[EN]

Uimhir 29 de 1932.


[EN]

ACHT TOGHACHÁIN (ATHCHOMHAIRC CHLÁRATHACHTA), 1932.


ACHT CHUN ATHCHOMHARC CLÁRATHACHTA I gCATHAIR AGUS I gCONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS I nDÁILCHEANNTAIR PHRÍOMH-SCOILE D'AISTRIÚ Ó SNA hABHCÓIDÍ ATH-FHÉACHANA GO dTÍ AN CHÚIRT CHUARDA. [16adh Mí na Nodlag, 1932.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923).

[EN]

(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear freisin sa Phríomh-Acht beidh, mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt, an bhrí chéanna leo san Acht so atá leo fé seach sa Phríomh-Acht.

[EN]

Athchomhairc chlárathachta i mBaile Atha Cliath agus i ndáilcheanntair phríomh-scoile.

2.—(1) I gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus i ndáilcheanntar phríomh-scoile, agus i gcontae Bhaile Atha Cliath is chun an Bhreithiún Cúirte Cuarda a fheidhmíonn dlighinse na Cúirte sin i líomatáiste clárathachta an oifigigh chlárathachta a déanfar an t-athchomharc fé alt 16 den Phríomh-Acht ón oifigeach clárathachta san, agus bainfidh an t-alt san (sa mhéid ná hathghairmtear é leis an Acht so no le haon Acht roimhe seo) le hathchomhairc den tsórt san fé réir na n-athruithe go ndéanfar tagairtí don Chúirt Chontae, do Phrímh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraighc, agus don Chúirt Athchomhairc fé seach do léiriú agus go mbeidh éifeacht acu mar thagairtí don Chúirt Chuarda. do Phrímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann agus don Chúirt Uachtaraigh fé seach.

[EN]

(2) Is fé réir forálacha an Achta so a bheidh éifeacht ag an alt san 16 maidir le toghthóirí rialtais áitiúla do chlárú do réir an Achta chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924 (Uimh. 7 de 1924).

[EN]

(3) Chun crícheanna an ailt sin 16, fé mar atá sé curtha i mbaint leis an alt so, tuigfear líomatáiste clárathachta dháilcheanntair phríomh-scoilc do bheith suidhtc i gCathair Bhaile Atha Cliath.

[EN]

Athghairm.

3.—Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal.

4.—Féadfar an tAcht Toghacháin (Athchomhaire Chlárathachta), 1932, do ghairm den Acht so.

[EN]

SCEIDEAL.

Achtachain a Hathghairmtear.

Siosón agus Caibideai

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

20 & 21 Vic., c. 68.

An Dublin Revising Barristers Act, 1857.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

24 & 25 Vic., c. 56.

An Dublin Revising Barristers Act, 1861.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

47 & 48 Vic., c. 35.

An County of Dublin Jurors' and Voters' Revision Act, 1884.

An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe.

7 & 8 Geo. V., c. 64.

An Representation of the People Act, 1918.

Fo-alt (5) d'alt 44.

Uimh. 12 de 1923.

An tAcht Timpeal Toghachán, 1923.

An dara provisó a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 16, agus an méid d'fho-ailt (4), (6) agus (8) d'alt 16 a bhaineann le habhcóidí ath-fhéachana.