[EN]

Uimhir 4 de 1976


[EN]

ACHT NA nGIÚIRÉITHE, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE GIÚIRÉITHE.

[2 Márta, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar Acht na nGiúiréithe, 1976, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “contae” contae riaracháin;

[EN]

ciallaíonn “toghairm ghiúiré” toghairm faoi alt 12;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

[EN]

(2) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

[EN]

(3) (a) Aon tagairt san Acht seo d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(b) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

Caiteachais.

3.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Aisghairm.

4.—Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

CUID II

Cáilíocht agus Dliteanas chun Fónamh mar Ghiúróir

[EN]

Ceantair ghiúiré.

5.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, is ceantar giúiré gach contae agus measfar chun na críche sin gur cuid de chontae Bhaile Átha Cliath, de chontae Chorcaí, de chontae Luimnigh agus de chontae Phort Láirge faoi seach contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath, contae-bhuirg Chorcaí, contae-bhuirg Luimnigh agus contaebhuirg Phort Láirge.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, contae a roinnt ina dhá cheantar ghiúiré nó níos mó nó a ordú gur cuid nó codanna áirithe de chontae a bheidh i gceantar giúiré.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(4) Gach saincheist is intriailte le giúiré beidh sí intriailte le giúiré a ghairfear as rolla giúróirí a tharraingeofar ón gceantar giúiré ina mbeidh an chúirt ina suí.

[EN]

Cáilíocht agus dliteanas chun fónamh mar ghiúróir.

6.—Faoi réir forálacha an Achta seo, gach saoránach ocht mbliana déag d'aois nó os a chionn agus faoi bhun seachtó bliain d'aois a bhfuil a ainm taifeadta ar chlár toghthóirí Dála i gceantar giúiré beidh sé cáilithe agus faoi dhliteanas chun fónamh mar ghiúróir le gach saincheist nó aon saincheist a thriail is intriailte de thuras na huaire le giúiré arna tharraingt ón gceantar giúiré sin, mura mbeidh sé, de thuras na huaire, neamh-inroghnaithe nó dícháilithe le haghaidh seirbhíse giúiré.

[EN]

Neamhinroghnacht.

7.—Beidh na daoine a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal neamh-inroghnaithe le haghaidh seirbhíse giúiré.

[EN]

Dícháilíocht.

1908, c. 67.

8.—Beidh duine dícháilithe le haghaidh seirbhíse giúiré más rud é ar é a chiontú i gcion in aon áit in Éirinn—

[EN]

(a)  gur cuireadh tráth ar bith pianbhreith phríosúnachta nó pianseirbhíse air ar feadh a shaoil nó ar feadh téarma cúig bliana nó níos mó nó pianbhreith choinneála faoi alt 103 den Children Act, 1908, nó faoi dhlí comhréire Thuaisceart Éireann, nó

[EN]

(b) gur tharla tráth ar bith le deich mbliana anuas—

[EN]

(i) gur chuir sé isteach aon chuid de phianbhreith phríosúnachta nó pianseirbhíse ba phianbhreith, i gcás príosúnachta, ar feadh téarma trí mhí ar a laghad, nó

[EN]

(ii) gur chuir sé isteach aon chuid de phianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig nó i bhforas comhréire i dTuaisceart Éireann, ba phianbhreith ar feadh téarma trí mhí ar a laghad.

[EN]

Saoradh ó sheirbhís.

9.—(1) Saorfaidh cláraitheoir contae aon duine a bheidh toghairthe mar ghiúróir aige faoin Acht seo más rud é—

[EN]

(a) gur duine de na daoine a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal an duine sin agus go gcuirfidh sé in iúl don chláraitheoir contae gur mian leis go saorfaí é, nó

[EN]

(b) go sásóidh an duine sin an cláraitheoir contae gur fhóin sé ar ghiúiré, nó gur fhreastail sé go cuí le fónamh ar ghiúiré, i rith na dtrí bliana dar chríoch dáta na toghairme a sheirbheáil air, nó

[EN]

(c) go sásóidh an duine sin an cláraitheoir contae go ndearna breitheamh aon chúirte, ar thriail a bheith críochnaithe, é a shaoradh ó sheirbhís ghiúiré go ceann tréimhse nach bhfuil caite fós.

[EN]

(2) Féadfaidh cláraitheoir contae aon duine a bheidh toghairthe mar ghiúróir aige a shaoradh ó fhreastal ar feadh an tsuí go léir, nó ar feadh aon choda den suí, a bheidh i gceist má shásaíonn an duine sin an cláraitheoir go bhfuil cúis mhaith ann gur cheart é a shaoradh amhlaidh.

[EN]

(3) Má bhíonn duine a bheidh toghairthe mar ghiúróir faoin Acht seo neamhábalta, mar gheall ar thinneas nó ar aon chúis eile, aon uiríoll a dhéanamh chuig cláraitheoir contae faoi fho-alt (1) nó (2), féadfaidh duine eile an t-uiríoll a dhéanamh thar a cheann.

[EN]

(4) Féadfaidh duine a mbeidh diúltaithe ag an gcláraitheoir contae é a shaoradh achomharc in aghaidh an diúltaithe a dhéanamh chun na cúirte a mbeidh toghairthe air freastal inti.

[EN]

(5) Is mar a fhorálfar i dtreoracha ó Uachtarán na hArd-Chúirte agus ó Uachtarán na Cúirte Cuarda faoi seach a bheidh nós imeachta an achomhairc, lena n-áirítear an breitheamh a éistfidh an t-achomharc a ainmniú, agus an tráth ar laistigh de is ceart agus an tslí inar ceart an t-achomharc a dhéanamh.

[EN]

(6) Breith chríochnaitheach breith na cúirte.

[EN]

(7) Nuair a bheidh duine faoi cheangal freastal mar ghiúróir i gcúirt le linn suí, beidh an dualgas céanna ar an mbreitheamh nó an rogha céanna aige, de réir mar a bheidh, a fhorchuirtear nó a bhronntar ar an gcláraitheoir contae faoin alt seo an duine sin a shaoradh ó fhreastal nó ó fhreastal níos faide. Féadfaidh an breitheamh, freisin, ar chúis mhaith, an giúróir a shaoradh le linn trialach ó fhónamh níos faide mar ghiúróir sa triail.

[EN]

(8) Féadfaidh breitheamh aon chúirte, ar dheireadh a bheith le triail fhíor-chruálach, comhaltaí an ghiúiré a shaoradh ó sheirbhís ghiúiré ar feadh cibé tréimhse is oiriúnach leis an mbreitheamh.

CUID III

Roghnú agus Seirbhís Giúróirí

[EN]

Cláir de thoghthóirí a sholáthar.

1963, Uimh. 19.

10.—Le go bhféadfaidh cláraitheoirí contae giúróirí a rollú agus a thoghairm, seachadfaidh gach comhairle contae agus gach bardas contae-bhuirge, mar údarás clárúcháin faoi alt 7 (1) den Acht Toghcháin, 1963, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, do chláraitheoir contae an chontae cibé líon cóipeanna den chlár reatha de thoghthóirí Dála don chontae nó don chontaebhuirg a theastóidh ón gcláraitheoir contae agus déanfaidh sé mar an gcéanna a luaithe is féidir tar éis gach clár dá shórt sin a fhoilsiú dá éis sin.

[EN]

Giúróirí a rollú.

11.—Déanfaidh gach cláraitheoir contae, trí roghnú a dhéanfaidh sé go hamasach nó ar shlí neamh-idirdhealaitheach eile, rolla giúróirí a tharraingt suas do gach cúirt ón gclár nó ó na cláir a bheidh seachadta dó faoi alt 10 (agus daoine a fhágáil ar lár arb eol dó nó a gcreideann sé nach bhfuil siad cáilithe mar ghiúróirí).

[EN]

Giúróirí a thoghairm.

12.—(1) Cuirfidh gach cláraitheoir contae faoi deara toghairm scríofa, i cibé foirm a fhorordóidh an tAire le rialacháin, a sheirbheáil ar gach duine a bheidh roghnaithe aige mar ghiúróir á cheangal air freastal mar ghiúróir sa chúirt a bheidh i gceist an lá agus an tráth a bheidh sonraithe sa toghairm agus dá éis sin na tráthanna a ordóidh an chúirt.

[EN]

(2) Beidh ag gabháil le toghairm ghiúiré a sheirbheálfar ar dhuine faoin alt seo fógra a inseoidh dó—

[EN]

(a) éifeacht ailt 6, 7, 8, 9 (1), 35 agus 36, agus

[EN]

(b) gur féidir leis uiríolla a dhéanamh chuig an gcláraitheoir contae d'fhonn go dtarraingeofaí siar an toghairm má bhíonn sé, ar chúis ar bith, neamhcháilithe le haghaidh seirbhíse giúiré nó más mian leis, nó má bhíonn teideal aige, go saorfaí é.

[EN]

Toghairm ghiúiré a sheirbheáil.

1937, Uimh. 38.

13.—(1) Féadfar toghairm ghiúiré a chur leis an bpost nó a sheachadadh de láimh.

[EN]

(2) Chun críocha alt 18 den Acht Léiriúcháin, 1937, measfar litir ina mbeidh toghairm ghiúiré a bheith dírithe i gceart má bhíonn sí dírithe chun an ghiúróra ag a sheoladh mar a bheidh sin sa chlár reatha de thoghthóirí Dála.

[EN]

(3) In aon imeachtaí i gcion mar gheall ar gan freastal de réir toghairme giúiré nó gan bheith ar fáil ar bheith glaoite chun fónamh mar ghiúróir—

[EN]

(a) beidh deimhniú ón gcláraitheoir contae nó ó oifigeach ag gníomhú thar a cheann gur phostáil an cláraitheoir nó an t-oifigeach litir ina raibh an toghairm agus í dírithe mar a fhoráiltear i bhfo-alt (2) ina fhianaise ar an bhfíoras a bheidh deimhnithe amhlaidh;

[EN]

(b) beidh deimhniú ón gcláraitheoir contae nó ó oifigeach ag gníomhú thar a cheann nó ó chomhalta den Gharda Síochána gur sheachaid sé féin an toghairm don ghiúróir ar dháta sonraithe ina fhianaise ar an bhfíoras a bheidh deimhnithe amhlaidh, agus

[EN]

(c) beidh deimhniú ó chláraitheoir cúirte nó ó oifigeach eile a bheidh ag gníomhú mar chláraitheoir cúirte gur mhainnigh duine a toghaireadh chun freastal mar ghiúróir sa chúirt sin freagairt dá ainm nuair a glaodh amach sa chúirt é ina fhianaise gur mhainnigh an duine sin freastal de réir na toghairme, nó nach raibh sé ar fáil nuair a glaodh air chun fónamh, de réir mar a bheidh.

[EN]

(4) Doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú faoin alt seo é ó chláraitheoir contae, ó oifigeach ag gníomhú thar a cheann, ó oifigeach do chúirt nó ó chomhalta den Gharda Síochána agus a bheith sínithe aige, measfar chun críocha an ailt seo, gur deimhniú den sórt sin é agus é a bheith sínithe amhlaidh mura gcruthófar a mhalairt.

[EN]

Giúróirí a thoghairm le easnamh a shlánú.

14.—(1) Más dealraitheach do bhreitheamh cúirte go mbeidh nó go bhféadfadh go mbeadh giúiré a bheidh le haon saincheist os comhair na cúirte a thriail neamhiomlán, féadfaidh an breitheamh a cheangal go ndéanfaidh an cláraitheoir contae aon daoine (is daoine a bheidh cáilithe agus faoi dhliteanas fónamh mar ghiúróirí sa chúirt sin) a thoghairm le go mbeidh an líon is gá i láthair.

[EN]

(2) Sonróidh an breitheamh an limistéar óna bhféadfar daoine a thoghairm (a bhféadfaidh gurb é an limiséar i gcomharsanacht na cúirte é) agus an tslí a ndéanfar an toghairm, cibé acu trí fhógra scríofa nó ar shlí eile é.

[EN]

(3) Bainfidh alt 9 le daoine a thoghairfear faoin alt seo ach amháin nach bhféadfar aon achomharc a dhéanamh ón gcláraitheoir contae.

[EN]

(4) Cuirfear ainmneacha na ndaoine a thoghairfear faoin alt seo leis an rolla giúróirí.

[EN]

Giúiré a roghnú as rolla.

15.—(1) Trí bhallóidiú i gcúirt oscailte a dhéanfar daoine a bheidh rollaithe mar ghiúróirí a roghnú chun fónamh ar ghiúiré áirithe.

[EN]

(2) Féadfar an chumhacht giúróirí a thoghairm faoi alt 14 a fheidhmiú tar éis ballóidiú tosú, agus is féidir é a dhéanamh roimhe sin, agus más tar éis ballóidiú tosú a fheidhmeofar í féadfaidh an breitheamh ballóidiú le haghaidh daoine a toghaireadh faoin alt sin a ligean thar ceal.

[EN]

(3) Sula dtosófar ag roghnú tabharfaidh an breitheamh rabhadh do na giúróirí a bheidh i láthair nach ceart dóibh fónamh má bhíonn siad neamh-inroghnaithe nó dícháilithe agus i dtaobh an phionóis faoi alt 36 má fhónann siad; agus iarrfaidh sé ar aon duine ar feasach dó nach bhfuil sé cáilithe chun fónamh nó a bhfuil amhras air i dtaobh é a bheith cáilithe nó a bhféadfadh leas a bheith aige sa chás nó baint a bheith aige leis an gcás nó leis na páirtithe é sin a chur in iúl don bhreitheamh (de bhriathra béil nó ar shlí eile de réir mar a threoróidh nó a údaróidh an breitheamh) má roghnaítear sa bhallóidiú é.

[EN]

(4) Is é a bheidh ina phríomh-ghiúróir cibé comhalta a roghnóidh na giúróirí agus déanfar an roghnú cibé tráth a threoróidh an breitheamh nó, mura dtabharfar treoir, sula dtabharfaidh an giúiré a bhfíorasc nó sula ndéanfaidh siad aon trácht eile leis an mbreitheamh.

[EN]

Rolla giúróirí a iniúchadh.

16.—(1) Beidh gach duine i dteideal saoráidí réasúnacha chun rolla giúróirí a iniúchadh in aisce agus beidh páirtí in aon imeachtaí, sibhialta nó coiriúil, a bheidh le triail le giúiré, i dteideal cóip a fháil in aisce ar é a iarraidh ar an gcláraitheoir contae.

[EN]

(2) Beidh na cearta faoi fho-alt (1) infheidhmithe aon am idir tráth na dtoghairmeacha a eisiúint agus deireadh na trialach nó an tráth nach féidir triail le giúiré a bheith ann níos mó.

[EN]

(3) Is é an rolla dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an rolla a bheidh ullmhaithe le haghaidh agus roimh am na suíonna, lena n-áirítear aon rolla forlíontach a bheidh ullmhaithe amhlaidh, agus ní gá a chur in iúl ann go bhfuil aon duine dá mbeidh luaite ann saortha de thuras na huaire nó aon daoine a toghaireadh faoi alt 14 a bheith ar áireamh ann.

[EN]

(4) Beidh, áfach, ar cheart duine chun an rolla a iniúchadh ceart go dtaispeánfar dó, ar é á iarraidh sin, na hathruithe go léir a rinneadh ar an rolla agus ainmneacha aon daoine a toghaireadh faoi alt 14 agus, ar é á iarraidh sin, go n-inseofar dó aon saoradh a rinneadh.

[EN]

An modh ar a gcuirfear giúiré faoi mhionn.

17.—(1) Nuair a bheidh an cláraitheoir nó an t-oifigeach eile a bheidh ag gníomhú mar chláraitheoir ag cur giúróra faoi mhionn glaofaidh sé amach ainm an ghiúróra agus ordóidh dó an Tiomna a thógáil ina láimh agus cuirfidh sé faoi mhionn é de réir ailt 18 agus 19.

[EN]

(2) Cuirfear na giúróirí faoi mhionn ina nduine agus ina nduine.

[EN]

(3) Aon ghiúróir a chuirfidh in aghaidh a churtha faoi mhionn sa ghnáth-shlí cuirfidh sé ina aghaidh díreach tar éis a ainm a bheith glaoite amach agus sula dtosófar ar é a chur faoi mhionn.

[EN]

(4) Gach agóid a dhéanfar in aghaidh giúróra déanfar í díreach tar éis a ainm a bheith glaoite amach agus sula dtosófar ar é a chur faoi mhionn.

[EN]

(5) Má dhiúltaíonn aon ghiúróir mionn a ghlacadh nó má áitíonn sé gur ar shlí nach bhfuil údaraithe leis an Acht seo nó ar shlí eile leis an dlí a chuirfear faoi mhionn é, ní chuirfear é ar an ngiúiré a bheifear a chur faoi mhionn an tráth sin.

[EN]

(6) Chun críocha an ailt seo measfar go bhfuiltear tosaithe ar ghiúróir a chur faoi mhionn nuair a thosaíonn an cláraitheoir nó an t-oifigeach eile ag rá focal an mhionna leis an ngiúróir a bheidh á chur faoi mhionn.

[EN]

(7) San alt seo agus san alt díreach ina dhiaidh ciallaíonn an focal “Tiomna”, i gcás duine den chreideamh Críostaí, an Tiomna Nua agus, i gcás duine den chreideamh Giúdach, an Sean-Tiomna.

[EN]

Giúróirí a chur faoi mhionn.

1888, c. 46.

18.—(1) Is é seo a leanas an ghnáth-shlí ina gcuirfear giúróir faoi mhionn:

[EN]

Ardóidh an giúróir a bheidh le cur faoi mhionn an Tiomna ina láimh agus déarfaidh an cláraitheoir nó an t-oifigeach eile leis an ngiúróir na focail “Mionnaím dar Dia na nUile-Chumhacht . . . . .” agus ina dhiaidh sin an fhoirm iomchuí mionna a fhoráiltear le halt 19 agus déarfaidh an giúróir ina dhiaidh na focail a déarfaidh sé amhlaidh.

[EN]

(2) Bainfidh an Oaths Act, 1888 (ina bhfuil foráil i dtaobh dearbhasc a dhéanamh in ionad mionn a thabhairt) agus freisin gach Acht a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire ag údarú mionn a thabhairt i gcúirt in aon slí áirithe leis na mionnaí a cheanglaítear leis an Acht seo ar ghiúróirí a thabhairt.

[EN]

(3) Féadfar, má cheadaíonn an breitheamh é, giúróir a déarfaidh go bhfuil creideamh aige ach nach Críostaí ná Giúdach é a chur faoi mhionn in aon slí a déarfaidh an giúróir a cheanglódh é.

[EN]

(4) Cuirfear gach giúróir faoi mhionn sa ghnáth-shlí gan ceist a chur mura dealraitheach an giúróir a bheith neamhábalta, ó thaobh coirp de, ar an mionn a thabhairt sa tslí sin nó má chuireann sé in aghaidh an mionn a thabhairt sa tslí sin agus go sásóidh sé an breitheamh go bhfuil sé i dteideal an mionn a thabhairt i slí éigin eile.

[EN]

Foirmeacha mionnaí a thabharfaidh giúróirí.

19.—(1) Aon uair arb í an tsaincheist a bheidh le triail cibé acu atá nó nach bhfuil duine cúisithe ciontach i gcion, is í seo a leanas foirm an mhionna faoina gcuirfear na giúróirí:

[EN]

“go dtriailfidh mé go maith agus go hionraic an tsaincheist cibé acu atá nó nach bhfuil an cúisí (nó na cúisithe) ciontach sa chion (nó sna cionta uile agus faoi seach) is ábhar don chúiseamh sa díotáil ina aghaidh ( ina haghaidh ina n-aghaidh) agus go dtabharfaidh mé fíorasc ionraic de réir na fianaise.”

[EN]

(2) Aon uair arb í an tsaincheist a bheidh le triail cibé acu atá nó nach bhfuil duine cúisithe inniúil ar phléadáil, is í seo a leanas foirm an mhionna faoina gcuirfear na giúróirí:

[EN]

“go bhfiosróidh mé go maith agus go dícheallach cibé acu is gealt nó nach gealt

[EN]

(ag lua ainm an duine chúisithe), an príosúnach ag an mbarra, agus go dtabharfaidh mé fíorasc ionraic de réir mar is fearr a thuigim.”

[EN]

(3) Aon uair nach saincheist de na saincheisteanna dá bhforáiltear go sainráite anseo roimhe seo an tsaincheist a bheidh le triail, is í seo a leanas foirm an mhionna faoina gcuirfear na giúróirí:

[EN]

“go dtriailfidh mé go maith agus go hionraic na saincheisteanna sin go léir a thabharfar dom le triail agus go dtabharfaidh mé fíoraisc ionraice de réir na fianaise.”

[EN]

Agóidí gan cúis a lua.

20.—(1) I ngach triail saincheiste sibhialta a thriailfear le giúiré féadfaidh gach páirtí agóid gan cúis a lua a dhéanamh in aghaidh seachtar giúróir ar a mhéid.

[EN]

(2) I ngach triail saincheiste coiriúla a thriailfear le giúiré féadfaidh an t-ionchúisitheoir agus gach duine cúisithe agóid gan cúis a lua a dhéanamh in aghaidh seachtar giúróir ar a mhéid.

[EN]

(3) Aon uair a dhéanfar agóid dhleathach gan cúis a lua in aghaidh giúróra ní chuirfear an giúróir sin ar an ngiúiré.

[EN]

Agóidí ar chúis a luafar.

21.—(1) I ngach triail saincheiste sibhialta a thriailfear le giúiré féadfaidh aon pháirtí agóid ar chúis a luafar a dhéanamh in aghaidh aon mhéid giúróirí.

[EN]

(2) I ngach triail saincheiste coiriúla a thriailfear le giúire féadfaidh an t-ionchúisitheoir agus gach duine cúisithe agóid ar chúis a luafar a dhéanamh in aghaidh aon mhéid giúróirí.

[EN]

(3) Aon uair a dhéanfar agóid in aghaidh giúróra ar chúis a luafar, luafar an chúis sin díreach ar an agóid a dhéanamh agus ceadóidh nó dícheadóidh an breitheamh an agóid ansin de réir mar is cuí leis.

[EN]

(4) Aon uair a dhéanfar agóid ar chúis a luafar in aghaidh giúróra agus go ngéillfidh an breitheamh don agóid, ní chuirfear an giúróir ar an ngiúiré.

[EN]

Féachaint ag giúiré.

22.—(1) I dtriail aon saincheiste le giúiré féadfaidh an breitheamh, aon tráth tar éis na giúróirí a bheith curtha faoi mhionn agus sula mbeidh a bhfíorasc tugtha acu, a ordú, le hordú, go bhfaighidh na giúróirí amharc ar aon áit a bheidh sonraithe san ordú ar dóigh leis an mbreitheamh gur fóirsteanach, chun críocha na trialach, go bhfeicfeadh na giúrórí é, agus nuair a dhéanfar aon ordú den sórt sin féadfaidh an breitheamh an triail a chur ar atráth ar cibé céim di agus ar feadh cibé ama is dóigh leis a bheith caothúil chun an t-ordú a fheidhmiú.

[EN]

(2) I dtriail saincheiste sibhialta, ní dhéanfar ordú faoin alt seo ach ar iarratas ó cheann de na páirtithe agus is é an páirtí ar ar iarratas uaidh a rinneadh an t-ordú a íocfaidh, sa chéad ásc, caiteachais na ngiúróirí a iompar go dtí an áit a bheidh sonraithe san ordú agus ón áit sin ach áireofar iad ar chostais an pháirtí sin agus is dá réir sin a bheidh siad ina muirear faoi dheoidh.

[EN]

(3) I dtriail saincheiste coiriúla, ní dhéanfar ordú faoin alt seo ach ar iarratas ón ionchúisitheoir nó ón duine cúisithe nó ó dhuine amháin nó níos mó de na daoine cúisithe agus íocfaidh an cláraitheoir contae nó an t-oifigeach eile a bheidh ag gníomhú mar chláraitheoir don chúirt le linn na trialach, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, caiteachais na ngiúróirí a iompar go dtí an áit a bheidh sonraithe san ordú agus ón áit sin.

[EN]

(4) Aon uair a dhéanfaidh breitheamh ordú faoin alt seo, tabharfaidh sé cibé treoracha is fóirsteanach leis do chur cosc le cumarsáid mhíchuí leis na giúróirí le linn an t-ordú a bheith á fheidhmiú.

[EN]

Giúróir d'fháil bháis nó a urscaoileadh le linn trialach.

23.—Aon uair a tharlóidh, le linn aon saincheist a bheith á triail, go bhfaighidh giúróir bás nó go n-urscaoilfidh an breitheamh giúróir mar gheall ar é a bheith éagumasach de bharr tinnis nó aon chúise eile leanúint ag gníomhú mar ghiúróir, nó faoi alt 9 (7) nó 24, measfar, mura n-ordóidh an breitheamh a mhalairt nó mura lú ná deichniúr an líon giúróirí dá chionn sin, an giúiré a bheith comhdhéanta i gceart chun críocha uile na trialach agus rachaidh an triail ar aghaidh agus féadfar cinneadh ar fhíorasc dá réir sin.

[EN]

Deireadh a chur le seirbhís giúróra.

24.—In aon triail le giúiré féadfaidh an breitheamh a threorú, ar aon chéim, maidir le haon duine áirithe a toghaireadh nó a cuireadh faoi mhionn mar ghiúróir, nach bhfónfaidh sé nó nach leanfaidh sé ag fónamh mar ghiúróir má mheasann an breitheamh ar aon chúis sonraithe gurb inmhianaithe ar mhaithe leis an gceartas go dtabharfadh sé an treoir sin.

[EN]

Giúróirí scaradh ó chéile le linn trialach.

25.—In aon triail le giúiré féadfaidh na giúróirí scaradh ó chéile sula ndéanfaidh siad machnamh faoi chomhair a bhfíoraisc, ach amháin i gcás ina dtreoróidh an breitheamh a mhalairt.

[EN]

Achomhairc i ndáil le clár toghthóirí a bheith gan éifeacht maidir le seirbhís ghiúiré.

26.—Ní dhéanfaidh sé difear do cháilíocht ná do dhliteanas duine fónamh mar ghiúróir achomharc a bheith ar feitheamh faoi alt 8 den Acht Toghcháin, 1963 (a bhaineann le hachomhairc i ndáil leis an gclár toghthóirí).

CUID IV

Ginearálta

[EN]

Treoracha riaracháin.

27.—D'fhonn áirithiú go riarfar go comhréireach an tAcht seo, féadfaidh an tAire treoracha a thabhairt do chláraitheoirí contae maidir leis an gcleachtas agus an nós imeachta a leanfaidh siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh faoin Acht seo; ach ní údaróidh aon ní san alt seo don Aire aon treoir a thabhairt i dtaobh ar ceart nó nach ceart daoine áirithe a thoghairm chun fónamh mar ghiúróirí nó, má thoghairtear iad, ar ceart nó nach ceart iad a shaoradh ó fhreastal de réir na toghairme.

[EN]

Duine a fhanfaidh balbh.

28.—Aon uair a fhanfaidh duine a bheidh cúisithe i gcion a thriailfear le giúiré balbh nuair a ghlaofar air chun pléadála breithneoidh an breitheamh an tsaincheist cé acu balbh trí mhailís nó balbh de dheonú Dé atá sé, agus mura mbeidh an breitheamh sásta gur de dheonú Dé atá sé balbh ordóidh an breitheamh pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh dó.

[EN]

Seirbhís ghiúiré ag fostaithe agus ag printísigh.

29.—(1) Chun críocha aon chonartha seirbhíse nó printíseachta nó aon chomhaontaithe atá comhthaobhach dó (lena n-áirítear conradh nó comhaontú a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith), measfar duine a bheith ar fostú nó ar printíseacht ar feadh aon tréimhse a bheidh sé as láthair óna fhostaíocht nó óna phrintíseacht le toghairm ghiúiré a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Beidh aon fhoráil a bheidh in aon chonradh nó comhaontú den sórt sin ar neamhní a mhéid a bheadh d'éifeacht aige aon dliteanas de chuid an fhostóra i leith tuarastal nó pá a íoc leis an bhfostaí nó leis an bprintíseach le linn dó bheith as láthair amhlaidh a eisiamh nó a threorannú.

[EN]

Coimisiún de lunatico inquirendo.

30.—Aon uair a bheidh rolla giúróirí go dleathach i láthair coimisinéara faoi choimisiún de lunatico inquirendo, ansin, chun críocha an Achta seo, measfar gur cúirt agus, freisin, gur breitheamh den chúirt, an coimisinéir.

[EN]

Dliteanas fónamh ar ghiúiré cróinéara.

31.—Gach saoránach ocht mbliana déag d'aois nó os a chionn agus faoi bhun cúig bliana is seasca d'aois a chónaíonn i gceantar cróinéara, beidh sé cáilithe agus faoi dhliteanas fónamh ar an ngiúiré ag aon ionchoisne cróinéara a sheolfar sa cheantar sin mura bhfuil sé neamh-inroghnaithe nó dícháilithe faoin Acht seo le haghaidh seirbhíse giúiré nó mura bhfuil sé ar dhuine de na daoine a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal.

[EN]

Forálacha nach mbaineann le hionchoisní cróinéirí.

32.—Ní bhainfidh aon ní san Acht seo, ach amháin alt 31, le hionchoisne cróinéara, agus san Acht seo ní fholaíonn an focal “giúiré” giúiré ag ionchoisne den sórt sin ná ní fholaíonn an focal “giúróir” giúróir ag fónamh ar ghiúiré den sórt sin.

[EN]

Srian le feidhmeanna sirriaim.

1945, Uimh. 25.

33.—Déanfaidh cláraitheoir contae na cumhachtaí agus na dualgais a bhronntar agus a fhorchuirtear air faoin Acht seo a fheidhmiú agus a chomhlíonadh d'ainneoin aon ní in alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 (a bhaineann le dualgais sirriam) nó in aon ordú a rinneadh faoi.

CUID V

Cionta

[EN]

Giúróir do mhainniú freastal i gcúirt etc.

34.—(1) Aon duine a bheidh toghairthe go cuí mar ghiúróir agus a mhainneoidh gan cúis réasúnach freastal de réir na toghairme nó freastal aon lá a cheanglóidh an chúirt air freastal beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

[EN]

(2) Giúróir a freastalóidh de bhun toghairme ach nach mbeidh ar fáil nuair a ghlaofar air chun fónamh mar ghiúróir, nó a bheidh neamhfheidhmiúil chun fónamh de dheasca óil nó drugaí, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

[EN]

(3) Ach amháin i gcás lena mbaineann alt 14, ní bheidh duine ciontach i gcion faoi fho-alt (1) i leith mainneachtain freastal de réir toghairme murar seirbheáladh an toghairm ceithre lá dhéag ar a laghad roimh an dáta a sonraíodh ann dá chéad-fhreastal.

[EN]

Ráitis bhréagacha ó ghiúróir nó thar ceann giúróra.

35.—(1) Má dhéanann aon duine a bheidh toghairthe go cuí mar ghiúróir, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé go ndéanfar thar a cheann, uiríoll bréagach leis an gcláraitheoir contae nó le haon duine ag gníomhú thar a cheann, nó le breitheamh, le hintinn seirbhís ghiúire a sheachaint, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

[EN]

(2) Má dhéanann aon duine, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé go ndéanfar, thar ceann duine eile a bheidh toghairthe go cuí mar ghiúróir uiríoll bréagach lena chumasú don duine eile sin seirbhís ghiúiré a sheachaint, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

[EN]

(3) Má dhiúltaíonn aon duine gan cúis réasúnach freagra a thabhairt, nó má thugann sé freagra is feasach dó a bheith bréagach i bponc ábhartha, nó má thugann sé go meargánta freagra a bheidh bréagach i bponc ábhartha, nuair a cheisteoidh breitheamh cúirte é chun a chinneadh an bhfuil an duine sin cáilithe chun fónamh mar ghiúróir, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

[EN]

Seirbhís ag duine neamh-inroghnaithe nó ag duine dicháilithe.

36.—(1) Aon duine a fhónfaidh ar ghiúiré agus a fhios aige nach inroghnaithe chun fónamh é beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

[EN]

(2) Aon duine a fhónfaidh ar ghiúiré agus a fhios aige go bhfuil sé dícháilithe beidh sé ciontach i gcion agus ar é chiontú go hachomair dlífear fíneáil mó ná £200 a chur air.

[EN]

Diúltú ag duine mionn a thabhairt mar ghiúróir.

37.—Aon duine a dhiúltóidh, nuair a ghlaofar air mionn a thabhairt mar ghiúróir, mionn a thabhairt i slí a údaraítear leis an Acht seo nó ar shlí eile de réir dlí beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

AN CHEAD SCEIDEAL

Daoine Neamh-inroghnaithe agus Daoine is Insaortha de Cheart

Ailt 7, 9, and 31.

CUID I

Daoine Neamh-inroghnaithe

Uachtarán na hÉireann.

Daoine a bhfuil baint acu le riaradh ceartais

Daoine a bhfuil nó a raibh tráth ar bith aon oifig bhreithiúnach acu de réir brí Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh) 1961 (Uimh. 38).

Cróinéirí, leas-chróinéirí agus daoine a ceapadh faoi alt 5 (2) d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe) 1926 (Uimh. 39) chun oifig cróinéara a líonadh go sealadach.

An tArd-Aighne agus daoine dá fhoireann.

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus daoine dá fhoireann.

Abhcóidí agus aturnaetha atá ag cleachtadh iarbhír sa cháil sin.

Printísigh aturnaetha, cléirigh aturnaetha agus daoine eile atá fostaithe ar obair dhlí in oifigí aturnaetha.

Oifigigh a bhaineann le cúirt nó le hUachtarán na hArd-Chúirte agus oifigigh agus daoine eile atá fostaithe in aon oifig a bhaineann le cúirt nó a bhaineann le hUachtarán na hArd-Chúirte.

Daoine a bhíonn fostaithe ó am go ham in aon chúirt chun taifead a dhéanamh d'imeachtaí na cúirte.

Comhaltaí den Gharda Síochána.

Oifigigh príosúin agus daoine eile atá fostaithe in aon phríosún, i bhForas Naomh Pádraig nó in aon áit a soláthraíodh faoi alt 2 d'Acht na bPríosún 1970 (Uimh. 11) nó in aon áit ina gcoinnítear daoine i gcoimeád míleata de bhun alt 2 d'Acht na bPríosún 1972 (Uimh. 7) nó in aon áit a sonraítear faoi alt 3 den Acht deiridh sin gur áit í atá le húsáid mar phríosún; séiplínigh agus dochtúirí d'aon fhoras nó áit den sórt sin agus daoine de choistí fiosraithe d'aon fhoras nó áit den sórt sin.

Daoine atá fostaithe i seirbhís leasa na Roinne Dlí agus Cirt.

Duine atá i gceannas saotharlainne dlí-eolaíochta nó atá fostaithe ansin.

Comhaltaí d'Oglaigh na hÉireann

Gach duine de na Buan-Oglaigh, lena n-áirítear Seirbhís Altranais an Airm.

Gach duine de na hOglaigh Cúltaca le linn aon tréimhse a bhfuil sé ag fáil pá lena linn as aon seirbhís nó dualgas mar dhuine de na hOglaigh Cúltaca.

Daoine éagumasacha

Duine atá neamhfheidhmiúil, toisc nach bhfuil sé sách maith ag léamh, go bhfuil sé bodhar nó faoi bhuan-éiglíocht eile, fónamh ar ghiúiré.

Duine ar a bhfuil nó ar a raibh meabhair-ghalar nó míchumas meabhrach agus atá, mar gheall ar é a bheith sa riocht sin—

(a) ina chónaí in ospidéal nó i bhforas eile dá shamhail, nó

(b) ag freastal go rialta le haghaidh cóireála ó liachleachtóir.

CUID II

Daoine is Insaortha de Cheart

Comhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

Comhaltaí den Chomhairle Stáit.

An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Cléireach Dháil Éireann.

Cléireach Sheanad Éireann.

Duine in Ord Beannaithe.

Ministir rialta d'aon aicme nó sámhadh creidimh.

Comhaltaí faoi mhóid d'aon ord creidimh a chónaíonn i mainistir, i gclochar nó i sámhadh eile creidimh.

Na daoine seo a leanas má tá siad ag cleachtadh a ngairme iarbhír agus iad cláraithe (lena n-áirítear clárú coinníollach nó sealadach), rollaithe nó deimhnithe faoi na forálacha reachtúla a bhaineann leis an ngairm sin:

Liachleachtóirí;

Fiaclóirí;

Altraí;

Cnáimhseacha;

Tréidlianna;

Poitigéirí.

Duine d'fhoireann cheachtar Tí den Oireachtas ar Chléireach an Tí sin do dheimhniú go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail é a bheith ar an duine sin fónamh mar ghiúróir mar go ndéanann sé seirbhísí riachtanacha práinneacha lena ngabhann tábhacht phoiblí agus nach féidir le réasún iad a chur ar aon dhuine eile le déanamh ná a chur siar.

Cinn Ranna agus Oifigí Rialtais agus aon státseirbhíseach ar Cheann a Roinne nó a Oifige do dheimhniú go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail é a bheith ar an státseirbhíseach fónamh mar ghiúróir mar go ndéanann sé seirbhísí riachtanacha práinneacha lena ngabhann tábhacht phoiblí agus nach féidir le réasún iad a chur ar aon duine eile le déanamh ná a chur siar.

Aon sibhialtach atá fostaithe ag an Aire Cosanta faoi alt 30 (1) (g) den Acht Cosanta 1954 (Uimh. 18) ar Rúnaí na Roinne Cosanta do dheimhniú go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail é a bheith ar an sibhialtach fónamh mar ghiúróir mar go ndéanann sé seirbhísí riachtanacha práinneacha lena ngabhann tábhacht phoiblí agus nach féidir le réasún iad a chur ar aon duine eile le déanamh ná a chur siar.

Príomh-oifigigh de chuid údaráis áitiúla chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil 1941 (Uimh. 23), de chuid boird sláinte a bunaíodh faoin Acht Sláinte 1970 (Uimh. 1) agus údaráis chuain de réir brí an Achta Cuanta 1946 (Uimh. 9) agus aon fhostaí de chuid údaráis áitiúil, de chuid boird sláinte nó de chuid údaráis chuain ar a phríomhoifigeach do dheimhniú go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail é a bheith ar an bhfostaí fónamh mar ghiúróir mar go ndéanann sé seirbhísí riachtanacha práinneacha lena ngabhann tábhacht phoiblí agus nach féidir le réasún iad a chur ar aon duine eile le déanamh ná a chur siar.

Ceann-mhúinteoir nó príomh-mhúinteoir coláiste ollscoile, scoile nó forais eile oideachais, agus aon ollamh, léachtóir nó duine d'fhoireann mhúinteoireachta aon fhorais den sórt sin ar an gceann-mhúinteoir nó ar an bpríomh-mhúinteoir sin do dheimhniú go ndéanann an duine atá i gceist seirbhísí san fhoras nach féidir le réasún iad a chur ar aon duine eile le déanamh ná a chur siar.

Mic léinn lánaimsire in aon fhoras oideachais den sórt a luaitear sa mhír sin roimhe seo.

Rúnaí Choimisinéirí Soilse na hÉireann agus aon duine atá ar fostú ag na Coimisinéirí ar an rúnaí do dheimhniú go ndéanann an duine atá i gceist seirbhísí do na Coimisinéirí nach féidir le réasún iad a chur ar aon duine eile le déanamh ná a chur siar.

Máistrí soithí, píolótaí cuí-cheadúnaithe agus ceannasaithe cuícheadúnaithe aerárthaí.

Daoine atá cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn agus atá faoi bhun seachtó bliain d'aois.

AN DARA SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 4.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na haisghairme

(1)

(2)

(3)

1908, c. 48

Post Office Act, 1908.

In alt 43, na focail “or on any jury or inquest.”.

1919, c. 71

Sex Disqualification (Re- moval) Act, 1919.

An méid sin d'alt 1 a thugann cumhacht do bhreitheamh giúiré a ordú ar fir ar fad nó mná ar fad na daoine a bheidh air.

Uimh. 23 de 1927

Acht na nGiúirithe, 1927.

An tAcht go léir.

Uimh. 27 de 1930

An tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930.

Alt 23 (4).

Uimh. 48 de 1936

An tAcht Cúirteanna Breith-iúnais, 1936.

Alt 80.

Uimh. 21 de 1940

An tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath) (Leasú), 1940.

Alt 9 (3).

Uimh. 24 de 1945

Acht na nGiúirithe, 1945.

An tAcht go léir.

Uimh. 18 de 1954

An tAcht Cosanta, 1954.

Alt 105.

Uimh. 11 de 1961

Acht na nGiúiréithe, 1961.

An tAcht go léir.

Uimh. 9 de 1962

An tAcht Cróinéirí, 1962.

Ailt 42 agus 59.

Uimh. 19 de 1963

An tAcht Toghcháin, 1963.

In alt 7 (1), na focail “, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt,”.

Ailt 7 (2) (b), (6) agus (8) agus 8 (5).

Uimh. 5 de 1964

An tAcht um Chearxtas Coiriúil, 1964.

Alt 7.