Uimhir 14 de 1981
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (UIMH. 2), 1981
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Forbartha Tionscail;
tá le “deontas fostaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969;
tá le “gnóthas seirbhíse” an bhrí a shanntar dó leis an bPríomh-Acht, arna leasú leis an Acht seo.
Deontais fhostaíochta do thionscail seirbhíse.
2.—(1) Féadfaidh an tÚdarás deontas a thabhairt (dá ngairtear “deontas fostaíochta” san Acht seo), ar cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh sé is cuí chun daoine a fhostú i ngnóthas seirbhíse.
(2) Féadfar deontas fostaíochta a thabhairt i gcás a gcuideodh an gnóthas go húimléideach, i dtuairim an Údaráis, le forbairt réigiúnach agus forbairt náisiúnta agus, go háirithe,—
(a) gur ghnóthas inmharthana ó thaobh tráchtála é,
(b) gur thuar maith fáis é, agus
(c) nach ndéanfaí é a fhorbairt d'éagmais deontais fhostaíochta.
(3) Beidh méid deontais fhostaíochta faoi réir cibé teorainn airgeadais a shocróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais.
(4) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontas fostaíochta nó deontais fhostaíochta is mó san iomlán ná £1,250,000 a thabhairt i leith aon ghnóthais áirithe.
Leasú ar alt 1 den Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950.
3.—(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950, trí “folaíonn tagairtí do thionscal tagairtí do cibé tionscail seirbhíse (de réir bhrí an Achta um Fhorbairt Tionscail, 1969, arna leasú) a bheidh sonraithe ó am go ham le hordú arna dhéanamh ag an Aire” a chur in ionad “ní fholaíonn tagairtí do thionscal tagairtí do bhancaeireacht, árachas ná talmhaíocht” agus déanfar tagairtí do thionscal san Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950, agus sa Phríomh-Acht a fhorléiriú dá réir sin.
(2) Ní dhéanfar ordú faoi alt 1 den Acht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950 (arna leasú leis an Acht seo) i ndáil le baincéireacht gan dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.
4.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gnóthas tionscail”;
“folaíonn ‘gnóthas tionscail’ gnóthas atá coimhdeach do thionscal agus gnóthas (dá ngairtear ‘gnóthas seirbhíse’ san Acht seo) atá ag gabháil do sheirbhís a sholáthar;”.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
5.—(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh.2), 1981, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1981, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.
(3) Folófar an tAcht seo sa chomhlua “na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1981.”.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1978 | |
Na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1981 | |