Uimhir 23 de 1940.
ACHT UM FHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1940.
[An tiontódh oifigeamhail.]
CUID I.
An tAcht um Fheidhmiu Orduithe Cuirte, 1926, do Leasu.
An Príomh-Acht.
1.—Sa Chuid seo den Acht so, cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926).
An Chuid seo den Acht so do léiriú.
2.—(1) Léighfear an Chuid seo den Acht so agus Cuid II den Phríomh-Acht mar éinní amháin agus, dá réir sin, gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe sa Chuid sin II no léi, chun crícheanna na Coda san II, beidh aige, sa Chuid seo den Acht so, an bhrí do bheirtear dó amhlaidh.
(2) Sa Chuid seo den Acht so, cialluíonn an abairt “ordú tráthchoda” ordú ar n-a dhéanamh fé alt 17 den Phríomh-Acht, pé aca in aon íocaíocht amháin no i dtráthchoda is gá do réir an orduithe sin na fiacha agus na costaisí d'íoc agus, i gcás an t-ordú san d'atharú fén gCuid seo den Acht so, foluíonn an abairt sin an t-ordú san ar n-a atharú amhlaidh.
An t-am chun ordú scrúdúcháin d'iarraidh.
3.—Is ceaduithe ordú scrúdúcháin d'iarraidh tráth ar bith laistigh de shé bliana tar éis dáta an bhreithiúntais gur ina thaobh a bheidh an t-ordú san á lorg.
Ré feidhme orduithe tráthchoda.
4.—(1) Ordú tráthchoda déanfar tar éis an Achta so do rith, leanfa sé i bhfeidhm go ceann sé mblian o dháta a dhéanta agus go ceann na tréimhse sin amháin.
(2) Ní bheidh tráthchuid ar bith iníoctha ná ionbhainte amach is tráthchuid a fhásfaidh chun bheith dlite, fé ordú tráthchoda, tar éis an orduithe sin do scur de bheith i bhfeidhm.
(3) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a chuireann de cheangal go bhforálfar le hordú tráthchoda iomlán na bhfiacha agus na gcostaisí d'íoc laistigh den tréimhse leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm.
Orduithe tráthchoda d'atharú.
5.—(1) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, más ceart san dar leis ar iarratas an chreidmheasóra no an fhéichimh, an ní sin aca so leanas a bhainfidh leis an gcás do dhéanamh alos orduithe thráthchoda ar bith (ar n-a dhéanamh roimh an Acht so do rith no dá éis sin), sé sin le rá:—
(a) i gcás inar gá do réir an orduithe thráthchoda san na fiacha agus na costaisí d'íoc in aon íocaíocht amháin, an t-ordú san d'atharú i slí go bhforálfar go ndéanfar (in ionad na híocaíochta san d'íoc in aon tsuim amháin) na fiacha agus na costaisí d'íoc sna tráthchoda san agus na tráthanna san is dóich leis an mBreitheamh san do bheith réasúnta ag féachaint dó do chúrsaí uile an cháis;
(b) i gcás inar gá do réir an orduithe thráthchoda san na fiacha agus na costaisí d'íoc i dtráthchoda, an t-ordú san d'atharú, sa tslí sin is ceart dar leis an mBreitheamh san, maidir le huimhir na dtráthchoda no le méid na dtráthchoda no leis na tráthanna bheidh na tráthchoda le n'íoc no maidir leis na nithe sin uile no le haon dá ní aca.
(2) Pé uair a dhéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche ordú fén alt so, pé aca ar iarratas ón gcreidmheasóir no ar iarratas ón bhféicheamh é, ag atharú orduithe thráthchoda, féadfaidh an Breitheamh san, más ceart san dar leis, ceachtar ní no an dá ní aca so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) a ordú costaisí an chreidmheasóra, alos an orduithe atharúcháin sin d'iarraidh, do bheith ina gcuid de chostaisí na n-imeacht sa Chúirt Dúithche do réir bhrí ailt 17 den Phríomh-Acht;
(b) a ordú feidhm agus éifeacht do bheith ag an ordú atharúcháin sin amhail o dháta áirithe roimh dháta a dhéanta.
(3) Ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt leis na fo-ailt sin roimhe seo den alt so, is o dháta a dhéanta a bheidh éifeacht ag ordú fén alt so.
Alt 18 den Phríomh-Acht d'ath-achtú go n-atharuithe air.
6.—Athghairmtear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—
(a) i gcás féicheamh do dhligheadh de bhuadh orduithe thráthchoda fiacha agus costaisí d'íoc in aon íocaíocht amháin no i dtráthchoda, agus an féicheamh san do thabhairt faillighe san íocaíocht san do dhéanamh, no do thabhairt faillighe i gceann amháin no níos mó de sna tráthchoda san a fhásfaidh chun bheith dlite faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm d'íoc, an tráth no na tráthanna bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú san, is ceaduithe don chreidmheasóir a iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche, tráth ar bith faid a bheidh an t-ordu san i bhfeidhm no fé cheann dhá mhí dhéag tar éis dó scur de bheith i bhfeidhm, a ordú an féicheamh san do ghabháil agus do chur i bpríosún;
(b) ar iarratas fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so d'éisteacht, féadfaidh an Breitheamh, más ceart san dar leis agus fé réir na céad mhíre ina dhiaidh seo den alt so, a ordú an féicheamh do ghabháil agus é chur i bpríosún ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí agus, leis sin, déanfar an féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún dá réir sin;
(c) ní ordóidh an Breitheamh, fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so, an féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún má dheineann an féicheamh (i gcás é theacht i láthair) a chur ina luighe ar an mBreitheamh san nách diúltú toilteanach ná faillighe inmhilleáin uaidh féin fé ndeár gan é do dhéanamh íoca;
(d) ar iarratas fé mhír (a) den alt so d'éisteacht agus más ceart dar leis an mBreitheamh san do dhéanamh, féadfaidh, in ionad a ordú an féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún, deighleáil leis an iarratas san fé is dá mba iarratas é fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so chun an orduithe thráthchoda san d'atharú agus, leis sin, beidh an t-alt deiridh sin roimhe seo infheidhmithe fé is dá mba iarratas fén gcéanna an t-iarratas san;
(e) pé uair a déanfar féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén alt so, beidh an féicheamh san i dteideal é scaoileadh saor an túisce íocfa sé féin no a híocfar thar a cheann, leis an gCléireach Cúirte Dúithche no le Gobharnóir an Phríosúin le haghaidh an Chléirigh Chúirte Dúithche, an méid airgid (a luadhfar san ordú san) is suim na dtráthchoda uile de sna fiacha agus de sna costaisí a bheidh fásta roimh dháta an orduithe sin agus gan íoc ar an dáta san, maraon leis an méid breise sin (más aon mhéid é) in aghaidh costaisí an orduithe sin is dóich leis an mBreitheamh a dhéanfaidh an t-ordú san do bheith réasúnta;
(f) an t-airgead go léir íocfaidh féicheamh no a híocfar thar a cheann, fén alt so, leis an gCléireach Cúirte Dúithche (go díreach no tré Ghobharnóir an Phríosúin) déanfaidh an Cléireach Cúirte Dúithche é íoc leis an gcreidmheasóir ar eisean dá iarraidh air.
CUID II.
Ilghneitheach agus Generalta.
Alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, do leasú.
7.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le fo-alt (1) d'alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, sé sin le rá:—
(a) an méid sin den fho-alt san (1) le n-a bhforáltar ná raghaidh an tsuim sheachtainiúil a luaidhtear ann thar dhá phunt, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige ar an Acht so do rith, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh an tsuim sheachtainiúil sin thar ceithre púint;
(b) fé réir forálacha aon rialacha cúirte bhainfidh leis an gcás, is ceaduithe a iarraidh ar Bhreitheamh ar bith den Chúirt Dúithche, fén bhfo-alt san (1), ordú chun suim sheachtainiúil d'íoc d'atharú.
Orduithe áirithe íocaíochtaí tréimhsiúla d'fhoirfheidhmiú.
8.—(1) I gcás gan suim no suimeanna, is iníoctha de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fé alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, no fé alt 3 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (Uimh. 17 de 1930), d'íoc go cuibhe, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar iarratas an duine gur leis a bheidh an tsuim no na suimeanna san iníoctha fén ordú san (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so), a chur fé ndeár, le barántas, an duine gur aige bheidh an tsuim no na suimeanna san iníoctha fén ordú san (dá ngairmtear an faillitheoir san alt so) do thabhairt ina láthair agus, leis sin, féadfaidh an Breitheamh san, tar éis dó an t-iarratasóir agus an faillitheoir agus fós an fhianaise sin (más ann di) do bhéarfaid fé seach ar áird d'éisteacht agus más ceart dar leis san do dhéanamh, a ordú an tsuim no na suimeanna san, maraon le costaisí an iarratais sin, do chruinniú tré earraí an fhaillitheora do ghabháil agus do dhíol no, mara gcuiridh an faillitheoir ina luighe ar an mBreitheamh san nach diúltú toilteanach ná faillighe inmhilleáin uaidh féin fé ndeár gan é do dhéanamh íoca, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí do ghearradh ar an bhfaillitheoir.
(2) I gcás Breitheamh den Chúirt Dúithche dá ordú, fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, méid áirithe airgid do chruinniú tré earraí an fhaillitheora do ghabháil agus do dhíol, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh an Breitheamh san a cheangal ar an bhfaillitheoir dul fé bhanna, go n-urraí le n-a mbeidh an Breitheamh san sásta, go dtiocfaidh i láthair an Bhreithimh sin lá áirithe mara nglantar an méid sin ina iomlán roimhe sin tríd an gcruinniú san no ar shlí eile;
(b) mara ndeinidh an faillitheoir, ar a cheangal air amhlaidh dul fén mbanna san, an ceanglas san do chólíonadh, féadfaidh an Breitheamh san, más ceart san dar leis, a ordú an faillitheoir do chur fé choinneáil agus é thabhairt i láthair an Bhreithimh sin an lá áirithe sin mara scaoiltear saor as coinneáil roimhe sin é de bhun an ailt seo;
(c) i gcás an faillitheoir do bheith fé choinneáil amhlaidh agus—
(i) é do dhul, le linn na coinneála san, fé bhanna i láthair feadhmhannaigh shíochána, go n-urraí le n-a mbeidh an feadhmannach síochána san sásta, go dtiocfaidh i láthair an Bhreithimh sin an lá áirithe sin mara nglantar an méid sin roimhe sin tríd an gcruinniú san no ar shlí eile, no
(ii) an méid sin do ghlanadh ina iomlán, le linn na coinneála san, tríd an gcruinniú san no ar shlí eile, scaoilfear saor an faillitheoir as coinneáil láithreach;
(d) i gcás gan an méid sin do bheith glanta ina iomlán an lá áirithe sin, tríd an gcruinniú san no ar shlí eile, féadfaidh an Breitheamh san, mara gcuiridh an faillitheoir ina luighe air nach diúltú toilteanach ná faillighe inmhilleáin uaidh féin fé ndeár gan é do ghlanadh an mhéide sin, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí do ghearradh ar an bhfaillitheoir.
(3) Pé uair a gearrfar téarma príosúntachta ar an bhfaillitheoir fén alt so, beidh sé i dteideal é scaoileadh saor an túisce íocfa sé féin no a híocfar thar a cheann, leis an gCléireach Cúirte Dúithche no le Gobharnóir an Phríosúin le haghaidh an Chléirigh Chúirte Dúithche, an méid airgid a bheidh luaidhte chuige sin in ordú na príosúntachta san, agus gurb é an tsuim no iomlán na suimeanna gur toisc gan í no iad d'íoc do rinne an t-iarratasóir an t-iarratas fén alt so, maraon le costaisí an iarratais sin, é.
(4) An t-airgead go léir íocfaidh an faillitheoir no a híocfar thar a cheann, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, leis an gCléireach Cúirte Dúithche (go díreach no tré Ghobharnóir an Phríosúin) déanfaidh an Cléireach Cúirte Dúithche é íoc leis an iarratasóir ar eisean dá iarraidh air.
(5) Ní thiocfaidh den fhaillitheoir do chur i bpríosún fén alt so é d'fhuascailt o n-a fhreagarthacht in íoc aon airgid gur toisc gan é íoc do gearradh an phríosúntacht san air ná an fhreagarthacht san do mhúchadh, ná ní dhéanfaidh an phríosúntacht san cealú ar aon cheart no leigheas eile bheidh ag an iarratasóir chun íoc an airgid sin d'fhoirfheidhmiú no chun é bhaint amach.
(6) Gach gabháil agus díol a déanfar de bhun ordacháin ar n-a thabhairt ag Breitheamh den Chúirt Dúithche fén alt so, isé an foshirriam a dhéanfaidh é.
(7) Ní bheidh aon iarratas ná imeachta eile (fén alt so no eile) chun suim no suimeanna, is iníoctha de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fé alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, no fé alt 3 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (Uimh. 17 de 1930), do bhaint amach ionsuidhte alos aon tsuime den tsórt san do tháinig chun bheith dlite agus iníoctha lá is sia siar ná sé mhí roimh dháta an iarratais no na n-imeacht eile sin do bhunú:
Ach, i gcás imeachta seachas imeachta fén alt so, féadfaidh an Chúirt, más ceart san dar léi mar gheall ar chúrsaí speisialta, a cheadú na himeachta san do shuidheamh alos gach suime no aon tsuime no suimeanna den tsórt san do tháinig chun bheith dlite agus iníoctha mar adubhradh.
Daoine i bpríosún toisc gan airgead d'íoc do scaoileadh saor.
9.—(1) I gcás duine do bheith i bpríosún de bhun orduithe chúirte ar n-a dhéanamh toisc gan an duine sin d'íoc suime airgid, féadfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt, tráth ar bith agus mar gheall ar aon réasún a chífear dó do bheith dóthanach, a ordú an duine sin do scaoileadh saor láithreach, no tar éis cuid áirithe den tsuim airgid sin d'íoc, fé mar is ceart dar leis an Aire sin.
(2) Pé uair a ordóidh an tAire Dlighidh agus Cirt, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, duine do scaoileadh saor as príosún, scaoilfear saor an duine sin do réir an ordacháin sin.
(3) Ní ordóidh an tAire Dlighidh agus Cirt fén alt so duine do scaoileadh saor as príosún mara dtéighidh ná go dtí go raghaidh an tAire sin i gcomhairle leis an mBreitheamh, d'orduigh an duine sin do chur i bpríosún, maidir le hé bheith ceart an duine sin do scaoileadh saor amhlaidh no maran deimhin ná go dtí gur deimhin leis an Aire sin nach féidir, toisc cúrsaí an cháis, dul i gcomhairle leis an mBreitheamh san.
Gearr-theideal agus luadh.
10.—(1) Féadfar an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 agus 1940, do ghairm den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926), agus den Acht so le chéile.