[EN]

Uimhir 6 de 1951.


[EN]

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1950. [27ú Márta, 1951.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1950, a bhuanú.

1.—Leanfaidh an hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1950, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1952, agus raghaid in éag ansin.

[EN]

Gearrtheideal agus forléiriú

2.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1951, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1950, agus féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1951, a ghairm de na hAchta sin agus den Acht seo le chéile.