[EN]

Uimhir 14 de 1965.


[EN]

AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1965

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1963. [13 Iúil, 1965.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1963, Uimh. 27.

1959, Uimh. 36.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963;

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1963, agus an tAcht seo a fhorléiriú mar aon Acht amháin.

[EN]

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2.—Aisghairtear leis seo an méid d'alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 2 d'Acht 1963, a fhorálann nach mó ná ceithre mhilliún punt san iomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt s n chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná sé mhíle punt san iomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh.

[EN]

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

3.—Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1963, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná trí mhilliún punt comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht.

[EN]

Airleacain don Chuideachta ón Aire Airgeadais.

1961, Uimh. 31.

4.—Aisghairtear leis seo fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1963, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná trí mhilliún punt comhiomlán na n-airleacan faoi fho-alt (1) den alt sin agus na n-airleacan faoi alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

5.—(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1965, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1965, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1963, agus den Acht seo le chéile.