[EN]

Uimhir 18 de 1954.


[EN]

AN tACHT COSANTA, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FEABHSAITHE MAIDIR LE COSAINT AN STÁIT AGUS LEIS NA FÓRSAÍ COSANTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS NÓ A GHABHAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13ú Bealtaine, 1954.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Cearrtheideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht Cosanta, 1954, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire Cosanta.

[EN]

Léiriú i gcoitinne.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]ncamhláithreacht gan cead.

ciallaíonn an abairt “neamhláithreacht gan cead” gníomh duine a fhanas as láthair gan cead do réir bhrí ailt 137;

[EN]fanacht as láthair gan cead.

tá leis an abairt “fanacht as láthair gan cead” an bhrí atá léi in alt 137;

[EN]neamhláithrí.

ciallaíonn an focal “neamhláithrí” duine a fhanas as láthair gan cead do réir bhrí ailt 137;

[EN]ar fianas.

tá leis an abairt “ar fianas”, maidir le duine faoin dlí míleata, an bhrí a tugtar di le halt 5;

[EN]Acht 1923.

ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923), arna leasú, arna leathnú, agus arna bhuanú le hachtacháin ina dhiaidh sin;

[EN]an tArd-Aidiúnach.

ciallaíonn an abairt “an tArd-Aidiúnach” Ard-Aidiúnach Óglaigh na-hÉireann;

[EN]Seirbhís Altranais an Airm.

ciallaíonn an abairt “Seirbhís Altranais an Airm” an tseirbhís altranais a bunaítear faoi alt 289;

[EN]páipéar fianuithe.

ciallaíonn an abairt “páipéar fianuithe” an doiciméad ar a dtugtar páipéar fianuithe in alt 56;

[EN]gairm amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta.

déanfar an abairt “gairm amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta”, maidir le cúltacaire, d'fhorléiriú do réir fo-ailt (2) d'alt 90;

[EN]gairm amach ar buan-tseirbhís

déanfar an abairt “gairm amach ar buan-tseirbhís”, maidir le cúltacaire, d'fhorléiriú do réir fo-ailt (2) d'alt 87 nó fo-ailt (3) d'alt 88 (pé fo-alt acu sin is oiriúnach);

[EN]deimhniú urscaoilte.

ciallaíonn an abairt “deimhniú urscaoilte” deimhniú arna eisiúint faoi alt 82;

[EN]an Ceann Foirne.

ciallaíonn an abairt “an Ceann Foirne” Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann;

[EN]cúirt shibhialta.

ciallaíonn an abairt “cúirt shibhialta” aon chúirt arna bunú faoi Airteagal 34 den Bhunreacht, agus folaíonn sí na cúirteanna arna mbunú faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), agus aon Chúirt Choiriúil Speisialta arna bunú faoin Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 (Uimh. 13 de 1939);

[EN]coimeád sibhialta.

ciallaíonn an abairt “coimeád sibhialta” coimeád ag an nGarda Síochána nó ag údarás sibhialta dleathach eile atá údaraithe chun príosúnaigh shibhialta a bheith faoi choimeád aige agus folaíonn sí gaibhniú i bpríosún poiblí;

[EN]cion sibhialta.

tá leis an abairt “cion sibhialta” an bhrí a tugtar di le halt 169;

[EN]aicme chúltacairí.

ciallaíonn an abairt “aicme chúltacairí” aon aicme de na hÓglaigh Cúltaca, eadhon—

[EN]

(a) an Cúltaca Fear (An Chéad Líne), nó

[EN]

(b) an Cúltaca Fear (An Fórsa Cosanta Áitiúil), nó

[EN]

(c) an Cúltaca Fear (An Slua Muirí), nó

[EN]

(d) aon aicme a bunófar faoi fho-alt (3) d'alt 21;

[EN]aicme de na hÓglaigh Cúltaca.

ciallaíonn an focal “aicme”, maidir leis na hÓglaigh Cúltaca, aicme de na hÓglaigh Cúltaca a luaitear in alt 21;

[EN]oifigeach ceannais.

ciallaíonn an abairt “oifigeach ceannais”, in aon alt ina bhfuil sí, oifigeach a ndearbhófar le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo gurb oifigeach ceannais é chun críocha an ailt sin;

[EN]céim choimisiúnta airm.

ciallaíonn an abairt “céim choimisiúnta airm” aon chéim dá bhfuil leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

[EN]céim choimisiúnta chabhlaigh.

ciallaíonn an abairt “céim choimisiúnta chabhlaigh” aon chéim dá bhfuil leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

[EN]céim choimisiúnta.

ciallaíonn an abairt “céim choimisiúnta” aon chéim—

[EN]

(a) is céim choimisiúnta airm, nó

[EN]

(b) is céim choimisiúnta chabhlaigh;

[EN]ceannasaí complachta.

ciallaíonn an abairt “ceannasaí complachta”, in aon alt ina bhfuil sí, oifigeach a ndearbhófar le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo gur ceannasaí complachta é chun críocha an ailt sin;

[EN]dáta fianuithe.

forléireofar tagairtí do dháta fianuithe fir mar thagairtí don dáta arb é dáta a fhianuithe é de bhuaidh ailt 59;

[EN]oirneas.

ciallaíonn an focal “oirneas”, aon bhonn, claspa, suaitheantas dea-iompair nó oirneas eile;

[EN]Óglaigh na hÉireann.

ciallaíonn an abairt “Óglaigh na hÉireann” na fórsaí cosanta atá le bunú agus le cothabháil faoin Acht seo;

[EN]tréigean.

ciallaíonn an briathar “tréigean” Óglaigh na hÉireann a thréigean do réir bhrí ailt 135;

[EN]tréigtheoir.

ciallaíonn an focal “tréigtheoir” duine a dhéanfas tréigean;

[EN]beairic coinneála.

ciallaíonn an abairt “beairic coinneála” foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a ndearbhófar faoi alt 232 gur beairic coinneála é;

[EN]ar fostú ar long Stáit.

tá leis an abairt “ar fostú ar long Stáit”, maidir le comhalta d'Óglaigh na hÉireann, an bhrí a tugtar di le halt 6;

[EN]namhaid.

folaíonn an focal “namhaid” frithchealgairí faoi airm, ceannaircigh faoi airm, círéibigh faoi airm agus píoráidí;

[EN]brat-oifigeach.

ciallaíonn an focal “brat-oifigeach” oifigeach ag a bhfuil céim choimisiúnta cheannasóra chabhlaigh;

[EN]liostáil chalaoiscach.

ciallaíonn an abairt “liostáil alahcoiseach” liostáil go calaoiseach do réir bhrí ailt 164;

[EN]ginearáloifigeach.

ciallaíonn an focal “gincarál-oifigeach” oifigeach ag a bhfuil céim choimisiúnta mhaor-ghincaráil airm nó céim choimisiúnta airm is airde ná sin;

[EN]fear.

ciallaíonn an focal “fear” duine ar comhalta d'Óglaigh na hÉireann é de thuras na huaire, ach ní fholaíonn sé oifigeach;

[EN]pian-tseirbhí míleata.

ciallaíonn an abairt “pian-tseirbhí míleata” duine faoi phianbhreith phian-tseirbhíse a thug armchúirt;

[EN]oifig mhíleata.

ciallaíonn an abairt “oifig mhíleata” aon oifig in Óglaigh na hÉireann;

[EN]príosún míleata.

ciallaíonn an abairt “príosún míleata” foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a ndearbhófar faoi alt 232 gur príosún míleata é;

[EN]príosúnach míleata.

ciallaíonn an abairt “príosúnach míleata” duine faoi phianbhreith phríosúntachta a thug armchúirt;

[EN]an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Cosanta;

[EN]céim neamhchoimisiúnta airm.

ciallaíonn an abairt “céim neamhchoimisiúnta airm” aon chéim dá bhfuil leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh.

ciallaíonn an abairt “céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh” aon chéim dá bhfuil leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

oifigeach neamhchoimisiúnta.

ciallaíonn an abairt “oifigeach neamhchoimisiúnta” fear ag a bhfuil—

(a) aon chéim neamhchoimisiúnta airm, seachas céim shaighdiúra shingil, nó

(b) aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh, seachas céim mhairnéalaigh;

cion in aghaidh an dlí mhíleata.

ciallaíonn an abairt “cion in aghaidh an dlí mhileata” aon chion a luaitear in aon alt i gCaibidil II de Chuid V den Acht seo;

oifigeach.

ciallaíonn an focal “oifigeach”, nuair a húsáidtear é gan a cháiliú—

(a) duine ag a bhfuil céim choimisiúnta, agus atá de thuras na huaire ina oifigeach, sna Buan-Óglaigh, nó

(b) duine ag a bhfuil céim choimisiúnta, agus atá de thuras na huaire ina oifigeach, sna hÓglaigh Cúltaca;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an lá a thiocfas an tAcht seo i ngníomh;

príosún piantseirbhíse.

ciallaíonn an abairt “príosún pian-tseirbhíse” aon phríosún nó áit ina bhféadfar duine a ghaibhniú go dleathach tar éis do chúirt shibhialta é a chiontú agus pianbhreith phian-tseirbhíse a thabhairt air;

tréimhse éigeandála.

tá leis an abairt “tréimhse éigeandáta” an bhrí a tugtar di le halt 4;

na Buan-Óglaigh.

ciallaíonn an abairt “na Buan-Óglaigh” an chomhchuid d'Óglaigh na hÉireann dá ngairmfear agus ar a dtabharfar an ainm sin;

duine faoin dlí míleata.

forléireofar tagairtí do dhuine faoin dlí míleata mar thagairtdo dhuine atá, de bhuaidh ailt 118 nó 119, faoin dlí míleata;

forordú.

ciallaíonn an briathar “forordú”—

(a) aon áit a bhfuil sé i gCuid V (ach amháin Caibidil IV agus X) den Acht seo, forordú le rialacha nós imeachta,

(b) aon áit eile a bhfuil sé, forordú le rialacháin faoin Acht seo;

forógra á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseribhis.

ciallaíonn an abairt “forógra á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís” forógra faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 87;

maoin.

folaíonn an focal “maoin” airgead;

príosún poiblí.

ciallaíonn an abairt “príosún poiblí” aon phríosún nó áit ina bhféadfar duine a ghaibhniú go dleathach tar éis do chúirt shibhialta é a chiontú agus pianbhreith phríosúnachta a thabhairt air;

an tArd.Cheathrúnach.

ciallaíonn an abairt “an tArd-Cheathrúnach” Ard-Cheathrúnach Óglaigh na hÉireann;

rialacháin earcaíochta.

ciallaíonn an abairt “rialacháin carcaíochta” rialacháin faoi alt 56;

áit chónaithe chláraithe.

ciallaíonn an abairt “áit chónaithe chláraithe”, maidir le cúltacaire, an seoladh a bheas cláraithe aige, do réir rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, mar áit chónaithe chláraithe;

na hÓglaigh Cúltaca.

ciallaíonn an abairt “na hÓglaigh Cúltaca” an chomhchuid d'Óglaigh na hÉireann dá ngairmfear agus ar a dtabharfar an ainm sin;

cúltacaire.

ciallaíonn an focal “cúltacaire”, nuair a húsáidtear é gan a cháiliú, fear de na hÓglaigh Cúltaca;

ceart ar thalamh.

ciallaíonn an abairt “ceart ar thalamh” aon éasúint, profit á prendre nó ceart eile ar thalamh nó ina leith;

rialacha nós imeachta.

ciallaíonn an abairt “rialacha nós imeachta” rialacha faoi alt

cumann rúnda.

ciallaíonn an abairt “cumann rúnda” comhlachas, cumann nó comhlucht eile a bhfuil a chomhaltaí faoi cheangal do réir a rialachán, nó a ndéanann a chomhaltaí iarbhír, mionn nó dearbhasc nó dearbhú nó comhaontú a thabhairt nach nochtfaid imeachta, nó cuid áirithe éigin d'imeachta, an chomhlachais, an chumainn nó an chomhluchta;

seirbhís

ciallaíonn an focal “seirbhís”, nuair a cháilíos sé aerárthaigh, ábhar aerárthaigh, trealamh, feithiclí, ainmhithe, bialanna, institiúidí, ceaintíní, riachtanais, éadaí, leabhair nó maoin, bheith ar únaeracht ag Óglaigh na hÉireann nó ag aon aonad nó aon chuid d'aonad d'Óglaigh na hÉireann nó bheith ag baint leis an gcéanna;

cór seirbhíse.

ciallaíonn an abairt “cór seirbhíse” aon chomhlucht míleata nó aon chónascadh de chomhluchta míleata a mbeidh dearbhaithe le rialacháin faoi alt 23 a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire gur cór seirbhíse é;

coimeád seirbhíse.

ciallaíonn an abairt “coimeád seirbhíse” duine a choinneáil gafa nó gaibhnithe ag Óglaigh na hÉireann agus folaíonn sí gaibhniú í bpríosún míleata nó i mbeairic coinneála;

long Stáit.

ciallaíonn an abairt “long Stáit” long nó árthach is leis an Stát, nó atá ar fostú i seirbhís an Stáit, agus a húsáidtear chun críocha cosanta;

goid.

tá leis an bhfocal “goid” an bhrí atá leis an bhfocal “steal” chun críocha an Larceny Act, 1916, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

oifigeach uachtarach.

folaíonn an abairt “oifigeach uachtarach”, nuair a húsáidtear í maidir le fear, oifigeach neamh-choímisiúnta;

téarma a liostála bunaidh.

tá leis an abairt “téarma a liostála bunaidh”—

(a) maidir le fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 53, an bhrí a tugtar di le halt 53, faoi réir míre (d) d'fho-alt (1) d'alt 63,

(b) maidir le cúltacaire a liostáladh sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 agus a haistríodh go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70, an bhrí a tugtar di le halt 53, faoi réir míre (c) d'fho-alt (2) d'alt 63,

(c) maidir le cúltacaire a liostáladh faoi alt 55, an bhrí a tugtar di le halt 55, faoi réir fo-ailt (3) d'alt 66.

(2) San Acht seo, aon tagairt a déantar d'alt trí uimhir is tagairt í don alt san Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura léirítear gur tagairt d'Acht éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo, forléireofar tagairtí d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

[EN]

Feidhm an Achta maidir le daoine faoin dlí míleata.

3.—Ní dhéanfaidh sé aon difir d'fheidhm an Achta seo maidir le duine faoin dlí míleata an duine sin a bheith de thuras na huaire lasmuigh den Stát nó ar bord loinge nó aerárthaigh.

[EN]

Tréimhse éigeandála.

4.—(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú faoin bhfo-alt seo, a dhearbhú éigeandáil a bheith ann aon uair is dóigh leo ar chúrsaí an cháis gur cóir sin a dhéanamh.

[EN]

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

[EN]

(3) Aon uair a dhéanfas an Rialtas ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á dhearbhú éigeandáil a bheith ann, ansin, an fhaid a fhanfas an t-ordú sin i bhfeidhm, measfar, chun críche an Achta seo, tréimhse éigeandála a bheith ann, agus forléireofar dá réir sin an abairt “tréimhse éigeandála” san Acht seo.

[EN]

(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus foilseofar é san Iris Oifigiúil, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

[EN]

(5) Más rud é, an tráth a déanfar ordú faoin alt seo, go mbeidh ceachtar Teach den Oireachtas curtha ar atráth, comórfar an Teach sin a luaithe is caothúil ach in aon chás ar dháta nach déanaí ná lá agus fiche tar éis an t-ordú a dhéanamh.

[EN]

Fianas.

5.—(1) Beidh duine faoin dlí míleata ar fianas chun críocha an Achta seo—

[EN]

(a) ar feadh aon tréimhse a bheas ordú faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm, nó

[EN]

(b) aon uair a bheas sé ar ceangal le fórsa, nó ina dhuine d'fhórsa, a bheas ag gabháil d'oibríochtaí i gcoinne namhad, nó

[EN]

(c) aon uair a bheas sé ag gabháil d'oibríochtaí míleata in áit a bheas ar áitiú go hiomlán nó go formhór ag namhaid,

[EN]

agus forléireofar dá réir sin an abairt “ar fianas”, nuair a húsáidtear í san Acht seo maidir le duine faoin dlí míleata.

[EN]

(2) Le linn tréimhse éigeandála, féadfaidh an Rialtas, le hordú faoin bhfo-alt seo, a dhearbhú Óglaigh na hÉireann a bheith ar fianas aon uair is dóigh leo ar chúrsaí an cháis gur cóir sin a dhéanamh.

[EN]

(3) Scoirfidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo de bheith i bhfeidhm, murar cúlghairmeadh roimhe sin é faoi fho-alt (4) den alt seo, ar dheireadh a theacht leis an tréimhse éigeandála a bhí ann an tráth a rinneadh an t-ordú.

(4) Féadfaidh an Rialtas le hordú faoin bhfo-alt seo aon ordú faoi fho-alt (2) den alt seo a chúlghairm.

[EN]

Fostaíocht ar longa Stáit.

6.—Aon uair a bheas oifigeach nó fear ar rolla aon loinge Stáit, nó á thréineáil nó á fhreachnamh ar aon long Stáit, measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith ar fostú ar an long Stáit sin agus forléireofar dá réir sin an abairt “ar fostú ar long Stáit” agus abairtí gaolmhara.

[EN]

An tAire do dhéanamh inchúisimh i gcás cionta áirithe.

7.—Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh mar inchúisitheoir i leith aon chiona is inphionóis faoin Acht seo ar dhuine a chiontú ann go hachomair ag an gCúirt Dúiche.

[EN]

Forála maidir le rialacháin.

8.—(1) Is le toiliú an Aire Airgeadais a déanfar aon rialacháin faoin Acht seo a bhéarfas go díreach nó go neamhdhíreach go mbeidh muirear ar chistí poiblí nó go ndéanfar íocaíocht isteach i gcistí poiblí.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, nuair a bheas sé ag déanamh rialachán faoin Acht seo, malairt rialachán a dhéanamh maidir leis na Buan-Óglaigh, na hÓglaigh Cúltaca agus aicmí éagsúla de na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

Athghairm.

9.—Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

[EN]

Caiteachais.

10.—Na caiteachais faoina raghaidh Aire Stáit ag riaradh an Achta seo, íocfar iad, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUIDII.

An Chomhairle Chosanta, an Ceann Foirne, an tArd-Aidiúnach, an tArd-Cheathrúnach, Brainsí Míleata na Roinne Cosanta, an tArd-Chigire, agus an tArd-Abhcóide Breithiúnais.

[EN]

An Chomhairle Chosanta.

11.—(1) Beidh comhlucht arna bhunú ar a dtabharfar an Chomhairle Chosanta (dá ngairmtear an Chomhairle san alt seo) chun cabhair agus comhairle a thabhairt don Aire i ngach ní maidir le gnó na Roinne Cosanta a n-iarrfaidh an tAire a gcomhairle faoi.

[EN]

(2) Is iad a bheas ar an gComhairle dhá chomhalta shibhialta, eadhon, Rúnaí Parlaiminte an Aire Chosanta agus Rúnaí na Roinne Cosanta, agus trí chomhalta míleata, eadhon, an Ceann Foirne, an tArd-Aidiúnach agus an tArd-Cheathrúnach.

[EN]

(3) Is é Rúnaí na Roinne Cosanta a bheas ina rúnaí ag an gComhairle.

[EN]

(4) Beidh cruinniú ag an gComhairle aon uair a ghairmfeas an tAire é.

[EN]

An CeannFoirne, an tArd-Aidiúnach agus an tArd-Cheathrúnach.

12.—(1) Beidh—

[EN]

(a) Ceann Foirne ag Óglaigh na hÉireann,

[EN]

(b) Ard-Aidiúnach ag Óglaigh na hÉireann, agus

[EN]

(c) Ard-Cheathrúnach ag Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(2) (a) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt “príomh-oifig mhíleata” aon oifig acu seo a leanas—

[EN]

(i) oifig an Chinn Fhoirne, nó

[EN]

(ii) oifig an Ard-Aidiúnaigh, nó

[EN]

(iii) oifig an Ard-Cheathrúnaigh.

[EN]

(b) Is é an tUachtarán a dhéanfas ceapachán chun príomh-oifige míleata.

[EN]

(c) Beidh gach duine a ceapfar chun príomh-oifige míleata ina oifigeach de na Buan-Óglaigh.

[EN]

(d) Beidh gach sealbhóir príomh-oifige míleata i seilbh na hoifige sin go ceann pé téarma (nach sia ná cúig bliana) a sonrófar in ionstraim a cheaptha ach féadfar é d'athcheapadh ar an téarma sin a bheith caite,

[EN]

(e) I gcás sealbhóir príomh-oifige míleata a scor de bheith ina oifigeach de na Buan-Óglaigh, scoirfidh sé de bheith i seilbh na príomh-oifige míleata sin.

[EN]

(f) Féadfaidh an tUachtarán sealbhóir príomh-oifige míleata a chur as oifig.

[EN]

Brainsí míleata na Roinne Cosanta.

13.—(1) Beidh trí príomh-bhrainsí míleata arna mbunú sa Roinn Cosanta, eadhon—

[EN]

(a) brainse an Chinn Fhoirne, arb é an Ceann Foirne a bheas ina cheann air,

[EN]

(b) brainse an Ard-Aidiúnaigh, arb é an tArd-Aidiúnach a bheas ina cheann air, agus

[EN]

(c) brainse an Ard-Cheathrúnaigh, arb é an tArd-Cheathrúnach a bheas ina cheann air.

[EN]

(2) Faoi réir forál an Achta seo, cuirfear ar an gCeann Foirne, ar an Ard-Aidiúnach agus ar an Ard-Cheathrúnach faoi seach na dualgais sin a cheapfas an tAire ó am go ham maidir le gnó na Roinne Cosanta.

[EN]

(3) Beidh gach duine acu, an Ceann Foirne, an tArd-Aidiúnach agus an tArd-Cheathrúnach, freagrach go díreach don Aire i gcomhlíonadh na ndualgas sin a cuirfear air ó am go ham faoi fho-alt (2) den alt seo.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire comhoirdniú gnótha nó aon choda de ghnó, príomh-bhrainsí míleata na Roinne Cosanta a tharmligean chun an Chinn Fhoirne.

[EN]

An tArd-Chigire.

14.—(1) Féadfaidh an Rialtas, aon uair is oiriúnach leo, a dhearbhú, le hordú faoin bhfo-alt seo, go mbeidh Ard-Chigire ag Óglaigh na hÉireann, agus aon uair a déanfar aon ordú den tsórt sin agus a bheas sé i bhfeidhm beidh Ard-Chigire ag Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

[EN]

(3) Beidh Ard-Chigire Óglaigh na hÉireann ina oifigeach de na Buan-Óglaigh agus is é an tUachtarán a cheapfas é, agus beidh sé i seilbh oifige an fhaid is toil leis an Uachtarán.

[EN]

(4) Beidh ar Ard-Chigire Óglaigh na hÉireann na dualgais sin a chomhlíonadh a chuirfeas an Rialtas air ó am go ham.

[EN]

An tArd. Abhcóide Breithiúnais.

15.—(1) Beidh Ard-Abhcóide Breithiúnais ann.

[EN]

(2) Beidh an tArd-Abhcóide Breithiúnais ina abhcóide dlí atá ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laghad aige, ach ní bheidh sé ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann, agus is é an tUachtarán a cheapfas é agus beidh sé i seilbh oifige an fhaid is toil leis an Uachtarán.

[EN]

(3) Beidh ar an Ard-Abhcóide Breithiúnais na dualgais sin a chomhlíonadh a chuirfeas an Rialtas air ó am go ham.

[EN]

(4) Íocfar leis an Ard-Abhcóide Breithiúnais pé luach saothair a shocrós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

CUID III.

Bunú, Cothabháil, Ceannas, Comhdhéanamh agus Eagraíocht Óglaigh na hÉireann, Oideachas Míleata agus Nithe Ilghnéitheacha a bhaineas le hÓglaigh na hÉireann.

Caibidil I.

Bunú, Cothabháil agus Ceannas Óglaigh na hÉireann.

[EN]

Údarás chun Óglaigh na hÉireann a bhunú agus a chothabháil.

16.—Is dleathach don Rialtas fórsaí cosanta dá ngairmfear agus ar a dtabharfar Óglaigh na hÉireann nó (i mBéarla) the Defence Forces a bhunú, a thréineáil, a threalmhú, d'armáil, d'íoc agus a chothabháil.

[EN]

Ceannas míleata.

17.—(1) Faoi threorú an Uachtaráin, agus faoi réir forál an Achta seo, beidh ceannas míleata Óglaigh na hÉireann agus gach cumhacht fheidhmiúcháin agus riaracháin maidir le hÓglaigh na hÉireann, lena n-áirítear an chumhacht chun ceannas agus údarás a tharmligean, infheidhmithe ag an Rialtas agus, faoi réir pé eisceacht agus tórann a chinnfeas an Rialtas ó am go ham, tríd an Aire agus ag an Aire.

[EN]

(2)   (a) Féadfaidh an tAire ceannas agus údarás a tharmligean—

[EN]

(i) faoi réir pé eisceacht agus tórann a chinnfeas sé ó am go ham,

[EN]

(ii) maidir le haon límistéir, áit nó long Stáit nó aon chomhlucht míleata a heagrófar faoi alt 22 agus féadfaidh an tarmligean baint le comhpháirteanna éagsúla d'Óglaigh na hÉireann,

[EN]

(iii) le linn tréimhse éigeandála, maidir le hÓglaigh na hÉireann ar fad.

[EN]

(b) Chun críocha fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt seo agus chun críocha riaracháin, féadfaidh an tAire an Stát a roinnt i pé límistéirí agus i pé méid límistéirí is oiriúnach leis.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh. a bhainfeas le hoifigigh, maidir leis na daoine dá dtabharfar, mar oifigigh, ceannas míleata ar Óglaigh na hÉireann nó ar aon chuid d'Óglaigh na hÉireann nó ar aon duine a bhaineas le hÓglaigh na hÉireann, agus maidir leis an modh ar a bhfeidhmeofar an ceannas sin.

Caibidil II.

Comhdhéanamh Óglaigh na hÉireann agus a nEagraíocht Ghinearálta.

[EN]

Comhdhéanamh Óglaigh na hÉireann.

18.—Is é a bheas in Óglaigh na hÉireann—

[EN]

(a) fórsa cosanta dá ngairmfear agus ar a dtabharfar na Buan-Óglaigh nó (i mBéarla) the Permanent Defence Force, ina mbeidh comhpháirteanna airm, cabhlaigh, agus aeir, agus

[EN]

(b) fórsa cosanta dá ngairmfear agus ar a dtabharfar na hÓglaigh Cúltaca nó (i mBéarla) the Reserve Defence Force, ina mbeidh chomhpháirteanna airm, cabhlaigh agus aeir.

[EN]

Comhdhéanamh na mBuan-Óglach.

19.—Is iad a bheas sna Buan-Óglaigh—

[EN]

(a) daoine a ceapfar chucu mar oifigigh agus a bheas de thuras na huaire ina n-oifigigh de na Buan-Óglaigh,

[EN]

(b) daoine a liostálfar iontu mar fhir faoi alt 53 nó 54 agus a bheas de thuras na huaire ina bhfir de na Buan-Óglaigh,

[EN]

(c) daoine a liostáil iontu mar fhir faoi alt 53 agus, tar éis iad d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70, a raghas isteach athuair sna Buan-Óglaigh faoi fho-alt (3) d'alt 63 agus a bheas de thuras na huaire ina bhfir de na Buan-Óglaigh, agus

[EN]

(d) daoine a bheas de thuras na huaire ina gcomhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm.

[EN]

Comhdhéanamh na nÓglach Cúltaca.

20.—Is iad a bheas sna hÓglaigh Cúltaca—

[EN]

(a) daoine a ceapfar chucu mar oifigigh agus a bheas de thuras na huaire ina n-oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(b) daoine a haistreofar chucu mar fhir ó na Buan-Óglaigh faoi alt 70 agus a bheas ina gcúltacairí de thuras na huaire, agus

[EN]

(c) daoine a liostálfar go díreach iontu mar fhir faoi alt 55 agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí.

[EN]

Aicmí de na hÓglaigh Cúltaca.

21.—(1) Roinnfear na hÓglaigh Cúltaca sna haicmí seo a leanas—

[EN]

(a) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne) arb iad a bheas inti na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 44,

[EN]

(b) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil) arb iad a bheas inti na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 44,

[EN]

(c) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Oifigeach (An Slua Muirí) arb iad a bheas inti na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 44,

[EN]

(d) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Fear (An Chéad Líne) arb iad a bheas inti—

[EN]

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostáil faoi alt 53 agus a haistreofar go dtí na hÓglaigh Cúltaca de bhun ailt 70 agus a bheas ina gcúltacairí, de thuras na huaire,

[EN]

(ii) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

[EN]

(iii) na cúltacairí sin a bheas arna gceapadh ó am go ham chun na haicme sin faoi alt 62,

[EN]

(e) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Fear (an Fórsa Cosanta Áitiúil) arb iad a bheas inti—

[EN]

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

[EN]

(ii) na cúltacairí sin a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 62,

[EN]

(f) aicme dá ngairmfear an Cúltaca Fear (An Slua Muirí) arb iad a bheas inti—

[EN]

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

[EN]

(ii) na cúltacairí sin a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 62,

[EN]

(g) aon aicmí eile a chuirfeas an tAire ar bun faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin pé aicmí oifigeach, agus pé méid aicmí oifigeach, de na hÓglaigh Cúltaca is oiriúnach leis a chur ar bun agus pé teideal is oiriúnach leis a thabhairt ar aon aicme a cuirfear ar bun amhlaidh.

[EN]

(b) Is iad a bheas in aicme de na hÓglaigh Cúltaca a cuirfear ar bun faoin bhfo-alt seo na hoifigigh sin de na hÓglaigh Cúltaca a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 44.

[EN]

(3) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin pé aicmí cúltacairí, agus pé méid aicmí cúltacairí, is oiriúnach leis a chur ar bun agus pé teideal is oiriúnach leis a thabhairt ar aon aicme a cuirfear ar bun amhlaidh.

[EN]

(b) Is iad a bheas in aicme de na hÓglaigh Cúltaca a cuirfear ar bun faoin bhfo-alt seo—

[EN]

(i) fir (seachas fir a bheas de thuras na huaire arna gceapadh chun aicme eile cúltacairí faoi fho-alt (2) d'alt 62) a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse san aicme sin agus a bheas de thuras na huaire ina gcúltacairí, agus

[EN]

(ii) na cúltacairí sin a bheas ó am go ham arna gceapadh chun na haicme sin faoi alt 62.

[EN]

(4) Má tharlaíonn aon uair nach mbeidh aon chomhaltaí de na hÓglaigh Cúltaca ceaptha de thuras na huaire chun aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca, féadfaidh an tAire le rialacháin deireadh a chur leis an aicme sin.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire ó am go ham le rialacháin pé teideal eile is oiriúnach leis agus a shonrós sé sna rialacháin a chur in ionad an teidil atá i láthair na huaire ar aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

Eagraiocht Óglaigh na hÉireann.

22.—(1) Déanfar Óglaigh na hÉireann d'eagrú ina bhfoirne, ina n-aonaid agus ina bhfeadhna eile do réir mar forordófar.

[EN]

(2) Is do réir mar forordófar a bheas líon bunaíochta agus teideal gach foirne, aonaid nó feadhna eile d'Óglaigh na hÉireann agus na céimeanna agus na ceapacháin éagsúla iontu.

[EN]

Cór seirbhise.

23.—Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhearbhú go mbeidh aon chomhlucht míleata (is foireann, aonad nó feadhan eile a bheas eagraithe faoi alt 22) nó aon chónascadh de chomhluchta míleata den tsórt sin ina chór seirbhíse chun críocha an Achta seo agus féadfaidh pé teideal is oiriúnach leis a thabhairt ar an gcór seirbhíse sin.

[EN]

Céimeanna coimisiúnta in Óglaigh na hÉireann.

24.—(1) (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna coimisiúnta airm in Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(b) Aon chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún 2 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim choimisiúnta airm eile, is airde í ná an chéim choimisiúnta airm eile sin.

[EN]

(2)  (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh in Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(b) Aon chéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim choimisiúnta chabhlaigh eile, is airde í ná an chéim choimisiúnta chabhlaigh eile sin.

[EN]

(3) Chun críocha an Achta seo—

[EN]

(a) measfar an chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha (arb í uimhir thagartha 3, 4, 5, 6, 7 nó 8 í) a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

[EN]

(b) measfar an chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9 a bheith ar comhréir le gach ceann de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9;

[EN]

(c) measfar an chéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag aon uimhir thagartha (arb í uimhir thagartha 3, 4, 5, 6, 7 nó 8 í) a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

[EN]

(d) measfar gach ceann de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9 a bheith ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún 2 den Dara Sceideal sin ag uimhir thagartha 9.

[EN]

(4) Faoi réir fo-ailt (5), féadfaidh an tAire—

[EN]

(a) a threorú, maidir le haon oifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (c) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta airm áirithe (nach céim dhara lefteanaint), gurb í an chéim choimisiúnta chabhlaigh chomhréire a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta airm sin,

[EN]

(b) a threorú, maidir le hoifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (d) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta dhara lefteanaint airm, gurb é an ceann sin de na céimeanna coimisiúnta cabhlaigh seo a leanas, eadhon, meirgire agus meánloingseach, a sonrófar sa treoir a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta airm sin,

[EN]

(c) a threorú, maidir le hoifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (a) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta chabhlaigh áirithe (nach céim mheirgire ná mheánloingsigh), gurb í an chéim choimisiúnta airm chomhréire a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta cabhlaigh sin,

[EN]

(d) a threorú, maidir le hoifigeach ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (b) den fho-alt seo é) céim choimisiúnta mheirgire nó mheánloingsigh chabhlaigh, gur céim choimisiúnta dhara lefteanaint airm a bheas aige in ionad na céime coimisiúnta cabhlaigh sin,

[EN]

agus beidh éifeacht ag aon treoir den tsórt sin do réir a brí.

[EN]

(5) Ní tabharfar treoir i dtaobh oifigigh faoi fho-alt (4) den alt seo ach amháin le toiliú an oifigigh.

[EN]

Céimeanna neamhchoimisiúnta in Óglaigh na hÉireann.

25.—(1) (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna neamhchoimisiúnta airm in Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(b) Aon chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim neamhchoimisiúnta airm eile, is airde í ná an chéim neamhchoimisiúnta airm eile sin.

[EN]

(2) (a) Is iad na céimeanna ar leithligh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo na céimeanna neamhchoimisiúnta cabhlaigh in Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(b) Aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo roimh aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh eile, is airde í ná an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh eile sin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire a dhearbhú le rialacháin, maidir le haon chór seirbhíse áirithe, go mbeidh ag aon duine ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta airm ann, in ionad céime a sonraítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, pé céim chomhionann eile a sonrófar sna rialacháin sin agus, sa chás sin, déanfar tagairtí in aon reacht de chuid Shaorstát Éireann nó in aon Acht ón Oireachtas (arna rith roimh an Acht seo nó dá éis sin), nó in aon scéim arna déanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoin Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932), do chéim a sonraítear sa cholún sin (2) d'fhorléiriú, maidir leis an gcór seirbhíse sin, mar thagairtí don chéim chomhionann a sonrófar sna rialacháin sin.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin aon chéim neamhchoimisiúnta airm nó aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh a roinnt i pé gráid agus i pé méid grád is oiriúnach leis agus féadfaidh pé ainm ar leith is oiriúnach leis a thabhairt ar gach ceann faoi leith de na gráid sin.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire le rialacháin aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh a roinnt i pé aicmíochtaí agus i pé méid aicmíochtaí is oiriúnach leis agus féadfaidh pé ainm ar leith is oiriúnach leis a thabhairt ar gach aicmíocht acu sin.

[EN]

(6) Chun críocha an Achta seo—

[EN]

(a) measfar an chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha a bheith ar comhréir leis an gcéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin;

[EN]

(b) measfar an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin ag aon uimhir thagartha a bheith ar comhréir leis an gcéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

[EN]

(7) Faoi réir fo-ailt 8, féadfaidh an tAire—

[EN]

(a) a threorú, maidir le fear ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a liostála nó de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (b) den fho-alt seo é) céim neamhchoimisiúnta airm áirithe atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, gurb í an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh chomhréire a bheas aige in ionad na céime neamhchoimisiúnta airm sin,

[EN]

(b) a threorú, maidir le fear ag a bhfuil (pé acu de bhuaidh a liostála nó de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh treora faoi mhír (a) den fho-alt seo é) céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh áirithe atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin ag aon uimhir ithagartha, gurb í an chéim neamhchoimisiúnta airm chomhréire a bheas aige in ionad na céime neamhchoimisiúnta cabhlaigh sin,

[EN]

agus beidh éifeacht ag aon treoir den tsórt sin do réir a brí.

[EN]

(8) Ní tabharfar treoir maidir le fear faoi fho-alt (7) den alt seo ach amháin le toiliú an fhir féin.

[EN]

Rialacháin ghinearálta maidir le hÓglaigh na hÉireann.

26.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, maidir le haon ní nó gach ní dá luaitear sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Caibidil III.

Oideachas Míleata.

[EN]

Forais oideachais a bhunú.

27.—(1) Féadfaidh an tAire Coláiste Míleata a bhunú agus an oiread foras eile agus is riachtanach leis chun tréineáil agus teagasc a thabhairt do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní aon ní acu seo a leanas—

[EN]

(a) foireann foras a bunófar faoin alt seo,

[EN]

(b) na daoine a ligfear isteach sna forais sin,

[EN]

(c) na cúrsaí léinn sna forais sin,

[EN]

(d) ré agus cineál na gcúrsaí teagaisc agus tréineála sna forais sin,

[EN]

(e) na scrúduithe a déanfar sna forais sin,

[EN]

(f) bainistí, rialú agus dea-riaradh na bhforas sin.

[EN]

Socruithe eile oideachais.

28.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun teagasc a thabhairt do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann—

[EN]

(a) lasmuigh den Stát, nó

[EN]

(b) i bhforais seachas na forais a bunófar faoi alt 27.

[EN]

(2) Bhéarfar do gach comhalta d'Óglaigh na hÉireann teagasc ar na horduithe agus na treora is gá le haghaidh gnáth-dhualgas a chéime agus a cheapacháin a thabhairt agus a ghlacadh i nGaeilge.

[EN]

Daltais.

29.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le daltais.

[EN]

Caibidil IV.

Forála Ilghnéitheacha maidir le hÓglaigh na hÉireann.

[EN]

Cumhachta speisialta maidir le cosaint.

30.—(1) Féadfaidh an tAire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

[EN]

(a) beairicí, ceathrúna, oibreacha cosanta, armthaiscí, aeradróim, raonta, cuanta, piaraí, longlanna, dugaí tirme agus ancaireachtaí, a dhéanamh agus a chothabháil;

[EN]

(b) árthaigh armtha poiblí agus árthaigh cúnta dhóibh a dhéanamh, d'fháil, a threalmhú, a chothabháil agus a choimisiúnú;

[EN]

(c) árthaigh (seachas árthaigh armtha poiblí agus árthaigh cúnta dhóibh), is gá chun críocha cosanta, a dhéanamh, d'fháil, a threalmhú, a chothabháil agus d'fhoirniú;

[EN]

(d) baoithe agus soilse a shuíomh agus a chothabháil;

[EN]

(e) mianaigh a chur;

[EN]

(f) monarchana arm agus lóin lámhaigh agus monarchana déanta trealamh agus stóras eile seirbhíse a bhunú, d'oibriú, agus a chothabháil, agus dul faoi chonradh chun iad a bhunú, d'oibriú agus a chothabháil;

[EN]

(g) sibhialtaigh d'fhostú (lena n-áirítear iad d'fhostú i modh príntíseachta) le hÓglaigh na hÉireann nó i monarcha a bunófar faoin alt seo;

[EN]

(h) faoi réir forál an Achta seo, gach ní eile is riachtanach leis chun go mbeadh cosaint mhíleata éifeachtach ag an Stát.

[EN]

(2) I gcás feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar le fo-alt (1) den alt seo do chur muirir ar chistí poiblí, ní feidhmeofar na cumhachta sin ach amháin le comhthoil an Aire Airgeadais.

[EN]

Ceart chun dul isteach ar thalamh.

31.—(1) Féadfaidh duine ar bith (dá ngairmtear duine údaraithe san alt seo) a bheas údaraithe ag an Aire chuige sin dul isteach aon tráth réasúnach, ar fhógra ocht n-uaire ceathrachad a chloig a thabhairt roimh ré i scríbhinn dá áititheoir, ar aon talamh chun aon fhiosrú, iniúchadh nó scrúdú a dhéanamh ann a réamhghabhfas nó a bhainfeas le déanamh aon ní a n-údaraíonn an Chuid seo don Aire é a dhéanamh.

[EN]

(2) Má chuireann aon duine cosc le duine údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear do dhuine údaraithe leis an alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

[EN]

Talamh, etc. a thógaint trí chomhaontú.

32.—Chun críocha an Achta seo, le toiliú an Aire Airgeadais, féadfaidh an tAire, trí chomhaontú, aon talamh nó aon cheart ar thalamh a ghlacadh ar léas nó a thógaint nó ceadúnas a ghlacadh chun é d'úsáid.

[EN]

Talamh nó cearta ar thalamh a thógaint go héigeantach.

33.—(1) Más cuí, agus aon uair is cuí, leis an Aire aon talamh nó ceart ar thalamh a thógaint go héigeantach chun críocha an Achta seo, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, a dhearbhú le hordú go bhfuil ar intinn aige an talamh sin nó an ceart sin ar thalamh a thógaint amhlaidh, agus oibreoidh gach ordú den tsórt sin chun cumhacht a thabhairt don Aire an talamh nó an ceart ar thalamh a luaitear san ordú sin a thógaint go héigeantach faoi réim agus do réir an ailt seo.

[EN]

(2) Íocfaidh an tAire cúiteamh i leith talún a thógfas an tAire go héigeantach faoin alt seo leis na daoine ar leithligh ag a bhfuil eastáit nó leasa ann, agus i leith aon chirt ar thalamh a thógfas an tAire go héigeantach faoin alt seo le húnaer an chirt sin agus, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), cinnfear an cúiteamh sin faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus chuige sin measfar gurb údarás poiblí do réir bhrí an Achta sin an tAire.

[EN]

(3) (a) Aon tráth tar éis don Aire teacht i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, aon talamh nó ceart ar thalamh a thógaint go héigeantach, agus roimh é a thíolacadh nó roimh an gcúiteamh d'fhionnadh, féadfaidh an tAire faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den fho-alt seo, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh sin nó an ceart sin d'fhorceannadh.

[EN]

(b) Má fheidhmíonn an tAire aon chumhacht dá dtugtar dó le mír (a) den fho-alt seo, ansin—

[EN]

(i) faoi réir fo-mhíre (ii) den mhír seo, íocfaidh an tAire, leis an duine arb é áititheoir na talún ar a ndeachthas isteach é nó únaer an chirt ar thalamh a forceannadh, ús ar mhéid an chúitimh is iníoctha leis an duine sin do réir trí faoin gcéad sa bhliain ón dáta a feidhmíodh an chumhacht sin go dtí dáta íoctha an chúitimh sin,

[EN]

(ii) más rud é—

[EN]

(I) gur thairg an tAire go neamh-choinníollach i scríbhinn aon tsuim mar chúiteamh den tsórt sin don duine sin, agus

[EN]

(II) nár ghlac an duine sin an tairiscint, agus

[EN]

(III) nach mó an tsuim a dhámhfas an t-eadránai oifigiúil don duine sin mar chúiteamh ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh,

[EN]

ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin i leith aon tréimhse tar éis dáta na tairiscinte.

[EN]

(c) Ní cead don Aire—

[EN]

(i) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoi mhír (a) den fho-alt seo gan fógra míosa nó, i gcás tí chónaithe ar áitiú, fógra trí mhí ar a laghad, a thabhairt roimh ré i scríbhinn don áititheoir go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh, ná

[EN]

(ii) aon cheart ar thalamh d'fhorceannadh faoi mhír (a) den fho-alt seo gan fógra míosa ar a laghad a thabhairt don únaer go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh.

[EN]

(d) Féadfar fógra faoi mhír (c) den fho-alt seo a thabhairt d'aon duine trína chur leis an bpost i gclúdach a díreofar chun an duine sin faoin seoladh is gnáthach nó is déanaí is eol a bheith aige.

[EN]

(e) Má tharlaíonn, ar chúis ar bith, nach féidir an clúdach a luaitear i mír (d) den fho-alt seo a dhíriú mar foráltar leis an mír sin, féadfar é a dhíriú chun an duine ar dó é i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo a leanas—

[EN]

(i) faoin tuairisc “an t-áititheoir” nó “an t-únaer” (pé acu é) gan a ainm a lua,

[EN]

(ii) go dtí an talamh nó go dtí ionad na maoine lena mbaineann an fógra sa chlúdach.

[EN]

Usáid talún ag an Aire.

34.—(1) Féadfaidh an tAire aon talamh a bheas dílsithe ann nó ar áitiú aige d'úsáid chun pé críocha, i ndáil lena chumhachta agus a dhualgais faoin Acht seo, agus i pé slí, is cuí leis.

[EN]

(2) I gcás aon talamh a bheas dílsithe san Aire nó ar áitiú aige a bheith ag teagmháil le haon urthrá, farraige nó uisce taoide, folóidh na cearta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo an ceart chun cleachtais airtléire, mhuscaeid, bhuamála nó cleachtais eile airm, chabhlaigh nó aeir a chur ar siúl ar an urthrá, ar an bhfarraige nó ar an uisce taoide sin nó os a gcionn.

[EN]

Ceart an Aire chun goireas áirithe a chur suas agus a chothabháil ar thalamh in aice le haeradróim sheirbhise.

35.—(1) (a) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara go gcuirfear suas ar aon talamh nó foirgneamh in aice le haeradróm a bheas dílsithe ann nó ar áitiú aige, nó go suífear ann, nó go ngreamófar de, pé goireas (lena n-áirítear sreanga leictreachais) is gá leis chun aon ionad nó aon bhacainn a thaispeáint nó chun comharthaí nó eolas a thabhairt do dhaoine a bheas ag loingsiú aerárthaí chun an aeradróim, nó uaidh, nó ina aice, agus féadfaidh an goireas sin a chothabháil agus d'úsáid dá éis sin.

[EN]

(b) Sara ndéanfaidh an tAire aon ghoireas a chur suas ar aon talamh nó foirgneamh, nó a shuíomh ann, nó a ghreamú dhe, de bhun an fho-ailt seo, bhéarfaidh sé fógra míosa roimh ré don únaer agus don áititheoir á chur in iúl go bhfuil sin beartaithe aige.

[EN]

(c) Má dhéanann duine ar bith go toiliúil aon ghoireas a cuireadh suas ar aon talamh nó foirgneamh, nó a suíodh ann, nó a greamaíodh de, de bhun an fho-ailt seo, a bhacainniú, a dhíthiú, a tharraingt anuas nó d'aghlot, nó má bhaineann sé leis go toiliúil, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

[EN]

(2) (a) Chun na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo d'fheidhmiú, féadfaidh aon duine údaraithe agus aon daoine a bheas ag gníomhú faoina threoir dul isteach ar aon talamh agus gabháil thríd (le feithiclí nó gan feithiclí).

[EN]

(b) Má chuireann duine ar bith (dá ngairmtear an ciontóir sa mhír seo) cosc le duine údaraithe nó le haon duine a bheas ag gníomhú faoina threoir i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an bhfo-alt seo, beidh an ciontóir ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

[EN]

(c) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt “duine údaraithe” aon duine d'aicme dhaoine atá údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachta a bheirtear leis an bhfo-alt seo d'fheidhmiú.

[EN]

(3) Má chruthaíonn duine ar bith ag a bhfuil eastát nó leas i dtalamh go ndearnadh dochar dá eastát nó dá leas trí fheidhmiú na gcumacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo, beidh sé i dteideal cúiteamh sa dochar don eastát nó don leas sin a ghnóthú ón Aire agus déanfar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníochta faoin alt seo nó i dtaobh méid aon chúitimh is iníoctha amhlaidh a chinneadh, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), ag eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus faoi réim agus do réir an Achta sin.

[EN]

Srian le húsáid talún in aice le haeradróim sheirbhíse.

36.—(1) Aon uair is dóigh leis an Aire go ndéanfadh úsáid neamhshrianta aon límistéire áirithe talún in aice le haerodróm, a bheas dílsithe san Aire nó ar áitiú aige, cur isteach ar loingsiú aerárthach a bheadh ag eiteall chun an aeradróim sin nó uaidh, féadfaidh sé, le hordú (dá ngairmtear ordú límistéire caomhanta san alt seo) na nithe seo a leanas a dhéanamh—

[EN]

(a) a dhearbhú gur límistéir chaomhanta chun críocha an orduithe an límistéir áirithe talún sin,

[EN]

(b) a dhearbhú nach dleathach, laistigh den límistéir chaomhanta, d'aon duine, ach amháin faoi réim agus do réir ceada arna dheonadh ag an Aire, aon fhoirgneamh a chur suas ná a mhéadú, ná aon phosta, cuaille ná rud eile a chur suas ná a shuíomh i dtreo go mbeidh aon chuid den fhoirgneamh, den phosta, den chuaille nó den rud (dá ngairmtear bacainn san alt seo) níos airde ná mar ceapfar leis an ordú.

[EN]

(2) Bainfidh na forála seo a leanas le gach ordú límistéire caomhanta—

[EN]

(a) cuirfidh an tAire faoi deara an t-ordú d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i pé nuachtáin is cuí leis an Aire dá léitear sa límistéir lena mbaineann an t-ordú,

[EN]

(b) féadfaidh an t-ordú an límistéir lena mbaineann sé a roinnt i pé fo-límistéirí, agus i pé méid fo-límistéirí, is cuí leis an Aire agus, sa chás sin, féadfaidh forála éagsúla a bheith ann i leith gach fo-límistéire acu sin,

[EN]

(c) féadfaidh an t-ordú aon bhacainní sonraithe nó aon aicme shonraithe bhacainní a dhíolmhadh ó fheidhm an orduithe,

[EN]

(d) beidh ag gabháil leis an ordú léarscáil a thaispeánfas an límistéir lena mbaineann an t-ordú agus, i gcás an límistéir sin a bheith roinnte ina fo-límistéirí, gach ceann de na fo-límistéirí sin,

[EN]

(e) féadfar an léarscáil a bheas ag gabháil leis an ordú d'fhágaint as an ordú nuair a bheas aon fhoilsiú á dhéanamh air de bhun míre (a) den fho-alt seo, ach taiscfear cóipeanna den ordú agus den léarscáil a ghabhas leis in Oifig na Roinne Cosanta, Geata na Páirce, Baile Átha Cliath, agus coimeádfar ar fáil ansin iad chun a n-iniúchta ag an bpobal gach tráth réasúnach.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo ordú límistéire caomhanta a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(4) Leagfar gach ordú límistéire caomhanta agus gach ordú ag leasú orduithe límistéire caomhanta faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire ceada a dheonadh chun críocha orduithe límistéire caomhanta agus beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon chead a deonfar amhlaidh—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire—

[EN]

(i) pé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil leis,

[EN]

(ii) é a chúlghairm nó a leasú;

[EN]

(b) ní oibreoidh an cead mar fhuascailt ó aon tsrianta a forchuireadh faoi na hAchta um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, nó faoi aon achtachán eile, agus a bhaineas leis an límistéir lena mbaineann an t-ordú.

[EN]

(6) (a) Má chruthaíonn duine ar bith, ag a bhfuil eastát nó leas i dtalamh laistigh de límistéir lena mbaineann ordú límistéire caomhanta, go ndearnadh dochar dá eastát nó dá leas tríd an Aire dá dhiúltú cead a dheonadh dhó nó trí aon choinníollacha a bheith ag gabháil le cead a dheoin an tAire dhó, beidh sé i dteideal cúiteamh sa dochar don eastát nó don leas sin a ghnóthú ón Aire agus déanfar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníoctha faoin bhfo-alt seo nó i dtaobh méid aon chúitimh is iníoctha amhlaidh a chinneadh, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), ag eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus faoi réim agus do réir an Achta sin.

[EN]

(b) I gcás ina mbeadh duine, mura mbeadh an mhír seo, i dteideal cúitimh faoin bhfo-alt seo agus fós faoi aon achtachán eile i leith an ní chéanna, ní bheidh sé i dteideal cúitimh i leith an ní sin faoin bhfo-alt seo agus fós faoin achtachán eile sin, ach féadfaidh sé rogha a dhéanamh idir cúiteamh a ghlacadh faoin bhfo-alt seo nó é a ghlacadh faoin achtachán eile sin.

[EN]

(7) Má chuireann duine ar bith suas nó má mhéadaíonn sé foirgneamh nó má chuireann sé suas nó má shuíonn sé aon phosta, cuaille nó rud eile agus go sáróidh sin ordú límistéire caomhanta—

[EN]

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, pé acu tionscnófar nó nach dtionscnófar aon imeachta i leith an chiona, a chur faoi deara pé athruithe a dhéanamh ar an bhfoirgneamh, ar an bposta, ar an gcuaille nó ar an rud a ndearnadh an sárú ina leith, is gá dar leis chun go gcomhlíonfaí an t-ordú, agus beidh na caiteachais faoina raghaidh an tAire á dhéanamh sin inghnóthuithe ag an Aire mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine a rinne an sárú.

[EN]

Coinmheadh lelinn tréimhse éigeandála.

37.—(1) (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham agus aon am, pé rialacháin a dhéanamh is oiriúnach leis—

[EN]

(i) á cheangal ar áititheoirí áitreabh iostas freastal agus bia a sholáthar, le linn tréimhse éigeandála, do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann;

[EN]

(ii) á cheangal ar áititheoirí áitreabh agus eachlann cóiríocht stábla agus foráiste a sholáthar, le linn tréimhse éigeandála, do chapaill le hÓglaigh na hÉireann;

[EN]

(iii) á cheangal ar áititheoirí áitreabh agus garáistí cóiríocht gharáiste a sholáthar, le linn tréimhse éigeandála, d'fheithiclí inneall,ghluaiste le hÓglaigh na hÉireann;

[EN]

(iv) ag tabhairt pé cumhacht agus údaráis is cuí leis do pé daoine is cuí leis chun na rialacháin a chur i gcrích agus i bhfeidhm;

[EN]

(v) ag socrú, le ceadú an Aire Airgeadais, scálaí na n-íocaíocht a bhéarfar i leith aon iostais, freastail, bídh, cóiríochta stábla, foráiste nó cóiríochta garáiste a soláthrófar amhlaidh;

[EN]

(vi) ag déanamh forála i leith aon ní nó ruda a ghabhas leis na nithe réamhráite.

[EN]

(b) Déanfar na tagairtí i mír (a) den fho-alt seo d'áititheoirí áitreabh d'fhorléiriú, i gcás áitreabh neamháitithe, mar thagairtí d'únaerí na n-áitreabh sin.

[EN]

(2) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon rialachán a déanfar faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

[EN]

(3) Íocfar le daoine a sholáthrós iostas, freastal, bia, cóiríocht stábla, foráiste nó cóiríocht gharáiste de bhun rialachán faoin alt seo íocaíochtaí do réir na scálaí a socrófar leis na rialacháin sin.

[EN]

(4) Má déantar le rialacháin faoin alt seo aon chumhachta a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána nó aon dualgais a chur orthu, nó i gcás ina bhforálfaidh na rialacháin sin gur i gcomhairle le haon chomhalta den Gharda Síochána a déanfar aon tsocruithe maidir le coinmheadh, is le comhthoil an Aire Dhlí agus Cirt a déanfar na rialacháin sin a bhainfeas amhlaidh leis an nGarda Síochána.

[EN]

(5) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

[EN]

Coinmheadh le linn síochána.

38.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “teach biataíochta” aon áitreabh—

[EN]

(a) is áitreabh atá cláraithe i gclár atá á choimeád faoi Chuid III den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939), nó

[EN]

(b) is áitreabh atá ceadúnaithe faoi na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, chun deocha meisciúla a dhíol lena n-ól san áitreabh, nó

[EN]

(c) is pronnlann atá cláraithe i gclár atá á choimeád faoi rialacháin a rinneadh faoi Chuid V den Acht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947).

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire pé rialacháin is cuí leis a dhéanamh—

[EN]

(a) á cheangal ar áititheoirí tithe biataíochta iostas, freastal agus bia a sholáthar do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann;

[EN]

(b) á cheangal ar áititheoirí tithe biataíochta agus eachlann cóiríocht stábla agus foráiste a sholáthar do chapaill le hÓglaigh na hÉireann;

[EN]

(c) á cheangal ar áititheoirí tithe biataíochta agus garáistí cóiríocht gharáiste a sholáthar d'fheithiclí inneallghluaiste le hÓglaigh na hÉireann;

[EN]

(d) ag tabhairt pé cumhacht agus údaráis is cuí leis do pé daoine is cuí leis chun na rialacháin a chur i gcrích agus i bhfeidhm;

[EN]

(e) ag socrú, le ceadú an Aire Airgeadais, scálaí na n-íocaíocht a bhéarfar i leith aon iostais, freastail, bídh, cóiríochta stábla, foráiste, nó cóiríochta garáiste a soláthrófar amhlaidh;

[EN]

(f) ag déanamh forála i leith aon ní nó ruda a ghabhas leis na nithe réamhráite.

[EN]

(3) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon rialachán a déanfar faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

[EN]

(4) Ní déanfar, de bhun aon rialacháin faoin alt seo, aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann a chur ar coinmheadh in aon teach príobháideach ná in aon áitreabh a bheas á áitiú ag mná amháin.

[EN]

(5) Íocfar le daoine a sholáthrós iostas, freastal, bia, cóiríocht stábla, foráiste nó cóiríocht gharáiste, de bhun rialachán faoin alt seo, íocaíochtaí do réir na scálaí a socrófar leis na rialacháin sin.

[EN]

(6) Má deantar le rialacháin faoin alt seo aon chumhachta a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána nó aon dualgais a chur orthu, nó i gcás ina bhforálfaidh na rialacháin sin gur i gcomhairle le comhalta den Gharda Síochána a déanfar aon tsocruithe maidir le coinmheadh, is le comhthoil an Aire Dhlí agus Cirt a déanfar na rialacháin sin a bhainfeas amhlaidh leis an nGarda Síochána.

[EN]

(7) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

[EN]

Feidhmiú na gcumhacht a bheas dílsithe i sealbhóir oifige míleata.

39.—Aon chumhacht nó dlínse a bhéarfar d'aon duine a bheas i seilbh aon oifige míleata, agus aon ghníomh nó rud a bheas le déanamh aige, nó leis nó ina láthair, féadfaidh duine ar bith eile a bheas de thuras na huaire údaraithe chuige sin, do réir gnás na seirbhíse nó do réir rialacha nós imeachta nó do réir rialachán a dhéanfas an tAire, an chumhacht nó an dlínse sin d'fheidhmiú, nó an gníomh nó an rud sin a dhéanamh, nó féadfar an gníomh nó an rud sin a dhéanamh leis nó ina láthair.

[EN]

Forála maidir le horduithe údarás míleata.

40.—(1) I gcás údarás a thabhairt leis an Acht seo nó faoi don Cheann Foirne, don Ard-Aidiúnach, don Ard-Cheathrúnach nó d'aon ghinearál-oifigeach, brat-oifigeach nó oifigeach eile i gceannas chun aon ordú a dhéanamh, féadfar an t-ordú sin a chur in iúl le hordú, treoir nó litir faoi shíniú aon oifigigh a bheas údaraithe chun orduithe a thabhairt thar ceann an Chinn Fhoirne, an Ard-Aidiúnaigh, an Ard-Cheathrúnaigh, an ghinearáil-oifigigh, an bhrat-oifigigh nó an oifigigh eile i gceannas, agus beidh aon ordú, treoir, nó litir a airbheartós a bheith sínithe ag oifigeach a dhealrós ann a bheith údaraithe amhlaidh ina fhianaise go bhfuil sé údaraithe amhlaidh.

[EN]

(2) Beidh réim ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon ordú nó treoir a bhéarfar de bhun an Achta seo i dtaobh aon phiantseirbhí mhíleata, aon phríosúnaigh mhíleata, nó aon fhir faoi choinneáil, agus ní measfar aon ordú ná treoir den tsórt sin a bheith neamhbhailí de dheasca an t-oifigeach a shínigh an t-ordú nó an treoir sin, nó d'ordaigh é a thabhairt, d'fháil bháis nó a chur as oifig, ná de dheasca aon lochta san ordú nó sa treoir sin, má líomhantar san ordú nó sa treoir sin gur ciontaíodh an pian tseirbhí míleata, an príosúnach míleata nó an fear faoi choinneáil agus go bhfuil ciontú maith bailí ann mar bhonn leis an ordú nó leis an treoir.

[EN]

(3) In aon chás beidh ordú bailí má tugadh é sa bhfoirm fhorordaithe, ach ní bheidh ordú nach gcloífidh leis an bhfoirm fhorordaithe, más bailí dhó thairis sin, neamhbhailí de dheasca gan é do chloí leis an bhfoirm fhorordaithe agus dá dheasca sin amháin.

CUID IV.

Pearsanra Óglaigh na hÉireann.

Caibidil I.

Oifigigh.

[EN]

Daoine a bheas incheaptha ina n-oifigigh.

41.—Beidh gach duine acu seo a leanas incheaptha ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca, is é sin le rá:—

[EN]

(a) saoránaigh Éireannacha;

[EN]

(b) aon daoine eile a cheadós an tAire go speisialta.

[EN]

Oifigigh a cheapadh, agus coimisiúin.

42.—(1) Féadfaidh an tUachtarán aon duine incheaptha a cheapadh ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca in aon chéim choimisiúnta, agus féadfaidh aon cheapachán den tsórt sin bheith ina cheapachán gan tórainn ama nó ina cheapachán go ceann tréimhse sonraithe nó ina cheapachán sealadach.

[EN]

(2) Nuair a ceapfar duine ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca, bhéarfar coimisiún dó agus beidh an coimisiún sin—

[EN]

(a) i gcás Uachtarán tofa a bheith in oifig agus ag oibriú agus ag comhlíonadh cumhacht agus feidhmeanna a oifige, sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin agus faoi shéala oifigiúil an Uachtaráin,

[EN]

(b) in aon chás eile, sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid IV den Sceideal sin agus faoi shéala oifigiúil an Uachtaráin.

[EN]

(3) Más go ceann tréimhse sonraithe nó go sealadach a ceapfar duine ina oifigeach, formhuineofar ar an gcoimisiún focail a chuirfeas tréimhse an cheapacháin in iúl nó an focal “sealadach” nó (sa Bhéarla) “temporary” (do réir mar oireas don chás).

[EN]

(4) Má tharlann earráid i gcoimisiún a bhéarfar faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfar, le treoir ón Uachtarán, an coimisiún a leasú tríd an earráid sin a cheartú.

[EN]

An mionn a ghlacfas oifigigh.

43.—(1) Gach duine a ceapfar ina oifigeach de na Buan-Óglaigh glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.

[EN]

(2) Gach duine a ceapfar ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.

[EN]

(3) Glacfar nó déanfar an mionn nó an dearbhú a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo laistigh den tréimhse fhorordaithe agus ar an modh forordaithe i láthair oifigigh fhorordaithe.

[EN]

(4) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn aon duine a ceapfar ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca an mionn a ghlacadh nó an dearbhú a dhéanamh a ceanglaítear air a ghlacadh nó a dhéanamh leis an alt seo laistigh den tréimhse agus ar an modh a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, measfar é do thairiscint éirí as a choimisiún agus measfar i ndeireadh na tréimhse sin gur glacadh le hé d'éirí as a choimisiún.

[EN]

Oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca a shannadh chun aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca.

44.—(1) Nuair a ceapfar duine ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca, déanfaidh an tAire, ar an duine sin a cheapadh, é a shannadh chun aicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

(2) Aon oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca a bhainfeas de thuras na huaire le haicme áirithe de na hÓglaigh Cúltaca, féadfaidh an tAire, le haontú an oifigigh sin, é a shannadh chun aicme eile de na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “aicme de na hÓglaigh Cúltaca” aon aicme acu seo a leanas de na hÓglaigh Cúltaca—

[EN]

(a) an Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne), nó

[EN]

(b) an Cúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil), nó

[EN]

(c) an Cúltaca Oifigeach (An Slua Muirí), nó

[EN]

(d) aon aicme a cuirfear ar bun faoi fho-alt (2) d'alt 21.

[EN]

Oifigigh d'ardú.

45.—(1) Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfas sé, aon oifigeach d'ardú go dtí céim shubstainteach níos airde.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfas sé, aon oifigeach ag a bhfuil céim shubstainteach nó céim ghníomhach, d'ardú go dtí céim ghníomhach níos airde.

[EN]

(3) Aon oifigeach a hardófar go dtí céim ghníomhach níos airde, cuirfear siar é, aon uair ina dhiaidh sin a thabharfas an tAire treoir chuige sin, go dtí a chéim shubstainteach nó, más amhlaidh a treorófar, chun céime gníomhaí is airde ná a chéim shubstainteach.

[EN]

Oifigeach a chur ar leath-pháigh.

46.—Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfas sé, oifigeach a chur ar leath-pháigh go ceann tréimhse nach sia ná bliain.

[EN]

Oifigigh do na Buan-Óglaigh a scor.

47.—(1) San alt seo ciallaíonn an focal “oifigeach” oifigeach de na Buan-Óglaigh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tUachtarán, ar aon chúis fhorordaithe, oifigeach a scor.

[EN]

(3) Féadfaidh an tUachtarán oifigeach ar ceapachán sealadach a cheapachán mar oifigeach a scor uair ar bith.

[EN]

(4) (a) Scoirfidh oifigeach de chineál forordaithe (cineál a féadfar d'fhorordú trí thagairt do chéim nó do cheapachán nó dóibh araon nó do pé nithe eile is cuí leis an Aire) ar é do shlánú na haoise a bheas forordaithe chun oifigigh den chineál sin a scor.

[EN]

(b) Faoi réir pé coinníollacha a forordófar, féadfaidh an tAire, i gcás oifigigh a mbeidh ceangailte air le mír (a) den fho-alt seo scor ar dháta áirithe, cead a thabhairt dó leanúint, tar éis an dáta sin, de bheith ag fónamh mar oifigeach go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná céad agus dhá lá agus fiche) a shocrós an tAire ina leith, agus, sa chás sin, scoirfidh an t-oifigeach sin ar dheireadh a theacht leis an tréimhse bhreise a socraíodh amhlaidh ina leith.

[EN]

(5) Aon oifigeach ar ceapachán go ceann tréimhse sonraithe a cheapachán mar oifigeach scoirfidh sé ar dheireadh a theacht leis an tréimhse sin.

[EN]

(6) Aon oifigeach a bheadh, ar scor dó, i dteideal, de bhuaidh fad a sheirbhíse, páigh scoir nó aisce d'fháil faoi aon scéim faoin Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932), féadfaidh sé scor, le cead an Aire.

[EN]

(7) Aon oifigeach a scoirfear nó a scoirfeas ní bheidh sé ina oifigeach níos sia.

[EN]

Oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca do scarúint lena gcoimisiúin.

48.—(1) San alt seo ciallaíonn an focal “oifigeach” oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

(2) Féadfaidh an tUachtarán, ar aon chúis fhorordaithe, a threorú d'oifigeach scarúint lena choimisiún agus in aon chás den tsórt sin scarfaidh an t-oifigeach sin lena choimisiún.

[EN]

(3) Féadfaidh an tUachtarán a threorú d'oifigeach ar ceapachán sealadach a cheapachán mar oifigeach scarúint lena choimisiún, agus in aon chás den tsórt sin scarfaidh an t-oifigeach sin lena choimisiún.

[EN]

(4) Scarfaidh oifigeach de chineál forordaithe (cineál a féadfar d'fhorordú trí thagairt do chéim nó do cheapachán nó dóibh araon nó do pé nithe eile is cuí leis an Aire) lena choimisiún ar é do shlánú na haoise a bheas forordaithe chun oifigigh den chineál sin do scarúint lena gcoimisiúin.

[EN]

(5) Aon oifigeach ar ceapachán go ceann tréimhse sonraithe a cheapachán mar oifigeach scarfaidh sé lena choimisiún ar dheireadh a theacht leis an tréimhse sin.

[EN]

(6) Aon oifigeach a thiocfas chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, scarfaidh sé air sin lena choimisiún.

[EN]

(7) Aon oifigeach a scarfas lena choimisiún ní bheidh sé ina oifigeach níos sia.

[EN]

Oifigigh d'éirí as a gcoimisiúin.

49.—(1) Féadfaidh oifigeach a thairiscint don Uachtarán, ar an modh forordaithe, éirí as a choimisiún.

[EN]

(2) Féadfaidh an tUachtarán glacadh le tairiscint oifigigh éirí as a choimisiún nó féadfaidh sé diúltú d'í a ghlacadh.

[EN]

(3) Aon oifigeach a bheas tar éis tairiscint éirí as a choimisiún ní cuirfear óna dhualgas míleata é toise é dá thairiscint sin agus dá thoisc sin amháin.

[EN]

(4) Má glactar le hoifigeach d'éirí as a choimisiún, ní bheidh an t-oifigeach sin ina oifigeach níos sia.

[EN]

Dífhostú oifigeach.

50.—(1) Féadfaidh an tUachtarán aon oifigeach a dhífhostú.

[EN]

(2) Ach amháin i gcás oifigigh ar a dtabharfaidh cúirt shibhialta pianbhreith bháis nó phian-tseirbhíse nó phríosúntachta go ceann téarma is sia ná sé mhí nó a bheas as láthair gan cead ar feadh tréimhse is sia ná trí mhí, ní dífhostófar oifigeach faoin alt seo mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar na cúiseanna ar a bhfuil beartaithe é a dhífhostú a chur in iúl dó agus caoi réasúnach a thabhairt dó pé uiríoll is cuí leis a dhéanamh maidir leis an dífhostú sin atá beartaithe.

[EN]

(3) Aon oifigeach a dífhostófar ní bheidh sé ina oifigeach níos sia.

[EN]

Dátaí éifeachta ceapachán, etc:, oifigeach.

51.—(1) Beidh éifeacht, i ngach cás, ag na nithe seo a leanas ó pé dáta a shocrós an tUachtarán—

[EN]

(a) ceapadh duine ina oifigeach de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(b) scor oifigigh de na Buan-Óglaigh faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 47,

[EN]

(c) scarúint oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca lena choimisiún faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 48,

[EN]

(d) éirí oifigigh as a choimisiún,

[EN]

(e) dífhostú oifigigh faoi alt 50.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ó pé dáta a shocrós an tAire ag scor oifigigh de na Buan-Óglaigh faoi fho-alt (6) d'alt 47.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na nithe seo a leanas amhail ó pé dáta a shocrós an tAire—

[EN]

(a) ardú oifigigh go dtí céim choimisiúnta níos airde, substainteach nó gníomhach,

[EN]

(b) cur siar oifigigh ag a bhfuil céim choimisiúnta ghníomhach go dtí a chéim choimisiúnta shubstainteach nó go dtí céim choimisiúnta ghníomhach is airde ná a chéim choimisiúnta shubstainteach.

[EN]

Ceapacháin, etc., d'fhógairt san Iris Oifigiúil.

52.—Foilseofar san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh ceapadh duine ina oifigeach, dífhostú (lena n-áirítear dífhostú trí phianbhreith arm-chúirte) nó scor oifigigh nó scarúint oifigigh lena choimisiún nó éirí oifigigh as a choimisiún, agus i dtaobh an dáta a mbeidh éifeacht ag an gceapadh, an dífhostú, an scor, an scarúint, nó an t-éirí-as sin (pé acu é).

Caibidil II.

Fir.

Roinn I.

Liostáil agus Urscaoileadah, Etc., Fear.

Liostáil bhunaidh.

[EN]

Liostáil sna Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse áirithe sna Buan-Óglaigh nó go páirteach sna Buan-Óglaigh agus go páirteach sna hÓglaigh Cúltaca.

53.—(1) (a) Féadfar duine (lena n-áirítear mionaoiseach) a liostáil mar fhear de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse dhá bhlian déag nó go ceann aon tréimhse is giorra ná sin a forordófar ó am go ham, ach ní féadfar é a liostáil amhlaidh go ceann tréimhse is sia ná sin, agus san Acht seo gairmtear téarma a liostála bunaidh den tréimhse dá liostálfar duine a liostálfas faoin alt seo.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire, i gcásanna speisialta nó i gcineálacha speisialta cásanna, a threorú, má liostáltar buachaill faoin alt seo gan ocht mbliana déag d'aois a bheith slán aige, gur ón lá a shlánós sé aois a ocht mbliana déag a ríomhfar an tréimhse dhá bhliain déag a luaitear i mír (a) den fho-alt seo.

[EN]

(2) Is mar leanas a bheas liostáil duine faoin alt seo—

[EN]

(a) go ceann téarma iomláin a liostála bunaidh, sna Buan-Óglaigh, nó

[EN]

(b) go ceann pé cuid de théarma a liostála bunaidh a forordófar ó am go ham agus a bheas sonraithe ina pháipéar fianuithe, sna Buan-Óglaigh, agus go ceann iarmhair an téarma sin sna hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

Liostáil sna Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse le linn tréimhso éigeandála.

54.—Féadfar duine (lena n-áirítear mionaoiseach) a liostáil le linn tréimhse éigeandála mar fhear de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse le linn na tréimhse éigeandála sin sna Buan-Óglaigh.

[EN]

Liostáil go díreach sna hÓglaigh Cúltaca le haghaidh seirbhise go ceann tréimhse áirithe.

55.—(1) (a) Féadfar duine (lena n-áirítear mionaoiseach) a liostáil go díreach le haghaidh seirbhíse mar fhear de na hÓglaigh Cúltaca go ceann tréimhse dhá bhlian déag nó go ceann aon tréimhse is giorra ná sin a forordófar ó am go ham, ach ní féadfar é a liostáil amhlaidh go ceann tréimhse is sia ná sin, agus san Acht seo gairmtear téarma a liostála bunaidh den tréimhse dá liostálfar duine a liostálfas faoin alt seo.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire, i gcásanna speisialta nó i gcineálacha speisialta cásanna, a threorú, má liostáltar buachaill faoin alt seo gan ocht mbliana déag d'aois a bheith slán aige, gur ón lá a shlánós sé aois a ocht mbliana déag a ríomhfar an tréimhse dhá bhlian déag a luaitear i mír (a) den fho-alt seo.

[EN]

(2) Is liostáil go ceann téarma iomláin a liostála bunaidh sna hÓglaigh Cúltaca liostáil duine faoin alt seo.

[EN]

(3) Aon duine a liostálfar faoin alt seo liostálfar é le haghaidh seirbhíse in aicme áirithe chúltacairí.

An Nós Imeachta le haghaidh liostála.

[EN]

Rialacháin earcaíochta.

56.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin (dá ngairmtear rialacháin earcaíochta san Acht seo) a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) ceapadh agus dualgais earcaitheoirí;

[EN]

(b) na daoine dá n-údarófar earcaigh a liostáil do na Buan-Óglaigh agus do na hÓglaigh Cúltaca;

[EN]

(c) an modh ar a liostálfar earcaigh;

[EN]

(d) na foirmeacha a húsáidfear chun críocha liostála;

[EN]

(e) na daoine a liostálfar;

[EN]

(f) liostáil earcach le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe;

[EN]

(g) liostáil earcach sna hÓglaigh Cúltaca le haghaidh seirbhíse in aicme áirithe chúltacairí;

[EN]

(h) aon ní eile a bhaineas leis an nós imeachta le haghaidh liostála.

[EN]

(2) Forálfaidh rialacháin earcaíochta go gcomhlánóidh duine a bheas ag liostáil sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca páipéar fianuithe sa bhfoirm fhorordaithe agus go síneoidh an duine sin an páipéar fianuithe sin agus go bhfíorfar a shíniú.

[EN]

Modh liostála earcach.

57.—Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca liostálfar é do réir rialachán earcaíochta.

[EN]

Mionn a ghlacadh ar liostáil.

58.—(1) Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.

[EN]

(2) Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh faoi alt 54 glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Naoú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.

[EN]

(3) Gach duine a liostálfas sna hÓglaigh Cúltaca faoi alt 55 glacfaidh sé mionn nó déanfaidh dearbhú sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid I den Deichiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó sa bhfoirm atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal sin.

[EN]

(4) Is i láthair oifigigh fhorordaithe a glacfar an mionn nó a déanfar an dearbhú a luaitear i bhfo-alt (1), (2) nó (3) den alt seo.

[EN]

(5) An mionn a ghlacfas duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca, nó an dearbhú a dhéanfas sé, de bhun an ailt seo, ceanglóidh sé ar an duine sin fónamh do réir a fhruilithe agus do réir bhrí an mhionna nó an dearbhuithe sin go dtí go n-urscaoilfear go dleathach é.

[EN]

An éifeacht a bheas le síniú an dearbhuithe is gá do réir an pháipéir fhianuithe agus le comhlíonadh ailt 58.

59.—Gach duine a liostálfas sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca measfar—

[EN]

(a) ar é do shíniú dearbhuithe ar na sonraí maidir leis féin is gá do réir a pháipéir fhianuithe agus go bhfuil sé toilteanach na fruilíochtaí a sonraítear sa pháipéar fianuithe sin a comhlíonadh, agus

[EN]

(b) ar é do chomhlíonadh ailt 58,

[EN]

é a bheith liostáilte mar fhear de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é), agus, chun críocha an Achta seo, is é an dáta a síneoidh sé an dearbhú sin agus a gcomhlíonfaidh sé alt 58 dáta fianuithe an duine sin.

Ceapadh chun cóir sheirbhíse.

[EN]

Liostáil le haghaidh seirbhíse ginearálta agus ceapadh chun cóir sheirbhíse.

60.—(1) Féadfar, de bhun rialachán a dhéanfas an tAire ó am go ham, earcaigh a liostáil le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe, ach is le haghaidh seirbhíse ginearálta a liostálfar earcaigh, ach amháin mar foráltar sna rialacháin sin (más ann dóibh).

[EN]

(2) Déanfaidh an t-údarás míleata forordaithe, a luaithe is féidir, earcach a cheapadh, más le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe a liostáladh é, chun an chóir sheirbhíse sin agus, más le haghaidh seirbhíse gínearálta a liostáladh é, chun cóir sheirbhíse éigin.

[EN]

Fir do na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d'aistriú ó chór seirbhíse go cór seirbhíse eile.

61.—(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le fear de na Buan-Óglaigh a liostálfar le haghaidh seirbhíse ginearálta—

[EN]

(a) más giorra ná deich mbliana a sheirbhís mar fhear de na Buan-Óglaigh sa chór seirbhíse ina bhfuil sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar é d'aistriú go dtí cór seirbhíse eile le hordú ón údarás míleata forordaithe,

[EN]

(b) má bhíonn deich mbliana seirbhíse nó níos mó aige mar fhear de na Buan-Óglaigh sa chór seirbhíse ina bhfuil sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar é d'aistriú go dtí cór seirbhíse eile le hordú ón údarás míleata forordaithe, i gcás (agus sa chás sin amháin)—

[EN]

(i) é do thoiliú leis an aistriú sin, nó

[EN]

(ii) forógra a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buantseirbhís.

[EN]

(3) Más le haghaidh seirbhíse i gcór seirbhíse áirithe a liostáladh fear de na Buan-Óglaigh, féadfar é d'aistriú le hordú ón údarás míleata forordaithe go dtí cór seirbhíse eile, i gcás (agus sa chás sin amháin) é do thoiliú leis an aistriú sin.

[EN]

(4) Beidh éifeacht ag forála an ailt seo faoi réir fo-ailt (2) d'alt 296.

Cúltacairí a shannadh chun aicmí cúltacairí.

[EN]

Cúltacairí a shannadh chun aicme áirithe cúltacairí.

62.—(1) Aon chúltacaire a liostálfar faoi alt 55 le haghaidh seirbhíse in aicme áirithe chúltacairí sannfaidh an t-údarás míleata forordaithe chun na haicme cúltacairí sin é.

[EN]

(2) Aon chúltacaire a bhainfeas de thuras na huaire le haicme áirithe chúltacairí, féadfaidh an tAire, le toiliú an chúltacaire féin, é a shannadh chun aicme eile cúltacairí.

Fruiliú fear d'athrú, fir d'athfhruiliú agus a choimeád i seirbhís.

[EN]

Coinníollacha seirbhíse fear a liostálfar faoi alt 53 d'athrú.

63.—(1) (a) Baineann an fo-alt seo le fear de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, coinníollacha seirbhíse fir lena mbaineann an fo-alt seo d'athrú ionas gur cead don fhear sin, le toiliú an Aire:—

[EN]

(i) dul isteach sna hÓglaigh Cúltaca tráth ar bith go ceann na tréimhse a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh, nó

[EN]

(ii) a sheirbhís sna Buan-Óglaigh d'fhaidiú go ceann iomlán na tréimhse, nó aon choda den tréimhse, a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh.

[EN]

(c) Féadfaidh fear lena mbaineann an fo-alt seo, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh, más giorra ná dhá bhliain déag é, d'fhaidiú, do réir rialachán a dhéanfas an tAire, go dtí tréimhse dhá bhlian déag nó aon tréimhse is giorra ná sin.

[EN]

(d) I gcás fir lena mbaineann an fo-alt seo d'fhaidiú téarma a liostála bunaidh faoin bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt ina dhiaidh seo san Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairt do théarma a liostála bunaidh arna fhaidiú amhlaidh.

[EN]

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le cúltacaire a liostáladh sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 agus a haistríodh go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70.

[EN]

(b) Féadfaidh cúltacaire lena mbaineann an fo-alt seo, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh, más giorra ná dhá bhliain déag é, d'fhaidiú, do réir rialachán a dhéanfas an tAire, go dtí tréimhse dhá bhlian déag nó aon tréimhse is giorra ná sin.

[EN]

(c) I gcás cúltacaire lena mbaineann an fo-alt seo d'fhaidiú téarma a liostála bunaidh faoin bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt ina dhiaidh seo (lena n-áirítear an tagairt i bhfo-alt (3) den alt seo) san Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairt do théarma a liostála bunaidh arna fhaidiú amhlaidh.

[EN]

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le cúltacaire a liostáladh sna Buan-Óglaigh faoi alt 53 agus a haistríodh go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, coinníollacha seirbhíse cúltacaire lena mbaineann an fo-alt seo d'athrú ionas gur cead dó, le toiliú an údaráis mhíleata fhorordaithe, dul isteach athuair sna Buan-Óglaigh go ceann iomláin na tréimhse, nó aon choda den tréimhse, a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh.

[EN]

(4) Féadfar a shainrá i rialacháin faoi mhír (b) d'fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3) den alt seo na rialacháin sin a bheith infheidhme go ginearálta nó gan iad a bheith infheidhme ach i gcásanna sonraithe.

[EN]

Fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d'athfhruiliú.

64.—Faoi réir aon rialachán a dhéanfas an tAire ó am go ham, féadfar, tar éis deireadh naoi mbliana a ríomhfar, i gcás fir dar tugadh treoir faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53, ón lá a shlánaigh sé aois a ocht mbliana déag nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe, fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 53 d'athfhruiliú, ar mholadh a oifigigh cheannais agus le ceadú an údaráis mhíleata fhorordaithe, go ceann pé tréimhse breise seirbhíse sna Buan-Óglaigh a dhéanfas san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche de sheirbhís arna ríomh mar adúradh agus aon tréimhse sheirbhíse a thug sé roimhe sin sna hÓglaigh Cúltaca dá cur san áireamh.

[EN]

Fir de na Buan-Óglaigh a choimeád i seirbhís tar éis 21 bliain seirbhíse.

65.—(1) Féadfaidh an tAire, maidir le fir de na Buan-Óglaigh a chríochnaigh san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche nó (de bhuaidh iad a choimeád i seirbhís faoin bhfo-alt seo) níos mó ná sin de sheirbhís in Óglaigh na hÉireann agus ar mian leo leanúint ag fónamh sna Buan-Óglaigh, a fhoráil le rialacháin go gcoimeádfar iad i seirbhís sna Buan-Óglaigh.

[EN]

(2) Má coimeádtar fear de na Buan-Óglaigh i seirbhís go ceann tréimhse áirithe faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar é a choimeád mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann na tréimhse sin amhail is dá mbeadh a théarma seirbhíse gan bheith caite go fóill.

[EN]

Téarma liostála bunaidh cúltacairí a liostálfar faoi alt 55 d'fhaidiú.

66.—(1) Baineann an t-alt seo le cúltacaire a liostálfar faoi alt 55.

[EN]

(2) Féadfaidh cúltacaire lena mbaineann an t-alt seo, le toiliú an Aire, téarma a liostála bunaidh, más giorra ná dhá bhliain déag é, d'fhaidiú, do réir rialachán a dhéanfas an tAire, go dtí tréimhse dhá bhlian déag nó aon tréimhse is giorra ná sin.

[EN]

(3) I gcás cúltacaire lena mbaineann an t-alt seo d'fhaidiú téarma a liostála bunaidh faoin alt seo, déanfar aon tagairt ina dhiaidh seo san Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairt do théarma a liostála bunaidh arna fhaidiú amhlaidh.

[EN]

Cúltacairí d'athfhruiliú.

67.—Faoi réir aon rialachán a dhéanfas an tAire ó am go ham, féadfar, tar éis deireadh naoi mbliana, a ríomhfar, i gcás fir dar tugadh treoir faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53 nó faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 55, ón lá a shlánaigh sé aois a ocht mbliana déag nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe, cúltacaire d'athfhruiliú, ar mholadh a oifigigh ceannais agus le ceadú an údaráis mhíleata fhorordaithe, go ceann pé tréimhse breise seirbhíse sna hÓglaigh Cúltaca a dhéanfas san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche de sheirbhís arna ríomh mar adúradh, agus, más faoi alt 53 a liostáil sé, aon tréimhse sheirbhíse a thug sé roimhe sin sna Buan-Óglaigh dá cur san áireamh.

[EN]

Cúltacairí a choimeád i seirbhís tar éis 21 bliain seirbhíse.

68.—(1) Féadfaidh an tAire, maidir le cúltacairí a chríochnaigh san iomlán tréimhse leanúnach bhliana agus fiche nó (de bhuaidh iad a choimeád i seirbhís faoin bhfo-alt seo) níos mó ná sin de sheirbhís in Óglaigh na hÉireann agus ar mian leo leanúint ag fónamh sna hÓglaigh Cúltaca, a fhoráil le rialacháin go gcoimeádfar iad i seirbhís sna hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

(2) Má coimeádtar cúltacaire i seirbhís go ceann tréimhse áirithe faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar é a choimeád mar chúltacaire go ceann na tréimhse sin amhail is dá mbeadh a théarma seirbhíse gan bheith caite go fóill.

Aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca agus urscaoileadh.

[EN]

Gan tréimhse thréigin ná neamhláithreachta gan cead d'áireamh nuair a bheas seirbhís fir de na Buan-Óglaigh á ríomh.

69.—Má dhéanann fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 53 tréigean nó má fhanann sé as láthair gan cead, pé acu uair amháin é nó níos minice, ansin, ach amháin mar forordófar a mhalairt, nuair a bheas a sheirbhís sna Buan-Óglaigh á ríomh chun críocha an Achta seo ní háireofar aon tréimhse dar tosach an dáta a rinne sé tréigean nó d'fhan sé as láthair gan cead agus dár críoch an chéad dáta ina dhiaidh sin a thug sé é féin suas nó d'fhill sé le haghaidh dualgais nó a gabhadh é (pé acu é).

[EN]

Fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó iad d'urscaoileadh.

70.—(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53.

[EN]

(2) Nuair a bheas seirbhís fir de na Buan-Óglaigh á ríomh chun críocha a aistrithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó chun críocha a urscaoilte as na Buan-Óglaigh, déanfar, faoi réir ailt 69, a sheirbhís a ríomh, más fear é ar tugadh treoir ina thaobh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53, ón dáta a shlánaigh sé ocht mbliana déag d'aois nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe.

[EN]

(3) (a) Faoi réir forál an fho-ailt seo, déanfar gach fear de na Buan-Óglaigh d'aistriú ar an modh forordaithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca ar é do chríochnú a thréimhse seirbhíse sna Buan-Óglaigh, más giorra ná téarma a liostála bunaidh an tréimhse sin.

[EN]

(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh fear de na Buan-Óglaigh i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) leanfaidh sé d'fhónamh mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná an tréimhse a bheas an forógra i bhfeidhm) a chinnfeas an t-údarás míleata forordaithe,

[EN]

(ii) ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite—

[EN]

(I) i gcás téarma a liostála bunaidh a bheidh caite agus gan é d'athfhruiliú faoi alt 64 ná é a choimeád i seirbhís faoi alt 65, urscaoilfear as na Buan-Óglaigh é a luaithe is caothúil,

[EN]

(II) in aon chás eile, aistreofar é ar an modh forordaithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

(c) I gcás ina gceanglaítear leis an bhfo-alt seo fear de na Buan-Óglaigh d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca—

[EN]

(i) beidh sé, go dtí go n-aistreofar amhlaidh é, faoi réir an Achta seo mar fhear de na Buan-Óglaigh,

[EN]

(ii) ar é d'aistriú amhlaidh, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, faoi réir fo-mhíre (iii) den mhír seo, ina fhear de na hÓglaigh Cúltaca go ceann na tréimhse a bheas gan caitheamh de théarma a liostála bunaidh,

[EN]

(iii) más rud é, i rith na tréimhse sin, go raghaidh sé isteach athuair sna Buan-Óglaigh, faoi fho-alt (3) d'alt 63, ansin, ó dháta a dhulta isteach athuair amhlaidh, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé arís ina fhear de na Buan-Óglaigh amhail is nár haistríodh amhlaidh é go dtí na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

(4) (a) Faoi réir an fho-ailt seo, déanfar gach fear de na Buan-Óglaigh d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil ar é do chríochnú téarma a liostála bunaidh nó tréimhse a athfhruilithe faoi alt 64 nó tréimhse a choimeádta i seirbhís faoi alt 65.

[EN]

(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh fear de na Buan-Óglaigh i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'urscaoileadh, leanfaidh sé d'fhónamh mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná an tréimhse a bheas an forógra i bhfeidhm) a threorós an t-údarás míleata forordaithe, agus ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite urscaoilfear as na Buan-Óglaigh é a luaithe is caothúil.

[EN]

(5) Beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (4) den alt seo faoi réir fo-ailt (3) d'alt 296.

[EN]

(6) Nuair a haistreofar fear de na Buan-Óglaigh go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó nuair a hurscaoilfear é faoin alt seo, beidh sé i dteideal é a thabhairt, saor in aisce, ó áit a aistrithe nó a urscaoilte amhlaidh go dtí an áit a bheas curtha síos ina pháipéar fianuithe mar áit chónaithe dhó tráth a fhianuithe nó go háit ar bith a gcinnfidh sé tráth a aistrithe nó a urscaoilte dul ina chónaí ann más áit é a bhféadfar é a thabhairt chuige gan costas níos airde.

[EN]

Fir de na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 54 d'urscaoileadh.

71.—(1) Déanfar gach fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 54 chun fónamh ar feadh tréimhse éigeandála d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil ar an tréimhse éigeandála sin a bheith caite.

[EN]

(2) Nuair a hurscaoilfear faoin alt seo fear de na Buan-Óglaigh a liostáladh faoi alt 54, beidh sé i dteideal é a thabhairt, saor in aisce, ó áit a urscaoilte go dtí an áit a bheas curtha síos ina pháipéar fianuithe mar áit chónaithe dhó tráth a fhianuithe nó go háit ar bith a gcinnfidh sé tráth a urscaoilte dul ina chónaí ann más áit é a bhféadfar é a thabhairt chuige gan costas níos airde.

[EN]

Cúltacairi d'urscaoileadh.

72.—(1) Nuair a bheas seirbhís chúltacaire á ríomh chun críocha a urscaoilte as na hÓglaigh Cúltaca, déanfar, faoi réir ailt 69 má haistríodh é go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70, a sheirbhís a ríomh, más fear é ar tugadh treoir ina thaobh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 53 nó faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 55, ón dáta a shlánaigh sé ocht mbliana déag d'aois nó, in aon chás eile, ó dháta a fhianuithe.

[EN]

(2) (a) Faoi réir an fho-ailt seo, déanfar gach cúltacaire d'urscaoileadh as na hÓglaigh Cúltaca a luaithe is caothúil ar é do chríochnú téarma a liostála bunaidh nó tréimhse a athfhruilithe faoi alt 67 nó tréimhse a choimeádta i seirbhís faoi alt 68.

[EN]

(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh cúltacaire i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'urscaoileadh, leanfaidh sé d'fhónamh mar chúltacaire go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná an tréimhse a bheas an forógra i bhfeidhm) a threorós an t-údarás míleata forordaithe agus ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite urscaoilfear as na hÓglaigh Cúltaca é a luaithe is caothúil.

[EN]

(c) Beidh éifeacht ag míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo faoi réir fo-ailt (2) d'alt 297.

[EN]

(3) Má hurscaoiltear cúltacaire faoin alt seo agus go raibh sé, díreach roimh é d'urscaoileadh, arna ghairm amach ar buantseirbhís, beidh sé i dteideal é a thabhairt, saor in aisce, ó áit a urscaoilte go dtí an áit chónaithe chláraithe a bhí aige nuair a gairmeadh amach ar buan-tseirbhís é nó go háit ar bith eile a gcinnfidh sé tráth a urscaoilte dul ina chónaí ann más áit é a bhféadfar é a thabhairt chuige gan costas níos airde.

Urscaoileadh seachas urscaoileadh ar chríochnú seirbhíse.

[EN]

Fir d'urscaoileadh do réir treorach ón Aire nó ó oifigeach údaraithe.

73.—Féadfaidh an tAire, nó aon oifigeach a bheas údaraithe ag an Aire chuige sin, a threorú, ar chúiseanna forordaithe, fear d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é).

[EN]

Cúltacairí a bheas ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas d'urscaoileadh.

74.—I gcás cúltacaire a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, beidh sé, air sin, arna urscaoileadh de bhuaidh an ailt seo as na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

Urscaoileadh trí cheannach.

75.—(1) Ach amháin le linn tréimhse éigeandála, beidh fear i dteideal a urscaoilte as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca trí cheannach do réir mar forordófar.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go n-íocfaidh fear leis an Aire, aon tráth laistigh de thrí mhí tar éis dáta a fhianuithe, pé suim (nach mó ná cúig puint fhichead) a cheapfas an tAire, agus go n-iarrfaidh sé a urscaoileadh, agus

[EN]

(b) nach le linn tréimhse éigeandála a déanfar an íocaíocht ná an t-iarratas sin,

[EN]

urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) gur liostáil duine, agus

[EN]

(b) go dtosnóidh tréimhse éigeandála laistigh de thrí mhí tar éis dáta a fhianuithe, agus

[EN]

(c) laistigh de thrí mhí tar éis críochnú na tréimhse éigeandála, go n-íocfaidh an duine sin leis an Aire pé suim (nach mó ná cúig puint fhichead) a cheapfas an tAire agus go n-iarrfaidh sé a urscaoileadh,

[EN]

urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil.

[EN]

Daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'urscaoileadh.

76.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) gur liostáladh duine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois gan toiliú scríofa a thuismitheora, agus

[EN]

(b) go ndéanfaidh tuismitheoir an duine sin, laistigh de thrí mhí tar éis dáta fianuithe an duine sin, iarratas chun an oifigigh ceannais nó chun an Aire á iarraidh an duine sin d'urscaoileadh,

[EN]

urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil.

[EN]

(2) San alt seo déanfar an focal “tuismitheoir”, maidir le duine (dá ngairmtear an t-earcach sa bhfo-alt seo) a bhí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ar dháta a fhianuithe, d'fhorléiriú do réir na bhforál seo a leanas—

[EN]

(a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo, ciallaíonn an focal an duine (dá ngairmtear an caomhnóir dlíthiúil sa bhfo-alt seo) ag a raibh coimeád dlíthiúil an earcaigh ar an dáta sin;

[EN]

(b) (i) mura raibh aon chaomhnóir dlíthiúil ann ar an dáta sin, nó

[EN]

(ii) mura raibh an t-earcach, toisc an caomhnóir dlíthiúil a bheith lasmuigh den Stát nó ar chúis ar bith eile, ina chónaí leis an gcaomhnóir dlíthiúil ná faoina choimeád iarbhír ar an dáta sin,

[EN]

ansin, ciallaíonn an focal an duine a raibh an t-earcach ina chónaí leis nó faoina choimeád iarbhír ar an dáta sin.

[EN]

Príntisigh d'urscaoileadht

77.—Más rud é—

[EN]

(a) gur liostáladh duine faoi bhun bliain agus fiche d'aois, agus

[EN]

(b) go raibh an duine sin, ar dháta a fhianuithe, ceangailte go ceann tréimhse nach giorra ná dhá bhliain faoi dhintiúir príntíseachta, agus

[EN]

(c) laistigh de mhí tar éis dáta a fhianuithe, go n-íocfaidh máistir an duine sin leis an Aire pé suim (nach mó ná cúig puint) a cheapfas an tAire, go dtabharfaidh sé an díntiúir sin ar aird d'oifigeach ceannais an duine sin agus go n-iarrfaidh sé ar an oifigeach ceannais sin an duine sin d'urscaoileadh,

[EN]

urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é) a luaithe is caothúil.

Stádas duine neamhliostáilte atá ag fáil páighe mar fhear agus stádas daoine a liostálfar go neamhfhoirmiúil.

[EN]

Stádas duine neamhliostáilte atá ag fáil páighe mar fhear.

78.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) gur ghlac duine páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

[EN]

(b) nár fianaíodh ná nár hathfhruilíodh é mar fhear de na Buan-Óglaigh,

[EN]

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) féadfaidh an duine sin a éileamh tráth ar bith é d'urscaoileadh agus ar an éileamh sin a dhéanamh urscaoilfear é as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil, agus

[EN]

(ii) go dtí go ndéanfar an t-éileamh sin agus go n-urscaoilfear an duine sin iarbhír ar an modh a bheas forordaithe le rialacháin faoi alt 81, beidh sé faoi réir an Achta seo mar fhear de na Buan-Óglaigh a liostáladh agus a fianaíodh nó a hathfhruilíodh go cuí.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le duine a ghlac páigh, deontas, nó íocaíocht eile mar chúltacaire agus nár fianaíodh ná nár hathfhruilíodh mar chúltacaire, faoi réir an mhodhnuithe go ndéanfar tagairtí do na Buan-Óglaigh d'fhorléiriú mar thagairtí do na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

Stádas daoine a liostálfar nó a hathfhruileofar i gcás earráid nó neamhdhleathacht do bhaint leis an liostáil nó leis an athfhruiliú.

79.—(1) Má bhí earráid (nach earráid ábhartha) ag baint le duine a liostáil, d'fhianú, d'athfhruiliú nó a choimeád i seirbhís mar fhear de na Buan-Óglaigh, ní thiocfaidh den earráid sin gur neamhbhailí dá liostáil, dá fhianú, dá athfhruiliú ná dá choimeád i seirbhís, agus féadfar í a cheartú le treoir ón Aire.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) gur fianaíodh nó gur hathfhruilíodh duine nó gur coimeádadh i seirbhís é mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

[EN]

(b) go raibh aon earráid ábhartha nó aon neamhdhleathacht ag baint lena liostáil, lena fhianú, lena athfhruiliú nó lena choimeád i seirbhís (pé acu é), agus

[EN]

(c) gur ghlac an duine sin, tar éis dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís (pé acu é), páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

[EN]

(d) go n-éileoidh an duine sin, laistigh de thrí mhí tar éis dó páigh a ghlacadh amhlaidh den chéad uair, é d'urscaoileadh ar fhoras na hearráide nó na neamhdhleathachta sin,

[EN]

ansin, beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) urscaoilfear an duine sin as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil;

[EN]

(ii) ar feadh na tréimhse dar tosach dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís agus dar críoch dáta a urscaoilte ar an modh a bheas forordaithe le rialacháin faoi alt 81, measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith ina fhear de na Buan-Óglaigh.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) gur fianaíodh nó gur hathfhruilíodh duine nó gur coimeádadh i seirbhís é mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

[EN]

(b) go raibh aon earráid ábhartha nó aon neamhdhleathacht ag baint lena liostáil, lena fhianú, lena athfhruiliú nó lena choimeád i seirbhís (pé acu é), agus

[EN]

(c) gur ghlac an duine sin, tar éis dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís (pé acu é), páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

[EN]

(d) nach n-éileoidh an duine sin, laistigh de thrí mhí tar éis dó páigh a ghlacadh amhlaidh den chéad uair, é d'urscaoileadh ar fhoras na hearráide nó na neamhdhleathachta sin,

[EN]

ansin, measfar, d'ainneoin na hearráide nó na neamhdhleathachta sin, an duine sin a bheith, chun críocha an Achta seo, fianaithe agus liostáilte nó athfhruilithe nó coimeádta i seirbhís go cuí mar fhear de na Buan-Óglaigh.

[EN]

(4) Más rud é—

[EN]

(a) gur fianaíodh nó gur hathfhruilíodh duine nó gur coimeádadh i seirbhís é mar fhear de na Buan-Óglaigh, agus

[EN]

(b) go raibh aon earráid ábhartha nó aon neamhdhleathacht ag baint lena liostáil, lena fhianú, lena athfhruiliú nó lena choimeád i seirbhís (pé acu é), agus

[EN]

(c) nár ghlac an duine sin, tar éis dáta a fhianuithe, a athfhruilithe nó a choimeádta i seirbhís (pé acu é), páigh mar fhear de na Buan-Óglaigh,

[EN]

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) féadfaidh an duine sin a éileamh tráth ar bith é d'urscaoileadh agus ar an éileamh sin a dhéanamh urscaoilfear é as na Buan-Óglaigh a luaithe is caothúil, agus

[EN]

(ii) go dtí go ndéanfar an t-éileamh sin agus go n-urscaoilfear iarbhír an duine sin ar an modh a bheas forordaithe le rialacháin faoi alt 81, measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith ina fhear de na Buan-Óglaigh.

[EN]

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo maidir le duine a fianaíodh, a hathfhruilíodh nó a coimeádadh i seirbhís mar chúltacaire, ach sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar tagairtí do na Buan-Óglaigh d'fhorléiriú mar thagairtí do na hÓglaigh Cúltaca, agus

[EN]

(b) déanfar tagairtí do pháigh d'fhorléiriú mar thagairtí do pháigh, deontas nó íocaíocht eile.

Forála ginearálta maidir le hurscaoileadh.

[EN]

Ordú chun fir d'urscaoileadh.

80.—I gcás ina gceanglaítear le halt 70, 71, 72, 75, 76, 77, 78 nó 79 fear d'urscaoileadh, ordóidh an t-údarás míleata forordaithe an fear sin d'urscaoileadh as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é).

[EN]

Forála i dtaobh urscaoilte.

81.—(1) Ní hurscaoilfear fear as na Buan-Óglaigh ná as na hÓglaigh Cúltaca ach amháin—

[EN]

(a) de bhun treora faoi alt 73, nó

[EN]

(b) de bhun orduithe ón údarás míleata forordaithe faoi alt 80, nó

[EN]

(c) de bhun breith urscaoilte faoi aithis as Óglaigh na hÉireann, nó breith urscaoilte as Óglaigh na hÉireann, a bhéarfas armchúirt.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis an modh ar a n-urscaoilfear fir agus leis na daoine a urscaoilfeas iad.

[EN]

(3) Go dtí go ndéanfar duine, ar fear de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca é, d'urscaoileadh do réir rialachán faoi fho-alt (2) den alt seo, fanfaidh an duine sin ina fhear de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca (pé acu é).

[EN]

(4) Ní bhainfidh fo-ailt (1), (2) ná (3) den alt seo le cúltacaire a hurscaoilfear de bhuaidh ailt 74.

[EN]

Deimhniú urscaoilte.

82.—Nuair a hurscaoilfear fear as na Buan-Óglaigh nó as na hÓglaigh Cúltaca, bhéarfar dó, nó cuirfear chuige go dtí a áit chónaithe chláraithe dheiridh nó go dtí an seoladh a thug sé ar é d'urscaoileadh, deimhniú urscaoilte i pé foirm a forordófar agus ina mbeidh pé sonraí ina leith a forordófar.

[EN]

Bailiú airgid a híocfar i leith fir d'urscaoileadh agus é a chur chun feidhme.

83.—(1) An t-airgead uile is iníoctha i leith fir d'urscaoileadh baileofar agus tógfar é ar pé modh a threorós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é do réir treoracha an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879 maidir le haon airgead is iníoctha i leith fir d'urscaoileadh.

Roinn II.

Fir d'Ardu go Céim Neamhchoimidiúnta Níos Airde agus Oifigigh Neamhchoimisiúnta d'Isliú i gCéim.

[EN]

Fir d'ardú go céim neamhchoimisiúnta níos airde agus oifigigh neamhchoimisiúnta d'ísliú i gcéim.

84.—(1) Féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin—

[EN]

(a) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta airm d'ardú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm atá níos airde,

[EN]

(b) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh d'ardú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh atá níos airde.

[EN]

(2) Ar chúis fhorordaithe, féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin—

[EN]

(a) oifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm d'ísliú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm atá níos ísle,

[EN]

(b) oifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh d'ísliú go céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh atá níos ísle.

[EN]

(3) (a) Ní hísleofar oifigeach neamhchoimisiúnta i gcéim faoi fho-alt (2) den alt seo mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar cúis an íslithe atá beartaithe a chur in iúl dó agus caoi reasúnach a thabhairt dó pé uiríoll is cuí leis a dhéanamh maidir leis an ísliú atá beartaithe.

[EN]

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo le linn tréimhse éigeandála ná maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta atá ar fianas,

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin—

[EN]

(a) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm nó céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm d'ardú go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm atá níos airde,

[EN]

(b) aon fhear ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh nó céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh d'ardú go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh atá níos airde.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire nó aon oifigeach a bheas údaraithe aige chuige sin a threorú—

[EN]

(a) maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm go gcuirfear siar é go dtí a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm nó go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach airm is airde ná a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach airm,

[EN]

(b) maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta ag a bhfuil céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh, go gcuirfear siar é go dtí a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh nó go céim neamhchoimisiúnta ghníomhach chabhlaigh is airde ná a chéim neamhchoimisiúnta shubstainteach chabhlaigh.

[EN]

(6) Beidh éifeacht acu seo a leanas—

[EN]

(a) aon ardú faoi fho-alt (1) nó (4) den alt seo,

[EN]

(b) aon ísliú faoi fho-alt (2) den alt seo,

[EN]

(c) aon chur siar faoi fho-alt (5) den alt seo,

[EN]

amhail ó pé dáta a shocrós an t-údarás a dhéanfas an t-ardú nó an t-ísliú, nó a threorós an cur siar.

Caibidil III.

Seirbhís Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

Seirbhís chomhaltaí de na Buan-Óglaigh.

[EN]

Seirbhís chomhaltaí de na Buan-Óglaigh.

85.—Dlífidh gach oifigeach agus gach fear de na Buan-Óglaigh i gcónaí seirbhís mhíleata a thabhairt laistigh den Stát agus, má tá sé ar fostú ar long Stáit nó ar aerárthach seirbhíse, dlífidh sé i gcónaí le linn dó bheith ar fostú amhlaidh seirbhís mhíleata a thabhairt lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit.

Seirbhís oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

Seirbhís oifigeach dena hÓglaigh Cúltaca.

86.—(1) Dlífidh gach oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca pé dualgas nó seirbhís mhíleata a forordófar a dhéanamh laistigh den Stát agus, má tá sé ar fostú ar long Stáit nó ar aerárthach seirbhíse, dlífidh sé le linn dó bheith ar fostú amhlaidh pé dualgas nó seirbhís mhíleata a forordófar a dhéanamh lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit.

[EN]

(2) Bhéarfaidh gach oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca seirbhís faoi pé coinníollacha a forórdófar.

Seirbhís chúltacairí.

[EN]

Cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís.

87.—(1) (a) Féadfaidh an Rialtas, tráth ar bith le linn tréimhse éigeandála, le forógra—

[EN]

(i) a dhearbhú é a bheith foirstineach cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, agus

[EN]

(ii) a údarú don Aire pé treoracha is gá leis a thabhairt ó am go ham maidir leis na cúltacairí uile nó le haon chúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís.

[EN]

(b) Féadfaidh an Rialtas, le forógra, aon fhorógra arna dhéanamh faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm.

[EN]

(c) Más rud é, an tráth a déanfar forógra faoi mhír (a) den fho-alt seo, go mbeidh ceachtar Teach den Oireachtas ar atráth, comórfar an Teach sin a luaithe is caothúil.

[EN]

(d) Leagfar gach forógra faoin bhfo-alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go dtabharfaidh an tAire, de bhun forógra faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, treoracha maidir le haon chúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, agus

[EN]

(b) go ndéanfar ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas—

[EN]

(i) fógra (dá ngairmtear fógra speisialta sa bhfo-alt seo) a sheirbheáil ar gach cúltacaire lena mbaineann na treoracha á cheangal air freastal an tráth a sonrófar sa bhfógra speisialta sin ag a airmheán slógaidh, nó

[EN]

(ii) fógra (dá ngairmtear fógra ginearálta sa bhfo-alt seo) d'fhoilsiú ar an modh forordaithe á cheangal ar gach cúltacaire lena mbaineann na treoracha freastal an tráth a luafar ina leith sa bhfógra ginearálta sin ag a airmheán slógaidh,

[EN]

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(I) beidh an cúltacaire sin, chun críocha an Achta seo, arna ghairm amach ar buantseirbhís, i gcás fógra speisialta a sheirbheáil air, amhail ón tráth a bheas ceangailte air leis an bhfógra speisialta sin freastal ag a airmheán slógaidh nó, i gcás fógra ginearálta d'fhoilsiú ar an modh forordaithe, amhail ón tráth a sonrófar sa bhfógra ginearálta sin mar thráth freastail dó ag a airmheán slógaidh;

[EN]

(II) mura scaoile an t-údarás míleata forordaithe roimhe sin é, fanfaidh an cúltacaire sin gairmthe amach ar buan-tseirbhís an fhaid a bheas an forógra sin i bhfeidhm.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “airmheán slógaidh”, maidir le cúltacaire, an áit a bheas ceaptha ina airmheán slógaidh dó, do réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo.

[EN]

Cúltacairí áirithe a ghairm amach ar buantseirbhís seachas faoi alt 87.

88.—(1) Baineann an t-alt seo le cúltacaire—

[EN]

(a) a chomhaontaigh i scríbhinn bheith faoi dhliteanas a ghairmthe amach ar buan-tseirbhís faoin alt seo, agus

[EN]

(b) nár chúlghairm an comhaontú sin (cúlghairm is féidir leis a dhéanamh trí fhógra trí mhí i scríbhinn a thabhairt d'oifigeach forordaithe).

[EN]

(2) Aon uair a bheas oibríochtaí á n-ullmhú nó ar siúl chun an Stát a chosaint, féadfaidh an Rialtas a údarú don Aire pé treoracha is gá leis a thabhairt maidir le cúltacairí lena mbaineann an t-alt seo a ghairm amach ar buan-tseirbhís.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go dtabharfaidh an tAire, de bhun údaráis faoi fho-alt (2) den alt seo, treoracha maidir le haon chúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, agus

[EN]

(b) go seirbheálfar fógra ar aon chúltacaire lena mbaineann na treoracha á cheangal air freastal a dhéanamh tráth sonraithe in áit shonraithe,

[EN]

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) beidh an cúltacaire sin, chun críocha an Achta seo, arna ghairm amach ar buan-tseirbhís amhail ón tráth a bheas ceangailte air leis an bhfógra freastal a dhéanamh,

[EN]

(ii) scoirfidh an cúltacaire sin de bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís ar thréimhse trí mhí a bheith caite tar éis a ghairmthe amach amhlaidh, mura rud é—

[EN]

(I) go mbeidh forógra déanta agus i bhfeidhm an tráth sin á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó

[EN]

(II) gur scaoil an t-údarás míleata forordaithe é roimhe sin,

[EN]

(iii) má bhíonn forógra i bhfeidhm ar bheith caite don tréimhse sin á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, ansin, murar scaoil an t-údarás míleata forordaithe é roimhe sin—

[EN]

(I) leanfaidh sé de bheith arna ghairm amach ar buan-tseirbhís,

[EN]

(II) bainfidh alt 87 leis amhail is dá mba faoin alt sin a gairmeadh amach ar buan-tseirbhís é.

[EN]

Seirbhís chúltacairí a gairmfear amach ar buan-tseirbhís.

89.—Dlífidh gach cúltacaire a gairmfear amach ar buantseirbhís seirbhís mhíleata a thabhairt i gcónaí laistigh den Stát agus, má tá sé ar fostú ar long Stáit nó ar aerárthach seirbhíse, dlífidh sé i gcónaí le linn dó bheith ar fostú amhlaidh seirbhís mhíleata a thabhairt lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit.

[EN]

Cúltacairí a ghairm amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta.

90.—(1) Féadfaidh an tAire, aon uair a dhealrós sé gur gá é, a threorú go ngairmfear amach gach cúltacaire, nó an oiread cúltacairí agus is gá leis, i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta chun an tsíocháin phoiblí a chaomhaint nó d'athbhunú.

[EN]

(2) Aon tráth a bhéarfas an tAire treoir faoin alt seo, seirbheálfar fógra ar gach cúltacaire lena mbaineann an treoir á cheangal air freastal a dhéanamh an tráth agus san áit a sonrófar sa bhfógra sin agus, chun críocha an Achta seo, beidh an cúltacaire sin, ón tráth sin amach, arna ghairm amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta agus fanfaidh gairmthe amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta go dtí go dtreoróidh an t-údarás míleata forordaithe é a scaoileadh.

[EN]

Seirbhís chúltacairí a gairmfear amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta.

91.—Gach cúltacaire a gairmfear amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta, dlífidh sé seirbhís mhíleata a thabhairt in aon áit laistigh den Stát.

[EN]

Tréineáil bhliantúil chúltacairí.

92.—(1) Dlífidh gach cúltacaire nó aon chúltacairí áirithe dul faoi thréineáil laistigh den Stát nó ar bord longa Stáit lasmuigh d'fharraigí tórann an Stáit, pé trátha agus go ceann pé tréimhsí a forordófar (nach sia ná tríocha lá in aon bhliain), agus chuige sin féadfar iad a ghairm amach ó thráth go tráth a mhinice is gá agus féadfar a cheangal orthu freastal i pé áiteanna a threorós an tAire.

[EN]

(2) Nuair a gairmfear cúltacaire amach le haghaidh tréineála, de bhun an ailt seo, seirbheálfar fógra air i dtaobh a ghairmthe amach amhlaidh agus i dtaobh an trátha agus na háite chun freastal a dhéanamh.

[EN]

Tréineáil shaorálach chúltacairí.

93.—Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh i dtaobh aon chúltacaire do dhéanamh freastail go saorálach le haghaidh pé tréineála a forordófar leis na rialacháin.

[EN]

Cúltacairí do dhéanamh freastail le haghaidh cigireachta.

94.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le freastal tréimhsiúil cúltacairí go ceann tréimhsí (nach sia ná dhá uair sheachtód a chloig aon tréimhse díobh) ag áiteanna sonraithe le haghaidh cigireachta agus le haghaidh pé críocha eile a sonrófar sna rialacháin.

[EN]

(2) Aon uair a ceanglófar ar chúltacaire freastal a dhéanamh, de bhun rialachán faoin alt seo, seirbheálfar air fógra ina thaobh sin agus i dtaobh an trátha agus na háite chun freastal a dhéanamh.

[EN]

Cúltacairí a gairmfear amach ar buantseirbhís, etc., a cheangal le foireann, etc.

95.—(1) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta nó le haghaidh tréineála faoi alt 92, féadfar, i rith tréimhse a ghairmthe amach amhlaidh, é d'fhostú le haghaidh seirbhíse, nó é a cheangal, le haon fhoireann aonad nó feadhain eile d'Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(2) Le linn do chúltacaire bheith ag freastal go saorálach le haghaidh tréineála de bhun rialachán faoi alt 93 nó le linn dó bheith ag freastal in aon áit de bhun rialachán faoi alt 94, féadfar é a cheangal le haon fhoireann, aonad nó feadhain eile d'Óglaigh na hÉireann.

[EN]

Fógraí a sheirbheáil ar chúltacairí.

96.—I gcás ina gceadaítear nó ina gceanglaítear leis an gCaibidil seo fógra a sheirbheáil ar chúltacaire, féadfar é a sheirbheáil air—

[EN]

(a) trína sheachadadh dhó, nó

[EN]

(b) trína fhágaint ag a áit chónaithe chláraithe dheiridh, nó

[EN]

(c) trína chur leis an bpost i gclúdach a díreofar chuige ag a áit chónaithe chláraithe dheiridh.

[EN]

Caibidil IV.

Páigh agus Liúntais Chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

[EN]

Rialacháin maidir le páigh, liúntais agus aiscí comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

97.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

[EN]

(a) rátaí agus scálaí páighe, liúntas agus aiscí comhaltaí d'Óglaigh an hÉireann,

[EN]

(b) na deontais a féadfar a thabhairt do chomhaltaí agus aonaid d'Óglaigh an hÉireann,

[EN]

(c) na coinníollacha a bhainfeas le heisiúint na páighe, na liúntas, na n-aiscí agus na ndeontas sin.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

[EN]

(i) na suimeanna a féadfar d'fhorghéilleadh agus a bhaint as páigh agus liúntais chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus as aíscí agus deontais dóibh,

[EN]

(ii) na suimeanna a féadfar a bhaint as deontais d'aonaid d'Óglaigh na hÉireann,

[EN]

(iii) diúscairt na suimeanna a forghéillfear agus a bainfear amhlaidh,

[EN]

(iv) an modh agus an nós imeachta is inleanta chun na suimeanna sin d'fhorghéilleadh agus a bhaint nó chun aon tsuimeanna eile a bhaint a húdaraítear leis an Acht seo,

[EN]

agus féadfar na suimeanna sin d'fhorghéilleadh agus a bhaint agus iad a dhiúscairt dá réir sin.

[EN]

(b) Ní fhorordóidh rialacháin faoin bhfo-alt seo—

[EN]

(i) páigh d'fhorghéilleadh ach amháin i leith na nithe seo a leanas—

[EN]

(I) neamhláithreacht de dhroim tréigin nó neamhláithreacht gan cead,

[EN]

(II) comhalta a bheith faoi choimeád, faoi phríosúntacht nó faoi choinneáil,

[EN]

(III) neamhláithreacht ó dhualgas de dheasca galair nó míchumais de dheasca aon chion a dhéanamh,

[EN]

(IV) suimeanna nár héilíodh;

[EN]

(ii) suimeanna a bhaint as páigh ach amháin i leith na nithe seo a leanas—

[EN]

(I) earraí nó seirbhísí a soláthraíodh,

[EN]

(II) leithroinnt phósta,

[EN]

(III) fíneála, pionóis, damáistí, cúiteamh nó costais eile a gearradh,

[EN]

(IV) maoin phoiblí nó maoin sheirbhíse a cailleadh, a bhí easpaíoch, a damáistíodh nó a dithíodh,

[EN]

(V) fiach poiblí nó fiach seirbhíse, nó íocaíocht phoiblí nó íocaíocht sheirbhíse a dícheadaíodh.

[EN]

(VI) caiteachas a rinneadh nó dliteanas faoina ndeachthas gan údarás.

[EN]

(c) Ní bheidh an tsuim iomlán a bainfear, faoi rialacháin faoin bhfo-alt seo, as páigh fir, ach amháin fear atá á aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca nó á urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann, níos mó in aon tseachtain ná pé suim a bhéarfadh gur lú a gheobhadh sé ná trian dá pháigh don tseachtain sin.

[EN]

(d) Gach rialachán a déanfar faoin bhfo-alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire aon tsuim a forghéillfear nó a bainfear faoi fho-alt (2) den alt seo a loghadh go hiomlán nó go páirteach.

[EN]

(4) Déanfar tagairtí do pháigh, liúntais, aiscí nó deontais sa Chaibidil seo d'fhorléiriú mar thagairtí do pháigh, liúntais, aiscí nó deontais is iníoctha faoi rialacháin a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

Suimeanna a bhaint as páigh fir maidir le horduithe áirithe cúirte.

98.—(1) Baineann an t-alt seo—

[EN]

(a) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886,

[EN]

(b) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 75 nó 82 den Children Act, 1908,

[EN]

(c) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 99 den Children Act, 1908, á ordú do thuismitheoir nó caomhnóir ciontóra fíneáil, damáistí nó costais d'íoc,

[EN]

(d) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 3, 6, nó 7 d'Acht na Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (Uimh. 17 de 1930),

[EN]

(e) le hordú ón gCúirt Dúiche faoi alt 28 nó 29 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939),

[EN]

(f) le hordú ó chúirt shibhialta faoi alt 232 nó 233 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945),

[EN]

(g) le hordú ó chúirt shibhialta chun aon airgead d'íoc a bheas dlite mar ailiúnas faoi ghníomhas scarúna,

[EN]

(h) le hordú ó chúirt shibhialta chun ailiúnas d'íoc.

[EN]

(2) I gcás ordú lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh in aghaidh duine atá, nó a bheas ina dhiaidh sin, ina fhear de na Buan-Óglaigh, agus cóip den ordú sin a chur chun an Aire, ordóidh an t-údarás forordaithe pé cuid dá pháigh laethúil (nach mó ná dhá dtrian de, má tá céim sháirsint aige nó céim neamhchoimisiúnta airm is airde ná sin nó céim mhion-oifigigh nó céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh is airde ná sin, nó nach mó, in aon chás eile, ná trí ceathrúna dhi), is oiriúnach leis an údarás forordaithe, a bhaint as páigh an duine sin mar fhear de na Buan-Óglaigh agus a leithreasú mar shásamh nó mar shásamh páirteach sa tsuim (lena n-áirítear aon riaráistí a bheas faibhrithe agus aon chostais agus caiteachais) is iníoctha faoin ordú.

[EN]

(3) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís, beidh feidhm maidir leis ag fo-alt (2) den alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le fear de na Buan-Óglaigh.

[EN]

Suimeanna a bhaint as páigh fir i leith cothabháil a mhná céile agus a chlainne.

99.—(1) Más dóigh leis an Aire go ndearna duine atá, nó a bheas ina dhiaidh sin, ina fhear de na Buan-Óglaigh, a bhean chéile nó aon duine dá leanaí dlisteanacha faoi bhun sé bliana déag d'aois a thréigint nó d'fhágaint dealamh gan cúis réasúnach, féadfaidh an tAire a ordú pé cuid dá pháigh laethúil (nach mó ná dhá dtrian di, má tá céim sháirsint aige nó céim neamhchoimisiúnta airm is airde ná sin nó céim mhion-oifigigh nó céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh is airde ná sin, nó nach mó, in aon chás eile, ná trí ceathrúna di), is oiriúnach leis an Aire, a bhaint as páigh laethúil an duine sin mar fhear de na Buan-Óglaigh agus í a chur chun feidhme i pé slí is oiriúnach leis an Aire chun an bhean chéile nó na leanaí dlisteanacha sin a chothabháil.

[EN]

(2) Nuair a gairmfear cúltacaire amach ar buan-tseirbhís, beidh feidhm maidir leis ag fo-alt (1) den alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le fear de na Buan-Óglaigh.

[EN]

Srian le suimeanna a bhaint as páigh, etc.

100.—(1) Ní bainfear aon tsuim as aon pháigh, liúntas, aisce ná deontas, mura rud é—

[EN]

(a) go mbeidh sin údaraithe le rialacháin faoi fho-alt (2) d'alt 97, nó le halt 98 nó 99, nó le hAcht ón Oireachtas, nó

[EN]

(b) go mbeidh sin údaraithe do réir fo-ailt (2) den alt seo.

[EN]

(2) Má thoilíonn comhalta d'Óglaigh na hÉireann i scríbhinn leis, agus go gceadóidh an t-údarás forordaithe é, féadfar suim a bhaint as páigh, liúntais, aiscí nó deontais an chomhalta sin.

[EN]

(3) Ní féadfar páigh, liúntais, aiscí ná deontais d'astú ná a chur ar fáil ar shlí eile trí phróis shibhialta chun aon fhiach d'íoc.

[EN]

Páigh a choimeád siar i gcásanna áirithe.

101.—Má tharlaíonn aon cheist—

[EN]

(a) maidir le aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas a bheith dlite, nó

[EN]

(b) maidir le méid aon pháighe, liúntais, aisce nó deontais a bheas dlite, nó

[EN]

(c) maidir le haon tsuim a bheith le forghéilleadh nó le baint as aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas, nó

[EN]

(d) maidir le méid aon tsuime atá le forghéilleadh nó le baint as aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas a bheas dlite,

[EN]

cinnfear an cheist a luaithe is caothúil, agus, go dtí go ndéanfar an cinneadh sin, féadfar an pháigh, an liúntas, an aisce nó an deontas a choimeád siar, go hiomlán nó go páirteach.

[EN]

Sannadh páighe, etc., a thoirmeasc.

102.—Beidh gach ionstraim (a shannfas nó a mhuirearós aon pháigh, liúntas, aisce nó deontas nó a chomhaontós é a shannadh nó é a mhuirearú) a dhéanfas comhalta d'Óglaigh na hÉireann ar neamhní mura rud é—

[EN]

(a) gur chun tairbhe do theaglach (lena n-áirítear leanbh neamhdhlisteanach) an chomhalta sin a déanfar í, de bhun aon rialachán a dhéanfas an tAire ina thaobh sin, nó

[EN]

(b) go mbeidh sí údaraithe le fo-alt (2) d'alt 100 nó le hAcht ón Oireachtas.

[EN]

Caibidil V.

Dícháilíochtaí, Díolúintí agus Pribhléidí Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

[EN]

Comhaltas cumann polaitíochta agus cumann rúnda a thoirmeasc.

103.—(1) Ní cead d'aon chomhalta de na Buan-Óglaigh ceangal le haon eagraíocht nó cumann polaitíochta ná le haon chumann rúnda ar bith ná bheith ina chomhalta den chéanna ná taobhú leis an gcéanna.

[EN]

(2) Ní cead d'aon chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca ceangal le haon chumann rúnda ar bith ná bheith ina chomhalta dhe ná taobhú leis.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin—

[EN]

(a) a thoirmeasc ar oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca bheith páirteach i ngníomhachtaí polaitíochta sonraithe más rud é, ar feadh tréimhse a bheas forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó ar feadh tréimhse a bheas cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88, go mbeidh na hoifigigh sin ag gabháil go leanúnach de thuras na huaire do dhualgais nó seirbhís mhíleata a dhlíd a dhéanamh mar oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca, agus

[EN]

(b) a thoirmeasc ar chúltacairí bheith páirteach sna gníomhachtaí polaitíochta sonraithe sin nuair a bheid arna ngairm amach ar buan-tseirbhís.

[EN]

Dícháiliú le haghaidh comhaltais údaráis áitiúil.

104.—(1) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, agus folaíonn sí coiste gairm-oideachais agus coiste talmhaíochta;

[EN]

(b) measfar oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca a bheith ar fostú go gníomhach aon uair a bheas sé ar fostú go leanúnach ar dualgas nó seirbhís mhíleata i rith tréimhse a bheas forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó i rith tréimhse a bheas cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88;

[EN]

(c) measfar cúltacaire a bheith ar fostú go gníomhach aon uair a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

[EN]

(2)   (a) Beidh comhalta de na Buan-Óglaigh dícháilithe chun é a thoghadh nó a chomhthoghadh nó a cheapadh nó a bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil.

[EN]

(b) I gcás duine a bheas de thuras na huaire ina chomhalta d'údarás áitiúil a theacht chun bheith ina chomhalta de na Buan-Óglaigh, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den údarás áitiúil sin.

[EN]

(3) (a) Beidh comhalta de na hÓglaigh Cúltaca dícháilithe, ar feadh aon tréimhse a bheas sé ar fostú go gníomhach, chun é a thoghadh nó a chomhthoghadh nó a cheapadh ina chomhalta d'údarás áitiúil.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le comhalta de na hÓglaigh Cúltaca a bheas de thuras na huaire ina chomhalta d'údarás áitiúil—

[EN]

(i) ní ghníomhóidh sé, i rith aon tréimhse a bheas sé ar fostú go gníomhach, mar chomhalta den údarás áitiúil sin, agus má ghníomhaíonn scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den údarás áitiúil sin,

[EN]

(ii) d'ainneoin aon ní in aon achtachán a bhaineas le húdaráis áitiúla, ní dícháileofar é, ná ní scarfaidh sé lena oifig, mar chomhalta den údarás áitiúil sin toisc gan é a bheith i láthair ag cruinnithe an údaráis áitiúil sin i rith na tréimhse sin agus dá thoisc sin amháin.

[EN]

Díolúine ó sheirbhís ghiúiré.

105.—Beidh gach duine acu seo a leanas díolmhaithe, le linn na dtráth seo a leanas, ó sheirbhís a thabhairt ar aon ghiúiré—

[EN]

(a) gach comhalta de na Buan-Óglaigh i gcónaí,

[EN]

(b) gach oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh aon tréimhse a bheas sé ag fáil páighe i leith aon tseirbhíse nó dualgais mar oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(c) gach cúltacaire—

[EN]

(i) nuair a bheas sé faoi thréineáil agus ag fáil páighe, nó

[EN]

(ii) nuair a bheas sé gairmthe amach ar buantseirbhís, nó

[EN]

(iii) nuair a bheas sé gairmthe amach i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta.

[EN]

Airm, etc., chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a bheith saor óna n-urghabháil.

106.—Ní bheidh urghabháil indéanta ar airm, lón lámhaigh, trealamh, riachtanais seirbhíse ná éadach seirbhíse comhalta d'Óglaigh na hÉireann faoi aon ordú, foraithne ná barántas cúirte ná faoi aon doiciméad arb ionann feidhm agus éifeacht dó agus d'ordú, foraithne nó barántas den tsórt sin ná faoi aon chineál eile tocsail.

[EN]

Díolúine fear ó phróis shibhialta.

107.—(1) Ní déanfar ordú faoi alt 6 den Debtors (Ireland) Act, 1872, ná faoi alt 6 ná 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 (Uimh. 23 de 1940), á ordú aon duine a chur i bpríosún—

[EN]

(a) más fear de na Buan-Óglaigh é, nó

[EN]

(b) más cúltacaire é atá, de thuras na huaire, gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

[EN]

(2) Ní déanfar ordú faoi fho-alt (1) d'alt 6 den Employers and Workmen Act, 1875, maidir le haon duine ar fear de na Buan-Óglaigh é nó ar cúltacaire é atá, de thuras na huaire gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

[EN]

(3) D'ainneoin aon ní i mír (22) d'alt 133 den Children Act, 1908, ní féadfar ordú faoi alt 75 ná faoi alt 82 den Acht sin i gcoinne duine atá, nó a bheas, ina fhear a chur i bhfeidhm tríd an duine sin a chur i bpríosún, más fear de na Buan-Óglaigh é, an fhaid a bheas sé ina fhear de na Buan-Óglaigh nó, más cúltacaire é, i rith aon tréimhse a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

[EN]

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (5) d'alt 99 den Children Act, 1908, ní féadfar aon tsuimeanna a gearrfar agus a hordófar do thuismitheoir nó do chaomhnóir d'íoc faoin alt sin, nó ar fhorghéilleadh aon urrúis den chineál dá dtagartar san alt sin, a ghnóthú ar an modh a luaitear sa bhfo-alt adúradh ó dhuine atá, nó a bheas, ina fhear, más fear de na Buan-Óglaigh é, an fhaid a bheas sé ina fhear de na Buan-Óglaigh nó, más cúltacaire é, i rith aon tréimhse a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

[EN]

Díolúine ó inchúiseamh, etc., faoi alt 83 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939.

108.—Ní bheidh fear de na Buan-Óglaigh ná cúltacaire inchúisithe ná inphionóis, i rith aon tréimhse a bheas sé gairmthe amach ar buan-tseirbhís, i leith aon chiona faoi alt 83 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939).

[EN]

Cosc, etc., a chur ar chomhalta den Gharda Síochána.

109.—(1) Má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn aon oifigeach go toiliúil, ar iarratas dleathach a dhéanamh chuige, aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann faoina cheannas a cúisíodh nó a ciontaíodh i gcion, seachas fear a cúisíodh i gcion faoi alt 83 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), a thabhairt suas do chomhalta den Gharda Síochána, nó má chuireann sé cosc go toiliúil, nó má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn go toiliúil, cabhrú le comhalta den Gharda Síochána, agus aon chomhalta den tsórt sin d'Óglaigh na hÉireann á ghabháil aige go dleathach, beidh an t-oifigeach sin ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

[EN]

(2) Má ciontaítear oifigeach i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo, bhéarfaidh an chúirt a chiontaigh é faoi deara go gcuirfear deimhniú ar bhreithiúnas na cúirte chun an Aire.

[EN]

Gan duine a ciontófar nó a héigiontófar ag armchúirt d'atriail ag cúirt shibhialta.

110.—Má dhéanann armchúirt comhalta d'Óglaigh na hÉireann a chiontú nó d'éigiontú i gcion, ní bheidh an duine sin intriala ina dhiaidh sin ag cúirt shibhialta sa chion sin.

[EN]

Daoine a bheas ag gníomhú faoin Acht seo a chosaint.

111.—(1) Más rud é, tar éis tosach feidhme an Achta seo, go dtosnófar aon chaingean, inchúiseamh nó imeacht eile i gcoinne aon duine i leith aon ghnímh a rinneadh de bhun an Achta seo nó chun an tAcht seo d'fhorghníomhú nó le hintinn é d'fhorghníomhú, nó i leith aon fhaillí nó mainneachtana líomhnaithe i bhforghníomhú an Achta seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) is san Ard-Chúirt a tionscnófar an caingean, an t-inchúiseamh nó an imeacht sin;

[EN]

(b) ní bheidh aon ábhar caingin, inchúisimh ná imeachta den tsórt sin ann, ná ní tionscnófar é, mura dtosnaítear é laistigh de shé mhí i ndiaidh an ghnímh, na faillí nó na mainneachtana a gearánfar nó, má bhíonn díobháil nó damáiste leanúnach ann, laistigh de shé mhí tar éis deireadh a theacht leis sin;

[EN]

(c) más é an cosantóir a gheobhas an breithiúnas in aon chaingean den tsórt sin, gabhfaidh costais leis a bheas le fómhas amhail idir aturnae agus cliant;

[EN]

(d) más caingean i leith damáistí an imeacht, féadfar, in ionad nó i dteannta aon phléadála eile, tairiscint shásaimh roimh thosnú an chaingin a phléadáil;

[EN]

(e) má tosnaíodh an caingean tar éis aon airgead mar shásamh in éileamh an ghearánaí a thairiscint nó má téitear ar aghaidh leis tar éis é d'íoc isteach sa chúirt agus nach ngnóthóidh an gearánaí níos mó ná an tsuim a tairgeadh nó a híocadh, ní ghnóthóidh sé aon chostais a ndeachthas fúthu tar éis na tairisceana nó na híocaíochta, agus beidh an cosantóir i dteideal costas a bheas le fómhas amhail idir aturnae agus cliant, amhail ó thráth na tairisceana nó na híocaíochta, ach ní dhéanfaidh an fhoráil seo aon difir do chostais ar aon urghaire sa chaingean;

[EN]

(f) más dóigh leis an gcúirt nár thug an gearánaí leor-chaoi don chosantóir chun sásamh a thairiscint roimh thosnú na himeachta, féadfaidh an chúirt costais a dhámhachtain don chosantóir a bheas le fómhas amhail idir aturnae agus cliant.

[EN]

(2) Is san Ard-Chúirt a tionscnófar aon chaingean i gcoinne comhalta nó feadhmhannaigh d'armchúirt i leith pianbhreithe ón armchúirt sin nó i leith aon ruda a rinneadh de bhuaidh, nó de bhun, na pianbhreithe sin.

[EN]

Díolúine ó dhleachta agus dolaidh.

112.—(1) Ní bheidh aon dleacht ná doladh dob iníoctha do réir dlí dá éagmais seo, i leith úsáide aon phiara, calaidh, cé, áite calaíochta, bóthair phoiblí, bóthair, cirt shlí, droichid nó canálach, le n-íoc, ná ní féadfar a éileamh é a bheith le n-íoc, ag aon aonad ná feadhan eile d'Óglaigh na hÉireann ná ag aon oifigeach ná fear le linn dó bheith ar dualgas ná ag aon duine faoi choimhdeacht ná i leith gluaiseachta aon mhatériel le hÓglaigh na hÉireann.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo aon difir don dliteanas chun dleachta nó dolaidh d'íoc a bheas inéilithe go dleathach i leith aon fheithiclí nó árthach seachas cinn is le hÓglaigh na hÉireann nó atá i seirbhís Óglaigh na hÉireann.

[EN]

Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a dhíolmhadh ó fhorála áirithe den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933.

113.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “Acht 1933” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933).

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 22 agus 39 d'Acht 1933 maidir le tiomáint feithicle inneallghluaiste is leis an Stát, nó atá ar shlí eile faoi urlámhas an Aire, ag aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann le linn dó bheith ar dualgas.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm i rith tréimhse éigeandála ag na forála seo a leanas d'Acht 1933 maidir le haon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann le linn dó bheith ar dualgas, is é sin le rá, ailt 22 agus 49, fo-alt (2) d'alt 149, fo-alt (5) d'alt 159 agus ailt 164 agus 166.

Caibidil VI.

Forála Ilghnéitheacha.

[EN]

Sásamh in éagóra.

114.—(1) Más dóigh le haon oifigeach go bhfuil éagóir déanta air in aon ní ag aon oifigeach uachtarach nó oifigeach eile, lena n-áirítear a oifigeach ceannais, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ina thaobh lena oifigeach ceannais, agus i gcás (agus sa chás sin amháin) nach ndéileálfaidh a oifigeach ceannais leis an ngearán chun sástachta an oifigigh sin, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ar an modh forordaithe leis an Aire agus déanfaidh an tAire fiosrú i dtaobh an ghearáin agus bhéarfaidh a threoracha ina thaobh.

[EN]

(2) Más dóigh le haon fhear go bhfuil éagóir déanta air in aon ní ag aon oifigeach, seachas a cheannasaí complachta, nó ag aon fhear, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ina thaobh lena cheannasaí complachta, agus más dóigh leis go bhfuil éagóir déanta air ag a cheannasaí complachta i dtaobh gan sásamh a thabhairt dó ina ghearáin nó i dtaobh aon ní eile, féadfaidh sé gearán ina thaobh sin a dhéanamh lena oifigeach ceannais, agus más dóigh leis go bhfuil éagóir déanta air ag a oifigeach ceannais i dtaobh gan sásamh a thabhairt dó ina ghearán nó i dtaobh aon ní eile, féadfaidh sé gearán a dhéanamh ina thaobh sin ar an modh forordaithe leis an Ard-Aidiúnach, agus, má iarrann an fear air é, bhéarfaidh seisean tuairisc i dtaobh ábhair an ghearáin don Aire agus déanfaidh an tAire fiosrú i dtaobh an ghearáin agus bhéarfaidh a threoracha ina thaobh.

[EN]

(3) Cuirfidh gach oifigeach lena ndéanfar gearán de bhun an ailt seo faoi deara fiosrú a dhéanamh i dtaobh an ghearáin sin, agus más deimhin leis, ar an bhfiosrú a dhéanamh, go bhfuil an ceart sa ghearán a rinneadh amhlaidh, déanfaidh sé pé bearta is gá chun lán-tsásamh a thabhairt don ghearánach in ábhar an ghearáin, agus i ngach cás cuirfidh in iúl ar an modh forordaithe don ghearánach cad é an beart a rinneadh maidir le hábhar an ghearáin.

[EN]

(4) Déanfaidh an tAire rialacháin á fhoráil go bhféadfaidh aon duine a bheas faoi réir an Achta seo aon chúis mhíshásaimh a chur go pearsanta faoi bhráid pé oifigigh, ar pé ócáidí, a forordófar leis na rialacháin sin.

[EN]

Maoin áirithe le comhaltaí marbha d'Óglaigh na hÉireann a bhailiú agus a dháil.

115.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “eastát seirbhíse”, maidir le comhalta marbh d'Óglaigh na hÉireann—

[EN]

(a) páigh, liúntais, aiscí nó deontais a bheas dlite dhó,

[EN]

(b) trealamh pearsanta a bhfuil cead aige faoi rialacháin é a choinneáil,

[EN]

(c) earraí pearsanta, lena n-áirítear airgead, a gheofar air' nó i mbeairic, campa nó ceathrúna, nó a bheas ar shlí eile faoi chúram nó coimeád Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(2) Féadfar eastát seirbhíse comhalta mhairbh d'Óglaigh na hÉireann nó oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca a éagfas le linn dó bheith ar fostú ar dualgas nó seirbhís mhíleata i rith tréimhse a bheas forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís, nó i rith tréimhse a bheas cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88, nó eastát seirbhíse fir de na hÓglaigh Cúltaca a éagfas le linn dó bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís, a bhailiú, a riaradh agus a dháil do réir rialachán a dhéanfas an tAire.

[EN]

Earraí pearsanta tréigtheora, neamhláithrí nó duine mhímheabhraigh a dhiúscairt.

116.—Diúscrófar do réir rialachán a dhéanfas an tAire earraí pearsanta agus oirneasa le comhalta d'Óglaigh na hÉireann ar tréigtheoir é, nó a bheas as láthair gan cead ar feadh lá agus fiche nó a éireos mímheabhrach, a gheofar i mbeairic, i gcampa, nó i gceathrúna, nó a bheas ar shlí eile faoi chúram nó coimeád Óglaigh na hÉireann.

[EN]

Rialacháin chun críocha Coda IV.

117.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

[EN]

(a) comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a shannadh, trína gceapadh nó a n-aistriú nó ar shlí eile, do chóir sheirbhíse, foirne, aonaid nó feadhna eile d'Óglaigh na hÉireann, nó laistigh díobh,

[EN]

(b) an modh ar a gceapfar earcaigh chun cór seirbhíse,

[EN]

(c) fear d'aistriú ó chór seirbhíse go cór seirbhíse eile,

[EN]

(d) aon duine, ní nó rud dá dtagartar sa Chuid seo mar dhuine, ní nó rud forordaithe,

[EN]

(e) aon ní nó rud eile dá dtagartar sa Chuid seo mar ábhar do rialacháin agus nach dtugtar cumhacht shainráite don Aire chun rialacháin a dhéanamh ina leith.

CUID V.

Araíonacht.

Caibidil I.

Dliteanas i leith an Dlí Mhíleala.

[EN]

Daoine a bheas faoin dlí míleata mar oifigigh.

118.—(1) Chun críocha an Achta seo, beidh gach duine dá luaitear san alt seo ina dhuine atá faoin dlí míleata mar oifigeach—

[EN]

(a) oifigeach de na Buan-Óglaigh i gcónaí,

[EN]

(b) oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca—

[EN]

(i) nuair a hordófar nó a fostófar é ar seirbhís nó dualgas a dhlíos sé a dhéanamh mar oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca, nó

[EN]

(ii) nuair a bheas sé in éide,

[EN]

(c) oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca (pé acu atá sé ag fáil páighe nó nach bhfuil) ar feadh agus i leith tréimhse—

[EN]

(i) a bheas sé, lena thoil féin, ar ceangal, nó ag déanamh dualgais, le haon chomhlucht trúpaí atá de thuras na huaire faoin dlí míleata nó atá ordaithe ar dualgas ag na húdaráis mhíleata, nó

[EN]

(ii) a bheas sé go saorálach ag freastal tréineála, nó

[EN]

(iii) a bheas sé ag fáil céireála in ospidéal míleata,

[EN]

(d) faoi réir aon díolúine ginearálta nó speisialta a bhéarfas an tAire (a mbeidh dualgas a cruthuithe ar an duine a bheas ag éileamh na díolúine), aon duine nach mbeadh dá éagmais seo faoin dlí míleata agus a mbeidh, faoi orduithe ginearálta nó speisialta ón Aire, aon chuid d'Óglaigh na hÉireann atá ar fianas á tionlacan aige i gcáil oifigiúil is ionann agus cáil oifigigh,

[EN]

(e) aon duine nach mbeadh dá éagmais seo faoin dlí míleata agus a mbeidh cuid d'Óglaigh na hÉireann atá ar fianas á tionlacan aige agus a mbeidh aige, ó oifigeach ceannais na coda sin, cead, is inchúlghairmthe mar is áil leis an oifigeach ceannais sin, a thugas teideal dó cóir ar aon dul le cóir oifigigh a chur air.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo agus ailt 119, beidh cuid d'Óglaigh na hÉireann ar fianas—

[EN]

(a) ar feadh tréimhse a bheas ordú faoi fho-alt (2) d'alt 5 i bhfeidhm, nó

[EN]

(b) aon uair a bheas an chuid sin ag gabháil d'oibríochtaí i gcoinne namhad, nó

[EN]

(c) aon uair a bheas an chuid sin ag gabháil d'oibríochtaí míleata in áit a bheas ar áitiú go hiomlán nó go formhór ag namhaid.

[EN]

Daoine a bheas faoin dlí míleata mar fhir.

119.—Chun críocha an Achta seo, beidh gach duine dá luaitear san alt seo ina dhuine atá faoin dlí míleata mar fhear—

[EN]

(a) fear de na Buan-Óglaigh i gcónaí,

[EN]

(b) cúltacaire—

[EN]

(i) nuair a bheas sé gairmthe amach ar buantseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta, nó

[EN]

(ii) nuair a bheas sé gairmthe amach chun tréineála, freachnaimh nó dualgais eile faoin Acht seo, nó

[EN]

(iii) nuair a bheas sé go saorálach ag freastal tréineála, nó

[EN]

(iv) nuair a bheas sé ag fáil cóireála in ospidéal míleata, nó

[EN]

(v) nuair a bheas sé ar fostú ar seirbhís mhíleata faoi orduithe oifigigh a bheas é féin faoin dlí míleata, nó

[EN]

(vi) nuair a bheas sé in éide,

[EN]

(c) faoi réir aon díolúine ginearálta nó speisialta a bhéarfas an tAire (a mbeidh dualgas a cruthuithe ar an duine a bheas ag éileamh na díolúine), aon duine nach mbeadh dá éagmais seo faoin dlí míleata agus a bheas ar fostú nó ar seirbhís ag aon chuid d'Óglaigh na hÉireann atá ar fianas,

[EN]

(d) aon duine, nach mbeadh dá éagmais seo faoin dlí míleata, is leantóir ag aon chuid d'Óglaigh na hÉireann a bheas ar fianas nó is duine a bheas á tionlacan.

[EN]

Dliteanas i leith an dlí mhíleata ó thaobh stádais.

120.—(1) Má rinne aon duine, le linn dó bheith faoin dlí míleata, cion in aghaidh an dlí mhíleata, féadfar, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, an duine sin a ghlacadh agus a choinneáil i gcoimeád seirbhíse agus é a thriail agus a phionósú i leith an chiona sin, d'ainneoin é féin nó an t-aonad lena mbaineann sé a scor de bheith faoin dlí míleata, amhail mar d'fhéadfaí é a ghlacadh agus a choinneáil i gcoimeád seirbhíse, é a thriail nó a phionósú, dá leanadh sé féin nó an t-aonad sin de bheith faoin dlí míleata.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go ndearna aon duine, le linn dó bheith faoin dlí míleata, cion (seachas frithcheilg, tréigean nó liostáil chalaoiseach) in aghaidh an dlí mhíleata, agus

[EN]

(b) gur scoir an duine sin, ón uair a rinne sé an cion sin de bheith faoin dlí míleata,

[EN]

ní triailfear an duine sin sa chion sin mura rud é go dtosnóidh a thriail laistigh de thrí mhí tar éis dó scor de bheith faoin dlí míleata, ach ní forléireofar aon ní sa bhfo-alt seo mar ní a dhéanfas difir do dhlínse chúirte sibhialta má tá an cion intriala ag an gcúirt sin chomh maith lena bheith intriala ag armchúirt.

[EN]

(3) Má thugann armchúirt pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta, nó choinneála ar dhuine atá faoin dlí míleata, beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis ar feadh téarma a phianbhreithe d'ainneoin é d'urscaoileadh nó a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó é a scor ar shlí eile de bheith faoin dlí míleata, agus féadfar é a choimeád, d'aistriú, a phríosúnú, a chur faoi choinneáil agus a phionósú dá réir sin amhail is dá leanadh sé de bheith faoin dlí míleata.

[EN]

Modhnú ar Chuid V maidir lena feidhm i gcás bhialtach a bheas faoin dlí míleata.

121.—Maidir le feidhm na Coda seo i gcás daoine nach mbaineann le hÓglaigh na hÉireann, déanfar na modhnuithe seo a leanas—

[EN]

(a) i gcás aon duine a bheas faoin dlí míleata ach nach mbainfidh le hÓglaigh na hÉireann do dhéanamh ciona in aghaidh an dlí mhíleata, féadfaidh aon chineál armchúirte a chomórfas oifigeach a bheas údaraithe chun an cineál sin armchúirte a chomóradh an duine sin a thriail agus féadfar, ar é a chiontú, déiléail leis agus é a phionósú dá réir;

[EN]

(b) aon duine a bheas faoin dlí míleata ach nach mbainfidh le hÓglaigh na hÉireann, measfar, chun críche na Coda seo, é a bheith faoi cheannas an oifigigh fhorordaithe, ach ní féadfar an duine sin a thriail go hachomair faoi Chaibidil IV den Chuid seo.

[EN]

Ait triala cionta in aghaidh an dlí mhíleata.

122.—Féadfar aon duine faoin dlí míleata a rinne aon chion in aghaidh an dlí mhíleata a thriail agus a phionósú sa chion sin in aon áit laistigh nó lasmuigh den Stát.

[EN]

Tórainn ama le triail chionta.

123.—(1) Ní déanfar, de bhun an Achta seo, aon duine a bheas faoin dlí míleata a thriail ná a phionósú in aon chion (ach amháin frithcheilg, tréigean nó liostáil chalaoiseach) is intriala ag armchúirt, tar éis trí bliana a bheith caite ón dáta a rinneadh an cion.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difir do dhlínse chúirte sibhialta i gcás aon chiona is intriala ag an gcúirt sin i dteannta a bheith intriala ag armchúirt.

[EN]

Caibidil II.

Cionta in aghaidh an Dlí Mhíleata.

[EN]

Cionta báis ag ceannasaithe le linn comhraic.

124.—Gach oifigeach faoin dlí míleata agus i gceannas loinge Stáit, aerárthaigh sheirbhíse, bunaíochta cosanta, aonaid nó feadhain eile d'Óglaigh na hÉireann—

[EN]

(a) nach ndéanfaidh, trí fhaillí nó trí aon tsórt eile mainneachtana, le linn dó bheith faoi orduithe chun oibríocht chogaidh a chur i gcrích nó ar theacht dó i dteagmháil le namhaid arb é a dhualgas dul i ngleic leis, a shár-dhícheall chun na hoifigigh agus na fir faoina cheannas, nó a long, a aerárthach, nó a mhatériel eile a chur i gcomhrac, nó

[EN]

(b) a bhéarfas suas don namhaid, agus é acmhainneach ar chosaint diongbhálta a dhéanamh, a long, a aerárthach, a fheithicil, a bhunaíocht chosanta, a mhatériel nó a aonad, nó

[EN]

(c) a tharraingeos siar, agus é i gcomhrac, as an gcomhrac gan leorchúis, nó

[EN]

(d) a mhainneos gan leorchúis dul sa tóir ar namhaid nó suíomh a gnóthaíodh a chomhneartú, nó

[EN]

(e) a mhainneos gan leorchúis dul i bhfóirthint nó i gcabhair le hiomlán a chumais ar charaid aithnid, nó

[EN]

(f) a dhéanfas, agus é i gcomhrac, a ionad a thréigean gan leorchúis,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar é a chiontú ann ag armchúirt dlífear é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt.

[EN]

Cionta báis ag aon duine maidir leis an namhaid.

125.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a thréigfeas go fealltach chun an namhad, nó

[EN]

(b) a chuirfeas brat sosa chomhraic chun an namhad go fealltach nó gan údarás cuí, nó

[EN]

(c) a dhéanfas cumarsáid leis an namhaid, nó a bhéarfas faisnéis dó, go fealltach nó gan údarás cuí, nó

[EN]

(d) a mhí-iomprós é féin nó a bhéarfas ar dhaoine eile iad féin a mhí-iompar os comhair an namhad i slí a léireos meatacht, nó

[EN]

(e) a chabhrós leis an namhaid le matériel, nó

[EN]

(f) a bhéarfas go feasach tearmann nó caomhaint do namhaid nach príosúnach, nó

[EN]

(g) a chabhrós go fealltach leis an namhaid trí chomhartha aitheantais bréagach nó comhartha bréagach eile a thabhairt nó trí aon chomhartha d'athrú nó trí chur isteach ar aon chomhartha, nó

[EN]

(h) a mhoilleos go mícheart aon bheart i gcoinne an namhad nó a spreagfas mí-mhisneach go fealltach nó go meata i dtaobh aon bhirt i gcoinne an namhad, nó

[EN]

(i) nuair a hordófar dó oibríocht chogaidh a chur i gcrích nach ndéanfaidh, trí fhaillí nó trí aon tsórt eile mainneachtana, a shár-dhícheall chun na horduithe a chur in éifeacht, nó

[EN]

(j) a thréigfeas nó a bhéarfas suas go fealltach nó gan leorchúis aon bhunaíocht chosanta, garastún, áit, long Stáit, aerárthach nó feithicil nó ainmhí seirbhíse, matériel, post nó garda, nó

[EN]

(k) a dhéanfas nó a fhágfas gan déanamh, go feasach, aon ní a bhéarfas go ngabhfaidh an namhaid daoine nó go ngabhfaidh nó go scriosfaidh an namhaid matériel, nó

[EN]

(l) a chabhrós go fealltach leis an namhaid in aon tslí nach bhfuil luaite go sonrach roimhe seo san alt seo, nó

[EN]

(m) le linn dó bheith ag fónamh i long Stáit a bheas páirteach i gconbhuaidh árthach agus ina gcaomhnadh—

[EN]

(i) nach gcosnóidh na hárthaigh agus na hearraí a bheas faoi chonbhuaidh, nó

[EN]

(ii) a dhiúltós troid a dhéanamh chun na hárthaigh ina chonbhuaidh a chosaint má hionsaítear iad, nó

[EN]

(iii) a thréigfeas nó a chuirfeas i nguais, go meata, na hárthaigh a bheas ina chonbhuaidh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar é a chiontú ag armchúirt dlífear é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt.

[EN]

Cionta lena ngabhann pionós níos troime más ar fianas a déantar iad.

126.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “garda dídin” aon mheitheal d'Óglaigh na hÉireann a dícheanglófar chun duine nó daoine éigin a chaomhaint nó chun aon áitreabh nó áit a chaomhaint nó chun dul isteach in aon áitreabh nó in aon áit a chosc nó a rialú, nó chun trácht ar aon bhóthar, iarnród nó uiscebhealach intíre a rialú agus folaíonn sí aon fhairtheoir is comhalta d'Óglaigh na hÉireann a postófar chun aon chríche acu sin.

[EN]

(2) Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a fhágfas a shuí faire, a gharda, a phicéad, a phatról nó a phost sara ndéanfar uainíocht air go rialta, nó a chodlós nó a bheas ar meisce, le linn dó bheith ag gníomhú mar fhairtheoir nó mar fhear faire nó a bheith ar shlí eile ar faire nó ar garda, nó

[EN]

(b) a fhágfas, gan ordú óna oifigeach uachtarach, a shuí faire, a gharda, a phicéad, a phatról nó a phost, nó

[EN]

(c) a nochtfas in aon tslí, gan údarás cuí, aon fhaisnéis maidir le líon, suíomh, matériel, gluaiseachtaí nó oibríochtaí Óglaigh na hÉireann nó aon choda dhíobh nó maidir lena n-ullmhúcháin i gcóir gluaiseachtaí nó oibríochtaí nó maidir le haon longa Stáit, aerárthaigh nó feithicli seirbhíse, nó

[EN]

(d) a inseos an parúl, an focal cathaise, an focal faire, an fhrithshín nó an comhartha aitheantais d'aon duine nach mbeidh i dteideal é d'fháil, nó a bhéarfas, gan leorchúis mhaith, parúl, focal cathaise, focal faire, frithshín nó comhartha aitheantas nach ionann is an ceann a fuair sé, nó

[EN]

(e) a dhéanfas, gan údarás cuí, athrú nó cur isteach ar aon chomhartha aitheantais nó ar aon chomhartha eile, nó

[EN]

(f) a chuirfeas, gan leorchúis, gártha rabhaidh bréagacha á dtógáil, nó

[EN]

(g) a imreos forneart ar gharda dídin nó a imreos forneart, nó a chuirfeas teampán, ar fhear faire nó a bhuailfeas fear faire, nó

[EN]

(h) a dhéanfas sipiléireacht nó slad nó a bhrisfeas isteach in aon teach nó áit le hintinn sipiléireacht nó slad a dhéanamh, nó

[EN]

(i) a dhéanfas, gan ordú óna oifigeach uachtarach, nó gan chúis réasúnach, aon mhaoin a dhíthiú nó a dhamáistiú go toiliúil, nó

[EN]

(j) a dhéanfas foréigean ar aon duine a bheas ag tabhairt matériel chun Óglaigh na hÉireann, nó

[EN]

(k) a choinneos nó a thógfas gan údarás cuí, le haghaidh an aonaid d'Óglaigh na hÉireann lena bhfuil sé féin ag fónamh, aon mhatériel a bheas á thabhairt chun aon aonaid eile d'Óglaigh na hÉireann, nó

[EN]

(l) a choiscfeas an profast-mharascal nó aon oifigeach nó fear a bheas ag feidhmiú údaráis go dlíthiúil faoin bprofast-mharascal nó thar a cheann, nó a dhiúltós, nuair a glaoifear air, cabhrú leis an bprofast-mharascal, nó le haon oifigeach nó fear den tsórt sin, i ndéanamh a dhualgais, nó

[EN]

(m) a dhéanfas nó a fhágfas gan déanamh, go feasach, aon ní a raghadh a dhéanamh nó a neamhdhéanamh chun aimhleasa do ghníomhaíocht Óglaigh na hÉireann nó aon choda dhíobh nó chun dochair do shlándáil Óglaigh na hÉireann nó aon choda dhíobh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear—

[EN]

(i) más ar fianas a dhéanfas sé an cion sin, piantseirbhís a chur air nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt, nó

[EN]

(ii) murab ar fianas a dhéanfas sé an cion sin agus más oifigeach é, é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

[EN]

(iii) murab ar fianas a dhéanfas sé an cion sin agus más fear é, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Cionta a bhaineas le príosúnaigh cogaidh.

127.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a gabhfar ina phríosúnach de dheasca gan é do ghlacadh cúraim chuí nó é a bheith neamhumhal d'orduithe nó é do dhéanamh faillí go toiliúil ina dhualgas, nó

[EN]

(b) tar éis a ghafa ina phríosúnach, nach bhfillfidh ar Óglaigh na hÉireann nuair a bheas sin ar a chumas, nó

[EN]

(c) tar éis a ghafa ina phríosúnach cogaidh, a bhéarfas seirbhís leis an namhaid nó a chabhrós leis an namhaid,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, má thug sé seirbhís leis an namhaid nó má chabhraigh sé leis an namhaid, é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt agus, in aon chás eile, dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Frithcheilg le foréigean.

128.—Gach duine faoin dlí míleata a ghlacfas páirt i bhfrithcheilg lena ngabhfaidh foréigean, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear é a chur chun báis nó faoi aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt.

[EN]

Frithcheilg gan foréigean.

129.—Gach duine faoin dlí míleata a ghlacfas páirt i bhfrithcheilg nach ngabhfaidh foréigean léi, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Cionta a bhaineas le frithcheilg.

130.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a tharraingeos frithcheilg nó a dhéanfas comhcheilg le haon duine eile chun frithcheilg a tharraingt, nó

[EN]

(b) a fhéachfas lena áiteamh ar dhuine ar bith páirt a ghlacadh i bhfrithcheilg, nó

[EN]

(c) nach ndéanfaidh, agus é i láthair, a shár-dhícheall chun frithcheilg a chur faoi chois, nó

[EN]

(d) arb eol dó frithcheilg a bheith ar siúl nó a bheith beartaithe agus nach n-inseoidh sin gan mhoill dá oifigeach uachtarach,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Neamh-umhlóid d'oifigeach uachtarach.

131.—Gach duine faoin dlí míleata a bheas neamh-umhal d'ordú dleathach oifigigh uachtaraigh, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Oifigeach uachtarach a bhualadh nó foréigean a bhagairt air.

132.—Gach duine faoin dlí míleata a bhuailfeas oifigeach uachtarach nó a dhéanfas iarracht é a bhualadh, nó a imreos foréigean, nó a dhéanfas iarracht é d'imirt nó a bhagrós é d'imirt, ar oifigeach uachtarach, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Iompar easumhal.

133.—Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas caint bhagrach nó mhaslach le hoifigeach uachtarach nó a iomprós é féin go heasumhal i leith oifigigh uachtaraigh, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Mí-ord.

134.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a mbeidh baint aige le hachrann, gráscar nó mí-ord agus a dhiúltós bheith umhal d'oifigeach, fiú más ísle i gcéim é, a ordós é a chur faoi ghabháil, nó a bhuailfeas aon oifigeach den tsórt sin, nó a imreos, nó a bhagrós foréigean air, nó

[EN]

(b) a bhuailfeas aon duine eile a gcuirfear faoina choimeád é nó a imreos nó a bhagrós foréigean air, pé acu atá nó nach bhfuil an duine eile sin ina oifigeach uachtarach aige nó pé acu atá nó nach bhfuil an duine eile sin faoin dlí míleata, nó

[EN]

(c) a chuirfeas i gcoinne coimhdire arb é a dhualgas é a ghabháil nó é a bheith faoina chúram, nó

[EN]

(d) a bhrisfeas amach as beairic, stáisiún, campa, ceathrúna nó long,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Tréigean.

135.—(1) Gach duine faoin dlí míleata a thréigfeas Óglaigh na hÉireann nó a dhéanfas iarracht iad a thréigean, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear—

[EN]

(a) más ar fianas a dhéanfas sé an cion sin, pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

[EN]

(b) murab ar fianas a dhéanfas sé an cion sin, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air i gcás an chéad chiona nó, i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin, pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

(2) (a) Chun críocha an Achta seo tréigeann duine Óglaigh na hÉireann—

[EN]

(i) más rud é, ar bheith dhó ar dualgas guaiseach nó ar seirbhís thábhachtach nó ar rabhadh d'fháil dó lena aghaidh sin, go mbeidh sé as láthair gan údarás cuí le hintinn an dualgas nó an tseirbhís sin a sheachaint, nó

[EN]

(ii) más rud é, ar rabhadh d'fháil dó a árthach bheith faoi orduithe seolta, go mbeidh sé as láthair gan údarás cuí le hintinn ligint don árthach imeacht gan é, nó

[EN]

(iii) má fhanann sé as láthair gan údarás cuí óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas, le hintinn gan filleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin, nó

[EN]

(iv) má bhíonn sé as láthair gan údarás cuí óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas agus má dhéanann sé intinn aon uair le linn dó bheith as láthair amhlaidh gan filleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin, nó

[EN]

(v) más rud é, le linn dó bheith as láthair le húdarás cuí óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas, go ndéanfaidh sé aon ghníomh nó go bhfágfaidh sé gan déanamh aon ní, le hintinn gan filleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin, arb é an iarmhairt is dual agus is dócha a theacht as an ngníomh sin a dhéanamh nó an ní sin d'fhágaint gan déanamh é a choinneáil ó fhilleadh ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin san am is gá.

[EN]

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, aon duine a bheas as láthair gan údarás ar feadh sé mhí nó níos mó as a chéile, measfar, mura gcruthaítear a mhalairt, go raibh ar intinn ag an duine sin gan filleadh ar a aonad, ar a eagar nó ar an áit arb ann atá a dhualgas.

[EN]

Tréigean a chúlcheadú.

136.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) arb eol dó duine a bheith tar éis tréigean a dhéanamh nó ar intinn é a dhéanamh agus, gan leathscéal réasúnach, nach n-inseoidh sin láithreach dá oifigeach uachtarach, nó

[EN]

(b) nach ndéanfaidh aon bheart a bheas ar a chumas chun a thabhairt go ngabhfar duine is eol dó a bheith ina thréigtheoir,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Neamhláithreacht gan cead.

137.—(1) Gach duine faoin dlí míleata a fhanfas as láthair gan cead, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

(2) Chun críocha an Achta seo fanann duine as láthair gan cead—

[EN]

(a) má fhágann sé, gan údarás, a aonad, a eagar nó an áit arb ann atá a dhualgas, nó

[EN]

(b) má bhíonn sé as láthair, gan údarás, óna aonad, óna eagar, nó ón áit arb ann atá a dhualgas, nó

[EN]

(c) más rud é, arna údarú dhó bheith as láthair óna aonad, óna eagar nó ón áit arb ann atá a dhualgas, nach bhfillfidh sé ar an aonad, ar an eagar nó ar an áit sin i ndeireadh na tréimhse dar húdaraíodh dó bheith as láthair,

[EN]

agus san Acht seo forléireofar dá réir sin an abairt “fanacht as láthair gan cead”.

[EN]

Ráiteas bréagach maidir le cead bheith as láthair.

138.—Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas, go feasach, ráiteas bréagach maidir le cead bheith as láthair d'fhaidiú, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, más fear é, coinneáil nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Iompar scannalach ag oifigeach.

139.—Gach oifigeach faoin dlí míleata a iomprós é féin go scannalach, ar shlí nach cuí d'oifigeach, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann.

[EN]

Drochúsáid ar d'íochtaráin.

140.—Gach duine faoin dlí míleata a bhuailfeas aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann a bheas, de bhíthin a chéime nó a cheapacháin, ina íochtarán aige, nó a thabharfas drochúsáid dó ar shlí eile, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Cúisimh bhréagacha in aghaidh oifigigh nó fir.

141.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a dhéanfas cúiseamh bréagach in aghaidh oifigigh nó fir agus a fhios aige an cúiseamh sin a bheith bréagach, nó

[EN]

(b) a dhéanfas, go feasach, ráiteas bréagach a bhainfeas de cháil oifigigh nó fir,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Meisce.

142.—Gach duine faoin dlí míleata a bheas ar meisce, pé acu ar dualgas dó nó nach ea, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear—

[EN]

(a) más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

[EN]

(b) más fear é agus gurb ar fianas nó ar dualgas a dhéanfas sé an cion, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

[EN]

(c) más fear é agus nach ar fianas ná ar dualgas a dhéanfas sé an cion, coinneáil go ceann tréimhse nach sia ná nócha lá nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Meathlóireacht nó ball-bhascadh.

143.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a dhéanfas meathlóireacht nó a ligfeas nó a thabharfas galar nó éiglíocht air féin, nó

[EN]

(b) a thabharfas galar nó éiglíocht air féin, nó a fhorthromós é, nó a chuirfeas moill ar a leigheas, trí mhí-iompar nó neamhumhlóid go toiliúil d'orduithe, nó

[EN]

(c) a bhall-bhascfas nó a dhíobhálfas go toiliúil é féin nó aon duine eile is comhalta d'Óglaigh na hÉireann, pé acu ar iarratas an duine sin é nó nach ea, le hintinn é féin nó an duine eile sin a dhéanamh, ar an gcuma sin, neamhinniúil ar sheirbhís, nó a bhéarfas go toiliúil ar aon duine eile é a bhall-bhascadh nó a dhíobháladh le hintinn é a dhéanamh, ar an gcuma sin, neamhinniúil ar sheirbhís,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Iompar leadránach maidir le triala.

144.—Gach duine faoin dlí míleata a choinneos duine ar bith eile faoi ghabháil nó faoi ghaibhniú go neamhriachtanach gan é a thabhairt chun triala, nó nach gcuirfidh cás an duine eile sin faoi bhráid an údaráis chuí lena fhiosrú, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Cur isteach go faillitheach nó go toiliúil ar choimeád dleathach.

145.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a dhéanfas, gan údarás cuí, aon duine faoi choimeád a shaoradh, nó saoradh aon duine faoi choimeád d'údarú nó d'éascú ar shlí eile, nó

[EN]

(b) a ligfeas go faillitheach nó go toiliúil d'aon duine éaló nuair a bheas sé curtha faoina chúram nó nuair a bheas sé de dhualgas air é a ghardáil nó é a bheith faoi choimeád aige, nó

[EN]

(c) a chuideos le haon duine éaló, nó iarracht a dhéanamh ar éaló, as coimeád,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, má rinne sé go toiliúil é, piantseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air agus, in aon chás eile, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Éaló as coimeád.

146.—Gach duine faoin dlí míleata a bheas faoi ghabháil nó faoi ghaibhniú nó i bpríosún nó faoi choimeád dleathach ar shlí eile agus a éalós nó a dhéanfas iarracht éaló, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Cosc a chur ar oifigeach nó fear a bheas ag déanamh dualgas póilíneachta.

147.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a chuirfeas i gcoinne oifigigh nó fir, nó a choiscfeas go toiliúil oifigeach nó fear, a bheas ag déanamh aon dualgais a mbeidh údarás cuí aige é a dhéanamh agus is dualgas a bhainfeas le duine faoin dlí míleata a ghabháil, a choimeád nó a ghaibhniú, nó

[EN]

(b) a dhiúltós nó a fhailleos, nuair a glaoifear air, cuidiú le hoifigeach nó fear i ndéanamh aon dualgais den tsórt sin,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Cosc a chur ar an gcumhacht shíbhialta.

148.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a fhailleos nó a dhiúltós oifigeach nó fear a thabhairt suas don chumhacht shibhialta, de bhun barántais chuige sin, nó

[EN]

(b) a fhailleos nó a dhiúltós cuidiú le hoifigeach nó fear a ghabháil go dleathach a cúisíodh i gcion is inphionóis ag cúirt shibhialta,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Longa Stáit a chailliúnt nó a ligean ar thalamh nó i nguais.

149.—Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas, go toiliúil nó trí fhaillí nó aon tsórt eile mainneachtana, aon long Stáit a chailliúint, a ligean ar thalamh nó i nguais nó a dhamáistiú, nó a fhulaingeos amhlaidh aon long Stáit a chailliúint, a ligean ar thalamh nó i nguais nó a dhamáistiú, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Iompar earraí ar longa nó aerárthaigh, gan údarás.

150.—Gach duine faoin dlí míleata a bheas i gceannas loinge Stáit nó aerárthaigh sheirbhíse agus a thógfas nó a ghlacfas ar bord, nó a cheadós go n-iomprófaí, earraí nó marsantas nach mbeidh údarás aige a thógaint ná a ghlacadh ar bord, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Gníomhartha éagóracha maidir le haerárthaigh.

151.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a dhéanfas aon ghníomh nó a fhágfas gan déanamh aon ní, go toiliúil nó go faillitheach nó trí neamhaird a thabhairt nó sárú a dhéanamh ar rialacháin nó orduithe nó treoracha, in úsáid nó i leith aon aerárthaigh sheirbhíse nó aon ábhair aerárthaigh sheirbhíse, a mbeidh a dhéanamh nó a fhágaint gan déanamh ina chúis, nó ar dócha dhó bheith ina chúis, le haon duine d'fháil bháis nó le díobháil choirp a bhaint d'aon duine, nó

[EN]

(b) a dhéanfas aon ghníomh nó a fhágfas gan déanamh aon ní, go toiliúil nó go faillitheach nó trí neamhaird a thabhairt nó sárú a dhéanamh ar rialacháin nó orduithe nó treoracha, arb é an iarmhairt a thiocfas as, nó is dócha a theacht as, aon aerárthach seirbhíse nó aon ábhar aerárthaigh sheirbhíse a dhamáistiú, a dhíthiú nó a chailliúint, nó

[EN]

(c) a bhéarfas go toiliúil nó go faillitheach, le linn staid chogaidh a bheith ann, go nglacfaidh Stát neodrach, nó go nglacfar faoi údarás Stáit neodraigh, urlámhas ar aon aerárthach seirbhíse, nó

[EN]

(d) a bhéarfas go toiliúil nó go faillitheach, le linn staid chogaidh a bheith ann, go ndítheofar i Stát neodrach aon aerárthach seirbhíse ar shlí seachas do réir rialachán, orduithe nó treoracha,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Deimhniú neamhchruinn maidir le haerárthach.

152.—Gach duine faoin dlí míleata a shíneos aon deimhniú maidir le haerárthach nó ábhar aerárthaigh gan a chinntiú go bhfuil an deimhniú sin cruinn, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Eiteall íseal.

153.—Gach duine faoin dlí míleata a eitleos aerárthach seirbhíse ar airde is lú ná an airde íosta a bheas údaraithe sna himthosca áirithe, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Neamhumhlóid d'orduithe captaein aerárthaigh.

154.—(1) Gach duine faoin dlí míleata a bheas, le linn dó bheith in aerárthach seirbhíse, neamhumhal d'aon ordú dleathach a bhéarfas captaen an aerárthaigh agus a bhainfeas le heiteall nó láimhsiú an aerárthaigh nó a bhainfeas le sábháltacht an aerárthaigh, pé acu a bheas an captaen faoin dlí míleata nó nach mbeidh, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) fad a bheas sé in aerárthach seirbhíse, beidh gach duine, pé céim a bheas aige, faoi cheannas captaein an aerárthaigh maidir le gach ní a bhainfeas le heiteall nó láimhsiú an aerárthaigh nó a bhainfeas le sábháltacht an aerárthaigh, pé acu a bheas an captaen sin faoin dlí míleata nó nach mbeidh;

[EN]

(b) más sceideog an t-aerárthach seirbhíse agus go mbeidh sí á tarraingt ag aerárthach eile, beidh captaen na sceideoige, an fhaid a bheas a sceideog á tarraingt, faoi cheannas captaein an aerárthaigh a bheas ag déanamh na tarraingte maidir le gach ní a bhainfeas leis an sceideog d'eiteall nó a láimhsiú nó a bhainfeas le sábháltacht na sceideoige, pé acu a bheas an captaen deiridh sin faoin dlí míleata nó nach mbeidh.

[EN]

Calaois ag daoine a mbeidh maoin faoina gcúram.

155.—Gach duine faoin dlí míleata ar a gcuirfear cúram agus imdháil aon mhaoine poiblí nó aon mhaoine seirbhíse, nó a mbeidh baint aige lena cúram agus lena himdháil, agus a ghoidfeas, a chomhshós go calaoiseach, a chuirfeas chun mí-fheidhme nó a chlaonchasfas an mhaoin sin nó a mbeidh baint aige lena goid, lena comhshó go calaoiseach, lena cur chun mí-fheidhme nó lena chlaonchasadh, nó a chúlcheadós é, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Maoin a ghoid, a chlaonchasadh, etc.

156.—Gach duine faoin dlí míleata a ghoidfeas, a chlaonchasfas nó a chuirfeas chun mífheidhme go calaoiseach aon mhaoin le duine faoin dlí míleata nó aon mhaoin phoiblí nó aon mhaoin sheirbhíse, nó a ghlacfas í agus a fhios aige gur goideadh í nó go bhfuarthas ar chuma neamhdhleathach eile í, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Maoin a dhíthiú, a chailliúint nó a dhiúscairt go mícheart.

157.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a dhítheos nó a dhamáisteos go toiliúil, a chaillfeas le faillí, a dhíolfas go mícheart nó a ídeos go diomaileach aon mhaoin—

[EN]

(i) is maoin phoiblí, nó

[EN]

(ii) is maoin sheirbhíse, nó

[EN]

(iii) is maoin a fuarthas do bhialanna, forais nó ceaintíní seirbhíse, nó a bheas á riaradh acu nó tríothu, nó

[EN]

(iv) is maoin a thug comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann ar mhaithe le tairbhe agus leas comhchoiteann na gcomhaltaí sin, nó

[EN]

(v) is maoin a fuarthas de thoradh, nó a ceannaíodh as fáltais díola, nó a fuarthas ar malairt, maoine a luaitear i bhfo-mhír (iii) nó (iv) den mhír seo, nó

[EN]

(b) a dhítheos nó a dhamáisteos go toiliúil, a dhíolfas nó a gheall-earbfas nó a chuirfeas i ngeall go mícheart aon mhaoin le duine eile atá faoin dlí míleata,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Breabaireacht, éilliú agus calaois.

158.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a chúlcheadós duine a bheas ag soláthar maoine nó seirbhísí d'Óglaigh na hÉireann do bhaint praghais ainmheasartha amach orthu, nó

[EN]

(b) a éileos nó a ghlacfas go héagórach cúiteamh, comaoin nó buntáiste phearsanta i leith aon dualgas míleata a chomhlíonadh nó i leith aon ní a bhainfeas leis an Roinn Cosanta nó le hÓglaigh na hÉireann, nó

[EN]

(c) a ghlacfas go díreach nó go neamhdhíreach, go pearsanta nó trí aon duine dá theaghlach nó aon duine faoina urláimh, nó chun a thairbhe, aon bhronntanas, iasacht, geallúint, cúiteamh nó comaoin, in airgead nó ar shlí eile, ó aon duine d'fhonn cabhair nó fábhar a thabhairt d'aon duine i ndéanamh aon ghnótha a bhainfeas leis an Roinn Cosanta nó le hÓglaigh na hÉireann, nó le haon bhialann, foras nó ceaintín seirbhíse,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Feithiclí seirbhíse a thiomáint go faillitheach nó go fiáin.

159.—(1) Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a mbeidh cúram feithicle seirbhíse air agus a dhéanfas nó a bhéarfas go ndéanfar aon díobháil choirp d'aon duine nó aon damáiste d'aon mhaoin trí thiomáint mheargánta nó fhiáin nó trí rásáil nó trí mhí-iompar toiliúil eile nó trí fhaillí thoiliúil, nó

[EN]

(b) a thiomáinfeas feithicil sheirbhíse ar shráid, bóthar nó bóthar poiblí nó in aon áit eile, poiblí nó príobháideach, i slí a bheas contúirteach d'aon duine nó d'aon mhaoin ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, nó

[EN]

(c) a thiomáinfeas feithicil sheirbhíse nó a dhéanfas iarracht í a thiomáint agus é ar meisce,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

(2) Chun críocha míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo, measfar duine a bheith ar meisce agus é ag tiomáint feithicle seirbhíse nó ag déanamh iarrachta í a thiomáint más deimhin leis an armchúirt nó leis an oifigeach a bheas ag imscrúdú an chúisimh faoi alt 177, 178 nó 179 nach raibh an duine sin inniúil ar an bhfeithicil sin a rialú go héifeachtach le linn di bheith ag gluaiseacht, de dheasca é a bheith tar éis deocha meisciúla nó druganna a chaitheamh.

[EN]

Usáid feithiclí seirbhíse gan údarás.

160.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a úsáidfeas feithicil sheirbhíse chun críche neamhúdaraithe, nó

[EN]

(b) a úsáidfeas, gan údarás cuí, feithicil sheirbhíse chun aon chríche, nó

[EN]

(c) a úsáidfeas feithicil sheirbhíse contrártha d'aon rialachán, ordú nó treoir,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Cionta maidir le harmchúirteanna, etc.

161.—(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “binse seirbhíse”—

[EN]

(a) armchúirt,

[EN]

(b) oifigeach údaraithe a bheas ag imscrúdú cúisimh faoi alt 177,

[EN]

(c) oifigeach ceannais a bheas ag imscrúdú cúisimh faoi alt 178,

[EN]

(d) oifigeach a bheas ag tógaint coimriú fianaise do réir rialachán faoi alt 184,

[EN]

(e) cúirt fhiosrúcháin.

[EN]

(2) Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a gheobhas toghairm nó ordú go cuí chun freastal os comhair binse sheirbhíse mar fhinné agus nach ndéanfaidh freastal, nó

[EN]

(b) a dhiúltós mionn a ghlacadh nó dearbhasc a dhéanamh a gceanglóidh binse seirbhíse go dleathach air é a ghlacadh nó a dhéanamh, nó

[EN]

(c) a dhiúltós aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a gceanglóidh binse seirbhíse air go dleathach é a thabhairt ar aird, nó

[EN]

(d) a dhiúltós nuair is finné é aon cheist d'fhreagairt a bhféadfaidh binse seirbhíse a cheangal air go dleathach í d'fhreagairt, nó

[EN]

(e) a dhéanfas caint mhaslach nó bhagrach nó a dhéanfas aon chur isteach nó aon challóid le linn imeachta binse sheirbhíse, nó,

[EN]

(f) a dhéanfas aon dísbeagadh eile ar bhinse seirbhíse,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Fianaise bhréagach.

162.—Gach duine faoin dlí míleata a bhéarfas go feasach fianaise bhréagach nuair a beifear á cheistiú faoi mhionn nó faoi dhearbhú solamanta os comhair binse sheirbhíse, do réir bhrí ailt 161, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhileata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Clampar, etc., i gcoinmhí.

163.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a bhéarfas drochúsáid, trí fhoréigean, trí shracadh, nó trí chlampar a thógáil i gcoinmhí nó ar shlí eile, d'áititheoir aon tí ina mbeidh aon duine ar coinmheadh nó aon áitribh ina mbeidh cóiríocht le haghaidh matériel curtha ar fáil, nó,

[EN]

(b) nach gcomhlíonfaidh rialacháin maidir le híoc éilithe córa an duine ag a bhfuil, nó ag a raibh, sé féin nó aon oifigeach nó fear faoina cheannas ar coinmheadh, nó éilithe córa áititheora áitribh ina dtugtar nó inar tugadh cóiríocht le haghaidh matériel,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Liostáil chalaoiseach.

164.—(1) Gach duine a bheas faoin dlí míleata mar fhear agus a liostálfas go calaoiseach beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

(2) Chun críocha an Achta seo liostálann fear go calaoiseach—

[EN]

(a) má liostálann sé sna Buan-Óglaigh, le linn dó bheith ag baint leis na Buan-Óglaigh nó bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís mar fhear de na hÓglaigh Cúltaca, gan é a bheith urscaoilte go rialta astu nó gan na coinníollacha a bheith comhlíonta thairis sin aige a chuirfeadh ar a chumas liostáil, nó

[EN]

(b) má liostálann sé sna hÓglaigh Cúltaca, le linn dó bheith ag baint leis na Buan-Óglaigh, gan na coinníollacha a bheith comhlíonta aige a chuirfeadh ar a chumas liostáil amhlaidh.

[EN]

(3) Nuair a bheas ciontóir tar éis liostáil go calaoiseach ar roinnt ócáidí, féadfar, chun críocha an ailt seo, a mheas é a bheith ina chomhalta d'aon cheann nó cinn de na cóir sheirbhíse nó de na haonaid chun ar ceapadh nó chun ar haistríodh é, chomh maith le bheith ina chomhalta den chór seirbhíse nó den aonad lena mbaineann sé ó cheart.

[EN]

Cionta gincarálta maidir le líostáil.

165.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a mbeidh baint aige le haon fhear a liostáil le haghaidh seirbhíse sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca agus a fhios aige, nó cúis réasúnach aige, chun a chreidiúint an fear sin a bheith sa chás gur cion in aghaidh an dlí mhíleata dó liostáil, nó

[EN]

(b) a shárós go toiliúil aon achtachán nó rialachán maidir le haon ní a bhaineas le liostáil nó fianú fear sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Dualgais a dhéanamh go faillitheach.

166.—Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas go faillitheach dualgas míleata a cuirfear air, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, más fear é, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Cionta maidir le doiciméid.

167.—Gach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a dhéanfas nó a shíneos, go feasach nó go faillitheach, doiciméad, a theastós chun críocha oifigiúla, a bheas bréagach, nó

[EN]

(b) a ordós, go feasach nó go faillitheach, go ndéanfar nó go síneofar doiciméad, a theastós chun críocha oifigiúla, a bheas bréagach, nó

[EN]

(c) a fhágfas gan líonadh, nuair a bheas sé ag síniú doiciméid a theastós chun críocha oifigiúla, aon chuid ábhartha dhe a mbeidh a shíniú ina dheimhniú uirthi, nó

[EN]

(d) a chaonfas, a aghloitfeas, a athrós nó a chuirfeas i gceal, go feasach agus le hintinn díobháil a dhéanamh d'aon duine nó le hintinn meabhlaireacht a dhéanamh, aon doiciméad nó comhad a bheas á choimeád, a rinneadh nó a heisíodh chun aon chríche a bhaineas leis an Roinn Cosanta nó le hÓglaigh na hÉireann, nó

[EN]

(e) a dhiúltós tuarascáil nó tuairisceán a dhéanamh nó a chur ar aghaidh arb é a dhualgas é a dhéanamh nó a chur ar aghaidh nó, trí fhaillí inmhilleáin, a fhágfas sin gan déanamh nó gan cur ar aghaidh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

Iompar a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht.

168.—(1) Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfas aon ghníomh, aon bheart mí-iompair nó mí-oird nó aon fhaillí a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar a chiontú ag armchúirt dlífear, más oifigeach é, é a dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air agus, más fear é, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

[EN]

(2)  (a) Ní cúiseofar duine faoin alt seo i gcion is cion in aghaidh an dlí mhíleata de bhuaidh aon ailt roimhe seo sa Chaibidil seo.

[EN]

(b) Má cúisítear duine i gcion agus gur sárú ar an bhfo-alt seo é agus má ciontaítear an duine sin—

[EN]

(i) ní bheidh an ciontú neamhbhailí de bhíthin an tsáruithe sin amháin mura meastar go ndearnadh, de bhíthin an tsáruithe sin, éagóir ar an duine a cúisíodh.

[EN]

(ii) ní dhéanfaidh bailíocht an chiontuithe aon difir do fhreagarthacht oifigigh sa tsárú sin.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh)—

[EN]

(i) aon fhoráil den Acht seo, nó

[EN]

(ii) aon rialacháin, orduithe nó treoracha a foilsíodh mar eolas agus treoir ghinearálta don chuid sin d'Óglaigh na hÉireann lena mbaineann an duine sin nó lena bhfuil sé ar ceangal, nó

[EN]

(iii) aon orduithe ginearálta, aon orduithe garastúin nó aonaid nó stáisiúin nó aon bhuan-orduithe nó orduithe áitiúla,

[EN]

is gníomh, beart mí-iompair nó mí-oird, nó faillí a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht é sin;

[EN]

(b) aon iarracht ar chion a dhéanamh atá, de bhuaidh aon ailt roimhe seo sa Chaibidil seo, ina chion in aghaidh an dlí mhíleata, beidh sí, mura cion in aghaidh an dlí mhíleata faoin alt sin an iarracht sin inti féin, ina gníomh, ina beart mí-iompair nó mí-oird nó ina faillí a raghadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht.

[EN]

(4) Ní forléireofar fo-alt (3) den alt seo mar ní a dhéanas difir do ghinearáltacht fho-ailt (1) den alt seo.

[EN]

Cionta is inphionóis do-réir an ghnáth-dhlí.

169.—Faoi réir forál an Achta seo, gach duine a dhéanfas, le linn dó bheith faoin dlí míleata, aon chion dá dtagartar san alt seo, measfar é a bheith ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus má cúisítear é faoin alt seo in aon chion den tsórt sin (dá ngairmtear cion sibhialta san Acht seo) dlífear é a thriail ag armchúirt agus ar a chiontú pionós mar leanas a chur air, is é sin le rá:—

[EN]

(a) más i dtréas a ciontófar é, dlífear é a chur chun báis;

[EN]

(b) más i ndúnmharú a ciontófar é, dlífear é a chur chun báis;

[EN]

(c) más i ndúnorgain a ciontófar é, dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air;

[EN]

(d) más i mbanéigean a ciontófar é, dlífear pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air;

[EN]

(e) más in aon chion nach sonraítear ar leithligh roimhe seo san alt seo a ciontófar é, agus más cion é is inphionóis do réir gnáthdhlí choiriúil an Stáit i gcás é a dhéanamh sa Stát, dlífear, pé acu sa Stát nó in áit eile a rinneadh an cion, aon phionós atá ceaptha ag dlí an Stáit don chion sin a chur air, nó, má tá sé faoin dlí míleata mar oifigeach, é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, má tá sé faoin dlí míleata mar fhear, príosúntacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

Caibidil III.

Gabháil agus Cúirteanna Fiosrúcháin ar Fhir atá as láthair.

[EN]

Profast-Mharascal.

170.—D'fhonn gach cion a chur faoi chois go grod, féadfar profast-mharascal de chéim choimisiúnta a cheapadh ó am go ham.

[EN]

Gabháil.

171.—(1) Féadfar gabháil a chur ar aon duine faoin dlí míleata atá tar éis cion in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanamh nó a gheofar á dhéanamh nó a mbeidh amhras air go bhfuil sé ar tí a dhéanta nó a mbeidh amhras air. nó cúiseamh faoin Acht seo ina choinne, go ndearna sé é.

[EN]

(2) Sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) féadfaidh profast-mharascal, nó oifigeach a bheas ag cur údaráis i bhfeidhm go dlíthiúil faoi phrofast-mharascal nó thar a cheann, aon oifigeach a ghabháil nó a ordú é a ghabháil;

[EN]

(b) féadfaidh profast-mharascal, nó oifigeach nó oifigeach neamhchoimisiúnta a bheas ag cur údaráis i bhfeidhm go dlíthiúil faoi phrofast-mharascal nó thar a cheann, aon fhear a ghabháil nó a ordú é a ghabháil;

[EN]

(c) féadfaidh oifigeach gabháil a chur, nó a ordú gabháil a chur—

[EN]

(i) ar aon fhear,

[EN]

(ii) ar aon oifigeach de chéim níos ísle,

[EN]

(iii) ar aon oifigeach de chomhchéim leis nó de chéim níos airde a bheas páirteach in aon achrann, gráscar, nó mí-ord;

[EN]

(d) féadfaidh oifigeach neamhchoimisiúnta aon fhear a ghabháil nó a ordú é a ghabháil;

[EN]

(e) féadfaidh aon duine faoin dlí míleata a bheas údaraithe chuige sin ag aon oifigeach ceannais duine faoin dlí míleata, seachas oifigeach nó fear, a ghabháil nó a ordú é a ghabháil.

[EN]

(3) Gach duine dá n-údaraítear le fo-alt (2) den alt seo gabháil a dhéanamh, féadfaidh sé chuige sin pé forneart is gá go réasúnach d'úsáid.

[EN]

(4) Déanfar ordú a bhéarfar faoi fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh, d'ainneoin nach leis an gcór seirbhíse céanna nó leis an aonad céanna a bhainfeas an duine a bhéarfas an t-ordú agus an duine dá dtabharfar é agus an duine ar ina leith a bhéarfar é.

[EN]

Duine a gabhfar a chur faoi choimeád seirbhíse.

172.—Nuair a gabhfar duine faoi alt 171, féadfaidh oifigeach, fear nó duine eile ag a mbeidh údarás é a ghabháil, nó féadfar ar a ordú sin an duine sin a chur láithreach, ar é a gabháil, faoi choimeád seirbhíse, agus féadfar chuige sin pé forneart is gá go réasúnach d'úsáid.

[EN]

Tuarascáil gharda.

173.—(1) Déanfaidh aon duine a chuirfeas aon duine eile faoi choimeád seirbhíse faoi alt 172, nuair a chuirfeas sé faoi choimeád amhlaidh é nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin agus in aon chás tráth nach déanaí ná ceithre huaire fichead a chloig ina dhiaidh sin, cuntas i scríbhinn faoina shíniú féin ar an gcion inar cúisíodh an duine a cuireadh faoi choimeád amhlaidh a sheachadadh don oifigeach nó don fhear ar faoina choimeád a cuireadh an duine sin.

[EN]

(2) Ní dhiúltóidh aon oifigeach ná fear i gceannas garda ná aon phrofast-mharascal ná aon duine dá chúntóirí, ná oifigeach ná fear ar bith, aon duine a cuirfear faoi choimeád seirbhíse faoi alt 172 a ghlacadh ná a choimeád.

[EN]

(3) Is é dualgas oifigigh nó fir a thógfas nó a ghlacfas aon duine (dá ngairmtear an príosúnach sa bhfo-alt seo) faoi choimeád, a luaithe a déanfar uainíocht gharda nó dhualgais air nó, mura ndéantar uainíocht air roimhe sin, laistigh de cheithre huaire fichead a chloig tar éis dó an príosúnach a thógaint faoi choimeád—

[EN]

(a) an t-eolas seo a leanas a thabhairt i scríbhinn dá oifigeach ceannais—

[EN]

(i) ainm an phríosúnaigh agus, sa mhéid gurb eol dó é, an cion ina bhfuil an príosúnach á chúiseamh, agus

[EN]

(ii) ainm agus céim (más aon chéim é) an duine a chuir an príosúnach faoi choimeád, agus

[EN]

(b) má bhíonn sé tar éis an cuntas i scríbhinn a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo d'fháil, an cuntas sin a sheachadadh dá oifigeach ceannais.

[EN]

Cúirt fhiosrúcháin ar fhear atá as láthair.

174.—(1) Má bhíonn fear de na Buan-Óglaigh as láthair gan cead óna dhualgas ar feadh lá agus fiche, féadfar cúirt fhiosrúcháin i dtaobh an fhir sin a thionól a luaithe is féidir.

[EN]

(2) Má bhíonn fear de na hÓglaigh Cúltaca faoin dlí míleata, toisc é a bheith gairmthe amach ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta nó le haghaidh tréineála bliantúla, agus go mbeidh sé as láthair go neamhdhlíthiúil óna dhualgas, féadfar cúirt fhiosrúcháin i dtaobh an fhir sin a thionól tar éis lá agus fiche a bheith caite i ndiaidh dáta na neamhláithreachta sin, pé acu a bheas nó nach mbeidh an tréimhse a bhí an fear sin faoin dlí míleata níos giorra ná lá agus fiche nó pé acu a bheas nó nach mbeidh an tréimhse sin caite sara mbeidh lá agus fiche caite ó dháta na neamhláithreachta sin.

[EN]

(3) Má tionóltar cúirt fhiosrúcháin i dtaobh fir faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(a) déanfaidh an chúirt, sa tslí fhorordaithe, fiosrú faoi mhionn nó faoi dhearbhú solamanta (a n-údaraítear leis seo d'aon chomhalta den chúirt duine a chur faoi) maidir le neamhláithreacht an fhir sin agus maidir leis an easnamh (más ann) ina airm, ina lón lámhaigh, ina threalamh, ina oirnéisí, agus ina riachtanais agus a éadaí seirbhíse,

[EN]

(b) más deimhin leis an gcúirt gur fhan an fear sin as láthair gan cead nó gan leor-chúis eile, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(i) dearbhóidh an chúirt an neamhláithreacht sin agus tréimhse na neamhláithreachta sin agus an t-easnamh sin (más ann);

[EN]

(ii) taifeadfaidh a oifigeach ceannais an dearbhú sin sna leabhair sheirbhíse;

[EN]

(iii) más fear de na Buan-Óglaigh an fear sin, nó fear de na hÓglaigh Cúltaca a gairmeadh amach ar buan-tseirbhís, beidh ag an taifead sin, mura dtabharfaidh an fear sin suas é féin ina dhiaidh sin nó mura ngabhfar é an éifeacht dlíthiúil a bheadh ag ciontú ag armchúirt i leith tréigin.

Caibidil IV.

Cúisimh d'Imscrúdú agus a Thriail go hAchomair, Athchur chun Armchúirte, agus Triail Armchúirte a Ligean thar Ceal.

[EN]

Eigiontú nó ciontú a bheith ina urchosc ar imeachta achomairc.

175.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) gur cúisíodh duine i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

[EN]

(b)     (i) gur héigiontaíodh nó gur ciontaíodh é sa chion ag cúirt shibhialta, nó

[EN]

(ii) gur héigiontaíodh é sa chion ag armchúirt, nó

[EN]

(iii) go bhfuarthas ciontach é sa chion ag armchúirt agus gur daingníodh cinneadh sin na harmchúirte,

[EN]

ní bheidh sé intriala go hachomair faoin gCaibidil seo sa chion.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go ndearnadh duine faoin dlí míleata a chúiseamh i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

[EN]

(b) gur déileáladh leis an gcion faoin gCaibidil seo trína dhíbhe nó trína thriail go hachomair,

[EN]

ní bheidh an duine sin intriala go hachomair arís faoin gCaibidil seo i leith an chiona sin.

[EN]

Cúiseamh d'imscrúdú gan mhoill.

176.—Déanfaidh an t-údarás míleata cuí an cúiseamh in aghaidh gach duine a tógfar faoi choimeád seirbhíse d'imscrúdú gan mhoill neamhriachtanach, agus a luaithe is féidir cuirfear imeachta ar siúl leis an duine sin a phionósú nó scaoilfear as coimeád é.

[EN]

Cúisimh in aghaidh oifigeach.

177.—(1) Is é a oifigeach ceannais nó, má threoraíonn an tArd-Aidiúnach amhlaidh, oifigeach a cheapfas an tArd-Aidiúnach chuige sin, a dhéanfas cúiseamh i gcoinne duine atá faoin dlí míleata mar oifigeach d'imscrúdú ar an gcéad ásc.

[EN]

(2) Déanfaidh an t-oifigeach a bheas ag imscrúdú cúisimh faoi fho-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) má tá céim cheannfoirt nó lefteanant-cheannasaí nó aon chéim choimisiúnta is airde ná sin ag an oifigeach a cúisíodh, ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(i) an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis,

[EN]

(ii) an t-oifigeach a cúisíodh d'athchur chun a thriala ag armchúirt, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh;

[EN]

(b) in aon chás eile, ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(i) an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis,

[EN]

(ii) faoi réir rialachán a déanfar faoi alt 184, an cúiseamh a tharchur chun a thriala ag oifigeach údaraithe,

[EN]

(iii) an t-oifigeach a cúisíodh d'athchur chun a thriala ag armchúirt, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh.

[EN]

(3) I gcás oifigigh (dá ngairmtear an t-oifigeach a cúisíodh sa bhfo-alt seo) ag a mbeidh céim chaptaein airm, nó céim lefteanaint chabhlaigh nó céim choimisiúnta is ísle ná sin, a thabhairt chun a thriala os comhair oifigigh údaraithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a)     (i) déanfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis dó an fhianaise d'éisteacht, nó gan an fhianaise d'éisteacht, an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis nó, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh, an t-oifigeach a cúisíodh d'athchur chun a thriala ag armchúirt, nó

[EN]

(ii) féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis dó an fhianaise d'éisteacht nó, má thoilíonn an t-oifigeach a cúisíodh freastal finnéithe a ligean thar ceal, tar éis dó coimriú nó achomaireacht ar an bhfianaise a léamh, an cás a thriail go hachomair, faoi réir míre (c) den fho-alt seo, agus ceann de na pionóis seo a leanas a ghearradh, eadhon—

[EN]

(I) fíneáil nach mó ná cúig puint,

[EN]

(II) dian-iomardú,

[EN]

(III) iomardú;

[EN]

(b) má éilíonn an t-oifigeach a cúisíodh é, is faoi mhionn a tógfar an fhianaise ina choinne a tógfar os comhair an oifigigh údaraithe, agus sa chás sin cuirfear gach finné faoin mionn nó faoin dearbhú solamanta céanna sin is gá d'fhinné a thógaint os comhair armchúirte, agus chun na críche sin féadfaidh an t-oifigeach údaraithe daoine a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhú solamanta;

[EN]

(c) má bheartaíonn an t-oifigeach údaraithe an cás a thriail go hachomair faoi mhír (a) den fho-alt seo agus más é pionós a bheartós sé a ghearradh fíneáil nó pionós lena ngabhfaidh suim d'fhorghéilleadh nó a bhaint as páigh, nó má bheartaíonn sé ordú faoi mhír (f) den fho-alt seo a dhéanamh, fiafróidh sé den oifigeach a cúisíodh cé acu is mian leis é a thriail go hachomair nó é a thriail ag armchúirt agus, más é rogha an oifigigh a cúisíodh é a thriail ag armchúirt, athchuirfidh an t-oifigeach údaraithe an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt, ach murab é sin a rogha raghaidh sé ar aghaidh chun an cás a thriail go hachomair;

[EN]

(d) má athchuireann an t-oifigeach údaraithe an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt faoi mhír (a) den fho-alt seo, ansin, murar ghlac an t-oifigeach a cúisíodh de rogha faoi mhír (c) den fho-alt seo a thriail ag armchúirt, féadfaidh aon oifigeach ag a mbeidh cumhacht chomórtha armchúirte ginearálta a threorú an cúiseamh (le pé athruithe, leasuithe agus cúisimh bhreise is oiriúnach leis) a tharchur siar chun oifigigh údaraithe agus air sin déanfaidh an t-oifigeach údaraithe an cúiseamh nó na cúisimh arna dtarchur siar amhlaidh a dhíbhe nó, faoi réir míre (c) den fho-alt seo, a thriail go hachomair;

[EN]

(e) más rud é—

[EN]

(i) go n-athchuirfear an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt faoi mhír (a) den fho-alt seo agus nach dtabharfar aon treoir faoi mhír (d) den fho-alt seo, nó

[EN]

(ii) go n-athchuirfear an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt faoi mhír (c) den fho-alt seo,

[EN]

iarrfaidh an t-oifigeach d'athchuir an t-oifigeach a cúisíodh chun a thriala ag armchúirt ar an údarás comórtha údaraithe armchúirt ghinearálta a chomóradh chun an t-oifigeach a cúisíodh a thriail;

[EN]

(f) más rud é—

[EN]

(i) go dtriailfidh an t-oifigeach údaraithe an cás go hachomair, agus

[EN]

(ii) gur tharraing cion an chúisimh aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

[EN]

féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear dó le mír (a) den fho-alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an t-oifigeach a cúisíodh, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú, nó suim chúig punt déag, pé acu sin is lú) a threorós an t-oifigeach údaraithe.

[EN]

Oifigigh ceannais do thriail cúiseamh i gcoinne fear.

178.—(1) Déanfaidh an t-oifigeach ceannais, ar imscrúdú cúisimh i gcoinne duine atá faoin dlí míleata mar fhear faoina cheannas go ndearna an duine sin cion in aghaidh an dlí mhíleata, an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis ach, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis, féadfaidh sé an cúisí d'athchur chun a thriala ag armchúirt nó, más comhalta d'Óglaigh na hÉireann an ciontóir, féadfaidh sé, faoi réir an ailt seo agus faoi réir rialachán a déanfar faoi alt 184, an cás a thriail go hachomair.

[EN]

(2) Má thriaileann an t-oifigeach ceannais cás go hachomair faoin alt seo agus más oifigeach neamhchoimisiúnta an ciontóir, féadfaidh sé pionóis acu seo a leanas a ghearradh air—

[EN]

(a) fíneáil nach mó ná trí puint,

[EN]

(b) dian-iomardú nó iomardú.

[EN]

(3) Má thriaileann an t-oifigeach ceannais cás go hachomair faoin alt seo agus más saighdiúir singil nó mairnéalach an ciontóir, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an t-oifigeach ceannais pionós acu seo a leanas a ghearradh air—

[EN]

(i) coinneáil go ceann aon téarma nach sia ná ocht lá fichead, ach sin faoi réir na dtórann seo a leanas más neamhláithreacht gan cead an cion, eadhon, más sia ná seacht lá tréimhse na neamhláithreachta, ní bheidh an téarma coinneála is inghearrtha níos sia ná tréimhse na neamhláithreachta, agus mura sia ná seacht lá tréimhse na neamhláithreachta ní bheidh an téarma coinneála is inghearrtha níos sia ná seacht lá,

[EN]

(ii) fíneáil nach mó ná dhá phunt,

[EN]

(iii) gaibhniú i mbeairic go ceann téarma nach sia ná ceithre lá déag nó má tá an ciontóir ar fostú ar long Stáit, cead saoire ar tír a stopadh go ceann téarma nach sia ná ceithre lá déag,

[EN]

(iv) rabhadh;

[EN]

(b) féadfaidh an t-oifigeach ceannais san am céannais san am céanna fíneáil agus gaibhniú i mbeairic go ceann téarma nach sia ná ceithre lá déag a ghearradh ar an gciontóir nó, más mairnéalach an ciontóir, fíneáil a ghearradh air agus cead saoire ar tír a stopadh go ceann téarma nach sia ná ceithre lá déag, ach ní ghearrfaidh sé aon phionóis chónaiscthe eile ach amháin mar foráltar le fo-alt (4) den alt seo.

[EN]

(4) Más rud é—

[EN]

(a) go dtriailfidh oifigeach ceannais cás go hachomair faoin alt seo, agus

[EN]

(b) gur tharraing cion an chúisimh aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

[EN]

féadfaidh an t-oifigeach ceannais, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear dó leis an alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an ciontóir, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste, nó an díthiú sin a shlánú, nó suim deich bpunt, pé acu sin is lú) is oiriúnach leis an oifigeach ceannais.

[EN]

(5) Má bhíonn cumhacht ag oifigeach ceannais cás a thriail go hachomair faoin alt seo, is faoi mhionn a tógfar an fhianaise i gcoinne an chúisí má éilíonn an cúisí é, agus sa chás sin cuirfear gach finné faoin mionn nó faoin dearbhú solamanta céanna sin is gá d'fhinné a thógaint os comhair armchúirte, agus chun na críche sin féadfaidh oifigeach ceannais daoine a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhú solamanta.

[EN]

(6) Má bhíonn cumhacht ag oifigeach ceannais cás a thriail go hachomair faoin alt seo agus go measfaidh sé, tar éis an fhianaise d'éisteacht, go bhféadfaidh sé an cás a thriail amhlaidh, ansin, más é an pionós a bheartós sé a ghearradh, nó an cinneadh a bheartós sé a dhéanamh, pionós nó cinneadh lena ngabhfaidh fíneáil nó suim d'fhorghéilleadh nó a bhaint as páigh, nó má bheartaíonn sé ordú faoi fho-alt (4) den alt seo, a dhéanamh, fiafróidh sé den chúisí cé acu is mian leis é a thriail go hachomair nó é a thriail ag armchúirt agus, más é rogha an chúisí é a thriail ag armchúirt, athchuirfidh an t-oifigeach ceannais é chun a thriala ag armchúirt, ach murab é sin a rogha raghaidh sé ar aghaidh chun an cás a thriail go hachomair.

[EN]

(7) Má athchuireann oifigeach ceannais cúisí chun a thriala ag armchúirt faoin alt seo, ansin, murar ghlac an cúisí de rogha faoi fho-alt (6) den alt seo é a thriail ag armchúirt, féadfaidh aon oifigeach ag a mbeidh cumhacht chomórtha armchúirte a threorú an cúiseamh (le pé athruithe, leasuithe agus cúisimh bhreise is oriúnach leis) a tharchur siar chun an oifigigh ceannais agus air sin déanfaidh an t-oifigeach ceannais an cúiseamh nó na cúisimh arna dtarchur siar amhlaidh a dhíbhe nó, faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, a thriail go hachomair.

[EN]

(8) Más rud é—

[EN]

(a) go n-athchuirfear fear chun a thriala ag armchúirt faoi fho-alt (1) den alt seo agus nach dtabharfar aon treoir faoi fho-alt (7) den alt seo, nó

[EN]

(b) go n-athchuirfear fear chun a thriala ag armchúirt faoi fho-alt (6) den alt seo,

[EN]

iarrfaidh an t-oifigeach ceannais ar an údarás comórtha údaraithe an armchúirt iomchuí a chomóradh chun an fear a thriail.

[EN]

Fo-oifigigh do thriail cúiseamh i gcoinne saighdiúirí singile agus mairnéalach.

179.—(1) Féadfaidh oifigeach ceannais, faoi réim agus do réir rialachán faoin gCaibidil seo, cumhacht triala cúiseamh i gcoinne saighdiúirí singile nó mairnéalach a bheas faoi cheannas aon oifigigh a bheas faoina cheannas féin a tharmligean chun an oifigigh sin, agus chun críocha an ailt seo is fo-oifigeach gach oifigeach chun a ndéanfar an chumhacht sin a tharmligean.

[EN]

(2) Déanfaidh fo-oifigeach, ar imscrúdú cúisimh i gcoinne saighdiúra shingil nó mairnéalaigh, is duine faoin dlí míleata, a bheas faoina cheannas, go ndearna sé cion in aghaidh an dlí mhíleata, an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis dá rogha féin nár chóir dul ar aghaidh leis ach, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh, féadfaidh sé an cúiseamh a tharchur chun an oifigigh cheannais agus triailfidh an t-oifigeach ceannais an cás faoi alt 178, nó féadfaidh sé féin an cás a thriail go hachomair.

[EN]

(3) Má thriaileann fo-oifigeach cás go hachomair faoin alt seo, féadfaidh sé pionós acu seo a leanas a ghearradh, is é sin le rá:—

[EN]

(a) fíneáil nach mó ná punt,

[EN]

(b) gaibhniú i mbeairic go ceann aon tréimhse nach sia ná seacht lá nó, má tá an ciontóir ar fostú ar long Stáit, cead saoire ar tír a stopadh go ceann tréimhse nach sia ná seacht lá,

[EN]

(c) rabhadh.

[EN]

(4) Más rud é—

[EN]

(a) go dtriailfidh fo-oifigeach cás go hachomair faoin alt seo, agus

[EN]

(b) gur tharraing cion an chúisimh aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

[EN]

féadfaidh an fo-oifigeach, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear dó leis an alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an ciontóir, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú, nó suim trí punt, pé acu sin is lú) is oiriúnach leis an bhfo-oifigeach.

[EN]

(5) Má bhíonn cumhacht ag fo-oifigeach cás a thriail go hachomair faoin alt seo, is faoi mhionn a tógfar an fhianaise i gcoinne an chúisí, má éilíonn an cúisí é, agus sa chás sin cuirfear gach finné faoin mionn nó faoin dearbhú solamanta céanna sin is gá d'fhinné a thógaint os comhair armchúirte, agus chun na críche sin féadfaidh fo-oifigeach daoine a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhú solamanta.

[EN]

(6) Má bhíonn cumhacht ag fo-oifigeach cás a thriail go hachomair faoin alt seo agus go measfaidh sé, tar éis an fhianaise d'éisteacht, go bhféadfaidh sé an cás a thriail amhlaidh, ansin, más é an pionós a bheartós sé a ghearradh, nó an cinneadh a bheartós sé a dhéanamh, pionós nó cinneadh lena ngabhfaidh fíneáil nó suim d'fhorghéilleadh nó a bhaint as páigh, nó má bheartaíonn sé ordú a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo, fiafróidh sé den chúisí cé acu is mian leis é a thriail go hachomair nó an cás a tharchur chun an oifigigh ceannais, agus, más é rogha an chúisí an cás a tharchur chun an oifigigh ceannais, tarchuirfidh an fo-oifigeach an cás chun an oifigigh ceannais, ach murab é sin a rogha raghaidh sé ar aghaidh chun an cás a thriail go hachomair.

[EN]

Athbhreithniú ar phionóis a gearradh go hachomair.

180.—Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon phionós (lena n-áirítear ordú chun cúiteamh d'íoc) a ghearrfas oifigeach údaraithe, oifigeach ceannais nó fo-oifigeach faoin gCaibidil seo, is é sin le rá:—

[EN]

(a) más dóigh leis an údarás míleata forordaithe an pionós sin a bheith neamhdhleathach ar fad, treoróidh sé gearradh an phionóis a chealú agus an taifead ina thaobh a scrios as taifid an chúisí;

[EN]

(b) más dóigh leis an údarás míleata forordaithe an pionós sin a bheith níos troime ná an pionós a húdaraítear le dlí i leith an chiona, athróidh sé an pionós ionas nach troime é ná an pionós a húdaraítear le dlí, agus athrófar dá réir sin an taifead ina thaobh i dtaifid an chúisí;

[EN]

(c) más dóigh leis an údarás míleata forordaithe an pionós sin a bheith ródhian ag féachaint d'imthosca uile an cháis, féadfaidh sé, laistigh de dhá bhliain ó dháta an phionóis a ghearradh, an pionós uile nó aon chuid de a loghadh agus taifeadfar an loghadh sin i dtaifid an chúisí.

[EN]

Cúisí a thriail gan réamh-imscrúdú.

181.—(1) Má líomhantar go ndearna duine atá faoin dlí míleata cion in aghaidh an dlí mhíleata agus má bhí cúirt fhiosrúcháin ann maidir le nithe a bhaineas leis an gcion a líomhantar, féadfaidh oifigeach ag a mbeidh cumhacht chomórtha armchúirte a ordú, más deimhin leis fianaise prima facie a bheith ann go ndearnadh an cion sin, an duine sin a thriail ag armchúirt gan aon imscrúdú roimh ré ar an gcúiseamh i gcoinne an duine sin.

[EN]

(2) Má hordaítear duine a thriail ag armchúirt faoi fho-alt (1) den alt seo, seachadfar dó roimh an triail ráiteas ar fhianaise na bhfinnéithe a beartaítear a ghairm ar thaobh an inchúisimh ag an triail agus cóip d'imeachta agus de chinneadh na cúirte fiosrúcháin.

[EN]

Tréigean nó liostáil chalaoiseach d'admháil.

182.—(1) Má dhéanann fear de na Buan-Óglaigh nó fear de na hÓglaigh Cúltaca a gairmfear amach ar buan-tseirbhís admháil a shíniú go raibh sé ciontach i gcion tréigin nó liostála calaoisí, féadfaidh údarás míleata forordaithe, le hordú, a thriail ag armchúirt a ligean thar ceal agus féadfaidh sé, leis an ordú sin nó le hordú ina dhiaidh sin, aon ní nó nithe acu seo leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—

[EN]

(a) é d'ísliú, má tá céim neamhchoimisiúnta airm aige, go dtí aon chéim neamhchoimisiúnta airm níos ísle nó, má tá céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh aige, go dtí aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh níos ísle;

[EN]

(b) a shinsearacht chéime d'fhorghéilleadh ar an modh forordaithe;

[EN]

(c) má tharraing déanamh an chiona sin aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú, a threorú go n-íocfaidh sé, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú sin, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú) a sonrófar san ordú sin.

[EN]

(2) Má dhéanann fear de na Buan-Óglaigh nó fear de na hÓglaigh Cúltaca a gairmfear amach ar buan-tseirbhís admháil a shíniú go raibh sé ciontach i gcion tréigin nó liostála calaoisí agus mura féidir fianaise ar fhírinne nó neamhfhírinne na hadmhála sin d'fháil go caothúil an tráth sin, cuirfear sna leabhair sheirbhíse taifead i dtaobh na hadmhála sin arna shíniú ag oifigeach ceannais an fhir, agus leanfaidh an fear sin de dhualgas a dhéanamh sa chór seirbhíse ina mbeidh sé ag fónamh an tráth sin, nó chun a n-aistreofar é, go dtí go n-urscaoilfear é nó, más fear de na Buan-Óglaigh é, go dtí go n-aistreofar go dtí na hÓglaigh Cúltaca é nó go dtí gur féidir cruthú dlíthiúil d'fháil ar fhírinne nó neamhfhírinne na hadmhála sin.

[EN]

Finnéithe sibhialta a thoghairm os comhair oifigeach údaraithe agus oifigeach ceannais.

183.—(1) Gach duine nach mbeidh faoin dlí míleata agus a bheas ag teastáil chun fianaise a thabhairt os comhair oifigigh údaraithe nó oifigigh ceannais a bheas ag imscrúdú cúisimh faoin gCaibidil seo, féadfar toghairm a chur air nó ordú a thabhairt dó ar an modh forordaithe freastal mar fhinné os comhair an oifigigh údaraithe nó an oifigigh ceannais.

[EN]

(2) Aon duine nach mbeidh faoin dlí míleata agus a mhainneos freastal a dhéanamh ar thoghairm a chur air, nó ordú a thabhairt dó go cuí freastal mar fhinné os comhair oifigigh údaraithe nó oifigigh ceannais, agus ar chostais réasúnacha a fhreastail d'íoc leis nó a thairiscint dó, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

[EN]

Rialacháin maidir le cúisimh d'imscrúdú agus a thriail go hachomair.

184.—(1) Chun críocha na Caibidil seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) na hoifigigh ina ndílseofar cumhachta agus dualgais oifigeach údaraithe agus oifigeach ceannais faoin gCaibidil seo agus na hoifigigh a bhféadfar cumhachta agus dualgais fo-oifigeach faoin gCaibidil seo a dhílsiú iontu trí tharmligean,

[EN]

(b) na cionta a féadfar a thriail go hachomair tar éis iad a tharchur chun údaráis uachtaraigh,

[EN]

(c) na cionta a féadfar a thriail go hachomair gan iad a a tharchur chun údaráis uachtaraigh,

[EN]

(d) cumhacht a tharmligean chun fo-oifigigh chun cás a thriail go hachomair,

[EN]

(e) oifigigh ag a bhfuil cumhacht chomórtha armchúirteanna do tharchur cúiseamh siar chun iad a thriail go hachomair,

[EN]

(f) an tráth a thiocfas pionóis a gearrfar go hachomair in éifeacht agus an modh ar a gcuírfear i gcrích iad,

[EN]

(g) aon duine, ní nó rud dá dtagartar sa Chaibidil seo mar dhuine, ní nó rud forordaithe,

[EN]

(h) aon ní nó rud eile is gá chun an Chaibidil seo a chur in éifeacht.

[EN]

(2) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

[EN]

Caibidil V.

Armchúirteanna.

[EN]

Eigiontú nó ciontú a bheith ina urchosc ar thriail ag armchúirt ina dhiaidh sin.

185.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go ndearnadh duine faoin dlí míleata d'éigiontú i gcion ag armchúirt, nó

[EN]

(b) go bhfuarthas duine faoin dlí míleata ciontach i gcion ag armchúirt agus gur daingníodh cinneadh sin na harmchúirte,

[EN]

ní bheidh sé intriala arís ag armchúirt sa chion sin.

[EN]

(2) Má rinneadh duine faoin dlí míleata d'éigiontú nó a chiontú i gcion ag cúirt shibhialta inniúil, ní bheidh sé intriala arís ag armchúirt sa chion sin.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go ndearnadh duine faoin dlí míleata a chúiseamh i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

[EN]

(b) gur déileáladh leis an gcúiseamh faoi Chaibidil IV den Chuid seo trína dhíbhe nó trína thriail go hachomair,

[EN]

ní bheidh an duine sin intriala ag armchúirt sa chion sin.

[EN]

Cineálacha armchúirte.

186.—Beidh dhá chineál armchúirte ann, eadhen, armchúirteanna ginearálta agus armchúirteanna tóranta.

[EN]

Armchúirteanna a chomóradh.

187.—(1) Beidh cumhacht ag gach duine acu seo a leanas armchúirt ghinearálta a chomóradh, is é sin le rá:—

[EN]

(a) an tAire.

[EN]

(b) aon oifigeach (ag a mbeidh céim chornail airm nó céim chaptaein chabhlaigh nó céim choimisiúnta is airde ná sin) a bheas údaraithe chuige sin le barántas ón Aire.

[EN]

(2) Beidh cumhacht ag gach duine acu seo a leanas armchúirt tóranta a chomóradh, is é sin le rá:—

[EN]

(a) oifigeach ag a mbeidh cumhacht armchúirt ghinearálta a chomóradh,

[EN]

(b) aon oifigeach a bheas údaraithe chuige sin le barántas ó oifigeach ag a mbeidh cumhacht armchúirt ghinearálta a chomóradh.

[EN]

(3) Féadfar barántas faoin alt seo a chur faoi réir pé srianta, forcoimeádas, eisceacht agus coinníollacha is oiriúnach leis an Aire, más faoi fho-alt (1) den alt seo a déanfar an barántas, nó, is oiriúnach le hoifigeach a dhéanta, más faoi fho-alt (2) den alt seo a déanfar é.

[EN]

(4) Féadfar barántas faoin alt seo a dhíriú chun oifigigh faoina ainm nó faoi theideal a oifige nó go páirteach i slí amháin agus go páirteach sa tslí eile agus féadfar, do réir a théarmaí agus modh a dhírithe, gan réim a thabhairt dó ach maidir le hoifigeach a hainmneofar nó réim thairis sin a thabhairt dó nó a réim a leathnú nó gan a leathnú chun duine a bheas de thuras na huaire ag déanamh dualgas na hoifige a hainmneofar nó a réim a leathnú nó gan a leathnú chun comharbaí oifige oifigigh.

[EN]

(5) San Acht seo ciallaíonn an abairt “an t-údarás comórtha”, nuair a húsáidtear í maidir le harmchúirt, an duine a chomórfas an armchúirt sin.

[EN]

Cumhachta speisialta údarás comórtha.

188.—Má rinneadh ordú chun duine a cúisíodh i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a thriail ag armchúirt, measfar an cion a bheith á inchúiseamh ar agra an údaráis chomórtha, agus dá réir sin, i dteannta aon chumhacht eile a bheirtear dó leis an Acht seo nó faoin Acht seo, beidh ag an údarás comórtha, maidir leis an gcion sin, cumhachta is ionann agus na cumhachta a bheirtear le dlí don Ard-Aighne maidir le cionta is intriala ar dhíotáil os comhair cúirte sibhialta.

[EN]

Comhdhéanamh armchúirte ginearálta.

189.—(1) Is iad a bheas ar armchúirt ghinearálta—

[EN]

(a) uachtarán a bheas, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ina oifigeach de chéim chornail airm nó de chéim chap taein chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin agus arb é an t-údarás comórtha a cheapfas é, agus

[EN]

(b) ceathrar comhaltaí eile ar a laghad, a mbeidh gach duine acu ina oifigeach de chéim chaptaein airm nó de chéim lefteanaint chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin, agus arb é an t-údarás comórtha a cheapfas iad.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le huachtarán armchúirte ginearálta—

[EN]

(a) más oifigeach an duine a bheas le triail, ní bheidh an t-uachtarán in aon chás ina oifigeach is ísle céim ná an duine sin;

[EN]

(b) más dóigh leis an údarás comórtha, ag féachaint go cuí do riachtanais mhíleata agus don tseirbhís phoiblí, nach bhfuil oifigeach de chéim chornail airm nó de chéim chaptaein chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin ar fáil chun gníomhú mar uachtarán, féadfaidh an t-údarás comórtha, ar dheimhniú chuige sin d'fhormhuiniú ar ordú comórtha na harmchúirte ginearálta, oifigeach de chéim chaptaein airm nó de chéim lefteanaint chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin a cheapadh mar uachtarán, ach sin faoi réir míre (a) den fho-alt seo.

[EN]

(3) Má tá céim choimisiúnta chabhlaigh nó céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh ag an duine a bheas le triail ag armchúirt ghinearálta, ansin, beidh comhalta amháin ar a laghad den armchúirt ina dhuine de chéim choimisiúnta chabhlaigh.

[EN]

(4) (a) Beidh abhcóide breithiúnais ag freastal ar armchúirt ghinearálta.

[EN]

(b) Maidir leis an abhcóide breithiúnais ag armchúirt ghinearálta—.

[EN]

(i) is é an t-údarás forordaithe a cheapfas é,

[EN]

(ii) beidh sé ina oifigeach agus beidh sé ina abhcóide dlí nó ina aturnae, agus

[EN]

(iii) déanfaidh sé pé dualgais a forordófar.

[EN]

Comhdhéanamh armchúirte tó anta.

190.—(1) Is iad a bheas ar armchúirt tóranta—

[EN]

(a) uachtarán a bheas, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ina oifigeach de chéim cheannfoirt airm nó de chéim lefteanant-cheannasaí chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin, agus arb é an t-údarás comórtha a cheapfas é, agus

[EN]

(b) beirt chomhaltaí eile ar a laghad, a mbeidh gach duine acu ina oifigeach de chéim lefteanaint airm nó de chéim fho-lefteanaint chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin, agus arb é an t-údarás comórtha a cheapfas iad.

[EN]

(2) Más dóigh leis an údarás comórtha, ag féachaint go cuí do riachtanais mhíleata agus don tseirbhís phoiblí, nach bhfuil oifigeach de chéim cheannfoirt airm nó de chéim lefteanaintcheannasaí chabhlaigh nó de chéim choimisiúnta is airde ná sin ar fáil chun gníomhú mar uachtarán armchúirte tóranta, féadfaidh an t-údarás comórtha, ar dheimhniú chuige sin d'fhormhuiniú ar ordú comórtha na harmchúirte tóranta, oifigeach de chéim chaptaein airm nó de chéim lefteanaint chabhlaigh a cheapadh mar uachtarán.

[EN]

(3) Má tá céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh ag an duine a bheas le triail ag armchúirt tóranta, ansin, beidh comhalta amháin ar a laghad den armchúirt ina dhuine de chéim choimisiúnta chabhlaigh.

[EN]

(4) (a) Beidh abhcóide breithiúnais ag freastal ar armchúirt tóranta.

[EN]

(b) Maidir leis an abhcóide breithiúnais ag armchúirt tóranta—

[EN]

(i) is é an t-údarás comórtha a cheapfas é,

[EN]

(ii) beidh sé ina oifigeach, agus

[EN]

(iii) déanfaidh sé pé dualgais a forordófar.

[EN]

Dícháilíochtaí chun comhaltais armchúirte agus chun gníomhú mar abhcóide breithiúnais.

191.—(1) Ní shuífidh oifigeach comórtha armchúirte ar an armchúirt sin.

[EN]

(2) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas cailithe chun fónamh mar chomhalta d'aon armchúirt ná chun gníomhú mar abhcóide breithiúnais ag aon armchúirt, is é sin le rá:—

[EN]

(a) aon oifigeach a rinne scrúdú nó a thug comhairle i dtaobh na nithe is foras don chúiseamh i gcoinne an chúisí,

[EN]

(b) an t-oifigeach inchúisimh,

[EN]

(c) oifigeach a bheas ina fhinné ar thaobh an inchúisimh.

[EN]

(d) aon oifigeach d'imscrúdaigh an cúiseamh i gcoinne an chúisí nó a thóg síos aon choimriú nó achomaireacht ar fhianaise sa chás nó a bhí ina chomhalta de chúirt fhiosrúcháin maidir leis na nithe is foras don chúiseamh i gcoinne an chúisí,

[EN]

(e) oifigeach ceannais an chúisí,

[EN]

(f) aon oifigeach ag a mbeidh leas pearsanta sa chás,

[EN]

(g) aon oifigeach nach mbeidh de thuras na huaire faoin dlí míleata,

[EN]

(h) oifigeach a bhí, i gcáil chomhairlitheach, ag plé leis na cúisimh a bheas le triail ag an armchúirt nó leis an bhfianaise a bheas le tabhairt ar aird ag an armchúirt nó le stiúradh an inchúisimh ag an armchúirt.

[EN]

Dlínse armchúirte.

192.—(1) Faoi réir forál an Achta seo beidh ag armchúirt, pé acu ginearálta nó tóranta di, dlínse chun aon duine a thriail agus a phionósú i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a rinne an duine sin le linn dó bheith faoin dlí míleata mar oifigeach nó mar fhear.

[EN]

(2) Ní bheidh dlínse ag armchúirt tóranta—

[EN]

(a) aon duine a thriail in aon chion in aghaidh an dlí míleata a rinne an duine sin le linn dó bheith faoin dlí mhíleata mar oifigeach, ná

[EN]

(b) aon duine a thriail a bheas de thuras na huaire ina oifigeach, ná

[EN]

(c) aon duine a thriail i gcion tréasa nó dúnmharuithe, ná

[EN]

(d) aon phianbhreith is troime ná príosúntacht a ghearradh ar aon duine.

[EN]

(3) Ní bheidh dlínse ag armchúirt chun aon duine faoin dlí míleata a thriail i gciona tréasa, dúnmharuithe, dúnorgana, ná banéigin, mura le linn don duine sin bheith ar fianas a rinneadh an cion sin.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh an tAire, le comhthoil an Aire Dhlí agus Cirt, rialacháin a dhéanamh maidir le feidhmiú na dlínse a bheirtear d'armchúirteanna le halt 169, agus féadfaidh sé, go háirithe, a fhoráil leis na rialacháin go mbeidh feidhmiú na dlínse sin ag braith ar thoiliú pé údaráis sibhialta a sonrófar sna rialacháin.

[EN]

(b) Beidh deimhniú faoi láimh an oifigigh a chomórfas armchúirt chun cion sibhialta a thriail, á dheimhniú go bhfuarthas maidir leis an triail sin an toiliú dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo, ina fhianaise prima facie ar an ní sin.

[EN]

Armchúirteanna a dhíscaoileadh.

193.—(1) Má tharlaíonn, tar éis tosnú na triala, go dtitfidh líon comhaltaí armchúirte, de dheasca báis nó eile, faoi bhun an íoslín dlíthiúil, díscaoilfear an armchúirt.

[EN]

(2) Má tharlaíonn, tar éis tosnú na triala, go n-éagfaidh uachtarán armchúirte nó nach féidir leis ar chúis eile freastal a dhéanamh agus nach mbeidh líon comhaltaí na cúirte tite faoi bhun an íoslín dlíthiúil, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) má tá comhalta sinsearach na harmchúirte cáilithe chun é a cheapadh mar uachtarán ar an armchúirt, féadfaidh an t-údarás comórtha an comhalta sinsearach sin a cheapadh mar úachtarán ar an armchúirt, agus féadfaidh an triail dul ar aghaidh dá réir;

[EN]

(b) mura bhfuil an comhalta sinsearach sin cáilithe chun é a cheapadh mar uachtarán ar an armchúirt, nó má tá sé cáilithe ach nach gceapfar amhlaidh é, díscaoilfear an armchúirt.

[EN]

(3) Más rud é, de dheasca breoiteachta an chúisí aon tráth roimh an gcinneadh a dhéanamh, nach féidir leanúint leis an triail, díscaoilfear armchúirt.

[EN]

(4) Má díscaoiltear armchúirt faoin alt seo féadfar an cúisí a thriail arís.

[EN]

(5) San alt seo ciallaíonn an abairt “an t-íoslíon dlíthiúil”—

[EN]

(a) maidir le harmchúirt ghinearálta, cúigear comhaltaí (ar a n-áirítear an t-uachtarán),

[EN]

(b) maidir le harmchúirt tóranta, triúr comhaltaí (ar a n-áirítear an t-uachtarán).

[EN]

Cead isteach chun armchúirteanna.

194.—(1) Faoi réir fo-alt (2), (3) agus (4) den alt seo, is go poiblí a shuífeas armchúirteanna agus ligfear an pobal isteach chun na triala sa mhéid go mbeidh slí ann dóibh.

[EN]

(2) Más dóigh leis an údarás comórtha nó le huachtarán armchúirte é a bheith foirstineach, ar mhaithe le slándáil an phobail, leis an gcosaint nó leis an moráltacht phoiblí, an pobal d'eisiamh ar feadh na triala uile nó ar feadh aon choda den triail, féadfaidh ceachtar acu ordú chuige sin a dhéanamh, agus taifeadfar aon ordú den tsórt sin in imeachta na harmchúirte.

[EN]

(3) Ní ligfear isteach chun triala aon fhinnéithe seachas an t-inchúisitheoir agus an duine cúisithe, ach amháin nuair a bheid faoi cheistiú nó nuair a cheadós uachtarán na harmchúirte é go sonrach.

[EN]

(4) Le linn do chomhaltaí armchúirte bheith i ndáil chomhairle i dtaobh aon ní, ní bheidh aon duine i láthair ach amháin na comhaltaí, an t-abhcóide breithiúnais agus aon oifigigh a bheas faoi theagasc, agus féadfaidh an armchúirt dul ar leithridh nó a chur faoi deara go n-eisiafar ón áit a mbeidh na comhaltaí ina suí gach duine nach mbeidh i dteideal bheith i láthair.

[EN]

Cúrsaí áirithe nós imeachta.

195.—(1) Féadfaidh armchúirt dul ar atráth ó am go ham agus ó áit go háit.

[EN]

(2) Féadfaidh armchúirt, más oiriúnach léi é, amharc ar aon áit.

[EN]

Dlíodóirí ag armchúirteanna.

196.—(1) Féadfaidh an t-inchúisitheoir ag armchúirt dlíodóir a bheith aige ag feidhmiú ar a shon.

[EN]

(2) Féadfaidh aon duine a bheas á thriail ag armchúirt dlíodóir a bheith aige ag feidhmiú ar a shon nó, mura mbeidh dlíodóir ag feidhmiú ar a shon, oifigeach faoin dlí míleata a bheith aige ag feidhmiú ar a shon.

[EN]

(3) Aon bheart mí-iompair ag dlíodóir a bheadh incháinte nó ina dhísbeagadh cúirte dá mba os comhair na hArd-Chúirte a déanfaí é, measfar mar an gcéanna é a bheith incháinte nó ina dhísbeagadh cúirte i gcás armchúirte, agus beidh rialacha a forordófar i gcóir cleachtais armchúirteanna, agus mar threoir do dhlíodóirí, ina gceangal ar dhlíodóirí a láithreos os comhair na n-armchúirteanna sin, agus beidh aon neamhumhlóid toiliúil do na rialacha ina mí-iompar gairmiúil agus má leantar di measfar gur dísbeagadh cúirte í.

[EN]

(4) Má bhíonn dlíodóir ag armchúirt ciontach i mbeart mí-iompair a bheas incháinte, nó ciontach i dísbeagadh cúirte, féadfaidh uachtarán na harmchúirte cion an dlíodóra sin a dheimhniú faoina láimh don Ard-Chúirt, agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis pé fiosrú is cuí léi a dhéanamh, an dlíodóir sin a phionósú nó beart a dhéanamh chun é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh na hArd-Chúirte.

[EN]

(5) Féadfaidh armchúirt, le hordú faoi láimh an uachtaráin, a chur faoi deara go gcuirfear amach as an gcúirt aon dlíodóir a bheas ciontach i gcion ar dóigh leis an gcúirt gur gá an dlíodóir sin a chur amach as an gcúirt dá dheasca, ach i ngach cás den tsórt sin deimhneoidh an t-uachtarán an cion don Ard-Chúirt faoin bhfo-alt díreach roimhe seo.

[EN]

(6) San alt seo ciallaíonn an focal “dlíodóir” duine atá ina abhcóide dlí nó ina aturnae.

[EN]

Agóidí ón gcúisí.

197.—(1) Féadfaidh cúisí a bheas ar tí a thriala ag aon armchúirt agóid a dhéanamh, ar aon chúis réasúnach, i gcoinne aon chomhalta den armchúirt, ar a n-áirítear an t-uachtarán, pé acu ceapadh an comhalta sin chun fónamh ar an armchúirt sin ó thús nó a ceapadh é chun folúntas a líonadh a tharla de dheasca oifigeach a scor, ionas nach mbeidh ar an armchúirt ach oifigigh nach ndearna an cúisí aon agóid réasúnach ina gcoinne.

[EN]

(2) Déanfar gach agóid ó chúisí i gcoinne aon oifigigh a chur faoi bhráid na n-oifigeach eile a ceapadh ar an armchúirt.

[EN]

(3) Más i gcoinne an uachtaráin a bheas an agóid, ceadófar an agóid sin má cheadaíonn trian nó níos mó de na hoifigigh eile a ceapadh ar an armchúirt í, agus cuirfear an armchúirt ar atráth chun uachtarán eile a cheapadh.

[EN]

(4) Má ceadaítear agóid i gcoinne an uachtaráin, ceapfaidh an t-údarás comórtha uachtarán eile, ach beidh an ceart céanna ag an gcúisí agóid a dhéanamh i gcoinne an uachtaráin eile sin.

[EN]

(5) Más i gcoinne comhalta seachas an t-uachtarán a bheas an agóid, agus má ceadaítear í le vótaí a leath nó níos mó de na hoifigigh a bheas i dteideal vótáil, ceadófar an agóid agus scoirfidh an comhalta a ndearnadh an agóid ina choinne, agus féadfar an folúntas a fhágfas sé a líonadh sa tslí fhorordaithe le hoifigeach eile, ach beidh an ceart céanna ag an gcúisí agóid a dhéanamh i gcoinne an oifigigh eile sin.

[EN]

(6) Chun a chur ar chumas cúisí leas a bhaint as a phribhléid chun agóid a dhéanamh i gcoinne aon oifigigh, déanfar ainmneacha na n-oifigeach a ceapadh ar an armchúirt a léamh amach in éisteacht an chúisí ar a gcéad-tionól agus sara gcuirfear faoi mhionn iad, agus fiafrófar dhe an bhfuil agóid aige i gcoinne aon oifigigh acu sin, agus cuirfear an cheist chéanna maidir le haon oifigeach a ceapfar chun fónamh in ionad oifigigh a bheas tar éis scoir.

[EN]

Vótáil ag armchúirt ar cheisteanna seachas agóidí i gcoinne comhaltaí den chúirt.

198.—(1) Faoi réir forál an ailt seo, is le vótaí tromlach na gcomhaltaí d'armchúirt a cinnfear gach ceist a tharlós ag an armchúirt sin tar éis di tosnú.

[EN]

(2) Ní ghearrfaidh armchúirt pianbhreith bháis ach amháin le comhthoil trí ceathrúna nó níos mó de chomhaltaí na harmchúirte sin.

[EN]

(3) I gcás comhionannais vótaí i measc na gcomhaltaí d'armchúirt ar aon cheist a tharlós tar éis di tosnú, beidh éifeacht, faoi réir an fho-ailt deiridh roimhe seo, ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) más é an cinneadh atá i gceist, éigiontófar an cúisí;

[EN]

(b) in aon chás eile, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag uachtarán na harmchúirte.

[EN]

(4) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon agóid a déanfar faoi alt 197 i gcoinne comhalta d'armchúirt.

[EN]

An chúirt a chur faoi mhionn.

199.—(1) Nuair a bheas armchúirt comhdhéanta den líon ceart d'oifigigh nach ndearnadh agóid ina gcoinne nó ar dícheadaíodh na hagóidí a rinneadh ina gcoinne, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) cuirfidh an duine forordaithe gach comhalta den armchúirt faoi mhionn sa bhfoirm fhorordaithe;

[EN]

(b) cuirfidh an duine forordaithe an t-abhcóide breithiúnais, agus gach oifigeach a dhéanfas freastal chun críocha teagaisc, agus gach ateangaire agus gach luathscríbhneoir nó nótóir eile a dhéanfas freastal, faoi mhionn sa bhfoirm fhorordaithe.

[EN]

(2) Má dhéanann aon duine, ar gá dhó do réir an ailt seo mionn a ghlacadh, agóid i gcoinne mionn a ghlacadh nó má déantar agóid ina choinne go bhfuil sé neamhinniúil ar mhionn a ghlacadh, déanfaidh an armchúirt, más deimhin léi gur agóid ionraic í nó, i gcás agóide i gcoinne inniúlachta duine ar mhionn a ghlacadh, más deimhin léi nach ceangal ar bith ar choinsias an duine sin an mionn, cead a thabhairt don duine sin, in ionad é a dhul faoi mhionn, dearbhú solamanta sa bhfoirm fhorordaithe a dhéanamh, agus chun críocha an Achta seo measfar gur mionn an dearbhú sin.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, féadfar foirmeacha éagsúla de mhionn agus de dhearbhú d'fhorordú do chomhaltaí armchúirte, d'abhcóide breithiúnais, d'oifigigh a dhéanfas freastal le haghaidh teagaisc, d'ateangairí agus do luathscríbhneoirí nó nótóirí eile, agus féadfar daoine éagsúla d'fhorordú chun daoine a chur faoi mhionn agus chun dearbhú a ghlacadh.

[EN]

Fianaisc a thabhairt faoi mhionn.

200.—(1) Is faoi mhionn a ceisteofar gach finné a bheas os comhair armchúirte agus cuirfidh an t-uachtarán nó duine forordaithe eile faoi mhionn sa bhfoirm fhorordaithe é.

[EN]

(2) Má dhéanann duine, ar gá dhó do réir an Achta seo mionn a ghlacadh mar fhinné os comhair armchúirte, nó ar shlí eile maidir le harmchúirt, agóid i gcoinne mionn a ghlacadh, nó má déantar agóid ina choinne go bhfuil sé neamhinniúil ar mhionn a ghlacadh, déanfaidh an armchúirt, más deimhin léi gur agóid ionraic í nó, i gcás agóide i gcoinne inniúlachta an duine ar mhionn a ghlacadh, más deimhin léi nach ceangal ar bith ar choinsias an duine sin an mionn, cead a thabhairt don duine sin, in ionad é a dhul faoi mhionn, dearbhú solamanta sa bhfoirm fhorordaithe a dhéanamh, agus chun críocha an Achta seo measfar gur mionn an dearbhú solamanta sin.

[EN]

Fianaise ag armchúirt.

201.—(1) Is ionann na rialacha fianaise a leanfar in imeachta os comhair armchúirteanna agus na cinn a leantar de thuras na huaire i gcúirteanna sibhialta.

[EN]

(2) (a) Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “coimriú fianaise” fianaise i dtaobh cúisimh in aghaidh cúisí a tógadh síos i scríbhinn do réir rialacha nós imeachta chuige sin.

[EN]

(b) I gcás ráiteas ar fhianaise a thug finné faoi mhionn in aghaidh cúisí a bheith i gcoimriú fianaise—

[EN]

(i) féadfar, faoi réir fo-mhíre (ii) den mhír seo, an ráiteas a léamh mar fhianaise ag triail an chúisí ag armchúirt, má cruthaítear—

[EN]

(I) go bhfuil an finné marbh nó ina gheilt nó chomh breoite sin nach féidir leis freastal a dhéanamh ag an triail, agus

[EN]

(II) gur i láthair an chúisí a rinneadh an ráiteas, agus

[EN]

(III) go raibh caoi ag an gcúisí nó ag a dhlíodóir nó ag a ionadaí ar an bhfinné a chroscheistiú,

[EN]

(ii) má tá an finné ina gheilt nó chomh breoite sin nach féidir leis freastal a dhéanamh ag an triail, ní léifear an ráiteas gan toiliú an chúisí.

[EN]

(3) Ní ceanglófar ar aon duine in imeachta ar bith os comhair armchúirte aon cheist d'fhreagairt ná aon doiciméad a thabhairt ar aird nárbh fhéidir a cheangal air í d'fhreagairt nó é a thabhairt ar aird in imeachta den tsamhail chéanna os comhair cúirte sibhialta.

[EN]

Gealtacht an chúisí tráth na triala.

202.—(1) Más rud é, an tráth a bheas duine a cúisíodh i gcion á thriail ag armchúirt, gur léir go bhfuil an duine sin, de dheasca gealtachta, neamhinniúil ar a thriail a sheasamh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) cinnfidh an armchúirt go speisialta gurb amhlaidh atá;

[EN]

(b) coinneofar an duine sin faoi choimeád ar an modh forordaithe go dtí gurb eol treoracha an Aire ina thaobh nó go dtí aon tráth is túisce ná sin a bheas an duine sin inniúil ar a thriail a sheasamh;

[EN]

(c) féadfaidh an tAire orduithe a thabhairt chun an duine sin a shlánchoimeád an fhaid is áil leis an Aire i pé áit agus i pé slí is oiriúnach leis an Aire.

[EN]

(2) Beidh cinneadh faoin alt seo faoi réir a dhaingnithe amhail mar atá aon chinneadh eile.

[EN]

Gealtacht chúisí an tráth a rinneadh an cion.

203.—(1) Más rud é, an tráth a bheas duine a cúisíodh i gcion á thriail ag armchúirt, gur léir go ndearna an duine sin gníomh nó neamhghníomh an chúisimh, ach go raibh sé ina gheilt tráth an ghnímh nó an neamhghnímh sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) cinnfidh an armchúirt go speisialta go raibh an cúisí ciontach i ngníomh nó i neamhghníomh an chúisimh ach go raibh sé ina gheilt tráth an ghnímh nó an neamhghnímh;

[EN]

(b) coinneofar an duine sin faoi choimeád ar an modh forordaithe go dtí gurb eol treoracha an Aire ina thaobh;

[EN]

(c) féadfaidh an tAire orduithe a thabhairt chun an duine sin a shlánchoimeád an fhaid is áil leis an Aire i pé áit agus i pé slí is oiriúnach leis an Aire.

[EN]

(2) Beidh cinneadh faoin alt seo faoi réir a dhaingnithe amhail mar atá aon chinneadh eile.

[EN]

Cinneadh éigiontachta.

204.—Ní gá daingniú ar chinneadh éigiontachta ag armchúirt, pé acu ar gach ceann nó ar aon cheann nó cinn de na cúisimh i gcoinne an chúisí é, ná ní bheidh sé inathbhreithnithe agus fógrófar láithreach i gcúirt oscailte é agus, má bhíonn baint aige leis na cúisimh uile a bheas i gcoinne an chúisí os comhair na harmchúirte, scaoilfear an cúisí.

[EN]

Ciontú i gcion seachas cion an chúisimh.

205.—(1) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte i dtréigean, féadfar é d'fháil ciontach in iarracht ar thréigean nó i neamhláithreacht gan cead.

[EN]

(2) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte in iarracht ar thréigean, féadfar é d'fháil ciontach i neamhláithreacht gan cead.

[EN]

(3) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte in aon cheann de na cionta a luaitear in alt 132, féadfar é d'fháil ciontach in aon chion eile dá luaitear san alt sin.

[EN]

(4) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte in aon cheann de na cionta a luaitear in alt 133, féadfar é d'fháil ciontach in aon chion eile dá luaitear san alt sin.

[EN]

(5) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte i ngoid, féadfar é d'fháil ciontach i gclaonchasadh nó i maoin a chur chun mífheidhme go calaoiseach.

[EN]

(6) Aon chúisí a cúiseofar os comhair armchúirte i gclaonchasadh, féadfar é d'fhail ciontach i maoin a ghoid nó a chur chun mífheidhme go calaoiseach.

[EN]

(7) I gcás cúisí a cúiseofar os comhair armchúirte in aon chion eile in aghaidh an dlí mhíleata, féadfar, mura gcruthaítear go ndearnadh cion in imthosca lena ngabhfadh grád pionóis níos airde, é d'fháil ciontach sa chion céanna mar chion a rinneadh in imthosca lena ngabhann grád pionóis níos ísle,

[EN]

(8) Má cúisítear cúisí os comhair armchúirte i gcion sibhialta agus gur cúiseamh é ar a bhféadfaí, dá mba chúirt shibhialta a thriailfeadh é, é d'fháil ciontach in aon chion eile, beidh cumhacht ag an armchúirt é d'fháil ciontach sa chion eile sin.

[EN]

Dáta éifeachta pianbhreithe armchúirte.

206.—(1) Gach téarma pian-tseirbhíse, príosúntachta nó coinneála a chuirfeas armchúirt de phianbhreith ar dhuine, pé acu bheas an phianbhreith athbhreithnithe nó nach mbeidh agus pé acu bheas nó nach mbeidh an duine sin ag fulaing pianbhreithe cheana féin, áireofar, ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, é do thosnú ar an lá a shínigh uachtarán na harmchúirte an phianbhreith bhunaidh nó ar pé dáta roimhe sin a threorós an armchúirt.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag gach pianbhreith acu seo a leanas—

[EN]

(a) dífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann,

[EN]

(b) dífhostú as Óglaigh an hÉireann,

[EN]

(c) urscaoileadh faoi aithis as Óglaigh na hÉireann,

[EN]

(d) urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann,

[EN]

(e) ísliú go céim neamhchoimisiúnta airm níos ísle, nó go céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh níos ísle,

[EN]

ar dháta, agus ó dháta, a socrófar sa tslí fhorordaithe.

[EN]

Finnéithe a thoghairm, agus a bpribhléid os comhair armchúirte.

207.—(1) Féadfar, sa tslí fhorordaithe, toghairm a chur ar gach duine a bheas ag teastáil chun fianaise a thabhairt os comhair armchúirte, nó ordú a thabhairt dó, freastal a dhéanamh.

[EN]

(2) Beidh ag gach duine a dhéanfas freastal, de bhun na toghairme nó an orduithe sin, mar fhinné os comhair aon armchúirte, saoirse ar a ghabháil, le linn a fhreastail riachtanaigh san armchúirt sin nó ar an armchúirt sin, agus le linn dó bheith ag dul chuici agus ag filleadh uaithi, amhail mar bheadh aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo agus ailt 208 (ach amháin fo-alt (2) dhe)—

[EN]

(a) measfar go bhfolaíonn an abairt “armchúirt” oifigeach a bheas ag tógaint coimriú fianaise i scríbhinn do réir rialachán faoi alt 184, agus

[EN]

(b) déanfar tagairtí d'uachtarán nó comhaltaí na harmchúirte d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don oifigeach sin.

[EN]

Dísbeagadh armchúirte.

208.—(1) Aon duine nach duine faoin dlí míleata—

[EN]

(a) a mhainneos freastal a dhéanamh ar thoghairm a chur air go cuí freastal mar fhinné os comhair armchúirte agus ar chostais réasúnacha a fhreastail d'íoc leis nó a thairiscint dó, nó

[EN]

(b) a dhiúltós, ar é d'fhreastal mar fhinné ag armchúirt, mionn a ghlacadh nó dearbhú solamanta a dhéanamh a cheanglós an armchúirt air go dlíthiúil a ghlacadh nó a dhéanamh, nó a dhiúltós aon doiciméad faoina chumhacht agus faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglós an armchúirt air go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó a dhiúltós aon cheist d'fhreagairt a gceanglóidh an armchúirt air go dlíthiúil freagra a thabhairt uirthi, nó

[EN]

(c) a dhéanfas aon ní, pé acu ag an armchúirt é nó nach ea, a bheadh ina dhísbeagadh cúirte dá mba chúirt shibhialta ag a mbeadh cumhacht chimithe i leith dísbeagtha an armchúirt,

[EN]

féadfaidh uachtarán na harmchúirte cion an duine sin a dheimhniú faoina láimh don Ard-Chúirt, agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis pé fiosrú is cuí léi a dhéanamh, an duine sin a phionósú nó beart a dhéanamh chun é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh na hArd-Chúirte.

[EN]

(2) (a) Má bhíonn aon duine atá faoin dlí míleata ciontach i ndísbeagadh armchúirte trí chaint mhaslach nó bhagrach a dhéanamh nó trí aon chur isteach nó aon challóid a dhéanamh le linn imeachta na harmchúirte, féadfaidh an armchúirt, más foirstineach léi é, in ionad an ciontóir a chur dá thriail ag armchúirt, a ordú, le hordú faoi láimh an uachtaráin, an ciontóir a chur i bpríosún, gan daor-obair nó, i gcás fir, an ciontóir a chur faoi choinneáil, go ceann tréimhse nach sia ná lá agus fiche.

[EN]

(b) Ní bhainfidh Caibidil VII den Chuid seo le hordú faoi mhír (a) den fho-alt seo.

Caibidil VI.

Pionóis is inghearrtha ag Armchúirteanna i leith cionta in aghaidh an Dlí Mhileata.

[EN]

Pionóis is inghearrtha ag armchúirteanna ar oifigigh.

209.—(1) Féadfar pionóis, i leith cionta in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanfas daoine a bheas faoin dlí míleata mar oifigigh, agus a ciontófar ag armchúirt, a ghearradh do réir an scála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

AN SCÁLA.

[EN]

A.      Bás.

[EN]

B.      Pian-tseirbhís go ceann aon téarma nach giorra ná trí bliana.

[EN]

C.      Príosúntacht, le daor-obair nó gan daor-obair, go ceann aon téarma nach sia ná dhá bhliain.

[EN]

D.      Dífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann.

[EN]

E.      Dífhostú as Óglaigh na hÉireann.

[EN]

F.      Sinsearacht chéime in Óglaigh na hÉireann, nó sa chuid díobh ina bhfuil an ciontóir ag fónamh nó iontu araon, d'fhorghéilleadh sa tslí fhorordaithe nó, i gcás oifigigh a bhfuil ardú a chéime ag braith ar fhaid a sheirbhíse, a sheirbhís uile nó aon chuid dá sheirbhís d'fhorghéilleadh chun críche ardú céime.

[EN]

G.      Fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead.

[EN]

H.      Dian-iomardú.

[EN]

I.        Iomardú.

[EN]

(2) Chun críocha an Achta seo maidir lena fheidhm i gcás duine a bheas faoin dlí míleata mar oifigeach, measfar aon phionós dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo a bheith ina phionós is ísle ná aon phionós dá luaitear roimhe sa Scála sin.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) duine a bheas faoin dlí míleata mar oifigeach a chiontú ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a luaitear in aon alt i gCaibidil II den Chuid seo, agus

[EN]

(b) an t-alt sin dá fhoráil go ndlífear, ar é a chiontú amhlaidh, pionós sonraithe a chur air nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt,

[EN]

ciallaíonn an abairt “aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt” san alt sin aon phionós dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo is ísle ná an pionós sonraithe.

[EN]

(4) Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, ní cuirfear ach an t-aon phionós amháin mar phianbhreith ar dhuine a ciontófar ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanamh le linn dó bheith faoin dlí míleata mar oifigeach.

[EN]

(5) Má bheartaíonn armchúirt pianbhreith phian-tseirbhíse nó phríosúntachta a thabhairt ar oifigeach, déanfaidh an armchúirt, sara dtabharfaidh sí an phianbhreith phian-tseirbhíse nó phríosúntachta air (mura faoi fho-alt (2) d'alt 208 é) pianbhreith a dhífhostuithe faoi aithis, nó a dhífhostuithe, as Óglaigh na hÉireann a thabhairt air agus ansin bhéarfaidh an phianbhreith phiantseirbhíse nó phríosúntachta air.

[EN]

(6) Féadfaidh armchúirt pianbhreith a dhian-iomarduithe nó a iomarduithe a thabhairt ar oifigeach chomh maith le pianbhreith a fhíneála.

[EN]

(7) Féadfaidh armchúirt pianbhreith a fhíneála nó a dhianiomarduithe nó a iomarduithe a thabhairt ar oifigeach chomh maith le pianbhreith a shinsearacht chéime d'fhorghéilleadh.

[EN]

(8) Beidh oifigeach a dífhostófar faoi aithis as Óglaigh na hÉireann dícháilithe feasta chun seirbhís a dhéanamh arís don Stát in aon cáil, sibhialta ná míleata.

[EN]

Pionóis is inghearrtha ag armchúirteanna ar fhir.

210.—(1) Féadfar pionóis i leith cionta in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanfas daoine a bheas faoin dlí míleata mar fhir agus a ciontófar ag armchúirt a ghearradh do réir an scála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

AN SCÁLA.

[EN]

A.      Bás.

[EN]

B.      Pian-tseirbhís go ceann aon téarma nach giorra ná trí bliana.

[EN]

C.      Príosúntacht, le daor-obair nó gan daor-obair, go ceann aon téarma nach sia ná dhá bhliain.

[EN]

D.      Coinneáil go ceann aon téarma nach sia ná dhá bhliain.

[EN]

E.      Urscaoileadh faoi aithis as Óglaigh na hÉireann.

[EN]

F.      Urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann.

[EN]

G.      Más oifigeach neamhchoimisiúnta an duine a ciontófar, ísliú—

[EN]

(a) más céim neamhchoimisiúnta airm atá aige, go dtí aon chéim neamhchoimisiúnta airm níos ísle, nó

[EN]

(b) más céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá aige, go dtí aon chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh níos ísle.

[EN]

H.      Fíneáil nach mó ná deich bpuint, más oifigeach neamhchoimisiúnta an duine a ciontófar nó, in aon chás eile, fíneáil nach mó ná cúig puint.

[EN]

I.        Más oifigeach neamhchoimisiúnta an duine a ciontófar, sinsearacht chéime d'fhorghéilleadh sa tslí fhorordaithe.

[EN]

J.        Dian-iomardú.

[EN]

K.      Iomardú.

[EN]

(2) Chun críocha an Achta seo maidir lena fheidhm i gcás duine a bheas faoin dlí míleata mar fhear, measfar aon phionós dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo a bheith ina phionós is ísle ná aon phionós dá luaitear roimhe sa Scála sin.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) duine a bheas faoin dlí míleata mar fhear a chiontú ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a luaitear in aon alt i gCaibidil II den Chuid seo, agus

[EN]

(b) an t-alt sin dá fhoráil go ndlífear ar é a chiontú amhlaidh, pionós sonraithe a chur air nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt,

[EN]

ciallaíonn an abairt “aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt” san alt sin aon phionós dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo is ísle ná an pionós sonraithe.

[EN]

(4) Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, ní cuirfear ach an t-aon phionós amháin mar phianbhreith ar dhuine a ciontófar ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanamh le linn dó bheith faoin dlí míleata mar fhear.

[EN]

(5) Chun críocha iomalairtithe agus athbhreithnithe pionóis, ní measfar coinneáil a bheith ina pionós is ísle ná príosúntacht más sia téarma na coinneála ná téarma na príosúntachta.

[EN]

(6) Má bheartaíonn armchúirt pianbhreith phian-tseirbhíse a thabhairt ar fhear, déanfaidh an armchúirt, sara dtabharfaidh sí an phianbhreith phian-tseirbhíse air, pianbhreith a dhífhostuithe faoi aithis, nó a dhífhostuithe, as Óglaigh na hÉireann a thabhairt air agus ansin bhéarfaidh an phianbhreith phian-tseirbhíse air.

[EN]

(7) Má thugann armchúirt pianbhreith phríosúntachta ar fhear (mura faoi fho-alt (2) d'alt 208 é), féadfaidh an armchúirt pianbhreith a urscaoilte faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó a urscaoilte as Óglaigh na hÉireann a thabhairt air freisin.

[EN]

(8) Má thugann armchúirt de phianbhreith ar oifigeach neamhchoimisiúnta an pionós a luaitear ag G nó I sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) den alt seo, féadfaidh an armchúirt pianbhreith a fhíneála nó a dhian-iomarduithe nó a iomarduithe a thabhairt air freisin.

[EN]

(9) Má thugann armchúirt pianbhreith a choinneála nó a dhian-iomarduithe nó a iomarduithe ar fhear, féadfaidh an armchúirt pianbhreith a fhíneála a thabhairt air freisin.

[EN]

(10) Má thugann armchúirt pianbhreith phríosúntachta nó choinneála ar oifigeach neamhchoimisiúnta, déanfaidh an armchúirt pianbhreith a íslithe, más céim neamhchoimisiúnta airm atá aige, go dtí céim shaighdiúra shingil nó, in aon chás eile, go dtí céim mhairnéalaigh, a thabhairt air freisin.

[EN]

(11) Beidh fear a hurscaoilfear faoi aithis as Óglaigh na hÉireann dícháilithe feasta chun seirbhís a dhéanamh arís don Stát in aon cháil, sibhialta ná míleata.

[EN]

An t-aon phianbhreith amháin i leith na gcionta uile.

211.—Má gheibhtear duine ciontach ag armchúirt i dhá chion nó níos mó in aghaidh an dlí mhíleata, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) ní thabharfaidh an armchúirt, má thugann sí pianbhreith ar bith, ach an t-aon phianbhreith amháin i leith na gcionta uile, agus

[EN]

(b) is pianbhreith í sin a féadfar, faoin Acht seo, a thabhairt i leith aon chiona áirithe acu sin.

[EN]

Srian le pianbhreith phríosúntachta agus choinneála i gcás duine atá faoi phríosúntacht nófaoi choinneáil cheana.

212.—Más rud é—

[EN]

(a) go gciontófar duine ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

[EN]

(b) go mbeartóidh an armchúirt pianbhreith phríosúntachta nó choinneála a thabhairt ar an duine sin, agus

[EN]

(c) go mbeidh an duine sin, tráth na pianbhreithe, ag fulaing príosúntachta nó coinneála faoi phianbhreith a tugadh roimhe sin,

[EN]

ní raghaidh aon phianbhreith phríosúntachta ná choinneála a bhéarfas an armchúirt thar pé téarma a dhéanfas, i dteannta an téarma a bheas gan caitheamh an tráth sin den phianbhreith roimhe sin, tréimhse dhá bhliain as a chéile.

[EN]

Ordú ó armchúirt cúiteamh d'íoc.

213.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go gciontófar duine a bheas faoin dlí míleata ag arm chúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

[EN]

(b) gur tharraing an cion sin aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

[EN]

féadfaidh an armchúirt, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear di leis an Acht seo a ghearradh i leith an chiona, a threorú go n-íocfaidh an ciontóir, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú) a threorós an armchúirt.

[EN]

(2) Measfar, chun críocha an Achta seo, gur pianbhreith ó armchúirt treoir faoi fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

Sinsearacht a cailleadh agus seirbhís a forghéilleadh, trí phianbhreith armchúirte, a thabhairt ar ais.

214.—Féadfaidh an tAire an t-iomlán nó aon chuid d'aon tsinsearacht chéime nó d'aon tseirbhís a forghéilleadh, trí phianbhreith armchúirte, a thabhairt ar ais i gcás oifigigh nó fir a bhéarfas seirbhís mhaith dhílis uaidh nó a measfaidh an tAire go dtuilleann sé ar shlí eile sin a thabhairt ar ais dó.

Caibidil VII.

Bearta atá le déanamh maidir le Cinneadh agus Pianbhreith Armchúirte.

[EN]

Can cinneadh ná pianbhreith a bheith bailí mura ndaingnítear iad.

215.—Faoi réir ailt 204, ní bheidh cinneadh ná pianbhreith armchúirte bailí ach amháin sa mhéid go ndaingneoidh údarás daingniúcháin iad faoin gCaibidil seo.

[EN]

Údaráis daingniúcháin.

216.—(1) Beidh cumhacht ag gach údarás acu seo a leanas cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú—

[EN]

(a) i gcás armchúirte ginearálta, aon oifigeach (ag a mbeidh céim chornail airm nó céim chaptaein chabhlaigh nó céim choimisiúnta níos airde) a bheas údaraithe le barántas ón Aire chun cinneadh agus pianbhreith armchúirte ginearálta a dhaingniú,

[EN]

(b) i gcás armchúirte tóranta,

[EN]

(i) aon oifigeach a bheas údaraithe le barántas ón Aire chun cinneadh agus pianbhreith armchúirte tóranta a dhaingniú,

[EN]

(ii) aon oifigeach a bheas údaraithe de thuras na huaire chun armchúirt tóranta a chomóradh.

[EN]

(2) Féadfar barántas faoin alt seo a chur faoi réir pé srianta, forcoimeádas, eisceacht agus coinníollacha is oiriúnach leis an Aire.

[EN]

(3) Féadfar barántas faoin alt seo a dhíriú chun oifigigh faoina ainm nó faoi theideal a oifige nó go páirteach i slí amháin agus go páirteach sa tslí eile agus féadfar, do réir a théarmaí agus modh a dhírithe, gan réim a thabhairt dó ach maidir le hoifigeach a hainmneofar nó réim thairis sin a thabhairt dó nó a réim a leathnú nó gan a leathnú chun duine a bheas de thuras na huaire ag déanamh dualgas na hoifige a hainmneofar nó a réim a leathnú nó gan a leathnú chun comharbaí oifige oifigigh.

[EN]

(4) Ní bheidh cumhacht ag oifigeach a bhí ina chomhalta d'armchúirt cinneadh ná phianbhreith na harmchúirte sin a dhaingniú.

[EN]

(5) San Acht seo ciallaíonn an abairt “údarás daingniúcháin”, nuair a húsáidtear í maidir le harmchúirt ghinearálta nó maidir le harmchúirt tóranta, duine a bheas údaraithe de bhuaidh an ailt seo chun cinneadh agus breith na harmchúirte sin a dhaingniú.

[EN]

Cinneadh agus pianbhreith a tharchur ó údarás daingniúcháin chun údaráis daingniúcháin uachtaraigh.

217.—Féadfaidh údarás ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú gan aon chuid díobh nó gan ach cuid díobh a dhaingniú agus an cinneadh agus an phianbhreith sin nó an chuid nár dhaingnigh sé a tharchur chun aon oifigigh de chéim choimisiúnta níos airde ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte den chineál sin a dhaingniú, agus sa chás sin is é an t-oifigeach sin a bheas, chun críocha an Achta seo, ina údarás ag a mbeidh cumhacht an méid a tarchuireadh chuige de chinneadh agus pianbhreith na harmchúirte sin a dhaingniú.

[EN]

Cinneadh agus pianbhreith d'athbhreithniú ag armchúirt.

218.—(1) Féadfaidh údarás ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú an cinneadh agus an phianbhreith sin, nó ceachtar acu, a chur ar ais, uair amháin ach sin an méid, le hathbhreithniú.

[EN]

(2) Má dhéanann údarás ag a mbeidh cumhacht cinneadh agus pianbhreith armchúirte a dhaingniú an cinneadh agus an phianbhreith sin, nó ceachtar acu, a chur ar ais le hathbhreithniú faoin alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) ní ghlacfaidh an armchúirt le linn an athbhreithnithe sin aon fhianaise bhreise;

[EN]

(b) mura gcuirtear ar ais le hathbhreithniú ach an cinneadh, féadfaidh an armchúirt an phianbhreith d'athbhreithniú freisin;

[EN]

(c) ní mholfaidh an t-údarás sin in aon chás an phianbhreith a mhéadú, ná ní bheidh cumhacht ag an armchúirt an phianbhreith a gearradh i gcéadóir a mhéadú.

[EN]

Cumhachta an údaráis daingniúcháin maidir le daingniú.

219.—(1) Má fuarthas duine ciontach in aon chúiseamh ag armchúirt, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin an t-iomlán nó cuid den chinneadh nó den phianbhreith bhunaidh, nó den chinneadh nó den phianbhreith athbhreithnithe, a dhaingniú nó diúltú é a dhaingniú.

[EN]

(2) Má dhiúltaíonn údarás daingniúcháin cinneadh armchúirte ar aon chúiseamh a dhaingniú, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin a threorú go dtriailfear an cúisí arís ag armchúirt, agus féadfaidh treoracha a thabhairt maidir leis an gcúiseamh nó na cúisimh ina dtriailfear an cúisí arís.

[EN]

Cumhachta breise údaráis daingniúcháin maidir le pianbhreith a thug armchúirt.

220.—(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon phianbhreith a bhéarfas armchúirt—

[EN]

(a) más go neamhfhoirmiúil a bheas an phianbhreith ráite, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin, nuair a bheas sé á daingniú, foirm na pianbhreithe d'athrú ionas go mbeidh sí ráite go cuí;

[EN]

(b) má bhíonn an pionós a gearradh leis an bpianbhreith neamhbhailí nó níos troime ná an pionós a údaraíos an tAcht seo—

[EN]

(i) más cion faoi alt 139 an cion ar ina leith a gearradh an pionós, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin dífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin a luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú,

[EN]

(ii) in aon chás eile, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós eile d'fhéadfadh an armchúirt a ghearradh ar an gciontóir a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le pianbhreith bháis a bhéarfas armchúirt—

[EN]

(a) más tréas nó dúnmharú an cion ar tugadh an phianbhreith ina leith, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin pian-tseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin dá luaitear, más oifigeach-an ciontóir, sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 nó, más fear an ciontóir, sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 210, a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú;

[EN]

(b) in aon chás eile, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós eile d'fhéadfadh an armchúirt a ghearradh ar an gciontóir a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le pianbhreith (seachas pianbhreith bháis) a bhéarfas armchúirt—

[EN]

(a) féadfaidh an t-údarás daingniúcháin, nuair a bheas sé ag daingniú na pianbhreithe, an pionós a gearradh léi a mhaolú go dtí pionós níos lú den chineál céanna;

[EN]

(b) féadfaidh an t-údarás daingniúcháin, nuair a bheas sé ag daingniú na pianbhreithe, an pionós a gearradh léi a loghadh go hiomlán nó go páirteach;

[EN]

(c) más cion faoi alt 139 an cion ar ina leith a tugadh an phianbhreith, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós is ísle ná sin dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú;

[EN]

(d) mura cion faoi alt 139 an cion ar ina leith a tugadh an phianbhreith, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin aon phionós is ísle ná sin d'fhéadfadh an armchúirt a ghearradh ar an gciontóir a chur mar phianbhreith in ionad pianbhreithe na harmchúirte agus an phianbhreith ionaid sin a dhaingniú.

[EN]

(4) Má cuirtear faoin alt seo pianbhreith nua in ionad pianbhreithe a thug armchúirt, beidh feidhm agus éifeacht ag an bpianbhreith nua amhail is dá mba í an armchúirt a thug í ar an gcéad ásc agus beidh feidhm dá réir sin ag forála an Achta seo.

[EN]

Pianbhreith (seachas pianbhreith bháis) a mhaolú, a loghadh, etc., tar éis a daingnithe.

221.—(1) Nuair a beifear tar éis pianbhreith (seachas pianbhreith bháis) a thug armchúirt a dhaingniú, féadfaidh údarás uachtarach aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh sé an pionós a gearradh leis an bpianbhreith a mhaolú go dtí pionós níos lú den chineál céanna;

[EN]

(b) féadfaidh sé an pionós sin a loghadh go hiomlán nó go páirteach;

[EN]

(c) féadfaidh sé—

[EN]

(i) más é atá sa phionós sin difhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann, nó dífhostú as Óglaigh na hÉireann, a gearradh i leith ciona faoi alt 139, aon phionós is ísle ná sin dá luaitear sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 a chur ina ionad,

[EN]

(ii) in aon chás eile, aon phionós is ísle ná sin d'fhéadfadh an armchúirt a thug an phianbhreith a ghearradh ar an gciontóir a chur ina ionad.

[EN]

(2) Má daingnítear pianbhreith a thug armchúirt agus go gcinnfear í a bheith neamhbhailí ar chúis ar bith, féadfaidh údarás uachtarach pianbhreith bhailí a thabhairt agus beidh ag an bpianbhreith a bhéarfar amhlaidh an éifeacht chéanna a bheadh aici dá mba í an armchúirt a thug í agus gur daingníodh í go cuí, ach ní bheidh an pionós a gearrfar leis an bpianbhreith sin níos airde sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 nó le fo-alt (1) d'alt 210 (pé fo-alt acu sin is iomchuí) ná an pionós a gearradh leis an bpianbhreith neambhailí, ná níos troime, i dtuairim an údaráis uachtaraigh adúradh, ná an pionós deiridh sin a luadh.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, is údarás uachtarach gach duine acu seo a leanas—

[EN]

(a) an tAire,

[EN]

(b) an tArd-Aidiúnach,

[EN]

(c) aon oifigeach ginearálta nó aon bhrat-oifigeach a cheapfas an tAire chuige sin.

[EN]

Dáta tosnuithe pian-tseirbhíse, príosúntachta nó coinneála a gearrfar mar phianbhreith ionaid.

222.—Má cuirtear in ionad pianbhreithe (dá ngairmtear an phianbhreith bhunaidh san alt seo) a ghearr armchúirt pianbhreith eile (dá ngairmtear an phianbhreith ionaid san alt seo). phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) más pianbhreith bháis an phianbhreith bhunaidh, áireofar an phianbhreith ionaid do thosnú ar an lá a shínigh uachtarán na harmchúirte an phianbhreith bhunaidh;

[EN]

(b) in aon chás eile, áireofar an phianbhreith ionaid do thosnú ar an lá a shínigh uachtarán na harmchúirte an phianbhreith bhunaidh, nó ar pé dáta roimhe sin a threoraigh an armchúirt mar dháta tosnuithe na pianbhreithe bunaidh.

[EN]

Fionraí pianbhreithe pian-tseirbhíse, príosúntachta nó coinneála a tugadh ar fhear.

223.—(1) Má tugadh pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála ar fhear, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin chun a dtarchuirfear an phianbhreith lena daingniú, a threorú, nuair a bheas sé ag daingniú na pianbhreithe, gan an fear a chur dá chimiú chun príosúin ná chun beairic coinneála go dtí go bhfaighfear orduithe ó údarás uachtarach.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás uachtarach, i gcás fir ar ar tugadh pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála—

[EN]

(a) a threorú gan ordú chun é a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála d'eisiúint go dtí go bhfaighfear orduithe uaidh,

[EN]

(b) an phianbhreith a tugadh ar an bhfear d'fhionraí, pé acu cuireadh nó nár cuireadh dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála cheana féin é.

[EN]

(3) Má déantar pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála d'fhionraí faoin alt seo sara gcuirfear an fear ar ar tugadh í dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, scaoilfear é agus, d'ainneoin aon ní san Acht seo, ní thosnóidh téarma na pianbhreithe go dtí go n-ordófar é a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála faoin bpianbhreith sin.

[EN]

(4) Má déantar pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála d'fhionraí faoin alt seo tar éis an fear ar ar tugadh í a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, scaoilfear an fear sin agus fionrófar caitheamh a phianbhreithe ó lá a scaoilte go dtí go n-ordófar arís é a chur dá chimiú chun príosúin nó beairic coinneála faoin bpianbhreith chéanna.

[EN]

(5) Má fionraítear pianbhreith faoin alt seo, féadfaidh údarás uachtarach tráth ar bith, agus déanfaidh sé i gceann tréimhsí nach sia ná trí mhí, an cás a bhreithniú agus, más dóigh leis an údarás uachtarach, ar aon athbhreithniú den tsórt sin a dhéanamh, gur ceart, mar gheall ar dhea-iompar an fhir ón uair a ciontaíodh é, an phianbhreith a loghadh, loghfaidh sé í.

[EN]

(6) Féadfaidh údarás uachtarach, aon uair le linn pianbhreith ar fhear a bheith ar fionraí faoin alt seo, a ordú an fear a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, agus ó dháta an orduithe sin scoirfidh an phianbhreith de bheith ar fionraí.

[EN]

(7) Más rud é, le linn pianbhreith air a bheith ar fionraí faoin alt seo, go gcuirfear pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála i leith aon chiona eile ar fhear, ansin, má fionraítear an phianbhreith sin freisin faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás uachtarach a ordós an fhionraí a threorú an dá phianbhreith a bheith le rith i gcomhthráth nó as a chéile, ach sin i dtreo nach mbeidh téarma comhiomlán na príosúntachta nó na coinneála níos sia ná dhá bhliain as a chéile, agus más pianbhreith phian-tseirbhíse an phianbhreith i leith an chiona eile sin, ansin, pé acu fionrófar nó nach bhfionrófar an phianbhreith sin, cuirfear ar neamhní aon phianbhreith phríosúntachta nó choinneála a tugadh roimhe sin agus a fionraíodh.

[EN]

(8) Is méadú, agus ní laghdú, ar na cumhachta a bheirtear le halt 221 na cumhachta a bheirtear leis an alt seo.

[EN]

(9) Is údarás uachtarach chun críocha an ailt seo gach duine acu seo a leanas—

[EN]

(a) an tAire,

[EN]

(b) an tArd-Aidiúnach,

[EN]

(c) aon oifigeach ginearálta nó aon bhrat-oifigeach a cheapfas an tAire chuige sin.

[EN]

Cinneadh armchúirte a neamhniú.

224.—(1) Má bítear tar éis cinneadh agus pianbhreith armchúirte i leith duine chúisithe a dhaingniú agus más dóigh leis an Aire go raibh imeachta na harmchúirte neamhdhlíthiúil, cuirfidh an tAire an cinneadh ar neamhní, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

[EN]

(a) scoirfidh iomlán na pianbhreithe a thug an armchúirt d'éifeacht a bheith aici;

[EN]

(b) féadfaidh an tAire a threorú san am céanna an cúisí a thriail arís sa chion dob ábhar don chinneadh agus, sa chás sin féadfar, d'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon riail dlí, an cúisi a thriail ag armchúirt sa chion sin agus, má gheibhtear ciontach é, é a phionósú ina leith.

[EN]

(2) Má bítear tar éis cinneadh agus pianbhreith armchúirte i leith duine chúisithe a dhaingniú agus más dóigh leis an Aire gur ciontaíodh an cúisí go héagórach, féadfaidh an tAire an cinneadh ciontachta a neamhniú, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

[EN]

(a) mura bhfuil aon chinneadh ciontachta eile ón armchúirt fágtha i leith an chúisí, scoirfidh iomlán na pianbhreithe a thug an armchúirt d'éifeacht a bheith aici;

[EN]

(b) más rud é—

[EN]

(i) go mbeidh cinneadh ciontachta eile (dá ngairmtear an cinneadh atá fágtha sa bhfo-alt seo) ón armchúirt fágtha i leith an chúisí, agus

[EN]

(ii) go mbeidh aon phionós (dá ngairmtear an pionós bunaidh sa bhfo-alt seo) a háiríodh sa phianbhreith a thug an armchúirt níos troime ná an pionós a húdaraítear leis an Acht seo maidir leis an gcinneadh atá fágtha, nó go mbeidh sé, i dtuairim an Aire, ró-dhian, féadfaidh sé, faoi réir míre (c) den fho-alt seo, pionós eile (dá ngairmtear an pionós ionaid sa bhfo-alt seo) a chur ina ionad, agus beidh éifeacht ag an bpionós ionaid amhail is dá mba í an armchúirt a ghearr é agus gur daingníodh é go cuí;

[EN]

(c) beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an bpionós ionaid:—

[EN]

(i) ní bheidh sé ina phionós nach bhféadfadh armchúirt a ghearradh ar an gcúisí maidir leis an gcinneadh atá fágtha,

[EN]

(ii) ní bheidh sé níos airde sa Scála a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 209 nó le fo-alt (1) d'alt 210 (pé fo-alt acu sin is iomchuí) ná an pionós bunaidh,

[EN]

(iii) má bhí pian-tseirbhís sa phianbhreith a thug an armchúirt, ní ghabhfaidh leis an bpionós ionaid, más pian-tseirbhís é, tréimhse phian-tseirbhíse is sia ná an tréimhse a bhí sa phianbhreith,

[EN]

(iv) má bhí príosúntacht sa phianbhreith a thug an armchúirt sin, ní ghabhfaidh leis an bpionós ionaid, más príosúntacht nó coinneáil é, tréimhse phríosúntachta nó choinneála is sia ná an tréimhse a bhí sa phianbhreith,

[EN]

(v) má bhí coinneáil sa phianbhreith a thug an armchúirt sin, ní ghabhfaidh leis an bpionós ionaid, más coinneáil é, tréimhse choinneála is sia ná an tréimhse a bhí sa phianbhreith,

[EN]

(vi) más coinneáil an pionós ionaid agus príosúntacht an pionós bunaidh, ní mó in aon chás téarma na coinneála ó dháta an phionóis ionaid a cheapadh ná an téarma príosúntachta atá fós le cur isteach.

[EN]

Maoin ghoidte a thabhairt ar ais.

225.—(1) Chun críocha an ailt seo, measfar maoin a bheith faighte go neamhdhleathach más trí chion a dhéanamh in aghaidh an dlí mhíleata a fuarthas í.

[EN]

(2) Má ciontaíodh duine ag armchúirt in aon mhaoin d'fháil go neamhdhleathach agus go bhfaighfear an mhaoin nó aon chuid di i seilbh an chiontóra, féadfaidh an t-údarás a bheas ag daingniú cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte sin, nó féadfaidh an tAire, a ordú an mhaoin a fuarthas amhlaidh a thabhairt ar ais don duine ar cosúil gurb é únaer dleathach na maoine sin é.

[EN]

(3) Féadfar ordú den tsamhail chéanna a dhéanamh maidir le haon mhaoin a gheofar i seilbh an chiontóra sin agus ar dóigh leis an údarás daingniúcháin nó leis an Aire go bhfuarthas í trí aon mhaoin a fuarthas go neamhdhleathach a chomhshó nó a mhalairtiú.

[EN]

(4) Ina cheann sin más dóigh leis an údarás daingniúcháin nó leis an Aire, ón bhfianaise a tugadh os comhair na harmchúirte, go ndearnadh aon chuid den mhaoin a fuarthas go neamhdhleathach a dhíol nó a gheall-earbadh le haon duine gan aon fhios ciontach a bheith ag an duine a cheannaigh an mhaoin nó a ghlac an mhaoin ar geall-earbadh, féadfaidh an t-údarás daingniúcháin nó an tAire, ar iarratas an duine sin agus ar an maoin sin a thabhairt ar ais dá húnaer, a ordú go n-íocfar as an airgead (más aon airgead é) a fuarthas i seilbh an chiontóra suim (nach mó ná méid an fháltais as an díol nó as an ngeall-earbadh sin) leis an duine sin a cheannaigh an mhaoin nó a ghlac an mhaoin ar geall-earbadh.

[EN]

(5) Ní chuirfidh ordú faoin alt seo urchosc ar cheart aon duine, ach amháin an ciontóir nó aon duine a bheas ag déanamh éilimh tríd an gciontóir, chun aon mhaoin nó airgead a seachadadh nó a híocadh de bhun orduithe faoin alt seo d'aisghabháil ón duine dar seachadadh an mhaoin sin nó lenar híocadh an t-airgead sin amhlaidh.

[EN]

Ceart chun cóip d'imeachta armchúirte d'fháil.

226.—(1) Beidh duine ar bith a triaileadh ag armchúirt i dteideal, ar é dá iarraidh sin, cóip d'imeachta na harmchúirte sin nó d'aon chuid sonrach díobh d'fháil, ón oifigeach nó ón duine a mbeidh imeachta na harmchúirte sin faoina choimeád, aon tráth laistigh de sheacht mbliana, i gcás armchúirte ginearálta, agus laistigh de trí bliana, i gcás armchúirte tóranta, tar éis cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte a dhaingniú nó tar éis é d'éigiontú, ar é d'íoc aisti do réir an ráta fhorordaithe, nach mó ná ceithre pingne ar gach fóile sheachtód focal nó, in imthoscaí a forordófar, saor in aisce.

[EN]

(2) Má gheibheann duine a triaileadh ag armchúirt bás laistigh de sheacht mbliana, i gcás armchúirte ginearálta, nó laistigh de thrí bliana, i gcás armchúirte tóranta, tar éis cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte a dhaingniú nó tar éis é d'éigiontú, beidh neas-ghaol dó i dteideal, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis a bháis, cóip d'imeachta na harmchúirte nó d'aon chuid sonrach díobh d'fháil, ar é dá hiarraidh, ón oifigeach nó ón duine a mbeidh na himeachta sin faoina choimeád, ar é d'íoc aisti do réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo.

[EN]

(3) Déanfar imeachta armchúirte a bhuanchoimeád sa tslí fhorordaithe.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo, áirítear ar imeachta armchúirte na himeachta maidir le hathbhreithniú agus le daingniú agus le foilseáin.

[EN]

Caibidil VIII.

Pianbhreitheanna a chur i bhfeidhm.

[EN]

Pianbhreith bháis.

227.—(1) Ní cuirfear pianbhreith bháis a bhéarfas armchúirt, agus a daingneofar, i bhfeidhm mura gceadaí ná go dtí go gceadóidh an Rialtas an phianbhreith a chur i bhfeidhm.

[EN]

(2) Nuair a bheas an Rialtas tar éis a cheadú pianbhreith bháis a thug armchúirt, agus a daingníodh, a chur i bhfeidhm, is é an t-údarás daingniúcháin—

[EN]

(a) a bheas freagrach sa phianbhreith a chur i bhfeidhm, agus

[EN]

(b) a threorós an modh ar a gcuirfear i bhfeidhm í.

[EN]

Pianbhreith phian-tseirbhíse a chur i bhfeidhm.

228.—(1) Nuair a bhéarfas armchúirt pianbhreith phiantseirbhíse agus go ndaingneofar í, cuirfear an pian-tseirbhí míleata, a luaithe is féidir, dá chimiú chun príosúin phiantseirbhíse, lena phianbhreith d'fhulaing do réir dlí.

[EN]

(2) Go dtí go n-aistreofar go dtí príosún pian-tseirbhíse é, fanfaidh pian-tseirbhí míleata faoi choimeád seirbhíse.

[EN]

(3) Beidh ordú ó údarás inniúil ina leor-bharántas chun piantseirbhí míleata a chur dá chimiú chun príosúin phian-tseirbhíse.

[EN]

(4) Beidh ordú ó údarás inniúil ina leor-údarás chun piantseirbhí míleata d'aistriú ó choimeád seirbhíse go dtí coimeád sibhialta agus ó choimeád sibhialta go dtí coimeád seirbhíse, agus chun é a thabhairt ó áit go háit agus chun é a choinneáil i gcoimeád sibhialta, agus i gcoitinne chun déileáil leis an bpiantseirbhí sin i pé slí a measfar a bheith foirstineach go dtí go n-aistreofar go dtí príosún pian-tseirbhíse é.

[EN]

(5) Féadfar, le hordú ó údarás inniúil, pian-tseirbhí míleata a scaoileadh aon tráth roimh theacht, nó tar éis teacht, dó go dtí príosún pian-tseirbhíse, má loghtar a phianbhreith.

[EN]

(6) Le linn pian-tseirbhí míleata a thabhairt ó áit go háit féadfar pé smacht a chur air is gá chun go dtabharfar agus go n-aistreofar slán é.

[EN]

(7) Tar éis do phian-tseirbhí míleata teacht go dtí príosún pian-tseirbhíse chun a phianbhreith d'fhulaing, déileáilfear leis mar déileálfaí le gnáth-phríosúnach sibhialta faoi phianbhreith phian-tseirbhíse, agus beidh feidhm dá réir sin, chomh fada is cheados na himthosca é, ag gach achtachán a bhaineas le duine ar ar thug cúirt shibhialta inniúil pianbhreith phian-tseirbhíse.

[EN]

(8) Chun críocha an ailt seo, is údarás inniúil gach duine acu seo a leanas, is é sin le rá, an tAire agus gach oifigeach forordaithe, agus féadfar oifigigh éagsúla d'fhorordú amhlaidh chun críocha éagsúla den tsórt sin.

[EN]

Pianbhreith phríosúntachta nó choinneála a chur i bhfeidhm.

229.—(1) Nuair a bhéarfas armchúirt pianbhreith phríosúntachta agus go ndaingneofar í, is i bpríosún míleata nó i mbeairic coinneála nó i gcoimeád seirbhíse de shaghas eile nó i bpríosún poiblí, nó go páirteach ar shlí acu agus go páirteach ar shlí eile, a fhulaingeos an príosúnach míleata téarma a phríosúntachta.

[EN]

(2) Nuair a bhéarfas armchúirt pianbhreith choinneála agus go ndaingneofar í, nó nuair a bhéarfas oifigeach ceannais í, is i mbeairic coinneála nó i gcoimeád seirbhíse, nó go páirteach ar shlí acu agus go páirteach ar shlí eile, ach ní i bpríosún poiblí, a fhulaingeos an duine ar ar tugadh an phianbhreith téarma a choinneála.

[EN]

(3) Féadfar príosúnach míleata nó fear faoi phianbhreith choinneála a chur, go dtí go sroichfidh sé an príosún nó an beairic coinneála ina mbeidh a phianbhreith le fulaing aige, i gcoimeád seirbhíse nó i gcoimeád sibhialta nó go páirteach i gcoimeád seirbhíse agus go páirteach i gcoimeád sibhialta, agus féadfar, le hordú ó údarás inniúil é d'aistriú ó choimeád seirbhíse go dtí coimeád sibhialta agus ó choimeád sibhialta go dtí coimeád seirbhíse do réir mar is gá.

[EN]

(4) Beidh ordú ó údarás inniúil ina leor-údarás chun príosúnach míleata a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, nó chun fear faoi phianbhreith choinneála a chur dá chimiú chun beairic coinneála.

[EN]

(5) Beidh ordú ó údarás inniúil ina leor-údarás chun príosúnach míleata d'aistriú ó phríosún go dtí beairic coinneála, nó ó bheairic coinneála go dtí príosún nó ó phríosún nó beairic coinneála amháin go dtí príosún nó beairic coinneála eile, nó chun fear faoi choinneáil d'aistriú ó bheairic coinneála amháin go ceann eile, nó chun príosúnach míleata nó fear faoi choinneáil a sheachadadh chun coimeád seirbhíse.

[EN]

(6) Féadfar, le hordú ó údarás inniúil, príosúnach míleata nó fear faoi choinneáil a scaoileadh aon tráth, má loghtar a phianbhreith.

[EN]

(7) Le linn príosúnach míleata nó fear faoi choinneáil a thabhairt ó áit go háit féadfar pé smacht a chur air is gá chun go dtabharfar agus go n-aistreofar slán é.

[EN]

(8) Le linn príosúnach míleata bheith i bpríosún poiblí gaibhneofar é, coimeádfar le daor-obair é, agus déileálfar leis ar gach slí eile mar déanfaí i gcás gnáth-phríosúnaigh faoi phianbhreith phríosúntachta dá samhail.

[EN]

(9) Má bhíonn an t-ospidéal, nó an áit ghlactha daoine breoite, i bpríosún nó i mbeairic coinneála scartha ón bpríosún nó ón mbeairic coinneála, féadfar príosúnach míleata nó fear faoi choinneáil a choinneáil san ospidéal nó san áit sin agus é a thabhairt chuige nó uaidh do réir mar is gá.

[EN]

(10) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) folaíonn an abairt “beairic coinneála” seomra coinneála i mbeairic;

[EN]

(b) is údarás inniúil gach duine acu seo a leanas, is é sin le rá, an tAire agus gach oifigeach forordaithe, agus féadfar oifigigh éagsúla d'fhorordú amhlaidh chun críocha éagsúla den tsórt sin.

[EN]

Caitheamh pianbhreithe d'fhionraí má éalaíonn duine nó má scaoiltear é gan údarás cuí.

230.—D'ainneoin aon ní san Acht seo, má éalaíonn duine ar ar tugadh pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála, nó má scaoiltear é gan údarás cuí, le linn an phianbhreith sin a bheith á cur isteach aige, measfar caitheamh na pianbhreithe sin a bheith ar fionraí ón dáta d'éalaigh sé nó a scaoileadh é gan údarás cuí go dtí go dtabharfaidh sé é féin suas nó go ngabhfar arís é agus, ar é dá thabhairt féin suas nó ar é dá ghabháil amhlaidh, féadfaidh an t-údarás forordaithe é d'athchimiú chun an téarma neamhchaite dá phianbhreith a chur isteach.

[EN]

E a bheith de dhualgas ar rialtóir príosúin príosúnaigh a ghlacadh.

231.—(1) Glacfaidh rialtóir gach príosúin na príosúnaigh uile a cuirfear chun an phríosúin sin de bhun an Achta seo, agus gaibhneoidh sé iad go dtí go scaoilfear nó go seachadfar anonn iad i gcúrsa cuí an dlí.

[EN]

(2) Glacfaidh rialtóir gach príosúin faoina choimeád freisin, go ceann tréimhse nach sia ná seacht lá, aon fhear a bheas i gcoimeád seirbhíse, ar ordú i scríbhinn a airbheartós a bheith sínithe ag oifigeach ceannais an fhir sin a sheachadadh don rialtóir sin.

[EN]

Príosúin mhíleata agus beairicí coinneála a bhunú.

232.—(1) Is dleathach don Aire aon fhoirgneamh nó aon chuid d'fhoirgneamh a bheas faoi urláimh an Aire a chur in áirithe mar phríosún míleata nó beairic coinneála agus a dhearbhú gur príosún míleata nó beairic coinneála, do réir mar bheas, aon fhoirgneamh nó aon chuid d'fhoirgneamh den tsórt sin.

[EN]

(2) Féadfaidh oifigeach forordaithe cumhachta an Aire faoin alt seo d'fheidhmiú le linn tréimhse éigeandála.

[EN]

Príosúin mhíleata agus beairicí coinneála a rialáil.

233.—(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh (dá ngairmtear san Acht seo rialacha do phríosúin mhíleata agus do bheairicí coinneála) chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) rialú, bainistí agus rialáil phríosún míleata agus beairi cí coinneála;

[EN]

(b) ceapadh agus cur as oifig agus cumhachta a gcigirí, a gcuairteoirí, a rialtóirí agus a n-oifigeach;

[EN]

(c) obair phríosúnach míleata agus fear a bheas faoi choinneáil iontu;

[EN]

(d) a chur ar chumas na bpríosúnach nó na bhfear sin loghadh a thuilleamh i gcuid dá bpianbhreith trí dhúthracht oibre ar leith agus trí dhea-iompar;

[EN]

(e) aicmiú príosúnach míleata agus fear a bheas faoi choinneáil;

[EN]

(f) slán-choimeád na bpríosúnach nó na bhfear sin, agus araíonacht a choinneáil orthu, agus cionta a dhéanfas na príosúnaigh nó na fir sin a phionósú trína gceartú go pearsanta, trína gcur faoi dhlúth-smacht, nó ar shlí eile;

[EN]

(g) na príosúnaigh nó na fir sin a scaoileadh go sealadach, sna cásanna sin agus ar feadh na dtréimhsí sin agus faoi réir na gcoinníollacha sin a forordófar leis na rialacha.

[EN]

(2) Ní údaróidh rialacha faoin alt seo pionós coirp a thabhairt i leith aon chiona ná ní dhéanfaid an phríosúntacht ná an choinneáil níos déine ná mar bheas sí faoin dlí a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire in aon phríosún poiblí.

[EN]

(3) I gcás aon duine a scaoileadh go sealadach as príosún míleata nó as beairic coinneála do réir rialacha faoin alt seo, déanfar caitheamh aon phianbhreithe a bheas sé a chur isteach d'fhionraí ar feadh na tréimhse dar tosach an lá i ndiaidh lae a scaoilte agus dar críoch lá a fhillte ar an bpríosún nó ar an mbeairic coinneála nó lá a ghlactha i gcoimeád ar shlí eile faoi fho-alt (4) den alt seo.

[EN]

(4) Má mhainníonn aon duine a scaoileadh go sealadach as príosún míleata nó as beairic coinneála, do réir rialacha faoin alt seo, aon cheann de na coinníollacha faoinar scaoileadh é a chomhlíonadh nó filleadh ar ais i gceann na tréimhse dar scaoileadh é—

[EN]

(a) féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána é a ghabháil gan barántas nó féadfar é a ghlacadh i gcoimeád seirbhíse, agus féadfar é a choinneáil i gcoimeád sibhialta nó i gcoimeád seirbhíse go dtí go dtabharfar ar ais go dtí an príosún míleata nó an beairic coinneála é;

[EN]

(b) mura dtionscantar imeachta ina choinne faoi alt 135 nó 137, dlífear pé pionós a chur air a forordófar leis na rialacha.

[EN]

(5) Déanfaidh rialacha faoin alt seo foráil chun feidhm, le pé modhnuithe agus oiriúnuithe is cuí leis an Aire, a thabhairt, maidir le príosúin mhíleata agus beairicí coinneála, do na forála i dtaobh dualgas dochtúirí oifigiúla atá in alt 74 den Prisons (Ireland) Act, 1826, agus in ailt 52 agus 53 den General Prisons (Ireland) Act, 1877, agus do na forála i dtaobh dualgas séiléirí atá in alt 54 den General Prisons (Ireland) Act, 1877, adúradh.

[EN]

(6) Gach riail a déanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an riail sin a leagadh faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag neamhniú na rialach sin, beidh an riail ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin riail sin.

[EN]

Cabhrú le príosúnaigh éaló as príosúin mhíleata agus beairicí coinneála.

234.—Gach duine a chabhrós le haon phríosúnach éaló, nó iarracht a dhéanamh ar éaló, as aon phríosún míleata nó beairic coinneála nó, le hintinn éaló aon phríosúnaigh den tsórt sin d'éascú, a thabharfas, nó a chuirfeas faoi deara go dtabharfar, isteach in aon phríosún míleata nó beairic coinneála aon chealtar, culaith nó bréigriocht eile nó aon litir nó aon earra nó ní eile de shórt ar bith, beidh sé ciontach i bhfeileontacht agus ar a chiontú inti dlífear príosúntacht, le daor-obair nó gan daor-obair, go ceann aon téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

[EN]

Pionós mar gheall ar dheocha meisciúla, druganna nó tobac a thabhairt isteach i bpríosúin mhíleata nó i mbeairicí coinneála.

235.—Gach duine a bhéarfas aon deoch mheisciúil nó aon drug nó tobac isteach, nó a dhéanfas iarracht sin a thabhairt isteach nó a chur isteach i slí ar bith, chun aon phríosúin mhíleata nó aon bheairic coinneála, contrártha do na rialacha do phríosúin mhíleata agus beairicí coinneála, agus gach duine a bheas ar fostú ar fhoireann aon phríosúin nó beairic den tsórt sin agus a cheadós aon deoch mheisciúil nó aon drug nó tobac a dhíol nó d'úsáid ann contrártha do na rialacha sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche púnt nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile a chur air.

[EN]

Pionós mar gheall ar litreacha, etc., a thabhairt isteach i bpríosúin mhíleata nó i mbeairicí coinneála, nó amach astu.

236.—Gach duine a dhéanfas, nó a dhéanfas iarracht, contrártha do na rialacha do phríosúin mhíleata agus beairicí coinneála, aon litir nó doiciméad eile, nó aon earra nach gceadaítear leis na rialacha sin, a thabhairt isteach in aon phríosún nó beairic den tsórt sin nó amach as, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

Duine i bpríosún nó faoi choinneáil d'éirí mí-mheabhrach.

237.—I gcás duine a bheas i bpríosún nó faoi choinneáil de bhuaidh an Achta seo d'éirí mí-mheabhrach, ansin, gan dochar d'aon achtachán eile, féadfaidh Aire Stáit, ar bheirt lia-chleachtóirí cláraithe do shíniú deimhnithe go bhfuil an duine sin mímheabhrach, a ordú an duine sin d'aistriú go dtí ospidéal meabhair-ghalar le go bhfanfaidh sé ansin go ceann na coda neamhchaite de théarma a phianbhreithe príosúntachta nó coinneála ach, ar bheirt lia-chleachtóirí cláraithe dá dheimhniú go bhfuil an duine sin slán-mheabhrach arís, féadfaidh sé a ordú é d'aistriú go dtí aon phríosún nó beairic coinneála ina bhféadfaí é a ghaibhniú mura mbeadh é d'éirí mí-mheabhrach le go gcuirfidh sé isteach ann an chuid eile de théarma a phianbhreithe.

[EN]

Inchoisne ar dhuine faoi phianbhreith a éagfas i bpríosún míleata nó i mbeairic coinneála.

238.—Aon uair a gheobhas duine a bheas faoi phianbhreith bás i bpríosún míleata nó i mbeairic coinneála, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) cuirfidh an cróinéir ag a mbeidh dlínse san áit ina bhfuil an príosún nó an beairic sin inchoisne ar chorp an duine sin;

[EN]

(b) más féidir é, beidh lá glan idir lá an bháis agus dáta an inchoisne sin;

[EN]

(c) is inchoisne le giúiré a cuirfear ar an gcorp;

[EN]

(d) d'ainneoin ailt 5 den Acht Cróinéirí (Leasú), 1927 (Uimh. 1 de 1927), ní bheidh aon duine acu seo a leanas ina chomhalta den ghiúiré sin, is é sin le ná:—

[EN]

(i) comhaltaí d'fhoireann an phríosúin nó an bheairic sin,

[EN]

(ii) daoine a bheas faoi phianbhreith sa phríosún nó sa bheairic sin,

[EN]

(iii) daoine a bheas ag déanamh aon trádála nó gnótha leis an bpríosún nó leis an mbeairic sin.

[EN]

Forála maidir le barántais agus orduithe ó údaráis mhíleata faoi Chaibidil VIII de Chuid V.

239.—(1) I gcás aon phian-tseirbhí míleata nó aon phríosúnach míleata nó aon fhear faoi choinneáil a bheith de thuras na huaire i gcoimeád seirbhíse nó i gcoimeád sibhialta in aon áit nó in aon tslí ina bhféadfaí é a choimeád go dlíthiúil de bhun an Achta seo, ní measfar coimeád an phian-tseirbhí nó an phríosúnaigh nó an fhir sin a bheith neamhdhlíthiúil de dheasca amháin aon neamhfhoirmiúlacht nó earráid a tharlú i gcorp, nó a tharlú i leith, an orduithe, an bharántais, nó an doiciméid eile nó an údaráis ar tríd nó dá bhun a tugadh an pian-tseirbhí, an príosúnach nó an fear sin faoi choimeád nó atá sé á choinneáil i gcoimeád, agus féadfar aon ordú, barántas nó doiciméad den tsórt sin a leasú dá réir sin,

[EN]

(2) Má bhíonn pian-tseirbhí míleata nó príosúnach míleata nó fear faoi choinneáil, nó duine faoin dlí míleata a cúisíodh i gcion, ina phríosúnach nó ina fhear atá i gcoimeád seirbhíse agus, chun é d'iompar ar muir, go seachadfar é ar bord loinge don duine a bheas i gceannas na loinge nó d'aon duine eile ar bord na loinge a bheas ag gníomhú faoi údarás an cheannasaí, beidh ordú an údaráis mhíleata á údarú an príosúnach nó an fear d'iompar ar muir ina leor-údarás don duine sin, agus don duine a bheas de thuras na huaire i gceannas na loinge, chun an príosúnach nó an fear sin a choinneáil i gcoimeád agus chun é d'iompar do réir an orduithe, agus measfar an príosúnach nó an fear a bheith á choinneáil i gcoimeád seirbhíse le linn dó bheith á choinneáil amhlaidh.

Caibidil IX.

Rialacha Nós Imeachta.

[EN]

Rialacha nós imeachta.

240.—(1) Féadfaidh an tAire rialacha (dá ngairmtear rialacha nós imeachta san Acht seo) a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) tionól agus nós imeachta cúirteanna fiosrúcháin agus bord;

[EN]

(b) na bearta a déanfar chun duine a thabhairt chun a thriala ag armchúirt;

[EN]

(c) comóradh agus comhdhéanamh armchúirteanna;

[EN]

(d) armchúirteanna a chur ar atráth agus a lán-scor, agus suíonna armchúirteanna;

[EN]

(e) an nós imeachta a leanfar i dtriala ag armchúirteanna;

[EN]

(f) cinnte agus pianbhreitheanna armchúirteanna a dhaingniú agus d'athbhreithniú;

[EN]

(g) pianbhreitheanna armchúirteanna a chur i bhfeidhm;

[EN]

(h) tíolacadh achainíocha ó dhaoine nó thar ceann daoine ar ar thug armchúirteanna pianbhreith;

[EN]

(i) foirm na n-orduithe a déanfar faoi na forála den Chuid seo a bhaineas le harmchúirteanna, pian-tseirbhís, príosúntacht nó coinneáil;

[EN]

(j) aon ní nó rud dá dtagartar sa Chuid seo (seachas Caibidil IV agus X) mar ní nó rud forordaithe;

[EN]

(k) aon ní nó rud eile atá foirstineach nó riachtanach chun an tAcht seo a chur in éifeacht, a mhéid a bhaineas le himscrúdú, triail agus pionósú cionta is intriala nó is inphionóis do réir an dlí mhíleata.

[EN]

(2) Ní bheidh aon ní contrártha don Chuid seo ná ar neamhréir léi i rialacha nós imeachta.

[EN]

(3) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar rialacha nós imeachta.

[EN]

(4) Féadfaidh rialacha nós imeachta a fhoráil go dtógfar faoi mhionn coimriú scríofa ar fhianaise, agus féadfaidh a chumhachtú d'oifigeach ceannais, nó d'aon oifigeach eile a dtreoróidh seisean an coimriú sin a thógaint os a chomhair, daoine a chur faoi mhionn chuige sin.

[EN]

(5) Féadfaidh rialacha nós imeachta maidir le cúirteanna fiosrúcháin a fhoráil go dtógfar fianaise faoi mhionn agus féadfaid a chumhachtú do chúirteanna fiosrúcháin daoine a chur faoi mhionn chuige sin.

[EN]

(6) Gach riail a déanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an riail sin a leagadh faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag neamhniú na rialach sin, beidh an riail sin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin riail sin.

Caibidil X.

Cionta Ilghnéitheacha ag Comhaltaí de na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

Pionós ar chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca a ghabhfas le fórsaí armtha Stáit eile.

241.—Más rud é, laistigh nó lasmuigh den Stát, go nglacfaidh aon chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca, nuair nach mbeidh sé faoin dlí míleata, coimisiún, nó fruilíocht chun fónamh, i bhfórsaí armtha Stáit eile, beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear príosúntacht go ceann téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

[EN]

Pionósú cionta áirithe ag cúltacairí.

242.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) nuair a ceanglófar ar chúltacaire, le rialacháin do na hÓglaigh Cúltaca, freastal in áit áirithe ag am áirithe, go mainneoidh sé, gan leithscéal réasúnach, freastal san áit sin agus ag an am sin, nó,

[EN]

(b) go ndéanfaidh cúltacaire caint bhagrach nó mhaslach nó go n-iompróidh sé é féin go heasumhal le haon oifigeach nó le haon oifigeach neamhchoimisiúnta a bheas, de bhun rialachán do na hÓglaigh Cúltaca, ag gníomhú i bhfeidhmiú a oifige agus a bheadh, dá mbeadh an cúltacaire sin faoin dlí míleata, ina oifigeach uachtarach air, nó

[EN]

(c) go gcuirfidh cúltacaire aon fhreagra easumhal ar aon fhógra a seirbheálfar air faoin Acht seo nó faoi rialacháin do na hÓglaigh Cúltaca, nó

[EN]

(d) go bhfaighidh cúltacaire, le haon chalaois, aon pháigh nó aon tsuim eile contrártha do rialacháin faoi alt 97 nó go mbeidh sé cúlpháirteach ina fáil amhlaidh, nó

[EN]

(e) go mainneoidh cúltacaire, gan cúis réasúnach, rialacháin do na hÓglaigh Cúltaca a chomhlíonadh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

[EN]

(2) Má dhéanann cúltacaire cion faoin alt seo, féadfar é a thógáil faoi choimeád seirbhíse.

[EN]

(3) Má dhéanann cúltacaire cion faoin alt seo i láthair aon oifigigh, féadfaidh an t-oifigeach sin, más oiriúnach leis é, in ionad a ordú go dtógfar an cúltacaire sin i gcoimeád seirbhíse, a ordú go dtógfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána i gcoimeád é.

[EN]

(4) Nuair a ceanglófar ar chúltacaire de bhun rialachán do na hÓglaigh Cúltaca freastal in aon áit, beidh deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag oifigeach nó ag duine a mbeidh luaite sa deimhniú sin gur ceapadh é chun bheith i láthair san áit sin chun cigireacht a dhéanamh ar chúltacairí, nó chun aon chríche eile a bhainfeas leis na hÓglaigh Cúltaca, agus adéarfas nach ndearna an cúltacaire sin freastal do réir an cheanglais sin, ina fhianaise ar an neamhfhreastal sin, gan cruthúnas ar shíniú ná ar cheapadh an oifigigh nó an duine sin, in aon imeachta faoin alt seo.

[EN]

(5) San alt seo, ciallaíonn an abairt “rialacháin do na hÓglaigh Cúltaca” rialacháin faoi alt 92 nó 94.

[EN]

Neamhfhreastal cúltacaire a gairmfear amach le haghaidh tréineála nó ar buantseirbhís, etc.

243.—(1) Má gairmtear cúltacaire amach le haghaidh tréineála nó ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta agus go mainneoidh an cúltacaire sin, gan cead d'fháil go dleathach nó gan breoiteacht a bheith air nó leathscéal réasúnach eile aige a bheas ceadaithe sa tslí fhorordaithe, teacht i láthair aon tráth agus in aon áit ar ceanglaíodh air freastal nuair a gairmeadh amach amhlaidh é, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) más ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta a gairmeadh amach é, beidh an cúltacaire sin ciontach, do réir na n-imthosca, i dtréigean nó i neamhláithreacht gan cead;

[EN]

(b) más le haghaidh tréineála a gairmeadh amach é, beidh an cúltacaire sin ciontach i neamhláithreacht gan cead.

[EN]

(2) Má dhéanann cúltacaire, de bhuaidh an ailt seo, cion tréigin nó neamhláithreachta gan cead, dlífear—

[EN]

(a) é a thriail ag armchúirt agus é a chiontú agus a phionósú dá réir, nó

[EN]

(b) é a thriail go hachomair ag an gCúirt Dúiche agus ar é a chiontú ag an gcúirt sin fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

[EN]

(3) Measfar aon chion a dhéanfas cúltacaire, agus is inphionóis faoin alt seo ar a chiontú ag armchúirt, a bheith, chun gach críche a bhainfeas le gabháil, triail agus pionósú an chiontóra, lena n-áirítear triail a cháis go hachomair ag a oifigeach ceannais, ina chion in aghaidh an dlí mhíleata.

[EN]

(4) Aon duine a cúiseofar i gcion is intriala faoin alt seo ag armchúirt agus ag an gCúirt Dúiche, ní dlífear é a thriail ag armchúirt agus ag an gCúirt Dúiche araon, ach féadfar é a thriail ag ceachtar acu do réir mar threorós an t-údarás míleata forordaithe.

[EN]

(5) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le himeachta in aghaidh ciontóra os comhair armchúirte nó os comhair a oifigigh ceannais nó os comhair na Cúirte Dúiche i leith ciona is inphionóis faoin alt seo, is é sin le rá:—

[EN]

(a) féadfar na himeachta sin a thionscnamh, pé acu bheas nó nach mbeidh a théarma seirbhíse sna hÓglaigh Cúltaca caite;

[EN]

(b) féadfar, d'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon Acht eile, na himeachta sin a thionscnamh laistigh de dhá mhí i ndiaidh pé trátha acu seo a leanas is déanaí, is é sin le rá:—

[EN]

(i) an tráth a gheobhas an t-údarás míleata forordaithe fios an chiona, nó

[EN]

(ii) an tráth a gabhfar an ciontóir.

[EN]

Taifead agus fianaise maidir le neamhláithreacht chúltacairí a gairmfear amach, etc.

244.—I gcás—

[EN]

(a) cúltacaire a gairmeadh amach le haghaidh tréineála nó ar buan-tseirbhís nó i gcabhair ar an gcumhacht shibhialta do mhainniú teacht i láthair pé tráth agus i pé áit ar ceanglaíodh air freastal, nuair a gairmeadh amach amhlaidh é, agus

[EN]

(b) a neamhláithreacht do mharthain ceithre lá déag ar a laghad,

[EN]

taifeadfaidh an t-oifigeach forordaithe an neamhláithreacht sin sa tslí fhorordaithe sna leabhair sheirbhíse fhorordaithe, agus is fianaise dochloíte gur tharla an neamhláithreacht sin an taifead sin.

[EN]

Comhalta de na hÓglaigh Cúltaca do dhíol, etc., a threalaimh go héagórach.

245.—I gcás aon duine (is comhalta nó ba chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca)—

[EN]

(a) do chur aon earra a heisíodh chuige mar chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca i gceal go toiliúil, nó dá díol nó dá geall-earbadh, nó dá díthiú nó dá damáistiú go héagórach, nó dá cailliúint go faillíoch,

[EN]

(b) do dhiúltú aon earra den tsórt sin a thabhairt suas ar an Aire, nó aon duine a bheas ag gníomhú thar ceann an Aire, dá éileamh sin air,

[EN]

ansin—

[EN]

(i) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air,

[EN]

(ii) féadfaidh an Chúirt a thriailfeas an duine sin, pé acu a chiontós sí nó nach gciontóidh sí sa chion é, a ordú dhó luach na hearra sin d'íoc leis an Aire.

[EN]

Rialacháin chun críocha Caibidile X de Chuid V.

246.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon duine, ní nó rud dá dtagartar sa Chaibidil seo mar dhuine, ní nó rud forordaithe.

Caibidil XI.

Cruthú ar nithe áirithe mar Fhianaise in Imeachta os comhair Cúirteanna Sibhialta agus Armchúirteanna.

[EN]

Fianaise maidir le hoifigigh de na hÓglaigh Cúltaca a bheith faoin dlí míleata.

247.—Aon deimhniú faoi láimh dhuine a bheas údaraithe ag an Aire chun deimhnithe a dhéanamh faoin alt seo ag deimhniú na nithe a luaitear in aon mhír acu seo a leanas, is é sin le rá—

[EN]

(a) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go ndearnadh tráth sonraithe é d'ordú ar seirbhís nó ar dualgas a dhligh sé a dhéanamh mar oifigeach a bhain leis na hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(b) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go raibh sé ar feadh tréimhse sonraithe ar fostú ar seirbhís nó ar dualgas a dhligh sé a dhéanamh mar oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(c) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go raibh sé ar feadh tréimhse sonraithe ar ceangal le comhlucht trúpaí a bhí de thuras na huaire faoin dlí míleata,

[EN]

(d) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go raibh sé ar feadh tréimhse sonraithe ag déanamh dualgais le comhlucht trúpaí a bhí de thuras na huaire faoin dlí míleata,

[EN]

(e) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus gur ordaigh na húdaráis mhíleata ar dualgas é tráth sonraithe,

[EN]

(f) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go raibh sé ar feadh tréimhse sonraithe ag freastal tréineála go saorálach,

[EN]

(g) go raibh duine a bheas ainmnithe sa deimhniú sin ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca ar feadh tréimhse sonraithe agus go raibh sé ar feadh tréimhse sonraithe faoi chóireáil in ospidéal míleata,

[EN]

beidh sé in imeachta faoin Acht seo, pé acu os comhair cúirte sibhialta nó os comhair armchúirte é, ina fhianaise prima facie ar na nithe a deimhneofar amhlaidh agus ní gá cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartós an deimhniú sin a dhéanamh ná ar é a bheith údaraithe amhlaidh.

[EN]

Fianaise ar dhoiciméid agus nithe áirithe.

248.—Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le fianaise in imeachta faoin Acht seo os comhair armchúirte nó cúirte sibhialta—

[EN]

(a) beidh cóip den Iris Oifigiúil, a airbheartós fógra faoi alt 52 d'fhoilsiú, ina fianaise ar an ní a bheas sa bhfógra;

[EN]

(b) beidh aon pháipéar fianuithe, a airbheartós a bheith sínithe ag aon duine ar é d'fhianú mar fhear in aon chuid d'Óglaigh na hÉireann, ina fhianaise gur thug an duine sin, mar fhreagra ar na ceisteanna sa pháipéar fianuithe sin, na freagraí a bheas curtha ina leith sa pháipéar sin;

[EN]

(c) féadfar líostáil duine sna Buan-Óglaigh nó sna hÓglaigh Cúltaca a chruthú trí fhinné faoi mhionn do thabhairt cóipe de pháipéar fianuithe an duine sin ar aird a airbheartós a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag an oifigeach ag a mbeidh coimeád an pháipéir fhianuithe bhunaidh sin, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin ná ar an bpáipéar fianuithe bunaidh sin a bheith á choimeád aige;

[EN]

(d) aon litir, tuairisceán nó doiciméad eile—

[EN]

(i) i dtaobh duine a bheith nó gan a bheith, aon tráth nó trátha sonraithe, ag fónamh in aon chuid d'Óglaigh na hÉireann nó arna urscaoileadh aisti, nó

[EN]

(ii) i dtaobh aon chéim nó ceapachán a bheith ag duine, nó gan a bheith aige, in aon chuid d'Óglaigh na hÉireann, nó i dtaobh é a bheith, nó gan é a bheith, postaithe nó aistrithe chuici nó ceangailte léi, nó i dtaobh é a bheith, nó gan é a bheith, ag fónamh in áit áirithe, nó

[EN]

(iii) i dtaobh údarás a bheith, nó gan a bheith, ag duine aon oirneas, bonn, ribín boinn, suaitheantas, síog chréachta, inchomharthaí céime nó feathal a chaitheamh, ar cion faoi alt 267 duine neamhúdaraithe dá n-úsáid nó dá gcaitheamh,

[EN]

a airbheartós a bheith sínithe ag an Aire nó thar a cheann nó ag oifigeach ceannais, nó thar ceann oifigigh ceannais, aon choda d'Óglaigh na hÉireann a ndealróidh sé gur bhain an duine sin léi nó a líomhnóidh sé go mbaineann nó gur bhain sé léi, beidh sé ina fhianaisc prima facie ar na fíorais iomchuí a bheas ráite sa litir, sa tuairisceán nó sa doiciméad eile sin;

[EN]

(e) beidh Liosta d'Óglaigh na hÉireann nó Iris d'Óglaigh na hÉireann (pé acu clóite nó roth-ghraifnithe dhó), a airbheartós a bheith arna eisiúint faoi údarás an Aire ag an Ard-Aidiúnach, ina fhianaise ar stádas agus céim aon oifigigh a bheas luaite ann agus ar aon cheapachán a bheas aige agus ar an aonad lena mbaineann sé nó lena bhfuil sé i gceangal;

[EN]

(f) beidh Liosta agus Treorachán Cabhlaigh (pé acu clóite nó roth-ghraifnithe dhó), a airbheartós a bheith arna eisiúint faoi údarás an Aire ag an Ard-Aidiúnach, ina fhianaise—

[EN]

(i) gur long Stáit aon long a bheas luaite ann mar long Stáit, agus

[EN]

(ii) ar stádas agus céim choimisiúnta chabhlaigh aon oifigigh a bheas luaite ann agus ar aon cheapachán a bheas aige;

[EN]

(g) má déantar taifead i leabhar seirbhíse, de bhun an Achta seo nó aon rialachán faoin Acht seo nó ar shlí eile de bhun dualgais mhíleata, agus go n-airbheartóidh sé a bheith sínithe ag an oifigeach ceannais nó ag an oifigeach arb é a dhualgas an taifead sin a dhéanamh—

[EN]

(i) beidh an taifead sin ina fhianaise ar na fíorais a bheas luaite ann,

[EN]

(ii) beidh cóip den taifead sin, a airbheartós a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag an oifigeach ag a mbeidh coimeád an leabhair sheirbhíse sin, ina fhianaise prima facie ar an taifead sin, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin ná ar an leabhar seirbhíse sin a bheith á choimeád aige;

[EN]

(h) measfar aon bharántas nó ordú a dhéanfas údarás míleata faoin Acht seo a bheith ina fhianaise ar na nithe a dtreoraítear leis an Acht seo, nó a dtreorófar de bhun an Achta seo, iad a lua ann;

[EN]

(i) beidh doiciméad, a airbheartós a bheith ina chóip d'aon ionstraim (ar barántas nó ordú í a bheas déanta ag údarás míleata faoin Acht seo) ina fhianaise prima facie ar an ionstraim sin, má bhíonn sé deimhnithe ag oifigeach a bheas údaraithe chuige sin ag an Aire gur cóip dhílis é den ionstraim sin, agus ní gá cruthúnas ar shíniú an oifigigh a dheimhnigh an doiciméad sin amhlaidh ná ar é a bheith údaraithe amhlaidh;

[EN]

(j) más iad imeachta a bheas ann imeachta in aghaidh oifigigh nó fir (dá ngairmtear an cúisí sa mhír seo) ar chúiseamh gur tréigtheoir nó neamhláithrí é, agus go mbeidh comhalta den Gharda Síochána nó aon oifigeach nó fear tar éis an cúisí a ghabháil, nó go mbeidh an cúisí tar éis é féin a thabhairt suas i gcoimeád aon oifigigh nó aon choda d'Óglaigh na hÉireann, is fianaise ar na nithe a bheas ráite ann deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag an gcomh alta den Gharda Síochána, ag an oifigeach nó ag an bhfear a ghabh an cúisí, nó ag an oifigeach dár thug an cúisí é féin suas nó ag oifigeach ceannais na coda d'Óglaigh na hÉireann dár thug sé é féin suas, agus adéarfas gur gabhadh an cúisí nó gur thug sé é féin suas amhlaidh agus a luafas dáta, am agus áit a dhéanta sin agus adéarfas cé acu bhí an cúisí a thug é féin suas amhlaidh faoi éide, nó nach raibh, nuair a gabhadh é nó nuair a thug sé é féin suas;

[EN]

(k) más iad imeachta a bheas ann imeachta in aghaidh oifigigh nó fir (dá ngairmtear an cúisí sa mhír seo) ar chúiseamh gur tréigtheoir nó neamhláithrí é, agus go mbeidh an cúisí tar éis é féin a thabhairt suas d'aon chomhalta den Gharda Síochána, is fianaise ar na nithe a bheas ráite ann deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag an gcomhalta sin nó ag an duine a bhí i bhfeighil stáisiún Gharda Shíochána an tráth ar sheachaid an duine sin an cúisí i gcoimeád seirbhíse, agus adéarfas gur thug an cúisí é féin suas amhlaidh agus a luafas an dáta, an t-am agus an áit ar thug sé é féin suas amhlaidh agus adéarfas cé acu bhí an cúisí faoi éide, nó nach raibh, an tráth a thug sé é féin suas;

[EN]

(l) más iad imeachta a bheas ann imeachta in aghaidh oifigigh nó fir (dá ngairmtear an cúisí sa mhír seo) ar chúiseamh gur tréigtheoir nó neamhláithrí é, agus go mbeidh comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach nó fear tar éis an cúisí a ghabháil agus é a thabhairt go dtí stáisiún Gharda Shíochána nó go mbeidh an cúisí tar éis é féin a thabhairt suas do chomhalta den Gharda Síochána ag stáisiún Gharda Shíochána, is fianaise ar na nithe a bheas ráite ann deimhniú a airbheartós a bheith sínithe ag an gcomhalta den Gharda Síochána a bhí i bhfeighil an stáisiúin sin an tráth a seachadadh an cúisí i gcoimeád seirbhíse, agus adéarfas gur gabhadh an cúisí nó gur thug sé é féin suas agus a luafas an dáta agus an áit ar gabhadh é nó ar thug sé é féin suas agus adéarfas cé acu bhí an cúisí faoi éide, nó nach raibh, an tráth a gabhadh é nó a thug sé é féin suas.

[EN]

Fianaise ar chiontú nó éigiontú ag cúirt shibhialta.

249.—(1) Aon uair a triailfear aon duine a bheas faoin dlí míleata ag aon chúirt shibhialta, is fianaise ar chiontú agus ar phianbhreith an duine sin, nó ar ordú na cúirte, nó ar éigiontú an duine sin, do réir mar bheas, deimhniú ó chléireach na cúirte sin nó óna ionadaí nó ó aon oifigeach eile ag a mbeidh coimeád taifead na cúirte sin, ina sonrófar an cion a ndearnadh an duine sin faoin dlí míleata a thriail ina leith, maraon le breithiúnas na cúirte air, nó, má héigiontaíodh an duine sin, maraon leis an éigiontú.

[EN]

(2) Bainfidh an t-alt seo le fear de na hÓglaigh Cúltaca a triailfear ag cúirt shibhialta, pé acu a bheas nó nach mbeidh sé faoin dlí míleata tráth a thriala.

[EN]

Fianaise ar imeachta armchúirte.

250.—(1) Measfar imeachta bunaidh armchúirte a airbheartós a bheith sínithe ag uachtarán na harmchúirte, agus a bheas faoi choimeád an oifigigh fhorordaithe ag a mbeid á gcoimeád go dleathach, a bheith chomh poiblí sin iontu féin nach gá ach iad a thabhairt ar aird as an gcoimeád sin chun iad a bheith inghlactha i bhfianaise, agus beidh aon chóip a airbheartós a bheith deimhnithe ag an oifigeach forordaithe ag a mbeid á gcoimeád amhlaidh mar chóip dhílis de na himeachta sin, nó d'aon chuid díobh, inghlactha i bhfianaise, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin.

[EN]

(2) Aon uair a triailfear aon duine a bheas faoin dlí míleata ag armchúirt, is fianaise ar na nithe a bheas sonraithe ann deimhniú ón oifigeach forordaithe ag a mbeidh coimeád imeachta bunaidh na harmchúirte ina sonrófar áit agus dáta na triala, an cion ar triaileadh an duine sin ina leith, maraon le cinneadh agus pianbhreith na harmchúirte agus an beart a rinne an t-údarás daingniúcháin maidir leo nó, má héigiontaíodh an duine sin, maraon leis an éigiontú.

Caibidil XII.

Gabháil daoine a mbeifear in amhras orthu gur Tréigtheoirí nó Neamhláithrithe iad.

[EN]

Gabháil daoine a mbeifear in amhras orthu gur tréigtheoirí nó neamhláithrithe iad.

251.—(1) Má bhíonn cúiseanna réasúnacha amhrais ag oifigeach nó ag fear nó ag comhalta den Gharda Síochána gur tréigtheoir nó neamhláithrí aon duine áirithe, féadfaidh sé, gan barántas, an duine sin a ghabháil agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an duine sin (dá ngairmtear an duine faoi ghabháil sa bhfo-alt seo) a éileamh go ndéanfar, faoin gcéad mhír ina dhiaidh seo, fiosrú maidir lena ghabháil, agus cuirfidh an duine a rinne an ghabháil a cheart faoin mír seo in iúl don duine faoi ghabháil;

[EN]

(b) má éilíonn an duine faoi ghabháil an fiosrú sin—

[EN]

(i) bhéarfar an duine faoi ghabháil os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche nó Feadhmannaigh Shíochána, agus féadfar idir dhá linn é a choinneáil in aon stáisiún Gharda Shíochána;

[EN]

(ii) déanfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche nó an Feadhmannach Síochána a dtabharfar an duine faoi ghabháil os a chomhair fiosrú maidir leis an ngabháil, agus

[EN]

(I) más deimhin leis gur tréigtheoir nó neamhláithrí an duine faoi ghabháil, bhéarfaidh go ndéanfar láithreach an duine faoi ghabháil a sheachadadh i gcoimeád seirbhíse nó, go dtí go bhféadfar é a sheachadadh amhlaidh, a chur dá chimiú chun príosúin éigin nó chun stáisiúin éigin Gharda Shíochána go ceann pé tréimhse is dóigh leis is gá go réasúnach chun bearta a dhéanamh leis an duine faoi ghabháil a ghlacadh i gcoimeád seirbhíse,

[EN]

(II) mura deimhin leis sin, ordóidh sé an duine faoi ghabháil a scaoileadh;

[EN]

(iii) féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche nó an Feadhmannach Síochána a dtabharfar an duine faoi ghabháil os a chomhair an fiosrú a chur ar atráth ó am go ham agus, má dhéanann sé amhlaidh, ordóidh sé an duine faoi ghabháil a choinneáil, le linn an fiosrú a bheith ar atráth amhlaidh, i bpríosún nó i stáisiún Gharda Shíochána;

[EN]

(c) mura n-éileoidh an duine faoi ghabháil an fiosrú sin, féadfaidh an duine a rinne an ghabháil é a sheachadadh i gcoimeád seirbhíse agus, go dtí go seachadfaidh amhlaidh é féadfar, ar an duine a rinne an ghabháil dá fhoréileamh sin i scríbhinn, an duine faoi ghabháil a choinneáil in aon phríosún nó stáisiún Gharda Shíochána.

[EN]

(2) Má thugann duine é féin suas d'oifigeach nó d'fhear nó do chomhalta den Gharda Síochána agus go líomhnóidh sé gur tréigtheoir nó neamhláithrí é, féadfaidh an t-oifigeach nó an fear sin, nó an comhalta sin den Gharda Síochána, an duine sin a sheachadadh i gcoimeád seirbhíse agus, go dtí go seachadfaidh é, féadfar, ar an oifigeach nó an fear sin, nó an comhalta sin den Gharda Síochána, dá fhoréileamh sin i scríbhinn, an duine sin a choinneáil in aon phríosún nó in aon stáisiún Gharda Shíochána.

CUID VI.

Cionta maidir le hÓglaigh na hÉireann agus le Maoin Mhíleata.

[EN]

Earcaigh a bheith inphionóis mar gheall ar fhreagraí bréagacha.

252.—Má thugann aon duine, go feasach, freagra bréagach ar aon cheist, i bpáipéar fianuithe, a bheas curtha air ag an oifigeach, nó faoi threoir an oifigigh, a mbeidh sé os a chomhair lena fhianú do réir rialachán earcaíochta, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

Pionós ar dhuine a ligfeas air féin gur tréigtheoir nó neamhláithrí é.

253.—Aon duine a chuirfeas i gcéill go bréagach d'aon údarás míleata nó sibhialta gur tréigtheoir nó neamhláithrí é, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sin ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

Eadairise, etc., a ghríosadh.

254.—(1) Aon duine a ghríosfas aon duine faoin dlí míleata, nó a dhéanfas iarracht é a ghríosadh, i slí ar bith—

[EN]

(a) chun frithcheilge, nó

[EN]

(b) chun a dhiúltú orduithe dleathacha a chomhlíonadh a bhéarfas oifigeach uachtarach dó, nó

[EN]

(c) chun a dhiúltú, a fhaillí nó a loiceadh aon cheann dá dhualgais a chomhlíonadh, nó

[EN]

(d) chun aon ghníomh eile a dhéanamh contrártha dá dhualgas,

[EN]

beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

[EN]

(2) Aon duine a mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh, gan leathscéal dleathach, aon doiciméad de chineál gur chion faoi fho-alt (1) den alt seo é a leathadh i measc comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann, beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

[EN]

Pionós mar gheall ar chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a mhealladh, etc. chun tréigean.

255.—Aon duine a dhéanfas i slí ar bith aon ní acu seo a leanas—

[EN]

(a) a bhéarfas nó a áiteos, nó a dhéanfas iarracht a thabhairt nó a áiteamh, ar aon duine faoin dlí míleata tréigean a dhéanamh nó fanacht as láthair gan cead, nó

[EN]

(b) a bhéarfas nó a áiteos, nó a dhéanfas iarracht a thabhairt nó a áiteamh, ar aon chúltacaire tréigean a dhéanamh nó fanacht as láthair gan cead do réir bhrí ailt 243, nó

[EN]

(c) a bhéarfas cabhair nó cúnamh, agus a fhios aige go bhfuil sé ar tí tréigean nó fanacht as láthair gan cead, do dhuine faoin dlí míleata tréigean a dhéanamh nó fanacht as láthair gan cead, nó

[EN]

(d) a bhéarfas cabhair nó cúnamh, agus a fhios aige go bhfuil sé ar tí tréigean nó fanacht as láthair gan cead, do réir bhrí ailt 243, do chúltacaire tréigean a dhéanamh nó fanacht as láthair gan cead amhlaidh, nó

[EN]

(e) a dhéanfas, agus a fhios aige é a bheith ina thréigtheoir nó ina neamhláithrí, aon duine faoin dlí míleata a cheilt nó cabhair nó cúnamh a thabhairt lena cheilt nó cabhair nó cúnamh a thabhairt lena theasargain, nó

[EN]

(f) a dhéanfas, agus a fhios aige é a bheith ina thréigtheoir nó ina neamhláithrí gan cead do réir bhrí ailt 243, aon cúltacaire a cheilt nó cabhair nó cúnamh a thabhairt lena cheilt nó cabhair nó cúnamh a thabhairt lena theasargain,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

Pionós mar gheall ar earcaiocht neamhdhleathach nó cur isteach ar earcaíocht.

256.—(1) Duine ar bith gan údarás cuí (agus is ar an duine sin a bheas an t-údarás sin a chruthú)—

[EN]

(a) a ghníomhós nó a airbheartós gníomhú mar earcaitheoir nó mar dhuine atá údaraithe chun earcaigh a liostáil, nó

[EN]

(b) a fhoilscos, nó a chuirfeas dá bhfoilsiú, fógraí nó fógráin chun carcaigh d'fháil d'Óglaigh na hÉireann, nó a bhainfeas le hearcaigh d'Óglaigh na hÉireann, nó

[EN]

(c) a ghlacfas aon duine faoi aon fhógrán den tsórt sin,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(2) Má dhéanann duine ar bith—

[EN]

(a) aon ní a chraobhscaoileadh, a chlóbhualadh nó d'fhoilsiú go toiliúil chun cosc nó bac a chur le hearcaíocht d'Óglaigh na hÉireann, nó

[EN]

(b) bac a chur go díreach nó go neamhdhíreach le seirbhís earcaíochta Óglaigh na hÉireann,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(3) Gach duine a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

[EN]

Pionós mar gheall ar chur isteach ar dhualgais mhíleata, etc.

257.—Duine ar bith—

[EN]

(a) a chuirfeas cosc nó bac, nó a chuirfeas isteach ar shlí eile, go toiliúil, ar aon oifigeach nó fear agus é ag comhlíonadh a dhualgas, nó

[EN]

(b) a thabharfas aon ghalar nó éiglíocht ar aon duine, nó a bhallbhascfas nó a dhíobhálfas aon duine, go toiliúil, arb eol dó gur fear é, d'fhonn a chur ar chumas an fhir sin seirbhís mhíleata a sheachaint, nó

[EN]

(c) a dhéanfas, le hintinn a chur ar chumas fir é féin a dhéanamh, nó a thabhairt go gcreidfí go bhfuil sé, neamhinniúil ar sheirbhís, go buan nó go sealadach, aon druga, ullmhóid nó fearas a sholáthar don fhear sin, nó lena aghaidh, a mbeidh ceaptha dhó, nó ar dóigh dhó, an fear sin a dhéanamh, nó a thabhairt go gcreidfí go bhfuil sé, neamhinniúil ar sheirbhís, go buan nó go sealadach,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sin ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

Pionós mar gheall ar phearsanú.

258.—(1) Duine ar bith—

[EN]

(a) a phearsanós go bréagach agus go meabhlach aon duine le hintinn aon pháigh, luaíocht, pinsean, liúntas, deontas nó aisce mhíleata, nó aon tsuim is iníoctha i leith seirbhíse míleata, nó aon mhaoin nó airgead i seilbh na n-údarás míleata, d'fháil go calaoiseach, nó

[EN]

(b) a chuirfeas i gcéill go bréagach d'aon údarás míleata nó d'aon údarás sibhialta go mbaineann sé le hÓglaigh na hÉireann nó gur comhalta áirithe d'Óglaigh na hÉireann atá, nó a bhí, ann,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

[EN]

(2) Má dhéanann cúltacaire cion faoin alt seo i láthair oifigigh, féadfaidh an t-oifigeach sin an fear sin a ghabháil gan barántas agus, sa chás sin, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, é a sheachadadh faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

[EN]

Dearbhú reachtúil maidir le páigh, etc.

259.—Má fhorálann rialacháin a dhéanfas an tAire faoi alt 97 go mbeidh céannacht an duine a gheobhas aon íocaíocht faoi na rialacháin le cruthú trí dhearbhú reachtúil, féadfaidh aon duine a sonrófar chuige sin sna rialacháin an dearbhú sin a thógaint agus a ghlacadh.

[EN]

Pionós mar gheall ar mhaoin mhíleata áirithe a cheannach.

260.—(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “maoin mhíleata” aon mhaoin arb é atá inti—

[EN]

(a) aon airm, lón lámhaigh (lena n-áirítear buamaí, gránáidí nó diúracáin dá samhail), trealamh, uirlisí nó baill éadaigh a heisíodh chun a n-úsáidte ag comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann, nó

[EN]

(b) aon oirneas míleata le comhalta d'Óglaigh na hÉireann, nó

[EN]

(c) aon troscán, leapachas, pluideanna, braitlíní, áraistí nó stóir faoi chúram míleata, nó

[EN]

(d) aon lón beatha nó foráiste a heisíodh chun a úsáidte ag comhalta d'Óglaigh na hÉireann nó ag a chapall, nó

[EN]

(e) aon chapall nó feithicil a húsáidtear i seirbhís Óglaigh na hÉireann.

[EN]

(2) (a) Aon duine—

[EN]

(i) a cheannós, a mhalairteos, a thógfas ar geallearbadh, a gheobhas nó a ghlacfas aon mhaoin mhíleata ó dhuine ar bith ar dhúmas ar bith, nó

[EN]

(ii) a shirfeas ar aon duine aon mhaoin mhíleata a dhíol, a mhalairtiú, a gheall-earbadh nó a thabhairt uaidh, nó a mheallfas é chun sin a dhéanamh, nó

[EN]

(iii) a bhéarfas cabhair nó a ghníomhós d'aon duine chun aon mhaoin mhíleata a dhíol, a mhalairtiú, a gheall-earbadh, nó a chur i gceal,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air maraon le trí oiread luach aon mhaoine míleata a tháinig ina sheilbh tríd an gcion nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

(b) I gcás duine a chúiseamh i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú—

[EN]

(i) nárbh eol dó, an tráth a rinne sé an gníomh a bheas líomhnaithe sa chúiseamh, gur mhaoin mhíleata iarbhír an mhaoin a ndearnadh an cúiseamh ina leith, nó

[EN]

(ii) gur le hordú nó le toiliú an Aire nó údaráis mhíleata inniúil éigin a díoladh an mhaoin sin, nó

[EN]

(iii) gur mhaoin phearsanta le duine a scoir de bheith ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann, nó le hionadaithe pearsanta dlíthiúla comhalta mhairbh d'Óglaigh na hÉireann, an mhaoin sin.

[EN]

(3) Má gheibhtear aon mhaoin mhíleata i seilbh nó i gcoimeád aon duine, féadfar an duine sin a thabhairt nó a thoghairm os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche, agus má bhíonn cúis réasúnach ag an mBreitheamh sin a chreidiúint gur goideadh, nó gur ceannaíodh, gur malairtíodh, gur tógadh ar geall-earbadh, go bhfuarthas nó gur glacadh, contrártha don alt seo, an mhaoin mhíleata a fuarthas amhlaidh, ansin, mura gcruthaí an duine sin chun sástachta an Bhreithimh sin gur go dleathach agus gan aon tsárú a dhéanamh ar an Acht seo a tharla an mhaoin mhíleata aige a fuarthas amhlaidh, dlífear ar a chiontú go hachomair na pionóis a chur air a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo i leith sáruithe ar an bhfo-alt sin.

[EN]

(4) Féadfar aon duine a gheofar ag déanamh ciona faoin alt seo a ghabháil gan barántas agus é a thabhairt, maraon leis an maoin mhíleata is ábhar don chion, os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche, agus féadfaidh aon duine a dtairgfear aon mhaoin den tsórt sin a dhíol leis, a gheall-earbadh chuige nó a sheachadadh dhó, agus a mbeidh cúis réasúnach aige chun a cheapadh go bhfuil sí á tairiscint contrártha don alt seo, an duine a thairgfeas an mhaoin mhíleata sin a ghabháil gan barántas agus é a sheachadadh, maraon leis an maoin mhíleata sin, faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

[EN]

(5) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, má cruthaítear chun a shástachta faoi mhionn go bhfuil cúis réasúnach ann chun bheith in amhras go bhfuil ag aon duine, ina sheilbh nó ina áitreabh, aon mhaoin mhíleata a ndearnadh ina leith aon chion dá luaitear san alt seo, barántas a dheonadh chun an mhaoin mhíleata sin a chuardach amhail mar d'fhéadfadh i gcás earraí goidte, agus déanfaidh an duine a mbeidh de chúram air an barántas sin d'fhorghníomhú aon mhaoin mhíleata a gheofar sa chuardach sin d'urghabháil, agus bhéarfaidh sé an duine ar ina sheilbh a gheofar í os comhair Breithimh éigin den Chúirt Dúiche chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

[EN]

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar maoin mhíleata a bheith i seilbh nó i gcoimeád duine má bhíonn sí aige, go feasach, i seilbh nó i gcoimeád iarbhír aon duine eile, nó in aon teach, foirgneamh, lóistín, seomra, páirc nó áit, oscailte nó iata, pé acu bheas sin á áitiú aige féin nó nach mbeidh agus pé acu chun a úsáide nó a thairbhe féin nó chun úsáide nó tairbhe dhuine eile a bheas an mhaoin mhíleata sin aige amhlaidh.

[EN]

Seilbh neamhdhleathach ar dheimhnithe urscaoilte, etc.

261.—Má bhíonn ina sheilbh ag aon duine, gan údarás ná leathscéal dleathach (a mbeidh a chruthú sin ar an gcúisí), aon deimhniú urscaoilte le haon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann nó aon doiciméad oifigiúil eile a heisíodh maidir le slógadh nó díshlógadh aon choda d'Óglaigh na hÉireann nó aon chomhalta dhíobh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

Brionnú deimhnithe urscaoilte agus pearsanú.

262.—Duine ar bith—

[EN]

(a) a bhrionnós deimhniú urscaoilte nó aon deimhniú a airbheartós bheith ina dheimhniú urscaoilte, nó

[EN]

(b) a rithfeas aon deimhniú den tsórt sin agus a fhios aige é a bheith brionnaithe, nó

[EN]

(c) a gheobhas fostaíocht nó a dhéanfas iarracht í d'fháil trí bhíthin aon deimhnithe urscaoilte a brionnaíodh nó a góchumadh, nó

[EN]

(d) a phearsanós sealbhóir deimhnithe urscaoilte,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná mí a chur air nó, de rogha na cúirte, fineáil nach mó ná fiche punt agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí a chur air.

[EN]

Feidhm Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932.

263.—Measfar, chun críocha Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 (Uimh. 1 de 1932), gur doiciméad lena mbaineann an tAcht sin aon deimhniú céannachta, deimhniú saoil nó deimhniú eile, nó aon doiciméad oifigiúil, is fianaise ar cheart aon duine, nó a heisíodh i ndáil le ceart aon duine, chun pinsin mhíleata nó chun páighe, nó chun aon deolchaire, liúntais, aisce, fóirthine, sochair nó buntáiste a deontar i ndáil le seirbhís mhíleata, agus forléireofar an tAcht sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Eide a chaitheamh go neamhdhleathach.

264.—(1) Má chaitheann aon duine (nach comhalta d'Óglaigh na hÉireann), gan cead a bheith tugtha dhó ag an Aire nó thar a cheann, aon éide le hÓglaigh na hÉireann nó aon aithris dhealraitheach uirthi, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon éide le hÓglaigh na hÉireann, ná aon aithris dhealraitheach uirthi, a chaitheamh i ndráma stáitse, nó in aon taispeántas nó taibhiú drámúil eile.

[EN]

(3) San alt seo folaíonn an focal “éide” aon chuid shuaithnidh d'éide.

[EN]

Drochmheas a tharraingt ar éide.

265.—(1) Má chaitheann duine ar bith aon éide le hÓglaigh na hÉireann, nó aon chulaith ar a mbeidh cosúlacht, nó ar a mbeidh aon chuid de mharcanna risiminte nó de mharcanna suaithnidh eile, aon éide den tsórt sin, i slí nó in imthosca gur dóigh go dtarraingeofaí drochmheas ar an éide sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(2) Má fhostaíonn duine ar bith aon duine eile chun aon éide le hÓglaigh na hÉireann a chaitheamh, nó aon chulaith ar a mbeidh cosúlacht, nó ar a mbeidh aon chuid de mharcanna risiminte nó de mharcanna suaithnidh eile, aon éide den tsórt sin, i slí nó in imthosca gur dóigh go dtarraingeofaí drochmheas ar an éide sin, beidh an duine a céadluaitear díobh sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(3) Aon duine a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo dlífear ar a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

[EN]

Dathú agus claochló éide, etc.

266.—(1) Má dhéanann duine ar bith, ach amháin faoi réim agus do réir ceada a bheas eisithe ag an Aire nó thar a cheann,

[EN]

(a) aon earra theicstíleach sheirbhíse nó aon earra a bhfuil cúiseanna réasúnacha aige a chreidiúint gur earra theicstíleach sheirbhíse í, nó gur earra theicstíleach sheirbhíse a claochlaíodh í, a dhathú nó a ghlacadh lena dathú, nó

[EN]

(b) aon earra theicstíleach sheirbhíse a chlaochló chun go mba earra eile í nó a ghlacadh lena claochló chun go mba earra eile í,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

(2) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “earra theicstíleach sheirbhíse” aon earra de ghné theicstíleach a heisítear chun, nó chun úsáide, comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann;

[EN]

ciallaíonn an abairt “earra theicstíleach sheirbhíse a claochlaíodh” aon earra theicstíleach sheirbhíse a claochlaíodh chun go mba earra eile í.

[EN]

Usáid neamhúdaraithe, etc., oirneasa, etc.

267.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go n-úsáidfidh nó go gcaithfidh aon duine neamhúdaraithe (dá ngairmtear an ciontóir sa bhfo-alt seo) aon earra lena mbaineann an t-alt seo nó aon aithris dhealraitheach uirthi, nó

[EN]

(b) go gcuirfidh aon duine (dá ngairmtear an ciontóir sa bhfo-alt seo) i gcéill go bréagach gur duine é atá, nó a bhí, i dteideal aon earra lena mbaineann an t-alt seo a chaitheamh, nó

[EN]

(c) go ndéanfaidh aon duine (dá ngairmtear an ciontóir sa bhfo-alt seo), gan údarás ná leathscéal dleathach (a mbeidh a chruthú ar an duine sin féin), aon earra lena mbaineann an t-alt seo a sholáthar, nó go dtairgfidh sé í a sholáthar do dhuine nach bhfuil údarás aige í d'úsáid ná a chaitheamh,

[EN]

beidh an ciontóir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

[EN]

(2) Ní forléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a bheir go mbeidh sé neamhdhleathach gnáth-shuaitheantas risiminte, nó aon bhráidealg nó ornáid i samhail na suaitheantas sin, d'úsáid, a chaitheamh nó a sholáthar.

[EN]

(3) Baineann an t-alt seo le haon earra, a bhaineas nó a ghabhas le seirbhís in Óglaigh na hÉireann, a bheas soláthraithe nó údaraithe ag an Aire agus arb é a bheas inti—

[EN]

(a) oirneas, nó

[EN]

(b) ribín boinn, nó

[EN]

(c) suaitheantas, nó

[EN]

(d) síog chréachta nó sheirbhíse, nó

[EN]

(e) inchomharthaí céime, nó

[EN]

(f) feathal.

[EN]

Pionós mar gheall ar léaráid, etc., a dhéanamh de dhaingne, etc. agus mar gheall ar fhoghail orthu.

268.—(1) Má dhéanann duine ar bith aon léaráid, líníocht, grianghraf, pictiúir, péinteáil, miondealbh, nó nóta, nó má thugann sé iarracht sin a dhéanamh, gan údarás dleathach, d'aon dún, bataire, obair mhachaire nó daingean, nó d'obair chosanta, aeradróm, beairic, post, armthaisce, monarcha mhuinisin nó iosta stóras míleata ar bith, nó d'aon mhaoin eile Rialtais a bheas á háitiú, nó á háitiú go páirteach, ag Óglaigh na hÉireann, nó in aon chuid de, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag, agus forghéillfear gach léaráid, líníocht, grianghraf, pictiúir, péinteáil, miondealbh, agus nóta, agus gach uirlis agus ábhar nó goireas chun léaráid, líníocht, grianghraf, péinteáil nó miondealbh a dhéanamh a gheofar ina sheilbh, agus féadfar iad a dhíthiú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile mar threorós Aire Stáit.

[EN]

(2) Má théann aon duine isteach in aon dún, obair mhachaire nó daingean, nó in obair chosanta, aeradróm, beairic, post, armthaisce, monarcha mhuinisin nó iosta stóras míleata ar bith, nó in aon mhaoin eile Rialtais a bheas á háitiú, nó á háitiú go páirteach, ag Óglaigh na hÉireann, nó in aon chuid de, nó má théann sé ina aice, gan údarás dleathach, agus ábhair nó goireas chun léaráid, líníocht, grianghraf, péinteáil nó miondealbh a dhéanamh ina sheilbh, le hintinn cion a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí, agus forghéillfear gach uirlis agus ábhar nó goireas chun léaráid, líníocht, grianghraf, péinteáil nó miondealbh a dhéanamh a gheofar ina sheilbh, agus féadfar iad a dhíthiú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile mar threorós Aire Stáit.

[EN]

(3) Má dhéanann duine ar bith foghail ar aon dún, bataire, obair mhachaire nó daingean, nó ar obair chosanta, aeradróm, beairic, post, armthaisce, monarcha mhuinisin, iosta stóras nó árthach míleata ar bith, nó ar aon mhaoin eile Rialtais a bheas á háitiú, nó á háitiú go páirteach, ag Óglaigh na hÉireann, nó ar aon chuid de, nó ar aon talamh bheas forcoimeádta lena aghaidh nó a bheas ina chuid de, pé acu bheas nó nach mbeidh aon ní tógtha, nó aon dún, daingean nó obair d'aon chineál déanta, ar an talamh sin, nó foghail ar aon fhoirgneamh nó talamh a bheas forcoimeádta nó curtha de leithligh nó á úsáid i ndáil le riaradh, cóiríocht nó tréineáil aon choda d'Óglaigh na hÉireann, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

[EN]

(4) Féadfaidh aon chomhalta d'Óglaigh na hÉireann nó den Gharda Síochána aon duine a ghabháil gan barántas a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil sé tar éis cion faoin alt seo a dhéanamh, agus féadfaidh sé é a thabhairt os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

[EN]

(5) Aon airgead a thiocfas de thoradh díola nó diúscartha aon earraí a forghéillfear faoin alt seo, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí a threorós an tAire Airgeadais.

CUID VII.

Urinnlíochtaí agus Cleachtas Airtléire, Miscaeid agus Buamála.

[EN]

Cumhacht chun urinnlíochtaí mileata d'údarú.

269.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú (dá ngairmtear ordú údaruithe urinnlíocht san Acht seo), a údarú urinnlíochtaí míleata a dhéanamh laistigh de límistéir shonraithe, agus i rith tréimhse sonraithe a thosnós tráth nach luaithe ná mí tar éis dáta an orduithe sin.

[EN]

(2) Aon uair a dhéanfas an tAire ordú údaruithe urinnlíocht, foilseoidh sé an t-ordú sin a luaithe is féidir san Iris Oifigiúil agus i dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa límistéir lena mbaineann an t-ordú.

[EN]

Cumhachta is infheidhmithe chun críocha urinnlíocht.

270.—(1) Má bhíonn ordú údaruithe urinnlíocht déanta maidir le haon límistéir, féadfaidh pé daoine a bheas, faoi údarás an Aire, ag gabháil d'urinnlíochtaí, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, faoi threoir an Aire, laistigh den límistéir sin agus i rith na tréimhse a bheas sonraithe san ordú sin, is é sin le rá:—

[EN]

(a) dul thrí thalamh ar bith agus campáil air, oibreacha míleata neamhbhuana a dhéanamh air, agus urinnlíochtaí míleata a dhéanamh air;

[EN]

(b) uisce a sholáthar dóibh féin as aon fhoinsí uisce agus chuige sin aon uisce reatha a dhambáil.

[EN]

(2) Ní údaróidh aon ní san alt seo—

[EN]

(a) dul isteach in aon áit acu seo a leanas ná cur isteach air (ach amháin sa mhéid go n-úsáidfear aon bhóthar), eadhon, aon teach cónaithe, áit adhartha Dé, ospidéal, scoil, monarcha, ceardlann a húsáidtear chun aon cheird nó gnó nó monaraíocht a sheoladh, clós feirme, gairdín, úllord, faiche áineasa, garraí altran, reilig, talamh atá ag gabháil le haon áit adhartha Dé nó le haon scoil, nó aon áitreabh a bheas laistigh de chúirtealáiste aon tí chónaithe nó ag gabháil le haon tigh cónaithe;

[EN]

(b) dambáil uisce i dtreo go gcuirfidh sin isteach ar aon cheird nó tionscal;

[EN]

(c) tógáil uisce as aon fhoinse soláthair le húnaer príobháideach ná le húdarás poiblí, gan toiliú an únaera nó an údaráis sin;

[EN]

(d) cur isteach ar aon séadchomharthaí náisiúnta do réir bhrí an Achta Shéadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (Uimh. 2 de 1930), ná ar aon chrainn chaomhchruthacha nó luachmhara ná ar ghnéithe náisiúnta eile lena mbaineann tréithe intsuime nó áilleacht ar leith.

[EN]

(3) Bhéarfaidh an t-oifigeach i gceannas na coda d'Óglaigh na hÉireann a bheas ag gabháil d'aon urinnlíochtaí míleata go ndéanfar aon talamh a húsáideadh faoin gcumhacht a bheirtear leis an alt seo a chur ar ais, a luaithe is féidir agus a mhéid is féidir, sa chruth ina raibh sé roimhe sin.

[EN]

(4) San alt seo folaíonn an focal “ospidéal” sanatorium, teach máithreachais, teach altranais, teach eadarshláinte, teaghlach contae, urchosclann, ionad athinmheachain, saotharlann, clinic, slánlann, stáisiún céad-chabhrach, íclann nó foras dá samhail sin.

[EN]

Cúiteamh i ndamáiste a tharlós de dheasca urinnlíocht mílcata.

271.—(1) I gcás ordú údaruithe urinnlíocht a dhéanamh, bhéarfaidh an tAire cúiteamh in aon damáiste do phearsa dhuine nó do mhaoin, nó in aon chur isteach ar chearta nó pribhléidí, a tharla de dhroim na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo d'fheidhmiú, pé acu gníomhartha ag na fórsaí míleata a bhí ag gabháil do na hurinnlíochtaí faoi deara iad nó nach ea, agus áireofar ann gach caiteachas a ndeachthas faoi go réasúnach ag cosaint pearsan daoine, maoine, ceart agus pribhléidí, agus aon damáiste a rinneadh d'aon bhóthar de dheasca an iomarca meáchain nó tráchta neamhghnáthaigh.

[EN]

(2) Cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), cinnfidh eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, méid aon chúitimh faoin alt seo, agus is faoi réim agus do réir an Achta sin a chinnfeas sé é.

[EN]

Cionta maidir le hurinnliochtai.

272.—(1) Más rud é, laistigh den límistéir agus i rith na tréimhse a bheas sonraithe in ordú údaruithe urinnlíocht a údarós urinnlíochtaí míleata—

[EN]

(a) go gcuirfidh duine ar bith cosc nó go gcuirfidh isteach, go toiliúil agus go neamhdhleathach, ar dhéanamh na n-urinnlíocht, nó

[EN]

(b) go raghaidh duine ar bith isteach nó go bhfanfaidh, gan údarás cuí, in aon champa nó coinmhe nó in aon áit ina mbeidh aon ghunnaí, feithiclí, lón lámhaigh, soláthairtí nó abhar eile stóráilte a bheas á n-úsáid chun críocha na n-urinnlíocht,

[EN]

beidh se ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná ceathracha scilling a chur air.

[EN]

(2) Más rud é, laistigh den límistéir agus i rith na tréimhse a bheas sonraithe in ordú údaruithe urinnlíocht—

[EN]

(a) go gcorróidh duine ar bith, gan údarás cuí, aon tsolas, bratach, marc nó ní eile a bheas á úsáid maidir le críocha na n-urinnlíocht nó a bhainfeas leo, nó

[EN]

(b) go ngearrfaidh nó go ndamáisteoidh duine ar bith, go mailíseach, aon tsreang telegrafa nó telefóin nó aon phíopa soláthair uisce nó petroil a bheas curtha síos ag na fórsaí, nó chun úsáide na bhfórsaí, a bheas ag gabháil do na hurinnlíochtaí,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

[EN]

(3) Más rud é, laistigh den límistéir agus i rith na tréimhse a bheas sonraithe in ordú údaruithe urinnlíocht, go ndéanfaidh duine ar bith aon chion faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, nó féadfar ar ordú ó aon oifigeach d'Óglaigh na hÉireann, an duine sin a thabhairt amach as an límistéir sin.

[EN]

Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a bheas ag déanamh urinnlíocht a dhíolmhadh ó alt 164 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933.

273.—Nuair a bheas ordú údaruithe urinnlíocht déanta, ní bheidh feidhm, i rith na tréimhse a bheas sonraithe san ordú, ag alt 164 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933), maidir le feithicil a bheas á tiomáint nó faoina chúram ag comhalta d'Óglaigh na hÉireann a bheas de thuras na huaire ag gabháil do na hurinnlíochtaí míleata a bheas údaraithe leis an ordú.

[EN]

Trácht a stopadh go sealadach le linn urinnlíochta nó cleachtais airtléire, etc.

274.—In aon límistéir a bheas sonraithe in ordú údaruithe urinnlíocht, nó i gcomharsanacht aon áite a bheas á úsáid le haghaidh cleachtas airtléire, muscaeid nó buamála, nó le haghaidh cleachtas eile airm, cabhlaigh nó aeir, féadfaidh an t-oifigeach a bheas i gceannas na coda sin d'Óglaigh na hÉireann a bheas ag gabháil do na hurinnlíochtaí, nó do na cleachtais sin, stop a chur go sealadach leis an trácht uile ar thalamh nó ar uisce sa límistéir sin nó i gcomharsanacht na háite sin, a mhéid is dóigh leis gur gá sin chun beo daoine a chaomhnadh agus chun na hurinnlíochtaí nó na cleachtais sin a stiúradh go cuí.

CUID VIII.

Fo-dhlithe maidir le tantmh a húsáidfear chun críocha cosanta.

[EN]

Léiriú Coda VIII.

275.—(1) Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” aon duine—

[EN]

(a) is comhalta den Gharda Síochána, nó

[EN]

(b) is comhalta d'Óglaigh na hÉireann a bheas údaraithe chuige sin le fo-dhlithe;

[EN]

ciallaíonn an focal “fo-dhlithe” fo-dhlithe a déanfar faoin gCuid seo;

[EN]

tá leis an abairt “údarás bóthar” an bhrí atá léi san Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946);

[EN]

ciallaíonn an abairt “talamh Stáit” aon talamh is leis an Stát nó atá dílsithe san Aire.

[EN]

(2) Folaíonn tagairtí sa Chuid seo do shárú fo-dhlí tagairtí do mhainneachtaint nó diúltú an fo-dhlí a chomhlíonadh.

[EN]

Fo-dhlithe maidir le húsáid talún Stáit a bheas curtha in áirithe chun críocha cosanta agus chun an tslándáil phoiblí a chaomhaint.

276.—(1) Nuair a bheas aon talamh Stáit curtha in áirithe de thuras na huaire chun aon chríche cosanta, féadfaidh an tAire, faoi réir forál na Coda seo, fo-dhlithe a dhéanamh ag rialú úsáid na talún chun na críche chun ar cuireadh in áirithe é agus ag caomhaint an phobail ar chontúirt a thiocfadh as an úsáid sin, agus féadfaidh toirmeasc a chur ar gach tadhall sa talamh agus ar gach cosc le húsáid na talún.

[EN]

(2) Ní údaróidh fo-dhlithe faoin alt seo don Aire aon cheart coimín a bhaint de dhuine ar bith ná aon dochar a dhéanamh d'aon cheart coimín.

[EN]

(3) Má thugann aon fho-dhlithe faoin alt seo cead don phobal talamh d'úsáid chun aon chríche nuair nach mbeidh sé á úsáid chun na críche chun ar cuireadh in áirithe é, féadfaidh na fodhlithe sin foráil a dhéanamh freisin chun rialú a dhéanamh ar an talamh le linn é a bheith á úsáid amhlaidh ag an bpobal, agus chun ord agus dea-iompar a choimeád dá gcleachtadh air agus chun núiseanna, bacainní, campaí agus cúngais air a chosc, agus chun aon díobháil don talamh nó d'aon ní atá ag fás air nó atá curtha suas air a chosc, agus chun cosc a chur le haon ní a chuirfeadh isteach ar úsáid ordúil na talún ag an bpobal chun na críche a bheas ceadaithe leis na fo-dhlithe.

[EN]

Leathnú na cumhachta chun fo-dhlithe a dhéanamh maidir le talamh, nach talamh Stáit, ar a mbeidh ceart úsáide chun críocha cosanta ag an Aire.

277.—Má bhíonn de thuras na huaire ag an Aire an ceart chun aon talamh (nach talamh Stáit) d'úsáid chun aon chríche cosanta, beidh réim ag an gcumhacht chun fo-dhlithe a dhéanamh a bheirtear le halt 276 maidir leis an talamh sin, amhail is dá mba thalamh Stáit é agus gur cuireadh in áirithe chun na críche sin é, ach sin faoi réir an tsriain seo, eadhon, nach ndéanfaidh aon fho-dhlí a déanfar de bhuaidh an ailt seo dochar do chearta príobháideacha duine ar bith thar mar bheas údaraithe ná ar shlí seachas mar bheas údaraithe le deonadh an chirt chun an talamh d'úsáid.

[EN]

Leathnú na cumhachta chun fo-dhlithe a dhéanamh maidir le hurthrá, farraige agus uisce taoide tadhlach.

278.—(1) I gcás aon talamh, ar féidir a úsáid a rialú le fodhlithe faoi alt 276 nó 277, a bheith ag teagmháil le haon urthrá, farraige nó uisce taoide, féadfar fo-dhlithe a dhéanamh maidir le haon urthrá, farraige nó uisce taoide den tsórt sin, amhail is dá mba chuid den talamh iad.

[EN]

(2) Má chruthaíonn aon duine, a bheas i dteideal cirt phríobháidigh in, nó ar, aon urthrá, farraige nó uisce taoide a ndéanfar fo-dhlí maidir leis de bhuaidh an ailt seo, go bhfuiltear, de dhroim an fho-dhlí sin, tar éis dochar a dhéanamh dhó nó cosc a chur leis maidir le feidhmiú an chirt sin, beidh sé i dteideal cúiteamh sa dochar nó sa chosc sin a ghnóthú ón Aire agus déanfar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníoctha faoin bhfo-alt seo, nó i dtaobh méid aon chúitimh is iníoctha amhlaidh, a chinneadh, cheal comhaontuithe (comhaontú nach foláir toiliú an Aire Airgeadais d'fháil leis), ag eadránaí a ceapfar faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus faoi réim agus do réir an Achta sin.

[EN]

(3) (a) Ní dhéanfaidh fo-dhlí a déanfar de bhuaidh an ailt seo dochar d'aon cheart poiblí, mura le toiliú an Aire Thionscail agus Tráchtála a déanfar an fo-dhlí.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir leis an Aire Tionscail agus Tráchtála do thabhairt a thoilithe le fo-dhlí a dhéanamh de bhuaidh an ailt seo ba dhochar, dá ndéanfaí é, d'aon cheart poiblí in, nó ar, aon urthrá, farraige nó uisce taoide—

[EN]

(i) más deimhin leis an Aire sin, tar éis dó fo-mhír (ii) den mhír seo a chomhlíonadh, gur gá an ceart poiblí sin a shrianadh ar mhaithe le sábháltacht an phobail nó le riachtanais an chuspóra mhíleata ar cuireadh an talamh a theagmhaíos leis an urthrá, leis an bhfarraige nó leis an uisce taoide sin in áirithe lena aghaidh, féadfaidh sé toiliú le fo-dhlí a shrianfas an ceart poiblí sin an méid is dóigh leis is réasúnach i gcúrsaí uile an cháis,

[EN]

(ii) sara dtoileoidh sé leis an bhfo-dhlí sin, cuirfidh an tAire sin faoi deara fógra i dtaobh an fho-dhlí bheartaithe sin a thabhairt sa chomharsanacht i pé slí is dóigh leis is fearr a bhéarfadh caoi do dhaoine leasmhara agóidí a dhéanamh in aghaidh an fho-dhlí bheartaithe sin, agus déanfaidh sé pé fiosrú is gá leis chun a chinntiú nach gcuirfidh an fo-dhlí isteach go neamhréasúnach ar aon cheart poiblí.

[EN]

(c) Sa bhfo-alt seo folaíonn an abairt “ceart poiblí” aon cheart loingseoireachta, ancaireachta, ligin ar thalamh, iascaigh, snámha, siúil nó caithimh aimsire.

[EN]

Fo-dhlithe maidir le bóithre.

279.—(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon chuid de bhóthar a ghabhas trasna nó in aice aon talún a bhféadfar a úsáid a rialú le fo-dhlí, fo-dhlithe a dhéanamh, le toiliú an údaráis bhóthair ar a mbeidh cúram cothabhála na coda sin, a dhéanfas foráil chun srian a chur i pé slí is cuí leis an Aire agus a shonrós sé sna fo-dhlithe, le húsáid na coda sin.

[EN]

(2) Ach amháin mar foráltar leis an alt seo ní déanfar fodhlithe maidir le haon bhóthar.

[EN]

Fógra go bhfuiltear chun fo-dhlithe a dhéanamh.

280.—(1) Má bheartaíonn an tAire aon fho-dhlithe a dhéanamh, ansin, sara ndéanfaidh sé na fo-dhlithe sin, taiscfidh sé cóipeanna de na fo-dhlithe beartaithe i ngach Oifig Chúirte Cuarda sa límistéir lena mbainfidh na fo-dhlithe beartaithe sin, agus foilseoidh i nuachtán nó i nuachtáin éigin a léitear sa límistéir sin fógra go bhfuil ar intinn aige fo-dhlithe a dhéanamh agus gur thaisc sé na cóipeanna sin.

[EN]

(2) Féadfaidh duine ar bith aon fho-dhlithe beartaithe a taiscfear in Oifig Chúirte Cuarda faoin alt seo d'iniúchadh agus féadfaidh, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fógra d'fhoilsiú do reir an ailt seo go raibh ar intinn ag an Aire na fo-dhlithe beartaithe sin a dhéanamh, agóidí a chur chun an Aire i gcoinne na fo-dhlithe beartaithe sin a dhéanamh.

[EN]

(3) Sara ndéanfaidh an tAire aon fho-dhlithe, breithneoidh sé aon agóidí ina gcoinne a cuirfear chuige roimh dheireadh na n-ocht lá fichead dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo.

[EN]

Tóranta límistéirí fo-dhlithe a mharcáil.

281.—(1) Aon uair a dhéanfas an tAire aon fho-dhlithe, cuirfidh sé faoi deara tóranta na límistéire lena mbaineann na fo-dhlithe a mharcáil i pé slí is gá leis chun na tóranta a chur i bhfios do na daoine uile sa chomharsanacht.

[EN]

(2) Má déantar aon fho-dhlithe faoi alt 278 maidir le haon límistéir ina mbeidh aon urthrá, farraige nó uisce taoide agus nach féidir, i dtuairim an Aire, tóranta na límistéire sin a mharcáil go caothúil le buanmharcanna, bhéarfar tuairisc ar na tóranta sin sna fo-dhlithe, agus measfar gur leor de mharcáil orthu, do réir bhrí fo-ailt (1) den alt seo, pé bearta a dhéanamh is leor chun rabhadh a thabhairt don phobal, le linn don límistéir sin a bheith á húsáid chun críocha míleata, gan dul isteach sa límistéir sin.

[EN]

Fo-dhlithe d'fhoilsiú.

282.—Má dhéanann an tAire aon fho-dhlithe, cuirfidh sé faoi deara na fo-dhlithe d'fhoilsiú i pé slí is gá leis chun iad a chur i bhfios do na daoine uile sa chomharsanacht lena mbainid, agus déanfaidh socrú chun go ndíolfar cóipeanna de na fo-dhlithe sin ar scilling an chóip le haon duine ar mian leis cóip d'fháil.

[EN]

Pionóis mar gheall ar fhodhlithe a shárú.

283.—(1) Má sháraíonn aon duine ar bith aon fho-dhlí, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air, agus féadfaidh an chúirt a ordú go bhforghéillfear aon ainmhí, feithicil, árthach, nó ní eile is leis an duine sin agus a bhí, tráth an tsáruithe sin, sa límistéir lena mbaineann an fo-dhlí.

[EN]

(2) Má forghéilltear aon ainmhí, feithicil, árthach, nó ní eile faoin alt seo, díolfar é do réir treoracha an Aire agus íocfar fáltais an díola isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad i pé slí a threorós an tAire Airgeadais.

[EN]

Ciontóirí a chur chun bealaigh agus a ghabháil.

284.—(1) Má tharlaíonn, in aon límistéir lena mbaineann fo-dhlí go sáróidh duine ar bith an fo-dhlí—

[EN]

(a) féadfaidh oifigeach údaraithe a ordú don duine sin an límistéir d'fhágaint,

[EN]

(b) más rud é, ar an ordú sin d'fháil, go ndiúltoidh nó go mainneoidh an duine sin an límistéir d'fhágaint—

[EN]

(i) beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo, agus

[EN]

(ii) féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a thabhairt amach le forneart as an límistéir nó é a ghabháil gan barántas.

[EN]

(2) Má bhíonn duine ar bith ar chuid áirithe de bhóthar, a mbeidh srian curtha lena húsáid le fo-dhlí faoi alt 279, contrártha don fho-dhlí—

[EN]

(a) féadfaidh oifigeach údaraithe a ordú don duine sin an chuid sin d'fhágaint,

[EN]

(b) más rud é, ar an ordú sin d'fháil, go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine sin an chuid sin d'fhágaint—

[EN]

(i) beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo, agus

[EN]

(ii) féadfaidh an t-oifigeach údaraithe é a thabhairt amach le forneart as an gcuid sin nó é a ghabháil gan barántas.

[EN]

(3) Gach duine a bheas ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

[EN]

(4) Má ghabhann oifigeach údaraithe (nach comhalta den Gharda Síochána) duine faoin alt seo, seachadfaidh sé an duine sin, a luaithe is féidir, faoi choimeád comhalta den Gharda Síochána chun go ndéanfar leis do réir an dlí.

[EN]

Ainmhithe, etc., a chur chun bealaigh.

285.—Féadfaidh oifigeach údaraithe aon fheithicil, ainmhí, árthach nó ní eile a gheofar in aon límistéir lena mbaineann fo-dhlí, contrártha don fho-dhlí sin, a thabhairt chun bealaigh nó a chur faoi deara é a thabhairt chun bealaigh.

[EN]

Oifigigh údaraithe a chosc nó d'ionsaí.

286.—Duine ar bith—

[EN]

(a) a chuirfeas cosc nó bac ar oifigeach údaraithe agus a chumhachta agus a dhualgais mar oifigeach údaraithe faoin gCuid seo á bhfeidhmiú aige go dleathach, nó

[EN]

(b) a ionsós oifigeach údaraithe agus na cumhachta agus na dualgais sin á bhfeidhmiú aige go dleathach,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

[EN]

Gan feidhm a bheith ag Cuid VIII maidir le Currach Chill Dara.

287.—Ní bhaineann an Chuid seo le Currach Chill Dara.

CUID IX.

Seirbhís Altranais an Airm.

[EN]

An tseirbhís láithreach altranais.

288.—Sa Chuid seo, ciallaíonn an abairt “an tseirbhís láithreach altranais” an tseirbhís altranais a bunaíodh faoi Acht 1923.

[EN]

Seirbhís Altranais an Airm a bhunú.

289.—(1) Beidh seirbhís altranais arna bunú dá ngairmfear agus ar a dtabharfar Seirbhís Altranais an Airm.

[EN]

(2) Is iad a bheas i Seirbhís Altranais an Airm mná a ceapfar ina gcomhaltaí di.

[EN]

Feidhm an Achta seo maidir le Seirbhís Altranais an Airm.

290.—(1) Ní bheidh feidhm maidir le comhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm ag forála an Achta seo (seachas an Chuid seo agus ailt 8, 103, 104, 234, 235 agus 236 agus Cuid VI), ach amháin mar luaitear Seirbhís Altranais an Airm go sonrach iontu nó mar forálfar le hordú faoin alt seo.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, feidhm maidir le comhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm a thabhairt, le pé modhnuithe agus oiriúnuithe is cuí leis, d'aon fhoráil den Acht seo nach mbaineann, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, le comhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ordú faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(4) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh mura ndaingnítear ná go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Teach den Oireachtas, ach beidh éifeacht reachtúil aige amhail ón dáta a rithfear an rún is déanaí díobh sin.

[EN]

Seirbhís Altranais an Airm a dhéanamh den tseirbhís láithreach altranais.

291.—(1) Ar an dáta feidhme déanfar Seirbhís Altranais an Airm den tseirbhís láithreach altranais agus is í Seirbhís Altranais an Airm í feasta agus tiocfaidh gach duine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina comhalta den tseirbhís láithreach altranais chun bheith, agus beidh sí, de bhuaidh an ailt seo, ina comhalta de Sheirbhís Altranais an Airm agus measfar í a bheith ina comhalta de Sheirbhís Altranais an Airm ar feadh an ama go léir a bhí sí ina comhalta den tseirbhís láithreach altranais.

[EN]

(2) Aon chomhaontú a rinne comhalta den tseirbhís láithreach altranais maidir lena seirbhís mar chomhalta den tseirbhís láithreach altranais agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm agus bainfidh sé lena seirbhís mar comhalta de Sheirbhís Altranais an Airm.

[EN]

Rialacháin maidir le Seirbhís Altranais an Airm.

292.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh Seirbhís Altranais an Airm maidir le haon ní nó gach ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) a heagraíocht, a ceannas agus a riaradh;

[EN]

(b) gráid na gceapachán inti agus líon a bunaíochta;

[EN]

(c) comhaltaí a ligean isteach agus a cheapadh chuici;

[EN]

(d) na comhaontuithe a bheas le síniú ag daoine a bheas ag iarraidh dul isteach inti agus ag a comhaltaí;

[EN]

(e) coinníollacha seirbhíse a comhaltaí;

[EN]

(f) uaschéimniú, scor, urscaoileadh agus dífhostú a comhaltaí;

[EN]

(g) araíonacht agus pionósú a comhaltaí;

[EN]

(h) an éide a chaithfeas a comhaltaí;

[EN]

(i) páigh agus liúntais a comhaltaí agus na suimeanna a féadfar d'fhorghéilleadh, a stopadh agus a bhaint as an bpáigh agus na liúntais sin;

[EN]

(j) saoire a comhaltaí;

[EN]

(k) aon ní nó rud eile a bhainfeas lena bainistí inmheánach.

CUID X.

Feidhm an Achta seo maidir leis na Fórsaí Cosanta a bunaíodh faoin Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923.

[EN]

Léiriú Coda X.

293.—(1) Sa Chuid seo—

[EN]Acht 1945.

ciallaíonn an abairt “Acht 1945” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1945 (Uimh. 10 de 1945);

[EN]Acht 1946.

ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 7 de 1946);

[EN]Acht 1947.

ciallaíonn an abairt “Acht 1947” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947 (Uimh. 4 de 1947);

[EN]Acht 1949.

ciallaíonn an abairt “Acht 1949” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1949 (Uimh. 1 de 1949);

[EN]aicme den Chúltaca láithreach Fear.

ciallaíonn an focal “aicme”, maidir leis an gCúltaca láithreach Fear, an aicme a luaitear i gcolún (2) den Táible a ghabhas leis an alt seo ag uimhir thagartha 4, 5 nó 6;

[EN]aicme den Chúltaca láithreach Oifigeach.

ciallaíonn an focal “aicme”, maidir leis an gCúltaca láithreach Oifigeach, an aicme a luaitear i gcolún (2) den Táible a ghabhas leis an alt seo ag uimhir thagartha 1, 2 nó 3;

[EN]cúltacaire láithreach a liostáladh go díreach.

ciallaíonn an abairt “cúltacaire láithreach a liostáladh go díreach” duine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina fhear den Chúltaca láithreach Fear agus a líostáladh ann faoi alt 25 d'Acht Uimh. 2 de 1940;

[EN]an tseirbhís láithreach altranais.

ciallaíonn an abairt “an tseirbhís láithreach altranais” an tseirbhís altranais a bunaíodh faoi Acht 1923;

[EN]an buan-fhórsa láithreach.

ciallaíonn an abairt “an buan-fhórsa láithreach” an fórsa a bunaíodh faoi Chuid I d'Acht 1923;

[EN]rialtach láithreach.

ciallaíonn an abairt “rialtach láithreach” duine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina chomhalta (nach oifigeach do réir bhrí Achta 1923) den bhuan-fhórsa láithreach;

[EN]oifigeach rialta láithreach.

ciallaíonn an abairt “oifigeach rialta láithreach” duine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina oifigeach den bhuan-fhórsa láithreach;

[EN]an fórsa láithreach cúltaca.

ciallaíonn an abairt “an fórsa láithreach cúltaca” an fórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III d'Acht 1923;

[EN]oifigeach láithreach cúltaca.

ciallaíonn an abairt “oifigeach láithreach cúltaca” duine a bheas, díreach roimh an dáta féidhme, ina oifigeach den Chúltaca láithreach Oifigeach;

[EN]an Cúltaca láithreach Fear.

ciallaíonn an abairt “an Cúltaca láithreach Fear” an chuid sin den fhórsa láithreach cúltaca ar a dtugtar an Cúltaca Fear;

an Cúltaca láithreach Oifigeach.

ciallaíonn an abairt “an Cúltaca láithreach Oifigeach” an chuid sin den fhórsa láithreach cúltaca ar a dtugtar an Cúltaca Oifigeach;

cúltacaire láithreach.

ciallaíonn an abairt “cúltacaire láithreach” duine—

(a) is cúltacaire láithreach a liostáladh go díreach, nó,

(b) is cúltacaire aistrithe láithreach;

cúltacaire aistrithe láithreach.

ciallaíonn an abairt “cúltacaire aistrithe láithreach” duine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina fhear den Chúltaca láithreach Fear agus a haistríodh chuige faoi alt 157 d'Acht 1923;

cór láithreach rialtaigh láithrigh nó cúltacaire láithrigh faoi Acht 1923.

déanfar tagairtí do chór láithreach rialtaigh láithrigh nó cúltacaire láithrigh faoi Acht 1923 d'fhorléiriú mar thagairtí don chór faoi Acht 1923 ina mbeidh sé ag fónamh díreach roimh an dáta feidhme;

Acht Uimh. 2 de 1940.

ciallaíonn an abairt “Acht Uimh. 2 de 1940” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 11 de 1940);

an t-údarás míleata forordaithe.

tá leis an abairt “an t-údarás míleata forordaithe” an bhrí atá léi in alt 61;

cór faoi Acht 1923.

ciallaíonn an abairt “cór faoi Acht 1923” cór chun críocha Achta 1923.

(2) Chun críocha na Coda seo—

(a) measfar an aicme de na hÓglaigh Cúltaca a luaitear i gcolún (3) den Táible a ghabhas leis an alt seo ag uimhir thagartha áirithe (arb í uimhir thagartha 1, 2 nó 3 í) a bheith ar comhréir leis an aicme den Chúltaca láithreach Oifigeach a luaitear i gcolún (2) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin;

(b) measfar an aicme de na hÓglaigh Cúltaca a luaitear i gcolún (3) den Táible sin ag aon uimhir thagartha (arb í uimhir thagartha 4, 5 nó 6 í) a bheith ar comhréir leis an aicme den Chúltaca láithreach Fear a luaitear i gcolún (2) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin.

AN TAIBLE A GHABHAS LE hALT 293.

Uimh. Thag.

An aicme den Chúltaca láithreach Oifigeach nó den Chúltaca láithreach Fear

An aicme chomhréire de na hÓglaigh Cúltaca

(1)

(2)

(3)

1

An Cúltaca Oifigeach—An Chéad Líne.

An Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne).

2

An Cúltaca Oifigeach (Fórsa Cosanta Áitiúil).

An Cúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil).

3

An Cúltaca Oifigeach (An Sluagh Muirí).

An Cúltaca Oifigeach (An Slua Muirí).

4

An Cúltaca Fear—An Chéad Líne.

An Cúltaca Fear (An Chéad Líne).

5

An Cúltaca Fear (Fórsa Cosanta Áitiúil).

An Cúltaca Fear (An Fórsa Cosanta Áitiúil).

6

An Cúltaca Fear (An Sluagh Muirí).

An Cúltaca Fear (An Slua Muirí).

[EN]

Measfar gur fórsaí a bunaíodh faoin Acht seo na fórsaí láithreacha.

294.—(1) Ar an dáta feidhme, déanfar na Buan-Óglaigh den bhuan-fhórsa láithreach agus den tseirbhís láithreach altranais agus is iad na Buan-Óglaigh iad feasta.

[EN]

(2) Ar an dáta feidhme, déanfar na hÓglaigh Cúltaca den fhórsa láithreach cúltaca agus is iad na hÓglaigh Cúltaca iad feasta.

[EN]

Measfar gur faoin Acht seo a coimisiúnaíodh oifigigh rialta láithreacha agus oifigigh láithreacha cúltaca.

295.—(1) (a) Ar an dáta feidhme, tiocfaidh gach oifigeach rialta láithreach chun bheith agus beidh sé, gan aon athcheapadh ná aon mhionn ná dearbhú nua a ghlacadh ná a dhéanamh ina oifigeach de na Buan-Óglaigh agus, faoi réir an Achta seo, beidh aige sna Buan-Óglaigh an chéim, an ceapachán, agus an tosaíocht chéanna a bhí aige sa bhuan-fhórsa láithreach díreach roimh an dáta feidhme.

[EN]

(b) I mír (a) den fho-alt seo ní fholaíonn an focal “ceapachán” aon oifig acu seo a leanas (is oifigí a luaitear in alt 4 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 (Uimh. 41 de 1937)), eadhon, oifig Cheann Foirne na bhFórsaí Cosanta, oifig Aidiútant Ginearálta na bhFórsaí Cosanta agus oifig Cheathrú-Mháistir Ginearálta na bhFórsaí Cosanta.

[EN]

(2) Ar an dáta feidhme, tiocfaidh gach oifigeach láithreach cúltaca chun bheith agus beidh sé, gan aon athcheapadh ná aon mhionn ná dearbhú nua a ghlacadh ná a dhéanamh, ina oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca agus, faoi réir an Achta seo, beidh aige sna hÓglaigh Cúltaca an chéim, an ceapachán agus an tosaíocht chéanna a bhí aige sa Chúltaca láithreach Oifigeach díreach roimh an dáta feidhme agus measfar é a bheith arna shannadh faoi alt 44 don aicme de na hÓglaigh Cúltaca atá ar comhréir leis an aicme den Chúltaca láithreach Oifigeach lenar bhain sé díreach roimh an dáta feidhme.

[EN]

Rialtaigh láithreacha.

296.—(1) Amhail ar an dáta feidhme agus dá éis, beidh éifeacht maidir le gach rialtach láithreach ag na forála seo a leanas—

[EN]

(a) tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, ina fhear de na Buan-Óglaigh,

[EN]

(b) beidh aige, faoi réir an Achta seo, sna Buan-Óglaigh—

[EN]

(i) má bhí, díreach roimh an dáta feidhme, céim míleata neamhchoimisiúnta atá leagtha amach i gcolún (2) den Táible a ghabhas le halt 5 d'Acht 1947 aige sa bhuan-fhórsa láithreach, an chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus atá ar comhainm leis an gcéim míleata neamhchoimisiúnta sin,

[EN]

(ii) má bhí, díreach roimh an dáta feidhme, céim chabhlaigh neamhchoimisiúnta oifigigh bharántais aige sa bhuan-fhórsa láithreach, céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh oifigigh bharántais,

[EN]

(iii) má bhí, díreach roimh an dáta feidhme, aon ghrád d'aicme chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (4) den Táible a ghabhas le halt 5 d'Acht 1947 aige sa bhuan-fhórsa láithreach, an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus atá ar comhainm leis an ngrád sin d'aicme chabhlaigh.

[EN]

(c) Beidh feidhm maidir leis ag Caibidil II de Chuid IV den Acht seo amhail is dá mba faoi alt 53 a liostáladh é, agus chuige sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) measfar gur liostáladh é faoi alt 53 mar fhear de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse is comhionann leis an tréimhse arb í, díreach roimh an dáta feidhme, téarma a liostála bunaidh í do réir bhrí Achta 1923, agus déanfar tagairtí sa Chaibidil sin II do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairtí don tréimhse a measfar amhlaidh é do liostáil lena haghaidh faoi alt 53,

[EN]

(ii) maidir lena liostáil bhunaidh faoi Acht 1923, más amhlaidh, faoi fho-alt (1) d'alt 145 d'Acht 1923, gur liostáil i seirbhís airm í go ceann téarma iomláin a liostála bunaidh, do réir bhrí Achta 1923, ansin, measfar gur liostáil sna Buan-Óglaigh go ceann téarma iomláin a liostála bunaidh, do réir bhrí an Achta seo, a liostáil faoi alt 53,

[EN]

(iii) maidir lena liostáil bhunaidh faoi Acht 1923, más amhlaidh faoi fho-alt (2) d'alt 145 d'Acht 1923, gur liostáil í i seirbhís airm go ceann coda (dá ngairmtear sa mhír seo a thréimhse sheirbhíse airm sa bhuan-fhórsa láithreach) de théarma a liostála bunaidh, do réir bhrí Achta 1923, agus sa bhfórsa láithreach cúltaca go ceann iarmhair an téarma sin, ansin, measfar gur liostáil sna Buan-Óglaigh go ceann coda (is comhfhaid lena thréimhse sheirbhíse airm sa bhuan-fhórsa láithreach) de théarma a liostála bunaidh, do réir bhrí an Achta seo, agus sna hÓglaigh Cúltaca go ceann iarmhair an téarma sin is déanaí a luaitear, a liostáil faoi alt 53,

[EN]

(iv) i gcás a choinníollacha seirbhíse d'athrú faoi alt 146 d'Acht 1923, measfar a choinníollacha seirbhíse a bheith athraithe ar an gcuma chéanna faoi rialacháin faoi alt 63,

[EN]

(v) measfar chun criocha an Achta seo gurbh é ba dháta fianuithe ina chás—

[EN]

(I) murar athliostáil sé faoi alt 3 ná 4 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe faoi Acht 1923,

[EN]

(II) má d'athliostáil sé faoi alt 3 d'Acht 1945, an dáta arb é, de bhuaidh fo-mhíre (iv) de mhír (d) d'alt 4 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe é chun críocha Caibidle V de Chuid II d'Acht 1923, agus

[EN]

(III) má d'athliostáil sé faoi alt 4 d'Acht 1945, an dáta arb é, de bhuaidh fo-mhíre (iv) de mhír (d) d'alt 4 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe é chun críocha Caibidle V de Chuid II d'Acht 1923,

[EN]

(vi) i gcás é d'athfhruiliú go ceann tréimhse breise seirbhíse airm faoi alt 152 d'Acht 1923, measfar é d'athfhruiliú faoi alt 64 go ceann tréimhse breise seirbhíse sna Buan-Óglaigh amhail ar an dáta agus ón dáta a hathfhruilíodh amhlaidh é faoin alt sin 152,

[EN]

(vii) i gcás ina ndearnadh, roimh an 22ú lá d'Fheabhra, 1949, é a choimeád i seirbhís sa bhuan-fhórsa láithreach faoi alt 153 d'Acht 1923, coimeádfar i seirbhís sna Buan-Óglaigh é amhail is dá mbeadh a théarma seirbhíse gan bheith caite fós, ach amháin go bhféadfaidh sé a éileamh go n-urscaoilfear é ar thréimhse trí mhí a bheith caite tar éis dó fógra a thabhairt dá oifigeach ceannais gur mian leis go n-urscaoilfí é,

[EN]

(viii) i gcás ina ndearnadh, an 22ú lá d'Fheabhra, 1949, nó dá éis, é a choimeád i seirbhís sa bhuanfhórsa láithreach faoi alt 153 d'Acht 1923, arna leasú le halt 5 d'Acht 1949, measfar é a bheith arna choimeád i seirbhís sna Buan-Óglaigh faoi rialacháin faoi alt 65,

[EN]

(ix) i gcás nár athliostáil sé faoi alt 3 ná 4 d'Acht 1945—

[EN]

(I) áireofar, chun críocha an Achta seo, a sheirbhís sa bhuan-fhórsa láithreach mar sheirbhís sna Buan-Óglaigh, agus

[EN]

(II) áireofar, chun críocha an Achta seo, a sheirbhís (más ann) sa bhfórsa láithreach cúltaca mar sheirbhís sna hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(x) i gcás inar athliostáil sé faoi alt 3 d'Acht 1945, déanfar aon tréimhse sheirbhíse a bhí tugtha aige sa bhuan-fhórsa láithreach ar an dáta a liostáil sé faoi alt 24 d'Acht Uimh. 2 de 1940, nó a thug sé ann dá éis sin, d'áireamh, chun críocha an Achta seo, mar thréimhse sheirbhíse sna Buan-Óglaigh,

[EN]

(xi) i gcás inar athliostáil sé faoi alt 4 d'Acht 1945, déanfar an tréimhse sheirbhíse a bhí tugtha aige agus a luaitear i bhfo-mhír (i) de mhír (d) d'alt 4 d'Acht 1945, agus aon tréimhse sheirbhíse a thug sé tar éis dó athliostáil sa bhuan-fhórsa láithreach, d'áireamh, chun críocha an Achta seo mar thréimhsí seirbhíse sna Buan-Óglaigh.

[EN]

(2) (a) Measfar gach rialtach láithreach a bheith arna cheapadh faoi fho-alt (2) d'alt 60 chun an chóir sheirbhíse atá ar comhréir lena chór láithreach faoi Acht 1923, ach ní bheidh feidhm maidir leis ag alt 61.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le rialtach láithreach a liostáladh faoi Acht 1923 le haghaidh seirbhíse ginearálta—

[EN]

(i) i gcás inar giorra ná deich mbliana a sheirbhis mar fhear de na Buan-Óglaigh sa chór seirbhíse ina bhfuil sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar é d'aistriú, le hordú ón údarás míleata forordaithe, chun cóir sheirbhíse eile,

[EN]

(ii) i gcás inar deich mbliana nó níos mó a sheirbhís mar fhear de na Buan-Óglaigh sa chór seirbhíse ina bhfuil sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar é d'aistriú, le hordú ón údarás mileata forordaithe, chun cóir sheirbhíse eile, i gcás (agus sa chás sin amháin)—

[EN]

(I) é do thoiliú leis an aistriú sin, nó

[EN]

(II) forógra a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buantseirbhís,

[EN]

(iii) chun críocha na míre seo, déanfar a sheirbhís mar rialtach láithreach ina chór láithreach faoi Acht 1923 d'áireamh mar sheirbhís sa chór seirbhíse a measfar, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é a bheith arna cheapadh chuige.

[EN]

(c) I gcás inar liostáladh rialtach láithreach faoi Acht 1923 le haghaidh seirbhíse i gcór áirithe faoi Acht 1923, féadfar é d'aistriú, le hordú ón údarás míleata forodaithe, ón gcór seirbhíse a measfar de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo é a bheith arna cheapadh chuige, nó ó aon chór seirbhíse a mbeidh sé aistrithe chuige faoin mír seo, chun cóir sheirbhíse eile, i gcás (agus sa chás sin amháin) é do thoiliú leis an aistriú sin.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag alt 70, chomh fada is bhaineas sé le rialtach láithreach—

[EN]

(a) amhail is dá gcuirtí an mhír seo a leanas in ionad míre (b) d'fho-alt (3)—

[EN]

“(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh fear de na Buan-Óglaigh i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) leanfaidh sé d'fhónamh mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná dhá mhí dhéag) a threorós an t-údarás míleata forordaithe,

[EN]

(ii) ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite—

[EN]

(I) i gcás téarma a liostála bunaidh a bheith caite agus gan é d'athfhruiliú faoi alt 64, urscaoilfear as na Buan-Óglaigh é a luaithe is caothúil, agus

[EN]

(II) in aon chás eile, aistreofar é ar an modh forordaithe go dtí na hÓglaigh Cúltaca.”, agus

[EN]

(b) amhail is dá gcuirtí an mhír seo a leanas in ionad míre (b) d'fho-alt (4)—

[EN]

“(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh fear de na Buan-Óglaigh i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'arscaoileadh, leanfaidh sé d'fhónamh mar fhear de na Buan-Óglaigh go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná dhá mhí dhéag) a threorós an t-údarás míleata forordaithe, agus ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite urscaoilfear as an Buan-Óglaigh é a luaithe is caothúil.”

[EN]

Cúltacairí láithreacha.

297.—(1) Amhail ar an dáta feidhme agus dá éis. beidh éifeacht maidir le gach cúltacaire láithreach ag na forála seo a leanas—

[EN]

(a) tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, ina fhear de na hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(b) beidh aige, faoi réir an Achta seo, sna hÓglaigh Cúltaca—

[EN]

(i) má bhí díreach roimh an dáta feidhme, céim míleata neamhchoimisiúnta atá leagtha amach i gcolún (2) den Táible a ghabhas le halt 5 d'Acht 1947 aige sa bhfórsa láithreach cúltaca, an chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus atá ar comhainm leis an gcéim mílcata neamhchoimisiúnta sin,

[EN]

(ii) má bhí, díreach roimh an dáta feidhme, céim chabhlaigh neamhchoimisiúnta oifigigh bharántais aige sa bhfórsa láithreach cúltaca, céim neamhchoimisiúnta chabhlaigh oifigigh bharántais,

[EN]

(iii) má bhí, díreach roimh an dáta feidhme, aon ghrád d'aicme chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (4) den Táible a ghabhas le halt 5 d'Acht 1947, aige sa bhfórsa láithreach cúltaca, an chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus atá ar comhainm leis an ngrád sin d'aieme chabhlaigh,

[EN]

(c) i gcás é d'athfhruiliú go ceann tréimhse breise seirbhíse cúltaca faoi alt 12 d'Acht 1946, measfar, chun críocha Caibidle II de Chuid IV den Acht seo, é d'athfhruiliú le haghaidh seirbhíse faoi alt 67, amhail ar an dáta agus on dáta a hathfhruilíodh é le haghaidh seirbhíse faoin alt sin 12,

[EN]

(d) bainfidh sé leis an aicme de na hÓglaigh Cúltaca atá ar comhréir leis an aicme den Chúltaca láithreach Fear lenar bhain sé díreach roimh an dáta feidhme,

[EN]

(e) más cúltacaire aistrithe láithreach é, beidh feidhm ag Caibidil II de Chuid IV den Acht seo maidir leis amhail is dá mba faoi alt 53 a liostáladh é, agus chuige sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) measfar gur liostáladh é faoi alt 53 mar fhear de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse go ceann tréimhse is comhionann leis an tréimhse arb í, díreach roimh an dáta feidhme, téarma a liostála bunaidh í do réir bhrí Achta 1923, agus déanfar tagairtí sa Chaibidil sin II do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairtí don tréimhse a measfar amhlaidh é do liostáil lena haghaidh faoi alt 53,

[EN]

(ii) measfar gur liostáil sna Buan-Óglaigh go ceann coda (is comhionann leis an gcuid de théarma a liostála bunaidh, do réir bhrí Achta 1923, a bhí faoi fho-alt (2) d'alt 145 d'Acht 1923, le bheith i seirbhís airm) de théarma a liostála bunaidh, do réir bhrí an Achta seo, agus sna hÓglaigh Cúltaca go ceann iarmhair an téarma sin is déanaí a luaitear, a liostáil faoi alt 53,

[EN]

(iii) i gcás a choinníollacha seirbhíse d'athrú faoi alt 146 d'Acht 1923, measfar a choinníollacha seirbhíse a bheith athraithe ar an gcuma chéanna faoi alt 63,

[EN]

(iv) measfar chun críocha an Achta seo gurbh é ba dháta fianuithe ina chás—

[EN]

(I) Murar athliostáil sé faoi alt 3 ná 4 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe faoi Acht 1923,

[EN]

(II) má d'athliostáil sé faoi alt 3 d'Acht 1945, an dáta arb é, de bhuaidh fo-mhíre (iv) de mhír (d) d'alt 3 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe é chun críocha Caibidle V de Chuid II d'Acht 1923,

[EN]

(III) má d'athliostáil sé faoi alt 4 d'Acht 1945, an dáta arb é, de bhuaidh fo-mhíre (iv) de mhír (d) d'alt 4 d'Acht 1945, dáta a fhianuithe é chun críocha Caibidle V de Chuid II d'Acht 1923,

[EN]

(v) measfar é a bheith arna aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca faoi alt 70 amhail ar an dáta agus ón dáta a haistríodh é go dtí án fórsa láithreach cúltaca faoi alt 157 d'Acht 1923,

[EN]

(vi) déanfar, chun críocha an Achta seo, a sheirbhís sa bhuan-fhórsa láithreach d'áireamh mar sheirbhís sna Buan-Óglaigh,

[EN]

(vii) déanfar, chun críocha an Achta seo, a sheirbhís sa bhfórsa láithreach cúltaca d'áireamh mar sheirbhís sna hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(f) más cúltacaire láithreach a liostáladh go díreach é, beidh feidhm ag Caibidil II de Chuid IV den Acht seo maidir leis amhail is dá mba faoi alt 55 a liostáil sé, agus chuige sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(i) measfar gur liostáladh é faoi alt 55 chun fónamh mar fhear de na hÓglaigh Cúltaca go ceann tréimhse is comhionann leis an tréimhse arb í, díreach roimh an dáta feidhme, téarma a liostála bunaidh í do réir bhrí Caibidle II de Chuid IV d'Acht Uimh. 2 de 1940, agus déanfar tagairtí i gCaibidil II de Chuid IV den Acht seo do théarma a liostála bunaidh d'fhorléiriú mar thagairtí don tréimhse a measfar amhlaidh é do liostáil lena haghaidh faoi alt 55,

[EN]

(ii) má rinneadh téarma a liostála bunaidh, do réir bhrí Caibidle II de Chuid IV d'Acht Uimh. 2 de 1940, d'fhaidiú faoi alt 26 den Acht sin, measfar an faidiú sin a bheith arna dhéanamh faoi alt 66,

[EN]

(iii) measfar chun críocha an Achta seo gurbh é ba dháta fianuithe ina chás dáta a fhianuithe chun críocha Caibidle II de Chuid IV d'Acht Uimh. 2. de 1940,

[EN]

(iv) déanfar, chun críocha an Achta seo, a sheirbhís sa bhfórsa láithreach cúltaca d'áireamh mar sheirbhís sna hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(g) measfar é a bheith arna cheapadh, faoi fho-alt (2) d'alt 60 chun an chóir sheirbhíse atá ar comhréir lena chór láithreach faoi Acht 1923.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag alt 72, chomh fada is bhaineas sé le cúltacaire láithreach, amhail is dá gcuirtí an mhír seo a leanas in ionad míre (b) d'fho-alt (2)—

[EN]

“(b) Más le linn forógra a bheith i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís a tharlós an tráth a bheadh cúltacaire i dteideal, de bhuaidh míre (a) den fho-alt seo, é d'urscaoileadh, leanfaidh sé d'fhónamh mar chúltacaire go ceann pé tréimhse breise (nach sia ná dhá mhí dhéag) a threorós an t-údarás míleata forordaithe, agus ar an tréimhse bhreise sin a bheith caite urscaoilfear as na hÓglaigh Cúltaca é a luaithe is caothúil.”

[EN]

Orduithe láithreacha, etc., a choimeád i bhfeidhm.

298.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “ionstraim reachtúil láithreach” aon ordú, rialachán, riail nó fo-dhlí a rinneadh faoi Acht 1923, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme agus is indéanta faoin Acht seo.

[EN]

(2) Measfar gur faoin Acht seo a rinneadh gach ionstraim reachtúil láithreach, agus féadfar í a chúlghairm nó a leasú dá réir sin agus leanfaidh sí i bhfeidhm go dtí go gcúlghairmfear amhlaidh í agus faoi réir aon leasuithe den tsórt sin.

[EN]

(3) I ngach ionstraim reachtúil láithreach—

[EN]

(a) déanfar tagairtí don bhuan-fhórsa láithreach agus don fhórsa láithreach cúltaca d'fhorléiriú mar thagairtí do na Buan-Óglaigh agus do na hÓglaigh Cúltaca faoi seach,

[EN]

(b) déanfar tagairtí d'aicme áirithe den Chúltaca láithreach Oifigeach nó don Chúltaca láithreach Fear d'fhorléiriú mar thagairtí don aicme chomhréire de na hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(c) déanfar tagairtí d'oifigeach d'aicme áirithe den Chúltaca láithreach Oifigeach d'fhorléiriú mar thagairtí d'oifigeach den aicme chomhréire de na hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(d) déanfar tagairtí do chomhalta (seachas oifigeach) d'aicme áirithe den Chúltaca láithreach Fear d'fhorléiriú mar thagairtí do chomhalta (seachas oifigeach) den aicme chomhréire de na hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(e) déanfar tagairtí don tseirbhís láithreach altranais, d'fhorléiriú mar thagairtí do Sheirbhís Altranais an Airm.

[EN]

Údaráis agus treoracha láithreacha a choimeád i bhfeidhm.

299.—Gach údarás agus treoir a tugadh faoi Acht 1923 agus nach mbeidh tarraingthe siar roimh an dáta feidhme agus is intugtha faoin Acht seo, leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, ar an dáta feidhme agus dá éis, amhail is dá mba faoin Acht seo a tugadh é.

[EN]

Cionta agus ciontuithe faoi Acht 1923.

300.—(1) Má bhíonn, roimh an dáta feidhme, armchúirt comórtha faoi Acht 1923 chun cúisí a thriail, féadfar dul ar aghaidh leis an triail sin agus féadfar pianbhreith agus pionós a chur ar an gcúisí ar an modh céanna i ngach slí amhail is nár tháinig an tAcht seo i ngníomh agus gur bhuan-Acht Acht 1923.

[EN]

(2) Faoi réir fo-ailt (1) den alt seo, féadfar gach cion a rinneadh roimh an dáta feidhme i gcoinne Achta 1923 a thriail agus pionós a ghearradh ina leith amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh é, ach sin, ámh, ar shlí nach mbeidh aon phionós inghearrtha ar dhuine i leith an chiona sin is mó ná mar bheadh inghearrtha air díreach roimh an dáta feidhme.

[EN]

(3) Bainfidh an tAcht seo le ciontú duine a triaileadh faoi Acht 1923 amhail is dá mba faoin Acht seo a ciontaíodh é, agus féadfar gach pianbhreith a tugadh agus gach pionós a gearradh faoi Acht 1923 a chur in éifeacht, ar an dáta feidhme agus dá éis, ar an modh céanna i ngach slí amhail is dá mba faoin Acht seo a tugadh an phianbhreith nó a gearradh an pionós.

[EN]

(4) Gach duine a bheas, faoi Acht 1923, i gcoimeád míleata díreach roimh an dáta feidhme, measfar é a bheith arna thógaint i gcoimeád seirbhíse faoin Acht seo.

[EN]

Príosúin mhíleata agus beairicí coinnéala láithreacha.

301.—Aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, curtha in áirithe mar phríosún míleata nó beairic coinneála agus a mbeidh dearbhaithe gur príosún míleata nó beairic coinneála é, faoi alt 137 d'Acht 1923, measfar gur príosún míleata nó beairic coinneála é a cuireadh in áirithe, agus ar dearbhaíodh sin ina thaobh, faoi alt 232.

CUID XI.

Leasú agus Oiriúnú ar Achtacháin Áirithe.

[EN]

Leasú ar an Acht Timpeall Toghchán, 1923.

302.—Déanfar an tagairt i bhfo-alt (6) d'alt 1 agus i bhfo-alt (1) d'alt 21 den Acht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), do bhall d'fhórsa cosanta Shaorstáit Éireann ar lántuarastal, agus an tagairt i bhfo-alt (7) den alt sin 1 do bhall d'Fhórsa Cosanta Shaorstáit Éireann, d'fhorléiriú mar thagairtí do dhuine—

[EN]

(a) is comhalta de na Buan-Óglaigh, nó

[EN]

(b) is oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca atá ar fostú go leanúnach ar dualgas nó seirbhís mhíleata i gcaitheamh tréimhse ina bhfuil forógra i bhfeidhm á údarú cúltacairí a ghairm amach ar buan-tseirbhís nó i gcaitheamh tréimhse ina bhfuil cúltacairí gairmthe amach ar buan-tseirbhís faoi alt 88, nó

[EN]

(c) is cúltacaire atá gairmthe amach ar buan-tseirbhís.

[EN]

Feidhm na nAcht Arm-Phinsean, 1923 go 1949, maidir leis na hÓglaigh Cúltaca.

303.—(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Arm-Phinsean, 1923 go 1949.

[EN]

(2) Ach amháin mar foráltar le fo-alt (3) den alt seo, déanfar an abairt “na fórsaí”, mar a bhfuil sí sna hAchta, d'fhorléiriú mar abairt nach bhfolaíonn na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

(3) Sna hAchta (ach amháin in ailt 10 agus 14 den Acht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927)

[EN]

(a) forléireofar an abairt “na fórsaí” mar abairt a fholaíos an Cúltaca Oifigeach (An Chéad Líne) agus an Cúltaca Fear (An Chéad Líne),

[EN]

(b) forléireofar an focal “saighdiúir” mar fhocal a fholaíos fear den Chúltaca Fear (An Chéad Líne).

[EN]

Leasú ar an Acht Airí agus Rúnaithe, 1924.

304.—(1) Chun críocha fo-ailt (4) d'alt 15 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924), arna leasú le fo-alt (2) d'alt 7 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925), measfar, maidir le haon ordú nó ionstraim eile a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, nó dá bhuaidh, gur oifigeach don Roinn Cosanta oifigeach atá ag fónamh in aon cheann de phríomhbhrainsí míleata na Roinne Cosanta.

[EN]

(2) Chun críocha míre (c) d'alt 17 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924, measfar gur oifigeach do réir bhrí na míre sin (c) oifigeach atá ag fónamh in aon cheann de phríomh-bhrainsí míleata na Roinne Cosanta.

[EN]

Leasú ar Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1949.

305.—I bhfo-ailt (1) agus (3) d'alt 4, agus sa Dara Sceideal, d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 (Uimh. 48 de 1924), agus in alt 16 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 (Uimh. 43 de 1934)—

[EN]

(a) forléireofar na tagairtí d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann mar thagairtí a fholaíos tagairtí do na Buan-Óglaigh;

[EN]

(b) maidir leis an mbriathar “scor”—

[EN]

(i) folóidh sé i gcás oifigigh de na Buan-Óglaigh scor agus éirí as, agus

[EN]

(ii) ciallóidh sé, i gcás fir de na Buan-Óglaigh a haistreofar go dtí na hÓglaigh Cúltaca, aistriú go dtí na hÓglaigh Cúltaca.

[EN]

Leasú ar an Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin). 1932.

306.—(1) Folóidh an abairt “na Fórsaí” mar a bhfuil sí san Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932), i dteannta na brí a bheirtear di le halt 1 den Acht sin, na Buan-Óglaigh, agus forléireofar dá réir sin an tAcht sin agus aon scéim faoin Acht sin a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

(2) I dteannta na seirbhíse altranais a bunaíodh faoi Acht 1923 a chiallú, ciallóidh an abairt “Seirbhís Bhanaltrais an Airm,” mar a bhfuil sí san Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932, nó in aon scéim faoin Acht sin, Seirbhís Altranais an Airm a bunaítear leis an Acht seo.

[EN]

Leasú ar an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934.

307.—Leasaítear leis seo mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 5 den Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934), trí na focail “de na Buan-Óglaigh, nó de na hÓglaigh Cúltaca mar mínítear sin leis an Acht Cosanta, 1954” a chur in ionad na bhfocal “d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, agus ball den Chúltaca a bunaíodh faoi Chuid III den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923), d'áireamh”, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Leasú ar alt 11 den Acht Arm-Phinsean, 1949.

308.—In alt 11 den Acht Arm-Phinsean, 1949 (Uimh. 19 de 1949), agus in aon scéim faoin alt sin, forléireofar an tagairt don Chúltaca—an Dara Líne mar thagairt don Chúltaca Oifigeach (An Fórsa Cosanta Áitiúil), don Chúltaca Fear (An Fórsa Cosanta Áitiúil), don Chúltaca Oifigeach (An Slua Muirí) agus don Chúltaca Fear (An Slua Muirí).

[EN]

Oiriúnú ar thagairtí do na Fórsaí Cosanta, etc., in achtacháin áirithe.

309.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1947” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947 (Uimh. 4 de 1947);

[EN]

ciallaíonn an abairt “achtachán lena mbaineann an t-alt seo” aon achtachán arb é atá ann—

[EN]

(a) aon reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó aon ionstraim a rinneadh faoi aon reacht den tsórt sin, nó

[EN]

(b) aon Acht ón Oireachtas a ritheadh roimh an dáta feidhme nó aon ionstraim a rinneadh faoi aon Acht den tsórt sin, nó

[EN]

(c) aon scéim arna déanamh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) faoin Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932).

[EN]

(2) In aon achtachán lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(a) forléireofar tagairtí do na Fórsaí Cosanta mar thagairtí d'Óglaigh na hÉireann, a bunófar agus a cothabhálfar faoin Acht seo,

[EN]

(b) forléireofar tagairtí do na fórsaí a bunaíodh faoi Chuid I d'Acht 1923 mar thagairtí do na Buan-Óglaigh,

[EN]

(c) forléireofar tagairtí don fhórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III d'Acht 1923 mar thagairtí do na hÓglaigh Cúltaca,

[EN]

(d) déanfar tagairtí do chéim míleata choimisiúnta atá leagtha amach sa Táible a ghabhas le hAlt 3 d'Acht 1947 d'fhorléiriú mar thagairtí dá samhail de chéim choimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó don chéim choimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Dara Sceideal sin agus atá ar comhréir leis an gcéim choimisiúnta airm sin,

[EN]

(e) déanfar tagairtí do chéim míleata neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa Táible a ghabhas le halt 5 d'Acht 1947 ag aon uimhir thagartha d'fhorléiriú mar thagairtí dá samhail de chéim neamhchoimisiúnta airm atá leagtha amach i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo nó don chéim neamhchoimisiúnta chabhlaigh atá leagtha amach i gcolún (3) den Tríú Sceideal sin agus atá ar comhréir leis an gcéim neamhchoimisiúnta airm sin,

[EN]

(f) forléireofar tagairtí do chéim choimisiúnta mhaoir, a bhí ann, mar thagairtí do chéim choimisiúnta lefteanant-chornail.

[EN]

(3) Ní dochar na hoiriúnuithe ginearálta a déantar leis an alt seo d'aon oiriúnú sonrach dá ndéantar le haon alt eile den Acht seo, agus i gcás aon neamhréireacht a bheith idir na hoiriúnuithe ginearálta sin agus aon oiriúnú sonrach den tsórt sin, is ag an oiriúnú sonrach sin a bheas an forlámhas.

[EN]

Seirbhís mar mhaor d'áireamh ina seirbhís mar lefteanantchornal.

310.—Chun críocha an Achta seo agus aon rialachán faoin Acht seo agus chun críocha aon scéime faoin Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932), áireofar mar sheirbhís mar lefteanant-chornal seirbhís i gcéim choimisiúnta mhaoir, a bhí ann.

CUID XII.

Forála Ilghnéitheacha.

[EN]

Gnóthú airgid a bheas dlite don Aire nó iníoctha leis.

311.—Beidh ag aon airgead a bheas dlite don Aire, agus iníoctha leis, na cearta, na pribhléidí agus na tosaíochtaí céanna a bheirtear le fo-alt (2) d'alt 38 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924), d'airgead lena mbaineann an fo-alt sin.

[EN]

Srian le hearcaíocht do Stáit eile.

312.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith—

[EN]

(a) aon duine d'aslú, ná a thabhairt ná a áiteamh ar aon duine, sa Stát, aon choimisiún ná fruilíocht a ghlacadh, nó a chomhaontú é a ghlacadh, in aon fhórsa míleata, cabhlaigh nó aeir a bheas á chothabháil ag Rialtas aon Stáit eile, ná

[EN]

(b) aon fhógra ná fógrán, maidir le pearsanra d'fháil d'aon fhórsa míleata, cabhlaigh ná aeir a bheas á chothabháil ag Rialtas aon Stáit eile, a chlóbhualadh sa Stát ná a chur faoi deara ná a thabhairt é a chlóbhualadh sa Stát, ná

[EN]

(c) aon fhógra ná fógrán den tsórt a luaitear i mír (b) den fho-alt seo agus a clóbhuaileadh sa Stát d'fhoilsiú ná a chur faoi deara ná a thabhairt é d'fhoilsiú sa Stát.

[EN]

(2) Gach duine a dhéanfas aon ghníomh contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

(3) San alt seo—

[EN]

folaíonn an focal “Rialtas”, maidir le haon Stát eile, aon duine a bheas ag feidhmiú, nó ag gabháil lena ais bheith ag feidhmiú, cumhacht Rialtais sa Stát sin nó in aon chuid de, nó ar an Stát sin nó ar aon chuid de;

[EN]

ní fholaíonn an abairt “fórsa míleata, cabhlaigh ná aeir” cumann saorálach cabhrach atá aitheanta agus údaraithe go cuí chun críocha Choinbhinsiún na Geinéibhe le Fóirthin ar Dhaoine Gonta agus Daoine Tinne i bhFórsaí Armtha ar an Machaire, coinbhinsiún a síníodh sa Gheinéibh an 12ú lá de Lúnasa, 1949.

[EN]

Siamsaí faoi stiúradh seirbhíse.

313.—(1) Ní bheidh feidhm ag an méid sin d'aon Acht a oibríos chun toirmeasc a chur, i gcás laethanta áirithe, nó chun srian a chur nó rialú a dhéanamh thairis sin, ar choimeád, oscailt nó úsáid áitreabh chun críocha siamsa nó aineasa phoiblí, maidir le húsáid a dhéanamh, ar údarás ón Aire, d'aon fhoirgneamh i gcampa nó i stáisiún nó d'aon long le haghaidh siamsa nó áineasa faoi stiúradh agus treorú oifigigh nó coiste ar a mbeidh freagracht oifigiúil sna cúrsaí sin.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) folaíonn an abairt “siamsa nó aineas poiblí” rince, amhránaíocht nó ceol poiblí, drámaí stáitse a thaibhiú go poiblí agus taispeántais chineamatagrafacha a thabhairt;

[EN]

(b) i gcás foirgneamh nó long d'úsáid chun taispeántais chineamatagrafacha a thabhairt, measfar coimeád nó stóráil scannán a bheith ina chuid den úsáid sin chun na taispeántais a thabhairt.

[EN]

Ceadúnas máil a dheonadh le haghaidh ceaintíní míleata.

314.—D'ainneoin aon ní sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, nó in aon achtachán eile, ní bheidh ar dhuine ag a mbeidh ceaintín faoi údarás an Aire deimhniú d'fháil ó Bhreitheamh den Chúirt Dúiche chun a chur ar a chumas aon cheadúnas máil d'fháil nó a shealbhú faoi na hAchta sin chun deocha meisciúla a dhíol, agus feadfar an ceadúnas máil sin a dheonadh dhó dá réir sin.

[EN]

Ceart an Aire chun airgead tarrthálais d'éileamh i leith seirbhísí long Stáit.

315.—I gcás ina ndéanfaidh aon long Stáit seirbhísí tarrthálais, beidh teideal ag an Aire airgead tarrthálais d'éileamh thar ceann an Stáit i leith na seirbhísí sin, agus beidh na cearta agus na leighis chéanna aige a bheadh ann dá mba nár long Stáit an long a rinne na seirbhísí sin.

[EN]

Eileamh airgid tarrthálais ag ceannasaithe agus foirne long Stáit.

316.—(1) In aon chás—

[EN]

(a) ina ndéanfaidh ceannasaí nó foireann loinge Stáit seirbhísí tarrthálais, agus

[EN]

(b) ina dtionscnóidh ceannasaí nó foireann nó cuid d'fhoireann na loinge Stáit sin imeachta chun éileamh i leith na seirbhísí tarrthálais sin a chur i bhfeidhm,

[EN]

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(i) ní tabharfar breithniú críochnaitheach ar an éileamh sin mura gcruthaítear toiliú an Aire (a fhéadfas sé a thabhairt roimh thionscnamh na n-imeacht sin nó dá éis sin) a bheith faighte lena thabhairt ar aghaidh;

[EN]

(ii) mura gcruthaítear an toiliú sin a bheith faighte, díbhfear an t-éileamh sin le costais.

[EN]

(2) San alt seo folaíonn an focal “foireann” oifigigh.

[EN]

Eidí coigríche.

317.—(1) Ní thiocfaidh duine ar bith faoi éide choigríche isteach sa Stát ná ní thiocfaidh i dtír sa Stát, ach amháin le toiliú i scríbhinn ó Aire Stáit.

[EN]

(2) Ní raghaidh duine ar bith faoi éide choigríche isteach in áit phoiblí sa Stát ach amháin le toiliú i scríbhinn ó Aire Stáit.

[EN]

(3) Féadfaidh Aire Stáit ó am go ham a threorú nach mbeidh feidhm, i gcaitheamh tréimhse sonraithe, ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo maidir le haon aicme shonraithe dhaoine (a míneofar i pé slí is oiriúnach leis) agus sa chás sin ní bheidh feidhm i gcaitheamh na tréimhse sin ag na fo-ailt sin maidir leis an aicme dhaoine sin.

[EN]

(4) Gach duine a shárós (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil d'fho-ailt (1) nó (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo srianadh, ná ní bheidh feidhm aige, maidir le caitheamh aon éide ag ceann aon mhisiúin taidhleoireachta a bheas creidiúnaithe go cuí chun an Stáit ná ag aon chomhalta d'fhoireann taidhleoireachta an mhisiúin sin a mbeidh a cheapachán sa cháil sin curtha in iúl go hoifigiúil don Aire Gnóthaí Eachtracha nó a mbeidh teideal aige ar shlí eile chun díolúintí taidhleoireachta.

[EN]

(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo srianadh, ná ní bheidh feidhm aige, maidir le caitheamh aon éide coigríche i gcúrsa dráma stáitse ná aon taibhithe ná léirithe dhrámúil eile.

[EN]

(7) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “éide choigríche” éide aon fhórsa armtha de chuid aon Stáit eile, pé acu ar tír, ar muir nó san aer a oibríos sé, agus folaíonn sí aon chuid shuaithnidh d'aon éide den tsórt sin;

[EN]

folaíonn an abairt “áit phoiblí” aon tsráid, bóthar, páire nó áit eile dá samhail, agus fós aon áit nó foirgneamh a bhfuil cead isteach ann ag an bpobal ar tháille d'íoc as dul isteach.

[EN]

Seirbhís phríntíseach aturnaethe sna Fórsaí Cosanta láithreacha.

318.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “na Fórsaí Cosanta”—

[EN]

(a) an fórsa a bunaíodh faoi Chuid I d'Acht 1923; agus

[EN]

(b) an fórsa cúltaca a bunaíodh faoi Chuid III d'Acht 1923;

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1898” an Solicitors (Ireland) Act, 1898;

[EN]

ciallaíonn an abairt “tréimhse na héigeandála” an tréimhse a thosnaigh an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus a chríochnaigh an lú lá de Mheán Fómhair, 1946.

[EN]

(2) I gcás aon duine, a bhí fruilithe ar seirbhís sna Fórsaí Cosanta le linn tréimhse na héigeandála, a bheith, nó a dhul, faoi dhintiúirí príntíseachta le haturnae cleachtach, féadfaidh Comhairle an Dlí-Chumainn Chorpraithe, dá rogha féin amháin, a dhearbhú le hordú go mbeidh pé tréimhse (nach sia ná tréimhse sheirbhíse an duine sin sna Fórsaí Cosanta le linn tréimhse na héigeandála) is oiriúnach leis an gComhairle sin, agus a shonróid san ordú, ináirithe chun críocha Achta 1898 mar sheirbhís iarbhír faoi na dintiúirí príntíseachta sin, faoi réir an duine sin do chomhlíonadh pé coinníollacha (más ann) is oiriúnach leis an gComhairle sin agus a shonróid san ordú.

[EN]

(3) I gcás ina ndéanfaidh Comhairle an Dlí-Chumainn Chorpraithe ordú faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le duine ar bith, beidh feidhm, faoi réir an duine sin do chomhlíonadh na gcoinníollacha (más ann) a sonrófar san ordú, ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) beidh an tréimhse a sonrófar san ordú ináirithe, chun críocha Achta 1898, mar sheirbhís iarbhír faoina dhintiúirí príntíseachta;

[EN]

(b) déanfar fo-alt (1) d'alt 25 d'Acht 1898, chomh fada is bhaineas leis an duine sin, d'fhorléiriú amhail is dá gcuirtí isteach—

[EN]

(i) i ndiaidh na bhfocal “such practising solicitor”, na focail “except during a period declared, by an order made in respect of him by the Council of the Incorporated Law Society under Article 3 of the Emergency Powers (No. 285) Order, 1943 (S.R. & O. No. 268 of 1943), or under section 14 of the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1946 (No. 7 of 1946), or section 318 of the Defence Act, 1954, to be reckonable, for the purposes of this Act, as actual service under his indentures of apprenticeship”, agus

[EN]

(ii) i ndiaidh na bhfocal “employment of a solicitor”, na focail “or service in the Defence Forces”;

[EN]

(c) féadfar na foirmeacha mionnscríbhinne chun críocha an ailt sin 25, a hordaítear le rialacha faoi alt 57 d'Acht 1898, a mhodhnú, maidir leis an duine sin, i gcomhréir leis na leasuithe a déantar le mír (b) den fho-alt seo.

[EN]

(4) Aon ordú a rinneadh faoi Airteagal 3 den Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 285), 1943 (R. & O. R., Uimh. 268 de 1943), nó faoi fho-alt (1) d'alt 14 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 7 de 1946), measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.

[EN]

(5) Forléireofar an t-alt seo agus Acht 1898 mar aon ní amháin.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt. 9.

Uimh. agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairmc

(1)

(2)

(3)

Uimh. 30 de 1923.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923.

An tAcht iomlán.

Uimh. 16 de 1924.

An tAcht Airí agus Rúnaithe, 1924.

Alt I, mír (x), na focail “agus cabhróidh Comhairle Cosanta leis faoi mar foráltar ina dhiaidh seo anseo”; alt 8.

Uimh. 38 de 1924.

An tAcht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924.

An tAcht iomlán.

Uimh. 4 de 1925.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1925.

An tAcht iomlán.

Uimh. 9 de 1926.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1926.

An tAcht iomlán.

Uimh. 9 de 1927.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1927.

An tAcht iomlán.

Uimh. 23 de 1927.

Acht na nGiúirithe, 1927.

Cuid I den Chéad Sceideal, na focail “Baill d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann ar lán-tuarastal”.

Uimh. 40 de 1927.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1927.

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1929.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1929.

An tAcht iomlán.

Uimh. 6 de 1930.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1930.

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1931.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1931.

An tAcht iomlán.

Uimh. 52 de 1931.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1931.

An tAcht iomlán.

Uimh. 3 de 1933.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1933.

An tAcht iomlán.

Uimh. 10 de 1934.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1934.

An tAcht iomlán.

Uimh. 26 de 1934.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1934.

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1935.

An tAcht um Hallaí Rince Poiblí, 1935.

Alt 15, na focail “an Aire Cosanta nó”.

Uimh. 11 de 1935.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1935.

An tAcht iomlán.

Uimh. 3 de 1936.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1936.

An tAcht iomlán.

Uimh. 6 de 1937.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1937.

An tAcht iomlán.

Uimh. 41 de 1937.

An tAcht Fórsaí Cosanta, 1937.

An tAcht iomlán.

Uimh. 8 de 1938.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1938.

An tAcht iomlán.

Uimh. 7 de 1939.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1939.

An tAcht iomlán.

Uimh. 3 de 1940.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1940.

An tAcht iomlán.

Uimh. 11 de 1940.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940.

An tAcht iomlán.

Uimh. 6 de 1941.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1941.

An tAcht iomlán.

Uimh. 3 de 1942.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1942.

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 de 1943.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1943.

An tAcht iomlán.

Uimh. 4 de 1944.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1944.

An tAcht iomlán.

Uimh. 10 de 1945.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1945.

An tAcht iomlán.

Uimh. 7 de 1946.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1946.

An tAcht iomlán.

Uimh. 4 de 1947.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947.

An tAcht iomlán.

Uimh. 5 de 1948.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1948.

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 de 1949.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1949.

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1950.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1950.

An tAcht iomlán.

Uimh. 6 de 1951.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1951.

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1952.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1952.

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 de 1953.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1953.

An tAcht iomlán.

Uimh. 5 de 1954.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1954.

An tAcht iomlán.

AN DARA SCEIDEAL.

Céimeanna Coimisiúnta Airm agus Cabhlaigh in Óglaigh na hÉireann.

Alt 24.

Uimh. Thag.

Céimeanna Airm

Céimeanna Cabhlaigh

(1)

(2)

(3)

1

Ginearál nó (i mBéarla) General.

--

2

Lefteanant-Ghinearál nó (i mBéarla) Lieutenant-General.

--

3

Maor-Ghinearál nó (i mBéarla) Major-General.

Ceannasóir nó (i mBéarla) Commodore.

4

Cornal nó i (i mBéarla) Colonel.

Captaen nó (i mBéarla) Captain.

5

Lefteanant-Chornal nó (i mBéarla) Lieutenant-Colonel.

Ceannasaí nó (i mBéarla) Commander.

6

Ceannfort nó (i mBéarla) Commandant.

Lefteanant-Cheannasaí nó (i mBéarla) Lieutenant-Commander.

7

Captaen nó (i mBéarla) Captain.

Lefteanant nó (i mBéarla) Lieutenant.

8

Lefteanant nó (i mBéarla) Lieutenant.

Fo-Lefteanant nó (i mBéarla) Sub-Lieutenant.

9

Dara-Lefteanant nó (i mBéarla) Second-Lieutenant.

Meirgire nó (i mBéarla) Ensign.

Meánloingseach nó (i mBéarla) Midshipman.

AN TRIU SCEIDEAL.

Céimeanna Neamhchoimisiúnta Airm agus Cabhlaigh in Óglaigh na hÉireann.

Alt 25.

Uimh. Thag.

Céimeanna Airm

Céimeanna Cabhlaigh

(1)

(2)

(3)

1

Maor-Sháirsint nó (i mBéarla) Sergeant-Major.

Oifigeach Barántais nó (i mBéarla) Warrant Officer.

2

Ceathrú-Sháirsint Cathláin nó (i mBéarla) Battalion Quartermaster-Sergeant.

Ard-Mhion-Oifigeach Sinsearach nó (i mBéarla) Senior Chief Petty Officer.

3

Sáirsint Complachta nó (i mBéarla) Company-Sergeant.

Ard-Mhion-Oifigeach nó (i mBéarla) Chief Petty Officer.

4

Ceathrú-Sháirsint Complachta nó (i mBéarla) Company Quartermaster-Sergeant.

Mion-Oifigeach Sinsearach nó (i mBéarla) Senior Petty Officer.

5

Sáirsint nó (i mBéarla) Sergeant.

Mion-Oifigeach nó (i mBéarla) Petty Officer.

6

Ceannaire nó (i mBéarla) Corporal.

Mairnéalach Ceannais nó (i mBéarla) Leading Seaman.

7

Saighdiúir Singil nó (i mBéarla) Private.

Mairnéalach nó (i mBéarla) Seaman.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Nithe a bhféadfar rialacháin a dhéanamh ina dtaobh faoi alt 26.

Alt 26.

1. Ord tosaíochta na bhfórsaí cosanta faoi seach atá in Óglaigh na hÉireann agus na gcór seirbhíse, na bhfoireann, na n-aonad agus na bhfeadhan éagsúla díobh.

2. Sinsearacht oifigeach.

3. Na daoine dá dtabharfar, mar oifigigh nó eile, ceannas ar Óglaigh na hÉireann nó ar aon chuid díobh agus an modh ar a bhfeidhmeofar an ceannas sin, ar shlí, ámh, nach bhfeidhmeoidh duine ar bith ceannas ar dhuine is airde céim ná é féin.

4. Ceapadh chun céime coimisiúnta, ardú i gcéim choimisiúnta, agus sealbhaíocht chéime coimisiúnta, in Óglaigh na hÉireann.

5. Na ceapacháin a bheas ag oifigigh agus ag fir.

6. Sealbhaíocht aon oifige, cheapacháin nó cháile in Óglaigh na hÉireann.

7. Scor oifigeach de na Buan-Óglaigh, scarúint oifigeach de na hÓglaigh Cúltaca lena gcoimisiúin, éirí oifigeach as a gcoimisiúin agus urscaoileadh fear.

8. Na hoifigigh a bheas ina n-oifigigh ceannais agus ina gceannasaithe complachta faoi seach chun críocha an Achta seo.

9. Oifigigh a ligeán ar iasacht le haghaidh ceapachán sibhialta nó ceapachán leath-mhíleata.

10. Cead comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann chun bheith as láthair.

11. An éide agus na hinchomharthaí a chaithfeas comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

12. Na hoird agus na hoirneasa a chaithfeas comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

13. Freastal, laistigh nó lasmuigh den Stát, ar ranganna speisialta agus cúrsaí speisialta teagaisc, ag comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann a roghnófar chun freastal orthu.

14. Scrúdú comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann i leith a n-inniúlachta ar ábhair mhíleata agus i leith a gcáilíochtaí ginearálta oideachais nó a gcáilíochtaí teicniúla, agus deonadh deimhnithe inniúlachta.

15. Aicmiú fear do réir céimeanna nó grád céimeanna, cáilíochtaí agus ceapachán.

16. Tréineáil agus cigireacht Óglaigh na hÉireann, bunú campaí tréineála, agus freachnaimh le haghaidh Óglaigh na hÉireann.

17. Rialú cleachtais airtléire, mhuscaeid agus bhuamála agus cleachtais eile airm, chabhlaigh nó aeir, agus caomhaint shlándála an phobail lena linn sin.

18. Aireachasú, cigireacht agus tástáil arm, tiomthaigh, lón lámhaigh, soláthairtí, ainmhithe, córacha iompair, árthach, aerárthach, éadaí agus trealaimh Óglaigh na hÉireann.

19. Dualgais, onóracha agus cúirtéisí searmóinnis.

20. Eiteall aerárthach seirbhíse.

21. Na bratacha nó na bratainní is iomchuí do chóir sheirbhíse, d'fhoirne, d'aonaid agus d'fheadhna eile d'Óglaigh na hÉireann agus do longa Stáit, nó a ceapfar chun a n-úsáidte sin.

22. An cúram a ghlacfas longa Stáit chun iombualadh ar muir a sheachaint.

23. Soilsiú long Stáit.

24. Coimisiúnú agus trealmhú long Stáit.

25. Caomhaint, deisiú agus dugú long Stáit.

26. Na seirbhísí tarrthálais a dhéanfas longa Stáit.

27. Rialacháin choraintín agus chustam maidir le longa Stáit agus aerárthaigh sheirbhíse.

28. Loingsiú agus píolótú long Stáit.

29. Bainistí, rialú agus sábháltacht chaladh agus longlann a húsáidtear chun críocha cosanta, agus pléascán, olaí, breoslaí, soláthairtí agus earraí a stórálfar ar chalaidh agus i longlanna.

30. Suirbhéireacht long Stáit agus a n-inneall agus a dtrealaimh.

31. An scála ar a n-eiseofar airm, tiomthach, lón lámhaigh, soláthairtí, ainmhithe, córacha iompair, éadaí, trealamh agus matériel eile le hÓglaigh na hÉireann.

32. Bunú, stiúradh agus rialú bialanna, ceaintíní agus foras chun caitheamh aimsire agus bia agus deoch a chur ar fáil do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann, agus cuntas a thabhairt ar chistí na mbialann, na gceaintíní agus na bhforas sin, agus rialú agus úsáid na gcistí sin.

33. Bunú cistí seirbhíse agus cistí chun leasa comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus a dteaghlaigh, agus cuntas a thabhairt ar na cistí sin agus rialú agus úsáid na gcistí sin.

34. Coinníollacha agus téarmaí seirbhíse fostaithe sibhialta.

35. Trealamh seirbhíse a thabhairt ar iasacht, in aisce nó ar fruiliú.

36. Aon ní nó rud dá dtagartar i gCuid III den Acht seo mar ní nó rud forordaithe nó mar ábhar do rialacháin a dhéanfas an tAire.

37. Aon ní no rud eile nach ndéantar ar shlí eile foráil shainráite ina leith leis an Acht seo ná faoi agus is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach ar mhaithe le dea-riaradh agus éifeachtúlacht agus le stiúradh agus bainistí inmheánach Óglaigh na hÉireann, nó chun feidhm agus éifeacht a thabhairt don Acht seo.

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Foirmeacha coimisiúin d'oifigeach.

Alt 42.

CUID I.

Oglaigh na hÉireann.

Do (Ainm an Oifigigh) ..................................................

Le hiontaoibh as do dhílseacht d'Éirinn agus as do thairiseacht don Bhunreacht agus le muinín speisialta as do mhisneach, d'onóir, do dhea-iompar agus d'éirim, Déanaimse, .................... Uachtarán na hÉireann, leis seo, ar chomhairle an Rialtais, tú a bhunú agus a cheapadh chun bheith id oifigeach sa chuid d'Oglaigh na hÉireann dá ngairmtear........................................................... * amhail ón..........lá de........................... 19.... Comhlíonfair go dílis do dhualgas i gcéim....................................... san............‡nó in aon chéim is airde ná sin a ndéanfar de thoradh fiúntais tú a cheapadh nó d'ardú chuici ina dhiaidh seo. Déanfair na fir agus na hoifigigh íochtaracha a bheas ag fónamh fút d'aclú agus a thréineáil in airm agus a choimeád i ndea-ord agus i ndea-araíonacht agus naisctear leis seo ar gach aon duine acu sin agus ordaítear dó umhlóid a thabhairt duit mar oifigeach uachtarach air. Déanfair féin pé orduithe agus ordacháin dleathacha a gheobhair ó am go ham ón Aire Cosanta nó ó dhuine ar bith ded oifigigh uachtaracha a leanúint agus a chomhlíonadh gan ceist.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil

an.................lá seo de..............................,

19.........

.....................................

Uachtarán na hÉireann.

CUID II.

The Defence Forces.

To (Name of Officer) ...................................................

Trusting in your fidelity to Ireland and loyalty to the Constitution and reposing special confidence in your courage, honour, good conduct, and intelligence, I, ........................, the President of Ireland, hereby, on the advice of the Government, constitute and appoint you to be an officer in the part of the Defence Forces known as................................* as from the........day of.........................., 19.... You will faithfully discharge your duty in the................‡ rank of................or in any higher rank to which your merit may hereafter determine your appointment or promotion. You will exercise and train in arms and maintain in good order and discipline the men and inferior officers serving under you who are hereby each and all enjoined and commanded to render you obedience as their superior officer. You will yourself observe and obey without question such lawful orders and directions as you shall from time to time receive from the Minister for Defence or from any of your superior officers.

GIVEN under my Official Seal this..............day

of......................................................., 19..

..........................................

President of Ireland.

CUID III.

Oglaigh na hÉireann.

Do (Ainm an Oifigigh)...................................................

Le hiontaoibh as do dhílseacht d'Éirinn agus as do thairiseacht don Bhunreacht agus le muinín speisialta as do mhisneach, d'onóir, do dhea-iompar agus d'éirim, Déanaimidne, na sínithe thíos, is comhaltaí den Choimisiún a bunaíodh mar foráltar in alt 2 d'Airteagal 14 den Bhunreacht chun cumhachta agus feidhmeanna Uachtarán na hÉireann d'oibriú agus a chomhlíonadh, leis seo, ar chomhairle an Rialtais, tú a bhunú agus a cheapadh chun bheith id oifigeach sa chuid d'Oglaigh na hÉireann dá ngairmtear........ ............ * amhail ón........lá de................, 19.... Comhlíonfair go dílis do dhualgas i gcéim................san ............ ‡ nó in aon chéim is airde ná sin a ndéanfar de thoradh fiúntais tú a cheapadh nó d'ardú chuici ina dhiaidh seo. Déanfair na fir agus na hoifigigh íochtaracha a bheas ag fónamh fút d'aclú agus a thréineáil in airm agus a choimeád i ndea-ord agus i ndea-araíonacht agus naisctear leis seo ar gach aon duine acu sin agus ordaítear dó umhlóíd a thabhairt duit mar oifigeach uachtarach air. Déanfair féin pé orduithe agus ordacháin dleathacha a gheobhair ó am go ham ón Aire Cosanta nó ó dhuine ar bith ded oifigigh uachtaracha a leanúint agus a chomhlíonadh gan ceist.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil

Uachtarán na hÉireann an ..............lá seo

de..........................., 19....

.............................

CUID IV.

The Defence Forces.

To (Name of Officer) ...................................................

Trusting in your fidelity to Ireland and loyalty to the Constitution and reposing special confidence in your courage, honour, good conduct, and intelligence, We, the undersigned members of the Commission constituted as provided in section 2 of Article 14 of the Constitution to exercise and perform the powers and functions of the President of Ireland, hereby, on the advice of the Government, constitute and appoint you to be an officer in the part of the Defence Forces known as........................ * as from the........day of............, 19.... You will faithfully discharge your duty in the.......... ‡rank of............ or in any higher rank to which your merit may hereafter determine your appointment or promotion. You will exercise and train in arms and maintain in good order and discipline the men and inferior officers serving under you who are hereby each and all enjoined and commanded to render you obedience as their superior officer. You will yourself observe and obey without question such lawful orders and directions as you shall from time to time receive from the Minister for Defence or from any of your superior officers.

GIVEN under the Official Seal of the President

of Ireland this........day of....................

19......

..........................

* Cuir isteach anseo “na Buan-Oglaigh”, “the Permanent Defence Force”, “na hOglaigh Cúltaca” nó “the Reserve Defence Force” (pé acu is iomchuí).

Cuir isteach anseo “Arm”, “Army”, “Chabhlach” nó “Naval” (pé acu is iomchuí).

* Cuir isteach anseo “na Buan-Oglaigh”, “the Permanent Defence Force”, “na hOglaigh Cúltaca” nó “the Reserve Defence Force” (pé acu is iomchuí).

Cuir isteach anseo “Arm”, “Army”, “Chabhlach” nó “Naval” (pé acu is iomchuí).

* Cuir isteach anseo “na Buan-Oglaigh”, “the Permanent Defence Force”, “na hOglaigh Cúltaca” nó “the Reserve Defence Force” (pé acu is iomchuí).

Cuir isteach anseo “Arm”, “Army”, “Chabhlach” nó “Naval” (pé acu is iomchuí).

* Cuir isteach anseo “na Buan-Oglaigh”, “the Permanent Defence Force”, “na hOglaigh Cúltaca” nó “the Reserve Defence Force” (pé acu is iomchuí).

Cuir isteach anseo “Arm”, “Army”, “Chabhlach” nó “Naval” (pé acu is iomchuí).

AN SEU SCEIDEAL.

Foirm an Mhionna nó an Dearbhuithe a chlacfas nó a dhéanfas Oifigigh de na Buan-Óglaigh.

Alt 43(1).

CUID I.

Mionnaímse (nó dearbhaímse),........................, go solamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im oifigeach de na Buan-Oglaigh, go gcomhlíonfad gach ordú dleathach a bhéarfas m'oifigigh uachtaracha dhom agus nach gceanglód le haon eagraíocht nó cumann polaitíochta ná le haon chumann rúnda ar bith ná nach mbead im comhalta den chéanna ná nach dtaobhód leis an gcéanna.

CUID II.

I,...................., do solemnly swear (or declare) that I will be faithful to Ireland and loyal to the Constitution and that while I am an officer of the Permanent Defence Force I will obey all lawful orders issued to me by my superior officers and will not join or be a member of or subscribe to any political organisation or society or any secret society whatsoever.

AN SEACHTU SCEIDEAL.

Foirm an mhionna nó an Dearbhuithe a ghlacfas nó a dhéanfas Oifigigh de na hÓglaigh Cúltaca.

Alt 43 (2).

CUID I.

Mionnaímse (nó dearbhaímse),........................, go solamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im oifigeach de na hOglaigh Cúltaca, go gcomhlíonfad gach ordú dleathach a bhéarfas m'oifigigh uachtaracha dhom agus nach gceanglód le haon chumann rúnda ar bith ná nach mbead im chomhalta den chéanna ná nach dtaobhód leis an gcéanna.

CUID II.

I,...................., do solemnly swear (or declare) that I will be faithful to Ireland and loyal to the Constitution and that while I am an officer of the Reserve Defence Force I will obey all lawful orders issued to me by my superior officers and will not join or be a member of or subscribe to any secret society whatso-ever.

AN tOCHTU SCEIDEAL

Foirm an Mhionna nó an Dearbhuithe a ghlacfas nó a dhéanfas Fir a Liostálfas sna Buan-Óglaigh faoi alt 53.

Alt 58 (1).

CUID I.

Mionnaímse (nó dearbhaímse),........................, go solamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im fhear d'Oglaigh na hÉireann, go gcomhlíonfad gach ordú dleathach a bhéarfas m'oifigigh uachtaracha dhom agus, faid a bhead im fhear de na Buan-Oglaigh, nach gceanglód le haon eagraíocht nó cumann polaitíochta ná le haon chumann rúnda ar bith ná nach mbead im chomhalta den chéanna ná nach dtaobhód leis an gcéanna agus, má bhím im fhear de na hOglaigh Cúltaca, nach gceanglód le haon chumann rúnda ar bith ná nach mbead im chomhalta den chéanna ná nach dtaobhód leis an gcéanna faid a bhead im fhear de na hOglaigh Cúltaca.

CUID II.

I,........................, do solemnly swear (or declare) that I will be faithful to Ireland and loyal to the Constitution and that while I am a man of the Defence Forces I will obey all lawful orders issued to me by my superior officers and that while I am a man of the Permanent Defence Force I will not join or be a member of or subscribe to any political organisation or society or any secret society whatsoever and that, if I become a man of the Reserve Defence Force, I will not, while I am a man of the Reserve Defence Force, join or be a member of or subscribe to any secret society whatsoever.

AN NAOU SCEIDEAL.

Foirm an mhionna nó an Dearbhuithe a ghlacfas nó a dhéanfas Fir a Liostálfas sna Buan-Óglaigh faoi alt 54.

Alt 58(2).

CUID I.

Mionnaímse (nó dearbhaímse),........................, go solamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im fhear de na Buan-Oglaigh, go gcomhlíonfad gach ordú dleathach a bhéarfas m'oifigigh uachtaracha dhom agus nach gceanglód le haon eagraíocht nó cumann polaitíochta ná le haon chumann rúnda ar bith ná nach mbead im chomhalta den chéanna ná nach dtaobhód leis an gcéanna.

CUID II.

I,...................., do solemnly swear (or declare) that I will be faithful to Ireland and loyal to the Constitution and that while I am a man of the Permanent Defence Force I will obey all lawful orders issued to me by my superior officers and will not join or be a member of or subscribe to any political organisation or society or any secret society whatsoever.

AN DEICHIU SCEIDEAL

Foirm an Mhionna nó an Dearbhuithe a ghlacfas nó a dhéanfas Fir a Liostálfas sna hÓglaigh Cúltaca faoi alt 55.

Alt 58 (3).

CUID I.

Mionnaímse (nó dearbhaímse),........................, go solamanta go mbead dílis d'Éirinn agus tairiseach don Bhunreacht agus, faid a bhead im fhear de na hOglaigh Cúltaca, go gcomhlíonfad gach ordú dleathach a bhéarfas m'oifigigh uachtaracha dhom agus nach gceanglód le haon chumann rúnda ar bith ná nach mbead im chomhalta den chéanna ná nach dtaobhód leis an gcéanna.

CUID II.

I,........................, do solemnly swear (or declare) that I will be faithful to Ireland and loyal to the Constitution and that while I am a man of the Reserve Defence Force I will obey all lawful orders issued to me by my superior officers and will not join or be a member of or subscribe to any secret society whatsoever.