[EN]

Uimhir 14 de 1960.


[EN]

AN tACHT TOGHCHÁN, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE SPEISIALTA MAIDIR LEIS NA VÓTAÍOCHTAÍ A GHLACADH I dTOGHCHÁIN ÁIRITHE. [24 Bealtaine, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht Toghchán, 1960, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an Toghchán Dála” comhalta de Dháil Éireann a thoghadh chun an folúntas a líonadh a tharla de dheasca Seosamh O hAodha d'fháil bháis;

[EN]

ciallaíonn “na húdaráis áitiúla” na comhairlí contae, na bardais chontae-bhuirge nó buirgí eile, na comhairlí ceantar uirbeacha agus na coimisinéirí bailte a bhfuil a limistéir feidhmiúcháin sa limistéar arb éard é contaetha riaracháin Cheatharlach agus Chill Chainnigh agus contae-bhuirg Phortláirge;

[EN]

ciallaíonn “na toghcháin áitiúla” na toghcháin chomhaltaí de na húdaráis áitiúla a bheidh ar siúl sa bhliain 1960;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

[EN]

(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo do chomhaltaí d'údarás áitiúil a fhorléiriú, nuair is bardas contae-bhuirge nó buirge eile an t-údarás áitiúil atá i gceist, mar thagairt do chomhaltaí na comhairle a bunaíodh le dlí i leith na contae-bhuirge nó na buirge eile sin.

[EN]

Oibriú Coda II agus laethanta áirithe a shocrú.

3.—(1) Má thairgtear an rit don toghchán Dála tráth nach déanaí ná an 1ú lá de Mheitheamh, 1960, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go bhfuil Cuid II den Acht seo i ngníomh.

[EN]

(2) Socróidh ordú faoin alt seo maidir leis an toghchán Dála—

[EN]

(a) lá a measfar gurb é an lá é a fuair an ceann comhairimh an rit, agus

[EN]

(b) lá le haghaidh vótaíochta.

[EN]

(3) Má dhéantar ordú faoin alt seo, tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ar an ordú a dhéanamh, ach ní thiocfaidh sí i ngníomh ar aon mhodh eile.

CUID II.

Forálacha i dTaobh na Vótaíochta sa Toghchán Dála agus sna Toghcháin Áitiúla.

[EN]

An rit a fháil i dtoghchán Dála.

1923, Uimh. 12.

4.—Nuair a bheidh éifeacht á thabhairt maidir leis an toghchán Dála do mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 18 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, glacfar gur tagairt don lá a bheidh socraithe de bhun mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo an tagairt atá sa mhír sin don rit a fháil cibé acu a fuair an ceann comhairimh an rit an lá sin nó nach bhfuair.

[EN]

Lá na vótaíochta sa toghchán Dála.

5.—Má ghlactar vótaíocht sa toghchán Dála, déanfar é an lá a shocrófar de bhun mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo.

[EN]

An gnáthlá toghcháin chun críocha na dtoghchán áitiúla.

6.—Glacfar gurb é an lá a shocrófar de bhun mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo an gnáthlá toghcháin chun críocha na dtoghchán áitiúla.

[EN]

An ceann comhairimh.

7.—(1) Is é an ceann comhairimh sa toghchán Dála an ceann comhairimh chun críocha na vótaíochtaí sna toghcháin áitiúla.

[EN]

(2) Aon duine arbh é, mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo, an ceann comhairimh é chun críocha na vótaíochtaí sna toghcháin áitiúla, déanfaidh sé, ar an gceann comhairimh sa toghchán Dála á iarraidh sin air, cibé cúnamh maidir leis na vótaíochtaí sin a thabhairt don oifigeach sin a iarrfaidh sé le réasún.

[EN]

(3) Má bhíonn ceann comhairimh cúnta ann sa toghchán Dála i leith aon limistéir gníomhóidh sé don limistéar sin mar cheann comhairimh cúnta chun críocha na vótaíochtaí sna toghcháin áitiúla agus is iad a dhualgais cibé cuid de dhualgais an chinn chomhairimh chun críocha na vótaíochtaí sna toghcháin áitiúla nach bhfuil an ceann comhairimh faoi cheangal dlí a chomhlíonadh é féin a chomhlíonadh sa limistéar sin.

[EN]

(4) Má éiríonn aon amhras i dtaobh cad iad na dualgais a bheidh le comhlíonadh, de dhroim na bhforálacha atá sa Chuid seo den Acht seo, ag aon cheann comhairimh, ceann comhairimh cúnta, rúnaí contae nó bailechléireach, cinnfidh an tAire an t-amhras.

[EN]

Ceantair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta.

8.—Chun críocha vótaíochta sa toghchán Dála—

[EN]

(a) glacfar an dáilcheantar ina mbeidh an toghchán Dála ar siúl a bheith roinnte sna ceantair vótaíochta ina mbeidh sé roinnte de thuras na huaire chun críocha na dtoghchán áitiúla, agus

[EN]

(b) is iad na háiteanna vótaíochta a bheidh ann na cinn a bheidh ceaptha de thuras na huaire mar áiteanna vótaíochta chun críocha na vótaíochtaí sna toghcháin áitiúla.

[EN]

Na daoine céanna do thógaint vótaíochtaí, etc.

1923. Uimh. 12

1946. Uimh. 6.

9.—I gcás ina nglacfar vótaíocht in aon cheann de na toghcháin áitiúla i dtogh-limistéar áirithe agus go nglacfar vótaíocht freisin sa toghchán Dála, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis an vótaíocht chéadluaite agus leis an vótaíocht sa toghchán Dála mar a ghlacfar vótaíocht sa togh-límistéar sin:

[EN]

(a) is iad na daoine céanna a ghlacfaidh iad agus is ar an modh céanna a ghlacfar iad;

[EN]

(b) tosóidh siad ar a 9 a chlog a.m. agus coimeádfar ar siúl go leanúnach iad go dtí a 9 a chlog p.m. agus ní níos faide ná sin, mura mbeidh an tAire tar éis a ordú faoi alt 41 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, arna leasú le halt 2 den Acht Toghcháin (Leasú), 1946, go gcoimeádfar an vótaíocht sa toghchán Dála ar siúl go dtí 9.30 a chlog p.m. agus sa chás sin coimeádfar ar siúl go leanúnach iad go dtí 9.30 a chlog p.m.;

[EN]

(c) is é an marc oifigiúil céanna a úsáidfear ar na páipéir bhallóide uile;

[EN]

(d) tabharfar a pháipéir bhallóide do vótálaí an t-am céanna;

[EN]

(e) má chuirtear boscaí ballóide faoi leith ar fáil, ní dhéanfaidh sé páipéar ballóide neamhbhailí é a chur sa bhosca ballóide mícheart.

[EN]

An éifeacht atá le deimhniú faoi alt 22 den Acht Timpeall Toghchán, 1923.

1923, Uimh. 12.

10.—Nuair a thabharfaidh an ceann comhairimh sa toghchán Dála deimhniú uaidh faoi alt 22 den Acht Timpeall Toghchán, 1923, ní hé amháin go n-údaróidh an deimhniú don toghthóir vótáil sa toghchán Dála sin sa stáisiún vótaíochta a shonrófar sa deimhniú ach údaróidh sé freisin dó, má ghlactar vótaíocht maidir le haon cheann de na toghcháin áitiúla agus go mbeidh teideal aige vótáil sa toghchán sin, votáil sa toghchán sin sa stáisiún vótaíochta sin, ar choinníoll—

[EN]

(a) más toghchán comhaltaí bardais chontae-bhuirge nó buirge eile, comhaltaí comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile an toghchán sin, gur sa chontaebhuirg nó sa bhuirg eile sin, sa cheantar uirbeach nó sa bhaile sin, atá an stáisiún vótaíochta sin, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, gur sa togh-limistéar rialtais áitiúil ina bhfuil sé cláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil atá an stáisiún vótaíochta sin.

[EN]

Caiteachais an chinn chomhairimh.

11.—(1) Beidh teideal ag an gceann comhairimh sa toghchán Dála chun a tháillí réasúnacha, nach mó ná na suimeanna a shonraítear sa scála de tháillí uasta a fhorordófar chun críocha an ailt seo, i leith seirbhísí agus caiteachais de na cineálacha uile agus faoi seach a bheidh luaite sa scála agus faoina ndeachaigh sé go cuí chun críocha, nó i leith, an toghcháin Dála agus na dtoghchán áitiúla.

[EN]

(2) Íocfaidh an tAire Airgeadais as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis méad aon táillí den sórt sin ar chuntas a bheidh le cur faoina bhráid de réir rialachán faoin alt seo, ach féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis é, sula ndéanfar íocaíocht, a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Chuarda ag a mbeidh dlínse i gcontae riaracháin Chill Chainnigh fómhas a dhéanamh ar an gcuntas agus, air sin, féadfaidh an Breitheamh sin fómhas a dhéanamh ar an gcuntas ar cibé modh agus cibé tráth agus áit is oiriúnach leis, agus an méad is iníoctha leis an gceann comhairimh a chinneadh go críochnaitheach.

[EN]

(3) Ar a gceann comhairimh d'iarraidh airleacan i leith a tháillí, féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis é, airleacan den sórt sin a thabhairt.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo ar fhómhas, féadfaidh an ceann comhairimh a iarraidh ar an mBreitheamh scrúdú a dhéanamh ar aon éileamh a dhéanfaidh duine ar bith ina aghaidh i leith nithe a bheidh muirearaithe sa chuntas; agus féadfaidh an Breitheamh, tar éis fógra a thabhairt don éilitheoir agus tar éis deis ar a éisteacht a thabhairt dó agus aon fhianaise a thabhairt ar aird, an t-éileamh a mbeidh agóid á dhéanamh ina aghaidh a cheadú nó a dhícheadú nó a laghdú, maraon le costais nó gan costais, agus beidh cinneadh an Bhreithimh ina chinneadh críochnaitheach chun gach críche agus in aghaidh gach duine.

[EN]

(5) Íocfaidh gach ceann de na húdaráis áitiúla leis an Aire Airgeadais cibé cuid den íocaíocht a dhéanfar de bhun fo-alt (2) den alt seo a chinnfidh an tAire sin is cuí a chionroinnt ar an údarás áitiúil sin.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, na nithe seo a leanas a fhorordú chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) scála de tháillí uasta, agus

[EN]

(b) an t-am agus an modh agus an fhoirm a mbeidh cuntais le tabhairt dó.

[EN]

(7) Ní bheidh teideal, de bhua aon achtacháin seachas an t-alt seo, ag an gceann comhairimh sa toghchán Dála chun aon táillí faoina ndeachaigh sé chun críocha, nó i leith, an toghcháin Dála nó aon cheann de na toghcháin áitiúla.

[EN]

Rún a scaoileadh.

1923, Uimh. 12.

1941, Uimh. 23.

12.—(1) San alt seo ciallaíonn “na fo-ailt iomchuí” fo-ailt (1) agus (2) d'alt 28 den Acht Timpeall Toghchán, 1923.

[EN]

(2) A mhéad a bhaineann siad leis an toghchán Dála, beidh feidhm ag na fo-ailt iomchuí maidir le haon duine lena mbaineann na fo-ailt iomchuí maidir leis na toghcháin áitiúla de bhua alt 39 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941.

[EN]

(3) A mhéad a bhaineann siad leis na toghcháin áitiúla de bhua alt 39 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, beidh feidhm ag na fo-ailt iomchuí maidir le haon duine lena mbaineann na fo-ailt iomchuí maidir leis an toghchán Dála.

[EN]

Gníomhairí.

1923, Uimh. 38.

1941. Uimh. 23.

1923. Uimh. 12.

R. & O.R., Uimh. 255 de 1942.

13.—(1) Aon duine a cheapfar maidir leis an toghchán Dála faoi alt 22 den Acht chun Drochbhearta Toghcháin a Chosc, 1923, mar ghníomhaire pearsanála féadfaidh sé a bheith i láthair sa stáisiún vótaíochta dár ceapadh é d'ainneoin an stáisiún sin a bheith á úsáid freisin chun críocha aon cheann de na toghcháin áitiúla.

[EN]

(2) Aon duine a cheapfar maidir le haon cheann de na toghcháin áitiúla faoi alt 22 den Acht chun Drochbhearta Toghcháin a Chosc, 1923, arna chur i bhfeidhm le halt 39 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, mar ghníomhaire pearsanála, féadfaidh sé a bheith i láthair sa stáisiún vótaíochta dár ceapadh é d'ainneoin an stáisiún vótaíochta sin a bheith á úsáid freisin chun críocha an toghcháin Dála.

[EN]

(3) Aon duine a cheapfar maidir leis an toghchán Dála faoi Riail 29 de na Rialacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, mar ghníomhaire chun bheith i láthair ag comhaireamh na vótaí, féadfaidh sé a bheith i láthair ag comhaireamh na vótaí sna toghcháin áitiúla.

[EN]

(4) Aon duine a cheapfar maidir le haon cheann de na toghcháin áitiúla faoi Riail 28 de na Rialacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Thoghcháin Áitiúla, 1942, mar ghníomhaire chun bheith i láthair ag comhaireamh na vótaí, féadfaidh sé a bheith i láthair ag comhaireamh na vótaí sa toghchán Dála.

[EN]

(5) Aon duine a cheapfar maidir leis an toghchán Dála faoi alt 30 den Acht chun Drochbhearta Toghcháin a Chosc, 1923, mar fho-ghníomhaire féadfaidh sé a bheith i láthair in aon stáisiún vótaíochta a bheidh á úsáid sa toghchán Dála d'ainneoin an stáisiún sin a bheith á úsáid freisin chun críocha aon cheann de na toghcháin áitiúla.

[EN]

(6) Nuair a bheidh Riail 49 de na Rialacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeall Toghchán, 1923, á cur i bhfeidhm maidir leis an toghchán Dála, déanfar neamhshuim de na focail “do réir an Achta so”.

[EN]

(7) Nuair a bheidh Riail 48 de na Rialacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Thoghcháin Áitiúla, 1942, á cur i bhfeidhm maidir le haon cheann de na toghcháin áitiúla, déanfar neamhshuim de na focail “de bhun an Achta seo”.

[EN]

Treoracha.

14.—Féadfaidh an tAire, le treoracha, socrú a dhéanamh le haghaidh cibé nithe ar dóigh leis gur gá nó gur fóirstineach socrú a dhéanamh lena n-aghaidh chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo, agus féadfaidh sé, go sonrach, le haon treoir den sórt sin—

[EN]

(a) cumhachtaí agus dualgais an chinn chomhairimh sa toghchán Dála maidir leis an toghchán sin agus na toghcháin áitiúla, agus cumhachtaí agus dualgais daoine eile a bheidh ar fostú i ndáil le vótaíochtaí sna toghcháin sin, a mhíniú;

[EN]

(b) cibé modhnuithe a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1959, agus ar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1927 agus 1953, is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh an toghchán Dála agus na toghcháin áitiúla a bheith ar siúl de réir na Coda seo den Acht seo nó chun críochnú agus cinntiú torthaí na dtoghchán sin a urasú nó a luathú;

[EN]

(c) a fhoráil go mbeidh na páipéir bhallóide a úsáidfear sa toghchán Dála in-aitheanta thar na cinn a úsáidfear sna toghcháin áitiúla;

[EN]

(d) foráil a dhéanamh chun go n-úsáidfear na boscaí ballóide céanna nó cinn éagsúla i stáisiún vótaíochta i ndáil leis an toghchán Dála agus le haon cheann de na toghcháin áitiúla.

[EN]

Foráil ghinearálta maidir le héifeacht Choda II.

15.—Beidh éifeacht ag forálacha na Coda seo den Acht seo d'ainneoin aon ní atá in aon Acht eile nó in aon ordú, rialachán nó ionstraim eile arna dhéanamh faoi aon Acht eile.