceapfaidh gach ceann cóimhrimh áitiúil i reifreann, alos gach stáisiúin vótaíochta fé leith ina dháilcheanntar duine ceart oiriúnach chun bheith ina oifigeach cheannais sa stáisiún vótaíochta san.
(2) Gach oifigeach ceannais a ceapfar fén alt so beidh aige ina stáisiún vótaíochta gach comhacht agus dualgas a bronntar no a forchuirtear leis an Acht so ar oifigeach cheannais.
Ordúlacht do choimeád i stáisúin vótaíochta.
19.—Má thárlann, ag an vótaíocht i reifreann, go mbeidh éinne mí-iompartha i stáisiún vótaíochta no gan géilleadh d'orduithe dleathacha an oifigigh cheannais, ansan, le hordú ón oifigeach ceannais, féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána no éinne go n-údarás aige chuige sin i scríbhinn ón oifigeach ceannais é chur amach as an stáisiún vótaíochta san láithreach, agus an duine cuirfear amach amhlaidh ní leigfear dó dul isteach arís sa stáisiún vótaíochta san le linn na vótaíochta ach amháin le cead an oifigigh cheannais.
Post-vótálaithe.
20.—(1) Gach duine a mbeidh a ainm ar an liost de phostvótálaithe do dháilcheanntar le linn vótaíochta i reifreann, beidh sé i dteideal vótáil sa dáilcheanntar san sa vótaíocht sa reifreann san tréna pháipéar ballóide de chur leis an bpost go dtí an ceann cóimhrimh áitiúil don dáilcheanntar san agus ní bheidh sé i dteideal vótáil sa reifreann san ar aon tslí eile.
(2) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an orduithe ón Aire ag ceapadh an lae vótaíochta i reifreann, cuirfidh gach ceann cóimhrimh áitiúil páipéar ballóide agus dearbhú céannachta sa bhfuirm orduithe chun gach duine bheidh ar an liost de phostvótálaithe dá dháilcheanntar.
(3) Má déantar páipéar ballóide cuirfear chun duine ar bith fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do chur thar n-ais go dtí an ceann cóimhrimh áitiúil agus é marcálta go cuibhe ag an duine sin maraon leis an dearbhú céannachta agus é sighnithe agus dílse-dheimhnithe go cuibhe, agus go bhfuighidh an ceann cóimhrimh sin é roimh chríochnú na vótaíochta, deighleálfaidh an ceann cóimhrimh sin leis an bpáipéar ballóide sin agus cóimhreoidh é fé is dá mba pháipéar ballóide é cuirfí sa bhosca bhallóide ar an ngnáth-shlí.
(4) Ag cur amach agus ag fáil páipéirí ballóide post-vótálaithe dhó agus ag deighleáil leo fairis sin coimeádfaidh agus cólíonfaidh gach ceann cóimhrimh áitiúil an dlí (sa mhéid ná beidh buiniscionn leis an Acht so) a bheidh ag déanamh rialála de thurus na huaire ar pháipéirí ballóide post-vótálaithe i dtoghchán Dála do chur amach agus d'fháil agus ar dheighleáil leo fairis sin.
Ceisteanna agus mionna ag an vótaíocht i reifreann.
21.—(1) Ní cuirfear aon cheist ná ní déanfar aon fhiafraighe ná ní ceadófar aon agóid le linn na vótaíochta i reifreann maidir le ceart duine ar bith chun vótála, ná ní dhéanfaidh ná ní ghlacfaidh aon oifigeach ceannais ag an vótaíocht san aon agóid i gcoinnibh cirt duine ar bith chun vótála ach féadfaidh an t-oifigeach ceannais agus, má héilítear san air ag gníomhaire pearsanála, déanfaidh na ceisteanna so leanas, no aon cheann no aon dá cheann aca, do chur chun duine ar bith le linn dó páipéar ballóide d'iarraidh, ach ní dá éis sin, eadhon:—
(i) An, éinne amháin tusa agus an duine a bhfuil an ainm A B air sa rolla de thoghthóirí atá i bhfeidhm
anois do dháilcheanntar ......................................
..........................................................................
(ii) Ar vótálais cheana sa reifreann so?
(iii) An bhfuil bliain agus fiche slán agat?
Agus mara bhfreagruítear pé ceist no ceisteanna aca san a cuirfear chun an duine sin, an chéad agus an tríú ceann aca le freagra aontach agus an dara ceann aca le freagra séantach, ní vótálfaidh an duine sin.
(2) Féadfaidh oifigeach ceannais ag an vótaíocht i reifreann agus, má héilítear san air ag gníomhaire pearsanála, déanfaidh, le linn duine ar bith d'iarraidh páipéir bhallóide ach ní dá éis sin, an duine sin do chur fé mhionn no (i gcás éinne chuirfidh i gcoinnibh mionn do thabhairt toisc gan aon chreideamh do bheith aige no toisc é bheith i gcoinnibh a chreidimh mionn do thabhairt) fé dhearbhú sa bhfuirm seo leanas:—
“Bheirim-se Dia na nUile-chomhacht (no Deinim-se, A B, a dheimhniú agus a dhearbhú go solamanta, go macánta, agus go fírinneach, do réir mar a bheidh) gurb éinne amháin mise agus an duine a bhfuil an ainm A B air ar an rolla de thoghthóirí atá i bhfeidhm anois do dháilcheanntar
................................................, agus nár vótálas cheana
sa reifreann so agus go bhfuil bliain agus fiche slán agam.”
(3) Ach amháin mar a luaidhtear san alt so, ní bheidh sé dleathach ag an vótaíocht i reifreann a éileamh ar dhuine ar bith aon mhionn ná dearbhú do thabhairt i dtaobh a chirt chun vótála ná i dtaobh éinní eile in aon chor.
(4) Ní bheidh sé dleathach diúltadh d'aon vóta tairgfear i reifreann ag éinne a mbeidh a ainm luaidhte mar thoghthóir Dála ar an rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ach amháin de dhruim an t-oifigeach ceannais dá mheas, ar é do chur na gceisteanna réamhráite no aon cheiste no aon dá cheist aca, nach é an duine bheidh ag éileamh amhlaidh vótáil an duine a mbeidh a ainm ar an rolla san réamhráite no gur vótáil an duine sin cheana sa reifreann san, no gan bliain agus fiche do bheith slán ag an duine sin, no de dhruim an duine sin do dhiúltadh do na ceisteanna san, no d'aon cheann no d'aon dá cheann aca, do fhreagairt, no don mhionn san do thabhairt no don dearbhú san do dhéanamh.
(5) I gcás an t-aon lá amháin do bheith ina lá vótaíochta i dhá reifreann no níos mó, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) sna ceisteanna agus sa mhionn a húdaruítear leis an alt so cuirfear na focail “in aon cheann de na reifrinn seo” in ionad na bhfocal “sa reifreann so”;
(b) is tuigthe duine iarrfaidh páipéar ballóide do thairgsint a vóta sna reifrinn sin uile;
(c) fé réir forálacha an Achta so i dtaobh vótálaidhe a mhilleann a pháipéar ballóide de neamh-aire, ní bheidh vótálaidhe gheobhaidh páipéar ballóide i dteideal páipéar ballóide eile d'fháil ar an scór nár thug sé vóta sa pháipéar bhallóide sin i dtaobh na reifreann san uile.
Sárú seicréideachta.
22.—(1) Déanfaidh gach oifigeach, cléireach agus duine dá mbeidh ar fostú no i láthair i stáisiún vótaíochta ag an vótaíocht i reifreann rún do choimeád, agus cabhrú chun rún do choimeád, ar an vótáil sa stáisiún san agus ní thabharfaidh, roimh chríochnú na vótaíochta, aon eolas do dhuine ar bith, ach amháin chun críche éigin a bheidh údaruithe le dlí, i dtaobh ainme aon vótálaidhe, ná i dtaobh uimhreach aon vótálaidhe ar an rolla de thoghthóirí, do rinne no ná dearna páipéar ballóide d'iarraidh no vótáil sa stáisiún san, ná i dtaobh an mhairc oifigiúil, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná duine den tsórt san, ná duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar vótálaidhe le linn é bheith ag marcáil a vóta, ná iarracht do thabhairt in aon tslí eile ar eolas d'fháil sa stáisiún vótaíochta i dtaobh an chuma ina bhfuil aon vótálaidhe sa stáisiún san ar tí no tar éis vótála ná ní thabharfaidh do dhuine ar bith aon uair aon eolas do gheobhar i stáisiún vótaíochta i dtaobh an chuma ina bhfuil aon vótálaidhe sa stáisiún san ar tí no tar éis vótála, ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide tugadh d'aon vótálaidhe sa stáisiún san.
(2) Gach oifigeach, cléireach agus duine dá mbeidh ar fostú no i láthair le linn do cheann chóimhrimh áitiúil i reifreann na boscaí ballóide d'oscailt no na vótaí do chóimhreamh, coimeádfaidh rún agus cabhróidh chun rún do choimeád ar an vótáil, agus ní dhéanfaidh iarracht le linn na hoscailte ná an chóimhrimh sin ar an uimhir a bheidh ar chúl aon pháipéir bhallóide d'fháil amach, ná ar aon eolas do gheobhaidh le linn na hoscailte ná an chóimhrimh sin, i dtaobh an chuma inar tugadh aon vóta ar aon pháipéar bhallóide áirithe, do thabhairt uaidh.
(3) Gach oifigeach, cléireach agus duine a mbeidh baint aige le páipéirí ballóide do chur amach chun post-vótálaithe no le páipéirí ballóide d'fháil o phost-vótálaithe i reifreann no bheidh i láthair lena linn sin, coimeádfaidh rún agus cabhróidh chun rún do choimeád ar an vótáil a dhéanfaidh na vótálaithe sin agus ní thabhairfaidh, roimh chríochnú na vótaíochta, aon eolas do dhuine ar bith, ach amháin chun críche éigin a bheidh údaruithe le dlí, i dtaobh ainme aon phost-vótálaidhe ná i dtaobh uimhreach aon phost-vótálaidhe ar an rolla de thoghthóirí chun ar cuireadh no o n-a bhfuarthas aon pháipéar ballóide, ná i dtaobh an mhairc oifigiúil, agus ní dhéanfaidh aon oifigeach, cléireach ná duine den tsórt san, ná duine ar bith eile, cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon phost-vótálaidhe i reifreann d'fháil no do mharcáil no d'ath-chasadh a pháipéir bhallóide, ná iarracht do thabhairt ar eolas d'fháil i dtaobh an chuma inar vótáil aon vótálaidhe den tsórt san ná ní thabharfaidh do dhuine ar bith aon uair aon eolas do gheobhfaidh, maidir le páipéirí ballóide do chur amach chun post-vótálaithe i reifreann no d'fháil uatha, i dtaobh an chuma inar vótáil aon vótálaidhe den tsórt san, ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon vótálaidhe den tsórt san.
(4) Ní dhéanfaidh duine ar bith go díreach ná go nea-dhíreach aon vótálaidhe do thabhairt chun a pháipéar ballóide do thaisbeáint, tar éis a mharcála dhó, i dtreo go nochtfaí don duine sin no d'éinne eile an chuma inar mharcáil an vótálaidhe sin a vóta.
(5) Gach duine dhéanfaidh éinní, tré ghníomh no tré fhaillí. contrárdha d'aon cheann d'fhorálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.
Imeachta i gcás círéibe le linn na vótaíochta.
23.—(1) Má déantar agus aon uair a déanfar, i reifreann, an vótaíocht in aon áit vótaíochta do chosc ar fad no do bhac, no cur isteach uirthi, le círéib no le fóirneart oscailte, no daoine do chosc le círéib no le fóirneart oscailte ar dhul go háit vótaíochta, déanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil sa dáilcheanntar ina mbeidh an áit vótaíochta san an vótaíocht san áit vótaíochta san do chur ar athló go dtí an chéad lá eile nach Domhnach, Aoine Chéasta, Lá Nodlag, ná lá saoire bainc agus, más gá é, cuirfidh an vótaíocht san ar athló arís go dtí go mbeidh deireadh leis an gcíréib no leis an bhfóirneart oscailte sin.
(2) Aon uair a cuirfear an vótaíocht in áit no in áiteanna vótaíochta i ndáilcheanntar i reifreann ar athló fén alt so ní dhéanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil sa dáilcheanntar san aon bhosca ballóide dar húsáideadh in aon áit vótaíochta sa dáilcheanntar san d'oscailt go dtí go mbeidh an vótaíocht i ngach áit den tsórt san críochnuithe.
Boscaí ballóide no páipéirí ballóide do dhíthiú, etc.
24.—Más rud é, le linn na vótaíochta i reifreann, go dtógfar aon bhoscaí ballóide no páipéirí ballóide as coimeád an chinn chóimrimh áitiúil no oifigigh cheannais no go mbainfear leo go mí-chóir in aon tslí no go ndítheofar iad de thionóisc no d'aon ghnó no (i gcás páipéirí ballóide) go stracfar no go n-agha-loitfear iad go mailíseach, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) an vótaíocht i ngach áit vótaíochta inar húsáideadh aon bhosca ballóide no páipéar ballóide aca san beidh sí gan. bhrí;
(b) déanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil don dáilcheanntar inar húsáideadh na boscaí ballóide no na páipéirí ballóide sin a chur in úil láithreach don Aire an vótaíocht san do dhul gan bhrí amhlaidh;
(c) ar fháil an eolais dó déanfaidh an tAire láithreach gach ní agus bhéarfaidh gach ordú a mheasfaidh is ceart chun vótaíocht nua do dhéanamh i ngach áit vótaíochta den tsórt san;
(d) déanfar vótaíocht nua i ngach áit vótaíochta den tsórt san do réir na n-orduithe bhéarfaidh an tAire uaidh;
(e) bainfidh an tAcht so leis an vótaíocht nua san fé mar a bhaineann leis an mbun-vótaíocht.
Scoileanna agus foirgintí eile d'úsáid.
25.—(1) Chun an vótaíocht do dhéanamh i reifreann, féadfaidh ceann cóimhrimh áitiúil aon tseomra i scoil do gheibheann deontas as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, agus aon tseomra a mbíonn costas a chothabhála iníoctha as aon ráta áitiúil, d'úsáid gan íoc as agus, mara mbeidh aon tseomra den tsórt san ar fáil, féadfaidh foirgint no seomra do thógaint ar cíos.
(2) Aon uair úsáidfidh ceann cóimhrimh áitiúil seomra fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so gan íoc as, féadfaidh aon chostais d'íoc féna raghaidh an duine, a mbeidh an seomra san ar a urláimh, de dhruim é d'úsáid amhlaidh agus íocfaidh as aon damáiste déanfar don tseomra san agus é á úsáid amhlaidh.
(3) Má dhéanann ceann cóimhrimh áitiúil seomra i bhfoirgint neashealbhuithe d'úsáid no do thógaint ar cíos fén alt so ní thiocfaidh de sin go ndlighfidh éinne é do rátú ná aon ráta d'íoc alos na foirginte sin.
(4) Duine bheidh i bhfeighil scoile bheidh buailte no in aice le heaglais no le coinbhint no le haon bhunachán eile creidimh no ina cuid d'aon cheann aca, féadfaidh, fé cheann ceithre huaire fichead a' chluig tar éis fógra d'fháil ón gceann cóimhrimh áitiúil á rá go bhfuil sé ar intinn an scoil sin no aon chuid di d'úsáid fén alt so, agóid a dhéanamh i gcoinnibh na húsáide sin tré ráiteas i scríbhinn ar an agóid sin do chur chun an chinn chóimhrimh sin, agus, air sin, ní dleathach don cheann chóimhrimh sin an scoil sin ná aon chuid di d'úsáid amhlaidh mara dtugaidh ná go dtí go dtabharfaidh an tAire breith in aghaidh na hagóide sin ar iarratas an chinn chóimhrimh sin.
Boscaí ballóide, etc., rialtais áitiúil d'úsáid.
26.—I gcás iomlán aon togh-líomatáiste rialtais áitiúil no aon chuid de do bheith in aon dáilcheanntar áirithe féadfar aon bhoscaí ballóide, aon fheistisí do stáisiúin vótaíochta agus aon eadranna, bheidh curtha ar fáil do thoghcháin rialtais áitiúil sa togh-líomatáiste sin, d'úsáid le haghaidh na vótaíochta i reifreann sa dáilcheanntar san, agus beidh de dhualgas ar an gceann cóimhrimh áitiúil in aon vótaíocht den tsórt san sa dáilcheanntar san na boscaí ballóide, na feistisí agus na headranna réamhráite d'úsáid sa mhéid gur féidir é, agus féachfaidh an chúirt d'fhorálacha an ailt seo le linn a chuntaisí do mheas, agus íocfar mar chuid de chostais an chinn chóimhrimh áitiúil sin aon damáiste seachas caitheamh réasúnta a déanfar d'aon bhoscaí ballóide, feistisí agus eadranna den tsórt san leis an úsáid sin in aon vótaíocht den tsórt san.
Toirmeasc ar vóta do nochtadh.
27.—Ní déanfar in aon imeacht dlí a cheangal ar éinne do vótáil i reifreann a rá conus do vótáil sé sa reifreann san.
Forálacha speisialta i gcás olltoghchán agus reifreann bunreachta do chomóradh ar an aon lá vótaíochta amháin.
28.—Aon uair a bheidh an lá vótaíochta i reifreann bunreachta ina lá vótaíochta in olltoghchán freisin beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas (d'ainneoin éinní contrárdha dhó san atá san Acht so) i ngach dáilcheanntar ina dtógfar vótaíocht san olltoghchán san, sé sin le rá:—
(a) is san am chéanna, sna háiteanna céanna sa tslí chéanna agus ag na daoine céanna tógfar an votaíocht san reifreann san agus san olltoghchán san;
(b) úsáidfear an marc oifigiúil céanna i gcóir na bpáipéirí ballóide sa reifreann san a húsáidfear i gcóir na bpáipéirí ballóide san olltoghchán san;
(c) ní bheidh na páipéirí ballóide san olltoghchán san ar aon-dath leis na páipéirí ballóide sa reifreann san, agus chuige sin is tuigthe gur dath an bán;
(d) sínfear an páipéar ballóide i gcóir an reifrinn sin chun gach vótálaidhe no, i gcás vótálaithe ar liost na bpostvótálaithe, cuirfear chun gach vótálaidhe é an tráth céanna a déanfar an páipéar ballóide i gcóir an olltoghcháin sin do shíneadh no do chur chuige;
(e) féadfaidh an ceann cóimhrimh, más ceart san dar leis, boscaí ballóide ar leithligh do sholáthar le haghaidh na bpáipéirí ballóide i gcóir an reifrinn sin agus le haghaidh na bpáipéirí ballóide i gcóir an olltoghcháin sin;
(f) má déantar boscaí ballóide ar leithligh den tsórt san do sholáthar amhlaidh, ní bheidh páipéar ballóide i gcóir an reifrinn sin nea-mbailidhe de thoisc amháin é chur isteach i mbosca ballóide do soláthruíodh le haghaidh páipéirí ballóide i gcóir an olltoghcháin sin, agus ní bheidh páipéar ballóide i gcóir an olltoghcháin sin neambailidhe de thoisc amháin é chur isteach i mbosca ballóide do soláthruíodh le haghaidh páipéirí ballóide i gcóir an reifrinn sin;
(g) mara ndéantar boscaí ballóide ar leithligh den tsórt san do sholáthar amhlaidh, cuirfear na páipéirí ballóide i gcóir an reifrinn sin agus na páipéirí ballóide i gcóir an olltoghcháin sin isteach sna boscaí ballóide céanna.
Feidhm an Achta chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923.
29.—(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na páirteanna so leanas den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923), maidir le gach reifreann, sé sin le rá:—
(a) Cuid I, ach amháin alt 7;
(b) i gCuid II, ailt 9, 10, 13 agus 15;
(c) i gCuid III, ailt 25 agus 26;
(d) i gCuid VIII, ailt 44, 45, 46, 49, 52, 53 agus 56.
(2) Chun críche na feidhme bheidh ag na páirteanna san den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923), maidir le reifreann de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so—
(a) léireofar an focal “toghchán” agus beidh éifeacht aige, i ngach áit ina n-úsáidtear é gan choinníoll sna páirteanna san den Acht san, mar fhocal fholuíonn reifreann;
(b) léireofar an abairt “Dáil-toghchán” agus an abairt “Dáil-toghchán no Seanad-toghchán” agus beidh éifeacht aca i ngach áit ina bhfuilid fé seach sna páirteanna san den Acht san mar abairtí fholuíonn reifreann;
(c) ní tabharfar áird ar aon tagairt atá sna páirteanna san den Acht san d'iarrthóirí;
(d) ní tabharfar áird ar na focail “éinne áirithe do thogha chun fónamh san Oireachtas, no chun” i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht san, ná ar na focail “togha éinne áirithe chun fónamh san Oireachtas do chur in áirithe no” i bhfo-alt (3) den alt san;
(e) cuirfear i bhfo-alt (3) d'alt 10 den Acht san an cheist “Ar vótálais cheana sa reifreann so?” in ionad na ceiste luaidhtear sa bhfo-alt san;
(f) déanfar an abairt “gníomhaire pearsanála” do léiriú, in ailt 25 agus 26 den Acht san, mar abairt a chialluíonn gníomhaire pearsanála arna cheapadh fén Acht so;
(g) léireofar an abairt “ceann cóimhrimh” agus beidh éifeacht aici in alt 46 den Acht san mar abairt fholuíonn ceann cóimhrimh an reifrinn agus ceann cóimhrimh áitiúil;
(h) déanfar na focail “imeachta ar siúl i láthair cúirte toghcháin” do léiriú, in alt 52 den Acht san, mar fhocail a chialluíonn triail achuinge reifrinn i láthair na hArd-Chúirte, agus léireofar na focail “tuairisc na cúirte sin” mar fhocail a chialluíonn ordú deiridh na hArd-Chúirte ar an triail sin.
(3) Beidh i ngach liost de chleachtanna cuirpthe agus neadhleathacha a hullmhófar de bhun ailt 43 den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923), ainm agus tuairisc gach duine bheidh ciontuithe ag cúirt ar bith i gcleacht cuirpthe no nea-dhleathach do réir bhrí an Achta san i reifreann.
An deimhniú reifrinn sealadach.
30.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta i reifreann in aon dáilcheanntar áirithe, déanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil don dáilcheanntar san, do réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, na vótaí bheidh tugtha ina dháilcheanntar do chóimhreamh agus toradh an chóimhrimh sin do thuairisciú do cheann chóimhrimh an reifrinn.
(2) Nuair a bheidh an tuairisc faighte ag ceann cóimhrimh an reifrinn o gach ceann cóimhrimh áitiúil ar thoradh chóimhreamh na vótaí bheidh tugtha ina dháilcheanntar ag an vótaíocht i reifreann, déanfaidh ceann cóimhrimh an reifrinn deimhniú (dá ngairmtear an deimhniú reifrinn sealadach san Acht so), ina luadhfar sonnraí na vótaíochta sa reifreann san agus toradh an chéanna, d'ullmhú agus do shighniú agus d'fhoillsiú do réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(3) Aon uair a chuirfidh Máistir na hArd-Chúirte in úil i scríbhinn do cheann chóimhrimh an reifrinn maidir le deimhniú reifrinn sealadach ná dearnadh aon achuinge reifrinn i dtaobh an deimhnithe sin do thíolacadh laistigh den am a ceaptar leis an Acht so no go bhfuil gach achuinge reifrinn do tíolacadh i dtaobh an reifrinn sin tagtha chun bheith gan bhrí gan éifeacht, tiocfaidh an deimhniú reifrinn sealadach san (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) chun bheith agus beidh ina dheimhniú dheiridh agus ní bheidh sé ionchonspóidthe in aon chúirt agus beidh ina fhianaise dho-chlaoite ar an vótáil sa reifreann lena mbainfidh an deimhniú san agus ar thoradh an reifrinn sin.
Oifigigh do phionósú bheidh ciontach i mór-fhaillí.
31.—Aon cheann cóimhrimh áitiúil, oifigeach ceannais, cléireach no duine eile ar a mbeidh dualgais maidir le seoladh reifrinn in aon dáilcheanntar agus a dhéanfaidh aon mhí-ghníomhas toiliúil no mór-fhaillitheach no aon ghníomh no maineachtain mhórfhaillitheach contrárdha don Acht so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.
An tAire do thabhairt treoracha amach.
32.—(1) Féadfaidh an tAire, aon uair a mheasfaidh gur ceart san a dhéanamh, pé treoracha, i dtaobh stiúradh na vótaíochta (le na n-áirmhítear na boscaí ballóide d'oscailt agus na vótaí do chóimhreamh) i reifreann, do thabhairt amach do na cinn chóimhrimh áitiúla uile no d'éinne aca, is riachtanach no oiriúnach, dar leis, chun a áirithiú go raghaidh an reifreann san ar aghaidh go héascaidh agus go héifeachtúil agus chun a áirithiú gur aon nós imeachta amháin a bhainfidh leis sna dáilcheanntair uile.
(2) Beidh de dhualgas ar gach ceann cóimhrimh áitiúil gach treoir do bhéarfaidh an tAire dhó fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do choimeád agus do chólíonadh.
(3) Má thárlann aon deacracht do bhaint le reifreann do thógaint féadfaidh an tAire, le hordú, socrú do dhéanamh i dtaobh éinní, no aon rud do dhéanamh, ná beidh buiniscionn leis an Acht so, is dóich leis is gá chun an reifreann san do thógaint sa cheart.
(4) Ní ceanglófar ar aon cheann cóimhrimh áitiúil ná ní húdarófar dó, le treoir do bhéarfaidh an tAire dhó fén alt so ná le hordú dhéanfaidh fé, éinní do dhéanamh (tré ghníomh no tré fhaillí) a bheidh contrárdha don Acht so no do sháródh, go díreach no go nea-dhíreach, seicréideacht na ballóide.
CUID III.
Achuingeacha Reifrinn.
Mínithe sa Chuid seo den Acht so.
33.—Sa Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an abairt “cleacht cuirpthe” cionta is cleacht cuirpthe do réir bhrí an Achta chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923),
cialluíonn an abairt “tíolacadh go cuibhe” maidir le hachuinge reifrinn gur tíolacadh an achuinge sin do réir na Coda so den Acht so agus nár tháinig sí chun bheith gan bhrí gan éifeacht tar éis í thíolacadh amhlaidh no, d'eile, gur thíolaic an tÁrd-Aighne í le cead na cúirte fén bhforáil chuige sin atá sa Chuid seo den Acht so.
Achuingeacha reifrinn.
34.—(1) Féadfaidh duine ar bith dá n-údaruítear san leis an alt so achuinge (dá ngairmtear achuinge reifrinn san Acht so), ag conspóid bailíocht deimhnithe reifrinn shealadaigh, do thíolacadh don Ard-Chuirt do réir na Coda so den Acht so.
(2) Féadfaidh achuinge reifrinn deimhniú reifrinn sealadach do chonspóid—
(a) maidir leis na sonnraí bheidh sa deimhniú san i dtaobh na vótála in aon dáilcheanntar áirithe, ar an scór gur thárla cleachtanna cuirpthe go fairsing le linn no i dtaobh an reifreann do thógaint sa dáilcheanntar san no ar scór earráide no mí-iompair (pé aca tré ghníomh no tré fhaillí é) ar thaobh an chinn chóimhrimh áitiúil don dáilcheanntar san, no
(b) maidir leis na sonnraí bheidh sa deimhniú san i dtaobh na vótála go léir sa reifreann iomlán no i dtaobh toradh an reifrinn mar a bheidh luaidhte sa deimhniú san, ar scór earráide ar thaobh chinn chóimhrimh an reifrinn no, i gcás gnáth-reifrinn, ar scór earráide maidir leis an líon de thoghthóirí Dála sa rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
(3) Féadfaidh éinne aca so leanas achuinge reifrinn do thíolacadh, sé sin le rá:—
(a) i gcás achuinge i dtaobh na vótála in aon dáilcheanntar amháin, duine ar bith do vótáil sa dáilcheanntar san sa reifreann no adeir go raibh sé i dteideal vótáil sa dáilcheanntar san sa reifreann ach gur diúltuíodh go nea-dhleathach páipéar ballóide do thabhairt dó no gur coisceadh é go nea-dhleathach in aon tslí eile ar vótáil amhlaidh;
(b) i gcás achuinge i dtaobh na vótála go léir sa reifreann iomlán no i dtaobh toradh an reifrinn, duine ar bith do vótáil sa reifreann;
(c) i gcás an bith, an tArd-Aighne.
(4) Ní bheidh deimhniú reifrinn sealadach ionchonspóidthe in aon tslí i gcúirt ar bith ach amháin tré achuinge reifrinn arna tíolacadh don Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so.
An freagraidhe in achuinge reifrinn.
35.—(1) I gcás duine seachas an tArd-Aighne do thíolacadh achuinge reifrinn, isé an tArd-Aighne a hainmneofar inti mar fhreagraidhe dhi.
(2) I gcás an tArd-Aighne do thíolacadh achuinge reifrinn, ní hainmneofar éinne inti mar fhreagraidhe dhi ach féadfaidh an Ard-Chúirt, má mheasann san do bheith ceart, comhairleach no comhairligh do cheapadh chun an cás i gcoinnibh na hachuinge do phlé.
(3) Má thárlann, in achuinge reifrinn no in aon tsonnraí bheidh comhaduithe ina taobh no le linn achuinge reifrinn d'éisteacht, go ndéarfar aon duine áirithe do bheith ciontach i gcleacht cuirpthe maidir leis an reifreann no má déantar cóip d'achuinge reifrinn do sheirbheáil ar dhuine áirithe le hordú ón Ard-Chúirt, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas an duine sin, é ainmniú mar fhreagraidhe no mar fhreagraidhe bhreise don achuinge sin.
(4) Má thárlann, le linn achuinge reifrinn do thriail a bheidh tíolactha ag an Ard-Aighne, go n-eireoidh ceist dlí i dtaobh éinní do rinne no ná dearna ceann cóimhrimh an reifrinn no ceann cóimhrimh áitiúil, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas an Ard-Aighne, ceann cóimhrimh an reifrinn no an ceann cóimhrimh áitiúil sin (do réir mar a bheidh) d'ainmniú mar fhreagraidhe don achuinge sin chun an cheist dlí sin do phlé ach ní chun críche ar bith eile.
(5) I gcás ceann cóimhrimh an reifrinn no ceann cóimhrimh áitiúil d'ainmniú mar fhreagraidhe d'achuinge reifrinn fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, íocfaidh an tAire Airgeadais, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, na costais agus na caiteachais féna raghaidh an ceann cóimhrimh sin chun no i dtaobh teacht i láthair agus an cheist dlí do phlé.
(6) Na tagairtí atá san alt so do cheist dlí do phlé léireofar iad agus beidh éifeacht aca mar thagairtí fholuíonn tagairtí don cheist sin do phlé os cóir na Cúirte Uachtaraighe ar chás ríomhtha (más ann) uirthi chó maith leis an gceist sin do phlé os cóir na hArd-Chúirte.
Forálacha generálta i dtaobh achuingeacha reifrinn.
36.—Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh gach achuinge reifrinn, sé sin le rá:—
(a) tíolacfar an achuinge tréna lóisteáil i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte, agus tíolacfar amhlaidh í tráth nach déanaighe ná lá is fiche tar éis an deimhniú reifrinn sealadach lena mbainfidh an achuinge sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil;
(b) lasmuich de chás inarb é an tArd-Aighne an t-achuingeoir, déanfar cóip den achuinge do sheirbheáil ar an Ard-Aighne fé cheann cúig lá tar éis an lae tíolacfar í, agus déanfar dearbhóid ag deimhniú na seirbheála san do chomhadú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte fé cheann an chúig lá san;
(c) lasmuich de chás inarb é an tArd-Aighne an t-achuingeoir, déanfaidh an t-achuingeoir, fé cheann cúig lá tar éis an achuinge do thíolacadh, urrús do thabhairt i gcostais an Ard-Aighne suas go dtí míle punt—
(i) tré shuim míle punt do lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, no
(ii) tré dhul i mbannaí, go dtrí urra lena mbeidh Máistir na hArd-Chúirte sásta, á fhoráil go n-íocfar costais an Ard-Aighne suas go dtí pé suim (más aon tsuim é) nach mó ná míle punt a ordóidh an Ard-Chúirt;
(d) má thárlann, i gcás lena mbainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so i dtaobh cóip den achuinge do thíolacadh agus dearbhóid seirbheála do chomhadú agus urrús do thabhairt i gcostais, ná déanfar do réir na bhforálacha san uile, tiocfaidh an achuinge chun bheith agus beidh gan bhrí gan éifeacht ar bheith caithte don tréimhse ceaptar leis an alt so chun déanamh do réir na bhforálacha san;
(e) leagfar amach go réasúnta mion san achuinge na forais is bun léi agus iarrfar inti go ndéanfadh an Ard-Chúirt an deimhniú reifrinn sealadach lena mbainfe sí d'athbhreithniú;
(f) déanfaidh an t-achuingeoir no a chomhairleach an achuinge do shighniú;
(g) másé is foras no is ceann d'fhorais na hachuinge ná gur thárla cleachtanna cuirpthe go fairsing i dtaobh an reifrinn do thógaint i ndáilcheanntar áirithe, ní gá na cleachtanna cuirpthe sin do luadh ach go generálta san achuinge ach, lasmuich de chás inarb é an tArd-Aighne an t-achuingeoir, déanfaidh an t-achuingeoir ráiteas iomlán mion-chruinn ina mbeidh sonnraí na gcleachtanna cuirpthe sin do lóisteáil i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte agus déanfaidh cóip de do sheirbheáil ar an Ard-Aighne fé cheann ceithre lá déag tar éis dáta an achuinge do thíolacadh;
(h) i gcás ráiteas ag luadh sonnraí cleachtanna cuirpthe do lóisteáil de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den alt so, féadfaidh an Ard-Chúirt tráth ar bith, ar iarratas an Ard-Aighne, a cheangal ar an achuingeoir sonnraí breise agus feabhsa do thabhairt i dtaobh na gcleachtanna cuirpthe sin;
(i) má thárlann, ar bheith caithte do lá agus fiche tar éis deimhniú reifrinn sealadach d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, ná beidh aon achuinge reifrinn tíolactha i dtaobh an deimhnithe sin, déanfaidh Máistir na hArd-Chúirte, díreach ar an lá agus fiche sin do bheith caithte, an méid sin do chur in úil i scríbhinn do cheann chóimhrimh an reifrinn;
(j) i gcás an tArd-Aighne do thíolacadh achuinge reifrinn fé cheann na haimsire ceaptar leis an alt so, déanfaidh Máistir na hArd-Chúirte an méid sin do chur in úil láithreach i scríbhinn do cheann chóimhrimh an reifrinn;
(k) i gcás duine seachas an tArd-Aighne do thíolacadh achuinge reifrinn fé cheann na haimsire ceaptar leis an alt so, déanfaidh Máistir na hArd-Chúirte an méid sin do chur in úil láithreach i scríbhinn do cheann chóimhrimh an reifrinn agus déanfaidh freisin, tar éis bheith caithte ach ní níos mó ná seacht lá tar éis bheith caithte, do lá agus fiche tar éis an deimhniú reifrinn sealadach iomchuibhe d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, a chur in úil i scríbhinn do cheann chóimhrimh an reifrinn (do réir mar a bheidh an scéal)—
(i) gur cólíonadh go cuibhe, maidir leis an achuinge sin, na forálacha den alt so bhaineann le dearbhóid do chomhadú i dtaobh cóip den achuinge do sheirbheáil ar an Ard-Aighne agus le hurrús do thabhairt i gcostas, no
(ii) nár cólíonadh na forálacha san maidir leis an achuinge sin agus, dá bhrí sin, go bhfuil an achuinge sin gan bhrí gan éifeacht;
(l) mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar rialacha cúirte i dtaobh achuingeacha reifrinn, beidh ag na rialacha cúirte, bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh lán-ghairmeacha agus triail aicsean san Ard-Chúirt, feidhm agus éifeacht, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, maidir le hachuingeacha reifrinn agus lena dtriail ach na hathruithe riachtanacha do dhéanamh ar na rialacha san;
(m) nuair a bheidh aon tréimhse aimsire luaidhtear san alt so agus nach sia ná deich lá á háireamh, fágfar ar lár Domhantaí, laethe saoire bainc, Lá Nodlag, agus Aoine an Chéasta.
Fógra do thabhairt do dhaoine lena mbaineann an cúrsa.
37.—(1) Má chítear don Ard-Chúirt, tráth ar bith roimh achuinge reifrinn do thriail no le linn í thriail, an achuinge sin do bhaint le duine áirithe no do dhéanamh deifre dhó i slí go mba cheart fógra do thabhairt dó ina taobh, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas an Ard-Aighne no uaithi féin, a ordú go ndéanfadh an tArd-Aighne cóip den achuinge sin, maraon leis an bhfógra a luaidhtear sa chéad fho-alt eile den alt so, do sheirbheáil ar an duine sin.
(2) Déarfaidh an fógra seirbheálfar ar dhuine de bhun orduithe ón Ard-Chúirt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so go bhfeictear don Ard-Chúirt an achuinge reifrinn, a seirbheálfar cóip di í dteanta an fhógra san, do bhaint leis an duine sin no do dhéanamh deifre dhó i slí go mba cheart fógra do thabhairt dó i dtaobh na hachuinge sin, agus déarfaidh an fógra san freisin an duine sin do bheith i dteideal fén gCuid seo den Acht so a iarraidh ar an Ard-Chúirt, más mian leis é, é féin d'ainmniú mar fhreagraidhe no mar fhreagraidhe bhreise don achuinge sin.
Achuinge reifrinn do thriail.
38.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hachuinge reifrinn do thriail, sé sin le rá:—
(a) isí an Ard-Chúirt a thriailfidh gach achuinge reifrinn agus is os cóir triúr breithiún den chúirt sin a déanfar gach triail den tsórt san;
(b) is i gCathair Bhaile Atha Cliath a déanfar an triail, ach is dleathach don chúirt an triail no aon chuid di d'aistriú go dtí áit ar bith eile aon uair a chífear don chúirt é bheith oiriúnach an t-aistriú san do dhéanaml mar gheall ar an líon d'fhínnithe áitiúla no ar chúis ar bith eile;
(c) má haistrítear an triail no aon chuid di go dtí áit lasmuich de Chathair Bhaile Atha Cliath, beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 41, 42, 43 agus 44 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936), fé is dá mb'í an Ard-Chúirt ar Cuaird an chúirt agus go mba bhaile athchomhairc an áit sin (maran baile athchomhairc é);
(d) lasmuich de chás ina n-ordóidh an chúirt a mhalairt, is viva voce do bhéarfar an fhianaise ag an triail;
(e) beidh an t-achuingeoir agus an freagraidhe (más ann) i dteideal, gach duine ar leith aca, fianaise do thabhairt ar áird agus, i gcás dhá fhreagraidhe no níos mó do bheith ann, beidh gach duine ar leith aca i dteideal éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt ar áird ar leithligh;
(f) i gcás dhá achuinge reifrinn no níos mó do thíolacadh i dtaobh an aon deimhnithe reifrinn shealadaigh amháin, déanfaidh an triúr breithiún céanna, sa mhéid gur féidir é, na hachuingeacha san uile d'éisteacht agus do chinneadh, agus féadfar, más rogha leis an gcúirt é, na hachuingeacha san uile no aon dá cheann no níos mó dhíobh do thriail in éineacht no do chó-dhlúthú;
(g) beidh ceann cóimhrimh an reifrinn i láthair ag an triail agus bhéarfaidh i láthair agus seachadfaidh don chúirt an deimhniú reifrinn sealadach agus déanfaidh go generálta aon chabhair iarrfaidh an chúirt air do thabhairt don chúirt, ach beidh san gan dochar d'é bheith de cheart ag aon pháirtidhe san achuinge é ghairm mar fhínné;
(h) ní hiarrfar ná ní ceanglófar ar dhuine ar bith a rá conus a vótáil sé sa reifreann;
(i) is mar a chinnfidh an chúirt a híocfar costais na bpáirtithe uile san achuinge, agus beidh comhacht ag an gcúirt chun a ordú go n-íocfaidh aon pháirtidhe áirithe san achuinge costais no aon chuid de chostais aon pháirtidhe eile den tsórt san, agus, i gcás ina n-ordófar amhlaidh go n-íocfaidh an t-achuingeoir costais no aon chuid de chostais an Ard-Aighne, déanfaidh an chúirt socrú chun go ndéanfar, i gcás inar gá é, na costais sin d'íoc amach as an urrús i gcostais a bheidh tugtha ag an achuingeoir no tríd an urrús san.
(2) An chúirt a bheidh ag triail achuinge reifrinn, beidh sí i dteideal, tráth ar bith le linn na trialach san, a ordú go dtabharfaí duine áirithe os cóir na cúirte agus go dtabharfadh sé fianaise ag an triail sin, agus aon uair ordóidh an chúirt amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) beidh de chomhacht ag an gcúirt a chur d'fhiachaibh ar an duine lena mbainfifih an t-ordú san teacht i láthair, agus déanfaidh an tArd-Aighne gach ní ordóidh an chúirt chun an duine sin do thabhairt os cóir na cúirte;
(b) na costais agus na caiteachais a bhainfidh leis an duine sin do thabhairt os cóir na cúirte (agus aon airgead is iníoctha leis mar chostais fhínné d'áireamh) íocfaidh an tArd-Aighne iad ar an gcéad ásc ach beid ina gcuid de chostais an Ard-Aighne agus muirearófar iad sa deireadh dá réir sin;
(c) féadfar a chur d'fhiachaibh ar an duine sin fianaise do thabhairt agus ceistneoidh an chúirt é agus féadfaidh aon pháirtidhe san achuinge reifrinn é chroscheistniú;
(d) ní bheidh an duine sin i dteideal diúltú d'aon cheist áirithe do fhreagairt ar an scór go gcoireodh an freagra san maidir le coir no cionta ar bith é.
Ceann cóimhrimh an reifrinn do thabhairt scríbhinní ar áird.
39.—(1) Nuair a bheidh achuinge reifrinn á triail beidh an chúirt i dteideal a cheangal ar cheann chóimhrimh an reifrinn gach ceann no aon cheann de na scríbhínní bheidh ar seilbh aige i dtaobh an reifrinn, ar a n-áirmhítear tuarascbhála agus pacáidí agus scríbhinní bheidh curtha chuige ag cinn chóimhrimh áitiúla, do thabhairt ar áird agus do sheachadadh don chúirt.
(2) Na scríbhinní uile seachadfar don chúirt fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so coimeádfaidh an chúirt iad go dtí go mbeidh an deimhniú reifrinn sealadach iomchuibhe ina dheimhniú dheiridh agus bhéarfar thar n-ais do cheann chóimhrimh an reifrinn ansan iad.
(3) Faid a bheidh aon scríbhinní á gcoimeád ag an gcúirt fén alt so, is dleathach don chúirt a údarú d'aon duine no daoine áirithe gach ceann no aon cheann de na scríbhinní sin d'iniúchadh agus, i gcás inar gá san, pacáidí séaluithe d'oscailt, agus is dleathach don chúirt pé coinníollacha agus srianta a mheasfaidh is ceart d'fhorchur maidir le haon iniúchadh den tsórt san.
Reifreann d'ath-thógaint i ndáilcheanntar.
40.—(1) Nuair a bheidh achuinge reifrinn á triail ina mbeidh bailíocht deimhnithe reifrinn shealadaigh i dtaobh na vótála i ndáilcheanntar áirithe á conspóid, is dleathach don Ard-Chúirt a ordú go dtógfaí an reifreann ath-uair sa dáilcheanntar san, agus nuair ordóidh an Ard-Chúirt amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas sé sin le rá:—
(a) ceapfaidh an chúirt, san ordú san, an lá a bheidh ina lá vótaíochta chun an reifreann d'ath-thógaint amhlaidh;
(b) ath-thógfar an reifreann sa dáilcheanntar san, agus na forálacha den Acht so bhaineann le reifreann do thógaint (ar a n-áirmhítear na forálacha bhaineann le ceann cóimhrimh an reifrinn d'íoc as a sheirbhísí agus a chostaisí agus le héilithe agus costais ceann cóimhrimh áitiúil) bainfid leis an ath-thógaint sin ach an lá vótaíochta bheidh ceaptha leis an ordú san ón gcúirt do chur in ionad lae vótaíochta bheidh ceaptha ag an Aire;
(c) nuair a gheobhaidh ceann cóimhrimh an reifrinn tuarascbháil an chinn chóimhrimh áitiúil i dtaobh toradh chóimhreamh na vótaí ag an ath-thógaint sin, tuairisceoidh sé an toradh san don Ard-Chúirt láithreach.
(2) Ní ordóidh an Ard-Chúirt reifreann do thógaint ath-uair i ndáilcheanntar ar bith de bhíthin amháin nár cólíonadh na Rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so no go ndearnadh botún in úsáid na bhfuirmeacha a horduítear leis an Acht so no fé má chítear don chúirt gur seoladh an reifreann san sa dáilcheanntar san do réir na bprínsiobal generálta atá leagtha amach san Acht agus ná dearna an nea-chólíonadh no an botún san deifir do thoradh an reifrinn sa dáilcheanntar san.
An t-ordú deiridh ar achuinge reifrinn.
41.—(1) I gcás gan ach aon achuinge reifrinn amháin do thíolacadh go cuibhe i dtaobh deimhnithe reifrinn shealadaigh, déanfar le hordú deiridh na cúirte ar thriail na hachuinge reifrinn sin—
(a) an deimhniú reifrinn sealadach san dob' abhar don achuinge do dhaingniú gan athrú, no
(b) a ordú go leasófar an deimhniú san do réir breith na cúirte (agus toradh aon ath-thógainte déanfar ar an reifreann d'áireamh) agus an deimhniú san arna leasú amhlaidh do dhaingniú.
(2) I gcás dhá achuinge reifrinn no níos mó do thíolacadh go cuibhe i dtaobh an aon deimhnithe reifrinn shealadaigh amháin, ansan agus sa chás san, pé aca triailfear na hachuingeacha san ar leithligh no triailfear in éineacht iad no có-dhlúthófar iad, déanfaidh an chúirt aon ordú deiridh có-dhlúite amháin ar na hachuingeacha san i ndeireadh a dtrialach agus déanfar leis an ordú deiridh có-dhlúite sin—
(a) an deimhniú reifrinn sealadach san dob' abhar do na hachuingeacha san do dhaingniú gan athrú, no
(b) a ordú go leasófar an deimhniú san do réir breitheanna uile agus fé seach na cúirte ar na hachuingeacha san fé seach (agus toradh aon ath-thógainte déanfar ar an reifreann d'áireamh) agus an deimhniú san arna leasú amhlaidh do dhaingniú.
(3) Má dhaingníonn an chúirt deimhniú reifrinn sealadach gan athrú, cuirfidh an chúirt fé ndear go ndéanfaidh clárathóir don Ard-Chúirt ráiteas do chúlscríobhadh ar an deimhniú san á rá an daingniú san do bheith déanta agus cuirfidh fé ndear an deimhniú san agus an chúlscríbhinn sin air do chur thar n-ais láithreach go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn.
(4) Má orduíonn an chúirt deimhniú reifrinn sealadach do leasú agus go ndaingneoidh an deimhniú san arna leasú amhlaidh cuirfidh an chúirt fé ndear an deimhniú san do leasú do réir an orduithe sin, agus cuirfidh fé ndear freisin go ndéanfaidh clárathóir don Ard-Chúirt ráiteas do chúlscríobhadh ar an deimhniú san á rá go ndearnadh an leasú san le hordú ón gcúirt agus gur dhaingnigh an chúirt an deimhniú san arna leasú amhlaidh agus cuirfidh fé ndear an deimhniú san arna leasú amhlaidh agus an chúlscríbhinn sin air do chur thar n-ais láithreach go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn.
(5) Nuair a gheobhaidh ceann cóimhrimh an reifrinn deimhniú reifrinn sealadach ón Ard-Chúirt agus cúlscríbhinn curtha air go cuibhe do réir an ailt seo tiocfaidh an deimhniú san láithreach chun bheith agus beidh sa bhfuirm inar dhaingnigh an chúirt é ina dheimhniú dheiridh nach féidir a chonspóid a thuilleadh i gcúirt ar bith agus beidh sé, sa bhfuirm sin, ina fhianaise dhochlaoite ar an vótáil sa reifreann lena mbainfidh agus ar thoradh an reifrinn sin.
Forálacha i dtaobh reifreann ag á mbeidh an t-aon lá vótaíochta amháin.
42.—I gcás an t-aon lá amháin do bheith ina lá vótaíochta le haghaidh dhá reifreann no níos mó agus achuinge reifrinn no dhá achuinge reifrinn no níos mó, ag conspóid an deimhnithe reifrinn shealadaigh i dtaobh ceann amháin—ach ní níos mó—de na reifrinn sin, do thíolacadh go cuibhe, no achuingeacha reifrinn, ag conspóid roinnt—ach ní gach ceann—de na deimhnithe reifrinn sealadacha fé seach i dtaobh na reifreann san, do thíolacadh go cuibhe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas d'ainneoin éinní buiniscionn leis sin atá san Acht so, sé sin le rá:—
(a) ní thiocfaidh deimhniú reifrinn sealadach i dtaobh aon reifrinn aca san chun bheith ina dheimhniú dheiridh de bhíthin gan aon achuinge reifrinn ag conspóid an deimhnithe sin do thíolacadh go cuibhe;
(b) is dleathach don Ard-Aighne, le cead ón Ard-Chúirt, achuinge reifrinn do thíolacadh tráth ar bith ag con spóid aon deimhnithe reifrinn shealadaigh bhainfidh le haon reifreann aca san agus ná beidh daingnithe ag an Ard-Chúirt agus nach abhar d'achuinge reifrinn arna tíolacadh go cuibhe;
(c) sa mhéid gur féidir é, déanfaidh an triúr breithiún céanna na hachuingeacha reifrinn uile (arna dtíolacadh go cuibhe) ag conspóid aon deimhnithe de na deimhnithe reifrinn sealadacha i dtaobh aon reifrinn aca san d'éisteacht agus do chinneadh, agus féadfar, más rogha leis an gcúirt é, na hachuingeacha san uile no aon dá cheann no níos mó dhíobh do thriail in éineacht no do chó-dhlúthú;
(d) déanfar orduithe deiridh na cúirte ar thrialacha uile na n-achuingeacha reifrinn sin an t-aon lá amháin;
(e) nuair a bheidh na horduithe deiridh sin déanta, is tuigthe gach deimhniú reifrinn sealadach, a bhainfidh le haon reifrinn aca san ná beifear tar éis aon achuinge reifrinn do thíolacadh go cuibhe ina thaobh, do bheith daingnithe ag an gcúirt, agus cuirfidh an chúirt fé ndear go gcúlscríobhfaidh clárathóir don Ard-Chúirt ráiteas ar gach deimhniú den tsórt san á rá gur tuigthe an deimhniú san do bheith daingnithe ag an Ard-Chúirt, agus cuirfidh an chúirt fé ndear an deimhniú san agus an chúlscríbhinn sin air do chur thar n-ais láithreach go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn;
(f) déanfaidh ceann cóimhrimh an reifrinn gach deimhniú reifrinn sealadach is tuigthe fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so do bheith daingnithe ag an gcúirt do sheachadadh don Ard-Chúirt chun cúlscríobhadh do dhéanamh air fén mír sin, agus nuair a bheidh cúlscríobhadh déanta amhlaidh ar gach deimhniú den tsórt san agus a gheobhaidh ceann cóimhrimh an reifrinn ón Ard-Chúirt é tiocfa sé láithreach chun bheith agus beidh ina dheimhniú dheiridh nach féidir a chonspóid i gcúirt ar bith agus beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar an vótáil sa reifreann lena mbainfidh agus ar thoradh an reifrinn sin.
Achuingeoir d'éag no do dhéanamh moille.
43.—Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach achuinge reifrinn a thíolacfaidh duine seachas an tArd-Aighne, sé sin le rá:—
(a) i gcás dhá achuingeoir no níos mó do bheith ann agus duine no níos mó aca ach gan iad uile d'éag tráth ar bith sara ndéanfaidh an chúirt an t-ordú deiridh ar thriail na hachuinge, beidh an t-achuingeoir marth anach no na hachuingeoirí marthanacha i dteideal an achuinge do choimeád ar siúl ach go ndéanfar pé iarratais no orduithe is gá do réir na rialacha cúirte;
(b) i gcás an t-aon achuingeoir amháin, no an t-achuingeoir marthanach deiridh, d'éag tráth ar bith sara ndéanfaidh an chúirt an t-ordú deiridh ar thriail na hachuinge, déanfaidh an Ard-Chúirt ar iarratas an Ard-Aighne, seoladh na hachuinge sin d'aistriú chun an Ard-Aighne agus, air sin, déanfar na himeachta uile ina dhiaidh sin ar an achuinge sin do sheoladh fé is dá mb' achuinge arna tíolacadh ag an Ard-Aighne í;
(c) i gcás gan an t-achuingeoir do dhul ar aghaidh go réasúnta mear leis na himeachta ar an achuinge, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas an Ard-Aighne, ordú deiridh do dhéanamh láithreach ag daingniú an deimhnithe reifrinn shealadaigh dob abhar don achuinge gan athrú no, d'eile, seoladh na hachuinge d'aistriú chun an Ard-Aighne agus a údarú dhó-san dul ar aghaidh leis an achuinge fé is dá mb' é féin a thíolacfadh í;
(d) ní oibreoidh éinní atá san alt so chun a chosc ar an Ard-Chúirt a ordú go n-íocfaí costais no cuid de chostais an Ard-Aighne as no tríd an urrús i gcostais a bheidh tugtha ag achuingeoir éagtha no ag achuingeoir d'fhailligh dul ar aghaidh go réasúnta mear.
Athchomharc i bhfuirm cáis ríomhtha chun na Cúirte Uachtaraighe.
44.—(1) Tráth ar bith le linn achuinge reifrinn do bheith á triail, féadfaidh an Ard-Chúirt, má mheasann san do bheith ceart as a comhairle féin no ar iarratas aon pháirtidhe san achuinge sin, cás do ríomhadh d'iarraidh tuairim na Cúirte Uachtaraighe ar aon cheist dlí eireoidh ag an triail sin.
(2) I gcás an Ard-Chúirt do ríomhadh cáis d'iarraidh tuairim na Cúirte Uachtaraighe fén alt so, ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt aon ordú deiridh i dtaobh na hachuinge reifrinn a mbeidh an cás san á ríomhadh ina taobh go dtí go mbeidh a breith tugtha ag an gCúirt Uachtarach ar an gceist a cuirfear féna bráid leis an gcás san, agus féadfaidh an Ard-Chúirt triail no aon chuid de thriail na hachuinge reifrinn sin do chur ar ath-ló go dtí go mbeidh an bhreith sin tugtha.
(3) Na costais féna raghaidh na páirtithe uile i gcúrsa no i dtaobh cáis a ríomhfar le haghaidh na Cúirte Uachtaraighe fén alt so beid, chun gach críche, ina gcuid de chostais na bpáirtithe sin fé seach i gcúrsa no i dtaobh na hachuinge reifrinn ar ina taobh a déanfar an cás san do ríomhadh.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Rialacha chun an Votaiocht do Dheanamh i Reifreann.
Cuid I.
Feidhmeanna na gCeann Cóimhrimh Áitiúla.
1.—(1) Is dleathach d'aon cheann cóimhrimh áitiúil, le toiliú an Aire, leas-cheann cóimhrimh áitiúil do cheapadh chun dualgais uile an chinn chóimhrimh áitiúil sin no aon chuid áirithe dhíobh do chólíonadh agus, dá réir sin, foluíonn an abairt “ceann cóimhrimh áitiúil” sa Sceideal so, maidir le haon dualgais dá gceapfar leas-cheann cóimhrimh áitiúil amhlaidh, an leas-cheann cóimhrimh áitiúil a bheidh ceaptha amhlaidh.
(2) Na forálacha d'alt 4 den Acht Toghacháin (Dáilcheanntair d'Athchóiriú), 1935 (Uimh. 5 de 1935), agus den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san a bhaineann le cinn chóimhrimh chonganta, beidh feidhm agus éifeacht aca maidir le gach reifreann agus, dá réir sin, foluíonn an abairt “ceann cóimhrimh áitiúil” sa Sceideal so, maidir le haon chuid de dháilcheanntar ina mbeidh ceann cóimhrimh conganta ceaptha no ag gníomhú fé na forálacha san den Acht san, an ceann cóimhrímh conganta a bheidh ceaptha no ag gníomhú amhlaidh.
2.—Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire ordú do dhéanamh ag ceapadh an lae vótaíochta i reifreann, cuirfidh ceann cóimhrimh an reifrinn go dtí gach ceann cóimhrimh áitiúil cóip den ordú san agus cóip den togra is abhar don reifreann san.
3.—(1) Déanfaidh gach ceann cóimhrimh áitiúil, díreach tar éis dó an chóip den ordú san d'fháil o cheann chóimhrimh an reifrinn, fógra puiblí do thabhairt sa bhfuirm orduithe—
(a) i dtaobh an reifreann do thógaint lena mbainfidh an t-ordú san, agus
(b) i dtaobh an togra is abhar don reifreann san, agus
(c) i dtaobh na bpost-oifigí ina bhféadfar cóipeanna den Bhille ina bhfuil an tógra san d'iniúchadh agus do cheannach, agus
(d) i dtaobh dáta an lae vótaíochta sa reifreann san.
(2) Déanfaidh gach ceann cóimhrimh áitiúil, chó luath agus is féidir é tar éis an fógra puiblí sin d'fhoillsiú, cóip den fhógra san do chur go dtí máistir puist na príomh-oifige puist i ngach ceanntar vótaíochta fé leith ina dháilcheanntar i gclúdach no i bhfillteán ar a mbeidh na focail “Fógra Reifrinn” cúlscríobhtha, agus déanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa gach clúdach no fillteán den tsórt san ar a mbeidh an chúlscríbhinn sin do chur ar aghaidh agus do sheachadadh in aisce.
(3) Gach máistir puist chun a gcuirfear amhlaidh cóip den fhógra san déanfaidh, ar í d'fháil, í fhoillsiú sa tslí ina bhfoillsítear fógraí Post-Oifige de ghnáth.
4.—(1) Cuirfidh an tAire Puist agus Telegrafa fé ndear cóipeanna den Bhille ina mbeidh an togra is abhar don reifreann do chur ar fáil chun baill den phobal dá n-iniúchadh agus dá gceannach sna post-oifigí sin ar fuaid an Stáit ar a gcó-aontófar idir an tAire sin agus an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláínte Poiblidhe gach tráth a bheidh na post-oifigí sin ar oscailt ón tríú lá tar éis dáta an orduithe ag ceapadh an lae vótaíochta go dtí an lá vótaíochta.
(2) Beidh ball ar bith den phobal i dteideal iniúchadh do dhéanamh in aisce ar chóip den Bhille sin in aon phost-oifig ina mbeidh sí curtha ar fáil chun a hiniúchta amhlaidh de bhun na rialach so tráth ar bith a bheidh sí curtha ar fáil amhlaidh, agus fós cóip den Bhille sin do cheannach in aon phost-oifig agus aon tráth den tsórt san ar pé suim (nach mó ná reul) d'íoc aisti a cheapfaidh an tAire Puist agus Telegrafa.
5.—I ngach áit vótaíochta soláthróidh an ceann cóimhrimh áitiúil oiread stáisiún vótaíochta agus is gá do na vótálaithe bheidh i dteideal vótáil san áit vótaíochta san agus roinnfidh na stáisiúin vótaíochta ar na vótálaithe sin sa tslí is dóich leis is caothúla.
6.—Gléasfar gach stáisiún vótaíochta le hoiread agus is dóich leis an gceann cóimhrimh áitiúil is gá d'eadranna ina bhféadfaidh na vótálaithe a vótanna do mharcáil gan súil éinne ortha, ach soláthrófar aon eadrann amháin ar a laghad in aghaidh gach céad go leith vótálaidhe bheidh i dteideal vótáil sa stáisiún vótaíochta san.
7.—Féadfaidh stáisiún vótaíochta ar leithligh bheith i seomra ar leithligh no i mboth ar leithligh, no féadfar roinnt stáisiún vótaíochta do dhéanamh san aon tseomra amháin no san aon bhoth amháin.
8.—Ní leigfear éinne isteach chun vótáil in aon stáisiún vótaíochta ach sa cheann a bheidh ceaptha dhó.
9.—Bhéarfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil fógra puiblí i dtaobh suidheamh na stáisiún vótaíochta uile ina dháilcheanntar, agus i dtaobh an tsaghais vótálaithe bheidh i dteideal vótáil i ngach stáisiún fé leith aca san.
10.—Soláthróidh an ceann cóimhrimh áitiúil i ngach stáisiún vótaíochta fé leith abhair lena bhféadfaidh vótálaithe a bpáipéirí ballóide do mharcáil, ionstruimí chun an marc oifigiúil do stampáil ar na páipéirí ballóide, agus cóipeanna den rolla de thoghthóirí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire no de pé cuid de ina mbeidh ainmneacha na vótálaithe dá mbeidh ceaptha vótáil sa stáisiún san.
11.—Coimeádfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil rún ar an marc oifigiúil.
12.—(1) Féadfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil pé cléirigh agus pé méid díobh is dóich leis is ceart do cheapadh do gach stáisiún vótaíochta fé leith chun cabhruithe leis an oifigeach ceannais sa stáisiún vótaíochta san.
(2) Féadfaidh oifigeach ceannais, tré na cléirigh a ceapfar fén riail seo chun cabhruithe leis, aon ghníomh do dhéanamh a ceangailtear air no a húdaruítear dó, leis an Acht so, do dhéanamh, ach amháin a ordú éinne do ghabháil no éinne do dhúnadh amach no do chur amach as an stáisiún vótaíochta.
13.—Coimeádfaidh gach oifigeach ceannais ordúlacht ina stáisiún vótaíochta, socróidh cá mhéid vótálaidhe a leigfear isteach sa turas, agus dúnfaidh amach gach éinne eile ach amháin a chléirigh, na gníomhairí pearsanála (más ann) a bheidh ceaptha dá stáisiún vótaíochta, agus na baill den Ghárda Síochána bheidh ar dualgas.
14.—Gach ceann cóimhrimh áitiúil agus gach oifigeach, cléireach, gníomhaire pearsanála, agus duine eile dá gceadófar bheith i láthair i stáisiún vótaíochta (ar chúis seachas chun vótáil sa vótaíocht) déanfaidh, roimh thosach na vótaíochta, geallúint sa bhfuirm orduithe do shighniú go gcoimeádfaidh rún ar an mballóid.
15.—(1) Beidh gach bosca ballóide déanta ar chuma ina bhféadfar na páipéirí ballóide do chur isteach ann ach ná féadfar iad do thógaint amach as gan an glas do bhaint den bhosca.
(2) Díreach roimh thosach na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta na boscaí ballóide do thaisbeáint agus iad folamh do pé daoine bheidh (má bhíonn) i láthair an uair sin sa stáisiún san i dtreo go bhfeicfid iad do bheith folamh, agus glasfaidh gach bosca ballóide ansan agus cuirfidh a shéala air ar chuma ná féadfar é d'oscailt gan an séala san do bhriseadh, agus leagfaidh ina radharc é chun páipéirí ballóide do ghlacadh ann agus coimeádfaidh glasta agus séaluithe amhlaidh é.
16.—Díreach roimh pháipéar ballóide do thabhairt do vótálaidhe marcálfar é ar a dhá thaobh leis an marc oifigiúil tréna stampáil air no tréna pholladh tríd, agus glaodhfar amach uimhir agus ainm agus tuairisc an vótálaidhe fé mar a bheid ar an gcóip den rolla de thoghthóirí agus marcálfar uimhir an vótálaidhe sin ar an gcódhuille, agus cuirfear marc ar an rolla os coinne uimhir an vótálaidhe mar chomhartha ar pháipéar ballóide do bheith faighte aige, ach gan a thaisbeáint cadé an páipéar ballóide áirithe do fuair sé.
17.—Ar fháil an pháipéir bhallóide don vótálaidhe, raghaidh isteach láithreach i gceann de na headranna sa stáisiún vótaíochta agus marcálfaidh a pháipéar san áit sin, agus fillfidh é ar chuma cheilfidh a vóta, agus ansan cuirfidh a pháipéar ballóide, agus é fillte amhlaidh, isteach sa bhosca bhallóide; vótálfaidh gan rómhoill, agus fágfaidh an stáisiún vótaíochta chó luath agus a bheidh a pháipéar ballóide curtha isteach sa bhosca bhallóide aige.
18.—(1) Má chuireann aon vótálaidhe ina luighe ar an oifigeach ceannais go bhfuil an radharc chó holc san aige no go bhfuil sé chó mór san fé mhí-chumas eile cuirp no go bhfuil sé chó nea-léigheanta san nach féidir dó vótáil gan congnamh, bhéarfaidh an t-oifigeach ceannais, i bhfianaise na ngníomhairí pearsanála (más ann), go marcálfar vóta an vótálaidhe sin ar pháipéar bhallóide ar an gcuma adéarfaidh an vótálaidhe sin agus cuirfidh an páipéar ballóide agus é marcálta amhlaidh isteach sa bhosca bhallóide.
(2) Má iarrann aon vótálaidhe laistigh de cheithre huaire a' chluig roimh an am a bheidh ceaptha chun an vótaíocht do chríochnú go marcálfaí a pháipéar ballóide dhó fén riail seo féadfaidh an t-oifigeach ceannais diúltú don iarratas san más dóich leis, ag féachaint don mhéid vótálaithe bheidh ag teacht isteach an uair sin chun vótáil no is deallrathach a thiocfaidh isteach chun vótáil roimh chríochnú na vótaíochta, go ndéanfadh a ghéilleadh don iarratas san cur-isteach ar cheart-chólíonadh a dhualgas no go gcuirfeadh sé bac ró-mhór ar vótáil vótálaithe eile.
(3) Ag feidhmiú forálacha na rialach so dhó coimeádfaidh agus cólíonfaidh an t-oifigeach ceannais na treoracha so leanas sé sin le rá:—
(a) fiafróidh an t-oifigeach ceannais den vótálaidhe, “Cé aca is mian leat a dhéanamh—vótáil i bhfábhar an togra? no vótáil i gcoinnibh an togra?”;
(b) marcálfaidh an t-oifigeach ceannais an páipéar ballóide ansan do réir an fhreagra do bhéarfaidh an vótálaidhe ar an gceist sin;
(c) mara dtuigidh an vótálaidhe brí na ceiste sin, léighfidh an t-oifigeach ceannais amach don vótálaidhe an togra mar a bheidh sé ar an bpáipéar ballóide agus fiafróidh den vótálaidhe ansan. “An bhfuil tú i bhfábhar no an bhfuil tú i gcoinnibh dlí do dhéanamh den togra san?” agus marcálfaidh an páipéar ballóide ansan do réir an fhreagra do bhéarfaidh an vótálaidhe;
(d) i gcás an páipéar ballóide dá cheadú don vótálaidhe vótáil i dtaobh dhá thogra no níos mó, déanfaidh an t-oifigeach ceannais na fo-mhíreanna san roimhe seo den mhír seo do chólíonadh maidir le gach togra aca san ar leithligh agus i ndiaidh a chéile;
(e) ní ghlacfaidh ná ní bhreithneoidh an t-oifigeach ceannais aon pháipéar ná scríbhinn do bheir le tuisgint é do thaisbeáint na slí inar mian leis an vótálaidhe a vóta do thabhairt ná ní dhéanfaidh beart dá réir, agus ní mharcálfaidh páipéar ballóide an vótálaidhe ach do réir na bhforálacha san roimhe seo den mhír seo den riail seo agus tar éis iad a chólíonadh.
19.—Ma chuireann duine in úil gurb aon duine áirithe dá mbeidh ainmnithe ar an rolla de thoghthóirí é agus go n-iarrfaidh páipéar ballóide tar éis duine eile do vótáil fé ainm an duine sin, beidh an t-iarratasóir i dteideal páipéar ballóide do mharcáil ar nós aon vótálaidhe eile ar na ceisteanna san do fhreagairt agus ar an mionn san do thabhairt no an dearbhú san do dhéanamh, go cuibhe, a ceaduítear leis an Acht so a fhiafraí de vótálaithe agus a chur ortha le linn na vótaíochta, ach beidh malairt datha ar an bpáipéar ballóide (dá ngairmtear san Acht so páipéar ballóide tairgthe) seachas mar a bheidh ar na páipéirí ballóide eile, agus in ionad é chur sa bhosca bhallóide bhéarfar don oifigeach ceannais é agus scríobhfaidh seisean ar a chúl ainm an vótálaidhe agus an uimhir a bheidh aige ar an rolla de thoghthóirí agus cuirfear i leataoibh é i bpacáid fé leith agus ní chóimhreoidh an ceann cóimhrimh é, agus déanfar ainm an vótálaidhe sin agus an uimhir a bheidh aige ar an rolla do chur ar an liost de vótaí tairgthe sa bhfuirm orduithe.
20.—Má bheireann vótálaidhe, gan cuimhneamh air féin, a leithéid sin de dhéanamh dá pháipéar ballóide nach uiriste é d'úsáid mar pháipéar bhallóide, agus go dtabharfaidh don oifigeach ceannais an páipéar ballóide a mbeidh sé tar éis an déanamh san do thabhairt dó gan cuimhneamh air féin agus go gcruthóidh chun sástachta an oifigigh cheannais gur gan cuimhneamh air féin do rinne amhlaidh, féadfaidh páipéar ballóide eile d'fháil in ionad an pháipéir bhallóide bhéarfaidh suas amhlaidh (dá ngairmtear san Acht so páipéar ballóide loitithe), agus cealófar láithreach an páipéar ballóide loitithe.
21.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta na boscaí ballóide do húsáideadh sa vótaíocht sa stáisiún vótaíochta san do shéalú lena shéala féin ar chuma ná féadfar a thuilleadh páipéirí ballóide do chur isteach ionta.
(2) Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta na boscaí ballóide sin, agus iad séaluithe mar a horduítear leis an riail seo, do sheachadadh don cheann chóimhrimh áitiúil agus air sin glacfaidh seisean na boscaí ballóide sin féna chúram.
22.—Déanfaidh an t-oifigeach ceannais i ngach stáisiún vótaíochta, chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta, pacáidí fé leith a séalofar lena shéala féin—
(a) de na páipéirí ballóide neamh-úsáidthe agus na páipéirí ballóide loitithe agus iad i dteanta a chéile, agus
(b) de na páipéirí ballóide tairgthe, agus
(c) de na cóipeanna marcálta den rolla de thogthóirí, agus de chó-dhuillí na bpáipéirí ballóide, agus
(d) den liost de vótaí tairgthe,
agus seachadfaidh na pacáidí sin uile don cheann chóimhrimh áitiúil.
23.—Na pacáidí luaidhtear sa riail deiridh sin roimhe seo beidh ráiteas ón oifigeach ceannais sa bhfuirm orduithe ag gabháil leo, á innsint cá mhéid páipéirí ballóide do tugadh dó agus ag tabhairt cuntais ortha fé na mírchinn seo: (a) páipéirí ballóide sna boscaí ballóide, (b) páipéirí ballóide neamh-úsáidthe, (c) páipéirí ballóide loitithe, agus (d) páipéirí ballóide tairgthe, agus gairmtear an cuntas ar pháipéirí ballóide den ráiteas san san Acht so.
24.—Chó luath agus is féidir é tar éis críochnú na vótaíochta i ndáilcheanntar deanfaidh ceann cóimhrimh áitiúil an dáilcheanntair sin gach bosca ballóide fé leith do húsáideadh sa vótaíocht sa dáilcheanntair san d'oscailt, na páipéirí ballóide bheidh ann do thógaint amach as, a líon do chóimhreamh agus do chur ar breacadh, agus ansan na páipéirí ballóide uile bhí sna boscaí ballóide sin do mheascadh ar a chéile.
25.—(1) Nuair a bheidh na páipéirí ballóide measctha ar a chéile ag an gceann cóimhrimh áitiúil, cóimhreoidh sé na vótaí bheidh breactha ortha agus déanfaidh amach an uimhir de vótaí bheidh tugtha tríotha i bhfábhar an togra is abhar don reifreann agus an uimhir de vótaí bheidh tugtha tríotha i gcoinnibh an togra san agus cuirfe sé an dá uimhir sin fé seach ar breacadh.
(2) I gcás na páipéirí ballóide do bhaint le dhá reifreann no níos mó, cóimhreoidh an ceann cóimhrimh áitiúil agus cuirfidh ar breacadh do réir na rialach so ar leithligh na huimreacha de vótaí bheidh breactha ar na páipéirí ballóide sin i bhfábhar agus i gcoinnibh na dtograí uile agus fé seach is abhair fé seach do na reifrinn sin.
(3) Nuair a bheidh na forálacha san roimhe seo den riail seo á gcólíonadh aige, diúltóidh an ceann cóimhrimh áitiúil d'aon pháipéirí ballóide bheidh nea-mbailidhe ach, i gcás na páipéirí ballóide do bhaint le dhá reifreann no níos mó, déanfa sé idirdhealú idir pháipéirí ballóide a bheidh nea-mbailidhe ar fad agus páipéirí ballóide ná beidh nea-mbailidhe ach maidir le ceann no le cuid de na reifrinn sin ach ná beidh nea-mbailidhe maidir leo go léir.
(4) An bhreith do bhéarfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil maidir le haon pháipéar ballóide áirithe do bheith bailidhe no neambailidhe, beidh sí ina breith dheiridh agus ní bheidh sí ionchonspóidthe ach amháin tré achuinge reifrinn.
26.—(1) Tráth ar bith le linn na vótaí do chóimhreamh, féadfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil, agus déanfaidh má dhéanann éinne bheidh i láthair go dleathach san do cheangal air, na vótaí bheidh breactha ar na páipéirí ballóide uile no ar aon bheartán áirithe de pháipéirí ballóide d'athchóimhreamh.
(2) Má thárlann, ar aon chéad-athchóimhreamh do dhéanamh fén riail seo, gurb ionann toradh an athchóimhrimh sin agus toradh an chóimhrimh bhunaidh, ní bheidh ar an gceann cóimhrimh áitiúil aon athchóimhreamh eile do dhéanamh, ach má thárlann, ar an gcéad-athchóimhreamh san do dhéanamh, nach ionann toradh an athchóimhrimh sin agus toradh an chóimhrimh bhunaidh, leanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil den athchóimhreamh go dtí gurb ionann torthaí dhá athchóimhreamh den tsórt san as a chéile.
27.—(1) Scríobhfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil “diúltuithe” ar chúl aon pháipéir bhallóide dá ndiúltóidh mar pháipéar neambailidhe agus, i gcás an páipéar ballóide sin do bhaint le dhá reifreann no níos mó, cuirfidh leis an gcúl-scríbhinn sin (fé mar is gá sa chás) na focail “ar fad” no comharthú ar an reifreann gur ina thaobh a bheidh diúltuithe dhó.
(2) Tuairisceoidh an ceann cóimhrimh áitiúil do cheann chóimhrimh an reifrinn cá mhéid páipéar ballóide dar dhiúltuigh agus nár chóimhrimh mar gheall ar gach cúis fé leith aca so leanas, sé sin le rá:—
(a) easba an mhairc oifigiúil,
(b) scríbhneoireacht no marc tréna bhféadfaí an vótálaidhe d'aithint,
(c) nea-marcálta no gan éifeacnt toisc nea-chinnteachta.
(3) I gcás na páipéirí ballóide do bhaint le dhá reifreann no níos mó, déanfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil idirdhealú sa tuarascabháil sin uaidh idir na páipéirí ballóide dar dhiúltuigh mar gheall ar iad do bheith nea-marcálta, no gan éifeacht toisc nea-chinnteachta, maidir leis na reifrinn go léir agus iad san dar dhiúltuigh mar gheall ar iad do bheith nea-marcálta, no gan éifeacht toisc nea-chinnteachta, maidir le ceann no cinn de na reifrinn sin ach ní maidir leo go léir.
28.—Le linn bheith ag cóimhreamh agus ag riaradh na bpáipéirí ballóide agus ag breacadh a n-uimhreacha de bhun na rialacha san roimhe seo, coimeádfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil na páipéirí ballóide ar a n-aghaidh in áirde agus glacfaidh gach réamhchúram is cóir chun gan leigean d'éinne na huimhreacha bheidh clóbhuailte ar chúl na bpáipéirí ballóide sin d'fheiscint.
29.—(1) Féadfaidh gach comhalta fé leith de Dháil Éireann don dáilcheanntar agus comhalta ar bith de Sheanad Éireann beirt daoine d'ainmniú chun bheith i láthair thar a cheann le linn na mboscaí ballóide d'oscailt agus na vótaí do chóimhreamh; féadfaidh aon chomhalta den tsórt san é féin d'ainmniú mar dhuine de na daoine arna n-ainmniú amhlaidh aige.
(2) Féadfaidh an ceann cóimhrimh áitiúil agus a chléirigh agus a chongantóirí agus daoine bheidh ainmnithe mar adubhradh ag comhaltaí de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann agus ní fhéadfaidh éinne eile (ach amháin le cead an chinn chóimhrimh áitiúil) bheith i láthair le linn na mboscaí ballóide do bheith á n-oscailt agus na vótaí á gcóimhreamh.
(3) An ceann cóimhrimh áitiúil agus gach cléireach, congantóir agus duine dá gceadófar bheith i láthair le linn na mboscaí ballóide d'oscailt no na vótaí do chóimhreamh, déanfaidh, sara dtosnófar ar an oscailt sin, geallúint sa bhfuirm orduithe do shighniú go gcoimeádfaidh rún ar an mballóid.
(4) I gcás an lá vótaíochta i reifreann bunreachta do bheith ina lá vótaíochta in olltoghchán freisin, beidh na comhachta bheirtear leis na forálacha san roimhe seo den riail seo do chomhalta de Dháil Éireann infheidhmithe ag duine ar bith do bhí ina chomhalta de Dháil Éireann díreach roimh an scur ba shiocair leis an olltoghchán san.
30.—(1) Sa mhéid gur féidir é raghaidh an ceann cóimhrimh áitiúil ar aghaidh go leanúnach le hoscailt na mboscaí ballóide agus le cóimhreamh na vótaí, gan stad ach chun bia no deoch do chaitheamh agus ar feadh sosa leanfaidh (ach amháin sa mhéid is oiriúnach leis) óna seacht a chlog istoíche go dtí a naoi a chlog maidin lá arna mháireach.
(2) I rith an tsosa san cuirfidh an ceann cóimhrimh áitiúil na páipéirí ballóide agus na scríbhinní eile bhaineann leis an vótaíocht féna shéala féin agus glacfaidh fairis sin pé réamhchúram is cóir chun na páipéirí agus na scríbhinní sin do choimeád sábhálta.
31.—Nuair a bheidh cóimhreamh na vótaí críochnuithe ag an gceann cóimhrimh áitiúil, déanfa sé na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) cuirfidh go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn tuarascbháil i scríbhinn sa bhfuirm orduithe ina luadhfar an uimhir de vótaí bailidhe do caitheadh i bhfábhar an togra, an uimhir de vótaí bailidhe do caitheadh i gcoinnibh an togra, agus pé nithe eile bheidh orduithe;
(b) i gcás an t-aon lá amháin do bheith ina lá vótaíochta i dhá reifreann no níos mó, cuirfidh an ceann cóimhrimh áitiúil go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn tuarascbháil ar leithligh den tsórt adubhradh i dtaobh gach reifrinn fé leith den tsórt san;
(c) cuirfidh go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn na pacáidí agus an ráiteas so leanas maidir le post-vótálaithe, sé sin le rá: an phacáid ina mbeidh na dearbhuithe céannachta do bhí ag gabháil le páipéirí ballóide lenar glacadh go cuibhe, agus an phacáid ina mbeidh dearbhuithe céannachta dar diúltuíodh maraon leis na clúdaigh (más ann) do bhí ag gabháil leo, agus an phacáid ina mbeidh páipéirí ballóide diúltuithe, agus ráiteas, sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire, ina dtaisbeánfar an uimhir de pháipéirí ballóide do cuireadh chun post-vótálaithe agus ina dtabharfar, maidir leis na páipéirí ballóide sin, na sonnraí a hiarrfar leis an bhfuirm;
(d) séalóidh i bpacáidí ar leithligh na páipéirí ballóide cóimhrithe agus na páipéirí ballóide diúltuithe agus (gan na pacáidí séaluithe d'oscailt ina mbeidh fé seach na páipéirí ballóide tairgthe, an chóip mharcálta den rolla de thoghthóirí agus na có-dhuillí) cromfaidh ar fhíorú do dhéanamh ar an gcuntas páipéirí ballóide bheidh tugtha ag gach oifigeach ceannais fé leith tréna chur i gcomparáid leis an uimhir de pháipéirí ballóide bheidh curtha ar breacadh aige, na páipéirí ballóide neamhúsáidthe agus na paipéirí ballóide loitithe, agus an liost de vótaí tairgthe agus, tar éis dó gach pacáid scrúduithe d'athshéalú, ullmhóidh tuarascbháil ina luadhfar toradh an fhíoruithe sin;
(e) cuirfidh go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn na pacáidí uile (agus pacáidí séaluithe gan oscailt d'áireamh), na cun tais páipéirí ballóide uile agus na liostaí uile de vótaí tairgthe a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den riail seo, agus fós an tuarascbháil a bheidh ullmhuithe de bhun na míre sin, tar éis dó cúlscríbhinn do chur ar gach pacáid den tsórt san ina dtabharfar tuairisc ar a lánas, comharthú ar an reifreann lena mbainfidh an céanna, agus ainm a dháilcheanntair.
Cuid II.
Feidhmeanna Cheann Cóimhrimh an Reifrinn:
32.—(1) Chó luath agus gheobhaidh ceann cóimhrimh an reifrinn o gach ceann cóimhrimh áitiúil fé leith an tuarascbháil i dtaobh na n-uimhreach de vótaí do caitheadh ina dháilcheanntar, ullmhóidh ceann cóimhrimh an reifrinn o na tuarascbhála san, agus sighneoidh, an deimhniú reifrinn sealadach sa bhfuirm orduithe ina luadhfar:—
(a) i gcás reifrinn bhunreachta, an uimhir de vótaí do caitheadh i bhfábhar an togra is abhar don reifreann, an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san, agus cé aca bhí tromlach na vótaí do caitheadh sa reifreann i bhfábhar an togra san no ná raibh;
(b) i gcás gnáth-reifrinn, an uimhir de vótaí do caitheadh i bhfábhar an togra is abhar don reifreann, an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san, agus, más mó an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san ná an uimhir de vótaí do caitheadh i bhfábhar an togra san, an líon iomlán de thogthóirí Dála sa rolla de thoghthóirí i bhfeidhm de thurus na huaire, agus cé aca is lugha no nach lugha an uimhir de vótaí do caitheadh i gcoinnibh an togra san ná trí tríochad agus trian per cent. den líon iomlán san de thoghthóirí Dála, agus in aon chás cé aca diúltuíodh don togra san sa reifreann san no nár diúltuíodh;
(c) i ngach cás eile an uimhir de vótaí do thuairisc cinn chóimhrimh áitiúla do caitheadh i ngach dáilcheanntar fé leith i bhfábhar an togra is abhar don reifreann agus an uimhir de vótaí do tuairiscíodh amhlaidh do caitheadh i ngach dáilcheanntar fé leith i gcoinnibh an togra san.
(2) Chó luath agus is féidir é tar éis dó an deimhniú reifrinn sealadach do shighniú, foillseoidh ceann cóimhrimh an reifrinn san Iris Oifigiúil cóip den deimhniú san maraon le ráiteas á rá go mbeidh an deimhniú san ina dheimhniú dheiridh nach féidir a chonspóid nuair a chuirfidh Máistir na hArd-Chúirte in úil dó ná dearnadh aon achuinge reifrinn do thíolacadh go cuibhe ina thaobh no go bhfuil gach achuinge den tsórt san do tíolacadh amhlaidh tagtha chun bheith gan bhrí gan bhrí gan éifeacht.
(3) Nuair a thiocfaidh deimhniú reifrinn sealadach chun bheith ina dheimhniú dheiridh ar shlí seachas tréna dhaingniú ag an Ard-Chúirt, cúlscríobhfaidh ceann cóimhrimh an reifrinn ráiteas ar an deimhniú san á rá go bhfuil sé tagtha amhlaidh chun bheith ina dheimhniú dheiridh agus cuirfidh cóip de chun an Taoisigh.
(4) Nuair a bheidh deimhniú reifrinn sealadach daingnithe no nuair is tuigthe é bheith daingnithe ag an Ard-Chúirt agus a cuirfear thar n-ais go dtí ceann cóimhrimh an reifrinn é agus ráiteas cúlscríobhtha air do réir an Achta so á rá é bheith daingnithe amhlaidh, cuirfidh ceann cóimhrimh an reifrinn cóip den deimhniú san chun an Taoisigh.
33.—(1) Fé réir forálacha na míreanna ina dhiaidh seo den riail seo, déanfaidh ceann cóimhrimh an reifrinn na tuarascbhála, na scríbhinní agus na pacáidí uile chuirfidh ceann cóimhrimh áitiúil chuige maidir le reifreann do choimeád go ceann sé mhí o dháta an deimhnithe reifrinn shealadaigh i dtaobh an reifrinn sin do theacht chun bheith ina dheimhniú dheiridh agus dítheoidh ansan na tuarascbhála, na pacáidí agus na scríbhinní sin uile.
(2) I gcás an t-aon lá amháin do bheith ina lá vótaíochta i dhá reifreann no níos mó, déanfaidh ceann cóimhrimh an reifrinn, d'ainneoin éinní atá sa mhír dheiridh sin roimhe seo den riail seo agus fé réir forálacha na céad mhíre eile den riail seo, na tuarascbhála agus na scríbhinní agus na pacáidí uile luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo agus a bhainfidh le haon cheann no níos mó de na reifrinn sin do choimeád go ceann sé mhí o dháta na ndeimhnithe reifrinn sealadacha uile agus fé seach i daobh na reifreann san fé seach do theacht chun bheith ina ndeimhnithe deiridh.
(3) An oblagáid a cuirtear ar cheann chóimhrimh an reifrinn leis na míreanna san roimhe seo den riail seo chun tuarascbhála, scríbhinní agus pacáidí do choimeád tá sí fé réir na hoblagáide agus gan dochar don oblagáid a cuirtear air leis an Acht so chun na tuarascbhála, na scríbhinní agus na pacáidí sin do thabhairt ar áird agus do sheachadadh don Ard-Chúirt le linn achuinge reifrinn d'éisteacht.
34.—D'ainneoin éinní atá sa riail deiridh sin roimhe seo, ní hosclófar aon phacáid séaluithe de chó-dhuillí uair ar bith ná ní hiniúchfar aon chó-dhuille ná aon pháipéar ballóide cóimhrithe uair ar bith ach amháin fé réim agus do réir orduithe ón Ard-Chúirt fé Chuid III den Acht so.
Cuid III.
Generálta.
35.—I gcás ina gceangaltar ar cheann chóimhrimh an reifrinn no ar cheann chóimhrimh áitiúil no ina n-údaruítear dó, leis an Acht so, aon fhógra puiblí do thabhairt, déanfaidh, mara n-orduítear slí éigin eile leis an Acht so, an fógra san do thabhairt le pé fógráin, placárdaí, láimhbhillí, no eile is dóich leis is fearr chun eolas do thabhairt do na vótálaithe.
36.—Ní fhostóidh ceann cóimhrimh an reifrinn ná ceann cóimhrimh áitiúil éinne do bhí ar fostú ag duine ar bith eile sa reifreann no ina thaobh no i ndéanamh na vótaíochta no ina thaobh.
AN DARA SCEIDEAL.
FUIRMEACHA NA BPAIPEIRI BALLOIDE.
I.
FUIRM AN PHAIPEIR BHALLOIDE I GCAS GAN ACH AON REIFREANN AMHAIN DO BHEITH A THOGAINT.
FUIRM EADAN AN PHAIPEIR BHALLOIDE.
Cé aca aontuíonn tú no ná haontuíonn tú le dlí do dhéanamh den Togra luaidhtear sa chéad cholún anso thíos?
Togra | Aontuim | Ni Aontuim | ||
|
|
|
|
|
Có-dhuille reifrinn | ||||
|
|
|
| |
Uimhir.... | ||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Treoracha i dtaobh an paipear so do mharcail.
Má aontuíonn tú le dlí do dhéanamh den Togra luaidhtear sa chéad cholún thuas, cuir an marc “x” sa cholún thuas dar mírcheann “Aontuím”.
Mara n-aontuíonn tú le dlí do dhéanamh den Togra san, cuir an marc “x” sa cholún thuas dar mírcheann “Ní aontuím”.
FUIRM CHUL AN PHAIPEIR BHALLOIDE.
Uimhir............... | |
Dáilcheanntar | Reifreann i dtaobh an Togra go.......................... |
............................ | ......................................................................... |
Nóta.—Ní foláir an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide do bheith ar có-réir leis an uimhir ar an gcó-dhuille.
II.
FUIRM AN PHAIPEIR BHALLOIDE I GCAS DHA REIFREANN NO NIOS MO DO BHEITH A DTOGAINT AN tAON LA AMHAIN.
FUIRM EADAN AN PHAIPEIR BHALLOIDE.
I gcás gach Togra fé leith dá luaidhtear sa chéad cholún anso thíos, cé aca aontuíonn tú no ná haontuíonn tú le dlí do dhéanamh den Togra?
Tograi | Aontuim | Ni Aontuim | ||
1. | ||||
Có-dhuille reifrinn | ||||
Uimhir.... | ||||
2. | ||||
|
|
|
| |
|
|
|
| |
|
|
|
| |
3. | ||||
|
|
|
| |
|
|
|
| |
|
|
|
|
Treoracha i dtaobh an paipear so do mharcail.
Ní mór duit vóta ar leith do thabhairt i dtaobh gach ceann fé leith de na Tograí luaidhtear sa chéad cholún thuas, ach níl d'fhiachaibh ort vóta do thabhairt i dtaobh na dTograí sin go léir.
Má aontuíonn tú le dlí do dhéanamh d'aon cheann de na Tograí luaidhtear sa chéad cholún thuas, cuir an marc “x” sa cholún thuas dar mírcheann “Aontuím” os coinne gach Togra fé leith lena n-aontuíonn tú amhlaidh.
Mara n-aontuíonn tú le dlí do dhéanamh d'aon cheann no níos mó de na Tograí sin, cuir an marc “x” sa cholún thuas dar mírcheann “Ní aontuím” os coinne gach Togra fé leith ná baontuíonn tú leis amhlaidh.
FUIRM CHUL AN PHAIPEIR BHALLOIDE.
Uimhir............. | Reifrinn i dtaobh na dTograí seo leanas, | |
Dáilcheanntar | eadhon:— | |
....................... | 1. | ...................................................... |
2. | ...................................................... | |
3. | ...................................................... |
Nóta.—Ní foláir an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide do bheith ar có-réir leis an uimhir ar an gcó-dhuille.
AN TRIU SCEIDEAL.
ATHGHAIRM.
Uimhir agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
Cuid V, agus an Seachtú Sceideal. | ||
Alt 23. |