[EN]

Uimhir 7 de 1940.


[EN]

ACHT BRIOGÁIDEACHA TÓITEÁIN, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN A CHEANGAL AR ÚDARÁIS SLÁINTÍOCHTA SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN TÓITEÁIN A THÁRLÓIDH INA gCEANNTAR SLÁINTÍOCHTA DO MHÚCHADH AGUS CHUN DAOINE AGUS MAOIN DO CHOSAINT AGUS DO THÁRRTHÁIL AR DHÍOBHÁIL DE DHEASCAIBH NA dTÓITEÁN SAN AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA GHABHAS NO BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [18adh Abrán, 1940.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

[EN]

tá na bríonna céanna leis na habairtí “údarás sláintíochta” agus “ceanntar sláintíochta” fé seach atá leis na habairtí “sanitary authority” agus “sanitary district” fé seach sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931;

[EN]

cialluíonn an abairt “údarás briogáide tóiteáin” údarás sláintíochta go mbeidh briogáid tóiteáin bunuithe agus á cothabháil aca;

[EN]

cialluíonn an abairt “briogáid tóiteáin” cólucht có-eagruithe d'fhir agus iad tréineálta agus gléasta chun tóiteáin i bhfoirgintí agus in áiteanna eile do mhúchadh agus chun daoine agus maoin do thárrtháil o thóiteáin den tsórt san agus, mara n-éillíonn an cóthéacs a mhalairt, foluíonn sí na feithiclí, na caidéil, na hósanna, na dréimirí agus na húirlisí agus an gléasra eile ar n-a gcur ar fáil don chólucht fear san chun crícheanna a ndualgas maidir le tóiteáin;

[EN]

cialluíonn an abairt “foirgint tualangtha baoil” foirgint no déanmhas no tógáil (buan no sealadach) is d'aon tsaghas no bheidh déanta d'aon abhair do bhéarfadh gur ró-bhaol, i gcás tóiteán do bheith sa chéanna, an bás do theacht ar dhaoine—

[EN]

(i) toisc mórán daoine do bheith á thaithighe no ag fáil cóiríochta ann de ghnáth, no

[EN]

(ii) toisc gan aon fhearaistí no feistisí, no toisc gan aon chinn leor-dhóthanacha, do bheith ar fáil chun tóiteáin do thárlódh ann do mhúchadh no chun a chur ar chumas na ndaoine ann éalódh as i gcás tóiteán do thárlachtaint, no

[EN]

(iii) toisc adhantacht abhar a dhéanta, no

[EN]

(iv) toisc earraí adhantacha do bheith á gcoimeád ann de ghnáth, no

[EN]

(v) toisc nach leor an tslí amach as, no

[EN]

(vi) toisc éinní eile dá samhail sin.

[EN]

(2) Na tagairtí atá san Acht so do thóiteán do mhúchadh, léireofar iad mar thagairtí fholuíonn tóiteán do chosc ar leathadh.

[EN]

Oblagáidí agus comhachta údarás sláintíochta.

2.—(1) Soláthróidh gach údarás sláintíochta a mbeidh riachtanach do réir reasúin chun tóiteáin do thárlódh i bhfoirgintí agus in áiteanna eile de gach saghas ina gceanntar sláintíochta do mhúchadh go tapaidh agus go héifeachtúil, agus chun daoine agus maoin do chosaint agus do thárrtháil ar dhíobháil o aon tóiteán den tsórt san.

[EN]

(2) Chun soláthar réasúnta den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do dhéanamh is ceaduithe d'údarás sláintíochta briogáid tóiteáin do bhunú agus do chothabháil agus, chun crícheanna na briogáide tóiteáin sin, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) áitreabh do chur ar fáil chun bheith ina árus ag an mbriogáid tóiteáin sin;

[EN]

(b) an socrú san do dhéanamh, i dtaobh an tsoláthair uisce phuiblí sa cheanntar sláintíochta san, a áiritheoidh go mbeidh leor-sholáthar uisce le fáil ag an mbriogáid tóiteáin sin agus go mbeidh teacht aca air;

[EN]

(c) rabhcháin tóiteáin, chun fios do chur ar an mbriogáid tóiteáin sin, do bhunú agus do chothabháil sna sráideanna puiblí agus in áiteanna eile.

[EN]

(3) Is ceaduithe d'údarás sláintíochta, in ionad no i dteanta briogáid tóiteáin do bhunú agus do chothabháil fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ceachtar ní no an dá ní aca so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) có-aontú do dhéanamh le haon údarás briogáide tóiteáin tré n-a mbeidh briogáid tóiteáin an údaráis bhriogáide tóiteáin sin ar fáil, agus tré n-a dtabharfaid a seirbhísí, maidir le tóiteáin a thárlóidh i gceanntar sláintíochta an údaráis sláintíochta san, no in aon pháirt áirithe den chéanna, chó hiomlán is dá mba chuid de cheanntar shláintíochta an údaráis bhriogáide tóiteáin sin an ceanntar sláintíochta san no an pháirt sin de;

[EN]

(b) có-aontú do dhéanamh, le duine ar bith (seachas údarás briogáide tóiteáin) ag á mbeidh briogáid tóiteáin á cothabháil, tré n-a mbeidh an bhriogáid tóiteáin sin ar fáil, agus tré n-a dtabharfaid a seirbhísí, maidir le tóiteáin a thárlóidh i gceanntar sláintíochta an údaráis sláintíochta san, no in aon pháirt áirithe den chéanna.

[EN]

(4) Nuair a bheidh údarás sláintíochta ag cólíonadh na n-oblagáidí forchuirtear ortha, agus ag feidhmiú na gcomhacht do bheirtear dóibh, leis an alt so bhéarfaid áird (i dteanta áird do thabhairt ar gach ní eile bhainfidh leis an gcúrsa) ar a mhionca is dócha thárlódh tóiteáin ina gceanntar sláintíochta agus ar a mhéid is dócha bheadh na tóiteáin sin, ar chineál an cheanntair sin, ar luach na maoine is deallrathach a díobhálfaí tré thóiteáin den tsórt san, agus ar acfuinn an údaráis sláintíochta san i gcúrsaí airgeadais.

[EN]

Có-aontuithe idir údaráis sláintíochta i dtaobh seirbhísí briogáide tóiteáin.

3.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire, ar iarratas o údarás sláintíochta, go raibh an t-údarás sláintíochta san ad' iarraidh có-aontú do dhéanamh, fén alt deiridh sin roimhe seo, le húdarás briogáide tóiteáin áirithe agus is deimhin leis fós, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás briogáide tóiteáin sin, é bheith réasúnta, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, an t-údarás sláintíochta san agus an t-údarás briogáide tóiteáin sin do dhéanamh có-aontuithe fén alt san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) is dleathach don Aire a cheangal, le hordú, ar an údarás sláintíochta san agus ar an údarás briogáide tóiteáin sin có-aontú do dhéanamh fén alt san laistigh d'aimsir áirithe;

[EN]

(b) luadhfar i ngach ordú déanfar fén bhfo-alt so na cinn sin agus an oiread san, de sna téarmaí agus de sna forálacha bheidh le cur sa chó-aontú déanfar dá bhun, is ceart dar leis an Aire do luadh amhlaidh;

[EN]

(c) nuair a bheidh ordú déanta fén bhfo-alt so, beidh ar an údarás sláintíochta agus ar an údarás briogáide tóiteáin le n-a mbainfidh an t-ordú san có-aontú do dhéanamh fén alt san, fé cheann na haimsire bheidh luaidhte chuige sin san ordú san, agus na téarmaí agus na forálacha san ann is gá do réir an orduithe sin agus fós na téarmaí agus na forálacha eile sin (nach cinn a bheidh buiniscionn leis na téarmaí agus na forálacha san is gá amhlaidh i gcás a leithéid a bheith ann) ar a gcó-aontóidh an t-údarás sláintíochta san agus an t-údarás briogáide tóiteáin sin;

[EN]

(d) gach amhras no ceist no diospóid eireoidh idir an t-údarás sláintíochta san agus an t-údarás briogáide tóiteáin sin, i dtaobh na dtéarmaí agus na bhforálacha bheidh le cur (de bhun an orduithe sin no tré aontú na bpáirtithe) sa chó-aontú san, isé an tAire do bhéarfaidh breith air agus beidh an bhreith sin ón Aire ina ceangal ar an údarás sláintíochta san agus ar an údarás briogáide tóiteáin sin agus déanfaidh an dá údarás san dá réir.

[EN]

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le có-aontuithe, ar n-a ndéanamh ag údarás sláintíochta fén alt deiridh sin roimhe seo no fén alt so, chun briogáid tóiteáin do bheith ar fáil aca, a bheidh á cothabháil ag údarás briogáide tóiteáin no ag duine eile, sé sin le rá:—

[EN]

(a) is ceaduithe na forálacha oiriúnacha san (ar a n-áirmhítear forálacha i dtaobh an údaráis sláintíochta san d'íoc as seirbhísí na briogáide tóiteáin sin) ar a n-aontóidh an t-údarás sláintíochta san agus an t-údarás briogáide tóiteáin no an duine eile sin do bheith in aon chó-aontú den tsórt san;

[EN]

(b) i gcás aon chó-aontú den tsórt san do bheith déanta, is dleathach don údarás sláintíochta san an có-aontú san d'fheidhmiú agus, go sonnrách, airgead is iníoctha ag an údarás sláintíochta san fén gcó-aontú san d'íoc;

[EN]

(c) i gcás aon chó-aontú den tsórt san do bheith déanta le húdarás briogáide tóiteáin, is dleathach don údarás bhriogáide tóiteáin sin an có-aontú san d'fheidhmiú agus, go sonnrách, airgead is iníoctha leis an údarás briogáide tóiteáin sin fén gcó-aontú san do ghlacadh;

[EN]

(d) i gcás aon chó-aontú den tsórt san do bheith déanta (le húdarás briogáide tóiteáin no le duine ar bith eile) is ceaduithe don údarás sláintíochta san an socrú san do dhéanamh, i dtaobh an tsoláthair uisce phuiblí ina gceanntar sláintíochta, a áiritheoidh go mbeidh leorsholáthar uisce le fáil ag an mbriogáid tóiteáin le n-a mbainfidh an có-aontú san, agus go mbeidh teacht aca ar an soláthar san, le linn seirbhísí do thabhairt uatha de bhun an chó-aontuithe sin, agus is ceaduithe dhóibh rabhcháin tóiteáin, chun fios do chur ar an mbriogáid tóiteáin sin, do bhunú agus do chothabháil sna sráideanna puiblí agus in áiteanna eile.

[EN]

Briogáideacha tóiteáin ag gníomhú lasmuich dá gceanntar féin.

4.—(1) Is ceaduithe d'údarás briogáide tóiteáin a údarú don oifigeach i gceannas a mbriogáide tóiteáin an bhriogáid tóiteáin sin do chur go dtí tóiteáin lasmuich de cheanntar shláintíochta an údaráis bhriogáide tóiteáin sin agus is ceaduithe dhóibh na cásanna ina mbeidh, agus na coinníollacha (ar a n-áirmhítear coinníollacha i dtaobh faid na slí) fé n-a mbeidh, an bhriogáid tóiteáin sin le cur go dtí na tóiteáin sin lasmuich den cheanntar san do luadh san údarú san.

[EN]

(2) I gcás briogáid tóiteáin do chur, fén alt so, go dtí tóiteán lasmuich de cheanntar shláintíochta an údaráis bhriogáide tóiteáin ag á mbeidh an bhriogáid tóiteáin sin á cothabháil agus iad do thabhairt seirbhísí uatha maidir leis an tóiteán san déanfar, ar san d'iarraidh, táille, agus í áirmhithe do réir an scála bheidh ullamhuithe fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, d'íoc leis an údarás briogáide tóiteáin sin, agus isé dhéanfaidh an t-íoc san ná—

[EN]

(a) sealbhaire an tailimh no na bhfoirgintí no na maoine eile inar thárla an tóiteán san más rud é agus amháin más rud é go ndearna an sealbhaire sin no a sheirbhíseach no a ghníomhaire, sarar cuireadh an bhriogáid tóiteáin sin go dtí an tóiteán san, a iarraidh no a thoiliú go gcuirfí í go dtí an céanna, no

[EN]

(b) in aon chás eile, údarás sláintíochta an cheanntair shláintíochta inar thárla an tóiteán san.

[EN]

(3) Gach údarás briogáide tóiteáin údaróidh fén alt so don oifigeach i gceannas a mbriogáide tóiteáin an bhriogáid tóiteáin sin do chur go dtí tóiteáin lasmuich dá gceanntar, ullamhóid scála de tháillí a héileofar agus a híocfar as seirbhísí do bhéarfaidh an bhriogáid tóiteáin sin uatha maidir le tóiteáin den tsórt san.

[EN]

(4) I gcás có-aontú ar n-a dhéanamh fén Acht so do bheith i bhfeidhm idir údarás briogáide tóiteáin agus údarás sláintíochta, i dtaobh briogáid tóiteáin an údaráis bhriogáide tóiteáin sin d'úsáid i gceanntar sláintíochta no i gcuid de cheanntar shláintíochta an údaráis sláintíochta san, is tuigthe chun crícheanna an ailt seo an ceanntar sláintíochta san no an chuid sin de (do réir mar a bheidh) do bheith i gceanntar sláintíochta an údaráis bhriogáide tóiteáin sin.

[EN]

Údarás sláintíochta d'fhágaint an Acht so gan cólíonadh.

5.—(1) Pé uair a gheobhaidh an tAire gearán i scríbhinn á rá go bhfuil faillighe tugtha ag údarás sláintíochta cheanntair sláintíochta áirithe maidir le soláthar réasúnta do dhéanamh do réir an Achta so chun tóiteáin sa cheanntar san do mhúchadh go tapaidh agus go héifeachtúil, agus chun daoine agus maoin do chosaint agus do thárrtháil ar dhíobháil o thóiteáin den tsórt san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, fiosrúchán do chur á dhéanamh i dtaobh na faillighe adeirtear sa ghearán san do bheith tugtha;

[EN]

(b) más deimhin leis an Aire, de thoradh an fhiosrúcháin sin, an t-údarás sláintíochta san do bheith ciontach sa bhfaillighe adeirtear amhlaidh do bheith tugtha, is dleathach don Aire a cheangal, le hordú, ar an údarás sláintíochta san na nithe agus na rudaí uile sin, is nithe agus rudaí fé chuimsiú na gcomhacht reachtúil (ar a n-áirmhítear comhachta bronntar leis an Acht so) a bheidh ag an údarás sláintíochta san, do dhéanamh, fé cheann na haimsire luadhfar chuige sin san ordú san, chun na faillighe sin do leigheas, a mheasfaidh an tAire do bheith réasúnta sa chás agus a luadhfaidh san ordú san;

[EN]

(c) má dheineann an tAire ordú den tsórt a húdaruítear leis an mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, beidh sé de dhualgas ar an údarás sláintíochta san déanamh do réir an orduithe sin ar gach slí;

[EN]

(d) bainfidh ailt 209, 210, 212, agus 213 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le fiosrúcháin a déanfar fén alt so.

[EN]

(2) Ní luighfidh aon aicsean ná imeacht eile i gcoinnibh údaráis sláintíochta, ná ní bheidh an céanna ionsuidhte ina gcoinnibh, chun airgead damáiste do bhaint díobh in éiric díobhála do dhaoine no do mhaoin adeirtear do tháinig, ar fad no go leathrannach, den údarás sláintíochta san d'fhágaint an Achta so gan cólíonadh no den údarás sláintíochta san d'fhágaint gach comhachta no aon chomhachta dá mbronntar leis an Acht so gan feidhmiú.

[EN]

An obair ag tóiteáin do rialú.

6.—(1) I gcás briogáid no briogáideacha tóiteáin do bheith i láthair ag tóiteán i gceanntar sláintíochta údaráis sláintíochta, beidh an obair go léir chun an tóiteáin sin do mhúchadh fé aonchúram agus fé aon-rialú an oifigigh a luaidhtear sa mhír sin aca so leanas a bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má bhíonn briogáid tóiteáin bunuithe ag an údarás sláintíochta agus go mbeidh an bhriogáid tóiteáin sin i láthair ag an tóiteán san—an t-oifigeach den bhriogáid tóiteáin sin a bheidh de thurus na huaire i bhfeighil na briogáide tóiteáin sin ag an tóiteán san;

[EN]

(b) mara mbeidh briogáid tóiteáin bunuithe ag an údarás sláintíochta ach go mbeidh có-aontú déanta aca fén Acht so le húdarás briogáide tóiteáin chun a mbriogáid tóiteáin d'úsáid agus go mbeidh an bhriogáid tóiteáin sin i láthair ag an tóiteán—an t-oifigeach den bhriogáid sin a bheidh de thurus na huaire i bhfeighil na briogáide sin ag an tóiteán san;

[EN]

(c) mara mbainfidh ceachtar mír acu san roimhe seo den fho-alt so leis an gcás—an t-oifigeach, den bhriogáid tóiteáin (le húdarás briogáide tóiteáin) is túisce ag an tóiteán, a bheidh de thurus na huaire i bhfeighil na briogáide tóiteáin sin ag an tóiteán san.

[EN]

(2) Pé uair agus an fhaid ná beidh aon bhriogáid tóiteáin le húdarás briogáide tóiteáin i láthair ag tóiteán, is fé aon-chúram agus fé aon-rialú an bhaill is sinsearaighe den Ghárda Síochána bheidh i láthair ag an tóiteán a bheidh an obair go léir chun an tóiteáin sin do mhúchadh.

[EN]

(3) Nuair a húsáidtear an abairt “an duine i gceannas” san Acht so maidir le haon tóiteán, cialluíonn sí an duine gur fé a bheidh, de bhuadh an ailt seo, aon-chúram agus aon-rialú na hoibre go léir chun an tóiteáin sin do mhúchadh.

[EN]

Fógraí um réamhchúram in aghaidh tóiteán.

7.—(1) San alt so—

[EN]

foluíonn an focal “dílseánach” comharba teidil dílseánaigh, agus

[EN]

cialluíonn an focal “foirgint” foirgint no déanmhas no tógáil (buan no sealadach) d'aon tsaghas no d'aon abhair, agus

[EN]

i gcás daoine deifriúla do bheith ina ndílseánaigh ar choda deifriúla d'fhoirgint, is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, gach cuid fé leith aca san den fhoirgint sin do bheith ina foirgint agus dílseánach an chéanna do bheith ina dhílseánach foirginte.

[EN]

(2) Is ceaduithe d'údarás sláintíochta fógra (dá ngairmtear san Acht so fógra um réamhchúram in aghaidh tóiteán) do sheirbheáil ar dhílseánach aon fhoirginte, chífear don údarás sláintíochta san do bheith ina foirgint tualangtha baoil, á cheangal air—

[EN]

(a) gan an fhoirgint sin, no gan cuid áirithe den fhoirgint sin, d'úsáid in aon chor chun na críche, no chun aon cheann de sna crícheanna, luadhfar sa bhfógra san, no

[EN]

(b) gan an fhoirgint sin, no gan cuid áirithe den fhoirgint sin, d'úsáid chun na críche, no chun aon cheann de sna crícheanna, luadhfar sa bhfógra san, mara bhféachtar ná go dtí go bhféachfar chuige go ndéanfar beart áirithe roimh ré i slí le n-a mbeidh an t-údarás sláin tíochta san sásta, tré fhearaistí no feistisí áirithe do chur sa bhfoirgint sin no tré atharuithe áirithe do dhéanamh ar dhéanmhas na foirginte sin no breiseanna áirithe do chur léi no tré éinní eile ar bith do dhéanamh maidir leis an bhfoirgint sin.

[EN]

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fógra um réamhchúram in aghaidh tóiteán a sheirbheálfaidh údarás sláintíochta, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás an fógra san do dhíriú, tré n-a ainm agus a shloinne do chur air, chun dílseánaigh na foirginte le n-a mbainfidh féadfar é sheirbheáil tré é do sheachadadh don dílseánach san no tré é do sheachadadh ag an bhfoirgint sin do dhuine os cionn sé mblian déag d'aois a chomhnuíonn sa bhfoirgint sin no bhíonn ag obair ann no tré é chur chun an dílseánaigh sin i leitir chláruithe roimh-íoctha ar n-a díriú chuige fé sheoladh na foirginte sin;

[EN]

(b) i gcás gan ainm agus sloinne an dílseánaigh sin do bheith ar eolas ná ar fáil féadfar an fógra san do dhíriú go dtí “an dílseánach” gan an dílseánach d'ainmniú agus féadfar é sheirbheáil tré é sheachadadh ag an bhfoirgint le n-a mbainfidh do dhuine os cionn sé mblian déag d'aois a chomhnuíonn sa bhfoirgint sin no bhíonn ag obair ann no, maran féidir duine den tsórt san d'fháil, tré é ghreamú den fhoirgint sin in ionad feiceálach;

[EN]

(c) ceapfar, le gach fógra den tsórt san, aimsir áirithe gur laistigh di déanfar do réir cheanglaisí an fhógra san;

[EN]

(d) is dleathach don dílseánach san athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Dúithche i gcoinnibh an fhógra san, fé cheann ceithre lá déag o dháta a sheirbheálta air, ar aon fhoras no forais aca so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) nach foirgint tualangtha baoil, do réir bhrí an Achta so, an fhoirgint sin,

[EN]

(ii) go bhfuil an fógra san mí-réasúnta toisc gur andóich tóiteán do thárlachtaint sa bhfoirgint sin no toisc gur andóich aon ró-bhaol do bheith ann an bás do theacht ar dhaoine de dheascaibh aon tóiteáin den tsórt san,

[EN]

(iii) go gcosnódh sé suim mí-réasúnta no go gcuirfeadh sé isteach go mí-réasunta ar úsáid na foirginte sin, déanamh do réir cheanglaisí an fhógra san,

[EN]

(iv) nach leor, chun déanamh do réir cheanglaisí an fhógra san, an aimsir a ceaptar leis an bhfógra san;

[EN]

(e) bhéarfar fógra don údarás sláintíochta i dtaobh gach athchomhaire den tsórt san, agus beidh an t-údarás san i dteideal bheith i láthair agus éisteacht d'fháil nuair a bheidh an t-athchomharc san á éisteacht;

[EN]

(f) is dleathach don Chúirt Dúithche, ar aon athchomharc den tsórt san d'éisteacht, pé ní aca so leanas do dhéanamh is ceart dar léi—

[EN]

(i) daingniú do dhéanamh ar an bhfógra san gan coinníoll, no

[EN]

(ii) daingniú do dhéanamh ar an bhfógra san, tar éis é atharú no é mhaolú no é bhreisiú sa tslí sin is dóich leis an gCúirt sin do bheith réasúnta, no

[EN]

(iii) an fógra san do chur ar nea-mbrí;

[EN]

(g) ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh breithe do bhéarfaidh an Chúirt Dúithche ar athchomharc chun na Cúirte sin fén bhfo-alt so;

[EN]

(h) i gcás na Cúirte Dúithche do dhaingniú an fhógra san, tar éis é mhaolú no é atharú no é bhreisiú, is fé mar a bheidh sé maoluithe no atharuithe no breisithe amhlaidh a bheidh éifeacht ag an bhfógra san;

[EN]

(i) ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag an bhfógra san—

[EN]

(i) go dtí go mbeidh ceithre lá déag o dháta a sheirbheálta caithte, i gcás gan athchomharc den tsórt san do dhéanamh ina choinnibh, no

[EN]

(ii) go dtí dáta craolta breithe na Cúirte Dúithche ar an athchomharc san, ar n-a éisteacht di, i gcás an t-athchomharc san do dhéanamh agus an fógra san agus é maoluithe no gan é bheith maoluithe do dhaingniú;

[EN]

(j) isé fheidhmeoidh an dlighinse do bheirtear don Chúirt Dúithche leis an bhfo-alt so ná an breitheamh den Chúirt sin go ndlighinse aige sa líomatáiste chúirte dúithche ina mbeidh an fhoirgint sin.

[EN]

(4) Má dheineann—

[EN]

(a) dílseánach foirginte go mbeidh fógra um réamhchúram in aghaidh tóiteán i bhfeidhm ina taobh, no

[EN]

(b) duine ar bith eile ag á mbeidh urlámh ar an bhfoirgint sin agus darb eol an fógra san um réamhchúram in aghaidh tóiteán do bheith i bhfeidhm i dtaobh na foirginte sin,

[EN]

an fógra san do shárú no má bheireann no má cheaduíonn é shárú (tré ghníomh no tré fhaillighe) beidh an dílseánach san no an duine eile sin (do réir mar a bheidh) ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(5) I gcás foirgint do bheith á húsáid chun críche áirithe ar feadh sé mí ar a laighead roimh dháta an Achta so do rith agus, fós, í bheith á húsáid amhlaidh ar feadh sé mí ar a laighead tar éis an dáta san, ní thiocfaidh aon fhógra um réamhchúram in aghaidh tóiteán, á cheangal ar an dílseánach san staonadh (ar fad no go dtí go ndéanfar do réir ceanglaisí áirithe) ón bhfoirgint sin no o chuid di d'úsáid chun na críche chun a raibh sí á húsáid amhlaidh, i bhfeidhm go ceann sé mí o dháta an Achta so do rith, d'ainneoin éinní atá san alt so.

[EN]

Comhachta iniúchta do bheith ag údaráis sláintíochta.

8.—(1) San alt so cialluíonn an focal “foirgint” foirgint no déanmhas no tógáil (buan no sealadach) d'aon tsaghas no d'aon abhair, agus cialluíonn an abairt “oifigeach údaruithe” oifigeach d'údarás sláintíochta go n-údarás i scríbhinn fé shéala an údaráis sláintíochta san chun na gcomhacht do bheirtear leis an alt so d'oifigigh údaruithe d'fheidhmiú agus, fós, foluíonn sí duine ag á mbeidh údarás mar adubhradh o údarás sláintíochta agus is oifigeach d'údarás bhriogáide tóiteáin a bheidh tar éis a chó-aontú leis an údarás sláintíochta san chun an bhriogáid tóiteáin, a bheidh á cothabháil ag an údarás briogáide tóiteáin sin, do bheith ar fáil ag an údarás sláintíochta san.

[EN]

(2) Beidh oifigeach údaruithe ar bith i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta (ach a údarás i scríbhinn mar oifigeach den tsórt san do thaisbeáint má hiarrtar san air) in aon fhoirgint, i gceanntar sláintíochta an údaráis sláintíochta darb oifigeach é, a chreideann sé do bheith no 'na mbeidh amhras aige í bheith ina foirgint tualangtha baoil, pé aca beifear tar éis fógra um réamhchúram in aghaidh tóiteán do sheirbheáil ar a dílseánach no ná beifear agus gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh sa bhfoirgint sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an fhoirgint sin ar fad no aon chuid áirithe dhi d'iniúchadh;

[EN]

(b) aon fheistisí no fearaistí d'iniúchadh bheidh inti chun tóiteáin do thárlódh inti do mhúchadh agus chun a chur ar chumas na ndaoine inti éalódh aisti i gcás aon tóiteán den tsórt san do thárlachtaint;

[EN]

(c) aon tsoláthar uisce sa bhfoirgint sin no ar thalamh ar bith ina haice d'iniúchadh;

[EN]

(d) a chur mar cheangal go n-inneosfadh an dílseánach no duine éigin ar fostú aige-sean dó cad chuige a húsáidtear an fhoirgint sin no aon chuid áirithe dhi, cadé an méid daoine bhíonn ar fostú no gheibheann cóiríocht inti de ghnáth no thaithíonn í, cadé an mianach atá sa bhfoirgint sin agus cadé modh a déanta, agus fós éinní eile mheasfaidh an t-oifigeach san do bhaint le n-a dhéanamh amach cé aca foirgint tualangtha baoil an fhoirgint sin no nach eadh.

[EN]

(3) Beidh oifigeach údaruithe ar bith i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta (ach a údarás i scríbhinn mar oifigeach den tsórt san do thaisbeáint má hiarrtar san air) ar thalamh ar bith i gceanntar sláintíochta an údaráis sláintíochta darb oifigeach é agus aon tsoláthar uisce ar an talamh san d'iniúchadh agus a chur mar cheangal go ndéanfadh dílseánach an tailimh sin no duine ar bith ar fostú aige an t-eolas san, i dtaobh an tsoláthair uisce sin i gcás tóiteán do thárlachtaint, do thabhairt dó a mheasfaidh an t-oifigeach san is gá.

[EN]

(4) Duine ar bith—

[EN]

(a) a bhacfaidh no choiscfidh oifigeach údaruithe agus é ag feidhmiú aon chomhacta dá dtugtar dó leis an alt so, no

[EN]

(b) ná déanfaidh no dhiúltóidh aon eolas do thabhairt d'oifigeach údaruithe, ar n-a iarraidh sin air, is eolas a bheidh an t-oifigeach san i dteideal a éileamh fén alt so, no

[EN]

(c) do bhéarfaidh d'oifigeach údaruithe, go toiliúil no go nea-shuimeach, eolas a bheidh bréagach no míthreorach i bponc táchtach,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Fo-chomhachta maidir le tóiteáin do mhúchadh.

9.—(1) Is ceaduithe don duine i gceannas ag tóiteán gach ní do dhéanamh, i bpearsain no tré bhall de bhriogáid tóiteáin a bheidh i láthair ag an tóiteán san no tré bhall den Ghárda Síochána agus san le héigin más gá é, is dóich leis do bheith riachtanach no oriúnach chun an tóiteáin sin do mhúchadh no chun daoine no maoin do chosaint ar an tóiteán san no do thárrtháil uaidh agus, go sonnrách, an ní no na nithe sin aca so leanas is dóich leis do bheith riachtanach no oiriúnach chun aon chríche aca san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) dul isteach ar thalamh no i bhfoirgint ar bith;

[EN]

(b) a thabhairt ar na daoine bheidh ar thalamh no i bhfoirgint ar bith an céanna d'fhágaint;

[EN]

(c) aon fhoirgint no aon chuid áirithe d'fhoirgint do leagadh;

[EN]

(d) aon tsoláthar uisce, puiblí no príobháideach, d'úsáid;

[EN]

(e) uisce do tharraing as aon chúrsa uisce no loch no linn, aicionta no saordha.

[EN]

(2) Duine ar bith dhéanfaidh go toiliúil an duine i gceannas ag tóiteán, no aon bhall de bhriogáid tóiteáin no den Ghárda Síochána ag gníomhú fé n-a údarás-san, do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú na gcomhacht do bheirtear leis an alt so don duine sin i gceannas, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ná raghaidh thar trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(3) I gcás aon damáiste do theacht do mhaoin de dheascaibh comhacht do bheirtear leis an alt so d'fheidhmiú maidir le tóiteán ar bith is tuigthe, chun gach críche agus go sonnrách chun críche aon chonnartha árachais tóiteáin, gur de dheascaibh an tóiteáin sin do tháinig an damáiste sin.

[EN]

(4) I gcás aon chlás no coinníoll, ar n-a chur i gconnradh árachais, do thabhairt le tuigsint gan an connradh san do dhéanamh árachais in aghaidh an fhionntair go dtiocfadh damáiste de dheascaibh comhacht d'fheidhmiú do bheirtear leis an alt so, no i gcás gurb é sin is éifeacht don chéanna, beidh sé gan bhrí gan éifeacht má bhíonn árachas déanta tríd an gconnradh san in aghaidh an fhionntair go dtiocfadh damáiste go díreach de dheascaibh an tóiteáin gur maidir leis a feidhmeofaí an chomhacht san.

[EN]

Comhachta an Ghárda Síochána maidir le trácht.

10.—(1) Is dleathach do bhall ar bith den Ghárda Síochána an trácht ar aon bhealach puiblí chun tóiteáin, no i gcomhursanacht tóiteáin, do chlaonadh agus do rialáil agus do rialú sa tslí sin agus sa mhéid sin a chífear dó do bheith riachtanach no oiriúnach chun múchadh an tóiteáin sin d'urasú no chun an bhaoil, maidir le díobháil do theacht do dhaoine no do mhaoin dá dheascaibh, do chur ar ceal.

[EN]

(2) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh ball den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú na gcomhacht do bheirtear leis an alt so, no ná déanfaidh do réir mar ordóidh an ball san de bhuadh na gcomhacht san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Pionós mar gheall ar bhréagrabhaidh tóiteáin.

11.—Gach duine do bhéarfaidh go bhfios dó féin (tré rabhchán tóiteáin sráide, no scéala telefónach, no ráiteas béil, no teachtaireacht, no meán ar bith eile) bréag-rabhadh tóiteáin do bhriogáid tóiteáin a bheidh á cothabháil ag údarás sláintíochta ceanntair shláintíochta ina mbeidh an tAcht so i bhfeidhm, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

[EN]

Seanachóghléasta áirithe múchta tóiteáin d'aistriú chun údarás sláintíochta.

12.—(1) San alt so agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an t-alt athghairmthe” alt 73 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854,

[EN]

cialluíonn an focal “comisinéirí” coimisinéirí baile nach bailecheanntar;

[EN]

cialluíonn an abairt “an t-údarás sláintíochta” údarás sláintíochta an cheanntair shláinte chontae gurb ann don bhaile gur ina thaobh a húsáidtear an abairt;

[EN]

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha, chun crícheanna an ailt seo agus an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so, alos an bhaile gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.

[EN]

(2) Is dleathach don Aire lá do cheapadh, le hordú, chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo agus an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so, agus laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh alos bailte deifriúla.

[EN]

(3) I gcás briogáid tóiteáin do bheith á cothabháil ag coimisinéirí díreach roimh dháta an Achta so do rith, no aon fhearaistí no úirlisí, chun tóiteáin do mhúchadh no chun daoine no maoin do thárrtháil o thóiteáin, do bheith á gcoimeád aca ar an dáta san, no daoine ar bith, chun tóiteáin do mhúchadh no maidir leis sin no chun daoine no maoin do thárrtháil o thóiteáin, do bheith ar fostú aca ar an dáta san, i bhfeidhmiú na gcomhacht do bheirtear leis an alt athghairmthe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(c) is dleathach do sna coimisinéirí sin leanúint go dtí an lá ceaptha, ach ní níos sia ná san, den bhriogáid tóiteáin sin do bheith á cothabháil aca, no de sna fearaistí agus na húirlisí sin do bheith á gcoimeád aca, no de sna daoine sin do bheith ar fostú aca (do réir mar a bheidh) ar gach slí díreach mar a bhí díreach roimh dháta an Achta so do rith agus, chuige sin, is tuigthe an t-alt athghairmthe do leanúint i bhfeidhm. d'ainneoin a athghairmthe leis an Acht so, go dtí an lá ceaptha;

[EN]

(b) déanfar na costaisí uile fé n-a raghaidh na coimisinéirí sin fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so d'íoc fé mar a híocfaí na costaisí sin dá mba fén alt athghairmthe do raghfaí fútha;

[EN]

(c) tiocfaidh gach fearas agus úirlis agus maoin eile, a bheidh á gcothabháil no á gcoimeád fé sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so ag na coimisinéirí sin díreach roimh an lá ceaptha, chun bheith aistrithe, agus beid aistrithe, chun an údáráis sláintíochta ar an lá ceaptha agus, chuige sin, tiocfaidh na forálacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so i bhfeidhm ar an lá ceaptha.

[EN]

Comhachta údarás sláintíochta chun pearsanra briogáide tóiteáin do cheapadh.

13.—Is dleathach d'údarás sláintíochta, fé réir na n-achtachán a bhaineann go díreach no go nea-dhíreach le hoifigigh no le seirbhísigh údarás sláintíochta, na hoifigigh sin do cheapadh agus na seirbhísigh sin d'fhostú is gá chun na bhfeidhmeanna dílsítear san údarás sláintíochta san leis an Acht so do chólíonadh.

[EN]

Údaráis sláintíochta do thógaint tailimh.

14.—(1) Chun críche a gcomhachta agus a bhfeidhmeanna agus a ndualgaisí fén Acht so beidh ag údarás sláintíochta na comhachta céanna, chun talamh do thógaint chucha tré chó-aontú no go héigeanta, atá aca fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na hAchtanna san ar n-a leasú le halt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), agus le halt 8 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936 (Uimh. 55 de 1936).

[EN]

(2) San alt so, foluíonn an focal “talamh” éasáid no ceart ar bith i dtalamh no in uisce no chun an chéanna no air.

[EN]

Údaráis sláintíochta d'fháil iasachta.

15.—Chun costaisí fé n-a raghaidh údarás sláintíochta fén Acht so d'íoc, féadfaid iasacht d'fháil fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, fé is dá mba chríoch chun a bhfuil údaruithe don údarás san iasacht d'fháil fé sna hAchtanna san an chríoch san, ach ní déanfar airgead do gheobhfar ar iasacht amhlaidh d'áireamh sa tsuim is fiacha an údaráis sin chun crícheanna aon teorann a chuireann na hAchtanna san le hiasachtaí d'fháil.

[EN]

Costaisí údarás sláintíochta.

16.—(1) Déanfar na costaisí fé n-a raghaidh údarás sláintíochta fén Acht so do chruinniú agus d'íoc fé mar a deintear costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás san fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do chruinniú agus d'íoc.

[EN]

(2) I gcás údarás sláintíochta ceanntair shláinte chontae do dhul fé chostaisí fén Acht so déanfar na costaisí sin do mhuirearú go cothrom ar an gceanntar san uile.

[EN]

(3) I gcás údarás sláintíochta ceanntair shláintíochta do dhul, tráth ar bith roimh an Acht so do theacht i bhfeidhm sa cheanntar shláintíochta san, fé aon chostaisí chun briogáid tóiteáin do bhunú no do chothabháil no chun tóiteáin do thárlódh sa cheanntar san do mhúchadh no chun daoine no maoin do chosaint no do thárrtháil ar dhíobháil o aon tóiteáin den tsórt san agus, fós, iad do dhul fé sna costaisí sin amhlaidh go ceart dar leis an Aire, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) dá bhféadtaí na costaisí sin do chur suas go dleathach fén Acht so i gcás an tAcht so do bheith i bhfeidhm sa cheanntar shláintíochta san nuair a chuathas fútha, is tuigthe gur fén Acht so do chuathas fé sna costaisí sin agus bainfidh an tAcht so, agus is tuigthe gur bhain sé riamh, leis na costaisí sin dá réir sin;

[EN]

(b) má rinneadh, tráth ar bith sara ndeachthas fé sna costaisí sin no ina dhiaidh sin, suim ar bith d'áireamh in aon ráta d'fhonn go bhféadfaí na costaisí sin d'íoc agus go mbeadh sé dleathach an tsuim sin d'áireamh amhlaidh i gcás an tAcht so do bheith i bhfeidhm sa cheanntar shláintíochta san an tráth san, ní bheidh an ráta san, ná ní tuigthe go raibh sé riamh, neambailidhe ná neamh-ionbhainte amach de bhíthin an áirimh sin agus dá bhíthin sin amháin;

[EN]

(c) ní leor chun na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so do chur o bhaint le ráta, ar n-a dhéanamh ag údarás sláintíochta ceanntair shláinte contae, aon tsuim den tsórt a luaidhtear sa mhír sin do mhuirearú, tríd an ráta san, ar líomatáiste seachas iomlán an cheanntair sin.

[EN]

Costaisí an Aire.

17.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

[EN]

Athghairm.

18.—(1) Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, alos gach ceanntair shláintíochta fé leith, amhail o dháta an Achta so do theacht i bhfeidhm sa cheanntar san.

[EN]

(2) Gach foráil d'aon achtachán (go bhfeidhm ghenerálta no áitiúil) is cosúil no có-réireach ina héifeacht le héifeacht aon ailt no fo-ailt den Acht so, no is foráil is contrárdha d'alt no d'fho-alt ar bith den chéanna, scuirfidh, i méid na cosúlachta no na có-réire no na contrárdhachta san (do réir mar a bheidh), d'éifeacht do bheith aice in aon cheanntar sláintíochta gurb infheidhmithe don achtachán san ann agus ina mbeidh an tAcht so tar éis teacht i bhfeidhm.

[EN]

(3) Gach foráil d'aon achtachán do bheireann no do bhéarfaidh d'údarás sláintíochta comhacht chun éilithe do dhéanamh alos seirbhísí o bhriogáid tóiteáin, ar n-a cothabháil ag an údarás sláintíochta san, scuirfidh d'éifeacht do bheith aice i gceanntar sláintíochta an údaráis sláintíochta san ar an Acht so do theacht i bhfeidhm sa cheanntar san.

[EN]

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

19.—(1) Féadfar an tAcht Briogáideacha Tóiteáin, 1940, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm an lá san a cheapfaidh an tAire chuige sin, le hordú, alos gach ceanntair shláintíochta fé leith, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh alos ceanntracha sláintíochta deifriúla.

[EN]

CEAD SCEIDEAL.

Briogaideacha Toiteain, etc., d'Aistriu o Choimisineiri Baile go dti Udarais Slaintiochta.

Maoin choimisinéiri d'aistriú.

1. (1) An mhaoin uile, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh) a bheidh, díreach, roimh an lá ceaptha, dílsithe sna coimisinéirí no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh chun crícheanna an ailt athghairmthe, maraon le gach ceart agus comhacht agus príbhléid a bhainfidh no bheidh ag gabháil le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar an lá ceaptha agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fé réir aistriú do dhéanamh i gcás inar gá san i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan, dílsithe san údarás sláintíochta no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh (fé mar is gá sa chás) chun an estáit no an téarma no an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sna coimisinéirí no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh, ach san fé réir gach iontaobhais agus cothruim is cúrsa deifre don chéanna agus a bheidh ar marthain agus ionchólíonta an tráth san.

(2) An mhaoin uile, ar n-a haistriú leis an mír seo, a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhaine no cláruithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan in ainm na gcoimisinéirí, aistreoidh an banc no an chorparáid no an chuideachta san í sna leabhair sin chun ainm an údaráis sláintíochta ar n-a iarraidh sin don údarás sláintíochta an lá ceaptha no tráth ar bith ina dhiaidh sin.

(3) An lá ceaptha agus dá éis sin is dleathach don údarás sláintíochta dul chun dlí mar gheall ar gach rud-ar-fiunraoi, ar n-a aistriú leis an mír seo o sna coimisinéirí chun an údaráis sláintíochta, no é do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina n-airm féin, agus ní gá don údarás sláintíochta fógra i dtaobh an rud-ar-fiunraoi sin d'aistriú leis an mír seo do thabhairt don té ar a mbeidh an céanna ina cheangal.

(4) Má eiríonn aon amhras no diospóid no ceist, maidir le maoin ar bith a bheidh díreach roimh thosach feidhme an Achta so dílsithe sna coimisinéirí no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh, i dtaobh ce'ca chun crícheanna an ailt athghairmthe no nach eadh a bheidh an mhaoin sin dílsithe sna coimisinéirí no dá gcuid féin aca no i seilbh ar iontaoibh dóibh, isé an aAire do bhéarfaidh breith ar an amhras no ar an diospóid no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

Fiachaisí na gcoimisinéirí d'aistriú.

2. (1) Gach fiach agus gach fiachas eile (ar a n-áirmhítear fiacha tré eisiú stuic agus tré mhorgáiste, agus fós fiachaisí neashocruithe ar n-a dteacht as torta no as sáruithe connartha) ar n-a chur suas ag na coimisinéirí chun crícheanna an ailt athghairmthe, agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite agus gan íoc no curtha suas agus gan glanadh, tiocfaidh chun bheith agus beidh, ar an lá ceaptha, ina fhiach no ina fhiachas ar an údarás sláintíochta, agus íocfaidh no glanfaidh an t-údarás sláintíochta an céanna, agus féadfar é bhaint den údarás sláintíochta no é fhoirfheidhmiú ina gcoinnibh, dá réir sin.

(2) Má eiríonn aon amhras no diospóid no ceist i dtaobh ce'ca chun crícheanna an ailt athghairmthe no nach eadh do chuaidh na coimisinéirí fé aon fhiach no fiachas áirithe, isé an tAire do bhéarfaidh breith ar an amhras no ar an diospóid no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

Connartha leanúnacha do choimeád i bhfeidhm.

3. Gach banna no urraíocht no urrús eile, de shaghas leanúnach, ar n-a thabhairt ag na coimisinéirí, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna fén alt athghairmthe, do dhuine eile, no ar n-a thabhairt ag duine ar bith do sna coimisinéirí chun críche na bhfeidhmeanna san, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, agus fós gach connradh no có-aontú i scríbhinn ar n-a dhéanamh idir na coimisinéirí, agus iad ag gníomhú fén alt athghairmthe, agus duine eile agus na beidh feidhmithe agus cólánuithe go hiomlán roimh an lá ceaptha, leanfa sé i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis sin, d'ainneoin forálacha an Achta so, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá mbeadh ainm an údaráis sláintíochta ann in ionad ainm na gcoimisinéirí, agus beidh an t-urrús no an connradh no an có-aontú san ionfhoirfheidhmithe ag an údarás sláintíochta no ina gcoinnibh dá réir sin.

DARA SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibidil

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

17 & 18 Vict., c. 103.

An Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

Alt. 73.

41 & 42 Vict., c. 52.

An Public Health (Ireland) Act, 1878.

Alt. 76.

58 & 59 Vict., c. 28.

An False Alarms of Fire Act, 1895.

An tAcht iomlán.

7 Edw. 7, c. 53.

An Public Health Acts Amendment Act, 1907.

Cuid VIII.