Uimhir 37 de 1929.
ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1929.
[20adh Mí na Nodlag, 1929.]
Daoine do cheapa chun gníomhú go sealadach mar Bhreithiúin bhreise den Chúirt Chuarda.
1.—(1) Pé uair a chífear don tSeanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, go bhfuil Breitheamh den Chúirt Chuarda gan bheith ábalta de thurus na huaire ar dhualgaisí a oifige no ar chuid de sna dualgaisí sin do chólíona, toisc dualgaisí no seirbhísí puiblí eile do cuireadh air go sealadach no de dheascaibh breoiteachta no mar gheall ar aon leor-réasún eile, féadfaidh an Seanascal, ag gníomhú dho ar chomhairle na hArd-Chomhairle, abhcóide bheidh ag cleachta a ghairme agus 'na mbeidh seasamh deich mblian ar a laighead aige ar dháta a cheaptha do cheapa chun gníomhú mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda ar feadh pé tréimhse (nách sia ná an fhaid a bheidh an Breitheamh san a céad-luaidhtear gan bheith ábalta ar dhualgaisí uile a oifige no ar chuid de sna dualgaisí sin do chólíona) a mheasfa sé, ar an gcomhairle roimhráite, do bheith ceart.
(2) Gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda beidh sé, ar feadh na tréimhse dá mbeidh sé ceaptha amhlaidh, i seilbh a oifige do réir na sealbhaíochta gur dá réir a bhíonn Breitheamh den Chúirt Chuarda i seilbh a oifige.
(3) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, o am go ham fé mar is gá é, gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda do cheapa do chuaird ar bith ar feadh na tréimhse dá mbeidh sé ceaptha chun gníomhú amhlaidh agus faid a bheidh sé ceaptha amhlaidh do chuaird beidh ag gach duine den tsórt san, maidir leis an gcuaird sin agus i gcó-réim leis an mBreitheamh a bheidh buan-cheaptha don chuaird sin agus le Breitheamh ar bith a bheidh ceaptha go sealadach fé alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928) don chuaird sin, gach príbhléid, comhacht agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no curtha do réir dlí ar an mBreitheamh a bheidh buan-cheaptha don chuaird sin.
(4) Gach duine ceapfar fén alt so chun gníomhú mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda íocfar leis, ar feadh na tréimhse dá mbeidh sé ceaptha amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas pé luach saothair agus liúntaisí shocróidh an tAire Dlí agus Cirt le cead an Aire Airgid.
(5) In alt 45 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) athghairmtear leis seo na focail “I gcás aon Bhreitheamh Cuarda bheith breoite, féadfar fear ionaid a cheapa chun gníomhú ina áit, ar mhola ón bPríomh-Atúrnae, ar pé luach saothair a cheadóidh an tAire Airgid: Ach mar sin féin éinne nách abhcóide atá ag cleachta a ghairme agus seasamh deich mblian ar a luíod aige ní bheidh sé cáilithe chun a cheaptha mar fhear ionaid do Bhreitheamh Chuarda.”
Gearr-theideal, luadh, léiriú agus buaine.
2.—(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1929, do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1928, agus féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1929, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.
(2) Leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann dhá bhliain o am a rithte agus raghaidh in éag ansan.