Uimhir 48 de 1936.
ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936.
[27adh Mí na Samhna, 1936.]
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal agus luadh.
1.—(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1931, agus den Acht so le chéile.
An Príomh-Acht.
2.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), agus lasmuich de chás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, léireofar í mar thagairt don Acht san mar a leasuítear no leathnuítear é le hAchtanna ina dhiaidh sin.
Athghairm.
3.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san agus, maidir leis na hachtacháin a luaidhtear i gCuid I den Sceideal san, o am an Achta so do rith agus, maidir leis na hachtacháin a luaidhtear i gCuid II den Sceideal san, o thosach feidhme Coda IV den Acht so.
CUID II.
An Chuirt Uachtarach agus an Ard-Chuirt.
Líon breithiún na Cúirte Uachtaraighe do mhéadú.
4.—(1) Athghairmtear leis seo an méid sin d'alt 5 den Phríomh-Acht achtuíonn go mbeidh an Chúirt Uachtarach có-dhéanta de thriúr breithiún, agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh an Chúirt Uachtarach có-dhéanta de chúigear breithiún agus díobh san gurb é an Prímh-Bhreitheamh is uachtarán.
(2) Na forálacha de Chuid I den Phríomh-Acht a bhaineann leis an gCúirt Uachtaraigh agus le n-a cuid breithiún (ar a n-áirmhítear na forálacha d'alt 5 di bhaineann le teidil fé seach an Phrímh-Bhreithimh agus gach breithimh fé leith de sna breithiúin eile) leanfaid, lasmuich de chás ina n-athghairmtear iad go soiléir leis an alt so, d'fheidhm agus d'éifeacht do bheith acu d'ainneoin an mhéaduithe deintear leis an alt so ar líon na mbreithiún san.
(3) D'ainneoin an mhéaduithe deintear leis an alt so ar líon breithiún na Cúirte Uachtaraighe, féadfaidh líon, nách lugha ná triúr ná nách mó ná cúigear, de sna breithiúin den Chúirt Uachtaraigh (ar a n-áirmhítear breithiúin a bheidh, de bhuadh ailt 6 no ailt 7 den Phríomh-Acht, ina mbreithiúin bhreise den Chúirt Uachtaraigh) aon athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe no ní eile is intrialta ag an gCúirt Uachtaraigh d'éisteacht agus breith do thabhairt air, sé sin, pé líon a cinnfear, alos gach athchomhairc no ní eile fé leith den tsórt san, ag an bPrímh-Bhreitheamh no, ar bheith as láthair dó san, ag an ngnáth-bhreitheamh sinnsearach den Chúirt Uachtaraigh a bheidh ar fáil de thurus na huaire.
(4) Deintear leis seo alt 2 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), do leasú tré sna focail uile o sna focail “isé gnáth-Bhreitheamh sinsearach na Cúirte Uachtaraí” go dtí deireadh an ailt do scriosadh amach agus tré sna focail “isé an gnáth-bhreitheamh sinsearach den Chúirt Uachtaraigh a bheidh ar fáil de thurus na huaire dhéanfaidh san” do chur ina n-ionad, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(5) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh pé lá cheapfaidh an Ard-Chomhairle chuige sin le hordú.
Breithiúin den Chúirt Uachtaraigh do shuidhe san Ard-Chúirt.
5.—(1) Pé uair, toisc breitheamh den Ard-Chúirt do bheith breoite no toisc aon chúise eile, ná beidh líon iomlán breithiún na Cúirte sin ar fáil chun gnó na Cúirte sin do dhéanamh no, toisc an méid gnótha bheidh le déanamh san Ard-Chúirt no toisc aon chúise eile thiocfaidh as staid an ghnótha sa Chúirt sin, a bheidh sé oiriúnach méadú sealadach do dhéanamh ar an líon breithiún a bheidh ar fáil chun crícheanna na hArd-Chúirte, féadfaidh an Prímh-Bhreitheamh a iarraidh ar aon ghnáth-bhreitheamh no gnáth-bhreithiúin den Chúirt Uachtaraigh suidhe san Ard-Chúirt mar bhreitheamh bhreise dhi, agus gach breitheamh den Chúirt Uachtaraigh ar a n-iarrfar san suidhfe sé san Ard-Chúirt.
(2) Pé uair a shuidhfidh gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh san Ard-Chúirt do réir an ailt seo beidh sé ina bhreitheamh bhreise den Ard-Chúirt chun crícheanna uile na Cúirte sin.
(3) Aon ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh atá i seilbh oifige mar bhreitheamh den tsórt san le linn an Achta so do rith, ní bheidh air, de bhuadh an ailt seo, suidhe san Ard-Chúirt ach amháin dá thoil féin.
Breitheamh den Ard-Chúirt do bheith cáilithe chun a cheaptha mar bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh.
6.—Achtuítear agus dearbhuítear leis seo go mbeidh breitheamh den Ard-Chúirt cáilithe agus go dtuigfear é bheith cáilithe riamh chun a cheaptha mar bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh.
Coimisinéir Breithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann.
7.—(1) Gach breitheamh den Ard-Chúirt do chólíon dualgaisí oifige Coimisinéara Bhreithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann aon uair tar éis tosach feidhme Coda I den Phríomh-Acht agus roimh an Acht so do rith, tuigfear é bheith, le linn dó dualgaisí na hoifige sin do chólíonadh amhlaidh, dáilithe go cuibhe, sa tslí foráltar le dlí do réir bhrí ailt 3 den Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 (Uimh. 27 de 1923), chun dualgaisí na hoifige sin do chólíonadh.
(2) Déanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, o am go ham fé mar is gá é, breitheamh den Ard-Chúirt do dháiliú chun dualgaisí oifige Coimisinéara Bhreithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann do chólíonadh agus féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh, deireadh do chur le haon dáiliú den tsórt san do rinne sé roimhe sin.
(3) Pé uair a bheidh an breitheamh, a bheidh dáilithe ag Uachtarán na hArd-Chúirte de thurus na huaire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so chun dualgaisí oifige Coimisinéara Bhreithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann do chólíonadh, neamh-ábalta go sealadach, mar gheall ar dhiúitéthe no seirbhísí puiblí eile bheidh le déanamh aige go sealadach no toisc breoiteachta no aon leor-chúise eile, ar dhualgaisí na hoifige sin do chólíonadh féadfaidh an tUachtarán san (gan deireadh do chur le dáiliú an bhreithimh sin) breitheamh eile den Ard-Chúirt do dháiliú go sealadach chun dualgaisí na hoifige sin do chólíonadh ar feadh ré na neamh-ábaltachta san.
(4) Gach breitheamh den Ard-Chúirt a dáileofar fén alt so chun dualgaisí oifige Coimisinéara Bhreithiúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann do chólíonadh (ar a n-áirmhítear breitheamh a dáileofar amhlaidh go sealadach) tuigfear é do dháiliú amhlaidh sa tslí foráltar le dlí do réir bhrí ailt 3 den Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923 (Uimh. 27 de 1923), agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san dá réir sin.
Pinsin bhreithiún den Ard-Chúirt agus den Chúirt Uachtaraigh.
8.—Má bhíonn duine bheidh ag fáil phinsin fé alt 14 den Phríomh-Acht ar fostú i bpost le n-a ngabhann luach saothair a híoctar as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, ansan—
(a) ní bheidh an pinsean san iníoctha in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san có-ionann le n-a luach saothair no níos mó ná a luach saothair san oifig bhreithiúntais gur ina taobh a bheidh sé i dteideal an phinsin sin, agus
(b) ní bheidh iníoctha den phinsean san, in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san níos lugha ná a luach saothair san oifig bhreithiúntais sin, ach an méid a bheidh, i dteanta a luach saothair sa phost san, có-ionann le n-a luach saothair san oifig bhreithiúntais sin.
Dlighinsí áirithe d'aistriú ón bPrímh-Bhreitheamh chun na hArd-Chúirte.
9.—(1) An dlighinse do haistríodh chun an Phrímh-Bhreithimh agus do dílsíodh ann le fo-alt (1) d'alt 19 den Phríomh-Acht tiocfa sí chun bheith agus beidh sí aistrithe, an lá ceaptha, chun na hArd-Chúirte agus isé fheidhmeoidh í as san amach ná Uachtarán na hArd-Chúirte no, má orduíonn agus pé uair ordóidh an tUachtarán san amhlaidh, gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh dáilithe de thurus na huaire chuige sin ag an Uachtarán san.
(2) Ar an lá ceaptha agus ón lá san amach—
(a) d'ainneoin éinní atá in alt 3 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), déanfar tagairtí, sa Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, agus sna hAchtanna le n-a leasuítear an céanna agus in aon rialacha agus orduithe do rinneadh fútha san, do “the Lord Chancellor entrusted as aforesaid” do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don bhreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh de thurus na huaire ag feidhmiú na dlighinse a haistrítear chun na hArd-Chúirte leis an alt so, agus
(b) na comhachta bronntar ar an bPrímh-Bhreitheamh le halt 4 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928, tiocfaid chun bheith agus beid aistrithe chun Uachtarán na hArd-Chúirte agus infheidhmithe aige.
(3) Mara bhforálaidh no go dtí go bhforálfaidh an tOireachtas a mhalairt leanfaidh oifig an Chlárathóra don Phrímh-Bhreitheamh, an lá ceaptha agus dá éis sin, de bheith ann agus de bheith códhéanta fé mar a bheidh sí ann agus a bheidh sí có-dhéanta díreach roimh an lá ceaptha, ach ar an lá ceaptha agus dá éis sin—
(a) bhéarfar Oifig na gCoimircithe Cúirte mar ainm agus mar theideal ar an oifig sin, agus
(b) bhéarfar Clárathóir na gCoimircithe Cúirte mar ainm agus mar theideal ar an gClárathóir don Phrímh-Bhreitheamh, agus
(c) scuirfidh an oifig sin de bheith ag gabháil leis an bPrímh-Bhreitheamh agus tiocfa sí chun bheith agus beidh sí ag gabháil le hUachtarán na hArd-Chúirte, ach ní bheidh sí ná ní thiocfa sí chun bheith ina hoifig a ghabhann leis an Ard-Chúirt do réir bhrí an Achta Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926), agus ní bheidh sí ná ní thiocfa sí chun bheith fé mhaoirseacht ná fé smacht Mháistir na hArd-Chúirte, agus
(d) na dlighinsí agus na comhachta uile bhaineann leis an oifig sin agus leis an gClárathóir sin fé seach agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, infheidhmithe ag an bPrímh-Bhreitheamh tiocfaid chun bheith agus beid infheidhmithe ag an mBreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh de thurus na huaire ag feidhmiú na dlighinse a haistrítear chun na hArd-Chúirte leis an alt so, agus
(e) ní déanfar san oifig sin aon ghnó bhaineann le feidhmiú na ndlighinsí do haistríodh chun an Phrímh-Bhreithimh agus do dílsíodh ann le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 19 den Phríomh-Acht.
(4) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin—
(a) an gnó uile bhaineann le feidhmiú na ndlighinsí do haistríodh chun an Phrímh-Bhreithimh le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 19 den Phríomh-Acht agus a deintí in oifig an Chlárathóra don Phrímh-Bhreitheamh roimh an lá ceaptha, aistreofar é chun Clárathóra na Cúirte Uachtaraighe agus is ina oifig-sean a déanfar é, agus
(b) gníomhóidh Clárathóir na Cúirte Uachtaraighe mar chlárathóir don Phrímh-Bhreitheamh maidir leis an bPrímh-Bhreitheamh d'fheidhmiú na ndlighinsí sin do haistríodh chuige le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 19 den Phríomh-Acht, agus
(c) beidh Clárathóir na Cúirte Uachtaraighe fé orduithe an Phrímh-Bhreithimh maidir leis an ngnó do dhéanamh a haistrítear chun Clárathóra na Cúirte Uachtaraighe leis an bhfo-alt so.
(5) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú dhéanfaidh tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPrímh-Bhreitheamh agus le hUachtarán na hArd-Chúirte, lá nách déanaí ná sé mhí tar éis dáta rithte an Achta so do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo.
(6) An lá ceaptha agus dá éis sin isé an t-údarás ag á mbeidh comhacht de thurus na huaire chun rialacha cúirte do dhéanamh maidir leis an Ard-Chúirt a bheidh ina údarás déanta rialacha maidir leis an dlighinse a haistrítear chun na hArd-Chúirte leis an alt so, agus chuige sin beidh feidhmiú na dlighinse sin ina chuid de ghnó na hArd-Chúirte.
Athchomhairc i gcoinnibh fodhlithe iascaigh.
10.—(1) An t-athchomharc fé fho-alt (4) d'alt 28 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), i gcoinnibh fo-dhlí, mínithe, rialach, rialacháin, no orduithe luighfe sé chun na hArd-Chúirte in ionad é do luighe chun na cúirte do bunófaí fén bhfo-alt san agus beidh ag an Ard-Chúirt, maidir le gach athchomharc den tsórt san, na comhachta uile bronntar leis an bhfo-alt san ar an gcúirt sin do bunófaí fé.
(2) Féadfaidh breitheamh amháin no beirt bhreithiún no níos mó den Ard-Chúirt, fé mar a bheidh caothúil, athchomharc chun na hArd-Chúirte de bhuadh an ailt seo d'éisteacht, agus ní bheidh dul thar an ordú dhéanfaidh an Ard-Chúirt ar aon athchomharc den tsórt san ná ní féadfar athchomharc do dhéanamh ina choinnibh.
(3) Bainfidh fo-alt (5) den alt san 28 den Acht Iascaigh, 1925, le gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chúirt ar athchomharc de bhuadh an ailt seo fé mar a bhaineann an fo-alt san leis na horduithe luaidhtear ann.
An Ard-Chúirt do chur agus d'aistriú aicsean chun cúirte eile.
11.—(1) Féadfar iarratas fé alt 25 den Phríomh-Acht, á iarraidh aicsean ar feitheamh san Ard-Chúirt do chur no d'aistriú chun cúirte eile, do dhéanamh aon uair tar éis fógra teachti-láthair d'iontráil ann agus roimh fhógra trialach do sheirbheáil ann agus, más gá do réir rialacha cúirte an ghairm san aicsean san do chur síos chun a héistithe i láthair Máistir na hArd-Chúirte, d'ainneoin gan an ghairm sin do bheith curtha síos amhlaidh.
(2) D'ainneoin éinní atá in alt 25 den Phríomh-Acht beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haicsin do chur no d'aistriú chun cúirte eile fén alt san, sé sin le rá:—
(a) ní déanfar aicsean do chur ná d'aistriú chun cúirte eile fén alt san más deimhin leis an Ard-Chúirt go raibh sé réasúnta, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis agus d'ainneoin go bhféadfaí an t-aicsean san do thosnú sa Chúirt Chuarda, an t-aicsean san do thosnú san Ard-Chúirt;
(b) ní déanfar aicsean chun suim shocruithe do bhaint amach do chur ná d'aistriú chun cúirte eile fén alt san maran rud é go dtoileoidh an gearánaí chuige sin no go ndéanfaidh an cosantóir a chur ina luighe ar an Ard-Chúirt go bhfuil cosaint mhaith aige ar an aicsean san no ar chuid éigin de no fíora do nochtadh is leor, dar leis an Ard-Chúirt, chun é chur i dteideal an t-aicsean san do chosaint.
Toora le méid costaisí an ghearánaí in aicsin áirithe san Ard-Chúirt.
12.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le méid na gcostaisí is ionbhainte amach ag an ngearánaí in aicsean a tosnófar agus a héistfear san Ard-Chúirt, sé sin le rá:—
(a) in aon aicsean um thort no um briseadh geallúna pósta, maran lugha ná céad púnt agus maran mó ná trí chéad púnt méid an airgid damáiste bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean, mara ndeinidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin deimhniú speisialta do dheonadh fén alt so;
(b) in aon aicsean um thort no um briseadh geallúna pósta, más lugha ná céad púnt méid an airgid damáiste bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal costaisí do bhaint amach is mó ná pé méid acu so leanas is lugha, sé sin le rá, méid an airgid damáiste sin no méid na gcostaisí do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean, mara ndeinidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin deimhniú speisialta do dheonadh fén alt so;
(c) in aon aicsean a bheidh bunuithe ar chonnradh (seachas aicsin chun suim shocruithe do bhaint amach) no ag lorg airgid damáiste mar gheall ar bhriseadh connartha (seachas mar gheall ar bhriseadh geallúna pósta), maran mó ná trí chéad púnt an méid a bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé í dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean, mara ndeinidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin sin deimhniú speisialta do dheonadh fén alt so;
(d) in aon aicsean chun suim shocruithe do bhaint amach, más mó ná céad púnt ach nách mó ná trí chéad púnt an méid a bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean, mara ndeinidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin sin deimhniú speisialta do dheonadh fén alt so;
(e) in aon aicsean chun suim shocruithe do bhaint amach, más mó ná cúig púint fhichead ach nách mó ná céad púnt an méid a bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean;
(f) in aon aicsean chun suim shocruithe do bhaint amach, maran mó ná cúig púint fhichead an méid a bhainfidh an gearánaí amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Dúithche do bunófaí an t-aicsean;
(g) in aon aicsean um dhí-shealbhú, má bhíonn an t-aicsean san laistigh de dhlighinse na Cúirte Cuarda ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná mar do bheadh sé i dteideal do bhaint amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean, mara ndeinidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin sin deimhniú speisialta do dheonadh fén alt so.
(2) In aon aicsean dá dtagartar sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus go luaidhtear ina thaobh an breitheamh do dheonadh deimhnithe speisialta, féadfaidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an aicsin sin deimhniú speisialta i scríbhinn do dheonadh, ar iarratas an ghearánaí, á dheimhniú é bheith réasúnta, dar leis an mbreitheamh san, toisc a shubstaintiúla no a tháchtaighe bhí an t-aicsean no toisc tácht aon cheiste dlí do bhain leis, an t-aicsean do thosnú san Ard-Chúirt.
(3) Ní bheidh sé dleathach aon teora do bheith i rialacha cúirte ná do chur tré rialacha cúirte le méid na gcostas is ionbhainte ag páirtí ar bith de pháirtí ar bith eile in aon aicsean no imeacht eile, ach ní chuirfidh éinní sa bhfo-alt so cosc le teora do chur i rialacha cúirte le méid na gcostas is ionbhainte amach, gurbh ionann í agus teora forchuirtear tríd an alt so ná ní chuirfidh cosc le n-a cheapadh, tré rialacha cúirte, cadé an méid is ionbhainte amach ag duine ar bith i bhfuirm agus in aghaidh na gcostas agus na gcaiteachas fé n-a ndeacha sé chun éinní áirithe do dhéanamh in aon tsaghas áirithe aicsin no imeachta eile.
CUID III.
An Chuirt Chuarda.
Líon na gcuarda do mhéadú.
13.—(1) Chó luath agus a bheidh san caothúil tar éis an Achta so do rith déanfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, gach ní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun críche an ailt seo;
(b) na contaethe agus na contae-bhuirgí uile agus fé seach i Saorstát Éireann do roinnt i naoi ngrúpaí caothúla (dá ngairmtear cuarda san alt so) chun crícheanna na Cúirte Cuarda, ach san fé réir na gcoinníoll go mbeidh cuaird acu san (ar a dtabharfar Cuaird Bhaile Atha Cliath) có-dhéanta de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus de chontae Bhaile Atha Cliath, agus ná déanfar contae ná contae-bhuirg ar bith do roinnt ar dhá chuaird no níos mó;
(c) ainm chaothúil no uimhir do chur ar gach cuaird, seachas Cuaird Bhaile Atha Cliath, tré n-a n-aithneofar an chuaird sin;
(d) beirt de sna breithiúin den Chúirt chuarda bheidh i seilbh oifige an lá ceaptha do dháiliú do Chuaird Bhaile Atha Cliath;
(e) duine de sna breithiúin den Chúirt Chuarda bheidh i seilbh oifige an lá ceaptha do dháiliú do gach cuaird fé leith seachas Cuaird Bhaile Atha Cliath.
(2) Más rud é, le linn don Ard-Chomhairle a n-ordú fén gcéad fho-alt den alt so do dhéanamh, go mbeidh folúntas imeasc na mbreithiún den Chúirt Chuarda, féadfar a rá san ordú san go ndeineann sé agus, má deirtear ann amhlaidh, déanfa sé an breitheamh a ceapfar chun an fholúntais sin do dháiliú do chuaird agus, i gcás breitheamh a bheidh dáilithe leis an ordú san do chuaird do scarúint le n-a oifig tré bhás no ar shlí eile roimh an lá ceaptha, oibreoidh an t-ordú san chun an bhreithimh a ceapfar (pe'ca roimh an lá ceaptha no dá éis sin é) chun ionaid an bhreithimh a scarfaidh le n-a oifig amhlaidh do dháiliú don chuaird sin.
(3) Ar an lá ceaptha scuirfidh an roinnt ina cuarda deintear ar Shaorstát Éireann le Cuid II den Phríomh-Acht agus leis an Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éifeacht do bheith aici agus tiocfaidh an t-ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén gcéad fho-alt den alt so i ngníomh agus beidh éifeacht aige agus, chun crícheanna na nAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1931, agus an Achta so, déanfar na cuarda bunófar leis an ordú san do chur in ionad na gcuarda luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus déanfar na tagairtí uile sna hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1931, agus san Acht so do chuarda, maidir leis an gCúirt Chuarda, do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.
(4) Ar an lá ceaptha scuirfidh fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), d'éifeacht do bheith aige.
(5) San alt so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo.
Daoine do cheapadh chun gníomhú go sealadach mar bhreithiúin bhreise den Chúirt Chuarda.
14.—(1) Pé uair a chífear don Ard-Chomhairle gur gá, toisc breitheamh den Chúirt Chuarda do bheith as láthair go sealadach o dhiúité mar gheall ar chúis ar bith no toisc méadú neaghnáthach agus sealadach do bheith ar ghnó na Cúirte Cuarda ar chuaird ar bith no toisc aon chúise eile, líon breithiún na Cúirte Cuarda do mhéadú go sealadach chun gan leigint d'obair na Cúirte Cuarda dul i ndiaidh láimhe go generálta no in aon chuaird no cuarda áirithe, féadfar duine no daoine, dhíobh san is abhcóidí ag cleachtadh a ngairme agus seasamh deich mblian ar a laighead acu ar dháta an cheaptha, do cheapadh chun gníomhú mar bhreitheamh no mar bhreithiúin den Chúirt Chuarda i rith pé tréimhse is ceart dar leis an Ard-Chomhairle maidir le gach duine fé leith acu san.
(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda do dháiliú, i rith na tréimhse gur ina haghaidh a ceapfar é amhlaidh, do chuaird ar bith o am go ham fé mar is gá é, agus beidh ag gach duine faid a bheidh sé dáilithe amhlaidh do chuaird, beidh aige, maidir leis an gcuaird sin agus i gcó-aimsir leis an mbreitheamh a bheidh dáilithe go buan don chuaird sin agus le haon bhreitheamh a bheidh dáilithe go sealadach, fé alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), don chuaird sin, gach príbhléid, comhacht, agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no curtha do réir dlí ar an mbreitheamh a bheidh dáilithe go buan don chuaird sin.
(3) Gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda déanfar, i gcaitheamh na tréimhse gur ina haghaidh a ceapfar é amhlaidh, an luach saothair sin d'íoc leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt le ceadú an Aire Airgid.
Breithiúin den Chúirt Chuarda do dháiliú do chuarda.
15.—(1) Gach duine ceapfar chun bheith ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda—
(a) déanfar, faid a leanfaidh fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), d'éifeacht do bheith aige, é cheapadh amhlaidh chun bheith ina bhreitheamh a bheidh dáilithe go buan do chuaird áirithe no chun bheith ina bhreitheamh fhéadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, de bhuadh an fho-ailt sin (2), do dháiliú go sealadach do chuaird ar bith, agus
(b) déanfar, tar éis don fho-alt san (2) scur d'éifeacht do bheith aige, é cheapadh amhlaidh chun bheith ina bhreitheamh a bheidh dáilithe do chuaird áirithe.
(2) Faid a leanfaidh an fo-alt san (2) d'alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928, d'éifeacht do bheith aige féadfaidh an Ard-Chomhairle breitheamh den Chúirt Chuarda do dháiliú go buan do chuaird ar bith más breitheamh de thurus na huaire den Chúirt sin é fhéadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, de bhuadh an fho-ailt sin (2), a dháiliú go sealadach do chuaird ar bith.
(3) Féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith aon bhreitheamh den Chúirt Chuarda bheidh, de thurus na huaire, dáilithe go buan do chuaird áirithe d'aistriú chun cuarda eile má thoilíonn sé leis sin ach ní hin aon chás eile, agus ar é d'aistriú amhlaidh tiocfaidh an breitheamh san chun bheith agus beidh sé dáilithe go buan don chuaird eile sin in ionad na cuarda céad-luaidhtear.
Breitheamh do dháiliú go sealadach lasmuich dá chuaird féin.
16.—(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt tráth ar bith, le toiliú an bhreithimh a bheidh i gceist breitheamh ar bith den Chúirt Chuarda bheidh dáilithe go buan do chuaird ar bith do dháiliú go sealadach do chuaird eile (pe'ca bheidh breitheamh dáilithe go buan don chuaird eile sin no ná beidh).
(2) Breitheamh den Chúirt Chuarda dáileofar go sealadach fén alt so do chuaird beidh aige, faid a bheidh sé dáilithe go sealadach amhlaidh agus maidir leis an gcuaird sin agus i gcó-aimsir leis an mbreitheamh (más ann dó) a bheidh dáilithe go buan don chuaird sin agus le haon bhreitheamh a bheidh dáilithe go sealadach di fé alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), gach príbhléid, comhacht agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no curtha do réir dlí ar an mbreitheamh a bheidh dáilithe go buan don chuaird sin.
(3) Má deintear fén alt so breitheamh do dháiliú go sealadach do chuaird ní chuirfidh san deireadh le buan-dáiliú ná ní dhéanfaidh deifir do bhuan-dáiliú an bhreithimh sin don chuaird dá mbeidh sé dáilithe go buan de thurus na huaire ná ní dhéanfa sé aon phríbhléid, comhacht ná dualgas dá mbeidh dílsithe ann no bronnta air de bhuadh an bhuan-dáilithe sin do bhaint de ná é do shaoradh uaidh.
Pinsin bhreithiún den Chúirt Chuarda.
17.—Má bhíonn duine bheidh ag fáil phinsin fé alt 41 den Phríomh-Acht ar fostú i bpost le n-a ngabhann luach saothair a híoctar as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, ansan—
(a) ní bheidh an pinsean san iníoctha in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san cóionann le n-a luach saothair no níos mó ná a luach saothair san oifig bhreithiúntais gur ina taobh a bheidh sé i dteideal an phinsin sin, agus
(b) ní bheidh iníoctha den phinsean san, in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san níos lugha ná a luach saothair san oifig bhreithiúntais sin, ach an méid a bheidh, i dteanta a luach saothair sa phost san, có-ionann le n-a luach saothair san oifig bhreithiúntais sin.
Deireadh le dlighinse na Cúirte Cuarda maidir le cuideachtana d'fhoirceannadh.
18.—(1) An dlighinse, maidir le cuideachtana d'fhoirceannadh, do bhí, díreach roimh an Acht so do rith, infheidhmithe ag an gCúirt Chuarda scuirfe sí, ar an Acht so do rith, de bheith infheidhmithe ag an gCúirt sin.
(2) Gach imeacht, chun cuideachta d'fhoirceannadh, do tosnuíodh sa Chúirt Chuarda roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh sa Chúirt sin le linn an Achta so do rith féadfar dul ar aghaidh leis agus é do chríochnú fé is ná hachtófaí an t-alt so.
Aicsean d'aistriú o chuaird go cuaird eile.
19.—Má bhíonn aicsean ar feitheamh os cóir breithimh a bheidh dáilithe de thurus na huaire do chuaird áirithe agus go n-iarrfaidh aon pháirtí san aicsean san an t-aicsean san d'aistriú go dtí cuaird eile chun a éisteachta os cóir an bhreithimh a bheidh dáilithe de thurus na huaire don chuaird eile sin, féadfaidh an breitheamh san a céad-luaidhtear, le toiliú an bhreithimh eile sin, an t-aicsean san d'aistriú dá réir sin, agus leis sin déanfaidh an breitheamh eile sin an t-aicsean san d'éisteacht agus breith do thabhairt air sa chuaird eile sin.
Dlighinse na Cúirte Cuarda in aicsin áirithe cuirfear chúichi.
20.—Má dheineann an Ard-Chuirt aicsean ag éileamh airgid damáiste nea-shocruithe do chur no d'aistriú go dtí an Chúirt Chuarda beidh dlighinse ag an gCúirt Chuarda chun airgead damáiste is mó ná trí chéad púnt do mholadh.
Comhact chun aicsin thar dlighinse do bhualadh amach go gcostaisí.
21.—(1) Má bunuítear aicsean sa Chúirt Chuarda ná beidh dlighinse ag an gCúirt sin chun é d'éisteacht agus breith do thabhairt air déanfaidh an breitheamh, ar iarratas an chosantóra no ar iarratas dhuine de sna cosantóirí no uaidh féin agus chó luath agus is léir an easba dlighinse sin do bheith ann (mara lóisteáltar go cuibhe laistigh de pé am a lomhálfaidh an breitheamh pé toiliú is leor chun an easba dlighinse sin do leigheas), a ordú an t-aicsean do bhualadh amach agus féadfaidh, más ceart san dar leis, ordú do dhéanamh ag moladh na gcostaisí sin don chosantóir fhéadfadh an Chúirt a mholadh dá mbeadh dlighinse aici chun an aicsin sin d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus dá mba ná tiocfadh an gearánaí i láthair no go dtiocfadh sé i láthair agus go dteipfeadh air a éileamh do chruthú.
(2) Pé uair is gá do bhreitheamh den Chúirt Chuarda do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so a ordú aicsean do bhualadh amach féadfaidh an breitheamh san, más ceart san dar leis ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, in ionad ordú den tsórt san roimhráite do dhéanamh, an t-aicsean san d'aistriú chun na hArd-Chúirte agus pé ordú, chífear dó bheith ceart, do dhéanamh i dtaobh costaisí na n-imeacht do bhí go dtí san ar siúl sa Chúirt Chuarda.
Breitheamh den Chúirt Chuarda d'aithris cáis.
22.—Déanfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda, má dheineann aon pháirtí i gcúrsa ar bith bheidh ar feitheamh os a chóir iarratas chuige sin agus go mbeidh gach páirtí eile sa chúrsa san sásta, aon cheist dlí eireoidh sa chúrsa san do chur fé bhráid na Cúirte Uachtaraighe i bhfuirm cháis aithriste chun na Cúirte Uachtaraighe do thabhairt breithe uirthi maran é barúil an bhreithimh sin ná fuil an cheist dlí sin táchtach a dóthain chun í chur fé bhráid na Cúirte sin.
Ceart chun breis áirithe do thréigean sa Chúirt Chuarda.
23.—(1) Ní déanfar aon chúis aicsin um shuim shocruithe de bhreis ar thrí chéad púnt do scoilt ná do roinnt, i dtreo go mbeadh ina habhar do dhá aicsean deifriúla no níos mó, d'fhonn an aicsin sin do thabhairt laistigh de dhlighinse na Cúirte Cuarda agus, má deintear aon chúis aicsin do scoilt no do roinnt amhlaidh, ní bheidh imeachta ionsuidhte sa Chúirt Chuarda (ach amháin mar a húdaruítear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) alos aon choda den chúis aicsin sin.
(2) Féadfaidh duine ag á mbeidh cúis aicsin um shuim shocruithe de bhreis ar thrí chéad púnt imeacht amháin dar foras an chúis aicsin sin do bhunú sa Chúirt Chuarda maran mó ná trí chéad púnt an méid a bheidh á éileamh san imeacht san agus go ndéarfar i scríbhinn tionnscanta na himeachta san go dtréigeann an gearánaí léi sin gach éileamh dar foras an chúis aicsin sin agus ná fuil san imeacht san.
(3) Má dheineann an Chúirt, in aon imeacht den tsórt san a húdaruítear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, breithiúntas do thabhairt i bhfábhar an ghearánaí déarfaidh an Chúirt sa bhreithiúntas san an tsuim a moltar leis don ghearánaí do bheith ina lán-tsásamh i ngach éileamh go ndeirtear, do réir an fho-ailt sin, i scríbhinn tionnscanta na himeachta san go ndeineann an gearánaí léi sin é thréigean.
Ré bhreithiúntaisí na Cúirte Cuarda.
24.—Gach breithiúntas do thug an Chúirt Chuarda roimh an Acht so do rith no do bhéarfaidh dá éis sin in imeacht shíbhialta, leanfaidh agus, i gcás aon bhreithiúntais den tsórt san do tugadh roimh an Acht so do rith, tuigfear gur lean sé riamh de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht do bheith aige faid do leanfadh an breithiúntas san amhlaidh dá mba bhreithiúntas ón Ard-Chúirt é.
Deonadh ceadúnais nua do dhaingniú.
25.—Má dheonann an Chúirt Chuarda fé alt 50 den Phríomh-Acht ceadúnas nua chun deochanna meisciúla do dhíol chun iad d'ól san áitreabh, ansan, d'ainneoin éinní atá in achtachán ar bith, ní gá an ceadúnas san do dhaingniú ag aon tsuidhe ina dhiaidh sin den Chúirt Chuarda.
Alt 48 den Phríomh-Acht do leasú.
26.—Deintear leis seo alt 48 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “roimh an gcás d'éisteacht no tráth ar bith le linn a éisteachta” do chur, i mír (i) den alt san, in ionad na bhfocal “sara n-éistear an cás” atá anois sa mhír sin, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Alt 52 den Phríomh-Acht do leasú.
27.—D'ainneoin éinní atá i mír (vi) d'alt 52 den Phríomh-Acht, féadfar (mar is rogha leis an ngearánaí) aon aicsean, mar gheall ar thort, a bheidh laistigh de dhlighinse na Cúirte Cuarda do thabhairt os cóir an bhreithimh a luaidhtear sa mhír sin (vi) no os cóir an bhreithimh den Chúirt Chuarda bheidh dáilithe de thurus na huaire don chuaird ina ndeirtear do rinneadh an tort agus féadfaidh an breitheamh gur os a chóir do bhéarfar an t-aicsean san é d'éisteacht agus breith do thabhairt air.
CUID IV.
Athchomhairc i gcoinnibh na Cuirte Cuarda.
Tosach feidhme na Coda so den Acht so.
28.—Tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh pé dáta cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt chuige sin le hordú dhéanfa sé tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte.
“Cuaird Bhaile Atha Cliath.”
29.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “Cuaird Bhaile Atha Cliath” an chuaird a bheidh có-dhéanta de chontae Bhaile Atha Cliath agus de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath.
Athchomhairc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda i gcásanna um chúiteamh do lucht oibre.
30.—Ní bhainfidh éinní sa Chuid seo den Acht so le hathchomhairc i gcoinnibh breitheanna ón gCúirt Chuarda fén Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934), ná ní dhéanfaidh dochar ná deifir do sna forálacha den Acht san a bhaineann leis na hathchomhairc sin.
Breith na Cúirte Cuarda do bheith gan aon dul tháirsi i gcásanna áirithe.
31.—(1) D'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon bhreithiúntais do bhéarfaidh no orduithe dhéanfaidh an Chúirt Chuarda in aon aicsean no cúrsa síbhialta agus a bheidh gan aon dul thairis de bhuadh Achta den Oireachtas ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis sin, ná i gcoinnibh aon bhreithiúntais no orduithe ón gCúirt Chuarda ar n-a thabhairt no ar n-a dhéanamh ar achuinge chun na Cúirte Cuarda fé alt 6 den Labourers (Ireland) Act, 1906, no fén Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925).
(2) D'ainncoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon bhreithe do bhéarfaidh an Chúirt Chuarda ar athchomharc chun na Cúirte sin fé achtachán a bhaineann le cáin no diúité fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim, ach amháin pé athchomharc (más aon cheann é) (agus athchomharc i bhfuirm cáis aithriste d'áireamh) a luighfidh fé aon achtachán den tsórt san roimhráite bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so.
(3) D'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon bhreithe do bhéarfaidh an Chúirt Chuarda ar athchomharc chun na Cúirte sin fé sna hAchtanna Luachála ach, in ionad an athchomhairc sin, tiocfaidh an ceart chun cáis aithriste bronntar le hailt 10 agus 11 den Annual Revision of Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860, tiocfa sé, i dtosach feidhme na Coda so den Acht so, chun bheith agus beidh sé infheidhmithe agus, i dtosach na feidhme sin agus dá éis sin, beidh ag na hailt sin 10 agus 11 agus freisin ag alt 12 (go dtí sna focail “case under this Act”) den Acht chéanna, mar a hoiriúnuítear no a hatharuítear san le haon Acht no fé a ritheadh roimh an Acht so, lán-fheidhm agus lán-éifeacht gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfar tagairtí do chúirt shiosón generálta no cheathrúshiosón do léiriú mar thagairtí don Chúirt Chuarda, agus
(b) déanfar tagairtí don chathaoirleach ar chúirt shiosón generálta no cheathrú-shiosón do léiriú mar thagairtí don bhreitheamh den Chúirt Chuarda, agus
(c) déanfar tagairtí do chúirt árd-chéime dhlí do léiriú mar thagairtí don Ard-Chúirt, agus
(d) féadfar athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh breithe na hArd-Chúirte.
Bailte athchomhairc.
32.—(1) Is baile athchomhairc chun crícheanna na Coda so den Acht so gach cathair agus baile fé leith a luaidhtear sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an baile athchomhairc”, maidir le haon chontae no contae-bhuirg a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an chathair no an baile a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san os coinne luadh na contae no na contae-bhuirge sin.
Cuarda Ard-Chúirte.
33.—(1) I dtosach feidhme na Coda so den Acht so no roimhe sin déanfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú dhéanfa sé tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, na contaethe agus na contae-bhuirgí uile agus fé seach (seachas contae Bhaile Atha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) i Saorstát Éireann do ghrúpáil ina gCuarda Ard-Chúirte, pé Cuarda agus pé méid Cuarda is dóich leis is ceart.
(2) Tráth ar bith tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú dhéanfa sé tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte—
(a) líon na gCuarda Ard-Chúirte d'atharú agus na contaethe agus na contae-bhuirgí uile agus fé seach (seachas contae Bhaile Atha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) d'ath-roinnt ar na Cuarda Ard-Chúirte uile agus fé seach i pé slí is dóich leis is ceart ag féachaint don atharú san ar líon na gcuarda san, no
(b) pé atharú is dóich leis is ceart do dhéanamh ar roinnt na gcontaethe agus na gcontae-bhuirgí uile agus fé seach (seachas contae Bhaile Atha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) ar na Cuarda Ard-Chúirte gan líon na gcuarda san d'atharú.
(3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
An Ard-Chúirt ar Cuaird.
34.—(1) Dhá uair i ngach bliain suidhfidh an Ard-Chúirt i ngach contae agus contae-bhuirg (seachas contae Bhaile Atha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) i Saorstát Éireann chun athchomhairc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda d'éisteacht agus chun pé gnó eile do dhéanamh do bhéarfar os a cóir go dleathach, agus chuige sin déanfaidh breitheamh no breithiúin den Ard-Chúirt, ar na tráthanna ceapfar fén alt so, gach Cuaird Ard-Chúirte fé leith do thaisteal agus suidhe den Ard-Chúirt do chomóradh i ngach baile athchomhairc sa chuaird sin.
(2) Déanfar, agus deintear san Acht so, an Ard-Chúirt ar Cuaird do ghairm den Ard-Chúirt agus í ina suidhe i mbaile athchomhairc do réir an ailt seo, agus déanfar, agus deintear san Acht so, suidhcanna den Ard-Chúirt ar Cuaird do ghairm de sna suidheanna bheidh ag an Ard-Chúirt in aon bhaile athchomhairc den tsórt san do réir an ailt seo.
(3) Na suidheanna leath-bhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird sna Cuarda Ard-Chúirte fé seach beid, sa mhéid gur féidir é, ar siúl san am gcéanna sna Cuarda Ard-Chúirte uile, agus comórfar iad i gcionn tréimhsí aimsire bheidh chó comhgarach agus a bheidh caothúil do bheith ar aon-fhaid ag féachaint do sna cúrsaí uile, ach nuair a bheidh na tréimhsí sin á ndéanamh amach ní háirmheofar mí Lúnasa ná mí Meán Fhómhair.
(4) Cinnfidh an Prímh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte le chéile, maidir le gach suidhe leath-bhliantúil den Ard-Chúirt ar Cuaird, an méid breithiún a thaistealóidh agus a shuidhfidh ar gach Cuaird Ard-Chúirte fé leith chun crícheanna na suidheanna san agus fós an lá agus an uair a thosnóidh na suidheanna san i ngach baile athchomhairc fé leith ar gach Cuaird fé leith den tsórt san.
(5) Lasmuich de chás inar gá é de dheascaibh nithe gan coinne do thárlachtaint le linn na suidheanna leath-bhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird, ní suidhfidh an Ard-Chúirt chun crícheanna na suidheanna san an tráth céanna i níos mó ná aon bhaile athchomhaire amháin ar aon Chuaird Ard-Chúirte áirithe.
Breithiúin na hArd-Chúirte Cuaird.
35.—(1) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, taistealóidh agus suidhfidh Uachtarán na hArd-Chúirte mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar Cuaird, agus taistealóidh agus suidhfidh gach breitheamh eile den Ard-Chúirt mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar Cuaird nuair a iarrfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte air san do dhéanamh.
(2) Taistealóidh agus suidhfidh gach gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar Cuaird pé uair iarrfaidh an Prímh-Bhreitheamh air san do dhéanamh, agus beidh gach breitheamh den tsórt san, agus é ag taisteal agus ag suidhe amhlaidh, ina bhreitheamh bhreise den Ard-Chúirt.
(3) Tar éis don Phrímh-Bhreitheamh agus d'Uachtarán na hArd-Chúirte pé comhairle is dóich leo is ceart do ghlacadh leis na breithiúin le n-a mbainfidh an scéal, cinnfid, maidir le gach suidhe leath-bhliantúil den Ard-Chúirt ar Cuaird, cé hiad na breithiúin uile agus fé seach den Chúirt Uachtaraigh agus den Ard-Chúirt go n-iarrfar ortha taisteal agus suidhe chun crícheanna na suidheanna san agus cé hé an breitheamh áirithe no cé hiad na breithiúin áirithe thaistealóidh agus a shuidhfidh amhlaidh ar gach Cuaird Ard-Chúirte fé leith.
(4) Tráth ar bith le linn suidheanna leath-bhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird féadfaidh an Prímh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na breithiúin le n-a mbainfidh an scéal, pé ath-chóiriú, is gá no is oiriúnach de bhíthin nithe ná raibh coinne leo, do dhéanamh ar na breithiúin a bheidh ag taisteal agus ag suidhe chun crícheanna na suidheanna san agus ar a ndáiliú do Chuarda Ard-Chúirte áirithe.
Coimisinéirí den Ard-Chúirt ar Cuaird.
36.—(1) Pé uair, roimh shuidheanna no le linn suidheanna leath-bhliantúla den Ard-Chúirt ar Cuaird, is deimhin leis an Ard-Chomhairle, ar an bPrímh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte do phlé cúise leo, an méid breithiún den Chúirt Uachtaraigh agus den Ard-Chúirt a bheidh ar fáil chun taisteal agus suidhe chun crícheanna na suidheanna leath-bhliantúla san do bheith, no do bheith tar éis teacht chun bheith, nea-dhóthanach chun na gcrícheanna san, toisc réasúin ar bith, féadfar abhcóid a bheidh ag cleachtadh a ghairme agus seasamh dhá bhlian déag ar a laighead aige do cheapadh chun bheith ina Choimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird chun crícheanna na suidheanna leath-bhliantúla san.
(2) Le linn na suidheanna leath-bhliantúla no na coda bheidh gan teacht fós de sna suidheanna leath-bhliantúla (pe'ca aca é) den Ard-Chúirt ar Cuaird gur chun a gcrícheanna a bheidh sé ceaptha, beidh gach Coimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird ina bhreitheamh bhreise den Ard-Chúirt agus beidh sé i dteideal príbhléidí agus saoirsí breithimh den Ard-Chúirt ach ní shuidhfidh ná ní ghníomhóidh mar bhreitheamh den tsórt san ach amháin san Ard-Chúirt ar Cuaird.
(3) Taistealóidh agus suidhfidh gach Coimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird ar pé Cuaird Ard-Chúirte chinnfidh an Prímh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte.
(4) Gheobhaidh gach Coimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt le ceadú an Aire Airgid.
Athchomairc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda i gcásanna síbhialta a héistfear gan fianaise o bhéal.
37.—(1) Luighfidh athchomharc chun na hArd-Chúirte ina suidhe i mBaile Atha Cliath i gcoinnibh gach breithiúntais do bhéarfaidh no orduithe dhéanfaidh an Chúirt Chuarda (seachas breithiúntaisí agus orduithe go ndearbhuítear ina dtaobh leis an gCuid seo den Acht so ná luighfidh aon athchomharc ina gcoinnibh) in aon aicsean no cúrsa síbhialta nár tugadh aon fhianaise o bhéal le linn a éisteachta no chun breith do thabhairt air.
(2) Déanfaidh breitheamh amháin den Ard-Chúirt ag suidhe i mBaile Atha Cliath gach athchomharc fén alt so chun na hArd-Chúirte d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus isé slí ina n-éistfear san amhlaidh ná tré ath-éisteacht an aicsin no an chúrsa inar tugadh no ina ndearnadh an breithiúntas no an t-ordú is abhar don athchomharc san, ach ní déanfar, gan cead speisialta ón mbreitheamh a bheidh ag éisteacht an athchomhairc sin, aon fhianaise nár tugadh ná nár glacadh sa Chúirt Chuarda do thabhairt ná do ghlacadh le linn an athchomhairc sin d'éisteacht.
Athchomhairc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda i gcásanna ná fuil socrú eile déanta ina gcóir.
38.—(1) Luighfidh athchomharc i gcoinnibh gach breithiúntais no orduithe (seachas breithiúntaisí agus orduithe go ndearbhuítear ina dtaobh leis an gCuid seo den Acht so gan aon athchomharc do luighe ina gcoinnibh agus breithiúntaisí agus orduithe go ndeintear socrú eile maidir le hathchomhairc ina gcóir leis an gCuid seo den Acht so) ón gCúirt Chuarda in aicsean no i gcúrsa síbhialta—
(a) más breitheamh den Chúirt Chuarda bheidh de thurus na huaire dáilithe do Chuaird Bhaile Atha Cliath agus ina shuidhe inti do bhéarfaidh an breithiúntas san no dhéanfaidh an t-ordú san, chun na hArd-Chúirte ina suidhe i mBaile Atha Cliath, agus
(b) i ngach cás eile, chun na hArd-Chúirte ar Cuaird ina suidhe sa bhaile athchomhairc don chontae no don chontaebhuirg ina ndearnadh an t-aicsean no an cúrsa dar chríoch an breithiúntas no an t-ordú san d'éisteacht agus breith do thabhairt air.
(2) Déanfaidh breitheamh amháin den Ard-Chúirt gach athchomharc fén alt d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus isé slí ina n-éistfear san amhlaidh ná tré ath-éisteacht an aicsin no an chúrsa inar tugadh no ina ndearnadh an breithiúntas no an t-ordú is abhar don athchomharc san.
(3) An breitheamh a bheidh ag éisteacht athchomhairc fén alt so féadfaidh, más ceart san dar leis ar iarratas páirtí ar bith san athchomharc san, aon cheist dlí eireoidh san athchomharc san do chur fé bhráid na Cúirte Uachtaraighe i bhfuirm cháis aithriste chun na Cúirte Uachtaraighe do thabhairt breithe uirthi agus féadfaidh tabhairt a bhreithiúntais no a orduithe san athchomharc san do chur ar ath-ló go dtí go dtabharfar breith ar an gcás aithriste sin agus, go sonnrách, féadfaidh an tabhairt sin do chur ar ath-ló amhlaidh agus a shocrú gur i mBaile Atha Cliath a déanfar í agus an breithiúntas no an t-ordú san do thabhairt san áit sin tráth ar bith tar éis na breithe sin.
(4) I gcás athchomhairc fén alt so chun na hArd-Chúirte ar Cuaird féadfaidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an athchomhairc sin más oiriúnach leis é, tráth ar bith le linn an athchomhaire sin do bheith á éisteacht, éisteacht no aon chuid d'éisteacht an athchomhairc sin no tabhairt a bhreithiúntais no a orduithe san athchomharc san do chur go dtí aon bhaile athchomhairc eile sa Chuaird chéanna no go dtí Baile Atha Cliath agus, san áit sin, an t-athchomharc san no an chuid sin de d'éisteacht agus breith do thabhairt ar an gcéanna no an breithiúntas no an t-ordú san do thabhairt, pe'ca aca é.
Breitheanna do bhéarfar ar athchomhairc fén gCuid seo den Acht so do bheith gan aon dul thársa.
39.—An bhreith do bhéarfaidh an Ard-Chúirt no an Ard-Chúirt ar Cuaird ar athchomharc fén gCuid seo den Acht so ní bheidh aon dul tháirsi ná ní féadfar athchomharc do dhéanamh ina coinnibh.
Forálacha ilghnéitheacha maidir le hathchomhairc.
40.—Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach athchomharc fén gCuid seo den Acht so chun na hArd-Chúirte ina suidhe i mBaile Atha Cliath no chun na hArd-Chúirte ar Cuaird, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh aon athchomharc den tsórt san gan baint do bheith aige ach le cuid áirithe den bhreithiúntas no den ordú is abhar don athchomharc san;
(b) má bhíonn roinnt gearánaithe no roinnt cosantóirí ann, féadfaidh aon duine no daoine de sna gearánaithe no de sna cosantóirí sin (do réir mar bheidh) athchomharc do dhéanamh d'ainneoin an duine eile no na ndaoine eile de sna gearánaithe no de sna cosantóirí sin do dhiúltadh do bheith páirteach san athchomharc san;
(c) má bhíonn roinnt athchomharcach no roinnt freagarthóirí ann agus go n-éagfaidh duine no níos mó de sna hathchomharcaigh sin no de sna freagarthóirí sin ach ná héagfaidh gach duine acu sara mbeidh breith tugtha ar an athchomharc san, ní raghaidh an t-athchomharc san ar ceal de dheascaibh an duine no na ndaoine sin d'éag;
(d) gach fógra i scríbhinn do bhéarfaidh aon pháirtí sa chúis no sa chúrsa do pháirtí eile den tsórt san chun crícheanna na trialach no na héisteachta sa Chúirt Chuarda is leor é gan athnuachaint le haghaidh éisteachta an athchomhairc;
(e) an breitheamh a bheidh ag éisteacht an athchomhairc beidh lán-chomhachta aige maidir le gairmeacha, billí síbhialta, pléideála, fógraí, agus scríbhinní eile do leasú.
Gan cóiríocht tighe chúirte oiriúnach do bheith ar fáil.
41.—(1) Pé uair a thárlóidh, mar gheall ar réasún éigin sealadach, ná beidh cóiríocht tighe chúirte oiriúnach ar fáil i mbaile athchomhairc chun crícheanna suidhe áirithe den Ard-Chúirt ar Cuaird sa bhaile athchomhairc sin, féadfaidh an breitheamh no na breithiúin a bheidh dáilithe chun suidhe sa bhaile athchomhairc sin chun crícheanna an tsuidhe sin an suidhe sin do chur ar athló agus d'aistriú go dtí aon áit chaothúil eile (sa chontae chéanna no i gcontae eile) ina mbeidh cóiríocht tighe chúirte oiriúnach ar fáil, agus féadfaidh no féadfaid an suidhe sin do chur ar athló agus d'aistriú amhlaidh aon uair tar éis é theacht in eolas dó no dhóibh ná fuil no ná beidh an chóiríocht tighe chúirte sin ar fáil sa bhaile athchomhairc sin agus pe'ca bheidh an breitheamh no na breithiúin sin tar éis teacht isteach sa bhaile athchomhairc sin chun crícheanna an tsuidhe sin no ná beidh.
(2) Pé uair a thárlóidh, le linn suidhe den Ard-Chúirt ar Cuaird i mbaile athchomhairc, go scuirfidh cóiríocht tighe chúirte oiriúnach de bheith ar fáil sa bhaile athchomhairc sin chun crícheanna an tsuidhe sin no go dtiocfaidh an chóiríocht tighe chúirte bheidh ar fáil sa bhaile athchomhairc sin chun bheith, no go bhfaghfar í bheith, neamh-oiriúnach chun crícheanna an tsuidhe sin, féadfaidh an breitheamh no na breithiúin a bheidh ag suidhe sa bhaile athchomhairc sin chun crícheanna an tsuidhe sin an chuid eile den tsuidhe sin do chur ar athló agus d'aistriú go dtí aon áit chaothúil eile (sa chontae chéanna no i gcontae eile) ina mbeidh cóiríocht tighe chúirte oiriúnach ar fáil.
(3) Pé uair a déanfar suidhe no aon chuid de shuidhe den Ard-Chúirt ar Cuaird do chur ar athló agus d'aistriú o bhaile athchomhairc fén alt so tiocfaidh an áit chun a ndéanfar an suidhe sin no an chuid sin de shuidhe do chur ar ath-ló agus d'aistriú amhlaidh chun bheith agus beidh sé ina bhaile athchomhairc do réir bhrí an Achta so chun an tsuidhe sin no na coda san de shuidhe do chomóradh ann, agus comórfar an suidhe sin no an chuid sin de shuidhe san áit sin dá réir sin
Clárathóirí don Ard-Chúirt ar Cuaird.
42.—(1) I ngach contae agus contae-bhuirg (seachas contae Bhaile Atha Cliath agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath) gníomhóidh an clárathóir contae don chontae-bhuirg sin mar chlárathóir don Ard-Chúirt ar Cuaird agus í ina suidhe sa chontae no sa chontae-bhuirg sin, agus feidhmeoidh agus cólíonfaidh pé dualgaisí agus feidhmeanna eile maidir leis an gCúirt sin a bheidh dáilithe dhó le Rialacha Cúirte.
(2) Beidh sé dleathach don Aire Dlí agus Cirt, pé uair is dóich leis, tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, gur ceart san do dhéanamh, a ordú do dhuine no níos mó de sna hoifigigh a bheidh ag fónamh de thurus na huaire i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte taisteal go baile athchomhairc áirithe le haghaidh suidhe áirithe den Ard-Chúirt ar Cuaird sa bhaile athchomhairc sin agus na dualgaisí sin a luaidhtear chuige sin san alt so do chólíonadh ann.
(3) Beidh sé dleathach don Aire Dlí agus Cirt, pé uair is dóich leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPríomh-Bhreitheamh, gur ceart san do dhéanamh, a ordú do dhuine no níos mó de sna hoifigigh a bheidh ag fónamh de thurus na huaire in Oifig Chlárathóra na Cúirte Uachtaraighe taisteal go baile athchomhairc áirithe le haghaidh suidhe áirithe den Ard-Chúirt ar Cuaird sa bhaile athchomhairc sin agus na dualgaisí sin a luaidhtear chuige sin san alt so do chólíonadh ann.
(4) Gach oifigeach dá n-ordófar fén alt so taisteal go baile athchomhairc le haghaidh suidhe den Ard-Chúirt ar Cuaird taistealóidh go dtí an baile athchomhairc sin do réir na n-orduithe sin agus gníomhóidh ann mar chlárathóir (i dteanta an chlárathóra chontae) don Ard-Chúirt ar Cuaird le linn an tsuidhe sin den Chúirt sin agus beidh agus fanfaidh sa bhaile athchomhairc sin pé faid, roimh an suidhe sin agus le n-a linn agus dá éis, is gá chun a dhualgaisí mar chlárathóir den tsórt san do chólíonadh sa cheart.
(5) Gach oifigeach a thaistealóidh go baile athchomhairc agus fhanfaidh ann do réir an ailt seo gheobha sé, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé costaisí taistil agus liúntas cothuithe, mar gheall ar thaisteal agus fanúint amhlaidh, ordóidh an tAire Dlí agus Cirt o am go ham le ceadú an Aire Airgid.
Seirbhísigh bhreithiún den Ard-Chúirt ar Cuaird.
43.—Beidh ag gabháil le gach breitheamh a bheidh ag taisteal agus ag suidhe mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ar Cuaird, agus le gach Coimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird, seirbhíseach amháin chun pé dualgaisí do chólíonadh, maidir leis an mbreitheamh no leis an gcoimisinéir sin le linn dó bheith ag taisteal agus ag suidhe mar bhreitheamh no mar choimisinéir den tsórt san, a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt, agus isé an tAire sin a cheapfaidh gach seirbhíseach den tsórt san agus beidh sé i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coinníollacha agus gheobha sé, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair agus costaisí taistil a chinnfidh an tAire sin le ceadú an Aire Airgid.
Cóiríocht do chur ar fáil do bhreithiúin den Ard-Chúirt ar Cuaird.
44.—(1) Ar ócáid gach suidhe den Ard-Chúirt ar Cuaird i mbaile athchomhairc beidh sé de dhualgas ar an gclárathóir contae, gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin a bheidh an baile athchomhairc sin, socrú do dhéanamh chun lóistín, béilí, agus cóiríocht eile oiriúnach do chur ar fáil, do sna breithiúin (ar a n-áirmhítear coimisinéirí den Ard-Chúirt ar Cuaird) dá mbeidh an Chúirt sin có-dhéanta ag an suidhe sin agus do sna seirbhísigh a bheidh ag gabháil le gach breitheamh no coimisinéir fé leith den tsórt san, do réir na Coda so den Acht so faid a bheid fé seach sa bhaile athchomhairc sin chun crícheanna a ndualgas mar bhreithiúin, mar choimisinéirí no mar sheirbhísigh den tsórt san.
(2) Sa mhéid go gcinnfidh an tAire Dlí agus Cirt le ceadú an Aire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun cóiríocht do chur ar fáil do bhreithiúin (ar a n-áirmhítear coimisinéirí) den Ard-Chúirt ar Cuaird agus dá seirbhísigh do réir an ailt seo.
Athchomhairc ar feitheamh.
45.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hathchomhairc i gcoinnibh breithiúntaisí agus orduithe ón gCúirt Chuarda i gcásanna síbhialta bheidh tugtha no déanta roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—
(a) má rinneadh fógra athchomhairc i gcoinnibh an bhreithiúntais no an orduithe sin do sheirbheáil go dleathach roimh an tosach feidhme sin, déanfar, má thoilíonn gach páirtí chuige sin, an t-athchomharc i gcoinnibh an bhreithiúntais no an orduithe sin d'éisteacht agus breith do thabhairt air fén gCuid seo den Acht so agus dá réir, ach má bhíonn páirtí ar bith gan toiliú amhlaidh éistfear an t-athchomharc san agus bhéarfar breith air fé is ná beadh an Chuid seo den Acht so tar éis teacht i ngníomh;
(b) má deintear fógra athchomhairc i gcoinnibh an bhreithiúntais no an orduithe sin do sheirbheáil go dleathach tar éis an tosach feidhme sin, déanfar an t-athchomharc i gcoinnibh an bhreithiúntais no an orduithe sin d'éisteacht agus breith do thabhairt air fén gCuid seo den Acht so agus dá réir.
CUID V.
An Chuirt Duithche.
Breithiúin do dháiliú do dhúithchí.
46.—(1) Gach duine ceapfar chun bheith ina bhreitheamh den Chúirt Dúithche ceapfar é amhlaidh chun bheith ina bhreitheamh a bheidh dáilithe do dhúthaigh áirithe.
(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt aon bhreitheamh den Chúirt Dúithche d'aistriú tráth ar bith ón dúthaigh dá mbeidh sé dáilithe an tráth san chun dúithche eile má thoilíonn an breitheamh chuige sin ach ní hin aon chás eile, agus ar n-a aistriú amhlaidh tiocfaidh an breitheamh san chun bheith agus beidh sé dáilithe don dúthaigh eile sin in ionad na dúithche céad-luaidhtear.
(3) Ní bhainfidh éinní atá san alt so le daoine bheidh ceaptha fé alt 76 den Phríomh-Acht chun bheith ina mbreithiúin chonganta shealadacha den Chúirt Dúithche, no bheidh ceaptha fé alt 13 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), chun bheith ina mbreithiúin chonganta den Chúirt Dúithche.
Comhacht chun cur leis an aois chun dul as oifig i gcás breithiún i gceanntair Ghaelacha.
47.—(1) I gcás breitheamh den Chúirt Dúithche bheidh dáilithe do dhúthaigh ina bhfuil líomatáiste ina mbíonn an Ghaedhilg i ngnáth-úsáid do bheith i ngiorracht don aois chun dul as oifig a bhaineann leis de bhuadh ailt 72 den Phríomh-Acht agus an Ard-Chomhairle do bheith deimhnitheach go bhfuil oiread eolais ar an nGaedhilg ag an mbreitheamh san a chuireann ar a chumas déanamh in éamais conganta fir theangan nuair do bheirtear fianaise sa teangain sin agus ná fuil aon easláinte ná éalang chuirp ná aigne air do bhéarfadh ná beadh sé oiriúnach ar leanúint de dhualgaisí a oifige do chólíonadh go héifeachtúil, féadfaidh an Ard-Chomhairle, más dóich leo san do bheith ceart agus d'ainneoin éinní atá san alt san 72, féadfaid tré ordú do dhéanamh sara slánóidh an breitheamh san an aois sin, an breitheamh san do choimeád in oifig go ceann pé tréimhse (nach sia ná cúig bliana), ón uair a shlánóidh sé an aois sin, is dóich leo is ceart agus a luadhfaid san ordú san.
(2) I gcás breitheamh den Chúirt Dúithche do choimeád in oifig fén alt so go ceann tréimhse nach sia ná cúig bliana no go ceann dhá thréimhse no níos mó nach sia le chéile ná cúig bliana agus an Ard-Chomhairle do bheith deimhnitheach ná fuil aon easláinte ná éalang chuirp ná aigne ar an mbreitheamh san do bhéarfadh ná beadh sé oiriúnach ar dhualgaisí a oifige do chólíonadh go héifeachtúil, féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach leo é agus d'ainneoin éinní atá in alt 72 den Phríomh-Acht, féadfaid, tré ordú do dhéanamh roimh dhul in éag don tréimhse sin no don tréimhse dheiridh de sna tréimhsí sin (pe'ca aca é), an breitheamh san do choimeád in oifig go ceann pé tréimhse eile, ón dul in éag san, is dóich leo is ceart agus a luadhfaid san ordú san, ach gan níos mó ná cúig bliana ar fad do bheith i suim na dtréimhsí coimeádfar an breitheamh san in oifig fén alt so.
(3) I gcás breitheamh den Chuirt Dúithche do choimeád in oifig fén alt so leanfaidh na forálacha den Phríomh-Acht agus den Acht so, bhaineann le heirghe as, cur as oifig agus pinsean breithimh den Chúirt Dúithche, d'fheidhm do bheith acu maidir leis an mbreitheamh san ar feadh na tréimhse no na dtréimhsí coimeádfar in oifig amhlaidh é.
Cearta breithiún den Chúirt Dúithche chun pinsean.
48.—(1) Gach breitheamh den Chúirt Dúithche eireoidh as a oifig, no scarfaidh léi toisc cúise ar bith in aon tslí eile, tar éis an Achta so do rith agus go mbeidh triocha bliain no níos mó tugtha aige ar seirbhís beidh sé, fé réir forálacha an ailt seo, i dteideal pinsin le n-a bheo is có-mhéid le dhá dtrian den tuarastal a bheidh dó le linn dó eirghe as a oifig no scarúint léi amhlaidh.
(2) Gach breitheamh den Chúirt Dúithche scarfaidh le n-a oifig, tar éis an Achta so do rith, mar gheall ar aois no ar bhuan-laige agus go mbeidh deich mbliana no níos mó, ach níos lugha ná triocha bliain, tugtha aige ar seirbhís beidh sé, fé réir forálacha an ailt seo, i dteideal pinsin le n-a bheo a háirmheofar do réir na séú coda den tuarastal a bheidh dó le linn dó scarúint le n-a oifig amhlaidh maraon leis an dachadú cuid den tuarastal san aige in aghaidh gach bliana iomláin seirbhíse de bhreis ar dheich mbliana den tsórt san.
(3) Duine ar bith atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche féadfaidh, tré fhógra i scríbhinn do chur chun an Aire Airgid trí mhí ar a mhéid tar éis an Achta so do rith, a ghlacadh de roghain na cearta pinsin a bronntar le halt 75 den Phríomh-Acht do choinneáil, agus i gcás duine ar bith den tsórt san dá ghlacadh san de roghain, ní bhainfidh na fo-ailt sin roimhe seo den alt so leis agus, ina ionad san, leanfaidh an t-alt san 75 (d'ainneoin an ailt sin d'athghairm leis an Acht so) de bhaint leis an duine sin fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) beidh méid aon phinsin go dtiocfaidh duine chun bheith i dteideal chuige fén alt san 75 (mar a bheirtear feidhm dó amhlaidh) tar éis an Achta so do rith deich per cent. níos mó ná méid an phinsin chun a mbeadh teideal aige fén alt san 75 dá mba ná hachtófaí an t-alt so ach ní raghaidh méid an phinsin sin, de bhuadh an phercentáiste sin do chur leis, thar leath an tuarastail a bheidh don duine sin le linn dó scarúint le n-a oifig, agus
(b) chun crícheanna na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so tuigfear gur pinsean fén alt so pinsean is iníoctha fén alt san 75 mar a bheirtear feidhm dó leis an alt so agus beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha san dá réir sin.
(4) Breitheamh den Chúirt Dúithche ba Ghiúistís Dúithche tráth fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923), beidh sé i dteideal a sheirbhísí mar Ghiúistís Dúithche den tsórt san d'áireamh, chun crícheanna an ailt seo no chun crícheanna ailt 75 den Phríomh-Acht mar a bheirtear feidhm dó leis an Acht so, mar sheirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche, agus má scarann sé le n-a oifig mar bhreitheamh den tsórt san den Chúirt Dúithche mar gheall ar aois no ar bhuan-laige tar éis seirbhís is giorra ná fiche bliain (ar n-a háireamh mar adubhradh) do bheith tugtha aige tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, go dtug sé seirbhís san oifig sin aige ar feadh fiche blian.
(5) Má bhíonn duine bheidh ag fáil phinsin fén alt so ar fostú i bpost le n-a ngabhann luach saothair a híoctar as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, ansan—
(a) ní bheidh an pinsean san iníoctha in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san có-ionann le n-a luach saothair no níos mó ná a luach saothair san oifig do bhí aige roimhe sin agus gur ina taobh a bheidh sé i dteideal an phinsin sin, agus
(b) ní bheidh iníoctha den phinsean san, in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh luach saothair an duine sin sa phost san níos lugha ná a luach saothair san oifig sin do bhí aige roimhe sin, ach an méid a bheidh, i dteanta a luach saothair sa phost san, có-ionann le n-a luach saothair san oifig sin do bhí aige roimhe sin.
(6) Bainfidh an t-alt so agus tuigfear é do bhaint riamh le gach breitheamh den Chúirt Dúithche do bhí tráth ina Ghiúistís Dúithche fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923), agus do scar le n-a oifig mar gheall ar aois roimh an Acht so do rith, agus dá réir sin beidh teideal ag gach breitheamh den tsórt san agus tuigfear teideal do bheith riamh aige, ón dáta ar ar scar le n-a oifig amhlaidh, chun an phinsin sin chun a mbeadh teideal aige dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm an uair sin, ach beidh san fé réir pé coigeartú ordóidh an tAire Airgid maidir le pinsean, aisce agus liúntas do híocadh leis fé alt 75 den Phríomh-Acht roimh an Acht so do rith.
(7) Bainfidh alt 15 den Phríomh-Acht le pinsin is iníoctha fén alt so fé mar a bhaineann sé leis na pinsin a luaidhtear san alt san.
Breithiúin den Chúirt Dúithche do chur as oifig, etc.
49.—(1) Beidh an Prímh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, agus an Príomh-Atúrnae ina gcoiste chomhairlitheach chun crícheanna an ailt seo, agus ag gníomhú mar choiste den tsórt san dóibh beidh lán-chomhacht acu chun fiosrú agus iniúchadh do dhéanamh i pé slí is dóich leo is ceart, pe'ca tré fhínnéithe do cheistniú no ar shlí eile é, mar gheall ar aon nithe cuirfear fé n-a mbráid fén alt so no go n-údaruítear dóibh leis an alt so gníomh do dhéanamh ina dtaobh.
(2) Isé Clárathóir na Cúirte Uachtaraighe ghníomhóidh mar rúnaí don choiste chomhairlitheach san.
(3) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt no ball ar bith den choiste chomhairlitheach san ceachtar ní acu so leanas, maidir le haon bhreitheamh áirithe den Chúirt Dúithche, do chur fé bhráid an choiste chomhairlithigh sin tráth ar bith, sé sin le rá:—
(a) oiriúnacht an bhreithimh sin, ag féachaint do staid sláinte a chuirp no a aigne, chun leanúint de bheith i seilbh a oifige, no
(b) iompar an bhreithimh sin (pe'ca i bhfeidhmiú dualgas a oifige no ar shlí eile é) i gcoitinne no ar ócáid áirithe.
(4) Iniúchfaidh an coiste comhairlitheach san gach ní cuirfear fé n-a mbráid fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus—
(a) másé ní é sin ná oiriúnacht bhreithimh den Chúirt Dúithche, ag féachaint do staid sláinte a chuirp no a aigne, chun leanúint de bheith i seilbh a oifige, déanfaidh an coiste comhairlitheach san (do réir mar a mheasfaid no mar a mheasfaidh móráireamh díobh do bheith ceart) a chinneadh nách ceart aon ghníomh do dhéanamh i dtaobh an ní sin no a chinneadh go bhfuil an breitheamh san neamh-oiriúnach mar adubhradh chun leanúint de bheith i seilbh a oifige, no
(b) másé ní é sin ná iompar breithimh den Chúirt Dúithche, déanfaidh an coiste comhairlitheach san (do réir mar a mheasfaid no mar a mheasfaidh móráireamh díobh do bheith ceart) a chinneadh nách ceart aon ghníomh do dhéanamh i dtaobh an ní sin, no a chinneadh go bhfuil an t-iompar san ina mhí-ghníomhacht in oifig no go bhfuil sé ina mhí-iompar agus (i gceachtar cás) go bhfuil an breitheamh san neamh-oiriúnach, de dheascaibh an iompair sin, chun leanúint de bheith i seilbh a oifige.
(5) Pé uair a chinnfidh an coiste comhairlitheach san fén alt so go bhfuil breitheamh den Chúirt Dúithche neamh-oiriúnach chun leanúint de bheith i seilbh a oifige, cuirfidh an coiste comhairlitheach san le chéile agus seolfaid chun na hArd-Chomhairle tuarasgabháil ar an gcinneadh sin uatha (ina ndéarfar cadé an saghas an neamhoiriúnacht san), agus ar fháil na tuarasgabhála san dóibh—
(a) másé déarfar sa tuarasgabháil sin is saghas na neamh oiriúnachta san ná laige aigne no chuirp féadfaidh an Ard-Chomhairle, más ceart san dar leo, caoi do thabhairt don bhreitheamh san ar scarúint le n-a oifig mar gheall ar an laige sin agus, mara ndeine sé no maran féidir leis feidhm do bhaint as an gcaoi sin, an breitheamh san do chur as oifig mar gheall ar an laige sin, no
(b) másé déarfar sa tuarasgabháil sin is saghas na neamh-oiriúnachta san ná mí-ghníomhacht in oifig no mí-iompar féadfaidh an Ard-Chomhairle, más ceart san dar leo, caoi do thabhairt don bhreitheamh san ar scarúint le n-a oifig agus, mara ndeine sé feidhm do bhaint as an gcaoi sin, é do chur as oifig mar gheall ar an mí-ghníomhacht san in oifig no an mí-iompar san, do réir mar bheidh.
(6) Pé uair a chuirfidh an Ard-Chomhairle breitheamh den Chúirt Dúithche as oifig fén alt so mar gheall ar laige aigne no chuirp tuigfear, chun crícheanna pinsin, gur scar sé le n-a oifig mar gheall ar bhuan-laige.
(7) Ní caithfear amhrus ar aon chinneadh ná tuarasgabháil ón gcoiste comhairlitheach san fén alt so ná ní bunófar imeachta in aon Chúirt mar gheall air.
(8) San alt so foluíonn an abairt “breitheamh den Chúirt Dúithche” breitheamh conganta bheidh ceaptha fé alt 13 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), ach ní fholuíonn sí duine bheidh ceaptha fé alt 76 den Phríomh-Acht chun bheith ina bhreitheamh chonganta shealadach den Chúirt Dúithche ná duine bheidh ceaptha fén gCuid seo den Acht so chun gníomhú go sealadach mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche.
Tuarastal breithimh chonganta den Chúirt Dúithche.
50.—(1) I gcás breitheamh conganta den Chúirt Dúithche ar n-a cheapadh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé alt 13 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), do chríochnú seirbhíse cúig mblian mar bhreitheamh chonganta den tsórt san, tiocfaidh an tuarastal d'ocht gcéad púnt per annum atá no a bheidh sé i dteideal d'fháil fé fho-alt (4) den alt san 13 chun bheith, agus beidh sé, méaduithe agus san ar an 1adh lá d'Abrán, 1936, no ar dháta an chríochnuithe sin (pe'ca aca is déanaí), agus as san amach, go dtí naoi gcéad púnt per annum.
(2) I gcás aon bhreitheamh conganta den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do chríochnú seirbhíse deich mblian mar bhreitheamh chonganta den tsórt san, tiocfaidh an tuarastal méaduithe de naoi gcéad púnt per annum a bheidh sé i dteideal d'fháil, de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo chun bheith, agus beidh sé, méaduithe a thuilleadh go dtí naoi gcéad agus caoga púnt per annum.
(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc an tuarastail uile is iníoctha le breitheamh conganta de bhuadh an ailt seo.
Daoine do cheapadh chun gníomhú go sealadach mar bhreithiúin bhreise den Chúirt Dúithche.
51.—(1) Pé uair a chífear don Ard-Chomhairle gur gá, toisc breitheamh den Chúirt Dúithche do bheith as láthair go sealadach o dhiúité mar gheall ar chúis ar bith no toisc méadú nea-ghnáthach agus sealadach do bheith ar ghnó na Cúirte Dúithche in aon dúthaigh no toisc aon chúise eile, líon breithiún na Cúirte Dúithche do mhéadú go sealadach chun gan leigint d'obair na Cúirte Dúithche dul i ndiaidh láimhe go generálta no in aon dúthaigh no dúithchí áirithe, féadfar duine no daoine, dhíobh san is abhcóidí no atúrnaethe ag cleachtadh a ngairme agus seasamh sé mblian ar a laighead acu ar dháta an cheaptha, do cheapadh chun gníomhú mar bhreitheamh no mar bhreithiúin den Chúirt Dúithche i rith pé tréimhse is ceart dar leis an Ard-Chomhairle maidir le gach duine fé leith acu san.
(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche do dháiliú, i rith na tréimhse gur ina haghaidh a ceapfar é amhlaidh, do dhúthaigh ar bith o am go ham fé mar is gá é, agus beidh ag gach duine den tsórt san faid a bheidh sé dáilithe amhlaidh do dhúthaigh, beidh aige, maidir leis an dúthaigh sin agus i gcó-aimsir leis an mbreitheamh a bheidh dáilithe go buan don dúthaigh sin, gach príbhléid, comhacht, agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no curtha do réir dlí ar an mbreitheamh a bheidh dáilithe go buan don dúthaigh sin.
(3) Gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche déanfar, i gcaitheamh na tréimhse gur ina haghaidh a ceapfar é amhlaidh, an luach saothair sin d'íoc leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt le ceadú an Aire Airgid.
(4) Gach duine do ceapadh fé alt 76 den Phríomh-Acht chun bheith ina bhreitheamh chonganta shealadach den Chúirt Dúithche agus atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifige fén gceapadh san leanfa sé de bheith i seilbh na hoifige sin ar feadh ré an cheaptha san i ngach slí fé is dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm ar dháta an cheaptha san agus gur fé a déanfaí an ceapadh san.
Alt 77 den Phríomh-Acht do leasú.
52.—Leasuítear leis seo mír A d'alt 77 den Phríomh-Acht tré chlás nua mar leanas do chur isteach i ndeireadh na míre sin, sé sin le rá:—
“ (v) in imeachta bhunóidh comhairle chontae, chontaebhuirge no bhuirge eile, no bhailecheanntair, no bhunóidh coimisinéirí baile no bord coimeádaithe iascaigh no bord dréineála ar n-a chó-dhéanamh fé sna Drainage Improvement of Land (Ireland) Acts, 1863 to 1892, chun aon tsuim nach mó ná cúig púint fhichead, alos rátaí bheidh dlite don chomhairle no do sna coimisinéirí no don bhord san, do bhaint amach.”
Alt 79 den Phríomh-Acht do leasú.
53.—D'ainneoin éinní atá in alt 79 den Phríomh-Acht—
(a) féadfar (mar is rogha leis an ngearánaí) aon imeachta síbhialta, mar gheall ar chonnradh, a bheidh laistigh de dhlighinse na Cúirte Dúithche do thabhairt os cóir an bhreithimh a luaidhtear chuige sin san alt san 79 no os cóir an bhreithimh a bheidh dáilithe de thurus na huaire don dúthaigh ina ndeirtear do rinneadh an connradh agus féadfaidh an breitheamh gur os a chóir do bhéarfar na himeachta san iad d'éisteacht agus breith do thabhairt ortha, agus
(b) féadfar (mar is rogha leis an ngearánaí) aon imeachta síbhialta, mar gheall ar thort, a bheidh laistigh de dhlighinse na Cúirte Dúithche do thabhairt os cóir an bhreithimh a luaidhtear chuige sin san alt san 79 no os cóir an bhreithimh a bheidh dáilithe de thurus na huaire don dúthaigh ina ndeirtear do rinneadh an tort agus féadfaidh an breitheamh gur os a chóir do bhéarfar na himeachta san iad d'éisteacht agus breith do thabhairt ortha, agus
(c) féadfar (mar is rogha leis an ngearánaí) aon imeachta síbhialta um dhí-shealbhú a bheidh laistigh de dhlighinse na Cúirte Dúithche do thabhairt os cóir an bhreithimh a luaidhtear chuige sin san alt san 79 no os cóir an bhreithimh a bheidh dáilithe de thurus na huaire don dúthaigh ina bhfuil na tailte is abhar do sna himeachta san agus féadfaidh an breitheamh gur os a chóir do bhéarfar na himeachta san iad d'éisteacht agus breith do thabhairt ortha.
Breitheamh den Chúirt Dúithche do ghníomhú thar ceann breithimh eile ar eisean dá iarraidh sin.
54.—(1) I gcás breitheamh den Chúirt Dúithche bheidh dáilithe do dhúthaigh áirithe dá iarraidh ar bhreitheamh eile den Chúirt Dúithche feidhmiú do dhéanamh, ar feadh pé tréimhse nách sia ná seacht lá luadhfaidh an breitheamh san a céad-luaidhtear, ar na príbhléidí, na comhachta agus na dualgaisí bheidh bronnta de thurus na huaire do réir dlí ar an mbreitheamh san a céadluaidhtear maidir leis an dúthaigh sin, féadfaidh an breitheamh eile sin, i dteanta feidhmiú do dhéanamh ar na príbhléidí, na comhachta, agus na dualgaisí bheidh bronnta air do réir dlí maidir leis an dúthaigh dá mbeidh sé dáilithe de thurus na huaire, feidhmiú do dhéanamh ar feadh na tréimhse sin ar na príbhléidí, na comhachta, agus na dualgaisí bheidh bronnta de thurus na huaire do réir dlí ar an mbreitheamh san a céad-luaidhtear maidir leis an dúthaigh sin a céad-luaidhtear.
(2) Is i dteanta agus ní hin ionad forálacha ailt 15 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), atá forálacha an ailt seo.
Comhacht don Chúirt Chuarda chun duine do shaoradh o bhannaí.
55.—Pé uair a dhéanfaidh an Chúirt Dúithche ordú á cheangal ar dhuine bheith síochánta no deigh-iompartha no síochánta agus deigh-iompartha agus fós dul fé bhannaí chuige sin, féadfaidh an duine sin, aon uair laistigh de mhí tar éis dó dul fé sna bannaí sin do réir an orduithe sin agus ar fhógra seacht lá do thabhairt don oifigeach den Ghárda Síochána bheidh i bhfeighil an cheanntair ina gcomhnuíonn an duine sin, a iarraidh, ar an slí achmair, ar an mbreitheamh den Chúirt Chuarda, gur laistigh dá chuaird atá an tigh cúirte ina ndearnadh an t-ordú san, é shaoradh o sna hoblagáidí do cuireadh air leis an ordú san agus leis na bannaí sin fé seach, agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an breitheamh san, más ceart san dar leis, an duine sin do shaoradh o sna hoblagáidí sin no gach ceann no aon cheann de sna hoblagáidí sin do mhaolú ar pé slí is dóich leis an mbreithcamh san is ceart, agus féadfaidh an saoradh no an maolú san do dhéanamh gan coinníoll no fé réir choinníollacha agus, go sonnrách, fé réir an duine sin do dhul fé bhannaí nua sa Chúirt Dúithche in ionad na gcéad bhannaí sin a luaidhtear.
Alt 83 den Phríomh-Acht do leasú.
56.—D'ainneoin éinní atá in alt 83 den Phríomh-Acht luighfidh athchomharc, le cead na hArd-Chúirte, chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh gach cinnte (do bhéarfar ar dháta no tar éis dáta an Achta so do rith) ón Ard-Chúirt ar cheist dlí do cuireadh fé bhráid na hArd-Chúirte fén alt san.
Alt 84 den Phríomh-Acht do leasú.
57.—Leasuítear leis seo alt 84 den Príomh-Acht tré sna focail “'na bhfuil an tigh cúirte inar tugadh an bhreith sin” do chur in ionad na bhfocal “'na luigheann dúthaigh no aon chuid de dhúthaigh an bhreithimh” atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
58.—Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 18 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928), tré sna focail “atá an tigh cúirte ina ndearnadh an t-ordú san” do chur in ionad na bhfocal “a luigheann dúthaigh no aon chuid de dhúthaigh an bhreithimh chúirte dúithche sin” atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Athchomhairc i gcásanna ceadúnúcháin agus clubanna.
59.—Gach athchomharc a luigheann chun na Cúirte Cuarda i gcoinnibh orduithe ón gCúirt Dúithche i gcás coiriúil fé sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1927, no fé Achtanna Clárú na gClub, 1904 go 1927, luighfidh, d'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile agus, go sonnrách, d'ainneoin éinní atá in alt 18 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1928 (Uimh. 15 de 1928), mar a leasuítear san leis an Acht so, chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda gur laistigh dá chuaird atá an t-áitreabh ceadúnuithe no an club-áitreabh ina ndearnadh no gur ina thaobh do rinneadh an cionta dob abhar don ordú san no le n-a mbaineann an t-ordú san ar shlí eile.
Comhacht chun imeachta thar dlighinse do bhualadh amach go gcostaisí.
60.—Má bunuítear imeacht shíbhialta sa Chúirt Dúithche ná beidh dlighinse ag an gCúirt sin chun í d'éisteacht agus chun breith do thabhairt uirthi, ordóidh an breitheamh, chó luath agus is léir an t-easnamh dlighinse sin do bheith ann, an imeacht san do bhualadh amach agus féadfaidh, más ceart san dar leis, ordú do dhéanamh ag moladh na gcostaisí sin don chosantóir fhéadfadh an chúirt a mholadh dá mbeadh dlighinse aici chun na himeachta san do thriail agus breith do thabhairt uirthi agus dá mba ná tiocfadh an gearánaí i láthair no go dtiocfadh sé i láthair agus go dteipfeadh air a éileamh do chruthú.
Ré aithne no chaitheamhamach ón gCúirt Dúithche.
61.—Gach aithne agus gach caitheamh-amach do rinne an Chúirt Dúithche roimh an Acht so do rith no dhéanfaidh dá éis sin in imeacht shíbhialta, leanfaidh agus, i gcás gach aithne no caitheamh-amach den tsórt san do rinneadh roimh an Acht so do rith, tuigfear é do leanúint riamh de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht do bheith aige faid do leanfadh an aithne no an caitheamh-amach san amhlaidh dá mba bhreithiúntas ón Ard-Chúirt é.
Comhacht don Phríomh-Atúrnae chun duine do chur ar aghaidh chun a thrialta.
62.—(1) Má bheirtear duine os cóir breithimh den Chúirt Dúithche agus é cúisithe i gcoir indíoltálta agus ná féadfaidh an breitheamh san go dleathach deighleáil ar an slí achmair leis an gcúis sin no ná déanfaidh amhlaidh, agus go ndiúltóidh an breitheamh san d'fhaisnéisí do ghlacadh maidir leis an gcúis sin no don duine sin do chur ar aghaidh chun a thrialta sa chúis sin, ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh sé dleathach don Phríomh-Atúrnae a ordú an duine sin do chur ar aghaidh chun a thrialta chun Cúirte áirithe chun a bhféadfadh an breitheamh san go dleathach an duine sin do chur amhlaidh.
(2) Pé uair ordóidh an Príomh-Atúrnae fén alt so duine do chur ar aghaidh chun a thrialta chun aon Chúirte áirithe in aon chúis áirithe, cuirfidh an Príomh-Atúrnae fé ndéar an t-ordú san do chur in úil don chléireach chúirte dúithche don líomatáiste chúirte dúithche in ar tugadh an duine sin os cóir na Cúirte Dúithche mar gheall ar an gcúis sin, agus leis sin oibreoidh an t-ordú san agus beidh éifeacht aige díreach ar nós orduithe Bhreithimh den Chúirt Dúithche á ordú an duine sin do chur ar aghaidh chun a thrialta chun na Cúirte sin sa chúis sin, agus gach duine le n-a mbaineann gníomhóidh dá réir sin.
(3) Nuair a déanfar ordú ón bPríomh-Atúrnae fén alt so do chur in úil don chléireach chúirte dúithche do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, cuirfidh an cléireach cúirte dúithche sin fé ndeár fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an té gur le n-a thriail a bhaineann an t-ordú san, fógra á rá gur orduigh an Príomh-Atúrnae fén alt so an duine sin do chur ar aghaidh chun a thrialta chun Cúirte áirithe (a luadhfar sa bhfógra san) i gcúis áirithe (a luadhfar amhlaidh) agus go gceangailtear ar an duine sin teacht i láthair na Cúirte sin in am agus in áit áirithe agus a thriail sa chúis sin do sheasamh san áit sin.
(4) Má theipeann ar dhuine ar a seirbheálfar fógra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so teacht i láthair na Cúirte san am agus san áit a luaidhtear sa bhfógra san, ansan, ar n-a chruthú gur seirbhcáladh an fógra san ar an duine sin seacht lá glan ar a laighead roimh an lá ceangailtear air leis an bhfógra san teacht i láthair na Cúirte sin agus gur seirbheáladh ar an duine sin cóipeanna de sna teastaíochtaí bhaineann leis an gcás agus mioninnste i dtaobh na fianaise breise go léir a bheidh beartuithe ag an lucht cúisimh a thabhairt ar áird le linn triail an duine sin, beidh sé dleathach don Chúirt sin barántas bínse do thabhairt amach chun an duine sin do ghabháil agus chun an duine sin do thabhairt os cóir na Cúirte sin i gcoimeád.
Fínnéithe do theacht i láthair i gcásanna síbhialta.
63.—Beidh ag breitheamh den Chúirt Dúithche agus é ag feidhmiú a dhlighinse i gcásanna síbhialta na comhachta céanna chun a chur fhiachaint ar fhínnéithe teacht i láthair sa Chúirt Dúithche atá dílsithe ann agus é ag feidhmiú a dhlighinse i gcásanna coiriúla.
Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath agus dúthaigh Bhaile Atha Cliath.
64.—(1) San alt so—
cialluíonn an focal “achtachán” achtachán atá i Reacht Bhriotáineach no in Acht den Oireachtas.
(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, más dóich leis agus nuair is dóich leis san do bheith ceart, a dhearbhú le hordú go ndéanfar ar lá áirithe agus ón lá san amach (dá ngairmtear an lá ceaptha san alt so) Dúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath do thabhairt mar ainm agus mar theideal ar dhúthaigh áirithe a hordófar fé alt 68 den Phríomh-Acht no fé fho-alt (3) d'alt 47 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926).
(3) Má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt ordú den tsórt a húdaruítear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas ar an lá ceaptha agus ón lá san amach, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh an tAire sin le hordú, aon tráth no tráthanna, an teideal “Dúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath” d'aistriú agus do chur ar aon dúthaigh eile a hordófar fén alt san 68 no fén alt san 47 agus a bheidh deifriúil ar fad no go leathrannach leis an dúthaigh ar a raibh an teideal san roimhe sin;
(b) an méid sin d'aon Acht den Oireachtas le n-a gceangailtear, go follus no go foluitheach, go mbeidh ceann de sna dúithchí a hordófar amhlaidh mar adubhradh códhéanta de líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath no go mbeidh an líomatáiste sin ina chuid di no go gceapfar a theoranta do réir teoranta an líomatáiste sin, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige;
(c) déanfar gach tagairt atá in alt 72 no in alt 74 den Phríomh-Acht do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear anois Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath) do léiriú mar thagairt do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath agus beidh éifeacht ag na hailt sin dá réir sin;
(d) gach achtachán a bheidh, an lá roimh an lá ceaptha, i bhfeidhm i Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath agus i mbaint leis agus ná beidh i bhfeidhm in aon pháirt eile de Shaorstát Éireann ná i mbaint léi scuirfe sé, an lá ceaptha agus dá éis sin, de bhaint le Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath agus ina ionad san beidh sé i bhfeidhm i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath agus i mbaint léi, agus déanfar gach tagairt atá in aon achtachán den tsórt san do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath no do Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath do léiriú mar thagairt do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath;
(e) gach achtachán a bheidh, an lá roimh an lá ceaptha, i bhfeidhm in iomlán agus i mbaint le hiomlán Shaorstáit Éireann ach amháin Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath beidh sé, an lá ceaptha agus dá éis sin, i bhfeidhm in iomlán agus i mbaint le hiomlán Shaorstáit Éireann ach amháin Dúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, agus déanfar gach tagairt atá in aon achtachán den tsórt san do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath no do Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath do léiriú mar thagairt do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath;
(f) ní oibreoidh éinní i gceachtar den dá mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so chun aon achtachán no aon fhoráil in aon achtachán do choimeád i bhfeidhm tar éis an ama do scuirfeadh an t-achtachán no an fhoráil sin de bheith i bhfeidhm dá mba ná hachtófaí an t-alt so.
CUID VI.
Rialacha Cuirte.
Comhacht don Aire Dlí agus Cirt chun táillí cúirte d'ordú.
65.—(1) Beidh sé dleathach don Aire Dlí agus Cirt, le hordú ar n-a dhéanamh le toiliú an Aire Airgid, a ordú cadiad na táillí bheidh le héileamh sna hoifigí uile agus fé seach ar n-a mbunú leis an Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926), mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin (ar a n-áirmhítear an tAcht so), agus cé hiad na daoine íocfaidh agus cadiad na hócáidí ar a n-íocfar na táillí sin agus cé hiad na hoifigigh a bhaileoidh agus cadé an tslí ina mbaileofar na táillí sin agus iad san uile d'atharú no d'athchóiriú ar shlí eile o am go ham fé mar is gá é.
(2) Féadfar le hordú dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt fén alt so a fhoráil go mbeidh iníoctha i bhfuirm táillí cúirte, i ngach bliain airgeadais a thosnóidh tar éis an orduithe sin do dhéanamh, percentáiste den ioncum bhliantúil a thiocfaidh sa bhliain sin as maoin gach duine nach slán meabhair agus gach mion-aoisigh fén dlighinse do haistríodh le fo-alt (1) d'alt 19 den Phríomh-Acht chun an Phrímh-Bhreithimh, agus féadfar leis an ordú san méid an phercentáiste sin, modh a áirmhithe, a bhailithe, agus a churtha de láimh agus, má meastar san do bheith oiriúnach, saoirsí generálta no speisialta ón gcéanna d'ordú agus, o am go ham, d'atharú agus féadfar, maidir le maoin daoine nach slán meabhair, an t-ordú san do dhéanamh i bhfuirm atharuithe no leathnuithe ar gach ceann no aon cheann d'fhorálacha alt 109 go 114 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, no in ionad gach ceann no aon cheann de sna forálacha san.
(3) Mara n-orduítear agus go dtí go n-ordófar le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so cadiad na táillí bheidh le héileamh in aon oifig ar n-a bunú leis an Acht Oifigigh Cúirte, 1926, mar a leasuí tear san le hachtacháin ina dhiaidh sin (ar a n-áirmhítear an tAcht so), éileofar san oifig sin na táillí do bhí inéilithe inti díreach roimh an Acht so do rith, agus íocfar na táillí sin uile ag na daoine agus ar na hócáidí agus baileofar iad ag na hoifigigh agus ar an slí ag á raibh agus ar a raibh na táillí sin iníoctha agus ionbhailithe díreach roimh an Acht so do rith.
(4) Na táillí uile baileofar fén alt so no fé ordú ar n-a dhéanamh fén alt so déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.
(5) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le táillí ar bith is inéilithe fén alt so no fé ordú ar n-a dhéanamh fén alt so.
Táillí fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891.
66.—(1) An chomhacht a bronntar le halt 8 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, ar an mBreitheamh Talmhan chun táillí do cheapadh le ceadú an Tiarna Seansailéir agus le toiliú an Chisteáin ní bheidh sé infheidhmithe, o am an Achta so do rith, ach ag an Aire Dlí agus Cirt le toiliú an Aire Airgid, agus an chomhacht a bronntar leis an alt san chun na dtáillí sin d'atharú is sa tslí chéanna san a bheidh sí infheidhmithe ón am san.
(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt san 8 don Land Judge (sa dara háit ina bhfuil an abairt sin sa bhfo-alt san) léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don Aire Dlí agus Cirt.
Coiste Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime.
67.—(1) Bunófar agus bunuítear leis seo coiste ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so, Coiste Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime chun na bhfeidhmeanna dáilítear dóibh leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.
(2) Ceithre baill ex-officio agus sé baill ainmnithe bheidh ar Choiste Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime.
(3) Isiad a bheidh ina mbaill ex-officio den choiste sin ná—
(a) an Prímh-Bhreitheamh, agus isé sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste sin;
(b) Uachtarán na hArd-Chúirte, agus isé sin a bheidh ina leaschathaoirleach ar an gcoiste sin;
(c) Uachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann;
(d) Máistir na hArd-Chúirte.
(4) Beidh beirt de bhaill ainmnithe an choiste sin ina ngnáthbhreithiúin den Chúirt Uachtaraigh agus (nuair is mó ná beirt líon na ngnáth-bhreithiún san) isé an Prímh-Bhreitheamh ainmneoidh iad, agus beidh beirt de sna baill ainmnithe sin ina ngnáth-bhreithiúin den Ard-Chúirt ar n-a n-ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chúirte.
(5) Beidh beirt de bhaill ainmnithe an choiste sin ina n-abhcóidí ag cleachtadh a ngairme ar n-a n-ainmniú ag Comhairle Abhcóidí Shaorstáit Éireann agus beidh duine den bheirt sin ina Abhcóide Sinsearach agus an duine eile ina Abhcóide Sóisearach.
(6) Beidh gach ball ainmnithe den choiste sin i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann cúig mblian o dháta a ainmnithe mara dtárlóidh dó roimhe sin é d'éag no d'eirghe as no é do scur de bheith (do réir mar bheidh) ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh no ina ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt no ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme no (i gcás an Abhcóide Shóisearaigh) ina Abhcóide Shóisearach.
(7) Ball ainmnithe den choiste sin go raghaidh a bhallraíocht ar ceal tré imeacht aimsire beidh sé ion-athainmnithe.
(8) Isé Clárathóir na Cúirte Uachtaraighe bheidh ina rúnaí don choiste sin.
(9) Sé baill is quorum don choiste sin.
(10) Féadfaidh an coiste sin gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc a chuid ball.
Údaráis déanta rialacha fé alt 36 den Phríomh-Acht.
68.—(1) An chomhacht a bronntar le halt 36 den Phríomh-Acht chun rialacha cúirte do dhéanamh, do chur ar nea-mbrí, no d'atharú agus rialacha nua do dhéanamh scuirfidh, o am an Achta so do rith, de bheith infheidhmithe ag an Aire Dlí agus Cirt agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh an chomhacht san, fé réir na bhforálacha den Acht so i dtaobh na dtáillí is inéilithe in oifigí cúirte agus gan dochar do sna forálacha san, infheidhmithe ag Coiste Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime le haontú an Aire Dlí agus Cirt.
(2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) d'alt 12 den Acht um Shúncáil Cheaduithe, 1933 (Uimh. 34 de 1933), don Choiste luaidhtear in alt 36 den Phríomh-Acht léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt do Choiste Rialacha na gCúirteanna Ard-Chéime.
Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda.
69.—(1) Bunófar agus bunuítear leis seo coiste ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so, Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda chun na bhfeidhmeanna dáilítear dóibh leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.
(2) Dhá bhall ex-officio agus sé baill ainmnithe bheidh ar Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda.
(3) Isiad a bheidh ina mbaill ex-officio den choiste sin ná—
(a) an breitheamh no (má bhíonn níos mó ná breitheamh amháin ann) an breitheamh sinsearach de sna breithiúin den Chúirt Chuarda bheidh dáilithe de thurus na huaire don Chuaird ina bhfuil contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus isé sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste sin;
(b) an clárathóir contae do chontae agus do chathair Bhaile Atha Cliath, agus isé sin a bheidh ina rúnaí don choiste sin.
(4) Beidh beirt de bhaill ainmnithe an choiste sin ina mbreithiúin den Chúirt Chuarda ar n-a n-ainmniú ag breithiúin na Cúirte Cuarda, agus beidh beirt eile de sna baill ainmnithe sin ina n-abhcóidí ag cleachtadh a ngairme ar n-a n-ainmniú ag Comhairle Abhcóidí Shaorstáit Éireann, agus beidh beirt eile de sna baill ainmnithe sin ina n-atúrnaethe ag cleachtadh a ngairme ar n-a n-ainmniú ag Comhairle Dhlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann.
(5) Beidh gach ball ainmnithe den choiste sin i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann cúig mblian o dháta a ainmnithe mara dtárlóidh dó roimhe sin é d'éag no d'eirghe as no é do scur de bheith (do réir mar bheidh) ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda no ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme no ina atúrnae ag cleachtadh a ghairme.
(6) Ball ainmnithe den choiste sin go raghaidh a bhallraíocht ar ceal tré imeacht aimsire beidh sé ion-athainmnithe.
(7) Ceithre baill is quorum don choiste sin.
(8) Féadfaidh an coiste sin gníomhú d'ainncoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc a chuid ball.
Údarás déanta rialacha don Chúirt Chuarda.
70.—Fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis na táillí is inéilithe in oifigí cúirte, agus gan dochar do sna forálacha san, isiad is údarás déanta rialacha don Chúirt Chuarda chun crícheanna ailt 66 den Phríomh-Acht ná Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda le haontú an Aire Dlí agus Cirt.
Coiste Rialacha na Cúirte Dúithche.
71.—(1) Bunófar agus bunuítear leis seo coiste ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so, Coiste Rialacha na Cúirte Dúithche chun na bhfeidhmeanna dáilítear dóibh leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.
(2) Dhá bhall ex-officio agus seacht mbaill ainmnithe bheidh ar Choiste Rialacha na Cúirte Dúithche.
(3) Isiad a bheidh ina mbaill ex-officio den choiste sin ná—
(a) an duine sin, de sna breithiúin den Chúirt Dúithche bheidh dáilithe de thurus na huaire don dúthaigh is ionann agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no ina bhfuil contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, is breitheamh sinsearach de sna breithiúin sin chun crícheanna ailt 74 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an Acht so, agus isé sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste sin;
(b) an cléireach Cúirte Dúithche don dúthaigh is ionann agus contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no ina bhfuil contaebhuirg Bhaile Atha Cliath, agus isé sin a bheidh ina rúnaí don choiste sin.
(4) Beidh ceathrar de bhaill ainmnithe an choiste sin ina mbreithiúin den Chúirt Dúithche ar n-a n-ainmniú ag an Aire Dlí agus Cirt, agus beidh duine eile de sna baill ainmnithe sin ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme ar n-a ainmniú ag Comhairle Abhcóidí Shaorstáit Éireann, agus beidh beirt eile de sna baill ainmnithe sin ina n-atúrnaethe ag cleachtadh a ngairme ar n-a n-ainmniú ag Comhairle Dhlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann.
(5) Beidh gach ball ainmnithe den choiste sin i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann cúig mblian o dháta a ainmnithe mara dtárlóidh dó roimhe sin é d'éag no d'eirghe as no é do scur de bheith (do réir mar bheidh) ina bhreitheamh den Chúirt Dúithche no ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme no ina atúrnae ag cleachtadh a ghairme.
(6) Ball ainmnithe den choiste sin go raghaidh a bhallraíocht ar ceal tré imeacht aimsire beidh sé ion-athainmnithe.
(7) Ceithre baill is quorum don choiste sin.
(8) Féadfaidh an coiste sin gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc a chuid ball.
Údarás déanta rialacha don Chúirt Dúithche.
72.—Fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis na táillí is inéilithe in oifig cúirte, agus gan dochar do sna forálacha san, isiad is údarás déanta rialacha chun crícheanna ailt 91 den Phríomh-Acht ná Coiste Rialacha na Cúirte Dúithche le haontú an Aire Dlí agus Cirt.
Coiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil.
73.—(1) Bunófar agus bunuítear leis seo coiste ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so, Coiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil chun na bhfeidhmeanna dáilítear dóibh leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.
(2) Dhá bhall ex-officio agus dhá bhall ainmnithe bheidh ar Choiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil.
(3) Isiad a bheidh ina mbaill ex-officio den choiste sin ná—
(a) an Breitheamh den Ard-Chúirt a bheidh dáilithe de thurus na huaire chun dualgaisí oifig Choimisinéara Bhreith iúntais Choimisiún Talmhan na hÉireann do chólíonadh, agus isé sin a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste sin;
(b) an Clárathóir Teideal, agus isé sin a bheidh ina rúnaí don choiste sin.
(4) Beidh duine de bhaill ainmnithe an choiste sin ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme ar n-a ainmniú ag Comhairle Abhcóidí Shaorstáit Éireann agus beidh an duine eile de sna baill ainmnithe sin ina atúrnae ag cleachtadh a ghairme ar n-a ainmniú ag Comhairle Dhlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann.
(5) Beidh gach ball ainmnithe den choiste sin i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann cúig mblian o dháta a ainmnithe mara dtárlóidh dó roimhe sin é d'éag no d'eirghe as no é do scur de bheith (do réir mar bheidh) ina abhcóide ag cleachtadh a ghairme no ina atúrnae ag cleachtadh a ghairme.
(6) Ball ainmnithe den choiste sin go raghaidh a bhallraíocht ar ceal tré imeacht aimsire beidh sé ion-athainmnithe.
(7) Trí baill is quorum don choiste sin.
(8) Féadfaidh an coiste sin gníomhú d'ainneoin aon fholúntas amháin do bheith imeasc a chuid ball.
Rialacha fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891.
74.—An chomhacht a bronntar le halt 94 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, ar an mBreitheamh Talmhan chun rialacha generálta do dhéanamh le ceadú an Tiarna Seansailéir ní bheidh sí infheidhmithe, o am an Achta so do rith, ach ag Coiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil le haontú an Aire Dlí agus Cirt.
Tuarasgabhála o choistí déanta rialacha.
75.—(1) Déanfaidh rúnaí gach coiste fé leith de sna coistí uile agus fé seach a bunuítear leis an gCuid seo den Acht so cruinniú den choiste sin do ghairm le chéile uair amháin ar a laighead gach bliain, pé lá cheapfaidh cathaoirleach an choiste sin, chun go ndéanfaidh an coiste sin breithniú generálta ar chleachtadh, ar nós imeachta agus ar riaradh na cúirte gur ina taobh a bheidh an coiste sin bunuithe agus ar an dlí bhaineann leis an gcúirt sin no a riarann sí no, i gcás Coiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil, ar an gcleachtadh, ar an nós imeachta agus ar an riaradh fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus ar oibriú agus éifeacht an Achta san.
(2) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis gach cruinnithe d'aon choiste den tsórt san a comórfar do réir an ailt seo bhéarfaidh an coiste sin tuarasgabháil don Aire i dtaobh ce'ca ba cheart no nár cheart aon leasuithe no atharuithe do dhéanamh, dar leis an gcoiste sin, agus, má ba cheart, cadiad na leasuithe agus na hatharuithe ba cheart do dhéanamh, dar leis an gcoiste sin, ar chleachtadh, ar nós imeachta no ar riaradh na cúirte gur ina taobh a bheidh an coiste sin bunuithe, no ar an dlí bhaineann leis an gcúirt sin no a riarann sí, d'fhonn riaradh cirt d'fheabhsú no, i gcás Coiste na Rialacha um Theideal-Chlárú Áitiúil, ar an gcleachtadh, ar an nós imeachta agus ar an riaradh fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, d'fhonn oibriú an Achta san d'fheabhsú.
CUID VII.
Foralacha Ilghneitheacha.
Ré na príosúntachta mar gheall ar gan pionós ioncuim d'íoc.
76.—I gcás breitheamh den Chúirt Dúithche do chur duine ar bith i bpríosún (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) mar gheall ar gan pionós d'íoc fé n-a ndeachthas fé Acht a bhaineann le cáin no diúité fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim agus comhacht do bheith ag na Coimisinéirí Ioncuim do réir dlí a ordú an duine sin do scaoileadh amach as an bpríosún, deintear leis seo a údarú do sna Coimisinéirí Ioncuim agus a cheangal ortha a ordú, ar an Acht so do rith no i gcionn sé mí o dháta an duine sin do chur i bpríosún (pe'ca am acu san is déanaí), an duine sin do scaoileadh amach as an bpríosún, pe'ca íoctha no gan íoc don phionós gur mar gheall ar gan é íoc do cuireadh an duine sin i bpríosún amhlaidh.
Iocaíochtaí do dhéanamh le breithiúin, etc., mar chúiteamh i gcostaisí.
77.—Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le breithiúin den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda agus den Chúirt Dúithche, agus le Coimisinéirí den Ard-Chúirt ar Cuaird, pé suimeanna (i dteanta a luach saothair), mar chúiteamh i gcostaisí fé n-a raghaid ag taisteal no ar shlí eile chun dualgaisí a n-oifigí fé seach d'fheidhmiú, a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt o am go ham le ceadú an Aire Airgid.
Freagarthacht chosantóra ná buadhfaidh i gcostaisí cosantóra bhuadhfaidh.
78.—Má bhíonn dhá chosantóir no níos mó in imeacht shíbhialta i gcúirt ar bith agus go mbuadhfaidh an gearánaí ar dhuine no níos mó de sna cosantóirí agus go dteipfidh air i gcoinnibh na ndaoine no an duine eile de sna cosantóirí, beidh sé dleathach don Chúirt, más rud é, ag féachaint do sna cúrsaí uile, gur dóich léi gur ceart san do dhéanamh, a ordú go ndéanfaidh an cosantóir no na cosantóirí ar ar bhuaidh an gearánaí íoc (i dteanta costaisí an ghearánaí féin d'íoc) leis an ngearánaí i bhfuirm chúitimh sna costaisí dhlighfidh an gearánaí d'íoc agus a íocfa sé leis an gcosantóir no na cosantóirí gur theip air ina gcoinnibh.
An Chúirt do ghlanadh le linn trialacha áirithe.
79.—Pé uair a bheidh duine á thriail i gCúirt ar bith i gcúis cionta do dhéanamh is dóich leis an mbreitheamh i gceannas na trialach san do bheith mí-náireach no draosta, beidh sé dleathach don bhreitheamh san, más dóich leis gur ceart san do dhéanamh ar mhaithe le moráltacht phuiblí, gach duine do choinneáil amach as an gCúirt sin le linn na trialach san ar fad no le linn aon choda áirithe dhi ach amháin an breitheamh san, an duine cúisithe, oifigigh na Cúirte sin agus daoine eile bheidh i láthair ag an triail sin i bhfeadhmannas oifigiúil, na daoine uile bheidh ar fostú sa triail sin no go mbeidh baint acu léi i bhfeadhmannas ar bith, gach duine chuirfidh ina luighe ar an mbreitheamh gur ionadaí bona fide do pháipéar nuachta é agus gur mar ionadaí den tsórt san atá sé i láthair, agus pé daoine eile dá gceadóidh an breitheamh san, as a chomhairle féin, fanúint sa Chúirt sin.
Duine d'fhanúint ina thost.
80.—Pé uair a cúiseofar duine sa Phríomh-Chúirt Choiriúil no sa Chúirt Chuarda in aon choir no cionta agus fhanfa sé ina thost nuair a hiarrfar air freagra do thabhairt ar an gcúis sin, ní tiomnófar giúiré ar bith chun na ceiste do thriail ce'ca tré mhailís no toisc gur balbhán é atá an duine sin ina thost amhlaidh, ach ina ionad san éistfidh an breitheamh féin pé fianaise (más aon fhianaise é) i dtaobh na ceiste sin do bhéarfar ar áird ina láthair san am agus san áit sin agus, más deimhin leis an mbreitheamh ón bhfianaise sin gur balbhán an duine sin, tiocfaidh de sin gach ní do thiocfadh dá bhfaghadh giúiré do tiomnófaí chun na críche gur balbhán an duine sin, ach maran deimhin leis an mBreitheamh mar adubhradh no mara dtugtar aon fhianaise den tsórt san ar áird amhlaidh ordóidh an Breitheamh san a chur síos don duine sin gur fhreagair sé ná raibh sé ciontach.
Toirmeasc ar aithris do dhéanamh ar scríbhinní cúirte.
81.—(1) Aon scríbhinn nách scríbhinn ar n-a tabhairt amach fé údarás dleathach agus gur deallrathach no gur dócha do réir réasúin go gcreidfeadh an té do gheobhadh í, toisc a fuirme no a mbeadh inti no a deallraimh, gur tugadh amach fé údarás dleathach í, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith í do thabhairt amach ná do thabhairt ná do sheachadadh d'éinne eile ná do chur chuige ná do sheirbheáil air ná fós a chur fé ndeár éinní acu san do dhéanamh léi.
(2) Gach duine dhéanfaidh no chuirfidh fé ndeár go ndéanfar aon scríbhinn do thabhairt amach, do chur uaidh, do thabhairt uaidh, do sheachadadh no do sheirbheáil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.
(3) San alt so cialluíonn an abairt “scríbhinn ar n-a tabhairt amach fé údarás dleathach” scríbhinn ar n-a tabhairt amach ag aon Chúirt Bhreithiúnais no ag aon bhreitheamh d'aon Chúirt den tsórt san no o cheachtar no le hordú o cheachtar acu san no ag aon oifigeach d'aon Chúirt den tsórt san no ag aon oifig a ghabhann léi no o cheachtar acu san.
CUID VIII.
Achtachain Airithe do Leasu.
Alt 53 den Dublin Police Act, 1842, do leasú.
82.—Leasuítear leis seo alt 53 den Dublin Police Act, 1842, tré sna focail “any of the divisional justices” do scriosadh amach as an alt san, agus tré sna focail “a justice of the District Court” do chur isteach san alt san in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, agus beidh éifeacht ar fuaid Shaorstáit Éireann ag an alt san mar a leasuítear é amhlaidh.
An Fatal Accidents Act, 1846, do leasú.
83.—(1) D'ainneoin éinní atá sa Fatal Accidents Act, 1846, féadfaidh breitheamh gan giúiré aon aicsean fén Acht san d'éisteacht agus breith do thabhairt air má thoilíonn gach páirtí san aicsean san chuige sin, agus nuair a bheidh aon aicsean den tsórt san á éisteacht amhlaidh léireofar alt 2 den Acht san agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an focal “judge” ann in ionad an fhocail “jury” i ngach áit ina bhfuil an focal san agus go ndéanfaí pé atharuithe eile san alt san is gá de bhíthin an fhocail sin do chur in ionad an fhocail eile sin.
(2) D'ainneoin éinní atá in alt 2 den Fatal Accidents Act, 1846, déanfar an méid a bainfear amach in aon aicsean fén Acht san do roinnt do réir an ailt sin 2 (tar éis na gcostaisí ná bainfear den chosantóir do bhaint as) ar na páirtithe luaidhtear san alt san i pé cionúireachtaí chinnfidh agus ordóidh an breitheamh a thriailfidh no gur ina láthair a triailfear an t-aicsean san.
Alt 86 den Probates and Letters of Administration Act (Ireland), 1857, do leasú.
84.—(1) Athghairmtear leis seo alt 86 den Probates and Letters of Administration Act (Ireland), 1857, agus ina ionad san achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—
(a) gach duine (ach amháin iad san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) dá dtabharfar aon deonadh riaracháin bhéarfaidh banna d'Uachtarán na hArd-Chúirte, bheidh le dul chun tairbhe don té is Uachtarán ar an Ard-Chúirt de thurus na huaire, agus, má dheineann an Chúirt no (i gcás deonadh ón oifig chlárathachta cheanntair) an clárathóir ceanntair a éileamh amhlaidh, urra no urraithe leis ar estát phearsanta an duine mhairbh agus pé méid d'estát réalta an duine mhairbh a thuitfidh chun a ionadaí phearsanta dhlíthiúla agus a dhílseoidh ann do réir dlí do bhailiú, do chruinniú isteach, agus do riaradh go cuibhe;
(b) beidh an banna san i pé fuirm ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte le haon ordú speisialta no generálta;
(c) ní bheidh sé riachtanach don Ard-Atúrnae Stáit ná d'Atúrnae an Phríomh-Atúrnae aon bhanna den tsórt san adubhradh do thabhairt uaidh nuair a bheidh riarachán chun úsáide an Stáit no chun tairbhe don Stát á iarraidh no á fháil aige.
(2) Léighfear míreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so mar éinní amháin leis an Probates and Letters of Administration Act (Ireland), 1857, agus léireofar iad dá réir sin, agus na tagairtí atá san Acht san no i rialacha cúirte don bhanna is gá do réir ailt 86 den Acht san léireofar iad mar thagairtí don bhanna is gá do réir na míre sin (a).
Alt 9 den Summary Jurisdiction (Ireland) Amendment Act, 1871, do leasú.
85.—Leasuítear leis seo alt 9 den Summary Jurisdiction (Ireland) Amendment Act, 1871, tré sna focail “any of the divisional justices of the police district of Dublin Metropolis presiding in one of the public courts of the said district” do scriosadh amach as an alt san, agus tré sna focail “a justice of the District Court” do chur isteach san alt san in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, agus beidh éifeacht ar fuaid Shaorstáit Éireann ag an alt san mar a leasuítear é amhlaidh.
Alt 14 den Acht Cáirde Talmhaíochta, 1929, do leasú.
86.—(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 14 den Acht Cáirde Talmhaíochta, 1929 (Uimh. 30 de 1929), tré mhír (e) dhe do scriosadh amach as.
(2) An leasú deintear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so ar fho-alt (1) d'alt 14 den Acht Cáirde Talmhaíochta, 1929, beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige o am an Achta san do rith agus dá réir sin léireofar an t-alt san 14 agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige gus an leasú san agus fé n-a réir.
CEAD SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
CUID I.
Achtachain a hAthghairmtear o am an Achta so do Rith.
Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
14 & 15 Vic., c. 57 | Civil Bill Courts (Ireland) Act, 1851. | Alt 60. |
16 & 17 Vic., c. 113. | Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1853. | Ailt 126 agus 243. |
19 & 20 Vic., c. 102. | Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856. | Alt 97. |
27 & 28 Vic., c. 99. | Civil Bill Courts Procedure Amendment Act (Ireland), 1864. | Alt 8. |
28 & 29 Vic., c. 1. | Civil Bill Courts (Ireland) Act, 1865. | Alt 1, na focail ‘In the eighth section the word “Seventeenth” shall be substituted for the word “Sixteenth.”’ |
31 & 32 Vic., c. 54. | Judgments Extension Act, 1868. | An tAcht iomlán. |
40 & 41 Vic., c. 57. | Supreme Court of Judicature (Ireland) Act, 1877. | Alt 53, na focail “And provided also; that in all actions for libel where the jury shall give damages under forty shillings, the plaintiff shall not be entitled to more costs than damages.” |
45 & 46 Vic., c. 31. | Inferior Courts Judgments Extension Act, 1882. | An tAcht iomlán. |
54 & 55 Vic., c. 66. | Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891. | Fo-ailt (2), (3), agus (4) d'Alt 94. |
Alt 36, an clás ina dheireadh dar tosach “Furmhór coiste” agus dar críoch “rialacha cúirte sin”; Alt 45, na focail uile o sna focail “I gcás aon Bhreitheamh” go deireadh an ailt; Alt 48, i mír (v) na focail “ar a n-áirítear críochnú gnó cuideachtanna” agus na focail “agus i gcásanna críochnú gnótha maran mó ná £10,000 an méid caipitail a thug an chuideachta amach”; alt 65; alt 70 o sna focail “I gcás aon bhreitheamh” go deireadh an ailt; ailt 73, 75, 76, 90, 92 agus 101. | ||
Alt 57. | ||
An tAcht iomlán. | ||
Fo-ailt (3) agus (4) d'alt 5. |
CUID II.
Achtachain a hAthghairmtear o Thosach Feidhme Coda IV den Acht so.
Uimhir agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
Alt 48, na focail “fé alt 61 den Acht so”; alt 61; alt 96, na focail “no an Chúirt Chuarda” i ngach áit ina bhfuil na focail sin, agus na focail uile o sna focail “agus i gcás” go dtí na focail “claon ar shlí éigin eile.” | ||
Ailt 11 agus 12. |
DARA SCEIDEAL.
Bailte Athchomhairc.
Bailte Athchomhairc | Contaethe agus Contae-Bhuirgí | ||||
Ceatharlach | ... | ... | ... | Contae Cheatharlach. | |
An Cabhán | ... | ... | ... | Contae an Chabháin. | |
Inis | ... | ... | ... | ... | Contae an Chláir. |
Corcaigh | ... | ... | ... | Contae Chorcaighe. | |
Corcaigh | ... | ... | ... | Contae-Bhuirg Chorcaighe. | |
Leitir Ceanainn | ... | ... | Contae Dhún na nGall. | ||
Gaillimh | ... | ... | ... | Contae na Gaillimhe. | |
Tráighlí | ... | ... | ... | Contae Chiarraighe. | |
Nás na Ríogh | ... | ... | Contae Chill Dara. | ||
Cill Choinnigh | ... | ... | Contae Chill Choinnigh. | ||
Cara Droma Rúisc | ... | ... | Contae Liathdroma. | ||
Port Laoighise | ... | ... | ... | Contae Laoighise. | |
Luimneach | ... | ... | ... | Contae Luimnigh. | |
Luimneach | ... | ... | ... | Contae-Bhuirg Luimnigh. | |
Longphort | ... | ... | ... | Contae Longphuirt. | |
Dún Dealgan | ... | ... | ... | Contae Lughbhaidhe. | |
Caisleán an Bharraigh | ... | Contae Mhuigheo. | |||
Baile Atha Truim | ... | ... | Contae na Midhe. | ||
Muineachán | ... | ... | ... | Contae Mhuineacháin. | |
An Tulach Mhór | ... | ... | Contae Ua bhFáilghe. | ||
Roscomán | ... | ... | ... | Contae Roscomán. | |
Sligeach | ... | ... | ... | ... | Contae Shligigh. |
Aonach Urmhumhan | ... | Contae Thiobrad Arann (An Trian Thuaidh) | |||
Cluain Meala | ... | ... | ... | Contae Thiobrad Arann (An Trian Theas). | |
Portláirge | ... | ... | ... | Contae-Bhuirg Phortláirge. | |
Portláirge | ... | ... | ... | Contae Phortláirge. | |
Muileann Cearr | ... | ... | Contae na hIar-Mhidhe. | ||
Loch Garman | ... | ... | Contae Loch Garman. | ||
Cill Mantán | ... | ... | ... | Contae Chill Mantán. | |