Uimhir 29 de 1932.
ACHT TOGHACHÁIN (ATHCHOMHAIRC CHLÁRATHACHTA), 1932.
Mínithe.
1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923).
(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear freisin sa Phríomh-Acht beidh, mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt, an bhrí chéanna leo san Acht so atá leo fé seach sa Phríomh-Acht.
Athchomhairc chlárathachta i mBaile Atha Cliath agus i ndáilcheanntair phríomh-scoile.
2.—(1) I gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus i ndáilcheanntar phríomh-scoile, agus i gcontae Bhaile Atha Cliath is chun an Bhreithiún Cúirte Cuarda a fheidhmíonn dlighinse na Cúirte sin i líomatáiste clárathachta an oifigigh chlárathachta a déanfar an t-athchomharc fé alt 16 den Phríomh-Acht ón oifigeach clárathachta san, agus bainfidh an t-alt san (sa mhéid ná hathghairmtear é leis an Acht so no le haon Acht roimhe seo) le hathchomhairc den tsórt san fé réir na n-athruithe go ndéanfar tagairtí don Chúirt Chontae, do Phrímh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraighc, agus don Chúirt Athchomhairc fé seach do léiriú agus go mbeidh éifeacht acu mar thagairtí don Chúirt Chuarda. do Phrímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann agus don Chúirt Uachtaraigh fé seach.
(2) Is fé réir forálacha an Achta so a bheidh éifeacht ag an alt san 16 maidir le toghthóirí rialtais áitiúla do chlárú do réir an Achta chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924 (Uimh. 7 de 1924).
(3) Chun crícheanna an ailt sin 16, fé mar atá sé curtha i mbaint leis an alt so, tuigfear líomatáiste clárathachta dháilcheanntair phríomh-scoilc do bheith suidhtc i gCathair Bhaile Atha Cliath.
Athghairm.
3.—Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal.
4.—Féadfar an tAcht Toghacháin (Athchomhaire Chlárathachta), 1932, do ghairm den Acht so.
SCEIDEAL.
Achtachain a Hathghairmtear.
Siosón agus Caibideai | Gearr-Theideal | Méid na hAthghairme |
20 & 21 Vic., c. 68. | An Dublin Revising Barristers Act, 1857. | An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe. |
24 & 25 Vic., c. 56. | An Dublin Revising Barristers Act, 1861. | An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe. |
47 & 48 Vic., c. 35. | An County of Dublin Jurors' and Voters' Revision Act, 1884. | An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe. |
7 & 8 Geo. V., c. 64. | An Representation of the People Act, 1918. | Fo-alt (5) d'alt 44. |
An dara provisó a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 16, agus an méid d'fho-ailt (4), (6) agus (8) d'alt 16 a bhaineann le habhcóidí ath-fhéachana. |