Uimhir 10 de 1956.
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1956.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1925” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925);
ciallaíonn “Acht 1948” an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 (Uimh. 4 de 1948);
ciallaíonn “an tAire iomchuí”—
(a) i gcás inar coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil atá i gceist, an tAire Oideachais,
(b) i gcás inar coiste talmhaíochta an t-údarás áitiúil atá i gceist, an tAire Talmhaíochta,
(c) in aon chás eile, an tAire;
folaíonn “stát-sheirbhís”, nuair a húsáidtear í gan cháiliú, i dteannta stát-sheirbhíse an Rialtais, na stát-sheirbhísí a luaitear i míreanna (a), (b), (e) agus (f) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Aoisliúntas, 1936 (Uimh. 39 de 1936);
faoi réir alt 26 agus 46, ciallaíonn “sochar oifige” aon tseomraí, ciondála, nó forliúntais eile in earraí (nó, do réir mar is gá sa chás, íocaíocht airgid in ionad na seomraí, na gciondáil, nó na bhforliúntas eile sin) a ghabhas le hoifig nó fostaíocht, agus táillí, puntáiste agus coimisiún uile oifigigh nó seirbhísigh, sa cháil sin dó, chun a úsáide féin;
tá leis an abairt “post bunaithe”, nuair a húsáidtear í maidir leis an stát-sheirbhís, an bhrí atá léi san Acht Aoisliúntas, 1936 (Uimh. 39 de 1936);
ciallaíonn “oifigeach briogáide tóiteáin” oifigeach d'údarás briogáide tóiteáin faoin Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 (Uimh. 7 de 1940), atá ina oifigeach lán-aimsire den tsórt sin agus ar dualgas dá chuid freastal ag tóiteáin;
ciallaíonn “seirbhíseach briogáide tóiteáin” seirbhíseach d'údarás briogáide tóiteáin faoin Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 (Uimh. 7 de 1940), atá ina sheirbhíseach lánaimsire den tsórt sin agus ar dualgas dá chuid freastal ag tóiteáin;
ciallaíonn “údarás cuain” údarás cuain do réir bhrí an Achta Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946);
ciallaíonn “údarás áitiúil”, faoi réir fo-ailt (6) d'alt 5 den Acht seo, aon chomhlucht acu seo a leanas:
(a) údarás áitiúil chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil, 1925 go 1955, seachas bord ospidéil mheabhairghalar,
(b) coiste gairm-oideachais,
(c) coiste talmhaíochta,
(d) coiste freastail scoile,
(e) Bord Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath;
ciallaíonn “bord ospidéil mheabhair-ghalar” comhbhord do réir bhrí an Achta Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945);
ciallaíonn “oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar” oifigeach a mbaineann a dhualgais ar fad leis na feidhmeanna atá dílsithe anois in údarás ospidéil mheabhair-ghalar faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945);
ciallaíonn “seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar” seirbhíseach a mbaineann a dhualgais ar fad leis na feidhmeanna atá dílsithe anois in údarás ospidéil mheabhair-ghalar faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945);
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;
ní fholaíonn “oifigeach” oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar ná duine i seilbh aon oifige dá luaitear in alt 17 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941);
tá leis an abairt “seirbhís áitiúil inphinsin”—
(a) maidir le hoifigeach inphinsin, an bhrí a bheirtear di in alt 12 den Acht seo, agus
(b) maidir le seirbhíseach inphinsin, an bhrí a bheirtear di in alt 35 den Acht seo;
ciallaíonn “oifigeach inphinsin” oifigeach d'údarás áitiúil a bhfuil a ainm ar taifead sa chlár d'oifigigh inphinsin a choimeádas an t-údarás áitiúil sin faoi alt 7 den Acht seo;
ciallaíonn “seirbhíseach inphinsin” seirbhíseach d'údarás áitiúil a bhfuil a ainm ar taifead sa chlár de sheirbhísigh inphinsin a choimeádas an t-údarás áitiúil sin faoi alt 30 den Acht seo;
ciallaíonn “buan-oifigeach” oifigeach ar dearbhaíodh tráth a cheaptha gur i gcáil bhuan a bhí sé á cheapadh;
ciallaíonn “oifigeach inchláraithe” buan-oifigeach—
(a) a bheir a chuid aimsire ar fad do sheirbhís údaráis áitiúil amháin nó níos mó,
(b) i gcás oifigigh atá ag gníomhú mar chláraitheoir maoirseachta breitheanna, básanna agus póstaí nó mar chláraitheoir póstaí, a bheir iarmhar a chuid aimsire do sheirbhís údaráis áitiúil amháin nó níos mó,
(c) ar gá dhó bheith ina lia-chleachtóir cláraithe, nó
(d) is bean chabhartha a bhfuil a hainm ar taifead faoi alt 28;
faoi réir ailt 26, ciallaíonn “tuarastal” íocaíochtaí mar thuarastal le hoifigeach, i gcáil oifigigh, chun a úsáide féin agus, i gcás oifigigh ar fionraí nó as láthair faoi chead nach bhfaghaidh, i leith na tréimhse ar fionraí nó as láthair, cuid de na híocaíochtaí mar thuarastal leis chun a úsáide féin a gheobhadh sé dá mbeadh sé gan bheith ar fionraí nó as láthair faoi chead, folaíonn sé an chuid sin;
folaíonn “seirbhíseach” duine a shealbhaíos aon oifig dá luaitear in alt 17 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941), seachas oifig chróinéara, ach ní fholaíonn sé seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar;
ciallaíonn “lá seirbhíse”—
(a) lá d'oibrigh an seirbhíseach, i gcáil lánaimsire, d'údarás áitiúil amháin nó níos mó, ar obair nach obair (seachas obair i gcáil mhaoirseachta nó obair ar gá taithí nó oilteacht speisialta chuici nár tugadh dhó i ndáil le fostaíocht a sholáthar dó nó fóirithint ar a ghátar) ar aon obair nó scéim oibreacha a n-íoctar a costais go hiomlán nó go páirteach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas chun fostaíocht a sholáthar agus fóirithint ar ghátar,
(b) lá (seachas Domhnach) ar tugadh saoire le páigh ina leith don tseirbhíseach,
(c) lá (seachas Domhnach) ar íoc údarás áitiúil cúiteamh ina leith leis an seirbhíseach faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, ar choinníoll gur ar lá mar luaitear i mír (a) den mhíniú seo a tharla an tionóisc agus—
(i) nár shia ná bliain an tréimhse go léir ar híocadh an cúiteamh ina leith, nó
(ii) má ba shia ná bliain an tréimhse go léir ar híocadh an cúiteamh ina leith, gur thit an lá sa chuid den tréimhse a bhí ann sarar caitheadh bliain óna tosach, nó
(d) lá (seachas Domhnach nó lá a bhí sé ar buan-seirbhís) a raibh an seirbhíseach ag freastal agus ag comhlíonadh a dhualgais mar chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca ar lán-pháigh;
ciallaíonn “na hAchta Aoisliúntas” na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1954;
ciallaíonn “neamhoiriúnacht” neamhoiriúnacht oifigigh nó seirbhísigh le haghaidh a oifige nó a fhostaíochta, ach ní fholaíonn sé neamhoiriúnacht de dheasca éiglíochta meabhrach nó coirp nó de dheasca sean-aoise;
faoi réir ailt 46, ciallaíonn “páigh” íocaíochtaí mar pháigh le seirbhíseach i gcáil sheirbhísigh chun a úsáide féin agus—
(a) i gcás seirbhísigh ar fionraí nó as láthair faoi chead nach bhfaghaidh, i leith na tréimhse ar fionraí nó as láthair, cuid de na híocaíochtaí mar pháigh leis chun a úsáide féin a gheobhadh sé dá mbeadh sé gan bheith ar fionraí nó as láthair faoi chead, folaíonn sé an chuid sin, agus
(b) i gcás seirbhísigh a bhfuil cúiteamh á íoc leis faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, ag údarás áitiúil, folaíonn sé an pháigh a gheobhadh sé mura mbeadh an cúiteamh sin á fháil aige.
Rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.
3.—Gach rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.
Tosach feidhme Coda II.
4.—Tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú chuige sin.
Tosach feidhme Coda III.
5.—(1) Tiocfaidh Cuid III den Acht seo i ngníomh maidir le húdarás áitiúil, is údarás áitiúil a rith rún faoi alt 5 d'Acht 1948, an 1ú lá d'Aibreán díreach tar éis an tAcht seo a rith.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil, nach údarás áitiúil a rith rún faoi alt 5 d'Acht 1948, a chinneadh, le rún, go nglacfaid le Cuid III den Acht seo amhail ar lá sonraithe agus ó lá sonraithe (arb é an lú lá d'Aibreán a bheas ann) nach luaithe ná mí tar éis dáta an rúin.
(3) Is fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, agus chun críocha na nAcht i dtaobh bainistí aon chontae-bhuirge, rún a rith faoin alt seo.
(4) Má ritheann údarás áitiúil rún faoin alt seo á chinneadh go nglacfaid le Cuid III den Acht seo amhail ar lá sonraithe agus uaidh sin amach, tiocfaidh an Chuid sin i ngníomh i gcás an údaráis sin an lá sin.
(5) Tiocfaidh Cuid III den Acht seo i ngníomh mar foráltar le fo-ailt (1) agus (4) den alt seo agus ní thiocfaidh ar aon tslí eile.
(6) Ní fholaíonn tagairt i gCuid III den Acht seo d'údarás áitiúil tagairt d'aon údarás áitiúil nach mbeidh an Chuid sin tar éis teacht i ngníomh ina gcás ach amháin nuair is tagairt í a bhaineas le seirbhís mar oifigeach.
(7) Ní bheidh d'éifeacht le tosach feidhme Coda III den Acht seo i gcás údaráis áitiúil go dtabharfar feidhm d'alt 53 d'Acht 1925 maidir leis an údarás áitiúil sin.
Caiteachais an Aire.
6.—Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh aon Aire ag riaradh an Achta seo.
CUID II.
Oifigigh Inphinsin.
Clár d'oifigigh imphinsin.
7.—(1) Coimeádfaidh údarás áitiúil clár ar a dtabharfar an clár d'oifigigh inphinsin (dá ngairmtear an clár sa Chuid seo den Acht seo).
(2) Má thagann duine chun bheith ina oifigeach inchláruithe d'údarás áitiúil, taifeadfaidh an t-údarás áitiúil a ainm sa chlár agus cuirfidh sin in iúl dó laistigh de mhí.
(3) Aon oifigeach d'údarás áitiúil arb éagóir leis an t-údarás áitiúil dá dhiúltú nó dá mhainniú a ainm a thaifeadadh sa chlár, féadfaidh sé achomharc i gcoinne an diúltuithe nó na mainneachtana a dhéanamh chun an Aire iomchuí agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú an ainm a thaifeadadh sa chlár amhail ó dháta sonraithe agus, sa chás deiridh sin, taifeadfaidh an t-údarás áitiúil an ainm sa chlár amhail ón dáta sin.
(4) Coimeádfaidh údarás áitiúil an clár ar oscailt ina bpríomhoifig gach tráth réasúnach lena iniúchadh ag a n-oifigigh agus—
(a) i gcás bardais bhuirge, ag comhaltaí comhairle na buirge, nó
(b) in aon chás eile, ag comhaltaí an údaráis áitiúil.
Duine a bhaint den chlár ar é a scor de bheith ina oifigeach inchláraithe.
8.—(1) Bainfidh údarás áitiúil den chlár ainm aon duine a scoirfeas de bheith ina oifigeach inchláraithe don údarás áitiúil sin agus cuirfidh sin in iúl dó laistigh de mhí.
(2) Féadfar ainm a bhaint den chlár trí nóta a chur sa chlár ina n-inseofar go bhfuil an ainm bainte de agus dáta a bainte de, agus féadfar ainm a chur ar ais sa chlár trí nóta a chur sa chlár ina n-inseofar go bhfuil an ainm curtha ar ais agus dáta a curtha ar ais.
(3) Aon duine arb éagóir leis údarás áitiúil do bhaint a ainme den chlár, féadfaidh sé, laistigh de shé mhí tar éis a chur in iúl dó gur baineadh de í, achomharc a dhéanamh chun an Aire iomchuí i gcoinne a ainm a bhaint de agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú an ainm a chur ar ais sa chlár agus, sa chás deiridh sin, cuirfidh an t-údarás áitiúil an ainm ar ais sa chlár.
Eolas a thabhairt d'údarás áitiúil ar dhuine a scor de bheith i seilbh oifige faoi údarás áitiúil eile.
9.—Má scoireann oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil d'aon oifig a shealbhú fúthu, cuirfid é sin in iúl d'aon údarás áitiúil eile faoina bhfuil aon oifig nó fostaíocht á sealbhú ag an oifigeach sin.
Tóranta ginearálta leis an seirbhís a bheas le háireamh ag oifigeach inphinsin.
10.—(1) Aon fhoráil sa Chuid seo den Acht seo a bheir teideal d'oifigeach inphinsin aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís, beidh sí faoi réir an choinníll sháraithigh nach mbeidh sé i dteideal tréimhse áirithe d'áireamh amhlaidh níos mó ná uair amháin ná nach mbeidh sé i dteideal aon tréimhse acu seo a leanas d'áireamh amhlaidh:
(a) aon tréimhse nach raibh sé, le linn teideal a bheith aige sa ghnáth-shlí chun luach saothair i leith poist ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, ag fáil an luach saothair sin, más tréimhse tar éis dáta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo í agus nach tréimhse í a leanas as tréimhse dá samhail dar críoch an dáta sin,
(b) aon tréimhse a bhfuair sé cnapshuim, liúntas nó aisce ina leith cheana faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile a bhaineas le haoisliúntas nó faoi aon scéim a bhaineas le haoisliúntas ar féidir seirbhís chuige d'áireamh faoin Acht seo, mura rud é, i gcás aisce, go raibh sé i dteideal an aisce sin d'aisíoc agus go ndearna sé sin,
(c) aon tréimhse a ndearnadh aon ranníoca le haghaidh aoisliúntais ina leith a thabhairt ar ais dó, mura rud é go raibh sé i dteideal na ranníoca sin d'aisíoc agus go ndearna sé sin,
(d) aon tréimhse roimh dháta a cuireadh nó a scaoileadh as a phost é de dheasca mí-iompair nó neamhoiriúnachta,
(e) más duine é atá i dteideal seirbhís, nach seirbhís faoi údarás áitiúil, d'áireamh faoin Acht seo, aon tréimshe den tseirbhís sin nach bhféadfadh sé a áireamh dá bhfanadh sé i seilbh an phoist inar thug sé an tseirbhís sin,
(f) aon tréimhse roimh dháta tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo a fhanfas sé as láthair ón áit a mbíonn a dhualgais á ndéanamh aige faoi údarás áitiúil nó a fhágfas sé na dualgais sin gan déanamh, más go toiliúil agus gan údarás a fhanfas sé as láthair nó a fhágfas sé na dualgais sin gan déanamh amhlaid.
(2) Más rud é, ag féachaint do mhír (f) d'fho-alt (1) den alt seo, go gcaillfidh oifigeach d'údarás áitiúil tréimhse sheirbhíse—
(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil fógra i scríbhinn i dtaobh na cailliúna a thabhairt don oifigeach,
(b) féadfaidh an t-oifigeach, tráth nach déanaí ná mí tar éis an fógra sin a thabhairt dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire iomchuí i gcoinne na cailliúna,
(c) féadfaidh an tAire iomchuí, le hordú, diúltú don achomharc nó a dhearbhú go dtabharfar ar ais iomlán na tréimhse seirbhíse nó cuid di agus, sa chás deiridh sin, beidh éifeacht ag an mír sin (f) faoi réir an dearbhuithe.
Seirbhís oifigigh inphinsin d'áireamh.
11.—(1) Beidh oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil i dteideal aon tseirbhís acu seo a leanas d'áireamh mar sheirbhís:
(a) seirbhís mar oifigeach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile,
(b) seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile,
(c) seirbhís a thug sé mar oifigeach nó seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar agus a bhí sé i dteideal a áireamh mar sheirbhís chun críocha Coda VIII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945), nó aon achtacháin roimhe sin atá ar comhréir leis an gCuid sin VIII,
(d) seirbhís i bpost inphinsin faoi údarás cuain,
(e) seirbhís is ináirithe chun críocha na nAcht Aoisliúntas (nó a ndéanfaí, dá leantaí dhi go dtí tosach feidhme ailt 7 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 (Uimh. 14 de 1950), í d'áireamh de bhuaidh an ailt sin chun críocha na nAcht Aoisliúntas), más seirbhís í atá comhleanúnach le seirbhís ina diaidh mar oifigeach inphinsin nó seirbhíseach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile nó le seirbhís ina diaidh i bpost a bhfuil seirbhís ann ináirithe chun críocha na nAcht sin,
(f) seirbhís (a mhéid a cheadós an tAire go ginearálta nó in aon chás áirithe) i bpost inphinsin faoi chomhlucht a cheadaigh an tAire chun críocha na míre seo ar an bhforas gur comhlucht é a dheonas cearta pinsin de shaghas gur cearta pinsean cómalairteacha i gcoitinne iad féin agus na cearta pinsin dá bhforáltar leis an Acht seo,
(g) seirbhís arb é atá inti i gcás oifigigh do choiste gairmoideachais—
(i) aon tréimhse sheirbhíse inphinsin mar mhúinteoir meánscoile nó múinteoir scoile náisiúnta seachas aon tréimhse a raibh ranníoca iníoctha i leith seirbhíse í gcaitheamh na tréimhse sin agus nár híocadh na ranníoca sin ina haghaidh,
(ii) aon tréimhse mar mhúinteoir meánscoile a chríochnaigh roimh an dáta deiridh ar a bhféadfadh sé glacadh de rogha bheith ina chomhalta de Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí agus ar dheimhnigh an tAire Oideachais gur seirbhís í d'fhéadfaí a áireamh mar sheirbhís inphinsin inaísce chun críocha na Scéimeanna sin, ar chontar go gcomhlíonfadh an t-oifigeach pé coinníollacha (lena n-áirítear ranníoca d'íoc leis an údarás áitiúil) a cheanglós an tAire Oideachais mar choinníoll a bhainfeas le heisiúint an deimhnithe sin, nó
(iii) tréimhse nach giorra ná cúig bliana, nó tréimhsí nach giorra ná cúig bliana a gcomhiomlán,—
(I) a thosnaigh tar éis an t-oifigeach do shlánú bliain agus fiche d'aois agus a chríochnaigh roimh an 31 Iúil, 1924, agus
(II) ar deimhin leis an Aire Oideachais ina leith go ndearna an t-oifigeach sin ar feadh iomlán na tréimhse sin a chuid aimsire ar fad a thabhairt faoi stiúrú Chonradh na Gaeilge do theagasc na Gaeilge nó d'eagrú a teagaisc,
(h) ar bheith dhó ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil, seirbhíle hÓglaigh na hÉireann a measfaidh an tAire, agus sa mhéid go measfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cosanta, go mba sheirbhís í mar sheirbhíss each don údarás áitiúil, mura mbeadh gur sheirbhís í le hÓglaigh na hÉireann.
(2) I mír (a) agus i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo measfar go bhfolaíonn “seirbhís mar oifigeach inphinsin” seirbhís—
(a) a raibh an t-oifigeach i dteideal, tráth ar bith roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid II d'Acht 1948 (measfar chun na críche sin fo-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1948 a bheith arna achtú d'éagmais míre (b)),
(b) a mbeadh an t-oifigeach i dteideal, tráth ar bith roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid II d'Acht 1948 (dá mbeadh alt 18 den Acht sin arna achtú gan mír (b) a bheith ann), nó
(c) a raibh sé i dteideal, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid IV d'Acht 1925 nó faoi pé Acht arna rith roimh Acht 1925 a bhain le haoisliúntas agus a raibh feidhm aige ina chás.
(3) Más rud é, i gcás oifigigh inphinsin,—
(a) go raibh tréimhse sheirbhíse tugtha aige chun críocha Coda IV d'Acht 1925 nó chun críocha pé Achta arna rith roimh Acht 1925 a bhain le haoisliúntas agus a raibh feidhm aige ina chás, agus
(b) go dtáinig, díreach i ndiaidh na tréimhse a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo, tréimhse sheirbhíse i bpost a bhféadfadh sé, d'éagmais fo-ailt (2) den alt seo, seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo,
beidh an duine sin i dteideal, i leith na tréimhse a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo, í d'áireamh mar sheirbhís.
(4) I mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo measfar go bhfolaíonn “seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin” seirbhís (ar seirbhís í nár sheirbhís mar sheirbhíseach inphinsin d'éagmais an fho-ailt seo) mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil ar seirbhís í a mbeadh an t-oifigeach i dteideal í d'áireamh chun críocha aoisliúntais dá bhfanadh sé ina sheirbhíseach den tsórt sin.
Seirbhís áitiúil inphinsin oifigigh inphinsin.
12.—(1) Chun críocha an Achta seo, is é a bheas i seirbhís áitiúil inphinsin oifigigh inphinsin tráth ar bith an tréimhse nó comhiomlán na dtréimhsí a bheas sé i dteideal an tráth sin, faoin gCuid seo den Acht seo, a áireamh mar sheirbhís.
(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, más mó ná fiche bliain go leith an tréimhse nó comhiomlán na dtréimhsí a fhéadfas oifigeach inphinsin arb oifigeach briogáide tóiteáin é a áireamh mar sheirbhís faoin gCuid seo den Acht seo, ansin, chun críocha na Coda seo den Acht seo, is é a bheas i seirbhís áitiúil inphinsin an oifigigh sin an tréimhse sin nó an comhiomlán sin i dteannta na breise a bheas ag an tréimhse sin nó ag an gcomhiomlán sin ar fiche bliain.
Blianta a chur le seirbhís áitiúil inphinsin oifigigh inphinsin.
13.—(1) Má bhíonn deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin ag oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil agus—
(a) go gcuirfear as oifig é ar chúis seachas mí-iompar nó neamhoiriúnacht,
(b) go gcuirfear deireadh lena oifig, nó
(c) go ndearnadh a phost d'athrú go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar choinníollacha an phoist gan chúis réasúnach agus go n-éireoidh sé as a oifig,
féadfaidh an t-údarás áitiúil, más oiriúnach leo é, tréimhse a chur lena sheirbhís áitiúil inphinsin nach sia ná—
(i) i gcás fiche bliain nó níos mó de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige—deich mbliana,
(ii) i gcás a sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith faoi bhun fiche bliain—leath na seirbhíse sin.
(2) Má scoireann oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a bhfuil deich mbliana nó níos mó de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a oifige ar shlí seachas trína chur as oifig de dheasca mí-iompair nó neamhoiriúnachta, féadfaidh an t-údarás áitiúil, más oiriúnach leo é, tréimhse nach sia ná deich mbliana nó, i gcás inar cuireadh tréimhse lena sheirbhís faoi fho-alt (1) den alt seo, nach sia ná an difríocht idir an tréimhse sin agus deich mbliana, a chur lena sheirbhís áitiúil inphinsin, ach ní cuirfear amhlaidh le seirbhís oifigigh ach amháin sna himthosca seo a leanas agus do réir rialachán a dhéanfas an tAire:
(a) i gcás ina scoirfidh an t-oifigeach de bheith i seilbh oifige lena mbainfidh Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926), tráth a scortha, toisc gur cáilíochtaí gairmiúla na cáilíochtaí le haghaidh na hoifige,
(b) i gcás ina scoirfidh an t-oifigeach de dheasca buanéiglíochta meabhrach nó coirp,
(c) i gcás ina scoirfidh an t-oifigeach de bheith i seilbh oifige mar gheall ar aois-thórainn agus nár choinníoll a ghabh lena cheapadh go mbeadh air scor ar é do shlánú na haoise sin,
(d) i gcás—
(i) inar shealbhaigh an t-oifigeach, ar feadh tréimhse nó ar feadh tréimhsí comhleanúnacha, oifig nó oifigí faoi údarás áitiúil nó faoi údaráis áitiúla i gcáil shealadach,
(ii) ina mbeadh an tréimhse nó na tréimhsí ináirithe faoin Acht seo dá mba i gcáil bhuan a shealbhaigh sé an oifig nó na hoifigí i gcaitheamh na tréimhse nó na dtréimhsí, agus
(iii) ina raibh an tréimhse nó na tréimhsí comhleanúnach le seirbhís mar oifigeach d'údarás áitiúil is ináirithe faoin Acht seo agus gur thréimhse nó tréimhsí díreach roimpi í nó iad,
(e) i gcás ina raibh an t-oifigeach, roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ar fostú mar chúntóir pearsanta ag oifigeach d'údarás áitiúil faoi shocrú a cheadaigh an t-údarás áitiúil sin agus go raibh tréimhse na fostaíochta sin comhleanúnach le seirbhís mar oifigeach d'údarás áitiúil is ináirithe faoin Acht seo agus gur thréimhse roimpi í,
(f) i gcás inar shealbhaigh an t-oifigeach, roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, oifig i gcáil bhuan ar feadh tréimhse a bheadh ináirithe chun críocha an Achta seo dá dtagadh díreach ina diaidh seirbhís atá ináirithe faoin Acht seo, nó
(g) i gcás ina raibh uimhir de bhlianta iomlána agus codán de bhliain is mó ná trí ceathrúna i seirbhís chomhiomlán an oifigigh.
(3) Ní bheidh aon tréimhse a cuirfear le seirbhís oifigigh faoi threoir míre (d), míre (e) nó míre (f) d'fho-alt (2) den alt seo níos sia ná leath na tréimhse nó na dtréimhsí dá dtagartar sa mhír sin (d) nó na tréimhse dá dtagartar sa mhír sin (e) nó sa mhír sin (f) (do réir mar oireas).
(4) Féadfaidh údaráis áitiúil más cuí leo é, tréimhse a chur le seirbhís oifigigh, do réir míre (d) d'fho-alt (2) den alt seo, d'ainneoin gur lú ná deich mbliana seirbhís áitiúil inphinsin an oifigigh, agus féadfar pé tréimhse a cuirfear amhlaidh le seirbhís oifigigh agus is gá chun seirbhís áitiúil inphinsin an oifigigh a mhéadú go dtí cúig bliana i gcás aisce, nó deich mbliana i gcás aon liúntais agus cnapshuime, d'áireamh chuige sin mar sheirbhís áitiúil inphinsin.
(5) D'ainneoin aon ní sna fo-ailt roimhe seo den alt seo, ní bheidh tréimhse a cuirfear le seirbhís oifigigh de bhun an ailt seo chomh mór sin go ndéanfaidh sí fad na seirbhíse níos sia ná ceathracha bliain.
Seirbhís oifigigh inphinsin ar a oifig d'fhorceannadh.
14.—Chun críocha na Coda seo den Acht seo, is é a bheas i seirbhís oifigigh inphinsin ar a oifig d'fhorceannadh ná a sheirbhís áitiúil inphinsin i dteannta aon bhlianta breise a cuirfear léi faoi alt 13 den Acht seo.
Cnapshuim agus liúntas a dheonadh d'oifigeach inphinsin ar é a scor de bheith i seilbh oifige.
15.—(1) Más rud é—
(a) go scoirfidh oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil de bheith i seilbh a oifige agus nach bhfostófar i bpost eile é ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, agus
(b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sé i gcoitinne san oifig sin go dícheallach dílis agus chun a sástachta nó, mura dóigh leo sin, go gcinnfid mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta a cháis, cnapshuim agus liúntns laghdaithe a dheonadh dhó,
deonfaidh an t-údarás áitiúil cnapshuim agus liúntas dó in aon chás dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.
(2) Is iad seo a leanas na cásanna dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:
(a) i gcás an t-oifigeach a scor de bheith i seilbh a oifige ar shlí seachas trína chur as oifig agus—
(i) seasca bliain d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,
(ii) é a bheith ina oifigeach briogáide tóiteáin, cúig bliana caogad d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige, nó
(iii) é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;
(b) i gcás an t-oifigeach a chur as a oifig ar chúis seachas mí-iompar nó neamhoiriúnacht agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;
(c) i gcás deireadh a chur le hoifig an oifigigh agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;
(d) i gcás post an oifigigh a bheith athraithe go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar choinníollacha an phoist gan chúis réasúnach, agus é d'éirí as a oifig agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;
(e) i gcás an t-oifigeach a scor de bheith i seilbh a oifige toisc an aois-thórainn chuige sin a bheith sroichte aige, agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,
ach eisiafar aon chás, más cás é de shaghas a sonraítear i mír (b) nó i mír (c) den fho-alt seo, inar cuireadh, nó inar éirigh, an t-oifigeach as oifig faoi alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941), nó faoin alt sin arna leasú le halt 17 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 (Uimh. 9 de 1955), in imthosca a bheir de bhuaidh fo-ailt (3) den alt sin, nach bhfuil feidhm ag fo-alt (2) den alt sin 24.
An chnapshuim d'oifigeach inphinsin a chinneadh.
16.—(1) Is é a bheas sa chnapshuim a deonfar faoi alt 15 den Acht seo d'oifigeach inphinsin méid is ionann agus—
(a) an tríochadú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta iomlána seirbhíse ar a oifig d'fhorceannadh, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh, nó
(b) oiread go leith a luach saothair inphinsin, pé acu is lú.
(2) Má bhí feidhm ag fo-alt (6) d'alt 37 d'Acht 1948 maidir le hoifigeach inphinsin, déanfar, i gcás aon fheidhm a thabhairt ina leith d'fho-alt (1) den alt seo, an fo-alt sin d'fhorléiriú amhail is dá bhforáladh sé go mbeadh an tsuim is lú a luaitear ansin le méadú leath faoin gcéad den tsuim sin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána dá dtagartar sa bhfo-alt sin (6).
An liúntas d'oifigeach inphinsin a chinneadh.
17.—Is é a bheas sa liúntas a deonfar d'oifigeach inphinsin faoi alt 15 den Acht seo ar é a scor de bheith i seilbh oifige—
(a) liúntas do réir ráta sa bhliain is comhionann leis an ochtódú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta iomlána seirbhíse ar a oifig d'fhorceannadh, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh, nó
(b) liúntas do réir ráta sa bhliain is comhionann le leath a luach saothair inphinsin,
pé acu is lú.
Cnapshuim agus liúntas oifigigh inphinsin a laghdú mar gheall ar sheirbhís neamhshásúil.
18.—Má chinneann údarás áitiúil, faoi alt 15 den Acht seo, gur cnapshuim agus liúntas laghdaithe a deonfar d'oifigeach inphinsin, déanfaid méid na cnapshuime agus ráta bliantúil an liúntais a deonfar dó faoi alt 15 den Acht seo a laghdú faoi bhun an mhéid agus an ráta dob iomchuí dhó sin faoi ailt 16 agus 17 den Acht seo agus oiread nach lú ná caoga faoin gcéad.
Aisce ghearrsheirbhíse a dheonadh d'oifigeach inphinsin.
19.—(1) I gcás oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh bliain ar a laghad agus níos lú ná cúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, a scor de bheith i seilbh a oifige, deonfaidh an t-údarás áitiúil, in aon chás dá sonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, aisce dhó de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta iomlána de sheirbhís áitiúil inphinsin, gan aon chorrchodán de bhliain iomlán d'áireamh.
(2) I gcás oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh cúig bliana ar a laghad agus níos lú ná deich mbliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, a scor de bheith i seilbh a oifige, deonfaidh an t-údarás áitiúil, in aon chás dá sonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, aisce dhó de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná a luach saothair inphinsin.
(3) Is iad seo a leanas na cásanna dá dtagartar i bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (2) den alt seo:
(a) i gcás an t-oifigeach a scor de bheith i seilbh oifige toisc é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp;
(b) i gcás an t-oifigeach a chur as a oifig ar chúis seachas mí-iompar nó neamhoiriúnacht;
(c) i gcás deireadh a chur le hoifig an oifigigh;
(d) i gcás an t-oifigeach d'éirí as oifig toisc gur hathraíodh a phost go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar a choinníollacha gan chúis réasúnach,
ach eisiafar aon chás, más cás é de shaghas a sonraítear i mír (b) nó i mír (c) den fho-alt seo, inar cuireadh, nó inar éirigh, an t-oifigeach as oifig faoi alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941), nó faoin alt sin arna leasú le halt 17 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 (Uimh. 9 de 1955), in imthosca a bheir, de bhuaidh fo-ailt (3) den alt sin, nach bhfuil feidhm ina leith ag fo-alt (2) den alt sin 24.
Aisce a dheonadh d'ionadaí dlíthiúil pearsanta oifigigh inphinsin mhairbh.
20.—(1) I gcás oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil d'fháil bháis i seilbh oifige agus bliain ar a laghad agus níos lú ná cúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta iomlána de sheirbhís áitiúil inphinsin, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh.
(2) I gcás oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil d'fháil bháis i seilbh oifige agus cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionad aí dlíthiúil pearsanta aisce de mhéid is ionann agus—
(a) an tríochadú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir (nach mó ná cúig ceathrachad) de bhlianta iomlána ina sheirbhís áitiúil inphinsin gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh, nó
(b) a luach saothair inphinsin,
pé acu sin is mó.
Aisce a dheonadh faoi alt 15 d'ionadaí dlíthiúil pearsanta deonaí mhairbh.
21.—I gcás duine, ba oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil agus ar deonadh dó faoi alt 15 den Acht seo cnapshuim agus liúntas ar é a scor de bheith i seilbh oifige, d'fháil bháis sara mbeidh iomlán na suimeanna uile a gheobhaidh sé ar scór na cnapshuime agus an liúntais comhionann lena luach saothair inphinsin, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce is comhionann leis an difríocht idir an méid iomlán sin agus an luach saothair inphinsin sin.
Aisce a dheonadh do bhan-oifigeach inphinsin ar phósadh dhi.
22.—Má scoireann ban-oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aici, de bheith i seilbh a hoifige toisc í a phósadh nó a bheith le pósadh agus go ndéanfaidh sí, laistigh de thrí mhí i ndiaidh a scortha nó de pé tréimhse is sia ná trí mhí ina dhiaidh a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, deimhniú a pósta a thabhairt ar aird don údarás áitiúil, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(a) más dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sí ina hoifig go dícheallach dílis agus chun a sástachta, deonfaidh an t-údarás áitiúil aisce dhi de mhéid is ionann agus—
(i) an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána ina seirbhís áitiúil inphinsin, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh, nó
(ii) a luach saothair inphinsin, pé acu sin is lú;
(b) más rud é, bíodh nach dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sí ina hoifig go dícheallach dílis agus chun a sástachta, go gcinnfid mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta an cháis, aisce laghdaithe a dheonadh di, deonfaid aisce dhi de mhéid is comhionann leis an méid dob iomchuí faoi mhír (a) den alt seo arna laghdú an oiread sin, nach lú ná caoga faoin gcéad, is dóigh leo is ceart.
Ranníoca ó oifigigh inphinsin.
23.—(1) Déanfaidh oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil ranníoca leis an údarás áitiúil sin chun críocha na Coda seo den Acht seo do réir ráta sa bhliain is ionann agus cúig faoin gcéad—
(a) dá thuarastal bliantúil, agus
(b) de luach bliantúil a shochar oifige,
faoi réir an choinníll nach ndéanfar aon ranníoca i leith tréimhse nach bhfuair sé tuarastal ná sochair oifige ina haghaidh.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil an ranníoc ó oifigeach inphinsin don údarás áitiúil sin faoin alt seo d'fháil trí asbhaintí tréimhsiúla as a thuarastal agus a shochair oifige ach, mura ndéantar aon asbhaint den tsórt sin is cuí d'údarás áitiúil a dhéanamh as a thuarastal agus a shochair oifige, féadfaidh an t-údaras áitiúil sin, gan dochar d'aon leigheas eile, an tsuim a ghnóthú trína coimeád as aon tsuimeanna a bheas dlite uathu dhó nó as aon chnapshuim, liúntas nó aisce is iníoctha acu leis nó ina leith.
(3) Más rud é, faoi alt 55 den Acht seo, go mbeidh cnapshuimeanna, liúntais nó aiscí a dheonfas údarás áitiúil á n-íoc ag údarás áitiúil eile, aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite sin ó am go ham (ach uair sa ráithe ar a laghad) chun an údaráis áitiúil eile—
(a) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite —leath na suimeanna uile a fuaireadar i bhfoirm ranníoca faoin alt seo nó faoi fho-mhír (ii) de mhír (g) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo, agus
(b) in aon chás eile—iomlán na suimeanna sin uile.
Ranníoca ó oifigigh inphinsin a thabhairt ar ais.
24.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “na ranníoca”, maidir le hoifigeach inphinsin, comhshuim a ranníoc le haghaidh aoisliúntais i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo.
(2) I gcás oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh níos lú ná bliain de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, d'fháil bháis, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dá ionadaí dlíthiúil pearsanta.
(3) Má scoireann oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh níos lú ná deich mbliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a oifige ar aon chúis seachas mí-iompar, agus nach nglacfaidh sé aon phost eile ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo agus nach ndeonfar aisce dhó faoi alt 19 nó alt 22 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dó.
(4) Má scoireann oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a oifige ar aon chúis seachas mí-iompar, agus nach nglacfaidh sé aon phost eile ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo agus nach mbeidh teideal aige chun cnapshuime agus liúntais faoi alt 15 den Acht seo ná chun aisce pósta faoi alt 22 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dó.
(5) Má cuirtear oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil as oifig de dheasca mí-iompair, beidh cumhacht ag an údarás áitiúil, a bheas infheidhmithe dá rogha féin agus nach mbeidh aon achomharc indéanta ina coinne d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, na ranníoca a thabhairt ar ais dó má mheasaid go bhfuil fátha speisialta ann chun sin a dhéanamh.
(6) Má thugann údarás áitiúil na ranníoca ar ais agus go mbeidh sa mhéid a bhéarfar ar ais suim i leith ranníoc le haghaidh aoisliúntais d'íoc an t-oifigeach a bheas i gceist i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo agus atá ar seilbh ag aon chomhlucht eile, cúiteoidh an comhlucht sin an tsuim sin leis an údarás áitiúil.
(7) Má thugann comhlucht, ar féidir seirbhís fúthu d'áireamh faoin Acht seo, ranníoca ar ais a híocadh le haghaidh aoisliúntais i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo agus go mbeidh sa mhéid a tugadh ar ais suim i leith ranníoc a bheas ar seilbh ag aon údarás áitiúil, cúiteoidh an t-údarás áitiúil sin an tsuim sin leis an gcomhlucht.
(8) Beidh feidhm, maidir le ranníoca a bhéarfar ar ais faoin alt seo, ag an gcoinníoll atá ag gabháil le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922.
Ranníoca a tugadh ar ais (oifigeach inphinsin) d'aisíoc.
25.—(1) Más rud é, tar éis na ranníoca a thabhairt ar ais faoi alt 24 den Acht seo d'oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil ar é a scor de bheith ina oifigeach inphinsin, go bhfostófar é i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, beidh teideal aige, roimh dheireadh dhá mhí dhéag, nó pé tréimhse is sia ná sin a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, i ndiaidh a cheaptha iardain, an tsuim a thug an t-údarás áitiúil ar ais amhlaidh d'aisíoc leo, agus má aisíocann sé an tsuim sin agus go mbeidh aon chomhlucht eile tar éis aon chuid di a chúiteamh leis an údarás áitiúil déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.
(2) Más rud é, tar éis ranníoca a bheith tugtha ar ais, faoi alt 32 d'Acht 1948, ag údarás áitiúil do dhuine, go bhfostófar an duine sin i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, beidh teideal aige, roimh dheireadh dhá mhí dhéag, nó pé tréimhse is sia ná sin a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, i ndiaidh a fhostuithe amhlaidh, an tsuim a thug an t-údarás áitiúil ar ais amhlaidh d'aisíoc leo, agus má aisíocann sé an tsuim sin agus go mbeidh aon chomhlucht eile tar éis aon chuid di a chúiteamh leis an údarás áitiúil, déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.
(3) Más rud é—
(a) go mbeidh ag oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil aon tréimhse sheirbhíse (seachas mar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil) d'fhéadfaí, dá ndéanadh sé an t-aisíoc dá bhforáltar leis an bhfo-alt seo, d'áireamh faoin Acht seo, agus
(b) go mbeifear tar éis ranníoca i leith na seirbhíse a thabhairt ar ais dó,
beidh teideal aige an tsuim a tugadh ar ais amhlaidh d'aisíoc leis an údarás áitiúil roimh dheireadh pé tréimhse is réasúnach leis an údarás áitiúil in imthosca an cháis.
(4) Más rud é—
(a) go mbeifear tar éis aisíoc a dhéanamh faoin alt seo le húdarás áitiúil, agus
(b) gur cás é ina mbeadh aon chnapshuim, liúntas nó aisce a dheonfadh an t-údarás áitiúil sin á íoc ag údaras áitiúil eile,
aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite chun an údaráis áitiúil eile—
(i) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite—leath an aisíoca, agus
(ii) in aon chás eile—an t-aisíoc go léir.
Nithe nach n-áireofar i dtuarastal ná i sochair oifige.
26.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ní fholóidh “tuarastal” ná “sochair oifige” aon ní acu seo a leanas:
(a) íocaíochtaí i leith breis-aimsire,
(b) costais taistil,
(c) íocaíochtaí as gníomhú mar chléireach do choiste pinsean áitiúil faoi alt 8 den Old Age Pensions Act, 1908, nó d'fho-choiste arna cheapadh ag aon choiste den tsórt sin,
(d) íocaíochtaí as gníomhú mar chláraitheoir maoirseachta breitheanna, básanna agus póstaí nó mar chláraitheoir póstaí,
(e) íocaíochtaí as obair speisialta, ócáideach ná sealadach,
(f) íocaíochtaí as post a líonadh go sealadach mura tréimhse dhá bhlian nó níos mó, á háireamh siar ón dáta a scoireadh de bheith i seilbh na hoifige, an tréimhse a ndearnadh na híocaíochtaí ina leith,
(g) liúntais le haghaidh costas nó riachtanas áirithe.
(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú, maidir le híocaíochtaí de shaghas sonraithe, ar saghas é a luaitear i mír (a) nó i mír (g) d'fho-alt (1) den alt seo, go mbeid, chun críocha na Coda seo den Acht seo, ina gcuid de thuarastal oifigigh áirithe nó oifigeach d'aicme áirithe nó gach oifigigh, agus air sin, d'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, folóidh “tuarastal” sa Chuid seo den Acht seo, i gcás an oifigigh sin, oifigeach den aicme sin nó gach oifigigh (do réir mar oireas), íocaíochtaí den tsaghas sin.
Luach saothair inphinsin oifigigh inphinsin a riomh.
27.—(1) Cinnfidh údarás áitiúil ó am go ham an luach bliantúil in airgead atá ar gach sochar oifige (más aon cheann é), is é sin, aon tseomraí, ciondála nó forliúntais eile in earraí, de chuid oifigigh inphinsin.
(2) Is é a bheas i luach saothair inphinsin oifigigh inphinsin chun críocha na Coda seo den Acht seo—
(a) má bhí sé ina oifigeach d'údarás áitiúil ar feadh na tréimhse iomchuí go léir agus nach ndearnadh, i rith na tréimhse iomchuí agus na tréimhse (más ann) ina dhiaidh sin dar críoch dáta a scortha de bheith i seilbh oifige, a thuarastal d'athrú ach amháin do réir athruithe a bhain go ginearálta leis an aicme, an sórt nó an grád oifigeach lenar bhain an t-oifigeach sin i ndeireadh na tréimhse iomchuí—ráta bliantúil a thuarastail ar dháta a scortha maraon le meánmhéid bliantúil a shochar oifige (má b'ann) in aghaidh na tréimhse iomchuí;
(b) in aon chás eile—meánmhéid bliantúil a thuarastail agus a shochar oifige (má b'ann) i gcaitheamh na tréimhse iomchuí.
(3) Más rud é nach raibh an t-oifigeach ina oifigeach ach ar feadh coda den tréimhse iomchuí agus go raibh sé ar feadh iarmhair uile na tréimhse sin, nó ar feadh coda dhe, ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil déanfar, chun críocha míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, a pháigh mar sheirbhíseach den tsórt sin d'áireamh mar thuarastal.
(4) D'ainneoin aon fhorál eile den Acht seo, i bhfo-alt (2) den alt seo beidh le “tuarastal” agus “sochair oifige”, maidir le haon phost nach post faoi údarás áitiúil agus ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, na bríonna céanna faoi seach atá leo sna forála maidir le haoisliúntas a bhaineas leis an bpost agus, ina theannta sin, folóidh “tuarastal” luach saothair seirbhísigh in aon phost den tsórt sin.
(5) Ní bheidh d'éifeacht le mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, i gcás oifigigh a fuair ardú céime, go mbeidh aon liúntas, cnapshuim nó aisce níos lú ná bheadh dá mba nach bhfuair sé an t-ardú céime.
(6) San alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” —
(a) más lú ná trí bliana an tréimhse nó comhiomlán na dtréimhsí a fhéadfas an t-oifigeach a áireamh mar sheirbhís faoin gCuid seo den Acht seo— an tréimhse sin nó comhiomlán na dtréimhsí sin, agus
(b) in aon chás eile—an tréimhse nó comhiomlán na dtréimhsí sna trí bliana deiridh dá sheirbhís.
Forála idirlinne do Chuid II.
28.—(1) Taifeadfar sa chlár, amhail ó thosach feidhme na Coda seo den Acht seo,—
(a) ainm gach duine a raibh a ainm ar taifeadadh sa sean chlár díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, agus
(b) ainm gach duine a mbeadh a ainm ar taifeadadh sa seanchlár díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo dá ndéanadh sé an t-iarratas dá bhforáltar le fo-alt (1) d'alt 37 d'Acht 1948.
(2) Chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo, measfar fo-alt (1) d'alt 37 d'Acht 1948 a bheith arna achtú gan an srian i dtaobh gan cúig bliana caogad d'aois nó seasca bliain d'aois a bheith slán ag duine.
(3) Beidh de dhualgas ar údarás áitiúil na taifid go léir faoin alt seo (seachas taifid de dhroim achomharc faoi fho-alt (13) den alt seo) a chur sa chlár laistigh de shé mhí tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo.
(4) Má bhíonn aon duine a chlárós Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath faoin alt seo, tar éis aon tréimhse sheirbhíse a chaitheamh mar oifigeach nó seirbhíseach do Irish Enterprises Ltd., nó d'aon cheann dá réamhtheachtaithe, beidh sé i dteideal an tréimhse sin d'áireamh mar sheirbhís.
(5) Más rud é, i gcás duine a dtaifeadfar a ainm faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) go raibh sé, díreach sara dtáinig sé chun bheith ina oifigeach bunaithe do réir bhrí Achta 1948, i seilbh poist i stát-sheirbhís an Rialtais, agus
(b) díreach sara ndeachaigh sé i seilbh an phoist sin, go raibh tréimhse sheirbhíse aige chun críocha Coda IV d'Acht 1925,
féadfaidh an duine sin an tréimhse dá dtagartar i mír (b) den fho-alt seo d'áireamh mar sheirbhís.
(6) Ní bheidh aon ranníoc faoi alt 23 den Acht seo le n-íoc, i gcaitheamh tréimhse leanúnaí seirbhíse a thosnós ar dháta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ag duine a dtaifeadfar a ainm faoin alt seo, más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, nach raibh a ainm ar taifeadadh sa sean-chlár nó, má bhí sí ar taifeadadh amhlaidh, nár dhuine é an uair sin a dhligh ranníoca a dhéanamh faoi Acht 1948.
(7) (a) Ní bheidh aon ranníoc faoi alt 23 den Acht seo le n-íoc i gcaitheamh tréimhse seirbhíse leanúnaí a thosnós ar dháta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ag duine a dtaifeadfar a ainm faoin alt seo, is duine dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, más rud é, díreach sarar taifeadadh a ainm sa sean-chlár, go raibh feidhm ag fo-alt (5) d'alt 63 d'Acht 1948 ina leith nó go mbeadh feidhm ina leith ag fo-alt (5) d'alt 63 d'Acht 1948 i gcás iarratas a bheith déanta aige faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt sin, nó más rud é, díreach sarar taifeadadh a ainm sa sean-chlár, go raibh sé ina sheirbhíseach agus go mbeadh feidhm ina leith ag fo-alt (5) d'alt 48 den Acht seo mura mbeadh go raibh a ainm ar taifeadadh amhlaidh.
(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, measfar fo-alt (1) agus fo-alt (2) d'alt 63 d'Acht 1948 a bheith arna n-achtú gan an srian i dtaobh gan cúig bliana caogad d'aois nó seasca bliain d'aois a bheith slán ag duine.
(8) Ní bheidh aon ranníoc faoi alt 23 den Acht seo le n-íoc, i gcaitheamh tréimhse leanúnaí seirbhíse tar éis dó teacht chun bheith ina oifigeach inphinsin, ag duine a bhí díreach sara dtáinig sé chun bheith ina oifigeach inphinsin, ina dhuine lenar bhain fo-alt (5) nó (8) d'alt 48 den Acht seo.
(9) I gcás duine a dtaifeadfar a ainm faoin alt seo, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 13 den Acht seo amhail is dá gcuirtí “nó gur bean chabhartha pháirt-aimsire íclainne an t-oifigeach” i ndeireadh míre (a).
(10) (a) Aon duine a dtaifeadfar a ainm faoin alt seo i gcás nach ndéanfar achomharc faoi fho-alt (13) den alt seo, más duine é ar roimh an lú lá d'Aibreán, 1948, a thosnaigh a bhuan-seirbhís leanúnach, mar oifigeach d'údarás áitiúil dar críoch dáta thosach feidhme na Coda seo den Act seo, féadfaidh sé, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an dáta thosach feidhme sin, fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás áitiúil go bhfuil feidhm le bheith ina chás ag na forála a sonraítear i bhfo-alt (11) den alt seo, agus air sin beidh feidhm amhlaidh ag na forála sin.
(b) Aon duine a dtaifeadfar a ainm faoin alt seo i gcás ina ndéanfar achomharc faoi fho-alt (13) den alt seo, más duine é ar roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1948, a thosnaigh a bhuan-seirbhís leanúnach, mar, oifigeach d'údarás áitiúil, dar críoch dáta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, féadfaidh sé, laistigh de shé mhí tar éis cinneadh an achomhairc a chur in iúl dó, fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás áitiúil go bhfuil feidhm le bheith ina chás ag na forála a sonraítear i bhfo-alt (11) den alt seo, agus air sin beidh feidhm amhlaidh ag na forála sin.
(11) Is iad seo a leanas na forála dá dtagartar i bhfo-alt (10) den alt seo:
(a) ní deonfar cnapshuim de bhun ailt 15 den Acht seo,
(b) in alt 17 den Acht seo, cuirfear “seascadú” in ionad “ochtódú” agus “dhá dtrian” in ionad “leath”,
(c) ní bheidh feidhm ag alt 18 den Acht seo,
(d) in alt 19 den Acht seo cuirfear “an séú cuid” in ionad “an dóú cuid déag “i bhfo-alt (1) agus cuirfear “oiread go leith” isteach roimh “a luach saothair inphinsin” i bhfo-alt (2),
(e) ní bheidh éifeacht ag ailt 20 agus 21 den Acht seo.
(12) Más rud é go dtaifeadfar ainm duine faoin alt seo agus nuair a rinneadh an ceapachán chun na hoifige a shealbhós sé tráth an taifeadta nach ndearnadh dearbhú gur cheapachán i gcáil bhuan é, measfar chun críocha na Coda seo den Acht seo go ndearnadh an dearbhú sín an uair sin i dtaobh an cheapacháin sin.
(13) (a) Aon duine arb éagóir leis údarás áitiúil dá dhiúltú nó dá mhainniú a ainm thaifeadadh faoin alt seo sa chlár, féadfaidh sé, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis tosach feidhme na Coda seo don Acht seo, achomharc i gcoinne an diúltuithe nó na mainneachtana a dhéanamh chun an Aire iomchuí agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú an ainm a thaifeadadh sa chlár amhail ó thosach feidhme na Coda seo den Acht seo agus, sa chás deiridh sin, taifead faidh an t-údarás áitiúil an ainm sa chlár amhail ón tosach feidhme sin.
(b) Aon duine arb éagóir leis údarás áitiúil do thaifeadadh a ainme faoin alt seo sa chlár, féadfaidh sé, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo, achomharc i gcoinne an taifeadta a dhéanamh chun an Aire iomchuí agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú an taifead sa chlár a scrios agus, sa chás deiridh sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil an taifead sa chlár a scrios amhail ón tosach feidhme sin.
(14) San alt seo ciallaíonn “an sean-chlár” an clár a bhí á choimeád roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo ag an údarás áitiúil faoi alt 8 d'Acht 1948.
Srian ginearálta le deontais (oifigigh).
29.—(1) Ach amháin faoin Acht seo, ní dheonfaidh údarás áitiúil aon phinsean, liúntas, aisce, cnapshuim ná aistabhairt ranníoc d'aon duine, ná i leith aon duine, dá n-oifigigh.
(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir do mhír (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Siltin Airtéirigh, 1945 (Uimh. 3 de 1945).
CUID III.
Seirbhísigh Inphinsin.
Clár de sheirbhísigh inphinsin.
30.—(1) Coimeádfaidh údarás áitiúil clár ar a dtabharfar an clár de sheirbhísigh inphinsin (dá ngairmtear an clár sa Chuid seo den Acht seo).
(2) Más rud é, i gcás duine nach seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, go raibh, ar chríochnú aon bhliana airgeadais áitiúla (lena n-áirítear an bhliain airgeadais áitiúil dar críoch dáta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leis an údarás áitiúil sin) dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó tugtha aige sa bhliain airgeadais áitiúil sin maidir leis an údarás áitiúil sin nó maidir leis an údarás áitiúil sin agus aon údarás áitiúil nó údaráis áitiúla eile, taifeadfaidh an t-údarás áitiúil sin a ainm sa chlár mura dtuga sé, laistigh de mhí tar éis críochnú na bliana airgeadais áitiúla sin, fógra i scríbhinn don údarás áitiúil sin nach bhfuil a ainm le taifeadadh amhlaidh.
(3) Má thagann duine chun bheith ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil agus go raibh sé, díreach roimh é a theacht chun bheith ina sheirbhíseach den tsórt sin, ina oifigeach inphinsin don údarás áitiúil sin nó d'údarás áitiúil eile, ina sheirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil eile nó ina shealbhóir ar phost nach post faoi údarás áitiúil ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, taifeadfaidh an t-údarás áitiúil céadluaite sin a ainm sa chlár.
(4) Coimeádfaidh údarás áitiúil an clár ar oscailt ina bpríomhoifig gach tráth réasúnach lena iniúchadh ag a seirbhísigh agus—
(a) i gcás bardais bhuirge, ag comhaltaí comhairle na buirge nó,
(b) in aon chás eile, ag comhaltaí an údaráis áitiúil.
Duine a bhaint den chlár ar é a scor de bheith ina sheirbhíseach, etc.
31.—(1) Bainfidh údarás áitiúil den chlár ainm duine—
(a) a scoirfeas de bheith ina sheirbhíseach don údarás áitiúil, nó
(b) a bhéarfas, i mí Aibreáin aon bhliana, fógra i scríbhinn don údarás áitiúil go bhfuil a ainm le baint den chlár.
(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, más gnás le húdarás áitiúil aon duine áirithe a ghlacadh ó am go ham ina bhfostaíocht mar sheirbhíseach tar éis tréimhse nach raibh sé fostaithe amhlaidh—
(a) ní bhainfidh an t-údarás áitiúil ainm an duine sin den chlár ar aon ócáid áirithe nuair a scoirfeas sé de bheith ar fostú amhlaidh mura mbeid tar éis a chinneadh gan é d'fhostú amhlaidh arís nó mura bhfagha sé bás agus, faid a bheas a ainm sa chlár de dhroim na míre seo, measfar chun críocha ailt 36, ailt 39, ailt 40, ailt 42 agus fo-alt (4) agus (5) d'alt 44 den Acht seo, nár scoir sé de bheith ar fostú amhlaidh,
(b) má tharlaíonn, i rith aon tréimhse áirithe nuair nach mbeidh an duine sin ar fostú amhlaidh ag an údarás áitiúil, go gcinnfid gan é d'fhostú amhlaidh arís, nó go bhfaighidh sé bás, bainfid a ainm den chlár agus, chun críocha ailt 36, ailt 39, ailt 40, ailt 42 agus fo-alt (4) agus (5) d'alt 44 den Acht seo, measfar gur scoir sé ansin de bheith i seilbh a fhostaíochta.
(3) Féadfar ainm a bhaint den chlár trí nóta a chur sa chlár ina n-inseofar go bhfuil an ainm bainte de a us dáta a bainte de, agus féadfar ainm a chur ar ais sa chlár trí nóta a chur sa chlár ina n-inseofar go bhfuil an ainm curtha ar ais agus dáta a curtha ar ais.
Eolas a thabhairt d'údarás áitiúil ar dhuine a scor de bheith ar fostú faoi údarás áitiúil eile.
32.—Má scoireann seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil de bheith ar fostú in aon fhostaíocht fúthu, cuirfid é sin in iúl d'aon údarás áitiúil eile faoina bhfuil aon fhostaíocht nó oifig á sealbhú ag an seirbhíseach sin.
Tóranta ginearálta leis an seirbhís a bheas le háireamh ag seirbhíseach inphinsin.
33.—(1) Aon fhoráil sa Chuid seo den Acht seo a bheir teideal do sheirbhíseach inphinsin aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís, beidh sí faoi réir an choinníll sháraithigh nach mbeidh sé i dteideal tréimhse áirithe d'áireamh amhlaidh thar uair amháin ná nach mbeidh sé i dteideal aon tréimhse acu seo a leanas d'áireamh amhlaidh:
(a) aon tréimhse a bhfuair sé cnapshuim, liúntas nó aisce ina leith cheana faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile a bhaineas le haoisliúntas nó faoi aon scéim a bhaineas le haoisliúntas ar féidir seirbhís chuige d'áireamh faoin Acht seo, mura rud é, i gcás aisce, go raibh sé i dteideal an aisce sin d'aisíoc agus go ndearna sé sin,
(b) aon tréimhse a ndearnadh aon ranníoca le haghaidh aoisliúntais ina leith a thabhairt ar ais dó, mura rud é go raibh sé i dteideal na ranníoca sin d'aisíoc agus go ndearna sé sin,
(c) aon tréimhse roimh dháta a scaoileadh nó a cuireadh as a phost é de dheasca mí-iompair nó neamhoiriúnachta,
(d) aon tréimhse fhostaíochta faoi údarás áitiúil i rith bliana airgeadais áitiúla nach raibh dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó aige,
(e) más duine é atá i dteideal seirbhís, nach seirbhís faoi údarás áitiúil, d'áireamh faoin Acht seo, aon tréimhse den tseirbhís sin nach bhféadfadh sé a áireamh dá bhfanadh sé i seilbh an phoist inar thug sé an tseirbhís sin.
Seirbhís sheirbhísigh inphinsin d'áireamh.
34.—(1) Beidh seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil i dteideal aon tseirbhís acu seo a leanas d'áireamh mar sheirbhís:
(a) seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile,
(b) seirbhís mar oifigeach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile,
(c) seirbhís a thug sé mar oifigeach nó seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar agus a bhí sé i dteideal a áireamh mar sheirbhís chun críocha Coda VIII den Acht Coireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945), nó aon achtacháin roimhe sin atá ar comhréir leis an gCuid sin VIII,
(d) seirbhís i bpost inphinsin faoi údarás cuain,
(e) seirbhís is ináirithe chun críocha na nAcht Aoisliúntas, más seirbhís í atá comhleanúnach le seirbhís ina diaidh mar sheirbhíseach inphinsin nó oifigeach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile nó le seirbhís ina diaidh i bpost a bhfuil seirbhís ann ináirithe chun críocha na nAcht sin,
(f) seirbhís (a mhéid a cheadós an tAire go ginearálta nó in aon chás áirithe) i bpost inphinsin faoi chomhlucht a cheadaigh an tAire chun críocha na míre seo ar an bhforas gur comhlucht é a dheonas cearta pinsin de shaghas gur cearta pinsin cómalairteacha i gcoitinne iad féin agus na cearta pinsin dá bhforáltar leis an Acht seo,
(g) seirbhís le hÓglaigh na hÉireann a measfaidh an tAire agus sa mhéid go measfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cosanta, go mba sheirbhís í mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil, mura mbeadh gur sheirbhís í le hÓglaigh na hÉireann.
(2) I mír (a) agus i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo measfar go bhfolaíonn “seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin”—
(i) seirbhís (ar seirbhís í nár sheirbhís mar sheirbhíseach inphinsin d'éagmais an fho-ailt seo) mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil ar seirbhís í a mbeadh an seirbhíseach i dteideal í d'áireamh chun críocha aoisliúntais dá bhfanadh sé ina sheirbhíseach den tsórt sin, agus
(ii) aon tréimhse fhostaíochta, is tréimhse roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leis an údarás áitiúil agus nach tréimhse ar bith í a fhéadfas sé a áireamh faoi fho-alt (4) den alt seo, faoin údarás áitiúil sin nó faoi aon údarás áitiúil eile i rith bliana airgeadais áitiúla a raibh dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó aige.
(3) Chun críocha míre (a) d'fho-alt (1) den alt seo agus na míre sin arna leathnú le fo-alt (2) den alt seo (ach ní chun críocha na míre sin arna leathnú le fo-alt (4) den alt seo maidir leis an leathnú sin), measfar gan seirbhís a bheith ag duine ach ar laethanta seirbhíse (agus ní cuirfear san áireamh na laetheanta seirbhíse de bhreis ar thrí chéad má théann na laetheanta seirbhíse i mbliain airgeadais áitiúil áirithe thar trí chéad) agus comhaireofar comhiomlán na laetheanta sin ina mblianta tríd an gcomhiomlán sin a roinnt ar thrí chéad.
(4) I mír (a) agus i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo measfar go bhfolaíonn “seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin” aon tréimhse sheirbhíse mar sheirbhíseach faoin údarás áitiúil nó faoi aon údarás áitiúil eile a raibh an seirbhíseach i dteideal í d'áireamh chun críocha aoisliúntais faoi aon Acht, arna rith roimh Acht 1948, a bhain le haoisliúntas agus a raibh feidhm aige ina chás (lena n-áirítear, d'ainneoin míre (d) d'alt 33 den Acht seo, aon tréimhse den tsórt sin i mbliain airgeadais áitiúil nach raibh dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó aige).
(5) I mír (b) agus i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo measfar go bhfolaíonn “seirbhís mar oifigeach inphinsin” seirbhís —
(a) a raibh an t-oifigeach i dteideal, tráth ar bith roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid II d'Acht 1948 (measfar chun na críche sin fo-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1948 a bheith arna achtú d'éagmais míre (b)),
(b) a mbeadh an t-oifigeach i dteideal, tráth ar bith roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid II d'Acht 1948 dá mbeadh alt 18 den Acht sin arna achtú gan mír (b) a bheith ann, nó
(c) a raibh sé i dteideal, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid IV d'Acht 1925 nó faoi pé Acht arna rith roimh Acht 1925 a bhain le haoisliúntas agus a raibh feidhm aige ina chás.
(6) Más rud é, i gcás seirbhísigh inphinsin—
(a) go raibh tréimhse sheirbhíse tugtha aige chun críocha Coda IV d'Acht 1925 nó chun críocha pé Achta arna rith roimh Acht 1925 a bhain le haoisliúntas agus a raibh feidhm aige ina chás, agus
(b) go dtáinig, díreach i ndiaidh na tréimhse a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo, tréimhse sheirbhíse i bpost a bhféadfadh sé, d'éagmais fo-ailt (5) den alt seo, seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo,
beidh an duine sin i dteideal, i leith na tréimhse a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo, í d'áireamh mar sheirbhís.
(7) I gcás taifid na seirbhíse a bhí ag seirbhíseach inphinsin roimh an lú lá d'Aibreán, 1948, a bheith neamh-iomlán, féadfaidh an t-údarás áitiúil, más oiriúnach leo é, tréimhse sheirbhíse a mheas dó ar an mbonn tuisceana gur cosúil le chéile taifead a sheirbhíse i leith na tréimhse a bhfuil taifid ann di agus a taifead a sheirbhíse i leith na tréimhse nach bhfuil taifid ann di.
Seirbhís áitiúil inphinsin sheirbhísigh inphinsin.
35.—(1) Chun críocha an Achta seo, is é a bheas i seirbhís áitiúil inphinsin sheirbhísigh inphinsin tráth ar bith an uimhir de bhlianta iomlána sa tréimhse, nó i gcomhiomlán na dtréimhsí, a bheas sé i dteideal, faoin gCuid seo den Acht seo, a áireamh mar sheirbhís, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh.
(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, más mó ná fiche bliain go leith an tréimhse, nó comhiomlán na dtréimhsí, a fhéadfas seirbhíseach inphinsin ar seirbhíseach briogáide tóiteáin é a áireamh mar sheirbhís faoin gCuid seo den Acht seo, ansin, chun críocha na Coda seo den Acht seo, is é a bheas i seirbhís áitiúil inphinsin an tseirbhísigh sin an tréimhse sin nó an comhiomlán sin i dteannta na breise a bheas ag an tréimhse sin nó ag an gcomhiomlán sin ar fiche bliain, gan aon chorr-chodán de bhliain d'áireamh.
Liúntas a dheonadh do sheirbhíseach inphinsin ar é a scor de bheith i seilbh fostaíochta.
36.—(1) Más rud é—
(a) go scoirfidh seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil de bheith i seilbh a fhostaíochta agus nach bhfostófar i bpost eile é ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, agus
(b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sé sa bhfost aíocht sin go dícheallach dílis agus chun a sástachta nó, mura dóigh leo sin, go gcinnfid mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta a cháis, liúntas laghdaithe a dheonadh dhó,
deonfaidh an t-údarás áitiúil liúntas dó in aon chás dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.
(2) Is iad seo a leanas na cásanna dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:
(a) i gcás an seirbhíseach a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta ar shlí seachas trína scaoileadh de dheasca mí-iompair nó neamhoiriúnachta, agus—
(i) seasca bliain d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,
(ii) é a bheith ina sheirbhíseach briogáide tóiteáin, cúig bliana caogad d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,
(iii) é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;
(b) i gcás an seirbhíseach a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta toisc an aois-tórainn chuige sin a bheith sroichte aige, agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige.
An liúntas do sheirbhíseach inphinsin a chinneadh.
37.—Is é a bheas sa liúntas a deonfar do sheirbhíseach inphinsin faoi alt 36 den Acht seo ar é a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta—
(a) liúntas do réir ráta sa tseachtain is comhionann leis an seascadú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin, nó
(b) liúntas do réir ráta sa tseachtain is comhionann le dhá dtrian dá luach saothair inphinsin,
pé acu is lú.
Liúntas seirbhísigh inphinsin a laghdú mar gheall ar sheirbhís neamhshásúil.
38.—Má chinneann údarás áitiúil, faoi alt 36 den Acht seo, gur liúntas laghdaithe a deonfar do sheirbhíseach inphinsin, déanfaid an liúntas a deonfar dó faoi alt 36 den Acht seo a laghdú faoi bhun an mhéid dob iomchuí dhó sin faoi alt 37 den Acht seo agus oiread nach lú ná caoga faoin gcéad.
Aisce ghearr-sheirbhíse a dheonadh do sheirbhíseach inphinsin.
39.—(1) I gcás seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh bliain ar a laghad agus níos lú ná cúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta toisc é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp, deonfaidh an t-údarás áitiúil aisce dhó de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná a luach saothair inphinsin arna iolrú faoi cheathair agus trian arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin.
(2) I gcás seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh cúig bliana ar a laghad agus níos lú ná deich mbliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta toisc é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp, deonfaidh an t-údarás áitiúil pé aisce dhó is dóigh leo is ceart ach nach mó ná a luach saothair inphinsin arna iolrú faoi chaoga a dó.
Aisce a dheonadh d'ionadaí dlíthiúil pearsanta seirbhísigh inphinsin mhairbh.
40.—(1) I gcás seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil d'fháil bháis i seilbh a fhostaíochta agus bliain ar a laghad agus níos lú ná cúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná a luach saothair inphinsin arna iolrú faoi cheathair agus trian arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin.
(2) I gcás seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil d'fháil bháis i seilbh a fhostaíochta agus cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce de mhéid is comhionann lena luach saothair inphinsin arna iolrú faoi chaoga a dó.
Aisce a dheonadh faoi alt 36 d'ionadaí dlithiúil pearsanta deonaí mhairbh.
41.—I gcás duine, ba sheirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil agus ar deonadh dó faoi alt 36 den Acht seo liúntas ar é a scor de bheith i seilbh a fhostaíochta, d'fháil bháis sara mbeidh iomlán na suimeanna uile a gheobhaidh sé ar scór an liúntais comhionann lena luach saothair inphinsin arna iolrú faoi chaoga a dó, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce is comhionann leis an difríocht idir an méid iomlán sin agus an luach saothair inphinsin sin arna iolrú faoi chaoga a dó
Aisce a dheonadh do bhanseirbhíseach inphinsin ar phósadh dhi.
42.—Má scoireann ban-seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil a mbeidh cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aici, de bheith i seilbh a fostaíochta toisc í a phósadh nó a bheith le pósadh agus go ndéanfaidh sí, laistigh de thrí mhí i ndiaidh a scortha nó de pé tréimhse is sia ná trí mhí a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, deimhniú a pósta a thabhairt ar aird don údarás áitiúil, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(a) más dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sí ina fostaíocht go dícheallach dílis agus chun a sástachta, deonfaidh an t-údarás áitiúil aisce dhi de mhéid is ionann agus—
(i) a luach saothair inphinsin arna iolrú faoi cheathair agus trian arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin, nó
(ii) a luach saothair inphinsin arna iolrú faoi chaoga a dó,
pé acu is lú;
(b) más rud é, bíodh nach dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sí ina fostaíocht go dícheallach dílis agus chun a sástachta, go gcinnfid mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta an cháis, aisce laghdaithe a dheonadh di, deonfaid aisce dhi de mhéid is comhionann leis an méid dob iomchuí faoi mhír (a) den alt seo arna laghdú an oiread sin, nach lú ná caoga faoin gcéad, is dóigh leo is ceart.
Ranníoca ó sheirbhísigh inphinsin.
43.—(1) Déanfaidh seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil ranníoc leis an údarás áitiúil sin chun críocha na Coda seo den Acht seo do réir ráta is ionann agus ceathair agus séú faoin gcéad—
(a) de ráta seachtainiúil a pháighe, agus
(b) de luach seachtainiúil a shochar oifige,
faoi réir an choinníll nach ndéanfar aon ranníoca i leith tréimhse nach bhfuair sé páigh ná sochair oifige ina haghaidh nó ar íoc an t-údarás áitiúil sin cúiteamh leis ina haghaidh faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil an ranníoc ó sheirbhíseach inphinsin don údarás áitiúil sin faoin alt seo d'fháil trí asbhaintí tréimhsiúla as a pháigh agus a shochair oifige ach, mura ndéantar aon asbhaint den tsórt sin is cuí d'údarás áitiúil a dhéanamh as a pháigh agus a shochair oifige, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, gan dochar d'aon leigheas eile, an tsuim a ghnóthú trína coimeád as aon tsuimeanna a bheas dlite uathu dhó nó as aon aisce nó liúntas is iníoctha acu leis nó ina leith.
(3) Más rud é, faoi alt 55 den Acht seo, go mbeidh cnapshuimeanna, liúntas nó aiscí a dheonfas údarás áitiúil iníoctha ag údarás áitiúil eile, aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite sin ó am go ham (ach uair sa ráithe ar a laghad) chun an údaráis áitiúil eile—
(a) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite —leath na suimeanna uile a fuaireadar i bhfoirm ranníoca faoin alt seo, agus
(b) in aon chás eile—iomlán na suimeanna sin uile.
Ranníoca ó sheirbhísigh inphinsin a thabhairt ar ais.
44.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “na ranníoca”, maidir le seirbhíseach inphinsin, comhshuim a ranníoc le haghaidh aoisliúntais i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo.
(2) I gcás seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh níos lú ná bliain de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, d'fháil bháis, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dá ionadaí dlíthiúil pearsanta.
(3) Más rud é, i gcás seirbhísigh inphinsin d'údarás áitiúil, go bhfionnfar tar éis aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe nach raibh dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó aige i leith na bliana sin, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil ar ais dó aon ranníoca a rinne sé faoi alt 43 den Acht seo i leith na bliana sin.
(4) Má scoireann seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh níos lú ná deich mbliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith ina sheirbhíseach inphinsin den tsórt sin ar shlí seachas de dhroim míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Acht seo nó toisc é a scaoileadh de dheasca mí-iompair agus nach bhfostófar i bpost eile é ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo agus nach ndeonfar aisce dhó faoi alt 39 ná alt 42 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dó.
(5) Má scoireann seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith ina sheirbhíseach inphinsin den tsórt sin ar shlí seachas de dhroim míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Acht seo nó toisc é a scaoileadh de dheasca mí-iompair agus nach bhfostófar i bpost eile é ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo agus nach mbeidh teideal aige chun liúntais faoi alt 36 den Acht seo ná chun aisce pósta faoi alt 42 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dó.
(6) Má scaoiltear seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil de dheasca mí-iompair, beidh cumhacht ag an údarás áitiúil, a bheas infheidhmithe dá rogha féin agus nach mbeidh aon achomharc indéanta ina coinne d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, na ranníoca a thabhairt ar ais dó má mheasaid go bhfuil fátha speisialta ann chun sin a dhéanamh.
(7) Má thugann údarás áitiúil na ranníoca ar ais agus go mbeidh sa mhéid a bhéarfar ar ais suim i leith ranníoc le haghaidh aoisliúntais d'íoc an seirbhíseach a bheas i gceist i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo agus atá ar seilbh ag aon chomhlucht eile, cúiteoidh an comhlucht sin an tsuim sin leis an údarás áitiúil a thug na ranníoca ar ais.
(8) Má thugann comhlucht, ar féidir seirbhís fúthu d'áireamh faoin Acht seo, ranníoca ar ais a híocadh le haghaidh aoisliúntais i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo agus go mbeidh sa mhéid a tugadh ar ais suim i leith ranníoc a bheas ar seilbh ag aon údarás áitiúil, cúiteoidh an t-údarás áitiúil sin an tsuim sin leis an gcomhlucht.
(9) Beidh feidhm, maidir le ranníoca a bhéarfar ar ais faoin alt seo, ag an gcoinníoll atá ag gabháil le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922.
Ranníoca a tugadh ar ais (seirbhíseach inphinsin) d'aisíoc.
45.—(1) Más rud é, tar éis na ranníoca a thabhairt ar ais faoi alt 44 den Acht seo do sheirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil ar é a scor de bheith ina sheirbhíseach inphinsin, go bhfostófar é i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, beidh teideal aige, roimh dheireadh dhá mhí dhéag, nó pé tréimhse is sia ná sin a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, i ndiaidh a cheaptha iardain, an tsuim a thug an t-údarás áitiúil ar ais amhlaidh d'aisíoc leo, agus má aisíocann sé an tsuim sin agus go mbeidh aon chomhlucht eile tar éis aon chuid di a chúiteamh leis an údarás áitiúil déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.
(2) Más rud é, tar éis ranníoca a bheith tugtha ar ais faoi alt 57 d'Acht 1948, ag údarás áitiúil do dhuine, go bhfostófar an duine sin i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, beidh teideal aige, roimh dheireadh dhá mhí dhéag, nó pé tréimhse is sia ná sin a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, i ndiaidh a fhostuithe amhlaidh, an tsuim a thug an t-údarás áitiúil ar ais amhlaidh d'aisíoc leo agus má aisíocann sé an tsuim sin agus go mbeidh aon chomhlucht eile tar éis aon chuid di a chúiteamh leis an údarás áitiúil déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.
(3) Más rud é—
(a) go mbeidh ag seirbhíseach inphinsin d'údarás áitiúil aon tréimhse sheirbhíse (seachas mar sheirbhíseach nó oifigeach d'údarás áitiúil) d'fhéadfaí, dá ndéanadh sé an t-aisíoc dá bhforáltar leis an bhfo-alt seo, d'áireamh faoin Acht seo, agus
(b) go mbeifear tar éis ranníoca i leith na seirbhíse sin a thabhairt ar ais dó,
beidh teideal aige an tsuim a tugadh ar ais amhlaidh d'aisíoc leis an údarás áitiúil roimh dheireadh pé tréimhse is réasúnach leis an údarás áitiúil in imthosca an cháis agus má aisíocann sé an tsuim sin agus go mbeidh aon chomhlucht eile tar éis aon chuid di a chúiteamh, déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.
(4) Más rud é—
(a) go mbeifear tar éis aisíoc a dhéanamh faoin alt seo le húdarás áitiúil, agus
(b) gur cás é ina mbeadh aon liúntas nó aisce a dheonfadh an t-údarás áitiúil sin á íoc ag údarás áitiúil eile,
aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite chun an údaráis áitiúil eile—
(i) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite—leath an aisíoca, agus
(ii) in aon chás eile—an t-aisíoc go léir.
Nithe nach n-áireofar i bpáigh ná i sochair oifige.
46.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ní fholóidh “páigh” ná “sochair oifige” aon ní acu seo a leanas:
(a) íocaíochtaí i leith breis-aimsire,
(b) costais taistil,
(c) íocaíochtaí as obair speisialta, ócáideach ná sealadach,
(d) íocaíochtaí as post a líonadh go sealadach mura tréimhse sé chéad lá seirbhíse nó níos mó, á háireamh siar ón dáta a chríochnaigh an fhostaíocht (gan áireamh a dhéanamh ar aon lá seirbhíse i mbliain airgeadais áitiúil ina raibh níos lú ná dhá chéad lá seirbhíse ag an seirbhíseach), an tréimhse a ndearnadh na híocaíochtaí ina leith,
(e) liúntais le haghaidh costas nó riachtanas áirithe.
(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú, maidir le híocaíochtaí de shaghas sonraithe, ar saghas é a luaitear i mír (a) nó i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo, go mbeid, chun críocha na Coda seo den Acht seo, ina gcuid de pháigh sheirbhísigh áirithe nó seirbhíseach d'aicme áirithe nó gach seirbhísigh, agus air sin, d'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, folóidh “páigh” sa Chuid seo den Acht seo, i gcás an tseirbhísigh sin, seirbhíseach den aicme sin nó gach seirbhísigh (do réir mar oireas) íocaíochtaí den tsaghas sin.
Luach saothair inphinsin seirbhísigh inphinsin a ríomh.
47.—(1) Cinnfidh údarás áitiúil ó am go ham an luach seachtainiúil in airgead atá ar gach sochar oifige (más aon cheann é), is é sin aon tseomraí, ciondála nó forliúntais eile in earraí, de chuid seirbhísigh inphinsin.
(2) Is é a bheas i luach saothair inphinsin seirbhísigh inphinsin chun críocha na Coda seo den Acht seo—
(a) má bhí sé ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil ar feadh na tréimhse iomchuí go léir nó ar feadh an méid sin den tréimhse sin a fhéadfas sé a áireamh mar sheirbhís agus, i ndeireadh na tréimhse iomchuí, gurb é is ráta páighe dhó ráta páighe nach ndearnadh, i rith na tréimhse iomchuí, é d'áthrú ach amháin do réir athruithe a bhain go ginearálta leis an aicme, an sórt nó an grád seirbhíseach lenar bhain an seirbhíseach sin i ndeireadh na tréimhse iomchuí— ráta seachtainiúil a pháighe i ndeireadh na tréimhse iomchuí maraon le meanmhéid seachtainiúil a shochar oifige (má b'ann) in aghaidh na tréimhse sin;
(b) in aon chás eile—meán-ráta seachtainiúil na páighe agus na sochar oifige (má b'ann) a bhain lena fhostaíocht nó lena fhostaíochtaí i gcaitheamh na tréimhse iomchuí.
(3) Más rud é nach raibh an seirbhíseach ina sheirbhíseach ach ar feadh coda den tréimhse iomchuí agus go raibh sé, ar feadh iarmhair uile na tréimhse sin, nó ar feadh coda dhe, ina oifigeach d'údarás áitiúil, déanfar, chun críocha míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, a thuarastal mar oifigeach den tsórt sin d'áireamh mar pháigh.
(4) D'ainneoin aon fhorál eile den Acht seo, i bhfo-alt (2) den alt seo beidh le “páigh” agus “sochair oifige”, maidir le haon phost nach post faoi údarás áitiúil agus ar féidir seirbh's ann d'áireamh faoin Acht seo, na bríonna céanna faoi seach atá leo sna forála maidir le haoisliúntas a bhaineas leis an bpost agus, ina theannta sin, folóidh “páigh” luach saothair oifigigh in aon phost den tsórt sin.
(5) Ní bheidh d'éifeacht le mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, i gcás seirbhísigh a fuair ardú céime, go mbeidh aon liúntas ná aisce níos lú ná bheadh dá mba nach bhfuair sé an t-ardú céime.
(6) (a) San alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—
(i) más lú ná trí bliana roimh lá deiridh seirbhíse an tseirbhísigh an chéad lá dá sheirbhís is féidir a áireamh faoin Acht seo—an tréimhse dar tosach an lá tosaigh agus dar críoch a lá deiridh seirbhíse, agus
(ii) in aon chás eile—na trí bliana dar críoch a lá deiridh seirbhíse.
(b) I bhfo-mhír (i) de mhír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “a lá tosaigh”—
(i) má bhí ag an seirbhíseach, roimh a chéad lá seirbhíse, seirbhís a fhéadfas sé a áireamh faoin Acht seo agus a thug sé i bpost seachas fostaíocht mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil agus a thosnaigh lá ba lú ná trí bliana roimh a lá deiridh seirbhíse —an lá a thosnaigh an tseirbhís sin, agus
(ii) in aon chás eile—an chéad lá seirbhíse ag an seirbhíseach.
Forála idirlinne (Cuid III).
48.—(1) I gcás údarás áitiúil a dtáinig an Chuid seo den Acht seo i ngníomh ina leith de bhun fo-ailt (1) d'alt 5 den Acht seo, taifeadfar sa chlár, amhail ó thosach feidhme na Coda seo den Acht seo i leith an údaráis áitiúil,—
(a) ainm gach duine a raibh a ainm ar taifeadadh sa seanchlár díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leis an údarás áitiúil, agus
(b) ainm gach duine, nach duine dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo, a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ina leith:
(i) go raibh, in aon bhliain airgeadais áitiúil, ba bhliain airgeadais áitiúil a chríochnaigh roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leis an údarás áitiúil agus a thosnaigh ar an 1ú lá d'Aibreán nó dá éis sa bhliain airgeadais áitiúil iomlán a tháinig díreach roimh thosach feidhme Coda III d'Acht 1948 maidir leis an údarás áitiúil, dhá chéad lá seirbhíse nó níos mó aige, agus
(ii) i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leis an údarás áitiúil, gur seirbhíseach don údarás áitiúil é nó go bhfuil beartaithe acu é a ghlacadh ina bhfostaíocht arís mar sheirbhíseach.
Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn “an sean-chlár” an clár a bhí á choimeád ag an údarás áitiúil, roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leo, faoi alt 38 d'Acht 1948.
(2) Má bhíonn aon duine a chlárós Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath faoin alt seo, tar éis tréimhse sheirbhíse a chaitheamh mar sheirbhíseach nó oifigeach do Irish Enterprises Ltd., nó d'aon cheann dá réamhtheachtaithe, beidh sé i dteideal an tréimhse sin d'áireamh mar sheirbhís.
(3) Más rud é, i gcás aon lae sheirbhíse ag duine maidir le húdarás áitiúil idir tosach feidhme Coda III d'Acht 1948 maidir leo agus tosach feidhme na Coda seo den Acht seo maidir leo (seachas lá seirbhíse ag duine ar taifeadadh a ainm de bhun fo-ailt (1) nó fo-ailt (2) d'alt 63 d'Acht 1948 sa chlár a bhí á choimeád ag údarás áitiúil faoi alt 38 den Acht sin, ba lá seirbhíse idir tosach feidhme Coda III den Acht sin maidir leis an údarás áitiúil agus an t-am a taifeadadh a ainm amhlaidh), nár íoc sé aon ranníoca leis an údarás áitiúil—
(a) ní háireofar an lá seirbhíse mar lá seirbhíse mura n-íoca sé leis an údarás áitiúil i leith an lae sheirbhíse pé ranníoca a bheadh íoctha aige faoin gCuid seo den Acht seo dá mba rud é, ar an lá seirbhíse, go raibh sé i ngníomh maidir leis an údarás áitiúil agus gur sheirbhíseach inphinsin a bhí ann, agus
(b) beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 43 den Acht seo maidir leis na ranníoca faoin bhfo-alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le ranníoca faoin alt sin.
(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo—
(a) maidir le duine a dícháilíodh chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 63 d'Acht 1948 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin,
(b) maidir le duine a dícháilíodh chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt sin 63 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin, ná
(c) maidir le duine lena mbaineann fo-alt (5) den alt seo.
(5) Ní bheidh aon ranníoc faoi alt 43 den Acht seo le n-íoc—
(a) ag duine dá dtagartar i bhfo-alt (5) d'alt 63 d'Acht 1948,
(b) ag duine lena mbainfeadh an fo-alt sin i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo dá ndéanadh sé iarratas faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt sin 63,
(c) ag duine d'fhéadfadh, ar thosach feidhme Coda III d'Acht 1948 maidir le hArd-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe, iarratas a dhéanamh chun an Bhardais sin faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt sin 63,
(d) ag duine—
(i) a bhí, ar thosach feidhme Coda III d'Acht 1948 maidir leis an údarás áitiúil, dícháilithe chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 63 d'Acht 1948 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin (1) nó dícháilithe chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt sin 63 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin (2), agus
(ii) ar thosnaigh roimh thosach feidhme Coda III d'Acht 1948 an tseirbhís leanúnach aige a chríochnaigh ar thosach feidhme na Coda seo den Acht seo.
(6) Chun críocha míre (b) agus míre (c) d'fho-alt (5) den alt seo, más ní é, ar thosach feidhme Coda III d'Acht 1948 maidir leis an údarás áitiúil, go raibh an duine a bheas i gceist dícháilithe chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 63 d'Acht 1948 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin (1) nó dícháilithe chun iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt sin 63 mar gheall ar mhír (b) den fho-alt sin (2), ní tabharfar aird ar an ní sin.
(7) Ní mhairfidh an díolúine faoi mhír (d) d'fho-alt (5) den alt seo ach an fhaid a bheas seirbhís an duine ó thosach feidhme na Coda seo den Acht seo ina seirbhís leanúnach.
(8) Ní bheidh aon ranníoc faoi alt 43 den Acht seo le n-íoc ag duine a bhí, díreach roimh é a theacht chun bheith ina sheirbhíseach inphinsin, ina dhuine lenar bhain fo-alt (6), (7) nó (8) d'alt 28 den Acht seo i gcaitheamh tréimhse leanúnaí seirbhíse tar éis dó teacht chun bheith ina sheirbhíseach inphinsin.
Srian ginearálta le deontais (seirbhísigh).
49.—Ach amháin faoin Acht seo, ní dheonfaidh údarás áitiúil aon phinsean, liúntas, aisce ná aistabhairt ranníoc d'aon duine, ná i leith aon duine, dá seirbhísigh.
CUID IV.
Sochair Bhreise.
Liúntas do bhaintreach.
50.—(1) Faoi réir rialachán, féadfaidh údaras áitiúil agus oifigeach inphinsin fireannach don údarás sin atá pósta agus a maireann a bhanchéile comhaontú chun críocha an ailt seo a dhéanamh ar mhaithe leis an mbanchéile sin.
(2) Faoi réir rialachán, más rud é—
(a) go ndearna duine comhaontú chun críocha an ailt seo le húdarás áitiúil,
(b) go bhfaighidh sé bás le linn dó bheith ina oifigeach don údarás áitiúil sin nó le linn liúntas faoi alt 15 den Acht seo a bheith iníoctha leis ag an údarás áitiúil sin, agus
(c) go mairfidh a bhanchéile ina dhiaidh, agus gurb ise an bhanchéile a ndearnadh an comhaontú ar mhaithe léi,
íocfaidh an t-údarás áitiúil leis an mbanchéile liúntas is comhionann
(i) i gcás é a bheith i seirbhís an údaráis áitiúil sin tráth a bháis, le trian an liúntais a deonfaí dhó dá mba nach bhfuair sé bás ach gur scoir sé dá oifig a shealbhú de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp, nó
(ii) i gcás liúntas faoi alt 15 den Acht seo a bheith iníoctha leis ag an údarás áitiúil sin tráth a bháis, le trian an liúntais sin.
(3) D'ainneoin ailt 60 den Acht seo, scoirfidh liúntas faoin alt seo de bheith iníoctha má athphósann agus nuair a athphósfas an bhaintreach.
(4) D'ainneoin aon fhorála den Acht seo nó d'aon Acht eile, beidh éifeacht do réir a théarmaí ag chomhaontú chun críocha an ailt seo (ach sin faoi réir na rialachán).
(5) Beidh de rogha ag údarás áitiúil comhaontú chun críocha an ailt seo a dhéanamh nó gan é a dhéanamh, faoi réir an choinníll nach ndéanfaid an comhaontú mura deimhin leo an t-oifigeach a bheith i ndea-shláinte.
(6) San alt seo ciallaíonn “comhaontú chun críocha an ailt seo” comhaontú go ndéanfar aon chnapshuim nó aisce bháis a thiocfas chun bheith iníoctha faoin Acht seo leis an oifigeach áirithe, nó ina leith, a laghdú tríd an gcodán iomchuí a bhaint as.
(7) I bhfo-alt (6) den alt seo ciallaíonn “an codán iomchuí”—
(a) i gcás ina mbeidh cnapshuim iníoctha agus go mb'fhéidir liúntas faoin alt seo a theacht chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin nó ina mbeidh aisce bháis agus liúntas faoin alt seo iníoctha—pé codán a bheas, an tráth a bheas an tsuim nó an aisce sin le n-íoc, arna shonrú le rialacháin mar chodán cuí chun críocha an ailt seo sa chás sin, agus
(b) in aon chás eile—an ceann is iomchuí de na codáin sin (is lú ná an codán dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo) a bheas, an tráth a bheas an tsuim nó an aisce sin le n-íoc, arna shonrú le rialacháin mar chodáin chuí chun críocha an ailt seo sna cásanna sin.
(8) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo agus beidh na rialacháin i pé téarmaí a áiritheos, i dtuairim an Aire, nach mbeidh asbhaintí as cnapshuimeanna agus aiscí báis níos lú, i gcoitinne agus ag glacadh tréimhsí i dteannta a chéile, ná mar is leor faoi chomhair dliteanas údarás áitiúla faoi na comhaontuithe a dhéanfaid faoin alt seo.
(9) A luaithe is féidir tar éis deich mbliana a bheith caite ó dháta an Achta seo a rith, agus dá éis sin i gceann tréimhsí nach sia ná deich mbliana, athbhreithneoidh an tAire oibriú an ailt seo agus, do réir mar is iomchuí de thoradh aon athbhreithnithe den tsórt sin, leasóidh sé na rialacháin faoin alt seo.
Cuid de liúntas a thabhairt suas.
51.—(1) I gcás—
(a) ina scoirfidh oifigeach nó seirbhíseach fireannach d'údarás áitiúil dá oifig nó dá fhostaíocht a shealbhú, agus
(b) ina mbeidh teideal aige chun liúntais faoi Chuid II nó Cuid III den Acht seo,
féadfaidh sé cead d'iarraidh ar an údarás áitiúil cuid shonraithe, nach mó ná trian, den liúntas sin a thabhairt suas i gcomaoin liúntais dá bhanchéile nó d'aon chleithiúnaí sonraithe amháin.
(2) I gcás—
(a) ina scoirfidh oifigeach nó seirbhíseach baineannach d'údarás áitiúil dá hoifig nó dá fostaíocht a shealbhú, agus
(b) ina mbeidh teideal aici chun liúntais faoi Chuid II nó Cuid III den Acht seo,
féadfaidh sí cead d'iarraidh ar an údarás áitiúil cuid shonraithe, nach mó ná trian, den liúntas sin a thabhairt suas i gcomaoin liúntais d'aon chleithiúnaí sonraithe amháin.
(3) Is é a bheas in aon iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo ag iarraidh liúntais do bhanchéile an iarratasóra—
(a) iarratas ag iarraidh an liúntais sin ar feadh na tréimhse (más ann) a mhairfeas an bhanchéile i ndiaidh an iarratasóra, nó
(b) iarratas ag iarraidh an liúntais sin ar feadh tréimhse comhshaoil an iarratasóra agus na banchéile agus na tréimhse (más ann) a mhairfeas an bhanchéile i ndiaidh an iarratasóra.
(4) Nuair a déanfar iarratas faoin alt seo chun cuid de liúntas a thabhairt suas, féadfaidh an t-údarás áitiúil, dá rogha féin, diúltú nó géilleadh don iarratas, faoi réir an choinníll nach ngéillfid don iarratas mura deimhin leo go bhfuil an t-iarratasóir i ndea-shláinte.
(5) Nuair a géillfear d'iarratas faoin alt seo chun cuid de liúntas a thabhairt suas—
(a) laghdófar an liúntas sin dá réir sin,
(b) más iarratas é chun cuid de liúntas a thabhairt suas i gcomaoin liúntais do bhanchéile an iarratasóra ar feadh na tréimhse (más ann) a mhairfeas sí i ndiaidh an iarratasóra, deonfaidh an t-údarás áitiúil di, má mhaireann sí i ndiaidh an iarratasóra, liúntas ar feadh na tréimhse a mhairfeas sí dá éis,
(c) más iarratas é chun cuid de liúntas a thabhairt suas i gcomaoin liúntais do bhanchéile an iarratasóra ar feadh tréimhse comhshaoil an iarratasóra agus na banchéile agus na tréimhse (más ann) a mhairfeas an bhanchéile i ndiaidh an iarratasóra, deonfaidh an t-údarás áitiúil liúntas don bhanchéile ar feadh tréimhse a gcomhshaoil agus, má mhaireann an bhanchéile i ndiaidh an iarratasóra, ar feadh na tréimhse a mhairfeas sí dá éis, agus
(d) más iarratas é chun cuid de liúntas a thabhairt suas i gcomaoin liúntais do chleithiúnaí, deonfaidh an t-údarás áitiúil don chleithiúnaí, má mhaireann an cleithiúnaí i ndiaidh an iarratasóra, liúntas ar feadh na tréimhse a mhairfeas an clethiúnaí i ndiaidh an iarratasóra.
(6) Is é a bheas i liúntas faoin alt seo pé suim is comhionann do réir achtúireachta (do réir pé táiblí a bhí, an tráth a scoir an t-iarratasóir den oifig nó den fhostaíocht a shealbhú, arna gceadú chun críocha an ailt seo ag an Aire) le luach an mhéid a tugadh suas.
(7) I gcás liúntais faoin alt seo ar feadh tréimhse comhshaoil an iarratasóra agus a bhanchéile agus na tréimhse (más ann) a mhairfeas a bhanchéile i ndiaidh an iarratasóra, beidh ráta an liúntais don dara tréimhse a dhá oiread chomh mór lena ráta don chéad tréimhse.
(8) Ní bheidh liúntas faoin alt seo níos mó ná liúntas laghdaithe an iarratasóra.
(9) I gcás ina dtabharfaidh duine cuid de liúntas suas faoin alt seo, ansin—
(a) chun a chinneadh cé acu is féidir nó nach féidir aon tsuim d'íoc leis agus, más féidir cad é a méid, ag féachaint do mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 62 den Acht seo, mar liúntas in aghaidh aon tréimhse a bhfaighidh sé ina leith aon íocaíocht den tsórt dá dtagartar sa mhír sin, áireofar an luach saothair dá dtagartar sa mhír sin mar luach saothair a laghdaíodh an méid a thug sé suas mar adúradh,
(b) chun méid aon aisce a ríomh a deonfar dá ionadaí dlíthiúil pearsanta faoi alt 21 (má bhaineann) den Acht seo, measfar gurb ionann iomlán na suimeanna go léir a fuair sé ar scór na cnapshuime agus an liúntais agus iomlán na suimeanna go léir a gheobhadh sé amhlaidh mura mbeadh an méid a thug sé suas, agus
(c) chun méid aon aisce a ríomh a deonfar dá ionadaí dlíthiúil pearsanta faoi alt 41 (má bhaineann) den Acht seo, measfar gurb ionann iomlán na suimeanna go léir a fuair sé ar scór an liúntais agus iomlán na suimeanna go léir a gheobhadh sé amhlaidh mura mbeadh an méid a thug sé suas.
Aisce nó liúntas i gcás díobhála.
52.—(1) Má déantar díobháil d'oifigeach nó do sheirbhíseach d'údarás áitiúil—
(a) ag comhlíonadh a dhualgais dó, agus
(b) gan faillí uaidh féin, agus
(c) de dheasca díobhála éigin is inchurtha i leith nádúir a dhualgais, agus ina leith sin amháin.
féadfaidh an t-údarás áitiúil pé aisce nó liúntas saoil nó liúntas ar feadh tréimhse tóranta, is réasúnach leis an údarás áitiúil agus a cheadós an tAire go ginearálta nó in aon chás áirithe, a dheonadh, in airgead, dhó féin agus, má gheibheann sé bás laistigh de sheacht mbliana tar éis dáta na díobhála agus gur go díreach de dheasca na díobhála é, dá bhaintreach (nó, i gcás oifigigh nó seirbhísigh bhaineannaigh, dá baintreach fir), dá athair nó dá mháthair, i gcás iad a bheith i lán-chleithiúnas air tráth a bháis, agus dá leanaí nó i leith a leanaí, nó d'aon duine nó i leith aon duine acu sin.
(2) I gcás ina ndeonfar liúntas faoin alt seo do dhuine díobhálaithe agus go mbeidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas iníoctha leis freisin:
(a) aon liúntas eile is iníoctha ag an údarás áitiúil,
(b) aon chnapshuim is iníoctha amhlaidh, agus
(c) aon tsuim is iníoctha amhlaidh mar chúiteamh faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955.
ní bheidh an liúntas faoin alt seo, maraon le pé suim is comhionann leis an méid is iníoctha freisin mar adúradh, níos mó ná cúig shéú den luach saothair (agus luach airgid na sochar oifige (is é sin, aon tseomraí, ciondála nó forliúntais eile in earraí), más ann, d'áireamh) a ghabhas leis an bpost inar bhain an díobháil dó.
Aisce—oifigeach páirt-aimsire, buan, neamhinphinsin.
53.—I gcás—
(a) buan-oifigeach, seachas múinteoir, d'údarás áitiúil a bheith ina oifigeach páirt-aimsire agus gan é a bheith ina oifigeach inphinsin, agus
(b) maidir leis an oifigeach sin—
(i) go gcuirfear as a oifig é ar chúis seachas mí-iompar nó neamhoiriúnacht,
(ii) go gcuirfear deireadh lena oifig, nó
(iii) go ndearnadh a phost d'athrú go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar choinníollacha an phoist gan chúis réasúnach agus go n-éireoidh sé as a oifig,
féadfaidh an t-údarás áitiúil aisce a dheonadh dhó is comhionann leis an dóú cuid déag dá luach saothair tráth a scortha den oifig a shealbhú arna iolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána (gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh) sa tréimhse leanúnach dar críoch tráth na haisce sin a dheonadh agus a raibh feidhm ina chás ag mír (a) den alt seo lena linn.
Liúntais i gcásanna speisialta áirithe.
54.—(1) I gcás—
(a) inar scoir duine, roimh an Acht seo a rith, de bheith ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil,
(b) ina raibh glactha roimhe sin ag an údarás áitiúil le Cuid III d'Acht 1948,
(c) nár dheoin an t-údarás áitiúil aoisliúntas don duine sin tráth a scortha amhlaidh,
(d) ina ndeonfadh an t-údarás áitiúil, tráth an scortha sin, liúntas dó faoi Chuid III den Acht seo dá mbeadh an Chuid sin i ngníomh an tráth sin maidir leo, agus
(e) ina n-iarrfaidh an duine tairbhe an ailt seo ar an údarás áitiúil,
beidh cumhacht ag an údarás áitiúil, a bheas infheidhmithe dá rogha féin agus, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, nach mbeidh aon achomharc indéanta ina coinne, liúntas nach mó ná an liúntas dá dtagartar i mír (d) den fho-alt seo a dheonadh don duine sin.
(2) Beidh éifeacht ag deontas faoi fho-alt (1) den alt seo amhail ón tráth a gheobhas an t-údarás áitiúil an t-iarratas ar thairbhe an ailt seo, ach beidh cumhacht ag an údarás áitiúil, a bheas infheidhmithe dá rogha féin agus nach mbeidh aon achomharc indéanta ina coinne, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, an deontas a thabhairt le héifeacht amhail ó dháta an Achta seo a rith.
CUID V.
Forála Airgeadais.
An t-údarás áitiúil ag a mbeidh íocaíocht le déanamh.
55.—(1) I gcás—
(a) ina ndeonfaidh údarás áitiúil cnapshuim, liúntas nó aisce faoin Acht seo, nó
(b) ina gceanglaítear leis an Acht seo ar údarás áitiúil suim d'aisíoc,
is iad a íocfas an chnapshuim, an liúntas, an aisce nó an t-aisíoc—
(i) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil sin—an t-údarás áitiúil a íocfas faoin Acht Gairm-Oideachais, 1930 (Uimh. 29 de 1930), an ranníoc áitiúil bliantúil i leith costas an choiste,
(ii) más coiste talmhaíochta do chontae an t-údarás áitiúil sin—comhairle na contae sin,
(iii) más coiste d'aon údarás áitiúil amháin an t-údarás áitiúil sin—an t-aon údarás áitiúil amháin sin,
(iv) in aon chás eile—an t-údarás áitiúil sin.
(2) Má ceanglaítear faoin Acht seo ar údarás áitiúil aon chuid d'aisíoc d'íocaíocht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, is leis an údarás áitiúil a rinne an íocaíocht faoin bhfo-alt sin a déanfar an t-aisíoc.
(3) Aon íocaíocht a dhéanfas údarás áitiúil de bhun fo-mhíre (i) d'fho-alt (1) den alt seo, ní háireofar í chun críche aon tórann a cuirtear le méid aon ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha ag an údarás áitiúil faoin Acht Gairm-Oideachais, 1930 (Uimh. 29 de 1930), arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.
(4) Íocfar , as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le húdarás áitiúil a íocfas aon chnapshuim nó liúntas nó aisce a dheoin coiste gairm-oideachais faoin Acht seo, i gcabhair ar an ráta nó don chíste as a n-íocfar an chnapshuim nó an liúntas nó an aisce, leath gach íocaíochta a dhéanfas an t-údarás áitiúil i leith na cnapshuime, an liúntais nó na haisce.
An límistéir mhuirir d'íocaíocht ó údarás áitiúil.
56.—(1) Faoi réir aon orduithe faoi fho-alt (7) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946), arna leasú le halt 50 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 (Uimh. 9 de 1955), déanfar aon tsuim is iníoctha ag údarás áitiúil faoin Acht seo i leith tréimhse a thug duine ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don údarás áitiúil sin a mhuirearú ar an límistéir ar a ndéanfaí luach saothair an duine sin a mhuirearú dá bhfanadh sé i seilbh na hoifige nó na fostaíochta céanna faoin údarás áitiúil sin.
(2) Aon tsuim is iníoctha ag údarás áitiúil faoin Acht seo i leith tréimhse a thug duine ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil eile, muirearofar í ar an límistéir ar a muirearaítear na costais faoina ndeachaigh an t-údarás áitiúil céadluaite ag soláthar airgid don údarás áitiúil eile.
(3) Má dheonann údarás áitiúil cnapshuim, liúntas nó aisce faoin Acht seo d'oifigeach nó seirbhíseach nó ina leith agus, le linn méid an chéanna a ríomh, go ndearnadh tréimhse sheirbhíse faoi údarás áitiúil eile d'áireamh, measfar, chun críocha an ailt seo, íoc na cnapshuime, an liúntais nó na haisce ag an údarás áitiúil céadluaite a bheith arna dhéanamh i leith seirbhíse an duine sin fúthu sin amháin.
Aisíoc i gcásanna áirithe.
57.—(1) Má íocann údarás áitiúil (dá ngairmtear an t-údarás íoca san alt seo) cnapshuim, liúntas nó aisce faoin Acht seo le duine ar bith nó ina leith agus, le linn méid an chéanna a chinneadh, gur háiríodh aon tréimhse sheirbhíse nár sheirbhís faoin údarás íoca (nach seirbhís dá dtagartar i bhfo-mhír (ii) nó (iii) de mhír (g) d'fho-alt (1) d'alt 11, i mír (h) d'fho-alt (1) d'alt 11 nó i mír (g) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo), aisíocfaidh an t-údarás iomchuí cuid den chnapshuim, den liúntas nó den aisce leis an údarás íoca.
(2) I bhfo-alt (1) agus sna fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo ciallaíonn “an t-údarás iomchuí”—
(a) má ba sheirbhís sa stát-sheirbhís an tréimhse sheirbhíse, nár sheirbhís faoin údarás íoca, a cuireadh san áireamh—an tAire Airgeadais,
(b) más faoi fho-mhír (i) de mhír (g) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo a cuireadh an tréimhse sheirbhíse sin san áireamh—Ciste Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí nó Ciste Aoisliúntais na Múinteoirí Náisiúnta (do réir mar oireas),
(c) in aon chás eile—an comhlucht ar fúthu a tugadh an tréimhse sheirbhíse, nár sheirbhís faoina údarás íoca, a cuireadh san áireamh.
(3) Déanfar an chuid den chnapshuim, den liúntas nó den aisce dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo a chinneadh mar leanas:
(a) má ba sheirbhís sa stát-sheirbhís an tréimhse sheirbhíse, nár sheirbhís faoin Acht seo, a cuireadh san áireamh, is é an tAire Airgeadais a chinnfeas í,
(b) más faoi fho-mhír (i) de mhír (g) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo a cuireadh an tréimhse sheirbhíse sin san áireamh, is trí chomhaontú idir an t-údarás íoca agus an t-údarás iomchuí a cinnfear í nó, cheal comhaontuithe, is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a chinnfeas í,
(c) in aon chás eile, is trí chomhaontú idir an t-údarás íoca agus an t-údarás iomchuí a cinnfear í nó, cheal comhaontuithe, is é an tAire (tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, más údarás cuain an t-údarás iomchuí) a chinnfeas í.
(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo más tréimhse ar haisíocadh ranníoca ina leith, faoi fho-alt (3) d'alt 25 nó fo-alt (3) d'alt 45 den Acht seo, an tréimhse sheirbhíse, nár sheirbhís faoin údarás íoca, a cuireadh san áireamh.
(5) Má híoctar cnapshuim, liúntas nó aisce faoi na hAchta Aoisliúntas le duine ar bith nó ina leith nó má dheonann an tAire Airgeadais aisce phósta agus, le linn méid an chéanna a chinneadh, gur háiríodh aon tréimhse sheirbhíse faoi údarás áitiúil, aisíocfaidh an t-údarás áitiúil leis an Aire Airgeadais pé cuid den chnapshuim, den liúntas, den aisce nó den aisce phósta a chinnfeas an tAire Airgeadais.
(6) Chun críocha fo-ailt (1) agus fo-ailt (5) den alt seo—
(a) measfar gurb ionann seirbhís faoi choiste d'údarás áitiúil agus seirbhís faoin údarás áitiúil sin, agus
(b) measfar gurb ionann seirbhís faoi údarás áitiúil a scoir de bheith ar marthain agus seirbhís faoi chomharba, arna chinneadh ag an Aire, an údaráis áitiúil sin.
(7) D'ainneoin na bhforál roimhe seo den alt seo, féadfaidh dhá údarás comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích nach n-aisíocfaid aon airgead lena chéile faoi na forála seo.
(8) Má déantar seirbhís faoi údarás áitiúil, is féidir a áireamh faoin Acht seo, d'áireamh nuair a bheas aon tsochar aoinliúntais á dheonadh ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar, ag údarás cuain nó ag comhlucht a bheas ceadaithe chun críocha míre (f) d'fho-alt (1) d'alt 11 nó míre (f) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil na suimeanna iomchuí d'aisíoc leis an údarás sin nó leis an gcomhlucht sin.
(9) Is as airgead a sholáthrós an tOireachtas a híocfar íocaíochtaí ón Aire Airgeadais faoin alt seo.
Comhaontú maidir le ranníoca.
58.—D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, féadfaidh údarás áitiúil agus aon chomhlucht eile (lena n-áirítear údarás áitiúil) dá dtagartar san Acht seo comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích nach ndéanfaid lena chéile i leith ranníoc aon aisíoc ná cúiteamh ba chuí a dhéanamh de bhun an Achta seo mura mbeadh sin.
Gnóthú íocaíochta ag Aire Stáit.
59.—(1) Aon tsuim a gceanglaítear leis an Acht seo í a bheith le híoc nó le haisíoc ag duine le hAire Stáit, nó le tabhairt ar ais aige dhó, féadfar, gan dochar dá gnóthú ar aon tslí eile, í a ghnóthú trína hasbhaint go hiomlán nó go páirteach as aon airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun críche ar bith leis an duine sin.
(2) An chumhacht chun airgead d'aisbhaint faoi fho-alt (1) den alt seo, is cumhacht í atá faoi réir éileamh, agus gan dochar d'éilimh, an Chiste Ráthaíochta faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh.
CUID VI.
Ilghnéitheach
Foráil ghinearálta i dtaobh liúntas a bheith ina liúntas saoil.
60.—Ach amháin mar foráltar a mhalairt leis an Acht seo, is liúntas ar feadh saoil an duine dá ndeonfar é liúntas a deonfar faoin Acht seo.
Liúntas a shannadh, etc.
61.—(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon íocaíocht (dá ngairmtear an deontas san alt seo) is iníoctha faoin Acht seo ag údarás áitiúil le duine ar bith (dá ngairmtear an fáltaí san alt seo), is é sin le rá—
(a) gach sannadh agus muirearú a déanfar i leith an deontais agus gach comhaontú chun an deontas a shannadh nó a mhuirearú, beid ar neamhní ach amháin sa mhéid gur chun tairbhe do bhanchéile nó d'fhearchéile nó do ghaolta cleithiúnacha an fháltaí iad, agus i gcás féimheachta an fháltaí ní híocfar an deontas le haon iontaobhaí ná duine eile a bheas ag gníomhú thar ceann an chreidiúnaí;
(b) i gcás aon chúnamh poiblí a thabhairt de bhun an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), don fháltaí nó do dhuine ar bith a dhlíos sé faoin Acht sin a chothabháil, feadfaidh an t-údarás áitiúil iomlán an deontais nó aon chuid de d'íoc leis an údarás cúnaimh phoiblí a bheir an cúnamh, agus féadfar an cion den deontas a híocfar amhlaidh d'úsáid chun aisíoctha aon tsuimeanna a caitheadh ar an gcúnamh sin agus, faoina réir sin, déanfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí é d'íoc leis an bhfáltaí nó é d'úsáid chun tairbhe dhó;
(c) má fhaillíonn an fáltaí duine ar bith a chothabháil a dhlíos sé a chothabháil, féadfaidh an t-údarás áitiúil, dá rogha féin, iomlán an deontais nó aon chuid de d'íoc leis an duine sin nó d'úsáid chun tairbhe dhó;
(d) má chítear don údarás áitiúil an fáltaí a bheith ina dhuine mímheabhrach nó a bheith éagumasach in aon tslí eile ar ghníomhú, féadfaid pé cion den deontas is oiriúnach leo d'íoc leis an bhforas nó leis an duine ar a bhfuil cúram an fháltaí, agus féadfaid an barrachas (más ann) nó pé cuid de is oiriúnach leo d'íoc chun nó i leith cothabhála agus tairbhe banchéile nó fearchéile nó gaolta cleithiúnacha an fháltaí;
(e) má d'éag an fáltaí nó an t-oifigeach nó an seirbhíseach a bhfuil an deontas iníoctha ina leith agus go bhfuil suim nach mó ná céad punt dlite ar scór an deontais, féadfar, más oiriúnach leis an údarás áitiúil é, probháid nó cruthúnas eile ar theideal ionadaithe pearsanta an éagaigh a ligean thar ceal agus féadfar an tsuim d'íoc leis na daoine, nó a roinnt orthu, a bhfeicfear don údarás áitiúil teideal tairbhiúil a bheith acu chun eastáit phearsanta an éagaigh nó í d'íoc le haon duine nó daoine acu sin, nó a roinnt orthu, nó, i gcás neamhdhlisteanachta an éagaigh, í d'íoc le pé daoine, nó a roinnt orthu, is oiriúnach leis an údarás áitiúil, agus beidh an t-údarás áitiúil agus aon oifigeach dóibh a dhéanfas an íocaíocht saor ó gach dliteanas maidir le haon íocaíocht nó roinnt den tsórt sin;
(f) aon tsuim is iníoctha le mionaoiseach ar scór an deontais, féadfar í d'íoc leis an mionaoiseach féin nó le pé duine agus ar pé coinníollacha chun tairbhe an mhionaoisigh is oiriúnach leis an údarás áitiúil;
(g) má dhéanann an t-údarás áitiúil an íocaíocht le haon duine de bhun an ailt seo is cúiteántas maith i leith na suime a híocadh admháil ón duine sin.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon chríche a bhaineas le híocaíochtaí de bhun an ailt seo, a cheangal go ndéanfar pé dearbhuithe is dóigh leo is gá, agus ní bheidh duine lena ndéanfar aon íocaíocht den tsórt sin i dteideal an íocaíocht sin d'fháil má fhaillíonn sé aon dearbhú a dhéanamh a ceanglófar air a dhéanamh mar adúradh.
(3) Duine ar bith a dhéanfas go toiliúil míráiteas i dtaobh fíorais ábhartha in aon dearbhú den tsórt sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.
Liúntas d'fhionraínó a laghdú.
62.—(1) (a) I gcás duine lena mbeidh liúntas iníoctha faoin Acht seo ag údarás áitiúil d'fháil aon íocaíochta (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige (mar atá, aon tseomraí, ciondála no forliúntais eile in earraí), más ann) ó údarás áitiúil nó ó bhord ospidéil mheabhair-ghalar nó as airgead a sholáthraigh an tOireachtas i leith seirbhísí a tugadh (ar seirbhísí iad a tugadh mar oifigeach nó mar sheirbhíseach, mar oifigeach nó seirbhíseach ospidéil mheabhair-ghalar nó mar mhúinteoir, nó ar seirbhísí iad a n-íocfar astu le táillí i gcáilíocht tuarastail), ní híocfar níos mó den liúntas leis in aon bhliain ná an méid is ionann, ar an íocaíocht sin a chur leis, agus an luach saothair (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige (mar atá, aon tseomraí, ciondála nó forliúntais eile in earraí), más ann) a ghabh leis an sean-oifig nó leis an seanfhostaíocht.
(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo más amhlaidh a tugadh na seirbhísí in oifig nó i bhfostaíocht a sealbhaíodh i gcomhthráth leis an oifig nó an fhostaíocht ar deonadh an liúntas ina leith.
(2) I gcás duine lena mbeidh liúntas iníoctha faoin Acht seo ag údarás áitiúil d'fháil íocaíochta ón údarás áitiúil i leith cúitimh faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, ní híocfar níos mó den liúntas leis in aon bhliain ná an méid is ionann ag cur na híocaíochta sin san áireamh, le cúig shéú den luach saothair (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige (mar atá, aon tseomraí, ciondála nó forliúntais eile in earraí), más ann), a ghabh leis an bpost ar deonadh an liúntas ina leith.
(3) Aon údarás áitiúil a bheas ag íoc liúntais le duine lena mbaineann fo-alt (1) nó (2) den alt seo, féadfaid ó am go ham, do réir mar is cuí leo chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) nó (2) den alt seo, na híocaíochtaí a bheas déanta nó le déanamh acu i leith an liúntais d'fhionraí, a mhaolú, a laghdú nó a choigeartú ar aon tslí eile.
(4) Má bhíonn agus faid a bheas, de bhun an ailt seo, liúntas gan íoc, fágfar gan íoc freisin aon chuid den liúntas sin a bheas le haisíoc faoin Acht seo.
(5) Má bhíonn agus faid a bheas, de bhun an ailt seo, maolú nó laghdú ar an méid is iníoctha i leith liúntais, déanfar freisin aon chuid den liúntas sin a bheas le haisíoc faoin Acht seo a laghdú i gcomhréir leis sin.
(6) D'ainneoin na bhforál roimhe seo den alt seo, más rud é go ndearnadh liúntas is iníoctha faoin Acht seo—
(a) a dheonadh do dhuine i gcás inar tharla—
(i) gur cuireadh nó gur scaoileadh as a phost faoi údarás áitiúil é ar chúis seachas mí-iompar nó neamh-oiriúnacht, nó
(ii) gur cuireadh deireadh lena phost faoi údarás áitiúil, nó
(iii) go ndearnadh a phost d'athrú go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar a choinníollacha gan chúis réasúnach agus gur éirigh sé as a phost faoi údarás áitiúil, agus
(b) mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeadh feidhm ar an liúntas ag fionraí, maolú nó laghdú mar gheall ar mhéadú íocaíochta as seirbhísí a tugadh, ar méadú é a deonadh mar chúiteamh in arduithe a tharla, ó deonadh an liúntas, ar an gcostas maireachtana,
ní déanfar an fhionraí, an maolú ná an laghdú sin.
Marthain éiglíochta a chinntiú.
63.—(1) Má dheonann údarás áitiúil liúntas faoin Acht seo do dhuine atá faoi bhun na haoise a sonraítear don liúntas sin i bhfo-alt (2) den alt seo ar an bhforas go bhfuil sé éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:
(a) go dtí go slánóidh an duine sin an aois sin, cinnteoidh an t-údarás áitiúil sin ó am go ham an maireann a éiglíocht agus, chuige sin, féadfaid, más cuí leo, socrú a dhéanamh le haghaidh scrúduithe dochtúra agus a cheangal air dul faoi na scrúduithe sin;
(b) má fhaillíonn an duine sin go toiliúil nó má dhiúltaíonn sé dul faoi aon scrúdú dochtúra den tsórt sin, scoirfear den liúntas d'íoc atá iníoctha leis de bhuaidh an deontais (agus ina theannta sin, más fear pósta é agus go bhfuil aon liúntas iníoctha faoi alt 51 den Acht seo lena bhanchéile i ndáil leis an deontas, den liúntais sin d'íoc);
(c) má dheimhníonn beirt lia-chleachtóirí cláraithe ar a laghad d'ainmnigh an t-údarás áitiúil sin go bhfuil deireadh le héiglíocht an duine sin agus má tairgtear dó oifig nó fostaíocht inphinsin faoi údarás áitiúil de shaghas is ionann agus a shean-oifig nó a sheanfhostaíocht agus ar ráta luach saothair nach lú ná mar bhí á íoc leis díreach roimh é a scor de bheith i seilbh a shean-oifige nó a shean-fhostaíochta, scoirfear den liúntas d'íoc atá iníoctha leis de bhuaidh an deontais (agus ina theannta sin, más fear pósta é agus go bhfuil aon liúntas iníoctha faoi alt 51 den Acht seo lena bhanchéile i ndáil leis an deontas, den liúntas sin d'íoc).
(2) Is í aois dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo—
(a) le haghaidh liúntais d'oifigeach nó seirbhíseach briogáide tóiteáin—cúig bliana caogad,
(b) le haghaidh aon liúntais eile—seasca bliain.
(3) má tairgtear, de bhun míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo, oifig nó fostaíocht nua do dhuine dar deonadh liúntas i leith tréimhse de sheirbhís áitiúil inphinsin chun críocha Coda II nó Coda III den Acht seo agus go nglacfaidh sé í, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas ar é a scor de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta nua:
(a) chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 nó míre (a) d'alt 33 den Acht seo, measfar nach tréimhse a bhfuair sé cnapshuim nó liúntas ina leith an tréimhse sin;
(b) déanfar aon chnapshuim a deonfar dó faoi Chuid II den Acht seo nó aon aisce a deonfar dó nó dá ionadaí dlíthiúil pearsanta faoi Chuid II nó Cuid III den Acht seo a laghdú méid na cnapshuime (más ann) a deonfar dó i dteannta an liúntais;
(c) measfar an tréimhse sin a bheith comhleanúnach lena thréimhse sheirbhíse san oifig nó sa bhfostaíocht nua agus ní tabharfar aird ar an tréimhse a raibh sé ag fáil an liúntais lena linn.
(4) Is é an tAire iomchuí a chinnfeas aon díospóid idir údarás áitiúil agus duine i dtaobh oifig nó fostaíocht nua a tairgfear don duine sin a bheith, chun críocha míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo, de shaghas is ionann agus a shean-oifig nó a shean-fhostaíocht.
(5) Beidh oifigeach chomh cáilithe céanna chun oifig a shealbhú a tairgfear dó de bhun an ailt seo agus a bheadh sé dá mba nár briseadh a sheirbhís leis an tréimhse a raibh sé ag fáil an liúntais lena linn.
Liúntas a chealú ar dhuine a chiontú i gcion.
64.—(1) Má ciontaítear duine ar dhíotáil in aon chion agus go gcuirfear pian-seirbhís, nó aon téarma príosúntachta le daorobair nó is sia ná dhá mhí dhéag, de phianbhreith air agus go mbeidh sé, tráth an chiontuithe, ag fáil liúntais a dheoin údarás áitiúil faoin Acht seo, beidh an liúntas arna chealú air sin agus scoirfidh sé de bheith iníoctha.
(2) Má déantar neamhniú ar chiontú a dtiocfaidh cealú liúntais faoin alt seo dá dheasca nó má tugtar saor-mhaithiúnachas don duine ciontaithe, déanfar, i gcás an ciontú a neamhniú, an cealú a chur ar neamhní amhail ó dháta an chiontuithe agus, i gcás saor-mhaithiúnachas a thabhairt, amhail ó dháta an tsaormhaithiúnachais.
(3) Má cealaítear aon liúntas faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheoin an liúntas, más cuí leo sin, an liúntas a thabhairt ar ais go hiomlán nó go páirteach, le toiliú an Aire.
Sonraí ar shochair d'oifigeach nó seirbhíseach roimh scor dó.
65.—(1) Má bhíonn d'aidhm ag oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil scor as a oifig nó a fhostaíocht ar dháta áirithe, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná sé mhí agus nach luaithe ná dhá mhí dhéag roimh an dáta sin, fógra a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil ina n-inseoidh—
(a) go bhfuil d'aidhm aige scor ar an dáta sin,
(b) na fátha go bhfuil d'aidhm aige scor,
(c) gur mian leis go dtabharfaí dhó sonraí ar na sochair a bheas aige ar scor dó.
(2) Má thugann oifigeach nó seirbhíseach fógra faoin alt seo d'údarás áitiúil gur mian leis go dtabharfaí dhó sonraí ar na sochair a bheas aige ar scor dó, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil, laistigh de dhá mhí, ráiteas don oifigeach nó don seirbhíseach ina luafaid—
(a) cé acu atá nó nach bhfuil d'aidhm acu, ar scor dó amhlaidh, aon chumhacht d'fheidhmiú a bheirtear dóibh leis an Acht seo chun aon chnapshuim, liúntas nó aisce a dheonadh dhó nó chun aon ranníoca a thabhairt ar ais dó nó chun aon tréimhse a chur lena sheirbhís nó chun méid aon chnapshuime nó liúntais a mbeidh sé ina theideal a laghdú,
(b) má tá d'aidhm acu aon chumhacht acu sin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo d'fheidhmiú, sonraí ar an modh ina bhfuil d'aidhm acu an chumhacht d'fheidhmiú,
(c) méid (más aon mhéid é) gach cnapshuime, liúntais nó aisce nó aistabhairt ranníoc ar dóigh leo, ag féachaint do na haidhmeanna a bheas luaite acu de bhun míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo, teideal a bheith aige chuige ar scor dó amhlaidh.
(3) Beidh feidhm ag forála ailt 66 den Acht seo maidir le ráiteas ar a n-aidhmeanna ó údarás áitiúil faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (2) den alt seo amhail is dá mbeadh an t-oifigeach nó an seirbhíseach lena mbainfidh an ráiteas tar éis scor agus amhail is dá mba nithe a chinn an t-údarás áitiúil ar dháta an ráitis a thabhairt na haidhmeanna sin.
(4) Más rud é, i gcás achomharc a dhéanamh de bhuaidh fo-ailt (3) den alt seo—
(a) go dtarla an scor a bhí d'aidhm ag an oifigeach nó an seirbhíseach a bheas luaite sa bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar an dáta agus ar na fátha a bheas luaite sa bhfógra, agus
(b) go gcuirfear i gcrích aidhmeanna an údaráis áitiúil mar bheid luaite sa ráiteas a tugadh dó de bhun míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo, nó, má hathraíodh na haidhmeanna sin de thoradh achomhairc, na haidhmeanna sin arna n-athrú amhlaidh,
ní bheidh na haidhmeanna sin, arna gcur i gcrích, faoi réir aon achomhairc ansin.
Achomhairc chun an Aire.
66.—(1) Más cúis éagóra le duine údarás áitiúil dá fhaillí nó dá dhiúltú cnapshuim, liúntas nó aisce a dheonadh faoin Acht seo nó ranníoc a thabhairt ar ais faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne na faillí nó an diúltuithe sin.
(2) Más cúis éagóra le duine méid aon chnapshuime, liúntais nó aisce a dheoin údarás áitiúil faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire mar gheall ar a mhéid.
(3) Aon achomharc a dhéanfas duine faoin alt seo i gcoinne faillí maidir le ranníoca a dheonadh nó a thabhairt ar ais, déanfar é tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis na himthosca a tharlachtaint a líomhnós sé a thug ar an údarás áitiúil na ranníoca a dheonadh nó a thabhairt ar ais, agus déanfar aon achomharc eile faoin alt seo tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an cinneadh is ábhar don achomharc a bheith curtha in iúl don achomharcóir.
(4) Nuair a déanfar achomharc faoin alt seo, féadfaidh an tAire diúltú don achomharc nó pé forála a dhéanamh is dóigh leis a bhí sé ceart ag an údarás áitiúil a dhéanamh, agus beidh éifeacht amhail is dá mb'iad an t-údarás áitiúil a rinne iad ag aon fhorála a dhéanfas an tAire amhlaidh.
Oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil a ceapfar ina státsheirbhíseach.
67.—(1) I gcás ina ndéanfar oifigeach inphinsin nó seirbhíseach inphinsin (is seirbhíseach inphinsin ag a bhfuil deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin) d'údarás áitiúil a cheapadh chun poist bhunaithe sa stát-sheirbhís, measfar chun críocha na nAcht Aoisliúntas gur seirbhís i bpost bunaithe sa stát-sheirbhís a sheirbhís áitiúil inphinsin (lasmuigh d'aon seirbhís den tsórt sin dá dtagartar i mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 11 nó i mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo).
(2) Más rud é, faoi na hAcht Aoisliúntas agus na hachtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo) a bhaineas le deonadh aoisliúntais agus cúitimh i leith cailliúint oifige d'oifigigh nó seirbhísigh d'údaráis áitiúla, go bhfuil difríocht idir na sochair a fhaibhríos nó na coinníollacha a cháilíos daoine chun sochair, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh go ndéanfar modhnuithe sonraithe i gcomhréir leis an difríocht sin le haghaidh aon cháis áirithe lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo in aon mhéid a bheas le deonadh faoi na hAchta Aoisliúntas, agus déanfar dá réir sin na modhnuithe a cinnfear amhlaidh.
Ranníoca faoi Acht 1948 d'aisíoc.
68.—I gcás—
(a) duine a bheith i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, agus
(b) roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ranníoca a bheith tugtha ar ais dó ag údarás áitiúil faoi Acht 1948,
beidh teideal aige an tsuim sin a tugadh ar ais dó amhlaidh d'aisíoc leis an údarás áitiúil roimh dheireadh pé tréimhse is réasúnach leis an údarás áitiúil in imthosca an cháis agus, má aisíocann sé an tsuim sin agus gur chúitigh aon chomhlucht eile aon chuid di leis an údarás áitiúil, déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.
Ranníoca a thabhairt ar ais (Bardas Chorcaighe).
69.—(1) Más rud é—
(a) gur taifeadadh ainm duine faoi alt 63 d'Acht 1948 sa chlár a bhí á choimeád ag Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe faoi alt 38 den Acht sin, agus
(b) gur híocadh ina leith ranníoca faoin Acht sin leis an mBardas sin agus, ar dháta an Achta seo a rith, go mbeidh na ranníoca sin gan tabhairt ar ais dó,
íocfaidh an Bardas sin na ranníoca sin leis nó, má tá sé tar éis bháis, lena ionadaí dlíthiúil pearsanta.
(2) Déanfar íocaíocht a ceanglaítear a dhéanamh le fo-alt (1) den alt seo—
(a) mura bhfuil an duine atá i gceist i seirbhís Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe ar dháta an Achta seo a rith, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta a rite, agus,
(b) in aon chás eile, laistigh de thréimhse a shocrós an Bardas sin le rún.
(3) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 go 1955, rún a rith faoin alt seo.
Aisce d'aisíoc
70.—(1) Más rud é, tar éis aisce a bheith deonta ag údarás áitiúil do dhuine, go bhfaighidh an duine sin fostaíocht ina dhiaidh sin i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, beidh teideal aige, roimh dheireadh dhá mhí dhéag, nó pé tréimhse is sia ná sin a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, i ndiaidh a cheaptha iardain, an aisce sin d'aisíoc leis an údarás áitiúil agus, má aisíocann sé í—
(a) ansin, d'ainneoin aon fhorála eile, measfar nach tréimhse a bhfuair sé aisce ina leith an tréimhse ar deonadh an aisce sin ina leith, agus
(b) má chúitigh aon chomhlucht eile aon chuid di leis an údarás áitiúil, déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile sin.
(2) Más rud é—
(a) go mbeifear tar éis aisíoc a dhéanamh faoin alt seo le húdarás áitiúil, agus
(b) gur cás é inar íoc údarás áitiúil eile an aisce,
aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite chun an údaráis áitiúil eile—
(i) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite—leath an aisíoca, agus
(ii) in aon chás eile—an t-aisíoc go léir.
Forála maidir le hAcht 1948.
71.—(1) Ar thosach feidhme Coda II den Acht seo agus dá éis, scoirfear de choimeád gach cláir a bhí á choimeád faoi Chuid II d'Acht 1948 agus, dá réir sin, déanfar gach duine a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, ina oifigeach bunaithe do réir bhrí Achta 1948 d'áireamh, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, mar dhuine atá scortha de bheith ina oifigeach bunaithe den tsórt sin.
(2) Ar an lú lá d'Aibreán tar éis an tAcht seo a rith, agus d'éis an lae sin, scoirfear de choimeád gach cláir a bhí á choimeád faoi Chuid III d'Acht 1948 agus, dá réir sin, déanfar gach duine a bhí, díreach roimh an lá sin, ina sheirbhíseach bunaithe do réir bhrí Achta 1948 d'áireamh, ar an lá sin agus dá éis, mar dhuine atá scortha de bheith ina sheirbhíseach bunaithe den tsórt sin.
(3) Beidh éifeacht ag alt 66 d'Acht 1948 amhail is dá mbeadh foráil ann go bhféadfadh aon dá údarás a luaitear san alt sin, d'ainneoin aon fhorála eile san alt, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích nach n-aisíocfaid aon airgead lena chéile faoin alt.
(4) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 69 d'Acht 1948 amhail is dá bhfolaíodh an tagairt do mhír (a) d'alt 13 d'Acht 1948 tagairt do mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 den Acht seo agus go bhfolódh an tagairt do mhír (a) d'alt 42 d'Acht 1948 tagairt do mhír (a) d'alt 33 den Acht seo.
(5) Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 69 d'Acht 1948:
“(5) Beidh oifigeach chomh cáilithe céanna chun oifig a tairgfear dó de bhun an ailt seo a shealbhú agus a bheadh sé dá mba nár briseadh a sheirbhís leis an tréimhse a raibh sé ag fáil an liúntais lena linn.”
(6) Ní dhéanfaidh an tAire aon chinneadh faoi alt 70 d'Acht 1948 tar éis dáta an Achta seo a rith ach amháin i gcásanna a cuirfear faoina bhráid lena gcinneadh roimh an dáta sin.
(7) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoi alt 72 d'Acht 1948 tar éis an tAcht seo a rith.
(8) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) d'alt 75 d'Acht 1948:
“(1) (a) I gcás duine lena bhfuil liúntas iníoctha faoin Acht seo nó faoi aon Acht roimhe seo ag údarás áitiúil nó ag bord ospidéil mheabhair-ghalar d'fháil aon íocaíochta (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige, más ann) ó údarás áitiúil nó ó bhord ospidéil mheabhair-ghalar nó as airgead a sholáthraigh an tOireachtas i leith seirbhísí a tugadh (ar seirbhísí iad a tugadh mar oifigeach nó mar sheirbhíseach, mar oifigeach nó seirbhíseach ospidéil mheabhair-ghalar nó mar mhúinteoir, nó ar seirbhísí iad a n-íoctar astu le táillí i gcáilíocht tuarastail), ní híocfar níos mó den liúntas leis in aon bhliain áirithe ná an méid is ionann, ar an íocaíocht sin a chur leis, agus an luach saothair (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige, más ann) a ghabh leis an sean-oifig nó leis an sean-fhostaíocht.
(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo más amhlaidh a tugadh na seirbhísí in oifig nó i bhfostaíocht a sealbhaíodh i gcomhthráth leis an oifig nó an fhostaíocht ar deonadh an liúntas ina leith”.
(9) Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 75 d'Acht 1948:
“(5) D'ainneoin na bhforál roimhe seo den alt seo, más rud é go ndearnadh liúntas is iníoctha faoin Acht seo nó faoi aon Acht roimhe seo—
(a) a dheonadh do dhuine i gcás inar tharla—
(i) gur cuireadh nó gur scaoileadh as a phost faoi údarás áitiúil é ar chúis seachas mí-iompar nó neamh-oiriúnacht, nó
(ii) gur cuireadh deireadh lena phost faoi údarás áitiúil, nó
(iii) go ndearnadh a phost d'athrú go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar choinníollacha gan chúis réasúnach agus gur éirigh sé as a phost faoi údarás áitiúil, agus
(b) mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeadh feidhm ar an liúntas ag fionraí, maolú nó laghdú mar gheall ar mhéadú íocaíochta as seirbhísí a tugadh, ar méadú é a deonadh mar chúiteamh in arduithe a tharla, ó deonadh an liúntas, ar an gcostas maireachtana,
ní déanfar an fionraí, an maolú ná an laghdú sin.”
(10) Más rud é, ar Acht 1948 a rith, gur tharla do liúntas, nach raibh feidhm air díreach roimh an Acht sin a rith ag alt 49 d'Acht 1925, bheith ina liúntas ar chuí feidhm a bheith air ag alt 75 d'Acht 1948, measfar nach raibh feidhm riamh ag an alt sin 75 maidir leis an liúntas.
(11) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (2) agus (3) d'alt 76 d'Acht 1948:
“(2) Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon chríche a bhaineas le híocaíochtaí de bhun an ailt seo, a cheangal go ndéanfar pé dearbhuithe is dóigh leo is gá, agus ní bheidh duine lena ndéanfar aon íocaíocht den tsórt sin i dteideal an íocaíocht sin d'fháil má fhaillíonn sé aon dearbhú a dhéanamh a ceanglófar air a dhéanamh mar adúradh.
(3) Duine ar bith a dhéanfas go toiliúil míráiteas i dtaobh fíorais ábhartha in aon dearbhú den tsórt sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.”
(12) Ní tabharfar aon deontas faoi alt 77 d'Acht 1948 tar éis an tAcht seo a rith ach amháin i gcásanna inar tharla an díobháil roimh an Acht seo a rith.
(13) Ní tabharfar aon fhógra faoi alt 78 d'Acht 1948 tar éis an tAcht seo a rith.
(14) I gcás duine a ceapadh chun poist bhunaithe sa státsheirbhís roimh an Acht seo a rith, forléireofar fo-alt (1) d'alt 82 d'Acht 1948 amhail is dá n-achtaítí é gan an focal “bunaithe” sa chéad áit ina bhfuil an focal sin agus gan na focail “ag a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin agus”.
(15) Ní déanfar aon chinneadh faoi alt 83 d'Acht 1948 tar éis an tAcht seo a rith agus beidh éifeacht ag an alt amhail is dá mbeadh foráil ann go bhféadfaidh an tAire Airgeadais agus údarás áitiúil, d'ainneoin aon fhorála eile san alt, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích nach ndéanfar aon aisíoc faoin alt leis an údarás áitiúil sin.